Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0211(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0064/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0064/2019

Díospóireachtaí :

PV 11/02/2019 - 13
CRE 11/02/2019 - 13

Vótaí :

PV 12/02/2019 - 9.7
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0068

Téacsanna atá glactha
PDF 221kWORD 77k
Dé Máirt, 12 Feabhra 2019 - Strasbourg Eagrán deiridh
Clár Frithchalaoise AE ***I
P8_TA(2019)0068A8-0064/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh (COM(2018)0386 – C8-0236/2018 – 2018/0211(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0386),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 33 agus 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0236/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 15 Samhain 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0064/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag meabhrú nach bhfuil san imchlúdach airgeadais a shonraítear sa togra reachtach ach nod don údarás reachtach agus nach féidir é a shocrú go dtí go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis an togra le haghaidh rialachán lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 10, 10.1.2019, lch. 1.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 12 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh
P8_TC1-COD(2018)0211

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 325 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Le hAirteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas agus ar na Ballstáit calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac. Ba cheart don Aontas tacú le gníomhaíochtaí sna réimsí sin.

(2)  San am atá thart, bhíothas in ann, a bhuí le tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin le Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) (Clár Hercule), arna leasú agus arna leathnú le Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) (Clár Hercule II), arna aisghairm agus arna ionadú le Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) (Clár Hercule III), feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an tAontas agus na Ballstáit maidir le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac.

(3)  Ceanglas den reachtaíocht earnála é tacú le tuairisciú na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí agus na dtíortha is iarrthóirí ionchasacha, ar neamhrialtachtaí agus ar chalaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí a úsáid, i dtaca leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe(6), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh(7) agus an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíochta agus an ionstraim maidir le tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht ghéarchéime(8), an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí(9), agus an cúnamh réamhaontachais(10) i dtaca leis an gclárthréimhse 2014-2020 agus ina dhiaidh sin. Uirlis chumarsáide leictreonaí shlán is ea an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí a éascaíonn an oibleagáid atá ar na Ballstáit, agus ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, neamhrialtachtaí a bhraitear a thuairisciú, agus tacaíonn sí le bainistiú agus anailísiú neamhrialtachtaí.

(3a)  Is gá ilchineálacht na gcóras dlí agus riaracháin sna Ballstáit a chúiteamh chun teacht thar neamhrialtachtaí agus chun comhrac in aghaidh na calaoise. Féadtar luainiú líon na neamhrialtachtaí a chur i leith dhul chun cinn na gclár ilbhliantúil pleanála agus i leith tuairisciú déanach. Éilíonn sé sin go léir go mbunófaí córas aonfhoirmeach trína mbaileofaí ó na Ballstáit sonraí maidir le neamhrialtachtaí agus cásanna de chalaois chun an próiseas tuairiscithe a chaighdeánú agus chun cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí arna soláthar a áirithiú. [Leasú 1]

(3b)  Níl amhras ar bith faoin tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí coisc an Choimisiúin agus na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), le go neartófaí cur chun feidhme an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) agus an Chórais Faisnéise Frithchalaoise (AFIS) agus go gcuirfí i gcrích na straitéisí frithchalaoise náisiúnta. Éilíonn na ceanglais sin go dtarraingeofaí suas creat le haghaidh dhigitiú gach próisis i gcur chun feidhme bheartais AE (glaonna ar thograí, cur i bhfeidhm, meastóireacht, cur chun feidhme agus íocaíochtaí) a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach Ballstát. [Leasú 2]

(4)  Foráiltear le Rialachán (CE) 515/97(11), agus le Cinneadh 2009/917/CGB(12) ón gComhairle, tá an tAontas chun tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún, chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

(5)  Tugtar an tacaíocht sin do roinnt gníomhaíochtaí oibríochtúla éagsúla. Orthu sin tá an Córas Faisnéise Frith-Chalaoise (AFIS), ardán teicneolaíochta faisnéise arb é ata ann tacar d’fheidhmchlár arna n‑oibriú faoi chóras coiteann faisnéise arna bhainistiú ag an gCoimisiún. Faoi ardán AFIS a bhíonn an Córas Bainistíochta Neamhrialtachtaí (IMS) ag oibriú freisin. Bíonn cistiú cobhsaí intuartha de dhíth ar chóras den chineál sin thar na blianta chun a áirithiú go mbíonn sé inbhuanaithe.

(6)  Ba cheart an tacaíocht ón Aontas i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais, an tuairiscithe ar neamhrialtachtaí agus an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh agus an chomhair in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta a chuíchóiriú faoi aon chlár amháin, Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh (“an Clár”), d’fhonn sinéirgíochtaí agus solúbthacht bhuiséid a mhéadú, agus chun bainistiú a shimpliú gan dochar do rialú éifeachtach a bheith á dhéanamh ag comhreachtóirí chur chun feidhme an chláir. [Leasú 3]

(7)  Tugtar le chéile sa Chlár, dá bhrí sin, comhpháirt atá inchurtha leis an gclár Hercule, comhpháirt eile lena n‑áirithítear maoiniú an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí, agus tríú comhpháirt lena maoinítear na gníomhaíochtaí a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n‑áirítear ardán AFIS.

(7a)   Ba cheart go spriocdhíreodh cosaint ar leasanna airgeadais an Aontais ar gach gné de bhuiséad an Aontais, ó thaobh ioncaim agus caiteachais de araon. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar an bhfíoras gurb é an Clár an t-aon cheann atá ann go sonrach chun taobh caiteachais de bhuiséad an Aontais a chosaint. [Leasú 4]

(8)  Áirítear roinnt córas faisnéise in ardán AFIS, lena n‑áirítear an Córas Faisnéise Custaim. Córas uathoibrithe faisnéise is ea an Córas Faisnéise Custaim, atá ceaptha cuidiú leis na Ballstáit oibríochtaí atá de shárú ar reachtaíocht chustaim nó reachtaíocht talmhaíochta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí éifeachtúlacht chomhar agus nósanna imeachta a riarachán custaim a mhéadú trí bhíthin faisnéis a scaipeadh níos tapa. Cumhdaíonn an Córas Faisnéise Custaim cásanna de chomhar riaracháin agus comhar póilíneachta araon faoi bhonneagar amháin. Chun críocha an chomhair riaracháin, bunaítear an Córas Faisnéise Custaim le Rialachán (CE) Uimh. 515/97, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 33 agus Airteagal 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Chun críocha an chomhair póilíneachta, bunaítear an Córas Faisnéise Custaim le Cinneadh 2009/917/CGB, arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 30(1)(a) agus Airteagal 34(2)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Go teicniúil, ní féidir an ghné comhair póilíneachta den Chóras Faisnéise Custaim a scaradh ón ngné riaracháin toisc go n‑oibrítear an dá ghné sin faoi aon chóras teicneolaíochta faisnéise amháin. Ós rud é nach bhfuil sa Chóras Faisnéise Custaim féin ach ceann amháin de na córais éagsúla faisnéise a ritear faoi AFIS, agus gur lú líon na gcásanna den chomhar póilíneachta ná líon na gcásanna den chomhar riaracháin sa Chóras Faisnéise Custaim, meastar gur gné choimhdeach gné chomhar póilíneachta AFIS i gcomparáid leis an ngné riaracháin.

(9)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do thréimhse ar fad an Chláir arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe nua idirinstitiúideach: phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(13)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(10)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhairí airgeadais. Dá bhrí sin, tá conarthaí arna maoiniú go hiomlán nó go páirteach ag buiséad an Aontais faoin gClár, faoi réir, inter alia, phrionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe, agus tá deontais faoi réir phrionsabail an chómhaoinithe, na dámhachtana neamhcharnaí agus an neamh-mhaoinithe dhúbailte, na neamh-chúlghabhálachta agus an neamhbhrabúis. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i dtaca le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh. [Leasú 5]

(11)  Na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(11a)   Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80 % de na costais incháilithe. I gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil bonn cuí leo, arna sainiú sa chlár oibre, amhail cásanna a bhaineann leis na Ballstáit atá neamhchosanta ar riosca maidir le leasanna airgeadais an Aontais, ní rachaidh an ráta cómhaoinithe uasta thar 90 % de na costais incháilithe. [Leasú 6]

(12)  D’fhonn leanúnachas a áirithiú faoin gClár i dtaca le maoiniú na ngníomhaíochtaí ar fad a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97, lena n‑áirítear ardán AFIS, cuirtear liosta táscach ar fáil in Iarscríbhinn I de na gníomhaíochtaí atá le maoiniú.

(12a)   Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear na cláir oibre chun feidhme. Ba cheart go nglacfadh an Coimisiún na cláir oibre ina leagtar amach tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le maoiniú, nod maidir leis an tsuim arna leithdháileadh ar gach gníomhaíocht, tráthchlár táscach cur chun feidhme agus ráta uasta an chómhaoiniúcháin le haghaidh deontas. Agus an clár oibre á ullmhú ag an gCoimisiún, ba cheart go gcuirfeadh sé san áireamh tosaíochtaí Pharlaimint na hEorpa, ar tosaíochtaí iad a shonraítear faoi chuimsiú chreat a meastóireachta bliantúla ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart an clár oibre a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus é a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa. [Leasú 7]

(12b)   Ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí incháilithe ar bhonn a gcumais spriocanna sonracha an Chláir a bhaint amach, ar spriocanna iad dá bhforáiltear in Airteagal 2. Féadfaidh siadsan foráil a áireamh maidir le cúnamh teicniúil speisialta le haghaidh údaráis inniúla na mBallstát, amhail eolas sonrach a sholáthar, ardtrealamh speisialaithe agus teicniúil agus uirlisí éifeachtacha teicneolaíochta faisnéise (TF); an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúdaithe agus oibríochtaí trasteorann; nó feabhas a chur ar mhalairtí foirne le haghaidh tionscadail shonracha. Anuas air sin, féadtar a áireamh i measc na ngníomhaíochtaí incháilithe freisin oiliúint speisialaithe spriocdhírithe, ceardlanna anailíse riosca, agus, i gcás inarb iomchuí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú. [Leasú 8]

(13)  Maidir le ceannach trealaimh trí ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim(14), d’fhéadfadh sé tionchar dearfach a bheith aige ar an gcomhrac i gcoinne calaois a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh. Is faoi ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim agus faoin gClár araon atá sé aon dúbailt a sheachaint sa tacaíocht ón Aontas. Go bunúsach, ba cheart don Chlár a thacaíocht a dhíriú ar chineálacha trealaimh a fháil nach dtagann faoi raon feidhme ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim, nó do threalamh arb iad na tairbhithe údaráis seachas na húdaráis a bhfuil ionstraim an Aontais le haghaidh tacaíocht airgeadais do threalamh rialaithe custaim dírithe orthu. Thairis sin, ba cheart go mbeadh nasc soiléir ann idir tionchar an trealaimh ar cuireadh maoiniú ar fáil lena aghaidh agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar forluí a sheachaint agus an clár oibre bliantúil á go ndéanfar sinéirgíochtí a aimsiú idir an Clár agus cláir ábhartha eile i réimsí amhail ceartas, custaim agus gnóthaí baile i gcomhthéacs ullmhú na gclár oibre. [Leasú 9]

(13a)   Tacaíonn an Clár leis an gcomhar idir údaráis riaracháin agus forfheidhmiúcháin dlí na mBallstát agus idir na húdaráis forfheidhmiúcháin agus an Coimisiún, lena n-áirítear OLAF, chomh maith le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile an Aontais, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Europol), d’fhonn a áirithiú go ndéanfar cosaint níos éifeachtaí ar leasanna airgeadais an Aontais. Tacóidh sé freisin leis an gcomhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) maidir leis sin, a luaithe is a théann an oifig sin i mbun a cúraimí. [Leasú 10]

(14)  Ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha ar comhaltaí iad de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar cuid den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad. Ba cheart é a bheith oscailte freisin do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí, tíortha agus is iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna. Ina theannta sin, ba cheart an Clár a bheith oscailte do thríú tíortha eile ar choinníoll go bhfuil comhaontú comhlachais acu nó go dtugann siad comhaontú sonrach i gcrích a chumhdaíonn a rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais. [Leasú 11]

(15)  Ag cur san áireamh meastóireachtaí a rinneadh ar chláir Hercule roimhe seo agus d’fhonn an Clár a neartú, ba cheart, go heisceachtúil, go mbeidh eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár in ann a bheith rannpháirteach gan a bheith ar na heintitis sin costas na rannpháirtíochta a sheasamh.

(15a)   Go háirithe, ba cheart go spreagfaí rannpháirtíocht eintiteas bunaithe i dtíortha a bhfuil comhaontú comhlachais i bhfeidhm acu leis an Aontas, d’fhonn cosaint leasanna airgeadais an Aontais a neartú trí chomhar a bhaineann le custaim agus malartú dea-chleachtais, go háirithe i ndáil le bealaí chun comhrac in aghaidh na calaoise, an éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais agus i ndáil le dul i ngleic le dúshláin a bhaineann le forbairtí teicneolaíocha nua. [Leasú 12]

(16)  Ba cheart an Clár a chur chun feidhme ag cur san áireamh na moltaí agus na mbeart a liostaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Meitheamh 2013 dar teideal Stepping up the fight against cigarette smuggling and other forms of illicit trade in tobacco products — A comprehensive EU Strategy [Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigléireachta agus foirmeacha eile den trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac – Straitéis chuimsitheach AE](15) agus an tuarascáil dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Teachtaireachta sin an 12 Bealtaine 2017(16).

(17)  Dhaingnigh an tAontas an Prótacal maidir le trádáil neamhdhleathach i dtáirgí tobac le Creatchoinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Slándála maidir le Rialú Tobac (an Prótacal) in 2016. Ba cheart don Phrótacal leasanna airgeadais an Aontais a chosaint sa mhéid agus a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne trádáil neamhdhleathach trasteorann i dtáirgí tobac, rud is cúis le caillteanas ioncaim. Ba cheart don Chlár tacú le Rúnaíocht Chreatchoinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Slándála maidir le Rialú Tobac i dtaobh na bhfeidhmeanna atá aige a bhaineann leis an bPrótacal. Ba cheart dó tacú freisin le gníomhaíochtaí eile arna n‑eagrú ag an Rúnaíocht i dtaca leis an gcomhrac i gcoinne na trádála neamhdhleathaí i dtáirgí tobac.

(18)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17), Rialachán (CE, Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(18), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(19) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(20), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur.

Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(19)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach ar bhonn ionstraimí dlí eile freisin. Ba cheart foráil shonrach a thabhairt isteach sa Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach.

(20)  

(21)  De bhun [tagairt le nuashonrú de réir cinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle(22)], tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.

(22)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(23), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí thuairisciú, go háirithe maidir le feidhmíocht, cheanglais faireacháin shonracha agus meastóireachta, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí sin, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair. Ba cheart do mheastóir neamhspleách an mheastóireacht sin a dhéanamh. [Leasú 13]

(23)  Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na forálacha is gá le haghaidh creat faireachán agus monatóireacht don Chlár a fhorbairt cláir oibre a ghlacadh. Sa bhreis air sin, chun an Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 14]

(24)  Is é Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 an bunús dlí chun AFIS a mhaoiniú. Ba cheart don Rialachán seo teacht in ionad an bhunúis dlí sin agus cuirfidh sé ceann nua ar fáil. Ba cheart Airteagal 42a(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a scriosadh dá bhrí sin.

(25)  Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 lena mbunaítear an clár Hercule III, chumhdaigh sé an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le forbairt ar an gClár Hercule III, ón 1 Eanáir 2021 amach. Ar an ábhar sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 a aisghairm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear Clár Frithchalaoise an Aontais Eorpaigh leis an Rialachán seo (“an Clár”).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Cuspóirí an Chláir

1.  Tá na cuspóirí ginearálta seo a leanas ag an gClár:

(a)  leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;.

(b)  tacú le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart.

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)  calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.;

(b)  tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais.;

(c)  uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim agus ábhair thalmhaíochta.

Airteagal 3

An buiséad

1.  Is é EUR 181.207 milliún 321 314 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 362 414 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 15]

2.  Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, seo a leanas a dháileadh táscach:

(a)  EUR 114.207 milliún 202 512 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 228 414 000 i bpraghsanna reatha) don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a); [Leasú 16]

(b)  EUR 7 12 412 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 14 mhilliún i bpraghsanna reatha) don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b); [Leasú 17]

(c)  EUR 60 106 390 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 120 milliún i bpraghsanna reatha) don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(c). [Leasú 18]

2a.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún cistí a ath-leithdháileadh idir na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 2(2). I gcás ina bhfuil athrú de 10% nó níos mó i gceist le hath-leithdháileadh ar cheann de na méideanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, déanfar an t-ath-leithdháileadh sin trí ghníomh tarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14. [Leasú 19]

3.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n‑áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Thairis sin, cuirtear san áireamh sa leithdháileadh táscach i bpointe (a) de mhír 2 an fíoras gurb é an Clár an t-aon cheann dá chineáil a théann i ngleic leis an taobh caiteachais de chosaint leasanna airgeadais an Aontais. [Leasú 20]

Airteagal 4

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:;

(a)  go n‑áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais; [Leasú 21]

(b)  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

(c)  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht cinnteoireachta don tríú tír maidir leis na cláir;

(d)  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 5

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe i bhfoirm deontas i gcomhréir le Teideal VIII agus i bhfoirm soláthair i gcomhréir le Teideal VII, mar aon le haisíocaíocht caiteachais taistil agus caiteachais cothaithe de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. [Leasú 22]

3.  Féadfaidh an Clár cistiú a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) 515/97, go háirithe chun na cineálacha costas dá dtagraítear i liosta táscach Iarscríbhinn I a chumhdach.

4.  Nuair a bhaineann an ghníomhaíocht lena bhfuiltear ag tacú le trealamh a fháil, bunóidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, sásra comhordúcháin lena n‑áiritheofar éifeachtúlacht agus idir-inoibritheacht idir an trealamh uile a cheannaítear le tacaíocht ó Chláir an Aontais.

Airteagal 6

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár de thoradh cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí féin a fheidhmiú ar dhóigh chuimsitheach. I gcás na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise, beidh san áireamh sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hiniúchtaí arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise.

CAIBIDIL II

DEONTAIS [Leasú 23]

Airteagal 7

Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais. Ní sháróidh an ráta cómhaoinithe do dheontais arna ndámhachtain faoin gClár 80 % de na costais incháilithe. In imthosca eisceachtúla atá cuí-réasúnaithe, arna sainiú sna cláir oibre bhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 10, ní sháróidh an ráta cómhaoinithe 90 % de na costais incháilithe. [Leasú 24]

Airteagal 8

Gníomhaíochtaí incháilithe

Ní bheidh ach Beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil. :

(a)  eolas teicniúil, trealamh speisialaithe ardteicneolaíoch agus uirlisí éifeachtacha teicneolaíochta faisnéise (TF) a sholáthar lena bhfeabhsaítear an comhar trasnáisiúnta agus ildisciplíneach agus an comhar leis an gCoimisiún;

(b)  feabhas a chur ar mhalartuithe foirne i gcás tionscadail shonracha, an tacaíocht is gá a áirithiú agus imscrúduithe a éascú, go háirithe cur ar bun foirne comhpháirteacha imscrúduithe agus oibríochtaí trasteorann;

(c)  tacaíocht theicniúil agus oibríochtúil a chur ar fáil d’imscrúduithe náisiúnta, go háirithe d’údaráis chustaim agus údaráis forfheidhmithe dlí chun an comhrac i gcoinne na calaoise agus gníomhaíochta neamhdhleathacha eile a neartú;

(d)  acmhainneacht TF a fhorbairt ar fud na mBallstát agus na dtríú tíortha, malartú sonraí a mhéadú, uirlisí TF a fhorbairt agus a chur ar fáil le haghaidh imscrúduithe agus faireachán a dhéanamh ar obair faisnéise;

(e)  oiliúint speisialaithe, ceardlanna anailíse rioscaí, comhdhálacha agus staidéir a eagrú a bhfuil sé mar aidhm leo feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an gcomhordú i measc seirbhísí lena mbaineann cosaint leasanna airgeadais an Aontais;

(f)  sraith d’fheidhmchláir chustaim TF a mhaoiniú, arna n-oibriú faoi chóras coiteann faisnéise arna bhainistiú ag an gCoimisiún agus arna bhunú chun na tascanna a chuirtear de chúram ar an gCoimisiún le Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh;

(g)  uirlis chumarsáide leictreonaí shlán a mhaoiniú, lena n-éascaítear an oibleagáid atá ar na Ballstáit, neamhrialtachtaí a bhraitear a thuairisciú, lena n-áirítear éilliú, agus lena dtacaítear leis an mbainistiú agus leis an anailísiú orthu sin;

(h)  aon ghníomhaíocht eile, dá bhforáiltear leis na cláir oibre bhliantúla faoi Airteagal 10, a bhfuil gá léi chun na cuspóirí ginearálta agus sonracha dá bhforáiltear in Airteagal 2 a bhaint amach. [Leasú 25]

Nuair is fáil trealaimh atá i gceist leis an ngníomhaíocht a gcuirtear tacaíocht ar fáil di, áiritheoidh an Coimisiún go rannchuideoidh an trealamh arna mhaoiniú le cosaint leasanna airgeadais an Aontais. [Leasú 26]

Airteagal 9

Eintitis incháilithe

1.  Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.  Tá na heintitis seo a leanas incháilithe:

(a)  údaráis phoiblí a fhéadfaidh cuidiú a thabhairt ceann de na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, atá bunaithe in aon cheann de na tíortha seo a leanas:

(a)  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;

(b)  tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;

(c)  tríú tír atá liostaithe sa chlár oibre faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3.;

(b)  institiúidí taighde agus oideachais agus eintitis neamhbhrabúis a fhéadfaidh cuidiú chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2 a bhaint amach, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe agus ag feidhmiú le bliain amháin ar a laghad i mBallstát, nó i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár, nó i dtríú tír atá liostaithe i gclár oibre, faoi na coinníollacha a shonraítear i mír 3.;

(c)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 156 den Rialachán Airgeadais. [Leasú 27]

3.  Go heisceachtúil, na heintitis dá dtagraítear i mír 2 atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, beidh siad incháilithe chun a bheith rannpháirteach sa Chlár i gcás ina mbeidh sin riachtanach chun cuspóirí gníomhaíochta ar leith a bhaint amach.

4.  Ba cheart do na heintitis dá dtagraítear i mír 2 atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ba cheart dóibh costas a rannpháirtíochta a sheasamh i bprionsabal.

CAIBIDIL III

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 10

Clár oibre

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

Déanfaidh an Coimisiún na cláir oibre a ghlacadh trí bhíthin gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14. [Leasú 28]

Breathnóidh an Coimisiún ar shinéirgíochtaí a aimsiú idir an Clár agus cláir ábhartha eile i réimsí amhail ceartas, custaim agus gnóthaí baile, agus áiritheoidh sé go ndéanfar forluí a sheachaint i gcomhthéacs ullmhú na gclár oibre. [Leasú 29]

Déanfar na cláir oibre a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin agus déanfar iad a tharchur chuige Parlaimint na hEorpa, a dhéanfaidh measúnú ar a n-inneachar agus ar a dtorthaí faoi chuimsiú chreat na meastóireachta bliantúla ar leasanna airgeadais an Aontais. [Leasú 30]

Airteagal 11

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 2.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn II a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú sin. [Leasú 31]

2a.  Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil maidir le feidhmíocht an Chláir a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. [Leasú 32]

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, nuair is ábhartha, ar na Ballstáit.

Airteagal 12

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóir neamhspleách meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. [Leasú 33]

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. [Leasú 34]

4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus foilseoidh sé iad ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin. [Leasú 35]

Airteagal 13

Tarmligean cumhachtaí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun na forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a fhorbairt de réir mar a fhoráiltear in Airteagal 11 cláir oibre dá bhforáiltear in Airteagal 10 a ghlacadh agus chun na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú. [Leasú 44]

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5a.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 10 agus 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 36]

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 15

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht uasta an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal. Ní cheanglófar aitheantas a thabhairt d’fhoinse an chistithe ón Aontas ná infheictheacht a áirithiú i gcás ina mbeidh riosca ann go gcuirfí feidhmíocht éifeachtach gníomhaíochtaí oibríochtúla frithchalaoise agus custaim i mbaol. [Leasú 37]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme go rialta gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina gcuidiú freisin maidir le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2. [Leasú 38]

Airteagal 16

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 515/97

Scriostar mír 1 agus mír 2 d’Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97.

Airteagal 17

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 18

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 agus faoi Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 250/2014 agus faoi Airteagal 42a de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a áirithiú.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Liosta táscach na gcineálacha costas a chisteoidh an Clár i gcás gníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 515/97;

(a)  na costais uile a bhaineann leis an infreastruchtúr buan teicniúil lena gcuirtear ar fáil do na Ballstáit na hacmhainní lóistíochta, uathoibrithe oifige agus TF a theastaíonn chun oibríochtaí comhpháirteacha custaim agus gníomhaíochtaí oibríochtúla eile a chomhordú, an t‑infreastruchtúr sin a shuiteáil agus a chothabháil;

(b)  aisíocaíocht costas iompair agus cóiríochta agus aon slánaíochtaí eile, i gcás inarb iomchuí, a thabhaíonn ionadaithe na mBallstát agus, i gcás inarb iomchuí, ionadaithe tríú tíortha, a ghlacann páirt i misin an Chomhphobail, oibríochtaí comhpháirteacha custaim arna n‑eagrú ag an gCoimisiún nó i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus cúrsaí oiliúna, cruinnithe ad hoc agus cruinnithe ullmhúcháin agus meastóireachta le haghaidh imscrúduithe riaracháin nó le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag na Ballstáit, i gcás ina n‑eagraíonn an Coimisiún iad nó i gcás ina n‑eagraítear i gcomhpháirt leis an gCoimisiún iad.

(c)  caiteachas a bhaineann le bonneagar ríomhaireachta (crua-earraí), bogearraí agus naisc thiomnaithe líonra a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu agus caiteachas a bhaineann leis na seirbhísí gaolmhara táirgeachta, tacaíochta agus oiliúna chun críche na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe an chalaois a chosc agus a chomhrac;

(d)  caiteachas a bhaineann le faisnéis a sholáthar agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí gaolmhara a cheadaíonn rochtain ar fhaisnéis, ar shonraí agus ar fhoinsí sonraí chun críocha na ngníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a dhéanamh, go háirithe an chalaois a chosc agus a chomhrac;

(e)  caiteachas a bhaineann le húsáid an Chórais Faisnéise Custaim dá bhforáiltear in ionstraimí arna nglacadh faoi Airteagal 87 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus go háirithe i gCinneadh 2009/971/CGB maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim, a mhéid a dhéanann na hionstraimí sin foráil maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh an caiteachas sin a sheasamh.;

(f)  caiteachas a bhaineann le comhpháirteanna an Aontais den líonra cumarsáide coiteann arna úsáid chun críocha phointe (c) a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu.

IARSCRIBHINN II

TÁSCAIRÍ I dTACA LE FAIREACHÁN AR AN gCLÁR

Déanfar faireachán géar ar an gclár ar bhonn thacar táscairí atá beartaithe chun a oiread agus atá cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir bainte amach a mheas agus d'fhonn costais agus ualaí riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar sonraí a bhaineann leis na príomhtháscairí seo a leanas:

Sainchuspóir 1: Calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac.

Táscaire 1: Tacaíocht a thabhairt chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac, arna thomhas mar seo a leanas:

1.1: Ráta sástachta i dtaca leis na gníomhaíochtaí arna n‑eagrú agus arna gcómhaoiniú/maoiniú tríd an gclár.

(a)  Líon agus cineál na gníomhaíochtaí arna n-eagrú agus arna gcómhaoiniú/maoiniú tríd an gclár; [Leasú 39]

1.2: Céatadán Liosta na mBallstát a fhaigheann tacaíocht gach bliain a bhíonn an clár i bhfeidhm agus a sciaranna faoi seach den chistiú. [Leasú 40]

Sainchuspóir 2: Tacú le tuairisciú neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, maidir le cistí bainistíochta comhroinnte agus cistí cúnaimh réamhaontachais bhuiséad an Aontais.

Táscaire 2: Ráta sástachta na n‑úsáideoirí i dtaca le húsáid an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí.

(a)  An líon tuairisc ar neamhrialtachtaí; [Leasú 41]

Táscaire 2: Ráta sástachta na n-úsáideoirí i dtaca le húsáid an Chórais Bainistíochta Neamhrialtachtaí. [Leasú 42]

Sainchuspóir 3: Uirlisí a sholáthar le haghaidh malartú faisnéise agus tacaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla i réimse an chúnaimh riaracháin fhrithpháirtigh in ábhair chustaim.

Táscaire 3: An méid faisnéise cúnaimh fhrithpháirtigh a cuireadh ar fáil agus líon na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach ar tugadh tacaíocht dóibh.

Táscaire 3a: Cineál na ngníomhaíochtaí a bhaineann le cúnamh frithpháirteach;[Leasú 43]

(1)IO C 10, 10.1.2019, lch. 1.
(2)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Feabhra 2019.
(3)Cinneadh Uimh. 804/2004/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule) (IO L 143, 30.4.2004, lch. 9).
(4)Cinneadh Uimh. 878/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2007 lena leasaítear agus lena leathnaítear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE lena mbunaítear clár gníomhaíochta Comhphobail chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Chomhphobail a chur chun cinn (clár Hercule II) (IO L 193, 25.7.2007, lch. 18).
(5)Rialachán (AE) Uimh.250/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 lena mbunaítear clár chun gníomhaíochtaí i réimse na cosanta ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn (clár Hercule III) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 804/2004/CE (IO L 84, 20.3.2014, lch. 6).
(6)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1971 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a thuairisciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1848/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1975 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 293, 10.11.2015, lch. 6).
(7)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1970 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a thuairisciú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1848/2006 ón gCoimisiún agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1974 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 293, 10.11.2015, lch. 1).
(8)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1973 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht a thuairisciú agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime; agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1977 ón gCoimisiún lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime, faoi Rialachán (AE) Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 293, 10.11.2015, lch. 15).
(9)Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1972 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí a thuairisciú agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1976 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena leagtar síos minicíocht agus formáid tuairiscithe neamhrialtachtaí a bhaineann leis an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí faoi Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 293, 10.11.2015, lch. 11).
(10)Airteagal 16 de Rialachán Cur Chun Feidhme Uimh. 447/2014 ón gCoimisiún maidir leis na rialacha sonracha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (IO L 132, 3.5.2014, lch. 32).
(11)Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle an 13 Márta 1997 maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart, arna leasú go deireanach ag Rialachán 2015/1525 (IO L 82, 22.3.1997, lch. 1).
(12)Cinneadh 2009/917/CGB ón gComhairle maidir le húsáid na teicneolaíochta faisnéise chun críocha custaim, (IO L 323, 10.12.2009, lch. 20).
(13)Tagairt le nuashonrú: IO L 373, 20.12.2013, lch. 1. Tá an comhaontú le fáil ag: http://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC
(14)[ref]
(15)COM(2013)0324 final
(16)COM(2017)0235 final
(17)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(18)IO L 312, 23.12.1995, lch. 1.
(19)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún d’fhonn leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(20)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(21)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(22)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(23)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais