CAIBIDIL 3 : MOLTAÍ MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA AN AONTAIS
Riail 113 : Moltaí maidir le beartais sheachtracha an Aontais
1. Féadfaidh an coiste freagrach dréachtmholtaí don Chomhairle, don Choimisiún, nó do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a tharraingt suas maidir le hábhair faoi Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (gníomhaíocht sheachtrach an Aontais), nó i gcásanna nach ndearnadh comhaontú idirnáisiúnta a thagann faoi réim raon feidhme Riail 108 a tharchur chuig an bParlaimint nó nár cuireadh an méid sin in iúl don Pharlaimint faoi Riail 109.
2. I gcásanna práinneacha, féadfaidh an tUachtarán cruinniú éigeandála den choiste lena mbaineann a údarú freisin.
3. Le linn an nós imeachta maidir le glacadh na ndréachtmholtaí sin ag céim an choiste, beidh sé riachtanach vótáil a dhéanamh ar théacs i scríbhinn.
4. Sna cásanna práinne dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh feidhm ag Riail 158 ag céim an choiste agus beidh leasuithe ó bhéal inghlactha. Ní fhéadfaidh Feisirí agóid a ardú i dtaobh vótáil ar leasuithe ó bhéal sa choiste.
5. Déanfar na dréachtmholtaí arna dtarraingt suas ag an gcoiste a chur san áireamh sa chlár oibre don chéad pháirtseisiún eile ina dhiaidh sin. I gcásanna práinneacha arna gcinneadh ag an
6. Measfar moltaí a bheith arna nglacadh mura rud é, roimh thús an pháirtseisiúin, go dtíolacann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad agóid i scríbhinn. I gcás ina dtíolactar agóid den sórt sin, cuirfear moltaí an choiste san áireamh i gclár oibre an pháirtseisiúin chéanna. Déanfar díospóireacht ar mholtaí den sórt sin, agus déanfar vótáil ar aon leasú arna chur síos ag grúpa polaitiúil nó ag Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad.