Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 4 : BEARTA A GHLACFAR I gCÁS NACH gCOMHLÍONTAR CAIGHDEÁIN IOMPAIR NA bhFEISIRÍ

Riail 175 : Bearta láithreacha

1.   Déanfaidh an tUachtarán aon Fheisire a sháraíonn na caighdeáin iompair a shainmhínítear i Riail 10(3) nó (4) a ghlaoch chun oird.

2.   Má dhéantar an sárú an athuair, glaofaidh an tUachtarán an Feisire chun oird an dara uair, agus déanfar an méid sin a thaifeadadh sna miontuairiscí.

3.   Má leantar den sárú, nó má dhéantar sárú eile, féadfaidh an tUachtarán an ceart labhartha a shéanadh ar an bhFeisire agus é nó í a chur amach as an Seomra ar feadh an chuid eile den suí. I gcásanna fíor-thromchúiseacha, féadfaidh an tUachtarán, freisin, an Feisire lena mbaineann a chur amach láithreach as an Seomra don chuid eile den suí agus d’uireasa an dara glao chun oird. Féachfaidh an tArdrúnaí chuige, gan mhoill, go gcuirtear na bearta araíonachta sin i bhfeidhm le cabhair ó na huiséirí agus, más gá, le cabhair ó Sheirbhís Slándála na Parlaiminte.

4.   Más baolach go gcuirfidh cur isteach bac ar ghnó an Tí, dúnfaidh an tUachtarán an suí nó cuirfidh an tUachtarán an suí ar fionraí go ceann tréimhse shonrach chun an t-ord a athbhunú. Mura bhfuil an tUachtarán in ann éisteacht a fháil, fágfaidh an tUachtarán an chathaoir; beidh d’éifeacht leis sin go mbeidh an suí ar fionraí. Athchomórfaidh an tUachtarán an suí.

5.   Féadfaidh an tUachtarán a chinneadh cur isteach ar chraoladh beo an tsuí i gcás Riail 10(3) nó (4) a bheith á sárú ag Feisire.

6.   Féadfaidh an tUachtarán a ordú go scriosfaí ón taifead closamhairc de na himeachtaí na codanna sin d’óráid Feisire a sháraíonn Riail 10(3) nó (4).

Beidh feidhm láithreach ag an ordú sin. Ach beidh sé faoi réir a dheimhnithe ag an mBiúró, áfach, tráth nach déanaí ná ceithre seachtaine ina dhiaidh sin, nó, mura bhfuil cruinniú ag an mBiúró laistigh den tréimhse sin, ag a chéad chruinniú eile.

7.   Déanfar na cumhachtaí dá bhforáiltear i mír 1 go mír 6 a dhílsiú, mutatis mutandis, d'oifigigh cheannais comhlachtaí, coistí agus toscaireachtaí de réir mar a fhoráiltear dóibh sna Rialacha Nós Imeachta.

8.   Nuair is cuí, agus ag féachaint do thromchúis an tsáraithe ar chaighdeáin iompair na bhFeisirí, féadfaidh an Feisire atá sa chathaoir ar pháirtseisiún, ar chomhlacht, ar choiste nó ar thoscaireacht, tráth nach déanaí ná an chéad pháirtseisiún eile nó an chéad chruinniú eile den chomhlacht, den choiste nó den toscaireacht lena mbaineann, a iarraidh ar an Uachtarán Riail 176 a chur i bhfeidhm.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais