Déanfaidh an Pharlaimint, ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán. buanchoistí a chur ar bun. Déanfar a gcuid freagrachtaí a shainiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta seo
(2). Glacfar an Iarscríbhinn sin le tromlach na vótaí a chaitear. Ceapfar a gcuid comhaltaí i rith an chéad pháirtseisiúin tar éis atoghadh na Parlaiminte agus arís dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin.
Is féidir freagrachtaí buanchoistí a shainiú ag tráth seachas an tráth a gcuirtear an coiste ar bun.
An leagan de Riail 196 a mbeidh feidhm aige ó oscailt pháirtseisiúin Iúil 2019, tá sé ar fáil fresin san Aguisín a ghabhann leis an eagrán seo de na Rialacha Nós Imeachta.