Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN I : CÓD IOMPAIR D’FHEISIRÍ PHARLAIMINT NA HEORPA MAIDIR LE LEASANNA AIRGEADAIS AGUS COINBHLEACHTAÍ LEASA

Airteagal 1 : Treoirphrionsabail

Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú , ní mór d'Fheisirí Pharlaimint na hEorpa:

(a)   a bheith á dtreorú ag na prionsabail ghinearálta iompair seo a leanas: neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas cuntasacht agus meas ar chlú na Parlaiminte, agus déanann siad na prionsabail sin a urramú.

(b)   gníomhú ar son leas an phobail, agus leas an phobail amháin, agus staonadh ó aon sochar airgeadais díreach nó indíreach nó luaíocht eile a fháil, agus ó fhéachaint leis na nithe sin a fháil.

Airteagal 2 : Príomhdhualgais na bhFeisirí

Le linn dóibh a ndualgais a fheidhmiú ní dhéanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa:

(a)   comhaontú chun gníomhú nó vótáil ar son aon duine eile dlítheanach nó nádúrtha ar comhaontú é lena gcuirfí as dá saoirse vótála, mar atá cumhdaithe in Airteagal 6 den Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach agus Airteagal 2 de Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa.

(b)   aon sochar nó luaíocht eile díreach nó indíreach a lorg, a ghlacadh nó a fháil, cibé acu in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, mar mhalairt ar iompraíocht shonrach mar a bhaineann le raon oibre parlaimintí an Fheisire, agus féachfaidh siad go comhfhiosach le haon staid a d’fhéadfadh breabaireacht, éilliú nó tionchar míchuí a thabhairt le tuiscint a sheachaint.

(ba)   a ghabháil do ghníomhaíochtaí stocaireachta gairmiúla íoctha, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais.

Airteagal 3 : Coinbhleachtaí leasa

1.   Is ann do choinbhleacht leasa i gcás ina bhfuil leas pearsanta ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa a d’fhéadfadh tionchar míchuí a bheith aige ar chomhlíonadh a dhualgas/a dualgas Ní ann do choinbhleacht leasa i gcás nach dtairbhíonn Feisire ach amháin mar chomhalta den phobal i gcoitinne nó d’aicme leathan daoine.

2.   Maidir le haon Fheisire ar dóigh leis nó léi go bhfuil coinbhleacht leasa aige nó aici, déanfaidh an Feisire sin láithreach na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt air, i gcomhréir le prionsabail agus forálacha an Chóid Iompair seo. Más rud é nach bhfuil an Feisire in ann an choinbhleacht leasa sin a réiteach, déanfaidh an Feisire sin é sin a thuairisciú i scríbhinn don Uachtarán. I gcásanna débhríochta, féadfaidh an Feisire comhairle faoi rún a iarraidh ón gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí, arna bhunú faoi Airteagal 7.

3.   Gan dochar do mhír 2, déanfaidh Feisirí, roimh labhairt nó vótáil dóibh i suí iomlánach nó i gceann de chomhlachtaí na Parlaiminte, nó má mholtar iad mar rapóirtéir, aon choinbhleacht leasa iarbhír nó aon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an ábhar atá á mheas a nochtadh, sa chás nach léir an choinbhleacht sin ón bhfaisnéis arna dearbhú de bhun Airteagal 4. Déanfar an nochtadh sin i scríbhinn nó ó bhéal don chathaoirleach le linn na n-imeachtaí parlaiminte i dtrácht.

Airteagal 4 : Dearbhú ó na Feisirí

1.   Ar chúiseanna trédhearcachta, beidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa freagrach go pearsanta as dearbhú maidir le leasanna airgeadais a thíolacadh don Uachtarán faoi dheireadh an chéad pháirtseisiúin tar éis toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a bheith ann (nó laistigh de 30 lá ó dhul i mbun oifig leis an bParlaimint dóibh le linn téarma parlaiminteach), i gcomhréir le foirm a bheidh le glacadh ag an mBiúró de bhun Airteagal 9. Tabharfaidh siad fógra don Uachtarán maidir le haon athruithe a bhfuil tionchar acu ar a ndearbhú faoi dheireadh na míosa tar éis do gach athrú tarlú.

2.   Cuimseofar an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú maidir le leasanna airgeadais, ar faisnéis í a thabharfar ar shlí bheacht:

(a)   slí bheatha nó slite beatha an Fheisire le linn na tréimhse trí bliana sula ndeachaigh an Feisire sin i mbun oifig leis an bParlaimint, agus comhaltas an Fheisire sin le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú sa dlí,

(b)   aon tuarastal a fhaigheann an Feisire chun sainordú a fheidhmiú i bparlaimint eile,

(c)   aon ghníomhaíocht rialta a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith is gníomhaíocht a ghabhann an Feisire sin air nó uirthi féin agus a oifig/a hoifig á comhlíonadh aige nó aici, bíodh sé mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe,

(d)   comhaltas d’aon bhoird nó d'aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó aon comhlachtaí eile arna mbunú le dlí, nó d’aon ghníomhaíocht sheachtrach ábhartha eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin, bíodh luach saothair ag dul leis nó ná bíodh,

(e)   aon ghníomhaíocht sheachtrach ócáideach ar luach saothair (lena n-áirítear scríbhneoireacht, léachtóireacht nó saineolas a sholáthar) má théann iomlán an luach saothair ar ghníomhaíochtaí seachtracha ócáideacha uile an Fheisire thar EUR 5 000 i mbliain féilire áirithe,

(f)   Aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d'fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartais phoiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann,

(g)   aon tacaíocht, cibé acu tacaíocht airgeadais nó tacaíocht i dtéarmaí foirne nó ábhair, de bhreis ar an tacaíocht a sholáthraíonn an Pharlaimint agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe dóibh i ndáil lena gcuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh,

(h)   Aon leasanna eile airgeadais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire.

D’fhonn aon ítim a dhearbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh na Feisirí, i gcás inarb iomchuí, a léiriú an bhfuil nó nach bhfuil luach saothair ag dul leis nó nach bhfuil; maidir le hítimí (a), (c), (d), (e) agus (f), déanfaidh na Feisirí ceann amháin de na catagóirí ioncaim seo a leanas a léiriú freisin:

–   Gan luach saothair ;

–   EUR 1 go EUR 499 in aghaidh na míosa;

–   EUR 500 go EUR 1 000 in aghaidh na míosa;

–   EUR 1 001 go EUR 5 000 in aghaidh na míosa;

–   EUR 5 001 go EUR 10.000 in aghaidh na míosa;

–   Os cionn EUR 10 000 in aghaidh na míosa, le léiriú ar an méid EUR 10 000 is gaire.

Maidir le haon ioncam eile a fhaigheann Feisirí i dtaca le gach ítim, ar ioncam é arna dhearbhú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, ach nach ioncam é a fhaightear ar bhonn rialta, déanfar é a ríomh ar bhonn bliantúil, arna roinnt ar dhó dhéag agus curtha i gceann de na catagóirí a leagtar amach sa dara fomhír.

3.   Maidir leis an bhfaisnéis arna soláthar don Uachtarán i gcomhréir leis an Airteagal seo, foilseofar í ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar shlí a bheidh an pobal in ann teacht ar an bhfaisnéis go héasca.

4.   Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de chuid cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh a ndearbhú leasanna airgeadais curtha isteach acu.

5.   Má fhaigheann an tUachtarán faisnéis, a thugann le fios dó nó di go bhfuil dearbhú leasanna airgeadais Feisire éigin go suntasach míchruinn nó as dáta, féadfaidh an tUachtarán dul i gcomhairle leis an gcoiste comhairleach dá bhforáiltear in Airteagal 7. I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an tUachtarán ar an gComhalta a dhearbhú nó a deabhrú a cheartú laistigh de 10 lá. Féadfaidh an Biúró cinneadh a ghlacadh lena ndéantar mír 4 a chur i bhfeidhm maidir le Feisirí nach gcomhlíonann iarraidh ón Uachtarán ar cheartúchán.

6.   Is féidir le rapóirtéirí liosta a dhéanamh go deonach i ráiteas míniúcháin a dtuarascála ina mbeidh a gcuid leasanna seachtracha a ndeachthas i gcomhairle leo ar chúrsaí a bhaineann le hábhar na tuarascála.(1)

Airteagal 5 : Bronntanais nó sochair chomhchosúla

1.   Le linn dóibh a ndualgais a chomhlíonadh, déanfaidh Feisirí Pharlaimint na hEorpa, staonadh ó bhronntanais nó de shochair chomhchosúla a ghlacadh, seachas na bronntanais agus na sochair a bhfuil garluach is lú ná EUR 150 acu agus arna dtabhairt i gcomhréir leis an úsáid chúirtéise nó na bronntanais nó na sochair a thugtar dóibh nuair a dhéanann Feisirí ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil.

2.   Maidir le haon bhronntanais a thugtar d'Fheisirí, i gcomhréir le mír 1, nuair a dhéanann siad ionadaíocht don Pharlaimint ina gcáil oifigiúil , tabharfar don Uachtarán iad agus déileálfar leo i gcomhréir leis na bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.

3.   Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 1 agus mhír 2 maidir le haisíoc chostais taistil, chóiríochta agus chothaithe na bhFeisirí, ná le costais den sórt sin a a íocann tríú páirtithe go díreach, nuair a fhreastalaíonn Feisirí, de bhun cuireadh a fháil agus le linn dóibh a ndualgas a chomhlíonadh, aon imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe.

Sonrófar raon feidhme na míre seo, agus go háirithe na rialacha atá ceaptha chun trédhearcacht a áirithiú, sna bearta cur chun feidhme a bheidh le leagan síos ag an mBiúró de bhun Airteagal 9.

Airteagal 6 : Gníomhaíochtaí iarFheisirí

Maidir le hiar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a ghabhann do ghníomhaíochtaí brústocaireachta gairmiúla nó gníomhaíochtaí ionadaíochta, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil baint dhíreach acu le próiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh, ba cheart dóibh an Pharlaimint a chur ar an eolas ina thaobh sin agus ní fhéadfaidh siad, le linn na tréimhse ar lena linn a bhfuil siad ag gabháil do na gníomhaíochtaí sin, tairbhe a bhaint as na saoráidí arna ndeonú d’iar-Fheisirí faoi na rialacha atá leagtha síos ag an mBiúró chuigesin(2).

Airteagal 7 : An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí

1.   Bunaítear leis seo an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí (‘an Coiste Comhairleach’.

2.   Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de chúigear comhaltaí, arna gceapadh ag an Uachtarán ag tús a théarma nó a téarma oifige as measc an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, agus aird chuí á tabhairt ar thaithí na bhFeisirí agus ar an gcothromaíocht pholaitiúil.

Feidhmeoidh gach comhalta den Choiste Comhairleach mar chathaoirleach ar feadh sé mhí ar bhonn uainíochta.

3.   Ag tús a oifige nó a hoifige, déanfaidh an tUachtarán comhaltaí cúltaca a cheapadh don Choiste Comhairleach chomh maith, comhalta amháin do gach grúpa nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach.

I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag comhalta de ghrúpa polaitiúil ar an gCód iompair seo, ar ghrúpa polaitiúil é nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a cheann sa Choiste Comhairleach, feidhmeoidh an comhalta cúltaca ábhartha mar shéú comhalta iomlán an Choiste Chomhairligh ar mhaithe le himscrúdú a dhéanamh ar an sárú líomhnaithe sin.

4.   Arna iarraidh sin ag Feisire, tabharfaidh an Coiste Comhairleach treoir dó nó di, ar treoir í a bheidh faoi rún agus a bheidh tugtha laistigh de 30 lá féilire, maidir le léirmhíniú agus le cur chun feidhme fhorálacha an Chóid Iompair seo. Beidh an Feisire lena mbaineann i dteideal dul ar iontaoibh treorach den sórt sin.

Arna iarraidh sin don Uachtarán, déanfaidh an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo agus tabharfaidh sé comhairle don tUachtarán faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a ghlacadh.

5.   Féadfaidh an Coiste Comhairleach, tar éis dul i gcomhairle leis an Uachtarán, comhairle a lorg ó shaineolaithe seachtracha.

6.   Foilseoidh an Coiste tuarascáil bhliantúil maidir lena chuid oibre.

Airteagal 8 : An nós imeachta i gcás sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ann ar an gCód Iompair

1.   I gcás ina bhfuil cúis lena mheas go bhféadfadh an Cód Iompair a bheith sáraithe ag Feisire de chuid Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an tUachtarán an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste Chomhairligh, seachas i gcásanna cráiteacha soiléire.

2.   Scrúdóidh an Coiste Comhairleach imthosca an tsáraithe líomhnaithe agus féadfaidh sé éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann. Bunaithe ar thátail a thorthaí, déanfaidh sé moladh don Uachtarán maidir le cinneadh féideartha.

I gcás sárú líomhnaithe a bheith déanta ag buanchomhalta nó ag comhalta cúltaca den Choiste Comhairleach ar an gCód iompair seo, staonfaidh an comhalta nó comhalta cúltaca ábhartha ó pháirt a ghlacadh in imeachtaí an Choiste Chomhairligh maidir leis an sárú líomhnaithe sin

3.   Más rud é, agus an moladh sin á chur san áireamh ag an Uachtarán agus tar éis don té sin cuireadh a thabhairt don bhFeisire lena mbaineann barúlacha an Fheisire sin i scríbhinn a thíolacadh, go gcinneann an tUachtarán go bhfuil an Cód Iompair sáraithe ag an bhFeisire lena mbaineann, déanfaidh an tUachtarán, tar éis éisteacht a thabhairt don Fheisire lena mbaineann, cinneadh réasúnaithe a ghlacadh lena leagfar síos pionós. Cuirfidh an tUachtarán fógra i leith an chinnidh réasúnaithe don Fheisire sin.

D’fhéadfadh a bheith i gceist leis an bpionós ceann amháin nó níos mó de na bearta a liostaítear i Riail 176(4) go (6) de na Rialacha Nós Imeachta.

4.   Beidh rochtain ag an bhFeisire lena mbaineann ar na nósanna imeachta maidir le hachomharc inmheánach a shainítear i Riail 177 de na Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal 9 : Cur chun feidhme

Leagfaidh an Biúró síos na bearta cur chun feidhme don Chód Iompair seo, lena n-áirítear nós imeachta faireacháin, agus tabharfaidh sé na méideanna dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 cothrom le dáta, nuair is gá sin.

Féadfaidh an Biúró tograí a mholadh chun an Cód Iompair seo a athbhreithniú.

(1)Féach Cinneadh ón mBiúró an 12 Meán Fómhair 2016 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir leis an gClár Trédhearcachta
(2)Cinneadh ón mBiúró an 12 Aibreán 1999 maidir le saoráidí arna ndeonú d'iarFheisirí Pharlaimint na hEorpa.
An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais