TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA
Riail 13 : Breathnadóirí
1. I gcás Conradh ar aontachas Stáit don Aontas Eorpach a bheith sínithe, féadfaidh an tUachtarán, tar éis comhaontú Chomhdháil na nUachtarán a fháil, a iarraidh ar pharlaimint an Stáit aontachais líon áirithe breathnadóirí atá comhionann le líon na suíochán i bParlaimint na hEorpa a leithdháilfear ar an Stát sin tar éis aontachas a bhaint amach a cheapadh as measc a comhaltaí féin.
2. Glacfaidh na breathnadóirí sin páirt in imeachtaí na Parlaiminte fad a bheidh teacht i bhfeidhm an Chonartha Aontachais ar feitheamh, agus beidh ceart labhartha acu i gcoistí agus i ngrúpaí polaitiúla. Ní bheidh ceart acu chun vótáil a dhéanamh ná chun seasamh lena dtoghadh chuig poist sa Pharlaimint, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht ar an bParlaimint go seachtrach. Ní bheidh aon éifeacht dhlíthiúil ag a rannpháirtíocht ar imeachtaí na Parlaiminte.
3. Déanfar an chóir a chuirfear orthu a asamhlú leis an gcóir a chuirtear ar Fheisire maidir le húsáid shaoráidí na Parlaiminte agus maidir le haisíoc caiteachas taistil agus cothaithe arna dtabhú ar a gcuid gníomhaíochtaí mar bhreathnadóirí.