TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 4 : GRÚPAÍ POLAITIÚLA
Riail 33 : Gníomhaíochtaí agus staid dhlíthiúil na ngrúpaí polaitiúla
1. Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a gcuid dualgas a chomhall mar chuid de ghníomhaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear na cúraimí a leithroinntear orthu leis na Rialacha Nós Imeachta seo. Déanfar rúnaíocht ar bhonn phlean bunaíochta Ardrúnaíocht na Parlaiminte, saoráidí riaracháin agus na leithreasaí a thaifeadfar chun na críche sin i mbuiséad na Parlaiminte a sholáthar do na grúpaí polaitiúla.
2. Ag tús gach téarma pharlaimintigh, féachfaidh Comhdháil na nUachtarán le teacht ar chomhaontú faoi nósanna imeachta chun éagsúlacht pholaitiúil na Parlaiminte a léiriú sna coistí agus sna toscaireachtaí, agus sna comhlachtaí cinnteoireachta chomh maith.
3. Déanfaidh an Biúró, ag féachaint d’aon togra a dhéanann Comhdháil na nUachtarán, na rialacha a leagan síos a bhaineann le soláthar, le cur chun feidhme agus le faireachán ar na saoráidí agus na leithreasaí dá dtagraítear i mír 1, chomh maith le rialacha a bhaineann le tarmligean gaolmhar chumhachtaí cur chun feidhme an bhuiséid agus leis na hiarmhairtí maidir le haon mhainneachtain na rialacha sin a urramú.
4. Leis na rialacha sin, cinnfear na hiarmhairtí riaracháin agus airgeadais a bheidh ann i gcás ina ndéantar grúpa polaitiúil a dhíscaoileadh.