Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 1 : CEAPACHÁIN

Riail 117 : Toghadh Uachtarán an Choimisiúin

1.   Nuair a mholann an Chomhairle Eorpach iarrthóir le haghaidh oifig Uachtarán an Choimisiúin, iarrfaidh an tUachtarán ar an iarrthóir ráiteas a dhéanamh agus a chuid nó a cuid treoirlínte polaitiúla a thíolacadh don Pharlaimint. Beidh díospóireacht ann i ndiaidh an ráitis.

Iarrfar ar an gComhairle Eorpach páirt a ghlacadh sa díospóireacht.

2.   Pharlaimint Uachtarán an Choimisiúin le tromlach na bhFeisirí a chomhdhéanann í.I gcomhréir le hAirteagal 17(7) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, toghfaidh an

Déanfar an vótáil le ballóid rúnda.

3.   Má thoghtar an t-iarrthóir, cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Chomhairle, á iarraidh uirthi agus ar Uachtarán toghaí an Choimisiúin ainmnithigh a mholadh de thoil a chéile do na poist éagsúla mar Choimisinéirí.

4.   Más rud é nach bhfaigheann an t-iarrthóir an tromlach is gá, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhairle Eorpach iarrthóir nua a mholadh laistigh d'aon mhí amháin agus beidh an t-iarrthóir sin le toghadh i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais