Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
8ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2019
EPUB 160kPDF 1053k
CLÁR
AGUISÍN
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL XIV : FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA

Riail 231 : Ceartúcháin

1.   Más rud é go sainaithnítear earráid i dtéacs arna ghlacadh ag an bParlaimint, déanfaidh an tUachtarán, i gcás inarb iomchuí, dréachtcheartúchán a tharchur chuig an gcoiste freagrach.

2.   Más rud é go bhfeictear go bhfuil earráid i dtéacs arna ghlacadh ag an bParlaimint agus arna chomhaontú leis na hinstitiúidí eile, lorgóidh an tUachtarán comhaontú na n-institiúidí sin maidir leis na ceartúcháin is gá sula leantar ar aghaidh i gcomhréir le mír 1.

3.   Scrúdóidh an coiste freagrach an dréachtcheartúchán agus cuirfidh sé faoi bhráid na Parlaiminte é más deimhin leis gur tharla earráid is féidir a cheartú ar an tslí atá molta.

4.   Fógrófar an ceartúchán ag an bpáirtseisiún ina dhiaidh sin. Measfar an ceartúchán sin a bheith formheasta mura rud é, tráth nach déanaí ná 24 huair an chloig tar éis é a fhógairt, go n- iarrann grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad go ndéanfar vótáil air. Mura bhformheastar an ceartúchán, tarchuirfear ar ais chuig an gcoiste freagrach é. Féadfaidh an coiste freagrach ceartúchán leasaithe a mholadh nó an nós imeachta a thabhairt chun críche.

5.   Foilseofar ceartúcháin fhormheasta ar an tslí chéanna leis an téacs lena mbaineann siad. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 78.

An nuashonrú is déanaí: 22 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais