Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 17 Eanáir 2019 - StrasbourgEagrán sealadach
Buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit ***I
 Clár "Fiscalis" a bhunú le haghaidh comhar i réimse an chánachais ***I
 An Clár um Chearta agus Luachanna 2021-2027***I

Buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit ***I
PDF 575kWORD 74k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit (COM(2018)0324 – C8-0178/2018 – 2018/0136(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0038A8-0469/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Tá an smacht reachta ar cheann de na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. Mar a mheabhraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin.
(1)  Tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sna critéir le haghaidh ballraíocht den Aontas. Mar a mheabhraítear in Airteagal 2 de CAE, is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
(1a)  Ba cheart do na Ballstáit seasamh lena n-oibleagáidí agus dea-shampla a thabhairt trína gcomhlíonadh go dílis agus bogadh i dtreo cultúr comhroinnte ina mbeidh an smacht reachta ina luach uilíoch agus é le cur i bhfeidhm go cothrom ag cách lena mbaineann. Tá lánurraim agus cur chun cinn na bprionsabal sin ina réamhriachtanas ríthábhachtach do dhlisteanacht thionscadal na hEorpa trí chéile agus tá siad ina mbunchoinníoll chun iontaoibh na saoránach as an Aontas a chothú agus chun cur chun feidhme éifeachtach a bheartas a áirithiú.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 b (nua)
(1b)  I gcomhréir le hAirteagal 2, le hAirteagal 3(1) agus le hAirteagal 7 CAE, is féidir leis an Aontas gníomhú chun a chroí bunreachtúil agus na luachanna coiteanna ar ar fothaíodh é a chosaint, lena n-áirítear a phrionsabail bhuiséadacha. Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus tíortha is iarrthóirí na prionsabail agus na luachanna sin a urramú, a chosaint agus a chur chun cinn, agus tá dualgas an chomhair dhílis orthu.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Leis an smacht reachta, ceanglaítear ar na cumhachtaí poiblí gníomhú laistigh de na srianta atá leagtha amach faoin dlí, i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach, agus faoi smacht ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta. Éilítear leis, go háirithe, prionsabal na dlíthiúlachta7 , prionsabal na deimhneachta dlíthiúla8 , prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin9 , prionsabal scaradh na gcumhachtaí10, agus prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí ag cúirteanna neamhspleácha11 a urramú12 .
(2)  Leis an smacht reachta, ceanglaítear ar na cumhachtaí poiblí gníomhú laistigh de na srianta atá leagtha amach faoin dlí, i gcomhréir le luachanna an daonlathais agus na hurraime do chearta bunúsacha, agus faoi smacht ag cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta. Éilítear leis, go háirithe, prionsabal na dlíthiúlachta7, lena n-áiritear próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach chun dlí a achtú; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla8, prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin9, prionsabal scaradh na gcumhachtaí10, prionsabal na rochtana ar an gceartas agus ar chosaint dlí éifeachtach os comhair cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta11 a urramú12. Léirítear na prionsabail sin inter alia ar leibhéal Choimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa agus freisin ar bhonn chás-dlí ábhartha na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine12a.
__________________
__________________
7 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 29 Aibreán 2004, CAS Succhi di Frutta, C-496/99 PECLI:EU:C:2004:236, mír 63.
7 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 29 Aibreán 2004, CAS Succhi di Frutta, C-496/99 PECLI:EU:C:2004:236, mír 63.
8 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Samhain 1981, Amministrazione delle finanze dello Stato v Srl Meridionale Industria Salumi agus daoine eile Ditta Italo Orlandi & Figlio agus Ditta Vincenzo Divella v Amministrazione delle finanze dello Stato. Cásanna uamtha 212 go 217/80, ECLI:EU:C:1981:270, mír 10.
8 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 12 Samhain 1981, Amministrazione delle finanze dello Stato v Srl Meridionale Industria Salumi agus daoine eile Ditta Italo Orlandi & Figlio agus Ditta Vincenzo Divella v Amministrazione delle finanze dello Stato. Cásanna uamtha 212 go 217/80, ECLI:EU:C:1981:270, mír 10.
9 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst, Cásanna uamtha 46/87 agus 227/88, ECLI:EU:C:1989:337, mír 19.
9 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Meán Fómhair 1989, Hoechst, Cásanna uamtha 46/87 agus 227/88, ECLI:EU:C:1989:337, mír 19.
10 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C-477/16, ECLI:EU:C:2016:861, mír 36; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, PPU Poltorak, C-452/16, ECLI:EU:C:2016:858, mír 35; agus Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Nollaig 2010, DEB,C-279/09, ECLI:EU:C:2010:811, mír 58.
10 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, Kovalkovas, C-477/16, ECLI:EU:C:2016:861, mír 36; Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 10 Samhain 2016, PPU Poltorak, C-452/16, ECLI:EU:C:2016:858, mír 35; agus Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 22 Nollaig 2010, DEB,C-279/09, ECLI:EU:C:2010:811, mír 58.
11 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas C-64/16, ECLI:EU:C:2018:117, míreanna 31, 40-41.
11 Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses v Tribunal de Contas C-64/16, ECLI:EU:C:2018:117, míreanna 31, 40-41; breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 25 Iúil 2018, LM, C-216/18 PPU, ECLI:EU:C:2018:586, míreanna 63-67.
12 Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘A new EU Framework to strengthen the Rule of Law’ [Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú], COM(2014) 158 final, Iarscríbhinn I.
12 Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘A new EU Framework to strengthen the Rule of Law’ [Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú], COM(2014) 158 final, Iarscríbhinn I.
12a Tuarascáil ó Choimisiún na Veinéise an 4 Aibreán 2011 Staidéar Uimh. 512/2009 (CDL-AD(2011)003rev).
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Maidir leis na critéir aontachais, nó critéir Chóbanhávan, a bunaíodh ag Comhairle Eorpach Chóbanhávan sa bhliain 1993 agus ar treisíodh leo ag Comhairle Eorpach Mhaidrid sa bhliain 1995, is iadsan is coinníollacha riachtanacha nach mór do na tíortha is iarrthóirí ar fad a chomhlíonadh chun bheith ina mBallstát. Áirithítear ar na critéir sin cobhsaíocht na n-institiúidí a ráthaíonn an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar mhionlaigh agus cosaint dóibh; geilleagar margaidh atá feidhmiúil agus an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh ; agus an cumas na hoibleagáidí a ghabhann le ballraíocht den Aontas a chomhlíonadh.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 b (nua)
(2b)  Is é a bhíonn mar thoradh ar mhainneachtain ag tír is iarrthóir na caighdeáin, na luachanna agus na prionsabail dhaonlathacha is gá a chomhlíonadh go gcuirtear moill ar aontachas na tíre sin leis an Aontas, go dtí go gcomhlíonann sí na caighdeáin sin ina n-iomláine. Maidir leis na hoibleagáidí atá ar thíortha is iarrthóirí faoi chritéir Chóbanhávan, leanann siad d’fheidhm a bheith acu maidir leis na Ballstáit i ndiaidh dóibh dul isteach san Aontas de bhua Airteagal 2 CAE agus phrionsabal an chomhair dhílis a chumhdaítear in Airteagal 4 CAE. Ba cheart, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar na Ballstáit ar bhonn tráthrialta chun a fhíorú go bhfuil na critéir sin agus na luachanna coiteanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe fós á gcomhlíonadh lena ndlíthe agus lena gcleachtais agus, ar an gcaoi sin, creat dlíthiúil agus riaracháin fónta á sholáthar maidir le bearta an Aontais a chur chun feidhme.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Is réamhriachtanas é an smacht reachta chun na luachanna bunúsacha eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint, luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus urraim do chearta an duine. Tá dlúthbhaint idir an urraim don smacht reachta agus an urraim don daonlathas agus do na cearta bunúsacha: ní féidir daonlathas agus urraim do chearta bunúsacha a bheith ann gan urraim don smacht reachta, agus vice versa.
(3)  Cé nach bhfuil aon ordlathas i gceist le luachanna an Aontais, tá urraim don smacht reachta bunriachtanach chun na luachanna bunúsacha eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe a chosaint, luachanna amhail an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas agus urraim do chearta an duine. Tá dlúthbhaint idir an urraim don smacht reachta agus an urraim don daonlathas agus do na cearta bunúsacha: ní féidir daonlathas agus urraim do chearta bunúsacha a bheith ann gan urraim don smacht reachta, agus vice versa. Tá comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na mbeartas inmheánach agus seachtrach maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha ina gcroíchuid d’inchreidteacht an Aontais.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Ba cheart do chomhlachtaí breithiúnacha feidhmiú go neamhspleách agus go neamhchlaonta agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhm a chur i gcrích go cuí. Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bhronnadh orthu le feidhmiú go héifeachtach agus le lánurraim don cheart chun triail chóir. Tá na dálaí sin riachtanach chun cosaint íosta a áirithiú ar chinntí neamhdhleathacha treallacha ag údaráis phoiblí a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.
(6)  Ba cheart go ráthófaí neamhspleáchas agus neamhchlaonta na mbreithiúna i gcónaí agus ba cheart do sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh a bheith in ann a bhfeidhm a chur i gcrích go cuí. Ba cheart acmhainní agus nósanna imeachta leordhóthanacha a bhronnadh orthu chun feidhmiú go héifeachtach agus le lánurraim don cheart chun triail chóir. Tá na coinníollacha sin riachtanach mar ráthaíocht íosta in aghaidh cinntí neamhdhleathacha treallacha ag údaráis phoiblí a d’fhéadfadh cur as do na prionsabail bhunúsacha sin agus dochar a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
(7a)   I neamhspleáchas an ionchúisimh agus na mbreithiúna, cumhdaítear neamhspleáchas foirmiúil (de jure) agus neamhspleáchas iarbhír (de facto) an ionchúisimh agus na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí agus breithiúna aonair.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Tá an urraim don smacht reachta tábhachtach do shaoránaigh an Aontais, ach tá sí tábhachtach freisin do thionscnaimh ghnó, don nuálaíocht, don infheistíocht agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a mbeidh an borradh is mó fúthu má bhíonn creat daingean dlí agus institiúideach i bhfeidhm.
(8)  Tá an urraim don smacht reachta bunriachtanach do shaoránaigh an Aontais, ach tá sí ríthábhachtach freisin do thionscnaimh ghnó, don nuálaíocht, don infheistíocht, do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, nach mbeidh borradh inbhuanaithe fúthu mura mbíonn creat daingean dlí agus institiúideach i bhfeidhm.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
(8a)  Maidir le lánpháirtiú shásraí faireacháin an Aontais atá ann cheana, amhail an Sásra Comhair agus Fíorúcháin, an Scórchlár Ceartais agus na tuarascálacha Frith-Éillithe, a chomhtháthú i gcreat níos leithne maidir le faireachán a dhéanamh ar an smacht reachta, d’fhéadfaí sásraí rialaithe a bheadh níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí a sholáthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 b (nua)
(8b)   Maidir le heaspa trédhearcachta, idirdhealú treallach, saobhadh iomaíochta agus éagothroime iomaíochta laistigh den mhargadh inmheánach agus lasmuigh de, tionchar ar shláine an mhargaidh aonair agus ar chothroime, cobhsaíocht agus dlisteanach an chórais cánach, neamhionannais eacnamaíocha mhéadaithe, iomaíocht éagórach idir stáit, míshástacht shóisialta, mímhuinín, agus easnamh daonlathach, is iadsan roinnt éifeachtaí diúltacha de chleachtais chánach dhíobhálacha.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10 a (nua)
(10a)  Tá an iliomad ionstraimí agus próiseas ag an Aontas chun a áirithiú go ndéantar na prionsabail agus na luachanna a leagtar síos in CAE a chur i bhfeidhm ina n-iomláine agus go cuí ach, faoi láthair, níl freagairt mhear éifeachtach tugtha ag institiúidí an Aontais, go háirithe maidir le bainistíú fónta airgeadais a áirithiú. Le go mbeidh na hionstraimí atá ann cheana leordhóthanach agus éifeachtach, ba cheart iad a fhorfheidhmiú, a mheasúnú agus a chomhlánú faoi chuimsiú sásra smachta reachta.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Easnaimh ghinearálaithe sna Ballstáit i ndáil leis an smacht reachta a dhéanann difear go háirithe d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais.
(11)  Maidir le heasnaimh ghinearálaithe sna Ballstáit i ndáil leis an smacht reachta a dhéanann difear go háirithe d’fheidhmiú cuí údarás poiblí agus d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach, is féidir leo dochar tromchúiseach a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Maidir le himscrúduithe éifeachtúla ar na heasnaimh sin agus le cur chun feidhme beart éifeachtach agus comhréireach nuair a chruthaítear easnamh ginearálaithe, tá gá leo ní hamháin chun leasanna airgeadais an Aontais a urrú, lena n-áirítear bailiú éifeachtach ioncaim, ach freisin chun iontaoibh an phobail as an Aontas agus a institiúidí a áirithiú. Is iad na breithiúna neamhspleácha a sheasann leis an smacht reachta agus leis an deimhneacht dhlíthiúil sna Ballstáit uile, agus iadsan amháin, atá in ann a ráthú gur leor an chosaint a thugtar d’airgead as buiséad an Aontais.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 a (nua)
(11a)   Measann an Coimisiúin gurb ionann an scála imghabhála agus seachanta cánach agus suas le EUR 1 trilliún in aghaidh na bliana. Tá tionchair dhiúltacha na gcleachtas sin ar bhuiséid na mBallstát agus an Aontais agus ar shaoránaigh soiléir agus d’fhéadfaidís an bonn a bhaint ó iontaoibh as an daonlathas.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 b (nua)
(11b)   Tá tionchar díreach ag seachaint cánach ar bhuiséid na mBallstát agus an Aontais agus ar leithdháileadh na hiarrachta cánach idir catagóirí cáiníocóirí agus idir tosca eacnamaíochta freisin.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 c (nua)
(11c)   Ba cheart do Bhallstáit prionsabal an chomhair dhílis a chur i bhfeidhm go hiomlán in ábhair iomaíochta cánach.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 d (nua)
(11d)   Ba cheart don Choimisiún, mar chaomhnóir na gConarthaí, a áirithiú go gcomhlíontar dlí an Aontais agus prionsabal an chomhair dhílis go hiomlán idir na Ballstáit.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11 e (nua)
(11e)   Dá ndéanfaí measúnú agus faireachán ar bhearta cánacha na mBallstát ar leibhéal an Aontais, d'áiritheofaí nach gcuirfí aon bhearta cánach díobhálacha nua chun feidhme sna Ballstáit. Maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mBallstát, a ndlínsí, a réigiún agus struchtúr riaracháin eile leis an gcomhliosta Aontais de dhlínsí neamhchomhoibríocha, dhéanfaí coimirciú ar an margadh aonair agus d'áiritheofaí go bhfeidhmíonn sé go cuí agus go cuimsitheach.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Tá gá le measúnú cáilíochtúil ón gCoimisiún chun easnamh ginearálaithe a shainaithint. D’fhéadfadh an measúnú sin a bheith bunaithe ar an bhfaisnéis ó gach foinse atá le fáil agus ó gach institiúid aitheanta, lena n-áirítear breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, amhail comhlachtaí Chomhairle na hEorpa agus na líonraí Eorpacha de chúirteanna uachtaracha agus de chomhairlí na mbreithiúna.
(12)  Tá gá le measúnú cáilíochtúil cuimsitheach ón gCoimisiún chun easnamh ginearálaithe a shainaithint. Ba cheart an measúnú sin a bheith oibiachtúil, cothrom agus trédhearcach agus bunaithe ar fhaisnéis ó na foinsí ábhartha go léir, agus aird á tabhairt ar na critéir a úsáidtear i gcomhthéacs chaibidlíochtaí aontachais an Aontais, go háirithe ar chaibidlí an acquis maidir leis na breithiúna agus cearta bunúsacha, leis an gceartas, an tsaoirse agus an tslándáil, le rialú airgeadais agus le cánachas, agus freisin leis na treoirlínte a úsáidtear i gcomhthéacs an tSásra Comhair agus Fíorúcháin chun an dul chun cinn a dhéanann Ballstát a rianú, agus faisnéis ó institiúidí aitheanta, lena n-áirítear breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, rúin ó Pharlaimint na hEorpa, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, amhail comhlachtaí Chomhairle na hEorpa, lena n-áirítear, go háirithe, Seicliosta Smachta Reachta Choimisiún na Veinéise, agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha, amhail na líonraí Eorpacha de chúirteanna uachtaracha agus de chomhairlí na mbreithiúna.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)  Ba cheart painéal comhairleach a bhunú a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha sa dlí bunreachtúil agus i gcúrsaí airgeadais agus buiséid agus a bheidh sé mar chuspóir aige cuidiú leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar easnaimh ghinearálaithe. Ba cheart go ndéanfaidh an painéal sin measúnú bliantúil neamhspléach maidir leis na saincheisteanna i ndáil leis an smacht reachta i ngach Ballstát a dhéanann difear do phrionsabail an bhainistiú fhónta nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó má tá baol ann go ndéanfaidís difear dóibh, ag cur faisnéise ó gach foinse ábhartha agus gach institiúid aitheanta san áireamh. Ba cheart don Choimisiún tuairimí ábhartha a thugann an Painéal a chur san áireamh agus cinneadh maidir le bearta féideartha a ghlacadh nó a chur ar leataobh á dhéanamh acu.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Ba cheart na bearta féideartha atá le glacadh i gcás easnaimh ghinearálaithe agus an nós imeachta is inleanta lena nglacadh a chinneadh. Ba cheart a bheith san áireamh sna bearta sin íocaíochtaí agus gealltanais a chur ar fionraí, cistiú faoi ghealltanais reatha a laghdú, agus toirmeasc ar ghealltanais nua a chur i gcrích le faighteoirí.
(13)  Ba cheart na bearta atá le glacadh i gcás easnaimh ghinearálaithe agus an nós imeachta is inleanta lena nglacadh a chinneadh. Ba cheart a bheith san áireamh sna bearta sin íocaíochtaí agus gealltanais a chur ar fionraí, cistiú faoi ghealltanais reatha a laghdú, agus toirmeasc ar ghealltanais nua a chur i gcrích le faighteoirí.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14a)  Tá sé bunriachtanach go ndéantar leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh a choimirciú go cuí nuair a dhéantar bearta a ghlacadh i gcás easnaimh ghinearálaithe. Agus breithniú á dhéanamh ar ghlacadh beart, ba cheart don Choimisiún an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh a chur san áireamh. Chun treisiú leis an gcosaint a thugtar d’fhaighteoirí nó tairbhithe deiridh, ba cheart don Choimisiún faisnéis a agus treoir a sholáthair trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín, chomh maith le huirlisí leormhaithe chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar oibleagáid dhlíthiúil atá ar eintitis rialtais agus ar na Ballstáit leanúint d’íocaíochtaí a dhéanamh i ndiaidh bearta a ghlacadh ar bhonn an Rialacháin seo. I gcás inarb iomchuí agus chun a áirithiú go n-íoctar aon mhéid atá dlite ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit go héifeachtach leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann íocaíochtaí a dhéantar leis na heintitis seo a aisghabháil, nó, de réir mar is iomchuí, ceartú airgeadais a dhéanamh trí thacú do chlár a laghdú, agus méid coibhéiseach a aistriú go cúlchiste an Aontais a bheidh le húsáid chun leas na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus i bhfianaise a thábhachtaí agus atá iarmhairtí airgeadais na mbeart arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle, ar cheart di gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun glacadh cinntí atá de dhíth chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a éascú, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid.
(15)  Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo a áirithiú agus i bhfianaise a thábhachtaí atá iarmhairtí airgeadais na mbeart arna bhforchur de bhun an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15 a (nua)
(15a)  I bhfianaise na héifeachta atá acu ar bhuiséad an Aontais, níor cheart go dtiocfadh bearta a fhorchuirtear de bhun an Rialacháin seo i bhfeidhm ach amháin i ndiaidh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle formheas a thabhairt méid is ionann agus luach na mbeart arna nglacadh a aistriú go cúlchiste buiséadach. Chun éascú a dhéanamh ar ghlacadh cinntí a cheanglaítear chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, ba cheart a mheas go bhfuil na haistrithe sin formheasta mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle iad a leasú nó diúltú dóibh laistigh de thréimhse shocraithe agus an Chomhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Sula molfaidh an Coimisiún aon bheart a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoi gcúis a measann sé go bhféadfadh easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bheith ann sa Bhallstát sin. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát a mbarúlacha a chur isteach. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle na barúlacha sin a chur san áireamh.
(16)  Sula molfaidh an Coimisiún aon bheart a ghlacadh de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dó an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcúis a measann sé go bhféadfadh easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bheith ann sa Bhallstát sin. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas gan mhoill maidir le haon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann. Ba cheart cead a bheith ag an mBallstát lena mbaineann a bharúlacha a chur isteach. Ba cheart don Choimisiún na barúlacha sin a chur san áireamh.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Ba cheart don Chomhairle bearta a chur i leataobh le héifeacht fionraíochta ar thogra ón gCoimisiún, más rud é go bhfuil an cás as ar eascair forchuir na mbeart sin réitithe go leordhóthanach.
(17)  Ba cheart don Choimisiún bearta a chur i leataobh le héifeacht fionraíochta agus a mholadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle cúlchiste buiséadach na mbeart i dtrácht a chur i leataobh, ina iomláine nó i bpáirt, más rud é go bhfuil an cás as ar eascair forchuir na mbeart sin réitithe go leordhóthanach.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas maidir le haon bheart arna mholadh agus arna ghlacadh de bhun an Rialacháin seo,
scriosta
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe a
(a)  Tagraíonn ‘an smacht reachta’ don luach de chuid an Aontais atá cumhdaithe in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, luach a chuimsíonn prionsabal na dlíthiúlachta, a dhéanann talamh slán de go bhfuil próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann chun dlíthe a achtú; prionsabal na doimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallach as na gcumhachtaí feidhmiúcháin; prionsabal na cosanta éifeachtaí breithiúnaí ag cúirteanna neamhspleácha, cosaint ar chearta bunúsacha san áireamh; scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal an chomhionannais faoin dlí;
(a)  tuigfear ‘an smacht reachta’ ag féachaint do luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE agus sna critéir le haghaidh ballraíocht den Aontas mar a mheabhraítear in Airteagal 49 den Chonradh; áirítear leis prionsabail an chomhionannais, a dhéanann talamh slán de go bhfuil próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann chun dlí a achtú; prionsabal na deimhneachta dlíthiúla; prionsabal an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; prionsabal na rochtana ar an gceartas agus ar chosaint dlí éifeachtach os comhair cúirteanna neamhspleácha neamhchlaonta, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha de réir mar atá sonraithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gconarthaí idirnáisiúnta cearta daonra; prionsabal scaradh na gcumhachtaí; prionsabal an neamh-idirdhealithe agus comhionannais faoin dlí;
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe b
(b)  ciallaíonn ‘easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta’ cleachtas nó faillí fhorleathan nó athfhillteach, nó beart ag údaráis phoiblí a dhéanann difear don smacht reachta;
(b)  ciallaíonn ‘easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta’ cleachtas nó faillí fhorleathan nó athfhillteach, nó beart ag údaráis phoiblí a dhéanann difear don smacht reachta, sa chás ina dhéanann sé difear nó go bhfuil baol ann go ndéanfadh sé difear do phrionsabal an bhainistiú fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh; d’fhéadfadh easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bheith mar thoradh ar bhagairt shistéamach ar luachanna an Aontais, a shonraítear in Airteagal 2 CAE, a dhéanann difear nó go bhfuil baol ann go ndéanfadh sé difear do phrionsabal an bhainistíú fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh;
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe c
(c)  ciallaíonn ‘eintiteas rialtais’ gach údarás poiblí agus gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí [phointe 42 d’Airteagal 2] de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. […] (an ‘Rialachán Airgeadais’).
(c)  ciallaíonn ‘eintiteas rialtais’ aon údarás poiblí ar gach leibhéal rialtais, lena n-áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, chomh maith le heagraíochtaí de chuid na mBallstát de réir bhrí phointe 42 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a (an ‘Rialachán Airgeadais’).
__________________
1a Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 a (nua)
Airteagal 2a
Easnaimh ghinearálaithe
Measfar, go háirithe, gur easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta iad an méid seo a leanas, i gcás ina ndéanann siad difear do phrionsabail an bhainistiú fhónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó má tá an baol ann go ndéanfadh siad difear dóibh:
(a)  neamhspleáchas na mbreithiúna a chur i mbaol, lena n-áirítear aon teorannú a dhéanamh ar an gcumas feidhmeanna breithiúnacha a dhéanamh go huathrialach trí idirghabháil sheachtrach a dhéanamh i ráthaíochtaí neamhspleáchais, trí shrian a chur le breithiúnas faoi ordú seachtrach, trí athbhreithniú a dhéanamh go treallach ar rialacha maidir le ceapadh nó téarmaí seirbhíse pearsanra bhreithiúnaigh, trí thionchar a imirt ar phearsanra breithiúnach ar bhealach ar bith a gcuirtear as dá neamhchlaontacht nó trí chur isteach ar neamhspleáchas nó trí chur isteach ar neamhspleáchas aturnaetha;
(b)  gan cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ó údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, acmhainní airgeadais agus daonna a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí a choinneáil siar nó gan a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;
(c)  teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, gan breithiúnais a chur chun feidhme, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannaí ar sháruithe ar an dlí;
(d)  acmhainneacht riaracháin Ballstáit a chur i mbaol maidir leis na hoibleagáidí a ghabhann le ballraíocht den Aontas a urramú, lena n-áirítear an acmhainneacht na rialacha, na caighdeáin agus na beartais, ar corpas dhlí an Aontais iad, a chur chun feidhme go héifeachtach;
(e)  bearta a lagaíonn cosaint na cumarsáide rúnda idir an dlíodóir agus an cliant.
(Féach leasú a bhaineann le hAirteagal 3 – mír 2)
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – teideal
Bearta
Rioscaí do leasanna airgeadais an Aontais
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Déanfar bearta iomchuí i gcás ina ndéanann easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát difear do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, nó go bhfuil an baol ann go ndéanfadh sé difear dóibh sin, go háirithe maidir leo seo a leanas:
1.  Féadfar easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát a suí nuair a dhéantar difear, go háirithe, do cheann amháin nó níos mó do na rudaí seo a leanas, nó má tá baol ann go ndéanfar difear dóibh:
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a
(a)  feidhmiú cuí údaráis an Bhallstáit sin a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais, agus nuair a dhéantar faireachán agus rialuithe;
(a)  feidhmiú cuí údaráis an Bhallstáit sin a chuireann buiséad an Aontais chun feidhme, go háirithe i gcomhthéacs an tsoláthair phoiblí nó nósanna imeachta deontais;
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  feidhmiú cuí an gheilleagair margaidh, agus iomaíocht agus fórsaí margaidh san Aontas á n-urramú ar an gcaoi sin, mar aon leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear cloí leis an aidhm maidir le haontas polaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta;
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a b (nua)
(ab)  feidhmiú cuí na n-údarás a dhéanann rialú airgeadais, faireachán agus iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, agus feidhmiú cuí córas éifeachtach trédhearcach bainistithe airgeadais agus cuntasachta;
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe b
(b)  feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a ionchúiseamh;
(b)  feidhmiú cuí seirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh phoiblí i ndáil le calaois, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais a ionchúiseamh;
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c
(c)  athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó faillí na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);
(c)  athbhreithniú breithiúnach éifeachtach ag cúirteanna neamhspleácha ar ghníomhaíochtaí nó faillí na n-údarás dá dtagraítear i bpointe (a), (a b) agus (b);
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe d
(d)  cosc ar chalaois, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus forchur smachtbhannaí ina leith, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;
(d)  cosc ar chalaois, lena n-áiritear calaois chánach, éilliú nó sáruithe eile ar dhlí an Aontais a bhaineann le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais agus forchur smachtbhannaí ina leith, agus forchur pionós éifeachtach athchomhairleach ar fhaighteoirí ag cúirteanna náisiúnta nó ag údaráis riaracháin;
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe e a (nua)
(ea)   cosc ar imghabháil cánach agus iomaíocht chánach agus forchur smachtbhannaí ina leith, agus feidhmiú cuí na n-údarás a rannchuidíonn leis an gcomhar riaracháin i gcúrsaí cánach;
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe f
(f)  an comhar éifeachtach tráthúil leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun a ngníomhartha dlí ábhartha agus de bhun phrionsabal an chomhair dhílis.
(f)  an comhar éifeachtach tráthúil leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus, faoi réir rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann, le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh sna himscrúduithe nó ionchúisimh a dhéanann siad de bhun a ngníomhartha dlí ábhartha agus de bhun phrionsabal an chomhair dhílis;
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe f a (nua)
(fa)  cur chun feidhme cuí bhuiséad an Aontais tar éis sárú sistéamach ar chearta bunúsacha.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2
2.   Féadfar an méid seo a leanas, go háirithe, a mheas a bheith ina n-easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta:
scriosta
(a)  neamhspleáchas na mbreithiúna a chur i mbaol;
(b)  gan cinntí treallacha nó neamhdhleathacha ag údaráis phoiblí, lena n-áirítear cinntí údarás forfheidhmithe dlí, a chosc, a cheartú agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith, acmhainní airgeadais agus daonna a choinneáil siar a dhéanann difear dá bhfeidhmiú cuí nó gan a áirithiú nach bhfuil coinbhleachtaí leasa ann;
(c)  teorainn a chur le hinfhaighteacht agus éifeachtacht leigheasanna dlí, lena n-áirítear trí rialacha nós imeachta sriantacha, gan breithiúnais a chur chun feidhme, nó teorainn a chur le himscrúdú, ionchúiseamh nó smachtbhannaí ar sháruithe ar an dlí.
(Féach leasú a bhaineann le hAirteagal 2 a (nua).)
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 a (nua)
Airteagal 3a
Painéal saineolaithe neamhspleácha
1.  Bunóidh an Coimisiún painéal saineolaithe neamhspleácha (‘an Painéal’).
Beidh an painéal comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha sa dlí bunreachtúil agus i gcúrsaí airgeadais agus buiséid. Ceapfaidh parlaimint náisiúnta gach Ballstáit saineolaí amháin agus ceapfaidh Parlaimint na hEorpa cúigear saineolaithe. Déanfar cothromaíocht inscne a áirithiú le comhdhéanamh an choiste meastóireachta.
Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe na n-eagraíochtaí agus líonraí ábhartha, amhail Cónaidhm Eorpach na nAcadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí, Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, comhlachtaí Chomhairle na hEorpa, an Coimisiún Eorpach um Éifeachtúlacht an Cheartais, Comhairle Bharraí agus Chumainn Dlí na hEorpa, an Líonra um Cheartas Cánach, na Náisiúin Aontaithe, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, nuair is iomchuí, a bheith mar bhreathnóirí don Phainéal i gcomhréir le rialacha na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 6.
2.  Beidh sé mar chuspóir le cúraimí comhairleacha an phainéil cuidiú leis an gCoimisiún chun easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát a shainaithint, má dhéanann na heasnaimh ghinearálaithe sin difear do phrionsabail an bhainistiú fhónta nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais, nó má tá baol ann go ndéanfaidís difear dóibh.
Déanfaidh an Painéal measúnú ar an gcás i ngach Ballstát go bliantúil ar bhonn critéir agus faisnéis cainníochtúla agus cáilíochtúla, agus aird chuí á tabhairt don fhaisnéis agus treoir dá dtagraítear in Airteagal 5(2).
3.  Gach bliain, poibleoidh an Painéal achoimre dá thorthaí.
4.  Mar chuid den cúraim comhairleacha agus aird á tabhairt do thoradh na saincheisteanna faoi mhír 2, féadfaidh an Painéal a thuairim a thabhairt maidir le heasnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta i mBallstát.
Agus tuairim á tabhairt aige, déanfaidh an Painéal a dhícheall chun teacht ar chomhthoil. Mura bhféadfar teacht ar an gcomhthoil sin, tabharfaidh an Painéal a thuairim trí thromlach simplí de na comhaltaí.
5.  Agus gníomhartha á gcur chun feidhme acu de bhun Airteagal 5(6) agus Airteagal 6(2), cuirfidh an Coimisiún aon tuairim ábhartha a thugann an Painéal san áireamh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo.
6.  Toghfaidh an Painéal a chathaoirleach as measc a chomhaltaí Bunóidh an Painéal a chuid rialacha nós imeachta.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – teideal
Ábhar na mbeart
Bearta chun buiséad an Aontais a chosaint
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta iomchuí seo a leanas a ghlacadh
1.  Nuair a chomhlíontar na coinníollacha in Airteagal 3, féadfar ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh:
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3
3.  Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach le cineál, tromchúis agus raon feidhme an easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta. A mhéad is féidir, díreofar na bearta ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna an t-easnamh sin difear dóibh nó a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dóibh.
3.  Beidh na bearta a dhéanfar comhréireach le cineál, tromchúis, fad agus raon feidhme an easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta. A mhéad is féidir, díreofar na bearta ar na gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a ndearna an t-easnamh sin difear dóibh nó a d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh dóibh.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 a (nua)
3a.  Cuirfidh an Coimisiún eolas agus treoir ar fáil chun leas na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh maidir leis na hoibleagáidí ag na Ballstáit dá dtagraítear i mír 2 trí shuíomh gréasáin nó tairseach idirlín.
Cuirfidh an Coimisiún uirlisí leormhaithe ar an suíomh gréasáin nó tairseach céanna d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh chun an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le haon sárú ar na hoibleagáidí seo a dhéanann difear do na faighteoirí nó tairbhithe deiridh seo dar leo. Cuirfear an mír seo i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear cosaint na ndaoine a tuairiscíonn sáruithe dlí an Aontais, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos i Treoir XXX (Treoir maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais). Ní fhéadfaidh an Coimisiún faisnéis a sholáthraíonn na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir leis an mír seo a chur san áireamh ach amháin má tá cruthúnas ag gabháil leis an bhfaisnéis sin gur chuir an faighteoir nó tairbhí deiridh lena mbaineann gearán foirmiúil faoi bhráid an údaráis inniúil.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 b (nua)
3b.  Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn na faighteoirí nó tairbhithe deiridh i gcomhréir le mír 3 a, áiritheoidh an Coimisiún go n-íocfar go héifeachtach aon mhéid atá le híoc ag eintitis rialtais nó ag Ballstáit, i gcomhréir le mír 2 a, leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh.
Más gá:
(a)  faoi threoir cistí ó bhuiséad an Aontais a bhainistítear i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún:
(i)  aon íocaíocht le haon cheann de na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointí (v) go (vii) d’Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais a aisghabháil le haghaidh méid is ionann agus an méid nach n-íoctar leis na faighteoirí nó tairbhithe deiridh, i sárú ar mhír 2 den Airteagal seo, ,
(ii)  méid is ionann agus an méid dá dtagraítear sa phointe roimhe seo a aistriú go cúlchiste an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Measfar gur corrlach atá fágtha ar fáil an méid sin de réir bhrí phointe (a) d’Airteagal 12(1) de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI) agus bainfidh leas as i gcomhréir le hAirteagal 12(2) de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI), a mhéid is féidir, chun leas na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo;
(b)  faoi threoir cistí ó bhuiséad an Aontais a bhainistítear i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(b) den Rialachán Airgeadais:
(i)  measfar gur oibleagáid na mBallstát de réir bhrí [Airteagal 63] de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán RFC) í oibleagáid na n-údarás rialtais nó na mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déileálfar le haon sárú ar an oibleagáid sin i gcomhréir le [hAirteagal 98] de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán RFC);
(ii)  Aistreoidh an Coimisiún an méid a bheidh ann mar thoradh ar thacaíocht laghdaithe ó na Cistí go clár, agus [Airteagal 98] de Rialachán XXX (Rialachán RFC) á chur i bhfeidhm, go dtí cúlchiste an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Measfar gur corrlach atá fágtha ar fáil é an méid sin de réir bhrí phointe a) d’Airteagal 12 de Rialachán XXX ón gComhairle (Rialachán CAI), agus bainfear leas as i gcomhréir le mír 2 d’Airteagal 12 de Rialachán XXC ón gComhairle (Rialachán CAI), a mhéid is féidir, chun leas na bhfaighteoirí nó na dtairbhithe deiridh dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
1.  I gcás ina gcinneann an Coimisiún go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil coinníollacha Airteagal 3 comhlíonta, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát sin, ina leagfar amach na forais ar ar bhunaigh sé a chinneadh.
1.  I gcás ina gcinneann an Coimisiún, agus tuaraimí an phainéil á gcur san áireamh, go bhfuil forais réasúnacha aige lena chreidiúint go bhfuil coinníollacha Airteagal 3 comhlíonta, seolfaidh sé fógra i scríbhinn chuig an mBallstát sin, ina leagfar amach na forais ar ar bhunaigh sé a chinneadh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi aon fhógra den sórt sin agus faoina bhfuil ann.
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile a chur san áireamh, lena n-áirítear cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha.
2.  Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar comhlíonadh coinníollacha Airteagal 3, déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis ábhartha uile a chur san áireamh, lena n-áirítear tuairimí ón bPainéal, breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, rúin ó Pharlaimint na hEorpa, tuarascálacha Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus conclúidí agus moltaí ó eagraíochtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha. Tabharfaidh an Coimisiún aird freisin ar na critéir a úsáidtear i gcomhthéacs chaibidlíochtaí aontachais an Aontais, go háirithe ar chaibidlí an acquis maidir leis na breithiúna agus cearta bunúsacha, leis an gceartas, leis an tsaoirse agus an tslándáil, leis an rialú airgeadais agus leis an gcánachas, agus freisin ar na treoirlínte a úsáidtear i gcomhthéacs an tSásra Comhair agus Fíorúcháin chun an dul chun cinn a dhéanann Ballstát a rianú.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
4.  Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis uile atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a dhéanamh laistigh de theorainn ama arna sonrú ag an gCoimisiún, teorainn nach mbeidh níos lú ná 1 mhí ó dháta an fhógra a thabhairt faoin gcinneadh. Sna barúlacha uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí beart feabhais.
4.  Soláthróidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis atá de dhíth agus féadfaidh sé barúlacha a dhéanamh laistigh de theorainn ama arna sonrú ag an gCoimisiún, teorainn nach mbeidh níos lú ná aon mhí amháinnach mbeidh níos mó ná trí mhí ó dháta an fhógra faoin toradh. Sna barúlacha uaidh, féadfaidh an Ballstát a mholadh go nglacfaí bearta feabhais.
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5
5.  Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a thíolacfaidh nó nach dtíolacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh maidir leis na bearta iomchuí, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a fhaigheann sé agus aon bharúlacha a dhéanann an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leordhóthanacht aon bheart feabhais a mholtar.
5.  Agus cinneadh á dhéanamh cibé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh sé togra le haghaidh cinneadh maidir le aon bhearta dá dtagraítear in Airteagal 4, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis a fhaigheann sé agus aon bharúlacha a dhéanann an Ballstát lena mbaineann, chomh maith le leormhaitheas aon bheart feabhais a mholtar. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an obair leantach a dhéanfar ar an bhfaisnéis arna fáil laistigh de theorainn ama tháscach de mhí amháin agus, i gcás ar bith laistigh de thréimhse réasúnach ama ón dáta a bhfaighfear an fhaisnéis sin.
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 a (nua)
5a.  Agus measúnú á dhéanamh aige ar chomhréireacht na mbeart a bheidh le forchur, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar an bhfaisnéis agus an treoir dá dtagraítear i mír 2.
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6
6.  I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta cruthaithe, cuirfidh sé togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme maidir leis na bearta iomchuí faoi bhráid na Comhairle.
6.  I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta cruthaithe, déanfaidh sé cinneadh maidir leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme.
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 a (nua)
6a.  Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna a nglacfaidh sé a chinneadh, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun méid is ionann agus luach na mbeart arna nglacadh a aistriú chuig cúlchiste buiséadach.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 b (nua)
6b.  De mhaolú ar Airteagal 31(4) agus (6) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle plé ar an togra le haghaidh aistrithe laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh don dá institiúid é a fháil. Measfar go bhfuil an togra le haghaidh aistrithe formheasta mura rud é, laistigh den tréimhse cheithre seachtaine, go ndéanann Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú trí thromlach na vótaí a caitheadh, nó an Chomhairle, ag gníomhú trí thromlach cáilithe, é a leasú nó diúltú dó. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an togra le haghaidh aistrithe a leasú nó má dhiúltaíonn siad dó, beidh feidhm ag Airteagal 31(8) den Rialachán Airgeadais.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 6 c (nua)
6c.  Tiocfaidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 6 i bhfeidhm más rud é nach ndiúltaíonn Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle don togra le haghaidh aistrithe laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 6b.
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 7
7.  Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle, ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, diúltú don togra ón gCoimisiún laistigh d’aon mhí amháin tar éis a ghlactha ag an gCoimisiún.
Scriosta
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 8
8.  Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, togra an Choimisiún a leasú agus an téacs leasaithe a ghlacadh mar chinneadh ón gComhairle.
scriosta
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
1.  Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, fianaise a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena thaispeáint go ndearnadh an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a leigheas nó nach ann dó a thuilleadh.
1.  Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann, tráth ar bith, fógra foirmiúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina n-áireofar fianaise lena thaispeáint go ndearnadh an t-easnamh ginearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a leigheas nó nach ann dó a thuilleadh.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcás sa Bhallstát lena mbaineann. A luaithe nach mbeidh na heasnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta a bhí ina bhforas le bearta iomchuí a ghlacadh ann a thuilleadh, go hiomlán nó i bpáirt, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle le haghaidh cinneadh lena ndéantar na bearta sin a chur i leataobh go hiomlán nó i bpáirt. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2, 4, 5, 6 agus 7 d’Airteagal 5.
2.  Ar iarraidh an Bhallstáit lena mbaineann nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún, agus aon tuairimí ón bPainéal á gcur san áireamh, measúnú ar an staid ina bhfuil an Ballstát lena mbaineann laistigh de theorainn ama tháscach de mhí amháin agus, i gcás ar bith, laistigh de thréimhse réasúnach ama ón dáta a bhfaighfear an fógra foirmiúil. A luaithe nach mbeidh na heasnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta, a bhí ina bhforas le bearta dá dtagraítear in Airteagal 4 ann a thuilleadh, go hiomlán nó i bpáirt, déanfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh gan mhoill lena ndéanfar na bearta sin a chur i leataobh go hiomlán nó i bpáirt. Déanfaidh an Coimisiún, an tráth céanna a nglacfaidh sé a chinneadh, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun deireadh a chur leis an gcúlchiste buiséadach dá dtagraítear in Airteagal 5(6a), go hiomlán nó i bpáirt. Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2, 4, 5, 6, 6b agus 6c d’Airteagal 5.
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
3.  I gcás ina gcuirtear bearta i leataobh a bhaineann le fionraí formheasa ceann amháin nó níos mó de na cláir nó formheasa leasuithe ar na cláir dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 4(2)(b) nó a bhaineann le fionraí gealltanas dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 4(2)(b), iontrálfar méideanna a fhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí sa bhuiséad faoi réir Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XXXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil sa bhuiséad tar éis bhliain n+2.
3.  I gcás ina gcuirtear bearta i leataobh a bhaineann le fionraí formheasa ceann amháin nó níos mó de na cláir nó formheasa leasuithe ar na cláir dá dtagraítear i bpointe (i) d’Airteagal 4(2)(b) nó a bhaineann le fionraí gealltanas dá dtagraítear i bpointe (ii) d’Airteagal 4(2)(b), iontrálfar méideanna a fhreagraíonn do na gealltanais a cuireadh ar fionraí sa bhuiséad faoi réir Airteagal 7 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XXXX ón gComhairle (Rialachán CAI). Ní fhéadfar gealltanais bhliain n a cuireadh ar fionraí a iontráil sa bhuiséad tar éis bhliain n+2. Amhail ó bhliain n+3, déanfar méid is ionann agus na gealltanais a cuireadh ar fionraí a iontráil i gCúlchiste an Aontais le haghaidh Gealltanas dá bhforáiltear in Airteagal 12 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. XXXX ón gComhairle (Rialachán CAI).
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7
Airteagal 7
scriosta
Faisnéis a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa
Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoi aon bheart arna mholadh nó arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7a
Tuairisciú
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe ar éifeachtúlacht na mbeart arna nglacadh, más ann dóibh, ar a dhéanaí cúig bliana i ndiaidh dá theacht i bhfeidhm.
Beidh moltaí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inar gá.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 a (nua)
Airteagal 8 a
Ar áireamh sa Rialachán Airgeadais
Déanfar inneachar an Rialacháin seo a chur isteach sa Rialachán Airgeadais ach a ndéanfar an chéad athbhreithniú eile air.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0469/2018).


Clár "Fiscalis" a bhunú le haghaidh comhar i réimse an chánachais ***I
PDF 438kWORD 75k
Téacs
Téacs comhdhlúite
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár ‘Fiscalis’ chun comhar a dhéanamh i réimse an chustaim (COM(2018)0443 – C8-0260/2018 – 2018/0233(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0039A8-0421/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

[Leasú 1, mura léirítear a mhalairt]

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA(2)
P8_TA-PROV(2019)0039A8-0421/2018
ar an togra ón gCoimisiún
P8_TA-PROV(2019)0039A8-0421/2018
---------------------------------------------------------
P8_TA-PROV(2019)0039A8-0421/2018
2018/0233 (COD)
P8_TA-PROV(2019)0039A8-0421/2018

Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena mbunaítear clár 'Fiscalis' le haghaidh comhar i réimse an chánachais

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 agus Airteagal 197 de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Le clár Fiscalis 2020, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) agus a chuireann an Coimisiún chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na tíortha comhlachaithe, agus le réamhtheachtaithe an chláir, rannchuidíodh go mór le comhar a éascú agus a fheabhsú idir údaráis chánach laistigh den Aontas. D'aithin údaráis chánach na dtíortha rannpháirteacha breisluach na gclár sin, lena n-áirítear maidir le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha Bhallstáit an Aontais agus cáiníocóirí a chosaint. Is minic nach féidir dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin arna sainaithint do na chéad deich mbliana eile mura mbreathnaíonn na Ballstáit níos faide ná teorainneacha a gcríoch riaracháin féin agus mura dtéann siad i ndlúthchomhar lena gcontrapháirtithe.

(2)  Le clár Fiscalis 2020, cuirtear creat Aontais ar fáil do na Ballstáit ina bhféadfar na gníomhaíochtaí comhair sin a fhorbairt, rud atá níos costéifeachtúla ná gach Ballstát a bheith ag cur a chreata comhair aonair ar bun ar bhonn déthaobhach nó iltaobhach, cibé acu eatarthu féin nó le tríú tíortha a mbíonn an tAontas i ndlúthchomhar leo i réimse an chánachais. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar den chlár sin trí chlár nua a bhunú sa réimse céanna, clár Fiscalis ('an Clár').

(2a)   Leis an gclár, ba cheart go gcuirfí ar chumas na mBallstát dul i ngleic le calaois chánach, le héilliú, le himghabháil cánach agus go neartófaí pleanáil ionsaitheach cánach, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil le haghaidh acmhainní daonna a oiliúint agus struchtúir riaracháin a fhorbairt. Ba cheart an cúnamh sin a sholáthar ar bhealach trédhearcach.

(3)  Trí chreat gníomhaíochtaí a sholáthar lena dtugtar tacaíocht don mhargadh aonair, lena gcothaítear iomaíocht chóir san Aontas agus lena gcosnaítear leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát, leis an gClár, ba cheart rannchuidiú le calaois chánach, le himghabháil cánach, le pleanáil ionsaitheach cánach agus le neamhchánachas dúbailte a chosc agus a chomhrac; ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chosc agus a laghdú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí in idirbhearta trasteorann; tacú le córais chánach atá níos cothroime agus níos éifeachtúla; lántairbhe a bhaint as an margadh inmheánach agus iomaíocht chóir san Aontas a chothú agus tacaíocht a thabhairt do chur chuige comhpháirteach ón Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta;

(4)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(5).

(5)  D'fhonn an próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, ba cheart an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar chuntar go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe. Féadfar é a oscailt do thríú tíortha eile freisin, go háirithe na tíortha is lú forbairt, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha idir an tAontas agus na tíortha sin lena gcumhdaítear a rannpháirtíocht in aon chlár de chuid an Aontais.

(5a)   Tá a tosaíochtaí leagtha síos ag Parlaimint na hEorpa. Leis an easpa acmhainní airgeadais atá ann faoi láthair, cuirtear bac ar bhaint amach na spriocanna atá leagtha síos ag Parlaimint na hEorpa don chreat airgeadais ilbhliantúil tar éis 2020 [2017/2052 (INI)]. Le comhar níos éifeachtaí i gcúrsaí cánach, d’fheadfaí bailiú níos éifeachtaí na n-acmhainní is gá chun cur chun feidhme an chreata airgeadais a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme.

(6)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) ('an Rialachán Airgeadais') maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíochtaí saineolaithe seachtracha.

(7)  Léiríodh go bhfuil na gníomhaíochtaí a bhí i bhfeidhm faoi chlár Fiscalis 2020 leordhóthanach agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a choinneáil. Ionas go bhféadfaí simplíocht agus solúbthacht bhreise a sholáthar agus an Clár á chur i ngníomh agus, ar an dóigh sin, ionas gurbh fhearr ab fhéidir a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart na gníomhaíochtaí a shainiú ach amháin ó thaobh catagóirí foriomlána de le liosta samplaí léiriúcháin de ghníomhaíochtaí nithiúla. Ba cheart leis na gníomhaíochtaí, áfach, go ndíreofaí ar dhul i ngleic le topaicí tosaíochta chun leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint. Trí chomhar agus trí fhothú acmhainneachta, le clár Fiscalis, ba cheart tacaíocht a thabhairt do ghlacadh agus úsáid éifeachtach na nuálaíochta agus an méid sin a chur chun cinn, ionas gurbh fhearr ab fhéidir na príomhthosaíochtaí cánachais a bhaint amach.

(8)  I bhfianaise soghluaisteacht mhéadaithe cáiníocóirí, líon na n-idirbheart trasteorann agus idirnáisiúnú ionstraimí airgeadais agus an baol méadaithe ar chalaois chánach, ar imghabháil cánach, ar sheachaint cánach agus ar phleanáil ionsaitheach cánach mar thoradh orthu, agus a bhfuil i bhfad níos mó ná teorainneacha an Aontais i gceist leo, d'fhéadfadh sé go mbeadh leas ag an Aontas nó ag na Ballstáit i gcórais leictreonacha Eorpacha a oiriúnú do thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta nó na córais sin a shíneadh chucu. Tríd sin, bheifí in ann, go háirithe, an t-ualach riaracháin agus na costais a sheachaint a bheadh i gceist le dhá chóras leictreonacha chosúla a fhorbairt, ceann chun faisnéis a mhalartú san Aontas agus ceann eile chun faisnéis a mhalartú go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, nuair atá údar cuí leis i ngeall ar an leas sin, ba cheart oiriúnuithe córas leictreonach Eorpach nó síntí orthu arna ndéanamh le haghaidh comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta a bheith ina gcostais incháilithe faoin gClár. Ar choinníoll go bhfuil topaicí tosaíochta maoinithe go hiomlán, ba cheart go ndéanfaí gníomhartha sonracha a bhaineann le tíortha is lú forbairt, go háirithe maidir le faisnéis a roinnt go huathoibríoch, a spreagadh freisin faoin gClár i gcás inarb iomchuí.

(9)  I ngeall ar an tábhacht a bhaineann le domhandú agus an tábhacht a bhaineann le calaois chánach, le himghabháil cánach agus le pleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac, ba cheart leanúint de dheis rannpháirtíochta a thabhairt do shaineolaithe seachtracha leis an gClár de réir bhrí Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais. Ba cheart go mbeadh roghnú na saineolaithe trédhearcach agus a bheith bunaithe ar na scileanna, ar an taithí agus ar an eolas atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, chomh maith lena gcumas rannchuidiú leis an ngníomhaíocht sin. Ba cheart a áirithiú go bhfuil na saineolaithe sin neamhchlaonta agus nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann lena ról gairmiúil. Ba cheart ionadaíocht chothrom na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a áirithiú.

(9a)   I bhfianaise ghlacadh na dTreoracha seo a leanas ón gComhairle: 2014/107/AE(7); 2015/2376/AE(8); 2016/881/AE(9); 2016/2258/AE(10); 2018/822/EU(11) agus na gcaibidlíochtaí leanúnacha maidir le Comhbhonn don Cháin Chorparáide (CCCTB), ba cheart é a bheith mar aidhm ag an gClár an fhoireann a oiliúint sa riarachán cánach chun cur chun feidhme éifeachtach na dtreoracha sin a áirithiú.

(10)  I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a bhaineann le comhleanúnachas agus simpliú clár cistiúcháin a áirithiú, a leagtar amach ina Theachtaireacht an 19 Deireadh Fómhair 2010 dar teideal 'Athbhreithniú Bhuiséad AE’(12), ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile cistiúcháin de chuid an Aontais más ionann na cuspóirí atá á saothrú le gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus cuspóirí roinnt ionstraimí eile cistiúcháin, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh, áfach. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gClár comhleanúnachas ó thaobh úsáid acmhainní an Aontais de chun tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach agus d’údaráis chánach.

(10a)  Ar mhaithe le costéifeachtacht, ba cheart le Clár Fiscalis go mbainfí leas as sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann le bearta eile de chuid an Aontais i réimsí gaolmhara, amhail an Clár Custaim, Clár Frith-Chalaoise AE, Cár an Mhargaidh Aonair agus an Clár Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach.

(10b)   Le tionscnaimh frithchalaoise náisiúnta aonair, d’fhéadfaí an chalaois a aistriú chuig Ballstáit eile, ar minic iad comharsanach, agus ualach riaracháin díréireach a bheith acu ar ghnólachtaí comhlíontacha chomh maith le heaspa deimhneachta dlíthiúla agus iad ag trádáil go hidirnáisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go ndéanann an Coimisiún bearta frithchalaoise a ailíniú trí na dea-chleachtais náisiúnta a chomhordú.

(11)  Meastar go n-úsáidfear sciar suntasach den bhuiséad faoin gClár le haghaidh gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta Teicneolaíochta Faisnéise (TF). Dá bhrí sin, i bhforálacha sonracha, ba cheart cur síos a dhéanamh ar na comhpháirteanna coiteanna agus náisiúnta faoi seach de na córais leictreonacha Eorpacha. Thairis sin, ba cheart raon feidhme na ngníomhaíochtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a shainiú go soiléir. Ba cheart idir-inoibritheacht rianúil a bheith idir comhpháirteanna comhchoiteanna agus náisiúnta na gcóras leictreonach Eorpach agus sineirgí le córais leictreonacha eile de chláir ábhartha an Aontais.

(12)  Ní cheanglaítear Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas i láthair na huaire chun timpeallacht leictreonach atá comhleanúnach comh-inoibritheach a chruthú le haghaidh cánachas san Aontas. Chun comhleanúnachas agus comhordú gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh sa Chlár maidir le plean straitéiseach ilbhliantúil den sórt sin a chur le chéile le haghaidh cánachais.

(13)  Ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibre. I bhfianaise gur de chineál meántéarma go fadtéarma iad na cuspóirí arna saothrú agus taithí a fuarthas le himeacht ama mar dhúshraith, ba cheart go bhféadfaí roinnt blianta a chumhdach i gcláir oibre. Laghdófar an t-ualach riaracháin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon leis an aistriú ó chláir oibre bhliantúla go cláir oibre ilbhliantúla, ach níor cheart, in imthosca ar bith, go mbeadh cailliúint faisnéise ná trédhearcachta ann do na cáiníocóirí. Ba cheart go léireodh na cláir oibre ilbhliantúla an fhaisnéis ábhartha go léir atá ar fáil i gcomhthéacs na dtuarascálacha bliantúla nó na gcleachtaí mapála dá dtagraítear sa Rialachán seo. Ba cheart go gcuirfí na tuarascálacha bliantúla sin ar fáil go poiblí chun cáiníocóirí a chur ar an eolas faoi dhea-chleachtais, faoi na ceachtanna a foghlaimíodh, faoi na dúshláin, agus faoi na bacainní atá fós ann agus a sainaithníodh sa Chlár.

(14)  Chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre a ghlacadh.

(15)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(13), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit, go háirithe, á seachaint san am céanna, agus ar an gcaoi sin freisin REFIT á chur san áireamh. Ar na ceanglais sin ba cheart go n-áireofaí, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin seo ar an láthair. Ba cheart torthaí an fhaireacháin sin a bheith ina n-ábhar do thuarascáil chomhdhlúite bhliantúil, arna táirgeadh ag an gCoimisiún, bunaithe ar an ionchur arna sholáthar ag na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh mapáil ann ar na constaicí atá fágtha sna Ballstáit chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach in Airteagal 3 agus go dtabharfaí aghaidh ar na topaicí tosaíochta in Airteagal 7(2a) chomh maith le moltaí maidir le dea-chleachtais. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht eatramhach agus deiridh ar an gClár a sholáthar. Ba cheart go ndéanfaí na tuarascálacha bliantúla agus na tuarascálacha meastóireachta araon inrochtana go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe.

(15a)   Ba cheart don Choimisiún seimineár leathbhliantúil a thionól, lena n-airítear beirt ionadaithe ar na Ballstáit is tairbhithe chun saincheisteanna a phlé agus na feabhsuithe a d'fhéadfaí a dhéanamh a bhaineann le téamaí an Chláir, lena n-áirítear an malartú faisnéise idir na riaracháin chánach, a mholadh. Is iad na rannpháirtithe a bheidh sa seimineár faoi seach ionadaí de chomhlachtaí cinnteoireachta riarachán cánach, ionadaí ceardchumainn d’fhoireann atá ag gabháil do riarachán cánach, agus ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(16)  Chun freagairt go hiomchuí d’athruithe i dtosaíochtaí beartais cánach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú a dhéanamh ar an liosta táscairí chun gnóthú chuspóirí sonracha an Chláir a thomhas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(17)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(15), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(16) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(17), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(18)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 de CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna, cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha i dtaobh freagracht gníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais agus maoiniú éifeachtach AE is ea urramú an smachta reachta.

(19)  Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart clúdach speansas taistil a bheith ina thosaíocht chun go n-áiritheofar rannpháirtíocht na saineolaithe náisiúnta sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

(20)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(21)  Gabhann an Rialachán seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus ba cheart dá bhrí sin an Rialachán sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  Bunaítear clár 'Fiscalis' leis an Rialachán seo chun comhar a dhéanamh i réimse an chánachais (an 'Clár').

2.  Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn 'cánachas' ábhair, lena n-áirítear dearadh, riar, forfheidhmiú agus comhlíonadh, i ndáil leis na cánacha agus leis na dleachtanna seo a leanas:

(a)  cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle(19);

(b)  dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE ón gComhairle(20);

(c)  dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE ón gComhairle(21);

(d)  cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle(22);

(e)  cánacha agus dleachtanna eile dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2010/24/AE ón gComhairle(23), lena n-áirítear cánacha ioncaim corparáide, a mhéid a bhaineann siad leis an margadh inmheánach agus le comhar riaracháin idir na Ballstáit;

(2)  ciallaíonn 'údaráis chánach' na húdaráis phoiblí agus na comhlachtaí eile atá freagrach as cánachas nó as gníomhaíochtaí a bhaineann le cáin;

(3)  ciallaíonn 'córais leictreonacha Eorpacha' córais leictreonacha atá riachtanach do chánachas agus do mhisin údarás cánach a fhorghníomhú;

(4)  ciallaíonn ‘tríú tír’ tír nach bhfuil ina ball den Aontas;

(4 a)  ciallaíonn ‘tír is lú forbairt’ tríú tír ísealioncaim, a bhfuil uirthi aghaidh a thabhairt ar mhórbhac struchtúrach ar fhorbairt inbhuanaithe arna sainmhíniú ag na Náisiúin Aontaithe;

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Tá sé mar chuspóir ginearálta leis an gClár tacaíocht a thabhairt d'údaráis chánach agus do chánachas chun feidhmiú an mhargaidh aonair a fheabhsú, iomaíocht chóir san Aontas a chothú, agus leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais agus a Bhallstát a chosaint, lena n-áirítear ó chalaois chánach, ó imghabháil cánach agus ó phleanáil ionsaitheach cánach, agus bailiú cánach a fheabhsú.

2.  Tá cuspóir ar leith ag an gClár, is é sin, tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach, agus dá chur chun feidhme cuí, do chomhar cánach a chothú, do mhalartú faisnéise faoi cháin agus d’fhothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú, chomh maith le nuachóiriú leanúnach na n-uirlisí tuairiscithe, iniúchta agus bogearraí a bheidh le cur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar fud na mBallstát. Cabhróidh an Clár freisin le riaracháin chánach chun cur i bhfeidhm threoracha an Aontais maidir le cánachas a éascú agus a fheabhsú agus chun a bhfoireann a oiliúint ina leith sin.

Airteagal 4

An buiséad

1.  Is é EUR 300 milliún i bpraghsanna 2018 nó EUR 339 milliún i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027.

2.  Féadfar inter alia leis an méid dá dtagraítear i mír 1 speansais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí eile a chumhdach a bhaineann le bainistiú an Chláir agus le meastóireacht a dhéanamh ar bhaint amach chuspóirí an Chláir. Ina theannta sin, féadfar leis an méid na speansais a bhaineann le staidéir agus ábhar scríofa ábhartha eile, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chumhdach, a fhad a bhaineann siad sin le cuspóirí an Chláir, mar aon le speansais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú an Chláir.

Airteagal 5

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(b)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime comhfhreagracha agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais lena mbaineann, nó i gcomhaontuithe eile den chineál céanna, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach ag na tíortha sin i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais;

(c)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll:

—  go n-áirithítear leis an gcomhaontú cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair don tríú tír atá rannpháirteach sna cláir de chuid an Aontais;

—  go leagtar síos leis an gcomhaontú coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

—  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht chinnteoireachta don tríú tír maidir leis an gClár;

—  go ráthaítear leis an gcomhaontú cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ar choinníoll go bhfuil na hábhair tosaíochta maoinithe go hiomlán, spreagfar tíortha is lú forbairt a bheith rannpháirteach sa Chlár i gcomhréir leis an gComhleanúnachas Beartais um Fhorbairt (CBF) agus leis na coinníollacha a leagtar síos sna comhaontuithe sonracha idir na tíortha sin agus an tAontas agus a chuimsíonn rannpháirtíocht na dtíortha sin sa Chlár. D’ainneoin phointe c) de mhír 1, beidh rannpháirtíocht na dtíortha is lú forbairt sa Chlár saor ó chostas dóibh agus díreoidh sé ar chuspóirí idirnáisiúnta cánach a ghnóthú, amhail an malartú uathoibríoch faisnéise maidir le cáin. Déanfaidh an comhaontú sonrach cearta an Aontais a ráthú chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus a leasanna airgeadais a chosaint.

Airteagal 6

Cur chun feidhme agus foirmeacha cistiúcháin ón Aontas

1.  Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna, soláthar agus aisíocaíocht speansas taistil agus cothaithe arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha.

CAIBIDIL II

INCHÁILITHEACHT

Airteagal 7

Gníomhaíochtaí incháilithe

1.  Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil.

2.  Beidh an méid seo a leanas san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)  cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla;

(b)  comhoibriú struchtúrtha tionscadalbhunaithe, lena n-áirítear iniúchtaí ar an láthair agus iniúchtaí comhpháirteacha; [Leasuithe 2 agus 3]

(c)  gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta TF, go háirithe forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach nó gníomhaíochtaí cun cláir chomhpháirteacha a bhunú;

(d)  gníomhaíochtaí maidir le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine;

(e)  tacaíocht agus gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear:

(1)  staidéir agus ábhar scríofa ábhartha eile;

(2)  gníomhaíochtaí nuálaíochta, go háirithe cruthúnas coincheap, treoirthionscnaimh agus tionscnaimh fhréamhshamhaltaithe;

(3)  gníomhaíochtaí cumarsáide a forbraíodh go comhpháirteach;

(4)  aon ghníomhaíocht ábhartha eile dá bhforáiltear sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 13, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach nó chun tacú leo.

Cuirtear foirmeacha de ghníomhaíochtaí ábhartha a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) i láthair i liosta neamh-uileghabhálach in Iarscríbhinn 1.

2a.   Cumhdóidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 an liosta seo a leanas de thopaicí tosaíochta:

(a)  bealaí éalaithe a dhúnadh i bhfeidhmiú éifeachtach Threoir 2011/16/AE ón gComhairle(24), arna leasú;

(b)  malartú éifeachtach faisnéise, lena n-áirítear iarrataí grúpa, agus forbairt ar fhormáidí in-úsáidte, ag áireamh na dtionscnamh ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)  bacainní ar chomhar trasteorann a bhaint;

(d)  bacainní a bhaint ar inrochtaineacht na faisnéise ar úinéireacht thairbhiúil faoi Threoir 2011/16/AE, arna leasú;

(e)  comhrac i gcoinne calaois trasteorann CBL;

(f)  malartú dea-chleachtas maidir le haisghabháil cánacha, lena n-áirítear cánacha nár íocadh i gcomhréir leis an Treoir ó AE maidir le Cáin ar Choigiltis (EUSTD);

(g)  uirlisí aontaithe náisiúnta TF a chur chun feidhme d'fhonn comhéadain choiteanna a fhorbairt chun lamháil d’idirnascadh na gcóras náisiúnta TF;

3.  Maidir le gníomhaíochtaí arb éard atá i gceist leo oiriúnuithe do chomhpháirteanna coiteanna de na córais leictreonacha Eorpacha nó síntí leo a fhorbairt agus a oibriú le haghaidh comhar le tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, beidh siad incháilithe le haghaidh cistiú nuair is chun leasa an Aontais atá siad. Cuirfidh an Coimisiún na socruithe riaracháin is gá i bhfeidhm, lena bhféadfar foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíocht airgeadais ó na tríú páirtithe lena mbaineann na gníomhaíochtaí sin.

4.  I gcás ina bhfuil baint ag gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta TF dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 le forbairt agus oibriú córais leictreonaigh Eorpaigh, ní bheidh ach na costais a bhaineann leis na freagrachtaí arna dtabhairt don Choimisiún de bhun Airteagal 11(2) incháilithe le haghaidh cistiú faoin gClár. Is iad na Ballstáit a íocfaidh na costais a bhaineann leis na freagrachtaí a thugtar dóibh de bhun Airteagal 11(3).

Airteagal 8

Rannpháirtíocht saineolaithe seachtracha

1.  Aon uair inar tairbhiúil chun na gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun feidhme na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach, i gcás ionadaithe ó údaráis rialtais, lena n-áirítear iad sin ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár de bhun Airteagal 5, agus, i gcás inarb ábhartha ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibreoirí eacnamaíocha agus don tsochaí shibhialta, féadfaidh siad páirt a ghlacadh mar shaineolaithe seachtracha i ngníomhaíochtaí arna n-eagrú faoin gClár. Déanfaidh an Coimisiún measúnú, inter alia, ar neamhchlaontacht na saineolaithe seachtracha sin, a áirithiú nach ann d’aon choinbhleacht leasa lena bhfreagrachtaí gairmiúla agus déanfaidh siad cinneadh faoina rannpháirtíocht ar bhonn ad-hoc, bunaithe ar riachtanais.

2.  Beidh costais arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear i mír 1 incháilithe le haghaidh aisíocaíocht faoin gClár i gcomhréir le forálacha Airteagal 238 den Rialachán Airgeadais.

3.  Roghnóidh an Coimisiún na saineolaithe seachtracha, tar éis nós imeachta cothrom agus trédhearcach a bheith ann, bunaithe ar na scileanna, ar an taithí agus ar an eolas atá acu is ábhartha don ghníomhaíocht shonrach, agus lena gcumas rannchuidiú leis an ngníomhaíocht sin. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh ionadaíocht chothrom ann de na geallsealbhóirí ábhartha go léir. Soiléireoidh sé i dtaobh an nglacfaidh na saineolaithe seachtracha páirt thar a gceann féin nó thar ceann eagraíocht nó oibreoir eacnamaíoch eile. Beidh an liosta de shaineolaithe seachtracha ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

CAIBIDIL III

DEONTAIS

Airteagal 9

Dámhachtain, comhlántacht agus cistiú comhcheangailte

1.  Dámhfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfaidh gníomhaíocht a bhfuil ranníocaíocht faighte aici faoi chlár eile de chuid an Aontais ranníocaíocht a fháil faoin gClár freisin, ar choinníoll nach gcumhdaíonn an ranníocaíocht na costais chéanna. Beidh feidhm ag rialacha gach cláir de chuid an Aontais a dhéanann ranníocaíocht maidir lena ranníocaíocht féin leis an ngníomhaíocht. Ní bheidh an cistiú carnach níos airde ná na costais incháilithe iomlána a bhaineann leis an ngníomhaíocht agus féadfar an tacaíocht as na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht.

3.  I gcomhréir le hAirteagal 198(f) den Rialachán Airgeadais, dámhfar na deontais gan glao ar thograí i gcás inarb údaráis chánach de chuid na mBallstát agus na dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo iad na heintitis incháilithe, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.

Airteagal 10

Ráta cómhaoinithe

1.  De mhaolú ar Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais, féadfar suas le 100% de chostais incháilithe gníomhaíochta a mhaoiniú leis an gClár.

2.  Sna cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 13, leagfar amach an ráta cómhaoinithe is infheidhme i gcás ina n-éileofar go mbronnfar deontais de réir na ngníomhaíochtaí.

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ FOTHAITHE ACMHAINNEACHTA TF

Airteagal 11

Freagrachtaí

1.  Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit an fhorbairt agus an t-oibriú i gcomhar, lena n-áirítear dearadh, sonraíocht, tástáil comhréireachta, úsáid, cothabháil, éabhlóid, slándáil, dearbhú cáilíochta agus rialú cáilíochta, na gcóras leictreonach Eorpach a liostaítear sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear in Airteagal 12.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna coiteanna arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá bhforáiltear in Airteagal 12;

(b)  forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú go foriomlán chun críocha a n-inoibritheachta, a n-idirnascachta agus a bhfeabhsaithe leanúnaigh agus a gcur chun feidhme shioncronaithe;

(c)  comhordú córas leictreonach Eorpach ar leibhéal an Aontais d'fhonn iad a chur ar aghaidh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta;

(d)  forbairt agus oibriú córas leictreonach Eorpach a chomhordú maidir lena n-idirghníomhaíochtaí le tríú páirtithe, seachas gníomhaíochtaí atá ceaptha chun ceanglais náisiúnta a chomhlíonadh;

(e)  comhordú córas leictreonach Eorpach le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;

(ea)   comhordú beart frithchalaoise arna gcur i bhfeidhm trí na dea-chleachtais náisiúnta ar leibhéal an Aontais a shainaithint agus eolas a thabhairt ina dtaobh.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta arna mbunú faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá bhforáiltear in Airteagal 12;

(b)  forbairt agus oibriú comhpháirteanna náisiúnta córas leictreonach Eorpach a chomhordú ar an leibhéal náisiúnta;

(c)  córais leictreonacha Eorpacha a chomhordú le gníomhaíochtaí ábhartha eile a bhaineann le ríomh-Rialtas ar leibhéal an Aontais;

(d)  soláthar rialta faisnéise don Choimisiún maidir leis na bearta arna ndéanamh chun go bhféadfaidh a n-údaráis nó a n-oibreoirí eacnamaíocha faoi seach lánúsáid a bhaint as córais leictreonacha Eorpacha;

(e)  cur chun feidhme córas leictreonach Eorpach ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 12

Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais (MASP-T)

1.  Déanfaidh an Coimisiún Plean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta ina liostófar gach cúram ábhartha chun córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú agus ina n-aicmeofar gach córas, nó cuid de:

(a)  mar chomhpháirt choiteann: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, atá ar fáil do gach Ballstát nó atá sainaitheanta mar chomhpháirt choiteann ag an gCoimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe;

(b)  mar chomhpháirt náisiúnta: mar chomhpháirt de na córais leictreonacha Eorpacha a fhorbraítear ar an leibhéal náisiúnta, atá ar fáil sa Bhallstát a chruthaigh comhpháirt den sórt sin nó a rannchuidigh lena comhchruthú;

(c)  nó meascán den dá rud.

2.  Ina theannta sin, cuirfear san áireamh sa Phlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais gníomhaíochtaí nuálaíochta agus treoirghníomhaíochtaí mar aon leis na modheolaíochtaí agus leis na huirlisí tacaíochta i ndáil leis na córais leictreonacha Eorpacha.

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi gach cúram a shanntar dóibh a chur i gcrích faoin bPlean Straitéiseach Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear i mír 1. Tuairisceoidh siad go rialta don Choimisiún freisin maidir leis an dul chun cinn a dhéanfaidh siad lena gcúraimí a bhaineann leis an gClár iomlán.

4.  Tráth nach déanaí ná an 31 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha bliantúla ar an dul chun cinn faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh Ilbhliantúil le haghaidh Cánachais dá dtagraítear i mír 1 lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin. Beidh na tuarascálacha bliantúla sin bunaithe ar fhormáid réamhshocraithe. Sna tuarascálacha bliantúla ar dhul chun cinn, déanfaidh na Ballstáit tuairisc ar na constaicí maidir le cuspóirí an Chláir a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 3 agus ag tabhairt aghaidh ar na topaicí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7 (2a) agus moltaí a dhéanamh maidir le dea-chleachtais.

5.  Tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, bunóidh an Coimisiún, ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 4, tuarascáil chomhdhlúite ina ndéanfar measúnú ar an dul chun cinn arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún i gcur chun feidhme an phlean dá dtagraítear i mír 1 agus poibleoidh sé an tuarascáil sin, chomh maith leis an dul chun cinn maidir le baint amach chuspóirí an Chláir a luaitear in Airteagal 3 agus na topaicí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(2a). Chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinneadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite go ndéanfar mapáil ar na constaicí atá fágtha sna Ballstáit chun cuspóirí an Chláir mar a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach agus ag tabhairt aghaidh ar na topaicí tosaíochta dá dtagraítear in Airteagal 7(2a) agus moltaí a dhéanamh maidir le dea-chleachtais. Cuirfear tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite an Choimisiúin ar fáil go poiblí ar leathanach gréasáin tiomnaithe ón gCoimisiún agus beidh sí mar bhonn do chláir oibre ilbhliantúla a bheidh ann amach anseo dá dtagraítear in Airteagal 13 agus do na tuarascálacha meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 15.

CAIBIDIL V

CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 13

Clár oibre

1.  Is leis na cláir oibre ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 108 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.

2.  Glacfaidh an Coimisiún na cláir oibre ilbhliantúla trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 17.

Airteagal 14

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn 2 na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 17, chun Iarscríbhinn 2 a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas.

Airteagal 15

Meastóireacht

1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. Déanfaidh an Coimisiún na meastóireachtaí sin a chur ar fáil go poiblí ar leathanach tiomnaithe gréasáin.

2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an chláir.

3.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

4.  Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Airteagal 16

Iniúchtaí agus imscrúduithe

I gcás ina mbeidh tríú páirtí rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlíthiúil eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta is gá agus an rochtain a theastaíonn don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí ábhartha a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar ar na cearta sin an ceart chun imscrúduithe a dhéanamh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF).

CAIBIDIL VI

AN NÓS IMEACHTA COISTE AGUS AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13(2) agus in Airteagal 14(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear inAirteagal 13(2) agus in Airteagal 14(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13(2) agus Airteagal 14(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste dá ngairfear "Coiste Chlár Fiscalis" cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

Airteagal 19

Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le ▌ cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 20

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 21

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh clúdach airgeadais an Chláir na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí an Chláir, Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013, a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN 1

Liosta neamh-uileghabhálach d'fhoirmeacha gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith i gceist dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(2)

Féadfaidh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (d) den chéad fhomhír d'Airteagal 7(2) a bheith sna foirmeacha seo a leanas, i measc nithe eile:

(a)  Maidir le cruinnithe agus ócáidí ad hoc comhchosúla:

–  Seimineár agus ceardlann, a bhfreastalaíonn gach tír orthu den chuid is mó ina ndéantar cur i láthair agus ina ndéanann rannpháirtithe dianphlé agus gníomhaíocht maidir le hábhar ar leith;

–  Turas oibre, arna eagrú chun cur ar chumas oifigeach saineolas nó tuiscint ar bheartais chánach a fháil nó a mhéadú;

–  Láithreacht in oifigí riaracháin agus rannpháirtíocht i bhfiosrúcháin riaracháin;

(b)  Maidir le comhoibriú struchtúrtha:

–  Grúpa tionscadail, comhdhéanta de ghnáth de líon teoranta tíortha, a bheidh oibríochtúil ar feadh tréimhse theoranta ama chun cuspóir atá réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, lena n-áirítear comhordú nó tagarmharcáil, a shaothrú;

–  Tascfhórsa, eadhon foirmeacha struchtúrtha comhair, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a shaineolas chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí bonneagair agus trealaimh mar thaca leis sin, b'fhéidir;

–  Rialú iltaobhach nó comhuaineach, arb éard atá i gceist leis seiceáil chomhordaithe a dhéanamh ar an staid chánach i leith duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann arna heagrú ag dhá thír nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad, a bhfuil leasanna coiteanna nó comhlántacha acu;

–  Iniúchadh comhpháirteach, arb éard atá i gceist leis seiceáil chomhpháirteach a dhéanamh ar an staid chánach i leith duine inchánach amháin nó níos mó lena mbaineann arna déanamh ag foireann iniúchóireachta amháin comhdhéanta de dhá thír nó níos mó, lena n-áirítear dhá Bhallstát ar a laghad, a bhfuil leasanna coiteanna nó comhlántacha acu;

–  Aon fhoirm eile comhair riaracháin arna bunú le Treoir 2011/16/AE, Rialachán (AE) 904/2010, Rialachán (AE) 389/2012 nó Treoir 2010/24/AE;

(d)  Maidir le gníomhaíochtaí i dtaca le fothú inniúlachtaí agus acmhainneacht an duine:

–  Oiliúint choiteann nó forbairt na ríomhfhoghlama chun tacú leis na scileanna gairmiúla agus an t-eolas riachtanach i ndáil le cúrsaí custaim;

–  Tacaíocht theicniúil, a bhfuil sé mar aidhm léi nósanna imeachta riaracháin a fheabhsú, feabhas a chur ar acmhainneacht riaracháin agus feidhmiú agus oibríochtaí riarachán custaim a fheabhsú trí dhea-chleachtais a thionscnamh agus a chomhroinnt.

IARSCRÍBHINN 2

Táscairí

Cuspóir sonrach: tacaíocht a thabhairt do bheartas cánach, do chomhar cánach agus d’fhothú acmhainneachta riaracháin, lena n-áirítear inniúlacht an duine agus córais leictreonacha Eorpacha a fhorbairt agus a oibriú.

1.  Fothú Acmhainneachta (acmhainneacht riaracháin, an duine agus TF):

1.  An tInnéacs maidir le Dlí agus Beartais an Aontais a Chur i bhFeidhm agus a Chur Chun Feidhme (Líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú sa réimse sin agus moltaí arna n-eisiúint i ndiaidh na ngníomhaíochtaí sin)

2.  An tInnéacs Foghlama (Na modúil foghlama arna n-úsáid; líon na n-oifigeach ar cuireadh oiliúint orth scór cáilíochta de réir na rannpháirtithe)

3.  Infhaighteacht córas leictreonach Eorpach (ó thaobh céatadán oibre de)

4.  Infhaighteacht an Líonra Cumarsáide Choitinn (ó thaobh céatadán oibre de)

5.  Nósanna imeachta TF simplithe le haghaidh na riarachán náisiúnta agus na n-oibreoirí eacnamaíocha (líon na n-oibreoirí eacnamaíocha cláraithe, líon na n-iarratas agus líon na gcomhairliúchán sna córais leictreonacha éagsúla arna gcistiú leis an gClár)

2.  Comhroinnt eolais agus líonrú:

6.  Innéacs Láidreacht an Chomhoibrithe (méid an líonraithe arna dhéanamh, líon na gcruinnithe aghaidh ar aghaidh, líon na ngrúpaí comhoibrithe ar líne)

7.  An tInnéacs Dea-chleachtas agus Treoirlínte (líon na ngníomhaíochtaí faoin gClár arna n-eagrú sa réimse seo; céatadán na n-údarás cánach a bhain leas as cleachtas oibre nó as treoirlíne arna fhorbairt nó arna forbairt agus tacaíocht á fáil ón gClár)

2a.  Táscairí breise

1.  Ioncam arna bhailiú sa chomhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach, pleanáil ionsaitheach cánach le linn iniúchtaí comhpháirteacha.

2.   Líon na n-iarrataí le haghaidh comhar riaracháin agus breithiúnach, arna bhfáil agus ar tugadh freagra orthu, i gcomhair gach Ballstáit.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0421/2018).
(2)* Leasuithe: tá aon téacs nua nó leasaithe aibhsithe i gcló trom iodálach; léirítear aon rud atá scriosta leis an tsiombail ▌.
(3) IO C […], […], p. […].
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (OJ L 347, 20.12.2013, lch. 25).
(5) IO L 373, 20.12.2013, lch. 1
(6) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(7) Treoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 359, 16.12.2014, lch. 1);
(8) Treoir /2015/2376/AE ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 332, 18.12.2015, lch. 1);
(9) Treoir /2016/881/AE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais IO L 146, 3.6.2016, lch. 8);
(10) Treoir /2016/2258/AE ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid IO L 342, 16.12.2016, lch. 1);
(11) Treoir 2018/822/AE ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann (IO L 139, 5.6.2018, lch. 1);
(12) COM (2010)0700.
(13) Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1-14.
(14) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(15) Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(16) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(17) Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(18) Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(19) Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, IO L 347, (11.12.2006, lch. 1);
(20) Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lch. 21).
(21) Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
(22) Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO L 283, 31.10.2003, lch. 51).
(23) Treoir 2010/24/AE ón gComhairle an 16 Márta 2010 maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú, (IO L 84, 31.3.2010, lch. 1).
(24)1 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).


An Clár um Chearta agus Luachanna 2021-2027***I
PDF 658kWORD 99k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an Clár um Chearta agus Luachanna a bhunú (COM(2018)0383 – C8-0234/2018 – 2018/0207(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0040A8-0468/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Teideal
Togra le haghaidh
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an Clár um Chearta agus Luachanna a bhunú
lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  I gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
(1)  I gcomhréir le hAirteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ‘tá an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. De na cearta agus luachanna sin, is í dínit an duine, mar a aithnítear í i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, príomhbhunús chearta bunúsacha uile an duine. Is comhluachanna ag Ballstáit na luachanna sin i sochaí arb iad is sainairíonna inti an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir’. Sonraítear in Airteagal 3 ina theannta sin gurb é ‘is aidhm don Aontas an tsíocháin, a luachanna agus dea-bhail a phobal a chur chun cinn’ agus, i measc nithe eile, ‘go n-urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teanga, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú’. Athdhearbhaítear na luachanna sin agus cuirtear in iúl iad sna cearta, sna saoirsí agus sna prionsabail atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
(1a)   Ina rún an 30 Bealtaine 2018 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse, leag Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá na prionsabail chothrománacha ar cheart iad a bheith mar bhonn ag an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus ag beartais ghaolmhara uile an Aontais, lena n-airítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiúin Aontaithe (SFIanna) a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais agus i dtionscnaimh uile an chéad CAI eile, chuir sí in iúl go bhfuil díothú an idirdhealaithe ríthábhachtach chun gealltanais an Aontais maidir le hEoraip chuimsitheach a chomhlíonadh agus cáineann sí easpa na ngealltanas maidir le príomhshruthú inscne agus comhionannas inscne i mbeartais an Aontais, mar a léirítear sna tograí CAI.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 b (nua)
(1b)   Ina rún ón 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad CAI eile: Agus seasamh na Parlaiminte maidir le CAI i ndiaidh 2021 á ullmhú aici, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go dtacaíonn sí le cláir i réimsí an chultúir, an oideachais, na meán, na hóige, an spóirt, an daonlathais, na saoránachta agus na sochaí sibhialta, ar réimsí iad a bhfuil a mbreisluach Eorpach léirithe go soiléir acu agus a bhfuil tóir bhuanseasmhach i measc tairbhithe orthu agus chuir sí i dtreis nach féidir Aontas níos láidre agus níos uaillmhéine a bhaint amach mura dtugtar acmhainní airgeadais dó, agus mhol sí Ciste um Dhaonlathas Eorpach a chur ar bun ar mhaithe leis an tacaíocht neartaithe don tsochaí shibhialta agus ENRanna atá i mbun oibre i réimsí an daonlathais agus chearta an duine, atá le bainistiú ag an gCoimisiún. Ba cheart go ndéanfaí tacaíocht leanúnach a chur ar fáil do bheartais atá ann cheana, acmhainní do chláir shuaitheanta an Aontais a mhéadú, agus freagrachtaí breise a mheaitseáil le hacmhainní airgeadais breise.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Ní mór leanúint de na cearta agus na luachanna sin a chur chun cinn agus a neartú agus a chomhroinnt i measc na saoránach agus ní mór go mbeadh na pobail laistigh de thionscadal AE. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste nua um Cheartas, Chearta agus Luachanna a chuimseoidh na cláir um Chearta agus Luachanna agus um Cheartas i mbuiséad an Aontais Eorpaigh. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, leanfaidh an Clár um Cheartas de bheith ag tacú le forbairt bhreise limistéar Aontais de cheartas agus de chomhar trasteorann. Tógfaidh an Clár um Chearta agus Luachanna le chéile Clár 2014-2020 Cearta, Comhionannas agus Saoránacht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle8 agus an clár Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh 390/20149 ón gComhairle (dá ngairfear ‘na cláir réamhtheachtacha’ anseo feasta).
(2)  Ba cheart don Aontas agus do gach Ballstát leanúint de na cearta agus na luachanna sin a chothú, a chosaint agus a chur chun cinn go gníomhachina mbeartais go léir ar bhealach comhsheasmhach agus ba cheart iad a fhorfheidhmiú agus a chomhroinnt i measc na saoránach agus na bpobal agus ní mór go mbeadh siad laistigh de thionscadal AE, ós rud é go bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith ag aon mheath ar chosaint na gceart agus na luachanna sin ar an Aontas trí chéile. Dá bhrí sin, cruthófar Ciste nua um Cheartas, Chearta agus Luachanna a chuimseoidh na cláir um Chearta agus Luachanna agus um Cheartas i mbuiséad an Aontais Eorpaigh. Tráth a chaithfidh sochaithe Eorpacha aghaidh a thabhairt ar antoisceachas, radacachas agus easaontais agus an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách atá ag laghdú go leanúnach, is tábhachtaí murab ionann agus riamh ceartas, cearta agus luachanna an Aontais a chur chun cinn, a neartú, agus a chosaint, mar atá: cearta an duine, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an neamhidirdhealú, agus an smacht reachta. Beidh impleachtaí móra díreacha aige sin ar an saol polaitiúil, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch san Aontas. Mar chuid den Chiste nua, leanfaidh an Clár um Cheartas de bheith ag tacú le forbairt bhreise limistéar Aontais de cheartas agus de chomhar trasteorann. Tabharfaidh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (an ‘Clár’) le chéile Clár 2014-2020 um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle8 agus an Clár um an Eoraip ar son na Saoránach arna bhunú ag Rialachán (AE) Uimh 390/201499 ón gComhairle (dá ngairfear ‘na cláir réamhtheachtacha’ anseo feasta) agus déanfar é a choigeartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua atá roimh luachanna na hEorpa’.
__________________
__________________
8 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).
8 Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht don tréimhse 2014-2020 (IO L 354, 28.12.2013, lch. 62).
9 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).
9 Rialachán (AE) Uimh. 390/2014 ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip do Shaoránaigh’ don tréimhse 2014-2020 (IO L 115, 17.4.2014, lch.3).
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh sochaí atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a choinneáil ar bun. Áirítear leis sin sochaí shibhialta bhríomhar, a spreagann rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa a chothú, bunaithe freisin ar an stair agus ar an gcuimhne is coiteann dúinn. In Airteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sonraítear freisin go dtabharfaidh na hinstitiúidí, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.
(3)  Déanfar an Ciste um Cheartas, Cearta agus Luachanna agus an dá chlár cistiúcháin atá mar bhonn faoi a dhíriú, go príomha, ar dhaoine agus ar eintitis a rannchuidíonn le beocht agus beatha a chur sna luachanna, sa chomhionannas, sna cearta agus san éagsúlacht shaibhir is coiteann dúinn. Is é an cuspóir bunaidh sochaí atá bunaithe ar chearta agus atá cothrom, oscailte, uilechuimsitheach agus daonlathach a chothú agus a choinneáil ar bun trí chistiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn sochaí shibhialta bhríomhar, dhea-fhorbartha, athléimneach agus chumasaithe, lena n-áirítear tacú le cur chun cinn agus cosaint ár gcomhluachanna, agus lena spreagtar rannpháirtíocht dhaonlathach, shibhialta agus shóisialta na ndaoine agus lena gcothaítear síocháin agus cuirtear éagsúlacht shaibhir shochaí na hEorpa chun cinn, bunaithe ar na luachanna, ar an stair agus ar an gcuimhne agus ar an oidhreacht is coiteann dúinn. Le hAirteagal 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ceanglaítear go gcoinníonn na hinstitiúidí idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta leis an tsochaí shibhialta agus go dtugann siad, ar dhóigheanna iomchuí, an deis do shaoránaigh agus dá gcomhlachais ionadaíochta, a dtuairimí a chur in iúl agus a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Ba cheart don Choimisiún idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach le tairbhithe an Chláir agus le geallsealbhóirí ábhartha eile a áirithiú trí Ghrúpa Idirphlé Sibhialta a chur ar bun. Ba cheart don Ghrúpa Idirphlé Sibhialta rannchuidiú le malartú taithí agus dea-chleachtas agus le plé maidir le forbairtí beartais laistigh de na réimsí agus na cuspóirí a chumhdaítear leis an gClár agus na réimsí gaolmhara. Ba cheart go mbeadh an Grúpa Idirphlé Sibhialta comhdhéanta d’eagraíochtaí a roghnaíodh chun deontas oibriúcháin nó gníomhaíochta a fháil faoin gClár agus eagraíochtaí nó geallsealbhóirí eile a chuir a spéis in iúl sa Chlár nó atá ag obair sa réimse beartais seo, ach ní gá go mbeidh tacaíocht ón gClár á fáil acu.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Leis an gClár um Chearta agus Luachanna (an ‘Clár’) ba cheart go mbeifí in ann sineirgí a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann go coitianta le cur chun cinn agus cosaint luachanna agus an mhais chriticiúil is gá ag gach leibhéal a shroicheadh chun torthaí nithiúla a bhaint amach sa réimse, agus leas á bhaint as taithí dhearfach na gClár réamhtheachtaí. Mar gheall air sin beifear ábalta leas iomlán a bhaint as acmhainneacht sineirgí, tacú leis na réimsí beartais faoina bhfuil siad cumhdaithe ar bhealach níos éifeachtaí agus méadú a dhéanamh ar a n-acmhainn chun daoine a shroicheadh. Ionas go mbeidh sé éifeachtach, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an gClár cineál sonrach na mbeartas éagsúil, a spriocghrúpaí éagsúla agus a riachtanais faoi leith trí chuir chuige shaincheaptha.
(4)  Leis an gClár ba cheart go mbeifí in ann sineirgí a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann go coiteann le cur chun cinn agus cosaint na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí agus mais chriticiúil a shroicheadh chun torthaí nithiúla a bhaint amach sa réimse. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chur leis an taithí dhearfach a fuarthas ó na cláir réamhtheachtacha, agus trí thuilleadh forbartha a dhéanamh ar an méid sin. Mar gheall air sin beifear ábalta leas iomlán a bhaint as acmhainneacht sineirgí, tacú leis na réimsí beartais faoina bhfuil siad cumhdaithe ar bhealach níos éifeachtaí agus méadú a dhéanamh ar a n-acmhainn chun daoine a shroicheadh. Ionas go mbeidh an Clár éifeachtach, ba cheart go gcuirfí san áireamh leis cineál sonrach na mbeartas éagsúil, a spriocghrúpaí éagsúla agus a riachtanais agus a ndeiseanna faoi leith le haghaidh rannpháirtíochta trí chuir chuige shaincheaptha agus spriocdhírithe, lena n-áirítear gach cineál comhionannais agus comhionannais inscne laistigh de a chur chun cinn.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Tá sé bunriachtanach lánurraim a thabhairt don smacht reachta agus don daonlathas, agus iad a chur chun cinn, chun cur le hiontaoibh na saoránach san Aontas. Is réamhriachtanas í urraim don smacht reachta laistigh den Aontas chun cearta bunúsacha a chosaint, agus chun na cearta agus na hoibleagáidí go léir a chumhdaítear sna Conarthaí a chaomhnú. Tá ról tábhachtach ag an gcaoi a gcuirtear an smacht reachta i bhfeidhm sna Ballstáit i dtaca le hiontaoibh fhrithpháirteach a áirithiú i measc na mBallstát agus ina gcórais dlí. Dá bhrí sin, ba cheart cearta bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a choimirciú leis an gClár ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasnáisiúnta.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 b (nua)
(4b)  Mar chuid den ‘smacht reachta’, atá ar cheann de luachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, tá prionsabal na dlíthiúlachta, rud a thugann de thuiscint go bhfuil próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann chun dlíthe a achtú; deimhneacht dhlíthiúil; an toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cosaint éifeachtach bhreithiúnach ó chúirteanna neamhspleácha, lena n-áirítear cosaint ar chearta bunúsacha; agus scaradh na gcumhachtaí; agus prionsabal agus an comhionannas faoin dlí.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire dá chuid saoránach, teastaíonn gníomhartha agus iarrachtaí comhordaithe éagsúla. Trí shaoránaigh a thabhairt le chéile i dtionscadail um nascadh bailte nó i líonraí bailte agus trí thacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta sna ceantair atá clúdaithe ag an gclár cuirfear le ról na saoránach sa tsochaí agus, i ndeireadh báire, lena rannpháirtíocht i saol daonlathach an Aontais. San am céanna, trí thacú le gníomhaíochtaí a chuireann chun cinn comhthuiscint, éagsúlacht, idirphlé agus meas ar dhaoine eile cothaítear mothú muintearais agus féiniúlacht Eorpach, atá bunaithe ar thuiscint chomhroinnte ar luachanna, chultúr, stair agus oidhreacht na hEorpa. Tá cur chun cinn mhothú muintearais níos láidre san Aontas agus luachanna an Aontais tábhachtach go háirithe i measc saoránach sna réigiúin is forimeallaí san Aontas mar gheall ar a n-iargúltacht agus a bhfad ó mhór-roinn na hEorpa.
(5)  Chun an tAontas Eorpach a thabhairt níos gaire dá chuid saoránach, chun rannpháirtíocht dhaonlathach a chothú agus saoránaigh a chumhachtú chun leas a bhaint as a gcearta atá nasctha leis an tsaoránacht Eorpach, teastaíonn gníomhartha agus iarrachtaí comhordaithe éagsúla, atá dírithe ar dháileadh geografach cothrom. Trí shaoránaigh a thabhairt le chéile i dtionscadail um nascadh bailte nó i líonraí bailte agus trí thacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasnáisiúnta sna ceantair atá clúdaithe ag an gclár, cuirfear le ról na saoránach sa tsochaí agus, i ndeireadh báire, lena rannpháirtíocht ghníomhach i saol daonlathach an Aontais chomh maith lena ról maidir le clár polaitiúil an Aontais a mhúnlú. San am céanna, trí thacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear comhthuiscint, idirphlé idirchultúrtha, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, athmhuintearas, cuimsiú sóisialta agus meas ar dhaoine eile chun cinn, cothaítear mothú muintearais go bhfuiltear mar chuid den Aontas agus saoránacht choiteann faoin bhféiniúlacht Eorpach, atá bunaithe ar thuiscint chomhroinnte ar luachanna, cultúr, stair agus oidhreacht na hEorpa. Tá cur chun cinn mhothú muintearais níos láidre san Aontas agus luachanna an Aontais tábhachtach go háirithe i measc saoránach sna réigiúin is forimeallaí san Aontas mar gheall ar a n-iargúltacht agus a bhfad ó mhór-roinn na hEorpa.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)   Le treochtaí iolrachta agus imirce domhanda atá ag dul i méid, tá níos mó tábhachta ag baint le hidirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh inár sochaithe. Ba cheart tacaíocht iomlán a thabhairt tríd an gClár d’idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh mar chuid den tsíth shóisialta san Eoraip agus mar ghné lárnach chun borradh a chur faoin gcuimsiú agus comhtháthú sóisialta. Cé go bhféadfadh an t-idirphlé idirchreidimh cabhrú le béim a leagan ar rannchuidiú dearfach an reiligiúin leis an gcomhtháthú sóisialta, is baolach go dtabharfadh an neamhlitearthacht reiligiúnach an deis do mhí-úsáid an mothaithe reiligiúnaigh i measc an phobail. Leis an gClár, dá bhrí sin, ba cheart tacú le tionscadail agus tionscnaimh lena bhforbraítear an neamhlitearthacht reiligiúnach agus lena gcothaítear idirphlé idirchreidimh agus tuiscint fhrithpháirteach.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Tá gníomhaíochtaí cuimhneacháin agus machnamh criticiúil ar chuimhne stair na hEorpa riachtanach chun saoránaigh a chur ar an eolas faoina stair chomhchoiteann, mar bhonn faoi chomhluachanna, cuspóir morálta roinnte agus luachanna comhroinnte amach anseo. Ba cheart ábharthacht na ngnéithe stairiúla, cultúrtha agus idirchultúrtha a chur san áireamh chomh maith, mar aon leis na naisc idir cuimhneachán agus cruthú féiniúlachta Eorpaí agus mothú muintearais le chéile.
(6)  Tá gníomhaíochtaí cuimhneacháin agus smaointeoireacht chruthaitheach ar chuimhne stair na hEorpa riachtanach chun saoránaigh, go háirithe daoine óga, a chur ar an eolas faoina stair chomhchoiteann, mar bhonn faoi thodhchaí chomhchoiteann. Ba cheart ábharthacht na ngnéithe stairiúla, sóisialta, cultúrtha agus idirchultúrtha, caoinfhulaingt agus idirphlé a chur san áireamh chomh maith chun comhthuiscint bunaithe ar luachanna comhroinnte, ar dhlúthpháirtíocht, ar éagsúlacht agus ar shíocháin a chur chun cinn, mar aon leis na naisc idir cuimhneachán agus cruthú féiniúlachta Eorpaí agus mothú muintearais le chéile.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Ba cheart do shaoránaigh a bheith níos feasaí faoina gcearta a thagann as saoránacht an Aontais chomh maith, agus ba cheart go mbéidís ar a gcompord agus iad ina gcónaí, ag taisteal, ag staidéar, ag obair agus ag déanamh obair dheonach i mBallstát eile, agus ba cheart dóibh a bheith ábalta leas a bhaint as a gcearta saoránachta agus iad a fheidhmiú, a muinín a chur i rochtain chomhionann, in-fhorfheidhmitheacht agus cosaint iomlán a gceart gan aon leithcheal is cuma cén áit san Aontas a bhfuil siad. Is gá tacú leis an tsochaí shibhialta maidir le cur chun cinn, cosaint agus ardú feasachta i dtaobh chomhluachanna an Aontais faoi Airteagal 2 CAE agus maidir le rannchuidiú leis na cearta atá ann faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú go héifeachtach.
(7)  Níl dóthain faisnéise ag saoránaigh an Aontais faoina gcearta a thagann as saoránacht an Aontais, amhail an ceart chun vótála i dtoghcháin Eorpacha agus i dtoghcháin áitiúla nó an ceart chun cosaint chonsalach a fháil ó ambasáidí na mBallstát eile. Ba cheart cur le feasacht na saoránach i dtaobh na gceart sin agus ba cheart go mbéidís ar a gcompord agus iad ina gcónaí, ag taisteal, ag staidéar, ag obair agus ag déanamh obair dheonach i mBallstát eile, agus ba cheart dóibh a bheith in ann leas a bhaint as a gcearta saoránachta go léir agus iad a fheidhmiú, a muinín a chur i rochtain chomhionann, in in-fhorfheidhmitheacht agus i gcosaint iomlán a gceart gan aon idirdhealú, is cuma cén áit san Aontas a bhfuil siad. Is gá an tsochaí shibhialta a neartú ar gach leibhéal maidir le cur chun cinn, cosaint agus ardú feasachta i dtaobh chomhluachanna an Aontais faoi Airteagal 2 CAE agus maidir le rannchuidiú leis na cearta atá ann faoi dhlí an Aontais a fheidhmiú go héifeachtach.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
(7a)   Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2009 maidir leis an gCoinsias Eorpach agus an tOllsmachtachas agus Conclúidí ón gComhairle an 9 Meitheamh 2011 maidir leis an gcuimhne ar na coireanna a rinneadh le linn na réimeas ollsmachtach san Eoraip, leagtar béim ar an tábhacht atá le cuimhní a chaomhnú mar mheán chun an t-am atá caite a fhágáil inár ndiaidh agus an todhchaí a thógáil, agus chun aird a thabhairt ar an luach atá le ról an Aontais maidir le comhchuimhne a éascú, a roinnt agus a chur chun cinn i dtaca leis na coireanna sin chun beocht úr a thabhairt d’fhéiniúlacht chomhpháirteach Eorpach atá iolraíoch agus daonlathach.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Luach bunúsach is ea an comhionannas idir mná agus fir agus tá sé ar chuspóirí an Aontais sin a bhaint amach. Sáraíonn leithcheal in aghaidh na mban agus cóir neamh-chomhionann na mban a gcearta bunúsacha agus coisceann sé a rannpháirtíocht pholaitiúil, shóisialta agus eacnamaíoch iomlán sa tsochaí. Lena chois sin, na baic struchtúracha agus chultúrtha atá ann is cosc iad ar fhíor-chomhionannas inscne a bhaint amach. Dá réir sin, croí-ghníomhaíocht is ea cur chun cinn an chomhionannais inscne i ngníomhaíochtaí uile an Aontais agus is údar fáis eacnamaíoch é freisin, agus dá bhrí ba cheart tacaíocht a thabhairt dó leis an gclár.
(8)  Luach bunúsach is ea an comhionannas inscne agus tá sé ar cheann de chuspóirí an Aontais é sin a bhaint amach. Fágann Airteagal 8 den Rialachán seo an cúram ar an Aontas deireadh a chur le neamhionannais, agus comhionannas a chur chun cinn idir fir agus mná trína a chuid gníomhaíochtaí go léir. Fós féin, léirítear san Innéacs Comhionannais Inscne ó 2017, a d’fhoilsigh an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, go bhfuil an dul chun cinn foriomlán ó thaobh comhionannas inscne san Eoraip an-mhall. Is minic a sháraíonn idirdhealú trasnach tostach agus folaithe in aghaidh na mban agus cóir neamh-chomhionann na mban agus cailíní, mar aon le cineálacha éagsúla foréigin in aghaidh na mban, a gcearta bunúsacha agus a chuireann cosc ar a rannpháirtíocht pholaitiúil, shóisialta agus eacnamaíoch iomlán sa tsochaí. Sa bhreis air sin, is cosc iad na bacainní polaitiúla, struchtúracha agus cultúrtha atá ann ar fhíor-chomhionannas inscne a bhaint amach. Dá réir sin, croí-ghníomhaíocht don Aontas agus is údar fáis eacnamaíoch is ea an chomhionannais inscne a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile an Aontais, trí thacú le príomhshruthú inscne agus le cuspóirí neamh-idirdhealaithe, agus trí dhul i ngleic go gníomhach le steiréitíopaí agus trí aghaidh a thabhairt ar idirdhealú tostach agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dó leis an gclár.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha atá i bhforéigean bunaithe ar inscne agus foréigean in aghaidh leanaí agus daoine óga. Leanann foréigean ar aghaidh ar fud an Aontais, i ngach comhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch, agus bíonn frithiarmhairtí tromchúiseacha aige ar shláinte choirp agus shíceolaíoch na n-íospartach agus ar an tsochaí ina hiomláine. Tá leanaí, daoine óga agus mná go háirithe leochaileach i leith foréigin, go háirithe iad siúd atá i ndlúthchaidreamh. Ba cheart beart a dhéanamh chun ceart an linbh a chur chun cinn agus rannchuidiú le cosaint leanaí ar dhochar agus ar fhoréigean, lena gcuirtear a sláinte choirp agus a meabhairshláinte i gcontúirt agus is sárú iad ar a gceart chun forbartha, cosanta agus dínite. Is tosaíochtaí iad de chuid an Aontais gach cineál foréigin a chomhrac, cosc agus cosaint a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus cuidíonn siad sin le cearta bunúsacha daoine aonair a shásamh agus cuireann siad le comhionannas idir mná agus fir.
(9)  Sárú tromchúiseach ar chearta bunúsacha an duine atá i bhforéigean bunaithe ar inscne agus foréigean in aghaidh leanaí, daoine óga agus daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, dídeanaithe agus imircigh, agus in aghaidh daoine ó ghrúpaí mionlaigh éagsúla, amhail daoine ó ghrúpaí mionlaigh eitnigh agus daoine LGBTQI. Leanann foréigean ar aghaidh ar fud an Aontais, i ngach comhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch, agus bíonn frithiarmhairtí tromchúiseacha aige ar shláinte choirp agus shíceolaíoch na n-íospartach agus ar an tsochaí ina hiomláine. Tá gá le cur chuige ilghnéitheach chun an foréigean bunaithe ar inscne a chomhrac, ar cur chuige é lena gcumhdófaí gnéithe dlíthiúla, oideachasúla, sláinte, lena n-airítear cearta gnéis agus atáirgthe, gnéithe eacnamaíocha agus gnéithe sochaíocha eile amhail tacú le heagraíochtaí chearta na mban, soláthar comhairle agus cúnamh agus tionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu sochaí a bheadh níos comhionainne ó thaobh inscne de a bhaint amach. Is gá dul i ngleic go gníomhach le steiréitíopaí agus le noirm dhíobhálacha ó aois óg, chomh maith le gach cineál fuathchainte agus foréigin ar líne. Ba cheart beart a dhéanamh chun ceart an linbh a chur chun cinn agus rannchuidiú le cosaint leanaí ar dhochar agus ar fhoréigean, lena gcuirtear a sláinte choirp agus a meabhairshláinte i gcontúirt agus is sárú iad ar a gceart chun forbartha, cosanta agus dínite. Is é sainmhíniú Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) ar ‘fhoréigean in aghaidh na mban’ ná “gach cineál foréigin atá bunaithe ar inscne, ar dócha a n-eascróidh díobháil fhisiceach, ghnéasach, shíceolaíoch, nó eacnamaíoch uaidh do mhná, lena n-áirítear bagairtí go ndéanfaí na gníomhartha sin leo, comhéigean nó saoirse a bhaint go treallach, bíodh sin ag tarlú sa saol poiblí nó sa saol príobháideach”. Is tosaíochtaí iad de chuid an Aontais gach cineál foréigin a chomhrac, cosc agus cosaint a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh agus cuidíonn siad sin le cearta bunúsacha daoine aonair a shásamh agus cuireann siad le comhionannas idir mná agus fir. Ba cheart go ndéanfaí tacaíocht maidir le cearta na n-íospartach agus maidir le cosc a cheapadh i gcomhar leis an spriocghrúpa agus ba cheart a áirithiú go mbeifear ag comhlíonadh riachtanais shonracha na ndaoine sin atá neamhchosanta ar leochaileachtaí éagsúla.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
(9a)  Bíonn mná gan cháipéisí, go háirithe, neamhchosanta ar fhoréigean agus ar dhrochúsáid ghnéasach agus ní bhíonn rochtain acu ar thacaíocht. Is den ríthábhacht cur chuige a chur chun feidhme atá dírithe ar íospartaigh agus seirbhísí tacaíochta leordhóthanacha a sholáthar do mhná uile ar fud an Aontais, gan beann ar a stádas cónaithe. Tá an gá atá le gné atá íogair ó thaobh inscne de i bpróisis tearmainn an-tábhachtach le haghaidh obair thrasnach agus féadann sé sin rannchuidiú le comhionannas inscne.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Toil láidir pholaitiúil agus gníomhaíocht chomhordaithe bunaithe ar mhodhanna agus ar thorthaí an chláir Daphne a bhí ann roimhe seo, an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Chláir um Cheartas, sin iad na nithe atá riachtanach chun gach cineál foréigin a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint. Ó seoladh in 1997 é, tá ag éirí go fíormhaith le cistiú ón gclár Daphne tacú le híospartaigh an fhoréigin agus an foréigean in aghaidh ban, leanaí agus daoine a chomhrac, i gcomhthéacs a éilimh ag páirtithe leasmhara (údaráis phoiblí, institiúidí acadúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha) agus i gcomhthéacs éifeachtúlacht na dtionscadal arna gcistiú. Rinneadh tionscadail a chistiú leis an gclár chun feasacht a ardú, seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’íospartaigh, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair ar an talamh. Chuathas i ngleic le gach cineál foréigin, mar shampla, foréigean baile, foréigean gnéasach, gáinneáil ar dhaoine, agus cineálacha nua foréigin atá ag teacht chun cinn ar nós na cibearbhulaíochta. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin leanúint leis na gníomhaíochtaí ar fad sin agus na torthaí agus na ceachtanna atá foghlamtha dá mbarr a chur san áireamh go hiomchuí i gcur chun feidhme an Chláir.
(10)  Toil láidir pholaitiúil agus gníomhaíocht chomhordaithe bunaithe ar mhodhanna agus ar thorthaí an chláir Daphne a bhí ann roimhe seo, an Chláir um Chearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Chláir um Cheartas, sin iad na nithe atá riachtanach chun gach cineál foréigin a chosc agus a chomhrac agus chun íospartaigh a chosaint. Ó seoladh in 1997 é, tá ag éirí go fíormhaith le cistiú ón gclár Daphne tacú le híospartaigh an fhoréigin agus an foréigean in aghaidh ban, leanaí agus daoine a chomhrac, i gcomhthéacs a éilimh ag páirtithe leasmhara (údaráis phoiblí, institiúidí acadúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha) agus i gcomhthéacs éifeachtúlacht na dtionscadal arna gcistiú. Rinneadh tionscadail a chistiú leis an gclár chun feasacht a ardú, seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil d’íospartaigh, agus chun tacú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) atá ag obair ar an talamh. Tá aghaidh tugtha leis ar gach cineál foréigin, mar shampla foréigean baile, foréigean gnéasach, gáinneáil ar dhaoine, stalcaireacht agus cleachtais dhíobhálacha thraidisiúnta amhail ciorrú ball giniúna ban, agus cineálacha nua foréigin atá ag teacht chun cinn ar nós an cibearbhulaíochta agus an chibirchiaptha. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go leanfaí leis na gníomhaíochtaí sin ar fad a bhfuil leithdháileadh buiséid neamhspleách do Daphne ag baint leo agus go ndéanfaí na torthaí agus na ceachtanna sin atá foghlamtha dá mbarr a chur san áireamh go hiomchuí i gcur chun feidhme an Chláir.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Ceann de phrionsabail bhunúsacha an Aontais is ea é an neamh-idirdhealú. In Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear maidir le bearta chun leithcheal ar fhorais inscne, cine nó tionscnaimh eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta, a chomhrac. Tá neamh-idirdhealú cuimsithe in Airteagal 21 den Chairt freisin. Ba cheart gnéithe sonracha na gcineálacha éagsúla idirdhealaithe a chur san áireamh agus, san am céanna, ba cheart bearta iomchuí a cheapadh chun idirdhealú de shaghas amháin nó níos mó ná saghas amháin a chosc agus a chomhrac. Ba cheart go dtacódh an clár le gníomhaíochtaí tacaíochta maidir le leithcheal, ciníochas, seineafóibe, frith-Sheimíteachas, fuath i leith Moslamach agus cineálacha eile éadulaingte a chomhrac. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar gach cineál foréigin, fuatha, leithlisithe agus stiogmataithe chomh maith, mar aon le bulaíocht, ciapadh agus cóir éadulangach a chomhrac. Ba cheart an Clár a chur chun feidhme i dteannta gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais ag a bhfuil na cuspóirí céanna, go háirithe na cuspóirí dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal “Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach go dtí 202010” agus sa Mholadh ón gComhairle an 09 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtí na Romach sna Ballstáit11.
(11)  Ceann de phrionsabail bhunúsacha an Aontais is ea é an neamh-idirdhealú. In Airteagal 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh foráiltear gníomhaíocht maidir le bearta chun idirdhealú ar fhorais inscne, cine nó tionscnaimh eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta, a chomhrac. Tá neamh-idirdhealú cuimsithe in Airteagal 21 den Chairt freisin. Ba cheart gnéithe sonracha na gcineálacha éagsúla idirdhealaithe, lena n-áirítear idirdhealú díreach, indíreach agus struchtúrach, a chur san áireamh agus, san am céanna, ba cheart bearta iomchuí a cheapadh chun idirdhealú de shaghas amháin nó níos mó ná saghas amháin a chosc agus a chomhrac. Ba cheart go dtacódh an Clár le gníomhaíochtaí maidir le hidirdhealú, ciníochas, seineafóibe, afrafóibe, frith-Sheimíteachas, frithghiofógachas, fuath i leith Moslamach, homafóibe agus cineálacha eile éadulaingte a chosc agus a chomhrac, ar líne agus as líne, in aghaidh daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus na leibhéil iolracha idirdhealaithe a dhéantar ar mhná á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar gach cineál foréigin, fuatha, leithlisithe agus stiogmataithe chomh maith, mar aon le bulaíocht, ciapadh agus cóir éadulangach a chomhrac. Ba cheart an Clár a chur chun feidhme i dteannta gníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais ag a bhfuil na cuspóirí céanna, go háirithe na cuspóirí dá dtagraítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal “Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach go dtí 202010” agus sa Mholadh ón gComhairle an 09 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtí na Romach sna Ballstáit11.
__________________
__________________
10 COM(2011)0173.
10 COM(2011)0173.
11 IO L 378, 24.12.2013, lch. 1.
11 IO L 378, 24.12.2013, lch. 1.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  Cuirtear bac ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtúil daoine faoi mhíchumais sa tsochaí, ar bhonn cothrom le daoine eile le baic dhearaidh agus comhshaoil chomh maith leis an easpa inrochtaineachta. Tá baic le sárú ag daoine faoi mhíchumais ar, i measc nithe eile, rochtain ar an mhargadh saothair, tairbhe a baint as oideachas uilechuimsitheach ardcháilíochta, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a sheachaint, rochtain a bheith acu ar thionscnaimh chultúrtha agus ar na meáin, agus a gcearta polaitiúla a fheidhmiú. Is páirtí an tAontas agus na Ballstáit i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine Faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus dá bhrí sin tá gealltanas tugtha acu tairbhiú iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumais a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú. Tá forálacha UNCRPD ina gcuid dhílis d’ord dlíthiúil an Aontais anois.
(12)  Cuirtear bac ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtúil daoine faoi mhíchumais sa tsochaí, ar bhonn cothrom le daoine eile le baic dhearaidh agus comhshaoil chomh maith leis an easpa inrochtaineachta. Tá baic le sárú ag daoine faoi mhíchumais, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil lagú fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachta nó céadfach acu, ar, i measc nithe eile, rochtain ar an mhargadh saothair, tairbhe a baint as oideachas cuimsitheach ardcháilíochta, bochtaineacht agus eisiamh sóisialta a sheachaint, rochtain a bheith acu ar thionscnaimh chultúrtha agus ar na meáin, agus a gcearta polaitiúla a fheidhmiú. Is páirtí an tAontas agus na Ballstáit i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine Faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus dá bhrí sin tá gealltanas tugtha acu tairbhiú iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha na ndaoine uile faoi mhíchumais a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú. Tá forálacha UNCRPD, ar forálacha iad a bhfuil a gcur chun feidhme éigeantach, ina gcuid dhílis d’ord dlíthiúil an Aontais anois. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Chlár aird faoi leith agus cistiú a thabhairt do ghníomhaíochtaí chun feasacht a ardú faoi na dúshláin a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus le go mbeidh siad in ann tairbhiú dá gcearta mar shaoránaigh ar chomhchéim le saoránaigh eile.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Tá an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú (ceart chun príobháideachais) ina cheart bunúsach atá cuimsithe in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá cosaint sonraí pearsanta ina cheart bunúsach atá cuimsithe in Airteagal 8 agus in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoi réir rialú ag húdaráis neamhspleácha mhaoirseachta. I gcreat dlíthiúil an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle13 leagtar síos forálacha chun áirithiú go gcaomhnaítear go héifeachtach an ceart chun cosaint sonraí pearsanta. Leis na hionstraimí dlíthiúla sin cuirtear ar iontaoibh d’údaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí pearsanta feasacht poiblí agus tuiscint ar na rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas a bheith ábalta staidéar agus gníomhaíochtaí ardaithe feasachta agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a dhéanamh ag cur san áireamh na tábhachta a bhaineann leis an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint tráth atá forás ag teacht go pras ar an teicneolaíocht.
(13)  Tá an ceart go ndéanfar a shaol nó a saol príobháideach agus a shaol nó a saol teaghlaigh, a chónaí nó a cónaí agus a chumarsáidí nó a cumarsáidí a urramú (ceart chun príobháideachais) ina cheart bunúsach atá cuimsithe in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá cosaint sonraí pearsanta ina cheart bunúsach atá cuimsithe in Airteagal 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus in Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá comhlíonadh na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta faoi réir rialú ag húdaráis neamhspleácha mhaoirseachta. I gcreat dlíthiúil an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 agus Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle13 leagtar síos forálacha chun a áirithiú go gcaomhnaítear go héifeachtach an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint. Leis na hionstraimí dlíthiúla sin cuirtear ar iontaoibh d’údaráis náisiúnta mhaoirseachta um chosaint sonraí pearsanta feasacht poiblí agus tuiscint ar na rioscaí, rialacha, coimircí agus cearta i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas a bheith in ann gníomhaíochtaí ardaithe feasachta a dhéanamh, tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san obair ar son cosaint sonraí i gcomhréir le caighdeáin an Aontais, agus staidéir a dhéanamh agus gníomhaíochtaí ábhartha eile a dhéanamh i bhfianaise a thábhachtaí atá an ceart go gcosnófaí sonraí pearsanta tráth atá forás ag teacht go pras ar an teicneolaíocht.
__________________
__________________
12 IO L 119, 4.5.2016, lch. 1-88.
12 IO L 119, 4.5.2016, lch. 1-88.
13 IO L 119, 4.5.2016, lch. 89-131.
13 IO L 119, 4.5.2016, lch. 89-131.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
(13a)   Tá an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá rochtain shaor ar fhaisnéis, meastóireacht ar choinníollacha maidir le creat na meán agus úsáid fhreagrach agus shábháilte na líonraí cumarsáide agus faisnéise nasctha go díreach le forbairt neamhshrianta thuairimí an phobail agus tá siad ríthábhachtach chun daonlathas feidhmiúil a ráthú. Tá sé riachtanach don phobal na scileanna i litearthacht na meán is gá a fháil le haghaidh smaointeoireacht agus grinneas criticiúil agus an cumas chun anailís a dhéanamh ar réaltachtaí casta, difríochtaí idir tuairimí agus fíorais a aithint agus cur i gcoinne aon chineál gríosaithe chun fuatha. Chun na críche sin, ba cheart don Aontas forbairt ar litearthacht na meán a chur chun cinn do na saoránaigh uile, gan beann ar a n-aois, trí oiliúint, ardú feasachta, staidéir agus gníomhaíochtaí ábhartha eile.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Le hAirteagal 24 CFAE cuirtear d’oibleagáid ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle forálacha a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha a bheadh ag teastáil do thionscnamh saoránach de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh an Aontais Eorpaigh. Rinneadh sin trí Rialachán [AE Uimh 211/2011) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14 a ghlacadh]. Ba cheart go dtacódh an Clár le maoiniú na tacaíochta teicniúla agus eagraíochta chun Rialachán [(EU) Uimh 211/2011] a chur i bhfeidhm, agus dá réir sin ag tacú le cleachtadh an chirt chun tionscnaimh um shaoránaigh Eorpacha a sheoladh agus tacú leo ag saoránaigh.
(14)  Is é an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh an chéad ionstraim fhornáisiúnta um dhaonlathas rannpháirteach, lena gcruthaítear nasc díreach idir saoránaigh na hEorpa agus institiúidí an Aontais. Le hAirteagal 24 CFAE cuirtear d’oibleagáid ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle forálacha a ghlacadh maidir leis na nósanna imeachta agus na gcoinníollacha a bheadh ag teastáil do thionscnamh saoránach de réir bhrí Airteagal 11 den Chonradh an Aontais Eorpaigh. Rinneadh sin trí Rialachán [AE Uimh 211/2011) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle14 a ghlacadh]. Ba cheart go dtacódh an Clár le maoiniú na tacaíochta teicniúla agus eagraíochta chun Rialachán [(EU) Uimh 211/2011] a chur i bhfeidhm, agus dá réir sin ag tacú le cleachtadh an chirt chun tionscnaimh um shaoránaigh Eorpacha a sheoladh agus tacú leo ag saoránaigh agus chun daoine eile a spreagadh chun tacú leo.
_________________
_________________
14 Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le tionscnamh na saoránach (IO L 65, 11.3.2011, lch. 1).
14 Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le tionscnamh na saoránach (IO L 65, 11.3.2011, lch. 1).
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  De bhun Airteagal 8 agus 10 CFAE, ba cheart do ghníomhaíochtaí uile an Chláir tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaithe.
(15)  De bhun Airteagail 8 agus Airteagal 10 CFAE, ba cheart do ghníomhaíochtaí uile an Chláir tacú le príomhshruthú inscne agus le príomhshruthú cuspóirí neamh-idirdhealaithe, agus úsáid an bhuiséadaithe inscne agus an mheasúnaithe tionchair ar inscne, i gcás inar gá, a chur chun cinn sa phróiseas buiséadach san Aontas freisin. Chun an príomhshruthú inscne a chur chun feidhme i gceart tá gá le buiséadú inscne i ngach líne bhuiséadach ábhartha agus le hacmhainní leormhaithe a leithdháileadh agus le trédhearcacht sna línte buiséadacha arna dtiomnú don chomhionannas inscne a chur chun cinn agus don chomhrac i gcoinne idirdhealú bunaithe ar inscne. Ba cheart go ndéanfaí athbhreithniú ar na tionscadail aonair agus ar an gClár ag deireadh na tréimhse cistiúcháin lena fháil amach a mhéid a baineadh amach leo i gcomhréir leis na prionsabail a luadh thuas.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  I gcomhréir le gníomhartha de chuid an Aontais maidir le cóir chomhionann bhunaigh na Ballstáit comhlachtaí neamhspleácha chun cóir chomhionanna a chur chun cinn, ar a dtugtar go coitianta “chomhlachtaí comhionannais”, chun leithcheal bunaithe ar chine agus ar thionscnamh eitneach agus ar inscne a chomhrac. Mar sin féin, chuaigh a lán Ballstát thairis na ceanglais sin agus d’áirithigh siad gur féidir le comhlachtaí comhionannais déileáil chomh maith le leithcheal bunaithe ar fhorais eile amhail aois, claonadh gnéis, reiligiún agus creideamh, míchumas. Tá ról tábhachtach ag na comhlachtaí comhionannais maidir le comhionannas a chur chun cinn agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cóir chomhionann a áirithiú go háirithe trí chúnamh neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh an leithcheala, suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le leithcheal, tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le ceist ar bith a bhaineann le leithcheal ina dtír. Tá sé riachtanach obair na gcomhlachtaí comhionannais a chomhordú ar leibhéal an Aontais maidir leis sin. Cruthaíodh EQUINET in 2007. Is iad a chuid ball na comhlachtaí náisiúnta um chur chun cinn na déileála comhionainne mar atá bunaithe le Treoir 2000/43/CE15 agus 2004/113/CE16, ón gComhairle, agus le Treoir 2006/54/CE17 agus 2010/41/AE18 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cás eisceachtúil is ea EQUINET, arae is é an t-aon eintiteas é a áirithíonn comhordú gníomhaíochtaí idir comhlachtaí comhionannais. Tá an ghníomhaíocht comhordúcháin a dhéanann EQUINET tábhachtach do dhea-chur i bhfeidhm dhlí an Aontais in aghaidh an leithcheala sna Ballstáit agus ba cheart don Chlár tacú leis.
(17)  I gcomhréir le gníomhartha de chuid an Aontais maidir le cóir chomhionann bhunaigh na Ballstáit comhlachtaí neamhspleácha chun cóir chomhionanna a chur chun cinn, ar a dtugtar go coitianta “chomhlachtaí comhionannais”, chun idirdhealú bunaithe ar chine agus ar thionscnamh eitneach agus ar inscne a chomhrac. Mar sin féin, chuaigh a lán Ballstát thairis na ceanglais sin agus d’áirithigh siad gur féidir le comhlachtaí comhionannais déileáil chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar fhorais eile amhail teanga, aois, claonadh gnéis, reiligiún agus creideamh, míchumas nó forais eile. Tá ról tábhachtach ag na comhlachtaí comhionannais maidir le comhionannas a chur chun cinn agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta maidir le cóir chomhionann a áirithiú go háirithe trí chúnamh neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh an idirdhealaithe, suirbhéanna neamhspleácha a dhéanamh maidir le hidirdhealú, tuarascálacha neamhspleácha a fhoilsiú agus moltaí a dhéanamh maidir le ceist ar bith a bhaineann le hidirdhealú ina dtír. Tá sé riachtanach obair na gcomhlachtaí comhionannais ábhartha uile sin a chomhordú ar leibhéal an Aontais maidir leis sin. Cruthaíodh EQUINET in 2007. Is iad a chuid ball na comhlachtaí náisiúnta um chur chun cinn na déileála comhionainne mar atá bunaithe le Treoir 2000/43/CE15 agus 2004/113/CE16, ón gComhairle, agus le Treoir 2006/54/CE17 agus 2010/41/AE18 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. An 22 Meitheamh 2018, ghlac an Coimisiún moladh maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais, lena gcumhdaítear sainordú, neamhspleáchas, éifeachtacht agus comhordú agus comhar chomhlachtaí comhionannais. Cás eisceachtúil is ea EQUINET, mar is é an t-aon eintiteas é a áirithíonn comhordú gníomhaíochtaí idir comhlachtaí comhionannais. Tá an ghníomhaíocht comhordúcháin a dhéanann EQUINET tábhachtach do dhea-chur i bhfeidhm dhlí an Aontais in aghaidh an idirdhealaithe sna Ballstáit agus ba cheart don Chlár tacú leis.
__________________
__________________
15 Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (OJ L 180, 19.7.2000, lch. 22).
15 Treoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach (OJ L 180, 19.7.2000, lch. 22).
16 Treoir 2004/113/CE an 13 Meitheamh 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (OJ L 373, 21.12.2004, lch. 37).
16 Treoir 2004/113/CE an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (OJ L 373, 21.12.2004, lch. 37).
17 Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (OJ L 204, 26.7.2006, lch. 23).
17 Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (OJ L 204, 26.7.2006, lch. 23).
18 Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
18 Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Chun inrochtaineacht a mhéadú agus chun treoir neamhchlaonta agus faisnéis phraiticiúil a sholáthar maidir le gach gné den Chlár, ba cheart pointí teagmhála a chur ar bun sna Ballstáit chun cúnamh a sholáthar do thairbhithe agus d’iarratasóirí araon. Ba cheart go mbeadh pointí teagmhála an Chláir in ann a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go neamhspleách, gan aon fho-ordúcháin nó cur isteach díreach ar a gcinnteoireacht ó údaráis poiblí. Is féidir leis na Ballstáit nó eagraíochtaí na sochaí sibhialta nó cuibhreannas díobh bainistiú a dhéanamh ar na pointí teagmhála. Ní bheidh aon fhreagracht ag pointí teagmhála an Chláir maidir le roghnú tionscadal;
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  Tá ról ríthábhachtach ag comhlachtaí neamhspleácha do chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta maidir le cur chun cinn, cosaint agus ardú feasachta i dtaobh chomhluachanna an Aontais faoi Airteagal 2 den CAE, agus maidir le cur le tairbhiú ceart faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha an AE. Faoi mar a léirítear sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018, tá tacaíocht dhóthanach airgeadais tábhachtach chun timpeallacht fhabhrach agus inbhuanaithe a chothú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a ról a neartú agus a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go neamhspleách agus go héifeachtúil. Agus iarrachtaí á gcomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart go gcuirfí dá bhrí sin le tacaíocht, cumhachtú agus acmhainn eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt atá gníomhach i gcur chun cinn chearta an duine a gcuidíonn a ngníomhaíochtaí le forfheidhmiú straitéiseach na gceart faoi dhlí AE agus faoi Chairt um Chearta Bunúsacha AE, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí tacaíochta agus faire, chomh maith le comhluachanna an Aontais a chur chun cinn, a chosaint agus feasacht a ardú fúthu ar an leibhéal náisiúnta.
(18)  Tá ról ríthábhachtach ag comhlachtaí neamhspleácha do chearta an duine, ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag cosantóirí chearta an duine maidir le cur chun cinn, cosaint agus ardú feasachta i dtaobh chomhluachanna an Aontais faoi Airteagal 2 den CAE, agus maidir le rannchuidiú le tairbhiú ceart faoi dhlí an Aontais, lena n-áirítear an Chairt um Chearta Bunúsacha AE. Faoi mar a léirítear sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Aibreán 2018, tá méadú ar mhaoiniú agus tacaíocht dhóthanach airgeadais tábhachtach chun timpeallacht fhabhrach agus inbhuanaithe a chothú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta chun a ról a neartú agus a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go neamhspleách agus go héifeachtúil. Anuas ar iarrachtaí a chomhlánú ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart cistiú ó AE a bheith ina chuidiú dá bhrí sin chun tacú le hacmhainn eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta, í a chumhachtú agus a í a fhorbairt, lena n-áirítear trí bhunchistiú leormhaith agus roghanna costais, rialacha airgeadais agus nósanna imeachta níos simplí, ar eagraíochtaí iad atá gníomhach i gcur chun cinn luachanna an Aontais amhail daonlathas, smacht reachta agus cearta bunúsacha a gcuidíonn a ngníomhaíochtaí le forfheidhmiú straitéiseach na gceart faoi dhlí AE agus faoin gCairt um Chearta Bunúsacha AE, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí tacaíochta agus faire, mar aon le comhluachanna an Aontais a chur chun cinn, a chosaint agus feasacht a ardú fúthu ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach,an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal trasnáisiúnta.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán, comhlántacht agus sineirgí a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar obair na ngníomhairí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile atá cumhdaithe faoin gClár.
(19)  Ba cheart don Choimisiún comhsheasmhacht fhoriomlán, comhlántacht agus sineirgí a áirithiú le hobair chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, agus ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar obair na ngníomhairí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile atá cumhdaithe faoin gClár. Ba cheart go ndéanfadh an Coimisiún rannpháirtithe an Chláir seo a threorú go gníomhach maidir le húsáid tuarascálacha agus acmhainní arna nginiúint ag na comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí sin de chuid an Aontais, amhail buiséadú inscne agus uirlisí measúnaithe inscne arna bhforbairt ag an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19 a (nua)
(19 a)  Le sásra cuimsitheach an Aontais maidir le daonlathas, smacht reachta agus cearta bunúsacha, ba cheart go ráthófaí athbhreithniú rialta agus comhionann ar na Ballstáit go léir, lena solathraítear an fhaisnéis is gá chun na bearta a bhaineann le heasnaimh ghinearálta luachanna an Aontais sna Ballstáit a ghníomhachtú.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  Ba cheart don Chlár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus chomhaltaí CSTE nach comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus tíortha Eorpacha eile. Ba cheart do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a bhaineann leis an straitéis réamhaontachais bheith in ann páirt a ghlacadh sa Chlár.
(20)  Maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha ó thaobh comhionannas inscne agus cearta comhionannais a chur chun cinn, rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal trasnáisiúnta agus foréigean a chomhrac, ba cheart an Clár a bheith oscailte, faoi réir coinníollacha áirithe, do rannpháirtíocht chomhaltaí Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) agus do rannpháirtíocht chomhaltaí CSTE nach comhaltaí iad de LEE agus tíortha Eorpacha eile. Ba cheart do thíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha a bhaineann leis an straitéis réamhaontachais bheith in ann páirt a ghlacadh sa Chlár.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  Chun leithdháileadh éifeachtach cistí ón bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá go n-áiritheofar breisluach Eorpach na ngníomhartha agus na ngníomhartha uile a dhéantar leis an gclár, a gcomhlántacht le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus féachtar ag an am céanna do chomhsheasmhacht, comhlántach agus sineirgí le cláir chistiúcháin a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthcheangal acu lena chéile, go háirithe laistigh de chreat luachanna AE – agus mar sin leis an gClár um Cheartas – chomh maith leis le Eoraip na Cruthaitheachta, ERASMUS+ acmhainneacht na dtrasnasc cultúrtha sna réimsí cultúrtha, meán, ealaíon, oideachais agus cruthaitheachta a bhaint amach. Is gá sineirgí a chruthú le cláir chistiúcháin Eorpacha eile, go háirithe sna réimsí fostaíochta, an mhargaidh inmheánaigh, fiontraíochta, óige, sláinte, saoránachta, ceartais, imirce, slándála, taighde, nuálaíochta, teicneolaíochta, tionscail, comhtháthaithe, turasóireachta, caidrimh sheachtraigh, trádála agus forbartha.
(21)  Chun leithdháileadh éifeachtúil na gcistí ó bhuiséad ginearálta an Aontais a áirithiú, is gá breisluach Eorpach a áirithiú sna gníomhaíochtaí uile a dhéantar, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar gníomhaíochtaí iad a dhírítear ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE a chur chun cinn agus a choimirciú. Ba cheart don Choimisiún iarracht a dhéanamh comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántacht a bhaint amach le gníomhaíochtaí na mBallstát, agus le cláir chistiúcháin eile a thacaíonn le réimsí beartais a bhfuil dlúthnaisc acu leis an gCiste um Cheartas, Cearta agus Luachanna, lena n-áirítear leis an gClár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’, agus le Erasmus+, chomh maith le beartais ábhartha an Aontais.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21 a (nua)
(21a)  De bhun Airteagal 9 CFAE, ba cheart go gcuirfí chun cinn leibhéal ard fostaíochta, ráthaíocht do chosaint shóisialta leordhóthanach agus an comhrac i gcoinne an eisiata shóisialta. Dá bhrí sin, le gníomhaíochtaí faoin gClár ba cheart go ndéanfaí sineirgí idir an comhrac i gcoinne na bochtaineachta, an eisiata shóisialta agus an eisiata ón margadh saothair agus cur chun cinn an chomhionannais agus an troid i gcoinne gach cineál idirdhealú a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí an Clár a chun feidhme ar bhealach lena ndéanfaí an líon is mó sineirgí agus comhlántachtaí a áirithiú idir a shraitheanna éagsúla agus le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus araon. Thairis sin, ba cheart go n-áiritheofaí sineirgí le hErasmus agus le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus araon chun a áirithiú go rannchuideoidh na cistí sin le chéile chun oideachas d’ardchaighdeán a ghnóthú agus comhdheiseanna do chách a áirithiú.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22 a (nua)
(22 a)  Tá sé tábhachtach go n-áiritheofaí bainistíocht fhónta airgeadais an chláir agus a cur chun feidhme ar an mbealach is éifeachtaí agus is sothuigthe don úsáideoir, agus deimhneacht dhlíthiúil agus inrochtaineacht an chláir do gach rannpháirtí á n-áirithiú ag an am céanna.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22 b (nua)
(22 b)  Ba cheart go mbeadh feabhas a chur ar chur chun feidhme agus ar cháilíocht an chaiteachais ina dtreoirphrionsabail i gcomhair cuspóirí an chláir a bhaint amach, agus úsáid optamach na n-acmhainní airgeadais á háirithiú ag an am céanna.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
(23)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.
(23)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha agus éilítear trédhearcacht iomlán maidir le húsáid acmhainní, bainistíocht fhónta airgeadais agus úsáid stuama acmhainní. Go háirithe, rialacha maidir leis an deis atá ann go ndéanfaí eagraíochtaí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus trasnáisiúnta na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta ag an mbunleibhéal, a chistiú trí dheontais oibriúcháin ilbhliantúla, trí fhodheontais (tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú páirtithe) agus trí fhorálacha lena n-áirithítear nósanna imeachta tapa agus solúbtha maidir le deontais a bhronnadh, amhail nós imeachta iarratais dhá chéim, feidhmchláir atá éasca lena n-úsáid agus nósanna imeachta tuairiscithe, ba cheart na rialacha sin a fheidhmiú agus a neartú tuilleadh mar chuid de chur chun feidhme an Chláir.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
(24)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais, rud dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle21, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle22 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle23, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.
(24)  Maidir leis na cineálacha cistiúcháin agus na modhanna cur chun feidhme atá le húsáid faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt ba cheart iad a roghnú, lena n-áirítear, go háirithe, costas na rialuithe, an t-ualach riaracháin, méid agus acmhainn na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na dtairbhithe spriocdhírithe, agus an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe, as costais aonaid agus as fodheontais, mar aon le critéir chomhchistiúcháin lena gcuirtear san áireamh obair dheonach agus maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart glacadh le ceanglais chomhchistiúcháin chomhchineáil agus féadfar iad a tharscaoileadh i gcásanna ina bhfuil an cistiú comhlántach teoranta. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle21, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle22 agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle23, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.
__________________
__________________
20 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
20 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
21 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
21 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
22 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
22 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
23 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
23 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
24 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
24 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Féadfaidh tríú tíortha atá ina mbaill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais faoi chuimsiú an chomhair a bunaíodh faoin gcomhaontú LEE, lena ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár trí chinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.
(25)  Maidir le cur chun feidhme na gcuspóirí sonracha ó thaobh comhionannas inscne agus cearta comhionannais a chur chun cinn, rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta agus foréigean a chomhrac, féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith páirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoi chomhaontú LEE, ina ndéantar foráil maidir le cur chun feidhme na gclár le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin, ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart sainfhoráil a thabhairt isteach leis an Rialachán seo chun na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) chomh maith le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun a n-inniúlachtaí faoi seach a chur i gcrích go cuimsitheach.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26 a (nua)
(26 a)  Maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, is é is aidhm leis ná a chur ar chumas an Aontais cosaint níos fearr a thabhairt dá bhuiséad nuair a chuireann laigí sa smacht reachta isteach ar bhainistiú fónta airgeadais nó ar leasa airgeadais an Aontais nó nuair a bhíonn bagairt ann go dtarlódh amhlaidh. Ba cheart go gcuirfeadh sé leis an gClár um Chearta agus Luachanna ag a bhfuil ról difriúil, mar atá beartais a chistiú i gcomhréir le cearta bunúsacha agus luachanna Eorpacha, a bhfuil saol na ndaoine agus rannpháirtíocht ina chroílár.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
(27)  De bhun [De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE] ón gComhairle25, tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus cuspóirí an Chláir agus na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear.
(27)  De bhun [tagairt le nuashonrú de réir mar is iomchuí de réir cinneadh nua maidir le OCTanna: Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE] ón gComhairle25, tá daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear (OCTanna) incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus cuspóirí an Chláir agus na socruithe féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a eascraíonn as iargúltacht OCTanna a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht éifeachtach sa Chlár.
__________________
__________________
25 Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
25 Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)  Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Clár seo le príomhshruthú i mbeartais an Aontais na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice arb é atá inti 25 % de caiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mheántéarma ar an gclár.
(28)  Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an Ciste seo le bearta ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25% ar a laghad de chaiteachais bhuiséadacha an Aontais a ghnóthú maidir le tacú le cuspóirí na haeráide thar thréimhse CAI 2021-2027 agus sprioc bhliantúil 30% a luaithe is féidir agus faoi 2027 ar a dhéanaí. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin mar chuid den mheastóireacht mheántéarma ar an gclár.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
(29)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016, ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, chun éifeachtaí an Chláir ar an talamh a mheas.
(29)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, tá gá leis an gClár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus ró-rialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Sa chomhthéacs sin, is iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta, údaráis phoiblí áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, etc. samplaí d’iarratasóirí agus de thairbhithe a mb’fhéidir nach mbeadh na hacmhainní leordhóthanacha agus foireann leordhóthanach acu chun na ceanglais faireacháin agus tuairiscithe a chomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh táscairí intomhaiste a bheith ar áireamh sna ceanglais sin, chun éifeachtaí an Chláir ar an talamh a mheas.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
(30)  D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le táscairí mar atá leagtha amach in Airteagal 14 agus Airteagal 16 agus in Iarscríbhinn II. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(30)  Chun an Rialachán seo a a fhorlíonadh d’fhonn an Clár a chur i gcrích agus measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn atá déanta i dtaca le gnóthú chuspóirí an Chláir a áirithiú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le cláir oibre de bhun Airteagal 13 agus táscairí mar atá leagtha amach in Airteagal 14 agus Airteagal 16 agus in Iarscríbhinn II. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
(31)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26 .
scriosta
__________________
26 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
Bunaítear leis an Rialachán an Clár um Chearta agus Luachanna (‘an Clár’).
Bunaítear leis an Rialachán an Clár um Chearta, Saoránaigh, Comhionannas agus Luachanna (‘an Clár’).
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2
Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Leagtar síos leis cuspóirí agus raon feidhme an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na coinníollacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
1.  Is é cuspóir ginearálta an Chláir cearta agus luachanna a chosaint mar a chuimsítear i gConarthaí AE, lena n-áirítear trí thacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta, chun sochaithe oscailte, daonlathacha agus uilechuimsitheacha a chothú.
1.  Is é cuspóir ginearálta an Chláir cearta agus luachanna a chosaint mar a chuimsítear sna Conarthaí, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, go háirithe trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus a n-acmhainneacht a fhorbairt ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal trasnáisiúnta, go háirithe ar an mbunleibhéal, agus trí rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach a spreagadh, chun sochaithe atá oscailte, bunaithe ar chearta, daonlathach, comhionann agus cuimsitheach a chothú agus a fhorbairt tuilleadh.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe -a (nua)
(-a)  cearta bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal trasnáisiúnta (sraith luachanna an Aontais);
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe a
(a)  comhionannas agus cearta a chur chun cinn (an tsraith Comhionannas agus Cearta)
(a)  comhionannas, lena n-áirítear comhionannas inscne, cearta, neamh-idirdhealú agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn (an tsraith Cearta, Cearta agus Comhionannas Inscne),
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe b
(b)  rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn (an tsraith Ról agus Rannpháirtíocht na Saoránach),
(b)  feasacht na saoránach, go háirithe feasacht na ndaoine óga, a ardú maidir le tábhacht an Aontais trí ghníomhaíochtaí dírithe ar chuimhneacháin ar eachtraí stairiúla lenar cruthaíodh é, agus an daonlathas, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an t-iolrachas, rannpháirtíocht shibhialta mar aon le teacht le chéile na saoránach agus a rannpháirtíocht ghníomhach i saol daonlathach an Aontais (an tsraith Shaoránachta Gníomhaí);
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2 – pointe c
(c)  foréigean a chomhrac (an tsraith Daphne).
(c)  foréigean lena n-áirítear foréigean bunaithe ar inscne a chomhrac (an tsraith Daphne).
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 a (nua)
Airteagal 2 a
Sraith luachanna an Aontais
Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (-a) d’Airteagal 2(2), beidh an Clár dírithe ar an méid seo a leanas:
(a)   an daonlathas agus an smacht reachta a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacú le gníomhaíochtaí na sochaí sibhialta lena gcuirtear chun cinn neamhspleáchas na mbreithiúna agus cosaint éifeachtach bhreithiúnach ó chúirteanna neamhspleácha, cosaint na gceart bunúsach san áireamh; tacaíocht a sholáthar do chosantóirí neamhspleácha chearta an duine agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann faireachán ar chomhlíonadh an smachta reachta, do chosaint sceithirí agus do thionscnaimh lena gcuirtear chun cinn cultúr roinnte na trédhearcachta, dea-rialachas agus an comhrac i gcoinne an éillithe;
(b)   tógáil Aontais níos daonlathaí a chur chun cinn mar aon le feasacht maidir le cearta agus luachanna a chuimsítear sna Chonarthaí a spreagadh agus a chosaint trí thacaíocht airgeadais a sholáthar d’eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta a chuireann na cearta sin chun cinn agus a chosnaíonn na cearta sin ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus an leibhéal trasnáisiúnta, agus, dá réir sin, timpeallacht a chruthú lena gcumasófar idirphlé daonlathach agus lena dtreisítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse comhthionóil shíochánta nó chun comhlachais, saoirse agus iolrachas na meán, agus an tsaoirse acadúil.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – teideal
An tsraith Comhionannas agus Cearta
An tsraith Comhionannas, Cearta agus Cearta Inscne
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Laistigh den chuspóir sonrach atá leagtha amach i bpointe (a) d’Airteagal 2.(2), díreoidh an Clár ar:
Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (a) d’Airteagal 2(2), beidh an Clár dírithe ar an méid seo a leanas:
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
(a)  neamh-chomhionannas agus leithcheal ar fhorais inscne, cine nó tionscnaimh eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta a chomhrac, agus tacú le beartais chuimsitheacha maidir le comhionannas inscne agus frith-leithcheal agus a bpríomhshruthú a chur chun cinn chomh maith le beartais darb aidhm ciníochas agus gach cineál éadulaingte a chomhrac.
(a)  comhionannas a chur chun cinn agus neamh-chomhionannas agus idirdhealú ar fhorais maidir le hinscne, cine nó tionscnaimh eitnigh nó sóisialta, dath, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh nó aon fhorais eile a chosc agus chomhrac, agus tacú le beartais chuimsitheacha maidir le comhionannas inscne agus frith-idirdhealú agus a bpríomhshruthú a chur chun cinn chomh maith le beartais darb aidhm ciníochas agus gach cineál éadulaingte a chomhrac, ar líne agus as líne araon;
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a a (nua)
(a a)  tacaíocht a thabhairt do bheartais chuimsitheacha agus do chláir chun cearta na mban, comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn;
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – teideal
An tsraith Ról agus Rannpháirtíocht na Saoránach
An tsraith Shaoránachta Gníomhaí
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Laistigh den chuspóir sonrach atá leagtha amach i bpointe (b) d’Airteagal 2(2), díreoidh an Clár ar:
Laistigh den chuspóir sonrach atá leagtha amach i bpointe (a) d’Airteagal 2.(2), saothróidh an Clár na cuspóirí seo a leanas:
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
(a)  cur le tuiscint saoránach ar an Aontas, a stair, a oidhreacht agus éagsúlacht chultúrtha;
(a)  tacaíocht a thabhairt do thionscadail a chuir saoránaigh ar aghaidh, le béim ar leith ar dhaoine óga, atá dírithe ar daoine a spreagadh chun cuimhneamh ar na himeachtaí a tharla sular bunaíodh an Aontas, ar imeachtaí iad a thóg croílár a chuimhne stairiúil, ach chun níos mó a fhoghlaim freisin faoina stair chomhroinnte, a gcultúr agus luachanna agus chun tuiscint a fháil ar shaibhreas a n-oidhreachta coitinne cultúrtha agus saibhreas a n-éagsúlachta teanga, rudaí atá ina mbunús do thodhchaí chomhchoiteann; tuiscint na saoránach ar an Aontas a chothú, a bhunús, a “raison d’être” agus a bhfuil bainte amach aige agus feasacht na saoránach a ardú maidir le dúshláin an Aontas faoi láthair agus amach anseo, agus tábhacht na tuisceana frithpháirtí agus an ollsmachtachais fhrithpháirtigh, atá ag croílár thionscadal na hEorpa;
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)   tacaíocht a thabhairt do mhalartuithe dea-chleachtais maidir le hoideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil i dtaca le saoránacht na hEorpa agus na malurtuithe sin a chur chun cinn;
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
(b)  malartú agus comhar idir saoránaigh tíortha éagsúla a chur chun cinn; rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach saoránach a chur chun cinn, rud a tugann deis do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha a dtuairimí a thabhairt le fios agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais;
(b)  idirphlé poiblí a chur chun cinn trí bhailte a nascadh le chéile, trí theacht le chéile na saoránach, go háirithe daoine óga agus trí chomhar idir bardais, pobail áitiúla agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ó thíortha éagsúla, chun an deis a thabhairt dóibh taithí phraiticiúil dhíreach a fháil maidir le saibhreas na héagsúlachta cultúrtha agus chun rannpháirtíocht na saoránach sa tsochaí a ardú.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  rannpháirtíocht shibhialta i saol daonlathach an Aontais a spreagadh agus a fheabhsú ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasnáisiúnta; an deis a thabhairt do shaoránaigh agus do chomhlachais idirphlé idirchultúrtha a chur chun cinn agus díospóireachtaí poiblí cuí ar gach réimse de ghníomhaíocht an Aontais, agus ar an dóigh sin, rannchuidiú le clár polaitiúil an Aontais a mhúnlú; tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh chomhpháirteach eagraithe i bhfoirm chomhlachais na saoránach agus líonraí na n-eintiteas dlíthiúil chun na cuspóirí a leagtar amach sna míreanna roimhe seo a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí;
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Laistigh den chuspóir sonrach atá leagtha amach i bpointe (c) d’Airteagal 2.(2), díreoidh an Clár ar:
Laistigh den chuspóir ginearálta a leagtar amach in Airteagal 2(1) agus laistigh den chuspóir sonrach a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), beidh an Clár dírithe ar an méid seo a leanas:
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe -a (nua)
(-a)  gach cineál foréigin i gcoinne na mban atá bunaithe ar inscne a chosc agus a chomhrac agus cur chun cinn a dhéanamh ar chur chun feidhme iomlán Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) ar gach leibhéal; agus
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe a
(a)  gach cineál foréigin in aghaidh leanaí, daoine óga agus ban a chomhrac, chomh maith le foréigean in aghaidh grúpaí eile atá i mbaol;
(a)  gach cineál foréigin i gcoinne leanaí, daoine óga a chosc agus a chomhrac, chomh maith le foréigean i gcoinne grúpaí eile atá i mbaol, amhail daoine LGBTQI, daoine faoi mhíchumas, mionlaigh, daoine scothaosta agus imircigh agus dídeanaithe;
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe b
(b)  tacú le híospartaigh foréigin den sórt sin agus iad a chosaint.
(b)  tacú le híospartaigh foréigin den sórt sin agus iad a chosaint, lena n-áirítear trí thacú le gníomhaíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a éascaíonn agus a áirithíonn rochtain ar cheartas, rochtain ar sheirbhísí tacaíochta d’íospartaigh agus rochtain ar thuairisciú sábháilte póilíní do gach íospartach foréigin agus a áirithiú go bhfuil an leibhéal céanna cosanta ann ar fud an Aontais d’íospartaigh foréigin inscne.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
1.  Is é EUR [641 705 000] i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.
1.  Is é EUR [1 627 000 000] i bpraghsanna 2018 [EUR 1 834 000 000 i bpraghsanna reatha] a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021 – 2027.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe -a (nua)
(-a)  EUR [754 062 000 i bpraghsanna 2018] [EUR 850 000 000 i bpraghsanna reatha] (i.e. 46.34% den imchlúdach airgeadais iomlán) le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (-a) d’Airteagal 2(2);
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe a
(a)  EUR [408.705.000] le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(a) agus 2(2)(c);
(a)  EUR [429 372 000 i bpraghsanna 2018] [EUR 484 000 000 i bpraghsanna reatha] (i.e. 26.39% den imchlúdach airgeadais iomlán) le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 2(2);
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – pointe b
(b)  EUR [233.000.000] le haghaidh an chuspóra shonraigh dá dtagraítear in Airteagal 2(2)(b);
(b)  EUR [443 566 000 i bpraghsanna 2018] [EUR 500 000 000 i bpraghsanna reatha] (i.e. 27.26% den imchlúdach airgeadais iomlán) le haghaidh na gcuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(2);
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Déanfaidh an Coimisiún 50% ar a laghad de na méideanna dá dtagraítear i bpointe (-a) agus i bpointe (a) den chéad fhomhír sa mhír seo a leithdháileadh chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann eagraíochtaí na sochaí sibhialta i gcrích, agus déanfaidh sé 65% den mhéid sin a leithdháileadh ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
Ní imeoidh an Coimisiún ó na céatadáin leithdháilte den imchlúdach airgeadais, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I(-a), thar breis agus 5 phointe. Más gá an teorainn sin a shárú, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun Iarscríbhinn 1(-a) a leasú trí idir cúig phointe agus deich bpointe céatadáin de chéatadáin leithdháilte chistí an Chláir a mhodhnú.
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 5
5.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(c). Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh i gcás inar féidir é.
5.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit nó an Coimisiún sin. Déanfaidh an Coimisiún na hacmhainní sin a chur chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1)(a) den Rialachán Airgeadais. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh, i gcás inar féidir é.
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 a (nua)
Airteagal 6 a
Sásra um Thacaíocht Luachanna
1.   I gcásanna eisceachtúla, i gcás ina bhfuil meath tromchúiseach agus tapa i mBallstát maidir le comhlíonadh luachanna an Aontais a chuimsítear in Airteagal 2 CAE, agus mar gheall air sin tá baol ann nach mbeidh na luachanna sin cosanta nó curtha chun cinn go leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún glao ar thograí a oscailt i bhfoirm nós imeachta mear le haghaidh iarratais ar dheontais d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, d’fhonn tacú leis an idirphlé daonlathach sa Bhallstát i gceist agus chun é a éascú agus a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb maidir le comhlíonadh neamhleor na luachanna a chuimsítear in Airteagal 2 CAE.
2.   Cuirfidh an Coimisiún suas le 5% de na méideanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2) ar leataobh don sásra um thacaíocht luachanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Ag deireadh gach bliana buiséadaí, déanfaidh an Coimisiún aon chistí nár gealladh faoin sásra sin a aistriú chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thagann faoi raon feidhme an Chláir.
3.   Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an sásra um thacaíocht luachanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thionscnamh. Beidh gníomhachtú an sásra bunaithe ar fhaireachán agus ar mheastóireacht chuimsitheach agus fianaise-bunaithe ar an staid i ngach Ballstát maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.  Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1)(c) den Rialachán Airgeadais.
1.  Cuirfear an Clár chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó faoi bhainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
2.  Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.
2.  Féadfaidh an Clár cistiú a sholáthar ar cheann de na bealaí a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe trí dheontais ghníomhaíochta mar aon le deontais oibriúcháin bhliantúla agus ilbhliantúla. Beidh an cistiú sin curtha chun feidhme ar bhealach lena n-áiritheofar bainistíocht fhónta airgeadais, úsáid stuama na gcistí poiblí, leibhéil níos ísle d’ualach riaracháin d’oibreoir an Chláir agus do na tairbheoirí chomh maith le rochtain ag tairbhithe féideartha ar chistí an Chláir. Féadfar cnapshuimeanna, costais aonaid, rátaí comhréidhe agus fodheontais (tacaíocht airgeadais le haghaidh tríú páirtithe) a úsáid. Glacfar le comhchistiúcháin chomhchineáil agus féadfar iad a tharscaoileadh sna cásanna ina bhfuil cistiú comhlántach teoranta.
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir a shroicheadh a shonraítear in Airteagal 2, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh gníomhaíochtaí atá liostaithe in Iarscríbhinn I incháilithe le haghaidh cistiúcháin.
1.   Gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir ginearálta nó sonrach a bhaint amach a shonraítear in Airteagal 2, féadfaidh siad cistiú a fháil faoin Rialachán seo. Go háirithe, gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 9 a ( beidh siad incháilithe le haghaidh cistiúcháin).
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2 (nua)
2.   I gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, cuirfidh an Coimisiún ‘Grúpa um Idirphlé Sibhialta’ ar bun arb é is aidhm dó idirphlé rialta, oscailte agus trédhearcach a áirithiú le tairbhithe an Chláir agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun taithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus chun forbairtí beartais laistigh de réimsí na gcuspóirí a chuimsíonn an Chláir agus réimsí gaolmhara a phlé.
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 a (nua)
Airteagal 9 a
Gníomhaíochtaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin
Cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir atá leagtha amach in Airteagal 2, déanfar iad go háirithe, ach ní go heisiach, trí thacú leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(a)   feasacht a ardú, oideachas poiblí, cur chun cinn agus scaipeadh faisnéise chun feabhas a chur ar eolas faoi na beartais, na prionsabail agus na cearta sna réimsí arna gcumhdach leis an gClár;
(b)   foghlaim fhrithpháirteach trí dhea-chleachtais a mhalartú i measc páirtithe leasmhara chun eolas agus tuiscint fhrithpháirteach agus rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach a fheabhsú;
(c)   gníomhaíochtaí faireacháin, gníomhaíochtaí tuairiscithe agus abhcóideachta chun feabhas a chur ar an tuiscint ar an staid sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár agus chun feabhas a chur ar thrasuí cuí agus ar chur chun feidhme dhlí an Aontais, ar bheartais agus ar chomhluachanna an Aontais laistigh de na Ballstáit; áireofar ar ghníomhaíochtaí den sórt sin bailiú sonraí agus staidrimh mar shampla; modheolaíochtaí comhchoiteanna agus, de réir mar is cuí, táscairí nó tagarmharcanna a fhorbairt; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais.
(d)   oiliúint a chur ar gheallsealbhóirí ábhartha chun feabhas a chur ar a gcuid eolais ar na beartais agus ar na cearta sna réimsí arna gcumhdach faoin gClár agus neartú a dhéanamh ar neamhspleáchas na ngeallsealbhóirí ábhartha agus a gcumas chun tacú leis na beartais agus leis na cearta sna réimsí arna gcumhdach faoin gClár, lena n-áirítear trí dhlíthíocht straitéiseach;
(e)   feasacht agus tuiscint i measc an phobail a chur chun cinn maidir leis na rioscaí, na rialacha, na coimircí agus na cearta a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, le príobháideachas, agus le slándáil dhigiteach;
(f)   feasacht na saoránach a neartú maidir le bunluachanna Eorpacha agus a ngealltanas maidir leis an gceartas, an comhionannas, an smacht reacht chomh maith lena gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as saoránacht an Aontais, amhail an ceart chun taisteal, an ceart chun obair a dhéanamh, an ceart chun staidéir agus an ceart chun cónaí i mBallstát eile, trí fheachtais faisnéise agus trí thuiscint fhrithphairteach, idirphlé idirchultúrtha agus meas ar an éagsúlacht laistigh den Aontas a chur chun cinn.
(g)   feasacht i measc saoránach, go háirithe i measc daoine óga, a neartú maidir le cultúr na hEorpa, oidhreacht, féiniúlacht, stair agus cuimhneachán cultúrtha, agus a mothú muintearais san Aontas a threisiú, go háirithe trí thionscnaimh lena machnaítear ar chúiseanna réimis an ollsmachtachais i nua-stair na hEorpa agus chun íospartaigh na gcoireanna sin a chomóradh mar aon leis na éagóracha a rinneadh agus gníomhaíochtaí a bhaineann le himeachtaí cinniúnacha eile i nua-stair na hEorpa;
(h)   saoránaigh ar de bhunadh náisiúin agus cultúir éagsúla iad a thabhairt le chéile trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nasctha bailte agus i dtionscadail na sochaí sibhialta ar mhionscála, agus dá bhrí sin cruthaítear coinníollacha le haghaidh cur chuige ó bhun aníos níos láidre.
(i)   rannpháirtíocht ghníomhach agus chuimsitheach a spreagadh agus a éascú, le haird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí imeallaithe na sochaí, i dtógáil Aontais níos daonlathaí, chomh maith le feasacht a ardú agus cearta bunúsacha, cearta agus luachanna a chur chun cinn agus a chosaint trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a chumhdaítear leis an gClár ar gach leibhéal, mar aon le hacmhainn eagraíochtaí Eorpacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fhorbairt chun rannchuidiú le forbairt, le múscailt feasachta agus le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais, spriocanna beartais, luachanna agus straitéisí;
(j)   maoiniú don tacaíocht theicniúil agus eagrúcháin chun Rialachán [(AE) Uimh. 211/2011] a chur chun feidhme, ionas go gcuirtear bonn faoi fheidhmiú a gceart ag saoránaigh chun tionscnaimh Eorpacha ó shaoránaigh a sheoladh agus tacú leo;
(k)   feabhas a chur ar an eolas maidir leis an gClár chomh maith le scaipeadh agus inaistritheacht thorthaí an Chláir trí obair for-rochtana i ndáil le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta a chothú, lena n-áirítear trí phointí teagmhála neamhspleácha um an gClár a chur ar bhun agus tacaíocht a thabhairt dóibh;
(l)  neartú a dhéanamh ar chumas agus ar neamhspleáchas lucht cosantóirí chearta an duine agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann faireachán ar staid an smachta reachta agus tacaíocht a thabhairt do bhearta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal trasnáisiúnta;
(m)   tacú le cosaint sceithirí, lena n-áirítear tionscnaimh agus bearta chun bealaí sábháilte a bhunú chun tuairisciú a dhéanamh laistigh d’eagraíochtaí agus chuig údaráis phoiblí nó chuig comhlachtaí ábhartha eile, chomh maith le bearta chun sceithirí a chosaint ar dhífhostú, ar ísliú céime nó ar chineálacha eile frithbheartaíochta, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus oiliúint a chur ar fáil d’údaráis phoiblí agus do gheallsealbhóirí ábhartha;
(n)   tacú le tionscnaimh agus bearta chun saoirse agus iolrachas na meán a chur chun cinn agus a chosaint agus acmhainn a fhorbairt do na dúshláin nua, amhail na meáin nua, agus an fhuathchaint chomh maith le mífhaisnéis spriocdhírithe a chomhrac trí fheasacht a ardú, oiliúint, staidéir agus gníomhaíochtaí faireacháin;
(o)   tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i dtaca le sláine, trédhearcacht agus cuntasacht an riaracháin phoiblí agus na n-údarás poiblí a chur chun cinn agus/nó faireachán a dhéanamh orthu agus in éilliú a chomhrac,
(p)   tacú le heagraíochtaí a chabhraíonn le híospartaigh an fhoréigin agus daoine faoi bhagairt a chosaint agus a chuireann áit chónaithe ar fáil dó, lena n-áirítear i ndídean do mhná.
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.  Tabharfar agus bainisteofar deontais faoin gClár i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais.
1.  Déanfar deontais faoin gClár a dhámhachtain agus a bhainistiú i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais agus áireofar orthu deontais ghníomhaíochta, deontais oibriúcháin ilbhliantúla agus fodheontais.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2
2.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha.
2.  Féadfaidh an coiste meastóireachta a bheith comhdhéanta de shaineolaithe seachtracha. Déanfar cothromaíocht inscne a áirithiú le comhdhéanamh an choiste meastóireachta.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1
1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna, agus seachnaítear foinsiú dúbailte Cistí trí fhoinsí an mhaoinithe a léiriú go soiléir do gach catagóir chaiteachais, i gcomhréir le prionsabal na bainistiíochta fónta airgeadais.
1.  Féadfaidh gníomhaíocht a fuair ranníocaíocht faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí faoi bhainistíocht chomhroinnte, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna, agus seachnaítear foinsiú dúbailte cistí trí fhoinsí an mhaoinithe a léiriú go soiléir do gach catagóir chaiteachais, i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais. [Ní rachaidh an cistiú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta agus féadfar an tacaíocht ó chláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro-rata].
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe a – fleasc 1
–  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach leis an mBallstát sin;
–  Ballstát nó tír nó críoch thar lear atá bainteach le Ballstát;
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe a – fleasc 2
—  tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár;
—  maidir le cuspóirí sonracha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 2(2), tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo;
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe b
(b)  aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;
(b)  aon eintiteas dlíthiúil neamhbhrabúsach a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3
3.  Féadfar deontas oibriúcháin a dhámhachtain gan glao ar thograí do (EQUINET) Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais chun caiteachas a bhaineann lena gclár oibre buan a íoc.
3.  Féadfar deontas oibriúcháin a dhámhachtain gan glao ar thograí do (EQUINET) Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais, faoi Airteagal 6(2)(a), chun caiteachas a bhaineann lena gclár oibre buan a íoc ar choinníoll go bhfuil measúnú tionchair inscne curtha i gcrích maidir lena gclár oibre.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – teideal
Clár oibre
Clár oibre agus tosaíochtaí ilbhliantúla
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
1.  Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár chun feidhme.
1.  Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear an Clár i gcrích.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
1a.  Cuirfidh an Coimisiún prionsabal na comhpháirtíochta i bhfeidhm nuair a bheidh a thosaíochtaí á gcinneadh aige faoin gClár agus déanfaidh sé foráil maidir le rannpháirtíocht chuimsitheach geallsealbhóirí i ndáil le pleanáil, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo agus ar a chláir oibre i gcomhréir le hAirteagal 15a.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2
2.  Glacfaidh an Coimisiún an clár oibre trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 19.
2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 16 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an gclár oibre iomchuí a bhunú.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
1.  Leagtar amach in Iarscríbhinn II na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn 2.
1.  Táscairí a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an chláir i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 2, déanfar iad, i gcás inarb infheidhme, a bhailiú agus beidh siad imdhealaithe de réir inscne. Tá an liosta táscairí leagtha amach in Iarscríbhinn II.
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit.
3.  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha is lú ualach tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus ar na Ballstáit. Chun na ceanglais maidir le tuairisciú a éascú, déanfaidh an Coimisiún formáidí so-úsáidte a chur ar fáil agus cláir insealbhaithe agus tacaíochta a sholáthar go háirithe d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ar eagraíochtaí iad nach bhféadfadh an fios feasa agus dóthain acmhainní agus foirne a bheith acu i gcónaí chun riachtanais tuairiscithe a chomhlíonadh.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
1.  Déanfar meastóireachtaí go tráthúil sa dóigh agus go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.
1.  Beidh na meastóireachtaí íogair ó thaobh inscne de ina mbeidh figiúirí atá imdhealaithe ó thaobh na hinscne de ar fáil iontu agus beidh caibidil shonrach le haghaidh gach sráithe iontu agus líon na ndaoine ar a ndearnadh tionchar, a n-aiseolas, agus a gcumhdach geografach á gcur san áireamh, agus cuirfear i gcrích iad go tráthúil sa chaoi go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta.
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2
2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Sa mheastóireacht mheántéarma cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachtaí ar thionchar fadtéarmach na gclár réamhtheachtacha (Cearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Eoraip ar son na Saoránach).
2.  Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Sa mheastóireacht eatramhach cuirfear san áireamh torthaí na meastóireachtaí ar thionchar fadtéarmach na gclár réamhtheachtacha (Cearta, Comhionannas agus Saoránacht agus an Eoraip ar son na Saoránach). Beidh meastóireacht eatramhach mar chuid den mheasúnú tionchair ar inscne chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá spriocanna um chomhionannas inscne an Chláir á ngnóthú, chun a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ag aon ghné den Chlár ar chomhionannas inscne agus chun moltaí a shainaithint maidir le conas is féidir glaonna ar thograí amach anseo agus cinntí maidir le deontais oibriúcháin a fhorbairt chun ceisteanna comhionannais inscne a chur chun cinn.
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.
4.  Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. Déanfaidh an Coimisiún an mheastóireacht a chur ar fáil don phobal agus déanfaidh sé inrochtana go héasca í trína foilsiú ar a shuíomh gréasáin.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 agus in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2027.
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 3
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 agus Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 4
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Déanfar cothromaíocht inscne a áirithiú i gcomhdhéanamh an ghrúpa saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo. Déanfaidh an Coimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar na doiciméid uile, lena n-áirítear na dréachtghníomhartha, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ag an am céanna le saineolaithe ó na Ballstáit ar bhealach tráthúil agus comhuaineach. I gcás ina measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle gur gá sin, féadfaidh siad araon saineolaithe a chur chuig cruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe chuig a mbeidh cuireadh faighte ag saineolaithe ó na Ballstáit. Chuige sin, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an sceideal do na míonna atá le teacht agus na cuirí do na cruinnithe saineolaithe uile.
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 5
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. Bunaithe ar Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, féadfaidh saoránaigh agus geallsealbhóirí eile tuairim a thabhairt ar an dréacht-téacs de ghníomh tarmligthe ar feadh tréimhse ceithre seachtaine. Rachfar i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún maidir leis an dréacht-téacs, bunaithe ar an taithí atá ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla agus údaráis réigiúnacha i dtaca le cur chun feidhme an Chláir.
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 6
6.  Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 14 i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6.  Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 nó Airteagal 14 i bhfeidhm mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.
1.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistiúcháin ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin (go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bhfógairt), le faisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach agus i bhfoirm atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal, agus, i gcás inarb iomchuí, do thairbhithe na ngníomhaíochtaí a cistíodh ar an mbealach sin agus do rannpháirtithe sa ghníomhaíochtaí, ar an gcaoi sin, breisluach AE a léiriú agus cuidiú le hiarrachtaí bailithe sonraí an Choimisiúin chun trédhearcacht bhuiséadach a fheabhsú.
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2
2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 2.
2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir.
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 a (nua)
Airteagal 18 a
Pointí Teagmhála an Chláir
Beidh pointe teagmhála náisiúnta neamhspleách i ngach Ballstát le foireann cháilithe a bhfuil de chúram uirthi, go háirithe, treoir neamhchlaonta, faisnéis phraiticiúil agus cúnamh maidir le gach gné den Chlár, lena n-áirítear maidir leis an nós imeachta iarratais a thabhairt do pháirtithe leasmhara agus do thairbhithe an Chláir.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19
Airteagal 19
scriosta
Nós imeachta coiste
1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
3.  Féadfaidh an coiste teacht le chéile i gcruinniú agus saghsanna sonracha eagair air, chun déileáil le sraitheanna ar leith den Chlár.
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn -I (nua)
Iarscríbhinn -I
Is mar seo a leanas a leithdháilfear cistí an Chláir atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 6(1):
(a)  Laistigh den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 6(2):
—  ar a laghad 15% ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear an cuspóir sonrach faoi phointe (aa) d’Airteagal 3 chun feidhme;
—  ar a laghad 40% ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear an cuspóirí sonracha faoi phointe (-a) d’Airteagal 5 chun feidhme; agus
—  ar a laghad 45% ar na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí sonracha faoi phointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal  3 agus pointe (a) agus pointe (b) d’Airteagal 5 chun feidhme;
(b)  Laistigh den mhéid dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 6(2):
—  15% ar na gníomhaíochtaí cuimhneacháin;
—  65% ar rannpháirtíocht dhaonlathach;
—  10% ar na gníomhaíochtaí cur chun cinn; agus
—  10% ar an riarachán.
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn I
Iarscríbhinn I
scriosta
Gníomhaíochtaí an Chláir
Saothrófar cuspóirí sonracha an Chláir dá dtagraítear in Airteagal 2(2) go háirithe trí thacaíocht do na gníomhaíochtaí a leanas:
(a)   múscailt feasachta, faisnéis a scaipeadh chun eolas a fheabhsú ar bheartais agus ar na cearta sna réimsí atá clúdaithe faoin gClár;
(b)   foghlaim fhrithpháirteach trí dhea-chleachtais a mhalartú i measc páirtithe leasmhara chun eolas agus tuiscint fhrithpháirteach agus rannpháirtíocht shibhialta agus dhaonlathach a fheabhsú;
(c)   gníomhaíochtaí anailíseacha agus faireacháin1 chun tuiscint ar chúrsaí sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais a fheabhsú i dtaobh na réimsí atá clúdaithe faoin gClár agus chun cur chun feidhme dhlí agus bheartais an Aontais a fheabhsú ;
(d)   oiliúint a chur ar na páirtithe leasmhara ábhartha chun feabhas ar chur ar a n-eolas ar na beartais agus na cearta sna réimsí atá cumhdaithe;
(e)   forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar uirlisí Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC);
(f)   feasacht saoránach faoi chultúr, stair agus cuimhneachán na hEorpa chomh maith le treisiú leis an muintearas a bhraitheann siad i leith an Aontais;
(g)   saoránaigh Eorpacha de náisiúntachtaí éagsúla a thabhairt le chéile trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí nasctha bailte;
(h)   rannpháirtíocht ghníomhach in Aontas níos daonlathaí chomh maith le feasacht maidir le cearta agus luachanna a spreagadh agus a éascú trí thacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta
(i)   maoiniú don tacaíocht theicniúil agus eagrúcháin chun Rialachán [(AE) Uimh. 211/2011] a chur chun feidhme, ionas go gcuirtear bonn faoi fheidhmiú a gceart ag saoránaigh chun tionscnaimh Eorpacha ó shaoránaigh a sheoladh agus tacú leo;
(j)   cumas líonraí Eorpacha a fhorbairt chun dlí, spriocanna beartais agus straitéisí an Aontais a chur chun cinn agus a fhorbairt a thuilleadh agus tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach sna réimsí a thagann faoi scáth an Chláir.
(k)   cur leis an eolas ar an gclár agus le scaipeadh agus le hin-aistritheacht thorthaí an chláir agus forchaidreamh leis an saoránach a chothú, lena n-áirítear deasca cláir/líonra teagmhála náisiúnta a chur ar bun agus tacú leo.
1 Áirítear, mar shampla, leis na gníomhaíochtaí sin bailiú sonraí agus staitisticí; modheolaíochtaí comhchoiteanna agus, de réir mar is cuí, táscairí nó tagarmharcanna a fhorbairt; staidéir, taighde, anailísí agus suirbhéanna; meastóireachtaí; measúnú tionchair; ullmhú agus foilsiú treoirleabhar, tuarascálacha agus ábhair oideachais.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – pointe 1 – an chuid réamhráiteach
Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn tacar táscairí atá ceaptha chun tomhas a dhéanamh ar a mhéid agus a baineadh amach cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, agus d’fhonn an t-ualach agus na costais riaracháin a íoslaghdú. Chuige sin, baileofar na sonraí i gcomhréir leis an tacar príomhtháscairí a leanas:
Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn tacar táscairí toraidh atá ceaptha chun tomhas a dhéanamh ar a mhéid agus a baineadh amach cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, agus d’fhonn an t-ualach agus na costais riaracháin a íoslaghdú. I gcás inar féidir, tá na táscairí le miondealú de réir aoise, inscne agus de réir aon sonraí inbhailithe eile, amhail eitneacht, míchumas agus féiniúlacht inscne. Chuige sin, baileofar na sonraí i gcomhréir leis an tacar príomhtháscairí a leanas:
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 1 – tábla
Líon na ndaoine ar a ndearnadh tionchar trí:
Líon na ndaoine, imdhealaithe de réir inscne agus aoise, a thairbhigh de na gníomhaíochtaí seo a leanas:
(i)  gníomhaíochtaí oiliúna;
(i)  gníomhaíochtaí oiliúna;
(ii)  (ii) gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí agus malartaithe dea-chleachtas;
(ii)  (ii) gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí agus malartaithe dea-chleachtas;
(iii)  gníomhaíochtaí maidir le hardú feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise.
(iii)  gníomhaíochtaí maidir le hardú feasachta, le faisnéis agus le scaipeadh na faisnéise.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 1 – ró 1 a (nua)
Ina theannta sin, foilseoidh an Coimisiún na táscairí aschuir seo a leanas gach bliain:
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 1 – ró 1 b (nua)
Líon na n-iarratas agus líon na ngníomhaíochtaí arna gcistiú in aghaidh an liosta in Airteagal 9(1) agus in aghaidh na sraithe
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – mír 1 – ró 1 c (nua)
Leibhéal cistiúcháin arna iarraidh ag iarratasóirí agus arna dheonú in aghaidh an liosta in Airteagal 9(1) agus in aghaidh na sraithe
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – tábla – ró 6
Líon na líonraí agus na dtionscnamh trasnáisiúnta ina ndírítear ar chuimhne agus ar oidhreacht Eorpach mar thoradh ar idirghabháil an chláir
Líon na líonraí agus na dtionscnamh trasnáisiúnta ina ndírítear ar chuimhneachán, ar oidhreacht agus ar idirphlé sibhialta na hEorpa mar thoradh ar idirghabháil an chláir
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn II – tábla – ró 6 a (nua)
Dáileadh geografach na dtionscadal

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0468/2018).

Fógra dlíthiúil