Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 27 Aibreán 2017 - BrusselsEagrán deiridh
Trádmharc de chuid an AE ***I
 Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017-2020 ***I
 Clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta ***I
 Clár Aontais chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí i gceapadh beartas na seirbhísí airgeadais ***I

Trádmharc de chuid an AE ***I
PDF 1130kWORD 222k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (téacs códaithe) (COM(2016)0702 – C8-0439/2016 – 2016/0345(COD))
P8_TA(2017)0133A8-0054/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0702),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 118 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0439/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre níos tapúla d’fhonn téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil(1),

–  ag féachaint do Riail 103 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0054/2017),

A.  de bhrí, de réir Mheitheal Comhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (códú)

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/1001.)

(1) IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.


Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017-2020 ***I
PDF 460kWORD 72k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 (COM(2015)0701 – C8-0373/2015 – 2015/0263(COD))
P8_TA(2017)0139A8-0374/2016

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0701),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 175 agus d’Airteagal 197(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0373/2015),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 16 Márta 2016(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 7 Aibreán 2016(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle trí litir dar dáta an 15 Feabhra 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Iascach agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0374/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú an Chláir Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach don tréimhse 2017 go 2020 agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/825.)

(1) IO C 177, 18.5.2016, lch. 47.
(2) IO C 240, 1.7.2016, lch. 49.


Clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta ***I
PDF 262kWORD 47k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020 (COM(2016)0202 – C8-0145/2016 – 2016/0110(COD))
P8_TA(2017)0141A8-0291/2016

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0202),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0145/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Bealtaine 2016(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d'fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nóis Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle trí litir dar dáta an 15 Márta 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0291/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Aibreán 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 258/2014 lena mbunaítear clár Aontais chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta don tréimhse 2014-2020

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/827.)

(1) IO C 303, 19.8.2016, lch. 147


Clár Aontais chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht tomhaltóirí i gceapadh beartas na seirbhísí airgeadais ***I
PDF 567kWORD 59k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Aibreán 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020 (COM(2016)0388 – C8-0220/2016 – 2016/0182(COD))
P8_TA(2017)0142A8-0008/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0388),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus do phointe (b) d’Airteagal 169(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0220/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2016(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2017 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus don tuairm ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A8-0008/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Aibreán 2017 chun go nglacfaíRialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár de chuid an Aontais a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha lena gcuirfear feabhas ar rannpháirtíocht tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile seirbhísí airgeadais i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais don tréimhse 2017–2020

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/826.)

(1) IO C 34, 2.2.2017, lch. 117.

Fógra dlíthiúil