Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE

Riail 54 : Tuarascálacha féintionscnaimh

1.   Féadfaidh coiste a bhfuil sé ar intinn aige tuarascáil neamhreachtach nó tuarascáil faoi Riail 46 nó 47 a tharraingt suas ar ábhar ina inniúlacht nach mbeidh aon tarchur déanta air, sin a dhéanamh ach amháin le húdarú ó Chomhdháil na nUachtaránarán.

Maidir le hiarrataí ar údarú chun tuarascálacha a tharraingt suas, ar iarrataí iad arna dtíolacadh de bhun na chéad fhomhíre, glacfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh ina leith ar bhonn forálacha cur chun feidhme a leagfaidh an Chomhdháil síos.

2.   I gcás ina gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán an t-údarú sin a choinneáil siar, luafaidh sí na cúiseanna atá aici le déanamh amhlaidh.

I gcás ina dtiocfaidh ábhar na tuarascála laistigh de réim cheart tionscnaimh na Parlaiminte dá dtagraítear i Riail 46, ní fhéadfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh a dhéanamh údarú den sórt sin a choinneáil siar ach amháin i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach sna Conarthaí.

3.   Sna cásanna dá dtagraítear i Rialacha 46 agus 47, déanfaidh Comhdháil na nUachtarán cinneadh laistigh de dhá mhí.

4.   Déanfar tairiscintí i gcomhair rún arna gcur faoi bhráid na Parlaiminte a scrúdú faoin nós imeachta um thíolacadh gairid a leagtar amach i Riail 160. Ní bheidh leasuithe ar na tairiscintí sin i gcomhair rún agus iarrataí ar vótáil dheighilte nó vótáil ar leithligh inghlactha lena mbreithniú i suí iomlánach ach amháin má chuireann an rapóirtéir síos iad d’fhonn faisnéis nua a chur i gcuntas nó má chuireann an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte síos iad. Féadfaidh grúpaí polaitiúla tairiscintí malartacha i gcomhair rún a chur síos i gcomhréir le Riail 181(3). Beidh feidhm ag Riail 190 maidir le tairiscint an choiste i gcomhair rúin agus leasuithe air sin. Beidh feidhm ag Riail 190 freisin maidir leis an vótáil aonair ar thairiscintí malartacha i gcomhair rún.

5.   Ní bheidh feidhm ag mír 4 i gcás ina gcáilíonn ábhar na tuarascála le haghaidh díospóireacht lárnach i suí iomlánach, i gcás ina dtarraingítear suas an tuarascáil de bhun an chirt tionscnaimh dá dtagraítear i Riail 46 nó i Riail 47, nó i gcás ina mbeidh an tuarascáil údaraithe mar thuarascáil straitéiseach (1).

(1) Féach an cinneadh ábhartha ó Chomhdháil na nUachtarán.
An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais