Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3 : AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 3 - CAIBIDLÍOCHT IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN GHNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTAIGH

Riail 70 : Forálacha ginearálta

Maidir leis na caibidlíochtaí leis na hinstitiúidí eile, ar caibidlíochtaí iad a mbeidh sé mar aidhm leo teacht ar chomhaontú i rith an nós imeachta reachtaigh, ní fhéadfar dul ina mbun ach amháin tar éis cinneadh arna dhéanamh i gcomhréir le Riail 71, Riail 72 nó Riail 73 nó tar éis tarchur ar ais ag an bParlaimint le haghaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha. Déanfar na caibidlíochtaí sin ag féachaint don Chód Iompair atá leagtha síos ag comhdháil na nUachtarán (1).

(1) Cód Iompair maidir le caibidlíocht i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.
An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais