Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Iúil 2019
EPUB 152kPDF 1211k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 208 : Coistí fiosrúcháin

1.   I gcomhréir le hAirteagal 226 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 2 de Chinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (1), féadfaidh Parlaimint na hEorpa, arna iarraidh sin ag an gceathrú cuid de na comhaltaí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin a chur ar bun chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe líomhnaithe nó ar dhrochriarachán líomhnaithe le linn dlí an Aontais a chur chun feidhme, ar nithe iad ar dealraitheach iad a bheith ina ngníomh de chuid institiúide nó comhlachta de chuid an Aontais Eorpaigh, nó de chuid chomhlachta riaracháin phoiblí Ballstáit, nó de chuid daoine a bhfuil an chumhacht acu, faoi dhlí an Aontais, chun an dlí sin a chur chun feidhme.

Ní fhéadfar leasú a dhéanamh ar ábhar an fhiosrúcháin arna shainiú ag an gceathrú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint ná ar an tréimhse a leagtar síos i mír 11.

2.   Maidir leis an gcinneadh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é laistigh d'aon mhí amháin dá dhéanamh.

3.   Rialófar modus operandi coiste fiosrúcháin leis na forálacha de na Rialacha a bhaineann le coistí, ach amháin nuair a fhoráiltear a mhalairt go sonrach sa Riail seo agus agus i gCinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGC.

4.   Maidir leis an iarraidh chun coiste fiosrúcháin a chur ar bun, ní mór ábhar an fhiosrúcháin a shonrú go beacht inti agus ní mór ráiteas mionsonraithe ar na forais is bun leis an bhfiosrúchán a bheith san áireamh inti. Ar thogra ó Chomhdháil na nUachtarán, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh i dtaobh an gcuirfear coiste ar bun agus, más chinneann amhlaidh, a líon comhaltaí.

5.   Ní bheidh sé an ceart ag coistí fiosrúcháin tuairimí a thabhairt do choistí eile.

6.   Ag céim ar bith le linn a imeachtaí, ní fhéadfaidh ach lánchomhaltaí amháin nó, i gcás iad a bheith as láthair, comhaltaí ionaid vótáil i gcoiste fiosrúcháin.

7.   Toghfaidh coiste fiosrúcháin a Chathaoirleach agus Leas-Chathaoirligh féin agus ceapfaidh sé rapóirtéir amháin nó níos mó. Féadfaidh an coiste, freisin, freagrachtaí, dualgais nó cúraimí sonracha a shannadh dá chomhaltaí agus ní mór do na comhaltaí sin tuairisc mhionsonraithe ina leith sin a thabhairt don choiste ina dhiaidh sin.

8.   Sa tréimhse idir cruinniú amháin agus ceann eile, déanfaidh comhordaitheoirí an choiste, i gcásanna práinne nó riachtanais, cumhachtaí an choiste a fheidhmiú, ach sin faoi réir daingnithe ag an gcoiste sin ag a chéad chruinniú eile.

9.   Maidir leis na teangacha a úsáidfear, cuirfidh coiste fiosrúcháin forálacha Riail 167 i bhfeidhm. Mar sin féin:

-   féadfaidh biúró an choiste ateangaireacht a shrianadh do theangacha oifigiúla chomhaltaí an choiste a bheidh páirteach sa phlé, má mheasann sé gur gá sin ar chúiseanna rúndachta,

-   déanfaidh biúró an choiste cinneadh faoi aistriúchán ar na doiciméid a fhaightear a sholáthar ar shlí ina n-áiritheofar gur féidir leis an gcoiste a phlé a dhéanamh go héifeachtach agus go tapa, agus ina n-áiritheofar go n-urramaítear an tsicréideacht agus an rúndacht is gá.

10.   In áit ina dtugann sáruithe líomhnaithe nó drochriarachán líomhnaithe i gcur chun feidhme dhlí an Aontais le fios go bhféadfadh comhlacht nó údarás de Bhallstát a bheith freagrach, féadfaidh an coiste fiosrúcháin a iarraidh ar pharlaimint an Bhallstáit lena mbaineann comhoibriú leis an bhfiosrúchán.

11.   Tabharfaidh coiste fiosrúcháin a chuid oibre chun críche trí thuarascáil maidir le torthaí a chuid oibre a chur os comhair na Parlaiminte laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí óna chruinniú tionscnaimh. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh dhá uair an tréimhse sin a fhadú ar feadh tréimhse trí mhí. Más iomchuí, féadfar seasaimh mhionlaigh a bheith sa tuarascáil i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Riail 55. Déanfar an tuarascáil a fhoilsiú.

Ar iarraidh a fháil ón gcoiste fiosrúcháin, seolfaidh an Pharlaimint díospóireacht ar an tuarascáil ag an bpáirtseisiún tar éis an tuarascáil a thíolacadh.

12.   Féadfaidh an coiste dréachtmholadh arna dhíriú chuig institiúidí nó comhlachtaí an Aontais Eorpaigh nó chuig na Ballstáit a chur faoi bhráid na Parlaiminte freisin.

13.   Treoróidh an tUachtarán don choiste freagrach, faoi Iarscríbhinn VI, faireachán a dhéanamh ar an ngníomhaíocht a dhéantar i leith thorthaí obair an choiste fiosrúcháin agus, más iomchuí, tuairisc a thabhairt air sin. Déanfaidh an tUachtarán aon bhearta breise a mheastar is cuí lena chinntiú go ndéantar gníomh praiticiúil i ndáil le conclúidí an fhiosrúcháin.

(1) Cinneadh 95/167/CE, Euratom, CEGS ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 19 Aibreán 1995 maidir le forálacha mionsonraithe lena rialaítear feidhmiú cheart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa (IO L 113, 19.5.1995, lch. 1).
An nuashonrú is déanaí: 22 Meitheamh 2019Fógra dlíthiúil