Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 12 Meán Fómhair 2018 - StrasbourgEagrán deiridh
Cainníochtaí ainmniúla maidir le shochu aondriogtha a chur ar mhargadh an Aontais ***I
 Rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as ***I
 Sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil ***I

Cainníochtaí ainmniúla maidir le shochu aondriogtha a chur ar mhargadh an Aontais ***I
PDF 125kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Méan Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 maidir le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais (COM(2018)0199 – C8-0156/2018 – 2018/0097(COD))
P8_TA(2018)0334A8-0255/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0199),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0156/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Iúil 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0255/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Méan Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 maidir le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán 2018/1670.)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as ***I
PDF 117kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe ar airgead atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 (COM(2016)0825 – C8-0001/2017 – 2016/0413(COD))
P8_TA(2018)0338A8-0394/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0825),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0001/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí a thíolaic Teach Ionadaithe na Seice agus Parlaimint na Spáinne maidir leis an dréachtghníomh reachtach,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2017(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do phléití comhpháirteacha an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0394/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meán Fómhair 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialuithe ar airgead tirim atá ag teacht isteach san Aontas nó ag dul amach as agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2018/1672.)

(1) IO C 246, 28.7.2017, lch. 22.


Sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil ***I
PDF 116kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil (COM(2016)0826 – C8-0534/2016 – 2016/0414(COD))
P8_TA(2018)0339A8-0405/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0826),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0534/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí a thíolaic Teach Ionadaithe na Seice, Seanad na Seice agus Parlaimint na Spáinne maidir leis an dréachtghníomh reachtach,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Meitheamh 2018 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0405/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Meán Fómhair 2018 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sciúradh airgid a chomhrac tríd an dlí coiriúil

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2018/1673.)

Fógra dlíthiúil