Beidh an chumhacht ag an Uachtarán deireadh a chur le húsáid iomarcach tairiscintí amhail pointí oird, tairiscintí nós imeachta nó mínithe ar vótáil, nó iarrataí ar vótáil ar leithligh, ar vótáil dheighilte nó ar vótáil le glaoch rolla i gcás inar deimhin leis gur follasach go bhfuil na tairiscintí nó na hiarrataí sin beartaithe chun bac fada tromaí a chur ar imeachtaí na Parlaiminte nó ar chearta na bhFeisirí, agus go mbeadh bac den sórt sin ann mar thoradh ar na nithe sin.