Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0220(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0359/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0359/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 11/12/2018 - 5.11

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0493

Téacsanna atá glactha
PDF 119kWORD 43k
Dé Máirt, 11 Nollaig 2018 - Strasbourg Eagrán deiridh
Comhlánaítear reachtaíocht cineálcheadaithe AE i dtaca tarraingt siar na Ríocht Aontaithe ón Aontas ***I
P8_TA(2018)0493A8-0359/2018
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena a gcomhlánaítear reachtaíocht cineálcheadaithe AE i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2018)0397 – C8-0250/2018 – 2018/0220(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0397),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0250/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Samhain 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0359/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 95.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Nollaig 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcomhlánaítear reachtaíocht an Aontais maidir le cineálcheadaithe a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas
P8_TC1-COD(2018)0220

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/26.)

An nuashonrú is déanaí: 7 Deireadh Fómhair 2019Fógra dlíthiúil