Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Nollaig, 2019
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL X : OMBUDSMAN

Riail 233 : An tOmbudsman a chur as oifig

1.   Féadfaidh an deichiú cuid den líon Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint a iarraidh go gcuirfear an tOmbudsman as oifig más rud é nach gcomhallann an tOmbudsman a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid nó a cuid dualgas a chomhlíonadh nó má tá sé nó sí ciontach i mí- iompar tromchúiseach. I gcás ina ndearnadh vótáil ar iarraidh chun an tOmbudsman a chur as oifig i rith an dá mhí roimhe sin, ní fhéadfar iarraidh nua a chur síos ach amháin má dhéanann an cúigiú cuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint amhlaidh.

2.   Cuirfear an iarraidh ar aghaidh chuig an Ombudsman agus chuig an gcoiste freagrach, agus má chinneann an coiste freagrach trí thromlach a chomhaltaí go bhfuil foras ar fónamh leis na cúiseanna cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid na Parlaiminte. Má iarrann an tOmbudsman amhlaidh, tabharfar éisteacht dó nó di sula ndéanfar vótáil ar an tuarascáil. Tar éis díospóireachta, déanfaidh an Pharlaimint cinneadh le ballóid rúnda.

3.   Sula gcuirtear tús leis an vótáil, áiritheoidh an tUachtarán go bhfuil an leathchuid de na Feisirí a chomhdhéanann an Pharlaimint i láthair.

4.   Má tá an vótáil i bhfabhar an tOmbudsman a chur as oifig agus i gcás nach n-éiríonn an tOmbudsman as oifig dá réir sin, déanfaidh an tUachtarán, ar a dhéanaí faoin bpáirtseisiún i ndiaidh an chinn ar lena linn a seoladh an vótáil, iarratas a chur chuig an gCúirt Bhreithiúnais chun an tOmbudsman a chur as oifig agus iarrfaidh an tUachtarán go ndéanfar rialú gan mhoill.

Beidh deireadh leis an nós imeachta nuair a éiríonn an tOmbudsman as oifig.

An nuashonrú is déanaí: 19 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais