Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 13 Samhain 2018 - Strasbourg 
Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia
 Éifeachtúlacht fuinnimh ***I
 Rialachas an Aontais Fuinnimh ***I
 Úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn ***I
 Plean ilbhliantúil do stoic peiligeach beag i Muir Aidriad agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin ***I

Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia
PDF 267kWORD 52k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia (COM(2018)0658 – C8-0416/2018 – 2018/2230(BUD))
P8_TA-PROV(2018)0440A8-0357/2018

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0658 – C8‑0416/2018),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 10 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3), agus go háirithe pointe 11 de,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A8-0357/2018),

1.  ag cur fáilte roimh an gcinneadh mar chomhartha ar dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh an Aontais agus leis na réigiúin atá buailte ag an tubaiste nádúrtha;

2.  ag cur i bhfáth an géarghá atá le cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) do na réigiúin atá buailte ag an tubaiste nádúrtha san Aontas in 2017;

3.  ag tacú leis na Ballstáit a úsáideann cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa chun na réigiúin atá buailte a atógáil; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hath-leithdháileadh airgeadais na gcomhaontuithe comhpháirtíochta arna iarraidh ag na Ballstáit chuige sin, agus é a fhormheas go tapa;

4.  á iarraidh ar na Ballstáit leas a bhaint as an ranníocaíocht airgeadais ón gCiste ar bhealach trédhearcach, lena ráthófaí leithdháileadh cóir ar fud na réigiún atá buailte;

5.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

6.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

7.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun cúnamh a thabhairt don Laitvia

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(4), agus go háirithe Airteagal 4(3) de,

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le an smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais(5), agus go háirithe pointe 11 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is é aidhm do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) cur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa éifeachtúil solúbtha, ar staideanna éigeandála, chun dlúthpháirtíocht a léiriú le pobail réigiún nuair a bhuaileann tubaiste nádúrtha iad.

(2)  Ní féidir don Chiste a bheith níos mó ná suim uasta bhliantúil de EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), de réir mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle(6).

(3)  An 14 Samhain 2017, tar éis báisteach throm a mhair ar feadh tréimhse fhada le linn shamhradh agus fhómhar 2017 agus a d’fhág an ithir sáithithe agus ba shiocair le tuilte ina dhiaidh sin, thíolaic an Laitvia iarratas lenar iarr sí an Ciste a fhorscaoileadh .

(4)  Tá an t-iarratas ón Laitvia i gcomhréir leis na coinníollacha i dtaca le ranníocaíocht airgeadais a thabhairt ón gCiste, mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002.

(5)  Dá bhrí sin, ba cheart an Ciste a fhorscaoileadh chun ranníocaíocht airgeadais a sholáthar don Laitvia.

(6)  Le Cinneadh (AE) 2018/508 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), rinneadh an Ciste a fhorscaoileadh chun suim EUR 50 000 000, agus é sin ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí, a chur ar fáil chun airleacain a íoc i mbliain airgeadais 2018. Ní dhearnadh na leithreasuithe sin a úsáid ach go pointe an-teoranta. Dá bhrí sin, tá an deis ar fáil suim iomlán an fhorscaoilte seo a mhaoiniú trí ath-leithdháileadh a dhéanamh ar na leithreasuithe a forscaoileadh faoi chomhair airleacain a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh bhliain airgeadais 2018.

(7)  Chun giorrú a oiread agus is féidir ar an am a thógfaidh sé an Ciste a fhorscaoileadh , ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ó dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2018, bainfear úsáid as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun méid EUR 17 730 519 a sholáthar don Laitvia, agus é sin ina leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus íocaíochtaí.

Déanfar suim an fhorscaoilte dá dtagraítear sa chéad mhír a mhaoiniú as na leithreasuithe a forscaoileadh chun airleacain a íoc i mbuiséad an Aontais le haghaidh bhliain airgeadais 2018. Fágann sin go laghdófar na leithreasuithe a chuirfear ar fáil faoi chomhair airleacain a íoc .

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ó ... [dáta a ghlactha] (8)*.

Arna dhéanamh

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(4) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(5) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(6) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
(7) Cinneadh (AE) 2018/508 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fhorscaoileadh chun foráil a dhéanamh maidir le hairleacain a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais le haghaidh 2018 (IO L 83, 27.3.2018, lch. 13).
(8) ** Dáta le cur isteach ag an bParlaimint roimh fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..


Éifeachtúlacht fuinnimh ***I
PDF 620kWORD 114k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (COM(2016)0761 – C8-0498/2016 – 2016/0376(COD))
P8_TA-PROV(2018)0442A8-0391/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0761),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0498/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Aibreán 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 13 Iúil 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0391/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil ;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Samhain 2018 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

P8_TC1-COD(2016)0376


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is ceann de chúig ghné den Straitéis don Aontas Fuinnimh, a bunaíodh le teachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015 dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy” [“Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide”], é maolú an éilimh fuinnimh. Trí fheabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar fud an tslabhra fuinnimh iomláin, lena n-áirítear giniúint, tarchur, dáileadh agus críochúsáid fuinnimh, rachfar chun sochair don chomhshaol, cuirfear feabhas ar cháilíocht an aeir agus ar an tsláinte phoiblí, laghdófar astaíochtaí gás ceaptha teasa, feabhsófar an tslándáil fuinnimh trí spleáchas ar allmhairithe fuinnimh ó lasmuigh den Aontas a laghdú, gearrfar costais fuinnimh do theaghlaigh agus do chuideachtaí, cabhrófar le bochtaineacht fuinnimh a mhaolú, agus beidh méadú ar iomaíochas agus beidh níos mó poist agus gníomhaíocht eacnamaíoch mhéadaithe ar fud an gheilleagair mar thoradh air, agus cuirfear feabhas ar cháilíocht bheatha na saoránach ar an mbealach sin. Tá an méid sin i gcomhréir le gealltanais an Aontais a rinneadh faoi chuimsiú an Aontais Fuinnimh agus chlár oibre domhanda na haeráide a bunaíodh le Comhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a tháinig i ndiaidh 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide(7) (“Comhaontú Pháras”), agus é á ghealladh go gcoinneofar an méadú ar an meánteocht domhanda go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus go ndéanfar iarrachtaí teorainn 1,5 C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur leis an méadú teochta.

(2)  Gné is ea Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) chun dul chun cinn ionsar an Aontas Fuinnimh, ar Treoir í faoina ndéileálfar le héifeachtúlacht fuinnimh mar fhoinse fuinnimh ann féin. Ba cheart an prionsabal “tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh” a chur san áireamh nuair a bheidh rialacha nua á leagan síos do thaobh an tsoláthair agus do réimsí eile beartais. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú gur féidir an éifeachtúlacht fuinnimh agus an fhreagairt don éileamh dul san iomaíocht ar bhonn cothrom leis an acmhainn giniúna. Ní mór riachtanais éifeachtúlachta fuinnimh a bhreithniú aon uair a dhéantar cinntí a bhaineann le pleanáil an chórais fuinnimh ▌nó le hairgeadas. Ní mór feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh aon uair a bheidís níos cost-éifeachtaí ná réitigh choibhéiseacha ó thaobh an tsoláthair de. Ba cheart go gcabhródh sé sin chun leas a bhaint as tairbhí iomadúla na héifeachtúlachta fuinnimh don Aontas, go háirithe do na saoránaigh agus do ghnóthaí.

(3)  Ba cheart éifeachtúlacht fuinnimh a aithint mar ghné ríthábhachtach agus ba cheart tús áite a thabhairt di agus cinntí infheistíochta á ndéanamh amach anseo i ndáil le bonneagar fuinnimh an Aontais.

(4)  Chun infheistíocht i mbearta éifeachtúlachta fuinnimh a éascú, is gá bacainní a bhaint chun sprioc éifeachtúlachta fuinnimh uaillmhianach a bhaint amach. Céim amháin sa treo sin ná an soiléiriú a thug Eurostat an 19 Meán Fómhair 2017 maidir leis an mbealach chun conarthaí feidhmíochta fuinnimh a thaifeadadh i gcuntais náisiúnta, rud a chuireann deireadh le neamhchinnteachtaí agus a éascaíonn úsáid conarthaí den sórt sin.

(5)  Thacaigh Comhairle Eorpach an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014 le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 27 % do 2030 ar leibhéal an Aontais a bheidh le hathscrúdú faoi 2020 agus an sprioc ag leibhéal an Aontais de 30% á cur san áireamh. Ina rún an 15 Nollaig 2015 dar teideal “Towards a European Energy Union” [“I dTreo Aontas Fuinnimh Eorpach”], d'iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh freisin ar a inmharthana a bheadh sé sprioc éifeachtúlachta fuinnimh de 40 % a bheith ann don tráthchlár céanna. Is iomchuí, dá bhrí sin, leasú a dhéanamh ar ▌Threoir 2012/27/AE chun í a oiriúnú do dhearcadh 2030.

(6)  ▌Ba cheart an gá don Aontas chun a spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, arna sloinneadh i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil agus/nó deiridh, ▌ a leagan amach go soiléir i bhfoirm sprice de 32,5 %, ar a laghad, do 2030. Le réamh-mheastacháin a rinneadh in 2007, léiríodh gur 1 887 Mtoe an tomhaltas fuinnimh phríomhúil agus 1 416 Mtoe an tomhaltas fuinnimh deiridh a bheadh ann in 2030. Ba cheart don Choimisiún an sprioc sin a mheas, sprioc ar den chineál céanna é agus atá sprioc an Aontais do 2020, chun í a choigeartú suas faoi 2023 i gcás laghduithe costas substaintiúla nó, nuair is gá, d’fhonn gealltanais idirnáisiúnta an Aontais i ndáil le dícharbónú a chomhlíonadh. Níl aon spriocanna ceangailteacha ar leibhéal na mBallstát i ndearcthaí 2020 agus 2030, agus ba cheart leanúint ar aghaidh gan srian a chur ar shaoirse na mBallstát a rannchuidithe náisiúnta a shocrú bunaithe ar thomhaltas fuinnimh phríomhúil nó deiridh nó ar choigilteas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó ar dhéine fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit a rannchuidithe táscacha éifeachtúlachta fuinnimh a leagan síos agus é á chur i gcuntas nach mór tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 gan a bheith níos mó ná 1 273 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/nó gan a bheith níos mó ná 956 Mtoe d'fhuinneamh deiridh. Fágann sin gur cheart laghdú 26 % a dhéanamh ar an tomhaltas fuinnimh phríomhúil san Aontas, agus gur cheart tomhaltas fuinnimh deiridh a laghdú 20 % i gcomparáid le leibhéil 2005. Is gá meastóireacht rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar spriocanna 2030 an Aontais agus déantar foráil di ▌ i Rialachán (AE) 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9)(10) .

(7)  Tá éifeachtúlacht oibríochtúil na gcóras fuinnimh ag am ar bith faoi thionchar an chumais an chumhacht a ghintear ó fhoinsí éagsúla - lena ngabhann leibhéil táimhe agus amanna tosaigh éagsúla - a sholáthar don eangach ar bhealach rianúil solúbtha. Trí fheabhas a chur ar an éifeachtúlacht sin, beifear in ann úsáid níos fearr a bhaint as fuinneamh in-athnuaite.

(8)  Le feabhsú na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir rannchuidiú le haschur eacnamaíoch níos airde. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an Aontas díriú ar thomhaltas fuinnimh a laghdú beag beann ar leibhéil an fháis eacnamaíoch.

(9)  An oibleagáid ar na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a bhunú chun infheistíocht a shlógadh in athchóiriú a stoic náisiúnta foirgneamh agus chun an t-athchóiriú sin a éascú agus an Coimisiún a chur ar an eolas fúthu, tá an oibleagáid le baint de Threoir 2012/27/AE agus le cur le Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) arna leasú le Treoir 2018/844/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcás ina dtagann an oibleagáid sin le pleananna fadtéarmacha d'fhoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEBanna) agus le dícharbónú foirgneamh.

(10)  I bhfianaise an chreata aeráide agus fuinnimh do 2030, ba cheart an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh, a bunaíodh le Treoir 2012/27/AE, a fhadú níos faide ná 2020. Leis an bhfadú sin, cruthófar níos mó cobhsaíochta d'infheisteoirí agus spreagfar, ar an mbealach sin, infheistíochtaí fadtéarmacha agus bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, amhail athchóiriú domhain foirgneamh agus é mar chuspóir fadtéarmach na foirgnimh atá ann faoi láthair a aistriú go NZEBanna agus sin a dhéanamh ar bhealach costéifeachtach. Tá ról tábhachtach ag an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh i ndáil le cruthú fáis áitiúil agus post áitiúil, agus ba cheart iad a choimeád chun a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann a chuid cuspóirí fuinnimh agus aeráide a bhaint amach trí dheiseanna breise a chruthú agus chun an nasc idir tomhaltas fuinnimh agus fás a bhriseadh. Tá comhar leis an earnáil phríobháideach tábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha ar féidir infheistiú príobháideach le haghaidh tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh a dhíghlasáil agus chun múnlaí nua ioncaim a fhorbairt do nuálaíocht i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh.

(11)  Bíonn tionchar dearfach ag bearta feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh freisin ar cháilíocht an aeir, mar cuidítear, le níos mó foirgneamh atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, leis an éileamh ar bhreoslaí téimh, lena n-áirítear breoslaí téimh soladacha, a laghdú. Dá bhrí sin, le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, cuidítear le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir laistigh agus lasmuigh agus cuidítear le cuspóirí bheartas an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach ar bhealach costéifeachtach, mar a bunaíodh go háirithe le Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).

(12)  Ceanglaítear ar na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach don tréimhse oibleagáide iomlán ó 2021 go dtí 2030, rud atá coibhéiseach ▌le coigilteas bliantúil nua de 0,8 % ar a laghad de thomhaltas fuinnimh deiridh. D'fhéadfaí an ceanglas sin a chomhlíonadh trí bhearta nua beartais a ghlacfar le linn na tréimhse oibleagáide nua ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 nó trí ghníomhaíochtaí nua aonair mar thoradh ar bhearta beartais a glacadh le linn na tréimhse roimhe sin nó roimh an tréimhse sin, ar an gcoinníoll go ndéantar na gníomhaíochtaí aonair a spreagann coigilteas fuinnimh ina leith a thabhairt isteach le linn na tréimhse nua. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann úsáid a bhaint as scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó an dá rud. Sa bhreis air sin, ba cheart roghanna éagsúla, lena n-áirítear cé acu an bhfuil fuinnimh a úsáidtear in iompar san áireamh, go hiomlán nó go páirteach, sa bhonnlíne, a sholáthar d'fhonn solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit i dtaobh conas a ríomhann siad méid an choigiltis fuinnimh atá acu, agus ag an am céanna a áirithiú go mbainfear amach an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear atá coibhéiseach le coigilteas bliantúil nua de 0,8 % ar a laghad.

(13)  Mar sin féin, bheadh sé díréireach ceanglas den sórt sin a fhorchur ar an gCipir agus ar Mhálta. Baineann saintréithe sonracha dá gcuid féin le margadh fuinnimh na mBallstát sin ar oileáin bheaga iad, a fhágann teorainn nach beag ar raon na mbeart atá ar fáil leis an oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh a chomhlíonadh, i.e. gan aon dáileoir leictreachais aonair a bheith acu, gan aon ghréasáin gáis nádúrtha a bheith acu, gan aon chórais téimh ceantair agus fuaraithe ceantair a bheith acu, agus na comhlachtaí dáileacháin peitriliam a bheith beag. Anuas ar na saintréithe sonracha sin, tá an margadh fuinnimh sna Ballstáit sin róbheag. Dá bhrí sin, níor cheart a cheangal ar an gCipir ná ar Mhálta ach coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a bhaint amach arb ionann é agus coigilteas nua de 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh don tréimhse 2021 go dtí 2030.

(14)  I gcás ina n-úsáideann siad scéim oibleagáide, ba cheart do na Ballstáit páirtithe faoi oibleagáid a ainmniú as measc dáileoirí fuinnimh, cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí nó miondíoltóirí breosla iompair ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Le hainmniú catagóirí áirithe dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó le díolúine ó ainmniú den sórt sin, níor cheart a thuiscint nach bhfuil an méid sin ag luí le prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Dá bhrí sin, is féidir leis na Ballstáit roghnú an ndéantar dáileoirí nó miondíoltóirí den sórt sin nó catagóirí áirithe díobh amháin a ainmniú mar pháirtithe faoi oibleagáid.

(15)  Tá bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh na mBallstát san iompar incháilithe le bheith curtha san áireamh chun a n-oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh críochúsáide a bhaint amach. Áirítear ar bheartais den sórt sin beartais atá, inter alia, tiomanta d’fheithiclí níos éifeachtúla a chur chun cinn mar aon le haistriú modha chuig rothaíocht, siúl agus iompar poiblí, nó soghluaisteacht agus pleanáil uirbeach lena laghdaítear an t-éileamh ar iompar. Sa bhreis air sin, is féidir le scéimeanna lena gcuirtear dlús le glacadh feithiclí nó beartas nua níos éifeachtúla, lena dtacaítear le haistriú chuig breoslaí a fheidhmíonn ar bhealach níos fearr lena laghdaítear úsáid fuinnimh in aghaidh an chiliméadair, a bheith incháilithe freisin, faoi réir chomhlíonadh na rialacha maidir le hábharthacht agus le breisíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo. Ba cheart do na bearta sin, más iomchuí, a bheith comhsheasmhach le creataí náisiúnta beartais na mBallstát arna mbunú de bhun Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(16)  Bearta arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) agus a bhfuil feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh infhíoraithe agus intomhaiste nó inmheasaithe mar thoradh orthu, is féidir iad a mheas mar bhealach costéifeachtach do na Ballstáit chun a n-oibleagáid coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh faoi Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo.

(17)  Mar rogha ar cheangal a chur ar pháirtithe faoi oibleagáid an méid coigiltis charnaigh fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo a bhaint amach, ba cheart é a bheith indéanta ag na Ballstáit, ina gcuid scéimeanna oibleagáide, cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid ranníocaíocht a dhéanamh le Ciste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh nó ceangal a chur orthu é sin a dhéanamh.

(18)  Gan dochar d’Airteagal 7(4) agus (5) arna tugadh isteach ag an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as na modhanna agus na teicneolaíochtaí go léir atá ar fáil chun na ceanglais maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear a bhaint amach, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn i gcórais téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, i mbonneagar éifeachtúil téimh agus fuaraithe agus in iniúchtaí fuinnimh nó i gcórais bainistíochta choibhéiseacha, ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an coigilteas fuinnimh a éilítear na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 7 de Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo agus in Iarscríbhinn V a ghabhann léi. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le leibhéal ard solúbthachta a áirithiú agus bearta beartais malartacha á gceapadh agus á gcur chun feidhme.

(19)  Le bearta fadtéarmacha éifeachtúlachta fuinnimh, leanfar de choigilteas fuinnimh a thabhairt tar éis 2020 ach chun rannchuidiú le ▌sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 2030 an Aontais, ba cheart, leis na bearta sin, coigiltis nua a thabhairt tar éis 2020. Ar an taobh eile, níor cheart coigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an choigiltis charnaigh críochúsáide a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

(20)  Ba cheart coigilteas nua a bheith sa bhreis ar “ghnó mar is gnáth” ionas nár cheart coigilteas a bheadh tarlaithe ar aon chás a áireamh faoi chomhair bhaint amach na gceanglas coigiltis fuinnimh. Chun tionchar na mbeart a tugadh isteach a thomhas, níor cheart ach an glanchoigilteas, arna thomhas mar an t-athrú ar an tomhaltas fuinnimh atá inchurtha go díreach i leith an bhirt éifeachtúlachta fuinnimh atá i gceist, a ríomh. Chun glanchoigilteas a ríomh, ba cheart do na Ballstáit cás bonnlíne a bhunú maidir leis an mbealach in bhforbródh an staid in éagmais an bhirt atá i gceist. Ba cheart an beart beartais atá i gceist a mheasúnú le hais na bonnlíne sin. Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go bhféadfar bearta beartais eile a dhéanamh sa chreat ama céanna agus go bhféadfadh sé sin tionchar a bheith aige sin ar an méid coigiltis fuinnimh, ionas nach féidir na hathruithe go léir a tugadh faoi deara ón uair a tugadh isteach beart beartais ar leith atá á mheasúnú a chur i leith an bhirt beartais sin, agus i leith an bhirt sin amháin. Le gníomhaíochtaí an pháirtí faoi oibleagáid, an pháirtí rannpháirtigh nó an pháirtí ar cuireadh cúram air, ba cheart rannchuidiú go hiarbhír leis an gcoigilteas fuinnimh a éilítear a bhaint amach chun comhlíonadh an cheanglais ábharthachta a áirithiú.

(21)  Tá sé tábhachtach céimeanna uile an tslabhra fuinnimh a mheabhrú, i gcás inarb ábhartha, agus an coigilteas fuinnimh á ríomh chun an acmhainneacht coigiltis fuinnimh a mhéadú agus leictreachas á tharchur agus á dháileadh.

(22)  Trí uisce a bhainistiú ar bhealach éifeachtach, féadfar cur go mór le coigilteas fuinnimh. Is ionann earnálacha an uisce agus an fhuíolluisce agus 3,5 % den leictreachas a úsáidtear san Aontas agus táthar ag súil go dtiocfaidh méadú ar an sciar sin. Ag an am céanna, is ionann sceitheadh uisce agus 24 % den uisce iomlán a ídítear san Aontas agus is í an earnáil fuinnimh an tomhaltóir is mó uisce, agus 44 % den tomhaltas iomlán á dhéanamh suas aici. Ba cheart an coigilteas fuinnimh a d'fhéadfaí a dhéanamh trí theicneolaíochtaí cliste agus próisis chliste a úsáid a fhiosrú go hiomlán.

(23)  I gcomhréir le hAirteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ba cheart beartais éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bheith cuimsitheach agus dá bhrí sin ba cheart dóibh inrochtaineacht a áirithiú ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh do ▌thomhaltóirí faoi thionchar na bochtaineachta fuinnimh. Ba cheart feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a bheith, go háirithe, chun tairbhe teaghlach leochaileach, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil tionchar na bochtaineachta fuinnimh orthu, agus, i gcás inarb iomchuí, iad siúd atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta. Is féidir le Ballstáit a cheangal ar pháirtithe faoi oibleagáid cheana féin aidhmeanna sóisialta a chur san áireamh i mbearta coigiltis fuinnimh i ndáil le bochtaineacht fuinnimh agus ba cheart an fhéidearthacht sin a leathnú amach chuig bearta beartais malartacha agus Cistí Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh agus ba cheart an fhéidearthacht sin a chlaochlú ina hoibleagáid, agus solúbthacht iomlán á fágáil ag na Ballstái ▌maidir le méid, raon feidhme agus inneachar na mbeart sin. Mura gceadaítear bearta a bhaineann le tomhaltóirí aonair fuinnimh le scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh an Ballstát bearta a ghlacadh chun bochtaineacht fuinnimh a mhaolú trí bhíthin bearta beartais malartacha agus trí bhíthin na mbeart sin amháin.

(24)  Cuireann bochtaineacht fuinnimh isteach ar thart ar 50 milliún teaghlach san Aontas. Dá bhrí sin, caithfidh bearta éifeachtúlachta fuinnimh bheith mar chuid lárnach d'aon straitéis chostéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar leochaileacht tomhaltóirí agus tá siad ina chomhlánú ar bheartais slándála sóisialta ar leibhéal na mBallstát. Chun a áirithiú go laghdaítear bochtaineacht fuinnimh do thionóntaí ar bhonn inbhuanaithe le bearta éifeachtúlachta fuinnimh, ba cheart costéifeachtacht na mbeart sin, mar aon le hinacmhainneacht na mbeart sin d'úinéirí maoine agus do thionóntaí, a chur san áireamh, agus ba cheart tacaíocht airgeadais leordhóthanach do na bearta sin a ráthú ar leibhéal na mBallstát. San fhadtéarma, ní mór stoc foirgneamh an Aontais a thiontú ina NZEBanna i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Níl na rátaí ag a bhfuil foirgnimh á n-athchóiriú faoi láthair leordhóthanach agus is iad na foirgnimh ina bhfuil saoránaigh ar ísealioncam, dá ndéanann an bhochtaineacht fuinnimh dochar, na cinn is deacra fáil fhad leo. Is den ríthábhacht, dá bhrí sin, na bearta a leagtar síos sa Treoir seo a bhaineann le hoibleagáidí maidir le coigilteas fuinnimh, a bhaineann le scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus a bhaineann le bearta beartais malartacha.

(25)  Ba cheart caiteachas níos ísle do thomhaltóirí ar fhuinnimh a bhaint amach trí chuidiú le tomhaltóirí an méid fuinnimh a úsáideann siad a laghdú trí riachtanais fuinnimh foirgneamh a laghdú agus trí fheabhsuithe ar éifeachtúlacht fearas, rud ar cheart a bheith in éineacht le hinfhaighteacht modhanna iompair ísealfuinnimh arna gcomhtháthú le hiompar poiblí agus le rothaíocht.

(26)  Is den ríthábhacht feasacht shaoránaigh uile an Aontais a ardú i leith na dtairbhí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe agus le faisnéis chruinn a sholáthar dóibh i dtaobh na slite is féidir an méid sin a bhaint amach. Tá éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe thar a bheith tábhachtach freisin i dtaca le slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais trína spleáchas ar allmhairiú breoslaí ó thríú tíortha a laghdú.

(27)  Ba cheart costais agus tairbhí na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh go léir a ghlactar, lena n-áirítear tréimhsí aisíoca, a bheith go hiomlán trédhearcach do thomhaltóirí.

(28)  Nuair a bheidh Treoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo á cur chun feidhme ag na Ballstáit agus bearta eile i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh á nglacadh acu, ba cheart dóibh aird ar leith a thabhairt ar shineirgí idir bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid éifeachtúil acmhainní nádúrtha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh.

(29)  Agus tairbhe á baint acu as samhlacha agus teicneolaíochtaí nua gnó, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn agus a éascú, lena n‑áirítear trí sheirbhísí fuinnimh nuálacha do chustaiméirí móra agus beaga.

(30)  Mar chuid de na bearta a leagtar amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015 dar teideal “Delivering a New Deal for Energy Consumers” [“Socrú Nua a Chur Ar Fáil do Thomhaltóirí Fuinnimh”], i gcomhthéacs an Aontais Fuinnimh agus na straitéise Téimh agus Fuaraithe, is gá cearta íosta na dtomhaltóirí ar fhaisnéis chruinn, iontaofa, shoiléir agus thráthúil faoina dtomhaltas fuinnimh a neartú. Ba cheart Airteagail 9 go 11 de Threoir 2012/27/AE agus Iarscríbhinn VII a ghabhann léi a leasú chun foráil a dhéanamh d'aiseolas rialta agus aiseolas feabhsaithe a fháil i leith tomhaltais fuinnimh i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtúil i bhfianaise na bhfeistí tomhais atá i bhfeidhm. Soiléirítear leis an Treoir seo go mbraitheann a chostéifeachtúla atá fomhéadrú ar cé acu atá nó nach bhfuil na costais ghaolmhara comhréireach leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha. Leis an measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil fomhéadrú costéifeachtúil, féadfar a chur san áireamh an tionchar a bheadh ag bearta nithiúla eile atá beartaithe i bhfoirgneamh ar leith, amhail athchóiriú ar bith atá le teacht.

(31)  Soiléirítear leis an Treoir seo freisin gur cheart feidhm a bheith ag cearta i ndáil le billeáil agus i ndáil le faisnéis faoi bhilleáil nó faoi thomhaltas maidir le tomhaltóirí téimh, fuaraithe nó uisce the tí a sholáthraítear ag foinse lárnach, fiú nuair nach bhfuil aon chaidreamh conarthach díreach, aonair le soláthróirí fuinnimh. Is féidir a thuiscint leis an sainmhíniú ar an téarma “custaiméir deiridh” nach dtagraíonn sé ach do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a cheannaíonn fuinneamh bunaithe ar chonradh díreach, aonair le soláthróir fuinnimh. Dá bhrí sin, chun críocha na bhforálacha iomchuí, ba cheart an téarma “úsáideoir deiridh” a thabhairt isteach chun tagairt a dhéanamh do ghrúpa níos fairsinge tomhaltóirí agus ba cheart a chumhdach freisin leis an téarma sin, sa bhreis ar na custaiméirí deiridh sin a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá gcríochúsáid féin, áitritheoirí foirgneamh aonair nó aonad aonair i bhfoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra i gcás ina bhfaigheann na haonaid sin soláthar ó fhoinse lárnach agus i gcás nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair ag na háitritheoirí leis an soláthraí fuinnimh. Ba cheart a thagairt leis an téarma “fomhéadrú” do thomhaltas a thomhas in aonaid aonair foirgneamh den sórt sin.

(32)  Chun trédhearcacht na cuntasaíochta a bhaint amach i gcás tomhaltas aonair fuinnimh theirmigh, agus cur chun feidhme an fhomhéadraithe a éascú ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rialacha náisiúnta i bhfeidhm acu atá trédhearcach agus ar fáil don phobal, ar rialacha iad is infheidhme maidir le leithdháileadh chostas an tomhaltais téimh, fhuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra. Anuas ar an trédhearcacht sin, d’fhéadfadh na Ballstáit cuimhneamh ar bhearta a ghlacadh chun an t-iomaíochas a neartú maidir le soláthar seirbhísí fomhéadraithe, rud a chuideodh lena áirithiú go mbeadh aon chostas a bheadh le híoc ag na húsáideoirí deiridh réasúnach.

(33)  Faoin … [22 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], ba cheart méadair teasa nuashuiteáilte agus leithdháileoirí costais teasa a bheith inléite go cianda chun a áirithiú go ndéantar faisnéis tomhaltais atá costéifeachtach a sholáthar go rialta. Na leasuithe ar Threoir 2012/27/AE a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le méadrú i gcás téimh, fuaraithe agus uisce te tí; le fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí; le ceanglas cianléimh; le faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh agus fuarú agus uisce te tí; le costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí; agus leis na ceanglais íosta d’fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí, beartaítear nach mbeidh feidhm ag na leasuithe sin ach maidir le téamh, le fuarú agus le huisce te tí a sholáthraítear ag foinse lárnach. Fágfar faoi na Ballstáit féin a chinneadh cé acu an measfar nó nach measfar gur teicneolaíochtaí atá inléite go cianda iad teicneolaíochtaí léimh shoghluaiste (de chineál “walk-by” nó “drive-by”). Le feistí atá inléite go cianda, ní gá rochtain a bheith ar árasáin aonair ná aonaid aonair.

(34)  Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh go n-éilítear infheistíocht feabhsaithe san oideachas agus i scileanna le haghaidh úsáideoirí agus soláthróirí fuinnimh araon chun teicneolaíochtaí nua lena ndéantar tomhaltas fuinnimh a thomhas a chur chun feidhme.

(35)  Modh tábhachtach chun custaiméirí a chur ar an eolas faoina dtomhaltas fuinnimh is ea faisnéis bhilleála agus ráitis bhliantúla. Is féidir faisnéis eile a chur in iúl le sonraí maidir le tomhaltas agus le costais lena gcuidítear le tomhaltóirí an socrú atá acu faoi láthair a chur i gcomparáid le tairiscintí eile agus úsáid a bhaint as bainistiú gearán agus as sásraí um réiteach malartach díospóidí. Mar sin féin, ós rud é gur foinse coiteann gearán tomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí agus gur rud é a chuireann le leibhéil ísle dhianseasmhacha sásaimh tomhaltóirí agus rannpháirtíochta tomhaltóirí lena soláthraithe fuinnimh, is gá billí a dhéanamh níos simplí, níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus é á áirithiú ag an am céanna go soláthraítear an fhaisnéis uile is gá chun cur ar chumas tomhaltóirí a dtomhaltas fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid lena chéile agus soláthróirí a aistriú trí ionstraimí ar leith amhail faisnéis bhilleála, uirlisí faisnéise agus ráitis bhliantúla.

(36)  Ba cheart tacú le bearta na mBallstát le hionstraimí airgeadais dea-cheaptha éifeachtacha de chuid an Aontais, amhail Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, agus le maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) ar cheart dóibh tacú le hinfheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh ag gach céim den slabhra fuinnimh agus anailís chuimsitheach chostais is tairbhe a úsáid le múnla rátaí lascaine difreáilte. Ba cheart tacaíocht airgeadais a dhíriú ar mhodhanna costéifeachtacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, lena mbainfí amach laghdú ar thomhaltas fuinnimh. Ba cheart do BEI agus do BEAF, in éineacht le bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha, cláir agus tionscadail atá saincheaptha d'earnáil na héifeachtúlachta, lena n-áirítear do theaghlaigh atá bocht ó thaobh an fhuinnimh de, a cheapadh, a ghiniúint agus a mhaoiniú.

(37)  Ionas gur féidir na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2012/27/AE agus na luachanna tagartha éifeachtúlachta comhchuibhithe a thabhairt cothrom le dáta, is gá tarmligean na gcumhachtaí a thugtar don Choimisiún a fhadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(15). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(38)  Chun gur féidir éifeachtúlacht Threoir 2012/27/AE arna leasú leis an Treoir seo a mheasúnú, ba cheart ceanglas a thabhairt isteach chun athscrúdú ginearálta a dhéanamh ar an Treoir sin agus chun tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2024. Ba cheart an t-athscrúdú sin a dhéanamh i ndiaidh an stocáirimh dhomhanda a dhéanfaidh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide in 2023, chun an t-ailíniú is gá don phróiseas sin a thabhairt isteach, agus forbairtí eacnamaíocha agus nuálacha á gcur san áireamh freisin.

(39)  Ba cheart ról ceannasach a thabhairt d'údaráis áitiúla agus réigiúnacha i ndáil leis na bearta a leagtar síos i dTreoir 2012/27/AE a fhorbairt, a cheapadh, a chur chun feidhme agus a mheasúnú, ionas gur féidir leo aghaidh a thabhairt mar is ceart ar ghnéithe sonracha a n-aeráide, a gcultúir agus a sochaí féin.

(40)  I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch agus sciar méadaitheach na bhfoinsí fuinnimh in-athnuaite san earnáil ghiniúna leictreachais, ba cheart an chomhéifeacht réamhshocraithe do choigilteas i leictreachas kWh a athscrúdú chun athruithe san fhachtóir fuinnimh phríomhúil (PEF) do leictreachas a léiriú. Tá ríomhanna ina léirítear meascán fuinnimh PEF don leictreachas bunaithe ar mheánluachanna bliantúla. Úsáidtear modh cuntasaíochta an "inneachair fhisiciúil fuinnimh" le haghaidh leictreachas núicléach agus le haghaidh giniúint teasa agus úsáidtear an modh "teicniúil comhshó éifeachtúlachta" le haghaidh leictreachais agus teas a ghiniúint ó bhreoslaí iontaise agus ón mbithmhais. Is é an modh atá ann d'fhuinneamh in-athnuaite an choibhéis dhíreach bunaithe ar an gcur chuige "iomlán fuinnimh phríomhúil". Chun an sciar fuinnimh phríomhúil le haghaidh leictreachas ó chomhghiniúint a ríomh, baintear feidhm as an modh a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/27/AE. Úsáidtear meánsuíomh ar an margadh seachas suíomh imeallach. Glactar leis gurb é atá in éifeachtúlachtaí comhshó ná 100 % d'fhoinsí in-athnuaite neamh-indóite, 10 % do stáisiúin chumhachta gheoiteirmeacha agus 33 % do stáisiúin chumhachta núicléacha. Tá ríomh na héifeachtúlachta iomláine do chomhghiniúint bunaithe ar na sonraí is déanaí ó Eurostat. Dála teorainneacha córais, is é 1 an PEF do na foinsí fuinnimh go léir. Tagraíonn luach PEF do 2018 agus tá sé bunaithe ar shonraí a idirshuitear ón leagan is déanaí de Chás Tagartha PRIMES do na blianta 2015 agus 2020 agus é coigeartaithe le sonraí Eurostat go dtí 2016. Cumhdaítear na Ballstáit agus an Iorua leis an anailís. Tá an tacar sonraí don Iorua bunaithe ar shonraí de chuid Ghréasán Eorpach na nOibreoirí Córas Tarchurtha don Leictreachas.

(41)  Ní fhéadfar coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí an Aontais a éileamh mura n-eascraíonn siad ó bheart a théann thar an íosmhéid a éilítear le gníomh dlí an Aontais atá i dtrácht, cibé acu trí cheanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos uaillmhianaí a leagan síos ar leibhéal na mBallstát nó trí ghabháil ar láimh an bhirt a mhéadú. Is acmhainneacht shuntasach iad foirgnimh d'fhonn éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú tuilleadh, agus is gné ríthábhachtach fhadtéarmach lena mbaineann barainneachtaí scála é athchóiriú foirgneamh i gcoigilteas fuinnimh a mhéadú ▌. Is gá a shoiléiriú, dá bhrí sin, gur féidir an coigilteas fuinnimh go léir a eascraíonn ó na bearta lena gcuirtear athchóiriú na bhfoirgneamh atá ann cheana chun cinn a éileamh ar an gcoinníoll go bhfuil sé níos mó ná an coigilteas a tharlódh in éagmais na mbeart beartais agus ar an gcoinníoll go léiríonn an Ballstát gur rannchuidigh, go hiarbhír, an páirtí faoi oibleagáid, an páirtí rannpháirteach nó an páirtí ar cuireadh cúram air an coigilteas fuinnimh a éilítear.

(42)  I gcomhréir le Straitéis an Aontais Fuinnimh agus le prionsabail na rialála níos fearr, ba cheart níos mó tosaíochta a thabhairt do rialacha faireacháin agus fíoraithe chun scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta beartais malartacha a chur chun feidhme, lena n-airítear an ceanglas sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta a sheiceáil. I dTreoir 2012/27/AE, arna leasú leis an Treoir seo, ba cheart a thuiscint le sciar mór ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ó thaobh staidrimh de, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh gur gá fothacar de líon staidrimh ▌ de na bearta coigiltis fuinnimh ▌ atá i gceist a bhunú ar shlí a léiríonn go cruinn iomlán ▌ na mbeart coigiltis fuinnimh ▌, agus, ar an tslí sin, go gceadaítear tátail réasúnta iontaofa a bhaint maidir le muinín as iomlán na mbeart.

(43)  Laghdaíonn fuinneamh a ghintear ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar gheall ar theicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite méid an fhuinnimh a sholáthraítear ó bhreoslaí iontaise. Is bearta tábhachtacha iad laghdú an tomhaltais fuinnimh agus úsáid an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in earnáil na bhfoirgneamh chun spleáchas an Aontais ar fhuinneamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a laghdú, go háirithe i bhfianaise na gcuspóirí uaillmhianacha aeráide agus fuinnimh a leagtar síos do 2030 chomh maith leis an ngealltanas foriomlán a rinneadh i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras. Chun críocha a n-oibleagáide maidir le coigilteas carnach fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, an coigilteas fuinnimh ó fhuinneamh in-athnuaite a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh a chur san áireamh ▌chun a gceanglais coigiltis fuinnimh a chomhlíonadh. ▌

(44)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(16), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí leis na doiciméid sin a tharchur.

(45)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais de 20 % faoi 2020 agus de 32,5 %, ar a laghad, faoi 2030 a bhaint amach agus an bealach a réiteach do thuilleadh feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach tar éis na dátaí sin, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(46)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)  in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“1. Leis an Treoir seo, bunaítear creat comhchoiteann de bhearta chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Aontas chun a áirithiú go gcomhlíonfar príomhspriocanna 2020 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de 20 % agus ▌príomhspriocanna 2030 an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de 32,5 % ar a laghad agus go réiteoidh sé an bealach do thuilleadh feabhsuithe fuinnimh tar éis na dátaí sin.

Leis an Treoir seo, leagtar síos rialacha atá ceaptha chun bacainní i margadh an fhuinnimh a bhaint agus chun clistí a shárú sa mhargadh a chuireann bac ar éifeachtúlacht i soláthar fuinnimh agus in úsáid fuinnimh, agus déantar foráil maidir le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha agus maidir le rannchuidithe do 2020 agus do 2030. ▌

Leis an Treoir seo, rannchuidítear leis an bprionsabal ‘tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh’ a chur chun feidhme.”;

"

(2)  in Airteagal 3, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“4. Faoin 31 Deireadh Fómhair 2022, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cibé acu a d'éirigh nó nár éirigh leis an Aontas príomhspriocanna 2020 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach.

5.  Socróidh gach Ballstát rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh náisiúnta táscacha ionsar spriocanna 2030 an Aontais a leagtar síos in Airteagal 1(1) den Treoir seo i gcomhréir le hAirteagail 4 agus 6 de Rialachán (AE) 2018/XX*(17). Nuair a bheidh na rannchuidithe sin á socrú, cuirfidh na Ballstáit i gcuntas nach mór tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 gan a bheith níos mó ná 1 273 Mtoe d'fhuinneamh príomhúil agus/nó gan a bheith níos mó ná 956 Mtoe d'fhuinneamh deiridh. Cuirfidh na Ballstáit na rannchuidithe sin in iúl don Choimisiún mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 7 go 12 de Rialachán (AE) 2018/XX(18) agus i gcomhréir leis na hAirteagail sin.

6.  Déanfaidh an Coimisiún príomhspriocanna 2030 an Aontais do maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a leagtar síos in Airteagal 1(1) a mheas d'fhonn togra reachtach a tharchur faoi 2023 chun na spriocanna sin a choigeartú suas i gcás laghduithe suntasacha costais mar thoradh ar fhorbairtí eacnamaíocha nó teicniúla, nó i gcás inar gá chun gealltanais idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh dícharbónú a chomhlíonadh.

_____________________________________

* Rialachán (AE) 2018/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an …(IO …).";

"

(3)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:"

Airteagal 7

Oibleagáid maidir le coigilteas fuinnimh

1.  Bainfidh na Ballstáit coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide amach a bheidh comhionann ar a laghad:

   (a) le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 de 1,5 % de dhíolacháin fuinnimh bhliantúla le custaiméirí deiridh de réir toirte, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí trí bliana roimh an 1 Eanáir 2013. Féadfar díolacháin fuinnimh, de réir toirte, a úsáidtear san iompar a eisiamh ón ríomh sin, go hiomlán nó go páirteach;
   (b) le coigilteas nua gach bliain ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 de 0,8 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí trí bliana roimh an 1 Eanáir 2019. De mhaolú ar an gceanglas sin, bainfidh an Chipir agus Málta coigilteas nua amach gach bliain, ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, arb ionann iad agus 0,24 % de thomhaltas fuinnimh deiridh bliantúil, a mheánaítear thar an tréimhse trí bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019.

Féadfaidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais, cibé acu a thugtar isteach iad faoin 31 Nollaig 2020 nó ina dhiaidh sin, a chomhaireamh, ar choinníoll go mbíonn gníomhaíochtaí aonair nua, a ghabhtar de láimh tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin.

Leanfaidh na Ballstáit de choigilteas nua bliantúil ▌a bhaint amach i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír ar feadh tréimhsí deich mbliana tar éis 2030, mura mbainfidh athscrúduithe ag an gCoimisiún faoi 2027 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin de thátal as nach gá seo chun spriocanna fuinnimh agus aeráide fadtéarmacha an Aontais a bhaint amach i gcomhair 2050.

Cinnfidh na Ballstáit conas méid ríofa an choigiltis nua a chéimniú thar gach tréimhse dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír ar choinníoll go mbeidh an coigilteas carnach iomlán fuinnimh críochúsáide a cheanglaítear bainte amach faoi dheireadh gach tréimhse oibleagáide.

2.  Ar choinníoll go mbaineann na Ballstáit amach, ar a laghad, a n-oibleagáid maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh siad méid an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear a ríomh trí cheann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

   (a) ráta bliantúil coigiltis a chur i bhfeidhm ar dhíolacháin fuinnimh do chustaiméirí deiridh nó ar thomhaltas fuinnimh deiridh, a mheánaítear thar an tréimhse is déanaí trí bliana go dtí an 1 Eanáir 2019;
   (b) fuinneamh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár, go hiomlán nó go páirteach, ón mbonnlíne ríomha;
   (c) úsáid a bhaint as aon cheann de na roghanna a leagtar amach i mír 4.

3.  I gcás ina mbaineann na Ballstáit úsáid as na deiseanna dá bhforáiltear i bpointe (a), (b) nó (c) de mhír 2, bunóidh siad:

   (a) a ráta coigiltis bhliantúil féin a chuirfear i bhfeidhm chun an coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide atá acu a ríomh, lena n-áiritheofar nach ísle an méid deiridh dá nglan-choigilteas fuinnimh ná an coigilteas a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1; agus
   (b) a mbonnlíne ríomha féin a fhéadfaidh an fuinnimh a úsáidtear in iompar a fhágáil ar lár go hiomlán nó go páirteach.

4.  Faoi réir mhír 5, féadfaidh gach Ballstát:

   (a) an ríomh a cheanglaítear le pointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 a dhéanamh ag úsáid luachanna 1 % in 2014 agus in 2015; 1,25 % in 2016 agus 2017; agus 1,5 % in 2018, 2019 agus 2020;
   (b) na díolacháin fuinnimh go léir nó cuid díobh a úsáidtear, de réir toirte, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, nó fuinneamh deiridh arna thomhailt, i dtaca leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír sin, i ngníomhaíochtaí tionscail a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE, a eisiamh ón ríomh;
   (c) coigilteas fuinnimh a baineadh amach sna hearnálacha trasfhoirmithe, dáilte agus tarchurtha fuinnimh, lena n-áirítear bonneagar téimh agus fuaraithe ceantair éifeachtúil, mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 14(4), pointe (b) d'Airteagal 14(5), agus Airteagal 15(1) go (6) agus (9), a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ▌. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta beartais atá beartaithe acu faoin bpointe seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid. Ríomhfar tionchar na mbeart sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus áireofar sna pleananna sin é;
   (d) coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh i bhfeidhm go nua ón 31 Nollaig 2008 agus a leanfaidh de thionchar a bheith acu in 2020 i ndáil leis an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 agus tar éis 2020 i ndáil leis an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, agus is féidir a thomhas agus a fhíorú, a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;
   (e) coigilteas fuinnimh a eascraíonn ó bhearta beartais a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear, ar choinníoll gur féidir a léiriú go mbíonn gníomhaíochtaí aonair, a dhéantar le linn na tréimhse ón 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus lena dtugtar coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, mar thoradh ar na bearta sin;
   (f) 30 % den mhéid infhíoraithe fuinnimh, a ghintear dá n-úsáid féin ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh mar thoradh ar bhearta beartais a chuireann suiteáil nua teicneolaíochtaí fuinnimh in‑athnuaite chun cinn, a eisiamh ó ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear;
   (g) an coigilteas fuinnimh sin a sháraíonn an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar choinníoll go n-eascraíonn an coigilteas sin ó ghníomhaíochtaí aonair a dhéantar faoi na bearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b den Treoir seo a bhfuil fógra tugtha ag na Ballstáit ina leith ina gcuid Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh agus atá tuairiscithe acu ina dtuarascálacha ar dhul chun cinn i gcomhréir le hAirteagal 24.

5.   Déanfaidh na Ballstáit éifeacht na roghanna a roghnaítear faoi mhír 4 do na tréimhsí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm agus a ríomh ar leithligh:

   (a) agus méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 á ríomh, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (a) go (d) de mhír 4. Ní mó na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 4 i dteannta a chéile ná 25 % den mhéid coigiltis fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1;
   (b) i gcás ríomh an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as pointí (b) go (g) de mhír 4 ar choinníoll go leanfaidh gníomhaíochtaí aonair dá dtagraítear i bpointe (d) de mhír 4 de thionchar infhíoraithe agus intomhaiste a bheith acu i ndiaidh an 31 Nollaig 2020. Agus na roghanna uile a roghnaítear faoi mhír 4 á gcur le chéile, ní thiocfaidh laghdú níos mó ná 35% den mhéid coigiltis fuinnimh a ríomhtar i gcomhréir le míeannar 2 agus 3 mar thoradh orthu.

Beag beann ar cibé an ndéanann Ballstáit fuinneamh a úsáidtear in iompar a eisiamh, go hiomlán nó go páirteach, óna mbonnlíne ríomha nó an mbaineann siad úsáid as na roghanna a liostaítear i mír 3, áiritheoidh siad nach ísle an glanmhéid ríofa den choigilteas nua a bhainfear amach sa tomhaltas fuinnimh deiridh le linn na tréimhse oibleagáide ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 ná an méid a thiocfaidh as an ráta bliantúil coigiltis dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm.

6.  Déanfaidh na Ballstáit cur síos ina bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn III de Rialachán (AE) 2018/XX(19) ar an mbealach ina ríomhtar an mhéid coigiltis fuinnimh nach mór a bhaint amach thar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí 31 Nollaig 2030 dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fomhír de mhír 1 den Airteagal seo agus míneoidh siad, más ábhartha, conas a bunaíodh an ráta bliantúil coigiltis agus an bonnlíne ríomha agus cad iad na roghanna dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo a cuireadh i bhfeidhm.

7.  Maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhaintear amach tar éis an 31 Nollaig 2020, ní dhéanfar é a áireamh faoi chomhair an mhéid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear don tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020.

8.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit a cheadaíonn do pháirtithe faoi oibleagáid úsáid a bhaint as an rogha dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 7a(6), chun críche phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, coigilteas fuinnimh a fuarthas in aon bhliain áirithe i ndiaidh 2010 agus roimh an tréimhse oibleagáide dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a chomhaireamh amhail is dá mbeadh an coigilteas fuinnimh sin faighte tar éis an 31 Nollaig 2013 agus roimh an 1 Eanáir 2021, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag na cúinsí uile seo a leanas:

   (a) bhí an scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm tráth ar bith idir an 31 Nollaig 2009 agus an 31 Nollaig 2014 agus áiríodh í sa chéad Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlachta Fuinnimh den Bhallstát a cuireadh isteach faoi Airteagal 24(2);
   (b) gineadh an coigilteas faoin scéim oibleagáide;
   (c) ríomhtar an coigilteas i gcomhréir le hIarscríbhinn V;
   (d) tuairiscíodh na blianta a ndearnadh an coigilteas a chomhaireamh amhail is go bhfuarthas ansin é sna Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 24(2).

9.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar coigilteas a eascraíonn ó bhearta beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus in Airteagal 20(6) a ríomh i gcomhréir le hIarscríbhinn V.

10.  Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi mhír 1 den Airteagal seo a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 7a a bhunú nó trí bhearta beartais malartacha dá dtagraítear in Airteagal 7b a ghlacadh. Féadfaidh na Ballstáit scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh a chumasc le bearta beartais malartacha.

11.  Le linn dóibh na bearta beartais a cheapadh chun go gcomhlíonfar na hoibleagáidí orthu coigilteas fuinnimh a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an gá atá leis an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú i gcomhréir le critéir atá bunaithe acu, agus na cleachtais atá ar fáil cheana féin sa réimse á gcur san áireamh, trína cheangal, a mhéid is iomchuí, go gcuirfear chun feidhme sciar beart éifeachtúlachta fuinnimh faoina scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, bearta beartais malartacha, nó cláir nó bearta arna maoiniú faoi Chiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh mar thosaíocht i measc teaghlaigh shoghonta, lena n-áirítear iad siúd dá ndéanann bochtaineacht fuinnimh dochair agus, i gcás inarb iomchuí, i dtithíocht shóisialta.

Áireoidh na Ballstáit faisnéis faoin toradh atá ar na bearta chun an bhochtaineacht fuinnimh a mhaolú i gcomhthéacs na Treorach seo ina dtuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinnimh agus an aeráid i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/XX(20).

12.  Léireoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh forluí i dtionchar na mbeart beartais nó na ngníomhaíochtaí aonair, nach mbeidh aon chomhaireamh dúbailte coigiltis fuinnimh."; ▌

"

(4)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas ▌isteach:"

"Airteagal 7a

Scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh

1.  I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun an méid coigiltis a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) a bhaint amach trí scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, áiritheoidh siad go gcomhlíonfaidh na páirtithe faoi oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo atá ag feidhmiú i gcríoch gach Ballstáit, gan dochar d'Airteagal 7(4) agus (5), a gceanglas maidir le coigilteas carnach fuinnimh críochúsáide a leagtar amach in Airteagal 7(1).

I gcás inarb infheidhme, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go gcomhlíonfaidh páirtithe faoi oibleagáid an coigilteas sin, go hiomlán nó go páirteach, mar ranníocaíocht leis an gCiste Náisiúnta Éifeachtúlachta Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 20(6).

2.  Ainmneoidh na Ballstáit, ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, páirtithe faoi oibleagáid i measc dáileoirí fuinnimh▐ , cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola agus dáileoirí breosla iompair nó miondíoltóirí breosla iompair a oibríonn ina gcríoch. Déanfaidh na páirtithe faoi oibleagáid i measc custaiméirí deiridh, arna n-ainmniú ag an mBallstát, an méid coigiltis fuinnimh is gá a bhaint amach chun an oibleagáid a chomhlíonadh, go neamhspleách ar an ríomh de bhun Airteagal 7(1) nó, má chinneann na Ballstáit amhlaidh, trí choigilteas deimhnithe a eascraíonn ó pháirtithe eile de réir mar a thuairiscítear i bpointe (a) de mhír▌ 6 den Airteagal seo.

3.  I gcás ina n-ainmnítear cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola mar pháirtithe faoi oibleagáid faoi mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, agus a n-oibleagáid á comhlíonadh acu, nach gcruthóidh cuideachtaí díolacháin fuinnimh miondíola aon bhacainní a chuireann bac ar thomhaltóirí aistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.

4.  Déanfaidh na Ballstáit an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear ar gach páirtí faoi oibleagáid a shloinneadh i dtéarmaí tomhaltas fuinnimh deiridh nó tomhaltas fuinnimh phríomhúil. An modh a roghnaítear chun an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear a shloinneadh, úsáidfear é freisin chun an coigilteas a éileoidh páirtithe faoi oibleagáid a ríomh. Beidh feidhm ag na fachtóirí comhshóite a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

5.  Cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéantar fíorú doiciméadaithe ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe faoi oibleagáid i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe faoi oibleagáid.

6.  Laistigh den scéim um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh, féadfaidh na Ballstáit ceann amháin díobh seo a leanas nó an dá cheann a dhéanamh:

   (a) cead a thabhairt do pháirtithe faoi oibleagáid coigilteas fuinnimh deimhnithe a áireamh faoi chomhair a n-oibleagáide, ar coigilteas é a bhaineann soláthraithe seirbhíse fuinnimh nó tríú páirtithe eile amach lena n-áirítear nuair a chuireann páirtithe faoi oibleagáid bearta chun cinn trí chomhlachtaí formheasta eile ag an Stát nó trí údaráis phoiblí a fhéadfaidh baint a bheith acu le comhpháirtíochtaí foirmiúla agus a fhéadfaidh a bheith in éineacht le foinsí eile airgeadais. I gcás ina gceadóidh na Ballstáit amhlaidh, áiritheoidh siad go leanfaidh deimhniúchán coigiltis fuinnimh próiseas formheasa a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit, agus a bheidh soiléir, trédhearcach agus oscailte do gach rannpháirtí margaidh, agus arb é is aidhm dó na costais a bhaineann le deimhniúchán a laghdú;
   (b) ligean do pháirtithe faoi oibleagáid coigilteas a fhaightear i mbliain ar leith a chomhaireamh amhail is dá mbeidís faighte ina ionad in aon cheann de na ceithre bliana roimhe sin nó sna trí bliana dá éis fad is nach bhfuil sé seo thar dheireadh na dtréimhsí oibleagáide a leagtar amach in Airteagal 7(1).

Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar atá ag costais dhíreacha agus neamhdhíreacha na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh ar iomaíochas tionscal dianfhuinnimh a thagann faoi thionchar iomaíochais idirnáisiúnta agus, más iomchuí, glacfaidh siad bearta chun an tionchar sin a íoslaghdú.

7.  Is ar bhonn bliantúil a fhoilseoidh na Ballstáit an coigilteas fuinnimh a bheidh bainte amach ag gach páirtí faoi oibleagáid, nó ag gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid, agus san iomlán faoin scéim.

Airteagal 7b

Bearta beartais malartacha

1.  I gcás ina gcinnfidh Ballstáit a n-oibleagáidí chun an coigilteas a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) a bhaint amach a chomhlíonadh trí bhíthin bearta beartais malartacha, áiritheoidh siad, gan dochar d'Airteagal 7(4) agus (5), go mbainfear amach an coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) i measc na gcustaiméirí deiridh.

2.  ▌ I gcás gach birt eile seachas na cinn sin a bhaineann le cánachas, cuirfidh na Ballstáit córais tomhais, rialaithe agus fíoraithe i bhfeidhm faoina ndéanfar fíorú doiciméadaithe ar sciar atá suntasach ó thaobh staidrimh de agus sampla ionadaíoch, ar a laghad, de na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh a chuir na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu i bhfeidhm. Déanfar an tomhas, an rialú agus an fíorú go neamhspleách ar na páirtithe rannpháirteacha nó ar na páirtithe ar cuireadh cúram orthu.”;

"

(5)  leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Méadrú i gcomhair gáis agus leictreachais”;

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre;"

“1. Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach ó thaobh airgeadais de agus comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha, go gcuirfear ar fáil do chustaiméirí deiridh leictreachais agus gáis nádúrtha méadair aonair ar phraghas iomaíoch a léireoidh a dtomhaltas fuinnimh iarbhír go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.”;

"

(c)  scriostar mír 3;

(6)  cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:"

“Airteagal 9a

Méadrú ▌ i gcás téimh ▌, fuarú agus uisce te tí

▌1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear méadair ar phraghas iomaíoch ar fáil do chustaiméirí deiridh i gcomhair téamh ceantair, fuarú ceantair agus uisce te tí a léireoidh go cruinn a dtomhaltas fuinnimh iarbhír.

2.  I gcás ina soláthraítear téamh ▌, fuarú nó uisce te tí d'fhoirgneamh ó fhoinse lárnach a sheirbhísíonn foirgnimh iolracha nó ó chóras téimh ceantair nó fuaraithe ceantair, suiteálfar ▌méadar ▌ ag an malartóir teasa nó ag an bpointe seachadta.

Airteagal 9b

Fomhéadrú agus leithdháileadh na gcostas i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.   I bhfoirgnimh ilárasán agus ilchuspóra a bhfuil foinse téimh lárnaigh nó fuaraithe lárnaigh acu nó a sholáthraítear as córas téimh ceantair fuaraithe ceantair, suiteálfar méadair aonair chun tomhaltas an teasa, an fhuaraithe nó an uisce the tí do gach aonad foirgnimh a thomhas, i gcás ina bhfuil sin indéanta go teicniúil agus go costéifeachtach i dtéarmaí an méid sin a bheith comhréireach i ndáil leis an gcoigilteas fuinnimh féideartha.

I gcás nach mbeidh úsáid méadar aonair indéanta go teicniúil nó i gcás nach mbeidh sé costéifeachtúil tomhaltas teasa ▌ i ngach aonad foirgnimh a thomhas, úsáidfear leithdháileoirí costais teasa aonair chun tomhaltas teasa a thomhas ag gach radaitheoir mura suífidh an Ballstát atá i gceist nach mbeadh suiteáil na leithdháileoirí costais teasa sin costéifeachtúil. Sna cásanna sin, féadfar modhanna malartacha costéifeachtúla chun tomhaltas teasa a thomhas a mheas. Déanfaidh gach Ballstát na critéir ghinearálta, na modheolaíochtaí ginearálta agus/nó na nósanna imeachta ginearálta chun an neamh-indéantacht theicniúil agus an neamh-chostéifeachtúlacht a chinneadh a leagan amach agus a fhoilsiú go soiléir.

2.  I bhfoirgnimh ilárasán nua agus i gcodanna cónaithe d'fhoirgnimh ilchuspóra nua ina bhfuil foinse lárnach téimh le haghaidh uisce te tí nó ina bhfaightear an soláthar ó chórais téimh ceantair, soláthrófar méadair aonair le haghaidh uisce te tí, d'ainneoin na chéad fhomhíre de mhír 1.

3.  I gcás gur as téamh ceantair nó fuarú ceantair a dhéantar soláthar d'fhoirgnimh ilárasán nó ilchuspóra, nó i gcás córais dhílse téimh nó fuaraithe d'fhoirgnimh den sórt sin a bheith leitheadúil, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rialacha trédhearcacha náisiúnta i bhfeidhm acu a bhfuil teacht ag an bpobal orthu maidir le leithdháileadh costas tomhaltais téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh den sórt sin chun trédhearcacht agus cruinneas na cuntasaíochta i gcás tomhaltas aonair a áirithiú ▌. I gcás inarb iomchuí, áireofar i rialacha den sórt sin treoirlínte maidir leis an mbealach is ceart an costas a leithdháileadh i dtaobh fuinneamh a úsáidtear mar a leanas:

   (a) uisce te tí;
   (b) teas a radaítear ón tsuiteáil foirgnimh agus chun na limistéir chomhchoiteanna a théamh, i gcás ina mbeidh staighrí agus dorchlaí feistithe le radaitheoirí;
   (c) chun árasáin a théamh nó a fhuarú.

Airteagal 9c

Ceanglas cianléimh

1.  ▌Chun críocha Airteagail 9a agus 9b, is feistí atá inléite go cianda a bheidh sna méadair agus sna leithdháileoirí costais teasa a shuiteálfar tar éis an … [22 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Teorach leasaithí seo]. Coinníollacha na hindéantachta teicniúla agus na costéifeachtúlachta, a leagtar amach in Airteagal 9b(1), leanfaidh siad d'fheidhm a bheith acu.

2.  Tabharfar an cumas do mhéadair agus do leithdháileoirí costais teasa nach bhfuil inléite go cianda ach atá suiteáilte cheana féin a bheith inléite go cianda nó cuirfear feistí atá inléite go cianda ina n-ionad faoin 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás ina léiríonn an Ballstát i dtrácht nach bhfuil sin costéifeachtúil.”; ▌

"

(7)  leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Faisnéis bhilleála i gcomhair gáis agus leictreachais”;

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“▌1. I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoracha 2009/72/CE agus 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2014, go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa, cruinn agus bunaithe ar úsáid iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d'Iarscríbhinn VII, i gcás leictreachais agus gáis, i gcás inar féidir sin go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis. ▌”;

"

(8)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas ▌ isteach:"

“Airteagal 10a

Faisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.  I gcás ina suiteáiltear méadair nó leithdháileoirí costais teasa, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais iontaofa, cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa, i gcomhréir le pointí 1 agus 2 d'Iarscríbhinn VIIa i gcás gach úsáideora deiridh, is é sin, i gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a cheannaíonn téamh, fuarú nó uisce te tí dá gcríochúsáid féin, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a áitíonn foirgneamh aonair nó aonad i bhfoirgneamh ilárasán nó ilchuspóra a sholáthraítear téamh, fuarú nó uisce te tí dó ó fhoinse lárnach agus nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair acu leis an soláthróir fuinnimh.

I gcás ina bhforálann Ballstát dá leithéid, seachas i gcás tomhaltas fomhéadraithe bunaithe ar leithdháileoirí costais teasa faoi Airteagal 9b, féadfar an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí chóras féinléimh rialta ina gcuirfidh an custaiméir deiridh nó an t-úsáideoir deiridh léamha óna méadar in iúl don soláthróir fuinnimh ▌. Ní bhunófar an bhilleáil ar thomhaltas measta nó ar chothrom-ráta ach amháin i gcásanna nach mbeidh léamh méadair curtha ar fáil ag an gcustaiméir deiridh nó ag an úsáideoir deiridh le haghaidh eatramh billeála ar leith.

2.  Déanfaidh na Ballstáit:

   (a) a cheangal, má tá faisnéis faoi bhilleáil fuinnimh agus tomhaltas stairiúil nó léamha leithdháileoirí costais teasa na n-úsáideoirí deiridh ar fáil, go gcuirfear ar fáil í, arna iarraidh sin ag an úsáideoir deiridh, do sholáthraí seirbhíse fuinnimh arna ainmniú ag an úsáideoir deiridh;
   (b) a áirithiú go dtairgfear do chustaiméirí deiridh rogha na faisnéise billeála leictreonaí agus billí ▌;
   (c) a áirithiú siad go gcuirfear ▌ faisnéis shoiléir intuigthe ▌ar fáil leis an mbille ▌do gach úsáideoir deiridh i gcomhréir le pointe 3 d'Iarscríbhinn VIIa; agus
   (d) an chibearshlándáil a chur chun cinn agus príobháideachas agus cosaint sonraí na n-úsáideoirí deiridh a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, ar iarraidh ón gcustaiméir deiridh, nach measfar gur iarraidh ar íocaíocht atá i soláthar faisnéise billeála. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar socruithe solúbtha le haghaidh íocaíocht iarbhír a thairgeadh ▌.

3.  Cinnfidh na Ballstáit cé a bheidh freagrach as an bhfaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a sholáthar do na húsáideoirí deiridh nach bhfuil aon chonradh díreach nó aonair le soláthróir fuinnimh acu.”;

"

(9)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:"

“Airteagal 11

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála i gcás leictreachais agus gáis

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh custaiméirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag custaiméirí deiridh freisin ar a sonraí tomhaltais ar shlí iomchuí agus saor in aisce.”;

"

(10)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas ▌ isteach:"

“ ▌Airteagal 11a

Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh ▌, fuarú agus uisce te tí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húsáideoirí deiridh a mbillí agus a bhfaisnéis bhilleála go léir i gcomhair tomhaltas fuinnimh saor in aisce agus go mbeidh rochtain ag na húsáideoirí deiridh freisin ar a sonraí tomhaltais ar shlí iomchuí agus saor in aisce.

2.  D'ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, is ar bhonn neamhbhrabúsach a dhéanfar costais na faisnéise billeála do thomhaltas aonair téimh, fuaraithe agus uisce the tí i bhfoirgnimh ilárasán agus i bhfoirgnimh ilchuspóra a dháileadh de bhun Airteagal 9b. Féadfar costais a eascraíonn ó shannadh an chúraim sin do thríú páirtí, amhail soláthraí seirbhíse nó an soláthróir fuinnimh áitiúil, ina gcumhdaítear an tomhas, an leithdháileadh agus an chuntasaíocht do thomhaltas aonair iarbhír i bhfoirgnimh den sórt sin, a chur ar aghaidh chun na n-úsáideoirí deiridh a mhéid a bheidh costais den sórt sin réasúnach. ▌

3.  Chun a áirithiú go mbeidh costais réasúnacha ar na seirbhísí fomhéadraithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh na Ballstáit an t-iomaíochas a spreagadh san earnáil seirbhíse sin trí bhearta iomchuí a ghlacadh, amhail úsáid na tairisceana a mholadh nó a chur chun cinn ar shlí eile nó trí úsáid a bhaint as feistí agus córais idir-inoibritheacha a éascaíonn an t-aistriú ó sholáthraí seirbhíse amháin go ceann eile.”;

"

(11)  in Airteagal 15, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

▌"

“2a. Faoin 31 Nollaig 2020, ullmhóidh an Coimisiún modheolaíocht chomhchoiteann, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, chun oibreoirí líonra a spreagadh a gcuid caillteanais a laghdú, clár infheistíochta bonneagair atá costéifeachtúil agus éifeachtúil ó thaobh an fhuinnimh de a chur chun feidhme agus éifeachtúlacht fuinnimh agus solúbthacht na heangaí a chur san áireamh mar is ceart.”;

"

(12)  in Airteagal 20, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:"

“3a. Chun maoiniú príobháideach a shlógadh i gcomhar bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus athchóiriú fuinnimh, i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE, beidh idirphlé ag an gCoimisiún le hinstitiúidí airgeadais poiblí agus príobháideacha araon chun gníomhaíochtaí a bhféadfaidh sé dul ina mbun a leagan amach.

3b.  Áireofar na nithe seo a leanas sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 3a:

   (a) infheistíocht chaipitil a shlógadh in éifeachtúlacht fuinnimh trí thionchair níos leithne coigiltis fuinnimh a chur san áireamh le haghaidh bainistiú riosca airgeadais.
   (b) sonraí feidhmíochta fuinnimh agus airgeadais níos fearr a áirithiú tríd an méid seo a leanas:
   (i) tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an mbealach a gcuireann infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh le luachanna sócmhainní bunúsacha;
   (ii) tacú le staidéir chun measúnú a dhéanamh ar luach airgid a chur ar thairbhí neamhfhuinnimh infheistíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh.

3c.  Chun maoiniú príobháideach na mbeart éifeachtúlachta fuinnimh agus an athchóirithe fuinnimh a shlógadh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu:

   (a) féachfaidh siad faoi bhealaí chun úsáid níos fearr a bhaint as iniúchtaí fuinnimh faoi Airteagal 8 chun tionchar a imirt ar chinnteoireacht;
   (b) bainfidh siad an úsáid is fearr is féidir as na féidearthachtaí agus na huirlisí a mholtar sa tionscnamh dar teideal airgeadas cliste d'fhoirgnimh chliste.

3d.  Faoin 1 Eanáir 2020, cuirfidh an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit i ndáil leis an mbealach chun leas a bhaint as infheistíocht phríobháideach.

"

(13)  in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

▌"2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a leasú trí na luachanna, na modhanna ríomha, an chomhéifeacht réamhshocraithe fuinnimh phríomhúil agus na ceanglais atá in Iarscríbhinní I go V, VII go X agus XII a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil.";

"

(14)  leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.”;

"

(b)  ▌cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

"3a. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.

_________________________

* IO L 123, 12.5.2016, p. 1.";

"

(15)  leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

“4a. I gcomhthéacs na tuarascála ar Staid an Aontais Fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar fheidhmiú an mhargaidh carbóin i gcomhréir le hAirteagal 35(1) agus le pointe (c) d’Airteagal 35(2) de Rialachán (AE) 2018/XX(21), agus an tionchar a bhíonn ag cur chun feidhme na Treorach sin á chur san áireamh.”;

"

(b)  cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"

“12. Faoin 31 Nollaig 2019, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a éifeachtaí atá cur chun feidhme an tsainmhínithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun críocha Airteagal 8(4), agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha.

13.  Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar acmhainneacht éifeachtúlachta fuinnimh ó thaobh tiontú, claochlú, tarchur, iompar agus stóráil fuinnimh, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

14.  Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún, murar beartaíodh idir an dá linn athruithe a dhéanamh ar na forálacha margaidh miondíola atá i dTreoir 2009/73/CE maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás, measúnú maidir leis na forálacha a bhaineann le méadrú, faisnéis bhilleála agus faisnéis do thomhaltóirí i gcomhair gás nádúrtha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méid sin, agus é mar aidhm iad a ailíniú, i gcás inarb iomchuí, leis na forálacha ábhartha maidir leis an leictreachas i dTreoir (AE) 2009/72/CE, ionas gur féidir cosaint tomhaltóirí a neartú agus custaiméirí deiridh i gcomhair gás nádúrtha a chumasú le go bhfaighfear faisnéis níos minice, níos soiléire, cothrom le dáta faoina dtomhaltas gáis nádúrtha agus chun go bhféadfaidh siad a n-úsáid fuinnimh a rialú. A luaithe is féidir tar éis an tuarascáil sin a thíolacadh, glacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí reachtacha.

15.  Faoin 28 Feabhra 2024, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Áireofar sa mheastóireacht sin:

   (a) scrúdú ar cibé acu a oiriúnófar nó nach n-oiriúnófar, tar éis 2030, na ceanglais agus an cur chuige malartach a leagtar síos in Airteagal 5;
   (b) measúnú ar a éifeachtaí atá an Treoir seo i gcoitinne agus ar a riachtanaí atá sé beartas an Aontais a choigeartú a thuilleadh i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide a tháinig i ndiaidh 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide* agus i bhfianaise forbairtí eacnamaíocha agus nuálaíochta.

Beidh tograí reachtacha i gcomhair bearta breise ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí.

__________________________

* IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.";

"

(16)  leasaítear na hIarscríbhinní i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin ... [18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Mar sin féin, déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun pointí 5, 6, 7, 8, 9 agus 10 d'Airteagal 1 agus pointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin … [22 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].

Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl ▌ don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den chineál sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le ▌ Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)   in Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad fhonóta 3:

"(3) Infheidhme nuair a dhéantar coigilteas fuinnimh a ríomh i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil trí úsáid a bhaint as cur chuige ón mbun aníos bunaithe ar thomhaltas fuinnimh deiridh. I gcás coigilteas i leictreachas kWh, cuirfidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe i bhfeidhm arna suí trí bhíthin modheolaíocht thrédhearcach ar bhonn na n-imthosca náisiúnta a dhéanann difear do thomhaltas fuinnimh phríomhúil, ionas gur féidir an coigilteas iarbhír a ríomh go beacht. Beidh bunús leis na himthosca sin, agus beidh siad infhíoraithe agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha. Le haghaidh coigilteas i leictreachas kWh, féadfaidh na Ballstáit comhéifeacht réamhshocraithe 2,1 a chur i bhfeidhm nó féadfaidh siad an lánrogha a úsáid chun comhéifeacht éagsúil a shainiú ar an gcoinníoll gur féidir leo údar cuí a thabhairt di. Agus sin á dhéanamh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh an meascán fuinnimh a chuimsítear ina bpleananna náisiúnta comhtháite don fhuinneamh agus don aeráid, a bhfuil fógra le tabhairt ina leith don Choimisiún i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/XX(22). Faoin … [4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún an chomhéifeacht réamhshocraithe a athscrúdú ar bhonn na sonraí iarbhír a fuarthas. Déanfar an t-athbhreithniú sin agus a thionchair ar dhlí eile de chuid an Aontais, amhail Treoir 2009/125/CE agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) á gcur san áireamh.

_______________________________

* Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1)

(2)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn V:

“Iarscríbhinn V

Modhanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna chun tionchar scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh nó beart beartais eile faoi Airteagail 7, 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) a thomhas:

1.  Modhanna chun coigilteas fuinnimh seachas iad siúd a eascraíonn ó bhearta cánachais chun críocha Airteagail 7, 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) a ríomh.

Féadfaidh páirtithe faoi oibleagáid, páirtithe rannpháirteacha nó páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó údaráis phoiblí cur chun feidhme, feidhm a bhaint ▌as na modhanna seo a leanas chun coigilteas fuinnimh a ríomh:

(a)  coigilteas measta, mar thagairt do na torthaí ar fheabhsuithe fuinnimh a ndearnadh faireachán neamhspleách orthu cheana i suiteálacha comhchosúla. Tugtar “ex ante” ar an gcur chuige cineálach;

(b)  coigilteas méadraithe, ina ndéantar an coigilteas ó shuiteáil birt, nó pacáiste de bhearta, a chinneadh tríd an laghdú iarbhír ar úsáid fuinnimh a thaifeadadh, agus aird chuí á tabhairt ar fhachtóirí amhail breisíocht, áitíocht, leibhéil táirgeachta agus an aimsir a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar thomhaltas. Tugtar “ex post” ar an gcur chuige cineálach;

(c)  coigilteas scálaithe, ina n-úsáidtear meastacháin innealtóireachta ar choigilteas. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin i gcás ina bhfuil sé deacair nó go díréireach daor sonraí tomhaiste láidre i gcomhair suiteáil shonrach a bhunú, e.g. comhbhrúiteoir nó mótar leictreach ag a bhfuil rátáil kWh éagsúil a chur in ionad comhbhrúiteoir nó mótar leictreach a ndearnadh faisnéis neamhspleách faoi choigilteas a thomhas ina leith, nó i gcás ina ndéanann saineolaithe cáilithe nó creidiúnaithe atá neamhspleách ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu na meastacháin sin ar bhonn modheolaíochtaí agus tagarmharcanna a bunaíodh go náisiúnta;

(d)  coigilteas a rinneadh suirbhéireacht orthu, ina gcinntear freagairt tomhaltóirí do chomhairle, d'fheachtais faisnéise, do lipéadú nó do scéimeanna deimhniúcháin nó do mhéadrú cliste. Ní fhéadfar feidhm a bhaint as an gcur chuige sin ach amháin do choigilteas a eascraíonn ó athruithe in iompar na dtomhaltóirí. Ní dhéanfar feidhm a bhaint as do choigilteas a eascraíonn ó shuiteáil beart fisiciúil.

2.  Nuair a bheidh an coigilteas fuinnimh do bheart éifeachtúlachta fuinnimh á chinneadh chun críocha Airteagail 7 ▌, 7a agus 7b agus Airteagal 20(6), beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)  Taispeánfar go bhfuil an coigilteas sa bhreis ar an gcoigilteas a bheadh ann ar aon chaoi gan gníomhaíocht na bpáirtithe faoi oibleagáid, na bpáirtithe rannpháirteacha nó na bpáirtithe ar cuireadh cúram orthu nó na n-údarás poiblí cur chun feidhme. Chun a chinneadh cad é an coigilteas is féidir a éileamh mar choigilteas breise, tabharfaidh na Ballstáit dá n-aire an chaoi a bhforbródh úsáid fuinnimh agus tomhaltas fuinnimh in éagmais an bhirt beartais faoi thrácht trí na tosca seo a leanas, ar a laghad, a chur san áireamh: treochtaí do thomhaltas fuinnimh, athruithe in iompar na dtomhaltóirí, dul chun cinn teicneolaíochta agus athruithe arb iad na bearta eile arna gcur chun feidhme ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta is cúis leo.

(b)  Measfar gur coigilteas a bheadh ann ar aon nós ▌ coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme dhlí éigeantach an Aontais, agus, ar an gcaoi sin, ní dhéanfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche Airteagal 7(1). De mhaolú ar an gceanglas sin, coigilteas atá bainteach le hathchóiriú foirgneamh atá ann cheana, féadfar é a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche Airteagal 7(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo▌. Coigilteas a eascraíonn ó chur chun feidhme na mbuncheanglas náisiúnta a bunaíodh ar mhaithe le foirgnimh nua roimh thrasuí Threoir 2010/31/AE, is féidir iad a éileamh mar choigilteas fuinnimh chun críche phointe (a) d'Airteagal 7(1), ar choinníoll go n-áirithítear an critéar ábharthachta dá dtagraítear i bpointe 3(h) den Iarscríbhinn seo agus gur thug na Ballstáit fógra faoin gcoigilteas sin ina gcuid Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh i gcomhréir le hAirteagal 24(2).

(c)  Ní fhéadfar creidmheas a thabhairt ach amháin do choigilteas a théann thar na leibhéil seo a leanas:

(i)  Caighdeáin feidhmíochta d'astaíochtaí an Aontais le haghaidh gluaisteáin nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua tar éis Rialacháin (CE) Uimh. 443/2009* agus (AE) Uimh. 510/2011** ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme;

(ii)  Ceanglais an Aontais maidir le táirgí áirithe a bhfuil baint acu le fuinneamh a baint den mhargadh tar éis na bearta cur chun feidhme faoi Threoir 2009/125/CE a chur chun feidhme.

(d)  Ceadófar beartais a bhfuil mar chuspóir acu leibhéil níos airde éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh do tháirgí, trealamh, córais iompair, feithiclí agus breoslaí, foirgnimh agus gnéithe tógála, próisis nó margaí.

(e)  Bearta lena gcuirtear suiteáil teicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite ar mionscála chun cinn ar fhoirgnimh nó i bhfoirgnimh, féadfaidh siad a bheith incháilithe a bheith curtha san áireamh maidir le coigilteas fuinnimh a cheanglaítear faoi Airteagal 7(1) a chomhlíonadh, ar an gcoinníoll go mbaintear coigilteas fuinnimh infhíoraithe amach leo atá intomhaiste nó inmheasta. Comhlíonfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh ceanglais na hIarscríbhinne seo.

(f)  Le haghaidh beartais lena gcuirtear dlús le glacadh táirgí agus feithiclí níos éifeachtúla, féadfar creidmheas iomlán a éileamh ar choinníoll go dtaispeántar go dtarlóidh an glacadh sin sula rachaidh an saolré mheánach lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil in éag, nó sula ndéanfaí an táirge nó an fheithicil a ionadú de ghnáth, agus nach n-éileofar an coigilteas ach amháin don tréimhse go dtí deireadh na saolré meánaí lena bhfuiltear ag súil don táirge nó don fheithicil atá le hionadú.

(g)  Agus glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh á gcur chun cinn acu, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, go ndéanfar caighdeáin cháilíochta do tháirgí, do sheirbhísí agus do shuiteáil beart a chothabháil nó a thabhairt isteach i gcás nach ann do na caighdeáin sin.

(h)  Chun éagsúlachtaí aeráide idir réigiúin a chur san áireamh, féadfaidh Ballstáit rogha a dhéanamh an coigilteas a oiriúnú do luach caighdeánach nó chun coigilteas fuinnimh éagsúil a thabhairt i gcomhréir le hathruithe teochta idir réigiúin.

(i)  Déanfaidh ríomh an choigiltis fuinnimh saolré na mbeart agus an ráta ag a laghdaítear coigilteas le himeacht ama a chur san áireamh. Leis an ríomh sin, déanfar an coigilteas a bhainfidh gach gníomhaíocht aonair amach le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2020 nó an 31 Nollaig 2030, de réir mar is iomchuí, a chomhaireamh. Mar mhalairt air sin, féadfaidh na Ballstáit modh eile a ghlacadh a mheastar go mbainfidh sé amach an méid iomlán céanna de choigilteas ar a laghad. Nuair a bheidh feidhm á baint acu as modh eile, áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh méid iomlán an choigiltis fuinnimh arna ríomh trí fheidhm a bhaint as an modh sin méid an choigiltei fuinnimh a bheadh mar thoradh ar a ríomh agus an coigilteas a bhainfear amach le gach gníomhaíocht aonair le linn na tréimhse óna dáta cur chun feidhme go dtí an 31 Nollaig 2020 nó 31 Nollaig 2030, de réir mar is iomchuí, á chomhaireamh acu. Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc mhionsonraithe, ina bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid faoi Rialachán (AE) 2018/XX(24), ar an modh eile agus ar na forálacha atá déanta chun a áirithiú go gcomhlíontar an ceanglas ceangailteach maidir leis an ríomh.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfar na ceanglais seo a leanas do na bearta beartais arna nglacadh de bhun Airteagal 7b agus Airteagal 20(6):

(a)  cruthaítear, leis na bearta beartais agus na gníomhaíochtaí aonair, coigilteas fuinnimh críochúsáide atá infhíoraithe;

(b)  déantar freagracht gach páirtí rannpháirtigh, gach páirtí ar cuireadh cúram air nó gach údaráis phoiblí cur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, a shainmhíniú go soiléir;

(c)  déantar an coigilteas fuinnimh a baineadh amach nó atá le baint amach a chinneadh ar bhealach trédhearcach;

(d)  sloinntear an méid coigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoin mbeart beartais nó nó atá le baint amach aige i dtomhaltas fuinnimh deiridh nó i dtomhaltas fuinnimh phríomhúil, agus feidhm á baint as na fachtóirí coinbhéartachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(e)  cuirtear ar fáil tuarascáil bhliantúil maidir leis an gcoigilteas fuinnimh a bhain na páirtithe ar cuireadh cúram orthu, na páirtithe rannpháirteacha agus na húdaráis phoiblí cur chun feidhme amach agus déantar í mar aon le sonraí ar threocht bhliantúil an choigiltis fuinnimh a fhoilsiú go poiblí;

(f)  faireachán a dhéanamh ar na torthaí agus bearta iomchuí a ghlacadh mura bhfuil an dul chun cinn sásúil;

(g)  ní éilíonn níos mó ná aon pháirtí amháin an coigilteas fuinnimh ó ghníomhaíocht aonair;

(h)  taispeántar go raibh gníomhaíochtaí an pháirtí rannpháirtigh, an pháirtí ar cuireadh cúram air nó an údaráis phoiblí cur chun feidhme ábhartha maidir le baint amach an choigiltis fuinnimh a éilíodh.

4.  Agus an coigilteas fuinnimh ó bhearta beartais atá bainteach le cánachas a tugadh isteach faoi Airteagal 7b á chinneadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)  ní thabharfar creidmheas ach amháin do choigilteas fuinnimh ó bhearta cánachais a sháraíonn na híosleibhéil cánachais is infheidhme maidir le breoslaí mar a éilítear i dTreoir 2003/96/CE*** nó 2006/112/CE**** ón gComhairle;

(b)  le praghasleaisteachais chun tionchar na mbeart cánach (fuinnimh) a ríomh, léireofar freagrúlacht an éilimh fuinnimh d'athruithe praghsanna, agus déanfar iad a mheasúnú ar bhonn foinsí sonraí oifigiúla ionadaíocha, ar sonraí iad atá ann le gairid;

(c)  déanfar an coigilteas fuinnimh ó na hionstraimí beartais cánachais a ghabhann leo, lena n‑áirítear dreasachtaí fioscacha nó íocaíocht chuig ciste, a chuntasú ar leithligh.

5.  Fógra i dtaobh na modheolaíochta

Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/XX(25), fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá molta acu chun na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh agus na bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) a fheidhmiú. Ach amháin i gcás cánachais, beidh sonraí faoi na nithe seo a leanas i bhfógra den sórt sin:

(a)  leibhéal an choigiltis fuinnimh a cheanglaítear faoi phointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 7(1) nó an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach thar an tréimhse ar fad ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030;

(b)  na páirtithe faoi oibleagáid, na páirtithe rannpháirteacha nó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu, nó na húdaráis phoiblí cur chun feidhme;

(c)  na hearnálacha sprice;

(d)  bearta beartais agus gníomhaíochtaí aonair, lena n-áirítear an méid iomlán de choigilteas carnach fuinnimh lena bhfuiltear ag súil le haghaidh gach birt;

(e)  fad na tréimhse oibleagáide do na scéimeanna um oibleagáid éifeachtúlachta fuinnimh;

(f)  na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear leis an mbeart beartais;

(g)  modheolaíocht an ríomha, lena n-áirítear conas a cinneadh an bhreisíocht agus an ábharthacht agus cé na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigilteas measta agus coigilteas scálaithe;

(h)  saolréanna na mbeart, agus conas a dhéantar iad a ríomh nó cad air a bhfuil siad bunaithe;

(i)  an cur chuige a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí aeráide laistigh den Bhallstát;

(j)  na córais faireacháin agus fíoraithe le haghaidh bearta faoi Airteagail 7a agus 7b agus conas a dhéantar a neamhspleáchas ó na páirtithe faoi oibleagáid, ó na páirtithe rannpháirteacha nó ó na páirtithe ar cuireadh cúram orthu a áirithiú;

(k)  i gcás cánachais:

(i)  na hearnálacha sprice agus sciar na gcáiníocóirí;

(ii)  an t-údarás poiblí cur chun feidhme;

(iii)  an coigilteas a bhfuiltear ag súil lena bhaint amach;

(iv)  an fad a mhairfidh an beart cánachais; agus

(v)  an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear cén praghasleaisteachas a úsáidtear agus conas a bunaíodh é.

___________________

* Rialachán (AE) Uimh. 443/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí go ghluaisteáin nua phaisinéirí mar chuid de chur chuige comhtháite an Chomhphobail chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 140 5.6.2009, lch.1).

** Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2011 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí ó fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú (IO L 145, 31.5.2011, lch. 1).

*** Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).

**** Treoir 2006/112/CE ón gComhairle maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).”;

(3)   in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

‘"Na ceanglais íosta do bhilleáil agus d'fhaisnéis bhilleála bunaithe ar thomhaltas iarbhír leictreachais agus gáis”;

(4)  cuirtear an Iarscríbhinn seo a leanas isteach:

▌"Iarscríbhinn VIIa

Na ceanglais íosta d’fhaisnéis bhilleála agus tomhaltais i gcás téimh, fuarú agus uisce te tí

1.  An bhilleáil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa

D'fhonn úsáideoirí deiridh a chumasú chun a dtomhaltas fuinnimh féin a rialú, déanfar billeáil ar bhonn tomhaltas iarbhír nó léamha leithdháileoirí costais teasa uair sa bhliain ar a laghad.

2.  Minicíocht íosta na faisnéise billeála nó tomhaltais

Ón … [22 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh ar a laghad gach ráithe arna iarraidh sin nó i gcás inar roghnaigh na custaiméirí deiridh billeáil leictreonach a fháil, nó faoi dhó sa bhliain murach sin.

Ón 1 Eanáir 2022, i gcás inar suiteáladh méadair nó leithdháileoirí costais teasa atá inléite go cianda, cuirfear faisnéis bhilleála nó tomhaltais bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa ar fáil do na húsáideoirí deiridh gach mí ar a laghad. Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin agus í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí agus na córais tomhais a úsáidtear. Féadfar téamh agus fuarú a dhíolmhú ón gceanglas sin sin lasmuigh de na séasúir téimh/fuaraithe.

3.  An fhaisnéis íosta a bheidh sa bhille ▌

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas do na húsáideoirí deiridh i dtéarmaí soiléire sothuigthe ina mbillí nó lena mbillí i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais teasa:

(a)  praghsanna iarbhír reatha agus tomhaltas iarbhír fuinnimh nó costas teasa iomlán agus léamha leithdháileoirí costais teasa;

(b)  faisnéis faoin meascán breosla a úsáidtear agus na hastaíochtaí gás ceaptha teasa bliantúla gaolmhara, lena n-áirítear d'úsáideoirí deiridh arna soláthar ag téamh ceantair nó fuarú ceantair, agus cur síos ar na cánacha, tobhaigh agus taraifí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm. Féadfaidh na Ballstáit raon feidhme an cheanglais a theorannú maidir le faisnéis faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur ar fáil chun nach n-áireofar ach soláthairtí ó chórais téimh ceantair ar mó a n‑ionchur teirmeach rátaithe iomlán ná 20 MW;

(c)  comparáidí do thomhaltas fuinnimh reatha na n-úsáideoirí deiridh le tomhaltas don tréimhse chéanna sa bhliain roimhe, i bhfoirm ghrafaic, arna ceartú ó thaobh na haeráide de le haghaidh téimh agus fuarú;

(d)  faisnéis teagmhála d'eagraíochtaí úsáideoirí deiridh, gníomhaireachtaí fuinnimh nó comhlachtaí comhchosúla, lena n-áirítear seoltaí gréasáin, óna bhféadfar faisnéis a fháil faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá le fáil, faoi phróifílí comparáideacha úsáideoirí deiridh agus faoi shonraíochtaí teicniúla oibiachtúla do threalamh a úsáideann fuinneamh.

(e)  faisnéis faoi nósanna imeachta gaolmhara gearáin, seirbhísí ombudsman nó sásraí um réiteach malartach díospóidí, de réir mar is infheidhme sna Ballstáit;

(f)  comparáidí le meán-úsáideoir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna. I gcás billí leictreonacha, féadfar, de rogha air sin, comparáidí den sórt sin a chur ar fáil ar líne agus a bheith marcáilte sna billí.

I gcás billí nach bhfuil bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar léamha leithdháileoirí costais, beidh míniú soiléir sothuigthe iontu ar conas a ríomhadh an méid a leagtar amach sa bhille, agus ar a laghad, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e).";

(5)  in Iarscríbhinn IX, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) den cheathrú mír de Chuid 1:

“(g) Anailís eacnamaíoch: Fardal na n-iarmhairtí

Cuirfear san áireamh san anailís eacnamaíoch gach iarmhairt eacnamaíoch ábhartha.

Féadfaidh na Ballstáit costais agus coigilteas fuinnimh de bhíthin solúbthacht mhéadaithe i dtaobh an tsoláthair fuinnimh agus de bhíthin fheidhmiú barrmhaith na líonraí leictreachais a mheas agus a chur san áireamh ina gcinnteoireacht, lena n-áirítear na costais agus an coigilteas a seachnaíodh a bhuí le hinfheistíocht laghdaithe sa bhonneagar, sna cásanna a ndéantar anailís orthu.

Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna costais agus sna tairbhí dá dtagraítear sa chéad mhír:

(i)  Tairbhí

—  Luach aschuir don tomhaltóir (teas agus leictreachas)

—  Tairbhí seachtracha amhail tairbhí comhshaoil, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus sláinte agus sábháilteachta, a mhéid is féidir

—  Iarmhairtí ar mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir;

(ii)  Costais

—  Costais chaipitiúla gléasra agus trealamh

—  Costais chaipitiúla na líonraí fuinnimh gaolmhara

—  Costais oibriúcháin athraitheacha agus sheasta

—  Costais fuinnimh

—  Costais chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta a mhéid is féidir

—  Costais mhargadh an tsaothair, an tslándáil fuinnimh agus an t-iomaíochas, a mhéid is féidir.";

(6)  in Iarscríbhinn XII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) den chéad mhír:

“(a) a rialacha caighdeánacha a bhunú agus a chur ar fáil don phobal, ar rialacha iad a bhaineann le costais maidir le hoiriúnaithe teicniúla a iompar agus a roinnt, amhail nascadh leis an eangach, atreisiú na heangaí agus tabhairt isteach eangach nua, feabhas a chur ar fheidhmiú na heangaí agus ar na rialacha maidir le cur chun feidhme neamh-idirdhealaitheach na gcód eangaí, rud atá riachtanach d'fhonn táirgeoirí nua a chuireann leictreachas a ghintear as comhghiniúint ardéifeachtúlachta leis an eangach idirnasctha a lánpháirtiú;”.

(1) IO C 246, 28.7.2017, lch. 42.
(2) IO C 342, 12.10.2017, lch. 119.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 17 Eanáir 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0010).
(4)IO C 246, 28.7.2017, lch. 42.
(5)IO C 342, 12.10.2017, lch. 119.
(6) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018.
(7) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4
(8) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315 an 14.11.2012, lgh. 1-56).
(9) IO L ….
(10)+ IO: cuir isteach, le do thoil, sa téacs uimhir an Rialacháin agus cuir isteach san fhonóta an teideal iomlán agus sonraí foilseacháin IO do dhoiciméad 2016/0375 (COD) - PE-CONS 55/18.
(11)Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 53, 18.6.2010, lch. 13).
(12) Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(13) Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1)
(14) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide agus chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26)
(15) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(16) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(17)+ IO: Cuir uimhir an Rialacháin isteach sa téacs, agus cuir an teideal iomlán leis na sonraí foilseacháin san fhonóta do dhoiciméad 2016/0375 - PE -CONS 55/18, le do thoil.
(18)++ IO: cuir isteach, le do thoil, uimhir an Rialacháin ó dhoiciméad 2016/0375 (COD) - PE‑CONS 55/18.
(19)+ Cuir uimhir an Rialacháin isteach sa téacs, agus cuir an teideal iomlán leis na sonraí foilseacháin san fhonóta do dhoiciméad 2016/0375 - PE -CONS 55/18, le do thoil.
(20)+ IO: Cuir uimhir an Rialacháin isteach sa téacs, agus cuir an teideal iomlán leis na sonraí foilseacháin san fhonóta do dhoiciméad 2016/0375 - PE -CONS 55/18, le do thoil.
(21)+ IO: Cuir isteach le do thoil uimhir an Rialacháin ó dhoiciméad 2016/0375(COD) - PE -CONS 55/18.
(22)+ IO: Cuir uimhir an Rialacháin isteach sa téacs, agus cuir an teideal iomlán leis na sonraí foilseacháin san fhonóta do dhoiciméad 2016/0375 - PE -CONS 55/18, le do thoil.
(23)
(24)+ IO: Cuir uimhir an Rialacháin isteach sa téacs, agus cuir an teideal iomlán leis na sonraí foilseacháin san fhonóta do dhoiciméad 2016/0375 - PE -CONS 55/18, le do thoil.
(25)+ IO: cuir isteach, le do thoil, uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0375(COD) - PE-CONS 55/18.


Rialachas an Aontais Fuinnimh ***I
PDF 1661kWORD 206k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh, lena leasaítear Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2009/119/CE ón gComhairle, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, Treoir 2013/30/AE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (COM(2016)0759 – C8-0497/2016 – 2016/0375(COD))
P8_TA-PROV(2018)0443A8-0402/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0759),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0497/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Aibreán 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 13 Iúil 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Meitheamh 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do phléití comhpháirteacha an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0402/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go substaintiúil é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Samhain 2018 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2009/119/CE ón gComhairle, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, Treoir 2013/30/AE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

P8_TC1-COD(2016)0375


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) agus Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Leis an Rialachán seo, leagtar amach an bonn reachtach is gá maidir le rialachas iontaofa, cuimsitheach, costéifeachtach, trédhearcach agus intuartha an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide ("sásra rialachais"), lena n-áirithítear go ndéanfar cuspóirí agus spriocanna 2030 agus cuspóirí agus spriocanna fadteármacha an Aontais Fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le Comhaontú Pháras 2015 maidir le hathrú aeráide i ndiaidh an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘Comhaontú Pháras’), trí iarrachtaí comhlántacha, comhleanúnach agus uaillmhianacha ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus teorainn fós á cur le castacht riaracháin.

(2)  Ba cheart cúig ghné a chumhdach leis an Aontas Fuinnimh: slándáil fuinnimh; an margadh inmheánach fuinnimh; éifeachtúlacht fuinnimh; dícharbónú; agus taighde, nuálaíocht agus iomaíochas.

(3)  Is é is sprioc don Aontas Fuinnimh seasmhach a bhfuil beartas aeráide uaillmhianach mar chroílár aige, fuinneamh slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a thabhairt do thomhaltóirí an Aontais, lena n-áirítear teaghlaigh agus gnólachtaí, agus taighde agus nuálaíocht a chothú trí infheistíocht a mhealladh, agus chuige sin teastaíonn athrú ón mbonn aníos ar chóras fuinnimh na hEorpa. Tá athrú den sórt sin nasctha go dlúth freisin leis an ngá atá le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus úsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh agus coigilteas fuinnimh a chur chun cinn agus trí chineálacha nua agus in-athnuaite fuinnimh a fhorbairt. Ní féidir an sprioc sin a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht chomhordaithe, ina ndéantar gníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha i dteannta a chéile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

(4)  Le hAontas Fuinnimh atá lánfheidhmiúil agus seasmhach, dhéanfaí réigiún den Aontas ar réigiún é a bheadh chun tosaigh maidir le nuálaíocht, infheistíocht, fás agus forbairt shóisialta agus eacnamaíoch agus, sa chaoi sin, a bheadh mar dhea-eiseamláir maidir le conas atá dlúthbhaint idir uaillmhianta móra a shaothrú ó thaobh athrú aeráide a mhaolú agus bearta chun nuálaíocht, infheistíocht agus fás a chothú.

(5)  I gcomhthreo leis an Rialachán seo, tá sraith tionscnamh forbartha agus glactha ag an gCoimisiún maidir le beartas earnálach fuinnimh, go háirithe maidir le fuinneamh in-athnuaite, le héifeachtúlacht fuinnimh, lena n-áirítear maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, agus le dearadh margaidh. I dteannta a chéile is pacáiste iad na tionscnaimh seo faoin téama uileghabhálach ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’, ceannaireacht dhomhanda an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite, agus margadh cóir do thomhaltóirí fuinnimh, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus iomaíocht chóir sa mhargadh inmheánach a chur chun cinn.

(6)  Ina conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach Creat 2030 um Fhuinneamh agus Aeráid don Aontas bunaithe ar cheithre phríomhsprioc ar leibhéal an Aontais: laghdú 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘GCT’) ar fud an gheilleagair, sprioc tháscach maidir le feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh, sprioc 27% ar a laghad, atá le hathbhreithniú faoi 2020 d’fhonn an leibhéal a mhéadú go dtí 30 %, sciar fuinnimh in-athnuaite 27% ar a laghad den tomhaltas fuinnimh san Aontas, agus 15% ar a laghad d’idirnasc leictreachais. Sonraíodh ann go bhfuil an sprioc maidir le fuinneamh in-athnuaite ceangailteach ar leibhéal an Aontais agus go gcomhlíonfar í trí rannchuidithe na mBallstát faoi threoir an ghá atá le cuspóir an Aontais a bhaint amach i gcomhar le chéile. Le hathmhúnlú ar Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), tugadh isteach sprioc nua, cheangailteach fuinnimh athnuaite 32% ar a laghad don Aontas don bhliain 2030, lena n-áirítear foráil d’athbhreithniú a dhéanamh d’fhonn an sprioc ar leibhéal an Aontais a mhéadú faoin mbliain 2023. Le leasuithe ar Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), leagtar amach an sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le feabhas 32.5% ar a laghad ar éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach in 2030, lena n-áirítear foráil d’athbhreithniú a dhéanamh d’fhonn spriocanna ar leibhéal an Aontais a mhéadú.

(7)  Rinneadh an sprioc cheangailteach maidir le laghdú intíre 40 % ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ar fud an gheilleagair faoi 2030 i gcomparáid le 1990 a fhormheas go foirmiúil ag cruinniú na Comhairle Comhshaoil an 6 Márta 2015 mar Rannchuidiú Beartaithe an Aontais agus a chuid Bhallstát a socraíodh go Náisiúnta i leith Chomhaontú Pháras. Rinne an tAontas Comhaontú Pháras a dhaingniú an 5 Deireadh Fómhair 2016(9) agus tháinig sé i bhfeidhm an 4 Samhain 2016. Tagann sé in ionad an chur chuige a glacadh in 1997 faoi Phrótacal Koyoto, a d’fhormheas an tAontas le Cinneadh 2002/358/CE ón gComhairle(10) agus nach leanfar leis tar éis 2020. Ba cheart córas an Aontais i ndáil le faireachán agus tuairisciú ar astaíochtaí agus aistrithe a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

(8)  Le Comhaontú Pháras, rinneadh méadú ar leibhéal na huaillmhéine domhanda maidir le hathrú aeráide a mhaolú agus leagtar amach ann sprioc fhadtéarmach i gcomhréir leis an gcuspóir maidir leis an meánmhéadú domhanda ar an teocht a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh an méadú ar an teocht a theorannú do 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.

(9)  Agus na spriocanna teochta i gComhaontú Pháras á saothrú aige, ba cheart é a bheith mar aidhm ag an Aontas cothromaíocht a bhaint amach a luaithe is féidir idir astaíochtaí antrapaigineacha GCT ag foinsí agus aistriú linnte agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin.

(10)  Maidir leis an gcóras aeráide, tá iomlán carnach na n-astaíochtaí antrapaigineacha thar thréimhse ama ábhartha ó thaobh tiúchan iomlán GCTanna san atmaisféar. Ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar chásanna éagsúla maidir le rannchuidiú an Aontais le gnóthú na gcuspóirí fadtéarmacha, inter alia, cás astaíochtaí GCT glan-nialasacha san Aontas a bhaint amach faoi 2050, agus impleachtaí na gcásanna sin maidir leis an mbuiséad carbóin domhanda agus buiséad carbóin an Aontais atá fós ann. Ba cheart don Choimisiún anailís a ullmhú chun críocha straitéis fadtéarmach an Aontais i ndáil le rannchuidiú an Aontais le gealltanais Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus chun iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, lena n-áirítear cásanna éagsúla, inter alia, cás astaíochtaí GCT glan-nialasacha san Aontas a bhaint amach faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin agus a n-impleachtaí ar an mbúiséad carbóin domhanda agus ar bhúiséad carbóin an Aontais.

(11)  Cé gur gheall an tAontas go ndéanfadh sé laghduithe uaillmhianacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a shaothrú faoi 2030, is saincheist dhomhanda í bagairt an athraithe aeráide. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, dá bhrí sin, a bheith ag obair lena gcomhpháirtithe idirnáisiúnta chun ardleibhéil uaillmhéine ag na Comhpháirtithe uile a áirithiú i gcomhréir le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras.

(12)  Ina conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach freisin gur cheart sásra rialachais iontaofa agus trédhearcach nach mbeadh aon ualach riaracháin nach gá ag gabháil leis agus a mbeadh solúbthacht leordhóthanach ann do riachtanais na mBallstát, a fhorbairt chun cuidiú lena áirithiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuid spriocanna i leith beartas fuinnimh, agus saoirse na mBallstát fós á hurramú go hiomlán leis maidir lena meascán fuinnimh féin a chinneadh. Leag sí béim air gur cheart sásra rialachais den sórt sin tógáil ar chlocha tógála atá ann cheana, amhail cláir náisiúnta aeráide, pleananna náisiúnta fuinnimh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh mar aon leis an ngá atá le cuíchóiriú a dhéanamh ar shraitheanna pleanála agus tuairiscithe ar leithligh agus le hiad a thabhairt le chéile. Lena chois sin, d’aontaigh sí cur le ról agus cearta tomhaltóirí, le trédhearcacht agus intuartacht d’infheisteoirí, inter alia, trí fhaireachán córasach ar phríomhtháscairí ar mhaithe le córas fuinnimh inacmhainne, sábháilte, iomaíoch, slán agus inbhuanaithe, agus comhordú ar bheartais náisiúnta aeráide agus fuinnimh a éascú agus comhar réigiúnach idir na Ballstáit a chothú.

(13)  Ina theachtaireacht an 25 Feabhra 2015 maidir le Creatstraitéis maidir le hAontas Fuinnimh Buanseasmhach maille le Beartas Réamhbhreathnaitheach don Athrú Aeráide, déanann an Coimisiún tagairt don ghá atá le sásra rialachas comhtháite chun a áirithiú go gcuirfidh gníomhaíochtaí fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil le cuspóirí an Aontais Fuinnimh agus go leathnófar raon an rialachais ar an dóigh sin – thar Chreat 2030 um Aeráid agus Fuinneamh – chuig gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh.

(14)  Ina theachtaireacht an 18 Samhain 2015 maidir le Staid an Aontais Fuinnimh, shonraigh an Coimisiún tuilleadh gur uirlisí riachtanacha iad pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar pleananna iad lena dtugtar faoi na cúig ghné uile den Aontas Fuinnimh ar mhaithe le pleanáil níos straitéisí don bheartas don aeráid agus don fhuinneamh. Mar chuid den teachtaireacht sin, tugadh an bonn do na Ballstáit sa Treoir ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide tús a chur le pleananna náisiúnta a fhorbairt don tréimhse 2021 go 2030 agus príomhchrainn taca an sásra rialachais a leagadh amach. Lena chois sin, sonraíodh sa teachtaireacht gur cheart rialachas den chineál sin a bheith fréamhaithe sa dlí.

(15)  Ina conclúidí an 29 Samhain 2015 maidir le córas rialachais an Aontais Fuinnimh, d’aithin an Chomhairle go mbeidh rialachas an Aontais Fuinnimh ina uirlis bhunriachtanach chun an tAontas Fuinnimh a chur le chéile go héifeachtúil agus go héifeachtach agus chun a chuid cuspóirí a bhaint amach. Leag an Chomhairle béim iontu gur cheart an sásra rialachais a bheith bunaithe ar phrionsabail chomhtháthúna pleanála straitéisí agus tuairiscithe straitéisigh maidir le cur chun feidhme beartas don aeráid agus don fhuinneamh agus ar phrionsabal an chomhordaithe idir na gníomhaithe atá freagrach as an mbeartas don aeráid agus don fhuinneamh ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta. Leag sí béim freisin air gur cheart a áirithiú leis an sásra rialachas go ndéanfaí na spriocanna comhaontaithe do 2030 maidir leis an bhfuinneamh agus an aeráid a chomhlíonadh agus go ndéanfaí faireachán ar dhul chun cinn an Aontais san iomlán maidir le gnóthú na gcuspóirí beartais thar na cúig ghné den Aontas Fuinnimh.

(16)  Ina rún an 15 Nollaig 2015, dar teideal ‘Towards a European Energy Union (I dtreo Aontas Fuinnimh don Eoraip)’, d’iarr Parlaimint na hEorpa sásra rialachais an Aontais Fuinnimh, creat a bheadh uaillmhianach, iontaofa, trédhearcach, daonlathach agus lánchuimsitheach i dtaobh Pharlaimint na hEorpa agus d’iarr sí go n-áiritheofaí go ndéanfaí spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030 a ghnóthú.

(17)  Tá béim leagtha arís agus arís eile ag an gComhairle Eorpach ar an ngá atá le bearta práinneacha a dhéanamh chun a áirithiú go mbainfear amach sprioc íosta maidir le 10% d’idirnaisc leictreachais a bhaint amach. Ina conclúidí an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014, bheartaigh an Chomhairle Eorpach go ndéanfadh an Coimisiún bearta práinneacha chun a áirithiú go ngnóthófaí sprioc íosta maidir le 10% d’idirnaisc leictreachais, mar ábhar práinne, agus tráth nach déanaí ná 2020 ar a laghad i gcás na mBallstát sin nach bhfuil íosleibhéal comhtháthaithe bainte amach fós acu sa mhargadh inmheánach fuinnimh. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017 maidir le líonraí fuinnimh na hEorpa a neartú, déantar measúnú ar an dul chun cinn i dtreo bhaint amach na sprice 10% maidir le hidirnascadh agus moltar bealaí ann chun an sprioc 15% maidir le hidirnascadh don bhliain 2030 a oibríochtú.

(18)  Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an sásra rialachais gnóthú chuspóirí an Aontais Fuinnimh a chumasú agus go háirithe spriocanna Chreat 2030 um Aeráid agus Fuinneamh, sa réimse a bhaineann le laghdú ar astaíochtaí GCT, le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus le héifeachtúlacht fuinnimh. Eascraíonn na cuspóirí agus na spriocanna sin as beartas an Aontais maidir le fuinneamh agus as an ngá atá le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus le húsáid stuama agus réasúnach acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, mar a fhoráiltear i gConarthaí an Aontais. Ní féidir aon cheann de na cuspóirí sin, atá nasctha ar bhealach doscartha, a mheas mar chuspóir atá tánaisteach ar an gcuspóir eile.. Dá bhrí sin, tá an Rialachán seo nasctha leis an dlí earnálach lena ndéantar spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030 a chur chun feidhme. Cé go dteastaíonn solúbthacht ó na Ballstáit chun na beartais is fearr a oireann dá meascán fuinnimh agus dá roghanna tosaíochta fuinnimh a dhéanamh, ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith comhoiriúnach le tuilleadh comhtháthú margaidh, le hiomaíochas méadaithe, le baint amach na gcuspóirí aeráide agus fuinnimh agus leis an aistriú de réir a chéile i dtreo geilleagar ísealcharbóin inbhuanaithe.

(19)  Chun aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin inbhuanaithe a chur i gcrích ar bhealach atá inghlactha go sóisialta agus atá cothrom, tá gá le hathruithe ar an iompar infheistíochta, maidir le hinfheistíocht phoiblí agus infheistíocht phríobháideach araon, agus tá gá le dreasachtaí a chur i bhfeidhm thar an speictream beartais ar fad, agus na saoránaigh, agus na réigiúin a d’fhéadfadh a bheith thíos leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin á gcur san áireamh. Chun laghdú ar astaíochtaí GCT a bhaint amach ní mór borradh a chur faoin éifeachtúlacht agus nuálaíocht i ngeilleagar na hEorpa agus, go háirithe, ba cheart poist inbhuanaithe, lena n-áirítear poist sna hearnálacha ardteicneolaíochta, agus feabhsuithe ar cháilíocht an aeir agus ar shláinte phoiblí a bheith mar thoradh air.

(20)  I bhfianaise na ngealltanas idirnáisiúnta sa Chomhaontú Pháras, ba cheart do na Ballstáit tuarascáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a ghlacann siad orthu féin chun fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach, go háirithe maidir le breoslaí iontaise. Agus tuarascáil á déanamh acu, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh iad féin a bhunú ar shainmhínithe atá ann cheana maidir le fóirdheontais bhreosla iontaise agus atá in úsáid go hidirnáisiúnta.

(21)  Ós rud é gur as foinsí coitianta a thagann an chuid is mó de GCTanna agus an chuid is mo de na truailleáin aeir, d’fhéadfadh comhthairbhí do shláinte phoiblí agus do cháilíocht an aeir a bheith ag baint le beartas atá ceaptha GCTanna a laghdú , go háirithe i gceantair uirbeacha, ar comhthairbhí iad a d’fhéadadh na costais ghearrthéarmacha ar mhaolú GCT a fhritháireamh,. Ós rud é gur ionchur tábhachtach iad na sonraí a thuairiscítear faoi Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) le haghaidh thiomsú an fhardail GCT agus le haghaidh na bpleananna náisiúnta, ba cheart a aithint a thábhachtaí atá sé sonraí comhsheasmhacha a thiomsú agus a thuairisciú idir Treoir (AE) 2016/2284 agus an fardal maidir le GCT.

(22)  Léirigh an taithí a fuarthas agus Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) á chur chun feidhme go raibh gá le sineirgí agus comhleanúnachas maidir leis an tuairisciú faoi réir ionstraimí dlíthiúla eile, go háirithe maidir le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) agus Rialachán (CE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). Tá úsáid sonraí comhsheasmhacha chun astaíochtaí GCT a thuairisciú buntábhachtach maidir le hardcháilíocht an tuairiscithe ar astaíochtaí a áirithiú.

(23)  I gcomhréir le tiomantas láidir an Choimisiúin do rialáil níos fearr agus i gcomhréir le beartas lena ndéantar taighde, nuálaíocht agus infheistíocht a chur chun cinn, ba cheart laghdú suntasach ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí ábhartha, ar an gCoimisiún agus ar institiúidí eile de chuid an Aontais, agus laghdú suntasach ar an gcastacht, a bheith mar thoradh ar an sásra rialachais. Ba cheart freisin go gcuideodh sé le comhleanúnachas agus leordhóthanacht beartas agus beart a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta i ndáil leis an athrú ón mbonn ar an gcóras fuinnimh i dtreo geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin..

(24)  Ba cheart gnóthú chuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a áirithiú trí mheascán de thionscnaimh de chuid an Aontais agus de bheartais náisiúnta chomhleanúnacha a leagtar amach i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. I ndlí earnálach an Aontais sna réimsí fuinnimh agus aeráide, leagtar amach ceanglais phleanála a bhí ina n-uirlisí úsáideacha roimhe seo chun athrú ar an leibhéal náisiúnta a bhrú ar aghaidh. De bharr gur tugadh isteach iad ag amanna difriúla tá forluí ann agus ní dhearnadh breithniú leordhóthanach ar shineirgí agus ar idirghníomhaíochtaí idir réimsí beartais, rud a bhí chun díobhála d’éifeachtúlacht costais. Ba cheart, dá bhrí sin, an phleanáil, an tuairisciú agus an faireachán a dhéantar ar leithligh sna réimsí aeráide agus fuinnimh faoi láthair a chuíchóiriú agus a chomhtháthú a oiread agus is féidir.

(25)  Leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart tréimhsí deich mbliana a chumhdach agus ba cheart forléargas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair ó thaobh an chórais fuinnimh agus beartais de. Ba cheart cuspóirí náisiúnta do gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a leagan amach iontu mar aon le beartais chomhfhreagracha agus bearta comhfhreagracha chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus ba cheart bonn anailíseach a bheith acu. Sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chumhdaíonn an chéad tréimhse ó 2021 go 2030, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar spriocanna do 2030 don laghdú ar astaíochtaí GCT, don fhuinneamh in-athnuaite, don éifeachtúlacht fuinnimh agus don idirnasc leictreachais. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le Spriocanna na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Inbhuanaithe agus go rannchuidíonn siad le gnóthú na spriocanna sin. Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide , d'fhéadfadh na Ballstáit cur le straitéisí nó pleananna náisiúnta atá ann cheana. Maidir leis an gcéad dréachtphlean agus an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide críochnaitheach, tugtar spriocdháta difriúil i gcomparáid le pleananna ina dhiaidh sin, chun am leordhóthanach a thabhairt do na Ballstáit a gcéad phleananna a ullmhú tar éis ghlacadh an Rialacháin seo. Mar sin féin, spreagtar na Ballstáit a gcuid dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thíolacadh chomh luath agus is féidir in 2018 chun go bhféadfar ullmhúchán cuí a dhéanamh, go háirithe don idirphlé éascaitheach atá le tionól in 2018 i gcomhréir le cinneadh 1/CP.21 de Chomhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC).

(26)  Ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus aird á tabhairt acu ar na seirbhísí fuinnimh intíre a bhfuil gá leo chun bunchaighdeáin mhaireachtála sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha a ráthú, ar an mbeartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, agus ar threoir tháscach ón gCoimisiún maidir le táscairí ábhartha, lena n-áirítear scaipeadh geografach, ar táscairí iad atá bunaithe ar chur chuige coiteann maidir le bochtaineacht fuinnimh. I gcás ina bhfaigheann Ballstát amach go bhfuil líon suntasach teaghlach aige atá i mbochtaineacht fuinnimh, ba cheart dó cuspóir táscach náisiúnta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú a chur san áireamh ina phlean.

(27)  Ba cheart teimpléad éigeantach do na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhunú chun a áirithiú go bhfuil gach plean náisiúnta sách cuimsitheach agus chun comparáid agus comhiomlánú pleananna náisiúnta a éascú agus, ag an am céanna, a áirithiú go bhfuil go leor solúbthachta ag na Ballstáit chun mionsonraí na bpleananna náisiúnta a leagan amach d’fhonn roghanna tosaíochta agus sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú iontu.

(28)  Imríonn cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart sna réimsí fuinnimh agus aeráide tionchar ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtugtar deiseanna éifeachtachta, ag céim luath, don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus go dtéitear i gcomhairle leis an bpobal maidir le hullmhú na bpleananna sin i gcomhréir, más infheidhme, le forálacha Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) agus le forálacha Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ("UNECE") um Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i nGnóthaí Comhshaoil an 25 Meithimh 1998 (‘coinbhinsiún Aarhus’). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach in ullmhú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit an chastacht riaracháin a theorannú agus a n-oibleagáidí maidir le comhairliúchán poiblí á gcomhlíonadh ag na comhpháirithe sóisialta.

(29)  Agus iad i mbun comhairliúchán poiblí, agus i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rannpháirtíocht chomhionann ann, go ndéantar an pobal a chur ar an eolas trí fhógraí poiblí nó ar bhealach iomchuí eile amhail na meáin leictreonacha, gur féidir leis an bpobal rochtain a dhéanamh ar gach doiciméad ábhartha, agus go ndéantar socruithe praiticiúla a bhaineann le rannpháirtíocht an phobail a chur i bhfeidhm.

(30)  Ba cheart do gach Ballstát idirphlé buan il-leibhéil a bhunú maidir le fuinneamh, ar idirphlé é lena ndéanfar údarás áitiúla, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an pobal gnó, infheisteoirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile a thabhairt le chéile chun plé a dhéanamh ar na roghanna atá beartaithe maidir le beartais don fhuinneamh agus don aeráid. Ba cheart plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide an Bhallstáit mar aon lena straitéis fhadtéarmach a bheith pléite faoi chuimsiú an idirphlé sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh an t-idirphlé ar siúl trí aon struchtúir náisiúnta, amhail suíomh gréasáin, ardán comhairliúcháin phoiblí nó uirlis cumarsáide idirghníomhach eile.

(31)  Tá comhar réigiúnach ríthábhachtach chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh ar bhealach atá éifeachtach agus barrmhaith ó thaobh costais de. Ba cheart don Choimisiún comhar den sórt sin a éascú idir na Ballstáit. Ba cheart deis a thabhairt do na Ballstáit tuairimí a thabhairt ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide Ballstát eile sula gcuirtear i gcrích iad chun neamhréireachtaí agus tionchair dhiúltacha ar Bhallstáit eile a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, agus chun a áirithiú go mbainfear comhchuspóirí amach i dteannta a chéile. Ba cheart go mbeadh an comhar réigiúnach ríthábhachtach maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a mhionléiriú agus a chur i gcrích agus iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin i dtreo go bhfeabhsófar éifeachtacht agus éifeachtúlacht beart agus go gcothófar comhtháthú margaidh agus slándáil fuinnimh.

(32)  I gcás ina bhfuil siad ag obair i gcomhar faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit na fóraim chomhair réigiúnacha atá ann cheana a chur san áireamh, amhail an Plean Idirnaisc don Mhargadh Fuinnimh Baltach (BEMIP), an Nascacht Gháis do Lár agus Oirdheisceart na hEorpa (CESEC), Margadh Fuinnimh Réigiúnach an Láir agus an Iarthair (CWREM), Tionscnamh Thíortha na Mara Thuaidh um Eangach Amach ón gCósta (NSCOGI), an Fóram Cúigthaobhach um Fhuinneamh, Idirnaisc d’Oirdheisceart na hEorpa agus an Chomhpháirtíocht Eora-Mheánmhara. Spreagtar na Ballstáit le comhar a bheartú le sínithe an Chomhphobail Fuinnimh, le tríú tíortha ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad agus, i gcás inarb iomchuí, le tríú tíortha ábhartha eile. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn comhtháthú margaidh, beartais costéifeachtúla, comhar éifeachtach, comhpháirtíochtaí agus comhairliúcháin a chur chun cinn, deiseanna breise a shainaithint le haghaidh comhar réigiúnach lena gcumhdaítear ceann amháin nó níos mó de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh i gcomhréir leis an Rialacháin seo, le fís fhadtéarmach agus bunaithe ar dhálaí reatha an mhargaidh.

(33)  Féadfaidh an Coimisiún tabhairt faoi phléití le tríú tíortha ábhartha chun iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann cur i bhfeidhm na bhforálacha arna mbunú faoin Rialachán seo a shíniú ionsorthu, go háirithe na forálacha sin a bhaineann le comhar réigiúnach.

(34)  Ba cheart pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheith cobhsaí chun trédhearcacht agus intuarthacht beartas agus beart náisiúnta a áirithiú chun cinnteacht infheistíochta a áirithiú. Ba cheart pleananna náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta uair amháin le linn na tréimhse deich mbliana, áfach, chun deis a thabhairt do na Ballstáit iad féin a chur in oiriúint d’athruithe suntasacha ar imthosca. Maidir leis na pleananna lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2021 go 2030, ba cheart do na Ballstáit a gcuid pleananna a thabhairt cothrom le dáta faoin 30 Meitheamh 2024. Níor cheart cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe a athrú ach amháin chun méadú ar an aidhm fhoriomlán a léiriú, go háirithe i dtaobh spriocanna fuinnimh agus aeráide do 2030. Mar chuid den tabhairt cothrom le dáta sin, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh tionchair dhiúltacha ar bith ar an gcomhshaol a mhaolú a thagann chun solais mar chuid den tuairisciú comhtháite.

(35)  Tá straitéisí cobhsaí fadtéarmacha ▌ maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú fíorthábhachtach chun rannchuidiú le hathrú eacnamaíoch ón mbonn aníos, le poist, le fás agus le baint amach spriocanna níos leithne um fhorbairt inbhuanaithe, agus chun gur féidir druidim i dtreo na sprice fadtéarmaí atá socraithe ag Comhaontú Pháras, ar shlí atá cóir agus éifeachtach ó thaobh costais de. Ina theannta, iarrtar ar na Páirtithe i gComhaontú Pháras a gcuid straitéisí forbartha fadtéarmacha i dtaobh astaíochtaí ísle GCT do lár an chéid, a chur in iúl faoi 2020. Sa chomhthéacs sin, an 22 Márta 2018, thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Choimisiún togra le haghaidh straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais i dtaca le laghduithe ar astaíochtaí GCT a thíolacadh faoin gcéad ráithe de 2019 i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur san áireamh ann.

(36)  Ba cheart do na Ballstáit straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt maidir le bheith ag rannchuidiú ar feadh 30 bliain ar a laghad le gealltanais na mBallstát faoin UNFCCC agus faoin gComhaontú Pháras, i gcomhthéacs chuspóir Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus chun iarrachtaí a dhéanamh teorainn 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch a chur ar an méadú ar an teocht agus laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí GCT agus feabhsaithe ar aistrithe linnte a bhaint amach i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit a straitéisí a fhorbairt ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbionn deiseanna éifeachtacha ann don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhúchán na straitéisí sin. Ba cheart go mbeadh a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus na straitéisí fadtéarmacha i gcomhréir le chéile.

(37)  Tá an earnáil um thalamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF) go mór gan chosaint agus tá sí an-leochaileach i dtaobh athrú aeráide. Ag an am céanna, tá acmhainneacht ollmhór ag an earnáil tairbhe a dhéanamh don aeráid go fadtéarmach agus rannchuidiú go suntasach le baint amach spriocanna aeráide agus idirnáisiúnta fadtéarmacha de chuid an Aontais. Is féidir léi rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide ar roinnt bealaí, go háirithe trí astaíochtaí a laghdú, trí linnte agus stoic charbóin a chothabháil agus a fheabhsú, agus trí bhithábhar is féidir a chur in ionad ábhair iontaise nó ábhair a bhfuil lorg mór carbóin acu a sholáthar. Tá ríthábhacht ag baint le straitéisí fadtéarmacha atá ina mbonn taca ag infheistíocht inbhuanaithe lena ndírítear ar cheapadh éifeachtach carbóin, bainistiú inbhuanaithe acmhainní agus cobhsaíocht fhadtéarmach agus inoiriúnaitheacht linnte carbóin a mhéadú.

(38)  Agus idirnasic bhreise á bhforbairt, tá sé tábhachtach measúnú iomlán a dhéanamh ar na costais agus na tairbhí, lena n-áirítear na hiarmhairtí iomlána atá acu, idir iarmhairtí eacnamaíocha agus iarmhairtí socheacnamaíocha, mar a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18), agus tá sé tábhachtach freisin seachtrachtaí dearfacha na n-idirnasc, amhail comhtháthú foinsí in-athnuaite fuinnimh, slándáil soláthair agus iomaíocht mhéadaithe sa mhargadh inmheánach, a chur san áireamh.

(39)  Faoi mar atá an cás ó thaobh pleanála de, leagtar amach ceanglais tuairiscithe i ndlí earnálach de chuid an Aontais sna réimsí fuinnimh agus aeráide, agus uirlisí úsáideacha ba ea mórán díobh chun athrú a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, mar chomhlánú ar athchóirithe sa mhargadh, ach tugadh na ceanglais sin isteach ag amanna difriúla agus dá dheasca sin tháinig ann d’fhorluí agus neamhéifeachtacht costais, agus níor tugadh go leor airde ar shineirgí agus ar idirghníomhaíochtaí idir réimsí beartais amhail maolú gás ceaptha teasa, fuinneamh in-athnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh agus comhtháthú margaidh. Chun an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir an gá le hobair leantach chuí ar chur chun feidhme pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a áirithiú agus an gá atá ann an chastacht riaracháin a laghdú, ba cheart do na Ballstáit tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn a bhunú maidir le cur chun feidhme na bpleananna agus maidir le forbairtí eile ar an gcóras fuinnimh. Bheadh gá le roinnt tuairiscithe, áfach, ar bhonn bliantúil, go háirithe maidir leis na ceanglais tuairiscithe sa réimse aeráide a eascraíonn ó UNFCCC agus i ndlí an Aontais.

(40)  Ba cheart na gnéithe a leagtar amach sa teimpléad do na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheith léirithe i dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát ar dhul chun cinn. Ba cheart teimpléad do na tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn a shonrú i ngníomhartha cur chun feidhme ina dhiaidh sin toisc gur de chineál teicniúil iad agus toisc go bhfuil na chéad tuarascálacha ar dhul chun cinn le soláthar in 2023. Ba cheart na tuarascálacha ar dhul chun cinn a dhéanamh chun trédhearcacht a áirithiú don Aontas, do Bhallstáit eile, d’údaráis réigiúnacha agus áitiúla, do ghníomhaithe margaidh lena n-áirítear tomhaltóirí, d’aon gheallsealbhóirí ábhartha eile agus don phobal i gcoitinne. Ba cheart dóibh a bheith cuimsitheach thar na cúig ghné den Aontas Fuinnimh agus, linn na chéad tréimhse, ba cheart dóibh béim a leagan ar réimsí arna chumhdach ag spriocanna Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 ag an am céanna.

(41)  Faoi UNFCCC, cuirtear de cheangal ar an Aontas agus ar a Bhallstáit fardail náisiúnta d’astaíochtaí antrapaigineacha GCTanna uile ó fhoinsí agus a n-aistrithe trí linnte a fhorbairt, a thabhairt cothrom le dáta go rialta, a fhoilsiú agus a thuairisciú do Chomhdháil na bPáirtithe ag baint úsáid as modheolaíochtaí inchomparáide arna gcomhaontú ag Comhdháil na bPáirtithe. Tá na fardail GCT ríthábhachtach chun gur féidir rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn na gné dícharbónaithe agus chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngníomhartha reachtacha i réimse na haeráide, go háirithe Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19) agus Rialachán (AE) 2018/941 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20).

(42)  Ceanglaítear leCinneadh 1/CP.16 de Chomhdháil na bPáirtithe i UNFCCC go mbunófaí socruithe náisiúnta chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha GCTanna ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte. Leis an Rialachán seo, ba cheart bunú na socruithe náisiúnta sin a chumasú.

(43)  Tá sé léirithe ag an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 an tábhacht atá le trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, iomláine agus inchomparáideacht na faisnéise. Agus é ag cur leis an taithí sin, ba cheart a áirithiú leis an Rialachán seo go mbainfidh na Ballstáit úsáid as sonraí agus toimhdí láidre agus comhsheasmhacha sna cúig ghné ar fad agus go ndéanfaidh siad faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil don phobal maidir leis na toimhdí, na paraiméadair agus na modheolaíochtaí a mbainfidh siad úsáid astu le haghaidh na gcásanna críochnaitheacha agus na réamh-mheastachán críochnaitheach, agus aird á tabhairt acu ar shrianta staitistiúla, ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus comhlíonadh na rialacha cosaint sonraí, agus go ndéanfaidh siad tuairisciú ar a gcuid beartas, beart agus réamh-mheastachán mar chuid ríthábhachtach de na tuarascálacha ar dhul chun cinn. Ba cheart an fhaisnéis sna tuarascálacha sin a bheith bunriachtanach chun léiriú a thabhairt ar chur chun feidhme tráthúil na ngealltanas faoi Rialachán (AE) 2018/842. Feidhmiú agus feabhsú leanúnach na gcóras ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát móide treoir níos fearr maidir le tuairisciú, ba cheart don mhéid sin cur go suntasach le neartú leanúnach a dhéanamh ar an bhfaisnéis is gá chun an dul chun cinn i ngné an dícharbónaithe a rianú.

(44)  Ba cheart a áirithiú leis an Rialachán sin go ndéanfaidh na Ballstáit tuairisciú maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le tacaíocht airgid, teicneolaíochta agus forbartha acmhainní a thugtar do thíortha i mbéal forbartha, rud a éascóidh cur chun feidhme ghealltanais UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras. Lena chois sin, tá faisnéis faoi ghníomhaíochtaí agus faoi thacaíocht i dtaca le hoiriúint náisiúnta tábhachtach freisin i gcomhthéacs na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, go háirithe maidir leis an oiriúnú d’éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide a bhaineann le cinnteacht sholáthar fuinnimh an Aontais, amhail infhaighteacht uisce fuaraithe do stáisiúin chumhachta agus an fháil atá ar bhithmhais le haghaidh fuinnimh, agus faisnéis faoi thacaíocht is ábhartha maidir leis an ngné sheachtrach den Aontas Fuinnimh.

(45)  Athdhearbhaítear i gComhaontú Pháras gur cheart do na Páirtithe, agus iad i mbun gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, a gcuid oibleagáidí faoi seach, maidir le cearta an duine agus comhionannas inscne, a urramú, a chur chun cinn agus breithniú a dhéanamh orthu. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, gné chearta an duine agus an chomhionannais inscne a chomhtháthú go leordhóthanach ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ina gcuid straitéisí fadtéarmacha. Trína gcuid tuarascálacha débhliantúla ar dhul chun cinn ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt ar fhaisnéis maidir leis an gcaoi a rannchuidítear, lena gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, le cearta an duine agus le comhionannas inscne a chur chun cinn.

(46)  Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, ba ceart don Choimisiún ardán ▌ ar líne (ríomhardán) a bhunú chun cumarsáid a éascú, comhar a chur chun cinn agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis a éascú. Leis sin, ba cheart go ndéanfaí tíolacadh tráthúil tuarascálacha mar aon le trédhearcacht fheabhsaithe maidir le tuairisciú náisiúnta a éascú. Leis an ríomhardán, ba cheart na próisis tuairiscithe, na bunachair sonraí agus na ríomhuirlisí atá ann cheana, amhail na cinn sin atá ag an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, ag Eurostat agus ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde, a chomhlánú, cur leo agus tairbhe a bhaint astu, mar aon leis an taithí a foghlaimíodh ó Scéim an Aontais um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht.

(47)  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh na pleananna comhtháite náisiúnta críochnaitheacha fuinnimh agus aeráide ar fáil go poiblí ar líne. Ba cheart go mbeadh an ríomhardán, a luaithe a bheidh sé ag feidhmiú, á úsáid ag an gCoimisiún chun na pleananna comhtháite náisiúnta críochnaitheacha fuinnimh agus aeráide, na nuashonruithe orthu, na straitéisí fadtéarmacha agus faisnéis ábhartha eile maidir le tuairisciú arna soláthar ag na Ballstáit a chur ar fáil go poiblí. Sula mbeidh an ríomhardán ag feidhmiú, bainfidh an Coimisiún úsáid as a chuid suíomhanna gréasáin féin chun rochtain phoiblí ar líne ar na pleananna comhtháite náisiúnta críochnaitheacha fuinnimh agus aeráide a éascú.

(48)  A mhéid a bhaineann le sonraí atá le soláthar don Choimisiún trí phleanáil náisiúnta agus tuairisciú náisiúnta, níor cheart dúbláil a dhéanamh ar shonraí ná ar fhaisnéis ó na Ballstáit a cuireadh ar fáil cheana féin trí Eurostat i gcomhthéacs Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) san fhoirm chéanna is atá faoi oibleagáidí pleanála agus tuairiscithe an Rialacháin seo agus atá le fáil ón gCoimisiún (Eurostat) fós agus na luachanna céanna ag baint leo. I gcás inarb ann dóibh agus inar cuí ó thaobh tráthúlachta de, leis na sonraí agus na réamh-mheastacháin a chuirtear ar fáil sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ba cheart cur le sonraí Eurostat agus leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an staidreamh Eorpach a thuairisciú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, agus ba cheart iad a bheith ag teacht leis na sonraí sin agus leis an modheolaíocht sin.

(49)  I gcomhthéacs cuspóirí Straitéis an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, go háirithe maidir le hAontas Fuinnimh atá lánfheidhmiúil agus athléimneach, beidh sé bunriachtanach go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus, ar bhonn tuarascálacha ar dhul chun cinn, ar chur chun feidhme na bpleananna sin. Don chéad tréimhse deich mbliana, baineann an méid sin go háirithe le gnóthú spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais do 2030 agus le rannchuidithe náisiúnta leis na spriocanna sin. Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn débhliantúil, agus gan é a dhéanamh ar bhonn bliantúil ach amháin i gcás inar gá, agus ba cheart an measúnú a chomhdhlúthú i dtuarascálacha an Choimisiúin ar Staid an Aontais Fuinnimh.

(50)  Agus urraim chuí á tabhairt acu don cheart maidir le tionscnamh atá ag an gCoimisiún, don ghnáthnós imeachta reachtach agus do chothromaíocht na gcumhachtaí atá idir na hinstitiúidí, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aghaidh a thabhairt, ar bhonn bliantúil, ar an dul chun cinn atá bainte amach ag an Aontas Fuinnimh i dtaca le gach gné de na beartais Fuinnimh agus Aeráide.

(51)  Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar foriomlán bheartais agus bhearta na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fheidhmiú bhearta aeráide agus fuinnimh an Aontais, go háirithe maidir leis an ngá atá le beartais bhreise agus bearta breise ón Aontas agus i bhfianaise an mhéadaithe is gá a dhéanamh ar laghdú agus aistrithe GCT san Aontas i gcomhréir leis na gealltanais atá i gComhaontú Pháras.

(52)  Bíonn tionchair ag an eitlíocht ar an aeráid dhomhanda mar thoradh ar astú CO2 mar aon le hastaíochtaí eile, lena n-áirítear astaíochtaí ocsaídí nítrigine, agus meicníochtaí, amhail breisiú scamall ciorrais. I bhfianaise na mearfhorbartha atá ag teacht ar thuiscint na heolaíochta ar na tionchair sin, déantar foráil i Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 cheana féin maidir le measúnú cothrom le dáta ar thionchair neamh-CO2 na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda. Ba cheart an samhlú a úsáidtear chuige sin a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch. Bunaithe ar a mheasúnaithe ar na tionchair sin, ba cheart don Choimisiún, faoin 1 Eanáir 2020, anailís nuashonraithe ar éifeachtaí neamh-CO2 na heitlíochta a thíolacadh, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra maidir leis an dóigh is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sin.

(53)  I gcomhréir leis na treoracha reatha ón UNFCCC maidir le GCT a thuairisciú, bunaítear ríomh agus tuairisciú na n-astaíochtaí meatáin ar na dóchúlachtaí go n-ardófar an teas domhanda (GWP) a bhaineann le meatán thar thréimhse ama 100 bliain. I gcomhthéacs ardleibhéil an GWP agus an tsaolré measartha gearr atá ag an meatán, rud is cúis le tionchar suntasach ar an aeráid sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, ba cheart don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí atá ann maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun laghdú a dhéanamh ar thionchar gearrthéarmach agus meántéarmach na n-astaíochtaí meatáin ar astaíochtaí GCT san Aontas. Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt go tapa ar astaíochtaí meatáin agus ba cheart dó plean straitéiseach de chuid an Aontais a chur ar aghaidh mar chuid lárnach de straitéis fhadtéarmach an Aontais.

(54)  Chun cuidiú le comhleanúnachas idir beartais náisiúnta agus beartais an Aontais agus cuspóirí an Aontais Fuinnimh a áirithiú, ba cheart comhphlé leanúnach a bheith ann idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus, i gcás inarb iomchuí, idir na Ballstáit. De réir mar is iomchuí, ba cheart don Choimisiún moltaí a eisiúint do na Ballstáit, lena n-áirítear moltaí faoi leibhéal uaillmhéine na ndréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a fógraíodh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ina dhiaidh sin, agus faoi bheartais agus bearta náisiúnta eile atá ábhartha ó thaobh chur chun feidhme an Aontais Fuinnimh. Cé nach bhfuil éifeacht cheangailteach ag moltaí, mar a leagtar amach in Airteagal 288 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iad, ba cheart do na Ballstáit, amhlaidh, aird chuí a thabhairt ar na moltaí sin agus míniú a thabhairt i dtuarascálacha ina dhiaidh sin ar an gcaoi a bhfuil an méid sin déanta acu. Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, bunaítear an measúnú ón gCoimisiún ar na critéir oibiachtúla.. Má eisíonn an Coimisiún moladh maidir le dréachtphlean náisiúnta Ballstáit, ba cheart dó é sin a dhéanamh a luaithe is féidir, ag féachaint, ar thaobh amháin, don ghá go ríomhfadh an Coimisiún rannchuidithe pleanáilte cainníochtaithe áirithe de chuid na mBallstát ar fad chun uaillmhian ar leibhéal an Aontais a mheas, agus ar an taobh eile, don ghá atá le ham leordhóthanach a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann aird chuí a thabhairt ar na moltaí ón gCoimisiún sula gcuirfidh sé bailchríoch ar a phlean náisiúnta, agus ar an ngá atá leis an mbaol go gcuirfí moill ar phlean náisiúnta an Bhallstáit a sheachaint.

(55)  Tá úsáid chostéifeachtach fuinnimh in-athnuaite ar cheann de na critéir oibiachtúla ríthábhachtacha chun rannchuidithe na mBallstát a mheasúnú. Tá struchtúr costais casta ann chun fuinneamh in-athnuaite a chur in úsáid agus tá éagsúlachtaí suntasacha idir na Ballstáit. Áirítear leis sin ní hamháin costais na gcóras tacaíochta, ach chomh maith leis sin, inter alia, costais nascachta suiteálacha, cúltaca don chóras, slándáil an chórais a sholáthar agus costais nach mór a íoc agus srianta comhshaoil á gcomhlíonadh. Dá bhrí sin, nuair a chuirfear na Ballstáit i gcomparáid le chéile ar bhonn an chritéir sin, ba cheart na costais ar fad a bhaineann le húsáid, bíodh siad le híoc ag an mBallstát, ag na tomhaltóirí deiridh nó ag na forbróirí tionscadal, a chur san áireamh. Na moltaí ón gCoimisiún i ndáil le huaillmhianta na mBallstát maidir le cúrsaí in-athnuaite, ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhoirmle a leagtar amach sa Rialachán seo agus atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla. Dá bhrí sin, ba cheart a léiriú sa mheasúnú ar uaillmhian fuinnimh in-athnuaite na mBallstát an iarracht atá déanta ag na Ballstáit i gcomparáid le chéile, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na himthosca ábhartha a dhéanann difear d’fhorbairt an fhuinnimh in-athnuaite. Ba cheart sonraí a áireamh sa mheasúnú, ar sonraí iad a thagann ó fhoinsí sonraí neamhspleácha cainníochtúla nó ó fhoinsí sonraí cáilíochtúla.

(56)  I gcás nach bhfuil na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ná na nuashonruithe orthu, leordhóthanach chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach go comhchoiteann agus, don chéad tréimhse, go háirithe spriocanna do 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, ba cheart don Choimisiún bearta a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun gnóthú comhchoiteann na gcuspóirí agus na spriocanna sin a áirithiú (agus aon ‘bhearna uaillmhéine’ a dhúnadh ar an gcaoi sin). I gcás nach leor dul chun cinn an Aontais chun na cuspóirí agus na spriocanna sin a sheachadadh, mar aon le moltaí a eisiúint, ba cheart don Choimisiún bearta a mholadh agus úsáid a bhaint as a chumhachtaí ábhartha ar leibhéal an Aontais, nó ba cheart do na Ballstáit bearta breise a ghlacadh chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna sin (agus aon ‘bhearna seachadta’ a dhúnadh ar an gcaoi sin). Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin sna bearta sin iarrachtaí luatha a dhéanann na Ballstáit maidir leis an sprioc 2030 don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach trí sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite os cionn a sprice ceangailtí náisiúnta a shroicheadh in 2020 nó roimhe sin, nó trí dhul chun cinn a dhéanamh go luath i dtreo a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020 a bhaint amach nó i dtreo chur chun feidhme a chuid rannchuidithe le sprioc cheangailteach an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite a bheidh in 32% ar a laghad den fhuinneamh in 2030. I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, is féidir a áireamh ar bhearta den sórt sin ranníocaíochtaí deonacha airgeadais na mBallstát le sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais do fhuinneamh in-athnuaite arna bhainistiú ag an gCoimisiún, a d’úsáidfí chun rannchuidiú leis na tionscadail fuinnimh in-athnuaite is costéifeachtaí ar fud an Aontais agus sa chaoi sin, thabharfaí an rogha don Bhallstát rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach ar an gcostas is ísle is féidir. Ba cheart spriocanna fuinnimh in-athnuaite náisiúnta na mBallstát do 2020 a bheith ag feidhmiú mar sciartha bonnlíne don fhuinneamh in-athnuaite don tréimhse ó 2021 ar aghaidh agus ba cheart iad a choinneáil ar feadh na tréimhse sin. I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, is féidir bearta breise a dhíriú go háirithe chun éifeachtúlacht fuinnimh táirgí, foirgneamh agus iompair a fheabhsú.

(57)  Ba cheart go mbeadh spriocanna fuinnimh in-athnuaite náisiúnta na mBallstát do 2020 mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22)(23) ag fónamh mar an túsphointe dá gconair tháscach náisiúnta don tréimhse 2021 go 2030, ach amháin i gcás ina gcinneann Ballstát ar bhonn deonach túsphointe níos airde a shocrú. De bhreis air sin, ba cheart gurbh ionann iad don tréimhse sin agus sciar bonnlíne éigeantach atá mar chuid freisin de Threoir (AE) 2018/... (24) . Dá bhrí sin, le linn na tréimhse sin, níor cheart go mbeadh sciar fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh gach Ballstáit níos ísle ná a sciar bonnlíne.

(58)  Mura gcoinníonn Ballstát a sciar bonnlíne mar a thomhaistear thar thréimhse bliana é, ba cheart dó, laistigh de bhliain, bearta breise a dhéanamh chun an bhearna sin a chumhdach i dtaca lena chás bonnlíne. I gcás ina bhfuil bearta riachtanacha den sórt sin déanta go héifeachtach ag Ballstát, agus ina bhfuil a oibleagáid an bhearna a chumhdach comhlíonta aige, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais éigeantacha sa chás bonnlíne comhlíonta aige ón tráth a tháinig ann don bhearna i dtrácht, faoin Rialachán seo agus faoi Threoir (AE) 2018/... araon (25) .

(59)  Chun go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún in ann faireachán leordhóthanach agus luathghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh, agus chun éifeacht an ‘tsaorthairbhí’ a sheachaint, ba cheart go sroichfeadh conairí táscacha na mBallstát ar fad (agus conair tháscach an Aontais dá réir) in 2022, 2025 agus 2027 céatadáin íosta áirithe ar a laghad den mhéadú iomlán ar fhuinneamh in-athnuaite atá beartaithe do 2030, mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún baint amach na ‘bpointí tagartha’ sin in 2022, 2025 agus 2027 a mheas, inter alia, ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ba cheart do na Ballstáit a thíolacadh. Ba cheart do na Ballstáit atá faoi bhun a bpointí tagartha míniú a thabhairt, ina gcéad tuarascáil eile ar dhul chun cinn, ar cad é a dhéanfaidh siad chun a bhearna a chumhdach. Más rud é nach gcomhlíontar pointí tagartha táscacha an Aontais, ba cheart do na Ballstáit atá faoi bhun a bpointí tagartha aghaidh a thabhairt air sin trí bhearta breise a chur chun feidhme darb aidhm an bhearna a chumhdach.

(60)  Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh an fhaisnéis is cothroime le dáta a chur ar fáil faoina n-astaíochtaí GCT agus faoina gcuid aistrithe. Ba cheart leis an Rialachán seo gur féidir measúnú dá leithéid a ullmhú laistigh de na hachair ama is giorra trí fhaisnéis staidrimh agus faisnéis eile a úsáid amhail, i gcás inarb iomchuí, sonraí spásbhunaithe a sholáthraítear tríd an gClár Copernicus a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26) agus trí chórais satailíte eile.

(61)  Faoi Rialachán (AE) 2018/842, ba cheart leanúint de chur chuige thimthriall bliantúil na ngealltanas a socraíodh i gCinneadh Uimh. 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27). Leis an gcur chuige sin, éilítear athbhreithniú cuimsitheach ar fhardail GCT na mBallstát chun gur féidir comhlíonadh a mheas agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh i gcás inar gá. Tá gá le próiseas athbhreithnithe a bhunú ar leibhéal an Aontais i ndáil leis na fardail GCT a thíolacann na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar comhlíonadh Rialachán (AE) 2018/842 a mheas ar bhealach inchreidte, comhsheasmhach, trédhearcach agus tráthúil.

(62)  Ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún a áirithiú go mbeidh dlúthchomhar ann maidir le gach ábhar a bhaineann le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh, le dlúth-rannpháirtíocht ag Parlaimint na hEorpa i ndáil le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo. Ba cheart don Choimisiún, de réir mar is iomchuí, cabhrú leis na Ballstáit an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus an fothú acmhainní lena mbaineann, lena n-áirítear trí acmhainní inmheánacha a shlógadh ó acmhainn samhaltaithe inmheánach agus, i gcás inarb iomchuí, ó shaineolas seachtrach.

(63)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear san áireamh ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha faoi leith a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

(64)  Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, ar prionsabail é lena mbreithnítear, sula ndéanfar cinntí maidir le pleanáil fuinnimh, beartas fuinnimh agus infheistíocht fuinnimh, an bhféadfaí bearta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh atá costéifeachtach agus fónta ó thaobh na teicneolaíochta, an chomhshaoil agus na heacnamaíochta de, a chur go hiomlán nó go páirteach in ionad na mbeart pleanála, beartais agus infheistíochta atá beartaithe, agus cuspóirí a gcinntí faoi seach á mbaint amach san am céanna. Áirítear leis sin, go háirithe, an éifeachtúlacht fuinnimh a láimhseáil mar ghné bhuntábhachtach agus mar shaincheist ríthábhachtach maidir le cinntí a dhéanfar amach anseo ar bhonneagar fuinnimh san Aontas. Ar na roghanna costéifeachtacha eile tá bearta a dhéanamh chun go mbeidh an t-éileamh ar fhuinneamh agus soláthar an fhuinnimh níos éifeachtúla, go háirithe trí choigealtas costéifeachtach úsáide deiridh fuinnimh, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú, a tharchur agus a dháileadh ar bhealach níos éifeachtúla. Ba cheart do na Ballstáit freisin scaipeadh an phrionsabail sin a spreagadh sna rialtais réigiúnacha agus áitiúla, agus san earnáil phríobháideach.

(65)  Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil cuidiú leis an gCoimisiún, de réir mar is iomchuí agus i gcomhréir lena clár oibre bliantúil, maidir le measúnú, faireachán agus obair thuairiscithe.

(66)  Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an creat ginearálta maidir le pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (teimpléad) a leasú, chun an teimpléid a oiriúnú do leasuithe ar chreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais a bhaineann go díreach agus go sonrach le ranníocaíochtaí an Aontais faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras, chun na hathruithe ar phoitéinsil téimh dhomhanda (GWPanna) agus ar na treoirlínte fardal a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur san áireamh, agus chun ceanglais shubstainteacha a leagan síos maidir le córas fardail an Aontais agus na clárlanna a chur ar bun. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(28). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na Ballstát, agus rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a chur san áireamh ann, i gcás inar gá, cinntí a glacadh faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.

(67)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, go háirithe i ndáil le tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn; tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha, ioncam ceantála; tuairisciú bliantúil maidir le neasfhardail GCT, fardail GCT agus astaíochtaí agus na haistrithe GCT ar a dtugtar i gcuntas, sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais do fhuinneamh in-athnuaite, córais fardail náisiúnta agus córais fardail Aontais, athbhreithniú ar an bhfardal; agus córais Aontais agus náisiúnta maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin; agus tuairisciú ar bheartais GCT, ar bhearta GCT agus ar réamh-mheastacháin GCT, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(29).

(68)  Chun na cumhachtaí cur chun feidhme a leagtar síos sa Rialachán seo a fheidhmiú, ba cheart go bhfaigheadh an Coimisiún cúnamh ina chuid cúraimí faoin Rialachán seo ó Choiste um Athrú Aeráide lena n-athbhunaítear an Coiste um Athrú Aeráide atá ann cheana arna bhunú le hAirteagal 8 de Chinneadh 93/389/CEE, le hAirteagal 9 de Chinneadh 280/2004/CE agus le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus ó Choiste an Aontais Fuinnimh. Chun comhsheasmhacht beartas a áirithiú agus d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar shineirgí idir earnálacha, ba cheart cuireadh chuig cruinnithe an dá choiste a thabhairt do shaineolaithe aeráide agus do shaineolaithe fuinnimh, agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.

(69)  Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo in 2024 agus gach cúig bliana as sin amach agus ba cheart dó tograí leasaitheacha a dhéanamh de réir mar is iomchuí chun a chur i bhfeidhm cuí agus gnóthú a chuspóirí a áirithiú. Ba cheart forbairtí a chur san áireamh sna hathbhreithnithe sin agus ba cheart iad a dhéanamh i bhfianaise na dtorthaí ar an stocáireamh domhanda an Chomhaontaithe Pháras ▌.

(70)  Leis an Rialachán seo, ba cheart comhtháthú, leasú, ionadú, agus aisghairm a dhéanamh ar oibleagáidí áirithe pleanála, tuairiscithe agus faireacháin atá ann faoi láthair i gníomhartha reachtacha earnálacha fuinnimh agus aeráide an Aontais chun cur chuige cuíchóirithe agus comhtháite a áirithiú i leith phríomhsnáitheanna na pleanála, an tuairiscithe agus an fhaireacháin. Ba cheart na gníomhartha reachtacha a leanas a leasú dá réir sin:

   Treoir Uimh. 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30);
   Treoir Uimh. 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31);
   Treoir Uimh. 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32);
   Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33);
   Rialachán (CE) Uimh. 9993/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34);
   Treoir Uimh. 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35);
   Treoir 2009/119/CE ón gComhairle(36);
   Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37);
   Treoir 2012/27/AE;
   Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38);
   Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle(39).

(71)  Ar chúiseanna comhleanúnachais agus cinnteachta dlíthiúla, níor cheart go gcuirfeadh aon ní sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe de bhun dhlí earnálacha ábhartha an Aontais i réimse an leictreachais agus na hullmhachta i gcomhair riosca leictreachais.

(72)  Ba cheart forálacha Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a chomhtháthú ina n-iomláine sa Rialachán seo. Dá thoradh sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 525/2013 a aisghairm ón 1 Eanáir 2021. Chun a áirithiú, áfach, go leanfar de Chinneadh Uimh. 406/2009/CE a chur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus go leanfaidh gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme Phrótacal Kyoto de bheith cumhdaithe sa dlí, is gá go leanfaidh forálacha áirithe de bheith infheidhme i ndiaidh an dáta sin.

(73)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, de bharr scála agus éifeachtaí na gníomhaíochta atá beartaithe, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréire, mar atá leagtha amach san Airteagal sin ní théann an Rialachán seo thar an méid atá riachtanach d’fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo, bunaítear sásra rialachais chun:

(a)  straitéisí agus bearta a chur chun feidhme arna ceapadh cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus gealltanais fhadtéarmacha astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais a bhaint amach atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, agus na cuspóirí agus spriocanna don chéad tréimhse deich mbliana ó 2021 go 2030, go háirithe spriocanna an Aontais do 2030 maidir le fuinneamh agus aeráid, a bhaint amach;

(b)  comhar idir na Ballstáit a spreagadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, ar comhar é atá ceaptha chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach;

(c)  tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine thuairisciú an Aontais agus na mBallstát chuig rúnaíocht UNFCCC agus chuig rúnaíocht Chomhaontú Pháras a áirithiú;

(d)  rannchuidiú le cinnteacht rialála níos fearr mar aon le rannchuidiú le cinnteacht níos fearr d’infheisteoirí agus cuidiú leis an leas iomlán a bhaint as deiseanna ar fhorbairt eacnamaíoch, spreagadh infheistíochta, cruthú post agus comhtháthú sóisialta.

Bunaítear an sásra rialachais ar straitéisí fadtéarmacha, ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chumhdaíonn tréimhsí deich mbliana ó 2021 go 2030, ar thuarascálacha comhfhreagracha na mBallstát ar dhul chun cinn náisiúnta maidir le cúrsaí fuinnimh agus aeráide agus ar shocruithe comhtháite faireacháin ag an gCoimisiún. Áirítear leis an sásra rialachais go mbeidh deiseanna éifeachtacha ann don phobal chun a bheith rannpháirteach in ullmhú na bpleananna náisiúnta sin agus na straitéisí fadtéarmacha sin. Cuimsíonn sé próiseas struchtúrtha, trédhearcach agus atriallach idir an Coimisiún agus na Ballstáit chun críocha pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt chun críche agus chun iad a chur chun feidhme ina dhiaidh sin, lena n-áirítear próiseas maidir le comhar réigiúnach, agus gníomhaíocht chomhfhreagrach an Choimisiúin.

2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na ▌ cúig ghné den Aontas Fuinnimh, a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile agus a threisíonn a chéile:

(a)  slándáil fuinnimh;

(b)  an margadh inmheánach fuinnimh;

(c)  éifeachtúlacht fuinnimh;

(d)  dícharbónú; agus

(e)  taighde, nuálaíocht agus iomaíochas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘beartais agus bearta’ gach ionstraim a rannchuidíonn le cuspóirí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach agus/nó le gealltanais faoi phointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(2) de UNFCCC a chur chun feidhme, lena bhféadfar na hionstraimí sin a áireamh nach bhfuil srianadh agus laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa mar phríomhchuspóir iontu;

(2)  ciallaíonn ‘beartais agus bearta atá ann cheana’ beartais agus bearta atá curtha chun feidhme agus beartais agus bearta glactha;

(3)  ciallaíonn ‘beartais agus bearta atá curtha chun feidhme’ beartais agus bearta a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas ina leith ar an dáta a gcuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn: tá dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta i bhfeidhm, tá comhaontú deonach amháin nó níos mó bunaithe, tá acmhainní airgeadais leithdháilte, tá acmhainní daonna curtha ar fáil;

(4)  ciallaíonn ‘beartais agus bearta atá glactha’ beartais agus bearta a bhfuil cinneadh oifigiúil rialtais déanta ina leith ag an dáta a cuireadh isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn agus go bhfuil gealltanas soiléir ann dul ar aghaidh lena gcur chun feidhme;

(5)  ciallaíonn ‘beartais agus bearta atá beartaithe’ roghanna atá á bplé agus a bhfuil seans réalaíoch ann go nglacfar iad agus go gcuirfear chun feidhme iad i ndiaidh an dáta a chuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn;

(6)  ciallaíonn ‘córas do bheartais agus bearta agus réamh-mheastacháin’ córas socruithe institiúideacha, dlíthiúla agus nósanna imeachta arna bhunú chun tuairisciú a dhéanamh ar bheartais, bearta agus réamh-mheastacháin a bhaineann le hastaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí, le haistrithe gás ceaptha teasa trí linnte agus leis an gcóras fuinnimh, mar a cheanglaítear inter alia le hAirteagal 39;

(7)  ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin’ réamhaisnéisí ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó trí fhorbairtí ar an gcóras fuinnimh, lena n-áirítear, ar a laghad, meastacháin chainníochtúla do sheicheamh 4 bliana sa todhchaí dar críoch 0 nó 5 díreach i ndiaidh na bliana tuairiscithe;

(8)  ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin gan bhearta’ réamh-mheastacháin gás ceaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte, réamh-mheastacháin nach n-áiríonn éifeachtaí gach beartas agus gach beart atá beartaithe, glactha nó curtha chun feidhme i ndiaidh na bliana roghnaithe mar thúsphointe don réamh-mheastachán ábhartha;

(9)  ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin le bearta’ réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte a chuimsíonn, ó thaobh laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa nó forbairtí ar an gcóras fuinnimh, éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart atá glactha agus atá curtha chun feidhme;

(10)  ciallaíonn ‘réamh-mheastacháin le bearta breise’ réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus ar aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte nó trí fhorbairtí ar an gcóras fuinnimh a chuimsíonn, maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart atá glactha agus atá curtha chun feidhme chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun spriocanna fuinnimh a bhaint amach, mar aon le beartais agus bearta atá beartaithe chun na críche sin;

(11)  ciallaíonn ‘spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais’ an sprioc cheangailteach ar fud an Aontais laghdú intíre 40% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an gheilleagair i gcomparáid le 1990, ar sprioc í atá le baint amach faoi 2030, an sprioc cheangailteach ar leibhéal an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite é 32 % ar a laghad don sciar den tomhaltas fuinnimh in-athnuaite san Aontas in 2030, an príomhsprioc ar leibhéal an Aontais 32,5 % ar a laghad d’fheabhsú éifeachtúlachta fuinnimh in 2030, ▌ agus an sprioc 15% d’idirnascadh leictreachais do 2030 nó aon spriocanna ina dhiaidh sin i ndáil leis sin arna gcomhaontú ag an gComhairle Eorpach nó ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle don bhliain 2030;

(12)  ciallaíonn ‘córas fardail náisiúnta’ córas socruithe institiúideacha, dlíthiúla agus nós imeachta atá bunaithe laistigh de Bhallstát chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte, agus chun faisnéis fardail a thuairisciú agus a chartlannú;

(13)  ciallaíonn ‘táscaire’ fachtóir cainníochtúil nó cáilíochtúil nó athróg a chuireann le tuiscint níos fearr ar dhul chun cinn an chur chun feidhme;

(14)  ciallaíonn ‘príomhtháscairí’ na táscairí maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i ndáil leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh faoi mar a mhol an Coimisiún;

(15)  ciallaíonn ‘ceartúcháin theicniúla’ coigeartuithe ar mheastacháin an fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa arna ndéanamh i gcomhthéacs an athbhreithnithe de bhun Airteagal 38 nuair a bhíonn sonraí an fhardail atá curtha isteach neamhiomlán nó ullmhaithe ar shlí nach bhfuil ag teacht leis na rialacha nó leis na treoirlínte ábhartha idirnáisiúnta nó de chuid an Aontais agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur in ionad na meastachán a cuireadh isteach ar dtús;

(16)  ciallaíonn ‘dearbhú cáilíochta’ córas beartaithe nósanna imeachta athbhreithnithe a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go gcomhlíonfar na cuspóirí maidir le cáilíocht sonraí agus go bhfuil na meastacháin agus an fhaisnéis is fearr is féidir á dtuairisciú chun tacú le héifeachtúlacht an chláir rialaithe cáilíochta agus chun cabhrú leis na Ballstáit;

(17)  ciallaíonn ‘rialú cáilíochta’ córas gnáthghníomhaíochtaí teicniúla a bhfuil sé mar aidhm leis cáilíocht na faisnéise agus na meastachán atá á dtiomsú a thomhas agus a rialú chun sláine, cruinneas agus iomláine na sonraí a áirithiú, earráidí agus easnaimh a aithint agus déileáil leo, sonraí agus ábhar eile a úsáidtear a dhoiciméadú agus a chartlannú, agus na gníomhaíochtaí dearbhaithe cáilíochta uile a thaifeadadh;

(18)  ciallaíonn ‘bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh’ an-aird ar fad a thabhairt, agus cinntí á ndéanamh maidir le pleanáil fuinnimh, agus maidir le beartas agus infheistíocht, ar bhearta malartacha éifeachtúlachta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun go mbeadh an t-éileamh fuinnimh agus an soláthar fuinnimh níos éifeachtúla trí choigilteas úsáid dheiridh fuinnimh cost-éifeachtacha, tionscnaimh freagartha don éileamh, agus fuinneamh a thiontú ar bhealach níos éifeachtúla agus cuspóirí na gcinntí sin á mbaint amach;

(19)  ciallaíonn ‘Plean SET’ an Plean Straitéiseach Eorpach um Theicneolaíocht Fuinnimh mar a leagtar amach é sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2015, dar teideal, ‘I dTreo Plean Straitéiseach Comhtháite um Theicneolaíocht Fuinnimh (SET): Dlús a chur leis an Athrú ar Chóras Fuinnimh na hEorpa’;

(20)  ciallaíonn ‘iarrachtaí luatha’:

(a)  i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar an mbearna a d’fhéadfadh a bheith idir sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá bainte amach ag Ballstát agus atá os cionn a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/...(40) nó dul chun cinn luath atá déanta ag Ballstát i dtreo a sprice ceangailtí náisiúnta do 2020;

(b)  i gcomhthéacs moltaí ón gCoimisiún arna mbunú ar an measúnú de bhun phointe (b) d’Airteagal 29(1) maidir le fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, cur chun feidhme luath atá déanta ag Ballstát maidir lena rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais 32 % ar a laghad den fhuinneamh in-athnuaite in 2030 arna thomhas in aghaidh a phointí tagartha náisiúnta le haghaidh fuinnimh in-athnuaite;

(21)  ciallaíonn ‘comhar réigiúnach’ comhar idir dhá Bhallstát nó níos mó atá i gcomhpháirtíocht lena gcumhdaítear gné amháin nó níos mó den Aontas Fuinnimh;

(22)  ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ nó ‘fuinneamh in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó fuinneamh in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(41) ;

(23)  ciallaíonn ‘olltomhaltas deiridh fuinnimh’ olltomhaltas deiridh fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(42);

(24)  ciallaíonn ‘scéim cúnaimh’ scéim cúnaimh mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(43) ;

(25)  ciallaíonn ‘athchumhachtú’ athchumhachtú mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (44) ;

(26)  ciallaíonn ‘pobal fuinnimh in-athnuaite’ pobal fuinnimh in-athnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (45) ;

(27)  ciallaíonn ‘téamh ceantair’ nó ‘fuarú ceantair’ téamh ceantair nó fuarú ceantair mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (46) ;

(28)  ciallaíonn ‘dramhail’ dramhail mar a shainmhínítear i bpointe (23) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(47) ;

(29)  ciallaíonn ‘bithmhais’ bithmhais mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(48) ;

(30)  ciallaíonn ‘bithmhais talmhaíochta’ bithmhais talmhaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (49);

(31)  ciallaíonn ‘bithmhais foraoise’ bithmhais foraoise mar a shainmhínítear i bpointe (26) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (50) ;

(32)  ciallaíonn ‘breoslaí bithmhaise’ breoslaí bithmhaise mar a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (51) ;

(33)  ciallaíonn ‘bithghás’ bithghás mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (52) ;

(34)  ciallaíonn ‘bithleachtanna’ bithleachtanna mar a shainmhínítear i bpointe (32) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(53)

(35)  ciallaíonn ‘bithbhreoslaí’ bithbhreoslaí mar a shainmhínítear i bpointe (33) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(54) ;

(36)  ciallaíonn ‘bithbhreoslaí ardfhorbartha’ bithbhreoslaí ardfhorbartha mar a shainmhínítear i bpointe (34) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (55) ;

(37)  ciallaíonn ‘breoslaí carbóin athchúrsáilte’ breoslaí carbóin athchúrsáilte mar a shainmhínítear i bpointe (35) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (56) ;

(38)  ciallaíonn ‘barra stáirse-shaibhir’ barra stáirse-shaibhir mar a shainmhínítear i bpointe (39) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (57) ;

(39)  ciallaíonn ‘barra bia agus beatha’ barra bia agus beatha mar a shainmhínítear i bpointe (40) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(58) ;

(40)  ciallaíonn 'ábhar ligniceallalósach' ábhar ligniceallalósach mar a shainmhínítear i bpointe (41) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/... (59) ;

(41)  ciallaíonn ‘iarmhair’ iarmhair mar a shainmhínítear i bpointe (43) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/...(60) ;

(42)  ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh phríomhúil’ tomhaltas fuinnimh phríomhúil mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir2012/27/AE;

(43)  ciallaíonn ‘tomhaltas fuinnimh deiridh’ tomhaltas fuinnimh deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(44)  ciallaíonn ‘éifeachtúlacht fuinnimh’ éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(45)  ciallaíonn ‘ coigilteas fuinnimh’ coigilteas fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (5) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(46)  ciallaíonn ‘feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh’ feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(47)  ciallaíonn ‘seirbhís fuinnimh’ seirbhís fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(48)  ciallaíonn ‘achar urláir úsáidigh iomlán’ achar urláir úsáidigh iomlán mar a shainmhínítear i bpointe (10) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(49)  ciallaíonn ‘córas bainistiú fuinnimh’ córas bainistiú fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(50)  ciallaíonn ‘páirtí faoi oibleagáid’ páirtí faoi oibleagáid mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(51)  ciallaíonn ‘údarás poiblí cur chun feidhme’ údarás poiblí cur chun feidhme mar a shainmhínítear i bpointe (17) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(52)  ciallaíonn ‘gníomhaíocht aonair’ gníomhaíocht aonair mar a shainmhínítear i bpointe (19) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(53)  ciallaíonn ‘dáileoir fuinnimh’ dáileoir fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(54)  ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/CE agus i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE;

(55)  ciallaíonn ‘comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola’ comhlacht díolacháin fuinnimh miondíola mar a shainmhínítear i bpointe (22) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(56)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse fuinnimh’ soláthraí seirbhíse fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(57)  ciallaíonn ‘conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh’ conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(58)  ciallaíonn ‘comhghiniúint’ comhghiniúint mar a shainmhínítear i bpointe (30) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(59)  ciallaíonn ‘foirgneamh’ foirgneamh mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(60)  ciallaíonn ‘foirgneamh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas’ foirgneamh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(61)  ciallaíonn ‘teaschaidéal’ teaschaidéal mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE;

(62)  ciallaíonn ‘breosla iontaise’ foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh atá bunaithe ar charbón, amhail bresolaí soladacha, gás nadúrtha agus ola.

CAIBIDIL 2

PLEANANNA COMHTHÁITE NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE

Airteagal 3

Pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.  Faoin 31 Nollaig 2019, agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin, agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát fógra a thabhairt don Choimisiún faoi phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Áireofar sna pleananna na heilimintí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus in Iarscríbhinn I. Cumhdóidh an chéad phlean an tréimhse ó 2021 go 2030, agus an pheirspictíocht fhadtéarmach á cur san áireamh. Cumhdóidh na pleananna ina dhiaidh sin an tréimhse deich mbliana díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse lena mbaineann an plean roimhe.

2.  Beidh na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhdhéanta de na príomhchodanna seo a leanas:

(a)  forléargas ar an bpróiseas a leanadh chun an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhunú a bheidh comhdhéanta d’achoimre feidhmiúcháin, tuairisc ar an gcomhairliúchán poiblí le páirtithe leasmhara agus a rannpháirtíocht agus ar na torthaí a bhí orthu, agus ar chomhar réigiúnach le Ballstáit eile in ullmhú an phlean, mar a bhunaítear in Airteagail 10 go 12 agus i bpointe 1 de Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(b)  tuairisc ar ▌chuspóirí, ar spriocanna agus ar rannchuidithe náisiúnta a bhaineann leis na ▌ gnéithe den Aontas Fuinnimh, mar a leagtar amach in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I;

(c)  tuairisc ar na beartais agus ar na bearta a bheartaítear maidir leis na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a leagtar amach faoi phointe (b) mar aon le forléargas ginearálta ar an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe comhfhreagracha a chomhlíonadh;

(d)  tuairisc ar staid reatha na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear maidir leis an gcóras fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa mar aon le réamh-mheastacháin maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) mar aon le beartais agus bearta atá ann cheana;

(e)  i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na bacainní agus constaicí rialála agus neamh-rialála ar na cuspóirí, spriocanna, nó rannchuidithe a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a ghnóthú;

(f)  measúnú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) a bhaint amach, lena n-áirítear a gcomhréireacht leis na cuspóirí fadteármacha maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi Chomhaontú Pháras agus leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15;

(g)  measúnú ginearálta ar thionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe maidir le hiomaíochas a bhaineann leis na cúig ghné den Aontas Fuinnimh;

(h)  iarscríbhinn, arna tarraingt suas i gcomhréir leis na ceanglais agus an struchtúr a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ina leagtar amach modheolaíochtaí agus bearta beartais an Bhallstáit chun an ceanglas maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2012/27/AE agus Iarscríbhinn V a ghabhann léi.

3.  Maidir lena bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, déanfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas:

(a)  teorainn a chur le castacht riaracháin agus costais do na geallsealbhóirí ábhartha uile;

(b)  na hidirnaisc idir na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a chur san áireamh, go háirithe bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh;

(c)  úsáid a bhaint as sonraí agus toimhdí láidre agus comhsheasmhacha ar fud na gcúig ghné i gcás inarb ábhartha;

(d)  líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh a mheas, agus aird á tabhairt acu ar na seirbhísí fuinnimh intíre is gá chun bunchaighdeáin mhaireachtála sa chomhthéacs náisiúnta ábhartha a ráthú, ar an mbeartas sóisialta atá ann cheana agus beartais ábhartha eile, agus ar threoir tháscach ón gCoimisiún maidir le táscairí ábhartha maidir le bochtaineacht fuinnimh.

I gcás ina bhfaigheadh Ballstát amach, de bhun phointe (d) den chéad fhomhír, go bhfuil líon suntasach teaghlach i mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát sin, ar bhonn a mheasúnaithe bunaithe ar shonraí infhíoraithe, déanfaidh sé cuspóir táscach náisiúnta chun bochtaineacht fuinnimh a laghdú a chur san áireamh ina phlean. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a léiriú ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, beartais agus bearta lena dtabharfar aghaidh ar an mbochtaineacht fuinnimh, más ann di, lena n-áirítear bearta maidir le beartais shóisialta agus cláir náisiúnta ábhartha eile.

4.  Déanfaidh gach Ballstát a phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal.

5.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun pointí 2.1.1 agus 3.1.1 de Roinn A agus 4.1 agus 4.2.1 de Roinn B de Chuid 1, agus pointe 3 de Chuid 2 d’Iarscríbhinn I a leasú, chun críocha iad a oiriúnú do leasuithe ar chreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais atá bainteach go díreach agus go sonrach le rannchuidithe an Aontais faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras ▌.

Airteagal 4

Cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe náisiúnta le haghaidh ▌ na gcúig ghné den Aontas Fuinnimh

Déanfaidh gach Ballstát a leagan amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na príomhchuspóirí, na príomhspriocanna agus na rannchuidithe príomha, mar atá sonraithe i bpointe 2 de roinn A d’Iarscríbhinn I:

(a)  maidir leis an ngné ‘Dícharbónú’:

(1)  maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, agus d’fhonn cuidiú le baint amach na sprice ó thaobh laghdú ar astaíocht gás ceaptha teasa an Aontais ar fud an gheilleagair:

(i)  sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus na teorainneacha ceangailteacha bliantúla náisiúnta de bhun Rialachán (AE) 2018/842;

(ii)  gealltanais an Bhallstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/841;

(iii)  i gcás inarb infheidhme chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh agus gealltanais fhadtéarmacha an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le Comhaontú Pháras, cuspóirí agus spriocanna eile, lena n-áirítear spriocanna earnála agus spriocanna oiriúnaithe, a bhaint amach.

(2)  maidir le fuinneamh in-athnuaite:

D’fhonn sprioc cheangailteach an Aontais 32 % ar a laghad den fhuinneamh in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir (AE) 2018/... (61) a ghnóthú, rannchuidiú leis an sprioc sin ó thaobh sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, maille le conair tháscach don rannchuidiú sin ó 2021 ar aghaidh. Faoi 2022, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha 18% ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú le sprioc 2030. Faoi 2025, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha dar luach 43 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit sin do 2020 agus a rannchuidiú leis an sprioc do 2030. Faoi 2027, sroichfidh an chonair tháscach pointe tagartha dar luach 65 % ar a laghad den mhéadú iomlán ar an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 an Bhallstáit sin agus a rannchuidiú leis an sprioc do 2030.

Faoi 2030, sroichfear, leis an gconair tháscach, ar a laghad rannchuidiú beartaithe an Bhallstáit. I gcás ina síleann Ballstát go sáróidh sé a sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020, féadfar tús a chur leis an gconair tháscach ar pé leibhéal is réamh-mheasta di. Maidir le conairí táscacha na mBallstát, i dteannta a chéile, ní mór gurb ionann iad agus pointí tagartha an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 agus sprioc cheangailteach an Aontais gur fuinneamh in-athnuaite a bheidh in 32 % ar a laghad den fhuinneamh in 2030. Ar leithligh ón rannchuidiú le sprioc an Aontais agus óna chonair tháscach chun críocha an Rialacháin seo, beidh sé de shaoirse ag Ballstát uaillmhian níos mó a shonrú chun críocha an bheartais náisiúnta;

(b)  maidir leis an ngné ‘Éifeachtúlacht Fuinnimh’:

(1)  an rannchuidiú táscach d’éifeachtúlacht fuinnimh náisiúnta maidir le spriocanna ▌ éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais eadhon 32.5 % ar a laghad in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus in Airteagal 3(5) de Threoir 2012/27/AE, bunaithe ar thomhaltas fuinnimh príomhúil nó deiridh, nó coigilteas fuinnimh phríomhúil nó deiridh, nó déine fuinnimh.

Cuirfidh na Ballstáit a rannchuidiú féin in iúl ó thaobh leibhéal absalóideach de thomhaltas príomhúil fuinnimh agus de thomhaltas deiridh fuinnimh in 2020, agus ó thaobh leibhéal absalóideach de thomhaltas príomhúil fuinnimh agus de thomhaltas deiridh fuinnimh in 2030, mar aon le conair tháscach maidir leis an rannchuidiú sin ó 2021 ar aghaidh. Déanfaidh siad a modheolaíocht bhunúsach agus na fachtóirí tiontaithe a úsáidtear a mhíniú;

(2)  méid carnach an choigiltis úsáid deiridh fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse 2021-2030 faoi phointe (b) d’Airteagal 7(1) maidir leis na hoibleagáidí coigiltis fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE;

(3)  garspriocanna táscacha na straitéise fadtéarmaí le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, an treochlár lena bhfuil táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, meastachán fianaisebhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta lena bhfuiltear ag súil, agus na rannchuidithe le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(4)  an t-achar urláir iomlán atá le hathchóiriú nó coigilteas fuinnimh bhliantúla coibhéiseacha atá le baint amach ó 2021 go 2030 faoi Airteagal 5 de Threoir 2012/27/AE maidir le ról eiseamláireach fhoirgnimh na gcomhlachtaí poiblí;

(c)  maidir leis an ngné ‘Slándáil Fuinnimh’:

(1)  spriocanna náisiúnta i ndáil le:

–  méadú a dhéanamh ar éagsúlú foinsí fuinnimh agus ar sholáthar ó thríú tíortha, a d’fhéadfadh a bheith chun críche laghdú a dhéanamh ar spleáchas ar allmhairiú fuinnimh;

–  méadú a dhéanamh ar sholúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh, agus

–  aghaidh a thabhairt ar sholáthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a fheabhsú, lena n-áirítear tráthchlár inar gá na cuspóirí a bhaint amach;

(d)  maidir leis an ngné ‘An Margadh Inmheánach Fuinnimh’:

(1)  an leibhéal idirnascthachta leictreachais a bhfuil sé mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs an sprice idirnascthachta 15% ar a laghad do 2030, le straitéis lena ndéantar an leibhéal ó 2021 ar aghaidh a shainiú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, agus aird á tabhairt ar sprioc idirnascachta 10% agus ar na táscairí maidir le práinn na gníomhaíochta bunaithe ar dhifreálach praghsanna sa mhargadh mórdhíola, ar chumas tarchuradóireachta ainmniúil na n-idirnascairí i gcomparáid lena mbuaiclód agus le toilleadh giniúint in-athnuaite atá suiteáilte mar a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I. Beidh gach idirnascaire nua faoi réir anailís costais is tairbhe socheacnamaíoch agus comhshaoil agus ní chuirfear iad chun feidhme ach i gcás inar mó na tairbhí féideartha ná na costais;

(2)  tionscadail ▌ ríthábhachtacha bonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, agus, i gcás inarb ábhartha, tionscadail ábhartha nuachóirithe, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi ▌ na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;

(3)  cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh amhail: solúbthacht an chórais a mhéadú, go háirithe trí bheartais agus bearta a bhaineann le praghasmhúnlú margadhbhunaithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme; comhthathú margaidh agus cúpláil mhargaidh, arb é is aidhm leo acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear tráthchlár don uair atá na cuspóirí le baint amach, agus cuspóirí náisiúnta eile a bhaineann leis an margadh inmheánach fuinnimh mar a leagtar amach i bpointe 2.4.3 de Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I;

(e)  maidir leis an ngné ‘Taighde, Nuálaíocht agus Iomaíochas’:

(1)  cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair gur cheart na cuspóirí a bhaint amach; ag léiriú thosaíochtaí Straitéis an Aontais Fuinnimh agus, i gcás inarb ábhartha, ag léiriú thosaíochtaí Phlean-SET. Agus a chuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe á leagan amach aige, féadfaidh an Ballstát cur leis na straitéisí nó pleananna náisiúnta atá ann cheana agus atá comhoiriúnach le dlí an Aontais;

(2)  i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuspóirí náisiúnta do 2050 a bhaineann le teicneolaíochtaí glana fuinnimh a chur chun cinn.

Airteagal 5

Próiseas socraithe rannchuidiú na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite

1.  Agus a rannchuidiú á shocrú aige maidir lena sciar d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030 agus sa bhliain dheiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin, de bhun phointe (a)(2) d’Airteagal 4, cuirfidh gach Ballstát na nithe seo uile a leanas san áireamh:

(a)  na bearta dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2018/... (62);

(b)  na bearta a glacadh chun an sprioc éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach a glacadh de bhun Threoir 2012/27/AE;

(c)  aon bhearta eile atá ann cheana chun fuinneamh in-athnuaite a chur chun cinn laistigh den Bhallstát agus, i gcás inarb ábhartha, ar leibhéal an Aontais;

(d)  an sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020 maidir le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite ina olltomhaltas deiridh fuinnimh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (63) .

(e)  aon imthosca ábhartha a dhéanann difear d’úsáid fuinnimh in-athnuaite, amhail:

(i)  dáileadh cothrom na húsáide ar fud an Aontais;

(ii)  dálaí eacnamaíocha agus acmhainneacht eacnamaíoch, lena n-áirítear OTI per capita;

(iii)  acmhainneacht maidir le húsáid chostéifeachtach fuinnimh in-athnuaite;

(iv)  srianta geografacha, comhshaoil agus nádúrtha, lena n-áirítear srianta na limistéar agus na réigiún nach bhfuil idirnasctha; ▌

(v)  an leibhéal idirnaisc cumhachta atá idir na Ballstáit;

(vi)  imthosca ábhartha eile, go háirithe iarrachtaí luatha.

Maidir le pointe (e) den chéad fhomhír, déanfaidh gach Ballstát a léiriú ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cad iad na himthosca ábhartha a dhéanann difear d’úsáid fuinnimh in-athnuaite atá curtha san áireamh aige.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit le chéile, faoi 2030, gurb ionann iomlán a rannchuidithe agus 32% ar a laghad den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh ar leibhéal an Aontais.

Airteagal 6

Próiseas chun rannchuidiú na mBallstát a shocrú i réimse na héifeachtulachta fuinnimh

1.  Ina rannchuidiú táscach náisiúnta féin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030 agus don bhliain dheiridh den tréimhse atá cumhdaithe le haghaidh na bpleananna náisiúnta ina dhiaidh sin de bhun phointe (b)(1) d’Airteagal 4, déanfaidh gach Ballstát a chur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2012/27/AE, nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2020 le bheith os cionn 1 483 Mtoe d’fhuinneamh príomhúil a bheith os cionn 1 086 Mtoe d’fhuinneamh deiridh agus nach bhfuil tomhaltas fuinnimh an Aontais in 2030 le bheith os cionn 1 273 Mtoe d’fhuinneamh príomhúil agus/ná a bheith os cionn 956 Mtoe d’fhuinneamh deiridh

Ina theannta sin, cuirfidh gach Ballstát na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)  na bearta dá bhforáiltear i dTreoir 2012/27/AE;

(b)  bearta eile chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn laistigh den Bhallstát agus ar leibhéal an Aontais.

2.  Ina rannchuidiú dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh gach Ballstát a chur san áireamh dálaí náisiúnta a dhéanann difear do thomhaltas príomhúil agus deiridh, amhail:

(a)  an acmhainneacht chostéifeachtach chaomhnaithe fuinnimh atá ann fós;

(b)  forbairt agus réamh-mheastachán na holltáirgeachta intíre;

(c)  athruithe ar allmhairí agus ar onnmhairí fuinnimh;

(d)  athruithe ar an meascán fuinnimh agus forbairt gabhála agus stórála carbóin; agus

(e)  gníomhaíochtaí luatha.

Maidir leis an gcéad fhomhír, déanfaidh gach Ballstát a léiriú ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cé na himthosca a dhéanann difear don tomhaltas príomhúil agus deiridh atá curtha san áireamh aige, mas ann dóibh.

Airteagal 7

Beartais agus bearta náisiúnta maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh

Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc, i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar na príomhbheartais agus na príomhbhearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe go háirithe chun na cuspóirí a leagtar amach sa phlean náisiúnta a bhaint amach, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na bearta lena bhforáiltear do chomhar réigiúnach agus maoiniú cuí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cláir agus ionstraimí an Aontais.

Déanfaidh na Ballstáit forléargas ginearálta a sholáthar maidir leis an infheistíocht is gá a dhéanamh chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean náisiúnta a bhaint amach, mar aon le measúnú ginearálta ar fhoinsí na hinfheistíochta sin.

Airteagal 8

Bonn anailíse na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc, i gcomhréir leis an struchtúr agus san fhormáid a shonraítear in Iarscríbhinn I, ar an staid reatha maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh lena n-áirítear an córas fuinnimh agus na hastaíochtaí agus na haistrithe gás ceaptha teasa tráth a gcuirfear an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide isteach nó ar bhonn na faisnéise is déanaí atá ar fáil. Déanfaidh na Ballstáit freisin réamh-mheastacháin a leagan amach agus tabharfaidh siad tuairisc orthu maidir le gach ceann de na cúig ghné den Aontas Fuinnimh, ar feadh ré an phlean sin ar a laghad, a bhfuiltear ag súil leo mar thoradh ar na beartais agus na bearta atá ann cheana. Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall tuairisc a thabhairt ar na peirspictíochtaí breise níos fadtéarmaí do na cúig ghné, níos faide anonn ná ré an phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcás inarb ábhartha agus i gcás inar féidir.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar na measúnuithe atá déanta acu, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb infheidhme, maidir le:

(a)  na tionchair ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa do ré an phlean agus ar feadh tréimhse deich mbliana tar éis na bliana is déanaí a chumhdaítear leis an bplean, faoi na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin atá bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1;

(b)  tionchar maicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchar sláinte, comhshaoil, scileanna agus sóisialta na mbeartas agus na mbeart nó na grúpaí beart atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 agus a shonraítear tuilleadh in Iarscríbhinn I, don chéad tréimhse deich mbliana go dtí 2030, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin bunaithe ar na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá ann cheana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar an mhodheolaíocht a úsáidfear chun na tionchair sin a mheas a chur ar fáil don phobal;

(c)  idirghníomhaíochtaí idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus beartais agus bearta nó grúpaí beart atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta nó grúpaí beart atá ann cheana agus na beartais agus na bearta nó na grúpaí beart atá beartaithe agus a bhaineann le gnéithe éagsúla don chéad tréimhse deich mbliana ar a laghad go dtí an bhliain 2030. Déanfar réamh-mheastacháin maidir le cinnteacht soláthair, bonneagar agus comhtháthú an mhargaidh a nascadh le cásanna láidre éifeachtúlachta fuinnimh;

(d)  an dóigh a meallfaidh na beartais agus na bearta atá ann cheana agus beartais agus bearta atá beartaithe an infheistíocht is gá chun iad a chur chun feidhme.

3 Déanfaidh na Ballstáit faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil don phobal maidir leis na toimhdí, na paraiméadair agus na modheolaíochtaí a úsáidtear do na cásanna deiridh agus do na réamh-mheastacháin, agus aird á tabhairt ar na srianta staitistiúla, ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

Airteagal 9

Dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.  Faoin 31 Nollaig 2018, agus faoin 1 Eanáir 2028 ina dhiaidh sin agus gach deich mbliana ina dhiaidh sin arís, déanfaidh gach Ballstát dréacht den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus le hIarscríbhinn I.

2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus féadfaidh sé moltaí tír-shonracha a eisiúint chuig na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 34 tráth nach déanaí ná sé mhí roimh an spriocdháta chun na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin a thíolacadh. Tabharfar aghaidh go háirithe sna moltaí sin ar na nithe seo a leanas:

(a)  leibhéal uaillmhéine na gcuspóirí, na spriocanna agus an rannchuidithe d’fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, chomh maith leis an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 4(d), agus aird chuí á tabhairt ar na himthosca ábhartha a dhéanann difear d’úsáid fuinnimh in-athnuaite agus tomhaltas fuinnimh arna gcur in iúl ag an mBallstát lena mbaineann sa dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus ar tháscairí maidir lena phráinní is atá gníomhaíocht idirnascachta a shuitear i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I;

(b)  beartais agus bearta a bhaineann le cuspóirí ar leibhéal na mBallstát agus an Aontais agus beartais agus bearta eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha ó thaobh cúrsaí trasteorann;

(c)  beartais agus bearta breise ar bith a d’fhéadfadh a bheith riachtanach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide;

(d)  idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus na bearta atá beartaithe a chuimsítear sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide laistigh d’aon ghné amháin agus i measc gnéithe éagsúla den Aontas Fuinnimh.

3.  Tabharfaidh gach Ballstát aird chuí ar aon mholtaí ón gCoimisiún agus ina phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Mura dtéann an Ballstát lena mbaineann i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é.

4.  I gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí dá dtagraítear in Airteagal 10, cuirfidh gach Ballstát a dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fáil don phobal.

Airteagal 10

Comhairliúchán poiblí

Gan dochar d’aon cheanglais dlí eile de chuid an Aontais, áiritheoidh gach Ballstát go dtabharfar deiseanna luatha éifeachtacha don phobal a bheith rannpháirteach in ullmhú an dréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir leis na pleananna don tréimhse ó 2021 go 2030, in ullmhú an dréachtphlean i bhfad sula nglacfar é – chomh maith le hullmhú na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15. Ceanglóidh gach Ballstát achoimre ar thuairimí an phobail nó ar thuairimí sealadacha an phobail le tíolacadh na ndoiciméad sin don Choimisiún. A mhéid is atá Treoir 2001/42/CE infheidhme, measfar i gcás comhairliúcháin a dhéanfar ar an dréacht i gcomhréir leis an Treoir sin, go sásaíonn siad na hoibleagáidí maidir le dul i gcomhairle leis an bpobal faoin Rialachán seo.

Áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar an pobal a chur ar an eolas. Leagfaidh gach Ballstát tréimhsí ama réasúnta amach sa chaoi go mbeidh am leordhóthanach ann an pobal a chur ar an eolas agus sa chaoi go mbeidh a dhóthain ama ag an bpobal a bheith rannpháirteach agus a chuid tuairimí a chur in iúl.

Cuirfidh gach Ballstát teorainn le castacht riaracháin agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme aige.

Airteagal 11

Idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh

Déanfaidh gach Ballstát idirphlé il-leibhéil maidir leis an aeráid agus fuinneamh de bhun na rialacha náisiúnta a bhunú ina mbeidh údaráis áitiúla, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, lucht gnó, infheisteoirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile agus an pobal i gcoitinne in ann dul i ngleic go gníomhach leis na cásanna éagsúla atá beartaithe do bheartais fuinnimh agus aeráide agus iad a phlé, lena n-áirítear ar bhonn fadtéarmach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn, mura bhfuil struchtúr chun na críche céanna ann cheana. D'fhéadfadh pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a phlé faoi chuimsiú an idirphlé sin.

Airteagal 12

Comhar réigiúnach

1.  Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile, agus aird á tabhairt acu ar chineálacha éagsúla an chomhair réigiúnaigh atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann, chun na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuiduithe a leagtar amach ina bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bhaint amach go héifeachtach.

2.  Sula gcuirfidh gach Ballstát a dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 9(1) – maidir leis na pleananna don tréimhse ó 2021 go 2030, in ullmhúchán an phlean críochnaitheach i bhfad roimh a nglactha – aithneoidh siad deiseanna le haghaidh comhar réigiúnach agus rachaidh siad i gcomhairle le Ballstáit chomharsanachta, lena n-áirítear i bhfóraim um chomhar réigiúnach. Má mheasann an Ballstát is údar don phlean gurb iomchuí sin a dhéanamh, féadfaidh an Ballstát sin dul i gcomhairle le Ballstáit eile nó le tríú tíortha a léirigh spéis. Rachaidh Ballstát oileánach nach bhfuil idirnaisc fuinnimh acu le Ballstáit eile i mbun comhairliúcháin le Ballstáit chomharsanachta a bhfuil teorainneacha muirí acu. Ba cheart tréimhse réasúnach ama a thabhairt do na Ballstáit a dtéitear i gcomhairle leo freagairt. Leagfaidh gach Ballstát amach ina dhréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir leis na pleananna don tréimhse 2021-2030, ina phlean náisiúnta críochnaitheach don fhuinneamh agus don aeráid – torthaí sealadacha na gcomhairliúchán réigiúnach sin ar a laghad, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme an chaoi ar cuireadh tuairimí na mBallstát nó na dtríú tíortha san áireamh.

3.  Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh i ndréachtú deonach comhpháirteach codanna dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus dá dtuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear i bhfóraim um chomhar réigiúnach. Má dhéanann siad amhlaidh, cuirfear an toradh in ionad na gcodanna comhionanna dá bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus dá dtuarascálacha maidir le dul chun cinn. Arna iarraidh sin do dhá Bhallstát nó níos mó, déanfaidh an Coimisiún an cleachtadh sin a éascú.

4.  Chun comhtháthú margaidh agus beartais agus bearta costéifeachtúla a éascú, déanfaidh na Ballstáit, sa tréimhse idir an sprioc-am do thíolacadh a ndréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus an sprioc-am do thíolacadh a bpleananna deiridh, na codanna ábhartha dá ndréachtphlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur i láthair i bhfóraim ábhartha um chomhar réigiúnach ag féachaint dá dtabhairt chun críche. I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún comhar agus comhairliúchán den sórt sin i measc na mBallstát a éascú, agus má shainaithníonn sé deiseanna ar chomhar réigiúnach breise, féadfaidh sé treoir tháscach a thabhairt do na Ballstáit chun an próiseas comhair agus comhairliúcháin éifeachtúil a éascú agus a áirithiú.

5.  Breithneoidh na Ballstáit na tuairimí a fuair siad ó Bhallstáit eile de bhun mhíreanna 2 agus 3 ina bplean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide, agus míneoidh siad sna pleananna sin an chaoi a ndearnadh na tuairimí sin a bhreithniú.

6.  Chun na críocha dá dtagraítear i mír 1, leanfaidh na Ballstáit orthu ag obair i gcomhar le chéile ar an leibhéal réigiúnach, agus i bhfóraim um chomhar réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus beartais agus bearta ábhartha a bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide á gcur chun feidhme acu.

7.  Féadfaidh na Ballstáit comhar a bheartú freisin le sínithe an Chomhphobail Fuinnimh agus tríú tíortha ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad.

8.  A mhéid atá forálacha Threoir 2001/42/CE infheidhme, aon chomhairliúchán trasteorann a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7 den Treoir sin, measfar go sásaíonn sé sin na hoibleagáidí maidir le comhar réigiúnach de bhun an Rialacháin seo ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais an Airteagail seo.

Airteagal 13

Measúnú na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

Ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus ar na nuashonruithe orthu, arna bhfógairt de bhun Airteagail 3 agus 14, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe, ar an méid seo a leanas:

(a)  an leor iad na cuspóirí, na spriocanna agus na rannchuiduithe chun cuspóirí comhchoiteanna an Aontais Fuinnimh a bhaint amach agus, sa chéad tréimhse deich mbliana go háirithe, spriocanna Chreat Aeráide agus Fuinnimh 2030 an Aontais;

(b)  an gcomhlíonann na pleananna na ceanglais ó Airteagail 3 go 12 agus ar thug na Ballstáit aird chuí ar na moltaí ón gCoimisiún arna n-eisiúint de bhun Airteagal 34.

Airteagal 14

An plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a thabhairt cothrom le dáta

1.  Faoin 30 Meitheamh 2023, agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2033 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, cuirfidh gach Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin dréacht cothrom le dáta den phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi nó tabharfaidh siad údar cuí don Choimisiún maidir leis an gcúis nach gá an plean a thabhairt cothrom le dáta.

2.  Faoin 30 Meitheamh 2024 agus ina dhiaidh sin faoin 1 Eanáir 2034 agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le tabhairt cothrom le dáta an phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi, ach amháin má bhíonn údar cuí tugtha acu maidir leis an gcúis nach gá an plean a thabhairt cothrom le dáta de bhun mhír 1.

3.  Sa tabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh gach Ballstát ▌ modhnú ar a chuspóir, sprioc rannchuidiú náisiúnta i ndáil le ceann ar bith de cuspóirí, spriocanna nó rannchuidithe an Aontais a leagtar amach i bpointe (a)(1) d’Airteagal 4 chun uaillmhian mhéadaithe a léiriú i gcomparáid leis an uaillmhian a leagadh amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi. Sa tabhairt cothrom le dáta sin dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfaidh gach Ballstát modhnú ar a cuspóir, sprioc nó rannchuidiú náisiúnta i ndáil le ceann ar bith de chuspóirí, spriocanna nó rannchuidithe an Aontais a leagtar amach in bpointe (a)(2) agus (b) d’Airteagal 4, ach amháin chun uaillmhian chomhionann nó mhéadaithe a léiriú i gcomparáid leis an uaillmhian a leagadh amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide is déanaí ar tugadh fógra faoi.

4.  Déanfaidh na Ballstáit iarrachtaí a bplean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta aon drochthionchar comhshaoil a bhí le feiceáil mar chuid den tuairisciú comhtháite de bhun Airteagail 17 go 25 a mhaolú.

5.  Ina nuashonraithe dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh na Ballstáit na moltaí is déanaí a chur san áireamh a bhaineann le tíortha faoi leith agus a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, mar aon le hoibleagáidí a eascraíonn as Comhaontú Pháras.

6.  Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 9(2) agus in Airteagail 10 agus 12 maidir le hullmhú agus measúnú ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide cothrom le dáta .

7.  Ní dochar an tAirteagal seo do cheart na mBallstát athruithe agus oiriúnuithe a dhéanamh, tráth ar bith, ar na beartais náisiúnta a leagtar amach nó dá dtagraítear ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar choinníoll go mbeidh na hathruithe agus na hoiriúnuithe sin ar áireamh sa tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.

CAIBIDIL 3

STRAITÉISÍ FADTÉARMACHA ▌

Airteagal 15

Straitéisí fadtéarmacha ▌

1.  Faoin 1 Eanáir 2020 agus faoin 1 Eanáir 2029 ina dhiaidh sin agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát a straitéis fhadtéarmach ▌a mbeidh ▌peirspictíocht 30 bliain ar a laghad aici a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart do na Ballstáit, i gcás inar gá, na straitéisí sin a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana.

2.  Agus é mar aidhm aige na cuspóirí comhshaoil foriomlána dá dtagraítear i mír 3 a bhaint amach, faoin 1 Aibreán 2019, glacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh straitéis fhadtéarmach de chuid an Aontais i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú atá comhsheasmhach le Comhaontú Pháras, agus dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát á gcur san áireamh aige. Beidh anailís ar áireamh sa straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear sa mhír seo, lena gcumhdófar ar a laghad na nithe seo a leanas:

(a)  cásanna éagsúla maidir le rannchuidiú an Aontais i dtreo na gcuspóirí a leagtar amach i mír 3, inter alia, cás ina mbainfí amach astaíochtaí gás ceaptha teasa glan nialasacha laistigh den Aontas faoi 2050 agus astaíochtaí diúltacha ina dhiaidh sin;

(b)  tionchair na gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) ar an mbuiséad carbóin domhanda agus Aontais a bheidh fágtha chun faisnéis a chur ar fáil do phlé maidir leis an éifeachtúlacht, éifeachtacht agus cothromaíocht costais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

3.  Rannchuideoidh straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais leis na nithe seo a leanas:

(a)  comhlíonadh ghealltanais an Aontais agus na mBallstát faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa a laghdú agus aistrithe trí linnte a fheabhsú agus ceapadh carbóin mhéadaithe a chur chun cinn;

(b)  comhlíonadh chuspóir Chomhaontú Pháras maidir leis an méadú ar an meánteocht dhomhanda a choinneáil roinnt mhaith níos ísle ná 2° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5° C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;

(c)  laghduithe fadtéarmacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach agus feabhsú ar aistrithe trí linnte i ngach earnáil i gcomhréir le cuspóir an Aontais, i gcomhthéacs na laghduithe atá riachtanach, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) ▌ chun laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais ar bhealach atá éifeachtach ó thaobh costais de agus chun feabhsú ar aistrithe trí linnte d’fhonn spriocanna teochta i gComhaontú Pháras a ghnóthú chun go mbainfear cothromaíocht amach idir astaíochtaí antrapaigineacha trí fhoinsí agus aistrithe gás ceaptha teasa trí linnte laistigh den Aontas a luaithe agus is féidir agus, de réir mar is iomchuí, astaíochtaí diúltacha a bhaint amach ina dhiaidh sin;

(d)  córas fuinnimh laistigh den Aontas atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de.

4.  I straitéisí ▌ fadtéarmacha na mBallstát, ba cheart go mbeadh na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Ina theannta sin, le straitéisí fadtéarmacha na mBallstát agus an Aontais cumhdófar na nithe seo a leanas:

(a)  iomlán na laghduithe ar astaíocht antrapaigineach gás ceaptha teasa agus na bhfeabhsuithe ar aistrithe trí linnte;

(b)  laghduithe ar astaíochtaí agus feabhsuithe ar aistrithe in earnálacha aonair lena n-áirítear leictreachas, tionsclaíocht, iompar, an earnáil téimh agus fuaraithe agus foirgníochta (idir chónaithe agus threasach), talmhaíocht, dramhaíl, talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF);

(c)  an dul chun cinn a bhfuiltear ag súil leis chuig geilleagar ina mbeidh astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa lena n-áirítear déine na ngás ceaptha teasa, déine CO2 na holltáirgeachta intíre, meastacháin ghaolmhara ar infheistíocht fhadtéarmach, agus straitéisí do thaighde, d’fhorbairt agus do nuálaíocht ghaolmhar;

(d)  a mhéid is indéanta, tionchar socheacnamaíoch a bhfuiltear ag súil leis ó na bearta dícharbónaithe lena n-áirítear inter alia gnéithe a bhaineann le forbairt mhaicreacnamaíoch agus shóisialta, rioscaí agus tairbhí sláinte agus cosaint an chomhshaoil;

(e)  naisc le cuspóirí náisiúnta fadtéarmacha eile, pleanáil agus beartais agus bearta eile, agus infheistíocht.

5.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun Iarscríbhinn IV a leasú chun críocha a oiriúnaithe d’fhorbairtí i straitéis fhadtéarmach an Aontais nó i gcreat beartais Fuinnimh agus Aeráide an Aontais atá bainteach go díreach agus go sonrach leis na cinntí ábhartha arna nglacadh faoi UNFCCC agus, go háirithe, faoi Chomhaontú Pháras.

6.  Beidh ▌na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir leis na straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear san Airteagal seo.

7.  ▌ Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an pobal a chur ar an eolas láithreach maidir lena straitéisí ▌ fadtéarmacha agus aon nuashonruithe ar na straitéisí sin agus cuirfidh siad ar fáil don phobal iad, lena n-áirítear trí bhíthin an ríomh-ardáin dá dtagraítear in Airteagal 28. Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí ábhartha na dtorthaí críochnaitheacha a chur ar fáil don phobal, agus aird á tabhairt ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

8.  Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit agus a gcuid straitéisí fadtéarmacha á n-ullmhú acu trí fhaisnéis a sholáthar maidir le staid an eolais eolaíoch fholuitigh agus deiseanna a chur ar fáil chun eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, treoir do na Ballstáit ag céim forbartha agus chur chun feidhme a gcuid straitéisí.

9.  Déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na straitéisí fadtéarmacha leordhóthanach chun cuspóirí agus spriocanna an Aontais Fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, agus cuirfidh sé faisnéis ar fáil maidir le haon bhearna chomhchoiteann atá fágtha.

Airteagal 16

Plean straitéiseach maidir le meatán

I bhfianaise an phoitéinsil mhóir maidir le téamh domhanda agus an tsaolré measartha gearr atá ag an meatán, déanfaidh an Coimisiún anailís ar na himpleachtaí atá ann maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun críocha laghdú a dhéanamh ar thionchar gearrthéarmach agus meántéarmach na n-astaíochtaí meatáin ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas. Agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh á gcur san áireamh de réir mar is iomchuí, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar roghanna beartais chun aghaidh a thabhairt go pras ar astaíochtaí meatáin agus déanfaidh sé plean straitéiseach Aontais a chur ar aghaidh mar chuid lárnach de straitéis fhadtéarmach an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 15.

CAIBIDIL 4

TUAIRISCIÚ

ROINN 1

TUARASCÁLACHA DÉBHLIANTÚLA AR DHUL CHUN CINN AGUS OBAIR LEANTACH ORTHU

Airteagal 17

Tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn

1.  Gan dochar d'Airteagal 26, faoin 15 Márta 2023, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh gach Ballstát tuarascáil don Choimisiún maidir le stádas chur chun feidhme a phlean chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide trí thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn lena gcumhdófar gach ceann de chúig ghné an Aontais Fuinnimh.

2.  Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn cumhdófar na gnéithe seo a leanas:

(a)  faisnéis faoin dul chun cinn atá déanta i dtreo ghnóthú na gcuspóirí, na spriocanna agus na rannchuidithe a leagtar amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, agus i dtreo mhaoiniú agus chur chun feidhme na mbeartas agus na mbearta is gá lena mbaint amach, lena n-áirítear athbhreithniú ar infheistíocht iarbhír i gcomparáid le toimhdí infheistíochta tosaigh;

(b)  i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an dul chun cinn i dtaca leis an idirphlé dá dtagraítear in Airteagal 11 a chur ar bun;

(c)  an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 20 go hAirteagal 25 agus, i gcás inarb iomchuí, nuashonruithe ar bheartais agus ar bhearta, i gcomhréir leis na hAirteagail sin;

(d)  faisnéis maidir le ▌ hoiriúnú ▌ i gcomhréir le pointe (a)(1) d'Airteagal 4;

(e)  a mhéid is féidir, cainníochtú ar thionchar na mbeartas agus na mbeart sin a bhí sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar an gcaighdeán aeir agus ar astaíochtaí truailleán aeir ▌.

Cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit tuarascálacha débhliantúlai gcomhréir le Cinneadh 2/CP.17 de Chomhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, agus teachtaireachtaí náisiúnta faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC de réir Airteagal 12 de UNFCC .

3.  Leis an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, cumhdófar an fhaisnéis atá sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 26(3) agus an fhaisnéis maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte atá sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18.

4.  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid, mionsonraí teicniúla agus próiseas a leagan amach i gcás na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6) .

5.  Déanfar cothromaíocht a aimsiú idir minicíocht agus scála na faisnéise agus na nuashonruithe dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2, ar thaobh amháin, agus an gá a áirithiú go mbeidh go leor cinnteachta ag infheisteoirí, ar an taobh eile.

6.  I gcás ina bhfuil moltaí eisithe ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 32(1) nó (2), áireoidh an Ballstát lena mbaineann ina thuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis faoi na beartais agus na bearta atá glactha, nó atá beartaithe lena nglacadh agus lena gcur chun feidhme, chun aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin. I gcás inarb infheidhme, áireofar san fhaisnéis sin amchlár mionsonraithe maidir le cur chun feidhme.

I gcás ina gcinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh sé a réasúnú.

7.  Cuirfidh na Ballstáit na tuarascálacha a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo ar fáil don phobal.

Airteagal 18

Tuairisciú comhtháite ar bhearta agus ar bheartais agus ar réamhmheastacháin maidir le gáis cheaptha teasa

1.  Faoin 15 Márta 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas a thuairisciú don Choimisiún:

(a)  a mbeartais agus a mbearta nó a ngrúpa beart náisiúnta chun na cuspóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bhaint amach; agus

(b)  a réamh-mheastacháin náisiúnta ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte, iad eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (Hidreafluaracarbóin agus Sárfhluaracarbóin) a liostaítear i gCuid 2 d'Iarscríbhinn V. Cuirfear san áireamh sna réamh-mheastacháin náisiúnta aon bheartais agus aon bhearta arna nglacadh ar leibhéal an Aontais agus áireofar iontu an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

2.  Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil ar na réamh-mheastacháin is cothroime le dáta a bheidh ar fáil. I gcás nach gcuirfidh Ballstát na réamh-mheastacháin iomlána ar fáil faoin 15 Márta gach dara bliain, agus ina ndeimhneoidh an Coimisiún nach bhféadfaidh an Ballstát sin na bearnaí sna réamh-mheastacháin a líonadh tráth a shainaithneofar iad trí nósanna imeachta um dhearbhú cáilíochta nó rialú cáilíochta an Choimisiúin, féadfaidh an Coimisiún réamh-mheastacháin a bheidh ag teastáil chun réamh-mheastacháin an Aontais a thiomsú a ullmhú, i gcomhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann.

3.  Cuirfidh Ballstát in iúl don Choimisiún aon athrú suntasach ar an bhfaisnéis a tuairiscíodh de bhun mhír 1 sa chéad bhliain den tréimhse tuairiscithe, faoin 15 Márta an bhliain i ndiaidh na tuarascála roimhe sin.

4.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don phobal, i bhfoirm leictreonach, a réamh-mheastacháin náisiúnta de bhun mhír 1 agus aon mheasúnú ábhartha ar chostais agus ar éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart náisiúnta maidir le cur chun feidhme bheartais an Aontais a bhaineann le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a theorannú mar aon le haon tuarascálacha teicniúla ábhartha a bheadh mar bhonn agus mar thaca acu. Ba cheart a áireamh leis na réamh-mheastacháin agus na measúnuithe sin tuairisc ar na samhlacha agus ar na cineálacha cur chuige modheolaíochta, chomh maith leis na sainmhínithe agus na toimhdí bunúsacha a úsáideadh.

Airteagal 19

Tuairisciú comhtháite ar ghníomhaíochtaí oiriúnaithe náisiúnta, tacaíocht airgeadais agus teicneolaíochta arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha agus ioncaim cheantála

1.  Faoin 15 Márta 2021, agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún maidir lena bpleanáil agus a straitéisí oiriúnaithe náisiúnta don athrú aeráide, agus tabharfaidh siad breac-chuntas ar na gníomhaíochtaí atá curtha chun feidhme agus beartaithe acu chun oiriúnú don athrú aeráide a éascú ▌ lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 1 d'Iarscríbhinn VIII agus i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe arna gcomhaontú faoi UNFCCC agus faoi chomhaontú Pháras.

2.  Faoin 31 Iúil 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún faoin leas a baineadh as ioncam arna ghiniúint ag an mBallstát as lamháltais a cheantáil de bhun Airteagal 10(1) agus Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 3 d'Iarscríbhinn VIII.

3.  Faoin 30 Meán Fómhair 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún faoi thacaíocht a thabhairt do thíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear an fhaisnéis a shonraítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VIII agus i gcomhréir leis na ceanglais ábhartha tuairiscithe arna comhaontú faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras.

4.  Déanfaidh na Ballstáit na tuarascálacha a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal, cé is moite den fhaisnéis a shonraítear i bpointe (b) de Chuid 2 d’Iarscríbhinn VIII.

5.  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próisis an churtha isteach a leagan amach do na Ballstáit atá ag tuairisciú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6) .

Airteagal 20

Tuairisciú comhtháite ar fhuinneamh in-athnuaite

Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)  faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí agus na gcuspóirí seo a leanas:

(1)  conair náisiúnta tháscach le haghaidh sciar foriomlán d’fhuinneamh in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030;

(2)  conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair;

(3)  conairí measta de réir teicneolaíochta fuinnimh in-athnuaite atá le húsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach idir 2021 agus 2030 lena n-áirítear an t-olltomhaltas deiridh fuinnimh a bhfuil súil leis de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán na hacmhainne suiteáilte in MW atá beartaithe de réir teicneolaíochta agus earnála;

(4)  conairí maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise, de réir an bhunábhair agus an tionscnaimh (maille le dealú idir táirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF;

(5)  i gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear iad siúd atá fadtéarmach agus earnálach (amhail sciar bithmhaise leictreachais a tháirgtear gan úsáid teasa, sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite), fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fhuíolluisce;

(b)  faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:

(1)  beartais agus bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach 2030 an Aontais a bhaint amach maidir le fuinneamh in-athnuaite mar a léirítear i bpointe (a)(2) d’Airteagal 4 den Rialachán seo, lena n-áirítear bearta a bhaineann go sonrach le hearnálacha agus le teicneolaíochtaí ar leith, mar aon le hathbhreithniú ar leith ar chur chun feidhme na mbeart a leagtar síos in Airteagail 23 go 28 de Threoir (AE) 2018/... (64);

(2)  i gcás ina bhfuil siad ar fáil, bearta sonracha le haghaidh comhar réigiúnach;

(3)  gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal CFAE, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, chun úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar;

(4)  i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/... (65);

(5)  bearta ar leith chun ceanglais Airteagal 15 go 18 de Threoir (AE) 2018/... (66) a chomhlíonadh;

(6)  i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha chun an gá atá le hacmhainn atá bunriachtanach don oibriú seasmhach as a dtagann ciorrú ar fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a mheas, a dhéanamh trédhearcach agus a laghdú;

(7)  achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin a chuirfidh na Ballstáit ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/... (67) chun forbairt ar fhéintomhaltas in-athnuaite agus ar chomhphobail fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú;

(8)  bearta a chuireann úsáid fuinnimh ó bhithmhais chun cinn, go háirithe le haghaidh úsáid nua bithmhaise ag cur infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais in-athnuaite san áireamh ▌ chomh maith le bearta chun inbhuanaitheacht na bithmhaise a tháirgtear agus a úsáidtear a áirithiú;

(9)  bearta atá ar bun chun sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe agus san earnáil iompair a mhéadú;

(10)  beartais agus bearta lena n-éascaítear ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta;

(c)  de réir mar a leagtar amach i gCuid 1 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 21

Tuairisciú comhtháite ar éifeachtúlacht fuinnimh

Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn an mhéid seo a leanas:

(a)  faisnéis faoi chur chun feidhme na gconairí, na gcuspóirí agus na spriocanna náisiúnta seo a leanas:

(1)  an chonair tháscach maidir le tomhaltas bliantúil fuinnimh príomhúil agus criochnaitheach ó 2021 go 2030 mar an rannchuidiú náisiúnta coigiltis fuinnimh le gnóthú sprioc 2030 ar leibhéal an Aontais lena n-áirítear an mhodheolaíocht atá mar bhonn léi;

(2)  garspriocanna táscacha na straitéise fadtéarmaí le haghaidh athchóiriú stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, agus na rannchuidithe le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh de bhun Threoir 2012/27/AE i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(3)  i gcás inarb infheidhme, nuashonrú ar chuspóirí náisiúnta eile a leagtar amach sa phlean náisiúnta;

(b)  faisnéis faoi chur chun feidhme na mbeartas agus na spriocanna seo a leanas:

(1)  beartais, bearta agus cláir arna gcur chun feidhme, glactha agus beartaithe chun an rannchuidiú táscach náisiúnta a bhaint amach do 2030 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le cuspóirí eile dá dtagraítear in Airteagal 6, lena n-áirítear bearta agus ionstraimí arna mbeartú (de chineál airgeadais freisin) chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn, bearta chun leas a bhaint as acmhainneacht éifeachtúlacht fuinnimh an bhonneagair gáis agus leictreachais agus bearta eile chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

(2)  i gcás inarb infheidhme, ionstraimí margadhbhunaithe a spreagann feabhsúcháin éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear cánacha, tobhaigh agus lamháltais fuinnimh ach gan a bheith teoranta dóibh siúd;

(3)  scéim oibleagáide náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha de bhun Airteagal 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III den Rialachán seo;

(4)  straitéisí athchóirithe fadtéarmacha i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(5)  beartais agus bearta chun seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus bearta chun bacainní rialála agus neamhrialála a bhaint a chuireann bac ar ghlacadh na conraitheoireachta feidhmíochta fuinnimh agus múnlaí seirbhíse eile don éifeachtúlacht fuinnimh;

(6)  comhar réigiúnach i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, i gcás inarb infheidhme;

(7)  gan dochar d'Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;

(c)  de réir mar a leagtar amach i gCuid 2 d'Iarscríbhinn IX.

Airteagal 22

Tuairisciú comhtháite ar an gcinnteacht fuinnimh

Sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn áireoidh na Ballstáit faisnéis faoi chur chun feidhme an méid seo a leanas:

(a)  cuspóirí náisiúnta i ndáil le héagsúlú i dtaca le foinsí agus soláthar ▌ an fhuinnimh;

(b)  i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú;

(c)  cuspóirí náisiúnta i ndáil le hullmhacht chun dul i ngleic le soláthar srianta nó briste ó fhoinse fuinnimh, lena n-áirítear gás agus leictreachas;

(d)  cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí bhíthin foinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe;

(e)  na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe  (a) go (d) a bhaint amach;

(f)  comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d);

(g)  gan dochar d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.

Airteagal 23

Tuairisciú comhtháite ar an margadh inmheánach fuinnimh

1.  Áireoidh na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:

(a)  an leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil mar chuspóir ag an mBallstát é a bheith bainte amach aige in 2030 i gcomhthéacs na sprice idirnascachta leictreachais do 2030 de 15% ar a laghad agus na dtáscairí a leagtar amach i bpointe 2.4.1 de Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I, chomh maith le bearta chun an straitéis um an leibhéal sin a bhaint amach a chur chun feidhme, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le húdaruithe a dheonú;

(b)  tionscadail ▌ ríthábhachtacha bhonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi ▌ na cúig ghné den Aontas Fuinnimh a bhaint amach;

(c)  i gcás inarb infheidhme, príomhthionscadail bhonneagair arna mbeartú seachas Tionscadail Leasa Choitinn, lena n-áirítear tionscadail bhonneagair a bhfuil baint ag tríú tíortha leo, agus, a mhéid is féidir, measúnú ginearálta ar a chomhoiriúnacht agus a rannchuidiú le haidhmeanna agus spriocanna an Aontais Fuinnimh;

(d)  cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh a mhéadú, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú;

(e)  i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh;

(f)  i gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus bearta náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d’fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;

(g)  bearta i ndáil le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú;

(h)  na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) a bhaint amach;

(i)  comhar réigiúnach maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (h);

(j)  gan dochar d’Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE, bearta airgeadais ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, lena n-áirítear don sprioc idirnascachta leictreachais, i gcás inarb infheidhme;

(k)  bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann.

2.  Beidh an fhaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit faoi mhír 1 i gcomhréir le agus, de réir mar is cuí, bunaithe ar an tuarascáil ó na rialálaithe náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 37(1) de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe (e) d’Airteagal 41(1) de Threoir 2009/73/CE.

Airteagal 24

Tuairisciú Comhtháite ar an mBochtaineacht Fuinnimh

I gcás ina mbeidh feidhm ag an dara fomhír de phointe (d) d’Airteagal 3(3), cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na nithe seo a leanas san áireamh ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn:

(a)  faisnéis maidir le dul chun cinn i dtreo an chuspóra náisiúnta tháscaigh i dtaca le líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh; agus

(b)  faisnéis chainníochtúil maidir le líon na dteaghlach atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus i gcás ina bhfuil fáil uirthi, faisnéis maidir le beartais agus bearta a théann i ngleic le bochtaineacht fuinnimh.

Déanfaidh an Coimisiún sonraí arna gcur in iúl ag na Ballstáit de bhun an Airteagail seo a roinnt leis an bhFaireachlann Eorpach um Bochtaineacht Fuinnimh.

Airteagal 25

Tuairisciú comhtháite ar thaighde, nuálaíocht agus iomaíochas

Áireoidh na Ballstáit ina gcuid tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ▌ faisnéis maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeart seo a leanas:

(a)  i gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta agus beartais náisiúnta trína n-aistrítear cuspóirí agus beartais Phlean SET chuig comhthéacs náisiúnta;

(b)  cuspóirí náisiúnta le haghaidh caiteachas iomlán poiblí agus, i gcás ina bhfuil fáil air, caiteachas iomlán príobháideach, i dtaighde agus i nuálaíocht a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus le haghaidh costais teicneolaíochta agus forbairt feidhmíochta;

(c)  i gcás inarb iomchuí, cuspóirí náisiúnta lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha do 2050 chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha tionsclaíocha a ídíonn mórchuid fuinnimh agus a bhfuil lorg mór carbóin acu agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh bonneagar gaolmhar um iompar, úsáid agus stóráil carbóin;

(d)  cuspóirí náisiúnta maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;

(e)  beartais agus bearta atá curtha cur chun feidhme, glactha agus beartaithe chun na cuspóirí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) a bhaint amach;

(f)  comhar le Ballstáit eile maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí agus na mbeartas dá dtagraítear i bpointe (b) go phointe (d), lena n-áirítear comhordú ar bheartais agus ar bhearta i gcomhthéacs Phlean SET, amhail ailíniú a dhéanamh ar chláir thaighde agus ar chláir chomónta;

(g)  bearta airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme.

ROINN 2

TUAIRISCIÚ BLIANTÚIL

Airteagal 26

Tuairisciú bliantúil

1.  Faoin 15 Márta 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)  an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Threoir 2009/119/CE;

(b)  an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IX de Threoir 2013/30/AE, i gcomhréir le hAirteagal 25 den Treoir sin.

2.  Faoin 31 Iúil 2021, agus gach bliain ina dhiaidh sin (bliain X), tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún a neasfhardail gás ceaptha teasa don bhliain X-1.

Chun críocha na míre seo, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn neasfhardail gás ceaptha teasa na mBallstát nó, más rud é nár chuir Ballstát in iúl a neasfhardail faoin dáta sin, ar bhonn a mheastachán féin, neasfhardal gás ceaptha teasa de chuid an Aontais a thiomsú gach bliain. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis seo ar fáil don phobal gach bliain faoin 30 Meán Fómhair.

3.  Ó 2023, déanfaidh na Ballstáit cinneadh agus déanfaidh siad tuairisciú chuig an gCoimisiún ar na sonraí deiridh maidir le fardail gás ceaptha teasa faoin 15 Márta gach bliain (bliain X) agus réamhshonraí faoin 15 Eanáir gach bliain lena n-áirítear na gáis cheaptha teasa agus faisnéis an fhardail a liostaítear in Iarscríbhinn V. Áireofar freisin sa tuarascáil ar shonraí an fhardail gás ceaptha teasa deiridh tuarascáil iomlán cothrom le dáta faoin bhfardal náisiúnta. Laistigh de thrí mhí ón uair a fhaightear na tuarascálacha, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (n) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a chur ar fáil don Choiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1).

4.  Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid Rúnaíochta UNFCCC fardail náisiúnta ina mbeidh an fhaisnéis a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin maidir le sonraí deiridh an fhardail gás ceaptha teasa i gcomhréir le mír 3 faoin 15 Aibreán gach bliain. Tiomsóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, fardail gás ceaptha teasa gach bliain don Aontas agus ullmhóidh sé tuarascáil ar fhardal gás ceaptha teasa don Aontas agus tíolacfar na tuarascálacha sin do Rúnaíocht UNFCCC faoin 15 Aibreán gach bliain.

5.  Tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil don Choimisiún faoi réamhshonraí agus sonraí deiridh an fhardail náisiúnta deiridh, faoin 15 Eanáir agus faoin 15 Márta faoi seach sna blianta 2027 agus 2032, arna n-ullmhú dá gcuntais LULUCF chun críche na dtuarascálacha comhlíonta i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841.

6.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)  cuid 2 d’Iarscríbhinn V a leasú trí shubstaintí a chur le liosta na ngás ceaptha teasa nó a scriosadh ón liosta, i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras;

(b)  forlíonadh a dhéanamh ar an Rialachán seo trí luachanna féideartha maidir le téamh domhanda a ghlacadh agus trí threoirlínte infheidhme an fhardail a shonrú i gcomhréir le cinntí ábhartha arna nglacadh UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras.

7.  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, mionsonraí teicniúla, formáid agus próisis a cheapadh maidir le neasfhardail gás ceaptha teasa atá le cur isteach ag na Ballstáit de bhun mhír 2 den Airteagal seo, fardail gás ceaptha teasa de bhun mhír 3 den Airteagal seoagus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ar a dtugtar i gcuntas i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 14 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh amchláir UNFCCC nó Chomhaontú Pháras maidir le faireachán agus tuairisciú na faisnéise agus na gcinntí ábhartha arna nglacadh ag UNFCCC nó ag comhlachtaí Comhaontú Pháras lena chinntiú go gcomhlíonfaidh an tAontas a chuid oibleagáidí tuairiscithe mar Pháirtí in UNFCCC agus i gComhaontú Pháras. Sonrófar leis na gníomhartha cur chun feidhme sin amscála an chomhair agus an chomhordaithe freisin idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le tuarascáil an Aontais a ullmhú i ndáil le fardal na ngás ceaptha teasa.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

Airteagal 27

Tuairisciú ar spriocanna 2020

Faoin 30 Aibreán 2022, cuirfidh gach Ballstát tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le gnóthú a sprioc náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh do 2020 arna mbunú de bhun Airteagal 3(1) de Threoir 2012/27/AE, tríd an bhfaisnéis arna leagan amach i gCuid 2 d’Iarscríbhinn IX den Rialachán seo a chur ar fáil, agus i ndáil leis na spriocanna náisiúnta le haghaidh sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020 mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2009/28/CE sa leagan a bheidh i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020 tríd an bhfaisnéis seo a leanas a chur ar fáil freisin:

(a)  sciar na hearnála (leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar) agus sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020;

(b)  na bearta a glacadh chun spriocanna 2020 i ndáil le fuinneamh in-athnuaite náisiúnta a bhaint amach, lena n-áirítear bearta a bhaineann le scéimeanna tacaíochta, ráthaíochtaí tionscnaimh agus simpliú nósanna imeachta riaracháin;

(c)  an sciar den fhuinneamh ó bhithbhreoslaí agus bithleachtanna arna dtáirgeadh as gránaigh agus as barra eile ar mhórán stáirse, as siúcraí agus barra ola i ndáil le hídiú fuinnimh in earnáil an iompair;

(d)  an sciar den fhuinneamh ó bhithbhreoslaí agus bithghás le haghaidh iompair a tháirgtear le bunábhair agus breoslaí eile atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir 2009/28/CE sa leagan a bheidh i bhfeidhm ar an 31 Nollaig 2020 i ndáil le hídiú fuinnimh in earnáil an iompair.

ROINN 3

ARDÁN TUAIRISCITHE

Airteagal 28

Ríomh-ardán ▌

1.  Bunóidh an Coimisiún ardán ▌ ar líne (ríomhardán) chun cumarsáid idir an Coimisiún agus na Ballstáit a éascú, chun comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn agus chun rochtain phoiblí ar fhaisnéis a éascú.

2.  Úsáidfidh na Ballstáit an ríomh-ardán chun na tuarascálacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo a thíolacadh don Choimisiún nuair a bheidh sé ag feidhmiú.

3.  Beidh an ríomh-ardán oibríochtúil faoin 1 Eanáir 2020. Úsáidfidh an Coimisiún an ríomh-ardán chun éascaíocht a dhéanamh ar rochtain phoiblí ar líne ar na tuarascálacha dá dtagraítear sa Chaibidil seo, ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide críochnaitheacha, ar nuashonruithe ar na pleananna sin, agus ar na straitéisí fadtéarmacha maidir le hastaíochtaí ísle dá dtagraítear in Airteagal 15, agus aird á tabhairt ar shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de, agus ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí.

CAIBIDIL 5

MEASÚNÚ COMHLÁN AR DHUL CHUN CINN AGUS AR AN bhFREAGAIRT BEARTAIS CHUN A ÁIRITHIÚ GO mBAINFEAR AMACH SPRIOCANNA AN AONTAIS — FAIREACHÁN AN CHOIMISIÚIN

Airteagal 29

Measúnú ar dhul chun cinn

1.  Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, go háirithe ar bhonn na dtuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, ar bhonn faisnéise eile a tuairiscíodh faoin Rialachán seo, ar bhonn na dtáscairí agus ar bhonn staitisticí agus sonraí Eorpacha nuair is ann dóibh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na nithe seo a leanas:

(a)  an dul chun cinn a rinneadh ar leibhéal an Aontais maidir le cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach, lena n-áirítear, don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, go háirithe chun críocha aon bhearnaí a sheachaint maidir le spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)  an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát chun a chuspóirí, a spriocanna agus a rannchuiduithe a bhaint amach agus chun na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme;

(c)  tionchar foriomlán na heitlíochta ar an aeráid dhomhanda trí astaíochtaí nó éifeachtaí neamh-CO2 bunaithe ar shonraí astaíochtaí arna gcur ar fáil ag Ballstáit de bhun Airteagal 26, agus feabhas a chur ar an measúnú sin trí thagairt a dhéanamh do dhul chun cinn eolaíoch agus sonraí aerthráchta, de réir mar is iomchuí;

(d)  tionchar foriomlán bheartais agus bearta na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar fheidhmiú bhearta aeráide agus fuinnimh an Aontais;

(e)  tionchar foriomlán na mbeartas agus na mbeart arna n-áireamh sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide maidir le feidhmiú chóras trádála astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (EU ETS) agus maidir leis an gcóimheá idir soláthar agus éileamh na liúntas i margadh carbóin an Aontais.

2.  I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh an Aontais ar bhonn conair tháscach Aontais a thosaíonn ag 20 % in 2020, a shroicheann pointí tagartha dar luach 18 % ar a laghad in 2022, 43 % in 2025 agus 65 % in 2027 den mhéadú foriomlán i sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite idir sprioc 2020 an Aontais agus sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite, agus a shroicheann sprioc 2030 an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite dar luach 32% ar a laghad in 2030 ▌.

3.  I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar dhul chun cinn i dtreo tomhaltas fuinnimh uasta a bhaint amach go comhchoiteann ar leibhéal an Aontais mar atá 1 273 Meigeathonna d'fhuinneamh príomhúil agus 956 Meigeathonna d'fhuinneamh deiridh in 2030 i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Threoir 2014/23/AE.

Nuair a bheidh an Coimisiún ag déanamh a chuid measúnaithe, glacfaidh sé na céimeanna seo a leanas:

(a)  a mheas an bhfuil garsprioc an Aontais gan níos mó ná 1483 meigeathonna d’fhuinneamh príomha agus gan níos mó ná 1086 meigeathonna d’

fhuinneamh deiridh in 2020, bainte amach;

(b)  a mheas an léiríonn dul chun cinn na mBallstát go bhfuil an tAontas ina iomláine ar an mbóthar ceart i dtreo an leibhéil tomhaltais fuinnimh in 2030 dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus measúnú na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit sna tuarascálacha comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn, á chur san áireamh;

(c)  torthaí ó bhearta samhaltaithe a úsáid maidir le treochtaí sa todhchaí maidir le tomhaltas fuinnimh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus feidhm a bhaint as anailís chomhlántach eile;

(d)  aird chuí a thabhairt ar imthosca ábhartha, a dhéanann difear do thomhaltas príomhúil agus deiridh, a léiríonn na Ballstáit ina gcuid pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

4.  I réimse an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh, mar chuid dá mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo leibhéal na hidirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát a bhaint amach in 2030.

5.  Faoin 31 Deireadh Fómhair 2021 agus gach bliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe ar bhonn na faisnéise a tuairiscíodh de bhun an Rialacháin seo, ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag an Aontas agus ag a chuid Ballstát i dtreo na ceanglais seo a leanas a shásamh:

(a)  gealltanais faoi Airteagal 4 de UNFCCC agus faoi Airteagal 3 de Chomhaontú Pháras mar atá leagtha amach i gcinntí arna nglacadh ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC, nó ag Comhdháil na bPáirtithe in UNFCCC ag feidhmiú dóibh mar chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras;

(b)  oibleagáidí arna leagan amach in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842 agus in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841;

(c)  na cuspóirí atá leagtha amach sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide d'fhonn cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach agus don chéad tréimhse deich mbliana d'fhonn spriocanna fuinnimh agus aeráide 2030 a chomhlíonadh.

6.  Ba cheart don Choimisiún na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha a eisíodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a chur san áireamh ina mheasúnú.

7.  Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar a mheasúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo mar chuid den tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35.

Airteagal 30

Neamhréireachtaí le cuspóirí agus spriocanna uileghabhálacha an Aontais Fuinnimh faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/842

1.  Bunaithe ar an measúnú de bhun Airteagal 29, déanfaidh an Coimisiún moltaí a eisiúint do Bhallstát de bhun Airteagal 34 má léiríonn forbairtí beartais sa Bhallstát sin neamhréireachtaí le cuspóirí uileghabhálacha an Aontais Fuinnimh.

2.  Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige úsáid a bhaint as an tsolúbthacht de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/842, déanfaidh sé, de réir mar a bhíonn an fhaisnéis sin ar fáil, a áireamh sa phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide leibhéal na húsáide atá beartaithe agus na beartais agus na bearta atá beartaithe chun na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/841 a chomhlíonadh don tréimhse ó 2021 go 2030.

Airteagal 31

Freagairt d'uaillmhian neamhleor i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide

1.  I gcás ina gcinneann an Coimisiún, ar bhonn a mheasúnaithe ar na dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 9 nó ar bhonn a mheasúnaithe ar dhréacht-uasdátú na bpleananna deiridh de bhun Airteagal 14, agus mar chuid den phróiseas atriallach, nach leor cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe na mBallstát chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe, don chéad tréimhse deich mbliana, chun sprioc cheangailteach an Aontais 2030 don fhuinneamh in-athnuaite agus sprioc an Aontais 2030 don éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach, déanfaidh sé – a mhéid a bhaineann le sprioc an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite – agus féadfaidh sé –a mhéid a bhaineann le cuspóirí eile an Aontais Fuinnimh – moltaí a eisiúint do na Ballstáit sin nach leor a rannchuidithe, dar leis, chun a n-uaillmhian a mhéadú chun go n-áiritheofar leibhéal leordhóthanach uaillmhéine comhchoitinne.

2.  I gcás ina dtarlaíonn bearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a bhunú ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II atá bunaithe ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointe (e)(i) go (v) den chéad fhomhír d’Airteagal 5(1), agus aird chuí á tabhairt aige ar imthosca ábhartha a dhéanann difear d’úsáid fuinnimh in-athnuaite arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1).

I gcás ina mbíonn bearna ann idir sprioc 2030 an Aontais agus suim na rannchuidithe náisiúnta i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar na himthosca ábhartha a liostaítear in Airteagal 6(2), ar fhaisnéis arna sholáthar ag na Ballstáit ina bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide, ar thorthaí ó chleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus ar anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí.

Gan dochar d’fhorálacha eile an Airteagail seo, agus chun críche measúnú a dhéanamh ar cibé an ann do bhearna idir sprioc 2030 an Aontais agus rannchuidithe comhchoiteanna na mBallstát, agus chun na críche sin amháin, glacfaidh an Coimisiún leis, ina mheasúnú, gurb ann do rannchuidiú náisiúnta ó na Ballstáit nár thíolaic a ndréacht-pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagal 9(1).

Agus é ag glacadh leis sin, i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (68) , torthaí ó chleachtaí samhaltaithe maidir le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite agus na torthaí ón bhfoirmle arna leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, cuirfidh sé san áireamh cleachtaí samhaltaithe i ndáil le treochtaí i dtomhaltas fuinnimh agus anailís eile chomhlántach de réir mar is iomchuí.

Ina mheasúnú ar na rannchuidithe fuinnimh in-athnuaite, bunaithe ar an bhfoirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh aon iarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair agus cobhsaíocht na n-eangach i gcórais fuinnimh bheaga nó scoite nó i mBallstáit/i gcórais ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh.

Ina mheasúnú ar rannchuidithe éifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún a chur san áireamh an iarmhairt a d’fhéadfadh a bheith ann d'oibríocht córais leictreachais agus cobhsaíocht na n-eangach i mBallstáit ina bhféadfadh impleachtaí tromchúiseacha a bheith ann mar thoradh ar athrú an limistéir shioncronaigh.

I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe ar na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus a gcuid nuashonrúchán de bhun Airteagal 14, ina measann an Coimisiún nach bhfuil cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó na nuashonruithe orthu leordhóthanach chun cuspóirí an Aontais Fuinnimh a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann agus go háirithe don chéad tréimhse deich mbliana, i gcás spriocanna 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh, molfaidh sé bearta agus bainfidh sé úsáid as a chumhachtaí ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna sin. Maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite, cuirfear san áireamh sna bearta sin leibhéal uaillmhéine rannchuidiú na mBallstát le sprioc 2030 an Aontais a leagtar amach sna pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus sna nuashonruithe orthu.

Airteagal 32

Freagairt do dhul chun cinn neamhleor i dtreo cuspóirí agus spriocanna an Aontais don fhuinneamh agus don aeráid

1.  I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe de bhun phointe (b) d’Airteagal 29(1), ina measann an Coimisiún nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta ag Ballstát i dtreo a gcuid cuspóirí, spriocanna agus rannchuidithe a bhaint amach, a gcuid pointí tagartha don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach, nó i dtaca leis na beartais agus na bearta a leagtar amach ina phlean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide a chur chun feidhme, eiseoidh sé moltaí don Bhallstát lena mbaineann de bhun Airteagal 34.

Ina mholtaí i réimse an fhuinnimh in-athnuaite, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na himthosca ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 5(1). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin tionscadail fuinnimh in-athnuaite, a ndearnadh cinneadh deiridh infheistíochta ina leith, ar choinníoll go gcuirfear na tionscadail sin i bhfeidhm sa tréimhse 2021-2030 agus go mbeidh tionchar suntasach acu ar rannchuidiú náisiúnta Ballstáit.

Ina mholtaí i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 6(1) agus ar na himthosca náisiúnta ábhartha arna gcur in iúl ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 6(2).

2.  I gcás, ar bhonn a chuid measúnaithe chomhiomláin ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn na mBallstát de bhun phointe (a) d’Airteagal 29(1) agus tacaíocht aige ó fhoinsí eile faisnéise, de réir mar is iomchuí, ina measann an Coimisiún go bhfuil an baol ann nach mbainfidh an tAontas amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh, agus go háirithe don chéad tréimhse deich mbliana, spriocanna Chreat 2030 um Aeráid agus um Fhuinneamh an Aontais, féadfaidh sé moltaí a eisiúint do gach Ballstát de bhun Airteagal 34 chun riosca den chineál sin a mhaolú.

I réimse an fhuinnimh in-athnuaite, déanfaidh an Coimisiún measúnú an leor na bearta náisiúnta dá bhforáiltear i mír 3 chun spriocanna an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite a bhaint amach. I gcás nach leor na bearta náisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na moltaí sin chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite.

I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta a mholadh agus a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chomh maith leis na moltaí sin chun a áirithiú, go háirithe, go mbainfear amach sprioc 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh.

I réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, d’fhéadfadh bearta breise den sórt sin éifeachtúlacht fuinnimh na nithe seo a leanas a fheabhsú go háirithe:

(a)  táirgí, de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(69) agus Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(70);

(b)  foirgnimh, de bhun Threoir 2010/31/AE agus Threoir 2012/27/AE; agus

(c)  an t-iompar.

3.  I gcás ina gcinneann an Coimisiún, i réimse an fhuinnimh in-athnuaite ▌, ar bhonn an mheasúnaithe de bhun Airteagal 29(1) agus (2) ▌, nach ndearnadh ceann amháin nó níos mó de phointí tagartha chonair tháscach an Aontais in 2022, 2025 agus 2027 dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a ▌ chomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit sin atá tite faoi bhun a gcuid pointí tagartha náisiúnta in 2022, 2025 agus 2027 amhail dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d’Airteagal 4, go gcuirfear bearta breise chun feidhme laistigh de bhliain amháin i ndiaidh an dáta a fhaightear measúnú an Choimisiúin chun an bhearna a chumhdach i gcomparáid lena bpointe tagartha náisiúnta, amhail:

(a)  bearta náisiúnta chun úsáid fuinnimh in-athnuaite a mhéadú;

(b)  coigeartú a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil téamh agus fuarú a leagtar amach in Airteagal 23(1) de Threoir (AE) 2018/... (71);

(c)  coigeartú a dhéanamh ar sciar an fhuinnimh in-athnuaite san earnáil iompair a leagtar amach in Airteagal 25(1) de Threoir (AE) 2018/... (72);

(d)  ranníocaíocht dheonach airgeadais a dhéanamh le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite arna bhunú ar leibhéal an Aontais, lena rannchuideofar le tionscadail fuinnimh in-athnuaite agus a bheidh á bhainistiú go díreach nó go hindíreach ag an gCoimisiún mar a leagtar amach in Airteagal 33;

(e)  úsáid a bhaint as sásraí comhair a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/....(73).

Cuirfear san áireamh i mbearta den chineál sin breithnithe an Choimisiúin de réir mar a leagtar amach iad sa dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta sin a chur san áireamh mar chuid den tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn.

4.  Ón 1 Eanáir 2021 ar aghaidh, ní bheidh sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite in olltomhaltas deiridh gach Ballstáit maidir lena n-ídiú fuinnimh níos ísle ná sciar bonnlíne is ionann agus sprioc fhoriomlán náisiúnta éigeantach an Bhallstáit le haghaidh an sciar den fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite in 2020 a leagtar amach in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/... (74). Mura gcoimeádann Ballstát a sciar bonnlíne arna mheas le linn tréimhse bliana, glacfaidh an Ballstát lena mbaineann, laistigh de bhliain amháin, bearta breise ar nós na mbeart a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo ar leor iad chun an bhearna a chumhdach laistigh de bhliain amháin.

Maidir leis na Ballstáit a chomhlíonann an oibleagáid maidir leis an mbearna sa bhonnlíne a chumhdach, measfar go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí a leagtar amach sa chéad abairt den chéad fhomhír den mhír seo agus in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/... (75) le linn na tréimhse inar tharla an bhearna.

Chun críocha ▌ phointe (d) den chéad fhomhír de mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a gcuid ioncaim ó lamháltais astaíochta bliantúla a úsáid faoi Threoir 2003/87/CE.

5.  I gcás ina dtiteann sciar Ballstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite faoi cheann amháin nó níos mó dá phointí tagartha náisiúnta in 2022, 2025 agus 2027 dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d’Airteagal 4, áireoidh sé sa chéad tuarascáil chomhtháite eile arna cur faoi bhráid an Choimisiúin de bhun Airteagal 17 míniú ar conas a chumhdóidh sé an bhearna i gcomparáid lena phointí tagartha náisiúnta.

6.  Más rud é, i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh, gan dochar do bhearta eile ar leibhéal an Aontais de bhun an triú fomhír de mhír 2 den Airteagal seo, go measann an Coimisiún, bunaithe ar a mheasúnú de bhun Airteagal 29(1) agus (3), arna dhéanamh faoi na blianta 2022, 2025 agus 2027, nach leor an dul chun cinn i dtaca le sprioc an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal (29)(3) a bhaint amach ar bhonn comhchoiteann, molfaidh sé bearta agus feidhmeoidh sé a chumhachtaí ar leibhéal an Aontais sa bhreis orthu siúd a leagtar amach i dTreoir 2010/31/AE agus i dTreoir 2012/27/AE chun a áirithiú go mbainfear amach spriocanna ▌ 2030 an Aontais don éifeachtúlacht fuinnimh. ▌

7.  Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo mionsonraí a thabhairt maidir leis na bearta breise atá curtha chun feidhme, glactha agus beartaithe mar chuid dá thuarascáil ar dhul chun cinn ina dhiaidh sin, dá dtagraítear in Airteagal 17.

8.  I gcás ina gcinneann an Coimisiún sa bhliain 2025 ar bhonn an mheasúnaithe a dhéanfaidh sé de bhun Airteagal 29(1) agus (4) nach leor a ndearnadh de dhul chun cinn i réimse na n-idirnasc, oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann faoin mbliain 2026 agus é mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar na himthosca a bhí i gceist.

Airteagal 33

Sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite

1.  Faoin 1 Eanáir 2021, bunóidh an Coimisiún sásra maoiniúcháin de chuid an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 32(3) chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail nua fuinnimh in-athnuaite san Aontas agus é mar aidhm leis bearna i gconair tháscach an Aontais a chumhdach. Féadfar tacaíocht a thabhairt, inter alia, mar phréimh a bheidh de bhreis ar phraghsanna an mhargaidh, agus leithdháilfear í ar thionscadail a iarrann an costas nó an phréimh is ísle.

2.  Gan dochar do mhír 1 den Airteagal seo, leis an sásra maoiniúcháin, rannchuideofar leis an gcreat cumasúcháin de bhun Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2018/... (76) agus é mar aidhm leis tacú le forbairt an fhuinnimh in-athnuaite ar fud an Aontais gan beann ar bhearna i gconair tháscach an Aontais. Chuige sin:

(a)  féadfar íocaíochtaí ó na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 32 a chomhlánú le foinsí breise, amhail cistí an Aontais, ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach nó íocaíochtaí breise ó Bhallstáit chun rannchuidiú le sprioc an Aontais a bhaint amach;

(b)  leis an sásra maoiniúcháin, inter alia, féadfar tacaíocht a thabhairt i bhfoirm iasachtaí ar ús íseal, deontas, nó meascán den dá rud agus féadfaidh sé tacú, inter alia, le comhthionscadail idir Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir (AE) 2018/... (77) agus rannchuidiú Ballstát i gcomhthionscadail le tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 11 den Treoir sin.

3.  Coimeádfaidh na Ballstáit an ceart a chinneadh cibé acu an gceadófar nó nach gceadófar do shuiteálacha atá lonnaithe ar a gcríoch tacaíocht a fháil ón sásra maoiniúcháin, agus i gcás ina gceadaítear, na coinníollacha faoina gceadófar é sin.

4.  Féadfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na forálacha is gá a leagan amach i ndáil le bunú agus feidhmiú an tsásra maoiniúcháin, go háirithe:

(a)  an mhodheolaíocht le haghaidh leibhéal uasta na préimhe do gach tairiscint a ríomh;

(b)  leagan amach na tairisceana a bheidh le cur i bhfeidhm, lena n-áirítear coinníollacha maidir le seachadadh agus pionóis a bhaineann leo;

(c)  an mhodheolaíocht le haghaidh ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh agus na sochair staitistiúla a eascraíonn astu do na Ballstáit a thugann an ranníocaíocht;

(d)  ceanglais íosta le haghaidh rannpháirtíocht na mBallstát, ag féachaint don ghá go mbeadh leanúnachas sa dá rud, is iad sin an sásra trí bhíthin tréimhse leordhóthanach do ranníocaíocht an Bhallstáit, chomh maith leis an méid solúbthachta uasta maidir le rannpháirtíocht na mBallstát;

(e)  forálacha lena n-áirithítear rannpháirtíocht agus/nó formheas na mBallstát óstach, agus, i gcás inar gá, forálacha a bhaineann le muirir i leith costais bhreise chórais.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

5.  Gach bliain, déanfar an fuinneamh in-athnuaite arna ghiniúint ag suiteálacha a mhaoinítear as an sásra maoiniúcháin a leithdháileadh ar bhonn staitistiúil ar na Ballstáit rannpháirteacha de réir a ranníocaíochta ábhartha. Tionscadail lena dtacaítear leis an sásra maoiniúcháin sin, a mhaoinítear le foinsí eile seachas íocaíochtaí na mBallstáit, ní chuirfear i gcuntas iad maidir le rannchuidithe náisiúnta na mBallstát ach ina n-ionad sin, cuirfear i gcuntas iad i dtreo sprioc cheangailteach an Aontais de bhun Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/... (78) .

Airteagal 34

Moltaí an Choimisiúin do na Ballstáit

1.  Eiseoidh an Coimisiún mar is iomchuí moltaí chuig na Ballstáit lena áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Aontais Fuinnimh. Cuirfidh an Coimisiún na moltaí sin ar fáil go poiblí láithreach.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo don Airteagal seo, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)  tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann aird chuí ar an moladh de mheon dlúthpháirtíochta idir Ballstáit agus an tAontas agus idir Ballstáit;

(b)  leagfaidh an Ballstát amach, ina thuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn , a dhéanfar sa bhliain tar éis na bliana inar eisíodh an moladh, an chaoi a bhfuil aird chuí tugtha aige ar an moladh ▌. Má chinneann an Ballstát lena mbaineann gan dul i ngleic le moladh nó le cuid shuntasach de, soláthróidh an Ballstát sin a réasúnú;

(c)  ba cheart na moltaí a bheith ina gcomhlánú ar na moltaí is déanaí a bhaineann go sonrach le tíortha arna eisiúnt i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh.

Airteagal 35

Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh

1.  Faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

2.  Beidh na gnéithe seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh:

(a)  an measúnú a rinneadh de bhun Airteagal 29;

(b)  i gcás inarb iomchuí, moltaí de bhun Airteagal 34;

(c)  an tuarascáil i ndáil le feidhmiú an mhargaidh carbóin dá dtagraítear in Airteagal (10)(5) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áirítear faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na Treorach sin i gcomhréir le hAirteagal 21(2) de;

(d)  go débhliantúil, ón mbliain 2023 ar aghaidh, tuarascáil ar inbhuanaitheacht bhithfhuinneamh an Aontais, ina bhfuil an fhaisnéis atá sonraithe in Iarscríbhinn X;

(e)  go débhliantúil, tuarascáil ar scéimeanna deonacha ar ghlac an Coimisiún cinneadh ina leith de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/... (79) , ina mbeidh an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialachán seo;

(f)  tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/72/CE;

(g)  tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2009/73/CE de bhun Airteagal 52 den Treoir sin;

(h)  tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir leis na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta beartais roghnacha amhail dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b de Threoir 2012/27/AE;

(i)  ar bhonn débhliantúil, tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn an athchóirithe fhadtéarmaigh le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir leis na treochláir arna leagan amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a bhunóidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE;

(j)  gach ceithre bliana, tuarascáil fhoriomlán ar mhéadú na mBallstát ar líon na bhfoirgneamh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh de i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Threoir 2010/31/AE;

(k)  tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn maidir le dul chun cinn na mBallstát maidir le margadh fuinnimh iomlán agus oibríochtúil a chruthú;

(l)  cáilíocht iarbhír an bhreosla sna Ballstáit éagsúla agus cumhdach geografach breoslaí a bhfuil cion sulfair 10 mg/kg ar a mhéad iontu, arb é is aidhm dóibh forbhreathnú a sholáthar ar na sonraí maidir le cáilíocht bhreosla sna Ballstáit éagsúla mar atá tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE;

(m)  tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le hiomaíochas;

(n)  dul chun cinn na mBallstát maidir le deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais fuinnimh, go háirithe le haghaidh breoslaí iontaise;

(o)  saincheisteanna eile atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Aontais Fuinnimh, lena n-áirítear tacaíocht phoiblí agus phríobháideach;

(p)  faoin 31 Deireadh Fómhair 2019 agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, measúnú ar chur chun feidhme Threoir 2009/31/CE.

Airteagal 36

Faireachán ar an sásra rialachais

I gcomhthéacs Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35, déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas maidir le cur chun feidhme na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide. Ar bhonn bliantúil, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle aghaidh a thabhairt ar an dul chun cinn arna bhaint amach ag an Aontas Fuinnimh maidir le gnéithe uile na mbeartas Fuinnimh agus Aeráide.

CAIBIDIL 6

CÓRAIS AONTAIS AGUS CÓRAIS NÁISIÚNTA AR ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA AGUS AISTRIÚ LINNTE

Airteagal 37

Córais fardail Aontais agus córais fardail náisiúnta

1.  Faoin 1 Eanáir 2021, bunóidh agus oibreoidh Ballstáit córais fardail náisiúnta agus déanfaidh siad iarracht na córais sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach, chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte arna liostú i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V agus d’fhonn tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine a bhfardal gás ceaptha teasa a áirithiú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag a n-údaráis inniúla fardail ar an bhfaisnéis in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis an Rialachán seo, go mbainfidh siad úsáid as córais tuairiscithe a bhunaítear de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 chun meastachán ar gháis fhluairínithe sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa agus go mbeidh ar a gcumas na seiceálacha bliantúla comhsheasmhachta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (j) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo a dhéanamh.

3.  Bunaítear leis seo córas fardail an Aontais chun tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na bhfardal náisiúnta a áirithiú i dtaca le fardal gás ceaptha teasa an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an córas sin a bhainistiú, a chothabháil agus déanfaidh sé iarracht an córas sin a fheabhsú ar bhonn leanúnach lena n-áirítear clár dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a shocrú, cuspóirí cáilíochta a shocrú agus plean fardail dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a dhréachtú, nósanna imeachta chun meastacháin astaíochtaí a chomhlánú chun fardal an Aontais a thiomsú de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 38.

4.  Déanfaidh an Coimisiún seiceáil tosaigh ar chruinneas na réamhshonraí maidir leis an bhfardal gás ceaptha teasa atá le tíolacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 26(3). Seolfaidh an Coimisiún torthaí na seiceála sin chuig na Ballstáit laistigh de shé seachtaine ón spriocdháta. Freagróidh na Ballstáit d'aon cheisteanna ábhartha arna n-ardú i ndiaidh na seiceála tosaigh faoin 15 Márta, mar aon leis an bhfardal deiridh do bhliain X-2 a sholáthar.

5.  I gcás nach gcuireann Ballstát na sonraí fardail ar fáil a theastaíonn chun fardal an Aontais a thiomsú faoin 15 Márta, féadfaidh an Coimisiún meastacháin a ullmhú leis na sonraí a chuireann an Ballstát isteach a chomhlánú, i gcomhairliúchán agus i ndlúthchomhar leis an mBallstát lena mbaineann. Úsáidfidh an Coimisiún, chun na críche seo, na treoirlínte infheidhme chun na fardail náisiúnta gás ceaptha teasa a ullmhú.

6.  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme ▌ d’fhonn rialacha a leagan amach maidir le ▌ struchtúr, formáid agus próiseas tíolactha na faisnéise a bhaineann le córais fardail náisiúnta agus le ceanglais maidir le córais fardail náisiúnta ▌ a bhunú, a oibriú agus a fheidhmiú.

Agus gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Chomhaontú Pháras.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

7.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan amach maidir leis na ceanglais i ndáil le bunú, oibriú agus feidhmiú córas fardail an Aontais. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó Chomhaontú Pháras.

Airteagal 38

Athbhreithniú ar an bhfardal

1.  ▌ D’fhonn faireachán a dhéanamh ar laghduithe nó srianta ar astaíochtaí gás ceaptha teasa na mBallstát de bhun Airteagail 4, 9 agus 10 de Rialachán (AE) 2018/842 agus an laghdú atá déanta acu ar astaíochtaí agus an feabhsú atá déanta acu ar aistriú linnte de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/841 agus aon spriocanna laghdaithe nó srianta gás ceaptha teasa eile atá leagtha amach i ndlí de chuid an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, in 2027 agus 2032, athbhreithniú cuimsitheach ar shonraí an fhardail náisiúnta arna dtíolacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 26(4) den Rialachán seo. Beidh na Ballstáit iomlán rannpháirteach sa phróiseas sin.

2.  Áireofar ar an athbhreithniú cuimsitheach dá dtagraítear i mír 1:

(a)  seiceálacha chun trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise arna tíolacadh a fhíorú;

(b)  seiceálacha chun cásanna a aithint inar ullmhaíodh na sonraí fardail ar bhonn nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC nó le rialacha de chuid an Aontais;

(c)  seiceálacha chun cásanna a aithint ina ndéantar cuntasaíocht LULUCF ar bhealach nach bhfuil comhsheasmhach le cáipéisí treorach UNFCCC ná le rialacha an Aontais, agus

(d)  más iomchuí, na ceartúcháin theicniúla a thagann chun cinn a áireamh, i gcomhairliúchán leis na Ballstáit.

3.  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun an tráthúlacht agus an nós imeachta i dtaca leis an athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh a áirithiú lena n-áirítear na tascanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo agus cinnteoidh sé comhairliúchán iomchuí na mBallstát maidir le conclúidí na n-athbhreithnithe.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 43(6).

4.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh maidir le suim iomlán na n-astaíochtaí do na blianta ábhartha a eascraíonn ó na sonraí ceartaithe fardail do gach Ballstát i ndiaidh an athbhreithnithe a thabhairt chun críche agus sin roinnte idir na sonraí astaíochta atá ábhartha d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 agus do shonraí astaíochta dá dtagraítear i bpointe (c) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo agus chun suim iomlán na n-astaíochtaí agus aistrithe a chinneadh is ábhartha d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/841.

5.  Na sonraí do gach Ballstát, mar a taifeadadh sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2018/841 ceithre mhí tar éis an dáta nuair a fhoilsítear gníomh cur chun feidhme, arna ghlacadh de bhun mhír 4 den Airteagal seo, úsáidfear iad le haghaidh na seiceála ar chomhlíonadh Airteagail 4 den Rialachán (AE) 2018/841 lena n-áirítear athruithe a dhéanfar ar na sonraí sin a thiocfaidh chun cinn toisc gur bhain an Ballstát sin úsáid as na solúbthachtaí de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/841.

6.  Na sonraí do gach Ballstát, mar a taifeadadh sna clárlanna bunaithe de bhun Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2018/842 dhá mhí tar éis an dáta don tseiceáil ar chomhlíonadh Rialacháin (AE) 2018/841 dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, úsáidfear iad le haghaidh na seiceála ar chomhlíonadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 do na blianta 2021 agus 2026. Déanfar an tseiceáil ar chomhlíonadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/842 do na blianta 2022 go 2025 agus 2027 go 2030 ar dháta mí amháin tar éis dháta na seiceála ar chomhlíonadh don bhliain roimhe. Áireofar na hathruithe a dhéantar ar shonraí den sórt sin a thagann chun cinn toisc gur bhain an Ballstát sin úsáid as solúbthachtaí de bhun Airteagal 5, 6 agus 7 de Rialachán (AE) 2018/842 sa tseiceáil seo.

Airteagal 39

Córais Aontais agus córais náisiúnta i ndáil le beartais agus bearta agus réamhmheastacháin

1.  Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh Ballstáit agus an Coimisiún córais náisiúnta agus córais Aontais tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta faoi seach a oibriú agus déanfaidh siad iarracht iad a fheabhsú ar bhonn leanúnach; úsáidfear na córais seo d’fhonn réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte a ullmhú agus a thuairisciú chomh maith. Áireofar sna córais sin na socruithe ábhartha institiúideacha, dlí agus nós imeachta ar fad arna mbunú laistigh de Bhallstát agus den Aontas chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartas agus réamh-mheastacháin a dhéanamh faoi gháis cheaptha teasa antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú linnte.

2.  Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún tráthúlacht, trédhearcacht, cruinneas, comhsheasmhacht, inchomparáideacht agus iomláine na faisnéise tuairiscithe ar bheartais agus ar bhearta agus ar réamh-mheastacháin ar astaíochtaí antrapaigineacha gás ceaptha teasa ó fhoinsí agus aistrithe trí linnte a áirithiú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18, lena n-áirítear úsáid agus cur i bhfeidhm sonraí, modhanna agus samhlacha, agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí rialaithe cáilíochta agus dearbhaithe cáilíochta agus anailís íogaireachta.

3.  Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón gCoiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 44(1), gníomhartha cur chun feidhme chun struchtúr, formáid agus próiseas curtha isteach na faisnéise ar chórais náisiúnta agus ar chórais an Aontais a leagan amach i gcomhair beartas agus beart agus réamh-mheastachán de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo agus d'Airteagal 18.

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á moladh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na cinntí ábhartha arna nglacadh ag comhlachtaí UNFCCC nó ag comhlachtaí Chomhaontú Pháras, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe a aontaíodh go hidirnáisiúnta chomh maith le hamchláir chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 44(6).

Airteagal 40

Cláir a bhunú agus a oibriú

1.  Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit clárlanna a bhunú agus a chothabháil chun cuntas cruinn a choinneáil don rannchuidiú a cinneadh go náisiúnta de bhun Airteagail 4(13) de Chomhaontú Pháras agus do thorthaí maolaithe a aistríodh go hidirnáisiúnta de bhun Airteagal 6 den Chomhaontú sin.

2.  Féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gclárlanna i gcóras comhdhlúite a choimeád, i gcomhar le Ballstát amháin eile nó níos mó.

3.  Cuirfear na sonraí sna clárlanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar fáil do riarthóir lárnach ainmnithe de bhun Airteagal 20 de Threoir 2003/87/CE.

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de réir Airteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na clárlanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar bun agus chun éifeacht a thabhairt, trí bhíthin chlárlanna an Aontais agus na mBallstát, do chur chun feidhme riachtanach teicniúil na gcinntí cuí de chuid UNFCCC nó de chuid chomhlachtaí Chomhaontú Pháras, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.

CAIBIDIL 7

COMHAR AGUS TACAÍOCHT

Airteagal 41

Comhar idir na Ballstáit agus an tAontas

1.  Comhoibreoidh agus comhordóidh na Ballstáit le chéile go hiomlán agus leis an Aontas i ndáil le hoibleagáidí faoin Rialachán seo, go háirithe i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)  an próiseas maidir leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 13 a ullmhú, a ghlacadh, a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúthu;

(b)  an próiseas maidir leis an tuarascáil chomhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn ó thaobh cúrsaí fuinnimh agus aeráide de bhun Airteagal 17 agus an tuairisciú bliantúil de bhun Airteagal 26 a ullmhú, a ghlacadh, a mheasúnú agus fógra a thabhairt fúithi;

(c)  an próiseas maidir le moltaí an Choimisiúin agus aghaidh a thabhairt ar na moltaí sin de bhun Airteagal 9(2) agus (3), Airteagal 17(6), Airteagal 30(1), Airteagal 31(1) agus Airteagal 32(1) agus (2);

(d)  fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus an tuarascáil maidir le fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú, de bhun Airteagal 26(4);

(e)  teachtaireacht náisiúnta an Aontais a ullmhú de bhun Airteagal 12 de UNFCCC agus tuarascáil dhébhliantúil an Aontais de bhun Chinneadh 2/CP.17 nó de bhun cinntí ábhartha eile arna nglacadh ina dhiaidh sin ag comhlachtaí UNFCCC;

(f)  nósanna imeachta athbhreithnithe agus comhlíonta faoi UNFCCC agus faoi Chomhaontú Pháras i gcomhréir le haon chinneadh is infheidhme faoi UNFCCC mar aon le nós imeachta an Aontais chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhardail gás ceaptha teasa na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 38;

(g)  aon choigeartuithe i ndiaidh an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 38 nó aon athruithe eile ar fhardail agus ar thuarascálacha fardail arna gcur faoi bhráid, nó atá le cur faoi bhráid, Rúnaíocht UNFCCC;

(h)  neasfhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú, de bhun Airteagal 26(2).

2.  Féadfaidh an Coimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil do Bhallstáit maidir le hoibleagáidí faoin Rialachán seo arna iarraidh sin don Bhallstát.

Airteagal 42

Ról na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil

Cabhróidh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil leis an gCoimisiún ina chuid oibre maidir le dícharbónú agus toisí éifeachtúlachta fuinnimh chun Airteagail 15 go 21, 26, 28, 29, 35, 37, 38, 39 agus 41 a chomhlíonadh i gcomhréir lena chlár oibre bliantúil. Áireoidh sé sin cabhair, de réir mar, is gá:

(a)  leis an bhfaisnéis atá tuairiscithe ag na Ballstáit maidir le beartais agus bearta agus réamh-mheastacháin a thiomsú;

(b)  le nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích ar an bhfaisnéis atá tuairiscithe ag Ballstáit faoi réamh-mheastacháin agus beartais agus bearta;

(c)  le meastacháin a ullmhú nó na meastacháin atá ar fáil don Choimisiún i gcomhair sonraí maidir le réamh-mheastacháin nach bhfuil tuairiscithe ag na Ballstáit a chomhlánú;

(d)  le sonraí a thiomsú, aon áit a bhfuil siad ar fáil, a thógtar as staitisticí Eorpacha agus atá oiriúnach ó thaobh tráthúlachta, de réir mar a éilítear don tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle arna hullmhú ag an gCoimisiún;

(e)  faisnéis a bailíodh faoin Rialachán seo a scaipeadh, lena n-áirítear bunachar sonraí a chothabháil agus a nuashonrú le haghaidh beartais agus bearta na mBallstát maidir le maolú agus an tArdán Eorpach um Oiriúnú Aeráide córas malartaithe faisnéise ar impleachtaí, leochaileachtaí agus oiriúnú d’athrú aeráide;

(f)  nósanna imeachta dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta a chur i gcrích chun fardal gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(g)  fardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú agus tuarascáil fardail gás ceaptha teasa an Aontais a ullmhú;

(h)  meastacháin a ullmhú do shonraí nach bhfuil tuairiscithe sna fardail náisiúnta gás ceaptha teasa;

(i)  an t-athbhreithniú dá dtagraítear in Airteagal 38 a sheoladh;

(j)  neasfhardal gás ceaptha teasa an Aontais a thiomsú.

CAIBIDIL 8

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 43

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 15(5), 26(6), ▌ 37(7) agus 40(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón .... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(5), 15(5), 26(6), 37(7) agus 40(4) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú ansin. Ní chuirfidh sé isteach ar bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 3(5), 15(5), 26(6), ▌ 37(7), agus 40(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó an an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar eis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 44

Coistí

1.  Tabharfaidh na coistí seo a leanas cúnamh don Choimisiún:

(a)  Coiste um Athrú Aeráide i ndáil le cur chun feidhme na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagail 19(5), 26(7), 37(6), 38(3) agus 39(3); agus

(b)  Coiste Aontais Fuinnimh i ndáil le cur chun feidhme na saincheisteanna dá dtagraítear in Airteagal 17(4) agus Airteagal 33(4).

2.  Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ▌.

3.  Rachaidh an Coiste um Athrú Aeráide dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo in ionad an choiste a bunaíodh in Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013.

4.  I gcás ina ndéanfaidh ceachtar den dá choiste dá dtagraítear i mír 1 breithniú ar shaincheisteanna cothrománacha agus comhghníomhaíochtaí, déanfaidh sé an coiste eile dá dtagraítear i mír 1 a chur ar an eolas dá réir sin, chun comhsheasmhacht beartas a áirithiú agus chun sineirgí a uasmhéadú idir earnálacha.

5.  Déanfaidh gach Ballstát a ionadaí nó ionadaithe a cheapadh sa Choiste um Athrú Aeráide agus sa Choiste Aontais Fuinnimh. Tabharfar cuireadh d’ionadaithe gach coiste freastal ar chruinnithe an choiste eile.

6.  I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 45

Athbhreithniú

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, laistigh de thréimhse sé mhí ó gach stocáireamh domhanda arna chomhaontú faoi Airteagal 14 de Chomhaontú Pháras, maidir le feidhmiú an Rialacháin seo, a rannchuidiú le rialú an Aontais Fuinnimh, a rannchuidiú le spriocanna fadtéarmacha Chomhaontú Pháras, dul chun cinn i dtreo spriocanna 2030 don aeráid agus don fhuinneamh a bhaint amach, cuspóirí breise an Aontais Fuinnimh agus le forálacha pleanála, tuairiscithe agus faireacháin an Rialacháin seo a bheith i gcomhréir le dlí eile an Aontais nó le cinntí a bhaineann le UNFCCC agus le Comhaontú Pháras. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis na tuarascálacha ón gCoimisiún de réir mar is iomchuí.

Airteagal 46

Leasuithe ar Threoir 94/22/CE

Leasaítear Treoir 94/22/CE mar a leanas:

(1)  in Airteagal 8, scriostar mír 2;

(2)  scriostar Airteagal 9.

Airteagal 47

Leasuithe ar Threoir 98/70/CE

Leasaítear Treoir 98/70/CE mar a leanas:

(1)  Leasaítear Airteagal 7a mar a leanas:

(a)  sa tríú fomhír de mhír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

"(a) toirt iomlán gach cineáil breosla nó fuinnimh a sholáthraítear; agus";

"

(b)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:"

"2. Ceanglóidh na Ballstáit ar sholáthróirí astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa in aghaidh an aonaid fuinnimh ó bhreosla agus ó fhuinneamh arna soláthar a laghdú ar an mbonn is céimsí is féidir suas le 10 % faoin 31 Nollaig 2020, i gcomparáid leis an gcaighdeán bunlíne don bhreosla a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle. Is é a bheidh sa laghdú sin ná:";

"

(2)  in Airteagal 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"

“4. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an fhaisnéis arna tíolacadh de bhun mhír 3 a chur ar fáil go pras ar bhealach iomchuí.”.

"

Airteagal 48

Leasuithe ar Threoir 2009/31/CE

Leasaítear Treoir 2009/31/CE mar a leanas:

(1)  in Airteagal 27, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

“Gach ceithre bliana, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, lena n-áirítear an clár dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(1). Déanfar an chéad tuarascáil a chur chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh 2011. Déanfar an tuarascáil a tharraingt suas ar bhonn ceistneoir nó achoimre a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i bhfoirm gníomhartha cur chun feidhme. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin. Déanfar an ceistneoir nó an achoimre a sheoladh chuig na Ballstáit sé mhí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an tuarascáil a thíolacadh.”;

"

(2)  in Airteagal 38, scriostar mír 1.

Airteagal 49

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 27, scriostar míreanna 1 agus 3;

(2)  Scriostar Airteagal 28.

Airteagal 50

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2009

I Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, scriostar Airteagal 29.

Airteagal 51

Leasuithe ar Threoir 2009/73/CE

Leasaítear Treoir 2009/73/CE mar a leanas:

(1)  Scriostar Airteagal 5;

(2)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 52:"

"Airteagal 52

Tuairisciú

Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú agus faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus tuarascáil fhoriomlán ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(80).

_________________

* IO L ...".

"

Airteagal 52

Leasú ar Threoir 2009/119/CE ón gComhairle

In Airteagal 6 de Threoir 2009/119/CE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

"2. Faoin 15 Márta gach bliain, seolfaidh gach Ballstát cóip achomair den chlár stoic dá dtagraítear i mír 1 a léireoidh ar a laghad cainníochtaí agus cineál na stoc éigeandála a áirítear sa chlár ar an lá deiridh den bhliain féilire roimhe sin.".

"

Airteagal 53

Leasuithe ar Threoir 2010/31/AE

Leasaítear Treoir 2010/31/AE mar a leanas:

(1)  leasaítear Airteagal 2a mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta tosaí:"

“1. Bunóidh gach Ballstát straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, ina stoc foirgneamh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050, lena n-éascófar athrú costéifeachtach na bhfoirgneamh atá ann faoi láthair ina bhfoirgnimh atá nach mór neodrach ó thaobh an fhuinnimh de. Cuimseoidh gach straitéis athchóirithe fhadtéarmach:”;

"

(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"

"8. Déanfar straitéis athchóirithe fhadtéarmach gach Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid dá phlean comhtháite náisiúnta críochnaitheach fuinnimh agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(81). De mhaolú ar Airteagal 3(1) den Rialachán sin, déanfar an chéad straitéis athchóirithe fhadtéarmach faoi mhír 1 den Airteagal seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Márta 2020.

___________________________

* IO L ...";

"

(2)  sa dara fomhír d’Airteagal 5(2), scriostar an abairt “Féadfar an tuarascáil a chur san áireamh sna Pleananna Gníomhaíochta maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 14(2) de Threoir 2006/32/CE”;

(3)  in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

"5. Mar chuid dá thuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/...(82) , tuairisceoidh an Coimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle gach ceithre bliana faoin dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit maidir le méadú a dhéanamh ar líon na bhfoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Ar bhonn na fianaise tuairiscithe sin, i gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún plean gníomhaíochta a fhorbairt agus déanfaidh sé moltaí agus molfaidh sé bearta i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2018/...+ chun líon na bhfoirgneamh sin a mhéadú agus dea-chleachtais a spreagadh maidir le claochlú cost-éifeachtach na bhfoirgneamh atá ann cheana ina bhfoirgnimh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh.";

"

(4)  in Airteagal 10, scriostar mír 2 agus mír 3;

(5)  in Airteagal 14(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:"

“Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/... (83)";

"

(6)  in Airteagal 15(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:"

“Déanfar tuarascáil den sórt sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin mar chuid de phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát da dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/... …(84) ".

"

Airteagal 54

Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)  Scriostar ▌Airteagal 4▌;

(2)  in Airteagal 18(1), scriostar pointe (e);

(3)  leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a)  scriostar míreanna 1, 3, 4 agus 11;

(b)  scriostar mír 2;

(4)  Scriostar Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 55

Leasú ar Threoir 2013/30/AE

In Airteagal 25 de Threoir 2013/30/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún go bliantúil, mar chuid den tuairisciú bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(85), an fhaisnéis a shonraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn IX.

________________________________

* IO L ...".

"

Airteagal 56

Leasuithe ar Threoir (AE) 2015/652

Leasaítear Treoir (AE) 2015/652 mar a leanas:

(1)  in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"

"1. Gach bliain, faoin 31 Nollaig, soláthróidh na Ballstáit sonraí don Choimisiún don bhliain féilire roimhe sin maidir le comhlíonadh hAirteagal 7a de Threoir 98/70/CE, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.";

"

(2)  in Iarscríbhinn I, Cuid 2, scriostar pointí 1(h), 2, 3, 4 agus 7.

(3)  Leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:"

"1. Ní mór do na Ballstáit na sonraí atá liostaithe i bpointe 3 a thuairisciú. Ní mór na sonraí sin a thuairisciú i dtaca leis an mbreosla agus fuinneamh ar fad a chuirtear ar an margadh i ngach Ballstát. Nuair a dhéantar bithbhreoslaí iomadúla a chumasc le breoslaí iontaise, ní mór na sonraí a sholáthar i leith gach bithbhreosla.";

"

(b)  i bpointe 3, scriostar pointe (e) agus pointe (f);

(4)  leasaítear Iarscríbhinn IV mar a leanas:

(a)  scriostar na teimpléid seo a leanas chun faisnéis a thuairisciú i leith chomhsheasmhacht na sonraí a tuairiscíodh:

–  Foinse – Soláthróirí Aonair

–  Foinse – Comhsholáthróirí

–  Áit Cheannaigh

(b)  sna nótaí formáide, scriostar pointe 8 agus pointe 9.

Airteagal 57

Aisghairm

Aisghairfear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha a leagtar síos in Airteagal 58 den Rialachán seo, seachas Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 a aisghairfear le héifeacht ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 58

Forálacha idirthréimhseacha

De mhaolú ar Airteagal 57 den Rialachán seo, beidh feidhm fós ag Airteagal 7 agus ag pointí (a) agus (d) d’Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis na tuarascálacha ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear faoi na hAirteagail sin do na blianta 2018, 2019 agus 2020.

Beidh feidhm fós ag Airteagal 11(3) de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto.

Beidh feidhm fós ag Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir leis na hathbhreithnithe ar shonraí fardail gás ceaptha teasa do na blianta 2018, 2019 agus 2020.

Beidh feidhm fós ag Airteagal 22 de Rialachán (AE) 525/2013 maidir le cur isteach na tuarascála a cheanglaítear faoin Airteagal sin.

Ar mhaithe le comhleanúnachas agus deimhneacht dhlíthiúil, ní chuireann aon ní sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe de bhun dhlí earnálach ábhartha an Aontais i réimse an leictreachais agus na hullmhachta i gcomhair riosca leictreachais.

Airteagal 59

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm ag Airteagal 40, Airteagal 53(2), (3) agus (4), pointe (a) d’Airteagal 54(3) Airteagal 54(4) agus Airteagal 55 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

CREAT GINEARÁLTA LE hAGHAIDH PLEANANNA COMHTHÁITE NÁISIÚNTA FUINNIMH AGUS AERÁIDE

Cuid 1

Creat ginearálta

ROINN A: PLEAN NÁISIÚNTA

1.  FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA mBUNAÍTEAR AN PLEAN

1.1.  Achoimre feidhmiúcháin

i.  Comhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta an phlean

ii.  ▌ Straitéis a bhaineann le cúig ghné an Aontais Fuinnimh

iii.  Tábla forléargais le príomhchuspóirí, beartais agus bearta an phlean

1.2.  Forléargas ar staid reatha an bheartais

i.  Córas fuinnimh náisiúnta agus córas fuinnimh an Aontais agus comhthéacs beartais an phlean náisiúnta

ii.  Na beartais agus na bearta fuinnimh reatha a bhaineann le cúig ghné an Aontais Fuinnimh

iii.  Príomhcheisteanna a bhfuil ábharthacht trasteorann ag baint leo

iv.  An struchtúr riaracháin a bhaineann le beartais náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid a chur chun feidhme

1.3.  Comhairliúcháin agus rannpháirtíocht eintiteas náisiúnta agus eintitis an Aontais agus an toradh a bhí orthu

i.  Rannpháirtíocht na parlaiminte náisiúnta

ii.  Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach

iii.  Comhairliúcháin le geallsealbhóirí, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta, agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus an phobail i gcoitinne

iv.  Comhairliúchán le Ballstáit eile

v.  Próiseas atriallach leis an gCoimisiún

1.4.  Comhar réigiúnach in ullmhú an phlean

i.  Gnéithe atá faoi réir comhphleanála nó faoi réir pleanáil chomhordaithe le Ballstáit eile

ii.  Míniúchán ar an gcaoi a ndéantar comhar réigiúnach a mheas sa phlean

2.  CUSPÓIRÍ AGUS SPRIOCANNA NÁISIÚNTA

2.1.  An ghné “dícharbónú”

2.1.1.  Astaíochtaí agus aistrithe GCT(86)

i.  Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a)(1) d’Airteagal 4

ii.  I gcás inarb infheidhme, cuspóirí agus spriocanna náisiúnta eile i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus na straitéisí fadtéarmacha ▌atá ann cheana. I gcás inarb infheidhme chun rannchuidiú le gealltanas foriomlán an Aontais maidir leis na hastaíochtaí GCT a laghdú, cuspóirí agus spriocanna eile, lena n-áirítear spriocanna earnála agus spriocanna oiriúnaithe, má tá siad ar fáil

2.1.2.  Fuinneamh in-athnuaite ▌

i.  Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (a)(2) d’Airteagal 4

ii.  Na conairí measta don sciar earnálach den fhuinneamh in-athnuaite i dtaca le tomhaltas deiridh fuinnimh ó 2021 go 2030 in earnálacha an leictreachais, an téimh agus an fhuaraithe, agus an iompair

iii.  Na conairí measta de réir teicneolaíocht fuinnimh in-athnuaite a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát í a úsáid chun na conairí earnálacha agus foriomlána maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach ó 2021 go 2030 lena n-áirítear olltomhaltas fuinnimh iomlán measta deiridh de réir teicneolaíochta agus earnála i meigeathonnaí ola, agus iomlán an chumais a bhfuil sé beartaithe é a shuiteáil (roinnte ar chumas nua agus ar athchumhachtú) de réir teicneolaíochta agus earnála in MW

iv.  Na conairí measta maidir le héileamh ar bhithfhuinneamh, á ndí-chomhshuimiú idir teas, leictreachas agus iompar, agus maidir le soláthar bithmhaise trí bhunábhair, agus trí thionscnamh (idirdhealú a dhéanamh idir tháirgeadh intíre agus allmhairí). Maidir le bithmhais foraoise, measúnú ar a foinse agus ar a tionchar ar an linn LULUCF

v.  I gcás inarb infheidhme, conairí agus cuspóirí náisiúnta eile lena n-áirítear cinn fhadtéarmacha agus earnálacha (e.g. ▌ sciar fuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, úsáid fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh, fuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha, pobail fuinnimh in-athnuaite agus féin-tomhaltóirí in-athnuaite, fuinneamh arna athshlánú ón sloda a fhaightear trí chóireáil fuíolluisce)

2.2.  An ghné “éifeachtúlacht fuinnimh” ▌

i.  Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 4

ii.  Na garspriocanna táscacha do 2030, 2040 agus 2050, na táscairí dul chun cinn intomhaiste a bhunaítear ar bhonn intíre, meastachán fianaise bhunaithe ar an gcoigilteas fuinnimh agus na tairbhí ginearálta lena bhfuiltear ag súil agus a mhéid a rannchuidíonn siad le spriocanna an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a áirítear sna treochláir a leagtar amach sna straitéisí athchóirithe fadtéarmacha le haghaidh stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach, i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE

iii.  I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta eile, lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha nó straitéisí agus spriocanna earnálacha, agus cuspóirí náisiúnta i réimsí mar éifeachtúlacht fuinnimh in earnáil an iompair agus i dtaca le téamh agus fuarú

2.3.  An ghné “slándáil fuinnimh”

i.  Na heilimintí a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 4

ii.  Cuspóirí náisiúnta i ndáil le méadú a dhéanamh ar: éagsúlú foinsí agus soláthair fuinnimh ó thríú tíortha chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a mhéadú

iii.  I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha a laghdú, chun athléimneacht na gcóras réigiúnach agus náisiúnta fuinnimh a mhéadú

iv.  Cuspóirí náisiúnta i ndáil le solúbthacht an chórais náisiúnta fuinnimh a mhéadú, go háirithe trí fhoinsí fuinnimh intíre, freagairt ar éileamh agus stóráil fuinnimh a chur chun tairbhe

2.4.  An ghné “margadh inmheánach fuinnimh”

2.4.1.  Idirnascacht leictreachais ▌

i.  An leibhéal idirnascachta leictreachais a bhfuil sé mar aidhm ag an mBallstát é a bheith bainte amach in 2030 i bhfianaise na sprice idirnascachta leictreachais dar luach 15 % ar a laghad faoi 2030, trí bhíthin straitéis lena ndéanfar an leibhéal don tréimhse ó 2021 amach a shainiú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit dá ndéanfar difear, agus sprioc idirnascachta 10 % do 2020 agus na táscairí seo a leanas maidir le práinn na gníomhaíochta á gcur san áireamh:

(1)  Difreálach praghsanna ar an margadh mórdhíola is mó ná tairseach táscach dar luach EUR 2/MWh idir na Ballstáit, na réigiúin, nó na limistéir thairisceana;

(2)  Cumas tarchuradóireachta ainmniúil idirnascairí faoi bhun 30 % den bhuaiclód;

(3)  Cumas tarchuradóireachta ainmniúil idirnascairí faoi bhun 30 % de ghiniúint in-athnuaite atá suiteáilte.

Beidh gach idirnascaire nua faoi réir anailís costais is tairbhe socheacnamaíoch agus comhshaoil agus ní ceart iad a chur chun feidhme ach i gcás inar mó na tairbhí féideartha ná na costais.

2.4.2.  Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i.  Tionscadail ▌ ríthábhachtacha bonneagair tarchurtha leictreachais agus gáis, agus, i gcás inarb ábhartha, tionscadail ábhartha nuachóirithe, a bhfuil gá leo chun cuspóirí agus spriocanna faoi ▌ na cúig ghné de Straitéis an Aontais Fuinnimh a bhaint amach

ii.  I gcás inarb infheidhme, príomhthionscadal bonneagair atá beartaithe seachas Tionscadail Leasa Choitinn(87)

2.4.3.  Comhtháthú margaidh

i.  Cuspóirí náisiúnta a bhaineann le gnéithe eile den mhargadh inmheánach fuinnimh, amhail solúbthacht an chórais a mhéadú, go háirithe maidir le praghsanna leictreachais a chinntear go hiomaíoch a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí earnálach ábhartha, comhtháthú margaidh agus cúpláil mhargaidh, agus é mar aidhm leis sin acmhainn intrádála na n-idirnascairí atá ann cheana, eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

ii.  I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta a bhaineann le rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh in-athnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

iii.  I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil lena áirithiú go mbeidh tomhaltóirí rannpháirteach sa chóras fuinnimh agus go dtairbheoidh siad d’fhéinghiniúint agus teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear méadair chliste;

iv.  Cuspóirí náisiúnta maidir le leordhóthanacht an chórais leictreachais a áirithiú, i gcás inarb infheidhme, chomh maith le solúbthacht an chórais fuinnimh i dtaca le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí

v.  I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta chun tomhaltóirí fuinnimh a chosaint, agus iomaíochas na hearnála fuinnimh miondíola a fheabhsú

2.4.4.  Bochtaineacht fuinnimh

I gcás inarb infheidhme, cuspóirí náisiúnta i ndáil le bochtaineacht fuinnimh, lena n-áirítear tráthchlár don uair atá na cuspóirí le baint amach

2.5.  An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i.  Cuspóirí náisiúnta agus spriocanna cistiúcháin do thaighde agus nuálaíocht phoiblí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, do thaighde agus nuálaíocht phríobháideach a bhaineann leis an Aontas Fuinnimh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, tráthchlár don uair a bhainfear amach na cuspóirí ▌

ii.  I gcás ina bhfuil siad ar fáil, cuspóirí náisiúnta do 2050 a bhaineann le teicneolaíochtaí fuinnimh ghlain a chur chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, cuspóirí náisiúnta lena n-áirítear spriocanna fadtéarmacha (2050) chun leas a bhaint as teicneolaíochtaí ísealcharbóin chun dícharbónú a dhéanamh ar earnálacha fuinnimh agus tionsclaíocha a bhfuil lorg mór carbóin acu agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh bonneagair ghaolmhair um iompar, úsáid agus stóráil carbóin

I gcás inarb infheidhme, spriocanna náisiúnta i ndáil le hiomaíochas

3.  BEARTAIS AGUS BEARTA

3.1.  An ghné “dícharbónú”

3.1.1.  Astaíochtaí agus aistrithe GCT ▌

i.  Beartais agus bearta chun an sprioc a leagtar síos faoi Rialachán (AE) 2018/842 dá dtagraítear i bpointe 2.1.1 a bhaint amach agus beartais agus bearta chun Rialachán (AE) 2018/841 a chomhlíonadh, lena gcumhdófaí na príomhearnálacha uile i dtaca le hastú agus na hearnálacha i dtaca le feabhsúchán ar aistrithe, ag féachaint don fhís fhadtéarmach geilleagar ísealastaíochtaí a bheith ann ▌ agus cothromaíocht a bhaint amach idir astaíochtaí agus aistrithe i gcomhréir le Comhaontú Pháras

ii.  I gcás inarb ábhartha, comhar réigiúnach sa réimse seo

iii.  Gan dochar d’infheidhmeacht na rialacha maidir le státchabhair, bearta maoiniúcháin, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, i gcás inarb infheidhme

3.1.2.  Fuinneamh in-athnuaite ▌

i.  Beartais agus bearta chun an rannchuidiú náisiúnta le sprioc cheangailteach an Aontais do 2030 a bhaint amach, sprioc a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite agus conairí dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d’Airteagal 4, agus, i gcás inarb infheidhme nó i gcás ina bhfuil siad ar fáil, na heilimintí dá dtagraítear i bpointe 2.1.2 den Iarscríbhinn seo, lena n-áirítear bearta atá sonrach don earnáil agus don teicneolaíocht(88)

ii.  I gcás inarb ábhartha, bearta sonracha maidir le comhar réigiúnach, agus, mar rogha, an rótháirgeadh fuinnimh measta a thagann ó fhoinsí in-athnuaite, fuinneamh a d’fhéadfaí a aistriú go dtí Ballstáit eile chun an rannchuidiú náisiúnta agus conairí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe 2.1.2, a bhaint amach

iii.  I gcás inarb infheidhme, bearta sonracha maidir le tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, i gcomhair táirgeadh agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn maidir le leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar

iv.  I gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tacaíocht don fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite atá le tabhairt ag na Ballstáit de bhun Airteagal 6(4) de Threoir (AE) 2018/... (89)

v.  Bearta sonracha chun pointe teagmhála amháin nó níos mó a thabhairt isteach, nósanna imeachta riaracháin a chuíchóiriú chun éifeachta, faisnéis agus oiliúint a sholáthar, agus ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta a éascú

Achoimre ar na beartais agus na bearta faoin gcreat cumasúcháin nach mór do na Ballstáit a chur ar bun de bhun Airteagal 21(6) agus Airteagal 22(5) de Threoir (AE) 2018/... (90) chun forbairt an fhéintomhaltais agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn agus a éascú

vi.  Measúnú ar an riachtanas le bonneagar nua a thógáil do théamh agus fuarú ceantair a tháirgtear as foinsí in-athnuaite

vii.  I gcás inarb infheidhme, bearta sonracha maidir le húsáid fuinnimh a thagann as bithmhais, go háirithe do shlógadh nua bithmhaise, a chur chun cinn, agus na nithe seo a leanas a chur san áireamh:

–  infhaighteacht bhithmhaise, lena n-áirítear bithmhais inbhuanaithe: idir acmhainneacht intíre agus allmhairí ó thríú tíortha

–  úsáidí eile bithmhaise in earnálacha eile (earnálacha talmhaíochta agus foraoisbhunaithe); mar aon le bearta maidir le hinbhuanaitheacht táirgeadh agus úsáid bhithmhaise

3.1.3.  Eilimintí eile den ghné

i.  I gcás inarb infheidhme, beartais agus bearta náisiúnta a dhéanann difear d’earnáil EU ETS agus measúnú ar chomhlántacht agus ar thionchair ar EU ETS

ii.  Beartais agus bearta chun cuspóirí náisiúnta eile a bhaint amach, i gcás inarb infheidhme

iii.  Beartais agus bearta chun soghluaisteacht ísealastaíochtaí a bhaint amach (lena n-áirítear leictriú iompair)

iv.  I gcás inarb infheidhme, beartais, amlínte agus bearta náisiúnta atá beartaithe chun fóirdheontais fuinnimh a chéimniú amach, go háirithe maidir le breoslaí iontaise

3.2.  An ghné “éifeachtúlacht fuinnimh”

Beartais, bearta agus cláir atá beartaithe chun na rannchuidithe táscacha náisiúnta um éifeachtúlacht fuinnimh do 2030 a bhaint amach, mar aon le cuspóirí eile dá dtagraítear i bpointe 2.2, lena n-áirítear bearta agus ionstraimí atá beartaithe (bearta de chineál airgeadais chomh maith) chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn, go háirithe i dtaca leis na nithe seo a leanas:

i.  Scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha beartais faoi Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE agus atá le hullmhú i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo

ii.  Straitéis athchóirithe fhadtéarmach chun tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar stoc náisiúnta na bhfoirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe, idir phoiblí agus phríobháideach(91), lena n-áirítear beartais, bearta agus gníomhartha chun athchóiriú domhain atá éifeachtúil ó thaobh costais a spreagadh mar aon le beartais agus gníomhartha chun díriú ar na codanna is neamhfheidhmiúla de stoc náisiúnta na bhfoirgneamh, i gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE

iii.  Tuairisc ar bheartais agus ar bhearta lena gcuirtear chun cinn seirbhísí fuinnimh san earnáil phoiblí agus ar bhearta lena mbaintear bacainní rialála agus neamhrialála a chuireann bac ar ghlacadh múnlaí conraitheoireachta um fheidhmíocht fuinnimh agus ar ghlacadh múnlaí seirbhíse eile um éifeachtúlacht fuinnimh(92)

iv.  Beartais, bearta agus cláir eile lena mbainfear amach na rannchuidithe táscacha náisiúnta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh do 2030, mar aon le cuspóirí eile a leagtar amach i bpointe 2.2 (mar shampla bearta lena gcuirtear chun cinn feidhm eiseamláireach na bhfoirgneamh poiblí agus soláthar poiblí atá tíosach ar fhuinneamh, bearta lena gcuirtear chun cinn iniúchtaí fuinnimh agus córais bainistithe fuinnimh(93), bearta i ndáil le faisnéis do thomhaltóirí agus bearta oiliúna(94), agus bearta eile lena gcuirtear chun cinn éifeachtúlacht fuinnimh(95))

v.  I gcás inarb infheidhme, tuairisc ar bheartais agus bearta chun ról na bpobal fuinnimh áitiúil maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na mbeartas agus na mbeart a luaitear i bpointí i, ii, iii agus iv a chur chun cinn

vi.  Tuairisc ar bhearta lena bhforbraítear bearta chun úsáid a bhaint as poitéinseal éifeachtúlacht fuinnimh bhonneagar an gáis agus an leictreachais(96)

vii.  Comhar réigiúnach sa réimse seo, i gcás inarb infheidhme

viii.  Bearta maoiniúcháin, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais, sa réimse sin ar an leibhéal náisiúnta

3.3.  An ghné “Slándáil Fuinnimh”(97)

i.  Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.3(98)

ii.  Comhar réigiúnach sa réimse seo

iii.  I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.  An ghné “Margadh Inmheánach Fuinnimh”(99)

3.4.1.  Bonneagar leictreachais

i.  Beartais agus bearta chun an spriocleibhéal idirnascachta mar a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 4 a bhaint amach

ii.  Comhar réigiúnach sa réimse seo(100)

iii.  I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.2.  Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i.  Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.4.2, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, bearta sonracha lena n-éascaítear seachadadh Tionscadal Leasa Choitinn agus príomhthionscadail bhonneagair eile

ii.  Comhar réigiúnach sa réimse seo(101)

iii.  I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

3.4.3.  Comhtháthú margaidh

i.  Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.4.3

ii.  Bearta chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú maidir le táirgeadh fuinnimh in-athnuaite, amhail eangacha cliste, comhiomlánú, freagairt don éileamh, stóráil, giniúint dáilte, sásraí maidir le seoladh, athsheoladh agus ciorrú agus comharthaí fíor-ama praghsála a mhéadú, lena n-áirítear cúpláil margaidh ionlae a chur i bhfeidhm agus margaí cothromúcháin trasteorann

iii.  I gcás inarb infheidhme, bearta chun rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach an fhuinnimh inathnuaite, na freagartha don éileamh agus na stórála a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhiomlánú, i ngach margadh fuinnimh

iv.  Beartais agus bearta chun tomhaltóirí a chosaint, go háirithe iad siúd atá fíorleochaileach agus, i gcás inarb infheidhme, iad siúd atá bocht i bhfuinneamh, agus chun feabhas a chur ar iomaíochas agus ar iniomaíocht an mhargaidh fuinnimh miondíola

v.  Tuairisc ar bhearta chun an fhreagairt don éileamh a chumasú agus a fhorbairt, lena n-áirítear iad siúd atá ag dul i ngleic le taraifí chun tacú le praghsáil dhinimiciúil(102)

3.4.4.  Bochtaineacht fuinnimh

i.  I gcás inarb fheidhme, beartais agus bearta chun na cuspóirí a leagtar amach i bpointe 2.4.4 a bhaint amach

3.5.  An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i.  Beartais agus bearta a bhaineann leis na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2.5

ii.  I gcás inarb fheidhme, comhar le Ballstáit eile sa réimse seo, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis maidir leis an mbealach a aistrítear cuspóirí agus beartais Phlean SET chuig an gcomhthéacs náisiúnta

iii.  I gcás inarb infheidhme, bearta maoiniúcháin sa réimse seo ar an leibhéal náisiúnta, lena n-áirítear tacaíocht ón Aontas agus úsáid chistí an Aontais

ROINN B: BUNÚS ANAILÍSEACH(103)

4.  AN STAID REATHA AGUS RÉAMH-MHEASTACHÁIN DE RÉIR NA mBEARTAS AGUS NA mBEART ATÁ ANN CHEANA(104),(105)

4.1.  Éabhlóid réamh-mheasta na bpríomhthosca eisginiúla a bhfuil tionchar acu ar fhorbairtí córais fuinnimh agus ar fhorbairtí astaíochtaí gás ceaptha teasa

i.  Réamhaisnéisí maicreacnamaíocha (OTI agus fás daonra)

ii.  Athruithe earnála a mbeidh tionchar acu ar an gcóras fuinnimh agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

iii.  Treochtaí fuinnimh domhanda, praghsanna breoslaí iontaise, praghas carbóin EU ETS

iv.  Forbairtí ar chostas na teicneolaíochta

4.2.  An ghné Dícharbónú

4.2.1.  Astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa

i.  Treochtaí in astaíochtaí agus aistrithe GCT sna hearnálacha a bhaineann le EU ETS, comhroinnt díchill agus earnálacha LULUCF, agus in earnálacha difriúla fuinnimh

ii.  Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí earnála i dtaca le beartais agus bearta náisiúnta agus de chuid an Aontais atá ann cheana ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear don bhliain 2030)

4.2.2.  Fuinneamh in-athnuaite

i.  Sciar reatha d'fhuinneamh in-athnuaite ó thaobh olltomhaltas deiridh fuinnimh agus ó thaobh earnálacha difriúla (téamh agus fuarú, leictreachas agus iompar) agus de réir teicneolaíochta i ngach ceann de na hearnálacha seo

ii.  Réamh-mheastacháin tháscacha ar fhorbairt leis na beartais atá ann cheana ▌ don bhliain 2030 (ag féachaint don bhliain 2040)

4.3.  An ghné "Éifeachtúlacht Fuinnimh"

i.  Tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh atá ann faoi láthair sa gheilleagar agus de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaithe, seirbhís agus iompar)

ii.  Acmhainneacht reatha do chur i bhfeidhm chomhghiniúint ardéifeachtúlachta agus téamh agus fuarú éifeachtúil ceantair(106)

iii.  Réamh-mheastacháin lena bpléitear beartais, bearta agus cláir um éifeachtúlacht fuinnimh atá ann cheana féin de réir mar a thuairiscítear i bpointe 1.2.(ii) maidir le tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh i dtaca le gach earnáil go dtí 2040 ar a laghad (lena n-áirítear don bhliain 2030)(107)

iv.  Na leibhéil is fearr costais maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh de thoradh áireamh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2010/31/AE

4.4.  An ghné “slándáil fuinnimh”

i.  An meascán fuinnimh reatha, foinsí fuinnimh intíre, spleáchas ar allmhairí, lena n-áirítear rioscaí ábhartha

ii.  Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí leis na beartais agus na bearta atá ann cheana féin agus a bheidh ann ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear an bhliain 2030)

4.5.  An ghné “margadh inmheánach fuinnimh”

4.5.1.  Idirnascacht leictreachais

i.  An leibhéal idirnaisc reatha agus na príomh-idirnascairí(108)

ii.  Réamh-mheastacháin ar cheanglais leathnaithe idirnascaire ▌ (lena n-áirítear don bhliain 2030)(109)

4.5.2.  Bonneagar tarchurtha fuinnimh

i.  Príomhghnéithe an bhonneagair tarchurtha atá ann cheana le haghaidh leictreachais agus gáis(110)

ii.  Réamh-mheastacháin ar cheanglais leathnaithe líonra go dtí an bhliain 2040 ar a laghad (lena n-áirítear don bhliain 2030)(111)

4.5.3.  Margaí leictreachais agus gáis, praghsanna fuinnimh

i.  Staid reatha na margaí leictreachais agus gáis, lena n-áirítear praghsanna fuinnimh

ii.  Réamh-mheastacháin ar fhorbairtí leis na beartais agus na bearta atá ann cheana féin agus a bheidh ann ar a laghad go dtí an bhliain 2040 (lena n-áirítear an bhliain 2030)

4.6.  An ghné “taighde, nuálaíocht agus iomaíochas”

i.  Staid reatha earnála na dteicneolaíochtaí ísealcharbóin agus, a mhéid is féidir, a stádas ar an margadh domhanda (tá an anailís sin le déanamh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal domhanda)

ii.  Leibhéal reatha de thaighde poiblí agus, i gcás ina bhfuil sé ar fáil, príobháideach agus caiteachas nuálaíochta ar theicneolaíochtaí ísealcharbóin, líon reatha na bpaitinní, agus líon reatha na dtaighdeoirí

iii.  Miondealú ar ghnéithe praghsanna reatha a chuimsíonn na trí príomh-chomhpháirteanna praghais (fuinneamh, gréasán, cánacha/tobhaigh)

iv.  Tuairisc ar fhóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear maidir le breoslaí iontaise

5.  MEASÚNÚ TIONCHAIR AR BHEARTAIS AGUS BEARTA ATÁ BEARTAITHE(112)

5.1.  Tionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 maidir le córas fuinnimh agus astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana (mar a thuairiscítear i roinn 4).

i.  Réamh-mheastacháin ar fhorbairt an chórais fuinnimh agus ar astaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa chomh maith le, i gcás inarb ábhartha, hastaíochtaí na dtruailleán aeir i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/2284 faoi na beartais agus na bearta atá beartaithe go ceann deich mbliana ar a laghad i ndiaidh na tréimhse a chumhdaítear leis an bplean (lena n-áirítear an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean), lena n-áirítear beartais agus bearta ábhartha de chuid an Aontais.

ii.  Measúnú ar idirghníomhaíochtaí beartais (idir beartais agus bearta atá ann cheana agus atá beartaithe laistigh de ghné bheartais agus idir beartais agus bearta atá ann cheana agus atá beartaithe a thagann faoi ghnéithe éagsúla) ar a laghad go dtí an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, go háirithe chun tuiscint láidir ar an tionchar a bhíonn ag beartais éifeachtúlachta fuinnimh / coigilteas fuinnimh ar mhéid riachtanach an chórais fuinnimh agus chun an riosca a bhaineann le hinfheistíocht thréigthe sa soláthar fuinnimh a laghdú

iii.  Measúnú ar idirghníomhaíochtaí idir na beartais agus na bearta atá ann cheana agus na beartais agus bearta atá beartaithe, agus idir na bearta agus beartais aeráide agus fuinnimh an Aontais sin

5.2.  Tionchair mhaicreacnamaíocha agus, a mhéid is féidir, tionchair shláinte, chomhshaoil, fostaíochta agus oideachais, scileanna agus shóisialta lena n-áirítear gnéithe aistrithe amháin (ó thaobh costas agus tairbhí chomh maith le héifeachtúlacht costais) na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe agus a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 ar a laghad go dtí an bhliain deiridh den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana

5.3.  Forléargas ar riachtanais infheistíochta

i.  sreafaí infheistíochta atá ann cheana agus toimhdí infheistíochta tosaigh i dtaca leis na beartais agus na bearta atá beartaithe

ii.  tosca riosca earnála nó margaidh nó bacainní sa chomhthéacs náisiúnta nó réigiúnach

iii.  anailís ar thacaíocht airgeadais phoiblí bhreise nó acmhainní breise chun bearnaí a shainaithnítear faoi phointe ii a líonadh

5.4.  Tionchair na mbeartas agus na mbeart atá beartaithe a bhfuil tuairisc orthu i roinn 3 maidir le Ballstáit eile agus comhar réigiúnach ar a laghad go dtí an bhliain dheireanach den tréimhse a chumhdaítear leis an bplean, lena n-áirítear comparáid le réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana

i.  Tionchair ar an gcóras fuinnimh i mBallstáit chomharsanachta agus i mBallstáit eile sa réigiún a mhéid is féidir

ii.  Tionchair ar phraghsanna fuinnimh, ar fhóntais agus ar chomhtháthú margaidh fuinnimh

iii.  I gcás inarb ábhartha, tionchair ar an gcomhar réigiúnach

Cuid 2

Liosta paraiméadar agus athróg atá le tuairisciú i Roinn B de na Pleananna Náisiúnta(113) (114) (115) (116)

Tá na paraiméadair, na hathróga, na comharduithe fuinnimh agus na táscairí seo a leanas le tuairisciú i Roinn B 'Bunús Anailíseach' de na Pleananna Náisiúnta, má úsáidtear iad:

1.  Paraiméadair agus athróga ginearálta

(1)  Daonra (milliún)

(2)  OTI [euro milliún]

(3)  Breisluach comhlán earnála (lena n-áirítear príomhearnálacha tionscail, tógála, seirbhíse agus talmhaíochta [euro milliún]

(4)  Líon na dteaghlach [mílte]

(5)  Méid an teaghlaigh [áitritheoirí/líonta tí]

(6)  Ioncam indiúscartha na dteaghlach [euro]

(7)  Líon na bpaisinéirchiliméadar: gach modh, i.e. scartha idir bóthar (carranna agus busanna scartha más féidir), iarnród, eitlíocht agus loingseoireacht intíre (nuair is ábhartha) [milliún paisinéirchiliméadar]

(8)  Iompar lasta, tonachiliméadar: gach modh seachas muirí idirnáisiúnta i.e. scartha idir bóthar, iarnród, eitlíocht agus loingseoireacht intíre (uiscebhealaí intíre agus muirí náisiúnta [milliún tonachiliméadar]

(9)  Praghsanna idirnáisiúnta allmhairiúcháin breosla ola, gáis agus guail [EUR/GJ nó euro/toe] bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin

(10)  Praghas carbóin EU-ETS [EUR/EUA] bunaithe ar mholtaí an Choimisiúin

(11)  Toimhdí i leith rátaí malairte go EUR agus go USD (i gcás inarb infheidhme) [euro/airgeadra agus USD/airgeadra]

(12)  Líon Laethanta Céime Téimh (HDD)

(13)  Líon Laethanta Céime Fuaraithe (CDD)

(14)  Toimhdí um chostas teicneolaíochta i samhaltú le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí ábhartha

2.  Comhardú fuinnimh agus táscairí

2.1.  Soláthar fuinnimh

(1)  Táirgeadh dúchais de réir cineál breosla (na táirgí fuinnimh go léir a tháirgtear i gcainníochtaí suntasacha) [ktoe]

(2)  Glanallmhairí de réir cineál breosla (lena n-áirítear leictreachas agus scartha idir ion-ghlanallmhairí agus eachtar-ghlanallmhairí an Aontais Eorpaigh) [ktoe]

(3)  Spleáchas ar allmhairiú fuinnimh ó thríú tíortha [ %]

(4)  Príomhfhoinsí allmhairiúcháin (tíortha) le haghaidh príomhiompróirí fuinnimh (lena n-áirítear gás agus leictreachas)

(5)  Olltomhaltas Intíre de réir foinse an chineáil breosla (lena n-áirítear solaid, na táirgí fuinnimh go léir: gual, amhola agus táirgí peitriliam, gás nádúrtha, fuinneamh núicléach, leictreachas, teas díorthaithe, athnuaiteáin, dramhaíl) [ktoe]

2.2.  Leictreachas agus teas

(1)  Ollghiniúint leictreachais [GWh]

(2)  Ollghiniúint leictreachais de réir breosla (na táirgí fuinnimh go léir) [GWh]

(3)  Sciar de chomhghiniúint cumhachta agus teasa in éineacht i nginiúint iomlán leictreachais agus teasa [ %]

(4)  Giniúint leictreachais acmhainne de réir foinse lena n-áirítear scor agus infheistíocht nua [MW]

(5)  Giniúint teasa ó ghiniúint fuinnimh theirmigh

(6)  Giniúint teasa ó stáisiún cumhachta is teasa in éineacht, lena n-áirítear teas dramhaíola tionscail

(7)  Acmhainní idirnaisc trasteorann le haghaidh gáis agus leictreachais [Sainmhíniú ar leictreachas i gcomhréir le toradh ar an bplé atá fós ar siúl maidir leis an mbonn do sprioc idirnaisc de 15 % ] agus a rátaí úsáide réamh-mheasta

2.3.  Earnáil trasfhoirmithe

(1)  Ionchur breosla i nginiúint fuinnimh theirmigh (lena n-áirítear solaid, ola, gás) [ktoe]

(2)  Ionchur breosla chuig próisis tiontaithe eile [ktoe]

2.4.  Tomhaltas fuinnimh

(1)  Tomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh [ktoe]

(2)  Tomhaltas deiridh fuinnimh de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaí, treasach, talmhaíocht agus iompar (lena n-áirítear dealú idir iompar paisinéirí agus iompar lasta, más ann dó)) [ktoe]

(3)  Tomhaltas deiridh fuinnimh de réir breosla (na táirgí fuinnimh go léir) [ktoe]

(4)  Tomhaltas deiridh neamhfhuinnimh [ktoe]

(5)  Déine fuinnimh phríomhúil an gheilleagair fhoriomláin (tomhaltas príomhúil fuinnimh in aghaidh an OTI [toe/euro]

(6)  Déine dheiridh fuinnimh de réir earnála (lena n-áirítear tionsclaíocht, cónaí, treasach agus iompar (lena n-áirítear dealú idir iompar paisinéirí agus iompar lasta, más ann dó))

2.5.  Praghsanna

(1)  Praghsanna leictreachais de réir cineál earnála a úsáideann é (cónaithe, tionsclaíocht, treasach)

(2)  Praghsanna breosla miondíola náisiúnta (lena n-áirítear cánacha, in aghaidh na foinse agus na hearnála) [euro/ktoe]

2.6.  Infheistíocht

▌ Costais infheistíochta sna hearnálacha um thrasfhoirmiú, soláthar, tarchur agus dáileadh fuinnimh

2.7.  Foinsí in-athnuaite fuinnimh

(1)  Olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus sciar d'fhuinneamh in-athnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh agus de réir earnála (leictreachas, téamh agus fuarú, iompar) agus de réir teicneolaíochta

(2)  Giniúint leictreachais agus teasa ó fhuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh; Áireofar leis seo, má tá siad ar fáil, sonraí imdhealaithe maidir leis an bhfuinneamh a tháirgtear, a thomhailtear agus a instealltar sa ghreille le córais fhótavoltacha ghréine, córais theirmeacha ghréine, bithmhais, teaschaidéil, córais gheoiteirmeacha, chomh maith leis na córais in-athnuaite dhíláraithe eile go léir

(3)  I gcás inarb infheidhme, conairí náisiúnta eile, lena n-áirítear iad sin fadtéarmach agus earnálach - sciar na mbithbhreoslaí bunaithe ar bhia, sciar na n-ard-bhithbhreoslaí, an sciar d'fhuinneamh in athnuaite i dtéamh ceantair, chomh maith leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha agus ag pobail fuinnimh in-athnuaite.

3.  Táscairí a bhaineann le hastaíochtaí agus le haistrithe GCT

(1)  Astaíochtaí GCT de réir earnáil bheartais (EU ETS, comhroinnt díchill agus LULUCF)

(2)  Astaíochtaí GCT de réir earnáil IPCC agus de réir gáis (arna ndealú idir earnálacha EU ETS agus comhroinnte díchill i gcás inarb ábhartha) [tCO2eq]

(3)  Déine charbóin an gheilleagar fhoriomláin [tCO2eq/GDP]

(4)  Táscairí a bhaineann le hastaíochtaí CO2

(a)  Déine astaíochtaí GCT na giniúna cumhachta agus teasa intíre [tCO2eq/MWh]

(b)  Déine astaíochtaí GCT an tomhaltais deiridh fuinnimh de réir earnála ▌ [tCO2eq/toe]

(5)  Paraiméadair a bhaineann le hastaíochtaí neamh-CO2

(a)  Beostoc: eallach déiríochta [1000 cloigeann], eallach neamhdhéiríochta [1000 cloigeann], caoirigh [1000 cloigeann], muca [1000 cloigeann], éanlaith chlóis [1000 cloigeann]

(b)  Ionchur nítrigine ó leasacháin shintéiseacha a chur amach [kt nítrigin]

(c)  Ionchur nítrigine as aoileach a chur amach [kt nítrigin]

(d)  Nítrigin fosaithe ag barra n-fhosaithe [kt nítrigin]

(e)  Nítrigin i bhfuíoll bairr curtha ar ais san ithir [kt nítrigin]

(f)  Achar na n-ithreacha orgánacha saothraithe [heicteáir]

(g)  Giniúint ó dhramhaíl sholadach chathrach (MSW)

(h)  Dramhaíl sholadach chathrach (MSW) ag dul chuig líonadh talún

(i)  Sciar d'aisghabháil CH4 sa ghiniúint CH4 iomlán ó líonadh talún [ %]

IARSCRÍBHINN II

Rannchuidithe náisiúnta do sciar an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2030

1.  Léiríonn an fhoirmle tháscach seo a leanas na critéir oibiachtúla a liostaítear i bpointí (e)(i) go (v) d’Airteagal 5(1), agus gach ceann á shloinneadh i bpointí céatadáin:

(a)  sprioc cheangailteach náisiúnta an Bhallstáit do 2020 a leagtar amach sa tríú colún den tábla i gcuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (117);

(b)  ranníocaíocht ar ráta comhréidh (“CFlat”);

(c)  ranníocaíocht bunaithe ar OTI per capita (“CGDP”);

(d)  ranníocaíocht bunaithe ar phoitéinseal (“CPotential”);

(e)  ranníocaíocht a léiríonn leibhéal idirnaisc an Bhallstáit (“CInterco”).

2.  Beidh CFlat mar a chéile do gach Ballstát. Beidh méid CFlat na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30% den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

3.  Leithdháilfear CGDP i measc na mBallstát bunaithe ar innéacs OTI per capita Eurostat go dtí meán an Aontais thar an tréimhse 2013 go 2017, arna shloinneadh i gcaighdeán cumhachta ceannaigh, agus beidh uasteorainn 150 % de mheán an Aontais ag an innéacs i gcás gach Ballstáit. Beidh méid CGDP na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30% den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

4.  Leithdháilfear CPotential i measc na mBallstát bunaithe ar an difríocht idir sciar fuinnimh in-athnuaite Ballstáit in 2030 mar a thaispeántar i gcás tagartha PRIMES agus a sprioc cheangailteach náisiúnta do 2020. Beidh méid CPotential na mBallstát ar fad le chéile ionann le 30% den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

5.  Leithdháilfear CInterco i measc na mBallstát bunaithe ar innéacs sciar an idirnasctha leictreachais le hais mheán an Aontais in 2017, arna thomhas le glanacmhainn an aistrithe le hais acmhainn na giniúna suiteáilte iomláine, agus beidh uasteorainn 150 % de mheán an Aontais ag innéacs sciar an idirnasctha i gcás gach Ballstáit. Beidh méid CInterco na mBallstát ar fad le chéile ionann le 10% den difríocht idir spriocanna an Aontais do 2030 agus do 2020.

IARSCRÍBHINN III

FÓGRAÍ FAOI BHEARTA AGUS MODHEOLAÍOCHTAÍ NA MBALLSTÁT CHUN AIRTEAGAL 7 DE THREOIR 2012/27/AE A CHUR CHUN FEIDHME

Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoin modheolaíocht mhionsonraithe atá beartaithe acu de bhun phointe 5 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE maidir le feidhmiú na scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus bearta malartacha beartais dá dtagraítear in Airteagail 7a agus 7b agus in Airteagal 20(6) den Treoir chéanna.

1.  Ríomh leibhéal an cheanglais maidir le coigilteas fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, lena dtaispeántar an bealach a dtugtar aird ar na gnéithe seo a leanas:

(a)  tomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh, meánaithe thar an tréimhse trí bliana is déanaí roimh an 1 Eanáir 2019 [in ktoe];

(b)  méid carnach an choigiltis fuinnimh úsáid deiridh atá le baint amach [in ktoe] i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE;

(c)  sonraí a úsáidtear i ríomh an tomhaltais fuinnimh úsáid deiridh agus foinsí na sonraí sin, lena n-áirítear bonn cirt d’úsáid sonraí staidrimh malartacha agus d'aon difríochtaí i dtaca leis na méideanna atá ann dá bharr (má úsáidtear foinsí eile seachas Eurostat);

2.  Maidir leis na Ballstáit a chinnfidh úsáid a bhaint as aon cheann de na féidearthachtaí faoi Airteagal 7(2) de Threoir 2012/27/AE, tabharfaidh siad fógra freisin faoin ríomh atá déanta acu ar leibhéal an cheanglais maidir le coigilteas fuinnimh atá le baint amach sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030, agus taispeánfaidh siad an chaoi a gcuirtear na gnéithe seo a leanas san áireamh:

(a)  a ráta coigiltis bliantúil féin;

(b)  a mbonnlíne ríomha féin agus an fuinneamh a úsáidtear san iompar, go hiomlán nó go páirteach, atá eisiata ón ríomh [in ktoe];

(c)  méid carnach an choigiltis fuinnimh arna ríomh ▌ sa tréimhse iomlán ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollag 2030 (roimh chur i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE) [in ktoe];

(d)  cur i bhfeidhm na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE:

(i)  an tomhaltas fuinnimh deiridh i ngníomhaíochtaí tionsclaíochta [in ktoe] a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE agus atá eisiata ón ríomh, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(ii)  an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] a bhaintear amach sna hearnálacha um thrasfhoirmiú, dáileadh agus tarchur fuinnimh, lena n-áirítear bonneagair téimh agus fuaraithe éifeachtúil ceantair, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(iii)  an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] mar thoradh ar ghníomhaíochtaí aonair a cuireadh chun feidhme le déanaí ó 31 Nollaig 2008 a mbeidh tionchar acu fós in 2020 agus ina dhiaidh sin agus i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(iv)  an méid coigiltis fuinnimh [in ktoe] a eascraíonn as bearta beartais, ar choinníoll gur féidir a léiriú go dtiocfaidh gníomhartha aonair arna ndéanamh tar éis an 1 Eanáir 2018 go dtí an 31 Nollaig 2020 as na bearta beartais sin, lena mbainfidh coigilteas tar éis an 31 Nollaig 2020, i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(v)  méid an fharasbairr coigiltis fuinnimh [in ktoe] a bhaintear amach sa tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020, a chuireann na Ballstáit san áireamh maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le pointe (f) d’Airteagal 7(3) de Threoir 2012/27/AE;

(vi)  méid an choigiltis fuinnimh [in ktoe] a sháraíonn an méid coigiltis charnaigh fuinnimh is gá sa tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, a chuireann na Ballstáit san áireamh maidir leis an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2030 i gcomhréir le pointe (g) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(e)  méid carnach iomlán an choigiltis fuinnimh (tar éis na roghanna dá dtagraítear i bpointí (b) go (g) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE a chur san áireamh) ▌.

3.  Bearta beartais i bhfianaise baint amach an cheanglais coigiltis dá dtagraítear in Airteagal 7(1) de Threoir 2012/27/AE:

3.1.  Scéimeanna oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 7a de Threoir 2012/27/AE:

(a)  tuairisc ar an scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh;

(b)  méid iomlán bliantúil agus carnach maidir le coigilteas atá tuartha agus fad thréimhse(í) na hoibleagáide;

(c)  páirtithe faoi oibleagáid agus a gcuid freagrachtaí;

(d)  sprioc-earnálacha;

(e)  gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear faoin mbeart;

(f)  faisnéis faoi chur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas ▌ de Threoir 2012/27/AE:

(i)  i gcás inarb infheidhme, gníomhaíochtaí sonracha, sciar coigiltis atá le baint amach i dteaghlaigh atá thíos leis an mbochtaineacht fuinnimh ▌ i gcomhréir le ▌ hAirteagal 7 ▌ (11);

(ii)  coigilteas atá le baint amach ag soláthraithe seirbhísí fuinnimh nó ag tríú páirtithe eile i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 7a(6);

(iii)  baincéireacht agus iasachtaíocht i gcomhréir le pointe (b) ▌ d’Airteagal 7a ▌ (6);

(g)  i gcás inarb ábhartha, faisnéis ar thrádáil coigiltis fuinnimh.

3.2  Bearta malartacha dá dtagraítear in Airteagal 7b agus in Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE (seachas cánachas):

(a)  cineál birt beartais;

(b)  tuairisc ghearr ar an mbeart beartais lena n-áirítear na gnéithe deartha do gach beart beartais ar tugadh fógra faoi;

(c)  an méid iomlán de choigilt charnach agus bhliantúil atá tuartha do gach beart agus/nó an méid fuinnimh a sábháladh maidir le haon tréimhse idirmheánach;

(d)  údaráis phoiblí cur chun feidhme, páirtithe rannpháirteacha iontaofa agus a gcuid freagrachtaí maidir leis an mbeart/na bearta beartais a chur chun feidhme;

(e)  sprioc-earnálacha;

(f)  gníomhaíochtaí incháilithe dá bhforáiltear faoin mbeart;

(g)  i gcás inarb infheidhme, bearta beartais sonracha nó gníomhaíochtaí aonair arna ndíriú ar bhochtaineacht fuinnimh.

3.3.  Faisnéis maidir le bearta cánachais:

(a)  tuairisc ghearr ar an mbeart cánachais;

(b)  fad an bhirt cánachais;

(c)  an t-údarás poiblí cur chun feidhme;

(d)  méid carnach agus bliantúil atáthar a thuar do gach beart;

(e)  Sprioc-earnálacha agus deighleog na gcáiníocóirí;

(f)  an mhodheolaíocht ríofa, lena n-áirítear cé na praghasleaisteachais a úsáidtear agus conas a bunaíodh iad, i gcomhréir le pointe (4) d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE.

4 Modheolaíocht ríofa do bhearta a dtugtar fógra ina leith faoi Airteagail 7a agus 7b agus Airteagal 20(6) de Threoir 2012/27/AE (seachas bearta cánachais):

(a)  modhanna tomhais dá dtagraítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;

(b)  modh chun coigilteas fuinnimh a shloinneadh (coigilteas phríomhúil fuinnimh nó coigilteas deiridh fuinnimh);

(c)  saolréanna na mbeart, an ráta ag a dtagann laghdú ar choigilt le himeacht ama agus an cur chuige a úsáidtear chun saolré an choigiltis a chur san áireamh;

(d)  tuairisc ghearr ar an modheolaíocht ríofa lena n-áirítear an modh lena n-áirithítear breisíocht agus ábharthacht choigilte agus na modheolaíochtaí agus na tagarmharcanna a úsáidtear le haghaidh coigiltis mheasta agus scálaithe;

(e)  faisnéis faoin gcaoi a ndírítear ar aon fhorluí féideartha idir na bearta agus na gníomhaíochtaí aonair d'fhonn áireamh dúbailte ar choigilt fuinnimh a sheachaint;

(f)  i gcás inar ábhartha, éagsúlachtaí aeráide agus an cur chuige a úsáidtear.

5.  Faireachán agus fíorú

(a)  tuairisc ghearr ar an gcóras faireacháin agus fíoraithe agus ar phróiseas an fhíoraithe;

(b)  an t-údarás poiblí cur chun feidhme agus a phríomhfhreagrachtaí i mbun an chórais faireacháin agus fíoraithe maidir leis an scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh nó bearta malartacha;

(c)  neamhspleáchas faireacháin agus fíoraithe ó na páirtithe faoi oibleagáid agus na páirtithe rannpháirteacha iontaoibhe;

(d)  cion atá suntasach ó thaobh an staidrimh de maidir le bearta feabhsúcháin um éifeachtúlacht fuinnimh agus cion agus critéir a úsáidtear chun sampla ionadaíoch a shainmhíniú agus a roghnú;

(e)  oibleagáidí tuairiscithe ar pháirtithe faoi oibleagáid (coigilteas a bhaineann gach páirtí faoi oibleagáid amach, nó a bhaineann gach fochatagóir de pháirtí faoi oibleagáid amach, agus an choigilt iomlán faoin scéim).

(f)  foilsiú an choigiltis fuinnimh a bhaintear amach (gach bliain) faoin scéim oibleagáide um éifeachtúlacht fuinnimh agus faoi bhearta malartacha;

(g)  faisnéis faoi dhlí na mBallstát maidir leis na pionóis a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás neamhchomhlíonta;

(h)  Faisnéis faoi bhearta beartais dá bhforáiltear i gcás nach bhfuil an dul chun cinn atá déanta sásúil.

IARSCRÍBHINN IV

CREAT GINEARÁLTA MAIDIR LE STRAITÉISÍ FADTÉARMACHA

1.  FORLÉARGAS AGUS PRÓISEAS LENA bhFORBRAÍTEAR NA STRAITÉISÍ

1.1.  Achoimre Feidhmiúcháin

1.2.  Comhthéacs dlíthiúil agus beartais

1.3.  Comhairliúchán poiblí

2.  ÁBHAR

2.1.  IOMLÁN NA LAGHDUITHE AR ASTAÍOCHTAÍ GCT AGUS NA bhFEABHSUITHE AR AISTRITHE TRÍ LINNTE

2.1.1.  Na laghduithe réamh-mheasta ar astaíochtaí agus an feabhsú ar aistrithe faoi 2050

2.1.2.  Na spriocanna náisiúnta do 2030 agus ina dhiaidh, má tá siad ar fáil, agus na garspriocanna táscacha do 2040 agus 2050

2.1.3.  Beartais agus bearta oiriúnaithe

2.2.  FUINNEAMH IN-ATHNUAITE

2.2.1  A mhéid is féidir, an sciar dóchúil measta d’fhuinneamh in-athnuaite sa tomhaltas fuinnimh deiridh faoi 2050

2.3.  ÉIFEACHTÚLACHT FUINNIMH

2.3.1.  A mhéid is féidir, an tomhaltas fuinnimh dóchúil measta faoi 2050

2.4.  Ábhar earnáilsonrach

2.4.1.  Córas fuinnimh

2.4.1.1.  An chonair nó raon astaíochtaí atá beartaithe nó is dócha a bheidh ann amach anseo

2.4.1.2.  Tuairisc ghinearálta ar na príomhspreagthóirí maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, solúbthacht don éileamh agus tomhaltas fuinnimh agus an fhorbairt a thiocfaidh orthu ó 2021 agus ina dhiaidh

2.4.2.  Tionscal

2.4.2.1.  Na laghduithe ar astaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo de réir earnála agus éilimh fuinnimh

2.4.2.2.  Forléargas ginearálta ar na beartais, na pleananna atá ann cheana agus na bearta i gcomhair dícharbónú a dtugtar tuairisc orthu i bpointe 2.1 de Roinn A de Chuid 1 d’Iarscríbhinn I

2.4.3.  Iompar

2.4.3.1.  Na hastaíochtaí agus na foinsí fuinnimh a bhfuiltear ag súil leo de réir chineál an iompair (e.g. carranna agus veaineanna, iompar tromshaothair de bhóthar, loingseoireacht, eitlíocht, iarnród)

2.4.3.2.  Roghanna dícharbónaithe

2.4.4.  Talmhaíocht agus talamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF)

2.4.4.1.  A mhéid is féidir, na hastaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo de réir na bhfoinsí agus GCTanna aonair

2.4.4.2.  Na roghanna laghdaithe astaíochtaí atá beartaithe

2.4.4.3.  Naisc le beartais talmhaíochta agus forbartha tuaithe

3.  MAOINIÚ

3.1.  Meastacháin ar an infheistíocht is gá

3.2.  Beartais agus bearta maidir le taighde, forbairt agus nuálaíocht atá gaolmhar

4.  MEASÚNÚ TIONCHAIR NA nGNÉITHE SOCHEACNAMAÍOCHA

5.  Iarscríbhinní (de réir mar is gá)

5.1.  Mionsonraí maidir le samhaltú (lena n-áirítear toimhdí) agus/nó anailís, táscairí etc.

IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS FAOI FHARDAIL GÁS CEAPTHA TEASA

Cuid 1

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 26(3):

(a)  a n-astaíochtaí antrapaigineacha GCT liostaithe i gCuid 2 den Iarscríbhinn seo agus na hastaíochtaí antrapaigineacha GCT dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2018/842 don bhliain X-2;

(b)  sonraí maidir le hastaíochtaí antrapaigineacha aonocsaíde charbóin (CO), dé-ocsaíde sulfair (SO2), ocsaídí de nítrigin (NOx) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha, atá ag teacht leis na sonraí a tuairiscíodh cheana de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/2284 don bhliain X-2;

(c)  a n-astaíochtaí antrapaigineacha GCT ó fhoinsí agus aistrithe CO2 trí linnte de thoradh LULUCF, don bhliain X-2 i gcomhréir le modheolaíochtaí a shonraítear i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo. Beidh na sonraí seo ábhartha freisin don tuarascáil maidir le comhlíonadh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2018/841;

(d)  aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) do na blianta idir an bhonnbhliain ábhartha nó an bhonntréimhse ábhartha agus bliain X-3, ag léiriú na gcúiseanna a bhí leis na hathruithe sin;

(e)  faisnéis maidir le táscairí, arna leagan amach i gCuid 4 den Iarscríbhinn seo, don bhliain X-2;

(f)  faisnéis achomair ar aistrithe curtha i gcrích de bhun Airteagail 5 de Rialachán [ ] [ESR] agus Airteagal 12 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/841 don bhliain X-1;

(g)  faisnéis ar na céimeanna chun réamh-mheastacháin fardail a fheabhsú, go háirithe sna réimsí den fhardal a bhí faoi réir coigeartuithe agus moltaí i ndiaidh athbhreithnithe saineolacha;

(h)  leithdháileadh iarbhír nó measta na n-astaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú ag oibreoirí suiteála faoi Threoir 2003/87/CE chuig catagóirí foinse an fhardail náisiúnta do ghás ceaptha teasa, agus cóimheas na n-astaíochtaí fíoraithe leis na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa a tuairiscíodh sna catagóirí foinse sin, don bhliain X-2;

(i)  i gcás inarb ábhartha, torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na n-astaíochtaí tuairiscithe sna fardail ghás ceaptha teasa, don bhliain X-2, mar aon leis na hastaíochtaí fíoraithe arna dtuairisciú faoi Threoir 2003/87/CE;

(j)  i gcás inarb ábhartha, torthaí na seiceálacha arna ndéanamh ar chomhsheasmhacht na sonraí a úsáidtear chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí agus fardail GCT a ullmhú, don bhliain X-2, mar aon le:

(i)  na sonraí a úsáidtear i ndáil le hullmhú na bhfardal um thruailleáin aeir de bhun Threoir (AE) 2016/2284;

(ii)  na sonraí arna dtuairisciú de bhun Airteagal 19(1) agus Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014;

(iii)  na sonraí fuinnimh arna dtuairisciú de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 agus Iarscríbhinn B a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(k)  tuairisc ar athruithe ar an gcóras fardail náisiúnta atá acu, más ann dóibh;

(l)  tuairisc ar athruithe ar an gclár náisiúnta, más ann dóibh;

(m)  faisnéis faoina bplean dearbhaithe cáilíochta agus rialaithe cáilíochta, measúnú ginearálta ar neamhchinnteacht, agus measúnú ginearálta ar iomláine, agus, aon ghnéithe eile den tuarascáil ar fhardail náisiúnta GCT a theastaíonn chun tuarascáil ar fhardal GCT an Aontais a ullmhú;

(n)  faisnéis ar rún na mBallstát maidir le leas a bhaint as an tsolúbthacht atá in Airteagal 5(4) agus (5) agus Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) 2018/842 agus maidir le leas a bhaint as ioncam faoi Airteagal 5(6) den Rialachán sin.

Féadfaidh Ballstát maolú ó phointe (c) den chéad mhír a iarraidh chun modheolaíocht eile seachas an ceann a shonraítear i gCuid 3 den Iarscríbhinn seo a chur i bhfeidhm más rud é nach féidir an feabhas ar an modheolaíocht atá de dhíth a bhaint amach in am chun an feabhsú a chur san áireamh sna fardail ar gháis cheaptha teasa don tréimhse ó 2021 go 2030, nó más rud é go mbeadh costas díréireach ard ag baint leis an bhfeabhsú ar an modheolaíocht i gcomparáid le modheolaíocht den sórt sin a chur i bhfeidhm chun an cuntas a thugtar ar astaíochtaí agus ar aistrithe a fheabhsú i ngeall ar an tábhacht íseal atá ag na hastaíochtaí agus aistrithe ó na linnte carbóin lena mbaineann. Na Ballstáit ar mian leo leas a bhaint as an maolú sin, cuirfidh siad iarraidh réasúnaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Nollaig 2020, ina gcuirfear in iúl an tráth faoina gcuirfear chun feidhme an feabhsúchán modheolaíochta nó na modheolaíochta malartaí atá beartaithe, agus measúnú ar na tionchair fhéideartha ar chruinneas na cuntasaíochta. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go gcuirfí faisnéis bhreise faoina bhráid laistigh de thréimhse ama réasúnta a bheidh sonraithe. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil bonn cirt leis an iarraidh, deonóidh sé maolú. I gcás nach ngéillfidh an Coimisiún don iarraidh, tabharfaidh sé fáthanna leis a chinneadh.

Cuid 2

Is iad seo a leanas na GCTanna atá le cuimsiú:

Dé-ocsaíd charbóin (CO2)

Meatán (CH4)

Ocsaíd Nítriúil (N2O)

Heicseafluairíd sulfair (SF6)

Trífhluairíd nítrigine (NF3)

Hidreafluaracarbóin (HFCanna):

HFC-23 CHF3

HFC-32 CH2F2

HFC-41 CH3F

HFC-125 CHF2CF3

HFC-134 CHF2CHF2

HFC-134a CH2FCF3

HFC-143 CH2FCHF2

HFC-143a CH3CF3

HFC-152 CH2FCH2F

HFC-152a CH3CHF2

HFC-161 CH3CH2F

HFC-227ea CF3CHFCF3

HFC-236cb CF3CF2CH2F

HFC-236ea CF3CHFCHF2

HFC-236fa CF3CH2CF3

HFC-245fa CHF2CH2CF3

HFC-245ca CH2FCF2CHF2

HFC-365mfc CH3CF2CH2CF3

HFC-43-10mee CF3CHFCHFCF2CF3 nó (C5H2F10)

Sárfhluaracarbóin (PFCanna):

PFC-14, Sárfhluarameatán, CF4

PFC-116, Sárfhluaraeatán, C2F6

PFC-218, Sárfhluaraprópán, C3F8

PFC-318, Sárfhluaracioglabhútán, c-C4F8

Sárfhluaraicioglaprópán c-C3F6

PFC-3-1-10, Sárfhluarabútán, C4F10

PFC-4-1-12, Sárfhluarapeantán, C5F12

PFC-5-1-14, Sárfhluaraiheacsán, C6F14

PFC-9-1-18, C10F18

Cuid 3 – Modheolaíochtaí maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh san earnáil LULUCF

Sonraí ar thiontuithe talamhúsáide bunaithe ar thíreolaíocht i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta gás ceaptha teasa.

Modheolaíochtaí Leibhéal 1 ▌ i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT.

I gcás astaíochtaí agus aistrithe do linn charbóin arb ionann í agus 25 – 30 % ar a laghad d’astaíochtaí nó d’aistrithe i bhfoinse nó i gcatagóir linnte a dtugtar tosaíocht di laistigh de chóras náisiúnta fardail de chuid Ballstáit toisc go bhfuil tionchar suntasach ag an meastachán a dhéantar uirthi ar fhardal iomlán tíre GCTanna i dtéarmaí dearbh-leibhéal astaíochtaí agus aistrithe, an treocht maidir le hastaíochtaí nó le haistrithe, nó an neamhchinnteacht sna hastaíochtaí agus sna haistrithe sna catagóirí úsáide talún, modheolaíocht Leibhéal 2 ar a laghad ▌ i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT.

Moltar do na Ballstáit modheolaíochtaí Leibhéal 3 ▌a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Treoirlínte 2006 IPCC d’fhardail náisiúnta GCT.

Cuid 4 – Táscairí fardail

Teideal an táscaire

Táscaire

TRASFHOIRMIÚ B0

Astaíochtaí CO2 sonracha ó stáisiúin chumhachta phoiblí agus ó stáisiúin chumhachta uatáirgeora, t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó stáisiúin chumhachta theirmeacha phoiblí agus ó stáisiúin chumhachta theirmeacha uatáirgeora, kt roinnte ar na táirgí go léir – aschur ó stáisiúin chumhachta theirmeacha phoiblí agus ó stáisiúin chumhachta theirmeacha uatáirgeora, PJ

CLAOCHLÚ E0

Astaíochtaí CO2 ó stáisiúin uatáirgeora t/TJ

Astaíochtaí CO2 ó uatáirgeoirí, kt roinnte ar na táirgí go léir— aschur ó stáisiúin chumhachta theirmeacha uatáirgeoirí, PJ

TIONSCLAÍOCHT A1.1

An déine iomlán CO2 — an tionscal iarainn agus cruach, t/Mio Euro

Astaíochtaí iomlána CO2 ó iarann agus cruach, kt roinnte ar ollbhreisluach — tionscal iarainn agus cruach

TIONSCLAÍOCHT A1.2

Déine CO2 a bhaineann le fuinneamh — tionscal na gceimiceán, t/milliún euro

Astaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh thionscal na gceimiceán, kt roinnte ar ollbhreisluach — tionscal na gceimiceán

TIONSCLAÍOCHT A1.3

An déine CO2 maidir le fuinneamh – tionscal na gloine, na potaireachta agus na n-ábhar tógála, t/milliún Euro

Astaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh, gloine, potaireacht agus ábhair thógála, kt roinnte ar ollbhreisluach – tionscal na gloine, na potaireachta agus na n-ábhar tógála

TIONSCLAÍOCHT A1.4

An déine CO2 maidir le fuinneamh - tionscal an bhia, na ndeochanna agus an tobac, t/milliún Euro

Astaíochtaí CO2 a bhaineann le fuinneamh ó thionscal an bhia, na dí agus an tobac, kt roinnte ar ollbhreisluach, tionscal an bhia, na dí agus an tobac milliún euro (EC95)

TIONSCLAÍOCHT A1.5

Déine CO2 a bhaineann le fuinneamh – tionscal an pháipéir agus na clódóireachta, t/milliún euro Astaíochtaí CO2 thionscal an pháipéir agus na clódóireachta, kt roinnte ar ollbhreisluach, tionscal an pháipéir agus na clódóireachta, milliún euro (EC95)

TEAGHLAIGH A0

Astaíochtaí sonracha CO2 de chuid teaghlach don téamh spáis, t/m2

Astaíochtaí CO2 ó theaghlaigh le haghaidh téamh spáis, roinnte ar achar dromchla na n-áitreabh atá áitithe go buan, milliún m2

SEIRBHÍSÍ B0

Astaíochtaí sonracha CO2 sonracha ón earnáil tráchtála agus institiúideach don téamh spáis, kg/m2

Astaíochtaí CO2 ó théamh spáis san earnáil tráchtála agus institiúideach, roinnte ar achar dromchla na bhfoirgneamh seirbhíse, milliún m2

IOMPAR B0

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le díosal iad, ó ghluaisteáin paisinéirí, g/100km

IOMPAR B0

Astaíochtaí sonracha CO2, ar astaíochtaí maidir le peitreal iad, ó ghluaisteáin paisinéirí, g/100km

IARSCRÍBHINN VI

FAISNÉIS MAIDIR LE BEARTAIS AGUS BEARTA I RÉIMSE NA nASTAÍOCHTAÍ GCT

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)  tuairisc ar a gcóras náisiúnta chun beartais agus bearta, nó grúpaí beart, a thuairisciú, agus chun réamh-mheastacháin ar astaíochtaí GCT antrapaigineacha ag foinsí agus aistriú trí linnte a thuairisciú de bhun Airteagal 38(1), nó faisnéis faoi aon athruithe arna ndéanamh ar an gcóras sin i gcás ina bhfuil tuairisc den chineál sin curtha ar fáil cheana féin;

(b)  faisnéis chothrom le dáta atá ábhartha dá straitéisí fadtéarmacha dá dtagraítear in Airteagal 15 agus an dul chun cinn maidir leis na straitéisí sin a chur chun feidhme;

(c)  faisnéis faoi bheartais agus bearta náisiúnta, nó faoi ghrúpaí beart, agus faoi chur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais, nó cur chun feidhme grúpaí beart, a chuireann srian ar nó a laghdaíonn astaíochtaí GCT ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistriú linnte, arna gcur i láthair ar bhonn earnála agus eagraithe de réir an gháis nó an ghrúpa gás (HFCanna agus PFCanna) a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn V. Áireofar san fhaisnéis sin tagairtí do bheartais infheidhme agus ábhartha náisiúnta nó Aontais cuimseoidh sí:

(i)  cuspóir an bheartais nó an bhirt agus tuairisc ghearr ar an mbeartas nó ar an mbeart;

(ii)  an cineál ionstraime beartais;

(iii)  stádas cur chun feidhme an bheartais nó an bhirt nó an ghrúpa beart;

(iv)  táscairí arna n-úsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn thar am;

(v)  i gcás ina bhfuil siad ar fáil, meastacháin chainníochtúla ar na héifeachtaí ar astaíochtaí ag foinsí agus aistriú linnte GCT arna roinnt de réir an méid seo a leanas:

–  torthaí an mheasúnaithe ex-ante ar éifeachtaí beartais agus birt aonair nó ar éifeachtaí ghrúpa beartas nó beart maidir le hathrú aeráide a mhaolú. Cuirfear meastacháin ar fáil le haghaidh gach tréimhse ceithre bliana tar éis bliain dar críoch 0 nó 5 go díreach i ndiaidh na bliana tuairiscithe, le hidirdhealú idir astaíochtaí GCT arna gcumhdach ag Treoir 2003/87/CE, Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841 a idirdhealú;

–  torthaí na measúnuithe ex post ar éifeachtaí beartais agus birt aonair nó ar éifeachtaí grúpa beartas nó beart maidir le hathrú aeráide a mhaolú, le hidirdhealú idir na hastaíochtaí GCT arna gcumhdach ag Treoir 2003/87/CE, Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841;

(vi)  na meastacháin atá ar fáil ar chostais agus ar thairbhí réamh-mheasta beartas agus beart, mar aon le meastacháin ar chostais agus ar thairbhí réadaithe na mbeartas agus na mbeart;

(vii)  gach tagairt atá ann cheana do mheasúnú na gcostas agus éifeachtaí na mbeartas agus na mbeart náisiúnta, d'fhaisnéis a bhaineann le cur chun feidhme bheartais agus bhearta an Aontais a laghdaíonn nó a chuireann srian ar astaíochtaí GCT ag foinsí nó a fheabhsaíonn aistrithe trí linnte agus do thuarascálacha teicniúla atá ag tacú leo;

(viii)  measúnú ar rannchuidiú an bheartais nó an bhirt maidir leis an straitéis fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagal 15 a bhaint amach;

(d)  faisnéis faoi bheartais agus bearta, nó grúpaí beart, náisiúnta breise atá beartaithe, a bhfuil sé mar chuspóir acu astaíochtaí GCT a theorannú thar a ngealltanais faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus Rialachán (AE) 2018/841;

(e)  faisnéis maidir leis an nasc idir na beartais agus na bearta difriúla, nó grúpaí beart difriúil, a thuairiscítear de bhun phointe (c) agus maidir leis an mbealach a rannchuidíonn beartais agus beart, nó grúpaí beart, dá leithéid le cásanna réamh-mheasta difriúla.

IARSCRÍBHINN VII

FAISNÉIS I dTACA LE RÉAMH-MHEASTACHÁIN I RÉIMSE NA nASTAÍOCHTAÍ GCT

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 18:

(a)  réamh-mheastacháin gan bhearta i gcás ina mbeidh fáil orthu, réamh-mheastacháin le bearta, agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, réamh-mheastacháin le bearta breise;

(b)  réamh-mheastacháin iomlána GCT agus réamh-mheastacháin ar leith d’astaíochtaí réamh-mheasta GCT do na foinsí astaíochtaí arna gcumhdach faoi Threoir 2003/87/CE agus faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus na hastaíochtaí réamh-mheasta ó fhoinsí agus na haistrithe réamh-mheasta trí linnte faoi Rialachán (AE) 2018/841;

(c)  tionchar na mbeartas agus na mbeart a shainaithnítear de bhun phointe (a) d’Airteagal 18(1). Sa chás nach bhfuil a leithéid sin de bheartais agus de bhearta san áireamh, tabharfar sonrú agus míniú soiléir;

(d)  torthaí na hanailíse íogaireachta a rinneadh i ndáil leis na réamh-mheastacháin agus faisnéis ar na samhlacha agus na paraiméadair a úsáidtear;

(e)  gach tagairt ábhartha don mheasúnú agus na tuarascálacha teicniúla a thacaíonn leis na réamh-mheastacháin dá dtagraítear in Airteagal 18(4).

IARSCRÍBHINN VIII

FAISNÉIS AR GHNÍOMHARTHA OIRIÚNAITHE NÁISIÚNTA, TACAÍOCHT AIRGEADAIS AGUS TEICNEOLAÍOCHTA ARNA SOLÁTHAR DO THÍORTHA I mBÉAL FORBARTHA AGUS IONCAIM CHEANTÁLA

Cuid 1

Tuairisciú ar ghníomhartha oiriúnaithe

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(1):

(a)  na príomhspriocanna, cuspóirí agus creat institiúideach um oiriúnú;

(b)  réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide lena n-áirítear adhaimsir, tionchar an athraithe aeráide, measúnú ar leochaileacht aeráide agus ar rioscaí agus príomhghuaiseacha aeráide;

(c)  acmhainneacht oiriúnaitheachta;

(d)  pleananna agus straitéisí oiriúnaithe;

(e)  creat ▌ faireacháin agus meastóireachta;

(f)  an dul chun cinn atá déanta sa chur chun feidhme, lena n-áirítear dea-chleachtais agus athruithe rialachais.

Cuid 2

Tuairisciú ar thacaíocht arna soláthar do thíortha i mbéal forbartha

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(3):

(a)  faisnéis ar thacaíocht airgeadais arna soláthar agus arna gealladh do thíortha i mbéal forbartha don bhliain X-1, lena n-áirítear:

(i)  faisnéis chainníochtúil ar acmhainní airgeadais phoiblí atá á úsáid ag an mBallstát. Beidh faisnéis faoi shreabhadh airgeadais á chur ar fáil bunaithe ar ‘mharcóirí Rio’ don tacaíocht i leith maolaithe ar an athrú aeráide agus tacaíocht i leith oiriúnaithe don athrú aeráide agus ar chórais rianaithe eile atá tugtha isteach ag Coiste Cúnaimh Forbartha OECD;

(ii)  faisnéis mhodheolaíochta chainníochtúil lena mínítear an modh a úsáidtear chun an fhaisnéis chainníochtúil a ríomh, lena n-áirítear míniú ar an modheolaíocht a úsáidtear chun na sonraí a chainníochtú, agus i gcás inarb ábhartha, faisnéis eile ar na sainmhínithe agus modheolaíochtaí a úsáideadh chun aon fhigiúir a dheimhniú, go háirithe d'fhaisnéis a thuairiscítear maidir le sreafaí airgeadais atá in úsáid;

(iii)  faisnéis atá ar fáil maidir le gníomhaíochtaí an Bhallstáit a bhaineann le tionscadail aistrithe teicneolaíochta agus tionscadail forbartha acmhainní arna maoiniú leis an gciste poiblí do thíortha i mbéal forbartha faoi UNFCCC, lena n-áirítear ar úsáideadh an tionscadal aistrithe teicneolaíochta nó an tionscadal forbartha acmhainní do mhaolú nó d’oiriúnú ar éifeachtaí an athraithe aeráide, an tír fála agus, i gcás inar féidir, an méid tacaíochta a cuireadh ar fáil agus cineál na teicneolaíochta a aistríodh nó an tionscadal forbartha acmhainní;

(b)  an fhaisnéis atá ar fáil don bhliain X agus do na blianta ina dhiaidh sin maidir leis an soláthar tacaíochta atá beartaithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá beartaithe a bhaineann le tionscadail aistrithe teicneolaíochta agus tionscadail forbartha acmhainní arna maoiniú leis an gciste poiblí do thíortha i mbéal forbartha faoi UNFCCC, lena n-áirítear ar úsáideadh an tionscadal aistrithe teicneolaíochta nó an tionscadal forbartha acmhainní do mhaolú d'oiriúnú ar éifeachtaí an athraithe aeráide, an tír fála agus, i gcás inar féidir, an méid tacaíochta a cuirfear ar fáil agus cineál na teicneolaíochta a aistríodh nó an tionscadal forbartha acmhainní.

Cuid 3

Tuairisciú ar ioncaim cheantála

Faisnéis atá le háireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 19(2):

(a)  faisnéis maidir le húsáid ioncaim i rith bhliain X-1, arna chruthú ag an mBallstát trí liúntais cheantála de bhun Airteagal 10(1) de Threoir 2003/87/CE, lena n-áireofar faisnéis faoin ioncam sin a úsáideadh ar mhaithe le ceann amháin nó níos mó de na críocha a shonraítear in Airteagal 10(3) den Treoir sin, nó a choibhéis i luach airgeadais an ioncaim sin, agus na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Airteagail sin;

(b)  faisnéis maidir leis an úsáid, mar a chinnfidh an Ballstát, a bhaintear as ioncam arna chruthú ag an mBallstát trí liúntais cheantála eitlíochta de bhun Airteagal 3d(1) nó (2) de Threoir 2003/87/CE a chuirfear ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 3d(4) den Treoir sin.

Beidh ioncam ceantála nach bhfuil íoctha amach nuair a chuireann Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 19(2) cainníochtaithe agus tuairiscithe i dtuarascálacha sna blianta ina dhiaidh sin.

IARSCRÍBHINN IX

OIBLEAGÁIDÍ BREISE TUAIRISCITHE

Cuid 1

Oibleagáidí breise tuairiscithe sa réimse fuinnimh in-athnuaite

Áireofar an fhaisnéis bhreise seo a leanas, mura sonrófar a mhalairt, de bhun phointe (c) d’Airteagal 20:

(a)  feidhmiú an chórais maidir le ráthaíochtaí tionscnaimh do leictreachas, gás agus téamh agus fuarú ó fhoinsí in-athnuaite, leibhéil eisiúna agus cealaithe na ráthaíochtaí tionscnaimh agus an tomhaltas náisiúnta bliantúil ar fhuinneamh in-athnuaite a eascraíonn as, chomh maith leis na bearta a tógadh d’fhonn iontaofacht an chórais a áirithiú agus cosaint i gcoinne na calaoise;

(b)  méideanna na mbithbhreoslaí, bithgháis ▌ breoslaí iompair in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte agus leictreachas in-athnuaite a thomhailtear san earnáil iompair agus, ▌ i gcás inarb ábhartha, a bhfeidhmíocht maidir le gáis cheaptha teasa a laghdú, ag déanamh idirdhealú idir breoslaí arna dtáirgeadh ó chineálacha difriúla barr bia agus beatha agus gach cineál bunábhair a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (118) ;

(c)  forbairtí i dtaca le hinfhaighteacht, bunús agus úsáid acmhainní bithmhaise chun críocha fuinnimh;

(d)  athruithe ar phraghsanna tráchtearraí agus ar úsáid talún laistigh den Bhallstát a bhfuil baint acu lena úsáid mhéadaithe ar bhithmhais agus cineálacha eile fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite;

(e)  an rótháirgeadh fuinnimh measta a thagann ó fhoinsí in-athnuaite, fuinneamh a d’fhéadfaí a aistriú chuig Ballstáit eile ionas go gcomhlíonfaí Airteagal 3(3) de Threoir (AE) 2008/... (119) agus chun an rannchuidiú náisiúnta agus conairí náisiúnta dá dtagraítear i bpointe (a)(2) d’Airteagal 4 den Rialachán seo a bhaint amach;

(f)  i gcás inarb infheidhme, an téileamh measta ar fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite atá le sásamh trí mheáin eile seachas trí tháirgeadh intíre go dtí 2030, lena náirítear amhábhair bhithmhaise allmhairithe;

(g)  forbairt theicneolaíoch agus úsáid bithbhreoslaí a dhéantar as bunábhair a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (120) ;

(h)  i gcás ina mbeidh sé ar fáil, an tionchar measta atá ag táirgeadh nó úsáid na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise ar an mbithéagsúlacht, foinsí uisce, infhaighteacht uisce, cáilíocht uisce, ithreacha agus cáilíocht aeir laistigh de Bhallstát;

(i)  ▌ cásanna calaoise a tugadh faoi deara i slabhra coimeádta na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise;

(j)  faisnéis ar an mbealach ar measadh an sciar dramhaíola in-bhithmhillte sa dramhaíl a úsáideadh chun fuinnimh a tháirgeadh, agus na céimeanna a glacadh chun feabhas a chur ar na meastacháin dá leithéid agus chun iad a fhíorú;

(k)  giniúint leictreachais agus teasa ó fhuinneamh in-athnuaite i bhfoirgnimh, lena n-áirítear sonraí imdhealaithe maidir leis an bhfuinneamh a tháirgtear, a thomhailtear agus a instealltar sa ghreille le córais fhótavoltacha ghréine, córais theirmeacha ghréine, bithmhais, teaschaidéil, córais gheoiteirmeacha, chomh maith leis na córais in-athnuaite dhíláraithe eile go léir;

(l)  i gcás inarb infheidhme, ▌ sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtéamh ceantair, chomh maith leis an bhfuinneamh in-athnuaite arna tháirgeadh ag cathracha agus ag pobail fuinnimh in-athnuaite;

(m)  soláthar príomhúil bithmhaise soladaí (in 1000 m3, seachas maidir le pointe (1)(b)(iii), rud a bheidh ar fáil i dtonaí)

(1)  Bithmhais foraoise a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh (táirgeadh intíre agus allmhairiú ▌)

(a)  Bithmhais phríomhúil ó fhoraoisí a úsáidtear go díreach le haghaidh táirgthe fuinnimh

(i)  I gcás ina bhfuil siad ar fáil, géaga agus barra na gcrann (is ar bhonn deonach a dhéantar tuairisciú)

(ii)  I gcás inarb infheidhme, stumpaí (is ar bhonn deonach a dhéantar tuairisciú)

(iii)  Lomáin chruinne (roinnte ina lomáin chruinne thionsclaíocha agus connadh)

(b)  I gcás inarb infheidhme, comhtháirgí ó thionscal na foraoise a úsáidtear go díreach le haghaidh fuinnimh

(i)  I gcás inarb infheidhme, coirt ▌

(ii)  Sliseoga, min sáibh agus cáithníní adhmaid eile

(iii)  I gcás inarb infheidhme, licéar dubh agus roisín leachtaigh amh

(c)  I gcás ina bhfuil sé ar fáil, adhmad iarthomhaltais a úsáidtear díreach le haghaidh táirgthe fuinnimh

(d)  Breosla admhadbhunaithe próiseáilte, a tháirgtear le hamhábhar nach gcuirtear san áireamh faoi phointe (1)(a), (b) nó (c):

(i)  I gcás inarb infheidhme, fioghual

(ii)  Millíní adhmaid agus brícíní adhmaid

(2)  I gcás ina bhfuil sí ar fáil, bithmhais talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh (táirgeadh intíre, allmhairiú agus onnmhairiú)

(a)  Barra fuinnimh le haghaidh leictreachais nó teasa (lena n-áirítear roschoill ghearruainíochta)

(b)  Fuíoll bairr talmhaíochta le haghaidh leictreachais nó teasa

(3)  I gcás ina bhfuil sí ar fáil, bithmhais dramhaíola orgánaí a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh (táirgeadh intíre, allmhairiú agus onnmhairiú)

(a)  An cion orgánach de dhramhaíl thionsclaíoch

(b)  An cion orgánach de dhramhaíl chathrach

(c)  Slodaí dramhaíola

(n)  Tomhaltas deiridh fuinnimh de bhithmhais sholadach (an méid bithmhaise soladaí a úsáidtear le haghaidh táirgthe fuinnimh sna hearnálacha seo a leanas):

(1)  An Earnáil Fuinnimh

(a)  Leictreachas

(b)  Comhghiniúint cumhachta agus teasa in éineacht

(c)  Teas

(2)  Úsáid inmheánach san earnáil tionsclaíochta (leictreachas ídithe agus uatáirgeora, CHP agus teas)

(3)  Tomhaltas deiridh díreach cónaithe

(4)  Eile

Cuid 2

Oibleagáidí tuairiscithe breise sa réimse éifeachtúlachta fuinnimh

Sa réimse éifeachtúlachta fuinnimh, áireofar an fhaisnéis bhreise seo a leanas de bhun phointe (c) d’Airteagal 21:

(a)  mórbheartais, mórbhearta, mórbhearta maoiniúcháin agus mórchláir reachtacha agus neamhreachtacha a cuireadh i bhfeidhm i mbliain X-2 agus X-1 (is í an X an bhliain ina gcaithfear an tuarascáil a thíolacadh), chun a gcuspóirí dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4 a bhaint amach i dtaca le margaí seirbhísí fuinnimh a chur chun cinn, feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, bearta chun leas a bhaint as acmhainn éifeachtúlachta fuinnimh an bhonneagair gáis agus leictreachais agus téamh agus fuarú, faisnéis agus cáilíocht a fheabhsú agus bearta eile chun éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

(b)  méid carnach an choigiltis fuinnimh arna bhaint amach trí Airteagal 7 de Threoir 2012/27/AE sna blianta X-3 agus X-2;

(c)  an méid coigiltis arna bhaint amach le bearta beartais atá dírithe ar an mbochtaineacht fuinnimh a mhaolú i gcomhréir le hAirteagal 7(11) de Threoir 2012/27/AE;

(d)  i gcás inarb infheidhme, méid an choigiltis arna bhaint amach i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 7(4) de Threoir 2012/27/AE;

(e)  dul chun cinn i ngach earnáil agus na cúiseanna ar fhan tomhaltas fuinnimh cobhsaí nó cúiseanna ar tháinig méadú air sna blianta X-3 agus X-2 sna hearnálacha um thomhaltas deiridh fuinnimh;

(f)  achar urláir iomlán na bhfoirgneamh a bhfuil achar urláir úsáideach iomlán iontu os cionn 250 m2 atá faoi úinéireacht agus ar áitiú rialtas láir na mBallstát nár chomhlíon, an 1 Eanáir sa bhliain X-2 agus sa bhliain X-1, na ceanglais um fheidhmíocht fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2012/27/AE;

(g)  achar urláir iomlán d'fhoirgnimh théite agus/nó fuaraithe atá faoi úinéireacht agus ar áitiú rialtas láir na mBallstát a ndearnadh athchóiriú orthu sa bhliain X-3 agus sa bhliain X-2 dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Threoir 2012/27/AE, nó méid an choigiltis fuinnimh i bhfoirgnimh incháilithe atá faoi úinéireacht agus ar áitiú a rialtais láir dá dtagraítear in Airteagal 5(6) de Threoir 2012/27/AE;

(h)  líon na n-iniúchtaí fuinnimh a rinneadh sa bhliain X-3 agus sa bhliain X-2. Sa bhreis air sin, líon measta iomlán na gcuideachtaí móra ina gcríoch i gcás gurb infheidhme Airteagal 8(4) de Threoir 2012/27/AE dóibh agus líon na n-iniúchtaí fuinnimh a rinneadh sna fiontair sin sa bhliain X-3 agus sa bhliain X-2;

(i)  an príomhfhachtóir fuinnimh náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm don leictreachas agus bonn cirt má tá sé sin éagsúil leis an gcomhéifeacht réamhshocraithe dá dtagraítear i bhfonóta (3) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2012/27/AE;

(j)  líon agus achar urláir na bhfoirgneamh nua agus athchóirithe atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de sa bhliain X-2 agus sa bhliain X-1, mar a fhoráiltear in Airteagal 9 de Threoir 2010/31/AE, bunaithe ar shampláil staidrimh i gcás inar gá;

(k)  nasc idirlín an tsuímh gréasáin inar féidir teacht ar an liosta nó ar an gcomhéadan de sholáthraithe seirbhísí fuinnimh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(1) de Threoir 2012/27/AE.

IARSCRÍBHINN X

TUARASCÁIL AR INBHUANAITHEACHT BHITHFHUINNEAMH AN AONTAIS

I dtuarascáil ar inbhuanaitheacht bhithfhuinnimh an Aontais maidir le fuinneamh ó bhithmhais atá le glacadh go débhliantúil ag an gCoimisiún mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh de bhun phointe (d) d’Airteagal 35(2), ba cheart go mbeadh an fhaisnéis seo a leanas ann ar a laghad:

(a)  na tairbhí agus na costais chomhshaoil choibhneasta a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise éagsúla, tionchair bheartais allmhairiúcháin an Aontais orthu, impleachtaí slándála an tsoláthair agus na bealaí le cur chuige cothrom a bhaint amach idir táirgeadh intíre agus allmhairí;

(b)  an tionchar atá ag táirgeadh agus úsáid bhithmhaise ar inbhuanaitheacht san Aontas agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear tionchair ar bhithéagsúlacht;

(c)  sonraí agus anailís ar an infhaighteacht agus ar an éileamh inbhuanaithe ar bhithmhais, i láthair na huaire agus de réir na réamh-mheastachán, lena n-áirítear an tionchar ar mhéadú ar an éileamh ar bhithmhais ar na hearnálacha ina n-úsáidtear bithmhais;

(d)  forbairt theicneolaíoch agus úsáid bithbhreoslaí a dhéantar as bunábhair a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (121), agus measúnú ar infhaighteacht an bhunábhair agus iomaíocht i leith acmhainní, agus aird á tabhairt ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear i dTreoir 2008/98/CE ▌;

(e)  faisnéis ar thorthaí taighde eolaíocha atá ar fáil, agus anailís orthu, maidir le hathrú indíreach ar an talamhúsáid i dtaca leis na conairí táirgthe go léir, chomh maith lena fháil amach an féidir raon na héiginnteachta a shainaithnítear san anailís atá mar bhun leis na meastacháin ar astaíochtaí a bhaineann le hathrú indíreach ar an talamhúsáid, a chaolú agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag beartais an Aontais a chur san áireamh, amhail beartais chomhshaoil, aeráide agus talmhaíochta;

(f)  maidir leis na tríú tíortha agus na Ballstáit araon, atá mar fhoinse shuntasach bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a ídítear laistigh den Aontas, maidir le bearta náisiúnta a ghlactar chun na critéir um inbhuanaitheacht agus um choigilt GCT a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus Airteagal 29(10) de Threoir (AE) 2018/... (122), do chosaint ithreach, uisce agus aeir; agus

(g)  faisnéis chomhiomlánaithe ón mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 28(2) de Threoir (AE) 2018/... (123).

I dtaca le tuairisciú ar choigilt astaíochtaí GCT ó úsáid bhithmhaise, úsáidfidh an Coimisiún na méideanna arna dtuairisciú ag an mBallstát i gcomhréir le pointe (b) de Chuid 1 d’Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear meánluachanna sealadacha na n-astaíochtaí measta ón athrú indíreach ar úsáid talún agus an raon gaolmhar a eascraíonn ón anailís íogaireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/... (124) . Cuirfidh an Coimisiún sonraí ar fáil don phobal maidir le meánluachanna sealadacha na n-astaíochtaí measta ón athrú indíreach ar an talamhúsáid agus an raon gaolmhar a eascraíonn ón anailís íogaireachta. Sa bhreis air sin, measfaidh an Coimisiún pé acu an athródh nó nach n-athródh an meastachán do choigilt dhíreach astaíochtaí dá gcuirfí comhtháirgí san áireamh agus an cur chuige ionadaíochta in úsáid, agus dá n-athródh, an chaoi a n-athródh sé

IARSCRÍBHINN XI

SCÉIMEANNA DEONACHA AR GHLAC AN COIMISIÚN CINNEADH INA LEITH DE BHUN AIRTEAGAL 30(4) DE THREOIR (AE) 2018/... (125)

An tuarascáil ar scéimeanna deonacha ar ghlac an Coimisiún cinneadh ina leith de bhun Airteagal 30(4) de Threoir (AE) 2018/... (126), atá le glacadh go débhliantúil ag an gCoimisiún mar aon leis an tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh de bhun phointe (e) d’Airteagal 35(2) den Rialachán seo, ba cheart an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a bheith inti:

(a)  neamhspleáchas, módúlacht agus minicíocht na n-iniúchtaí, maidir le céard a luaitear maidir leis na gnéithe sin sna doiciméid scéime, tráth ar cheadaigh an Coimisiún an scéim lena mbaineann, agus maidir le dea-chleachtais an tionscail;

(b)  infhaighteacht, agus taithí agus trédhearcacht maidir le cur i bhfeidhm na modhanna lena n-aithnítear agus lena ndéileáiltear le neamh-chomhlíonadh, agus aird áirithe ar dhéileáil le staideanna nó líomhaintí maidir le drochiompar tromchúiseach arna ndéanamh ag comhaltaí na scéime;

(c)  trédhearcacht, go háirithe maidir le hinrochtaineacht na scéime, infhaighteacht na n-aistriúchán i dteangacha infheidhme na dtíortha agus na réigiún óna dtionscnaíonn na hamhábhair, inrochtaineacht liosta oibreoirí deimhnithe agus teastais ábhartha, agus inrochtaineacht tuarascálacha na n-iniúchóirí;

(d)  rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí, go háirithe maidir le comhairliúchán le pobail áitiúla agus dúchais sula ndéantar cinneadh le linn na scéime a dhréachtú agus a athbhreithniú agus le linn na n-iniúchtaí chomh maith agus maidir leis an bhfreagairt dá gcuid tuairimí;

(e)  stóinseacht fhoriomlán na scéime, go háirithe i bhfianaise rialacha maidir le creidiúnú, cáilíocht agus neamhspleáchas na n-iniúchóirí agus comhlachtaí scéime ábhartha;

(f)  i gcás ina mbeidh fáil orthu, nuashonruithe margaidh na scéime, méid na n-amhábhar agus na mbithbhreoslaí deimhnithe, de réir tíre tionscnaimh agus cineáil, líon na rannpháirtithe;

(g)  éascaíocht agus éifeachtúlacht i dtaca le córas a chur chun feidhme lena rianaítear cruthúnas comhréireachta le critéir inbhuanaitheachta a thugann an scéim dá comhalta/comhaltaí, córas dá leithéid atá beartaithe chun gníomhaíocht chalaoiseach a chosc go háirithe chun calaois amhrasta agus neamhrialtachtaí eile a bhrath agus dul i ngleic leo agus leanúint á bhfiosrú agus más iomchuí, líon na gcásanna calaoise nó neamhrialtachtaí braite;

(h)  roghanna do na heintitis chun údarú a fháil chun comhlachtaí deimhniúcháin a aithint agus faireachán a dhéanamh orthu;

(i)  critéir maidir le comhlachtaí deimhniúcháin a aithint nó a chreidiúnú;

(j)  rialacha maidir leis an mbealach ar cheart faireachán a dhéanamh ar na comhlachtaí deimhniúcháin;

(k)  bealaí chun cur chun cinn na ndea-chleachtas a éascú nó a fheabhsú.

IARSCRÍBHINN XII

CÓRAIS NÁISIÚNTA FARDAIL

Áirítear san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 37 an méid seo a leanas:

(a)  sonraí agus modhanna tuairiscithe do ghníomhaíochtaí agus do shuiteálacha faoi Threoir 2003/87/CE chun críche fardail náisiúnta GCT a ullmhú chun comhsheasmhacht a áirithiú sna hastaíochtaí GCT tuairiscithe faoi EU ETS agus sna fardail náisiúnta GCT;

(b)  sonraí arna mbailiú trí na córais tuairiscithe maidir le gáis fhluairínithe sna hearnálacha ábhartha arna mbunú de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 chun críche fardail náisiúnta GCT a ullmhú;

(c)  astaíochtaí, sonraí bunúsacha agus modheolaíochtaí arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 chun críche fardail náisiúnta GCT a ullmhú;

(d)  sonraí arna dtuairisciú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008;

(e)  sonraí a bhailítear trí rianú geografach d'achair talún i gcomhthéacs clár agus suirbhéanna atá ann cheana de chuid an Aontais nó na mBallstát lena n-áirítear LUCAS (Suirbhé Staidrimh fráma Limistéir ar Chumhdach/Úsáid Talún) agus an Clár Copernicus.

IARSCRÍBHINN XIII

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (AE) Uimh. 525/2013

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1(1)

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 4

Airteagal 15

Airteagal 5

Airteagal 37(1); 37(2); 37(6); Iarscríbhinn XII

Airteagal 6

Airteagal 37(3); 37(7)

Airteagal 7

Airteagal 26(3); 26(4); 26(6); 26(7); Iarscríbhinn V

Airteagal 8

Airteagal 26(2); 26(7)

Airteagal 9

Airteagal 37(4); 37(5)

Airteagal 10

Airteagal 40

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 39

Airteagal 13

Airteagal 18(1)(a); 18(3); 18(4); Iarscríbhínn VI

Airteagal 14

Airteagal 18(1)(b); 18(2); 18(3); 18(4); Iarscríbhínn VII

Airteagal 15

Airteagal 19(1); Iarscríbhinn VIII, Cuid 1

Airteagal 16

Airteagal 19(3); Iarscríbhinn VIII, Cuid 2

Airteagal 17

Airteagal 19(2); 19(4); 19(5); Iarscríbhinn VIII, Cuid 3

Airteagal 18

an dara fomhír d’Airteagal 17(2)

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 29(1)(c); 29(5); 29(7)

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 41(1)(d); 41(1)(e); 41(1)(f); 41(1)(g); 41(1)(h)

Airteagal 24

Airteagal 42

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 44(1)(a), 44(2), 44(3), 44(6)

Airteagal 27

Airteagal 28

Airteagal 57

Airteagal 29

(1) IO C 246, 28.7.2017, lch. 34.
(2) IO C 342, 12.10.2017, lch. 111.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 17 Eanáir 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0011).
(4)IO C 246, 28.7.2017, lch. 34.
(5)IO C 342, 12.10.2017, lch. 111.
(6) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018.
(7) Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 2001/77/CE agus Treoir 2003/30/CE ón gComhairle(IO L 140, 5.6.2009, lch. 16).
(8)Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(9)Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe (IO L 282, 19.10.2016, lch. 1).
(10) Cinneadh 2002/358/CE an 25 Aibreán 2002 ón gComhairle maidir le formheas, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus an comhlíonadh comhpháirteach faoi sin (IO L 130, 15.5.2002, lch. 1.).
(11)Treoir (AE) 2016/2284 ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(12)Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).
(13)Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32).
(14)Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bunú Clár Eorpach um Scaoileadh Amach agus Aistriú Truailleán agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(15)Rialachán (AE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le staidreamh i dtaca le fuinneamh (IO L 304, 14.11.2008, lch. 1).
(16)Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (IO L 150, 20.5.2014, lch. 195).
(17)Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú ar na héifeachtaí atá ag pleananna agus cláir áirithe ar an gcomhshaol (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
(18) Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
(19) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018. lch. 26).
(20) Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE (IO L 156, 19.6.2018, Ich 1.).
(21)Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
(22) Treoir (AE) 2018/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L ...).
(23)+ IO cuir isteach teideal, uimhir agus tagairt IO COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(24)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(25)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 377/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear Clár Copernicus agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 911/2010 (IO L 122, 24.4.2014, lch. 44).
(27)Cinneadh Uimh. 406/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le hiarrachtaí na mBallstát a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú chun gealltanais laghdaithe an Chomhphobail i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a chomhlíonadh go 2020 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 136).
(28) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(29)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(30)Treoir 94/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir leis na coinníollacha do dheonú agus úsáid údaruithe chun hidreacarbóin a chuardach, a thaiscéaladh agus a tháirgeadh (IO L 164, 30.6.1994, lch. 3).
(31)Treoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle den 13 Deireadh Fómhair 1998 a bhaineann le cáilíocht na mbreoslaí peitril agus díosail agus lena leasaítear Treoir 93/12/CEE ón gComhairle (IO L 350, 28.12.1998, lch. 58).
(32)Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE, 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L 140, 5.6.2009, lch. 114).
(33)Rialachán Uimh. 663/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú do thionscadail i réimse an fhuinnimh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 31).
(34)Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005 (IO L 211, 14.8.2009, lch. 36).
(35)Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94).
(36)Treoir 2009/119/CE ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear oibleagáid ar na Ballstáit stoic íosta amhola agus/nó táirgí peitriliam a choimeád (IO L 265, 9.10.2009, lch. 9).
(37)Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
(38)Treoir 2013/30/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.06.13, lch. 66).
(39)Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 ag leagan síos modhanna áirimh agus ceanglais tuairiscithe de bhun Threoir 98/70/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bhaineann le cáilíocht breoslaí peitril agus díosail (IO L 107, 25.4.2015, lch. 26).
(40)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(41)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(42)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(43)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(44)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(45)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(46)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(47)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(48)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(49)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(50)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(51)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(52)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(53)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(54)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(55)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(56)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(57)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(58)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(59)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(60)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(61)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(62)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(63)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(64)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(65)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(66)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(67)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(68)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(69) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
(70) Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).
(71)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(72)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(73)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(74)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(75)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(76)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(77)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(78)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(79)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(80)+ IO cuir isteach teideal, uimhir agus tagairt IO COD 2016/0375 (Rialachas).
(81)+ IO cuir isteach teideal, uimhir agus tagairt IO COD 2016/0375 (Rialachas).
(82)+ IO cuir isteach teideal agus uimhir COD 2016/0375 (Rialachas).
(83)+ IO cuir isteach teideal agus uimhir COD 2016/0375 (Rialachas).
(84)+ IO cuir isteach teideal agus uimhir COD 2016/0375 (Rialachas).
(85)+ IO cuir isteach teideal, uimhir agus tagairt IO COD 2016/0375 (Rialachas).
(86) Comsheasmhacht le háirithiú i gcomhréir le straitéisí fadthéarmacha de bhun Airteagal 15.
(87)I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
(88)Agus na bearta sin á bpleanáil acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh deireadh ré suiteálacha atá ann faoi láthair agus an acmhainneacht maidir le hathchumhachtú.
(89)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(90)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(91)I gcomhréir le hAirteagal 2a de Threoir 2010/31/AE.
(92)I gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2012/27/AE.
(93)I gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2012/27/AE.
(94)I gcomhréir le hAirteagal 12 agus Airteagal 17 de Threoir 2012/27/AE
(95)I gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2012/27/AE.
(96)I gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Threoir 2012/27/AE.
(97)Beidh beartais agus bearta ag teacht leis an bprionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh”.
(98)Cinnteofar comhsheasmhacht leis an mbeart coisctheach agus le pleananna éigeandála faoi Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gháis a chosaint agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1), chomh maith leis na pleananna ullmhachta i gcomhair rioscaí faoi Rialachán (AE) 2018/... [mar a moladh le COM(2016) 862 maidir le hullmhacht i gcomhair rioscaí in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE].
(99)Beidh beartais agus bearta ag teacht leis an bprionsabal “tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh”.
(100)Seachas na Grúpaí Réigiúnacha na dTionscadal Leasa Choitinn a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.
(101)Seachas na Grúpaí Réigiúnacha na dTionscadal Leasa Choitinn a bunaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 347/2013.
(102)I gcomhréir le hAirteagal 15(8) de Threoir 2012/27/AE.
(103)Féach Cuid 2 le haghaidh liosta mionsonraithe de na paraiméadair agus na hathróga atá le tuairisciú i Roinn B den Phlean.
(104)Léireofar leis an staid reatha an dáta a ndéanfar an plean náisiúnta a thíolacadh (nó an dáta is deireanaí atá ar fáil). Cuimsíonn beartais agus bearta atá ann cheana, na beartais agus na bearta a cuireadh chun feidhme agus a glacadh. Is iad na beartais agus na bearta a glacadh na beartais agus na bearta sin a bhfuil Cinneadh oifigiúil an rialtais déanta ina leith faoin dáta a cuireadh isteach an plean náisiúnta agus go bhfuil tiomantas soiléir ann dul ar aghaidh agus é a chur chun feidhme. Is iad na beartais agus na bearta atá curtha chun feidhme na beartais agus na bearta sin a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas ina leith ar an dáta a chuirtear isteach an plean comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide nó an tuarascáil comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide ar dhul chun cinn: tá reachtaíocht Eorpach infheidhme go díreach nó an reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm, tá comhaontú deonach amháin nó níos mó curtha ar bun, tá acmhainní airgeadais leithdháilte, tá acmhainní daonna eagraithe.
(105)Féadfaidh roghnú na dtosca eisginiúla a bheith bunaithe ar na toimhdí a rinneadh i gCás Tagartha 2016 AE nó i gcásanna beartais eile ina dhiaidh sin maidir leis na hathróga céanna. Sa bhreis air sin, féadfaidh torthaí sonracha na mBallstát maidir le Cás Tagartha 2016 AE chomh maith le torthaí ó chásanna beartais ina dhiaidh sin a bheith mar fhoinse úsáideach faisnéise chun réamh-mheastacháin náisiúnta a fhorbairt i dtaca le beartais agus bearta agus measúnuithe tionchair atá ann cheana.
(106)I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE.
(107)Beidh an réamh-mheastachán tagartha “gnó mar is gnách” mar bhunús don sprioc um thomhaltas príomhúil fuinnimh agus tomhaltas deiridh fuinnimh do 2030 a thuairiscítear in 2.3 agus do thosca tiontaithe.
(108)I ndáil le forléargas ar an mbonneagar tarchurtha atá ann cheana féin ó Oibreoirí Córais Tarchurtha (OTCanna).
(109)I ndáil le pleananna forbartha gréasáin náisiúnta agus pleananna infheistíochta réigiúnaí OTCanna.
(110)I ndáil le forléargas ar an mbonneagar tarchurtha atá ann cheana féin ó OTCanna.
(111)I ndáil le pleananna forbartha gréasáin náisiúnta agus pleananna infheistíochta réigiúnaí OTCanna.
(112)Is éard atá i mbeartais agus bearta atá beartaithe ná roghanna atá á bplé agus a bhfuil seans réalaíoch ann go nglacfar leo agus go gcuirfear chun feidhme iad i ndiaidh an dáta a seoltar isteach an plean náisiúnta. Dá bhrí sin, áireofar sna réamh-mheastacháin faoi roinn 5.1.i, ní hamháin na beartais agus na bearta a glacadh agus a cuireadh chun feidhme (réamh-mheastacháin ag baint úsáide as na beartais agus bearta atá ann cheana) ach beartais agus bearta atá beartaithe chomh maith.
(113)Don phlean lena gcumhdaítear an tréimhse ó 2021 go 2030: Le haghaidh gach paraiméadair/athróige sa liosta, tuairisceofar treochtaí le linn na mblianta 20052040 (20052050 de réir mar is cuí) lena náirítear don bhliain 2030 in eatraimh cúig bliana i roinn 4 agus roinn 5 araon. Cuirfear in iúl paraiméadar bunaithe ar bhonn toimhdí eisginiúla in aghaidh aschur samhaltaithe.
(114)A mhéid is féidir, ba cheart go mbeadh na sonraí agus na réamh-mheastacháin a tuairiscíodh tógtha ar, agus ag teacht le sonraí EUROSTAT agus leis an modheolaíocht a úsáidtear chun an staidreamh Eorpach a thuairisciú sa dlí earnálach ábhartha, ós rud é gurb é an staidreamh Eorpach an phríomhfhoinse do shonraí staidrimh a úsáidtear le haghaidh tuairiscithe agus faireacháin, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh 223/2009 maidir le staitisticí Eorpacha.
(115)Tabhair ar aird: tá na réamh-mheastacháin go léir le déanamh ar bhonn praghsanna seasmhacha (praghas 2016 le húsáid mar an bhonnbhliain)
(116)Cuirfidh an Coimisiún moltaí ar fáil le haghaidh príomhpharaiméadar i dtaca le réamh-mheastacháin, lena gcumhdaítear praghsanna allmhairiúcháin ola, gáis agus guail ar a laghad, chomh maith le praghsanna carbóin EU ETS.
(117)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh inathnuaite).
(118)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(119)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(120)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(121)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(122)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(123)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(124)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(125)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).
(126)+ IO cuir isteach uimhir COD 2016/0382 (fuinneamh in-athnuaite).


Úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn ***I
PDF 2289kWORD 372k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in‑athnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (COM(2016)0767 – C8-0500/2016 – 2016/0382(COD))
P8_TA-PROV(2018)0444A8-0392/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0767),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa(C8‑0500/2016),

–  ag féachaint don tuairim ón Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Aibreán 2017(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 20 Deireadh Fómhair 2017 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 26 Meitheamh 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104, 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Achainíocha (A8-0392/2017),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3), agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Samhain 2018 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn

P8_TC1-COD(2016)0382


(athmhúnlú)(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Rinneadh Treoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) a leasú go suntasach roinnt uaireanta(8). Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh uirthi, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)  I gcomhréir le hAirteagal 194(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE, tá cur chun cinn an fhuinnimh inathnuaite ar cheann de na spriocanna sin de bheartas fuinnimh an Aontais. Saothraítear an sprioc sin leis an Treoir seo. I dtaca leis an bpacáiste beart is gá chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus is gá chun a bheith i gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide, a d'eascair as an 21ú Chomhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide ('Comhaontú Pháras'), agus le creat fuinnimh agus aeráide 2030 an Aontais, lena n-áirítear an sprioc cheangailteach astaíochtaí san Aontas a ghearradh 40 %, ar a laghad, faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain ▌2030, ▌is cuid thábhachtach de phacáiste sin úsáid níos mó a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite nó fuinneamh inathnuaite. I measc na n-eilimintí a bhfuil tábhacht uilechuimsitheach leo i dtaca le beartas fuinnimh agus comhshaoil an Aontais, tá sprioc cheangailteach an Aontais maidir leis an bhfuinneamh inathnuaite do 2030, maille le rannchuidiú na mBallstát leis an sprioc réamhráite sin, lena n-áirítear a scartha bunlínemaidir lenariocanna foriomlána náisiúnta. Tá eilimintí eile den sórt sin a bhfuil tábhacht uilechuimsitheach leo le fáil sa chreat, atá sa Treoir seo, mar shampla, maidir le hearnáil an téimh agus an fhuaraithe inathnuaite a fhorbairt agus maidir le breoslaí iompair inathnuaite a fhorbairt.

(3)  Maidir le húsáid níos mó a bhaint as fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite, tá ról bunúsach aige freisin i dtaca le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a chur chun cinn, mar aon le fuinneamh inbhuanaithe ar phraghsanna inacmhainne, an fhorbairt teicneolaíochta, an nuálaíocht agus ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch, agus ag an am céanna sochair chomhshaoil, shóisialta agus sláinte a chur ar fáil chomh maith le mórdheiseanna fostaíochta agus forbartha réigiúnaí, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair iargúlta ▌, i réigiúin nó i gcríocha ina bhfuil dlús íseal daonra nó ina bhfuil an díthionsclú ar bun i bpáirt.

(4)  Go háirithe, is uirlisí an-éifeachtúil iad an tomhaltas fuinnimh a laghdú, feabhsuithe teicneolaíocha a mhéadú, dreasachtaí le haghaidh úsáid agus leathnú an iompair phoiblí, úsáid teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn in earnáil an leictreachais, in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus in earnáil an iompair, i gcomhar le bearta éifeachtúlachta fuinnimh ▌ chun astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas a laghdú agus chun spleáchas fuinnimh an Aontais ▌ a laghdú.

(5)  Bunaíodh le Treoir 2009/28/CE creat rialála maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn lenar leagadh síos spriocanna náisiúnta ceangailteacha maidir leis an sciar foinsí inathnuaite fuinnimh i dtomhaltas fuinnimh agus in earnáil an iompair atá le baint amach faoi 2020. Bunaíodh leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Eanáir 2014 dar teideal ‘Creat beartais maidir le haeráid agus fuinneamh sa tréimhse ó 2020 go 2030’ creat le haghaidh bheartais fuinnimh agus aeráide an Aontais amach anseo agus cuireadh chun cinn tuiscint choiteann maidir leis an gcaoi leis na beartais sin a fhorbairt tar éis 2020. Bheartaigh an Coimisiún gurb é sprioc an Aontais don bhliain 2030 gur fuinneamh inathnuaite a bheadh in 27 % ▌ar a laghad den fhuinneamh a úsáidtear san Aontas.Thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an sprioc sin ina conclúidí den 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014, mar ar thug sí le tuiscint go mba cheart go bhféadfadh na Ballstáit bheith in ann spriocanna náisiúnta níos uaillmhianaí a leagan síos dóibh féin d'fhonn a gcuid féin, agus breis nach é, de sprioc 2030 an Aontais a thabhairt i gcrích.

(6)  Chuaigh Parlaimint na hEorpa níos sia ná togra an Choimisiúin agus ná na conclúidí ón gComhairle Eorpach sa rún uaithi an 5 Feabhra 2014 dar teideal "A 2030 framework for climate and energy policies" [Creat 2030 do bheartais aeráide agus fuinnimh], agus sa rún uaithi an 23 Meitheamh 2016 dar teideal "The renewable energy progress report" [Tuarascáil ar dhul chun cinn an fhuinnimh inathnuaite], mar ar chuir sí i dtreis nach móide a bheith níos uaillmhianaí fós i bhfianaise Chomhaontú Pháras agus i bhfianaise an laghdú ar chostas na teicneolaíochta a bhaineann le fuinneamh inathnuaite le tamall anuas.

(7)  ▌Ba cheart, dá bhrí sín, an uaillmhian a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, lena n-áirítear an laghdú ar chostas na n‑infheistíochtaí san fhuinneamh inathnuaite, a chur san áireamh.

(8)  Tá sé iomchuí, dá bhrí sin, sprioc cheangailteach de sciar 32 % ar a laghad d'fhuinneamh inathnuaite a leagan síos don Aontas. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún a mheas ar chóir an sprioc sin a ardú i bhfianaise na laghduithe suntasacha a tháinig ar chostais táirgthe an fhuinnimh inathnuaite, i bhfianaise ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais i leith dícharbónú nó i gcás laghdú mór ar thomhaltas fuinnimh san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit an méid a dhéanfaidh siad chun an sprioc sin a bhaint amach a bhunú mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid trí bhíthin an phróisis rialachais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9)(10).

(9)  Chuideodh sé le teicneolaíochtaí táirgithe fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus le deimhneacht a áirithiú d'infheisteoirí ach sprioc cheangailteach maidir le fuinneamh inathnuaite a leagan síos don Aontas do 2030. D'fhágfadh sprioc a shaineofaí ar leibhéal an Aontais níos mó solúbthachta ag na Ballstáit a spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ar an mbealach is costéifeachtaí is féidir i gcomhréir lena gcúinsí sonracha, lena meascán fuinnimh agus lena n-acmhainn fuinneamh inathnuaite a sholáthar.

(10)  D'fhonn a áirithiú go ndéanfar ar baineadh amach faoi Threoir 2009/28/CE a chomhdhlúthú, ba cheart na spriocanna náisiúnta arna leagan síos do 2020 a bheith ag teacht le rannchuidiú íosta na mBallstát i dtaca le creat nua 2030. Níor cheart i gcúinsí ar bith go dtitfeadh sciar náisiúnta na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh faoi bhun an rannchuidithe sin.Más rud é go dtarlaíonn amhlaidh ▌, ba cheart do na Ballstáit ábhartha bearta iomchuí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/...(11)a ghlacadh chun a áirithiú go mbainfear amach an sciar bonnlíne sin athuair. Mura gcoinníonn Ballstát a sciar bonnlíne thar thréimhse 12 mhí, ba cheart dó, laistigh de 12 mhí ó dheireadh na tréimhse sin, bearta breise a ghlacadh chun go mbainfear amach an sciar bonnlíne sin athuair. I gcás ina bhfuil bearta breise den sórt sin déanta ag Ballstát, agus ina bhfuil a oibleagáid an sciar bonnlíne sin a bhaint amach comhlíonta aige, ba cheart a mheas go bhfuil na ceanglais éigeantacha maidir le sciar bonnlíne comhlíonta aige faoin Treoir seo agus faoin Rialachán (AE) 2018/… araon don tréimhse iomlán atá i gceist. Ní féidir, dá réir sin, a mheas nár éirigh leis an mBallstát a bheidh i gceist an ceanglas a bhí air a chomhlíonadh i dtaca lena scair bonnlíne a choimeád ar bun le linn na tréimhse inar tharla an bhearna. Fónann creat na bliana 2020 agus 2030 araon do chuspóirí beartais comhshaoil agus fuinnimh an Aontais.

(11)  Ba cheart do na Ballstáit bearta breise a dhéanamh más rud é nach gcomhlíonann sciar na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh ar leibhéal an Aontais conair an Aontais i dtreo na sprice 32 % ar a laghad a bhaint amach d'fhuinnimh inathnuaite. Faoi Rialachán (AE) 2018/…, féadfaidh an Coimisiún bearta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear an sprioc amach, má aithníonn an Coimisiún bearna uaillmhéine le linn an mheasúnaithe ar na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid. Má aithníonn an Coimisiún bearna seachadta fad is atá na tuarascálacha comhtháite náisiúnta ar dhul chun cinn don fhuinneamh agus don aeráid á measúnú, ba cheart do na Ballstáit na bearta dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2018/…++ a chur i bhfeidhm chun an bearna sin a dhúnadh.

(12)  Chun tacaíocht a thabhairt do rannchuidithe uaillmhianacha na mBallstát i dtaca le sprioc an Aontais a bhaint amach, ba cheart creat airgeadais a bhunú a mbeidh mar aidhm aige infheistíochtaí i dtionscadail fuinnimh inathnuaite a éascú sna Ballstáit sin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí bhíthin ionstraimí airgeadais.

(13)  Ba cheart don Choimisiún leithdháileadh na gcistí a dhíriú ar chostas caipitil tionscadal foinsí inathnuaite fuinnimh a laghdú, toisc go mbíonn tionchar ábhartha aige ar chostas na dtionscadal fuinnimh inathnuaite agus ar a iomaíche agus atá siad, agus ar bhonneagar bunriachtanach a fhorbairt, amhail bonneagar na heangaí tarchurtha agus dáileacháin, líonraí agus idirnaisc chliste, atá riachtanach le gur fusa fuinneamh inathnuaite a ghlacadh i ngeall ar fheabhsuithe atá indéanta go teicniúil agus i ngeall ar é a bheith inacmhainne sin a dhéanamh.

(14)  Ba cheart don Choimisiún malartú dea-chleachtas a éascú idir na húdaráis nó na comhlachtaí inniúla náisiúnta nó réigiúnacha trí, mar shampla, cruinnithe rialta chun teacht ar chur chuige coiteann chun úsáid níos forleithne tionscadal fuinnimh inathnuaite costéifeachtach a chur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún freisin infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nua, solúbtha agus glana a spreagadh, agus straitéis leordhóthanach a bhunú chun teicneolaíochtaí nach gcuidíonn chun astaíochtaí a laghdú nó teicneolaíochtaí nach mbaineann go leor solúbthachta leo a tharraingt siar, ar bhonn critéir thrédhearcacha agus chomharthaí iontaofa praghsála an mhargaidh.

(15)  Le Rialachán (CE) Uimh 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12), Treoracha 2001/77/CE(13) agus 2003/30/CE(14) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,agus Treoir 2009/28/CE , leagadh síos sainmhínithe i dtaca leis na cineálacha éagsúla fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite. ▌Le dlían Aontais maidir leis an margadh inmheánach d’fhuinneamh, leagtar síos sainmhínithe i dtaca le hearnáil an leictreachais i gcoitinne. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil is iomchuí na sainmhínithe sin a chur i bhfeidhm sa Treoir seo.

(16)  Taispeánadh gur bealach éifeachtach iad scéimeanna tacaíochta le haghaidh leictreachas ó fhoinsí inathnuaite no ‘leictreachais in-athnuaite’ chun úsáid fuinnimh inathnuaite a chothú. Más rud é go gcinneann na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a chur chun feidhme, agus nuair a dhéanfaidh siad amhlaidh, ba cheart an tacaíocht sin a sholáthair i bhfoirm a bheidh a neamhshaobhaí agus is féidir d'fheidhmiú na margaí leictreachais. Chuige sin, tá ardú ag teacht ar líon na mBallstát a leithdháileann tacaíocht trínar féidir tacaíocht a dheonú sa bhreis ar ioncaim ón margadh agus a thugann isteach córais mhargadh-bhunaithe d'fhonn leibhéal na tacaíochta riachtanaí a chinneadh. Cuid lárnach is ea an méid sin, anuas ar an obair atá ar siúl chun an margadh a chóiriú do na sciartha méadaitheachad’fhuinneamh inathnuaite, chun an leictreachas inathnuaite sin a chomhtháthú sa mhargadh, agus an cumas éagsúil atá i soláthraithe beaga agus móra freagairt do chomharthaí an mhargaidh á chur san áireamh.

(17)  Tá buntáiste mór ag gabháil le suiteálacha ar mhionscála sa mhéid is gur mó an glacadh a bhíonn ag an bpobal leis an bhfuinneamh inathnuaite dá mbarr agus go gcinntítear go gcuirtear tionscadail fuinnimh inathnuaite i bhfeidhm ar bhonn céimneach, go háirithe ar an leibhéal áitiúil. Lena áirithiú go mbeadh suiteálacha ar mhionscála den sórt sin rannpháirteach sna tionscadail sin, b'fhéidir fós go dteastódh sainchoinníollacha lena n-áirítear taraifí ionfhotha chun cóimheas dearfach costais is tairbhe a áirithiú i gcomhréir le dlí an Aontais a bhaineann leis an margadh leictreachais. Tá sé ríthábhachtach go saineofaí go beacht cad is suiteálacha ar mhionscála ann chun críocha tacaíocht a fháil má táthar le deimhneacht dlí a sholáthar d'infheisteoirí. Tá sainmhínithe ar suiteálacha ar mhionscála le fáil sna rialacha maidir le státchabhair.

(18)  De bhun Airteagal 108 de CFAE, is é an Coimisiún amháin atá inniúil a mheas an bhfuil bearta maidir le státchabhair ag luí leis an margadh inmheánach, ar bearta iad a fhéadfaidh na Ballstáit a chur i bhfeidhm chun leas a bhaint as fuinneamh a thagann ó fhoinsí inathnuaite. Is ar bhonn Airteagal 107(3) de CFAE agus i gcomhréir leis na forálacha agus treoirlínte ábhartha a ghlacfaidh an Coimisiún chuige sin a dhéanfar an measúnú sin. Ní dochar é an Treoir seo ‘ inniúlacht eisiach an Choimisiúin a dheonaítear faoi CFAE.

(19)  Ba cheart leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a chur in úsáid ar an gcostas is ísle is féidir le haghaidh tomhaltóirí agus cáiníocóirí. Agus scéimeanna tacaíochta á gceapadh acu nó tacaíocht á leithdháileadh, ba cheart do na Ballstáit féachaint le costas córais iomlán an imscartha a íoslaghdú feadh na conaire dícharbónúcháin leis an sprioc go mbainfí amach geilleagar ísealcharbóin don bhliain 2050. In go leor cásanna, tá cruthúnas ann go n-éiríonn le sásraí margadh-bhunaithe, amhail nósanna imeachta tairisceana, costas na tacaíochta a laghdú ar bhealach éifeachtach i margaí iomaíocha. Mar sin féin, in imthosca sonracha, níor ghá go mbeadh nósanna imeachta tairisceana ina shiocair le praghas‑aimsiú éifeachtúil. B'fhéidir go gcaithfí díolúintí cothroma a chur san áireamh dá bhrí sin chun éifeachtúlacht costais a áirithiú agus costas foriomlán na tacaíochta a íoslaghdú. Ba cheart, go háirithe, gur ceadmhach do na Ballstáit díolúintí ó nósanna imeachta tairisceana agus ón margaíocht dhíreach a dheonú do shuiteálacha ar mhionscála agus do thionscadail taispeántais chun an cumas teoranta atá iontu a chur san áireamh. Ó tharla gur de réir an cháis a dhéanann an Coimisiún measúnú ar a bhfuil an tacaíocht maidir le fuinneamh inathnuaite ag luí leis an margadh inmheánach, ba cheart do na díolúintí sin cloí leis na tairseacha ábhartha a leagtar amach sna Treoirlínte is déanaí ón gCoimisiún maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh. Sna Treoirlínte do 2014-2020 is ag 1 MW (agus 6 MW nó 6 aonad giniúna i gcás fuinneamh gaoithe) agus ag 500kW (agus 3 MW nó 3 aonad giniúna i gcás fuinneamh gaoithe) a socraíodh na tairseacha sin i dtaobh díolúintí ó nósanna imeachta tairisceana agus ón margaíocht dhíreach faoi seach. Chun cur le héifeachtúlacht na nósanna imeachta tairisceana i i dtaobh costais tacaíochta ar an iomlán a laghdú, ba cheart do na nósanna imeachta tairisceana a bheith oscailte, i bprionsabal, agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, do gach tairgeoir a tháirgeann leictreachas ó fhoinsí inathnuaite. Agus a scéimeanna tacaíochta á bhforbairt ag na Ballstáit féadfaidh siad na nósanna imeachta tairisceana a theorannú go teicneolaíochtaí sonracha más gá sin chun toradh fo-optamach a sheachaint maidir le bacainní ar an líonra agus cobhsaíocht eangaí, costais a ghabhann le comhtháthú córas, an gá atá ann éagsúlú an meascán fuinnimh a bhaint amachagus maidir le poitéinseal fadtéarmach na dteicneolaíochtaí.

(20)  Sna conclúidí uaithi an 23 agus 24 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an “Creat Beartais 2030 don Aeráid agus don Fhuinneamh”, chuir an Chomhairle i dtreis a thábhachtaí atá margadh idirnasctha inmheánach fuinnimh agus an gá atá le tacaíocht leordhóthanach chun fuinneamh inathnuaite athraitheach, atá ag dul i líonmhaire de shíor, a chomhtháthú, agus a chuirfeadh ar chumas an Aontais, ar an gcaoi sin, a mhian a fháil agus a bheith ar thús cadhnaíochta maidir leis an aistriú go fuinneamh glan. Tá sé tábhachtach agus práinneach, dá bhrí sin, go méadófaí láithreach an leibhéal idirnascthachta agus go dtreabhfaí chun cinn le cuspóirí na Comhairle Eorpaí, chun poitéinseal iomlán an aontais fuinnimh a uasmhéadú.

(21)  Agus a scéimeanna tacaíochta le haghaidh foinsí inathnuaite fuinnimh á bhforbairt acu, ba cheart do na Ballstáit breithniú a dhéanamh maidir leis an soláthar inbhuanaithe bithmhaise atá ar fáil agus go dtabharfaidis aird chuí ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ar ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear le Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) d'fhonn saobhadh neamhriachtanach ar mhargaí na n-amhábhar a sheachaint. Ba cheart tús áite a thabhairt do dhramhaíl a chosc agus a athchúrsáil. Ba cheart do na Ballstáit féachaint chuige nach gcruthófaí scéimeanna tacaíochta a thiocfadh salach ar spriocanna maidir le dramhaíl a chóireáil agus a fhágfadh go mbeadh úsáid neamhéifeachtach á baint as dramhaíl in-athchúrsáilte.

(22)  Ní hionann poitéinseal na mBallstát éagsúla i dtaca leis an bhfuinneamh inathnuaite agus ní hionann na scéimeanna tacaíochta atá acu ar an leibhéal náisiúnta. Scéimeanna tacaíochta, nach ndeonaíonn sochair ach amháin d'fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a tháirgtear ar a gcríoch féin, a bhíonn ag formhór na mBallstát. Má tá na scéimeanna tacaíochta náisiúnta le feidhmiú mar is ceart, ní mór do na Ballstáit éifeacht agus costas na scéimeanna tacaíochta náisiúnta a rialú, i gcónaí, de réir a bpoitéinsil féin. Is bealach éifeachtach i gcónaí é trinar féidir aidhm na Treorach seo a bhaint amach ráthaíocht a thabhairt go bhfeidhmeoidh na scéimeanna tacaíochta náisiúnta mar is ceart, faoi Threoir 2001/77/CE agus faoi Threoir 2009/28/CE, d'fhonn muinín lucht infheistíochta a choinneáil agus deis a thabhairt do na Ballstáit bearta éifeachtacha náisiúnta a cheapadh i dtaca lena rannchuidiú faoi seach le sprioc 2030 an Aontais don fhuinneamh inathnuaite agus do sprioc náisiúnta ar bith a shocraigh siad dóibh féin. Ba cheart, leis an Treoir seo, tacaíocht trasteorann don fhuinneamh inathnuaite a éascú gan difear díréireach a dhéanamh do na scéimeanna náisiúnta.

(23)  Má osclaítear na scéimeanna tacaíochta do rannpháirtíocht trasteorann, ní bheidh ach tionchar diúltach teoranta ar an margadh inmheánach fuinnimh agus, faoi chúinsí áirithe, d'fhéadfaí cuidiú leis na Ballstáit sprioc an Aontais a bhaint amach ar bhealach níos costéifeachtúla. Atoradh nádúrtha ar fhorbairt beartais an Aontais maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh is ea an cóineasú agus an comhar a chothú ar mhaithe le rannchuidiú le sprioc cheangailteach an Aontais ▌. Is iomchuí, dá bhrí sin, moladh do na Ballstáit ▌tacaíocht a oscailt do thionscadail atá lonnaithe i mBallstáit eile agus bealaí éagsúla a shainiú ina bhféadfaí an oscailt de réir a chéile sin a chur chun feidhme, agus comhlíonadh CFAE, go háirithe Airteagail 30, 34 agus 110 de, a áirithiú. Ó tharla nach féidir sreafaí leictreachais a rianú, is iomchuí oscailt na scéimeanna tacaíochta chuig rannpháirtíocht trasteorann a nascadh le gach sciar darb aidhm leibhéil iarbhír den idirnascthacht fhisiciúil a bhaint amach, agus deis a thabhairt do na Ballstáit a gcuid scéimeanna tacaíochta oscailte féin a theorannú do Bhallstáit a bhfuil nasc oscailte líonra acu leo mar ionadú praiticiúil lena léirítear go bhfuil sreafaí fisiciúla ann idir na Ballstáit. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an méid sin difear ar bhealach ar bith d'fheidhmiú traslimistéir nó trasteorann na margaí leictreachais.

(24)  D'fhonn a áirithiú go mbeidh oscailt na scéimeanna tacaíochta ar fáil go cómhalartach agus go dtugtar sochar go frithpháirteach, ba cheart comhaontú comhair a shíniú idir na Ballstáit rannpháirteacha. Ba cheart do na Ballstáit smacht a choimeád ar an luas ag a n-úsáidfear acmhainneacht an leictreachais inathnuaite ar a gcríoch, d'fhonn go háirithe na costais chomhtháthúcháin ghaolmhara, mar aon leis na hinfheistíochtaí is gá a dhéanamh sa líonra, a chur san áireamh. Ar an gcuma sin, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rannpháirtíocht ag suiteálacha atá lonnaithe ar a gcríoch féin a theorannú do thairiscintí a osclaíonn Ballstáit eile dóibh. Is ceart aghaidh a thabhairt go leordhóthanach sna chomhaontuithe déthaobhacha sin ar gach gné a bhaineann le hábhar, amhail, cé mar a áirítear na costais a bhaineann le tionscadal a thógann stát amháin ar chríoch stáit eile, lena n-áirítear an caiteachas a bhaineann le líonraí a neartú, aistriú fuinnimh, stóráil, acmhainneachtaí cúltaca, chomh maith le tranglam féideartha sa líonra. Sna comhaontuithe , ba cheart do na Ballstáit freisin aird chuí a thabhairt ar bhearta a cheadódh comhtháthú costéifeachtach na hacmhainneachta leictreachas inathnuaite sin, bíodh na bearta sin de chineál rialúcháin (agus baint acu le dearadh an mhargaidh, mar shampla) nó bídis ag déanamh foráil d’infheistíochtaí breise i bhfoinsí éagsúla solúbthachta (mar shampla idirnaisc, stóráil, freagairt ar éileamh, nó giniúint sholúbtha).

(25)  Ba cheart do na Ballstáit cúinsí saofa a sheachaint a fhágfadh go mbeadh mórallmhairiú á dhéanamh ar acmhainní ó thríú tíortha. Ba cheart féachaint le cur chuige na saolré a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn ina leith sin.

(26)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh comhphobail fuinnimh inathnuaite in ann a bheith rannpháirteach sna scéimeanna tacaíochta atá ar fáil, agus iad ar chomhchéim le rannpháirtithe móra eile. Chuige sin, ba cheart gur ceadmhach do na Ballstáit bearta a ghlacadh, amhail faisnéis a chur ar fáil, tacaíocht theicniúil agus airgeadais a chur ar fáil, ceanglais riaracháin a laghdú, critéir maidir le tairiscintiú pobaldhírithe a chur san áireamh, deiseanna sonracha tairiscintithe a chruthú do chomhphobail fuinnimh inathnuaite, nó luach saothair a chur ar fáil do chomhphobail fuinnimh inathnuaite trí bhíthin tacaíocht dhíreach nuair a bhíonn ceanglais i leith suiteálacha beaga á gcomhlíonadh acu.

(27)  Leis an bpleanáil a dhéanfar maidir leis an mbonneagar atá de dhíth chun leictreachas a tháirgeadhó fhoinsí inathnuaite, ba cheart beartais a chur san áireamh maidir le rannpháirtíocht na ndaoine sin dá ndéanann na tionscadail difear, go háirithe pobail áitiúla..

(28)  Ba cheart faisnéis chuimsitheach a thabhairt do thomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi fheidhmíocht éifeachtúil fuinnimh i ngeall ar chórais téimh agus fuaraithe agus faoi chostais laghdaithe reatha i gcás feithiclí leictreacha, le go mbeidh ar a gcumas rogha ar leith a dhéanamh i dtaobh fuinneamh inathnuaite agus gaibhniú teicneolaíochta a sheachaint.

(29)  Gan dochar d'Airteagal 107 CFAE ná d'Airteagal 108 CFAE, ba cheart na beartais tacaíochta d'fhoinsí inathnuaite a bheith intuartha, socair agus ba cheart dóibh athruithe rialta nó athruithe cúlghabhálacha a sheachaint. Bíonn tionchar díreach ag guagacht agus éiginnteacht beartais ar chostais chaipitiúla airgeadais, ar chostais forbartha tionscadal agus, dá bhrí sin, ar chostas iomlán imscaradh foinsí inathnuaite fuinnimh san Aontas. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach bhfágann aon athbhreithniú a dhéantar ar aon tacaíocht a thugtar do thionscadail fuinnimh inathnuaite, nach bhfágann sin drochthionchar ar a n-inmharthanacht eacnamaíoch. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit beartais tacaíochta atá costéifeachtach a chur chun cinn agus a n-inbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú. " Thairis sin, ba cheart sceideal táscach fadtéarmach a fhoilsiú a chumhdaíonn na príomhghnéithe den tacaíocht atá tuartha, gan cur as do chumas na mBallstát cinntí a ghlacadh maidir le leithdháileadh buiséid sna blianta sin arna gcumhdach sa sceideal.

(30)  Is ríthábhachtach na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit dréachtphleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inathnuaite agus tuarascálacha ar dhul chun cinn a dhréachtú agus oibleagáid an Choimisiúin tuarascáil a thabhairt ar dhul chun cinn na mBallstát, chun trédhearcacht a fheabhsú, soiléireacht a sholáthar d'infheisteoirí agus tomhaltóirí agus chun faireachán éifeachtach a dhéanamh. Déanann Rialachán (AE) 2018/…(16) na hoibleagáidí sin a chomhtháthú i gcóras rialachais an aontais fuinnimh, áit a ndéantar oibleagáidí pleanála, tuairiscithe agus faireacháin i réimsí an fhuinnimh agus na haeráide a chuíchóiriú. Déantar freisin an t-ardán trédhearcachta maidir le fuinneamh inathnuaite a chomhtháthú sa ríomhardán níos leithne a bhunaítear leis an Rialachán sin.

(31)  Ní mór foráil a dhéanamh do rialacha trédhearcacha agus soiléire maidir leis an sciar fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a ríomh agus maidir leis na foinsí sin a shainiú.

(32)  Chun rannchuidiú hidreachumhachta agus cumhachta gaoithe a ríomh chun críocha na Treorach seo, ba cheart éifeachtaí éagsúlachtaí aeráide a rianú trí riail normalúcháin a úsáid. Ina theannta sin, níor cheart leictreachas a tháirgtear in aonaid taisce pumpála ó uisce a pumpáladh in aghaidh fána roimhe sin, níor cheart é a mheas mar leictreachas inathnuaite.

(33)  Chun go bhfeidhmeoidh siad, bíonn gá le leictreachas nó le fuinneamh cúnta eile ag teaschaidéil a chumasaíonn úsáid teasa comhthimpeallachta agus geoiteirmigh ar leibhéal teasa úsáideach nó ag córais a sholáthraíonn fuarú. Is ceart, dá bhrí sin, an fuinneamh is gá chun na córais sin a thiomáint a dhealú ón bhfuinneamh iomlán inúsáidte nó ón bhfuinneamh iomlán a bhaintear as an gceantar. Níor cheart a chur san áireamh ach córais téimh agus fuaraithe ina mbíonn an t-aschur nó an fuinneamh a dhealaítear as an gceantar go mór os cionn leibhéal an fhuinnimh phríomha is gá chun é a thiomáint. Cuireann córais fuaraithe leis an úsáid fuinnimh sna Ballstáit agus is iomchuí, dá bhrí sin, go gcuirfí san áireamh sna modhanna ríofa an sciar fuinnimh inathnuaite a úsáidtear sna córais sin i ngach earnáil chríochúsáide.

(34)  Baineann córais éighníomhacha fuinnimh úsáid as dearadh foirgneamh chun leas a bhaint as an bhfuinneamh. Meastar gur fuinneamh coigilte an fuinneamh sin. Chun nach ndéanfar é a áireamh faoi dhó, níor cheart fuinneamh a mbaintear leas as ar an gcaoi sin a chur san áireamh chun críocha na Treorach seo.

(35)  Tá sciar mór d'aeriompar san áireamh ag roinnt de na Ballstáit san olltomhaltas deiridh fuinnimh. I bhfianaise na srianta teicneolaíochta agus rialála atá i bhfeidhm faoi láthair ar úsáid tráchtála bithbhreoslaí in earnáil an aeriompair, is iomchuí dá bhri sin díolúine páirteach a chur ar fáil do na Ballstáit sin ionas gur féidir an méid a théann siad thar 1.5 uair meán-olltomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil aeriompair an Aontais in 2005, is é sin 6.18 %, arna ríomh ag Eurostat, a eisiamh ó ríomh an olltomhaltais deiridh fuinnimh san earnáil náisiúnta aeriompair. Ós rud é gur oileáin iad, agus go bhfuil siad imeallach, bíonn an Chipir agus Málta ag brath ar an aeriompar mar mhodh iompair, atá riachtanach dá saoránaigh agus dá ngeilleagar. Dá bhrí sin, tá olltomhaltas deiridh fuinnimh in aeriompar náisiúnta ag an gCipir agus Málta díréireach ard, eadhon. níos mó ná trí oiread mheán an Aontais in 2005. Dá bhrí sin, déanann na srianta teicneolaíochta agus rialála atá i bhfeidhm faoi láthair difear díréireach dóibh. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go mbainfidh siad leas as díolúine a chumhdóidh an méid a sháraíonn siad meán-olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2005, arna ríomh ag Eurostat, eadhon, 4,12%.

(36)  Sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2016, dar teideal "A European Strategy for Low-Emission Mobility"[Straitéis Eorpach maidir le Soghluaisteacht Íseal-astaíochtaí], cuireadh i dtreis a thábhachtaí, sa mheántéarma, atá ardbhreoslaí bithmhaise, breoslaí inathnuaite leachtacha agus gásacha agus breoslaí de thionscnamh neamhbhitheolaíoch don eitlíocht.

(37)  Chun a áirithiú go gcuirtear san áireamh an liosta bunábhar chun ardbhreoslaí bithmhaise ardleibhéil agus bithbhreoaslaí eile agus bithghás a tháirgeadh faoi mar a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo prionsabail ord na réiteach dramhaíola a bhunaítear le Treoir 2008/98/CE , critéir inbhuanaitheachta an Aontais, agus an gá lena áirithiú nach gcruthaítear de dheasca na hIarscríbhinne sin éileamh breise ar thalamh fad is atá úsáid dramhaíola agus iarmhar á cur chun cinn, ba cheart don Choimisiún, agus measúnú rialta á dhéanamh aige ar an Iarscríbhinn sin, a mheas a dhéanamh ar bhunábhair bhreise nach mbíonn éifeachtaí suntasacha díréireacha acu ar mhargaí le haghaidh (seach)tháirgí, dramhaíl ná iarmhair.

(38)  Chun deiseanna a chruthú chun an costas a bhaineann le sprioc an Aontais a leagtar síos sa Treoir seo a bhaint amach agus chun solúbthacht a thabhairt do na Ballstáit a n-oibleagáid a chomhlíonadh gan dul faoi na spriocanna náisiúnta do 2020 tar éis 2020, is iomchuí tomhaltas sna Ballstáit d'fhuinnimh a tháirgtear ó fhoinsí inathnuaite i mBallstáit eile a éascú, agus cuidiú leis na Ballstáit fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite arna thomhailt i mBallstáit eile a áireamh ina sciar féin den fhuinneamh inathnuaite ▌. Ar an ábhar sin, ba cheart don ChoimisiúnArdán de chuid an Aontais don Fhuinneamh inathnuaite ("URDP") a chur ar bun, lena mbeifear in ann sciartha fuinnimh inathnuaite a thrádáil i measc na mBallstát, mar aon le comhaontuithe déthaobhacha comhair. Tá se i gceist go mbeidh URDP ina chomhlánú ar scéimeanna tacaíochta a oscailt go deonach do thionscadail a bheidh lonnaithe sna Ballstáit eile. Áirítear sna comhaontuithe idir na Ballstáit aistrithe staidrimh, comhthionscadail idir Ballstáit nó scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha.

(39)  Ba cheart na Ballstáit a spreagadh le tabhairt faoi na bealaí comhair iomchuí ar fad i dtaca leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo agus fógra a thabhairt do na saoránaigh faoi na buntáistí a bhaineann leis na sásraí comhair. D'fhéadfaí an comhar sin a dhéanamh ar gach leibhéal, go déthaobhach nó go hiltaobhach. Cé is moite de na sásraí a bhfuil éifeacht acu ar ríomh an spriocsciar fuinnimh inathnuaite agus ar chomhlíonadh spriocanna, rudaí dá ndéantar foráil go heisiach sa Treoir seo, eadhon aistrithe staidreamhacha arna ndéanamh go déthaobhach nó trí chomhthionscadail agus scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha URDP, , d'fhéadfadh an comhar bheith i bhfoirm, mar shampla, malartuithe faisnéise agus dea-chleachtas dá bhforáiltear, go háirithe, sa ríomhardán a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/…(17), agus comhar deonach eile idir gach cineál scéime tacaíochta. Ba cheart é a bheith indéanta leictreachas allmhairithe, arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh lasmuigh den Aontas a áireamh i sciar fuinnimh inathnuaite na mBallstát.

(40)  Ba cheart go mbeadh sé indéanta leictreachas allmhairithe, a táirgeadh ó fhoinsí inathnuaite laistigh den Aontas, a áireamh i leith sciartha fuinnimh inathnuaite na mBallstát. Chun éifeacht leordhóthanach fuinnimh inathnuaite a chuirtear in ionad fuinnimh neamh-inathnuaite san Aontas agus i dtríú tíortha a áireamh, is iomchuí a áirithiú gur féidir na hallmhairithe sin a rianú agus cuntas a thabhairt orthu ar bhealach iontaofa. Déanfar comhaontuithe le tríú tíortha maidir le heagrú an chineáil trádála sin i leictreachas inathnuaite fuinnimh a mheas. Más rud é, de bhua cinneadh arna dhéanamh chuige sin faoin gConradh um Chomhphobal Fuinnimh(18) , go bhfuil na páirtithe conarthacha sa Chonradh sin faoi cheangal forálacha ábhartha na Treorach seo, ba cheart na bearta comhair idir na Ballstáit dá bhforáiltear sa Treoir sin bheith infheidhme maidir leo.

(41)  Nuair a théann Ballstáit i mbun comhthionscadal le tríú tír amháin nó níos mó i dtaca le leictreachas inathnuaite a tháirgeadh, is iomchuí nach mbainfeadh na comhthionscadail sin ach le suiteálacha nua-thógtha nó le suiteálacha a ndearnadh a n-acmhainn a mhéadú le gairid. Cuideoidh sin lena áirithiú nach laghdaítear an sciar de thomhaltas iomlán fuinnimh na tríú tíre a thagann ó fhoinsí inathnuaite mar gheall ar fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a bheith á allmhairiú ag an Aontas.

(42)  Mar bhreis ar Creat Aontais chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, cuireann an Treoir seo freisin leis an dea-thionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an Aontas agus ag na Ballstáit ar bhorradh a chur faoin bhforbairt a dhéanfar ar earnáil an fhuinnimh inathnuaite i dtríú tíortha. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit an taighde, an fhorbairt agus an infheistíocht i dtáirgeadh fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn i dtíortha i mbéal forbartha agus i dtíortha comhpháirtíochta eile agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán, agus ar an gcaoi sin go dtreiseofaí lena n-inbhuanaitheacht comhshaoil agus eacnamaíoch agus leis an acmhainn atá acu fuinneamh inathnuaite a onnmhairiú.

(43)  Ba cheart an nós imeachta arna úsáid maidir le húdarú, deimhniú agus ceadúnú gléasraí fuinnimh inathnuaite a bheith oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach nuair atá rialacha á gcur i bhfeidhm ar thionscadail ar leith. Go háirithe, is iomchuí aon ualach nach bhfuil gá leis a sheachaint, a d'fhéadfadh teacht as tionscadail fuinnimh inathnuaite a aicmiú faoi shuiteálacha a mbaineann riosca ard don tsláinte leo.

(44)  Ar mhaithe le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a imscaradh go tapa agus i bhfianaise na mbuntáistí móra a bhaineann leo ó thaobh inbhuanaitheachta agus an chomhshaoil de, ba cheart do na Ballstáit, nuair atá rialacha riaracháin nó struchtúir pleanála agus reachtaíocht á gcur i bhfeidhm acu, arna gceapadh le haghaidh suiteálacha ceadúnúcháin i dtaca le truailliú a laghdú agus rialú maidir le gléasraí tionsclaíocha, chun truailliú aeir a chomhrac nós chun scaoileadh substaintí contúirteacha sa chomhshaol a chosc nó a íoslaghdú, ba cheart dóibh cion fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur san áireamh i dtaca le cuspóirí comhshaoil agus athraithe aeráide a bhaint amach, go háirithe i gcomparáid le suiteálacha fuinnimh neamh-inathnuaite.

(45)  Ba cheart a áirithiú go mbeidh cuspóirí na Treorach seo agus cuspóirí dhlí eile comhshaoil de chuid an Aontais i gcomhréir lena chéile. Go háirithe, le linn na nósanna imeachta um measúnú, pleanáil nó ceadúnú le haghaidh suiteálacha fuinnimh inathnuaite, ba cheart do na Ballstáit dlí comhshaoil uile an Aontais a chur san áireamh mar aon lena mhéid a chuidíonn fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite leis na cuspóirí comhshaoil agus athraithe aeráide a bhaint amach, go háirithe i gcomparáid le suiteálacha fuinnimh neamh‑inathnuaite.

(46)  Is foinse tábhachtach fuinnimh inathnuaite í an fuinneamh geoiteirmeach ar an leibhéal áitiúil agus is gnách go mbíonn leibhéal i bhfad níos ísle astaíochtaí ag gabháil léi ná mar a bhíonn ag gabháil le breoslaí iontaise agus freisin tá cineálacha áirithe plandaí geoiteirmeacha ann atá nach mór neodrach ó thaobh astaíochtaí de. Mar sin féin, ag brath ar shaintréithe geolaíocha an cheantair, d'fhéadfadh sé go scaoilfí gáis cheaptha teasa agus substaintí eile ó shreabháin faoi thalamh agus ó fhoirmíochtaí geolaíocha eile fo-ithreach mar gheall ar tháirgeadh geoiteirmeach, a bheadh díobhálach don tsláinte agus don chomhshaol. Níor cheart don Choimisiún Eorpach dá bhrí sin, imscaradh an fhuinnimh gheoiteirmigh a éascú ach amháin i gcás gur beag an tionchar a bheadh aige ar an gcomhshaol agus i gcás gur lú an méid astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascródh as i gcomparáid le foinsí neamh-inathnuaite.

(47)  Ar an leibhéal náisiúnta ▌, ar an leibhéal réigiúnach, agus i gcás inarb infheidhme, ar an leibhéal áitiúil, bhí mar thoradh ar na rialacha agus na hoibleagáidí maidir le híoscheanglais le haghaidh úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite i bhfoirgnimh nua agus athchóirithe méaduithe suntasacha ar úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite. Ba cheart dlús a chur leis na bearta sin fud fad an Aontais, agus ba cheart ag an am céanna úsáid tíosach ar fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn, i gcomhar le bearta laghdaithe fuinnimh agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh trí rialacháin agus cóid tógála.

(48)  Chun socrú na n-íosleibhéal le haghaidh úsáid fuinnimh o fhoinsí inathnuaite i bhfoirgnimh a éascú agus a luathú, ba cheart ríomh na n-íosleibhéal sin i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana atá faoi réir mór-athchóirithe a bheith ▌ina mbonn leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil áireamh na n-íosleibhéal fuinnimh inathnuaite indéanta ar bhonn teicniúil, feidhmiúil agus eacnamaíoch. Ba cheart do na Ballstáit cead a thabhairt inter alia úsáid a bhaint as téamh agus fuarú éifeachtúil ceantair, nó, i gcás nach mbíonn fáil ar chórais téimh agus fuaraithe ceantair, bonneagar eile fuinnimh, d'fhonn na ceanglais sin a shásamh.

(49)  Chun a áirithiú go mbeidh bearta náisiúnta maidir le téamh agus fuarú inathnuaite a fhorbairt bunaithe ar mhapáil agus ar anailís chuimsitheach ar an bpoitéinseal náisiúnta maidir le fuinneamh inathnuaite agus dramhfhuinneamh agus chun a áirithiú go ndéantar foráil sna bearta sin maidir le comhtháthú na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, trí thacú inter alia le teicneolaíochtaí nuálacha amhail teaschaidéil, teicneolaíochtaí geoiteirmeacha agus teicneolaíochtaí teirmeacha gréine, agus comhtháthú na bhfoinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta, is iomchuí a cheangal ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar ar bpoitéinseal fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite agus ar úsáid an dramhtheasa agus an dramhfhuachta sna hearnálacha téimh agus fuaraithe, go háirithe chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn i suiteálacha téimh agus fuaraithe agus chun téamh agus fuarú ceantair éifeachtach agus iomaíoch a chur chun cinn. Chun comhsheasmhacht leis na ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh le haghaidh fuarú agus téimh a áirithiú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an measúnú sin a áireamh sna measúnuithe cuimsitheacha a dhéantar agus a dtugtar fógra ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19).

(50)  Is léir gur chuir an easpa rialacha trédhearcacha agus an easpa comhordúcháin idir na comhlachtaí údarúcháin éagsúla bac ar úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite. Treoir a thabhairt do na hiarratasóirí trí na próisiss riaracháin um iarratas a dhéanamh agus um dheonú ceada atá acu, trí bhíthin pointe teagmhála riaracháin ▌, tá se i gceist leis go laghdófaí an chastacht d'fhorbróirí an tionscadail agus ba cheart go ndéanfaí an éifeachtúlacht agus trédhearcacht a mhéadú ▌, lena n-áirítear d'fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite agus do chomhphobail fuinnimh inathnuaite. Ba cheart treoir den sórt sin a thabhairt ar an leibhéal rialála iomchuí agus aird á tabhairt ar chúinsí sonracha na mBallstát. Ba cheart do na pointí teagmhála aonair treoir a chur ar fáil don iarratasóir agus éascaíocht a dhéanamh tríd an bpróiseas riaracháin ó thús deireadh ionas nach gá don iarratasóir dul i dteagmháil le comhlachtaí eile riaracháin d'fhonn an próiseas deonaithe ceada a thabhairt chun críche, mura rud é gur fearr leis sin a dhéanamh.

(51)  ▌ Is bac ollmhór riaracháin é nósanna imeachta fadálacha riaracháin agus leanann costas mór iad. Ach na próisis riaracháin um dheonú ceada a shimpliú, agus teorainn shonrach ama a leagan síos do na cinntí atá le glacadh ag na húdaráis inniúla maidir le húdarú a eisiúint don tsuiteáil ginte leictreachais bunaithe ar iarratas comhlánaithe, ba cheart gur éifeachtúla a láimhseálfaí na nósanna imeachta agus ba cheart, dá bharr sin, go laghdófaí na costais riaracháin. ▌Ba cheart lámhleabhar nósanna imeachta a chur ar fáil ionas gur fusaide do lucht forbartha tionscadal agus do shaoránaigh ar mian leo infheistiú i bhfuinneamh inathnuaite na nósanna imeachta a thuiscint. ▌Le go ndéanfar an glacadh a dhéanfaidh micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FMBanna) agus saoránaigh aonair ar fhuinneamh inathnuaite a mhéadú, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo, ▌ba cheart nós imeachta maidir le fógra simplí a thbahairt don chomhlacht inniúil i dtaobh ceangal leis an eangach a bhunú i gcás tionscadail bheaga fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear na tionscadail atá díláraithe, amhail suiteálacha gréine dín. Ionas gur féidir freagairt don ghá mhéadaitheach atá le gléasraí foinsí inathnuaite fuinnimh atá ann cheana a athchumhachtú, ba cheart foráil a dhéanamh do nósanna imeachta cuíchóirithe le haghaidh deonú ceadanna . Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo, agus go háirithe na forálacha maidir le heagrú agus fad an phróisis riaracháin um dheonú ceadanna, gan dochar don dlí idirnáisiúnta agus Aontais, lena n-áirítear forálacha chun an chomhshaol agus chun sláinte an duine a chosaint. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar fhorais gurb ann d'imthosca urghnácha, ba cheart gurbh fhéidir síneadh bliana ar a mhéid a chur leis na hamchláir tosaigh.

(52)  Ba cheart na bearnaí faisnéise agus oiliúna a líonadh, go háirithe in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, chun imscaradh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn.

(53)  Sa mhéid is go ndéantar rialú ar ghairm an tsuiteálaí nó ar rochtain ar an ngairm sin, leagtar síos na réamhchoinníollacha maidir leis na cáilíochtaí gairmiúla a aithint i dTreoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20). Tá feidhm, dá réir sin, ag an Treoir seo gan dochar do Threoir 2005/36/CE.

(54)  Cé go leagtar síos le Treoir 2005/36/CE na ceanglais maidir le haitheantas frithpháirteach cáilíochtaí gairmiúla, lena n-áirítear cáilíochtaí ailtirí, is gá freisin a áirithiú go ndéanann pleanálaithe agus ailtirí a mheas i gceart an teaglaim is fearr d'fhuinneamh inathnuaite agus teicneolaíochtaí ardéifeachtúlachta sna pleananna agus sna dearaí a dhéanann siad. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, treoir shoiléir a thabhairt ina leith sin. Ba cheart sin a dhéanamh gan dochar d'fhorálacha na Treorach sin agus go háirithe Airteagal 46 agus Airteagal 49 di.

(55)  Níl d'fheidhm ag ráthaíochtaí maidir le tionscnamh arna n-eisiúint chun críocha na Treorach seo ach a léiriú don chustaiméir deiridh gur táirgeadh sciar nó cainníocht ar leith den fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite. Is féidir ráthaíocht maidir le tionscnamh a aistriú, go neamhspleách ar an bhfuinneamh lena mbaineann sé, ó shealbhóir amháin go sealbhóir eile. Mar sin féin, chun a áirithiú nach nochtar aonad fuinnimh inathnuaite do chustaiméir ach an aon uair amháin, ba cheart comhaireamh dúbailte agus nochtadh dúbailte na ráthaíochtaí maidir le tionscnamh a sheachaint. Níor cheart fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite ar dhíol an táirgeoir an ráthaíocht maidir le tionscnamh a ghabhann leis go leithleach, níor cheart an fuinneamh sin a nochtadh ná a dhíol leis an gcustaiméir deiridh mar fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite. Tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir teastais ghlasa a úsáidtear i gcás scéimeanna tacaíochta agus ráthaíochtaí maidir le tionscnamh.

(56)  Is iomchuí ligean do mhargadh na dtomhaltóirí le haghaidh leictreachas inathnuaite cuidiú a thabhairt fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a fhorbairt. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, a cheangal ar sholáthróirí leictreachais a nochtann a meascán fuinnimh do chustaiméirí deiridh de bhun dhlí an Aontais maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas, nó soláthróirí leictreachais a mhargaíonn fuinneamh le tomhaltóirí faoi threoir tomhaltais fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, úsáid a bhaint as ráthaíochtaí maidir le tionscnamh ó shuiteálacha a thairgeann fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite.

(57)  Is tábhachtach faisnéis a sholáthar i ndáil leis an gcaoi a leithdháiltear an leictreachas tacaithe ar chustaiméirí deiridh. Chun cáilíocht na faisnéise sin a fheabhsú le haghaidh tomhaltóirí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go n-eisítear ráthaíochtaí maidir le tionscnamh do gach aonad d'fhuinneamh inathnuaite a tháirgtear, ach amháin nuair a chinneann siad gan ráthaíochtaí maidir le tionscnamh a eisiúint do na táirgeoirí a fhaigheann tacaíocht airgeadais. Má chinneann na Ballstáit ráthaíochtaí maidir le tionscnamh a eisiúint do na táirgeoirí a fhaigheann tacaíocht airgeadais freisin, nó má chinneann siad gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint go díreach do na táirgeoirí, ba cheart go bhféadfaidh siad a roghnú cé acu bealach agus cé acu sásra a chuirfear san áireamh chun luach margaidh na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a chur i gcuntas. Nuair a bhíonn tacaíocht airgeadais á fáil freisin ag táirgeoirí fuinnimh inathnuaite, ba cheart go cuirfí i gcuntas go hiomchuí sa scéim ábhartha tacaíochta luach margaidh na ráthaíochtaí tionscnaimh le haghaidh an táirgthe chéanna.

(58)  Le Treoir 2012/27/EU déantar foráil do ráthaíochtaí maidir le tionscnamh a thugann cruthúnas maidir le tionscnamh an leictreachais a thairgtear ó ghléasraí comhghiniúna ardéifeachtúlachta. Mar sin féin, ní shonraítear aon úsáid le haghaidh na ráthaíochtaí maidir le tionscnamh sin, agus mar sin féadfar úsáid na ráthaíochtaí sin freisin a chumasú agus úsáid fuinnimh ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta á nochtadh.

(59)  Ba cheart cur leis na ráthaíochtaí maidir le tionscnamh, atá i bhfeidhm faoi láthair i gcás leictreachas inathnuaite ▌, chun gás inathnuaite a áireamh. Ba cheart a bheith de rogha ag na Ballstáit síneadh a chur le córas na ráthaíochtaí maidir le tionscnamh le go gcumhdófaí freisin fuinneamh ó fhoinsí neamh-inathnuaite. Dhéanfaí foráil ar an gcaoi sin maidir le bealach comhsheasmhach le tionscnamh gáis inathnuaite amhail bithmheatán a chruthú do thomhaltóirí deiridh, agus d'éascódh sé tuilleadh trádála trasteorann sna cineálacha gáis sin. D'éascódh sé freisin cruthú ráthaíochtaí maidir le tionscnamh le haghaidh gás inathnuaite eile amhail hidrigin.

(60)  Is gá tacaíocht a thabhairt do chomhtháthú fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san eangach tarchurtha agus dáileacháin, agus d'úsáid córais stórála fuinnimh le haghaidh táirgeadh comhtháite athraitheach fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, go háirithe maidir leis na rialacha lena rialaítear seoladh leictreachais agus rochtain ar an eangach. Foráiltear don chreat maidir le comhtháthú leictreachais in-athnuaite i ndlí eile de chuid an Aontais a bhaineann leis an margadh inmheánach leictreachais. Mar sin féin, ní áirítear sa chreat sin forálacha maidir le gás ó fhoinsí inathnuaite a chomhtháthú san eangach gáis. Is gá, dá bhrí sin, Dá bhrí sin, is gá na forálacha sin a chur san áireamh sa Treoir seo.

(61)  Aithníodh na deiseanna atá ann fás eacnamaíoch a bhunú trí bhíthin nuálaíochta agus beartas fuinnimh atá inbhuanaithe agus iomaíoch. Bíonn táirgeadh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite ag brath go minic ar FBManna áitiúla nó réigiúnacha. Is tábhachtach na deiseanna d'fhorbairt gnólachtaí áitiúla, don fhás inbhuanaithe agus d'fhostaíocht ar ardchaighdeán a eascraíonn as infheistíochtaí i dtáirgeadh réigiúnach agus áitiúil fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite sna Ballstáit agus sna réigiúin éagsúla. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, dá bhrí sin, tacú le bearta náisiúnta agus réigiúnacha forbartha sna ceantair sin agus iad a chothú, ba cheart dóibh tacú le malartú dea-chleachtas i dtáirgeadh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn idir tionscnaimh forbartha áitiúla agus réigiúnacha agus an cúnamh teicniúil agus na cláir oiliúna a chuirtear ar fáil a fheabhsú, chun an saineolas rialála, teicniúil agus airgeadais a dhaingniú agus chun an cur amach atá ar na deiseanna maoiniúcháin atá ar fáil a mhéadú, lena n-áirítear úsáid spriocdhírithe a bhaint as cistí an Aontais, amhail úsáid maoiniú beartais comhtháthúcháin sa réimse sin.

(62)  Is minic a leagan údaráis áitiúla agus réigiúnacha spriocanna níos uaillmhianaí maidir le fuinneamh inathnuaite, spriocanna atá níos airde ná na spriocanna náisiúnta. Is trí líonraí amhail Cúnant na Méaraí, nó tionscnaimh na gCathracha Cliste nó na gComhphobal Cliste, agus trí fhorbairt pleananna gníomhaíochta maidir le fuinneamh inbhuanaithe, is tríothu a thacaítear le gealltanais réigiúnacha agus áitiúla i dtaobh fuinnimh inathnuaite a fhorbairt agus éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Ní féidir déanamh d'uireasa na líonraí sin agus ba cheart síneadh a chur leo mar go gcuireann siad leis an bhfeasacht faoin tacaíocht airgeadais atá ar fáil agus mar go n‑éascaíonn siad malartú dea-chleachtais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún tacú freisin le réigiúin nuálacha agus le húdaráis áitiúla cheannródaíocha ar spéis leo é oibriú thar theorainneacha trí chúnamh a thabhairt maidir le sásraí comhair a bhunú, amhail an ghrúpáil Eorpach um chomhar críche, a chuidíonn le húdaráis phoiblí na mBallstát éagsúil comhoibriú agus seirbhísí agus tionscadail a sheachadadh i gcomhpháirt, gan iallach a bheith ar a bparlaimintí náisiúnta comhaontú idirnáisiúnta a shíniú agus a dhaingniú roimh ré. Ba cheart bearta nuálacha eile a bhreithniú freisin, ar bearta iad a mheallfadh breis infheistíochta i dteicneolaíochtaí nua, amhail conarthaí feidhmíochta fuinnimh agus próisis um chaighdeánú faoi chuimsiú an mhaoinithe phoiblí.

(63)  Má tá fabhar á thabhairt d'fhorbairt an mhargaidh le haghaidh fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite, is gá a chur san áireamh an tionchar dearfach ar dheiseanna forbartha réigiúnacha agus áitiúla, ar dheiseanna onnmhairiúcháin, ar chomhtháthú sóisialta agus ar dheiseanna fostaíochta, go háirithe maidir le FBManna agus táirgeoirí neamhspleácha fuinnimh, lena n-áirítear féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite agus comhphobail fuinnimh inathnuaite.

(64)  Aithnítear cás ar leith na réigiún is forimeallaí in Airteagal 349 de CFAE. Is minic an earnáil fuinnimh sna réigiúin is forimeallaí a bheith scoite amach, soláthar teoranta a bheith acu agus a bheith spleách ar bhreoslaí iontaise, cé go dtairbhíonn na réigiúin sin d'fhoinsí suntasacha áitiúla fuinnimh inathnuaite. D'fhéadfaí na réigiúin is forimeallaí a úsáid, dá bhrí sin, mar shamplaí den chaoi a bhféadfaí teicneolaíochtaí nuálacha fuinnimh a chur i bhfeidhm don Aontas. Is gá, dá bhrí sin, úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn chun neamhspleáchas níos mó ó thaobh fuinnimh de a bhaint amach do na réigiúin sin agus chun cás ar leith na réigiún sin a aithint i dtéarmaí phoitéinseal an fhuinnimh inathnuaite agus riachtanais tacaíochta an phobail. Is ceart foráil a dhéanamh maidir le maolú a dhéanamh, ar bhonn teoranta áitiúil, chun gur ceadmhach do na Ballstáit critéir shonracha a ghlacadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh siad incháilithe do thacaíocht airgeadais i dtaca le breoslaí bithmhaise áirithe a thomhailt. Is ceart go mbeadh na Ballstáit in ann critéir shonracha den chineál sin a ghlacadh i dtaca le suiteálacha a úsáideann breoslaí bithmhaise agus atá suite i réigiún forimeallach den chineál dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, agus i dtaca le bithmhais a úsáidtear mar bhreosla sna suiteálacha sin agus nach bhfuil i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Treoir seo maidir le hinbhuanaitheacht chomhchuibhithe, éifeachtúlacht fuinnimh, agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is ceart feidhm a bheith ag na critéir shonracha sin um breoslaí bithmhaise beag beann ar cibé an i mBallstát nó i dtríú tír atá áit tionscnaimh an bhithmhais sin. Anuas air sin, is ceart bonn cirt oibiachtúil a bheith le critéir shonracha den chineál sin i ngeall ar neamhspleáchas fuinnimh an réigiúin fhorimeallaigh lena mbaineann agus ar mhaithe le haistriú gan uaim a áirithiú i limistéar den chineál sin chuig na critéir atá sa Treoir seo maidir le hinbhuanaitheacht chomhchuibhithe, na critéir maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ó tharla gur ola bhreosla, cuid mhaith, a bhíonn sa mheascán fuinnimh a úsáidtear chun leictreachas a ghiniúint sna réigiúin fhorimeallacha, ní mór an deis a bheith ann breithniú cuí a dhéanamh ar chritéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha sna réigiúin sin. Ba iomchuí, dá bhrí sin, táirgí sonracha comparáide breoslaí iontaise a chur ar fáil don leictreachas a tháirgtear sna réigiúin fhorimeallacha. Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh éifeachtach na gcritéar sonrach a ghlac siad a áirithiú. Ar deireadh, gan dochar do thacaíocht arna dheonú de réir na scéimeanna tacaíochta de réir na Treorach seo,ní cheart do na Ballstáit diúltú, ar fhorais inbhuanaitheachta eile, bithbhreoslaí agus bithmhíortha a fhaightear de réir na Treorach seo a chur san áireamh. Tá sé mar aidhm ag an toirmeasc seo a chinntiú go leanfaidh bithbhreoslaí agus bithleachtanna atá i gcomhréir leis na critéir chomhchuibhithe dá bhforáiltear sa Treoir seo de thairbhe a fháil ón éascú trádála atá á shaothrú ag an Treoir seo, lena n-áirítear i dtaca leis na réigiúin fhorimeallacha lena mbaineann.

(65)  Is iomchuí forbairt teicneolaíochtaí agus stóráil díláraithe fuinnimh inathnuaite a chur san áireamh faoi choinníollacha neamh-idirdhealaitheacha agus gan cur isteach ar infheistíochtaí bonneagair a mhaoiniú. Tá go leor buntáistí ag táirgeadh an fhuinnimh dhíláthraithe, lena n-áirítear úsáid foinsí áitiúla fuinnimh, méadú ar chinnteacht an tsoláthair fuinnimh go háitiúil, fad níos lú le taisteal agus laghdú ar an gcaillteanas fuinnimh le linn traschuir. Cothaíonn an dílárú sin forbairt pobail agus comhtháthú freisin, trí fhoinsí ioncaim a sholáthar agus trí phoist a chruthú go háitiúil.

(66)  Agus tábhacht féintomhaltais fuinnimh inathnuaite ag dul i méid, is gá sainmhíniú a thabhairt ar fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite agus ar “féintomhaltóirí fuinnimh atá inathnuaite ag gníomhú go comhpháirteach”. Is gá freisin creat rialála a bhunú a thabharfadh de chumhacht d'fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite leictreachas a ghineadh, a thomhailt, a stóráil agus a dhíol gan ualaí díréireacha a bheith orthu. Ba cheart a chur ar chumas saoránaigh a bhfuil cónaí orthu in árasáin tairbhiú de chumhachtú tomhaltóirí a mhéid céanna le saoránaigh i dtithe aonair teaghlaigh. Mar sin féin, ba cheart gur ceadmhach do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite aonair agus féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite atá ag gníomhú go comhpháirteach i ngeall ar na saintréithe éagsúla a bhaineann leo a mhéid is gur comhréireach caitheamh go héagsúil leo agus i gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis an méid sin.

(67)  Trí fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite ag gníomhú go comhpháirteach a chumhachtú, cruthaítear deiseanna freisin do chomhphobail fuinnimh inathnuaite an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn ar leibhéal an teaghlaigh agus cuidítear leis an bhochtainneacht fuinnimh a chomhrac trí thomhaltas laghdaithe agus trí tharaifí íslithe ar an soláthar. Ba cheart do na Ballstáit tairbhe iomchuí a bhaint as an deis sin mar is iomchuí trí, inter alia, a mheas an bhféadfaí a chur ar chumas teaghlaigh a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear tomhaltóirí leochaileacha agus tionóntaí, ar teaghlaigh iad nach mbeadh ar a gcumas a bheith rannpháirteach murach sin.

(68)  Níor cheart ualach idirdhealaitheach ná díréireach ná costais idirdhealaitheacha ná dhíréireacha a chur ar fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite ná níor cheart dóibh a bheith faoi réir muirear gan údar. Is ceart a chur san áireamh a mhéid a rannchuidíonn siad le gnóthú na spriocanna aeráide agus fuinnimh agus na costais agus na sochair a tharraingíonn siad orthu féin laistigh den chóras fuinnimh iomlán. Níor cheart do na Ballstáit dá bhrí sin táille a ghearradh, i gcoitinne, maidir le leictreachas a bhíonn á tháirgeadh agus á thomhailt san áitreabh céanna ag féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite. Mar sin féin, ba cheart gur ceadmhach do na Ballstáit muirir neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha a ghearradh ar an leictreachas sin más gá sin chun inbhuanaitheacht airgeadais an chórais leictrigh a áirithiú, chun teorainn a chur leis an tacaíocht a thugtar dona bhfuil de dhíth go hoibiachtúil agus chun leas éifeachtúil a bhaint as a scéimeanna tacaíochta. Ag an am céanna, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuireann féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite go cothrom leordhóthanach, le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais lena ndéantar leictreachas a tháirgeadh, a dháileadh agus a thomhailt, nuair a n-inchuirtear leictreachas isteach san eangach.

(69)  Chuige sin, mar phrionsabal ginearálta, níor cheart do na Ballstáit táille a chur i bhfeidhm, i gcoitinne, ar leictreachas a bhíonn á tháirgeadh agus á thomhailt go haonraic san aon áitreabh amháin ag féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite. Mar sin féin, d'fhonn an dreasacht sin a chosc ó difear a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais scéimeanna tacaíochta d'fhuinneamh inathnuaite, ba cheart go bhféadfaí an tionscnamh sin a theorannú do shuiteálacha beaga le hachmhainn leictreachais 30 kW nó níos lú. I gcásanna áirithe, ba cheart gur ceadmhach do na Ballstáit muirir a ghearradh ar fhéintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite as leictreachas féintomhailte i gcás ina mbaineann siad leas éifeachtúil as a gcuid scéimeanna tacaíochta agus ba cheart gur ceadmhach dóibh rochtain neamh‑idirdhealaitheach agus éifeachtúil a chur i bhfeidhm maidir lena gcuid scéimeanna tacaíochta. Ba cheart gur ceadmhach do na Ballstáit freisin díolúintí páirteacha ó mhuirir, ó thobhaigh, nó ó theaglaim díobh, nó ó thacaíocht a chur i bhfeidhm a mhéid is gá chun marthanacht eacnamaíoch na dtionscadal sin a áirithiú.

(70)  Ba bhreisluach suntasach i dtéarmaí glacadh an phobail áitiúil le fuinneamh inathnuaite agus rochtain ar bhreischaipiteal príobháideach an toradh ar rannpháirtíocht saoránach áitiúil agus údarás áitiúil i dtionscadail fuinnimh inathnuaite trí bhíthin phobail fuinnimh inathnuaite, agus fágann sin go ndéantar níos mó infheistíochta ar an leibhéal áitiúil, go bhfuil rogha níos mó ag na tomhaltóirí agus gur mó rannpháirtíocht na saoránach san aistriú fuinnimh. Beidh an rannpháirtíocht áitiúil sin níos tábhachtaí fós i gcomhthéacs acmhainn an fhuinnimh inathnuaite a bheith ag méadú. Tá sé d'aidhm freisin le bearta a ligeann do chomhphobail fuinnimh inathnuaite dul in iomaíocht ar aon dul le táirgeoirí eile cur le rannpháirtíocht na saoránach áitiúil i dtionscadail fuinnimh inathnuaite agus, dá bhrí sin, méadaíonn sin an glacadh atá acu leis an bhfuinneamh inathnuaite.

(71)  I ngeall ar shaintréithe sonracha comhphobail áitiúla fuinnimh inathnuaite i dtéarmaí méide, struchtúr úinéireachta agus an líon tionscadal, d'fhéadfadh sé go gcuirfí bac le cumas iomaíochta na bpobal sin i gcomparáid le gníomhairí ar mhórscála, eadhon iomaitheoirí a bhfuil tionscadail nó punanna níos mó acu. Dá bhrí sin, ba cheart gurbh fhéidir leis na Ballstáit aon chineál eintitis a roghnú do na comhphobail fuinnimh inathnuaite ach amháin gur ceadmhach do na heintitis sin, ag gníomhú dóibh faoina n-ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí. Chun mí-úsáid a sheachaint agus chun rannpháirtíocht fhorleathan a áirithiú, ba cheart a bheith ar chumas na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite a bheith neamhspleách ar chomhaltaí aonair agus ar ghníomhairí traidisiúnta eile an mhargaidh a bhíonn rannpháirteach sa chomhphobal i gcáil comhaltaí nó scairshealbhóirí, nó a oibríonn i gcomhar leo ar bhealaí eile amhail trí infheistíocht. Ba cheart don rannpháirtíocht i dtionscadail fuinnimh inathnuaite a bheith oscailte do gach comhalta ionchasach áitiúil ar bhonn critéar oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Airítear i measc na mbeart chun na míbhuntáistí a bhaineann le saintréíthe sonracha comhphobail fuinnimh athnuaite i dtéarmaí meid, structhúr úineireachta agus líon na dtionscadal a fhritháireamh, cur ar chumas pobail fuinnimh in-athnuaite oibriú sa chóras fuinnimh agus a gcomhtháthú margaidh a éascú Is ceart go mbeadh na comhphobail fuinnimh inathnuaite in ann fuinneamh, arna tháirgeadh ag a suiteálacha atá faoi úinéireacht an chomhphobail, a roinnt eatarthu féin. Ach ní ceart díolúine a thabhairt do bhaill an chomhphobail i dtaca le costais, muirir, tobhaigh agus cánacha ábhartha a leagfaí ar thomhaltóirí deiridh nach baill den chomhphobal iad, ar tháirgeoirí ina mhacasamhail de chás nó i gcás ina n‑úsáidtear bonneagar eangaí poiblí chun na haistrithe sin a dhéanamh.

(72)  Ba cheart go gcoinneodh tomhaltóirí teaghlaigh agus tomhaltóirí comhphobail atá i mbun an fhéintomhaltais fuinnimh inathnuaite na cearta atá acu i mar thomhaltóirí, lena n-áirítear an ceart maidir le conradh a bheith acu le soláthróir dá rogha féin agus an ceart maidir le haistriú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile.

(73)  Úsáidtear thart ar leath den tomhaltas deiridh fuinnimh san Aontas in earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus, dá bhrí sin, meastar go bhfuil sí ar cheann de na hearnálacha is tábhachtaí i dtaca le dícharbónú na hearnála fuinnimh a luathú. Ina theannta sin, is earnáil straitéiseach í i dtéarmaí cinnteacht an tsoláthair fuinnimh de, toisc go meastar gur cheart 40 % de thomhailt an fhuinnimh inathnuaite faoi 2030 a bheith ag teacht ó fhoinsí inathnuaite téimh agus fuaraithe. In éagmais straitéis chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, easpa inmheánaithe na gcostas seachtrach agus ilroinnt na margaí téimh agus fuaraithe, áfach, tá an dul chun cinn san earnáil seo mall go leor go fóill.

(74)  Tá bearta curtha chun feidhme ag roinnt Ballstát in earnáil an téimh agus an fhuaraithe chun an sprioc maidir le fuinneamh inathnuaite do 2020 a bhaint amach. Mar sin féin, in éagmais spriocanna náisiúnta ceangailteacha tar éis 2020, d'fhéadfadh sé nár leor an chuid eile de na dreasachtaí náisiúnta chun na spriocanna fadtéarmacha maidir le dícharbónú a bhaint amach roimh 2030 agus 2050. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, chun deimhneacht infheisteoirí a neartú agus chun forbairt margaidh foinsí inathnuaite téimh agus fuaraithe a chothú ar fud an Aontais, ach céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a urramú ag an am céanna, is iomchuí iarracht na mBallstát a spreagadh i dtaca le soláthar foinsí inathnuaite téimh agus fuaraithe chun cuidiú a thabhairt an sciar fuinnimh inathnuaite a mhéadú de réir a chéile. I bhfianaise a ilroinnte agus atá roinnt de na margaí téimh agus fuaraithe, tá sé ríthábhachtach solúbthacht a áirithiú agus an iarracht sin á cur i gcrích. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú nach ndéanfaidh na fo-éifeachtaí a bheidh ag úsáid foinsí inathnuaite téimh agus fuaraithe dochar don chomhshaol ná nach mbeidh siad ina siocair le costais fhoriomlána díréireacha. Chun an riosca sin a íoslaghdú, is ceart aird a thabhairt, agus an sciar d'fhuinneamh inathnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe á mhéadú, ar staid na mBallstát sin ina bhfuil an sciar an-ard cheana féin, nó ar staid na mBallstát sin nach mbaintear leas as dramhteas agus as dramhfhuacht amhail an Chipir agus Málta.

(75)  Is ionann an téamh agus fuarú ceantair agus isteach agus amach le 10 % den éileamh teasa ar fud an Aontais, ach tá neamhréireachtaí móra idir na Ballstáit. Aithníodh i straitéis téimh agus fuaraithe an Choimisiúin an poitéinseal atá ann téamh ceantair a dhícharbónú trí éifeachtúlacht fuinnimh níos fearr agus trí úsáid fuinnimh inathnuaite.

(76)  Leagtar amach i straitéis an aontais fuinnimh ról na saoránach san aistriú fuinnimh, áit a nglacann saoránaigh úinéireacht ar an aistriú fuinnimh, ina mbaineann siad leas as teicneolaíochtaí nua chun a mbillí a laghdú, agus ina mbíonn siad rannpháirteach go gníomhach sa mhargadh.

(77)  Ba cheart béim a chur ar na sineirgí féideartha idir iarracht chun úsáid foinsí inathnuaite téimh agus fuaraithe a mhéadú agus na scéimeanna atá i bhfeidhm faoi láthair faoi Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) agus Treoir 2012/27/AE. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, a mhéid agus is féidir, na struchtúir riaracháin atá ann faoi láthair a úsáid chun an iarracht sin a chur chun feidhme, chun an t-ualach riaracháin a mhaolú.

(78)  I réimse an téimh ceantair, tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, an t-aistriú breoslaí go fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a éascú agus gaibhniú rialála agus teicneolaíochta agus bac teicneolaíochta a chosc trí bhíthin cearta neartaithe le haghaidh soláthróirí fuinnimh agus tomhaltóirí deiridh, agus na huirlisí a chur ar fáil do thomhaltóirí deiridh chun gur féidir leo rogha a dhéanamh idir na réitigh ag a bhfuil an fheidhmíocht fuinnimh is airde agus a chuireann san áireamh riachtanais téimh agus fuaraithe na todhchaí i gcomhréir leis na critéir feidhmíochta a bhfuiltear ag súil leo i bhfoirgnimh. Ba cheart faisnéis thrédhearcach agus iontaofa a thabhairt do thomhaltóirí deiridh ar éifeachtúlacht an chórais téimh agus fuaraithe ceantair agus ar chion an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite atá sa soláthar téimh nó fuaraithe sonrach atá acu.

(79)  Chun tomhaltóirí a chosaint ar chórais neamhéifeachtúla téimh agus fuaraithe ceantair agus chun cur ar a gcumas an téamh nó an fuarú a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh ar fearr i bhfad a bhfeidhmíocht fuinnimh, ba cheart do thomhaltóirí a bheith i dteideal díscor agus ar an gcaoi sin scor den tseirbhís téimh nó fuaraithe ó chóras neamhéifeachtúil téimh agus fuaraithe ceantair ar leibhéal foirgnimh iomláin trína gconradh a fhoirceannadh nó, i gcás ina gcumhdaíonn an conradh roinnt foirgnimh éagsúla, tríd an gconradh a mhodhnú le hoibreoir an chórais téimh nó fuaraithe ceantair.

(80)  ▌ De théisclim don aistriú ionsar bithbhreoslaí ardfhorbartha agus chun íoslaghdú a dhéanamh ar na hiarmhairtí díreacha agus indíreacha a bheidh ag an athrú ar thalamhúsáid, is iomchuí teorainn a chur le líon na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna a tháirgtear as gránbharra agus as barra stáirse-shaibhir, siúcraí agus barra ola ar féidir iad a áireamh mar chuid de na spriocanna a leagtar síos sa Treoir seo, ach gan an fhéidearthacht fhoriomlán maidir le húsáid na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna sin a shrianú. Níor cheart go bhfágfadh bunú teorann ar leibhéal an Aontais nach mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh d'íosteorainneacha i dtaca le líon na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna a tháirgtear as gránbharra agus as barra stáirse-shaibhir, siúcraí agus barra ola ar féidir iad a áireamh ar an leibhéal náisiúnta mar chuid de na spriocanna a leagtar síos sa Treoir seo, ach gan an fhéidearthacht fhoriomlán maidir le húsáid na mbithbhreoslaí agus na mbithleachtanna sin a shrianú.

(81)  Le Treoir 2009/28/CE tugadh isteach sraith critéar inbhuanaitheachta lena n-áirítear critéir a thugann cosaint do thalamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige agus do thalamh a bhfuil stoc ard carbóin aige ach níor cumhdaíodh ann an tsaincheist sin faoi athrú indíreach ar thalamhúsáid. Tarlaíonn athrú indíreach ar thalamhúsáid nuair a shaothraítear barra le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise seachas le haghaidh bia agus beatha mar a dhéantaí go traidisiúnta. Cuireann an t-éileamh breise sin brú breise ar an talamh agus mar thoradh air, d’fhéadfadh sé go gcuirfí síneadh le talamh talmhaíochta le go gcumhdófaí limistéir a bhfuil stoc ard carbóin acu amhail foraoisí, bogaigh agus talamh portaigh rud a mhéadódh na hastaíochtaí gás ceaptha teasa. I dTreoir (AE) 2015/1513 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22), aithníodh go bhféadfadh méid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as athrú indíreach ar thalamhúsáid an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thiocfadh as bithbhreoslaí aonair, as bithleachtanna aonair nó as breoslaí bithmhaise aonair, nó cuid den laghdú sin, a chur ar neamhní. Cé go n-eascraíonn rioscaí as athrú indíreach ar thalamhúsáid, léiríonn taighde a rinneadh roimhe seo go mbraitheann méid na héifeachta sin ar thosca éagsúla, lena n-áirítear an cineál bunábhair a úsáidtear chun breosla a tháirgeadh, an t-éileamh breise a bhíonn ar bhunábhar i ngeall ar bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a bheith á n-úsáid agus a mhéid a thugtar cosaint do thalamh a bhfuil stoc ard carbóin aige ar fud an domhain. Cé nach féidir leibhéal na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascraíonn as athrú indíreach ar thalamhúsáid a ríomh go haonchiallach i láthair na huaire a mhéid is gá chun é a áireamh sa mhodheolaíochta ríofa maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, ba i leith bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a táirgeadh ó bhunábhair ar limistéar táirgthe ar cuireadh síneadh suntasach leis le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige na rioscaí is mó a sainaithníodh maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ginearálta, teorainn a chur i gcoitinne le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a dhíorthaítear ó bharra bia agus beatha agus atá á gcur chun cinn faoin Treoir seo agus is iomchuí freisin, lena chois sin, a cheangal ar na Ballstáit teorainn shonrach a íslíonn de réir a chéile a shocrú i gcás bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bharra bia agus beatha ar limistéar táirgthe ar cuireadh síneadh suntasach leis le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, fad is gur cheart bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal go mbeidh athrú ar thalamhúsáid mar thoradh orthu a dhíolmhú ón teorainn shonrach sin a íslíonn de réir a chéile.

(82)  I dtaca le méaduithe táirgeachta in earnálacha talmhaíochta a tharla i ngeall ar chleachtais fheabhsaithe talmhaíochta, ar infheistíochtaí in innealra ar ardchaighdeán agus ar aistriú eolais, thar leibhéal a bheadh ann in éagmais scéimeanna lena gcuirtear chun cinn an táirgiúlacht i gcás bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, mar aon le barra a shaothrú ar thalamh nár úsáideadh roimhe sin le haghaidh saothrú barr, tig leis na nithe sin an t-athrú indíreach ar thalamhúsáid a mhaolú. Má tá fianaise ann gur tháinig méadú ar an táirgeadh thar an méid a rabhthas ag súil leis, mar thoradh ar na bearta sin, ba cheart a mheas gur bithbhreoslaí bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal go mbeidh athrú indíreach ar thalamhúsáid mar thoradh orthu, iad na bithbhreoslaí, na bithleachtanna agus na breoslaí bithmhaise a tháirgtear ón mbunábhar breise sin. Ba cheart luaineachtaí i dtaca leis an táirgeacht bhliantúil a chur san áireamh sa chomhthéacs sin.

(83)  I dTreoir (AE) 2015/1513 , iarradh ar an gCoimisiún togra cuimsitheach maidir le beartas costéifeachtach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de a thíolacadh gan mhoill do na blianta ó 2020 amach chun peirspictíocht fhadtéarmach a chruthú don infheistíocht i mbithbhreoslaí inbhuanaithe a bhfuil riosca íseal ann go mbeidh athrú ar thalamhúsáid mar thoradh orthu dar príomhsprioc earnáil an iompair a dhícharbónú. Tig le ▌hoibleagáid, arna leagan ar na Ballstáit, go gcaithfidh soláthróirí breosla sciar foriomlán dá gcuid breoslaí a sholáthar as foinsí inathnuaite, tig leis sin deimhneacht a thabhairt do lucht infheistíochta agus a bheith ina spreagadh chun forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhreoslaí iompair malartacha atá inathnuaite, lena n-áirítear bithbhreoslaí ardfhorbartha, breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, agus leictreachas inathnuaite in earnáil an iompair. Ó tharla gan fáil ag gach soláthróir breosla ar bhreoslaí malartacha inathnuaite gan stró ná go costéifeachtúil, is iomchuí cead a thabhairt do na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir soláthróirí breosla agus díolúine a thabhairt ón gceanglas sin, más gá, do chineálacha áirithe soláthróirí breosla. Ós rud é go ndéantar breoslaí iompair a thrádáil go héasca, ba cheart go mbeadh soláthróirí breosla sna Ballstáit a bhfuil cion íseal de na hacmhainní ábhartha acu in ann breoslaí inathnuaite a fháil go héasca ó fhoinsí eile.

(84)  Is ceart bunachar sonraí Aontais a chur ar bun chun an trédhearcacht agus an inrianaitheacht a áirithiú i dtaca le breoslaí inathnuaite. Cé gur ceart cead a thabhairt do na Ballstáit leanúint de bhunachair sonraí náisiúnta a úsáid agus a bhunú, ba cheart na bunachair náisiúnta sonraí sin a nascadh leis an mbunachar sonraí Aontais, d'fhonn a áirithiú go n-aistrítear agus go gcomhchuibhítear sreabha sonraí ar an bpointe boise.

(85)  Beidh úsáid breoslaí ardfhorbartha, bithbhreoslaí eile agus bithgháis arna dtáirgeadh ón mbunábhar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, agus leictreachas inathnuaite in earnáil an iompair ina cuidiú chun astaíochtaí ísealcharbóin a bhaint amach, rud a spreagfaidh dícharbónú earnáil iompair an Aontais ar bhealach costéifeachtach, agus a fheabhsóidh, inter alia, éagsúlú fuinnimh in earnáil an iompair ach nuálaíocht, fás agus poist i ngeilleagair an Aontais a chur chun cinn ag an am céanna agus an spleáchas ar allmhairí fuinnimh a laghdú. Oibleagáid arna leagan ar na Ballstáit á cheangal ar sholáthróirí breosla sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis áirithe a áirithiú, ceaptar leis forbairt leanúnach breoslaí ardfhorbartha . lena n-áirítear bithbhreoslaí, a spreagadh. Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfadh an oibleagáid sin feabhsú a spreagadh i bhfeidhmíocht na mbreoslaí a sholáthraítear chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ó thaobh na ngás ceaptha teasa de. Ba cheart don Choimisiún feidhmíocht na ngás ceaptha teasa, nuálaíocht theicniúil agus inbhuanaitheacht na mbreoslaí sin a mheasúnú.

(86)  Maidir le hIompar Cliste, tá sé tábhachtach forbairt agus imscaradh na soghluaisteachta leictrí don iompar de bhóthar a mhéadú, agus dlús a chur le comhtháthú na n-ardteicneolaíochtaí san iompar nuálach iarnróid.

(87)   Táthar ag tuar go mbeidh an leictrea-shoghluaisteacht ina cuid nach beag den fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite in earnáil an iompair faoin mbliain 2030. Is ceart tuilleadh dreasachtaí a chur ar fáil ó tharla an fhorbairt ghasta atáthar a dhéanamh ar an leictrea-shoghluaisteacht agus an poitéinseal a bhaineann leis an earnáil sin ó thaobh fáis agus fostaíochta san Aontas. Is ceart úsáid a bhaint as iolraitheoirí i dtaobh leictreachas inathnuaite, arna sholáthar le haghaidh earnáil an iompair, chun úsáid an leictreachais inathnuaite a chur chun cinn in earnáil an iompair agus d'fhonn an míbhuntáiste comparáideach i ndáil le staidreamh fuinnimh a laghdú. Ó tharla nach féidir cuntas a thabhairt i gcúrsaí staidrimh ar an leictreachas uile arna sholáthar d'fheithiclí bóthair in earnáil an iompair de bhóthar trí bhíthin méadrú tiomnaithe, amhail. trí mhuirear a ghearradh sa bhaile, is ceart iolraitheoirí a úsáid chun a áirithiú go gcoinnítear cuntas mar is ceart ar na dea-thionchair a bhíonn ag córais iompair leictreacha a úsáideann fuinneamh inathnuaite. Ba cheart breathnú ar roghanna éagsúla lena áirithiú go bhfreastalóidh cumas méadaithe ginte fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite don leibhéal nua éilimh a bheidh ar leictreachas in earnáil an iompair.

(88)  I bhfianaise na srianta aeráide a chuireann teorainn le tomhailt cineálacha áirithe bithbhreoslaí i ngeall ar ábhar imní maidir leis an gcomhshaol, leis an teicneolaíocht nó leis an tsláinte, agus i ngeall ar mhéid agus ar struchtúr a margaí breosla, is iomchuí go gceadófaí don Chipir agus do Mhálta na srianta bunúsacha sin a chur san áireamh, ar mhaithe lena léiriú go bhfuil na hoibleagáidí náisiúnta atá ar sholáthróirí breosla fuinneamh inathnuaite a úsáid á gcomhlíonadh acu.

(89)  Le cur chun cinn na mbreoslaí carbóin athchúrsáilte, cuidítear le cuspóirí beartais maidir le héagsúlú fuinnimh agus dícharbónú na hearnála iompair nuair a éiríonn leo an tairseach íosta iomchuí a bhaint amach maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na breoslaí sin a áireamh ar an oibleagáid a leagtar ar sholáthróirí breosla, agus an deis a thabhairt, ag an am céanna, do na Ballstáit gan na breoslaí sin a áireamh amhlaidh mura mian leo sin. Ó tharla nach fuinneamh inathnuaite atá sna breoslaí sin, níor cheart iad a áireamh i dtaobh sprioc fhoriomlán an Aontais maidir le fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite.

(90)  Tá breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch ríthábhachtach má táthar le sciar an fhuinnimh inathnuaite a mhéadú in earnálacha ar dóigh iad a bheith ag brath ar bhreoslaí leachtacha ar feadh i bhfad. Lena áirithiú go gcuideoidh breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch le leibhéal na ngás ceaptha teasa a laghdú, ba cheart féachaint chuige gur ó fhoinse inathnuaite a thiocfaidh an leictreachas a bheidh á úsáid chun an breosla sin a tháirgeadh. Ba cheart don Choimisiún, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, modheolaíocht iontaofa Aontais a fhorbairt le cur i bhfeidhm nuair a fhaightear an leictreachas sin ón eangach. Ba cheart a áirithiú leis an modheolaíocht sin go bhfuil comhchoibhneas ama agus geografach ann idir an t-aonad táirgthe leictreachais, a mbeidh comhaontú déthaobhach ceannacháin cumhachta maidir le foinsí inathnuaite fuinnimh ag an táirgeoir ina leith, agus an táirgeadh breosla. Ní fhéadfar a mheas, mar shampla, gur breoslaí iomlán inathnuaite iad breoslaí inathnuaite de thionscnamh neamhbhitheolaíoch má tháirgtear iad tráth nach mbeidh leictreachas á ghiniúint ag an aonad ginte um fhuinneamh inathnuaite atá ar conradh. Sampla eile fós, i gcás plódú na heangaí leictreachais, ní fhéadfar a mheas gur breoslaí iomlán inathnuaite iad breoslaí ach amháin nuair is ar an taobh chéanna i leith an phlódaithe atá na gléasraí ginte leictreachais agus na gléasraí táirgthe breosla lonnaithe. Lena chois sin, ba cheart go mbeadh roinnt den bhreisíocht i gceist freisin, is é sin le rá go mbeidh an táirgeoir breosla ag cur le himscaradh na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh nó le maoiniú na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh.

(91)  Ba cheart úsáid bunábhar a bhfuil tionchar íseal acu ar athruithe indíreacha ar an talamhúsáid i gcás a n-úsáide le haghaidh bithbhreoslaí agus bithghás don iompar, a chur chun cinn d'fhonn cuidiú le dícharbónú an gheilleagair. Bunábhair le haghaidh bithbhreoslaí ardfhorbartha, a mbaineann teicneolaíocht níos nuálaí agus níos nua leo agus a bhfuil níos mó tacaíochta de dhíth orthu dá bhrí sin, ba cheart na bunábhair sin a áireamh in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Chun a áirithiú go bhfuil sénuashonraithe i gcomhréir leis na forbairtí teicneolaíochta is déanaí ach éifeachtaí diúltacha neamhbheartaithe a sheachaint ag an am céanna, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an iarscríbhinn chun a mheas an bhféadfaí bunábhair nua a chumhdach faoi freisin.

(92)  Ba cheart an costas a bhaineann le soláthróirí nua gáis ó fhoinsí inathnuaite a cheangal leis na heangacha gáis a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an mbuntáiste a thugann táirgeoirí leabaithe áitiúla gáis a tháirgeann gás ó fhoinsí inathnuaite do na heangacha gáis.

(93)  Chun poitéinseal iomlán bithmhaise a shaothrú, nach n-áirítear air móin ná ábhar atá neadaithe i bhfoirmíochtaí geolaíocha agus/nó a athraítear ina n-iontaisí, chun cuidiú le dícharbónú an gheilleagair trína húsáid le haghaidh ábhar agus fuinnimh, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit úsáid inbhuanaithe mhéadaithe an adhmaid atá ann cheana agus na n-acmhainní talmhaíochta atá ann cheana a chur chun cinn mar aon le forbairt córas nua foraoiseachta agus táirgthe talmhaíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir maidir leis an inbhuanaitheacht agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(94)  Ba cheart bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe i gcónaí. Dá bhrí sin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna n-úsáid chun sprioc an Aontais a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh, agus maidir leis na cinn acu siúd a thairbhíonn de scéimeanna tacaíochta, ba cheart a cheangal go gcomhlíonfaidh siad critéir inbhuanaitheachta agus critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is den riachtanas na critéir sin a bhaineann le bithbhreoslaí agus bithleachtanna a chomhchuibhiú, chun go mbainfí amach cuspóirí bheartas fuinnimh an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 194(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs sin, áirithítear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus éascaítear, ar an gcaoi sin, go háirithe i dtaca le hAirteagal 28(9) den Treoir seo, trádáil sna bithbhreoslaí comhlíontacha agus sna bithleachtanna comhlíontacha idir na Ballstáit. Níor cheart aon iarracht a dhéanamh cur as do na héifeachtaí dearfacha a bhíonn ag comhchuibhiú na gcritéar thuasluaite ar dhea-fheidhmiú mhargadh inmheánach an fhuinnimh agus ar sheachaint an tsaofa iomaíochais san Aontas. I gcás breoslaí bithmhaise, ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit critéir bhreise inbhuanaitheachta agus critéir bhreise maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhunú.

(95)  Ba cheart don Aontas na bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhthéacs na Treorach seo, lena n-áirítear critéir inbhuanaitheachta agus critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn le haghaidh bithbhreoslaí, agus le haghaidh bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.

(96)  I dtaca le táirgeadh amhábhar talmhaíochta le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise á dtáirgeadh, maille leis na dreasachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo lena n-úsáid a chur chun cinn, níor cheart sin a bheith ina spreagadh le tailte bithéagsúla a scriosadh. I dtaca le hacmhainní finideacha den sórt sin, a aithnítear in ionstraimí idirnáisiúnta éagsúla fiúntas uilíoch a bheith iontu, ba cheart iad a chaomhnú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, critéir inbhuanaitheachta agus critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a sholáthar lena n-áiritheofar nach mbeidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise incháilithe le haghaidh na ndreasachtaí ach amháin nuair is féidir a ráthú nach dtagann an t-amhábhar talmhaíochta ó limistéir bhithéagsúla nó, i gcás limistéir atá ainmnithe chun críocha chosaint an dúlra nó chun críocha éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol a chosaint, nuair a thaispeánann an t-údarás inniúil ábhartha nach gcuirfidh táirgeadh an amhábhair talmhaíochta sin isteach ar na críocha sin.

(97)  Ba cheart a mheas go bhfuil foraoisí bithéagsúil de réir na gcritéar inbhuanaitheachta, más foraoisí príomhúla iad i gcomhréir leis an sainmhíniú arna úsáid ag Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (EBT) sa mheasúnú ar Aacmhainní Foraoisí Domhanda, nó i gcás ina bhfuil siad faoi chosaint ag dlí náisiúnta um chosaint an dúlra. Ba cheart a mheas gur foraoisí bithéagsúla iad limistéir ina ndéantar táirgí foraoise neamhadhmaid a bhailiú, a fhad is gur beag an tionchar a bhíonn ag an duine orthu. Níor cheart a mheas gur foraoisí príomhúla iad cineálacha eile foraoisí arna sainmhíniú ag EBT, amhail foraoisí nádúrtha modhnaithe agus foraoisí agus plandálaithe leathnádúrtha. Ag féachaint, ina theannta sin, d'fhéarthailte atá an‑bhithéagsúil, idir fhéarthailte measartha agus fhéarthailte trópaiceacha, lena n-áirítear sabhánaí, steipeanna, muiní agus machairí atá an-bhithéagsúil, níor cheart bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéantar as amhábhair talmhaíochta a thagann as na tailte sin a bheith incháilithe le haghaidh na ndreasachtaí dá bhforáiltear sa Treoir seo. Chun critéir iomchuí a bhunú chun na féarthailte an-bhithéagsúil sin a shainmhíniú i gcomhréir leis na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil agus le caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún..

(98)  Níor cheart talamh a chomhshóigh ar mhaithe le táirgeadh amhábhar talmhaíochta le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise mura rud é nach bhféadfaí caillteanas an stoic carbóin nuair a thiontófaí é a chúiteamh, laistigh de thréimhse réasúnta agus ag cur san áireamh a phráinní is atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide, leis an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheadh mar thoradh ar tháirgeadh agus úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. D'fhágfadh sin nach ndéanfadh oibreoirí eacnamaíocha taighde neamhriachtanach anróiteach agus nach dtiontófaí talamh le stoic arda carbóin, a dtaispeántar nach bhfuil sé incháilithe chun amhábhar talmhaíochta le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh. De réir na bhfardal domhanda um stoic charbóin, is ceart bogaigh, agus limistéir foraoise gan bhriseadh ar mó ná 30 % a gclúdach téastair, a áireamh sa chatagóir seo.

(99)  Faoi chuimsiú Aontas an Chomhbheartais Talmhaíochta, ba cheart d'fheirmeoirí sraith chuimsitheach de cheanglais comhshaoil a chomhlíonadh chun tacaíocht dhíreach a fháil. Is i gcomhthéacs an bheartais talmhaíochta is éifeachtúla comhlíonadh na gceanglas sin a fhíorú. Ní iomchuí na ceanglais sin a áireamh sa scéim inbhuanaitheachta mar ba cheart, sna critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithfhuinnimh, rialacha a leagan amach atá oibiachtúil agus a bhfuil feidhm acu ar bhonn domhanda. D'fhéadfadh baol ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a bheith ann i gcás comhlíonadh a fhíorú faoin Treoir seo.

(100)  Ba cheart bunábhar talmhaíochta le haghaidh táirgeadh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgeadh agus úsáid á baint as cleachtais atá ar aon dul le cosaint cháilíocht na hithreach agus cosaint an charbóin orgánaigh san ithir. Ba cheart, dá bhrí sin, cáilíocht na hithreach agus carbón san ithir a áireamh le córais faireacháin oibreoirí nó údarás náisiúnta.

(101)  Is iomchuí critéir inbhuanaitheachta agus critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a thabhairt isteach ar fud an Aontais le haghaidh breoslaí bithmhaise a úsáidtear san earnáil leictreachais agus san earnáil téimh agus fuaraithe chun leanúint de laghdú mór ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a áirithiú i gcomparáid le roghanna malartacha breosla iontaise, chun tionchar neamhbheartaithe inbhuanaitheachta a sheachaint agus chun an margadh inmheánach a chur chun cinn. Ba cheart do na réigiúin is forimeallaí bheith in ann úsáid a bhaint as cumas a n-acmhainní d'fhonn táirgeadh fuinneamh inathnuaite agus a neamhspleáchas fuinnimh a mhéadú.

(102)  Chun a áirithiú, in ainneoin an éilimh mhéadaithigh ar bhithmhais foraoiseachta, go ndéantar an saothrú ar bhealach inbhuanaithe i bhforaoisí ina n-áirithítear athghiniúint, go dtugtar aird speisialta ar limistéir atá ainmnithe go sonrach chun bithéagsúlacht, tírdhreacha agus gnéithe nádúrtha ar leith a chosaint, go gcaomhnaítear acmhainní bithéagsúlachta agus go ndéantar stoic charbóin a rianú, ba cheart don amhábhar adhmaid teacht ó fhoraoisí a shaothraítear i gcomhréir le prionsabail an bhainistithe inbhuanaithe foraoisí, agus ó na foraoisí sin amháin, faoi phróisis foraoise idirnáisiúnta amhail Foraoisí na hEorpa agus ba cheart iad a chur chun feidhme trí bhíthin dlíthe náisiúnta nó na gcleachtas bainistíochta is fearr ar leibhéal an limistéir foinsithe. Ba cheart do na hoibreoirí na céimeanna iomchuí a dhéanamh chun an riosca go n-úsáidfear bithmhais foraoiseachta neamh-inbhuanaithe chun bithfhuinneamh a tháirgeadh a íoslaghdú. Chuige sin, ba cheart do na hoibreoirí cur chuige rioscabhunaithe a chur ar bun. Sa chomhthéacs sin, is iomchuí don Choimisiún treoir oibríochtúil a fhorbairt maidir le comhlíonadh an chur chuige rioscabhunaithe a fhíorú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise.

(103)  Tá méadú tagtha ar shaothrú chun críocha fuinnimh agus táthar ag súil go leanfaidh sé de bheith ag dul i méid, as a n-eascróidh níos mó allmhairiú amhábhar ó thríú tíortha mar aon le méadú ar tháirgeadh na n-ábhar sin laistigh den Aontas. Ba cheart a áirithiú go mbeidh saothrú inbhuanaithe.

(104)  Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart gan feidhm a bheith ag na critéir inbhuanaitheachta agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ach amháin maidir le leictreachas agus téamh ó bhreoslaí bithmhaise a thairgtear i suiteálacha ag a bhfuil ionchur iomlán teirmeach rátáilte arb ionann agus 20 MW, nó ar mó é ná sin.

(105)  Ba cheart breoslaí bithmhaise a chomhshóigh i leictreachas agus teas ar bhealach éifeachtúil chun slándáil an tsoláthair fuinnimh agus laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a uasmhéadú, agus chun astaíochtaí truailleán aeir a theorannú agus chun an brú ar acmhainní teoranta bithmhaise a íoslaghdú. ▌

(106)  Ba cheart an íostairseach maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithghás don iompar a thairgtear i suiteálacha nua a mhéadú chun iarmhéid iomlán na ngás ceaptha teasa a fheabhsú agus chun tuilleadh infheistíochtaí i suiteálacha a bhfuil feidhmíocht íseal acu i dtaobh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a dhíspreagadh. Cosaintí infheistíochta le haghaidh acmhainní táirgthe bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithghás don iompar bheidh sa mhéadú sin.

(107)  I bhfianaise na taithí a fuarthas agus critéir inbhuanaitheachta an Aontais á gcur chun feidhme go praiticiúil, is iomchuí, ar bhealach comhchuibhithe, neart a chur le ról na scéimeanna deonacha um dheimhniúchán idirnáisiúnta agus náisiúnta chun comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta a fhíorú.

(108)  Is chun leas an Aontais atá sé forbairt scéimeanna deonacha idirnáisiúnta nó náisiúnta a chur chun cinn, ar scéimeanna iad sin lena leagtar amach na caighdeáin maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise inbhuanaithe a tháirgeadh agus lena ndeimhnítear go gcomhlíonann bithbhreoslaí, bithleachtanna, agus breoslaí bithmhaise na caighdeáin sin. Ar an ábhar sin, ba cheart foráil a dhéanamh ionas gur féidir aitheantas a thabhairt do scéimeanna a sholáthraíonn sonraí agus fianaise iontaofa, i gcás ina gcomhlíonann siad caighdeáin leordhóthanacha i dtaca le hiontaofacht, trédhearcacht agus iniúchóireacht neamhspleách. Chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú ar bhealach stóinsithe agus comhchuibhithe agus go háirithe chun calaois a chosc, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún rialacha mionsonraithe cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag na scéimeanna deonacha, lena n‑áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta agus iniúchóireachta neamhspleáiche.

(109)  Tá tábhacht ról na scéimeanna deonacha ag dul i méid maidir le fianaise a sholáthar ar chomhlíonadh na gcritéar inbhuanaitheachta agus na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise. Is iomchuí don Choimisiún, dá bhrí sin, a cheangal ar scéimeanna deonacha, lena n-áirítear na scéimeanna sin arna n-aithint ag an gCoimisiún cheana féin, tuarascáil rialta a thabhairt ar a gcuid gníomhaíochtaí. Ba cheart na tuarascálacha sin a phoibliú chun trédhearcacht a mhéadú agus chun maoirseacht an Choimisiúin a fheabhsú. Ina theannta sin, bheadh sna tuarascálacha sin an fhaisnéis ba ghá don Choimisiún chun tuarascáil a thabhairt ar oibríocht scéimeanna deonacha d'fhonn dea-chleachtais a aithint agus togra a thíolacadh, dá mba iomchuí, chun na dea-chleachtais sin a chur chun cinn.

(110)  Chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú, ba cheart glacadh, i ngach Ballstát, leis an bhfianaise i ndáil leis na critéir inbhuanaitheachta agus leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna bhfáil i gcomhréir le scéim atá aitheanta ag an gCoimisiún. Ba cheart do na Ballstáit cuidiú a thabhairt chun cur chun feidhme cuí prionsabail deimhniúcháin na scéimeanna deonacha a áirithiú trí mhaoirseacht a dhéanamh ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin a bhfuil creidiúnú acu ón gcomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin, agus trí na scéimeanna deonacha a chur ar an eolas faoi bharúlacha ábhartha.

(111)  Chun ualach riaracháin díréireach a sheachaint, ba cheart liosta luachanna réamhshocraithe a leagan síos do chonairí coiteanna táirgeachta do bhithbhreosla, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, agus ba cheart an liosta sin a nuashonrú agus a leathnú amach nuair a bhíonn tuilleadh sonraí iontaofa ar fáil. Leibhéal an laghdaithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtaca le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna bhunú leis an liosta sin, ba cheart oibreoirí eacnamaíocha a bheith i dteideal an leibhéal sin a éileamh i gcónaí. I gcás ina bhfuil an luach réamhshocraithe le haghaidh laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó chonair táirgeachta faoi bhun an íosleibhéil is gá i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, ba cheart a cheangal ar tháirgeoirí ar mian leo a gcomhréireacht leis an íosleibhéal sin a léiriú, a thaispeáint gur lú méid na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa iarbhír óna bpróiseas táirgeachta ná méid na n-astaíochtaí a glacadh leis a tháinig uaidh agus na luachanna réamhshocraithe á ríomh.

(112)  Is gá rialacha soiléire bunaithe ar chritéir oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a leagan síos maidir le ríomh na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise agus óna dtáirgí comparáide breoslaí iontaise.

(113)  I gcomhréir leis an bhfaisnéis theicniúil agus eolaíoch atá ann faoi láthair, ba cheart a chur san áireamh i modheolaíocht cuntasóireachta astaíochtaí gás ceaptha teasa tiontú bhreoslaí bithmhaise soladacha agus gásacha go fuinneamh deiridh chun bheith comhsheasmhach le ríomh an fhuinnimh inathnuaite chun críocha é a áireamh i sprioc an Aontais arna leagan síos sa Treoir seo. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháileadh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ar chomhtháirgí, seachas dramhaíl ná iarmhair, i gcás ina dtáirgtear leictreachas agus/nó téamh agus fuarú i ngléasraí comhghiniúna nó ilghiniúna.

(114)  I gcás ina gcomhshóitear talamh a bhfuil stoic charbóin arda ina ithir nó ina fhásra, chun amhábhair a shaothrú le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, de ghnáth scaoiltear cuid den charbón stóráilte san atmaisféar, agus foirmítear dé-ocsaíd charbóin (CO2) dá dheasca sin. Leis an tionchar diúltach a bhíonn aige sin, féadtar an tionchar dearfach maidir le gás ceaptha teasa a bhíonn ag bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a mhaolú, agus é a mhaolú go mór i gcásanna áirithe. Ba cheart éifeachtaí iomlána ó thaobh carbón de a bhíonn ag tiontú den chineál sin a chur san áireamh, dá bhrí sin, agus laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhíonn ann de bharr bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise áirithe á ríomh. Is gá sin chun a áirithiú go gcuirtear san áireamh iomlán na n-éifeachtaí, ó thaobh carbón de, a bhíonn ag úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise agus an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa á ríomh.

(115)  Agus an tionchar á ríomh acu maidir le gás ceaptha teasa a éiríonn as talamh a thiontú, ba cheart go mbeadh oibreoirí eacnamaíocha in ann luachanna iarbhír na stoc carbóin, a bhaineann leis an talamhúsáid tagartha agus leis an talamhúsáid tar éis an tiontaithe, a úsáid. Ba cheart go mbeidís in ann luachanna caighdeánacha a úsáid freisin. Is ceart na luachanna caighdeánacha sin a bhunú ar mhodheolaíocht an Phainéil Idir-rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC). Faoi láthair, ní chuirtear an obair sin in iúl ar bhealach ar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha í a chur i bhfeidhm láithreach. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, a threoirlínte den 10 Meitheamh 2010 a athbhreithniú chun stoic charbóin talún a ríomh chun críocha na rialacha maidir le tionchar gás ceaptha teasa na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus a gcomparáideoirí breosla iontaise a ríomh, atá leagtha amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, agus comhleanúnachas le Rialachán  AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) a áirithiú aige ag an am céanna .

(116)  Ba cheart comhtháirgí ó tháirgeadh agus ó úsáid breoslaí a chur san áireamh agus astaíochtaí gás ceaptha teasa á ríomh. Is ceart an modh ionadaíochta a úsáid chun críocha na hanailíse beartais, ach ní ceart é a úsáid chun oibreoirí eacnamaíocha aonair agus coinsíneachtaí aonair breoslaí iompair a rialú. Sna cásanna sin, is é an modh leithdháilte fuinnimh an modh is iomchuí ós rud é go bhfuil sé éasca é a chur i bhfeidhm, go bhfuil sé intuartha le himeacht ama, go ndéanann sé dreasachtaí fritorthúla a íoslaghdú agus go mbíonn torthaí air a bhíonn inchomparáideach, den chuid is mó, leis na torthaí a bhíonn ar an modh ionadaíochta. Chun críocha anailís beartas, ba cheart don Choimisiún, sna tuarascálacha atá á gcur le chéile aige, torthaí a chur in iúl agus an modh ionadaíochta á úsáid.

(117)  Ós rud gurb é príomhaidhm an phróisis táirgeachta comhtháirgí a dhéanamh, ní hionann na comhtháirgí sin agus iarmhair nó iarmhair talmhaíochta. Is iomchuí, dá bhrí sin, a shoiléiriú gur iarmhair iad iarmhair bairr talmhaíochta agus nach comhtháirgí iad. Ní bheidh aon tionchar aige sin ar an modheolaíocht atá ann cheana, ach soiléiríonn sé na forálacha atá ann cheana.

(118)  An modh bunaithe lena ndéantar leithdháileadh fuinnimh a úsáid mar riail chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a roinnt idir comhtháirgí, d'fhón sé go maith go dtí seo agus ba cheart leanúint leis. An mhodheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó theas agus cumhacht in éineacht (CHP) a ríomh nuair a úsáidtear an CHP i bpróiseáil bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, is iomchuí an mhodheolaíocht sin a ailíniú leis an modheolaíocht a chuirtear i bhfeidhm nuair is í CHP an chríochúsáid.

(119)  Cuirtear san áireamh sa mhodheolaíocht sin laghdú na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó chomhghiniúint teasa agus leictreachais, i gcomparáid le húsáid gléasraí leictreachais agus gléasraí teasa amháin, trí áirgiúlacht an teasa i gcomparáid le leictreachas, agus áirgiúlacht an teasa ag teochtaí éagsúla, a chur san áireamh. Fágann sin gur cheart, i gcás ina gcomhtháirgtear teas agus leictreachas, cion níos mó d'iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur síos do theas a ghintear ag teocht níos airde, ná do theas a ghintear ag teocht íseal. Sa mhodheolaíocht sin, cuirtear san áireamh an chonair ar fad go dtí an fuinneamh deiridh, lena n-áirítear athrú go teas nó leictreachas.

(120)  Is iomchuí na sonraí, arna n-úsáid chun na luachanna réamhshocraithe a ríomh, a fháil ó fhoinsí neamhspleácha atá saineolach ó thaobh na heolaíochta de, agus na sonraí sin a nuashonrú de réir mar is iomchuí agus obair na bhfoinsí sin á cur chun cinn. Ba cheart don Choimisiún na foinsí sin a spreagadh, agus a gcuid oibre á nuashonrú acu, chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ó shaothrú, éifeacht dálaí réigiúnacha agus aeráideolaíochta, éifeachtaí a bhíonn ag an saothrú ina n-úsáidtear modhanna feirmeoireachta inbhuanaithe talmhaíochta agus orgánacha, agus ar rannchuidiú eolaíoch táirgeoirí, laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha, agus sa tsochaí shibhialta.

(121)  Tá méadú ag teacht ar an éileamh domhanda ar thráchtearraí talmhaíochta. Is cosúil go gcuirfear níos mó talún ar leataobh le haghaidh talmhaíochta chun cuid den éileamh méadaithe sin a shásamh. Is féidir an méid talún atá ar fáil le haghaidh saothrú a mhéadú trí athchóiriú chun críocha talmhaíochta a dhéanamh ar thalamh a díghrádaíodh go mór agus nach féidir dá bharr sin a úsáidchun críocha difriúla. Ba cheart go gcuirfeadh an scéim inbhuanaitheachta úsáid talún díghrádaithe athchóirithe den sórt sin chun cinn toisc go gcuirfidh cur chun cinn na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise le fás an éilimh ar thráchtearraí talmhaíochta.

(122)  Chun cur chun feidhme comhchuibhithe a áirithiú maidir le modheolaíocht ríofa na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun an fhianaise eolaíoch is déanaí a ailíniú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún na prionsabail agus na luachanna modheolaíochta a oiriúnú a bhfuil gá leo chun a mheas ar comhlíonadh na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun a mheas an bhfuil sonraí beachta maidir le hastaíochtaí saothraithe bunábhair sna tuarascálacha a chuireann na Ballstáit agus tríú tíortha isteach.

(123)  Tá eangacha gáis na hEorpa ag éirí níos comhtháite. I dtaca le táirgeadh agus úsáid an bhithmheatáin a chur chun cinn, a instealladh isteach in eangach an gháis nádúrtha, agus a thrádáil go trasteorannach, fágann an méid sin nach mór a áirithiú go mbeidh cuntasacht cheart ann ar an bhfuinneamh inathnuaite agus nach mór dreasachtaí dúbailte, a eascraíonn as scéimeanna tacaíochta i mBallstáit éagsúla, a sheachaint. Tá sé ceaptha go mbeadh an córas cothromúcháin maise a bhaineann le fíorú na hinbhuanaitheachta bithfhuinnimh agus an bunachar sonraí nua Aontais ina gcuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.

(124)  Chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, is gá don Aontas agus do na Ballstáit méid suntasach acmhainní airgeadais a chur ar leataobh le haghaidh taighde agus forbairt i ndáil le teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite. Go háirithe, ba cheart don Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ardtosaíocht a thabhairt don taighde agus forbairt i ndáil le teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite.

(125)  Ba cheart a léiriú le cur chun feidhme na Treorach seo, nuair is ábhartha, forálacha an Choinbhinsiúin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil, go háirithe mar a chuirtear chun feidhme iad trí Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24).

(126)  D'fhonn eilimintí neamhriachtanacha na Treorach seo a leasú nó a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an modheolaíocht a bhunú chun cainníocht an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh fuarú agus fuarú ceantair a ríomh agus chun leasú a dhéanamh ar an mhodheolaíocht chun fuinneamh a ríomh ó chaidéil teasa, an URDP URDPa bhunú agus na coinníollacha a leagan amach maidir le bailchríoch a chur ar idirbhearta aistrithe staidreamhaigh idir Bhallstáit trí an URDP, an íostairseach iomchuí i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú, critéir a ghlacadh, agus más iomchuí leasú a dhéanamh orthu, maidir le bithbhreoslaí lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dheimhniú agus chun na bunábhair lena ngabhann riosca ard indíreach um athrú ar an talamhúsáid a dhearbhú a bhreathnaítear ina leith go dtarlaíonn méadú suntasach ar an táirgeadh i dtalamh a bhfuil stoc ard carbóin aige agus an laghdú de réir a chéile ar a rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar síossa Treoir seo , ábhar fuinnimh na mbreoslaí iompair a oiriúnú d'fhonn dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil; an mhodheolaíocht Aontais chun na rialacha a leagan amach trína ndéanfadh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a chomhlíonadh d'fhonn a mheas go bhfuil leictreachas iomlán inathnuaite agus breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch á dtáirgeadh nó nuair a thógtar as an eangach é, an mhodheolaíocht a shonrú trína gcinnfear sciar an bhithbhreosla ,agus an bhithgháis don iompar, a bheidh ann mar thoradh ar bhithmhais a bheith á próiseáil in éineacht le breoslaí iontaise i bpróiseas comhchoiteann agus an mhodheolaíocht trína dhéanfar na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheasúnú ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte chun a chinntiú nach dtugtar creidmheasanna ó laghduithe astaiochtaí gás cheaptha teasa ach uair amháin, trí liostaí an bhunábhair a leasú trí cur leo, ach gan a bhaint astu, chun táirgeadh ardbhithbhreoslaí agus bithbhreoslaí eile agus bithghás; agus na rialacha a fhorlíonadh nó a leasú chun tionchar gás ceaptha teasa na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na dtáirgí atá inchomparáide leo, ar breoslaí iontaise iad, a ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(25). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna agus a gheobhaidh na saineolaithe sna Ballstáit iad, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe a bheidh ag grúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(127)  Ba cheart na bearta is gá a ghlacadh chun an Treoir seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26).

(128)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon sciar 32 % ar a laghad d'fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a bhaint amach in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030, a ghnóthú go leordhóthanach ach gur fearr is féidir, de bharr scála na gníomhaíochta, na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(129)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011(27) ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin, ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil bon cirt leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite féin, ar doiciméid iad sin lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus codanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis anTreoir seo, measannan an reachtóir go bhfuil bonncirt leis a ndoicimeid sin a tharchur.

(130)  Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 2009/28/CE. Is faoin Treoir sin is éigean na forálacha nár athraíodh a thrasuí.

(131)  Níor cheart gur dhochar an Treoir seo d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis an teorainn ama atá ann i dTreoir 2013/18/AE ón gComhairle(28) agus Treoir (AE) 2015/513 a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann maidir le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn. Leagtar síos ann sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a bheidh in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le tacaíocht airgeadais don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, le féintomhaltas leictreachais den sórt sin, le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe, agus in earnáil an iompair, leis an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, le ráthaíochtaí maidir le tionscnamh, le nósanna imeachta riaracháin agus le heolas agus oiliúint. Bunaítear leis freisin critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29).

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin:

(1)  ciallaíonn 'fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite ' nó “fuinneamh inathnuaite” fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite neamh‑iontaise, eadhon an ghaoth, an ghrian (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus fuinneamh geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, toinne agus eile fuinneamh aigéin, hidreachumhacht, agus fuinneamh ó bhithmhais, ghás ó líonadh talún, ghás ó ionad cóireála camrais, agus bhithgháis;

(2)  ciallaíonn 'fuinneamh comhthimpeallach' fuinneamh teirmeach a fhaightear go nádúrtha agus fuinneamh arna thiomsú sa timpeallacht laistigh de theorainneacha teoranta, ar féidir é a stóráil san aer comhthimpeallach, gan aer sceite san áireamh nó in uisce dromchla nó in uisce séarachais;

(3)  ciallaíonn 'fuinneamh geoiteirmeach' fuinneamh a stóráiltear mar theas faoi dhromchla an domhain ▌;

(4)  ciallaíonn 'olltomhaltas deiridh fuinnimh' na tráchtearraí fuinnimh sin arna seachadadh chun críocha fuinnimh chuig earnáil na tionsclaíochta agus an iompair, chuig teaghlaigh, chuig seirbhísí lena n-áirítear seirbhísí poiblí, talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach, móide an leictreachas agus an teas a thomhlaíonn earnáil an fhuinnimh ar mhaithe le leictreachas, teas agus breosla iompair a tháirgeadh agus lena n-áirítear caillteanais leictreachais agus teasa le linn dáilte agus tarchurtha;

(5)  ciallaíonn 'scéim tacaíochta' aon ionstraim, scéim nó sásra a chuirfidh Ballstát nó grúpa Ballstát i bhfeidhm, a chuireann chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite trí chostas an fhuinnimh sin a laghdú, tríd an bpraghas ag a bhféadfar é a dhíol a ardú, nó trí chainníocht an fhuinnimh sin a cheannaítear a mhéadú trí bhíthin oibleagáid fuinneamh inathnuaite a úsáid nó ar bhealach eile, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do cúnamh infheistíochta, díolúintí nó laghduithe cánach, aisíocaíochtaí cánach, scéimeanna tacaíochta don oibleagáid fuinneamh inathnuaite a úsáid, lena n-áirítear iad sin a úsáideann teastais ghlasa, agus scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh lena n-áirítear taraifí ionfhotha agus íocaíochtaí préimhe sleamhnánacha nó socra;

(6)  ciallaíonn 'oibleagáid fuinneamh inathnuaite a úsáid' scéim tacaíochta a cheanglaíonn ar tháirgeoirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a áireamh ar a gcuid táirgthe, agus a cheanglaíonn ar sholáthróirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a áireamh ar a gcuid soláthair, nó a cheanglaíonn ar thomhaltóirí fuinnimh sciar áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a áireamh ar a gcuid tomhaltais, lena n-áirítear scéimeanna faoinar féidir na ceanglais sin a chomhlíonadh trí theastais ghlasa a úsáid;

(7)  ciallaíonn 'ionstraim airgeadais' ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30);

(8)  ciallaíonn 'FBM' micrifhiontar, fiontar beag nó fiontar meánmhéide mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(31);

(9)  ciallaíonn 'dramhtheas agus dramhfhuacht' teas agus fuacht dosheachanta a ghintear mar sheachtháirge i suiteálacha tionsclaíocha nó san earnáil threasach agus a scaipfí gan úsáid ar an aer nó in uisce gan aon rochtain ar chóras téimh nó fuaraithe ceantair, i gcás inar úsáideadh nó ina úsáidfear próiseas comhghiniúna, nó i gcás nach mbíonn comhghiniúint indéanta;

(10)  ciallaíonn 'athchumhachtú' gléasraí cumhachta a tháirgeann fuinneamh inathnuaite a athnuachan, lena n-áirítear athsholáthar páirteach nó iomlán a dhéanamh ar shuiteálacha nó ar chórais agus ar threalamh oibríochta ar mhaithe leis an acmhainneacht a athsholáthar nó éifeachtúlacht nó acmhainneacht na suiteála a mhéadú;

(11)  ciallaíonn 'oibreoir córas dáileacháin' oibreoir mar a shainmhínítear sin i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/72/CE agus i bpointe (6) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32);

(12)  ciallaíonn 'ráthaíocht maidir le tionscnamh' doiciméad leictreonach nach bhfuil d'fheidhm leis ach fianaise a thabhairt don chustaiméir deiridh gur ó fhoinsí inathnuaite a táirgeadh sciar nó cainníocht ar leith fuinnimh;

(13)  ciallaíonn 'meascán fuinnimh iarmhair' meascán iomlán bliantúil fuinnimh Ballstáit nach n‑áirítear ann an sciar a chuimsítear leis na ráthaíochtaí sin maidir le tionscnamh a cuireadh ar ceal;

(14)  ciallaíonn 'féintomhaltóir fuinnimh inathnuaite' custaiméir deiridh a fheidhmíonn ó laistigh dá áitreabh féin atá suite laistigh de theorainneacha cúnga nó i gcás ina dtugann na Ballstáit cead dó, laistigh d'áitreabh eile, agus a ghineann leictreachas inathnuaite dó féin agus a fhéadfaidh é a stóráil agus a dhíol, ar choinníoll nach ionann na himeachtaí sin, i gcás féintomhaltóirí inathnuaite neamhtheaghlaigh, agus an phríomhghníomhaíocht tráchtála nó ghairmiúil acu;

(15)  ciallaíonn 'féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite ag gníomhú go comhpháirteach' grúpa de dhá d'fhéintomhaltóir fuinnimh inathnuaite ar a laghad ag gníomhú go comhpháirteach i gcomhréir le pointe (14), ar féintomhaltóirí iad sin atá lonnaithe san fhoirgneamh nó sa bhloc ilárasáin céanna);

(16)  ciallaíonn 'comhphobal fuinnimh inathnuaite' eintiteas dlíthiúil:

(a)  atá bunaithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ar rannpháirtíocht oscailte dheonach, atá neamhspleách, agus a rialaíonn scairshealbhóirí nó comhaltaí atá lonnaithe i ngar do na tionscadail fuinnimh inathnuaite ar leis an eintiteas dlíthiúil sin iad agus atá á bhforbairt aige;

(b)  ar daoine nádúrtha, FBManna, údaráis áitiúla, bardais san áireamh, nó iad a scairshealbhóirí nó a chomhaltaí;

(c)  ar príomhchuspóir dó sochair chomhshaoil, eacnamaíocha agus shóisialta ‑ seachas brabús airgeadais – a sholáthar dá scairshealbhóirí nó dá bhallraíocht nó do na ceantair áitiúla ina bhfeidhmíonn sé;

(17)  ciallaíonn 'comhaontú ceannacháin cumhachta inathnuaiteán' conradh faoina gcomhaontaíonn duine nádúrtha nó duine dlíthiúil leictreachas inathnuaite a cheannach go díreach ó tháirgeoir fuinnimh;

(18)  ciallaíonn 'trádáil idir piaraí' d’fhuinneamh inathnuaite díolachán fuinnimh inathnuaite a dhéantar idir rannpháirtithe sa mhargadh trí bhíthin conradh ina bhfuil coinníollacha réamhchinntithe lena rialaítear cur chun feidhme agus socrú uathoibríoch an idirbhirt go díreach idir rannpháirtithe margaidh nó go hindíreach trí rannpháirtí tríú pháirtí deimhnithe, amhail comhbhailitheoir. Níor cheart gur dhochar an ceart chun trádala idir piaraí a sheoladh do chearta agus d'oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann mar chustaiméirí deiridh, táirgeoirí, soláthróirí nó comhbhailitheoirí;

(19)  ciallaíonn 'téamh ceantair' nó 'fuarú ceantair' dáileadh fuinnimh theirmigh mar ghal, mar uisce te nó mar leachtanna fuaraithe, as foinsí ▌ láraithe nó díláraithe táirgthe trí ghréasán chuig foirgnimh nó suíomhanna éagsúla chun críocha téamh nó fuarú a chur ar fáil do spás nó do phróiseas;

(20)  ciallaíonn 'téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil' téamh agus fuarú ceantair éifeachtúil mar a shainmhínítear i bpointe (41) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(21)  ciallaíonn “comhghiniúint ardéifeachtúlachta” comhghiniúint ardéifeachtúlachta mar a sainmhínítear i bpointe (34) d'Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE;

(22)  ciallaíonn 'deimhniú feidhmíochta fuinnimh' deimhniú feidhmíochta fuinnimh mar a sainmhínítear i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir 2010/31/AE.

(23)  ciallaíonn 'dramhaíl' dramhaíl mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(1) de Threoir 2008/98/CE, agus nach n-áirítear leis substaintí arna modhnú d'aon ghnó nó arna n-éilliú ar mhaithe leis an sainmhíniú sin a shásamh;

(24)  ciallaíonn 'bithmhais' an codán in-bhithmhillte de tháirgí, dramhaíl, agus iarmhair de thionscnamh bitheolaíoch ón talmhaíocht, lena n-áirítear substaintí cothaitheacha agus ainmhíocha, ón bhforaoiseacht agus ó thionscail ghaolmhara, lena n-áirítear iascach agus dobharshaothrú, chomh maith leis an gcodán in-bhithmhillte de dhramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl thionsclaíoch agus uirbeach de thionscnamh bitheolaíoch;

(25)  ciallaíonn 'bithmhais talmhaíochta' bithmhais de thionscnamh talmhaíoch;

(26)  ciallaíonn 'bithmhais foraoiseachta' bithmhais de thionscnamh foraoiseachta;

(27)  ciallaíonn 'bithbhreoslaí bithmhaise' breoslaí leachtacha nó gásacha arna dtáirgeadh ó bhithmhais;

(28)  ciallaíonn 'bithghás' breoslaí gásacha arna dtáirgeadh ó bhithmhais;

(29)  ciallaíonn 'bithdhramhaíl' bithdhramhaíl mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Threoir 2008/98/CE;

(30)  ciallaíonn 'limistéar foinsithe' an limistéar, arna shainiú go geografach, as a bhfaightear an bunábhar bithmhaise foraoise, as a bhfuil faisnéis iontaofa agus neamhspleách ar fáil, agus ina bhfuil na dálaí sách aonfhoirmeach le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le saintréithe inbhuanaitheachta agus dlíthiúlachta na bithmhaise foraoise;

(31)  ciallaíonn 'athghiniúint foraoise' athbhunú a dhéanamh ar chlampa foraoise ar mhodh nádúrtha nó ar mhodh saorga ach a ndéantar an clampa a bhí ann a bhaint as, trína bhaint nó de bharr cúinsí nádúrtha, lena n-áirítear tine nó stoirm;

(32)  ciallaíonn 'bithleachtanna' breosla leachtach chun críocha fuinnimh nach chun críocha iompair, lena n-áirítear leictreachas agus téamh agus fuarú, arna tháirgeadh ó bhithmhais;

(33)  ciallaíonn 'bithbhreoslaí' breosla leachtach chun críocha iompair, arna tháirgeadh ó bhithmhais;

(34)  ciallaíonn 'bithbhreoslaí ardfhorbartha' bithbhreoslaí a tháirgtear as na bunábhair a liostaítear i gcuid A d'Iarscríbhinn IX;

(35)  ciallaíonn 'breoslaí carbóin athchúrsáilte' breoslaí leachtacha agus gásacha a tháirgtear ó shruthanna leachtacha nó soladacha de thionscnamh neamh-inathnuaite agus nach bhfuil oiriúnach d'aisghabháil ábhair i gcomhréir le hAirteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, nó ó gháis próiseála dramhaíola agus gáis sceite, de thionscnamh neamh-inathnuaite, nach féidir a dtáirgeadh a sheachaint agus nár táirgeadh d'aon turas sa phróiseas táirgthe i suiteálacha tionsclaíocha;

(36)  ciallaíonn 'breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch' breoslaí leachtacha nó gásacha arna n-úsáid in earnáil an iompair nach bithbhreoslaí ná bithghás iad a fhaigheanna luach fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite seachas bithmhais ▌;

(37)  ciallaíonn 'bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhais lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid' bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhais, ar táirgeadh a mbunábhar laistigh de scéimeanna a sheachnaíonn éifeachtaí díláithrithe bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise atá bunaithe ar bharra bia agus beatha trí chleachtais talmhaíochta fheabhsaithe, mar aon le trí shaothrú barr i limistéir nár úsáideadh roimhe sin chun barraí a shaothrú agus a táirgeadh i gcomhréir leis na critéir inbhuanaitheachta le haghaidh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a leagtar amach in Airteagal 29;

(38)  ciallaíonn 'soláthróir breosla' eintiteas a sholáthraíonn breosla don mhargadh agus atá freagrach as breosla ▌ a chur trí phointe dleacht mháil nó, i gcás an leictreachais nó i gcás nach dlite aon dleacht mháil, nó i gcás a bhfuil bonn cirt leis, trí aon eintiteas ábhartha eile arna ainmniú ag Ballstát;

(39)  ciallaíonn 'barra stáirse-shaibhir', go príomha, gránbharra, beag beann ar cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear ach na gráin féin, nó an barr ar fad, mar a dhéantar le harbhar Indiach glas), tiúbair, barra fréimhe, amhail an práta, an bliosán gréine, an práta milis, an casabhach agus an t-ionam, nó cormáin, amhail an taró agus an cabáiste cairibeach;

(40)  ciallaíonn 'barra bia agus beatha' barra stáirse-shaibhir, siúcraí agus ola-bharra a fhástar ar thalamh talmhaíochta mar phríomhbharra, nach n-árítear iarmhair, dramhaíl nó ábhar ligniceallalósach agus barra idirmheánacha, amhail barra breise agus barra cumhdaigh, ar choinníoll nach spreagtar éileamh ar thalamh breise le húsáid barr idirmheánach den sórt sin;

(41)  ciallaíonn 'ábhar ligniceallalósach' ábhar atá comhdhéanta de lignin, ceallalós agus heimiceallalós, amhail bithmhais arna foinsiú as foraoiseacha; breosla-bharra adhmadúla agus iarmhair agus dramhaíl de thionscnamh tionscal foraoisbhunaithe;

(42)  ciallaíonn 'ábhar ceallalósach neamhbhia' bunábhar atá comhdhéanta de ceallalós agus heimiceallalós, go príomha, agus ar lú an cion lignin ann ná in ábhar ligniceallalósach, lena n-áirítear iarmhair barra bia agus beatha, amhail tuí, gais, cáithní agus mogaill, breosla-bharra féarúla ina bhfuil cion íseal stáirse, amhail an tseagalach, an féar craobhóige, an mioscantach, an cána mór ▌), agus barra cumhdaigh a chuirtear roimh na príomhbharra ▌ agus ina ndiaidh, barra báin, iarmhair thionsclaíocha lena n-áirítear barra bia agus beatha as ar eastóscadh olaí cothaitheacha, siúcraí, stáirsí agus próitéin; agus ábhar arna tháirgeadh as bithdhramhaíl, i gcás ina bhfuil sé le tuiscint gur mar fhéara síolaithe sealadacha gearrthéarmacha atá barra báin agus barra cumhdaigh, ina bhfuil meascán féir agus glasraí ag a bhfuil cion íseal stáirse a fhástar chun farae a fháil le haghaidh beostoic agus chun torthúlacht ithreach a fheabhsú d'fhonn táirgeacht na bpríomhbharr curaíochta a mhéadú;

(43)  ciallaíonn 'iarmhar ' substaint nach tairge/ táirgí deiridh a bhféachtar go díreach lena tháirgeadh le próiseas táirgthe; ní príomhaidhm de chuid an phróisis táirgthe é agus níor modhnaíodh an próiseas d'aon ghnó ar mhaithe lena tháirgeadh;

(44)  ciallaíonn 'iarmhair thalmhaíochta, dhobharshaothraithe, iascaigh agus foraoiseachta' iarmhair a ghintear go díreach in earnáil na talmhaíochta, an dobharshaothraithe, an iascaigh agus na foraoiseachta, agus nach n-áirítear leo iarmhair a thagann ó thionscail ghaolmhara nó ó phróiseáil ghaolmhar;

(45)  ciallaíonn 'luach iarbhír' an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le cuid de na céimeanna nó le hiomlán na gcéimeanna a bhíonn ag próiseas táirgthe bithbhreosla, bithleachta nó breosla bithmhaise áirithe arna ríomh de réir na modheolaíochta a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V nó i gCuid B d'Iarscríbhinn VI.;

(46)  ciallaíonn 'luach tipiciúil' meastachán ar na hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus ar na laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghabhann leis an gconair táirgthe a bhíonn ag bithbhreosla, bithleacht nó breosla bithmhaise ar leith, meastachán atá ionadaíoch ar thomhaltas an Aontais;

(47)  ciallaíonn 'luach réamhshocraithe' luach a dhíorthaítear as luach tipiciúil trí fhachtóirí réamhchinntithe a chur i bhfeidhm agus ar féidir, i ndálaí a shonraítear sa Treoir seo, é a úsáid seachas luach iarbhír.

Airteagal 3

Sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais do 2030

1.  Áiritheoidh na Ballstáit i gcomhar le chéile gur ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a thiocfaidh 32 %, ar a laghad, dá sciar iomlán d'olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais faoi 2030. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an sprioc sin, d'fhonn togra reachtach a thíolacadh faoi 2023 chun é a mhéadú i gcás ina bhfuil tuilleadh laghduithe ar na costais suntasacha i dtáirgeadh fuinnimh inathnuaite, i gcás inar gá chun gealltanais idirnáisiúnta an Aontais le haghaidh dícharbónú a chomhlíonadh nó i gcás in bhfuil bonn cirt leis an méadú sin mar gheall ar laghdú suntasach ar thomhaltas fuinnimh san Aontas.

2.  Leagfaidh na Ballstáit síos rannchuidiú náisiúnta chun an sprioc iomlán sin do 2030 ▌ a shocraítear i mír 1 den Airteagal seo a bhaint amach go comhpháirteach mar chuid dá bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide i gcomhréir le hAirteagail 3 go 5 agus 9 go 14 de Rialachán (AE) 2018/...(33) . Agus dréachtaí na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide sin á n-ullmhú ag na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit breathnú ar an bhfoirmle dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.

I gcás ina mbaineann an Coimisiún de thátal as, ar bhonn na bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide arna dtíolacadh de bhun Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2018/...++ , nach bhfuil rannchuidiú náisiúnta na mBallstát leordhóthanach chun sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais a bhaint amach le chéile, leanfaidh sé an nós imeachta arna leagadh síos de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 31 den Rialachán sin.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar a mbeartais náisiúnta, lena n-áirítear na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagail 25 go 28 den Treoir seo agus a scéimeanna tacaíochta, a cheapadh agus aird chuí á tabhairt ar ord na réiteach dramhaíola, mar a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2008/98/CE, agus é mar aidhm acu éifeachtaí díréireacha míchuí ar mhargaí na n-amhábhar a sheachaint. Ní thabharfaidh na Ballstáit aon tacaíocht d'fhuinneamh inathnuaite arna tháirgeadh ó loscadh dramhaíola mura ndearnadh na hoibleagáidí maidir le bailiúchán deighilte a leagtar síos sa Treoir sin.

4.  Ón 1 Eanáir 2021, ní bheidh sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite in olltomhaltas deiridh fuinnimh na mBallstát níos ísle ná an sciar bonnlíne a léirítear sa tríú colún den tábla atá i gCuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo. Glacfaidh na Ballstáit pé bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an bonnlíne sin. I gcás nach ndéanann Ballstát an sciar bonnlíne, arna thomhas in imeacht bliana amháin, a choinneáil ar bun, beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír d'Airteagal 32(4) de Rialachán (AE) 2018/…(34).

5.  Tacóidh an Coimisiún le hardleibhéal uaillmhéine na mBallstát trí chreat éascaithe lena mbainfear úsáid níos fearr as cistí an Aontais lena n-áirítear cistí breise a úsáid chun aistriú cóir na réigiún atá dian ar charbón a éascú chuig sciartha méadaithe d'fhuinneamh inathnuaite, go háirithe ionstraimí airgeadais, chun na gcríoch seo a leanas, ach go háirithe:

(a)  an costas caipitil a bhaineann le tionscadail fuinnimh inathnuaite a laghdú;

(b)  tionscadail agus cláir chun foinsí inathnuaite a chomhtháthú sa chóras fuinnimh a fhorbairt , chun solúbthacht an chórais fuinnimh a mhéadú agus cobhsaíocht na heangaí a choinneáil agus chun plódú na heangaí a bhainistiú;

(c)  bonneagar na heangaí tarchurtha agus dáileacháin, gréasáin chliste, saoráidí stórála agus idirnaisc a fhorbairt, agus é de chuspóir go dtiocfaí ar sprioc l 15% maidir le hidirnascthacht leictreachais faoi 2030, ionas go méadófar an leibhéal fuinnimh inathnuaite is indéanta go teicniúil agus is inacmhainne go heacnamaíoch i gcóras an leictreachais;

(d)  comhar réigiúnach a fheabhsú idir na Ballstáit agus tríú tíortha, trí bhíthin comhthionscadal, scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha agus scéimeanna tacaíochta le haghaidh an fhuinnimh inathnuaite a oscailt do thairgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.

6.  Bunóidh an Coimisiún ardán éascaitheach chun tacú le Ballstáit a dhéanann sásraí comhair a úsáid chun cur le sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais arna socrú imír 1..

Airteagal 4

Scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite

1.  Chun go mbainfear amach an sprioc de chuid an Aontais ara socrú in Airteagal 3(1) nó chun an sprioc sin a shárú, mar aon le rannchuidiú na mBallstát faoi seach leis an sprioc sin arna socrú ar an leibhéal náisiúnta do imscaradh an fhuinnimh inathnuaite, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta a chur i bhfeidhm.

2.  Déanfaidh na scéimeanna tacaíochta dreasaíochtaí a chur ar fáil don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite comhtháthú an leictreachais ó fhoinsí inathnuaite i margadh an leictreachais ar bhealach margadh-bhunaithe agus margadh‑fhreagarthach, ag ag seachaint saobhadh neamhriachtanach ar na margaí leictreachais, mar aon le costais ▌fhéideartha chomhtháthú an chórais agus cobhsaíocht na heangaí a chur san áireamh.

3.  Déanfar an tacaíocht a thabharfar don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a dhearadh ar mhodh a chomhtháthóidh an leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a mhéid is féidir le margadh an leictreachais agus a áiritheoidh go mbeidh táirgeoirí fuinnimh inathnuaite ag freagairt do chomharthaí praghsála an mhargaidh agus go mbainfidh siad an t-ioncam is fearr as an margadh.

Chuige sin, maidir le scéimeanna tacaíochta praghais dhírigh, is mar phréimh mhargaidh a dheonófar an tacaíocht sin, a d'fhéadfadh a bheith inter alia sleamhnánach nó socair.

Féadfaidh na Ballstáit díolúintí ón mhír seo a sholáthar le haghaidh suiteálacha ar mhionscála agus tionscadail taispeántais, gan dochar don dlí is infheidhme de chuid an Aontais maidir leis an margadh inmheánach do leicteachas.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit gur ar bhealach oscailte, trédhearcach, iomaíoch, neamh‑idirdhealaitheach agus costéifeachtúil a bhronnfar tacaíocht don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite.

Féadfaidh na Ballstáit díolúintí a sholáthar ó nósanna imeachta tairisceana le haghaidh suiteálacha ar mhionscála agus tionscadail taispeántais .

Féadfaidh na Ballstáit a machnamh a dhéanamh freisin faoi shásraí a bhunú lena n-áiritheofar an t-éagsúlú réigiúnach ar imscaradh foinsí inathnuaite fuinnimh go háirithe ar mhaithe le comhtháthú costéifeachtach an chórais a áirithiú.

5.  Féadfaidh na Ballstáit nósanna imeachta tairisceana a theorannú go teicneolaíochtaí sonracha i gcás nach mbeadh an toradh is fearr agus is feiliúnaí ar scéimeanna tacaíochta a oscailt do na tháirgeoirí uile leictreachais ó fhoinsí inathnuaite, i bhfianaise an mhéid seo a leanas:

(a)  poitéinseal fadtéarmach teicneolaíochta áirithe;

(b)  an gá le héagsúlú a bhaint amach;

(c)  costais chomhtháthaithe na heangaí;

(d)  srianta gréasáin agus cobhsaíocht na heangaí;

(e)  i gcás bithmhaise, an gá le saobhadh a sheachaint ar mhargaí na n-amhábhar.

6.  Nuair a thugtar tacaíocht do leictreachas ó fhoinsí inathnuaite trí bhithín nósanna imeachta tairisceana, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas d'fhonn rátaí arda cur i gcrích tionscadal a áirithiú:

(a)  critéir neamh-idirdhealaitheacha thrédhearcacha a bhunú agus a fhoilsiú chun cáiliú don nós imeachta tairisceana agus dátaí agus rialacha soiléire a shocrú chun an tionscadal a sholáthar;

(b)  faisnéis a fhoilsiú faoi nósanna imeachta tairisceana a rinneadh roimhe seo lena n-áirítear na rátaí cur i gcrích tionscadal.

7.  D'fhonn giniúint fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a mhéadú sna réigiúin fhorimeallacha agus sna hoileáin bheaga, féadfaidh na Ballstáit scéimeanna tacaíochta airgeadais a oiriúnú i gcomhair tionscadail atá lonnaithe sna réigiúin sin d'fhonn na costais táirgthe a bhaineann go sonrach lena n-iargúltacht agus lena spleáchas seachtrach a chur san áireamh.

8.  Faoin ...31 Nollaig 2021 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le feidhmíocht na tacaíochta le haghaidh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite a thugtar trí nósanna imeachta tairisceana san Aontas, agus anailís á déanamh, go háirithe, an féidir na nithe seo a leanas a dhéanamh trí iarratais a dhéanamh ar thairiscintí:

(a)  laghdú costais a bhaint amach;

(b)  feabhsú teicneolaíochta a bhaint amach;

(c)  rátaí arda cur i gcrích a bhaint amach;

(d)  rannpháirtíocht neamh-idirdhealaitheach gníomhaithe beaga agus, más infheidhme, údarás áitiúil a sholáthar,;

(e)  tionchar comhshaoil a theorannú;

(f)  inghlacthacht áitiúil a áirithiú;

(g)  slándáil an tsoláthair fuinnimh agus comhtháthú na heangaí a áirithiú.

9.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d'Airteagail 107 agus 108 de CFAE.

Airteagal 5

Scéimeanna tacaíochta a oscailt don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite

1.   Beidh sé de cheart ag na Ballstáit a chinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 7 go 13 den Treoir seo, a mhéid a thacóidh siad le leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a tháirgtear i mBallstát eile. Féadfaidh na Ballstáit, áfach, rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a oscailt do tháirgeoiríí atá lonnaithe i mBallstáit eile, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.

Agus rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta á hoscailt acu don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go mbeidh tacaíocht do sciar táscach den acmhainneacht nua-thacaithe, nó do sciar den bhuiséad arna leithdháileadh di, gach bliain, oscailte do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.

Féadfaidh gur ionann 5%, ar a laghad, luach na sciartha táscacha sin, gach bliain, ó 2023 go 2026 agus gur ionann 10% a luach sin ó 2027 go 2030, nó i gcás ina bhfuil an leibhéal sin níos ísle gcás níos ísle, gur leibhéal idirnascachta na mBallstát lena mbaineann in aon bhliain faoi leith a luach.

Chun go mbeidh breis cur amach acu ar an gcur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit scéim phíolótach amháin nó roinnt scéimeanna píolótacha a eagrú i gcás ina bhfuil tacaíocht ar oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile.

2.  Féadfaidh na Ballstáit cruthúnas go bhfuil allmhairiú fisiciúil leictreachais ó fhoinsí inathnuaite ag tarlú a iarraidh. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit rannphairtíocht sna scéimeanna tacaíochta ht a thugann siad a theorannú do tháirgeoirí i mBallstáit ina bhfuil nasc díreach trí idirnascairí. Ní dhéanfaidh Ballstáit athrú ná mionathrú, áfach, ná ní imreoidh siad tionchar eile ar sceidil traslimistéir agus ar an leithdháileadh acmhainne a bhfuil teideal ag na tairgeoirí sin chuige, i gcás ina mbíonn táirgeoirí rannpháirteach i scéimeanna tacaíochta trasteorann. Is ar bhonn thoradh an leithdháilte acmhainne de bhun dhlí an Aontais maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas, agus ar an mbonn sin amháin, a chinnfear aistrithe trasteorann leictreachais.

3.  I gcás ina gcinneann Ballstát tacaíocht rannpháirtíocht i scéimeanna tacaíochta a oscailt do tháirgeoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile, beidh na Ballstáit ábhartha ar aon fhocal faoi phrionsabail na rannpháirtíochta sin. Cuimseofar, den chuid is lú, sna comhaontuithe sin na prionsabail a bhaineann le leithdháileadh a dhéanamh ar leictreachas ó fhoinsí inathnuaite atá faoi réirl tacaíocht trasteorann ▌.

4.  Ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, cabhróidh an Coimisiún leis na Ballstáit ábhartha le linn phróiseas na caibidlíochta le socruithe comhair a chur ar bun trí fhaisnéis agus anailís a chur ar fáil, lena n-áirítear sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla maidir leis na costais dhíreacha agus indíreacha agus maidir leis na sochair a ghabhann le comhar, agus le treoir theicniúil agus saineolas teicniúil a chur ar fáil, chomh maith. Féadfaidh an Coimisiún malartú dea-chleachtas a spreagadh nó a éascú agus féadfaidh sé teimpléid a fhorbairt do chomhaontuithe comhair ar mhaithe leis an bpróiseas caibidlíochta a éascú. Faoi 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú, i dtaca le ▌ leictreachas ó fhoinsí inathnuaite a imscaradh san Aontas, ar chostais agus ar shocair na bhforálacha de bhun an Airteagail seo. ▌

5.  Faoi 2023, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfar measúnú sa mheastóireacht sin ar an ngá le hoibleagáid a thabhairt isteach do na Ballstáit go páirteach chun a scéimeanna tacaíochta a oscailt don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite do tháirgeoirí i mBallstáit eile d'fhonn oscailt 5% a bheith ann faoi 2025 agus oscailt 10% a bheith ann faoi 2030.

Airteagal 6

Cobhsaíocht na tacaíochta airgeadais

1.  Gan dochar do na coigeartuithe is gá le go mbeifear i gcomhréir le hAirteagail 107 agus 108 de CFAE, áiritheoidh na Ballstáit nach ndéantar leibhéal na tacaíochta, ná na coinníollacha a ghabhann léi, arna deonú do thionscadail fuinnimh inathnuaite, a athbhreithniú ar shlí ar bith a mbeadh drochthionchar aici ar na cearta a dheonaítear dá barr ná a bhainfeadh an bonn ó inmharthanacht eacnamaíoch na dtionscadal sin a bhfuil tacaíocht á fáil acu cheana féin.

2.  Féadfaidh na Ballstáit leibhéal na tacaíochta a oiriúnú bunaithe i gcomhréir le critéir oibiachtúla, ar choinníoll go ndéantar na critéir sin a bhunú i mbunleagan an scéim tacaíochta.

3.  Foilseoidh na Ballstáit sceideal fadtéarmach ina dtuarfar leithdháileadh measta na tacaíochta lena gclúdófar mar phointe tagartha, na chéad cúig bliana eile amach rompu, ar a laghad, nó i gcás srianta maidir le pleanáil an bhuiséid, na chéad trí bliana eile, sceidieal ina n-áireofar leis an tráthú táscach, minicíocht na nósanna imeachta tairisceana i gcás inarb iomchuí, an acmhainneacht mheasta agus an buiséad measta, nó an tacaíocht aonadach uasta a mheastar a leithdháilfear, agus na teicneolaíochtaí incháilithe a bhfuiltear ag súil leo, más infheidhme. Tabharfar an sceideal sin cothrom le dáta ar bhonn bliantúil nó nuair is gá chun na forbairtí a rinneadh sa mhargadh le déanaí nó leithdháileadh measta tacaíochta a léiriú.

4.  Déanfaidh na Ballstáit, gach cúig bliana ar a laghad, a éifeachtaí a bhíonn a scéimeanna tacaíochta do leictreachas ó fhoinsí inathnuaite agus na héifeachtaí móra dáileacha a bhíonn acu ar ghrúpaí éagsúla tomhaltóirí agus ar infheistíochtaí a mheas. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin an éifeacht a bheadh ag athruithe a d'fhéadfaí a dhéanamh ar na scéimeanna tacaíochta. Cuirfear torthaí an mheasúnaithe sin san áireamh sa phleanáil tháscach fhadtéarmach lena rialaítear na cinntí maidir leis an tacaíocht sin agus maidir le dearadh na tacaíochta nua. Cuirfidh na Ballstáit an measúnú sin san áireamh sna nuashonrúcháin ábhartha ar a bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus sna nuashonrúcháin ábhartha ar a dtuarascálacha ábhartha dhul chun cinni gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/...(35) .

Airteagal 7

Sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a ríomh

1.  Déanfar olltomhaltas deiridh an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, i gcás gach Ballstáit, a ríomh tríothu seo thíos a shuimiú:

(a)  an t-olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite;

(b)  an t-olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe; agus

(c)  an tomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite in earnáil an iompair.

Maidir le pointí (a), (b), nó (c) sa chéad fhomhír, ní áireofar gás, leictreachas agus hidrigin ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh ach aon uair amháin chun críocha sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh á ríomh,faoi.

Faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 29(1), ní chuirfear san áireamh bithbhreoslaí, bithleachtanna ná breoslaí bithmhaise nach gcomhlíonann na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal29(2) go (7) agus (10).

2.  Chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1, ríomhfar an t-olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite mar chion an leictreachais arna tháirgeadh i mBallstát ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear leictreachas arna tháirgeadh ag féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite agus pobail fuinnimh inathnuaite, lúide leictreachas arna tháirgeadh in aonaid stórála pumpáilte a úsáideann uisce a pumpáladh in aghaidh fána roimhe sin.

I gcás gléasraí ilbhreoslaithe a úsáideann foinsí inathnuaite agus neamh-inathnuaite, ní chuirfear san áireamh ach an sciar sin den leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite. Chun críocha an ríofa sin, déanfar rannchuidiú gach foinse fuinnimh a ríomh ar bhonn a luacha fuinnimh.

Is i gcomhréir leis na rialacha normalúcháin arna socrú in Iarscríbhinn II a dhéanfar cuntas ar leictreachas arna ghiniúint le hidreachumhacht agus le cumhacht ghaoithe.

3.  Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1, ríomhfar an t-olltomhaltas deiridh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe mar chion an téimh ceantair agus an fhuaraithe ceantair arna tháirgeadh i mBallstát ó fhoinsí inathnuaite móide méid an fhuinnimh arna thomhailt ó fhoinsí inathnuaite i gcomhair téimh, fuaraithe agus próiseála sa tionsclaíocht, sa talmhaíocht, i dteaghlaigh, i seirbhísí, san fhoraoiseacht agus san iascach.

I gcás gléasraí ilbhreoslaithe a úsáideann foinsí inathnuaite agus neamh-inathnuaite, ní chuirfear san áireamh ach sciar an téimh agus an fhuaraithe arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite. Chun críocha an ríofa sin, déanfar rannchuidiú gach foinse fuinnimh a ríomh ar bhonn a luacha fuinnimh.

Cuirfear san áireamh fuinneamh comhthimpeallach agus fuinneamh geotheirmeach arna úsáid ar mhaithe le téamh agus fuarú trí mheán teaschaidéal agus córas fuaraithe ceantair chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 ar choinníoll gur mó i bhfad an t-aschur deiridh fuinnimh ná an t-ionchur príomha fuinnimh is gá chun na teaschaidéil a oibriú. Ríomhfar an cion teasa nó fuachta a mheasfar gur fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite é chun críocha na Treorach seo de réir na modheolaíochta arna socrú in Iarscríbhinn VII agus cuirfear san áireamh ann úsáid fuinnimh i ngach earnáil chríochúsáide.

Ní chuirfear san áireamh chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír de mhír 1 fuinneamh teirmeach arna ghiniúint ag córais fuinnimh éighníomhaigh, ar córais iad lenar féidir tomhaltas fuinnimh níos ísle a bhaint amach go héighníomhach a bhuí le dearadh foirgnimh nó a bhuí le teas arna ghiniúint ag fuinneamh ó fhoinsí neamh-inathnuaite.

Faoin 31 Nollaig 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 35, chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht a bhunú chun cion an fhuinnimh inathnuaite arna úsáid le haghaidh fuaraithe agus le haghaidh fuarú ceantair a ríomh agus chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn VII.

Áireofar sa mhodheolaíocht sin íosfhachtóirí feidhmíochta séasúracha do theaschaidéil a oibríonn i modh droim-ar-ais.

4.  Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a)  Déanfar tomhaltas deiridh an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san iompar a ríomh mar shuim mhéideanna uile na mbithbhreoslaí, na mbreoslaí bithmhaise agus na mbreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch arna dtomhailt in earnáil an iompair. Ní mheasfar, áfach, gur cuid den ríomh de bhun phointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1 breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgtear ó leictreachas inathnuaite ach i gcás inarb é cion an leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite i mBallstát atáthar a ríomh;

(b)  Agus an tomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair á ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III iad. Chun an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach gcuimsítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit caighdeáin ábhartha na nEagraíochta Eorpach um Chaighdeánú (ESO) chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh. I gcás nár glacadh aon chaighdeán de chuid ESO chun na críche sin, úsáidfidh Ballstáit caighdeáin ábhartha Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO).

5.  Déanfar sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a ríomh tríd an olltomhaltas deiridh fuinnimh ó gach foinse fuinnimh a roinnt ar an olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, agus sin a shloinneadh ina chéatadán.

Chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar coigeartú ar an tsuim dá dtagraítear sa chéad fhomhír i mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir le hAirteagail 8, 10, 12 agus 13.

Agus olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit á ríomh chun críocha a chomhréir le spriocanna agus conair tháscach na Treorach seo a mheas, measfar nach mó ná 6.18% d'olltomhaltas deiridh fuinnimh an Bhallstáit sin méid an fhuinnimh arna thomhailt in earnáil na heitlíochta. I gcás na Cipire agus Mhálta, measfar nach mó ná 4.12% d'olltomhaltas deiridh fuinnimh na mBallstát sin méid an fhuinnimh arna thomhailt in earnáil na heitlíochta.

6.  Is iad an mhodheolaíocht agus na sainmhínithe da bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 a úsáidfear chun sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite á ríomh.

Áiritheoidh na Ballstáit comhleanúnachas na faisnéise staidreamhaí a úsáidfear chun na sciartha earnála agus foriomlána sin á ríomh, agus comhleanúnachas na faisnéise staidreamhaí a thuairisceofar don Choimisiún de bhun an Rialacháin sin.

Airteagal 8

Ardán an Aontais um fhorbairt inathnuaite agus aistrithe staidreamhacha idir na Ballstáit

1.  Féadfaidh na Ballstáit comhaontú a dhéanamh maidir le haistriú staidreamhach a dhéanamh ar mhéid sonrach fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Déanfar an méid seo a leanas leis an gcion a aistreofar:

(a)  é a dhealú ón méid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit atá ag déanamh an aistrithe chun críocha na Treorach seo á ríomh; agus

(b)  é a chur le méid an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit atá ag glacadh an aistrithe chun críocha na Treorach seo á ríomh.

2.  Chun tacú le sprioc an Aontais arna shocrú in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, le rannchuidiú gach Ballstáit maidir leis an sprioc sin i gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Treoir seo é agus le haistrithe staidreamhacha i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a éascú, bunóidh an Coimisiún Ardán an Aontais um Fhorbairt inathnuaite ("URDP"). Féadfaidh na Ballstáit sonraí maidir lena rannchuidiú leis an sprioc Aontais nó aon tagarmharc a leagtar síos chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le Rialachán (AE) 2018/…(36) a thíolacadh chuig an URDP ar bhonn deonach gach bliain, lena n-áirítear aon easnamh ionchasach nó sárú a meastar a bheidh ann i ndáil lena rannchuidiú, chomh maith le léiriú ar an bpraghas ar a mbeadh siad toilteanachaon rótháirgeacht fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a aistriú ó Bhallstát eile nó chuig Ballstát eile. Socrófar luach na n-aistrithe sin de réir an cháis, bunaithe ar shásra URDP lena ndéantar éileamh agus soláthar a mheaitseáil.

3.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh URDP in ann an t-éileamh agus an soláthar a mheaitseáil i ndáil le méideanna fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite Ballstáit á ríomh, bunaithe ar phraghsanna nó ar aon chritéir eile arna sonrú ag an mBallstát a bhfuil ag glacadh leis an aistriú.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí URDP a bhunú agus coinníollacha a leagan síos d'fhonn bailchríoch a chur ar aistrithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo.

4.  Na socruithe dá dtagraítear i mír 1 agus 2, féadfaidh fad bliana féilire nó níos mó a bheith acu. Tabharfar fógra don Choimisiún i leith socruithe mar sin nó cuirfear bailchríoch orthu ar URDP tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis dheireadh gach bliana inar infheidhme iad. Ar áireamh san fhaisnéis a sheolfar chuig an gCoimisiún, beidh cainníocht agus praghas an fhuinnimh atá i gceist. I gcás aistrithe ar a gcuirfear bailchríoch ar URDP, tabharfar faisnéis don phobal faoi na páirtithe a bhí rannpháirteach agus faoin aistriú áirithe atá i gceist.

5.  Tiocfaidh na haistrithe i bhfeidhm nuair a bheidh fógra maidir leis an aistriú tugtha don Choimisiún ag gach Ballstát lena mbaineann nó nuair a chomhlíonfar na coinníollacha imréitigh uile ar URDP, mar is infheidhme.

Airteagal 9

Tionscadail chomhpháirteacha i measc na mBallstát

1.  Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó dul i gcomhar maidir le gach cineál tionscadal comhpháirteach a bhaineann le táirgeadh an leictreachais, an téimh nó an fhuaraithe ó fhoinsí inathnuaite. Thig le hoibreoirí príobháideacha a bheith páirteach sa chomhar sin.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin gcion nó faoin méid leictreachais, téimh nó fuaraithe ó fhoinsí inathnuaite arna tháirgeadh ag aon tionscadal comhpháirteach ar a gcríocha, a cuireadh i mbun feidhme tar éis 25 Meitheamh 2009, nó arna tháirgeadh de bharr acmhainn mhéadaithe suiteála a athfheistíodh tar éis an dáta sin, agus atá le háireamh i sciar fuinnimh inathnuaite Ballstáit eile chun críocha na Treorach seo.

3.  Déanfar an méid seo a leanas san fhógra dá tagraítear i mír 2:

(a)  cuirfear síos ann ar an tsuiteáil atá á beartú nó sainaithneofar an tsuiteáil a ndearnadh í a athfheistiú;

(b)  sonrófar ann an cion nó an méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe arna tháirgeadh ag an tsuiteáil agus atá le háireamh sa sciar fuinnimh inathnuaite náisiúnta foriomlán atá ag Ballstát eile;

(c)  sainaithneofar ann an Ballstát ar ina fhabhar atá an fógra á dhéanamh; agus

(d)  sonrófar ann an tréimhse, mar bhlianta iomlána féilire, a bhfuil an leictreachas nó an téamh nó an fuarú arna tháirgeadh ag an tsuiteáil ó fhoinsí inathnuaite le háireamh i sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit eile.

4.  Féadfar tréimhse an tionscadail chomhpháirtigh dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú go tráth is déanaí ná 2030.

5.  Aon fhógra a thabharfar de bhun an Airteagail seo, ní dhéanfar é a athrú ná a tharraingt siar gan comhaontú ó Bhallstát déanta an fhógra agus ón mBallstát a sainaithníodh i gcomhréir le pointe (c) de mhír 3.

6.  Éascóidh an Coimisiún, ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, bunú tionscadal comhpháirteach idir na Ballstáit, go háirithe trí chúnamh teicniúil tiomnaithe agus trí chúnamh maidir le forbairt tionscadail,.

Airteagal 10

Tionchair na dtionscadal comhpháirteach idir na Ballstáit

1.  Laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana sa tréimhse dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 9(3), déanfaidh an Ballstát a rinne an fógra faoi Airteagal 9 litir fógra a eisiúint ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)  méid iomlán an leictreachais nó an téimh nó an fhuaraithe arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite i gcaitheamh na bliana sin ag an tsuiteáil ba ábhar don fhógra faoi Airteagal 9; agus

(b)  an méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite i gcaitheamh na bliana ag an tsuiteáil sin agus atá le háireamh i sciar fuinnimh inathnuaite Ballstáit eile i gcomhréir le téarmaí an fhógra.

2.  Déanfaidh an Ballstát a thugann fógra an litir fógra a chur faoi bhráid an Bhallstát sin ar ina fhabhar a rinneadh an fógra agus chuig an gCoimisiún.

3.  Chun críocha na Treorach seo, déanfar an méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe ó fhoinsí inathnuaite a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1:

(a)  a dhealú ón méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit a eisíonn an litir fógra faoi mhír 1 á ríomh; agus

(b)  a shuimiú leis an méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit a fhaigheann an litir fógra i gcomhréir le mír 2 á ríomh.

Airteagal 11

Tionscadail chomhpháirteacha idir na Ballstáit agus tríú tíortha

1.  Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó dul i gcomhar le tríú tír amháin nó níos mó maidir le gach cineál tionscadal comhpháirteach maidir le táirgeadh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite. Féadfaidh oibreoirí príobháideacha a bheith san áireamh sa chomhar sin agus déanfar é agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán.

2.  Ní chuirfear san áireamh leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite i dtríú tír chun sciartha fuinnimh inathnuaite a ríomhmeas ach amháin i gcás ina sásaítear na dálaí seo a leanas:

(a)  is san Aontas a thomhlaítear an leictreachas. Measfar gur comhlíonadh an an méid sin sna cásanna seo a leanas:

(i)  rinne gach oibreoir córais tarchurtha freagrach sa tír thionscnaimh, sa tír chinn scríbe, agus, más ábhartha, i ngach tríú tír iompair, méid leictreachais, arb ionann é agus an méid leictreachais a áiríodh, a ainmniú go daingean chuig an acmhainn idirnaisc leithdháilte;

(ii)  rinne an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach atá ar thaobh an Aontais d'idirnascaire méid leictreachais, arb ionann é agus an méid leictreachais a áiríodh, a chlárú go daingean sa sceideal cothromúcháin; agus

(iii)  is leis an tréimhse ama chéanna a bhaineann an acmhainn ainmnithe agus an táirgeadh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite a rinneadh sa tsuiteáil dá dtagraítear i bpointe (b);

(b)  táirgtear an leictreachas i suiteáil a cuireadh i mbun feidhme tar éis 25 Meitheamh 2009 nó táirgtear é de bharr acmhainn mhéadaithe suiteála a athfheistíodh tar éis an dáta sin, faoi chuimsiú tionscadal comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1;

(c)  cé is moite den chúnamh infheistíochta a tugadh don tsuiteáil, níl an leictreachas a táirgeadh agus a onnmhairíodh tar éis aon tacaíocht a fháil ó scéim tacaíochta tríú tír; agus

(d)  táirgeadh an leictreachas i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, i dtríú tír ar sínitheoir í leis an Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint nó le coinbhinsiúin idirnáisiúnta eile nó le conarthaí maidir le cearta an duine.

3.  Chun críocha mhír 4, féadfaidh na Ballstáit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin go gcuirfí san áireamh an leictreachas ó fhoinsí inathnuaite arna tháirgeadh agus arna thomhailt i dtríú tír, i gcomhthéacs idirnascaire a bheith á thógáil, agus aga tionscanta an-fhada ag dul leis an togra sin, ag Ballstát agus ag tríú tír, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas :

(a)  tús a bheith curtha le tógáil an idirnascaire faoi 31 Nollaig 2026;

(b)  ní féidir an t-idirnascaire a chur i mbun feidhme faoi 31 Nollaig 2030;

(c)  is féidir an t-idirnascaire a chur i mbun feidhme faoi 31 Nollaig 2032;

(d)  ach a gcuirfear i mbun feidhme é, úsáidfear an t-idirnascaire, i gcomhréir le mír 2, chun leictreachas ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a onnmhairiú chuig an Aontas;

(e)  baineann an t-iarratas le tionscadal comhpháirteach a shásaíonn na critéir arna socrú i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 2 agus is tionscadal comhpháirteach é a úsáidfidh an t-idirnascaire tar éis dó dul i mbun feidhme agus a bhaineann le méid leictreachais nach mó ná an méid a onnmhaireofar chuig an Aontas tar éis don idirnascaire dul i mbun feidhme.

4.  Tabharfar fógra don Choimisiún faoin gcion nó faoin méid leictreachais arna tháirgeadh ag aon suiteáil ar chríoch tríú tír, atá le háireamh sa sciar fuinnimh inathnuaite atá ag Ballstát amháin nó níos mó chun críocha na Treorach seo. Má bhíonn níos mó ná Ballstát amháin i gceist, cuirfear in iúl don Choimisiún dáileadh an chion sin nó an mhéid sin idir Ballstáit. Ní sháróidh an cion nó an méid an cion nó an méid a onnmhairíodh go hiarbhír chuig an Aontas agus a tomhlaíodh ann, beidh sé i gcomhréir leis an méid atá socraithe i bpointí (a)(i) agus (ii) de mhír 2 agus sásóidh sé na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) den mhír sin. Déanfaidh gach Ballstát ar lena sprioc náisiúnta fhoriomlán a áireofar an cion nó an méid leictreachais an fógra a thabhairt.

5.  Déanfar an méid seo a leanas san fhógra dá tagraítear i mír 4:

(a)  cuirfear síos ann ar an tsuiteáil atá á beartú nó sainaithneofar an tsuiteáil a ndearnadh í a athfheistiú;

(b)  sonrófar ann an cion nó an méid leictreachais arna tháirgeadh ag an tsuiteáil atá le háireamh sa sciar fuinnimh inathnuaite atá ag Ballstát, agus sonrófar ann chomh maith, faoi réir ceanglas rúndachta, na socruithe comhfhreagracha airgeadais;

(c)  sonrófar ann an tréimhse, mar bhlianta iomlána féilire, a bhfuil an leictreachas le háireamh i sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit; agus

(d)  beidh ann aitheantas scríofa ar phointe (b) agus ar phointe (c) ón tríú tír ar ar a críoch atá an tsuiteáil le cur i mbun feidhme agus léireofar ann an cion nó an méid leictreachais arna tháirgeadh ag an tsuiteáil a úsáidfidh an tríú tír sin go hintíreach.

6.  Féadfar tréimhse an tionscadail chomhpháirtigh dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú go tráth is déanaí ná 2030.

7.  Aon fhógra a thabharfar de bhun an Airteagail seo, ní ceadmhach é a athrú ná a tharraingt siar gan comhaontú idir Bhallstát déanta an fhógra agus an tríú tír a thug aitheantas don tionscadal comhpháirteach i gcomhréir le pointe (d) de mhír 5.

8.  Spreagfaidh na Ballstáit agus an tAontas comhlachtaí ábhartha an Chomhphobail Fuinnimh chun bearta a ghlacadh, i gcomhréir leis an gConradh um Chomhphobal Fuinnimh, ar bearta iad a bheidh riachtanach chun gur ceadmhach do na Páirtithe Conarthacha na forálacha maidir leis an gcomhar idir na Ballstáit a leagtar síos sa Treoir seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 12

Tionchar na dtionscadal comhpháirteach idir Ballstát agus tríú tíortha

1.  Laistigh de 12 mhí ó dheireadh gach bliana sa tréimhse a shonraítear faoi phointe (c) d’Airteagal 11 (5), déanfaidh an Ballstát a thugann fógra, litir fógra a eisiúint ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a)  méid iomlán an leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i gcaitheamh na bliana sin ag an tsuiteáil ba ábhar don fhógra faoi Airteagal 11;

(b)  an méid leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh i gcaitheamh na bliana sin ag an tsuiteáil sin agus atá le háireamh ina sciar fuinnimh inathnuaite i gcomhréir le téarmaí an fhógra faoi Airteagal 11; agus

(c)  fianaise ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 11(2).

2.  Déanfaidh an Ballstát an litir fógra a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus chuig an tríú tír sin a thug aitheantas don tionscadal i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 11(5).

3.  Chun críocha ríomh a dhéanamh ar na sciartha fuinnimh inathnuaite faoin Treoir seo, cuirfear an méid leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite faoina dtugtar fógra i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 leis an méid leictreachais ó fhoinsí inathnuaite a chuirtear san áireamh agus sciar fuinnimh inathnuaite an Bhallstáit a eisíonn an litir fógra á ríomh.

Airteagal 13

Scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha

1.  Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi Airteagal 5, féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó, ar bhonn deonach, na scéimeanna náisiúnta tacaíochta acu a nascadh, nó a chomhordú ar bhonn páirteach. I gcás mar sin, féadfar méid áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite arna tháirgeadh ar chríoch cheann de na Ballstáit rannpháirteacha a áireamh i sciar fuinnimh Ballstáit rannpháirtigh eile ar choinníoll go ndéanannna Ballstáit lena mbaineann an méid seo a leanas:

(a)  aistriú staidreamhach ar mhéideanna áirithe fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ó Bhallstát amháin go Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 8; nó

(b)  riail dáilte a chur ar bun arna comhaontú ag na Ballstáit rannpháirteacha lena leithdháiltear méideanna fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite idir na Ballstáit rannpháirteacha.

Tabharfar fógra i leith riail dáileacháin dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír don Choimisiún tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dheireadh na bliana a ngabhfaidh éifeacht léi.

2.  Laistigh de thrí mhí ó dheireadh gach bliana, eiseoidh gach Ballstát a thug fógra faoin dara fomhír de 1 litir fógra ina mbeidh méid iomlán an leictreachais nó an téimh nó an fhuaraithe ó fhoinsí inathnuaite arna tháirgeadh i gcaitheamh na bliana sin atá le cur faoi réir na rialach dáilte.

3.  Chun críocha ríomh a dhéanamh ar na sciartha fuinnimh inathnuaite faoin Treoir seo, déanfar an méid leictreachais nó téimh nó fuaraithe ó fhoinsí inathnuaite a dtabharfar fógra ina leith i gcomhréir le mír 2 a ath-leithdháileadh idir na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir leis an riail dáilte ar tugadh fógra ina leith.

4.  Scaipfidh an Coimisiún treoirlínte agus dea-chleachtais, agus ar iarraidh ó na Ballstáit lena mbaineann, éascóidh sé bunú scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha idir na Ballstáit.

Airteagal 14

Méaduithe acmhainne

Chun críocha Airteagal 9(2) agus phointe (b) d’Airteagal 11(2), aonaid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ar féidir a rá faoi gurb ann dóibh i ngeall gur tháinig ardú acmhainne ar shuiteáil, caithfear leis na haonaid sin amhail is gur táirgeadh iad i suiteáil éigin eile a cuireadh i mbun feidhme i gcomhuain leis an ardú acmhainne.

Airteagal 15

Nósanna imeachta riaracháin, rialacháin agus cóid

1.  Aon rialacha náisiúnta i ndáil le nósanna imeachta údarúcháin, deimhniúcháin agus ceadúnúcháin a chuirtear i bhfeidhm ar ghléasraí agus ar ghréasáin ghaolmhara tarchurtha agus dáileacháin lena dtáirgtear leictreachas, téamh nó fuarú ó fhoinsí inathnuaite, agus a chuirtear i bhfeidhm ar an bpróiseas a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna ,breoslaí bithmhaise nó táirgí eile fuinnimh a dhéanamh as bithmhais, agus a chuirtear i bhfeidhm ar bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh siad comhréireach agus riachtanach agus go gcuideofar leo leis an bprionsabal 'tús áite a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh' a chur chun feidhme.

Glacfaidh na Ballstáit, go háirithe, pé bearta is gá chun an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)  go mbeidh nósanna imeachta riaracháin cuíchóirithe agus go gcuirfear dlús leo ar an leibhéal riaracháin iomchuí agus go mbunófar amchláir intuartha do na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(b)  go mbeidh na rialacha sin a bhaineann le údarú, deimhniú agus ceadúnú a rialú, go mbeidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus comhréireach, agus nach ndéanfar aon idirdhealú iontu idir na hiarratasóirí, agus go dtabharfar san áireamh go hiomlán iontu sainghnéithe theicneolaíochtaí éagsúla an fhuinnimh inathnuaite;

(c)  go mbeidh na muirir riaracháin a ghearrfar ar thomhaltóirí, pleanálaithe, ailtirí, tógálaithe, agus ar lucht suiteála agus soláthar trealaimh agus córais, go mbeidh siad trédhearcach agus i gcomhréir leis an gcostas a bhaineann leo; agus

(d)  go mbunófar nósanna imeachta údarúcháin simplithe a mbeidh ualach níos lú ag baint leo, lena n-áirítear nós imeachta fógra simplí ▌a thabhairt i dtaca le feistí díláraithe, lena dtáirgtear agus lena stóráiltear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite.

2.  Aon sonraíochtaí teicniúla nach mór do threalamh agus do chórais fuinnimh inathnuaite a chomhlíonadh chun leas a fháil ó scéimeanna tacaíochta, déanfaidh na Ballstáit iad a shonrú go soiléir. Más ann do chaighdeáin Eorpacha, lena n-áirítear éici-lipéid, lipéid fuinnimh agus córais tagartha teicniúla eile arna mbunú ag na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú, déanfar na sonraíochtaí teicniúla sin a shloinneadh de réir na gcaighdeán sin. Ní thoirmiscfear leis na caighdeáin sin an áit a gcaithfear an trealamh agus na córais sin a dhearbhú, ná níor cheart dóibh bacainn a chur ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh.

3.  Agus pleanáil, lena n-áirítear luathphleanáil spásúil, dearadh, tógáil agus athfheistiú á ndéanamh acu maidir le bonneagar uirbeach, ceantair thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe agus maidir le bonneagar fuinnimh, lena n-áirítear leictreachas, téamh agus fuarú ceantair, gás nádúrtha agus gréasáin breoslaí malartacha, déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla acu, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, foráil do chomhtháthú agus do imscaradh an fhuinnimh inathnuaite lena n-áirítear d'fhéintomhaltas fuinnimh inathnuaite agus do chomhphobail fuinnimh inathnuaite agus d'úsáid dramhtheasa agus dramhfhuachta dosheachanta. Go sonrach, spreagfaidh na Ballstáit comhlachtaí riaracháin áitiúla agus réigiúnacha téamh agus fuarú ó fhoinsíinathnuaite a áireamh i bpleanáil bonneagair cathrach, i gcás inarb iomchuí, agus rachaidh siad i gcomhairle leis na hoibreoirí gréasáin chun tionchar na gclár éifeachtúlachta fuinnimh agus freagartha ar éileamh a léiriú mar aon le forálacha sonracha maidir le comhphobail féintomhaltais fuinnimh inathnuaite agus fuinnimh inathnuaite, i ndáil le pleananna forbartha bonneagair na n-oibreoirí.

4.  Tabharfaidh na Ballstáit isteach, sna rialacháin agus cóid tógála acu, bearta iomchuí chun an sciar fuinnimh (den uile chineál) ó fhoinsí inathnuaite a mhéadú in earnáil na tógála.

Agus na bearta sin á gcur ar bun acu, nó sna scéimeanna tacaíochta acu, féadfaidh Ballstát a thabhairt san áireamh i gcás inarb infheidhme, bearta náisiúnta i dtaca le méaduithe nach beag, i bhféintomhaltas fuinnimh inathnuaite, i stóráil fuinnimh áitiúil agus san éifeachtúlacht fuinnimh, a bhaineann le comhghiniúint, agus a bhaineann le foirgnimh atá éighníomhach, íseal nó neodrach ó thaobh fuinnimh.

Cuirfidh na Ballstáit de cheangal, sna rialacháin agus cóid tógála acu nó ar mhodh eile a bhfuil éifeacht chomhionann aige, íosleibhéil fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a úsáid i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh ar ann dóibh cheana agus a ndéantar mór-athfheistiú orthu, sa mhéid is indéanta ar bhonn teicniúil, feidhmiúil agus eacnamaíoch agus torthaí an ríomha bharrmhaith arna chur i gcrích de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2010/31/AE á léiriú, agus agus a mhéid nach gcuireann sé seo isteach go diúltach ar cháilíocht an aeir laistigh. Tabharfaidh na Ballstáit cead na híosleibhéil sin a chomhlíonadh, inter alia, trí théamh agus trí fhuarú éifeachtach ceantair agus úsáid á baint as sciar nach beag d'fhuinneamh inathnuaite agus as dramhtheas agus dramhfhuacht.

Beidh feidhm ag na ceanglais leagtha síos sa chéad fhomhír maidir leis na fórsaí armtha sa mhéid nach mbeidh feidhmiú na gceanglas sin ar neamhréir le nádúr agus príomhaidhm ghníomhaíochtaí na bhfórsaí armtha agus sa mhéid sin amháin, agus is díolúin ábhar a bhíonn in úsáid go heisiach chun críocha míleata.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag foirgnimh nua phoiblí, agus ag foirgnimh ar ann dóibh cheana agus a ndéantar mór-athfheistiú orthu, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, ról eiseamláireach i gcomhthéacs na Treorach seo ón 1 Eanáir 2012 amach. Féadfaidh Ballstát, inter alia, cead a thabhairt an oibleagáid sin a chomhlíonadh trí fhorálacha maidir le foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a chomhlíonadh mar a cheanglaítear iad le Treoir 2010/31/AE, nó trína fhoráil go mbeidh díonta foirgneamh poiblí nó díonta foirgneamh príobháideach poiblí á n-úsáid ag tríú páirtithe i gcomhair suiteálacha lena dtáirgtear fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite.

6.  I dtaca lena gcuid rialachán agus cód tógála, cuirfidh na Ballstáit chun cinn úsáid córas agus trealaimh téimh agus fuaraithe ó fhoinsí inathnuaite lena mbaintear amach laghdú nach beag ar thomhaltas fuinnimh. Chuige sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as lipéid fuinnimh nó éici-lipéid nó teastais oiriúnacha eile nó as caighdeáin arna bhforbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais nuair is ann dóibh, agus áiritheoidh siad go gcuirfear go leor faisnéise agus comhairle ar fáil maidir le breoslaí fuinnimh malartacha an-éifeachtúla chomh maith leis na hionstraimí agus na dreasachtaí airgeadais a bheidh ar fáil faoi dheireadh i gcás athsholáthair, d'fhonn ráta ardaithe athsholáthair a chur chun cinn i gcás seanchóras téimh agus i gcás ina n-aistríonn níos mó daoine chuig réitigh bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite a bheidh i gcomhréir le Treoir 2010/31/AE.

7.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a n-acmhainn ó thaobh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus ar an úsáid a bhaintear as dramhtheas agus dramhfhuacht san earnáiltéimh agus fuaraithe. I gcás inarb iomchuí, áireofar ar an measúnú sin, spásanailís ar limistéir atá oiriúnach le haghaidh imscaradh lena mbaineann riosca íseal éiceolaíoch agus an acmhainneacht do thionscadail teaghlaigh ar scála beag agus beidh an measúnú sin mar chuid den dara measúnú cuimsitheach a cheanglaítear de bhun Airteagal 14(1) de Threoir 2012/27/AE den chéad uair faoin 31 Nollaig 2020 agus sna nuashonruithe a dhéanfar ar na measúnuithe cuimsitheacha ina dhiaidh sin.

8.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bacainní rialála agus riaracháin atá roimh chomhaontuithe ceannacháin cumhachta inathnuaiteáin fadtéarmacha ▌, agus bainfidh siad bacainní gan údar leis na comhaontuithe sin agus éascóidh siad ráta glactha na gcomhaontuithe sin. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh na comhaontuithe sin faoi réir nósanna imeachta ná muirir a bheidh díréireacha nó idirdhealaithe.

Cuirfidh Ballstáit síos ar bhearta agus ar bheartais lena n-éascaítear ráta glactha na gcomhaontuithe ceannacháin cumhachta inathnuaite ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus a dtuarascálacha ar dhul chun cinn de bhun Rialachán (EU) 2018/...(37).

Airteagal 16

Eagar agus fad an phróisis deonaithe ceadanna

1.  Bunóidh nó ainmneoidh na Ballstáit pointe teagmhála amháin nó níos mó ▌. Treoróidh agus éascóidh na pointí teagmhála sin, ar iarraidh ón iarrthóir, an próiseas iomlán riaracháin maidir le hiarratas ar chead a dhéanamh agus maidir le cead a dheonú ▌. Ní cheanglófar ar an iarratasóir teagmháil a dhéanamh le níos mó ná pointe teagmhála amháin don phróiseas ar fad. Cumhdóidh an próiseas iarrata agus deonaithe ceadanna na ceadanna ábhartha riaracháin chun gléasraí chun fuinneamh a tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite agus na sócmhainní a bheidh riachtanach lena gceangal leis an eangach a thógáil, a athchumhachtú agus a oibriú. Beidh an próiseas deonaithe ceadanna comhdhéanta de na nósanna imeachta uile ón tráth a n-admhaítear go bhfuarthas an t-iarratas go dtí go dtarchuirtear toradh an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2.

2.  Treoróidh ▌an pointe teagmhála an t-iarrthóir tríd an bpróiseas riaracháin iarratais ar chead ar bhealach trédhearcach go dtí go ndéanfaidh na húdaráis fhreagracha cinneadh nó roinnt cinntí ag deireadh an phróisis, cuirfidh sé an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil ▌don iarrthóir agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh sé ról do na húdaráis riaracháin eile. Ligfear do na hiarrthóirí na doiciméid ábhartha a thíolacadh i bhfoirm dhigiteach freisin.

3.  Cuirfidh ▌an pointe teagmhála lámhleabhar nósanna imeachta ar fáil d'fhorbróirí tionscadal na táirgeachta fuinnimh inathnuaite agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil ar líne freisin, agus díreofar go sainiúil ar thionscadail ar scála beag agus ar thionscadail inathnuaite féintomhaltóirí chomh maith. San fhaisnéis ar líne, tabharfar le fiosan pointe teagmhála is ábhartha d'iarratas an iarrthóra. Má tá níos mó ná pointe teagmhála amháin ag Ballstát, tabharfaidh an fhaisnéis ar líne le fios an pointe teagmhála is ábhartha d'iarratas an iarrthóra.

4.  Gan dochar do mhír 7, ní mhairfidh an próiseas deonaithe ceadanna dá dtagraítear i mír 1 do do ghléasraí cumhachta, lena n-áirítear nósanna imeachta uile na n-údarás inniúla ábhartha, níos faide ná dhá bhliain. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar fhorais gurb ann d'imthosca urghnácha, féadfar síneadh bliain amháin eile a chur leis an tréimhse dhá bhliain sin.

5.  Gan dochar do mhír 7, i gcás suiteálacha a bhfuil acmhainn leictreach níos lú ná 150 kW acu, ní mhairfidh an próiseas deonaithe ceadanna níos faide ná bliain amháin. I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar fhorais gurb ann d'imthosca urghnácha, féadfar síneadh bliain amháin eile a chur leis an tréimhse bliana sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éasca ag iarrthóirí ar nósanna imeachta simplí chun díospóidí a bhaineann leis na bpróisis deonaithe ceadanna a réiteach agus chun ceadanna a eisiúint le gléasraí fuinnimh inathnuaite a thógáil agus a oibriú lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme, sásraí réitigh díospóide malartacha.

6.  Éascóidh na Ballstáit athchumhachtú na ngléasraí fuinnimh inathnuaite atá ann cheana ▌trí phróiseas deonaithe ceadanna simplithe mear a áirithiú ▌. mhairfidh an próiseas sin níos faide ná bliain amháin.

I gcás a bhfuil bonn cirt cuí leis ar fhorais gurb ann d'imthosca urghnácha, amhail ar fhorais cúiseanna sábháilteachta sáraitheacha i gcás ina mbíonn tionchar mór ag an tionscadal athchumhachtaithe ar an eangach nó ar acmhainn bhunaidh, ar mhéid nó ar fheidhmíocht na suiteála, is féidir an teorainn ama sin a shíneadh suas go bliain amháin eile.

7.  Beidh feidhm ag na spriocamanna a bhunaítear san Airteagal seo gan dochar d'oibleagáidí faoi dlí comhshaoil is infheidhme an Aontais, d’achomhairc, leigheasanna agus imeachtaí eile breithiúnacha os comhair cúirte nó binse agus d'achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha agus do shásraí réitigh díospoide malartacha, lena n-áirítear nósanna imeachta gearáin, , achomhairc agus leigheasanna neamhbhreithiúnacha, agus féadfar iad a shíneadh a fhad is a bheidh na nósanna imeachta sin ar siúl.

8.  Féadfaidh na Ballstáit nós imeachta fógra simplí a bhunú maidir le naisc leis an eangach d'athchumhachtú tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 17 (1).nós I gcás ina ndéanann Ballstáit amhlaidh, eadófar athchumhachtú sa chás sin tar éis fógra a thabhairt don údarás ábhartha i gcás nach bhfuiltear ag súil le haon tionchar suntasach diúltach comhshaoil nó sóisialta. Cinnfidh an t-údarás laistigh de shé mhí tar éis fógra a fháil más leor sin.

I gcás ina gcinneann an t-údarás ábhartha gur leor an fógra, deonóidh sé an cead go huathoibríoch. I gcás ina gcinneann an t-údarás sin nach leor an fógra, ní mór iarratas a dhéanamh ar chead nua agus beidh feidhm ag na teorainneacha ama dá dtagraítear in mír 6.

Airteagal 17

Nós imeachta fógra simplí a thabhairt chun ceangal leis an eangach

1.   Bunóidh na Ballstáit nós imeachta fógra simplí a thabhairt lena ndéanfar suiteálacha nó aonaid táirgthe chomhiomlánaithe de chuid féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite agus tionscadail taispeántais a bhfuil toilleadh leictreachais acu dar méid 10.8 kW nó níos lú nó a chomhionann sin i gcás ceangal seachas ceangal trí chéimneach, a cheangal leis an eangach tar éis fógra a thabhairt don oibreoir córais dáileacháin.

Is féidir le hoibreoir córais dáileacháin, laistigh de thréimhse teoranta tar éis an fhógra a fháil, a chinneadh pointe ceangailte eangaigh a dhiúltú nó ceann eile a mholadh ar fhorais imní a bhfuil bonn cirt leo faoi shábháilteacht nó neamhoiriúnacht theicniúil chomhchodanna an chórais. I gcás ina ndéanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin cinneadh dearfach, nó in éagmais cinneadh ón oibreoir córais dáileacháin laistigh de mhí amháin den fhógra a fháil, féadfar an tsuiteáil nó an t-aonad táirgthe comhiomlánaithe a cheangal.

2.  Féadfaidh Ballstát nós imeachta fógra simplí a thabhairt a cheadú i gcás suiteálacha nó aonad táirgthe comhiomlánaithe ag a mbeidh acmhainn leictreachais os cionn 10,8 kW agus suas le 50 kW, ar an gcoinníoll go gcoimeádfar cobhsaíocht an eangaigh, iontaofacht an eangaigh agus sábháilteacht an eangaigh.

Airteagal 18

Faisnéis agus oiliúint

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil faisnéis maidir le bearta tacaíochta do gach gníomhaí ábhartha, amhail tomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí íseal-ioncaim, féin-tomhaltóirí fuinnimh inathnuaite agus comhphobail fuinnimh inathnuaite, tógálaithe, suiteálaithe, ailtirí, agus soláthróirí trealaimh agus córas téimh, fuaraithe agus leictreachais agus soláthróirí feithiclí atá comhoiriúnach le húsáid an fhuinnimh inathnuaite agus le húsáid córas cliste iompair.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh soláthróir an trealaimh nó an chórais nó na húdaráis inniúla, faisnéis ar fáil maidir le glansochair, costas agus éifeachtúlacht fuinnimh an trealaimh agus na gcóras téimh, fuaraithe agus leictreachais ó fhoinsí inathnuaite.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta ar fáil dóibh siúd a shuiteálann coirí agus soirn mhionscála bhithmhaise, córais fhótavoltacha agus theirmeacha gréine, córais gheoiteirmeacha éadoimhne, agus teaschaidéil. Sna scéimeanna sin, féadfar a thabhairt san áireamh nuair is iomchuí scéimeanna agus struchtúir ar ann dóibh cheana, agus is ar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a bhunófar na scéimeanna. Aithneoidh gach Ballstát na deimhniúchán arna dheonú ag Ballstát eile i gcomhréir leis na critéir sin.

4.  Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir leis na scéimeanna deimhniúcháin nó na scéimeanna coibhéiseacha cáilíochta dá dtagraítear i mír 3 ar fáil don phobal. Ina theannta sin, féadfaidh Ballstát liosta na suiteálaithe atá cáilithe nó deimhnithe i gcomhréir le mír 3 a chur ar fáil don phobal.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear treoir ar fáil do gach gníomhaí ábhartha, go háirithe do phleanálaithe agus d'ailtirí chun go mbeidh siad in ann a marana a dhéanamh mar is ceart ar an teaglaim is fearr agus is feiliúnaí d'fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite, de theicneolaíochtaí ardéifeachtúlachta agus den téamh agus den fhuarú ceantair, tráth a mbeidh pleanáil, dearadh, tógáil nó athfheistiú á dhéanamh acu ar limistéir thionsclaíocha, thráchtála nó chónaithe.

6.  Déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, i rannpháirt leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, cláir a fhorbairt chun faisnéis oiriúnach, ardú feasachta, treoraíocht nó oiliúint a chur ar fáil d'fhonn na saoránaigh a chur ar an eolas faoin mbealach lena gcearta a fheidhmiú mar chustaiméirí gníomhacha, agus faoi na sochair agus na praiticiúlachtaí, lena n-áirítear na gnéithe teicniúla agus airgeadais, a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a fhorbairt agus a úsáid, féintomhaltas fuinnimh inathnuaite san áireamh, nó faoi chuimsiú na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite.

Airteagal 19

Ráthaíochtaí tionscnaimh ▌maidir le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite

1.  Ar mhaithe lena léiriú do chustaiméirí deiridh cén sciar nó cén chainníocht fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a bhíonn i meascán fuinnimh soláthróra fuinnimh agus san fhuinneamh arna sholáthar do thomhaltóirí faoi chonarthaí arna margú maidir le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a thomhailt, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir tionscnamh fuinnimh ó fhoinsí ▌inathnuaite a ráthú mar fhuinneamh inathnuaite de réir bhrí na Treorach seo, i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha.

2.  Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar ráthaíocht tionscnaimh má iarrann táirgeoir fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a leithéid, ach amháin i gcás ina gcinneann na Ballstáit, chun críocha luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh a chur san áireamh, gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta. Féadfaidh Ballstát socrú a dhéanamh chun ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint i gcás fuinnimh ó fhoinsí neamh-inathnuaite. Féadfar eisiúint ráthaíochta tionscnaimh a chur faoi réir teorainn íosacmhainne. Méid caighdeánach 1 MWh a bheidh sa ráthaíocht tionscnaimh. Ní eiseofar níos mó ná ráthaíocht tionscnaimh amháin i dtaca le gach aonad fuinnimh a thairgfear.

Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear san áireamh an t-aonad fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite céanna ach aon uair amháin.

Áiritheoidh na Ballstáit, tráth ▌a bhfaigheann táirgeoir tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta, go ndéanfar luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh don táirgeacht chéanna a chur san áireamh mar is cuí sa scéim tacaíochta ábhartha.

Toimhdeofar gur mar sin a bheidh i gceann ar bith de na cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht airgeadais trí bhíthin nós imeachta tairisceana nó trí bhíthin córais intrádála teastas glas;

(b)  i gcás ina gcuirtear luach margaidh na ráthaíochtaí tionscnaimh san áireamh ó thaobh riaracháin i leibhéal na tacaíochta airgeadais; nó

(c)  i gcás nach n-eisítear na ráthaíochtaí tionscnaimh go díreach chuig an táirgeoir ach chuig an soláthróir nó tomhaltóir a cheannaíonn an fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite i dtimpeallacht iomaíoch nó i gcomhaontú ceannacháin cumhachta fuinnimh inathnuaite fadtéarmach corparáideach.

Ionas go gcuirfear luach margaidh na ráthaíochta tionscnaimh san áireamh, is féidir le Ballstát, inter alia, a chinneadh ráthaíocht tionscnaimh a eisiúint don táirgeoir agus í a chur ar ceal láithreach.

Ní bheidh aon fheidhm ag ráthaíocht tionscnaimh i ndáil le hAirteagal 3 a bheith á chomhlíonadh ag Ballstát. Maidir le haistrithe ráthaíochtaí tionscnaimh, arna ndéanamh ar leithligh nó i dteannta le haistriú fisiciúil fuinnimh, ní bheidh aon éifeacht acu ar chinneadh Ballstáit úsáid a bhaint as aistrithe staidreamhacha, as tionscadail chomhpháirteacha nó as scéimeanna tacaíochta comhpháirteacha i dtaca le le hAirteagal 3 a chomhlíonadh, ná ní bheidh aon éifeacht acu ar ríomh an olltomhaltais deiridh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite i gcomhréir le hAirteagal 7.

3.  Chun críocha mhír 1, beidh na ráthaíochtaí tionscnaimh bailí ar feadh 12 mhí tar éis an t-aonad ábhartha fuinnimh a tháirgeadh. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh gach ráthaíocht tionscnaimh ▌ nár cealaíodh in éag faoi 18 mí ar a dhéanaí tar éis an t-aonad ábhartha fuinnimh a tháirgeadh. Cuirfidh na Ballstáit san áireamh na ráthaíochtaí tionscnaimh sin a chuaigh in éag agus an meascán fuinnimh iarmhair á ríomh acu.

4.  Chun críocha an nochta dá dtagraítear i mír 8 agus i mír 13, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh cuideachta fuinnimh na ráthaíochtaí tionscnaimh ar ceal sé mhí ar a dhéanaí tar éis dheireadh bhailíocht na ráthaíochta tionscnaimh.

5.  Déanfaidh na Ballstáit, nó comhlachtaí inniúla ainmnithe, maoirseacht ar eisiúint, aistriú agus cealú na ráthaíochtaí tionscnaimh. Ní bheidh freagrachtaí geografacha forluiteacha ag na comhlachtaí inniúla ainmnithe , agus beidh siad neamhspleách ar ghníomhaíochtaí táirgthe, trádála agus soláthair.

6.  Cuirfidh na Ballstáit, nó na comhlachtaí inniúla ainmnithe, sásraí oiriúnacha ar bun chun a áirithiú go mbeidh ráthaíochtaí tionscnaimh á n-eisiúint, á n-aistriú agus á gcealú go leictreonach agus go mbeidh siad cruinn, iontaofa agus calaoisdíonach. Áiritheoidh na Ballstáit agus na comhlachtaí inniúla ainmnithe go mbeidh na ceanglais a fhorchuirfidh siad i gcomhréir leis an gcaighdeán CEN - EN 16325.

7.  Sonrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, sa ráthaíocht tionscnaimh:

(a)  foinse an fhuinnimh ónar táirgeadh an fuinneamh, mar aon le túsdáta agus críochdháta an táirgthe;

(b)  cé acu a bhaineann sin le:

(i)  leictreachas;

(ii)  gás, hidrigin san áireamh;

(iii)  le téamh nó fuarú;

(c)  ainm, suíomh, cineál agus acmhainn na suiteála inar táirgeadh an fuinneamh;

(d)  cé acu a fuair nó nach bhfuair an tsuiteáil tacaíocht infheistíochta agus cé acu a fuair nó nach bhfuair an t-aonad fuinnimh tacaíocht ar aon slí eile ó scéim náisiúnta tacaíochta, agus cineál na scéime tacaíochta sin;

(e)  an dáta ar cuireadh i mbun feidhme an tsuiteáil; agus

(f)  an dáta eisiúna agus tír na heisiúna, agus uimhir aitheantais uathúil.

Féadfar faisnéis shimplithe a shonrú ar na ráthaíochtaí tionscnaimh i gcás suiteálacha ▌ar lú ná 50 kW iad.

8.  I gcás ina gceanglaítear ar sholáthróir fuinnimh an sciar nó an chainníocht fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite ina meascán fuinnimh a léiriú chun críocha pointe (a) d'Airteagal 3(9) de Threoir 2009/72/CE, déanfaidh sé sin trí ráthaíochtaí tionscnaimh a úsáid seachas:

(a)  i gcás an sciar dá mheascán fuinnimh a chomhfhreagraíonn do thairiscintí tráchtála neamhrianaithe, más ann dóibh, a bhféadfaí an soláthróir an meascán iarmhair a úsáid ina leith; nó

(b)  i gcás ina gcinneann Ballstát gan ráthaíochtaí tionscnaimh a eisiúint do tháirgeoir a fhaigheann tacaíocht airgeadais ó scéim tacaíochta.

I gcás ina bhfuil ráthaíochtaí tionscnaimh socraithe ag na Ballstáit do chineálacha eile fuinnimh, bainfidh soláthróirí leas, maidir leis an nochtadh sin, as an cineál céanna ráthaíochtaí tionscnaimh as ar bhain sé leas i gcás an fhuinnimh a soláthraíodh. Ar an gcuma chéanna, is féidir ráthaíochtaí tionscnaimh arna gceapadh de bhun Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid d'fhonn cainníocht an leictreachais arna tháirgeadh ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta a léiriú, i gcás ina gceanglaítear an cruthú sin. Chun críocha mhír 2 den Airteagal seo, i gcás ina ngintear leictreachas ó chomhghiniúint ardéifeachtúlachta trí fhoinsí inathnuaite a úsáid, ní féidir ach ráthaíocht tionscnaimh amháin ina sonrófar an dá shaintréith a eisiúint.

9.  Aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag Ballstáit eile i gcomhréir leis an Treoir seo, agus leis an Treoir seo amháin, mar fhianaise i gcás na n‑eilimintí dá dtagraítear i mír 1 agus i bpointí (a) go (f) den chéad fhomhír de mhír 7. Ní fhéadfaidh Ballstát diúltú ráthaíocht tionscnaimh a aithint ach amháin i gcás ina bhfuil amhras air, agus bunús maith leis, i dtaobh chruinneas, iontaofacht nó fhírinneacht na ráthaíochta. Tabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún faoi dhiúltú den sórt sin agus faoi chúis an diúltaithe.

10.  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil aon bhunús leis an diúltú sin, féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh lena gceanglaítear ar an mBallstát atá i gceist an ráthaíocht tionscnaimh a aithint.

11.  Ní aithneoidh na Ballstáit ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint ag tríú tír ach amháin i gcás ina bhfuil an tAontas tar éis comhaontú a thabhairt chun críche leis an tríú tír sin i dtaobh aitheantas frithpháirteach a thabhairt ar ráthaíochtaí tionscnaimh arna n-eisiúint san Aontas agus ar chórais um ráthaíochtaí comhoiriúnacha tionscnaimh arna mbunú sa tríú tír sin, i gcás ina mbíonn onnmhairiú nó allmhairiú fuinnimh á dhéanamh go díreach, agus sa chás sin amháin. ▌

12.  Féadfaidh Ballstát, i gcomhréir le dlí an Aontais, critéir oibiachtúla, thrédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha a thabhairt isteach i dtaobh úsáid na ráthaíochtaí tionscnaimh trína bheith i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 3(9) de Threoir 2009/72/CE.

13.   ▌Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar measúnú ar na roghanna atá ann maidir le lipéad glas uile-Aontais a bhunú d'fhonn úsáid an fhuinnimh inathnuaite a thagann ó shuiteálacha nua a chur chun cinn. Úsáidfidh soláthróirí an fhaisnéis atá sna ráthaíochtaí tionscnaimh lena léiriú go gcomhlíontar ceanglais an lipéid sin.

Airteagal 20

Rochtain ar na heangacha agus oibriú na n-eangach sin

1.  I gcás inarb ábhartha, déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an ngá le bonneagar an ghréasáin gáis atá ann cheana a leathnú ar mhaithe le comhtháthú an gháis ó fhoinsí inathnuaite a éascú.

2.  I gcás inarb ábhartha, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na hoibreoirí córas dáileacháin atá ar a gcríoch rialacha teicniúla a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2009/73/CE, go háirithe i dtaca le rialacha maidir le nascadh leis an ngréasán a bhfuil ar áireamh iontu ceanglais maidir le cáilíocht gáis, boltanasú gáis, agus brú gáis. Ceanglóidh na Ballstáit freisin ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus dáileacháin na taraifí nasctha, lena nasctar gás ó fhoinsí inathnuaite arna mbunú ar chritéir thrédhearcacha neamh‑idirdhealaitheacha, a fhoilsiú.

3.  Faoi réir an mheasúnaithe a dhéanfaidh siad a bheidh ina chuid de na pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/…(38), maidir leis an ngá go dtógfaí bonneagar nua don téamh agus fuarú ceantair ó fhoinsí inathnuaite d'fhonn cuspóir an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 3(1) den Treoir seo a bhaint amach, glacfaidh na Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, na céimeanna is gá chun bonneagar a fhorbairt don téamh agus don fhuarú ceantair ar mhaithe le forbairt téimh agus fuaraithe ó shaoráidí móra bithmhaise, grianfhuinnimh, fuinnimh comhthimpeallaigh agus fuinnimh geoiteirmigh, agus ó dhramhtheas nó dramhfhuacht chomh maith.

Airteagal 21

Féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tomhaltóirí i dteideal iompú ina féintomhaltóirí inathnuaite, faoi réir an Airteagail seo.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh féintomhaltóirí an fhuinnimh inathnuaite, ina n-aonair nó trí chomhbhailitheoirí ▌, i dteideal an mhéid seo a leanas a dhéanamh ▌:

(a)  fuinneamh inathnuaite a ghiniúint, lena n-áirítear dá dtomhaltas féin,a rótháirgeadh den leictreachais inathnuaite sin a stóráil agus a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannacháin cumhachta inathnuaite, ▌trí sholáthróirí leictreachais agus trí shocruithe trádála idir piaraí, gan a bheith faoi réir an mhéid seo a leanas ▌:

(i)  sa mhéid a bhaineann leis an leictreachas a thomhlaíonn siad ón eangach nó a chuireann siad isteach sna eangach, nósanna imeachta agus muirir idirdhealaithe nó díréireacha agus muirir ghréasáin nach léiriú ar na costais iad;

(ii)  Sa mhéid a bhaineann le leictreachas ó fhoinsí inathnuaite féinghinte a fhanann ar a n-áitribh, nósanna imeachta idirdhealaithe nó díréireacha agus aon mhuirear nó táille;

(b)  córais stórála leictreachais a shuiteáil agus a oibriú in éineacht le suiteálacha lena ngintear leictreachas inathnuaite le haghaidh féintomhailt gan dliteanas i ndáil le haon mhuirear dúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin le haghaidh leictreachais stóráilte a fhanann ar a n-áitribh;

(c)  a gcearta agus a n-oibleagáidí mar thomhaltóirí deiridh a choimeád;

(d)   luach saothair a fháil, lena n-áirítear i gcás inarb infheidhme, trí scéimeanna tacaíochta, don leictreachas inathnuaite féinghinte a chuirfidh siad isteach san eangach lena léirítear luach margaidh an leictreachais sin agus lenar féidir a luach fadtéarmach maidir leis an eangach, an comhshaol agus an tsochaí a chur san áireamh.

3.  Is féidir leis na Ballstáit muirir agus táillí neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha a fheidhmiú i gcás féintomhaltóirí, i ndáil lena leictreachas inathnuaite féinghinte a fhanann ar a n-áitribh i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás ina dtacaítear go héifeachtach leis an leictreachas inathnuaite féin-ghinte trí scéimeanna tacaíochta, ach amháin sa mhéid nach mbaintear an bonn de mharthanacht eacnamaíoch an tionscadail ná d'éifeacht dreasachta na tacaíochta sin;

(b)  ón 1 Nollaig 2026, má tá an sciar foriomlán de shuiteálacha féinthomhaltais os cionn 8% d'acmhainn iomlán leictreachais suiteáilte Ballstáit, agus má léirítear é, trí anailís costais-tairbhe a dhéanann údarás rialála náisiúnta an Bhallstáit sin, a dhéantar trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus rannpháirteach, go mbeidh ualach suntasach díréireach ar inbhuanaitheacht airgeadais fadtéarmach córais leictreachais mar thoradh ar an bhforáil a leagtar amach i bpointe (a) (ii) de mhír 2 nó go gcruthaítear dreasacht leis an bhforáil sin lena sáraítear an méid a bhfuil gá leis go hoibiachtúil chun imscaradh costéifeachtach fuinnimh inathnuaite a bhaint amach, agus nach bhféadfaí an tionchar sin a íoslaghdú trí ghníomhaíochtaí réasúnacha eile a dhéanamh; nó

(c)  más rud é go dtáirgtear an leictreachas inathnuaite féinghinte i suiteálacha ina bhfuil acmhainn iomlán suiteáilte os cionn 30 kW.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh féintomhaltóirí inathnuaite atá lonnaithe san fhoirgneamh céanna, bloic il-árasáin san áireamh, i dteideal dul i mbun na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 go comhpháirteach agus go mbeidh sé de chead acu an fuinneamh inathnuaite a tháirgtear ar a suíomh nó ar a suíomhanna a chomhroinnt eatarthu féin, gan dochar do na muirir ghreasáinagus do mhuirir, do tháillí, do thobhaigh agus do chánacha ábhartha eile más infheidhme i gcás gach féintomhaltóir inathnuaite. Féadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir féintomhaltóirí inathnuaite agus féintomhaltóirí inathnuaite a ghníomhaíonn go comhpháirteach. Féadfaidh na Ballstáit idirdhealú a dhéanamh idir féin-thomhaltóirí inathnuaite aonair agus féin-thomhaltóirí inathnuaite a ghníomhaíonn go chomhpáirteach. Má chaitear ar bhealach éagsúil le tomhaltóirí atá rannpháirteach i bhféintomhaltas comhpháirteach, déanfar sin ar bhealach comhréireach a bhfuil bonn cirt cuí leis an méid sin.

5.  Más rud é go bhfanann suiteáil inathnuaite an fhéin-thomhaltóra fuinnimh inathnuaite faoi réir treoracha an fhéin-thomhaltóra fuinnimh inathnuaite, ar choinníoll go leanfaidh sé de bheith faoi úinéireacht tríú páirtí nó á bhainistiú ag tríú páirtí i dtaca le suiteáil, oibriú, lena n-áirítear méadrú, agus i dtaca le cothabháil. Ní mheasfar gur féintomhaltóir fuinnimh inathnuaite an tríú páirtí féin.

6.  Cuirfidh na Ballstáit creat cumasúcháin ar bun chun forbairt an fhéintomhaltais fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn agus a éascú bunaithe ar mheasúnú ar na bacainní gan údar atá ann agus ar acmhainneacht an fhéintomhaltais fuinnimh inathnuaite ar a gcríocha agus ina ngréasáin fuinnimh. Déanfar an méid seo a leanas leis an gcreat cumasúcháin, inter alia:

(a)  aghaidh a thabhairt ar inrochtaineacht an fhéintomhaltais fuinnimh inathnuaite do na custaiméirí deiridh uile, lena n-áirítear iad siúd atá i dteaghlaigh íseal-ioncaim íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;

(b)  aghaidh a thabhairt ar bhacainní gan údar maidir le tionscadail sa mhargadh a mhaoiniú agus ar bhearta chun rochtain ar airgeadas a éascú;

(c)  aghaidh a thabhairt ar bhacainní rialála eile gan údar a d'fhéadfadh a bheith ann i dtaca le féintomhaltas inathnuaiteáin, tionóntaí san áireamh;

(d)  aghaidh a thabhairt ar dhreasachtaí atá ar fáil d'úinéirí na bhfoirgneamh chun deiseanna a chruthú d'fhéintomhaltas fuinnimh inathnuaite, tionóntaí san áireamh;

(e)  i dtaca leis an leictreachas inathnuaite féinghinte a chuireann féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite isteach san eangach, rochtain neamh-idirdhealaitheach a thabhairt do na féintomhaltóirí inathnuaite sin ar na scéimeanna tacaíochta ábhartha atá ann agus ar na deighleoga margaidh leictreachais ar fad;

(f)  a áirithiú go gcuireann féintomhaltóirí fuinnimh inathnuaite ar bhealach leordhóthanach cothrom le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais nuair a chuirtear leictreachas isteach san eangach.

Cuirfidh na Ballstáit achoimre ar bhearta agus ar bheartais faoin gcreat cumasúcháin agus measúnú ar chur chun feidhme na mbeart agus na mbeartas sin faoi seach ina bpleananna náisiúnta comhtháite fuinnimh agus aeráide agus sna tuarascálacha ar dhul chun cinn a ghabhfaidh leo de bhun Rialachán (AE) 2018/...(39).

7.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d'Airteagail 107 agus 108 CFAE.

Airteagal 22

Comhphobail fuinnimh inathnuaite

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, i dteideal a bheith rannpháirteach i gcomhphobal fuinnimh inathnuaite agus a gcearta nó a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh a choimeád, agus gan iad a bheith faoi réir coinníollacha nó nósanna imeachta gan údar nó idirdhealaitheacha lena gcuirfí cosc ar a rannpháirtíocht i gcomhphobal fuinnimh inathnuaite, ar choinníoll, i gcás gnóthais phríobháideacha, nach ionann a rannpháirtíocht agus an phríomhghníomhaíocht tráchtála nó ghairmiúil acu.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhphobail inathnuaite fuinnimh i dteideal an méid seo a leanas:

(a)  fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh, a thomhailt, a stóráil agus a dhíol, lena n‑áirítear trí chomhaontuithe ceannacháin cumhachta inathnuaite;

(b)  fuinneamh inathnuaite a roinnt laistigh den chomhphobal fuinnimh inathnuaite ina dtáirgtear na haonaid táirgthe ar leis an comhphobal fuinnimh inathnuaite sin iad, faoi réir fhorálacha an Airteagail seo agus cearta agus oibleagáidí chomhaltaí an chomhphobail mar thomhaltóirí á gcoimeád;

(c)  rochtain a fháil ar na margaí fuinnimh uile atá oiriúnach go díreach agus go comhiomlánach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ar aon.

3.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an bacainní atá ann cheana agus ar acmhainneacht forbartha na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite ina gcríocha.

4.  Cuirfidh na Ballstáit creat cumasúcháin ar fáil chun forbairt na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite sin a chur chun cinn agus a éascú. Áiritheofar an méid seo a leanas, inter alia, leis an gcreat sin:

(a)  go mbainfear na bacainní gan údar rialála agus riaracháin maidir le comhphobail fuinnimh inathnuaite;

(b)  go mbeidh na comhphobail fuinnimh inathnuaite a sholáthraíonn fuinneamh nó a chuireann seirbhísí comhiomlánaithe nó seirbhísí fuinnimh tráchtála eile ar fáil, faoi réir forálacha a bheidh ábhartha do ghníomhaíochtaí den chineál sin;

(c)  go gcomhoibreoidh an t-oibreoir córais dáileacháin ábhartha leis na comhphobail fuinnimh inathnuaite chun aistrithe fuinnimh a éascú idir na comhphobail fuinnimh inathnuaite;

(d)  go mbeidh na comhphobail fuinnimh inathnuaite faoi réir nósanna imeachta cothroma, comhréireacha agus trédhearcacha, lena n-áirítear clárú agus nósanna imeachta ceadúnaithe, agus muirir ghréasáin ar léiriú ar na costais iad, chomh maith leis na tobhaigh agus na muirir ábhartha, lena n-áirithítear go gcuireann siad ar bhealach leordhóthanach, cóir agus cothrom le cionroinnt fhoriomlán chostas an chórais i gcomhréir le hanailís thrédhearcach costais is tairbhe ar na foinsí fuinnimh leithdháilte arna bhforbairt ag na húdaráis inniúla náisiúnta;

(e)  nacho gcaitear le comhphobail fuinnimh inathnuaite ar bhealach idirdhealaitheach sa mhéid a bhaineann lena ngníomhaíochtaí, a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, mar tháirgeoirí, mar sholáthróirí, mar oibreoirí córas dáileacháin nó mar rannpháirtithe eile sa mhargadh;

(f)  gur féidir le gach tomhaltóir a bheith rannpháirteach sna comhphobail fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear tomhaltóirí ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;

(g)  go mbeidh uirlisí ar fáil chun rochtain ar mhaoiniú agus ar fhaisnéis a éascú;

(h)  go gcuirfear tacaíocht rialála agus fothaithe acmhainní ar fáil do na húdaráis phoiblí agus comhphobail fuinnimh inathnuaite á gcumasú agus á mbunú acu, agus chun cabhrú leis na húdaráis a bheith rannpháirteach go díreach;

(i)  go bhfuil rialacha i bhfeidhm chun a chinntiú go gcaithfear ar bhealach cothrom neamh-idirdhealaitheach le tomhaltóirí a bhíonn rannpháirteach sa chomhphobal fuinnimh inathnuaite.

5.  Beidh príomhphrionsabail an chreata cumasúcháin dá dtagraítear i mír 4, agus príomhphrionsabail a chur chun feidhme mar chuid de na nuashonraithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide agus turascálacha dhul chun cinn na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/...(40).

6.  Is féidir leis na Ballstáit a fhoráil le go mbeidh na comhphobail fuinnimh inathnuaite oscailte do rannpháirtíocht trasteorann.

7.  Gan dochar d'Airteagal 107 agus d'Airteagal 108 CFAE, cuirfidh na Ballstáit ▌sainiúlachtaí na gcomhphobal fuinnimh inathnuaite san áireamh agus scéimeanna tacaíochta á gceapadh acu, chun go mbeidh siad in ann dul san iomaíocht le haghaidh tacaíochta agus iad ar chomhchéim le rannpháirtithe eile sa mhargadh.

Airteagal 23

Príomhshruthú a dhéanamh ar an bhfuinneamh inathnuaite i dtéamh agus i bhfuarú

1.  D'fhonn úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn in earnáil an téimh agus an fhuaraithe, féachfaidh gach Ballstát leis an sciar fuinnimh inathnuaite arna sholáthar don earnáil sin a ardú 1.3 de phointí céatadáin táscacha ar meán bliantúil é sin, arna ríomh don tréimhse 2021-2025 agus don tréimhse 2026-2030, ag tosú ó sciar an fhuinnimh inathnuaite in earnáil an téimh agus an fhuaraithe in 2020, a shloinntear i dtéarmaí an sciar náisiúnta den tomhaltas deiridh fuinnimh a ríomhtar de réir na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 7, gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo . Déanfar an t-ardú sin a theorannú do 1.1 de phointí céatadáin táscacha i gcás na mBallstát sin nach n-úsáidtear dramhtheas agus dramhfhuacht iontu. Tabharfaidh na Ballstáit tosaíocht do na teicneolaíochtaí is fearr a bheidh ar fáil i gcás inarb iomchuí.

2.  Chun críocha mhír 1, agus an sciar fuinnimh inathnuaite arna sholáthar d'earnáil an téimh agus an fhuaraithe agus na meánarduithe bliantúla a shonraítear i gcomhreir leis an mír sin á ríomh acu, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  an dramhtheas agus an dramhfhuacht a áireamh faoi réir teorainn 40% den mheánardú bliantúil;

(b)  nuair a a bhfuil a sciar fuinnimh inathnuaite san earnáil téimh agus agus fuaraithe os cionn 60%, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil;

(c)  nuair a bhfuil a sciar fuinnimh inathnuaite i dtéamh agus i bhfuarú os cionn 50% agus suas le 60%, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil.

Féadfaidh na Ballstáit costéifeachtacht a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu ar bhearta chun foinsí inathnuaite fuinnimh a imscaradh san earnáil téimh agus fuaraithe, ar bhealach ina léireofar na bacainní struchtúracha a bhaineann leis an sciar ard gáis nádúrtha, an bonneagar fuaraithe nó leis an struchtúr lonnaíochta scaipthe ina bhfuil dlús daonra íseal.

I gcás ina mbeadh an meánardú bliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo níos ísle mar thoradh ar na bearta sin, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil don phobal, trí bhíthin, cuir i gcás, a dtuarascálacha náisiúnta ar dhul chun cinn maidir le fuinneamh agus aeráid náisiúnta comhtháite de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/…(41), agus tabharfaidh sé údar cuí ina mbeidh rogha bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo don Choimisiún.

3.  Ar bhonn critéar oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh na Ballstáit liosta de bhearta a bhunú agus agus a phoibliú, agus na heintitis cur chun feidhme, amhail soláthróirí breosla, comhlachtaí poiblí nó príobháideacha, a ainmniú agus a phoibliú, a bheidh le rannchuidiú leis an meánardú bliantúil dá dtagraítear i mír 1.

4.  Féadfaidh na Ballstáit an meánardú dá dtagraíteari mír 1 a chur chun feidhme, inter alia, trí cheann amháin nó níos mó de na roghanna seo a leanas:

(a)  ionchorpú fisiciúil a dhéanamh ar an bhfuinneamh inathnuaite nó ar an dramhtheas agus an dramhfhuacht san fhuinneamh agus sa bhreosla fuinnimh arna soláthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)  bearta maolaithe díreacha amhail córais téimh agus fuaraithe fuinnimh inathnuaite ardéifeachtúla a shuiteáil i bhfoirgnimh nó fuinneamh inathnuaite a úsáid nó dramhtheas agus dramhfhuacht a úsáid do phróisis téimh agus fuaraithe thionsclaíocha;

(c)  bearta maolaithe indíreacha, arna gcumhdach ag teastais intrádála, lena bhfianaítear comhlíonadh na hoibleagáide arna leagan síos i mír 1 trí thacú le bearta maolaithe indíreacha, arna ndéanamh ag oibreoir eacnamaíoch eile amhail suiteálaí neamhspleách teicneolaíochta inathnuaite nó ag cuideachta seirbhíse fuinnimh a sholáthraíonn seirbhísí suiteála don fhuinneamh inathnuaite;

(d)  bearta beartais eile, a bhfuil éifeacht chomhionann acu chun an meánardú bliantúil dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, bearta fioscacha nó dreasachtaí airgeadais eile san áireamh.

Agus na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) go bpointe (d) thuas á gcinneadh nó á gcur chun feidhme, beidh d'aidhm ag na Ballstáit rochtain a thabhairt do gach tomhaltóir ar na bearta sin, go háirithe na tomhaltóirí sin atá i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha, a bhféadfadh sé nach mbeadh go leor caipitil tosaigh acu chun tairbhe a bhaint astu gan an rochtain sin.

5.  Féadfaidh na Ballstáit na struchtúir ar ann dóibh cheana a úsáid faoi na scéimeanna náisiúnta oibleagáide um choigealtas fuinnimh a leagtar amach in Airteagal 7 de Threoir 2012/27/AE chun na bearta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.

6.  I gcás ina n-ainmnítear eintitis faoi mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a rannchuidiú na n-eintiteas ainmnithe sin inmheasta agus infhíoraithe, agus go gcuirfidh na heintitis ainmnithe tuarascáil ar fáil gach bliain ▌maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an méid iomlán fuinnimh arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(b)  an méid iomlán fuinnimh inathnuaite arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe;

(c)  méid iomlán ▌dramhtheasa agus dramhfhuachta arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe ▌;

(d)   sciar an fhuinnimh inathnuaite agus sciar na dramhtheasa agus na dramhfhuachta atá sa mhéid iomlán fuinnimh arna sholáthar i gcomhar téimh agus fuaraithe; agus

(e)  cineál na foinse inathnuaite fuinnimh.

Airteagal 24

Téamh agus fuarú ceantair

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ▌faisnéis faoin bhfeidhmíocht fuinnimh agus faoin sciar fuinnimh inathnuaite atá ina ngréasáin téimh agus fuaraithe ceantair ar fáil do na tomhaltóirí deiridh, ar bhealach ina mbeidh rochtain éasca uirthi, amhail faisnéis ar shuíomhanna gréasáin na soláthróirí, ar bhillí bliantúla nó ar iarratas.

2.  Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta agus na coinníollacha is gá chun go bhféadfaidh custaiméirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair nach córais 'téimh agus fuaraithe éifeachtúla ceantair' iad, nó ar córais iad nach mbeidh éifeachtúil faoin 31 Nollaig 2025 bunaithe ar phlean arna fhormheas ag an údarás inniúil, díscor trína gconradh a fhoirceannadh nó a mhodhnú chun téamh nó fuarú ó fhoinsí inathnuaite a tháirgeadh iad féin ▌.

I gcás ina bhfuil nasc idir foirceannadh conartha agus díscor fisiciúil, féadfar foirceannadh conartha den chineál sin a bheith faoi choinníoll cúitimh ar na costais a bhaineann go díreach leis an díscor fisiciúil agus don chuid neamh‑dímheasaithe de na sócmhainní atá riachtanacha chun teas agus fuacht a chur ar fáil do chustaiméir an chonartha sin.

3.  Féadfaidh na Ballstáit an ceart chun díscor trí fhoirceannadh nó modhnú a gconartha i gcomhréir le mír 2 a theorannú do chustaiméirí atá in ann a thaispeáint go dtiocfaidh feabhas nach beag ar an bhfeidhmíocht fuinnimh as an soláthar malartach do théamh agus fuarú atá á bheartú acu. Féadfar an measúnú feidhmíochta fuinnimh a dhéanfar ar an réiteach maidir le soláthar malartach a bhunú ar an teastas feidhmíochta fuinnimh.

4.  Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta riachtanacha chun a áirithiú go gcuireann na gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair leis an ardú dá dtagraítear i mír 1 d'Airteagal 23 den Treoir seo trí cheann amháin ar a laghad den dá rogha seo a leanas a chur chun feidhme:

(a)  Féachaint le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus an sciar ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht san earnáil téimh agus fuaraithe ceantair a mhéadú pointe céatadáin amháin ar a laghad mar mheán bliantúil arna ríomh don tréimhse 2021-2025 agus don tréimhse 2026-2030 ag tosú ón ón sciar fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus ó fhoinsí dramhtheasa agus dramhfhuachta san earnáil teasa agus fuaraithe ceantair in 2020, a shloinntear i dtéarmaí an sciar den tomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil teasa agus fuaraithe ceantair , trí bhearta a chur chun feidhme lena bhféadfaí bheith ag súil go spreagfar, an meánardú bliantúil sin sna blianta ina mbeidh gnáthchoinníollacha aeráide iontu.

Na Ballstáit a bhfuil sciar fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht san earnáil teasa agus fuaraithe ceantair acu atá os cionn 60%, féadfaidh siad aon sciar mar sin a áireamh mar chomhlíonadh ar an meánardú bliantúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo.

Leagfaidh na Ballstáit síos na bearta riachtanach chun an meánardú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den phointe seo a chur chun feidhme ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide comhtháite de bhun Iarscríbhinn 1 de Rialachán (AE) 2018/...(42).

(b)  A áirithiú go mbeidh oibleagáid ar oibreoirí na gcóras téimh agus fuaraithe ceantair soláthróirí fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite agus ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht a cheangal nó go mbeidh oibleagáid orthu tairiscint a dhéanamh leo teas agus fuacht a táirgeadh ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh agus ó dhramhtheas agus ó dhramhfhuacht a cheangal agus a cheannach ó sholáthróirí tríú páirtithe, bunaithe ar chritéir neamh‑idirdhealaithe arna leagan síos ag údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann nuair is gá dóibh ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:

(i)  freastal ar an éileamh ó chustaiméirí nua;

(ii)  acmhainneacht eile a chur in ionad an acmhainneachta giniúna teasa nó fuachta atá ann cheana; agus

(iii)  an acmhainneacht teasa nó fuachta atá ann cheana a mhéadú.

5.   I gcás ina ndéanann Ballstát an rogha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a fheidhmiú, féadfaidh oibreoir an chórais téimh agus fuaraithe ceantair diúltú ▌an córas a cheangal agus teas nó fuacht a cheannach ó sholáthróirí tríú páirtí sna cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás nach bhfuil an acmhainn riachtanach ag an gcóras i ngeall ar sholáthair eile de dhramhtheas agus de dhramhfhuacht, de theas agus d'fhuacht ó fhoinsí inathnuaite nó de theas agus d'fhuacht arna dtáirgeadh ag comhghiniúint ardéifeachtúlachta;

(b)  i gcás nach gcomhlíonann an teas nó an fuacht ón soláthróir tríú páirtí na paraiméadair theicniúla atá riachtanach chun ceangal leis an gcóras agus chun oibríocht iontaofa, shábháilte an chórais téimh agus fuaraithe ceantair a áirithiú; nó

(c)  i gcás ina léirítear go mbeadh ardú iomarcach ar an gcostas teasa nó fuachta do thomhaltóirí i gcomparáid leis an gcostas a bhaineann leis an bpríomhsholáthair áitiúil teasa no fuachta lena bhféadfadh an foinse inathnuaite nó dramhtheas agus dramhfhuacht dul in iomaíocht.

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndiúltaíonn oibreoir córais téimh agus fuaraithe ceantair soláthróir téimh nó fuaraithe a cheangal leis an gcóras de bhun na chéad fhomhíre, go gcuirfidh an t‑oibreoir sin faisnéis ar na cúiseanna leis an diúltú, chomh maith leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh agus bearta le glacadh sa chóras chun go bhféadfaí an nasc a chumasú, ar fáil don údarás inniúil i gcomhréir le mír 9.

6.   I gcás ina ndéanann Ballstát an rogha dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 4 a fheidhmiú, féadfaidh sé oibreoirí na gcóras teasaithe agus fuaraithe ceantair seo a leanas a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an phointe sin:

(a)  téamh agus fuarú ceantair éifeachtach;

(b)  téamh agus fuarú ceantair éifeachtach ina saothraítear 'comhghiniúint ardéifeachtúlachta';

(c)  téamh agus fuarú ceantair a bheidh mar théamh agus fuarú ceantair éifeachtach, bunaithe ar phlean arna fhormheas ag an údarás inniúil, faoin 31 Nollaig 2025;

(d)  téamh agus fuarú ceantair a bhfuil iomlán a n-ionchur teirmigh rátaithe faoi 20 MW.

7.  Féadfaidh custaiméirí aonair, gnóthais chomhpháirteacha arna mbunú ag custaiméirí nó ag páirtithe eile thar ceann custaiméirí an ceart chun díscor a fheidhmiú trína gconradh a fhoirceannadh nó a mhodhnú de réir mhír 2. I gcás bloc árasán, ní fhéadfar díscor a dhéanamh ach amháin i gcomhréir leis an dlí tithíochta is infheidhme, ach amháin ar leibhéal fhoirgneamh ina iomláine .

8.  Gach ceithre bliana, ar a laghad, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí córas dáileacháin leictreachais, i gcomhar le hoibreoirí na gcóras téimh nó fuaraithe ceantair ina réigiún féin, measúnú a dhéanamh ar an acmhainn is féidir a bhaint as córais téimh agus fuaraithe ceantair chun seirbhísí cothromúcháin agus seirbhísí córais eile, lena n-áirítear freagairt don éileamh agus stóráil farasbarr leictreachais arna tháirgeadh ó fhoinsí inathnuaite agus measúnú a dhéanamh freisin ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé níos acmhainn-éifeachtúla agus níos costéifeachtúla, le hais réitigh mhalartacha, úsáid a bhaint as an acmhainn a sainaithníodh sa mheasúnú sin.

9.  Áiritheoidh na Ballstáit ▌ go ndéanfaidh na húdaráis inniúla cearta na dtomhaltóirí agus na rialacha maidir le córais téimh agus fuaraithe ceantair i gcomhréir leis an Airteagal seo a shainaithint go soiléir agus a fhorfheidhmiú, freisin.

10.  Ní cheanglófar ar Bhallstát mír 2 go mír 9 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás inarb ionann a sciar de théamh agus fuarú ceantair nó arb ionann nó inar lú é ná 2% den tomhaltas iomlán fuinnimh ina earnáil téimh agus fuaraithe ar an …[dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo];

(b)  i gcás ina bhfuil a sciar de théamh agus fuarú ceantair á ardú aige os cionn 2%, trí théamh agus fuarú ceantair éifeachtach nua a fhorbairt bunaithe ar a phlean comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid de bhun Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE)2018 /...(43) nó ar an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 15(7) den Treoir seo; nó

(c)  is ionann a sciar de na córais dá dtagraítear i mír 6 den airteagal seo agus os cionn 90% de dhíolacháin iomlán a théimh agus a fhuaraithe cheantair i mBallstát.

Airteagal 25

Príomhshruthú an fhuinnimh inathnuaite san earnáil iompair

1.   Chun an úsáid a bhaintear as fuinneamh inathnuaite a phríomhshruthú san earnáil iompair, leagfaidh gach Ballstát oibleagáid ar sholáthróirí breosla chun a áirithiú go mbeidh an sciar den fhuinneamh inathnuaite laistigh den ollthomhaltas deiridh fuinnimh san earnáil iompair ar a laghad 14 % faoi 2030 (sciar íosta) i gcomhréir le conair tháscach arna leagan síos ag an mBallstát agus arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagail 26 agus 27. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an oibleagáid sin, d'fhonn togra reachtach a thíolacadh faoi 2023 chun é a ardú i gcás ina bhfuil tuilleadh laghduithe costais suntasacha i dtáirgeadh fuinnimh inathnuaite, i gcás inar gá chun gealltanais idirnáisiúnta an Aontais maidir le dícharbónú a chomhlíonadh, nó i gcás in bhfuil údar leis mar gheall ar laghdú suntasach i dtomhaltas fuinnimh san Aontas.

Féadfaidh na Ballstáit soláthróirí breosla éagsúla agus iompróirí fuinnimh éagsúla a dhíolmhú nó idirdhealú a dhéanamh eatarthu agus an oibleagáid ar na soláthróirí breosla á socrú acu, á áirithiú go gcuirfear céimeanna éagsúla aibíochta agus costas na dteicneolaíochtaí difriúla san áireamh.

Chun an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)  cuirfidh siad breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch san áireamh agus i gcás ina mbaintear úsáid astu sin mar tháirgí eatramhacha chun breoslaí traidisiúnta a tháirgeadh; agus

(b)  féadfaidh siad breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh.

▌ Laistigh den sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, 0,2 % in 2022, 1 % in 2025 agus 3,5 %, ar a laghad, in 2030 a bheidh i rannchuidiú bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithgháis, a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IX, mar sciar de thomhaltas deiridh fuinnimh in earnáil an iompair.

Soláthróirí breoslaí a sholáthraíonn breoslaí i bhfoirm leictreachais nó i bhfoirm breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, féadfaidh na Ballstáit na soláthróirí sin a dhíolmhú ón gceanglas an sciar íosta de bhithbhreoslaí ardfhorbartha agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn IX a chomhlíonadh maidir leis na breoslaí sin.

Agus an oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa cheathrú fomhír á socrú acu chun a áirithiú go mbainfear amach an sciar a leagtar amach ansin, féadfaidh na Ballstáit déanamh amhaidh, inter alia, trí bhíthin bearta a ghlacadh lena ndírítear ar mhéideanna, ar luach fuinnimh nó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, ar an gcoinníoll go léirítear go mbaintear amach na sciartha íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa cheathrú fomhír.

2.  Ón 1 Eanáir 2021, beidh laghdú 70 %, ar a laghad, ar choigilteas astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr na húsáide a bhaintear as breoslaí inathnuaite iompair leachtacha nó gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch.

Faoin 1 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí íostairseacha iomchuí a bhunú i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhreoslaí carbóin athchúrsáilte trí mheasúnú ar an saolré ina gcuirfear sainiúlachtaí gach breosla san áireamh.

Airteagal 26

Rialacha sonracha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhia agus ó bharra beatha

1.  Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), ní mó a bheidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, i gcás ina dtáirgtear ó bharra bia agus beatha iad, ná pointe céatadán amháin níos airde ná an sciar de bhreoslaí den sórt sin i tomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d’iarnród sa Bhallstát sin in 2020, agus is 7 % den tomhaltas deiridh fuinnimh uasmhéid an tomhaltais a bheidh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d’iarnród sa Bhallstát sin.

I gcás ina bhfuil an sciar sin níos lú ná 1 % i mBallstát, féadfar é a mhéadú go huasmhéid 2 % den tomhaltas deiridh fuinnimh in earnálacha an iompair de bhóthar agus d’iarnród.

Féadfaidh na Ballstáit teorainn níos ísle a leagan agus féadfaidh siad, chun críocha Airteagal 29(1), idirdhealú a dhéanamh idir na bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise difriúla a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, agus an fhianaise is fearr atá ar fail maidir leis an tionchar a bheidh ag an athrú indíreach ar thalamhúsáid á cur san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit, mar shampla, teorainn níos ísle a leagan síos don sciar de bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna agus ó bhreoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bharra ola.

I gcás ina ndéantar an sciar de bhithbhreoslaí agus ó bhithleachtanna, chomh maith leis an sciar de bhreoslaí bithmhaise a thomhlaítear san iompar, a tháirgtear ó bharra bia nó beatha i mBallstát, a theorannú go sciar níos ísle ná 7 % nó ina gcinneann Ballstát an sciar a theorannú tuilleadh, féadfaidh an Ballstát sin an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a laghdú, dá réir sin, d’uasmhéid 7 bpointe céatadán.

2.  Chun ríomh a dhéanamh ar olltomhaltas deiridh fuinnimh Ballstáit ó fhoinsí inathnuaite dá dtagraítear in Airteagal 7 agus ar an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1), an sciar d'ard-úsáid neamhdhíreach talún a bhaineann le bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid mar thoradh orthu agus a dtugtar faoi deara gur cuireadh síneadh suntasach leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, ní sháróidh an sciar sin leibhéal thomhaltas na mbreoslaí sin sa Bhallstát sin in 2019, mura ndeimhnítear iad mar bhithbhreoslaí, mar bhithleachtanna nó mar bhreoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid mar thoradh orthu de bhun na míre seo.

Ón 31 Nollaig 2023 go dtían 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí, laghdófar an teorainn sin de réir a chéile go 0 %.

Faoin 1 Feabhra 2019, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an méadú a tháinig ar tháirgeadh domhanda na mbarr bia agus beatha ábhartha.

Faoin 1 Feabhra 2019, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na critéir a leagan amach chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dheimhniú agus chun bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh suntasach ar chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann. Beidh an tuarascáil agus an gníomh tarmligthe a ghabhann léi bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr a bheidh ar fáil.

Faoin 1 Meán Fómhair 2023, athbhreithneoidh an Coimisiún na critéir a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír bunaithe ar na sonraí eolaíocha is fearr a bheidh ar fáil agus déanfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun critéir den sórt sin a leasú, i gcás inarb iomchuí, agus chun an bealach a áireamh chun an rannchuidiú a thagann ó bhithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú ar thalamhúsáid mar thoradh orthu, a tháirgtear ó bhunábhar agus a dtugtar faoi deara gur cuireadh síneadh suntasach ar an limistéar táirgthele go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige mar thoradh orthu, le sprioc an Aontais a leagtar amach in Airteagal 3(1) agus leis an sciar íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 25(1) a laghdú.

Airteagal 27

Rialacha maidir le sciartha íosta an fhuinnimh inathnuaite in earnáil an iompair a ríomh

1.  Chun na sciartha íosta dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 25(1) a ríomh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a)  chun an t-ainmneoir a ríomh, arb é sin luach fuinnimh na mbreoslaí iompair bóthair agus iarnróid arna soláthar le tomhaltas nó le húsáid ar an margadh, cuirfear san áireamh peitreal, díosal, gás nádúrtha, bithbhreoslaí, bithghás, breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, breoslaí carbóin athchúrsáilte agus leictreachas a sholáthraítear d'earnálacha an iompair de bhóthar agus d’iarnród;

(b)  chun an t-uimhreoir a ríomh, arb é sin an méid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a thomhlaítear san earnáil iompair chun críocha na chéad fhomhíre d’Airteagal 25(1), cuirfear san áireamh luach fuinnimh gach cineáil fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a sholáthraítear do na hearnálacha iompair ar fad, lena n-áirítear leictreachas inathnuaite a sholáthraítear d'earnálacha an iompair de bhóthar agus d’iarnród. Féadfaidh na Ballstáit breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh freisin.

Chun an t-uimhreoir a ríomh, beidh an sciar de bhithbhreoslaí agus de bhithghás a tháirgtear ón mbunábhar a liostaítear i gCuid B d'Iarscríbhinn IX teorannaithe do 1,7 % de luach fuinnimh na mbreoslaí iompair arna soláthar le tomhaltas nó le húsáid ar an margadh, seachas sa Chipir agus i Málta. Féadfaidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil údar leis sin, an teorainn sin a mhodhnú, agus infhaighteacht an amhábhair á cur san áireamh. Beidh aon mhodhnú den sórt sin faoi réir fhormheas an Choimisiúin.

(c)  chun an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir araon a ríomh, úsáidfear na luachanna a bhaineann le luach fuinnimh breoslaí iompair a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Maidir leis an luach fuinnimh a ríomh i gcás breoslaí iompair nach gcuimsítear in Iarscríbhinn III, úsáidfidh na Ballstáit caighdeáin ábhartha ESO chun luachanna calracha breoslaí a chinneadh. I gcás nár glacadh aon chaighdeán ESO chun na críche sin, úsáidfear caighdeáin ábhartha ISO. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a leasú trí luach fuinnimh breoslaí iompair, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, a oiriúnú i gcomhréir le dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.

2.  Chun críocha comhlíonadh na sciartha íosta dá dtagraítear in Airteagal 25 (1) a léiriú:

(a)  féadfar an sciar a bhaineann le bithbhreoslaí agus bithghás le haghaidh iompair a tháirgtear ón mbunábhar atá liostaithe in Iarscríbhinn IX a mheas a bheith cothrom le dhá oiread a chion fuinnimh;

(b)  déanfar an sciar de leictreachas inathnuaite a mheas a bheith cothrom le ceithre huaire a chion fuinnimh nuair a chuirtear ar fáil d’fhéithiclí bóthair é, agus cothrom le 1,5 uair a chion fuinnimh nuair a chuirtear ar fáil d'iompar iarnróid é;

(c)  cé is moite de bhreoslaí a tháirgtear ó bharra bia agus beatha, déanfar sciar na mbreoslaí a sholáthraítear sna hearnálacha eitlíochta agus mara a mheas a bheith cothrom le 1,2 uair a gcion fuinnimh.

3.  Chun an sciar de leictreachas inathnuaite a ríomh sa leictreachas a sholáthraítear do fheithiclí bóthair agus iarnróid chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, ▌tagróidh na Ballstáit don tréimhse dhá bhliain roimh an mbliain ina soláthraítear an leictreachas ina gcríoch. ▌

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, chun an sciar de leictreachas a chinneadh chun críocha mhír 1 den Airteagal seo i gcás leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil a ghineann leictreachas inathnuaite agus a sholáthraítear d'fheithiclí bóthair, áireofar an leictreachas sin go hiomlán mar leictreachas inathnuaite.

Chun a áirithiú go bhfreastalófar, le toilleadh ginte fuinnimh inathnuaite bhreise, ar an ardú a mheastar a thiocfaidh ar an éileamh le haghaidh leictreachais san earnáil iompair le hais na bonnlíne atá ann faoi láthair, forbróidh an Coimisiún creat maidir le breisíocht san earnáil iompair agus forbróidh sé roghanna éagsúla d'fhonn bonnlíne na mBallstát a chinneadh agus breisíocht a thomhas.

Chun críocha na míre seo, i gcás ina n-úsáidtear leictreachas chun breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh, go díreach nó chun táirgí eatramhacha a tháirgeadh, ▌ déanfar úsáid a bhaint as an ▌ meánsciar de leictreachas ó fhoinsí inathnuaite i dtír an táirgthe, faoi mar a tomhaiseadh sin dhá bhliain roimh an mbliain atá i gceist, chun an sciar d’fhuinneamh inathnuaite a chinneadh. ▌

Mar sin féin, féadfar leictreachas a fhaightear ó nasc díreach le suiteáil lena ngintear leictreachas inathnuaite a áireamh go hiomlán mar leictreachas inathnuaite i gcás ina n-úsáidtear é chun na breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch a tháirgeadh ar an gcoinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na suiteála:

(a)  cuireadh i mbun feidhme é tar éis na suiteála lena ngintear na breoslaí inathnuaite iompair leachtach agus gásach de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó ag an am céanna; agus

(b)  níl sé ceangailte leis an eangach nó tá sé ceangailte leis an eangach ach is féidir fianaise a chur ar fáil gur soláthraíodh an leictreachas lena mbaineann gan leictreachas a thógáil ón eangach.

Féadfar leictreachas a tógadh ón eangach a áireamh mar leictreachas atá go hiomlán inathnuaite ar an gcoinníoll go ndearnadh é a tháirgeadh go heisiach ó fhoinsí inathnuaite agus gur léiríodh na hairíonna inathnuaite agus aon chritéir iomchuí eile, agus é á áirithiú nach ndéantar airíonna inathnuaite an leictreachais sin a mhaíomh ach an t-aon uair amháin agus in aon earnáil chríochúsáide amháin.

Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe trína gcomhlíonfaidh oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais a leagtar síos sa chúigiú agus séú fomhíreanna den mhír seo.

Airteagal 28

Forálacha eile maidir le fuinneamh inathnuaite san earnáil iompair

1.  D'fhonn an riosca go ndéanfaí coinsíneachtaí aonair a mhaíomh níos mó ná uair amháin san Aontas a laghdú, neartóidh na Ballstáit agus an Coimisiún an comhar i measc na gcóras náisiúnta agus idir na córais náisiúnta agus na scéimeanna deonacha agus na fíoraitheoirí deonacha a bunaíodh de bhun Airteagal 30, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, malartú faisnéise. I gcás ina bhfuil amhras ar an t-údarás inniúil de chuid Ballstáit faoi chalaois nó i gcás ina mbraitheann sé calaois, cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas faoi, i gcás inarb iomchuí.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear bunachar sonraí de chuid an Aontais ar bun ▌lenar féidir rianú a dhéanamh ar bhreoslaí iompair leachtacha nó gásacha atá incháilithe le bheith áirithe faoi chomhair an uimhreora dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 27(1) nó a cuirtear san áireamh chun na críocha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d'Airteagal 29(1). Cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha faisnéis a iontráil sa bunachar sonraí sin maidir leis na hidirbhearta a rinneadh agus maidir le hairíonna inbhuanaitheachta na mbreoslaí ▌sin, lena n-áirítear astaíochtaí saolré gás ceaptha teasa na mbreoslaí sin, ón am a dtáirgtear iad go dtí go gcuireann an soláthróir breosla ar an margadh iad. Féadfaidh Ballstát bunachar sonraí náisiúnta a chur ar bun a bheidh nasctha le bunachar sonraí an Aontais chun a áirithíu go ndéanfar faisnéis a aistriú idir na bunachair sonraí láithreach.

Déanfaidh soláthróirí breosla an fhaisnéis riachtanach a chur isteach sa bunachar sonraí ábhartha chun a fhíorú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa chéad fhomhír agus sa cheathrú fhomhír d’Airteagal 25(1).

3.  Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go bhfuil fáil ar bhreosla ó fhoinsí inathnuaite d'iompair, lena n-áirítear maidir le pointí athluchtaithe ardchumhachta agus bonneagair athbhreoslaithe eile a bhfuil rochtain phoiblí orthu dá bhforáiltear ina gcuid creataí beartais náisiúnta i gcomhréir le Treoir 2014/94/AE.

4.   Beidh rochtain ag na Ballstáit ar bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfaidh siad bearta chun a áirithiú go n-ndéanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis bheacht a iontráil sa bhunachar sonraí ábhartha. Na scéimeanna atá faoi réir cinneadh de bhun Airteagal 30(4) den Treoir seo, éileoidh an Coimisiún go ndéanfar a fhíorú leis na scéimeanna go bhfuil an ceanglas sin á chomhlíonadh tráth a mbeifear ag seiceáil go bhfuil na critéir inbhuanaitheachta do bhithbhreoslaí, do bhithleachtacha agus do bhreoslaí bithmhaise á gcomhlíonadh. Gach dhá bhliain, foilseoidh sé faisnéis chomhiomlánaithe ó bhunachar sonraí an Aontais de bhun Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/…(44).

5.  Faoin 31 Nollaig 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun ▌an Treoir seo a fhorlíonadh tríd an modheolaíocht a shonrú chun an sciar de bhithbhreosla, agus de bhithghás le haghaidh iompair, is toradh de bhithmhais a bheith á próiseáil in éineacht le breoslaí iontaise mar chuid de phróiseas comhchoiteann a chinneadh, agus chun an mhodheolaíocht a shonrú lena meastar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte, rud a fhágfaidh nach dtabharfar aon chreidmheas d'astaíochtaí a seachnaíodh i gcás dé-ocsaíd charbóin ar tugadh creidmheas astaíochta dá gabháil cheana faoi fhorálacha dlí eile.

6.  Faoin … [IO: sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na mbunábhar a leagtar amach i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn IX d’fhonn bunábhar a chur leis i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa tríú fomhír.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun liosta na mbunábhar a leagtar amach i gCodanna A agus B d'Iarscríbhinn IX a leasú trí bhunábhair a chur leis an liosta ach gan iad a bhaint de. Bunábhair is féidir a phróiseáil le hardteicneolaíochtaí agus leis sin amháin, déanfar iad a chur le Cuid A d'Iarscríbhinn IX. Bunábhair is féidir a phróiseáil ina mbithbhreoslaí, nó ina bhithghás le haghaidh iompair, le teicneolaíochtaí seanbhunaithe, déanfar iad a chur le Cuid B d'Iarscríbhinn IX.

Beidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin bunaithe ar anailís faoi acmhainneacht an amhábhair mar bhunábhar chun bithbhreoslaí agus bithghás don iompar a tháirgeadh agus an méid seo a leanas ar fad á chur san áireamh:

(a)  prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus ord na réiteach dramhaíola a bunaíodh le Treoir 2008/98/CE;

(b)  critéir inbhuanaitheachta an Aontais a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7);

(c)  an gá le héifeachtaí suntasacha díréireacha ar mhargaí le haghaidh táirgí, dramhaíola nó iarmhair nó seachtháirgí, seachdhramhaíola nó seach-iarmhair a sheachaint;

(d)  an acmhainneacht laghdú suntasach a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa le hais breoslaí iontaise bunaithe ar mheasúnú saolré astaíochtaí;

(e)  an gá le tionchair dhiúltacha ar an gcomhshaol ná ar an mbithéagsúlacht a sheachaint;

(f)  an gá le cruthú éileamh breise ar thalamh a sheachaint.

7.  Faoin 31 Nollaig 2025, i gcomhthéacs an mheasúnaithe dhébhliantúil ar an dul chun cinn arna dhéanamh de bhun Rialachán (AE) 2018/(45), measfaidh an Coimisiún cé acu an spreagadh éifeachtach nó nach ea an oibleagáid a bhaineann le bithbhreoslaí ardfhorbartha agus le bithghás a tháirgtear ó bhunábhair a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IX arna leagan síos sa cheathrú fhomhír d’Airteagal 25(1) agus cé acu an áirithíonn nó nach n‑áirithíonn an oibleagáid sin laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil iompair ▌. Déanfaidh an Coimisiún anailís sa mheasúnú sin le fáil amach an seachnaíonn cur i bhfeidhm an Airteagail seo cuntasaíocht faoi dhó ar fhuinneamh inathnuaite ar bhealach éifeachtach.

Tíolacfaidh an Coimisiún togra, más iomchuí, chun an oibleagáid maidir le bithbhreoslaí ardfhorbartha agus bithghás a tháirgtear ó bhunábhair a liostaítear i gCuid A d'Iarscríbhinn IX a leagtar síos sa cheathrú fomhír d’Airteagal 25(1) a leasú.

Airteagal 29

Critéir maidir le inbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise

1.  Ní chuirfear san áireamh fuinneamh ó bhithbhreoslaí, ó bhithleachtanna ná ó bhreoslaí bithmhaise chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den fhomhír seo ach amháin má chomhlíonann siad na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i míreanna 2 go 7 agus 10:

(a)  rannchuidiú le sprioc an Aontais a shocraítear in Airteagal 3(1) agus le sciartha fuinnimh inathnuaite na mBallstát;

(b)  tomhas a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí maidir le fuinneamh inathnuaite a úsáid, lena n-áirítear an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 25;

(c)  incháilitheacht maidir le tacaíocht airgeadais do thomhaltas bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise ▌.

Mar sin féin, maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó dhramhaíl agus ó iarmhair nach iarmhair talmhaíochta, dhobharshaothaithe, iascaigh ná foraoiseachta iad, ní gá dóibh sin ach na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10 a chomhlíonadh chun go gcuirfí san áireamh iad chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír. Beidh feidhm ag an bhfomhír seo freisin maidir le dramhaíl agus le hiarmhair a ndéantar iad a phróiseáil ar dtús chun táirge a dhéanamh díobh sula ndéantar tuilleadh próiseála orthu chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a dhéanamh díobh.

Ní bheidh an leictreachas, téamh nó fuarú a tháirgtear ó dhramhaíl sholadach chathrach faoi réir ▌na gcritéar maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos i mír 10.

Comhlíonfaidh breoslaí bithmhaise na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach i mír 2 go mír 7 agus 10 ▌ má usáidtear iad i suiteálacha a tháirgeann leictreachas, téamh agus fuarú nó breoslaí le hionchur teirmeach rátáilte iomlán atá cothrom le 20 MW nó níos mó ná 20 MW i gcás breoslaí bithmhaise soladach, agus le hionchur teirmeach rátáilte iomlán atá cothrom le 2 MW nó níos mó ná 2 MW i gcás breoslaí bithmhaise gásach. Féadfaidh na Ballstáit na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghduithe astaíochtaí gáis cheaptha teasa a chur i bhfeidhm maidir le suiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátáilte iomlán níos ísle ná sin acu.

Beidh feidhm ag na criteir maidir le hinbhuanaitheacht agus astaíochtaí gás cheaptha teasa a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 beag beann ar thionscnamh geografach na bithmhaise.

2.  Cuirfear bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó dhramhaíl agus iarmhair nach bhfuil díorthaithe ó fhoraoiseacht ach ó thalamh talmhaíochta a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 i gcás ina bhfuil pleananna faireacháin nó bainistíochta i bhfeidhm ag oibreoirí nó ag údaráis náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair ar cháilíocht na hithreach agus ar an gcarbón san ithir. Déanfar faisnéis maidir leis an gcaoi a dhéantar faireachán agus bainistiú ar na tionchair sin a thuairisc de bhun Airteagal 30(3).

3.  I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as amhábhar a fuarthas as talamh a bhfuil ardluach bithéagsúlachta aige, mar atá talamh a raibh aon cheann de na stádais seo a leanas aige in Eanáir 2008 nó dá éis, is cuma cé acu a choinnigh nó nár choinnigh an talamh an stádas sin:

(a)  foraois phríomhúil agus coillearnach eile, mar atá foraois agus coillearnach ina bhfuil speicis dúchais, agus gan aon fhianaise shoiléir infheicthe ann ar láimh an duine agus nach bhfuil aon chur isteach ar fiú trácht air tarlaithe do na próisis éiceolaíocha;

(b)  foraois agus coillearnach eile an-bhithéagsúil ar mhórán speiceas nach bhfuil díghrádaithe, nó atá aitheanta mar fhoraois nó coillearnach an-bhithéagsúil ag an údarás inniúil ábhartha, ach amháin má chuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(c)  limistéir arna n-ainmniú:

(i)  ag an dlí nó ag na húdaráis ábhartha inniúla chun críocha cosanta dúlra; nó

(ii)  chun cosaint a thabhairt d'éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, agus a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, faoi réir a n-aithinte i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 30(4);

mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nár chuir táirgeadh an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(d)  féarthalamh an-bhithéagsúil is fairsinge ná heicteáir amháin atá ina:

(i)  fhéarthalamh nádúrtha, mar atá féarthalamh a d'fhanfadh ina fhéarthalamh in éagmais lámh an duine agus a choinníonn slán comhdhéanamh na speiceas nádúrtha, maille lena chuid próiseas agus saintréithe éiceolaíocha; nó

(ii)  fhéarthalamh neamhnádúrtha, mar atá féarthalamh nach bhfanfadh ina fhéarthalamh in éagmais lámh an duine, agus atá saibhir ó thaobh speiceas de agus nach bhfuil díghrádaithe arna aithint ag an údarás ábhartha inniúil mar ard-bhithéagsúil, mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léireofar nach mór an bunábhar a bhuaint chun a stádas mar fhéarthalamh ard-bhithéagsúil a chaomhnú.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear tuilleadh na critéir chun a chinneadh cén féarthalamh atá le cumhdach faoi phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

4.  I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhfuil stoc ard carbóin aige, mar atá talamh a raibh aon cheann de na stádais seo thíos aige i mí Eanáir 2008 agus nár choinnigh an stádas sin:

(a)  bogach, mar atá talamh a bhíonn faoi uisce nó báite, go buan nó ar feadh cuid mhaith den bhliain;

(b)  limistéir foraoise gan bhriseadh, mar atá talamh is fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige is mó ná 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ;

(c)  talamh is fairsinge ná heicteáir amháin agus é faoi chrainn is airde ná cúig mhéadar agus clúdach téastair aige idir 10 % agus 30 %, nó faoi chrainn atá in ann na tairseacha sin a bhaint amach in situ; mura bhfuil fianaise ar fáil lena léireofar go bhfágann stoc carbóin an limistéir roimh a thiontú nó ina dhiaidh go sásaítear na coinníollach a leagtar síos i mír 10 den Airteagal seo ach an mhodheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V a chur i bhfeidhm.

Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo i gcás ina raibh ag an talamh, tráth a bhfuarthas an bunábhar, an stádas céanna a bhí aige in Eanáir 2008.

5.  I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais talmhaíochta agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, ní dhéanfar iad as bunábhar a fuarthas as talamh a bhí ina thalamh portaigh i mí Eanáir 2008, mura gcuirtear fianaise ar fáil nach mbaineann draenáil ithreach nár draenáladh roimhe sin le saothrú agus le buaint an bhunábhair sin.

6.  I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise agus arna gcur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhlíonfaidh siad na critéir seo a leanas chun an riosca go n-úsáidfí ▌bithmhais foraoise ó tháirgeadh neamh‑inbhuanaitheach a laghdú:

(a)  tá ag an tír inar baineadh an bhithmhais foraoise dlíthe náisiúnta agus/nó fonáisiúnta is infheidhme i limistéar na bainte mar aon le córais forfheidhmiúcháin agus faireacháin lena n-áirithítear an méid seo a leanas:

(i)  dlíthiúlacht ▌na n-oibríochtaí buainte;

(ii)  athghiniúint foraoise ar na limistéir a baineadh ▌;

(iii)   go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag an údarás ábhartha inniúil chun críocha cosanta dúlra, lena n-áirítear bogaigh agus tailte portaigh, a chosaint;

(iv)  ▌go ndéantar an bhuaint d'fhonn cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil, agus é mar aidhm tionchair dhiúltacha a laghdú; agus

(v)  go ndéantar an bhuaint cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a fheabhsú;

(b)  i gcás nach ann don fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, agus na breoslaí bithmhaise arna dtáirgeadh ó bhithmhais foraoise más rud é go bhfuil córais bainistíochta ann ar leibhéal an limistéir foinsithe foraoise chun an méid seo a leanas a áirithiú▌:

(i)  dlíthiúlacht na n-oibríochtaí buainte;

(ii)  athghiniúint foraoise ar na limistéir a baineadh ▌;

(iii)   go ndéantar limistéir arna n-ainmniú ag an dlí idirnáisiúnta nó ag an dlí náisiúnta nó ag na húdaráis ábhartha inniúla chun críocha cosanta dúlra, lena n-áirítear bogaigh agus tailte portaigh, a chosaint mura gcuirtear fianaise ar fáil lena léirítear nach gcuireann buaint an bhunábhair sin as do na críocha cosanta dúlra sin;

(iv)  go ndéantar an bhuaint d'fhonn cáilíocht agus bithéagsúlacht na hithreach a choinneáil agus mar aidhm léi iarmhairtí diúltacha a íoslaghdú; agus

(v)  go ndéantar an bhuaint cumas táirgthe fadtéarmach na foraoise a choinneáil nó a fheabhsú.

7.  I dtaca le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais fhoraoise, ▌agus a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, comhlíonfaidh siad na ceanglais seo a leanas maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF):

(a)  tá tír tionscnaimh na bithmhaise foraoise nó eagraíocht réigiúnach um chomhtháthú eacnamaíochta tionscnaimh na bithmhaise foraoise ag comhlíonadh an méid seo a leanas ▌:

(i)  tá sí ina Páirtí ▌ i gcomhaontú Pháras;

(ii)  tá rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC) curtha faoi bhráid Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) aici, ina gcuimsítear astaíochtaí agus aistrithe ó earnáil na talmhaíochta, na foraoiseachta agus ón talamhúsáid, lena n-áirithítear go n-áirítear athruithe sa stoc carbóin a ghabhann le baint bithmhaise ina gcuid de thiomantas na tíre maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú nó a theorannú de réir mar a shonraítear sa NDC, sin; nó

(iii)   dlíthe náisiúnta nó fonáisiúnta i bhfeidhm aici, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Chomhaontú Pháras, ar dlíthe iad is infheidhme i réimse na bainte, ar mhaithe le stoic charbóin agus linnte carbóin a chaomhnú agus a fheabhsú, ina soláthraítear fianaise nach mó na hastaíochtaí tuairiscithe in earnáil LULUCF ná na haistrithe;

(b)  i gcás nach ann don fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, cuirfear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, agus na breoslaí bithmhaise a tháirgtear ó bhithmhais foraoise más rud é go bhfuil córais bainistíochta ann ar leibhéal limistéir foinsithe foraoise lena áirithiú go gcoinnítear ar bun, nó go neartaítear stoic charbóin agus linnte carbóin san fhadtéarma.

8.  Faoin 31 Eanáir 2021, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear an treoir oibríochtúil maidir leis an bhfianaise chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar síos i míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo á gcomhlíonadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

9.  Faoi 31 Nollaig 2026, bunaithe ar na sonraí a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na critéir a leagtar síos i míreanna 6 agus 7 féachaint an ndéanann siad an riosca maidir le ▌húsáid bithmhaise foraoise ó tháirgeadh neamh-inbhuanaitheach a laghdú go héifeachtach, agus cé acu a théann nó nach dtéann siad i ngleic le critéir LULUCF.

Tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach, más iomchuí, chun na critéir a leagtar síos i míreanna 6 agus 7 don tréimhse tar éis 2030 a leasú.

10.  Is é seo a leanas an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a eascróidh as úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna, agus breoslaí bithmhaise a chuirtear san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1:

(a)  50 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair, agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ar 5 Deireadh Fómhair 2015 nó roimhe;

(b)  60 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair, agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 6 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 31 Nollaig 2020;

(c)  65 % ar a laghad do bhithbhreoslaí, do bhithghás arna thomhailt san earnáil iompair agus do bhithleachtanna arna dtáirgeadh i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 1 Eanáir 2021;

(d)  70 % ar a laghad do leictreachas, do tháirgeadh téimh agus fuaraithe ó bhreoslaí bithmhaise arna n-úsáid i suiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 1 Eanáir 2021, agus 80 % do shuiteálacha arna gcur i mbun feidhme ón 1 Eanáir 2026 amach.

Measfar suiteáil a bheith i mbun feidhme a luaithe a bheidh tús curtha le táirgeadh fisiciúil bithbhreoslaí, bithgháis arna thomhailt san earnáil iompair agus bithleachtanna agus tairgeadh fisiciúil don téamh agus don fhuarú, agus leictreachais ó bhreoslaí bithmhaise.

Déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid bithbhreoslaí, bithgháis arna thomhailt san earnáil iompair, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a úsáidtear i suiteálacha táirgthe téimh, fuaraithe agus leictreachais a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 31(1).

11.  Ní dhéanfar leictreachas ó bhreosla bithmhaise ▌a chur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 ach amháin má chomhlíonann sé ceann amháin nó níos mó de na ceanglais seo a leanas:

(a)  déantar é a tháirgeadh i suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán faoi 50 MW; nó

(b)  i gcás suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán idir 50 agus 100 MW, déantar é a tháirgeadh trí theicneolaíocht ardéireachtúil chomhghiniúna a chur i bhfeidhm, nó i gcás suiteálacha leictreachais amháin a chomhlíonann leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaineann leis na teicnící is fearr atá ar fáil (BAT-AEELanna), mar a shainmhínítear i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1442 ón gCoimisiún(46);

(c)  i gcás suiteálacha a bhfuil a n-ionchur teirmeach rátaithe iomlán os cionn 50 MW, déantar é a tháirgeadh trí theicneolaíocht chomhghiniúna ardéifeachtúlachta a chur i bhfeidhm, nó, i gcás suiteálacha leictreachais amháin, a bhaineann amach leibhéal glanéifeachtúlachta leictreachais de 36 % ar a laghad,;

(d)  déantar é a tháirgeadh trí Ghabháil agus Stóráil CO2 Bithmhaise a chur i bhfeidhm.

Chun críocha phointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní chuirfear suiteálacha leictreachais amháin san áireamh ach amháin i gcás nach n-úsáideann siad breoslaí iontaise mar phríomhbhreosla agus i gcás nach bhfuil acmhainneacht chostéifeachtach ann maidir le teicneolaíocht chomhghiniúna ardéifeachtúlachta de réir an mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2012/27/AE.

Chun críocha phointí (a) agus (b) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag an mhír seoacu ach amháin maidir le suiteálacha a rachaidh i mbun feidhme nó a chomshóitear ionas gur féidir leo úsáid a bhaint as breoslaí bithmhaise tar éis ▌an ... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo ▌]. Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo ní dochar an mhír seo do thacaíocht arna tabhairt faoi scéimeanna tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4 arna bhformheas faoin ▌... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo ]▌.

Féadfaidh na Ballstáit ceanglais éifeachtúlachta fuinnimh níos airde ná na ceanglais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chur i bhfeidhm ar shuiteálacha a bhfuil ionchur teirmeach rátaithe is ísle ná sin acu.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le leictreachas arna tháirgeadh i suiteálacha ar thug Ballstát fógra sonrach don Choimisiún ina leith agus an fógra sin bunaithe ar fhianaise chuí-réasúnaithe go mbaineann rioscaí le cinnteacht an tsoláthair leictreachais sin. Ar mheasúnú an fhógra sin dó, glacfaidh an Coimisiún cinneadh ina gcuirfear san áireamh na heilimintí sin ar fad.

12.  Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, agus gan dochar d'Airteagail 25 agus Airteagal 26, ní dhiúltóidh na Ballstáit, ar aon chúis eile dá mbaineann leis an inbhuanaitheacht, bithbhreoslaí agus bithleachtanna a fuarthas agus an tAirteagal seo á chomhlíonadh a chur san áireamh. Ní dochar an mhír seo do thacaíocht phoiblí faoi scéimeanna tacaíochta a ceadaíodh roimh an … [IO: cuir siteach data chur chun feidhme na Treorach seo].

13.  Chun na críocha dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit maolú, ar feadh tréimhse teoranta, ó na critéir a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 agus 11 den Airteagal seo trí chritéir éagsúla a ghlacadh a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)  suiteálacha atá suite i réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE a mhéid a tháirgeann na saoráidí sin leictreachas nó téamh nó fuarú ó bhreoslaí bithmhaise; agus

(b)  breoslaí bithmhaise a úsáidtear sna suiteálacha dá dtagraítear i bpointe (a) den fhomhír seo, beag beann ar áit tionscnaimh na bithmhaise sin, ar an gcoinníoll go bhfuil údar oibiachtúil le critéir den sórt sin ar na forais gurb é is aidhm leo, i gcás na réigiún is forimeallaí, céimniú isteach rianúil na gcritéar a leagtar síos i míreanna 2 go 7 agus 10 agus 11den Airteagal seo a áirithiú, rud a bheadh mar dhreasacht don aistriú ó bhreoslaí iontaise go breoslaí bithmhaise inbhuanaithe.

Beidh na critéir éagsúla dá dtagraítear sa mhír seo faoi réir fógra sonrach a thabharfaidh an Ballstát ábhartha don Choimisiún.

14.  Chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit critéir inbhuanaitheachta bhreise a bhunú do bhreoslaí bithmhaise.

Faoi 31 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar thionchar na gcritéar breise sin ar an margadh inmheánach, agus cuirfear leis sin, más gá sin, togra lena n-áiritheofar comhchuibhiú na gceanglas sin.

Airteagal 30

Comhlíonadh na gcritéar maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a fhíorú ▌

1.  I gcás ina mbíonn bithbhreoslaí, bithleachtanna agus ▌ breoslaí bithmhaise, nó breoslaí eile atá incháilithe le bheith áirithe faoi chomhair an uimhreora dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 27(1), le cur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 25 agus i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 29(1), ceanglóidh na Ballstáit ar na hoibreoirí eacnamaíocha a thaispeáint go bhfuiltear tar éis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) a chomhlíonadh. Chun na gcríoch sin, ceanglóidh siad ar na hoibreoirí eacnamaíocha úsáid a bhaint as córas cothromúcháin maise ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)  is féidir leis coinsíneachtaí de bhunábhar nó ▌ de bhreoslaí nach ionann a dtréithe inbhuanaitheachta ná a dtréithe maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a mheascadh, mar shampla: i gcoimeádán, i saoráid próiseála nó saoráid lóistíochtúil, in infreastruchtúr tarchurtha nó dáileacháin nó ar shuíomh;

(b)  is féidir leis coinsíneachtaí de bhunábhar nach ionann a luach fuinnimh a mheascadh chun go bpróiseálfaí a thuilleadh iad, ar choinníoll go ndéantar méid na gcoinsíneachtaí a oiriúnú i gcomhréir lena luach fuinnimh;

(c)  ceanglófar leis faisnéis maidir le hairíonna inbhuanaitheachta agus airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus méideanna na gcoinsíneachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) chun go bhfágfaí sa mheascán é; agus

(d)  déantar foráil chun gur féidir a rá i dtaobh suim na gcoinsíneachtaí ar fad a baineadh amach as an meascán gurb ionann airíonna inbhuanaitheachta dóibh, ach na cainníochtaí céanna a bheith i gceist, agus suim na gcoinsíneachtaí móide an meascán agus ní mór an t-iarmhéid sin a bhaint amach le linn tréimhse iomchuí.

Áiritheofar leis an gcóras cothromúcháin maise nach ndéanfar gach coinsíneacht a áireamh ach an t-aon uair amháin i bpointe (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(1) chun olltomhaltas deiridh fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a ríomh agus tabharfar faisnéis ann i dtaobh ar tugadh nó nár tugadh tacaíocht do tháirgeadh na coinsíneachta sin, agus más amhlaidh a tugadh, maidir le cineál na scéime tacaíochta.

2.  I gcás ina bpróiseáiltear coinsíneacht, déanfar oiriúnú ar an bhfaisnéis faoi na hairíonna inbhuanaitheachta agus faoi na hairíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus sannfar sin don aschur i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas:

(a)  i gcás nach mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht de bhunábhar ach aschur amháin arb aidhm dó bithbhreoslaí, bithleachtanna nó ▌breoslaí bithmhaise, breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, oiriúnófar méid na coinsíneachta agus cainníochtaí ábhartha na n‑airíonna inbhuanaitheachta agus na n-airíonna maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de réir fachtóir tiontaithe arna bhunú ar an gcoibhéis atá idir mais an aschuir sin atá beartaithe don táirgeadh sin agus mais an bhunábhair atá á thabhairt isteach sa phróiseas;

(b)  i gcás ina mbíonn de thoradh ar an bpróiseáil a dhéantar ar choinsíneacht de bhunábhar níos mó ná aschur amháin arb aidhm dó bithbhreoslaí, bithleachtanna nó ▌breoslaí bithmhaise, breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch nó breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh, cuirfear i bhfeidhm ar gach aschur fachtóir tiontaithe ar leith agus cothromú maise ar leith.

3.  Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go dtíolacann oibreoirí faisnéis iontaofa faoin gcomhréireacht leis na tairseacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa atá leagtha amach in Airteagal 25 (2), agus a glacadh de bhun Airteagal 25 (2), agus leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ar fáil don Bhallstát ábhartha, arna iarraidh sin dó, na sonraí a úsáideadh chun an fhaisnéis a fhorbairt. Ceanglóidh na Ballstáit ar oibreoirí eacnamaíocha socrú a dhéanamh maidir le caighdeán leordhóthanach iniúchóireachta neamhspleáiche don fhaisnéis a tíolacadh, agus fianaise a chur ar fáil go bhfuil an méid sin déanta acu. Chun pointe (a) d’Airteagal 29(6) agus pointe (a) d’Airteagal 29(7) a chomhlíonadh, féadfar iniúchóireacht chéad páirtí nó dara páirtí a úsáid suas go dtí céad phointe bailiúcháin na bithmhaise foraoise. Fíorófar leis an iniúchóireacht sin go bhfuil na córais atá á n-úsáid ag na hoibreoirí eacnamaíocha cruinn, iontaofa agus slán ar chalaois, lena n-áirítear fíorúcháin lena n-áirítear nach ndéantar aon ábhar a mhodhnú nó a dhiúscairt d'aon ghnó ionas go bhféadfaí an choinsíneacht nó cuid den choinsíneacht a bheith ina dramhaíl nó ina iarmhar. Leis an iniúchóireacht sin, déanfar minicíocht agus modheolaíocht na samplála, mar aon le stóinseacht na sonraí, a mheasúnú ▌.

Beidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar síos sa mhír seo is cuma cé acu a ndearnadh na bithbhreoslaí, na bithleachtanna, na breoslaí bithmhaise, na breoslaí inathnuaite iompair leachtacha nó gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch, nó na breoslaí carbóin athchúrsáilte a tháirgeadh laistigh den Aontas nó a ndearnadh iad a allmhairiú. Déanfar faisnéis faoi thionscnamh geografach agus cineál bunábhair na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna agus na mbreoslaí bithmhaise in aghaidh an tsoláthróra breosla a chur ar fáil do thomhaltóirí ar shuíomhanna gréasáin na n-oibreoirí, na soláthróirí nó na n-údarás ábhartha inniúil agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil.

Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, i bhfoirm chomhiomlán, an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar an ardán ríomhthuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/…(47) i bhfoirm achoimrithe, agus rúndacht na faisnéise sin atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú aige.

4.  Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go gcuirtear sonraí cruinne ar fáil sna scéimeanna deonacha náisiúnta nó idirnáisiúnta lena socraítear caighdeáin chun bithbhreoslaí, bithleachtanna nó breoslaí bithmhaise, nó breoslaí eile atá incháilithe le bheith áirithe faoi chomhair uimhreora dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 25(1) a tháirgeadh chun críocha Airteagal 25(2) agus Airteagal 29(10), go dtaispeánfar gur comhlíonadh Airteagal 27(3) agus Airteagal 28(2) agus (4), nó go dtaispeánfar go gcomhlíonann coinsíneachtaí de bhithbhreoslaí, de bhithleachtanna nó de bhreoslaí bithmhaise i na critéir maidir le hinbhuanaitheacht a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) ▌. Agus é á thaispeáint acu go bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 29(6) agus (7) á gcomhlíonadh acu, féadfaidh na hoibreoirí cinneadh a dhéanamh an fhianaise a cheanglaítear a chur ar fáil ar leibhéal an limistéir foinsithe féin. Féadfaidh an Coimisiún limistéir a aithint chun cosaint a thabhairt d'éiceachórais nó speicis atá neamhchoitianta, faoi bhagairt nó i mbaol, agus a aithnítear i gcomhaontuithe idirnáisiúnta nó a chuirtear ar liostaí arna gcur i dtoll a chéile ag eagraíochtaí idir-rialtasacha nó ag an Aontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra chun críocha phointe (c)(ii) den chéad fhomhír d’Airteagal 29(3).

Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go mbeidh sna scéimeanna sin faisnéis chruinn faoi na bearta a glacadh chun ithir, uisce agus aer a chosaint, chun talamh díghrádaithe a athchóiriú, chun ró-thomhaltas uisce a sheachaint i limistéir ina mbíonn ganntanas uisce, agus chun bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann riosca íseal maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a dhearbhú.

5.  Déanfaidh an Coimisiún cinntí faoi mhír 4 den Airteagal seo a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3). Beidh cinntí den sórt sin bailí ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana.

Ceanglóidh an Coimisiún go ndéanfaidh gach scéim dheonach ar glacadh cinneadh ina leith faoi mhír 4, tuarascáil ▌a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ▌ faoin 30 Aibreán gach bliain ▌, ina gcumhdaítear gach ceann de na pointí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/...(48). Cumhdófar sa tuarascáil imeachtaí na bliana féilire roimhe sin. ▌ Ní bheidh feidhm ag an gceanglas tuarascáil a thíolacadh ach i dtaca le scéimeanna deonacha a bhfuil 12 mhí, ar a laghad, caite i mbun feidhme acu.

Cuirfidh an Coimisiún ar fáil na tuarascálacha a ullmhaíodh mar chuid de na scéimeanna deonacha, i bhfoirm chomhiomlán nó go hiomlán más iomchuí, ar an ardán ríomhthuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 28 de Rialachán (AE) 2018/...(49).

6.  Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a chur ar bun lena ndéanfar fíorú ar an gcomhréireacht, ó thús deireadh an tslabhra coimeádta ina mbeidh na húdaráis inniúla náisiúnta páirteach, i dtaca leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus i dtaca leis na tairseacha maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 25(2), agus a ghlactar de bhun Airteagail 25(2).

Féadfaidh Ballstát fógra faoi scéim náisiúnta den sórt sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún tús áite don mheasúnú ar scéim den sórt sin chun aitheantas frithpháirteach déthaobhach agus iltaobhach scéimeanna a éascú maidir le fíorú a dhéanamh ar an gcomhréireacht i dtaca leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhithbhreoslaí, do bhithleachtanna agus do bhreoslaí bithmhaise agus leis na tairseacha maidir le laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa do bhreoslaí eile atá incháilithe chun comhaireamh i dtreo an uimhróra dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27 (1). Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomlíonann scéim náisiúnta den sórt sin ar tugadh fógra ina leith na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

Más cinneadh dearfach a dhéanfar, ní dhiúltóidh aon scéim arna bunú i gcomhar leis an Airteagal seo aitheantas frithpháirteach do scéim an Bhallstáit eile, a mhéid a bhaineann le fíorú a dhéanamh ar an gcomhréireacht leis na critéir inbhuanaitheachta agus leis na critéir maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) agus maidir leis na tairseacha do laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 25(2), agus a ghlactar de bhun Airteagail 25(2)).

7.  Ní ghlacfaidh an Coimisiún cinntí faoi mhír 4 den Airteagal seo ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an scéim atá i gceist caighdeáin leordhóthanacha maidir le hiontaofacht, le trédhearcacht, agus le hiniúchóireacht neamhspleách agus i gcás ina dtugtar ráthaíochtaí leordhóthanacha nach ndearnadh aon ábhar a mhodhnú nó a dhiúscairt d'aon ghnó ionas gur faoi chuimsiú Iarscríbhinn IX a d'áireofaí an choinsíneacht sin nó cuid den choinsíneacht sin. I gcás na scéimeanna lena dtomhaistear laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, comhlíonfaidh scéimeanna den sórt sin na ceanglais mhodheolaíocha freisin a leagtar amach in Iarscríbhinn V nó VI. I dtaca le liostaí de limistéir darb ardluach bithéagsúlachta dá dtagraítear i bpointe (c)(ii)den chéad fhomhír d’Airteagal 29(3), comhlíonfaidh siad caighdeáin leordhóthanacha maidir le hoibiachtúlacht agus comhréireacht i leith caighdeáin idirnáisiúnta aitheanta agus déanfar foráil iontu maidir le nósanna imeachta achomhairc oiriúnacha.

Déanfaidh na scéimeanna deonacha dá dtagraítear i mír 4 liosta a fhoilsiú, go bliantúil ar a laghad, ar a mbeidh na comhlachtaí deimhniúcháin a úsáideadh don iniúchóireacht neamhspleách, maille le hainm an eintitis nó an údaráis inniúil náisiúnta a thug aitheantas don chomhlacht deimhniúcháin agus ainm an eintitis nó an údaráis inniúil náisiúnta atá ag déanamh faireacháin air.

8.  Chun a áirithiú go ndéantar an chomhréireacht leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, chomh maith leis na forálacha maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus bithbhreoslaí lena ngabhann riosca íseal nó ard maidir le hathrú díreach agus indíreach ar thalamhúsáid a fhíorú go héifeachtúil agus go comhchuibhithe agus, go háirithe, chun an chalaois a chosc, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonraítear rialacha mionsonraithe cur chun feidhme, lena n-áirítear caighdeáin leordhóthanacha iontaofachta, trédhearcachta, agus iniúchóireacht neamhspleách, agus é a chur de cheanglas ar gach scéim dheonach na caighdeáin sin a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

Sna gníomhartha cur chun feidhme sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an ngá atá ann an t-ualach riaracháin a laghdú. Leis na gníomhartha cur chun feidhme, leagfar síos creat ama faoina mbeidh ar na scéimeanna deonacha na caighdeáin a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún cinntí lena n-aithnítear scéimeanna deonacha de bhun mhír 4 a aisghairm má tharlaíonn sé go dteipeann ar na scéimeanna sin caighdeáin den sórt sin a chur chun feidhme laistigh den chreat ama dá bhforáiltear. I gcás ina n-ardaíonn Ballstát ábhair imní nach bhfuil scéim dheonach ag feidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le hiontaofacht, le trédhearcacht, agus le hiniúchóireacht neamhspleách arb iad is bonn dochinntí faoi mhír 4, déanfaidh an Coimisiún an t-ábhar a imscrúdú agus gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh.

9.  I gcás ina soláthróidh oibreoir eacnamaíoch fianaise nó sonraí a fhaightear i gcomhréir le scéim a ndearnadh cinneadh ina leith de bhun mhír 4 nó 6, a mhéid a chumhdaítear leis an gcinneadh sin, ní chuirfidh Ballstát de cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar faoin gcomhréireacht leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10).

Déanfaidh ▌ údaráis inniúla na mBallstát maoirseacht ar oibríocht na gcomhlachtaí deimhniúcháin ▌ atá i mbun iniúchóireacht neamhspleách faoi scéim dheonach. Ar iarraidh ó na húdaráis inniúla, tíolacfaidh na comhlachtaí deimhniúcháin an fhaisnéis ábhartha uile is gá chun maoirseacht a dhéanamh ar an oibríocht, lena n‑áirítear dáta beacht na n-iniúchóireachtaí, an tráth a ndearnadh iad agus an áit ina ndearnadh iad. I gcás ina n-aimsíonn na Ballstáit saincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh, cuirfidh siad sin in iúl don scéim dheonach gan mhoill.

10.  Ar iarraidh ó Bhallstát, a fhéadfaidh a bheith bunaithe ar an iarraidh ó oibreoir eacnamaíoch scrúdóidh an Coimisiún, ar bhonn na fianaise uile a bheidh ar fáil, cibé acu ar comhlíonadh na critéir maidir le hinbhuanaitheachta agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar síos in Airteagal 29(2) go (7) agus (10) maidir le foinse bithbhreoslaí, foinse bithleachtanna nó foinse breoslaí bhithmhaise, agus maidir leis na tairseacha do laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a leagtar amach in Airteagal 25(2), agus a ghlactar de bhun Airteagail 25(2) .

Laistigh de shé mhí tar éis iarraidh den sórt sin a fháil agus i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3), déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh an bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann

(a)  bithbhreoslaí, bithleachtanna, breoslaí bithmhaise agus breoaslaí eile atá incháilithe le comhaireamh i dtreo an uimhreora dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27(1) ón bhfoinse sin a ehur san áireamh chun na gcríoch dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chead fhomhír d’Airteagal 29(1); nó

(b)  de mhaolú ar mhír 9 den Airteagal seo, go bhféadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chur de cheangal ar sholáthróir foinse na mbithbhreoslaí, na mbithleachtanna, na mbreoslaí bithmhaise agus na mbreoslaí eile atá incháilithe le comhaireamh i dtreo an uimhreora dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 27(1) an bhithbhreosla, na bithleachta nó an bhreosla bhithmhaise tuilleadh fianaise a chur ar fáil maidir leis na critéir maidir le hinbhuanaitheacht agus maidir le laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus maidir leis na tairseacha do laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith á gcomhlíonadh.

Airteagal 31

Tionchar gáis ceaptha teasa a bhíonn ag bithbhreoslaí, ag bithleachtanna agus ag breoslaí bithmhaise a ríomh

1.  Chun críocha Airteagal 29(10), déanfar an laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa de bharr úsáid bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a ríomh i gceann de na bealaí seo a leanas:

(a)  i gcás ina leagtar síos luach réamhshocraithe don laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i dtaca leis an gconair táirgeachta i gCuid A nó i gCuid B d'Iarscríbhinn V do bhithbhreoslaí agus do bhithleachtanna agus i gCuid A d'Iarscríbhinn VI do bhreoslaí bithmhaise i gcás inarb ionann le náid nó níos lú ná náid luach el na mbithbhreoslaí nó na mbithleachtanna sin arna ríomh i gcomhréir le pointe 7 i gCuid C d'Iarscríbhinn V agus na mbreoslaí bithmhaise sin arna ríomh i gcomhréir le pointe 7 i gCuid B d'Iarscríbhinn VI trí úsáid a bhaint as an luach réamhshocraithe sin;

(b)  trí úsáid a bhaint as luach iarbhír arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar síos i gCuid C d'Iarscríbhinn V do bhithbhreoslaí agus do bhithleachtanna agus i gCuid B d'Iarscríbhinn VI do bhreoslaí bithmhaise ;

(c)  trí úsáid a bhaint as luach arna ríomh mar shuim na bhfachtóirí atá sna foirmlí dá dtagraítear i bpointe 1 i gCuid C d'Iarscríbhinn V, nuair is féidir na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe atá i gCuid D nó i gCuid E d'Iarscríbhinn V a úsáid ar son cuid de na fachtóirí, maille le luachanna iarbhír, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid C d'Iarscríbhinn V, i gcás gach fachtóra eile; nó

(d)  trí úsáid a bhaint as luach arna ríomh mar shuim na bhfachtóirí atá sna foirmlí dá dtagraítear i bpointe 1 i gcuid B d'Iarscríbhinn VI, i gcás inar féidir na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe atá i gcuid C d'Iarscríbhinn VI a úsáid ar son cuid de na fachtóirí, agus ina n-usáidtear luachanna iarbhír, arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid B d'Iarscríbhinn VI i gcás gach fachtóra eile.

2.  Féadfaidh na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin tuarascálacha lena n-áirítear faisnéis faoi luachanna tipiciúla na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a thagann ó shaothrú bunábhar talmhaíochta sna limistéir sin ar a gcríocha arna n-aicmiú mar leibhéal 2 in Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh (NUTS), nó mar leibhéal NUTS atá níos dí‑chomhiomlánaithe, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(50). Ag gabháil leis na tuarascálacha sin, beidh cur síos ar an modh agus ar na sonraí a úsáideadh chun leibhéal na n-astaíochtaí a ríomh. Cuirfear san áireamh sa mhodh sin saintréithe na hithreach, an aeráid, agus na torthaí atáthar a thuar i dtaca le hamhábhar.

3.  I gcás na gcríoch sin atá lasmuigh den Aontas, is féidir tuarascálacha atá ar aon dul leo siúd dá dtagraítear i mír 2, arna n-ullmhú ag comhlachtaí inniúla, a thíolacadh don Choimisiún.

4.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh go bhfuil sna tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 den Airteagal seo sonraí cruinne chun críocha tomhais a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le bunábhar de thionscnamh bithmhais talmhaíochta a shaothrú, arna dtáirgeadh i limistéir a áirítear i dtuarascálacha den chineál sin chun críocha Airteagal 29(10). Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3).

Is féidir, de bhun na gcinntí sin, na sonraí sin a úsáid in áit na luachanna réamhshocraithe dí-chomhiomlánaithe d'earnáil an tsaothraithe a leagtar síos i gCuid D nó nó i gcuid E d'Iarscríbhinn V i gcás bithbhreoslaí agus bithleachtanna agus i gcuid C d'Iarscríbhinn VI i gcás breoslaí bithmhaise.

5.  Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar Iarscríbhinní V agus VI, d'fhonn, ach údar a bheith leis, luachanna maidir le conairí táirgthe bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise a chur leo nó chun iad a athbhreithniú. Measfar freisin sna hathbhreithnithe sin an modheolaíocht a leagtar síos i gcuid C d'Iarscríbhinn V agus i gcuid B d'Iarscríbhinn VI a mhodhnú▌.

Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 35 chun Iarscríbhinní V agus VI a leasú, i gcás inarb iomchuí, trí na luachanna réamhshocraithe a chur leis nó a athchóiriú nó an modheolaíocht a mhodhnú.

I gcás aon oiriúnú nó breisiú a dhéanfar ar liosta na luachanna réamhshocraithe in Iarscríbhinní V agus VI:

(a)  más beag a chuireann fachtóir le líon foriomlán na n-astaíochtaí, nó má bhíonn an éagsúlacht teoranta, nó má bhaineann costas mór nó deacracht mhór le bunú na luachanna iarbhír, beidh na luachanna réamhshocraithe ina luachanna tipiciúla mar a ghabhfadh le gnáthphróisis táirgthe;

(b)  i ngach cás eile, beidh na luachanna réamhshocraithe coimeádach le hais na ngnáthphróiseas táirgthe.

6.  Nuair is gá sin chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go haonfhoirmeach Cuid C d'Iarscríbhinn V agus Cuid B d'Iarscríbhinn VI, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe lena n‑áirítear sainmhínithe, fachtóirí tiontaithe, ríomh ar astaíochtaí bliantúla ar shaothrú nó ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar athruithe ar stoic charbóin ostalún agus fothalún ar thalamh atá á shaothrú cheana, mar aon le ríomh ar laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa mar thoradh ar ghabháil CO2, ar athsholáthar CO2 agus ar stóráil gheolaíoch CO2. Is i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(3) a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 32

Gníomhartha cur chun feidhme

Cuirfear san áireamh sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 29(3), Airteagal 29(8) ▌, an dara fomhír d'Airteagal 30(5), ▌ an dara fhomhír d'Airteagal 30(6), an chéad fhomhír d'Airteagal 30(8), an chéad fhomhír d'Airteagal 31(4) agus Airteagal 31(6) den Treoir seo na forálacha a bhaineann le laghduithe astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomhréir le hAirteagal 7a de Threoir 98/70 / CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(51).

Airteagal 33

Faireachán an Choimisiúin

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar thionscnamh bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise arna dtomhailt san Aontas agus ar thionchar a dtáirgthe, lena n-áirítear tionchar de bharr easáitithe, ar thalamhúsáid san Aontas agus sna tríú tíortha sin arb iad na príomh-thríú tíortha soláthair iad. Beidh an faireachán sin bunaithe ar phleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát agus ar thuarascálacha comhfhreagracha maidir le dul chun cinn de bhun Airteagail 3, 17 agus 20 de Rialachán (AE) 2018/...(52) , agus ar thuarascálacha de chuid tríú tíortha ábhartha, eagraíochtaí idir-rialtasacha, staidéir eolaíocha, maille le haon eolas ábhartha eile. Ina theannta sin, déanfaidh an Coimisiún faireachán ar athruithe ar phraghsanna tráchtearraí a bhaineann le húsáid bithmhaise le haghaidh fuinnimh agus ar aon tionchair ghaolmhara, idir mhaith is olc, ar chinnteacht an tsoláthair bia.

2.  Coinneoidh an Coimisiún ar bun dialóg agus malartú faisnéise le tríú tíortha, agus le táirgeoirí bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise, le heagraíochtaí tomhaltóirí, agus leis an tsochaí shibhialta i dtaca le cur chun feidhme ginearálta na mbeart atá sa Treoir seo a mhéid a bhaineann le bithbhreoslaí, le bithleachtanna agus le breoslaí bithmhaise. Beidh aird ar leith aige, faoi chuimsiú an chreata sin, ar an tionchar a d'fhéadfadh táirgeadh bithbhreosla, bithleachta agus breosla bithlmhaise a imirt ar phraghas an bhia.

3.  In 2026, tíolacfaidh an Coimisiún, más iomchuí, togra reachtach maidir leis an gcreat rialála maidir le cur chun cinn an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite don tréimhse tar éis 2030.

Sa togra sin, cuirfear san áireamh an taithí a fuarthas agus an Treoir seo á cur chun feidhme, lena n-áirítear a hinbhuanaitheacht agus a cuid critéar maidir le laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa, maille le forbairtí teicniúla i réimse an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite.

4.  In 2032, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanfar athbhreithniú ar fheidhmiú na Treorach seo.

Airteagal 34

Nós imeachta coiste

1.  Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón gCoiste Aontais Fuinnimh arna bhunú le hAirteagal 44 de Rialachán (AE) 2018 / ... (53).

2.  D'ainneoin mhír 1, cuideoidh an Coiste um Inbhuanaitheacht Bithbhreoslaí, Bithleachtanna agus Breoslaí Bithmhaise leis an gCoimisiún maidir le hábhair a bhaineann le hinbhuanaitheacht bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bhithmhaise. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus is ag an tríú fomhír d'Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh feidhm.

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Tabharfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 8(3), an dara fomhír d'Airteagal 25(2), an ceathrú fomhír d'Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír d'Airteagal 2 (2), pointe (c) d'Airteagal 27(1), an seachtú fomhír d'Airteagal 27(2), Airteagal 28 (5), an dara fomhír d'Airteagal 28(6), agus an dara fomhír d'Airteagal 31(5) don Choimisiún ar feadh tréimhse cúig bliana ó ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Tabharfar an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 7(3) don Choimisiún go ceann tréimhse dhá bliain ón …[IO: dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

4.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 7 (3), an dara fomhír d'Airteagal 8 (3), an dara fomhír d'Airteagal 25 (2), an ceathrú fomhír d'Airteagal 26 (2)), an cúigiú fomhír d'Airteagal 26 (2), pointe (c) d'Airteagal 27 (1), an seachtú fomhír d'Airteagal 27 (3), Airteagal 28 (5), an dara fomhír d'Airteagal 28 (6), agus an dara fomhír d'Airteagal 31(5) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

5.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

6.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

7.  Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an chúigiú fomhír d'Airteagal 7 (3), an dara fomhír d'Airteagal 8(3), an dara fomhír d'Airteagal 25(2), an ceathrú fomhír d'Airteagal 26(2), an cúigiú fomhír d'Airteagal 26(2) ), pointe (c) d'Airteagal 27(1), an seachtú fomhír d'Airteagal 27(3), Airteagal 28(5), an dara fomhír d'Airteagal 28 (6), agus an dara fomhír d'Airteagal 31(5), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach i gcás nach mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Trasuí

1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 13, 15 go 31, 37 agus Iarscríbhinní II, III agus V go IX a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2021. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

3.  Ní dhéanfar difear leis an Treoir seo d'fheidhmiú na maoluithe de bhun dhlí an Aontais maidir leis an margadh inmheánach i leith leictreachais.

Airteagal 37

Aisghairm

Déantar Treoir 2009/28/CE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear i gcuid A d'Iarscríbhinn XI, a aisghairm le héifeacht ón 1 Iúil 2021, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach i gcuid B d'Iarscríbhinn XI a thrasuí sa dlí náisiúnta agus gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát in 2020 mar a leagtar síos in Airteagal 3(1) agus mar a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn 1 de Threoir 2009/28/CE.

Is mar thagairtí don Treoir seo, a léifear i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XII, a dhéanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú.

Airteagal 38

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 39

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Spriocanna foriomlána na mBallstát do sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh in 2020(54)

A.  Spriocanna foriomlána na mBallstát

 

Sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, 2005 (S2005)

An sprioc do sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san olltomhaltas deiridh fuinnimh, 2020 (S2020)

An Bheilg

2,2 %

13 %

An Bhulgáir

9,4 %

16 %

Poblacht na Seice

6,1 %

13 %

An Danmhairg

17,0 %

30 %

An Ghearmáin

5,8 %

18 %

An Eastóin

18,0 %

25 %

Éire

3,1 %

16 %

An Ghréig

6,9 %

18 %

An Spáinn

8,7 %

20 %

An Fhrainc

10,3 %

23 %

An Chróit

12,6 %

20 %

An Iodáil

5,2 %

17 %

An Chipir

2,9 %

13 %

An Laitvia

32,6 %

40 %

An Liotuáin

15,0 %

23 %

Lucsamburg

0,9 %

11 %

An Ungáir

4,3 %

13 %

Málta

0,0 %

10 %

An Ísiltír

2,4 %

14 %

An Ostair

23,3 %

34 %

An Pholainn

7,2 %

15 %

An Phortaingéil

20,5 %

31 %

An Rómáin

17,8 %

24 %

An tSlóivéin

16,0 %

25 %

Poblacht na Slóvaice

6,7 %

14 %

An Fhionlainn

28,5 %

38 %

An tSualainn

39,8 %

49 %

An Ríocht Aontaithe

1,3 %

15 %

IARSCRÍBHINN II

Riail normalúcháin don chuntas ar leictreachas arna ghiniúint ó hidreachumhacht agus ó chumhacht ghaoithe

Cuirfear an riail seo a leanas i bhfeidhm chun críocha cuntasaíochta don leictreachas arna ghiniúint ó hidreachumhacht i mBallstát tugtha:

(QN(norm))( CN[(/(i)( N 14))(QiCi)] 15) nuair atá:

N

=

an bhliain tagartha;

QN(norm)

=

an leictreachas normalaithe arna ghiniúint ag gach stáisiún hidrileictreach den Bhallstát sa bhliain N, chun críocha cuntasaíochta;

Qi

=

cainníocht an leictreachais arna ghiniúint go hiarbhír i mbliain i ag gach stáisiún hidrileictreach sa Bhallstát arna thomhas in GWh, gan táirgeadh ó aonaid taisce pumpála a úsáideann uisce a pumpáladh in aghaidh fána roimhe sin;

Ci

=

an toilleadh iomlán suiteáilte, glan ar thaisce pumpála, ó gach stáisiún hidrileictreach sa Bhallstát ag deireadh na bliana i, arna thomhas in MW.

Cuirfear an riail seo a leanas i bhfeidhm chun críocha cuntasaíochta don leictreachas arna ghiniúint ó chumhacht ghaoithe ar talamh i mBallstát tugtha:

(QN(norm))((CN CN 12)((/(i)(Nn))Qi(/(j)(Nn))(Cj Cj 12))) nuair atá:

N

=

an bhliain tagartha;

QN(norm)

=

an leictreachas normalaithe arna ghiniúint ag gach gléasra cumhachta gaoithe ar talamh den Bhallstát sa bhliain N, chun críocha cuntasaíochta;

Qi

=

cainníocht an leictreachais arna ghiniúint go hiarbhír i mbliain i ag gach stáisiún hidrileictreach ar talamh sa Bhallstát arna thomhas in GWh;

Cj

=

an toilleadh iomlán suiteáilte atá ag gach gléasra cumhachta gaoithe ar talamh sa Bhallstát ag deireadh na bliana j, arna thomhas in MW;

n

=

4 nó an líon de bhlianta roimh bhliain N lena bhfuil sonraí faoin toilleadh agus táirgeachta ar fáil don Bhallstát atá i gceist, cibé acu is ísle.

Cuirfear an riail seo a leanas i bhfeidhm chun críocha cuntasaíochta don leictreachas arna ghiniúint ó chumhacht ghaoithe amach ón gcósta i mBallstát tugtha:

(QN(norm))((CN CN 12)((/(i)(Nn))Qi(/(j)(Nn))(Cj Cj 12))) nuair atá:

N

=

an bhliain tagartha;

QN(norm)

=

an leictreachas normalaithe arna ghiniúint ag gach gléasra cumhachta gaoithe amach ón gcósta den Bhallstát sa bhliain N, chun críocha cuntasaíochta;

Qi

=

cainníocht an leictreachais arna ghiniúint go hiarbhír i mbliain i ag gach stáisiún hidrileictreach amach ón gcósta sa Bhallstát arna thomhas in GWh;

Cj

=

an toilleadh iomlán suiteáilte atá ag gach gléasra cumhachta gaoithe amach ón gcósta sa Bhallstát ag deireadh na bliana j, arna thomhas in MW;

n

=

4 nó an líon de bhlianta roimh bhliain N lena bhfuil sonraí faoin toilleadh agus táirgeachta ar fáil don Bhallstát atá i gceist, cibé acu is ísle.

IARSCRÍBHINN III

Luach fuinnimh breoslaí

Breosla

Luach fuinnimh de réir meáchain (luach calrach íochtarach, MJ/kg)

Luach fuinnimh de réir toirte (luach calrach íochtarach, MJ/l)

BREOSLAÍ Ó BHITHMHAIS AGUS/NÓ Ó OIBRÍOCHTAÍ PRÓISEÁLA BITHMHAISE

Bithphrópán

46

24

Ola glasraí íon (ola arna tháirgeadh ó phlandaí ola trí fháisceadh, eastóscadh nó nósanna imeachta inchomparáide, amh nó scagtha ach gan aon athrú ceimiceach)

37

34

Bithdhíosal – eistear meitile aigéid shailligh (eistear meitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

37

33

Bithdhíosal – eistear eitile aigéid shailligh (eistear eitile arna tháirgeadh ó ola de tionscnamh bithmhaise)

38

34

Bithghás is féidir a íonú go cáilíocht gáis nádúrtha

50

-

Ola de thionscnamh bithmhaise arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin, le húsáid in ionad díosail

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin, le húsáid in ionad díosail

45

30

Ola de thionscnamh bithmhaise arna chóireáil go teirmiceimiceach le hidrigin, le húsáid in ionad scairdbhreosla

44

34

Ola de thionscnamh bithmhaise arna chóireáil go teirmiceimiceach, le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

24

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad díosail

43

36

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad peitril

44

32

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad scairdbhreosla

43

33

Ola comhphróiseáilte (próiseáilte i scaglann go comhuaineach le breosla iontaise) de thionscnamh bithmhaise nó bithmhaise pirealaithe le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe

46

23

BREOSLAÍ INAITHNUAITE IS FÉIDIR A THÁIRGEADH Ó FHOINSÍ ÉAGSÚLA INAITHNUAITE LENA n-ÁIRÍTEAR BITHMHAIS

Meatánól ó fhoinsí inathnuaite

20

16

Eatánól ó fhoinsí inathnuaite

27

21

Própánól ó fhoinsí inathnuaite

31

25

Bútanól ó fhoinsí inathnuaite

33

27

Díosal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad díosail)

44

34

Peitreal Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad peitril)

44

33

Scairdbhreosla Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in scairdbhreosla)

44

33

Gás peitriliam leachtaithe Fischer-Tropsch (hidreacarbón sintéiseach nó meascán de hidreacarbóin shintéiseacha le húsáid in ionad gás peitriliam leachtaithe)

46

24

DME (éitear démheitile)

28

19

Hidrigin ó fhoinsí inathnuaite

120

-

ETBE (éitear búitileach treasach eitileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

36 (37 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

27 (37 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

MTBE (éitear búitileach treasach meitileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

35 (22 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

26 (22 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

TAEE (éitear eitileach treasach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (29 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

29 (29 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

TAME (éitear eitileach treasach meitileach aimileach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

36 (18 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

28 (18 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

THxEE (éitear eitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn eatánóil)

38 (25 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

30 (25 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

THxME (éitear meitileach treasach heicsealach arna tháirgeadh ar bhonn meatánóil)

38 (14 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

30 (14 % ó fhoinsí inathnuaite san áireamh)

BREOSLA IONTAISE

Peitreal

43

32

Díosal

43

36

IARSCRÍBHINN IV

Deimhniú suiteálaithe

Beidh na scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna um cháilíochtaí coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 18 (3) bunaithe ar na critéir seo a leanas:

1.  Beidh an próiseas deimhnithe nó cáilithe trédhearcach agus sainithe go soiléir ag na Ballstáit nó ag an gcomhlacht riaracháin a cheapfaidh siad.

2.  Beidh deimhniú ag suiteálaithe bithmhaise, teaschaidéal, geoiteirmeach éadomhain agus fótavoltach gréine agus fuinnimh teirmeach gréine ó chlár oiliúna nó soláthraí oiliúna creidiúnaithe.

3.  Is iad na Ballstáit nó an comhlach riaracháin a cheapfaidh siad a dhéanfaidh creidiúnú ar an gclár nó soláthraí oiliúna. Áiritheoidh an comhlacht creidiúnaithe go mbeidh leanúnachas agus clúdach réigiúnach nó náisiúnta ag baint leis an gclár oiliúna arna thairiscint ag an soláthraí oiliúna. Beidh saoráidí teicniúla leordhóthanacha ag an soláthraí oiliúna chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar, lena n-áirítear trealamh áirithe saotharlainne nó saoráidí comhfhreagracha chun oiliúint phraiticiúil a sholáthar. Chomh maith leis an mbunoiliúint, déanfaidh an soláthraí oiliúna cúrsaí athnuachana níos giorra a thairiscint ar cheisteanna na huaire, lena n-áirítear ar theicneolaíochtaí nua, chun go mbeidh foghlaim ar feadh an tsaoil ar fáil sna gléasraí. Féadfaidh monaróir an trealaimh nó an chórais, institiúidí nó cumainn bheith ina soláthraí oiliúna.

4.  Beidh codanna teoiriciúla agus codanna praiticiúla araon san áireamh san oiliúint a mbeidh deimhniú suiteálaí nó cáilíocht suiteálaí mar thoradh leis. Ag deireadh na hoiliúna, ní mór na scileanna a bheith ag an suiteálaí atá de dhíth chun an trealamh agus na córais ábhartha a shuiteáil chun riachtanais feidhmíochta agus iontaofachta an chustaiméara a shásamh, ceardaíocht ardchaighdeáin a úsáid, agus gach cód agus caighdeán is infheidhme, lena n‑áirítear lipéadú fuinnimh agus éicilipéadú, a chomhlíonadh.

5.  Críochnóidh an cúrsa oiliúna le scrúdú a mbeidh deimhniú nó cáilíocht mar thoradh leis. Beidh measúnú praiticiúil ar choirí bithmhaise nó soirn bhithmhaise, teaschaidéil, suiteálacha geoiteirmeacha éadoimhne, suiteálacha fótavoltacha gréine nó teirmeacha gréine a shuiteáil go rathúil san áireamh sa scrúdú.

6.  Sna scéimeanna deimhniúcháin nó scéimeanna um cháilíochtaí coibhéiseacha dá dtagraítear in Airteagal 18(3) tabharfar aird chuí ar na treoirlíne seo a leanas:

(a)  Ba cheart cláir oiliúna creidiúnaithe a thairiscint do shuiteálaithe a bhfuil taithí oibre acu, a bhfuil na cineálacha oiliúna seo a leanas déanta nó á dhéanamh acu:

(i)  i gcás suiteálaithe coirí agus sorn bithmhaise: oiliúint mar phluiméir, oirtheoir píopaí, innealtóir téimh nó teicneoir suiteála trealamh sláintíochta agus téimh nó fuaraithe mar réamhriachtanas;

(ii)  i gcás suiteálaithe teaschaidéal: oiliúint mar phluiméir nó innealtóir fuaraithe agus bunscileanna leictreachais agus pluiméireachta (gearradh píopaí, ailt píopaí a shádráil, ailt píopaí a ghliúáil, fálú, feistis a shéalú, tástáil le haghaidh sceite agus córais téimh nó fuaraithe a shuiteáil) mar réamhriachtanas;

(iii)  i gcás suiteálaithe córas fótavoltach gréine nó teirmeach gréine: oiliúint mar phluiméir nó leictreoir agus scileanna pluiméireachta, leictreachais agus díonta, lena n-áirítear cur amach ar ailt píopaí a shádráil, ailt píopaí a ghliúáil, feistis a shéalú, tástáil le haghaidh sceitheadh pluiméireachta, cumas sreanga a nascadh, eolas ar bhunábhair dín agus ar mhodhanna fleasctha agus séalaithe mar réamhriachtanas; nó

(iv)  scéim gairmoiliúna chun scileanna leordhóthanacha a sholáthar do shuiteálaithe a fhreagraíonn d'oideachas trí bliana sna scileanna dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) nó pointe (c) a chuimsíonn foghlaim sa seomra ranga agus foghlaim obairbhunaithe araon.

(b)  Sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe sorn agus coirí bithmhaise ba cheart forléargas a thabhairt ar staid margaidh an bhithmhaise agus ba cheart gnéithe éiceolaíocha, breoslaí bithmhaise, lóistíocht, cosaint dóiteáin, fóirdheontais ghaolmhara, teicnící dócháin, córais adhainte, réitigh hiodrálacha optamacha, comparáidí idir an costas agus an cumas tuillimh a chumhdach, chomh maith le coirí bithmhaise agus soirn bhithmhaise a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil. Ba cheart eolas maith a thabhairt mar chuid den oiliúint ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teicneolaíochtaí agus breoslaí bithmhaise (millíní mar shampla) agus ar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais a bhaineann le bithmhais.

(c)  Ba cheart forléargas a thabhairt sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe teaschaidéal ar staid an mhargaidh do theaschaidéil agus acmhainní geoteirmeacha agus teocht foinsí talún i réigiúin éagsúla, ithreacha agus carraigeacha a shainaithint don seoltacht theirmeach, rialacháin maidir le hacmhainní geoteirmeacha a úsáid, a indéanta atá sé teaschaidéil a úsáid i bhfoirgnimh agus an córas teaschaidéil is oiriúnaí a fháil amach a chumhdach, chomh maith le heolas faoi na ceanglais theicniúla a bhaineann leo, sábháilteacht, scagadh aeir, nascadh leis an bhfoinse teasa agus leagan amach an chórais. Ba cheart eolas maith a thabhairt mar chuid den oiliúint ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teaschaidéal agus ar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais ábhartha. Ba cheart don suiteálaí na príomh-inniúlachtaí seo a leanas a léiriú:

(i)  buntuiscint ar na prionsabail fhisiciúla agus oibríochta a bhaineann le teaschaidéal, lena n-áirítear tréithe thimthriall an chaidéil: an gaol idir teocht íseal an slogaide teasa; teocht ard na foinse teasa, agus éifeachtúlacht an chórais, an chomhéifeacht feidhmiúcháin a oibriú amach agus an chomhéifeacht feidhmiúcháin shéasúraigh (SPF) a oibriú amach;

(ii)  tuiscint ar na comhpháirteanna agus ar an bhfeidhm atá acu i dtimthriall an teaschaidéil, lena n-áirítear an comhbhrúiteoir, an comhla forbartha, an galaitheoir, an comhdhlúthadán, na feistis agus feistí, an ola bhealaithe, an cuisneán, agus féidearthachtaí forthéamh, fofhuarú agus fuarú a dhéanamh le teaschaidéil; agus

(iii)  an cumas comhpháirteanna, agus méid na gcomhpháirteanna, a roghnú don ghnáthshuiteáil, lena n-áirítear luachanna tipiciúla a oibriú amach don lód teasa atá ag foirgnimh éagsúla agus don táirgeacht uisce te bunaithe ar thomhaltas fuinnimh, acmhainn an teaschaidéil a oibriú amach bunaithe ar an luach fuinnimh chun uisce te a tháirgeadh, ar thoirt stórála an fhoirgnimh agus ar an soláthar inbhriste cumhachta; an chomhpháirt a fheidhmíonn mar umar maolánach agus toirt an umair sin a oibriú amach, chomh maith leis an bhféidearthacht córas teasa tánaisteach a chuimsiú ann.

(d)  sa chuid theoiriciúil den oiliúint do shuiteálaithe córas fótavoltach gréine agus córas teirmeach gréine ba cheart forléargas a thabhairt ar staid margaidh na dtáirgí gréine agus ar an gcomparáid idir na costais agus an cumas tuillimh, agus ba cheart gnéithe éiceolaíocha, comhpháirteanna, tréithe agus socrú méide na gcóras gréine, córais chruinne a roghnú agus socrú méide na gcomhpháirteanna, an t‑éileamh teasa a oibriú amach, cosaint dóiteáin, fóirdheontais ghaolmhara a chumhdach, chomh maith le suiteálacha fótavoltacha gréine agus teirmeacha gréine a dhearadh, a shuiteáil agus a chothabháil. Ba cheart eolas maith a thabhairt mar chuid den oiliúint ar aon chaighdeán Eorpach le haghaidh teicneolaíochtaí, agus ar dheimhniú ar nós Solar Keymark, agus ar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais a bhaineann le hábhar. Ba cheart don suiteálaí na príomh‑inniúlachtaí seo a leanas a léiriú:

(i)  an cumas bheith ag obair go sábháilte ag baint úsáid as na huirlisí agus an trealamh atá de dhíth agus ag cur cóid agus caighdeáin shábháilteachta chun feidhme, agus guaiseanna pluiméireachta, leictreacha nó guaiseanna eile a bhaineann le suiteálacha gréine a shainaithint;

(ii)  an cumas córais, agus na comhpháirteanna a ghabhann leo, a bhaineann go sonrach le córais ghníomhacha agus éighníomhacha a shainaithint, lena n-áirítear an dearadh meicniúil, agus suíomh na gcomhpháirteanna agus leagan amach agus cumraíocht an chórais a oibriú amach;

(iii)  an cumas an t-achar suiteála, an treoshuíomh agus an claonadh a oibriú amach do chórais fhótavoltacha gréine agus do théitheoirí uisce gréine, ag cur san áireamh scáthú, rochtain ar an ngrian, iomláine struchtúrach agus oiriúnacht na suiteála don fhoirgneamh nó don aeráid agus modhanna suiteála éagsúla a shainaithint atá oiriúnach do chineálacha éagsúla dín agus trealaimh (cothromaíocht an córais nó "balance of system") atá de dhíth don tsuiteáil; agus

(iv)  i gcás córais fhótavoltacha gréine go háirithe, an cumas an dearadh leictreach a oiriúnú, lena n-áirítear sreabha dearaidh a oibriú amach, cineálacha oiriúnacha seoltóirí agus rátálacha oiriúnacha a roghnú do gach ciorcad leictreach, an méid, rátáil agus suíomh oiriúnach a oibriú amach don trealamh uile agus do na fochórais uile atá gaolmhar, agus pointe idirnaisc oiriúnach a roghnú.

(e)  ba cheart deimhniú suiteálaí a bheith teoranta ó thaobh ama de, sa chaoi go mbeadh athnuachan, i bhfoirm seimineáir nó i bhfoirm imeachta eile, de dhíth le leanúint de bheith deimhnithe.

IARSCRÍBHINN V

Rialacha chun tionchar gáis ceaptha teasa bithbhreoslaí, bithleachtanna agus a dtáirgí comparáide breosla iontaise a ríomh

A.  LUACHANNA TIPICIÚLA AGUS LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DO BHITHBHREOSLAÍ I gCÁS INA dTÁIRGTEAR IAD GAN GLANASTAÍOCHTAÍ CARBÓIN Ó ATHRÚ SA TALAMHÚSÁID

Conair táirgeachta an bhithbhreosla

Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa -luachanna tipiciúla

Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa -luachanna réamhshocraithe

eatánól biatais siúcra (gan bhithghás ó ligean, gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna coirí traidisiúnta)

67 %

59 %

eatánól biatais siúcra (le bithghás ó ligean, gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna coirí traidisiúnta)

77 %

73 %

eatánól biatais siúcra (gan bhithghás ó ligean, gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ*)

73 %

68 %

eatánól biatais siúcra (le bithghás ó ligean, gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ*)

79 %

76 %

eatánól biatais siúcra (gan bhithghás ó ligean, gual donn mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ *)

58 %

47 %

eatánól biatais siúcra (le bithghás ó ligean, gual donn mar bhreosla próisis sna coirí CTÉ *)

71 %

64 %

eatanól déanta as arbhar (Indiach) (gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna coirí traidisiúnta)

48 %

40 %

eatanól déanta as arbhar (Indiach), (gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ * )

55 %

48 %

eatánól déanta as arbhar (Indiach) (gual donn mar bhreosla próisis sna coirí traidisiúnta*)

40 %

28 %

eatanól déanta as arbhar (Indiach) (iarmhair foraoise mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ*)

69 %

68 %

gránaigh eile seachas eatanól déanta as arbhar Indiach (gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna coirí traidisiúnta)

47 %

38 %

gránaigh eile seachas eatanól déanta as arbhar Indiach (gás nádúrtha mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ*)

53 %

46 %

gránaigh eile seachas eatanól déanta as arbhar Indiach (gual donn mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ*)

37 %

24 %

gránaigh eile seachas eatanól déanta as arbhar Indiach (iarmhair foraoise mar bhreosla próisis sna gléasraí CTÉ*)

67 %

67 %

eatanól cána siúcra

70 %

70 %

an chuid d'éitear búitileach treasach eitileach (ETBE) ó fhoinsí inathnuaite

Luachanna céanna leo sin don chonair táirgeachta eatánóil a úsáideadh

an chuid d'éitear eitileach treasach aimileach (TAEE) ó fhoinsí inathnuaite

Luachanna céanna leo sin don chonair táirgeachta eatánóil a úsáideadh

bithdhíosal síl ráibe

52 %

47 %

bithdhíosal lus na gréine

57 %

52 %

bithdhíosal pónairí soighe

55 %

50 %

bithdhíosal ola pailme ( linn oscailte d'eisilteach )

32 %

19 %

bithdhíosal ola pailme (próiseas lena ngabhtar meatán ag an muileann ola)

51 %

45 %

bithdhíosal ola dramhaíola cócaireachta

88 %

84 %

bithdhíosal as saill ainmhíoch a leá **

84 %

78 %

ola glasraí arna chóireáil le hidrigin ó shíol ráibe

51 %

47 %

ola glasraí arna chóireáil le hidrigin ó lus na gréine

58 %

54 %

ola glasraí arna chóireáil le hidrigin ó phónairí soighe

55 %

51 %

bithdhíosal arna chóireáil le hidrigin ó ola phailme ( linn oscailte d'eisilteach )

34 %

22 %

ola glasraí arna chóireáil le hidrigin ó ola phailme (próiseas lena ngabhtar meatán ag an muileann ola)

53 %

49 %

ola arna chóireáil le hidrigin ó dhramh‑ola cócaireachta

87 %

83 %

ola arna chóireáil le hidrigin as saill ainmhíoch a leá **

83 %

77 %

ola glasraí íon ó shíol ráibe

59 %

57 %

ola glasraí íon ó lus na gréine

65 %

64 %

ola glasraí íon ó phónairí soighe

63 %

61 %

ola glasraí íon ó ola phailme (linn oscailte d'eisilteach)

40 %

30 %

ola glasraí íon ó ola phailme (próiseas lena ngabhtar meatán ag an muileann ola)

59 %

57 %

ola arna chóireáil le hidrigin ó dhramh-ola cócaireachta

98 %

98 %

 

 

(**) Níl feidhm aige ach amháin maidir le bithbhreoslaí arna dtáirgeadh ó sheachtháirgí ainmhithe a aicmítear mar ábhar i gcatagóir 1 agus i gcatagóir 2 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(55) nach gcuirtear astaíochtaí a bhaineann le sláintíocht atá mar chuid den phróiseas san áireamh ina leith

(*) Níl na luachanna réamhshocraithe do phróisis lena n-úsáidtear cumhacht agus teas in éineacht bailí ach amháin má sholáthraíonn an stáisiún CTÉ teas iomlán an phróisis.

B.  LUACHANNA TIPICIÚLA AGUS LUACHANNA RÉAMHSHOCRAITHE DO BHITHBHREOSLAÍ AMACH ANSEO NACH RAIBH AR AN MARGADH NÓ NACH RAIBH ACH CAINNÍOCHT DHIOMAIBHSEACH AR AN MARGADH IN 2016, MÁ THÁIRGTEAR IAD GAN AON GHLANASTAÍOCHTAÍ ÓN ATHRÚ SA TALAMHÚSÁID

Conair táirgeachta an bhithbhreosla

Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa -luachanna tipiciúla

Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa -luachanna réamhshocraithe

eatánól tuí cruinneachta

85 %

83 %

díosal Fischer-Tropsch déanta as bruscarnach adhmaid i ngléasra scoite

85 %

85 %

díosal Fischer-Tropsch déanta as adhmad saothraithe i ngléasra scoite

82 %

82 %

peitreal Fischer-Tropsch déanta as bruscarnach adhmaid i ngléasra scoite

85 %

85 %

peitreal Fischer-Tropsch déanta as adhmad saothraithe i ngléasra scoite

82 %

82 %

éitear démheitile (DME) déanta as bruscarnach adhmaid i ngléasra scoite

86 %

86 %

éitear démheitile (DME) déanta as adhmad saothraithe i ngléasra scoite

83 %

83 %

meatánól déanta as bruscarnach adhmaid i ngléasra scoite

86 %

86 %

meatánól déanta as adhmad saothraithe i ngléasra scoite

83 %

83 %

díosal Fischer – Tropsch déanta as gású liocáire duibhe comhtháite le laíon ag an muileann

89 %

89 %

peitreal Fischer – Tropsch déanta as gású liocáire duibhe comhtháite le laíon ag an muileann

89 %

89 %

éitear démheitile (DME) Fischer ‑ Tropsch déanta as gású liocáire duibhe comhtháite le laíon ag an muileann

89 %

89 %

meatánól déanta as gású liocáire duibhe comhtháite le laíon ag an muileann

89 %

89 %

an chuid d'éitear búitileach treasach meitileach (MTBE) ó fhoinsí inathnuaite

Luachanna céanna leo sin don chonair táirgeachta meatánóil a úsáideadh

C.  MODHEOLAÍOCHT

1.  Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó tháirgeadh agus úsáid breoslaí iompair, bithbhreoslaí agus bithleachtanna a ríomh mar seo a leanas:

(a)  déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó tháirgeadh agus úsáid bithbhreoslaí seo a leanas:

E = eec + el + ep + etd + eu – esca – eccs – eccr ,

áit a bhfuil

E

=

iomlán na n-astaíochtaí ó úsáid an bhreosla;

eec

=

na hastaíochtaí ó eastóscadh nó saothrú na n-amhábhar;

el

=

astaíochtaí bliantúlaithe ó athruithe ar an stoc carbóin arb é athrú sa talamhúsáid is cúis leo;

ep

=

astaíochtaí ón bpróiseáil;

etd

=

astaíochtaí ón iompar agus ón dáileadh;

eu

=

astaíochtaí ón mbreosla i mbun úsáide;

esca

=

laghdú ar astaíochtaí ó charnadh carbóin san ithir a bhuí le bainistiú feabhsaithe talmhaíochta;

eccs

=

laghdú ar astaíochtaí ó ghabháil agus stóráil CO2; agus

eccr

=

laghdú ar astaíochtaí ó ghabháil agus athsholáthar CO2.

Ní chuirfear astaíochtaí ó mhonarú innealra agus trealaimh san áireamh.

(b)  Déanfar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó tháirgeadh agus úsáid bithleachtanna a ríomh amhail agus a dhéantar do bhithbhreoslaí (E), ach leis an síneadh is gá chun an tiontú fuinnimh go leictreachas agus/nó teas agus fuacht, mar seo a leanas:

(i)  I gcás monarchana fuinnimh nach dtugann uathu ach teas:

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000002.png

(ii)  I gcás monarchana fuinnimh nach dtugann uathu ach leictreachas:

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000003.png

áit a bhfuil

EC h,el = Iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tráchtearra fuinnimh deiridh.

E = Iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa an bhithleachta roimh an tiontú deiridh.

ηel = An éifeachtúlacht leictreach, arna sainmhíniú mar an giniúint bhliantúil leictreachais roinnte ar an t-ionchur bliantúil bithleachta bunaithe ar a luach fuinnimh.

ηh = An éifeachtúlacht teasa, arna sainmhíniú mar an t-aschur teasa úsáidigh roinnte ar an t-ionchur bliantúil bithleachta bunaithe ar a luach fuinnimh.

(iii)  I gcás an leictreachais nó an fhuinnimh mheicniúil a thagann as monarchana fuinneamh a thugann teas úsáideach uathu in éineacht le leictreachas agus/nó fuinneamh meicniúil:

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000004.png

(iv)  I gcás an teasa úsáidigh a thagann as monarchana fuinneamh a thugann teas uathu in éineacht le leictreachas agus/nó fuinneamh meicniúil:

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000005.png

áit a bhfuil:

EC h,el = Iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa ón tráchtearra fuinnimh deiridh.

E = Iomlán astaíochtaí gás ceaptha teasa an bhithleachta roimh an tiontú deiridh.

ηel = An éifeachtúlacht leictreach, arna sainmhíniú mar an giniúint bhliantúil leictreachais roinnte ar an t-ionchur bliantúil breosla bunaithe ar a luach fuinnimh.

ηh = An éifeachtúlacht teasa, arna sainmhíniú mar an t-aschur bliantúil teasa úsáidigh roinnte ar an t-ionchur bliantúil bithleachta bunaithe ar a luach fuinnimh.

Cel = An codán d'eiseirge sa leictreachas, socraithe ag 100 % (Cel = 1).

Ch = Éifeachtúlacht Carnot (an codán d'eiseirge sa teas úsáideach).

Sainmhínítear éifeachtúlacht Carnot, Ch , don teas úsáideach ag teochtaí éagsúla mar:

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000006.png

áit a bhfuil

Th = Teocht, arna thomhas mar dearbhtheocht (ceilvin) den teas úsáideach ag an bpointe seachadta.

T0 = Teocht na timpeallachta, socraithe ag 273,15 ceilvin (cothrom le 0 °C)

I gcás ina ndéantar an teas iomarcach a onnmhairiú do théamh foirgneamh, ag teocht faoi bhun 150 °C (423,15 K), is féidir, mar mhalairt air sin, Ch a shainmhíniú mar a leanas:

Ch = Éifeachtúlacht Carnot sa teas ag 150°C (423,15 ceilvin), is é sin: 0,3546

Chun críocha an ríofa sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn "comhghiniúint" giniúint chomhuaineach, in aon phróiseas amháin, d'fhuinneamh teirmeach agus de leictreachas agus/nó fuinneamh meicniúil;

(b)  ciallaíonn "teas úsáideach" teas arna ghiniúint chun éileamh ar theas atá inchosanta ar bhonn eacnamaíoch a shásamh, chun críocha téimh agus fuaraithe;

(c)  ciallaíonn "éileamh inchosanta ar bhonn eacnamaíoch" éileamh nach sáraíonn na riachtanais ar theas nó ar fhuarú atá ann agus a shásófaí ar bhealach eile ag dálaí an mhargaidh.

2.  Sloinnfear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí agus bithleachtanna mar seo a leanas:

(a)  sloinnfear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí, E, i dtéarmaí graim de choibhéis CO2 in aghaidh an MJ de bhreosla, gCO2eq /MJ.

(b)  astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithleachtanna, CE, i dtéarmaí graim de choibhéis CO2 in aghaidh an MJ den tráchtearra deiridh fuinnimh (teas nó leictreachas), gCO2eq /MJ.

Nuair a dhéantar téamh agus fuarú a chomhghiniúint le leictreachas déanfar astaíochtaí a leithdháileadh idir teas agus leictreachas (amhail faoi 1(b)) beag beann ar an teas a úsáid chun críocha iarbhíre téimh nó don fhuarú(56).

I gcás ina sloinntear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó eastóscadh nó saothrú na n-amhábhar eec san aonad g CO2eq/tona tirim bunábhair déanfar an tiontú go graim de choibhéis CO2 in aghaidh an MJ breosla, gCO2eq /MJ a ríomh mar seo a leanas(57);

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000007.png

áit a bhfuil

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000008.png

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000009.png

Déanfar astaíochtaí in aghaidh an tona tirim bunábhair a ríomh mar seo a leanas:

20181113-P8_TA-PROV(2018)0444_GA-p0000010.png

3.  Déanfar laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí agus ó bhithleachtaí a ríomh mar seo a leanas:

(a)  laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhithbhreoslaí:

LAGHDÚ = (E F(t) – E B )/E F(t) ▌ ,

áit a bhfuil

EB

=

iomlán na n-astaíochtaí ón mbithbhreosla; agus

EF(t)

=

iomlán na n-astaíochtaí ó tháirgí comparáide breoslaí iontaise don iompar

(b)  laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó théamh agus fuarú, agus leictreachas á ghiniúint ó bhithbhreoslaí:

LAGHDÚ = (ECF(h&c,el,) – ECB(h&c,el)/ECF (h&c,el),

áit a bhfuil

ECB(h&c,el) = iomlán na n-astaíochtaí ón teas nó ón leictreachas; agus

ECF(h&c,el) = iomlán na n-astaíochtaí ó tháirgí comparáide breoslaí iontaise don teas nó leictreachas úsáideach.

4.   Is iad CO2, N2O agus CH4 na gáis ceaptha teasa a chuirfear san áireamh chun críocha phointe 1. Chun críocha coibhéis CO2 a ríomh, tabharfar an luach seo a leanas do na gáis sin:

CO2

:

1

N2O

:

C.  298

CH4

:

25

5.  Áiritheofar le hastaíochtaí ó eastóscadh nó ó shaothrú amhábhar eec, astaíochtaí ón bpróiseas eastósctha nó saothraithe é féin; ó bhailiú, triomú agus stóráil na n-amhábhar; ó dhramhaíl agus sceitheadh; agus ó tháirgeadh ceimiceán nó táirgí a úsáidtear san eastóscadh nó sa saothrú. Cuirfear gabháil CO2 i saothrú na n-amhábhar as an áireamh. Féadfar meastacháin ar astaíochtaí ó shaothrú bithmhaise talmhaíochta a dhíorthú as meáin réigiúnacha le haghaidh astaíochtaí ó shaothrú atá san áireamh sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 31(4) as an bhfaisnéis faoi na luachanna réamhshocraithe dí‑chomhiomlánaithe le haghaidh astaíochtaí ó shaothrú atá san áireamh san Iarscríbhinn seo, mar mhalairt ar luachanna iarbhíre a úsáid. Murab ann d'fhaisnéis ábhartha sna tuarascálacha sin is ceadmhach meáin a ríomh bunaithe ar chleachtais feirmeoireachta áitiúla atá bunaithe mar shampla ar shonraí grúpa feirmeacha mar mhalairt ar luachanna iarbhíre a úsáid.

6.  Chun críocha an ríofa dá dtagraítear i bpointe 1, (a), ní chuirfear laghduithe ar astaíochtaí de bharr bainistiú feabhsaithe talmhaíochta esca, amhail athrú go síolú díreach nó curaíocht laghdaithe, feabhsú ar bhairr/uainíocht na mbarr, barra cumhdaigh a úsáid, lena n-áirítear bainistiú iarmhar bairr, agus feabhsaitheoirí orgánacha ithreach a úsáid (e.g. múirín, díleáiteán a thagann as coipeadh aoiligh), san áireamh ach amháin má chuirtear fianaise dhaingean infhíoraithe ar fáil gur mhéadaigh an carbón san ithir nó go bhfuil ionchas réasúnta ann gur mhéadaigh sé sa tréimhse inar saothraíodh na hamhábhair lena mbaineann, ag cur san áireamh ag an am céanna na hastaíochtaí sna cásanna ina mbíonn méadú ar úsáid leasachán agus luibhicídí mar thoradh ar chleachtais den sórt sin(58).

7.  Déanfar astaíochtaí bliantúlaithe ó athruithe sa stoc carbóin arb é athrú sa talamhúsáid is cúis leo, el, a ríomh trí astaíochtaí iomlána a roinnt go cothrom thar 20 bliain. Chun na hastaíochtaí sin a ríomh, cuirfear an riail seo a leanas i bhfeidhm:

el = (CSR – CSA) × 3,664 × 1/20 × 1/P – eB,(59)

áit a bhfuil

el

=

astaíochtaí bliantúlaithe gás ceaptha teasa ó athruithe sa stoc carbóin arb é athrú sa talamhúsáid is cúis leo (arna thomhas mar mhais (graim) de choibhéis CO2 in aghaidh an aonaid d'fhuinneamh bithbhreosla nó bithleachta (meigigiúil)). Measfar 'talamh curaíochta'(60) agus 'talamh curaíochta ilbhliantúil'