Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2019
EPUB 160kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE

Riail 53 : Tuairimí na gcoistí

1.   Más rud é gur mian leis an gcoiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach barúlacha coiste eile a chloisteáil, nó más mian le coiste eile a chuid barúlacha a chur in iúl don choiste ar tarchuireadh ábhar chuige i dtosach, féadfaidh na coistí sin a iarraidh ar an Uachtarán, i gcomhréir le Riail 201(2), coiste amháin a ainmniú mar an gcoiste freagrach agus an coiste eile a ainmniú mar an gcoiste a thugann tuairim.

Féadfaidh an coiste a thugann tuairim rapóirtéir um thuairim a cheapadh as measc a chomhaltaí nó a bhuanionadaithe nó a sheoladh i bhfoirm litir ón gCathaoirleach.

2.   I gcás ina mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná leasuithe ar an téacs a tarchuireadh chuig an gcoiste mar aon le réasúnuithe gearra, más cuí. Beidh a n-údar freagrach as na réasúnuithe sin agus ní dhéanfar vótáil orthu. Más gá, féadfaidh an coiste a thugann tuairim réasúnú gearr don tuairim ina hiomláine a thíolacadh i scríbhinn. Beidh an rapóirtéir don tuairim freagrach as an réasúnú gearr i scríbhinn sin.

I gcás nach mbainfidh togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí leis an tuairim, is é a bheidh sa tuairim ná moltaí i ndáil le codanna den tairiscint i gcomhair rúin arna gcur isteach ag an gcoiste freagrach.

Déanfaidh an coiste freagrach vótáil ar na leasuithe nó ar na moltaí sin.

Ní dhéileálfaidh na tuairimí ach amháin leis na nithe sin a thagann faoi réimsí freagrachta an choiste a thugann tuairim.

3.   Socróidh an coiste freagrach tréimhse ama ar laistigh di nach mór don choiste a thugann tuairim an tuairim sin a thabhairt ionas go bhféadfaidh an coiste freagrach í a chur i gcuntas. Déanfaidh an coiste freagrach aon athruithe ar an tráthchlár fógartha a chur in iúl don choiste/do na coistí a thugann tuairim. Ní thiocfaidh an coiste freagrach ar a chuid conclúidí críochnaitheacha sula mbeidh an teorainn ama sin imithe in éag.

4.   Ina ionad sin, féadfaidh an coiste a thugann tuairim a chinneadh go dtíolacfar a sheasamh i bhfoirm leasuithe a chuirfear síos go díreach sa choiste freagrach tar éis a nglactha. Cuirfidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir thar ceann an choiste a thugann tuairim na leasuithe sin síos.

5.   Cuirfidh an coiste a thugann tuairim síos na leasuithe dá dtagraítear i mír 3a laistigh den teorainn ama i gcomhair leasuithe atá leagtha síos ag an gcoiste freagrach.

6.   Déanfar gach tuairim agus leasú a ghlacann an coiste a thugann tuairim a chur i gceangal le tuarascáil an choiste fhreagraigh.

7.   Ní féidir le coistí a thugann tuairim de réir bhrí na Rialach seo leasuithe a chur síos lena mbreithniú ag an bParlaimint.

8.   Iarrfar ar Chathaoirleach agus ar rapóirtéir an choiste a thugann tuairim páirt a ghlacadh i gcáil chomhairleach i gcruinnithe den choiste freagrach, sa mhéid go mbaineann na cruinnithe sin leis an ábhar is díol spéise comhchoitinne dóibh.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais