Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0224(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0198/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0198/2018

Díospóireachtaí :

PV 13/02/2019 - 21
CRE 13/02/2019 - 21

Vótaí :

PV 14/02/2019 - 10.7

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0121

Téacsanna atá glactha
PDF 122kWORD 52k
Déardaoin, 14 Feabhra 2019 - Strasbourg
Creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh ***I
P8_TA(2019)0121A8-0198/2018
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas Eorpach a scagadh (COM(2017)0487 – C8‑0309/2017 – 2017/0224(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0487),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0309/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 23 Márta 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8‑0198/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1)IO C 262, 25.7.2018, lch. 94.
(2)IO C 247, 13.7.2018, lch. 28.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh
P8_TC1-COD(2017)0224

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/452.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚN

Tar éis dó iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, cuireann an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas roimhe:

—  na foirmeacha caighdeánaithe a ullmhóidh an Coimisiún Eorpach a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa chun a éascú do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí tuairiscithe bliantúla a chomhlíonadh faoi Airteagal 5 den Rialachán a luaithe a bheidh na foirmeacha sin tugtha chun críche, agus

—  na foirmeacha caighdeánaithe sin a chomhroinnt le Parlaimint na hEorpa gach bliain, agus san am céanna an tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den Rialachán.

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais