Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II : NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 2 : AN NÓS IMEACHTA SA CHOISTE

Riail 52 : Nós imeachta simplithe

1.   Tar éis an chéad phlé ar thogra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go bhformheasfar é gan aon leasú. Mura rud é go gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe. Tíolacfaidh an Cathaoirleach, nó an rapóirtéir, má ceapadh rapóirtéir, tuarascáil lena bhformheastar an togra don Pharlaimint. Beidh feidhm ag an dara fomhír de Riail 159(1) agus ag Riail 159(2) agus (4).

2.   Mar mhalairt air sin, féadfaidh an Cathaoirleach a mholadh go ndréachtóidh an Cathaoirleach nó an rapóirtéir sraith leasuithe ina léirítear plé an choiste. Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste ina aghaidh, measfar gur formheasadh an nós imeachta beartaithe agus seolfar na leasuithe sin chun comhaltaí an choiste.

Mura gcuirfidh comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste in aghaidh na leasuithe sin laistigh de theorainn ama réamhshocraithe nach giorra ná 10 lá oibre ó dháta seolta na leasuithe, measfar an tuarascáil a bheith glactha ag an gcoiste. Sa chás sin, cuirfear an dréachtrún reachtach agus na leasuithe faoi bhráid na Parlaiminte gan díospóireacht de bhun an dara fomhír de Riail 159(1) agus Riail 159(2) agus (4).

Má chuireann comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an meántairseach ar a laghad sa choiste in aghaidh na leasuithe, déanfar vótáil ar na leasuithe ag an gcéad chruinniú eile den choiste.

3.   Seachas na forálacha a bhaineann leis an aighneacht chun na Parlaiminte, beidh feidhm ag an Riail seo, mutatis mutandis, maidir le tuairimí an choiste de réir bhrí Riail 56.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais