Innéacs 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0198(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0065/2017

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0065/2017

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/09/2017 - 9.9

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2017)0340

Téacsanna atá glactha
PDF 236kWORD 43k
Dé Céadaoin, 13 Meán Fómhair 2017 - Strasbourg
Formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír ***I
P8_TA(2017)0340A8-0065/2017
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1030/2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (COM(2016)0434 – C8-0247/2016 – 2016/0198(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0434),

–  ag féachaint d’Airteagal  294(2) agus d’Airteagal 79(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0247/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach arna bhformheas ag an gcoiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Meitheamh 2017 chun seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormeas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0065/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Meán Fómhair 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 1030/2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do cheadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír
P8_TC1-COD(2016)0198

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/1954.)

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais