Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI : CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
XVII.   An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.   cearta na saoránach, cearta an duine agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear cosaint do mhionlaigh, mar atá leagtha síos sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a chosaint laistigh de chríoch an Aontais;

2.   na bearta is gá chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac, seachas na cineálacha sin atá bunaithe ar ghnéas nó a tharlaíonn san ionad oibre agus sa mhargadh saothair;

3.   reachtaíocht i réimse na trédhearcachta agus i réimse na cosanta daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta;

4.   limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú agus a fhorbairt agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú, go háirithe:

(a)   bearta a bhaineann le hiontráil agus gluaiseacht daoine, le tearmann agus le himirce,
(b)   bearta a bhaineann le bainistiú lánpháirtithe na gcomhtheorainneacha,
(c)   bearta a bhaineann le comhar póilíneachta agus le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, agus bearta substainteacha agus nós imeachta a bhaineann le cur chuige Aontais níos comhtháite a fhorbairt maidir leis an dlí coiriúil;

5.   an Lárionad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, Europol, Eurojust, Cepol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile sa réimse céanna;

6.   cinneadh a dhéanamh i dtaca le baol soiléir a bheith ann go bhfuil sárú tromchúiseach déanta ag Ballstát ar na prionsabail is coiteann do na Ballstáit.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais