Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0226(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0276/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0276/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 13/03/2019 - 19.6

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0194

Téacsanna atá glactha
PDF 217kWORD 80k
Dé Céadaoin, 13 Márta 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac ***I
P8_TA-PROV(2019)0194A8-0276/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle (COM(2017)0489 – C8-0311/2017 – 2017/0226(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0489),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0311/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí a thíolaic Teach Ionadaithe na Seice, Seanad na Seice agus Parlaimint na Spáinne maidir leis an dréachtghníomh reachtach,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2019(1).

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0276/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach é anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó téacs eile a chur ina ionad nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 197, 8.6.2018, lch. 24.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac agus a chuirtear in ionad Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle
P8_TC1-COD(2017)0226

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is bagairtí don tslándáil iad calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid mar is foinse ioncaim iad do ghrúpaí coireachta eagraithe agus fágann siad, dá bhrí sin, gur féidir dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla eile amhail sceimhlitheoireacht, an gháinneáil ar dhrugaí agus an gháinneáil ar dhaoine.

(2)  Ina theannta sin, is bac ar an margadh aonair digiteach iad calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid toisc go laghdaíonn siad an mhuinín a bhíonn ag tomhaltóirí as an margadh sin agus gur cúis dhíreach le caillteanas eacnamaíoch iad.

(3)  Is gá Cinneadh Réime 2001/413/CGB(3) ón gComhairle a thabhairt cothrom le dáta agus a chomhlánú chun forálacha breise maidir le cionta a chur san áireamh, go háirithe maidir le calaois a bhaineann le ríomhairí, agus le pionóis, le cosc agus le cúnamh a thabhairt d'íospartaigh agus le comhar trasteorann.

(4)  D'fhéadfadh bearnaí móra i ndlíthe na mBallstát, agus difríochtaí móra eatarthu i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid bac a chur ar chosc, ar bhrath agus ar ghearradh pionóis maidir leis na cineálacha sin coireachta agus maidir le coireanna tromchúiseacha agus coireanna eagraithe eile atá bainteach léi agus ar féidir dul ina mbun dá barr, agus ▌ bheadh comhar póilíneachta agus breithiúnach níos casta, agus dá réir sin laghdaítear éifeacht an chomhair sin, rud a d'fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an tslándáil.

(5)  Tá gné fíorthábhachtach thrasteorann i gceist i gcalaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid de thoradh méadú ar an ngné dhigiteach, rud a léiríonn an géarghá le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun an reachtaíocht choiriúil i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhfhogasú.

(6)  Le blianta beaga anuas, ní hamháin gur tháinig méadú as cuimse ar an ngeilleagar digiteach, ach chonacthas borradh faoin nuálaíocht freisin in iliomad réimsí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí íocaíochtaí. Is é atá i gceist le teicneolaíochtaí íocaíochtaí nua ná go n-úsáidtear cineálacha nua ionstraimí íocaíochta, agus, cé go gcruthaíonn sé sin deiseanna nua do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, cruthaíonn sé deiseanna nua dul i mbun calaoise freisin. Dá réir sin, ba cheart don chreat dlí a bheith ábhartha agus cothrom le dáta i gcónaí i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíochta sin, ar bhonn cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de.

(7)  Ní hamháin go mbaintear úsáid as calaois chun grúpaí coiriúla a chistiú, ach cuireann sí srian freisin le forbairt an mhargaidh aonair dhigitigh agus fágann sí go bhfuil drogall níos mó ar shaoránaigh earraí a cheannach ar líne.

(8)  Tá tábhacht ar leith le sainmhínithe comhchoiteanna i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhsheasmhach ag na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo agus chun malartú faisnéise agus comhar idir údaráis inniúla a éascú. Ba cheart cineálacha nua ionstraimí íocaíochta neamhairgid lena gceadaítear aistriú airgid leictreonaigh agus airgeadraí fíorúla a bheith chumhdaithe sna sainmhínithe sin. Ba cheart a aithint sa sainmhíniú ar ionstraimí íocaíochta neamhairgid go d'fhéadfadh roinnt gnéithe gníomhú le chéile a áireamh, amhail feidhmchlár íocaíochta móibíleach agus údarú a chomhfhreagraíonn dó (e.g. pasfhocal). Sa Treoir seo, i gcás ina ndéantar tagairt d'ionstraim íocaíochta neamhairgid, ba cheart a thuiscint go gcuireann an ionstraim sin ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead nó luach airgeadúil a aistriú nó ordú íocaíochta a thionscnamh. Mar shampla, níor cheart fáil neamhdhleathach ar fheidhmchlár íocaíochta móibíleach gan an t-údarú riachtanach a mheas mar fháil neamhdhleathach ar ionstraim íocaíochta neamhairgid toisc nach gcuireann sé ar chumas an úsáideora airgead ná luach airgeadúil a aistriú.

(9)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo maidir le hionstraimí íocaíochta neamhairgid amháin a mhéid a bhaineann le feidhm íocaíochta na hionstraime.

(10)  Ba cheart airgeadraí fíorúla a chumhdach leis an Treoir seo ach a mhéid is féidir iad a úsáid de ghnáth chun íocaíochtaí a dhéanamh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú, ina ndlí náisiúnta, go mbeidh an leibhéal céanna cosanta ag airgeadraí de chineál fíorúil arna eisiúint ag bainc cheannais nó ag údaráis phoiblí na mBallstát i gcoinne cionta calaoiseacha agus a mbeidh ag modhanna íocaíochta neamhairgid i gcoitinne. Ba cheart sparáin dhigiteacha lena gceadaítear airgeadraí fíorúla a aistriú a bheith chumhdaithe leis an Treoir seo a mhéid chéanna le hionstraimí íocaíochta neamhairgid. Leis an sainmhíniú ar an téarma 'modhanna malairte digiteacha', ba cheart a aithint go bhféadfaidh sparáin dhigiteacha atá ceaptha le haghaidh airgeadraí fíorúla a aistriú gnéithe d'ionstraim íocaíochta a chur ar fáil, ach ba cheart a aithint nach gá go gcuireann siad na gnéithe sin ar fáil, agus níor cheart leathnú a dhéanamh ar an sainmhíniú ar ionstraim íocaíochta.

(11)  Maidir le bréagshonraisc a sheoladh ar féidir dintiúir íocaíochta a bhaint astu, ba cheart iad a mheas mar iarracht ar dhílsiú neamhdhleathach faoi raon feidhme na Treorach seo.

(12)  Trí, go príomha, ionstraimí íocaíochta a dtugtar cineálacha speisialta cosanta dóibh ar aithris agus ar mhí-úsáid a chosaint leis an dlí coiriúil, tá sé i gceist oibreoirí a spreagadh le cineálacha speisialta cosanta a thabhairt d'ionstraimí íocaíochta a eisíonn siad.

(13)  Is den riachtanas iad bearta dlí coiriúla atá éifeachtach agus éifeachtúil chun modhanna íocaíochta neamhairgid a chosaint ar chalaois agus ar ghóchumadh. Is gá, go háirithe, cur chuige comhchoiteann ó thaobh an dlí chóiriúil a bheith ann maidir leis na heilimintí a chomhdhéanann an t-iompar coiriúil, eilimintí a chuirfidh leis an úsáid iarbhír chalaoiseach a bhaintear as modhanna íocaíochta neamhairgid nó a réiteoidh an bealach le haghaidh na húsáide sin. Ba cheart, ar an ábhar sin, iompraíocht choiriúil ar leithligh a dhéanamh as iompar amhail bailiú agus sealbhú ionstraimí íocaíochta chun críocha calaoise, amhail trí fhioscaireacht ▌, trí scimeáil nó úsáideoirí seirbhíse íocaíochta a threorú nó a atreorú chuig bréagshuíomhanna gréasáin, agus dáileadh na n-ionstraimí sin, trí fhaisnéis cárta creidmheasa a dhíol ar an idirlíon, cuir i gcás, gan aon ghá leis an úsáid iarbhír chalaoiseach a bhaintear as modhanna íocaíochta neamhairgid. Ba cheart, dá bhrí sin, a chumhdach le hiompar coiriúil den sórt sin imthosca nuair nach gá go dtiocfadh úsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta de shealbhú, de sholáthar nó de dháileadh na n-ionstraimí íocaíochta sin ▌. I gcás ina ndéantar coir as sealbhú nó as coinneáil leis an Treoir seo, áfach, níor cheart coir a dhéanamh as neamhghníomh amháin. Leis an Treoir seo, níor cheart pionós a ghearradh ar úsáid dhleathach ionstraime íocaíochta, lena n-áirítear soláthar seirbhísí íocaíochta nuálacha agus maidir leis an soláthar sin, amhail seirbhísí ar gnách le cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais iad a fhorbairt.

(14)  Maidir leis na cionta coiriúla dá dtagraítear sa Treoir seo, tá feidhm ag coincheap na hintinne maidir leis na heilimintí uile de na cionta coiriúla sin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. D'fhéadfadh cineál intinniúil gnímh, chomh maith leis an eolas nó an cuspóir is gá mar eilimint de chion coiriúil, a bheith infeirithe ó imthosca fíorasacha oibiachtúla. Níor cheart na cionta coiriúla sin nach n-éilíonn rún a chumhdach faoin Treoir seo.

(15)  Déantar tagairt sa Treoir seo d'fhoirmeacha traidisiúnta iompair amhail calaois, brionnú, goid agus leithreasú neamhdhleathach atá múnlaithe cheana ag an dlí náisiúnta roimh ré an digitithe. Dá bhrí sin, i dtaca le raon feidhme leathnaithe na Treorach seo maidir le hionstraimí íocaíochta neamhchorpracha, is gá foirmeacha iompair comhionanna a shainmhíniú sa timpeallacht dhigiteach, lena ndéantar Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) a chomhlánú agus a threisiú. Ba cheart é a bheith ina chion coiriúil ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fháil go neamhdhleathach, ar a laghad nuair a bhaineann sé le ceann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 de Threoir 2013/40/AE, nó le hionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a mhíleithreasú. Ba cheart 'míleithreasú' a thuiscint mar ghníomh an duine, dá dtugtar ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid, a úsáideann an ionstraim go feasach gan cead chun a thairbhe féin nó a tairbhe féin, nó chun tairbhe duine eile. Ba cheart soláthar ionstraim den sórt sin a fhaightear go neamhdhleathach chun mí-úsáid chalaoiseach a bheith inphionóis, gan é a bheith riachtanach gnéithe fíorasacha uile na fála neamhdhleathaí a shuí, agus gan trácht ar chiontú roimhe sin nó ciontú comhuaineach a bheith ag teastáil don chion preideacáide as a d'eascair an fháil neamhdhleathach.

(16)  Leis an Treoir seo, déantar tagairt freisin d'uirlisí a d'fhéadfadh a úsáid chun na cionta a dhéanamh. I bhfianaise an ghá leis an gcoiriúlú a sheachaint i gcás ina ndéantar uirlisí den sórt sin a tháirgeadh agus ina gcuirtear ar an margadh chun críocha dlisteanacha iad, agus, cé go bhféadfaí iad a úsáid uaireanta chun cion a dhéanamh, agus mar sin nach bagairt iad iontu féin, ba cheart srian a chur ar coiriúlú i ndáil le huirlisí a dhéantar a dhearadh nó a oiriúnú go sonrach chun críocha na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a dhéanamh.

(17)  Ba cheart na smachtbhannaí agus na pionóis maidir le calaois agus le góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach ar fud an Aontais. Ní dochar an Treoir seo d'indibhidiúlú agus do chur i bhfeidhm pionós agus d'fhorghníomhú pianbhreitheanna i gcomhréir le himthosca an cháis agus le rialacha ginearálta an dlí choiriúil náisiúnta.

(18)  Ós rud é go bhforáiltear leis an Treoir seo do rialacha íosta, tá cead ag na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil ina ndlí coiriúil féin maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid, lena n-áirítear sainmhíniú níos leithne ar chionta.

(19)  Is iomchuí foráil a dhéanamh do phionóis níos déine i gcás ina ndéantar an cion faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, mar a shainmhínítear i gCinneadh Réime 2008/841/CGB(5) ón gComhairle. Níor cheart é a bheith d'oibleagáid ar na Ballstáit foráil a dhéanamh d'imthosca géaraitheacha sonracha i gcás ina ndéantar foráil leis an dlí náisiúnta do chionta coiriúla ar leith agus d'fhéadfadh sé go dtiocfadh smachtbhannaí níos déine as sin. I gcás ina ndearna an duine céanna cion dá dtagraítear sa Treoir seo i gcomhar le cion eile dá dtagraítear sa Treoir seo, agus i gcás inar gné riachtanach de facto ceann amháin de na cionta sin den chion eile, féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabail ghinearálta an dlí náisiúnta, go ndéanfar iompar den sórt sin a mheas mar imthoisc ghéaraitheach ar an bpríomhchion.

(20)  Ba cheart a áirithiú le rialacha dlínse go ndéantar na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a ionchúiseamh go héifeachtach. Is fearr, de ghnáth, don chóras dlí choiriúil sa tír inar tharla na cionta déileáil leo. Ba cheart do gach Ballstát dlínse a shuí, dá bhrí sin, ar chionta a rinneadh ina chríoch féin agus ar chionta a rinne náisiúnaigh dá chuid. Féadfaidh na Ballstáit dlínse a shuí ar chionta is cúis le damáiste ina gcríoch. Moltar go láidir dóibh déanamh amhlaidh.

(21)  Agus na hoibleagáidí faoi Chinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle(6) agus faoi Chinneadh 2002/187/CGB ón gComhairle(7) á dtabhairt chun cuimhne, i gcásanna ina bhfuil coinbhleachtaí dlínse ann, moltar do na húdaráis inniúla úsáid a bhaint as an bhféidearthacht comhairliúcháin dhíreacha a dhéanamh le cúnamh ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust).

(22)  I bhfianaise an ghá le huirlisí speisialta chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a imscrúdú go héifeachtach, agus a ábhartha atá siad maidir le comhar idirnáisiúnta éifeachtach idir údaráis náisiúnta, ba cheart uirlisí imscrúdaitheacha a úsáidtear go hiondúil le haghaidh cásanna a bhaineann le coireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach eile a bheith ar fáil i ngach Ballstát chun cionta den sórt sin a imscrúdú ▌, más rud é go bhfuil agus sa mhéid atá úsáid na n-uirlisí sin iomchuí agus ar cóimhéid le cineál agus tromchúis a gcionta mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta. Ina theannta sin, ba cheart rochtain thráthúil ar fhaisnéis ábhartha a bheith ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis inniúla eile chun na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Moltar do na Ballstáit acmhainní daonna agus airgeadais leormhaithe a leithdháileadh ar na húdaráis inniúla chun na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a imscrúdú agus a ionchúiseamh mar is cuí.

(23)  Ba cheart an chumhacht a thabhairt do na húdaráis náisiúnta, a bhfuil na cionta sin dá dtagraítear sa Treoir seo á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh acu, dul i gcomhar le húdaráis náisiúnta eile laistigh den Bhallstát céanna agus lena gcontrapháirtithe i mBallstáit eile.

(24)  Is minic, áfach, a bhíonn gníomhaíochtaí coiriúla mar bhonn le teagmhais ar cheart a chur in iúl do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha faoi Threoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). I gcás teagmhais den sórt sin, féadfaidh amhras a bheith ann gur de chineál cóiriúil iad fiú mura bhfuil dóthain fianaise go bhfuil cion cóiriúil i gceist ag an gcéim sin. I gcomhthéacs den sórt sin, ba cheart oibreoirí ábhartha seirbhísí riachtanacha agus soláthraithe ábhartha seirbhísí digiteacha a spreagadh chun na tuarascálacha is gá faoi Threoir (AE) 2016/1148 a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí chun freagairt éifeachtach agus chuimsitheach a chur le chéile agus chun gur fusa cionta a leagan ar dhéantóirí na coire agus iad a thabhairt chun cuntais. Is gá, go háirithe, teagmhais de chineál coiriúil tromchúiseach a bhfuil amhras fúthu a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe dlí ar bhealach córasach chun timpeallacht atá slán, sábháilte agus níos stóinsithe a chur chun cinn. Ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, ba cheart foirne freagartha do theagmhais a bhaineann le slándáil ríomhairí atá ainmnithe faoi Threoir (AE) 2016/1148 a bheith rannpháirteach in imscrúduithe forfheidhmithe dlí d'fhonn faisnéis a sholáthar, de réir mar is iomchuí ar an leibhéal náisiúnta agus, chomh maith leis sin, d'fhonn saineolas maidir le córais faisnéise a sholáthar.

(25)  D'fhéadfadh bunús coiriúil a bheith le mórtheagmhais slándála dá dtagraítear in Airteagal 96 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9). I gcás inarb ábhartha, ba cheart soláthraithe seirbhísí íocaíochta a spreagadh chun na tuarascálacha is gá dóibh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ina mBallstát baile faoi Threoir (AE) 2015/2366 a roinnt le húdaráis forfheidhmithe dlí.

(26)  Tá roinnt ionstraimí agus sásraí ar fáil ar leibhéal an Aontais lenar féidir faisnéis a mhalartú idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit chun críche coireanna a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chun an comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí a éascú agus chun dlús a chur leis agus chun a áirithiú go mbainfear an úsáid is mó agus is féidir as na hionstraimí agus as na sásraí sin, ba cheart go neartófaí leis an Treoir seo tábhacht na bpointí teagmhála oibríochtúla a bunaíodh le Cinneadh Réime 2001/413/CGB. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh úsáid a bhaint as an líonra de phointí teagmhála oibríochtúla atá ann cheana, amhail an líonra a cuireadh ar bun le Treoir 2013/40/AE . Ba cheart do na pointí teagmhála cúnamh éifeachtach a chur ar fáil, amhail lena n-éascaítear faisnéis ábhartha a mhalartú nó comhairle theicniúil nó faisnéis dhlíthiúil a sholáthar. Chun oibriú rianúil an líonra a áirithiú, ba cheart do gach pointe teagmhála a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go mear le pointe teagmhála i mBallstáit eile. I bhfianaise gné thrasteorann thábhachtach na gcoireanna atá cumhdaithe leis an Treoir seo, agus go háirithe cineál luaineach na fianaise leictreonaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann déileáil go pras le hiarrataí práinneacha ón líonra sin de agus aiseolas a chur ar fáil faoi cheann ocht n-uair an chloig. I gcásanna an-phráinneach agus an-tromchúiseach, ba cheart do na Ballstáit Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) a chur ar an eolas.

(27)  Tá sé ríthábhachtach coireanna a thuairisciú do na húdaráis phoiblí gan moill mhíchuí chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac toisc gurb é an choir féin de ghnáth túsphointe na n-imscrúduithe coiriúla. Ba cheart bearta a dhéanamh chun daoine nádúrtha agus dlítheanacha, go háirithe institiúidí airgeadais, a spreagadh le coireanna a thuairisciú d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'údaráis bhreithiúnacha. Féadfaidh na bearta sin a bheith bunaithe ar chineálacha éagsúla gníomhaíochta, lena n-áirítear gníomhartha reachtacha ina bhfuil oibleagáidí cásanna ina bhfuil amhras ann go ndearnadh calaois a thuairisciú, nó gníomhaíochtaí neamhreachtacha, amhail eagraíochtaí nó sásraí lena gcuirfear malartú faisnéise, nó múscailt feasachta, chun cinn a chur ar bun nó tacú leo. Ba cheart go ndéanfaí aon bheart den sórt sin maidir le sonraí pearsanta daoine nádúrtha a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10). Ba cheart, go háirithe, aon tarchur faisnéise chun críche cionta maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chosc agus a chomhrac a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin, go háirithe na forais dhleathacha phróiseála go mór.

(28)  Chun tuairisciú pras agus díreach coireanna a éascú, ba cheart don Choimisiún a mheas go cúramach an ndearna na Ballstáit córas tuairiscithe calaoise ar líne atá éifeachtach a bhunú, agus an bhfuil teimpléid chaighdeánaithe tuairiscithe ann ar leibhéal an Aontais. A bhuí le córais den sórt sin d'fhéadfaí tuairisciú ar chalaois neamhairgid a éascú, ar minic gur ar líne a dhéantar an chalaois sin, rud a threiseodh an tacaíocht d'íospartaigh, sainaithint agus anailís bhagairtí na cibearchoireachta agus obair agus comhar trasteorann na n-údarás inniúil náisiúnta.

(29)  Is minic gur de chineál trasteorann a bhíonn na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo. Dá bhrí sin, ní mór go ndéanfaí dlúthchomhar idir na Ballstáit chun dul i ngleic leis na cionta sin. Moltar do na Ballstáit feidhmiú éifeachtach ionstraimí comhaitheantais agus ionstraimí cúnaimh dhlíthiúil a áirithiú a mhéid is iomchuí maidir leis na cionta a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(30)  Tá tábhacht ar leith ag baint le gach cineál calaoise agus góchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear na cineálacha sin lena mbaineann suimeanna beaga airgid, chun an feiniméan sin a chomhrac go héifeachtach. Is bealaí chun gníomhaíochtaí calaoiseacha a bhrath iad oibleagáidí tuairiscithe, malartú faisnéise agus tuarascálacha staidrimh, go háirithe gníomhaíochtaí comhchosúla lena mbaineann suimeanna beaga airgid nuair a bhreathnaítear orthu ceann ar cheann iad.

(31)  D'fhéadfadh calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid tionchar mór eacnamaíoch agus neamheacnamaíoch a imirt ar na híospartaigh lena mbaineann. I gcás ina mbaineann, amhail, goid aitheantais leis an gcalaois, is minic gur measa tionchar na calaoise sin mar gheall ar an damáiste do chlú an duine agus dá shaol gairmiúil, an damáiste do rátáil chreidmheasa an duine agus mar gheall ar an mórdhíobháil mhothúchánach chomh maith. Ba cheart do na Ballstáit bearta cúnaimh, tacaíochta agus cosanta a ghlacadh arb é is aidhm leo na hiarmhairtí sin a mhaolú.

(32)  Is minic go dtógann sé tréimhse fhada ama sular fhaigheann íospartaigh amach go bhfuil siad thíos le cionta calaoise nó cionta góchumtha a rinneadh orthu. D'fhéadfadh fáinne fí de choireanna idirnasctha a theacht chun cinn i rith an ama sin, rud a dhéanfadh na hiarmhairtí diúltacha níos measa fós do na híospartaigh.

(33)  Tugtar cearta faoi Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) do dhaoine nádúrtha ar íospartaigh calaoise a bhaineann le modhanna íocaíochta neamhairgid iad. Ba cheart do na Ballstáit bearta tacaíochta agus cúnaimh a ghlacadh i leith na n-íospartach sin, bearta a chuirfidh leis na bearta atá ceangailte leis an Treoir sin ach lena bhfreagrófar ar bhealach níos dírí do riachtanais shonracha íospartaigh na calaoise a bhaineann le goid aitheantais. Ba cheart, go háirithe, na bearta sin soláthar liosta d'institiúidí tiomnaithe lena gcumhdaítear gnéithe difriúla den choireacht a bhaineann le haitheantas agus le tacaíocht d'íospartaigh, tacaíocht síceolaíochta speisialaithe agus comhairle i dtaca le cúrsaí airgeadais, cúrsaí praiticiúla agus cúrsaí dlíthiúla, mar aon le cúnamh chun teacht ar chúiteamh atá ar fáil, a chur san áireamh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun uirlis faisnéise náisiúnta aonair ar líne a bhunú chun an rochtain ar chúnamh agus ar thacaíocht a éascú d'íospartaigh. Ina theannta sin, ba cheart faisnéis agus comhairle shonrach a chur ar fáil do dhaoine dlítheanacha i dtaca le cosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na coireachta sin.

(34)  Leis an Treoir seo, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh an ceart ag daoine dlítheanacha rochtain a bheith acu ar fhaisnéis i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir leis na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh. Is gá, go háirithe, an ceart sin a bheith ag fiontair bheaga agus mheánmhéide agus ba cheart cabhrú le dálaí atá níos fabhraí do lucht gnó a chruthú le haghaidh na bhfiontar sin. Is tairbhe é an ceart sin atá ag daoine nádúrtha cheana féin faoi Threoir 2012/29/AE.

(35)  Ba cheart do na Ballstáit, le cúnamh ón gCoimisiún, beartais a bhunú nó a neartú chun calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chosc agus bearta a ghlacadh chun an baol go dtarlódh cion den sórt sin a laghdú , trí bhíthin feachtais faisnéise agus múscailte feasachta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do na Ballstáit buanuirlisí múscailte feasachta ar líne a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta, ar uirlisí iad ina bhfuil samplaí praiticiúla de chleachtais chalaoiseacha, i bhformáid atá éasca le tuiscint. D’fhéadfaí an uirlis sin a bheith nasctha leis an uirlis faisnéise náisiúnta aonair ar líne d'íospartaigh. D’fhéadfadh na Ballstáit cláir taighde agus oideachais a chur i bhfeidhm freisin. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar riachtanais agus leasanna daoine leochaileacha. Moltar do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cistiú leordhóthanach ar fáil d'fheachtais den sórt sin.

(36)  Is gá sonraí staidrimh a bhailiú maidir le calaois agus góchumadh ionstraimí íocaíochta neamhairgid. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas leordhóthanach i bhfeidhm chun sonraí staidrimh atá ann cheana maidir leis na cionta dá dtagraítear sa Treoir seo a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar.

(37)  Is é is aidhm don Treoir seo forálacha Chinneadh Réime 2001/413/CGB a leasú agus a leathnú. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ó thaobh a líon agus a gcineál araon, is iomchuí, ar mhaithe le breis soiléireachta, an Treoir seo a chur in ionad Chinneadh Réime 2001/413/CGB ina iomláine i dtaca leis na Ballstáit atá faoi cheangal na Treorach seo.

(38)  I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus gan dochar d'Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl an dá Bhallstát sin rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl siad faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(39)  I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na Treorach seo agus níl sí faoi cheangal aici ná faoi réir a cur i bhfeidhm.

(40)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon a áirithiú go mbeidh calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid faoi réir pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chomh maith le comhar trasteorann idir údaráis inniúla, agus idir daoine nádúrtha agus dlítheanacha agus údaráis inniúla, a fheabhsú agus a spreagadh, a ghnóthú go leordhóthanach, agus, de bharr a bhfairsinge nó a n‑éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(41)  Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an ceart chun saoirse agus slándála, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na neamhchiontachta agus an ceart chun cosaint a fháil, prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar aon leis an gceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Leis an Treoir seo, féachtar lena áirithiú go n-urramófar na cearta agus na prionsabail sin go hiomlán agus ba cheart í a chur chun feidhme dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha íosta maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí coiriúla a shainiú i réimsí na calaoise agus an ghóchumtha modhanna íocaíochta neamhairgid. Éascaíonn sí cionta den sórt sin a chosc, agus cabhair a sholáthar agus cúnamh a thabhairt d'íospartaigh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘ionstraim íocaíochta neamhairgid’ gléas, rud nó taifead neamhchorprach nó corprach atá cosanta, nó comhcheangal de na nithe sin, seachas airgead dlíthairgthe, lena gcuirtear, as féin nó i gcomhair le nós imeachta nó sraith de nósanna imeachta, ar chumas an tsealbhóra nó an úsáideora airgead nó luach airgeadúil a aistriú ▌, lena n-áirítear trí bhíthin modhanna malairte digiteacha;

(b)  ciallaíonn ‘gléas, rud nó taifead atá cosanta’ gléas, rud nó taifead atá cosanta i gcoinne aithrise nó úsáid chalaoiseach, mar shampla trí dhearadh, trí chódú nó trí shíniú;

(c)  ciallaíonn ‘modhanna malairte digiteacha’ aon airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) nó airgeadra fíorúil;

(d)  ciallaíonn ‘airgeadra fíorúil’ léiriú digiteach ar luach nach ndéanann banc ceannais ná údarás poiblí a eisiúint nó a ráthú, nach gá dó a bheith nasctha le hairgeadra atá bunaithe go dleathach, atá gan stádas dlíthiúil airgeadra nó airgid, ach atá inghlactha mar mhodh malairte ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha leis agus ar féidir é a aistriú, a stóráil agus a thrádáil go leictreonach;

(e)  ciallaíonn córas faisnéise córas faisnéise mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE;

(f)  ciallaíonn ‘sonraí ríomhaireachta sonraí ríomhaireachta mar a shainmhínítear i bpointe (b) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/40/AE;

(g)  ciallaíonn duine dlítheanach eintiteas a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige faoin dlí is infheidhme, cé is moite de stáit nó de chomhlachtaí poiblí i bhfeidhmiú údarás an stáit agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta poiblí.

TEIDEAL II

CIONTA

Airteagal 3

Úsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta neamhairgid

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, iompar den chineál seo a leanas:

(a)  úsáid chalaoiseach ionstraim íocaíochta neamhairgid a goideadh nó a rinneadh a leithreasú nó a fháil ar shlí neamhdhleathach eile;

(b)  úsáid chalaoiseach ionstraim íocaíochta neamhairgid a góchumadh nó a falsaíodh.

Airteagal 4

Cionta a bhaineann le húsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta corpracha neamhairgid

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, iompar den chineál seo a leanas:

(a)  ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta a ghoid nó a leithreasú go neamhdhleathach;

(b)  ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta a ghóchumadh nó a fhalsú chun críocha calaoise ▌;

(c)  ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta ▌ i seilbh an duine féin, a goideadh nó a dílsíodh ar shlí neamhdhleathach eile, nó a góchumadh nó a falsaíodh chun críocha calaoise;

(d)  ionstraim chorprach neamhairgid íocaíochta a goideadh, a góchumadh nó a falsaíodh chun críocha calaoise a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile, lena n-áirítear an ionstraim sin a fháil, a leithreasú, a cheannach, a aistriú, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a iompar, nó a dháileadh.

Airteagal 5

Cionta coiriúla a bhaineann le húsáid chalaoiseach ionstraimí íocaíochta neamhchorpracha neamhairgid

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, iompar den chineál seo a leanas:

(a)  ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fhaightear go neamhdhleathach, nuair a bhaineann sé sin, den chuid is lú, le ceann de na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 de Threoir 2013/40/AE, nó ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a mhíleithreasú;

(b)  ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a ghóchumadh nó a fhalsú chun críocha calaoise;

(c)  ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fuarthas go neamhdhleathach, a góchumadh nó a falsaíodh a choinneáil chun críocha calaoise, más eol den chuid is lú, ag tráth coinneála na hionstraime, gur de thionscnamh neamhdhleathach é;

(d)  ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fuarthas go neamhdhleathach, a góchumadh nó a falsaíodh chun críocha calaoise a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile, lena n-áirítear an ionstraim sin a dhíol, a aistriú, a dháileadh, nó a chur ar fáil.

Airteagal 6

Calaois a bhaineann le córais faisnéise

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil, i gcás ina ndéantar sin d'aon ghnó, airgead, luach airgeadúil nó airgeadra fíorúil a aistriú nó aistriú den chineál sin a chur faoi deara agus a d'fhágfadh caillteanas neamhdhleathach maoine a chur faoi deara do dhuine eile, d'fhonn gnóthachan neamhdhleathach a dhéanamh do dhéantóir na coire nó do thríú páirtí, tríd an méid seo a leanas:

(a)  bac a chur ar fheidhmiú an chórais faisnéise nó cur isteach ar fheidhmiú an chórais sin, gan cheart;

(b)  sonraí ríomhaireachta a thabhairt isteach, a athrú, a scriosadh, a tharchur nó a cheilt, gan cheart.

Airteagal 7

Uirlisí a úsáidtear chun cionta coiriúla a dhéanamh

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis, mar chion coiriúil, gléas nó ionstraim, sonraí ríomhaireachta nó aon mhodh eile a tháirgeadh, a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile, lena n-áirítear a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a iompara dháileadh, nó ▌ an gléas nó ionstraim sin a chur ar fáil ar aon bhealach eile má ceapadh go príomha, nó má cuireadh in oiriúint an ionstraim go sonrach chun aon cheann de na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4, i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 5 nó in Airteagal 6 a dhéanamh, ar a laghad agus é beartaithe go n-úsáidfear na modhanna sin chun an cion a dhéanamh.

Airteagal 8

Gríosú, cabhrú agus neartú, agus iarracht a dhéanamh

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil gríosú nó cabhrú agus neartú a dhéanamh i dtaca le haon chion dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7.

2.  Déanfaidh na Ballstáit pé bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis mar chion coiriúil an iarracht cion dá dtagraítear in Airteagal 3, i bpointí (a), (b) nó (d) d'Airteagal 4, i bpointí (a) nó (b) d'Airteagal 5 nó in Airteagal 6 a dhéanamh. Maidir le pointe (d) d'Airteagal 5, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú, den chuid is lú, gurb inphionóis mar chion coiriúil iarracht a dhéanamh ionstraim íocaíochta neamhchorprach neamhairgid a fuarthas go neamhdhleathach, a góchumadh nó a falsaíodh a sholáthar don duine féin nó do dhuine eile chun críche calaoise.

Airteagal 9

Pionóis do dhaoine nádúrtha

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gurb inphionóis pionóis choiriúla éifeachtacha chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8.

2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta dhá bhliain ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear in Airteagal 3, i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 4, agus i bpointí (a) agus (b) d'Airteagal 5.

3.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta bliana ar a laghad a ghearradh i leith na gcionta dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 4 agus i bpointí (c) agus (d) d'Airteagal 5.

4.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad a ghearradh i leith an chiona dá dtagraítear in Airteagal 6.

5.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar uastéarma príosúnachta trí bliana ar a laghad a ghearradh i leith an chiona dá dtagraítear in Airteagal 7.

6.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ngearrfar uastéarma príosúnachta cúig bliana, ar a laghad, i leith na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 6 más rud é▌ go ndéanfar iad faoi chuimsiú eagraíocht choiriúil, de réir bhrí Chinneadh Réime 2008/841/CGB, beag beann ar an bpionós dá bhforáiltear sa Treoir sin.

Airteagal 10

Dliteanas daoine dlítheanacha

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas mar gheall ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a rinne duine chun a thairbhe nó a tairbhe féin, ina aonar nó ina haonar nó mar chuid de chomhlacht an duine dhlítheanaigh, agus a bhfuil post ceannaireachta ag an té sin laistigh den duine dlítheanach, agus atá bunaithe ar aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  ar chumhacht ionadaíoch an duine dhlítheanaigh;

(b)  ar údarás chun cinntí a dhéanamh thar ceann an duine dhlítheanaigh;

(c)  ar údarás chun smacht a fheidhmiú laistigh den duine dlítheanach.

2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlítheanacha a chur faoi dhliteanas i gcás inar fhág easpa maoirseachta nó rialaithe duine dá dtagraítear i mír 1 go raibh an té atá faoina údarás in ann aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a dhéanamh chun tairbhe an duine dhlítheanaigh.

3.  Le dliteanas daoine dlítheanacha de bhun mhíreanna 1 agus 2, ní eisiafar imeachtaí coiriúla i gcoinne na ndaoine nádúrtha sin a rinne nó a ghríosaigh aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 3 go 8 nó a bhí ina gcúlpháirtithe sna cionta sin.

Airteagal 11

Smachtbhannaí ar dhaoine dlítheanacha

Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an duine dlítheanach a chuirtear faoi dhliteanas de bhun Airteagal 10(1)nó (2) faoi réir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha, a n-áireofar orthu sin fíneálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus a d'fhéadfadh sé go n-áireofaí smachtbhannaí eile orthu, amhail an méid seo a leanas:

(a)  teidlíocht chun sochar poiblí nó cúnaimh a eisiamh;

(b)  eisiamh sealadach ó rochtain ar mhaoiniú poiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta tairisceana, deontais agus lamháltais;

(c)  dícháiliú sealadach nó buan ó ghníomhaíochtaí tráchtála a chleachtadh;

(d)  cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;

(e)  foirceannadh breithiúnach;

(f)  bunaíochtaí a úsáideadh chun an cion a dhéanamh a dhúnadh go buan nó go sealadach.

TEIDEAL III

DLÍNSE AGUS IMSCRÚDÚ

Airteagal 12

Dlínse

1.  Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse ar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a shuí i gcás ina bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)  déantar an cion ina iomláine nó go páirteach ar a chríoch;

(b)  is náisiúnach dá chuid an ciontóir.

2.  Chun críocha pointe (a) de mhír 1, measfar cion a bheith déanta ina iomláine nó go páirteach ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanann an ciontóir an cion agus an té sin i láthair go fisiceach sa chríoch sin, is cuma más le ▌córas faisnéise a rinneadh an cion ▌ sa chríoch sin.

3.  I gcás ina gcinneann Ballstát dlínse a shuí ar chion dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a rinneadh lasmuigh dá chríoch, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Choimisiún, lena n-áirítear sna cásanna seo a leanas:

(a)  tá gnáthchónaí ar an gciontóir ar chríoch an Bhallstáit sin;

(b)  rinneadh an cion ar mhaithe le duine dlítheanach atá bunaithe ar chríoch an Bhallstáit;

(c)  rinneadh an cion i gcoinne náisiúnach dá chuid nó duine a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi ar chríoch an Bhallstáit sin.

Airteagal 13

Imscrúduithe éifeachtacha agus comhar

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú ▌ maidir leis na huirlisí imscrúdaitheacha, amhail na cinn sin a úsáidtear chun coireacht eagraithe nó cásanna eile coireachta tromchúisí a chomhrac, go mbeidh siad éifeachtach, comhréireach don choir a rinneadh agus ar fáil do na daoine, d'aonaid nó do na seirbhísí a bheidh freagrach as na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a imscrúdú nó a ionchúiseamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar, i gcás ina gcuirfear, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, d'iallach ar dhaoine nádúrtha agus ar dhaoine dlítheanacha faisnéis a sholáthar i dtaobh cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8, go gcuirfear an fhaisnéis sin, gan moill mhíchuí, chuig na húdaráis a bhfuil na cionta sin á n‑imscrúdú agus á n-ionchúiseamh acu.

TEIDEAL IV

FAISNÉIS A MHALARTÚ AGUS COIR A THUAIRISCIÚ

Airteagal 14

Malartú faisnéise

1.  Chun críche faisnéise faoi chionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a mhalartú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh pointe teagmhála oibríochtúil náisiúnta ar fáil acu 24 uair an chloig in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun acu ionas gur féidir déileáil go pras le hiarratais phráinneacha ar chúnamh agus go dtabharfaidh an t-údarás inniúil le fios, faoi cheann ocht n-uair an chloig tar éis an iarraidh a fháil, ar a laghad, an dtabharfar freagra ar an iarraidh nó nach dtabharfar, agus an fhoirm ina dtabharfar é agus an uair a mheastar a thabharfar an freagra . Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as na líonraí de phointí teagmhála oibríochtúla reatha.

2.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, Europol agus Eurojust ar an eolas faoin bpointe teagmhála ceaptha dá dtagraítear i mír 1 atá ceaptha acu. Déanfaidh siad an fhaisnéis sin a nuashonrú de réir mar is gá. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig na Ballstáit eile.

Airteagal 15

Coir a thuairisciú

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear modhanna tuairiscithe iomchuí ar fáil chun é a éascú go ndéanfar na cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a thuairisciú gan moill mhíchuí d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'údaráis náisiúnta inniúla eile.

2.  Chun na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun institiúidí airgeadais agus daoine dlítheanacha eile a fheidhmíonn ar a gcríoch a spreagadh le hamhras faoi chalaois a thuairisciú gan moill mhíchuí d'údaráis forfheidhmithe dlí agus d'údaráis inniúla eile.

Airteagal 16

Cúnamh agus tacaíocht d'íospartaigh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na nithe seo a leanas ar fáil do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a d'fhulaing díobháil mar thoradh ar cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8:

(a)  faisnéis agus comhairle shonrach maidir leis an gcaoi le hiad féin a chosaint i gcoinne iarmhairtí diúltacha na gcionta, amhail damáiste dá gclú; agus

(b)  liosta d'institiúidí tiomnaithe a dhéileálann le gnéithe éagsúla den choireacht a bhaineann le haitheantas agus tacaíocht d'íospartaigh.

2.  Spreagtar na Ballstáit uirlisí faisnéise náisiúnta aonair ar líne a bhunú chun rochtain ar chúnamh agus ar thacaíocht a éascú do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a d'fhulaing díobháil ó chionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8, ar cionta iad a rinneadh trí mhí-úsáid a bhaint as sonraí pearsanta .

3.  Maidir le daoine dlítheanacha arb íospartaigh cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 na Treorach seo iad, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, tar éis do na daoine sin teagmháil a dhéanamh den chéad uair le húdarás inniúil, faisnéis a thabhairt dóibh, gan moill mhíchuí, maidir leis an fhaisnéis seo a leanas:

(a)  na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh maidir leis an gcion agus ról an íospartaigh maidir leis na nósanna imeachta sin;

(b)  an ceart chun faisnéis a fháil maidir leis an gcás i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(c)  na nósanna imeachta atá ar fáil chun gearáin a dhéanamh mura n-urramaíonn an t‑údarás inniúil cearta an íospartaigh le linn imeachtaí coiriúla;

(d)  na sonraí teagmhála le haghaidh cumarsáid i dtaca lena gcás.

Airteagal 17

Cosc

Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí, lena n-áirítear tríd an idirlíon, amhail feachtais faisnéise agus múscailte feasachta agus taighde agus cláir oideachais, arb é is aidhm leo an chalaois ar an iomlán a laghdú, feasacht a mhúscailt agus an baol go ndéanfar íospartach calaoise de dhuine a laghdú. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na Ballstáit i gcomhar le geallsealbhóirí.

Airteagal 18

Faireachán agus staidrimh

1.  Faoin ... [3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe le faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar iarmhairtí na Treorach seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na bealaí ina ndéanfar agus na heatraimh ag a ndéanfar na sonraí riachtanacha agus an fhianaise eile a bhailiú. Sonrófar sa chlár faireacháin an ghníomhaíocht atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú, a roinnt agus a anailísiú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil córas i bhfeidhm chun na sonraí staidrimh anaithnidithe lena dtomhaistear na céimeanna tuairiscithe, imscrúdaithe agus breithiúnacha maidir leis na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a thaifeadadh, a tháirgeadh agus a sholáthar.

3.   Leis na sonraí staidrimh dá dtagraítear i mír 2, cumhdófar ar a laghad na sonraí atá ann cheana maidir le líon na gcionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 arna gclárú ag na Ballstáit, agus líon na ndaoine a ionchúiseofar agus a ciontófar sna cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 7.

4.  Déanfaidh na Ballstáit na sonraí arna mbailiú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 3 a chur chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar athbhreithniú comhdhlúite ar na tuarascálacha staidrimh gach bliain agus go gcuirfear faoi bhráid ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí speisialaithe inniúla an Aontais í.

Airteagal 19

Cinneadh Réime 2001/413/CGB a ionadú

Cuirtear an Treoir seo in ionadh Chinneadh Réime 2001/413/CGB maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát sin maidir leis an dáta chun an Cinneadh Réime sin a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Maidir leis na Ballstáit a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí do Chinneadh Réime 2001/413/CGB a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.

Airteagal 20

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin … [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ▌. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó gabhfaidh an tagairt sin leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs fhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 21

Meastóireacht agus tuairisciú

1.  Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [48 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ▌, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, faoin ... [84 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]▌,meastóireacht ar thionchar na Treorach seo maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac, chomh maith lena tionchar ar chearta bunúsacha, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil sin a ullmhú.

3.  I gcomhthéacs na meastóireachta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, tuairisceoidh an Coimisiún maidir lena riachtanaí, a indéanta agus a éifeachtaí a bheadh sé córais shlána náisiúnta ar líne a chruthú lena mbeadh íospartaigh in ann aon cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 8 a thuairisciú chomh maith le teimpléad aonfhoirmeach caighdeánaithe Aontais a bhunú a bhfuil mar bhonn ag na Ballstáit.

Airteagal 22

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Dírítear an Treoir seo ar na Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 197, 8.6.2018, lch. 24.
(2)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(3) Cinneadh Réime 2001/413/CGB ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac (IO L, 149 2.6.2001, lch. 1).
(4)Treoir 2013/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2005/222/CGB ón gComhairle (IO L 218, 14.8.2013, lch. 8).
(5) Cinneadh Réime 2008/841/CGB ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2008 maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (IO L 300, 11.11.2008, lch. 42).
(6)Cinneadh Réime 2009/948/CGB ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinbhleachtaí i bhfeidhmiú dlínse in imeachtaí coiriúla a chosc agus a shocrú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 42).
(7)Cinneadh Réime 2002/187/CGB ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena mbunaítear Eurojust d'fhonn an comhrac in aghaidh na coireachta tromchúisí a neartú (IO L 63, 6.3.2002, lch. 1).
(8)Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (OJ L 194, 19.7.2016, lch.1).
(9)Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(10)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(11)Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta íospartach na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir le hiad a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 20 01/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57).
(12)Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun gnó foras airgid leictreonaigh, gnó den sórt sin a shaothrú nó maoirsiú stuama a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).

An nuashonrú is déanaí: 18 Márta 2019Fógra dlíthiúil