Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 25 Deireadh Fómhair 2017 - Strasbourg
Oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair ***I
 Córas Isteach/Imeachta (EES) a bhunú chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag tasnú theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ***I
 Leasú ar Chód Teorainneacha Schengen a mhéid a bhaineann le hÚsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta ***I

Oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair ***I
PDF 237kWORD 45k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (COM(2016)0248 – C8-0181/2016 – 2016/0130(COD))
P8_TA(2017)0410A8-0064/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0248),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 153(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0181/2016),

–  ag féachaint do thuairim an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlíthiúil atá beartaithe,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2016(1)

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 11 Iúil 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 agus do Riail 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0064/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Deireadh Fómhair 2017 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

P8_TC1-COD(2016)0130


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2017/2398.)

(1) IO C 487, 28.12.2016, lch. 113.


Córas Isteach/Imeachta (EES) a bhunú chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag tasnú theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh ***I
PDF 243kWORD 59k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (COM(2016)0194 – C8-0135/2016 – 2016/0106(COD))
P8_TA(2017)0411A8-0057/2017
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0194),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(b) agus (d), d’Airteagal 87(2)(a) agus d’Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0135/2016),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3), d’Airteagal 77(2)(b) agus d’Airteagal 87(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2016(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Iúil 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 agus do Riail 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0057/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Deireadh Fómhair 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011

P8_TC1-COD(2016)0106


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/2226.)

(1) IO C 487, 28.12.2016, lch. 66.


Leasú ar Chód Teorainneacha Schengen a mhéid a bhaineann le hÚsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta ***I
PDF 241kWORD 45k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta (COM(2016)0196 – C8-0134/2016 – 2016/0105(COD))
P8_TA(2017)0412A8-0059/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0196),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0134/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2016(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Iúil 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0059/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Deireadh Fómhair 2017 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2017/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 a mhéid a bhaineann le húsáid an Chórais Dul Isteach/Imeachta

P8_TC1-COD(2016)0105


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2017/2225.)

(1) IO C 487, 28.12.2016, lch. 66.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais