TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA
Riail 2 : Sainordú neamhspleáchais
I gcomhréir le hAirteagal 6(1) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 agus le hAirteagal 2(1) agus le hAirteagal 3(1) de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, feidhmeoidh na Feisirí a sainordú go saor agus go neamhspleách, ní bheidh siad faoi cheangal ag aon teagaisc ná ní ghlacfaidh siad le haon sainordú ceangailteach.