Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 3 : CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA

Riail 130a : Mion-trascheisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn

1.   Le mion-trascheisteanna, arb é atá iontu ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn, féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó cúig faoin gcéad ar a laghad de na Feisirí a chomhdéanann an Pharlaimint ceist a chur ar an gComhairle, ar an gCoimisiún nó ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála faisnéis a tabhairt don Pharlaimint maidir le saincheisteanna atá ainmnithe go sonrach.

Cuirfear ceisteanna den sórt sin faoi bhráid an Uachtaráin a iarrfaidh ar an seolaí freagra a thabhairt laistigh de dhá sheachtain, ar an gcoinníoll go bhfuil na ceisteanna i gcomhréir leis na Rialacha Nós Imeachta seo go ginearálta agus go gcomhlíonann siad na critéir a leagtar síos in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo (1), féadfaidh an tUachtarán síneadh a chur leis an teorainn ama sin i gcomhairle leis na ceistitheoirí.

2.   Déanfar ceisteanna agus freagraí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.

(1) Féach Iarscríbhinn II.
An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais