Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL I : FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 1 : FEISIRÍ PHARLAIMINT NA hEORPA

Riail 6 : Díolúine a tharscaoileadh

1.   Maidir le haon iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, déanfar í a mheas i gcomhréir le hAirteagal 7, le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus i gcomhréir leis na prionsabail dá dtagraítear i Riail 5(2).

2.   I gcás ina gceanglófar ar Fheisirí láithriú mar fhinnéithe nó mar fhinnéithe saineolacha, ní gá tarscaoileadh díolúine a iarraidh, ar choinníoll:

-   nach mbeidh oibleagáid orthu láithriú ar dháta nó ag tráth a chuirfidh cosc orthu a gcuid dualgas parlaiminteach a chomhlíonadh, nó a fhágfaidh go mbeidh sé deacair dóibh na dualgais sin a chomhlíonadh, nó go mbeidh siad in ann ráiteas a thabhairt i scríbhinn nó in aon fhoirm eile nach bhfágfaidh go mbeidh sé deacair dóibh a ndualgais pharlaiminteacha a chomhlíonadh; agus

-   nach mbeidh oibleagáid orthu fianaise a thabhairt maidir le faisnéis a bheidh faighte faoi rún i gcomhlíonadh a gcuid dualgas parlaiminteach agus ar faisnéis í nach cuí leo í a nochtadh.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais