IARSCRÍBHINN V : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
XIV. An Coiste um Iascach
Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:
1. oibriú agus forbairt an chomhbheartais iascaigh agus bainistiú an chomhbheartais sin;
2. caomhnú na n-acmhainní iascaigh, bainistiú an iascaigh agus na gcabhlach a shaothraíonn acmhainní den sórt sin agus taighde mara agus iascaigh fheidhmigh;
3. comheagrú an mhargaidh i ndáil le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe agus próiseáil agus margaíocht díobh sin;
4. an beartas struchtúrach sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear na hionstraimí airgeadais agus na cistí le haghaidh treoraíochta iascaigh chun tacaíocht a thabhairt do ha hearnálacha seo;
5. beartas muirí comhtháite maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta;
6. comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe, eagraíochtaí réigiúnacha iascaigh agus cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta i réimse an iascaigh.