1. Féadfar pointí oird maidir le bailíocht vótála a ardú tar éis don Uachtarán a dhearbhú go bhfuil an vótáil sin críochnaithe.
2. Tar éis toradh vótála le taispeáint lámh a fhógairt, féadfaidh Feisire a iarraidh go seiceálfar an toradh sin trí úsáid a bhaint as an gcóras vótála leictreonach.
3. Déanfaidh an tUachtarán cinneadh i dtaobh an bhfuil an toradh a fógraíodh bailí. Cinneadh críochnaitheach a bheidh sa chinneadh sin.