Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 16 Eanáir 2019 - StrasbourgEagrán deiridh
Comhaontú AE-Mharacó maidir le Prótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara a leasú ***
 Comhaontú AE-na Síne i dtaca le nósanna imeachta réitigh díospóidí EDT DS492 - Bearta a dhéanann difear do lamháltais taraife ar tháirgí éineola áirithe ***
 Cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas ***I
 Doiciméad Práinne Taistil an Aontais Eorpaigh *
 Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021- 2025 *
 An tAontas Baincéireachta – Tuarascáil bhliantúil 2018

Comhaontú AE-Mharacó maidir le Prótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara a leasú ***
PDF 111kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (10593/2018 – C8-0463/2018– 2018/0256(NLE))
P8_TA(2019)0017A8-0471/2018

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10593/2018),

–  ag féachaint don dréachtchomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasú a dhéanamh ar Phrótacail 1 agus 4 a ghabhann le Comhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (10597/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(i), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0463/2018),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 16 Eanáir 2019(1) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8‑0471/2018),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Mharacó.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0016.


Comhaontú AE-na Síne i dtaca le nósanna imeachta réitigh díospóidí EDT DS492 - Bearta a dhéanann difear do lamháltais taraife ar tháirgí éineola áirithe ***
PDF 108kWORD 47k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, ar son an Aontais, i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Síne i ndáil le DS492 an tAontas Eorpach - Bearta a dhéanann difear do Lamháltais Taraife ar Tháirgí Éineola Áirithe (10882/2018 – C8-0496/2018 – 2018/0281(NLE))
P8_TA(2019)0018A8-0472/2018

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10882/2018),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Daon-Phoblacht na Síne i ndáil le DS492 An tAontas Eorpach - Bearta a dhéanann difear do Lamháltais Taraife ar Tháirgí Éineola Áirithe (10883/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus d’Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0496/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4), agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0472/2018),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Dhaon-Phoblacht na Síne.


Cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas ***I
PDF 122kWORD 52k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le taraif-chuótaí a áirítear i sceideal an Aontais i dtaca leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle (COM(2018)0312 – C8-0202/2018 – 2018/0158(COD))
P8_TA(2019)0022A8-0361/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0312),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0202/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 7 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0361/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas a ráitis atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Eanáir 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuótaí rátaí taraife a áirítear i sceideal EDT an Aontais a chionroinnt tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 ón gComhairle

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/216.)

Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún reachtach

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa

Leagann Parlaimint na hEorpa tábhacht mhór ar a bheith coinnithe ar an eolas le linn ullmhú na ngníomhartha tarmligthe agus, go háirithe, maidir le mír 28 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, lena bhforáiltear, chun rochtain chomhionann ar an bhfaisnéis go léir a áirithiú, go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit.

Ráiteas ón gCoimisiún

Cloíonn an Coimisiún go hiomlán le prionsabail na Rialála Níos Fearr agus leis na gealltanais a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Dá bhrí sin, déanfaidh sé a sheacht ndícheall chun togra reachtach a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún a luaithe is féidir, d’fhonn Rialachán (CE) Uimh. 32/2000 a ailíniú leis an gcreat reachtach a tugadh isteach le Conradh Liospóin.


Doiciméad Práinne Taistil an Aontais Eorpaigh *
PDF 149kWORD 47k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena mbunaítear Doiciméad Práinne Taistil an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 96/409/CBES (COM(2018)0358 – C8-0386/2018 – 2018/0186(CNS))
P8_TA(2019)0027A8-0433/2018

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0358),

–  ag féachaint d’Airteagal 23(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0386/2018),

–  ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0433/2018),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 19
(19)  I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr24, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile.
(19)  I gcomhréir le mír 22 agus mír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr24, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir seo, go háirithe ar bhonn faisnéis a bhailítear trí shocruithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí na Treorach, lena n-airítear a tionchar ar chearta bunúsacha, agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile. Ba cheart go gcuirfí an mheastóireacht ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus don Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha.
_________________
_________________
24 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
24 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
Leasú 5
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 20
(20)  Regulation (EU) 2016/679 of the European Parliament and of the Council25 applies to the processing of personal data carried out by Member States when implementing this Directive. The EU ETD system requires the processing of the personal data necessary for the purpose of verifying the identity of the applicant, printing the EU ETD sticker and facilitating travel of the data subject concerned. It is necessary to further specify safeguards applicable to the personal data processed, such as the maximum retention period of personal data collected. A maximum retention period of three years is necessary to prevent possible abuses. The erasure of personal data of applicants should not affect Member States’ abilities to monitor the application of this Directive.
(20)  Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag na Ballstáit agus an Treoir seo á cur chun feidhme. Le córas DPT AE éilítear próiseáil na sonraí pearsanta is gá chun críocha céannacht an iarratasóra a fhíorú, greamán DPT AE a phriontáil agus taisteal an ábhair sonraí lena mbaineann a éascú. Is gá coimircí is infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta arna bpróiseáil a shonrú tuilleadh, amhail an uastréimhse choinneála le haghaidh sonraí pearsanta arna mbailiú. Is gá uastréimhse choinneála chun mí-úsáidí féideartha a chosc. Ba cheart an tréimhse sin a bheith comhréireach agus níor cheart í a bheith níos faide ná 90 lá tar éis dheireadh bhailíocht DPT AE arna eisiúint. Níor cheart go ndéanfadh anaithnidiú nó scriosadh sonraí pearsanta iarratasóirí difear do chumas na mBallstát faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo.
__________________
__________________
25 Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
25 Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 3
3.  Within 36 hours after receipt of the information referred to in paragraph 2, the Member State of nationality shall respond to the consultation in accordance with Article 10(3) of Directive (EU) 2015/637 and shall confirm whether the applicant is its national. Upon confirmation of the applicant’s nationality, the assisting Member State shall provide the applicant with the EU ETD on the working day following that on which the response from the Member State of nationality is received at the latest.
3.  Laistigh de 24 uair an chloig tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh Ballstát na náisiúntachta freagairt don chomhairliúchán i gcomhréir le hAirteagal 10(3) de Threoir (AE) 2015/637 agus déanfaidh sé a dhearbhú an bhfuil an t-iarratasóir ina náisiúnach den Bhallstát nó nach bhfuil. Tar éis náisiúntacht an iarratasóra a dheimhniú, cuirfidh an Ballstát cuiditheach DPT AE ar fáil don iarratasóir ar an lá oibre i ndiaidh an lae a fhaightear freagra ó Bhallstát na náisiúntachta, ar a dheanaí.
Leasú 3
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 4
4.  In duly justified exceptional cases, the Member States may take longer than the time-limits laid down in paragraphs 1 and 3.
4.  I gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe, féadfaidh na Ballstáit níos lú nó níos mó ama a thógáil ná na teorainneacha ama a leagtar síos i mír 1 agus i mír 3.
Leasú 6
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1 – pointe b
(b)  gnéithe slándála breise agus ceanglais bhreise lena n-áirítear caighdeáin feabhsaithe in aghaidh brionnú, góchumadh agus falsú;
(b)  gnéithe slándála neamh-bhithmhéadracha breise agus ceanglais bhreise lena n-áirítear caighdeáin fheabhsaithe in aghaidh brionnú, góchumadh agus falsú;
Leasú 7
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 4
4.  The assisting Member State and the Member State of nationality shall retain the personal data of an applicant for no longer than three years. Upon expiry of the retention period, the personal data of an applicant shall be erased.
4.  Coinneoidh an Ballstát cuiditheach agus Ballstát na náisiúntachta sonraí pearsanta iarratasóra go ceann tréimhse nach faide ná 90 lá tar éis dheireadh bhailíocht DPT AE arna eisiúint. Ar dhul in éag na tréimhse coinneála, scriosfar sonraí pearsanta iarratasóra. Féadfar sonraí anaithnidithe a choinneáil más gá chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo.
Leasú 4
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1
1.  Tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis dháta cur i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhchinntí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.
1.  Tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis dháta thrasuí na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena n-áirítear ar oiriúnacht leibhéal slándála na sonraí pearsanta agus an tionchar féideartha ar chearta bunúsacha.

Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2021- 2025 *
PDF 175kWORD 58k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís na hEorpa – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (COM(2018)0437 – C8-0380/2018 – 2018/0226(NLE))
P8_TA(2019)0028A8-0406/2018

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0437),

–  ag féachaint d’Airteagal 7 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C8‑0380/2018),

–  ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0406/2018),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa athuair má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
(1a)  Ba cheart dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ag gach céim ábhartha le linn chur chun feidhme agus mheastóireacht an Chláir. D’iarr an Chomhairle tuairim ar Pharlaimint na hEorpa maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025. Ós rud é, áfach, nach bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ní mheastar Parlaimint na hEorpa a bheith ar comhchéim leis an gComhairle agus reachtaíocht á glacadh aici a bhaineann le fuinneamh adamhach. I bhfianaise Parlaimint na hEorpa a bheith ina comhreachtóir maidir le cúrsaí buiséid agus chun dearadh agus cur chun feidhme comhleanúnach Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht an Aontais a áirithiú, ba cheart, amach anseo, Clár Taighde agus Oiliúna Euratom a ghlacadh freisin trí bhíthin an ghnáthnóis imeachta reachtaigh.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Nuclear research can contribute to social well-being, economic prosperity and environmental sustainability by improving nuclear safety, security and radiation protection. Radiation protection research has led to improvements in medical technologies from which many citizens benefit and that research can now lead to improvements in other sectors such as industry, agriculture, environment and security. Equally important is the potential contribution of nuclear research to the long-term decarbonisation of the energy system in a safe, efficient and secure way.
(2)  Is féidir leis an taighde núicléach rannchuidiú leis an bhfolláine shóisialta agus leis an rathúnas eacnamaíoch trí fheabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, ar an gcosaint núicléach agus ar an gcosaint ar radaíocht. Is tábhachtach mar a rannchuidíonn an taighde núicléach le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil agus leis an gcomhrac chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí spleáchas an Aontais ar fhuinneamh allmhairithe a laghdú, agus, ag an am céanna, tá, mar gheall ar thaighde ar an gcosaint ar radaíocht, feabhas tagtha ar theicneolaíochtaí leighis a théann chun sochair do go leor saoránach agus is féidir leis an taighde sin a bheith ina chúis le feabhsuithe ar earnálacha eile amhail tionscal, talmhaíocht, comhshaol agus slándáil. Den tábhacht chéanna is ea rannchuidiú an taighde núicléach le dícharbónú fadtéarmach an chórais fuinnimh ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus slán.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  The Commission's Report on the interim evaluation of the 2014-18 Euratom Research and Training Programme (COM(2017)0697) provides a set of guiding principles for the Programme. These include: to continue supporting nuclear research focused on nuclear safety, safeguards, security, waste management, radiation protection and development of fusion; to further improve, together with beneficiaries, the organisation and management of the European Joint Programmes in the nuclear field; to continue and reinforce the Euratom education and training actions for developing relevant competencies which underpin all aspects of nuclear safety, security and radiation protection; to further exploit synergies between Euratom programme and other thematic areas of the Union Framework Programme; and to further exploit synergies between direct and indirect actions of the Euratom programme.
(4)  Sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2014-18 (COM(2017)0697), tá sraith de phrionsabail threoracha don Chlár. Áirítear orthu sin: leanúint de bheith ag tacú leis an taighde núicléach atá dírithe ar an tsábháilteacht núicléach, ar an bhfeidhmhíocht núicléach, ar choimircí núicléacha, ar an tslándáil núicléach, ar bhainistíocht dramhaíola radaighníomhaí, ar an gcosaint ar radaíocht agus ar chomhleá a fhorbairt; in éineacht le tairbhithe, breis feabhais a chur ar eagrú agus bainistiú Clár Comhpháirteach Eorpach sa réimse núicléach; leanúint de ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna Euratom i dtaca le forbairt a dhéanamh ar inniúlachtaí ábhartha is bun le gach gné den taighde núicléach, den tslándáil núicléach agus den chosaint ar radaíocht chun ardleibhéal scileanna a áirithiú, go háirithe i gcás na glúine nua d’innealtóirí; breis sochair a bhaint as sineirgí idir clár Euratom agus réimsí téamacha eile de Chreatchlár an Aontais Eorpaigh; agus breis sochair a bhaint as sineirgí idir bearta díreacha agus indíreacha faoi chlár Euratom, agus cabhrú, ar an mbealach sin, chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i ngach gné de chlár Euratom.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Rannchuidíonn tionscadail bhainistithe dramhaíola Euratom le tuiscint níos fearr ar shaincheisteanna bainistithe dramhaíola radaighníomhaí san Aontas, amhail sábháilteacht saoráidí diúscartha geolaíocha a bheidh ann amach anseo, cóiriú dramhaíola radaighníomhaí agus iompraíocht fhadtéarmach breosla spíonta i líonadh talún.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  The conception and design of the Programme is set against the need to establish a critical mass of supported activities. This is achieved by establishing a limited number of specific objectives focussed on safe use of nuclear fission for power and non-power applications, maintaining and developing necessary expertise, fostering fusion energy and supporting policy of the Union on nuclear safety, safeguards and security
(5)  Déantar an Clár a cheapadh agus a dhearadh in aghaidh an ghá atá le mais chriticiúil a bhunú de ghníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh. Déantar amhlaidh trí líon teoranta de chuspóirí sonracha atá dírithe ar úsáid shábháilte a bhaint as eamhnú núicléach i gcomhair feidhmeanna cumhachtacha agus neamhchumhachta, ar shaineolas riachtanach a fhorbairt agus a choinneáil, ar fhuinneamh comhleá a chothú agus ar thacaíocht a thabhairt do bheartas an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, lena n-áirítear eolas a fhorbairt ar díchoimisiúnú sábháilte, éifeachtach agus costéifeachtúil suiteálacha atá tagtha go deireadh a saolré, ar réimse é ina bhfuil forálacha agus infheistíocht ag titim chun deiridh.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)   Tá an Clár ina chuid ríthábhachtach d’iarrachtaí an Aontais an cheannaireacht eolaíoch agus tionsclaíoch atá aige i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh a choinneáil agus a fheabhsú. Chun tacú le feidhmiú sábháilte na cumhachta eamhnaithe atá ann cheana agus chun dícharbónú an chórais cumhachta a éascú, ba cheart go leanfadh an taighde ar eamhnú de bheith ina chuid dhílis de chlár Euratom.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 b (nua)
(5b)  Úsáid shábháilte agus slán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht agus díchoimisiúnú núicléach, ba cheart tacú leo trí bhíthin iniúchtaí trasteorann struchtúracha agus comhroinnt eolais agus dea-chleachtas a bhaineann le sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla atá in úsáid faoi láthair, go háirithe i gcás saoráidí núicléacha atá lonnaithe i gcóngar teorainn amháin nó níos mó idir na Ballstáit.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 c (nua)
(5c)   D’fhéadfadh tionóiscí núicléacha tromchúiseacha sláinte an duine a chur i mbaol. Dá bhrí sin, ba cheart an aird is mó is féidir a thabhairt sa Chlár ar shábháilteacht núicléach agus, i gcás inarb iomchuí, ar na gnéithe slándála a mbíonn an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (‘JRC’) ag déileáil leo.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Trí thacú le taighde núicléach, ba cheart do Chlár Euratom rannchuidiú le cuspóirí Chlár Réime Fís 2020 um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘Fís na hEorpa’) a bhaint amach, ar clár réime é arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe trí bharr feabhais agus eolaíocht oscailte a chur chun cinn, agus ba cheart go n-éascódh sé cur chun feidhme stráitéis Eoraip 2020 agus neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde.
(7)  Trí thacú le taighde núicléach, ba cheart go rannchuideodh an Clár le cuspóirí Fhís na hEorpa - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘Fís na hEorpa’) a bhaint amach, ar clár réime é arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20, go háirithe trí bharr feabhais agus eolaíocht oscailte a chur chun cinn, agus ba cheart go n-éascódh sé cur chun feidhme stráitéis Eoraip 2030 agus neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde.
__________________
__________________
20 Rialachán (AE) Uimh. […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] lena mbunaítear AE FP9 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2021-2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO […]).
20 Rialachán (AE) Uimh. […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] lena mbunaítear AE FP9 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2021-2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO […]).
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Ba cheart don Chlár sineirgíochtaí agus ailíniú níos dlúithe a lorg le Fís na hEorpa agus le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus pleanáil straitéise, go roghnú tionscadal, bainistíocht, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, go faireachán, iniúchadh agus rialachas. D’fhonn forluí agus dúbailt a sheachaint agus chun giaráil mhaoiniú AE a mhéadú, is féidir aistrithe a dhéanamh ó chláir eile de chuid an Aontais go gníomhaíochtaí Fhís na hEorpa. I gcásanna den sórt sin leanfaidh siad rialacha Fhís na hEorpa.
(8)  Ba cheart don Chlár sineirgíochtaí agus ailíniú níos dlúithe a lorg le Fís na hEorpa agus le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus pleanáil straitéise, go roghnú tionscadal, bainistíocht, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, go faireachán, iniúchadh agus rialachas. Is den ríthábhacht é go gcoimeádfaí, sna cláir, na bunphrionsabail maidir le barr feabhais agus eolaíocht oscailte. D’fhonn forluí agus dúbailt a sheachaint agus chun giaráil mhaoiniú AE a mhéadú, is féidir aistrithe a dhéanamh ó chláir eile de chuid an Aontais go gníomhaíochtaí de chuid Fhís na hEorpa. I gcásanna den sórt sin leanfaidh siad rialacha Fhís na hEorpa.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12 a)   Ba cheart do na gníomhaíochtaí arna bhforbairt faoin gClár díriú ar an gcomhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn sa taighde agus sa nuálaíocht, trí aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar na bunchúiseanna leis an éagothroime inscne, trí lánacmhainn taighdeoirí idir mhná agus fhir a shaothrú, agus tríd an ngné inscne a chomhtháthú in inneachar na dtionscadal chun cáilíocht an taighde a fheabhsú agus an nuálaíocht a spreagadh. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag na gníomhaíochtaí freisin na prionsabail maidir le comhionannas idir mná agus fir, a leagtar síos in Airteagal 2 agus Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), a chur chun feidhme.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Cuireann an tAirmheán Chomhpháirtigh Taighde tacaíocht ar fáil do chaighdeánú, do rochtain oscailte ag eolaithe de chuid an Aontais ar shaoráidí aonair núicléacha agus do ghníomhaíochtaí oiliúna i réimsí amhail ráthaíochtaí núicléacha, fóiréinsic núicléach agus díchoimisiúnú núicléach.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe b
(b)  to potentially contribute to the long-term decarbonisation of the energy system in a safe, efficient and secure way.
(b)  rannchuidiú le dícharbónú fadtéarmach an chórais fuinnimh ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus slán.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a
(a)  improve the safe and secure use of nuclear energy and non-power applications of ionizing radiation, including nuclear safety, security, safeguards, radiation protection, safe spent fuel and radioactive waste management and decommissioning;
(a)  feabhas a chur ar úsáid shábháilte, slán agus éifeachtúil fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú;
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – pointe d
(d)  support the policy of the Community on nuclear safety, safeguards and security.
(d)  tacú le beartas an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, lena n-áirítear eolas a fhorbairt ar díchoimisiúnú sábháilte, éifeachtach agus costéifeachtúil suiteálacha atá tagtha go deireadh a saolré.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
1.  Is é EUR [XXX]i bpraghsanna seasta an clúdach airgeadais a bheidh ann chun an Clár a chur chun feidhme.
1.  Is é EUR 1 516 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 1 675 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Is é a bheidh i ndáileadh táscach na suime dá dtagraítear i mír 1 ná:
Is é a bheidh i ndáileadh na suime dá dtagraítear i mír 1 ná:
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a
(a)  EUR 724 563 000 for fusion research and development;
(a)  43 % le haghaidh taighde agus forbairt a dhéanamh ar an gcomhleá núicléach;
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b
(b)  EUR 330 930 000 le haghaidh eamhnú núicléach, sábháilteacht núicléach, agus cosaint ar radaíocht;
(b)  25% le haghaidh eamhnú núicléach, sábháilteacht núicléach, agus cosaint ar radaíocht;
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c
(c)  EUR 619 507 000 le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha arna ngabháil ar láimh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.
(c)  32 % le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha arna ngabháil ar láimh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 2
The Commission may not deviate, within the annual budgetary procedure, from the amount referred to in paragraph 2 (c) of this Article.
Ní fhéadfaidh an Coimisiún, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, diall ó na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo suas le 10 % ar a mhéad.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c – fleasc 3 a (nua)
–  an urraim do phrionsabail an smachta reachta;
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8a
Comhionannas inscne
Áiritheofar leis an gClár go ndéanfar an comhionannas inscne agus gné na hinscne a chur chun cinn go héifeachtach in inneachar taighde agus nuálaíochta.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 b (nua)
Airteagal 8b
Prionsabail eiticiúla
1.  Comhlíonfaidh na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta uile arna ndéanamh faoin gClár prionsabail eiticiúla agus an dlí náisiúnta ábhartha, dlí ábhartha an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus na Prótacail Fhorlíontacha a ghabhann leo.
Tabharfar aird faoi leith ar phrionsabal na comhréireachta, ar an gceart chun príobháideachta, ar an gceart sonraí pearsanta a chosaint, ar cheart an duine chun sláine fisicí agus intinne, ar an gceart chun neamh-idirdhealaithe agus ar an ngá le leibhéal ard cosanta do shláinte an duine a áirithiú.
2.  Na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhéanfar faoin gClár, díreoidh siad go heisiach ar iarratais shibhialta.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
(1)  The recipients of the Programme funding shall acknowledge the origin and ensure the visibility of the Community funding (in particular when promoting the actions and their results) by providing coherent, effective and proportionate targeted information to multiple audiences, including the media and the public.
(1)  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón gClár aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas, agus sonróidh siad bunús an chistithe, i riocht is go n-áiritheofar a infheictheacht (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2
(2)  The Commission shall implement activities on information and communication relating to the Programme, and its actions, and results. Financial resources allocated to the Programme shall also contribute to the corporate communication of the political priorities of the Community, as far as they are related to the objectives referred to in Article 3.
(2)  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir atá beartaithe do shainfhaighteoirí agus don phobal araon. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Chomhphobail freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
1.  Déanfar meastóireachtaí ar bhealach tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta ar an gclár féin, ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air agus ar thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht.
1.  Déanfar meastóireachtaí gach dhá bhliain chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta ar an gclár féin, ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air agus ar thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2
2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe agus is air sin a bheidh aon athrú maidir le síntí agus cur chun feidhme an chláir bunaithe, de réir mar is iomchuí.
2.  Déanfar an chéad meastóireacht ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe agus is air sin a bheidh aon athrú maidir le síntí agus cur chun feidhme an chláir bunaithe, de réir mar is iomchuí.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe.
3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 2
Chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach, tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí tras-earnálacha lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Déanfar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha, a áirithiú le Fís na hEorpa. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na Cistí faoin Rialachán [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] sa mhéid isgo bhfuil siad i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gCistí sin.
Chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach, tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí tras-earnálacha lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Déanfar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha, a áirithiú le Fís na hEorpa. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na Cistí faoin Rialachán [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nó ag cláir agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais, sa mhéid is go bhfuil siad i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gCistí, na gclár agus na n-ionstraimí sin.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 4
Beidh tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún bunaithe ar a thosaíochtaí beartais, ar ionchuir ó údaráis phoiblí náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí taighde núicléach a bheidh roinnte ina gcomhlachtaí nó ina gcreata amhail ardáin teicneolaíochta, comhlachais, tionscnaimh agus fóraim theicniúla Eorpacha maidir le córais núicléacha agus sábháilteacht núicléach, bainistiú dramhaíle radaighníomhaí, breosla núicléach spíonta agus cosaint ar radaíocht/riosca maidir le hísealdáileoga, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, taighde ar an gcomhleá, nó eagraíocht nó fóram ábhartha ar bith eile de gheallsealbhóirí núicléacha.
Beidh tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún bunaithe ar a thosaíochtaí beartais, ar ionchuir ó údaráis phoiblí náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí taighde núicléach a bheidh roinnte ina gcomhlachtaí nó ina gcreata amhail ardáin teicneolaíochta, comhlachais, tionscnaimh agus fóraim theicniúla Eorpacha maidir le córais núicléacha reatha agus todhchaíocha agus sábháilteacht núicléach, bainistiú dramhaíle radaighníomhaí, breosla núicléach spíonta agus cosaint ar radaíocht/riosca maidir le hísealdáileoga, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, taighde ar an gcomhleá, nó eagraíocht nó fóram ábhartha ar bith eile de gheallsealbhóirí ábhartha.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 5 – pointe a – pointe 1
(1)  Sábháilteacht núicléach: sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas leathan maidir le sábháilteacht núicléach sa Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt, na cineálacha imoibritheoirí agus timthriall breosla sin, a fhéadfar a úsáid amach anseo, ag díriú go heisiach ar ghnéithe den tsábháilteacht, lena n-áirítear gach gné den timthriall breosla amhail scaradh agus claochlú.
(1)  Sábháilteacht núicléach: sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas leathan maidir le sábháilteacht núicléach sa Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt, na cineálacha imoibritheoirí agus timthriall breosla sin, a fhéadfar a úsáid amach anseo, ag díriú go heisiach ar ghnéithe den tsábháilteacht, lena n-áirítear gach gné den timthriall breosla amhail scaradh agus claochlú. Tacaíocht do chomhroinnt eolais agus dea-chleachtas a bhaineann le sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla atá in úsáid faoi láthair, go háirithe i gcás saoráidí núicléacha atá lonnaithe i gcóngar teorainn amháin nó níos mó idir na Ballstáit.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I – mír 5 – pointe a – pointe 3
(3)  Díchoimisiúnú: taighde chun críocha forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus feabhsúchán comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a mhalartú.
(3)  Díchoimisiúnú: taighde chun críocha forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus feabhsúchán comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a chomhroinnt, lena n-áirítear comhroinnt eolais i gcás saoráidí núicléacha atá lonnaithe i gcóngar teorainn amháin nó níos mó idir na Ballstáit agus trí bhíthin acmhainní agus pearsanra in ionaid barr feabhais a chomhthiomsú.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II - fo-cheannteideal 4 – tábla
Táscairí nuálaíochta na gconairí tionchair
Táscairí nuálaíochta na gconairí tionchair
An dul chun cinn atá déanta ag AE, de bharr chlár Euratom, ionsar 3% OTI
An dul chun cinn atá déanta ag AE, de bharr chlár Euratom, ionsar an sprioc caiteachais de 3% OTI ar an taighde agus ar an bhforbairt (R&D)

An tAontas Baincéireachta – Tuarascáil bhliantúil 2018
PDF 140kWORD 52k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Eanáir 2019 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2018 (2018/2100(INI))
P8_TA(2019)0030A8-0419/2018

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint dá rún an 1 Márta 2018 maidir leis an Aontas Baincéireachta – Tuarascáil Bhliantúil 2017(1),

–  ag féachaint don aiseolas ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le rún ón bParlaimint an 1 Márta 2018 maidir leis an Aontas Baincéireachta – Tuarascáil Bhliantúil 2017,

–  ag féachaint don ráiteas ar chomhaontaigh an Cruinniú Mullaigh Euro ag a chruinniú an 29 Meitheamh 2018,

–  ag féachaint do thuarascáil speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 16 Eanáir 2018 maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht ghéarchéime BCE do na bainc(2),

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha (COM(2018)0339),

–  ag féachaint do na cinntí a rinne BCE an 23 Feabhra 2018 go raibh ABLV Bank agus ABLV Bank Luxembourg i mbéal cliseadh nó ar dóigh dóibh cliseadh, i gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair(3),

–  ag féachaint do sheoladh thástálacha struis 2018 ar fud AE ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) an 31 Eanáir 2018(4),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm, ón 1 Lúnasa 2013, na rialacha maidir le státchabhair chun tacú leis na bearta i bhfabhar na mbanc i gcomhthéacs na géarchéime airgeadais (‘Teachtaireacht Bhaincéireachta’)(5),

–  ag féachaint do thuarascáil bhliantúil staidrimh ESMA maidir le margaí dhíorthaigh AE an 18 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint d’fhógraí BCE an 15 Márta 2018 maidir leis na hionchais mhaoirseachta d’iasachtaí nua neamhthuillmheacha(6) agus an 11 Iúil 2018 maidir le bearta breise ina chur chuige maoirseachta i leith an stoic iasachtaí neamhthuillmheacha(7),

–  ag féachaint don tuarascáil ó Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) de mhí Mheán Fómhair 2018 dar teideal ‘Cur chuige ó thaobh na macrastuamachta a ghlacadh i leith iasachtaí neamhthuillmheacha’ ,

–  ag féachaint do thuarascáil BERS de mhí Mheán Fómhair 2018 dar teideal ‘Monatóir Scáthbhaincéireachta AE Uimh. 3’,

–  ag féachaint don fhógra folúntais do phost an Chathaoirligh ar Bhord Maoirseachta BCE ón 1 Eanáir 2019(8),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (COM(2017)0591),

–  ag féachaint do na moltaí chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (CRR) (COM(2016)0850) agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (CRD IV) (COM(2016)0854),.

–  ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 8 Samhain 2017 maidir le leasuithe ar chreat an Aontais le haghaidh ceanglais chaipitiúla institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (CON/2017/46),

–  ag féachaint do thuarascáil BERS de mhí Iúil 2017 ‘Impleachtaí cobhsaíochta airgeadais IFRS 9’,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 11 Iúil 2017 maidir leis bplean gníomhaíochta chun dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha san Eoraip,

–  ag féachaint do Riail 52 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0419/2018),

A.  de bhrí go bhfuil sé léirithe gur dea-chinneadh a bhí ann cúram na maoirseachta ar institiúidí airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo a leagan ar BCE;

B.  de bhrí nach féidir déileáil le maoirseacht stuamachta agus sciúradh airgid ar leithligh;

C.  de bhrí gur gá ról BCE a neartú go suntasach chun bearta frithsciúrtha airgid a chur chun feidhme go héifeachtach agus faireachán a dhéanamh orthu;

D.  de bhrí go bhfuil sé tábhachtach soiléiriú a thabhairt ar an gcaoi a láimhseáiltear Státchabhair i dtaca le bearta faoi scéimeanna ráthaíochta taisce(9);

E.  de bhrí go bhfuil an stoc iasachtaí neamhthuillmheacha agus neamhchosaintí leibhéal 2 agus leibhéal 3 ró-ard i gcórais bhaincéireachta roinnt Ballstát;

F.  de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór i líon agus i gcóimheasa na n-iasachtaí neamhthuillmheacha idir na Ballstáit;

G.  de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht san Aontas Baincéireachta ar oscailt do na Ballstáit nach bhfuil an euro glactha acu go fóill; de bhrí nár chinn aon Bhallstát go dtí seo páirt a ghlacadh ar an mbonn sin; de bhrí go bhfuil an fhéidearthacht á plé ag roinnt Ballstát dul isteach san Aontas Baincéireachta; de bhrí go bhfeiceann institiúidí airgeadais éagsúla buntáistí a bheith suite laistigh den Aontas Baincéireachta;

1.  ag tabhairt aird go dearfach ar a bhfuil bainte amach ag an Aontas Baincéireachta chun fíormhargadh aonair, cothrom iomaíochta, cobhsaíocht mhéadaithe agus intuarthacht mhéadaithe do ghníomhaithe an mhargaidh a chothú; ag cur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tiomantas don phróiseas Aontas Baincéireachta a chomhlánú agus an gá le hoscailteacht agus cóir chomhionann a áirithiú do na Ballstáit go léir atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta; ag meabhrú, maidir le críochnú an Aontais Baincéireachta, lena n-áirítear Scéim Eorpach Árachais Taiscí agus cúlstop fioscach don Chiste Réitigh Aonair, nach mór go leanfaidh siad chomh maith le bearta chun laghdú riosca a bhaint amach, ar nithe iad a rannchuidíonn le cobhsaíocht airgeadais agus ionchais fáis a mhéadú tuilleadh;

2.  ag cur i bhfios a thábhachtaí atá an tiomantas don phróiseas chun an tAontas um Margaí Caipitil a chríochnú, rud a chabhródh le fíormhargadh aonair caipitil in AE, creidhmheas a chur i dtreo an fhíorgheilleagair, an gá atá le comhroinnt riosca poiblí a laghdú, infheistíochtaí trasteorann a éascú agus maoiniú a chomhlánú trí bhainc;

3.  ag meabhrú go bhfuil an tAontas Baincéireachta ar oscailt do na Ballstáit go léir ar mian leo dul isteach ann. ag fáiltiú roimh na céimeanna a ghlac na Ballstáit nach bhfuil sa limistéar Euro dul isteach san Aontas Baincéireachta mar go gcabhraíonn sé sin leis an Aontas Baincéireachta a ailíniú leis an margadh inmheánach;

4.  ag meas gur cheart go mbeadh sé ar cheann d’aidhmeanna an Aontais Baincéireachta, seachas cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, go ndéanfaí, i measc nithe eile, prionsabal na comhréireachta a choinneáil i gcuimhne chun an éagsúlacht i samhlacha baincéireachta inbhuanaithe AE a chaomhnú agus chun go seachnófaí an córas baincéireachta Eorpach a threorú ionsar shamhail aonair nó pionós a ghearradh ar bhainc níos lú, mar go gcumasaíonn an éagsúlacht sin riachtanas na saoránach agus na dtionscadal atá acu a bhaint amach, chomh maith le feidhmiú mar uirlis éagsúlaithe, ar gné thábhachtach í chun dul i ngleic le haon suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann;

5.  ag cur i bhfios gur cheart moltaí arna ndéanamh ag comhlachtaí idirnáisiúnta a chur in úsáid i ndlí an Aontais ionas go dtabharfaí aird chuí ar shaintréithe na hearnála baincéireachta Eorpaí;

6.  ag cur i bhfios nár cheart go háirithe caighdeáin Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) a achtú as éadan i ndlí na hEorpa gan saintréithe sonracha chóras baincéireachta na hEorpa agus prionsabal na comhréireachta a chur san áireamh go cuí;

7.  ag meabhrú go bhfuil gá le sraith chomhleanúnach rialacha ar mhaithe le dea-fheidhmiú an Aontais Baincéireachta agus tábhacht na comhréireachta á cur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do rialacháin ar threoracha mar an uirlis reachtach don Aontas Baincéireachta agus tosaíocht a dhéanamh de go n-áiritheofaí go bhfuil an reachtaíocht ábhartha ar fad á cur chun feidhme go hiomlán agus go cuí i ngach Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na húdaráis Eorpacha mhaoirseachta, na baic ar an margadh inmheánach a shainaithint agus a bhaint;

8.  den tuairim nach mór cinntí na n-údarás maoirseachta agus réitigh a bheith go comhleanúnach, a mhíniú i gceart, iad a bheith trédhearcach agus iad a chur ar fáil go poiblí; ag tathant ar na húdaráis mhaoirseachta agus réitigh a bheith chomh sriantach agus is féidir agus na forálacha lenar féidir leo rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú á gcur chun feidhme acu;

Maoirseacht

9.  ag tabhairt dá haire na measúnuithe ó BCE le déanaí maidir leis na bainc atá ‘i mbéal cliseadh nó ar dóigh dóibh cliseadh’, a rinneadh in 2018; ag cur i bhfios go bhfuil gá feabhas a chur ar agaí freagartha mhaoirseacht bhaincéireacht na hEorpa; ag tabhairt le fios go bhfuil imní mhór uirthi gur tháinig ceisteanna chun cinn i gcuid de na cásanna sin maidir le forfheidhmiú na rialacha frithsciúrtha airgid san Aontas Baincéireachta; ag cur i bhfios go láidir go bhfuil gá práinneach le cur chuige comhchoiteann ó AE ina leith sin faoina ndéanfaí cumhachtaí a shannadh go soiléir; ag fáiltiú, i dtaca leis sin, roimh an togra ón gCoimisiún ÚBÉ a neartú i réimse an sciúrtha airgid

10.  torthaí na tástála struis a rinne ÚBE ar fud AE á dtabhairt dá haire; ag fáiltiú roimh ionstraimí leibhéal 2 agus leibhéal 3 a áireamh i raon feidhme thástálacha struis 2018; den tuairim gur cheart na tástálacha struis a léirmhíniú i gcomhcheangal le gníomhaíochtaí eile faireacháin maoirseachta atá ar siúl faoi láthair; á iarraidh ar SMA, ÚBE agus ar ÚBE modheolaíochtaí comhsheasmhacha a úsáid nuair a bhíonn an tástáil struis á sainiú ionas go mbeidh ardleibhéal trédhearcachta ann maidir leis an nós imeachta sin agus chun cosc a chur ar aon saobhadh a d’fhéadfadh a bheith ann;

11.  go bhfuil rioscaí ann a bhaineann le fiachas ceannasach; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leanúnach ar siúl faoi láthair ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) maidir le riosca flaithiúnais; ina chúis imní di freisin go bhfuil nochtadh rómhór ag roinnt institiúidí airgeadais ar fhiachas ceannasach arna eisiúint ag a rialtais féin; ag cur i bhfios gur cheart creat rialála AE maidir le láimhseáil stuamachta ar fhiachas ceannasach a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta;

12.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún maidir le ról BCE sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid san earnáil airgeadais a threisiú; ag iarraidh ar na comhreachtóirí an togra a ghlacadh gan moill mhíchuí agus ag cur béim ar an ngá le comhar feabhsaithe agus le comhroinnt faisnéise idir údaráis maoirseachta naisiúnta ar bhonn caighdeáin chomhchoiteanna laistigh de AE agus faoi réir comhordú agus tacaíocht ar leibhéal AE i gcás ina bhfuil na húdaráis náisiúnta faoi ualach róthrom;

13.  ag leanúint de bheith imníoch faoi chásanna sciúrtha airgid ag bainc na hEorpa agus go bhfuil na cásanna de sciúradh airgid ina riosca do nochtadh gheilleagar AE do chobhsaíocht airgeadais agus pholaitiúil; ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh roinnt de na cásanna sin i ndlínsí nach dlínsí AE iad; ag iarraidh go mbeidh cur chuige aontaithe ann i leith maoirseacht stuamachta agus sciúradh airgid; ag tabhairt dá haire freisin gur nochtadh saincheisteanna maidir le forfheidhmiú na reachtaíochta frithsciúrtha airgid lasmuigh den Aontas Baincéireachta agus go bhféadfadh dul isteach san Aontas Baincéireacht a bheith chun tairbhe na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro maidir le dul i ngleic leis na saincheisteanna sin;

14.  ag cur i bhfios go láidir go bhfuil na margaí airgeadais fite fuaite ina chéile; ag cur i bhfios go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na maoirseoirí baincéireachta ullamh le haghaidh na dtorthaí ar fad a d’fhéadfadh a bheith ar chaibidlíochtaí Brexit idir AE-27 agus an Ríocht Aontaithe, á chur san áireamh nach ionann sin agus a rá nach gá do na hearnálacha príobháideacha féin ullmhú lena n-aghaidh; á iarraidh an gCoimisiún agus ar na húdaráis mhaoirseachta anailís chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar Brexit á iarraidh ar AE27 rialú comhchoiteann agus maoirseacht choiteann a dhoimhniú agus feabhas a chur ar dhoimhneacht agus leithead na margaí caipitil laistigh de AE27;

15.  ag tathant ar na caibidleoirí oibriú i dtreo pacáiste reachtach atá cothrom agus inbhuanaithe a ghlacadh chun an riosca sa chóras baincéireachta a laghdú roimh na toghcháin Eorpacha in 2019; ag tathant ar an gComhairle, go háirithe, dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta, ag tabhairt aird chuí ar éagsúlacht shamhlacha baincéireachta AE phrionsabal na comhréireachta agus ar an bpacáiste cothrom arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabairt ar an bhfadhb ‘rómhór le cliseadh’ mar aon leis na rioscaí a bhaineann le samhlacha éagsúla baincéireachta AE, agus a méid agus na margaí ábhartha á gcur san áireamh;

16.  ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíochtaí leanúnacha ar siúl maidir leis an bpacáiste iasachtaí neamhthuillmheacha; aguisín BCE maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha agus an obair atá déanta ag BCE ar threoirlínte maidir le risíochtaí neamhthuillmheacha agus staonta á dtabhairt dá haire aici; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an laghdú ar líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas; ag cur a húdar imní in iúl an athuair go bhfanfaidh líon agus céatadán na n-iasachtaí neamhthuillmheacha agus d’ionstraimí leibhéal 2 agus leibhéal 3 go mór os cionn an mheáin i roinnt Ballstát; ag cur i bhfios go mbaineann riosca suntasach go fóill don chobhsaíocht airgeadais le hiasachtaí neamhthuillmheacha ach go bhfuil sé níos ísle ná mar a bhí sé cúpla bliain ó shin; ar aon intinn leis an gCoimisiún gur faoi na Ballstáit go príomha atá sé, mar aon leis na bainc féin, iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú, go háirithe trí dhlíthe éifeachtúla maidir le dócmhainneacht, ach á chur i bhfios go bhfuil sé chun leasa AE céatadán na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú;

17.  gur údar imní di úsáid samhlacha inmheánacha ag na hinstitiúidí airgeadais; á iarraidh ar SMA agus ar ÚBE leanúint dá gcuid oibre maidir le leormhaitheas samhlacha inmheánacha a úsáid chun a gcreidiúnacht a shuí agus cothrom iomaíochta a bhaint amach ar fud na n-institiúidí;

18.  ag tabhairt dá haire go bhfuil caibidlíochtaí ar siúl faoi láthair maidir leis an gCóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA); den tuairim gur mbíonn cumhachtaí iomchuí maoirseachta ar leibhéal AE ag teastáil ó mhargadh aonair; ag cur i bhfios gurb é príomhchúram CEMA gníomhaíocht éifeachtach mhaoirseachta a áirithiú;

19.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an teicneolaíocht airgeadais; ag aithint na hacmhainne a bhaineann leis an teicneolaíocht airgeadais agus gur gá nuálaíocht a spreagadh; ag tabhairt dá haire, áfach, gur gá rialáil shoiléir agus maoirseacht iomchuí lena dtugtar cosaint do thomhaltóirí agus lena n-áirithítear cobhsaíocht airgeadais mar aon le cothrom iomaíochta do ghníomhaithe an mhargaidh airgeadais; á meas gur cheart do theicneolaíocht airgeadais, a dhéanann na cineálacha céanna gníomhaíochtaí agus a dhéanann gníomhaithe eile, a bheith faoi réir na rialacha céanna oibríochta. ag cur i bhfios go láidir gur gá cibear-athléimneacht earnáil airgeadais AE a neartú go leanúnach;

20.  fós imníoch faoi a fhairsinge atá scáthbhaincéireacht in AE; á meabhrú gur measadh ag deireadh 2017 gur chuimsigh sí thart ar 40 % de chóras airgeadais AE. ag spreagadh údaráis ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal domhanda leanúint de bheith ag déanamh faireacháin go hairdeallach ar na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu a luaithe is féidir chun iomaíocht chóir, trédhearcacht agus cobhsaíocht airgeadais a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún bearnaí atá fós sna rialacháin atá ann faoi láthair a shainaithint ar bhonn práinneach;

21.  ag meabhrú na díospóireachta tosaigh faoi ról BCE mar údarás airgeadaíochta agus maoirseachta araon; ag meas gur éirigh le BCE, ar an iomlán, an dá ról a choinneáil scartha ó chéile; den tuairim, áfach, gur gá tuilleadh díospóireachta chun an baol coinbhleachta leasa idir an dá chúram a sheachaint; ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé comhar a bheith idir ÚBE agus SMA mar údarás maoirseachta laistigh den Aontas Baincéireachta, agus urraim á tabhairt do roinnt na bhfreagrachtaí;

22.  á mheas go bhféadfadh comhchuibhiú breise ar chleachtais maidir le measúnú i dtaobh an bhfuil banc ag cliseadh nó ar dócha go gclisfeadh sé chomh maith le hidirdhealú idir cumhachtaí maoirseachta agus cumhachtaí luath-idirghabhála cabhrú le bainistíocht ghéarchéime ag údaráis inniúla a dhéanamh níos éifeachtaí roimh an réiteach.

Réiteach

23.  ag cur in iúl maidir leis an gcomhaontú ar thángthas air ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 gur tríd an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a sholáthrófar an cúlstop comhchoiteann don Chiste Réitigh Aonair agus go ndéanfar SCE a athchóiriú chun tacaíocht éifeachtach chobhsaíochta a sholáthar bunaithe ar choinníollacha dochta lena n-áiritheofar freagracht, cuntasacht, agus an prionsabal maidir le baol morálta a chosc chomh maith le coimirciú an phrionsabail nach bhfuil cáiníocóirí faoi dhliteanas rioscaí baincéireachta; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte gur cheart an sásra sin a ionchorprú go hiomlán i gcreat institiúideach an Aontais agus ag cur i bhfios gur gá grinnscrúdú daonlathach cuí;

24.  ag meabhrú gurb iad na gnáthimeachtaí dócmhainneachta an nós imeachta a cuireadh i bhfeidhm nuair nach meastar go bhfuil gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail ar an eolas go léirítear nósanna imeachta seanbhunaithe neamhréireachtaí sa reachtaíocht dócmhainneachta; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh an reachtaíocht dóchmhainneachta tairbhiú de chomhchuibhiú breise ar fud an Aontais chun rialacha comhchoiteanna a áirithiú agus cothrom iomaíochta do na bainc, do na hinfheisteoirí agus do na creidiúnaithe go léir;

25.  ag athdhearbhú a seasaimh gur gá na rialacha maidir le hathchaipitliú réamhchúraim a shoiléiriú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh an t-athchaipitliú réamhchúraim a bheith ina uirlis bainistithe géarchéime ach tá sí den tuairim gur gá úsáid an athchaipitlithe réamhchúraim a bheith teoranta do chásanna eisceachtúla ina gcomhlíonann an banc na híosleibhéil chaipitil chomhchuibhithe rialála agus é sócmhainneach dá bhrí sin agus ina n-áirithítear go bhfuil rialacha AE maidir le Státchabhair á gcomhlíonadh; ag meabhrú gurb é cuspóir chóras réitigh AE a áirithiú go dtugtar cosaint do cháiníocóirí, gurb iad na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a sheasfaidh an costas a bhaineann le cliseadh ar bhainistiú bainc, agus go gcaomhnaítear cobhsaíocht an chórais airgeadais ina iomláine; ag cur i bhfios gur gá na rialacha maidir le réiteach institiúidí creidmheasa a chur i bhfeidhm níos fearr;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar théarnamh agus ar réiteach institiúidí creidmheasa i bhfianaise rialacha státchabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún an rialachán a scrúdú i bhfianaise naTreorach maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (TTRB); á iarraidh ar an gCoimisiún cur i bhfeidhm trédhearcach ar rialacha maidir le státchabhair a mholadh i ndáil le TTRB;

27.  ag cur i bhfios a thábhachtaí atá sé do bhainc atá i mbun réitigh rochtain a bheith acu ar leachtacht le linn imeachtaí réitigh agus ina ndiaidh; is díol suime di na díospóireachtaí leanúnacha maidir le huirlis a d’fhéadfadh a bheith ann chun leachtacht a sholáthar sa réiteach;

28.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go rialta i dtaobh ar thairbhigh an earnáil bhaincéireachta de na fóirdheontais intuigthe agus den Státchabhair ó thús na géarchéime, lena n-áirítear trí thacaíocht leachtachta neamhghnách a sholáthar, agus tuarascáil maidir leis sin a fhoilsiú; ag cur i bhfios gur féidir iarmhairt saofa a bheith ag Státchabhair ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh; ag meabhrú na gceanglas dian atá ann maidir le hAirteagal 107(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur i bhfeidhm agus á iarraidh athuair ar an gCoimisiún athscrúdú a dhéanamh ar bhonn bliantúil i dtaobh an leanann na ceanglais sin de bheith á gcur i bhfeidhm;

29.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an chonclúid ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, sa tuarascáil uaithi maidir le héifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht ghéarchéime BCE do na bainc, go bhfuil leagan amach eagraíochtúil BCE agus na hacmhainní a chuireann sé ar fáil don mheasúnú ar phleananna tarrthála agus don mhaoirseacht ar na bainc atá i gcruachás sásúil, agus tugann sí dá haire go bhfuil fadhbanna ann go fóill maidir le comhroinnt faisnéis agus éifeachtúlacht an chomhordaithe; ag meabhrú go bhfuil comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis bunriachtanach le haghaidh cur chun feidhme rianúil na mbeart réitigh;

30.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an meabhrán tuisceana athbhreithnithe idir BCE agus an Bord Réitigh Aonair (BRA); ag cur i bhfios go gcuireann malartú cuíchóirithe faisnéise, agus uathmhalartú faisnéise i roinnt cásanna, le héifeachtúlacht agus gur cuidiú é chun a áirithiú go gcoinneofar an t-ualach tuairiscithe ar na bainc chomh beag agus is féidir;

Árachas taiscí

31.  an comhaontú a rinneadh ag Cruinniú Mullaigh Euro an 29 Meitheamh 2018 maidir leis an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) á thabhairt dá haire chomh maith le teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2017 maidir le SEÁT; ag cur i bhfáth gur cheart don phróiseas chun SEÁT a bhunú leanúint ar aghaidh chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche; ag aithint tairbhí na comhroinnte rioscaí agus an laghdaithe bhreise rioscaí;

o
o   o

32.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach, chuig an mBord Réitigh Aonair, chuig na parlaimintí agus chuig na Ballstáit agus chuig na húdaráis inniúla mar a shainítear i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(1) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2018)0058.
(2) ‘Tuarascáil Speisialta Uimh. 02/2018: Éifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht ghéarchéime BCE do na bainc’, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 16 Eanáir 2018, https://www.eca.europa.eu/en/Pages/DocItem.aspx?did=44556
(3) Preaseisiúint, ‘chinn BCE go raibh ABLV Bank ag cliseadh nó gur dhóigh dó cliseadh’, Banc Ceannais na hEorpa, 24 Feabhra 2018, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2018/html/ssm.pr180224.en.html
(4) Preaseisiúint, ‘seolann ÚBE tástálacha struis 2018 ar fud AE, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, 31 Eanáir 2018, http://www.eba.europa.eu/-/eba-launches-2018-eu-wide-stress-test-exercise
(5) IO C 216, 30.7.2013, lch. 1.
(6) Preaseisiúint, ‘Leagann BCE amach a ionchais mhaoirseachta le haghaidh na n-iasachtaí nua neamhthuillmheacha, Banc Ceannais na hEorpa, 15 Márta 2018, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2018/html/ssm.pr180315.en.html
(7) Preaseisiúint, Fógraíonn BCE bearta breise ina chur chuige maoirseachta i leith an stoic iasachtaí neamhthuillmheacha, 11 Iúil 2018, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2018/html/ssm.pr180711.en.html
(8) IO C 248A, 16.7.2018, lch. 1.
(9) Cás T-98/16: Caingean arna tabhairt an 4 Márta 2016 - An Iodáil v An Coimisiún (IO C 145, 25.4.2016, lch. 34).

Fógra dlíthiúil