Fill ar thairseach Europarl

Choisissez la langue de votre document :

  • bg - български
  • es - español
  • cs - čeština
  • da - dansk
  • de - Deutsch
  • et - eesti keel
  • el - ελληνικά
  • en - English
  • fr - français
  • ga - Gaeilge (Roghnaithe)
  • hr - hrvatski
  • it - italiano
  • lv - latviešu valoda
  • lt - lietuvių kalba
  • hu - magyar
  • mt - Malti
  • nl - Nederlands
  • pl - polski
  • pt - português
  • ro - română
  • sk - slovenčina
  • sl - slovenščina
  • fi - suomi
  • sv - svenska
Ceisteanna Parlaiminteacha
PDF 97kWORD 18k
7 Samhain 2018
P-005669-18
Ceist i gcomhair freagra scríofa P-005669-18
ar an gCoimisiún
Riail 130
Liadh Ní Riada (GUE/NGL)

 Ábhar:  Buiséadú a fhreagraíonn do chúrsaí inscne
 Freagra i scríbhinn 

Tá AE tiomanta don chomhionannas inscne, mar a chuirtear in iúl in Airteagal 3 CAE agus Airteagal 8 CFAE.

Thairis sin, tugtar gealltanas sa dearbhú comhpháirteach ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún, atá i gceangal le creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014-2020, go ndéanfaidh na trí institiúid ‘gnéithe a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a chomhtháthú i mbuiséad AE, de réir mar is iomchuí’.

Tá an buiséadú inscne ar cheann de na príomhstraitéisí atá ar fáil chun an inscne a phríomhshruthú tuilleadh. Tá gá leis an mbuiséadú inscne chun an comhionannas inscne a áirithiú trí dhíriú ar an mbealach a ndéantar acmhainní poiblí a leithdháileadh.

Ós rud é gur éiligh an Chomhairle Eorpach in 2015 ‘beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne […] lena n-áirítear i mbuiséadú (26 Bealtaine 2015, 9242/15)’ a bheith ann:

An féidir leis an gCoimisiún achoimre a thabhairt ar na bearta atá déanta aige ionsar chur chuige buiséadaithe a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a ionchorprú i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027?

Teanga bhunaidh na ceiste: EN 
An nuashonrú is déanaí: 2 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil