Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2014/0100(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0311/2015

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0311/2015

Díospóireachtaí :

PV 18/04/2018 - 22
CRE 18/04/2018 - 22

Vótaí :

PV 19/04/2018 - 10.7
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0180

Téacsanna atá glactha
PDF 122kWORD 66k
Déardaoin, 19 Aibreán 2018 - Strasbourg
Táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha ***I
P8_TA(2018)0180A8-0311/2015
CEARTÚCHÁIN
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán maidir le rialuithe oifigiúla] agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (COM(2014)0180 – C7-0109/2014 – 2014/0100(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2014)0180),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail  42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C7‑0109/2014),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Teach Teachtaí Lucsamburg agus Comhairle Chónaidhme na hOstaire, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Deireadh Fómhair 2014(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 4 Nollaig 2014(2).

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Samhain 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0311/2015),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á dtabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 12, 15.1.2015, lch. 75.
(2) IO C 19, 21.1.2015, lch. 84.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 19 Aibreán 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle
P8_TC1-COD(2014)0100

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/848).


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le turgnaimh shealadacha le haghaidh cineálacha orgánacha

Aithníonn an Coimisiún gur gá dálaí a bhunú faoina bhforbrófar cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach.

Chun critéir a bhunú don chur síos ar shaintréithe ‘cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach’, chomh maith le sainmhíniú a thabhairt ar na dálaí faoina bhféadfar ‘cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach’ a tháirgeadh d’fhonn margú a dhéanamh, eagróidh an Coimisiún turgnamh sealadach tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a dtiocfaidh an Rialachán reatha i bhfeidhm.

Leis an turgnamh sealadach sin, bunófar critéir chun cur síos a dhéanamh ar shainiúlacht, aonchineálacht agus cobhsaíocht cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach agus, i gcás inarb infheidhme, ar an luach don saothrú agus don úsáid a ghabhann leo, agus tabharfar aghaidh ar dhálaí margaidh eile amhail lipéadú agus pacáistiú. Cuirfear san áireamh leis na dálaí agus na critéir sin riachtanais agus aidhmeanna sonracha na talmhaíochta orgánaí, amhail feabhas a chur ar an éagsúlacht ghéiniteach, ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh galar agus ar an oiriúnú d’ithir agus do dhálaí aeráide. Déanfar tuarascálacha bliantúla a ullmhú chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an turgnaimh shealadaigh.

Faoi chuimsiú an turgnaimh sin, a mhairfidh téarma seacht mbliana agus a ndéanfar foráil do chainníochtaí leordhóthanacha ann, féadfar na Ballstáit a scaoileadh ó oibleagáidí áirithe a leagtar síos i dTreoir 66/401/CEE, Treoir 66/402/CEE, Treoir 68/193/CEE, Treoir 2002/53/CE, Treoir 2002/54/CE, Treoir 2002/55/CE, Treoir 2002/56/CE, Treoir 2002/57/CE, Treoir 2008/72/CE agus Treoir 2008/90/CE.

 Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thoradh an turgnaimh sin d’fhonn a mholadh go ndéanfaí leasú ar cheanglais na reachtaíochta cothrománaí maidir le síolta agus ábhair eile atáirgthe plandaí a mhargú chun saintréithe na ‘gcineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach’ a chuimsiú.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 55

Cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir go bhfuil sé contrártha le hábhar agus le meon Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13), pointe (b) den dara fomhír d'Airteagal 5(4) a agairt ar mhodh córasach. Níor cheart dul i muinín na forála sin ach amháin má tá gá sonrach ann imeacht ón riail láimhe, is é sin go bhféadfaidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh mura dtugtar aon tuairim. Toisc gurb eisceacht ón riail ghinearálta a bunaíodh le hAirteagal 5(4) é, ní féidir glacadh le dul i muinín phointe (b) d'fhomhír 2 mar ‘chumhacht lánroghnach’ de chuid an Reachtóra, agus ní mór ciall a bhaint as ar bhealach sriantach agus ní mór, mar sin, údar a bheith leis.

An nuashonrú is déanaí: 1 Iúil 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais