Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 6kWORD 19k
6 Meitheamh 2018
P-002280/2018(ASW)
Freagra ón Uasal Vella thar ceann an Choimisiúin
Tagairt na ceiste: P-002280/2018

Maidir leis an bplean ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh, atá comhaontaithe ag na comhreachtóirí, tá feidhm aige maidir leis na limistéir lasmuigh den Mhuir Thuaidh a fhad a bhaineann le gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) speiceas grinnill áirithe. Sin mar atá an cás maidir le speicis ghrinnill mar sa Mhuir Thuaidh is flúirsí atá siad, ach a bhíonn le fáil freisin in uiscí máguaird, mar atá an chadóg, an láimhíneach agus an glasán in uiscí Iarthar na hAlban. Níl aon stoc as an Muir Thuaidh in aice Mhuir Éireann agus níl feidhm ag an rialachán maidir leis an limistéar sin, dá bhrí sin.

Níl feidhm ag an bplean ilbhliantúil don Mhuir Thuaidh ach maidir leis an Muir Thuaidh a fhad a bhaineann le bearta sonracha caomhnaithe nó teicniúla, bearta a ghlacfar ar bhonn Moltaí Comhpháirteacha idir na Ballstáit lena mbaineann, i.e. na Ballstáit a bhíonn ag iascaireacht sa Mhuir Thuaidh. Fágann sin nach bhfuil feidhm ag an bplean sin maidir le bearta sonracha caomhnaithe nó teicniúla in uiscí Iarthar na hAlban ná i Muir Éireann.

Is faoi chuimsiú Moladh Comhpháirteach ó Ghrúpa Bhallstáit Uiscí an Iarthair Thuaidh, ina bhfuil na Ballstáit sin a bhfuil leasanna iascaireachta acu sna huiscí sin, a dhéanfaí bearta sonracha caomhnaithe nó teicniúla a mholadh do limistéar Iarthar na hAlban nó do Mhuir Éireann. Bheadh na bearta sin bunaithe ar an bplean ilbhliantúil atá beartaithe maidir le hUiscí an Iarthair(1), plean atá á phlé faoi láthair i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

(1)Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic éisc in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 (COM(2018)149).

An nuashonrú is déanaí: 20 Lúnasa 2018Fógra dlíthiúil