Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Iúil 2018
EPUB 222kPDF 1147k
CLÁR
AGUISÍN
INNÉACS
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 2 : ORD GNÓ NA PARLAIMINTE

Riail 153a : Díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha arna hiarraidh ag grúpa polaitiúil

1.   Ag gach páirtseisiún, déanfar tréimhse amháin nó dhá thréimhse 60 nóiméad ar a laghad a chur ar leataobh sa dréachtchlár oibre le haghaidh díospóireacht ar cheist cúrsaí reatha atá mórleasmhar do bheartas an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh sé de cheart ag gach grúpa polaitiúil a rogha ceist cúrsaí reatha a mholadh le haghaidh díospóireacht amháin ar a laghad den sórt sin in aghaidh na bliana. Áiritheoidh Comhdháil na nUachtarán, in imeacht tréimhse leanúnach bliana, go roinnfear go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla feidhmiú an chirt sin.

3.   Déanfaidh na grúpaí polaitiúla an cheist cúrsaí reatha sin a chur faoi bhráid an Uachtaráin i scríbhinn sula ndéanfaidh Comhdháil na nUachtarán an dréachtchlár oibre a tharraingt suas. Urramófar go hiomlán Riail 38(1) maidir leis na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear le hAirteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus na luachanna atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh sin.

4.   Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán an t-am a mbeidh díospóireacht den sórt sin le seoladh. Féadfaidh sé a chinneadh, le tromlach de cheithre chúigiú d’Fheisirí na Parlaiminte, diúltú d’ábhar a chuir grúpa ar aghaidh.

5.   Déanfaidh ionadaí ón ngrúpa polaitiúil a mhol an cheist cúrsaí reatha an díospóireacht a chur i láthair. Déanfar an t-am labhartha tar éis an chur i láthair sin a leithdháileadh i gcomhréir le Riail 162 (4) agus (5).

6.   Cuirfear deireadh leis an díospóireacht gan rún a ghlacadh.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais