Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2019
EPUB 160kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 205 : Comhordaitheoirí coiste

1.   Féadfaidh na grúpaí polaitiúla duine dá gcuid comhaltaí a ainmniú i ngach coiste mar chomhordaitheoir.

2.   Déanfaidh Cathaoirleach an choiste cruinniú de chuid gcomhordaitheoirí coistí a thionóil, más gá, chun cinntí a bheidh le déanamh ag an gcoiste a ullmhú, go háirithe cinntí maidir leis an nós imeachta agus maidir le ceapadh na rapóirtéirí. Féadfaidh an coiste an chumhacht chun cinntí áirithe a dhéanamh a tharmligean chuig na comhordaitheoirí, cé is moite de chinntí a bhaineann le tuarascálacha, tairiscintí i gcomhair rún, tuairimí nó leasuithe a ghlacadh.

Féadfar a iarraidh ar na Leas-Chathaoirligh a bheith páirteach i gcruinnithe na gcomhordaitheoirí coiste agus ról comhairleach a bheith acu ag na cruinnithe sin.

Nuair nach féidir comhthoil a bhaint amach, ní fhéadfaidh na comhordaitheoirí gníomhú ach amháin le tromlach a sheasann go soiléir do thromlach mór den choiste, ag féachaint do mhéid na ngrúpaí polaitiúla éagsúla faoi seach.

Fógróidh an Cathaoirleach cinntí agus moltaí uile na gcomhordaitheoirí sa choiste, agus measfar iad a bheith glactha mura gcuirtear ina gcoinne. Luafar go cuí iad i miontuairiscí chruinniú an choiste.

Ní grúpa polaitiúil iad Feisirí Neamhcheangailte de réir bhrí Riail 32 agus, dá bhrí sin, ní féidir leo comhordaitheoirí a ainmniú agus is iad na Feisirí is comhordaitheoirí, agus iad sin amháin, atá i dteideal freastal ar chruinnithe comhordaitheoirí.

I ngach cás, ní mór rochtain ar fhaisnéis a ráthú do na Feisirí neamhcheangailte, i gcomhréir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe, trí fhaisnéis a sholáthar agus trí dhuine de rúnaíocht na bhFeisirí neamhcheangailte a bheith i láthair ag cruinnithe comhordaitheoirí.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais