Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1588 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe Státchabhrach cothromaí (COM(2018)0398 – C8-0316/2018 – 2018/0222(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0398),
– ag féachaint d’Airteagal 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0316/2018),
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0315/2018),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa;
3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.