Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 13 Feabhra 2019 - Strasbourg 
An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ***I
 Ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil ***I
 An dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ***I
 Clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 ('clár Pericles IV') ***I
 Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór ***
 Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór (rún)
 Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór ***
 Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór
 Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích ***
 Comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála ***I
 Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
 An tsábháilteacht eitlíochta maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
 GATS: coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne le AE ***
 Bearta a chuíchóiriú chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích ***I
 Árachas mótarfheithiclí ***I

An Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach ***I
PDF 216kWORD 79k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (códú) (COM(2018)0499 – C8-0313/2018 – 2018/0263(COD))
P8_TA-PROV(2019)0084A8-0037/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0499),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0313/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1)

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha(2),

–  ag féachaint do Rialacha 103 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0037/2019),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún mar a oiriúnaíodh do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Feabhra 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (códú)

P8_TC1-COD(2018)0263


TÁ PARLIAMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh  ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , agus go háirithe Airteagal  43(2)  de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle(5) a leasú go suntasach roinnt uaireanta(6). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)  Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), ceanglaítear ar na Ballstáit rialú, cigireacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus oibriú i gcomhar le chéile agus le tríú tíortha chuige sin.

(3)  Chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, ní mór do na Ballstáit a ngníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht a chomhordú ar a gcríoch talún agus in uiscí an  Aontais  agus in uiscí idirnáisiúnta, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus, go háirithe, oibleagáidí an Aontais sa chreat maidir le heagraíochtaí iascaigh réigiúnacha agus faoi chomhaontuithe le tríú tíortha.

(4)  Ní féidir aon scéim cigireachta a bheith costéifeachtach mura ndéantar forálacha maidir le cigireachtaí ar tír. Ar an gcúis sin, is ceart críocha talún a chumhdach le pleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

(5)  Trí bhíthin chomhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht, ba cheart go gcuirfeadh comhar den chineál sin le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha maille le cothrom iomaíochta don tionscal iascaireachta a bhaineann leis an saothrú sin agus, ar an gcaoi sin, saobhadh iomaíochta sa mhargadh a laghdú.

(6)  Meastar go bhfuil rialú agus cigireacht éifeachtach iascaigh bunriachtanach chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialaithe a chomhrac.

(7)  Gan dochar do fhreagrachtaí na mBallstát faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá gá le comhlacht teicniúil agus riaracháin de chuid an Aontais chun comhar agus comhordú a eagrú idir na Ballstáit i dtaca le rialú agus cigireacht ar iascaigh.

(8)  Ba cheart don Ghníomhaireacht  Eorpach  um Rialú ar Iascach (‘an Ghníomhaireacht’)  a bheith in ann  tacú le córas rialaithe an chomhbheartais iascaigh a chur chun feidhme go haonfhoirmeach, áirithiú go ndéanfar comhar oibríochtúil a eagrú, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus aonad éigeandála a bhunú i gcás ina n‑aithneofar gurb ann do riosca géar don chomhbheartas iascaigh. Ba cheart go mbeadh sí in ann an trealamh is gá a sholáthar di féin chun pleananna imlonnaithe comhpháirteacha a chur ar bun agus chun comhoibriú chun Beartas Muirí Comhtháite an AE a chur chun feidhme.

(9)  Is gá don Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, a bheith in ann cúnamh a thabhairt don  Aontas  agus do na Ballstáit ina gcaidreamh le tríú tíortha nó eagraíochtaí iascaigh réigiúnacha nó iad aoran, agus oibriú i gcomhar lena n‑údaráis inniúla faoi chuimsiú oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais .

(10)  Ina theannta sin, is gá oibriú i dtreo chur i bhfeidhm éifeachtach nósanna imeachta cigireachta an  Aontais . Le himeacht ama, d'fhéadfadh an Ghníomhaireacht a bheith ina foinse thagartha do chúnamh teicniúil agus eolaíoch le haghaidh rialú agus cigireacht iascaigh.

(11)  Chun cuspóirí coiteanna an chomhbheartais iascaigh a chomhlíonadh, is é sin foráil a dhéanamh maidir le saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní uisceacha i gcomhthéacs na forbartha inbhuanaithe, glacann an  tAontas  bearta a bhaineann le beo-acmhainní uisceacha a chaomhnú, a bhainistiú agus a shaothrú.

(12)  Chun a áirithiú go ndéanfar bearta den chineál sin a fhorfheidhmiú go cuí, is gá do na Ballstáit modhanna rialaithe agus forfheidhmiúcháin leordhóthanacha a imlonnú. Chun go mbeidh an rialú agus an forfheidhmiú sin níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, is iomchuí don Choimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir shonracha maidir le rialú agus cigireacht a ghlacadh.

(13)  Ba cheart don Ghníomhaireacht tabhairt faoin gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit a chomhordú ar bhonn pleananna imlonnaithe comhpháirteacha, lena n‑eagrófar úsáid na modhanna rialaithe agus cigireachta atá ar fáil ag na Ballstáit lena mbaineann chun go dtabharfar éifeacht do chláir maidir le rialú agus cigireacht. Ba cheart gníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht iascaigh a dtugann na Ballstáit fúthu a dhéanamh i gcomhréir le critéir, tosaíochtaí, tagarmharcanna agus nósanna imeachta coiteanna i dtaca le gníomhaíochtaí maidir le rialú agus cigireacht ar bhonn na gclár sin.

(14)  Má ghlacann na Ballstáit clár maidir le rialú agus cigireacht, cuirfidh sin d'oibleagáid ar na Ballstáit na hacmhainní is gá chun an clár sin a fheidhmiú a chur ar fáil go héifeachtach. Is gá do na Ballstáit fógra a thabhairt go pras don Ghníomhaireacht faoi na modhanna rialaithe agus cigireachta lena bhfuil sé beartaithe acu aon chlár den chineál sin a fheidhmiú. Ní ceart go gcruthófar leis na pleananna imlonnaithe comhpháirteacha aon oibleagáidí breise ó thaobh rialú, cigireachta ná forfheidhmiú ná i dtaca leis na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil sa chomhthéacs sin.

(15)  Ba cheart nach n‑ullmhódh an Ghníomhaireacht aon phlean imlonnaithe comhpháirteach ach amháin má dhéantar foráil dó sa chlár oibre.

(16)  Ba cheart don Bhord Riaracháin, a áirithíonn go dtiocfar ar chomhthoil leordhóthanach, lena n‑áirítear maidir leis na cúraimí  a cheaptar  sa chlár oibre don Ghníomhaireacht a chomhoiriúnú leis na hacmhainní atá le fáil ag an nGníomhaireacht, bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit, an clár oibre a ghlacadh.

(17)  Ba cheart go mbeadh sé de phríomhchúram ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a áirithiú agus é nó í ag dul i gcomhairle le Comhaltaí an Bhoird agus na Ballstáit go gcuirfidh na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha ar fáil don Ghníomhaireacht chun an clár oibre a fheidhmiú, agus go mbeidh na hacmhainní sin ag freagairt do na cuspóirí a leagtar  amach  sa chlár oibre le haghaidh gach bliana.

(18)  Ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, go háirithe, pleananna imlonnaithe beachta a dhréachtú lena n‑úsáidfear na hacmhainní ar thug na Ballstáit fógra ina leith chun gach clár maidir le rialú agus cigireacht a fheidhmiú agus lena n‑urramófar na rialacha agus na haidhmeanna a leagtar amach sa chlár sonrach maidir le rialú agus cigireacht ar a mbunaítear an plean imlonnaithe comhpháirteach, maille le rialacha ábhartha eile, amhail na rialacha sin a bhaineann le Cigirí de chuid an  Aontais .

(19)  Sa chomhthéacs sin, is gá go ndéanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t‑uainiú a bhainistiú sa chaoi is go dtabharfar am leordhóthanach do na Ballstáit a mbarúlacha a thabhairt, agus iad ag cur lena saineolas oibríochtúil, ach, ag an am céanna, iad ag cloí le plean oibre na Gníomhaireachta agus leis na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Is gá don Stiúrthóir Feidhmiúcháin leas na mBallstát a bhaineann leis na hiascaigh a chumhdófar le gach plean a chur san áireamh. Chun comhordú éifeachtúil tráthúil ar ghníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le rialú agus cigireacht a áirithiú, is gá foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta chun cinntí maidir leis na pleananna a ghlacadh nuair nach féidir teacht ar chomhaontú idir na Ballstáit lena mbaineann.

(20)  Ba cheart an nós imeachta maidir le dréachtú agus glacadh pleananna imlonnaithe comhpháirteacha lasmuigh d'uiscí an Aontais a bheith cosúil leis an nós imeachta a bhaineann le huiscí an Aontais. Ba cheart clár idirnáisiúnta maidir le rialú agus cigireacht a bheith ina bhunús do phleananna imlonnaithe comhpháirteacha den chineál sin lena dtabharfar éifeacht d'oibleagáidí idirnáisiúnta a bhaineann le rialú agus cigireacht atá ina gceangal ar an  Aontas .

(21)  Maidir le cur chun feidhme pleananna imlonnaithe comhpháirteacha, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann na modhanna rialaithe agus cigireachta a chuireann siad ar fáil do na pleananna sin a chomhthiomsú agus a imlonnú. Ba cheart don Ghníomhaireacht a mheasúnú an leor na modhanna rialaithe agus cigireachta atá ar fáil agus, i gcás inarb iomchuí, a chur in iúl do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún nach bhfuil na modhanna leordhóthanach chun na cúraimí a cheanglaítear faoin gclár maidir le rialú agus cigireacht a fheidhmiú.

(22)  Cé gur cheart do na Ballstáit a n‑oibleagáidí maidir le rialú agus cigireacht a urramú, go háirithe faoin gclár sonrach maidir le rialú agus cigireacht arna ghlacadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ba cheart nach mbeadh de chumhacht ag an nGníomhaireacht oibleagáidí breise a fhorchur trí bhíthin pleananna imlonnaithe comhpháirteacha ná smachtbhannaí a chur ar na Ballstáit.

(23)  Ba cheart don Ghníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh go tréimhsiúil ar éifeachtacht na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

(24)  Is iomchuí foráil a dhéanamh d’fhéidearthacht rialacha sonracha cur chun feidhme a ghlacadh chun pleananna imlonnaithe comhpháirteacha a ghlacadh agus a fhormheas. D'fhéadfadh sé gurbh fhóinteach leas a bhaint as an bhféidearthacht sin a luaithe a bheidh an Ghníomhaireacht ag feidhmiú agus má mheaseann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin gur cheart rialacha den chineál sin a leagan síos i ndlí an  Aontais .

(25)  Ba cheart an Ghníomhaireacht a bheith i dteideal, arna iarraidh sin, seirbhísí conarthacha a bhaineann leis na modhanna rialaithe agus cigireachta a chur ar fáil lena n‑úsáid le haghaidh imlonnú comhpháirteach ag na Ballstáit lena mbaineann.

(26)  Chun críche cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh, ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus don Ghníomhaireacht, trí bhíthin líonra faisnéise, faisnéis ábhartha maidir le rialú agus cigireacht a mhalartú.

(27)  Ba cheart go mbeadh stádas agus struchtúr na Gníomhaireachta ag freagairt do charachtar oibiachtúil na dtorthaí atá beartaithe aici a bhaint amach agus, de bharr an stádais agus an struchtúir sin, go mbeadh sí in ann a feidhmeanna a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Dá bharr sin, ba cheart neamhspleáchas dlíthiúil, airgeadais agus riaracháin a thabhairt don Ghníomhaireacht agus, ag an am céanna, go mbeadh sí in ann dlúthnaisc a choinneáil le hinstitiúidí an Aontais agus leis na Ballstáit. Chuige sin, is gá agus is iomchuí gur comhlacht de chuid an Aontais a bheidh sa Ghníomhaireacht a mbeidh pearsantacht dhlítheanach aici agus a feidhmeoidh na cumhachtaí a thugtar di leis an Rialachán seo.

(28)  Maidir le dliteanas conarthach na Gníomhaireachta, atá faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis na conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht, ba cheart dlínse a bheith ag Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh de bhun aon chlásal eadrána atá sa chonradh. Ba cheart dlínse a bheith ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cúiteamh i ndáil le haon damáiste a thiocfadh as dliteanas neamhchonarthach na Gníomhaireachta i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

(29)  Ba cheart ionadaíocht a bheith ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar bhord riaracháin a gcuirfí ar a iontaoibh feidhmiú éifeachtach cuí na Gníomhaireachta a áirithiú.

(30)  Ós rud é go bhfuil ar an nGníomhaireacht oibleagáidí de chuid an  Aontais  a chomhlíonadh agus, arna iarraidh sin don Choimisiún, comhoibriú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí iascaigh réigiúnacha faoi chuimsiú oibleagáidí idirnáisiúnta an  Aontais  , is iomchuí go dtoghfaí Cathaoirleach an Bhoird Riaracháin as measc ionadaithe an Choimisiúin.

(31)  Le socruithe vótála an Bhoird Riaracháin, ba cheart leasa na mBallstát agus an Choimisiúin in oibriú éifeachtach na Gníomhaireachta a chur san áireamh.

(32)  Ba cheart Bord Comhairleach a chur ar bun chun comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus chun dlúthchomhar leis na geallsealbhóirí a áirithiú.

(33)  Is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht, gan cearta vótála, ionadaí an Bhoird Chomhairligh i bplé an Bhoird Riaracháin.

(34)  Is gá foráil a dhéanamh maidir le ceapadh agus a bhriseadh as a phost nó as a post Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta agus maidir leis na rialacha lena rialaítear feidhmiú a chuid nó a cuid feidhmeanna.

(35)  Chun feidhmiú trédhearcach na Gníomhaireachta a chur chun cinn, ba cheart go mbeadh feidhm gan choinníoll ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) i leith na Gníomhaireachta.

(36)  Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), ba cheart feidhm a bheith aige maidir leis an Rialachán seo ar mhaithe le príobháideachas daoine aonair a chosaint.

(37)  Chun uathriail agus neamhspleáchas feidhmiúil na Gníomhaireachta a ráthú, ba cheart buiséad neamhspleách a thabhairt di arb as ranníocaíocht ón  Aontas  agus as íocaíochtaí as seirbhísí conarthacha a thiocfaidh a hioncam. Ba cheart  feidhm a bheith ag  nós imeachta buiséadach an  Aontais  a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht ón  Aontas  agus le haon fhóirdheontais eile is inmhuirearaithe ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart gurb í an Chúirt Iniúchóirí a thabharfaidh faoi iniúchadh na gcuntas.

(38)  Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) gan choinníoll i leith na Gníomhaireachta, agus ba cheart di sin aontú do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF)(11).

(39)  Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

CUSPÓIR AGUS SAINMHÍINTHE

Airteagal 1

Cuspóir

Leis an Rialachán seo, déantar foráil  do Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach  ("an Ghníomhaireacht"), arb é is cuspóir leis comhordú oibríochtúil na ngníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta iascaigh de chuid na mBallstát a eagrú agus chun cúnamh a thabhairt dóibh cloí le rialacha an chomhbheartais iascaigh chun a chur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach a áirithiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘rialú agus cigireacht’ aon bhearta arna nglacadh ag na Ballstáit, go háirithe de bhun Airteagail 5, 11, 71, 91 agus 117 agus Teideal VII de Rialachán (CE) Uimh 1224/2209 ón gComhairle(13), chun gníomhaíochtaí iascaireachta a rialú agus chun cigireacht a dhéanamh orthu faoi raon feidhme an chomhbheartais iascaigh, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí faireachais agus faireacháin, amhail córais faireacháin soithí shaitilítbhunaithe agus scéimeanna breathnóra;

(b)  ciallaíonn ‘modhanna rialaithe agus cigireachta’ soithí faireacháin, aerárthaí, feithiclí agus acmhainní ábhartha eile mar aon le cigirí, breathnóirí agus acmhainní daonna eile arna n‑úsáid ag na Ballstáit ar mhaithe le rialú agus cigireacht;

(c)  ciallaíonn ‘plean imlonnaithe comhpháirteach’ plean ina leagtar amach socruithe oibríochtúla maidir le himlonnú na modhanna rialaithe agus cigireachta atá ar fáil;

(d)  ciallaíonn ‘clár idirnáisiúnta maidir le rialuithe agus cigireachtaí’ clár ina leagtar amach cuspóirí, tosaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna do ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta chun oibleagáidí idirnáisiúnta an  Aontais  i dtaca le rialú agus cigireacht a chur chun feidhme;

(e)  ciallaíonn ‘clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí’ clár ina leagtar amach cuspóirí, tosaíochtaí agus nósanna imeachta coiteanna do ghníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a bunaiodhi gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(f)  ciallaíonn ‘iascach’ gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear  i bpointe (28) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

(g)  ciallaíonn ‘cigirí de chuid an  Aontais’ na cigirí a áirítear sa liosta dá dtagraítear in Airteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

CAIBIDIL II

MISEAN AGUS CÚRAIMÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 3

Misean

Is éard a bheidh i misean na Gníomhaireachta:

(a)  comhordú a dhéanamh ar rialú agus cigireacht arna ndéanamh ag na Ballstáit a bhaineann le hoibleagáidí rialaithe agus cigireachta an  Aontais ;

(b)  comhordú a dhéanamh ar imlonnú na modhanna rialaithe agus cigireachta náisiúnta arna gcomhthiomsú ag na Ballstáit lena mbaineann i gcomhréir leis an Rialachán seo;

(c)  cúnamh a thabhairt do na Ballstáit faisnéis maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta agus gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta a thuairisciú don Choimisiún agus do thríú páirtithe;

(d)  i réimse a hinniúlachtaí, cúnamh a thabhairt do na Ballstáit a gcúraimí agus n‑oibleagáidí a chomhlíonadh  de bhun  rialacha an chomhbheartais iascaigh;

(e)  cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún cur i bhfeidhm an chomhbheartais iascaigh a chomhchuibhiú ar fud an  Aontais ;

(f)  cur le hobair na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le taighde ar theicnící rialaithe agus cigireachta agus lena bhforbairt;

(g)  cur le comhordú oiliúna cigirí agus le malartú taithí idir na Ballstáit;

(h)  comhordú a dhéanamh ar na hoibríochtaí chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte  (‘NNN’)  a chomhrac i gcomhréir le rialacha an  Aontais ;

(i)  cuidiú le cur chun feidhme aonfhoirmeach chóras rialaithe an chomhbheartais iascaigh, lena n‑áirítear go háirithe:

–  comhordú oibríochtúil ghníomhaíochtaí rialaithe na mBallstát a eagrú chun cláir shonracha maidir le rialuithe agus cigireachtaí, cláir rialaithe a bhaineann le hiascaireacht NNN, agus cláir rialaithe agus chigireachta idirnáisiúnta a chur chun feidhme,

–  cigireachtaí de réir mar is gá chun cúraimí na Gníomhaireachta a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 19;

(j)  comhoibriú leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, abunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaiodh le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), laistigh den sainordú atá ag gach ceann acu, chun tacú leis na húdaráis náisiúnta agus feidhmeanna garda cósta a dhéanamh, mar a leagtar amach in Airteagal 8 den Rialachán seo, trí sheirbhísí, faisnéis, trealamh agus oiliúint a sholáthar agus trí oibríochtaí ilchuspóireacha a chomhordú.

Airteagal 4

Cúraimí a bhaineann le hoibleagáidí idirnáisiúnta an  Aontais  maidir le rialú agus cigireacht

1.  Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid a leanas, arna iarraidh sin don Choimisiún:

(a)  cúnamh a thabhairt don  Aontas  agus do na Ballstáit sa chaidreamh a bhíonn acu le tríú tíortha agus le heagraíochtaí iascaigh idirnáisiúnta réigiúnacha a bhfuil an  tAontas  ina bhall díobh;

(b)  comhoibriú le húdaráis inniúla na n‑eagraíochtaí iascaigh réigiúnacha idirnáisiúnta i dtaca le hoibleagáidí rialaithe agus cigireachta an  Aontais  faoi chuimsiú socruithe oibre arna dtabhairt i gcrích leis na comhlachtaí sin.

2.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar iarraidh don Choimisiún, comhoibriú le húdaráis inniúla tríú tíortha in ábhair a bhaineann le rialú agus cigireacht faoi chuimsiú comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích idir an  tAontas  agus tríú  tíortha den sórt sin.

3.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht, laistigh dá réimse inniúlachta, cúraimí a dhéanamh, thar ceann na mBallstát, faoi chomhaontuithe iascaigh idirnáisiúnta a bhfuil an  tAontas  ina pháirtí iontu.

Airteagal 5

Cúraimí a bhaineann le comhordú oibríochtúil

1.  Cumhdófar le comhordú oibríochtúil na Gníomhaireachta rialú na ngníomhaíochtaí go léir a chumhdaítear leis an gcomhbheartas iascaigh.

2.  Chun críche comhordú oibríochtúil, bunóidh an Ghníomhaireacht pleananna imlonnaithe comhpháirteacha agus eagróidh sí an comhordú oibríochtúil ar rialú agus cigireacht a dhéanfaidh na Ballstáit i gcomhréir le Caibidil III.

3.  Chun críche comhordú oibríochtúil feabhsaithe idir na Ballstáit, féadfaidh an Ghníomhaireacht pleananna oibríochtúla a bhunú leis na Ballstáit lena mbaineann agus cur chun feidhme na bpleananna sin a comhordú.

Airteagal 6

Seirbhísí conarthacha a sholáthar do na Ballstáit

Féadfaidh an Ghníomhaireacht seirbhísí conarthacha a sholáthar do na Ballstáit, arna n‑iarraidh sin dóibh, a bhaineann le rialú agus cigireacht i ndáil lena n‑oibleagáidí a bhaineann le hiascaigh in uiscí an  Aontais  agus/nó in uiscí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear cairtfhostú agus oibriú ardán rialaithe agus cigireachta agus foirne a sholáthar dóibh agus breathnóirí a sholáthar d'oibríochtaí comhpháirteacha na mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 7

Cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit

Tabharfaidh an Ghníomhaireacht cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit lena áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a n‑oibleagáidí ar chaighdeán ard aonfhoirmeach éifeachtach faoi rialacha an chomhbheartais iascaigh, lena n‑áirítear i dtaca leis an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta  NNN,  agus tabharfaidh an Ghniomhaireacht cúnamh dóibh maidir lena gcaidreamh le tríú tíortha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht, go háirithe, an méid a leanas:

(a)  croíchuraclam a bhunú agus a fhorbairt chun teagascóirí chigireacht iascaigh na mBallstát a oiliúint agus seimineáir agus cúrsaí breise oiliúna a chur ar fáil do na hoifigigh sin agus do phearsanra eile atá bainteach le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta;

(b)  croíchuraclam a bhunú agus a fhorbairt chun cigirí de chuid an Aontais  a oiliúint sula n‑imlonnófar iad den chéad uair agus oiliúint agus seimineáir bhreise nuashonraithe a chur ar fáil ar bhonn rialta do na hoifigigh sin;

(c)  arna iarraidh sin do na Ballstáit, soláthar comhpháirteach earraí agus seirbhísí a dhéanamh a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta na mBallstát agus ullmhú do chur chun feidhme treoirthionscadal comhpháirteach ag na Ballstáit agus iad a chomhordú;

(d)  nósanna imeachta oibríochtúla comhpháirteacha a tharraingt suas maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha rialaithe agus cigireachta arna ndéanamh ag dhá Bhallstát nó níos mó;

(e)  critéir a cheapadh maidir le malartú modhanna rialaithe agus cigireachta idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha agus maidir leis na modhanna sin a chur ar fáil ag na Ballstáit;

(f)  anailís riosca a dhéanamh ar bhonn sonraí iascaigh i dtaca le gabhálacha, tabhairt i dtír agus iarrachtaí iascaigh, chomh maith le hanailís riosca ar thabhairt i dtír neamhthuairiscithe lena n‑airítear, inter alia, comparáid idir sonraí maidir le gabhálacha agus allmhairithe agus sonraí maidir le honnmhairithe agus tomhaltas náisiúnta;

(g)  modheolaíochtaí agus nósanna imeachta cigireachta coiteanna a fhorbairt, arna n‑iarraidh sin don Choimisiún agus do na Ballstáit;

(h)  cúnamh a thabhairt do na Ballstáit, arna iarraidh sin dóibh, a n‑oibleagáidí i leith an  Aontais agus oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh na hiascaireachta  NNN, agus na hoibleagáidí a thagann as creat na n‑eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascach;

(i)  forbairt modheolaíochtaí bainistíochta riosca aonfhoirmeacha i réimse a hinniúlachta a chur chun cinn agus a chomhordú;

(j)  comhar idir na Ballstáit agus caighdeáin choiteanna i gcomhair forbairt pleananna samplála  dá bhforáiltear  i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 sin a chomhordú agus a chur chun cinn.

Airteagal 8

Comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta

1.  I gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, tacóidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis náisiúnta agus iad i mbun chúraimí an gharda cósta, ar leibhéal náisiúnta agus Eorpach, agus i gcás inarb iomchuí, ar leibhéal idirnáisiúnta, mar seo a leanas:

(a)  comhroinnt, comhtháthú agus anailísiú a dhéanamh ar fhaisnéis atá le fáil i gcórais tuairiscithe long agus i gcórais faisnéise eile arna n‑óstáil ag na gníomhaireachtaí sin nó atá ar fáil dóibh, i gcomhréir lena mbunúis dlí faoi seach agus gan dochar d'úinéireacht na mBallstát ar na sonraí sin;

(b)  seirbhísí faireachais agus cumarsáide a chur ar fáil arna mbunú sin ar theicneolaíocht úrscothach, lena n‑áirítear bonneagar spásbhunaithe agus talún, chomh maith le braiteoirí atá suite ar ardán de chineál ar bith;

(c)  acmhainn a fhorbairt trí threoirlínte agus moltaí a tharraingt suas agus trí dhea-chleachtais a bhunú, agus trí oiliúint agus malartú foirne a chur ar fáil;

(d)  malartú faisnéise agus comhar um fheidhmeanna garda cósta a fheabhsú, lena n‑áirítear trí dhúshláin oibríochtúla agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa réimse muirí a anailísiú;

(e)  acmhainn a chomhroinnt trí oibríochtaí ilchuspóireacha a phleanáil agus a chur chun feidhme agus trí shócmhainní agus acmhainneachtaí eile a chomhroinnt, sa mhéid go ndéanann na gníomhaireachtaí sin na gníomhaíochtaí sin a chomhordú agus go gcomhaontaíonn údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann leo.

2.  Is de réir socrú oibre, a bheidh i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus leis na rialacha airgeadais is infheidhme do na gníomhaireachtaí, a chinnfear foirmeacha beachta an chomhair um fheidhmeanna garda cósta idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí. Déanfaidh Bord Riaracháin na Gníomhaireachta, Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta, Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, agus Bord Riaracháin na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach socrú den sórt sin a fhormheas.

3.  Déanfaidh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht, leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí lámhleabhar praiticiúil a chur ar fáil maidir le comhar Eorpach um fheidhmeanna garda cósta. Beidh sa lámhleabhar sin treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais i ndáil le faisnéis a mhalartú. Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar i bhfoirm moladh.

CAIBIDIL III

COMHORDÚ OIBRÍOCHTÚIL

Airteagal 9

Cur chun feidhme oibleagáidí de chuid an Aontais a bhaineann le rialú agus cigireacht

1.  Comhordóidh an Ghníomhaireacht, arna iarraidh sin don Choimisiún, gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta an Bhallstáit ar bhonn clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí idirnáisiúnta trí phleananna imlonnaithe comhpháirteacha a bhunú.

2.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht an trealamh is gá le haghaidh cur chun feidhme na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 a fháil, a ghlacadh ar cíos nó a chairtfhostú.

Airteagal 10

Cur chun feidhme clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí

1.  Comhordóidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 95 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 trí bhíthin pleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

2.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht an trealamh is gá le haghaidh cur chun feidhme na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 a fháil, a ghlacadh ar cíos nó a chairtfhostú.

Airteagal 11

Inneachar pleananna imlonnaithe comhpháirteacha

Le gach plean imlonnaithe comhpháirteach déanfar:

(a)  ceanglais an chláir maidir le rialuithe agus cigireachtaí ábhartha a chomhlíonadh;

(b)  na critéir, tagarmharcanna, tosaíochtaí agus nósanna imeachta cigireachta coiteanna arna gcinneadh ag an gCoimisiún i gcláir maidir le rialuithe agus cigireachtaí  a chur i bhfeidhm;

(c)  féachaint leis na modhanna rialaithe agus cigireachta náisiúnta atá ann cheana, a chuirtear in iúl  i gcomhréir le  hAirteagal 12(2), a chur i gcomhoiriúint le riachtanais agus a n‑imlonnú a eagrú;

(d)  úsáid na n‑acmhainní daonna agus ábhartha a eagrú, i ndáil leis na tréimhsí agus na limistéir nach mór iad sin a imlonnú iontu, lena n‑áirítear foirne cigirí de chuid an Aontais  ó níos mó ná Ballstát amháin a oibriú;

(e)  oibleagáidí na mBallstát atá ann cheana lena mbaineann a chur san áireamh atá ann cheana i dtaca le pleananna imlonnaithe comhpháirteacha eile, maille le haon srianta sonracha réigiúnacha nó áitiúla;

(f)  na coinníollacha a  leagan síos  faoina bhféadann modhanna rialaithe agus cigireachta Ballstáit dul isteach in uiscí atá faoi cheannasacht agus dliteanas Ballstáit eile.

Airteagal 12

Fógra faoi mhodhanna rialaithe agus cigireachta

1.  Faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Ghníomhaireacht faoi na modhanna rialaithe agus cigireachta a bheidh ar fáil  dóibh  chun críche rialaithe agus cigireachta don bhliain ina dhiaidh sin.

2.  Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Ghníomhaireacht faoi na modhanna lena bhfuil sé beartaithe aige an clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí idirnáisiúnta nó clár sonrach maidir le rialuithe agus cigireachtaí lena mbaineann sé a fheidhmiú, tráth nach déanaí na aon mhí amháin ón uair a chuirfear fógra chuig na Ballstáit maidir leis an gCinneadh lena mbunaítear aon chlár den chineál sin.

Airteagal 13

Nós imeachta maidir le glacadh pleananna imlonnaithe comhpháirteacha

1.  Ar bhonn na bhfógraí dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) agus laistigh de thrí mhí ón dáta a fuarthas na fógraí sin, bunóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta dréachtphlean imlonnaithe comhpháirteach i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann.

2.  Sainaithneofar sa dhréachtphlean imlonnaithe comhpháirteach na modhanna rialaithe agus cigireachta a d'fhéadfaí a chomhthiomsú d'fhonn an clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí lena mbaineann an plean a chur chun feidhme ar bhonn leas na mBallstát a bhaineann leis an iascach ábhartha.

Déanfar leas Ballstáit in iascach a mheasúnú trí bhíthin tagairt do na critéir seo a leanas a mbeidh a n‑ualú coibhneasta ag brath ar ghnéithe sonracha de gach plean:

(a)  fairsinge coibhneasta na n‑uiscí atá faoi réir a cheannasachta nó a dhliteanais, más ann dóibh, a chumhdaítear leis an bplean imlonnaithe comhpháirteach;

(b)  an méid éisc a thugtar i dtír le linn tréimhse thagartha áirithe i gcoibhneas leis an méid iomlán a thugtar i dtír ón iascach atá faoi réir an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh;

(c)  an líon coibhneasta de shoithí iascaireachta an  Aontais  a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain acu (cumhacht innill agus olltonnáiste) agus a bhfuil baint acu leis an iascach atá faoi chuimsiú an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh i ndáil leis an líon iomlán soitheach a bhaineann leis an iascach sin;

(d)  méid coibhneasta a leithdháilte cuóta nó, in éagmais cuóta, méid a ghabhála le linn tréimhse thagartha áirithe i dtaca leis an iascach sin.

3.  Agus plean imlonnaithe comhpháirteach á ullmhú, más léir nach bhfuil na modhanna rialaithe agus cigireachta leordhóthanach chun ceanglais an chláir maidir le rialuithe agus cigireachtaí a chomhlíonadh, tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra go pras do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún.

4.  Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fógra maidir le plean imlonnaithe comhpháirteach do na Ballstáit lena mbaineann agus don Choimisiún. Mura bhfuil  aon  agóid déanta ag na Ballstáit lena mbaineann nó ag an gCoimisiún laistigh de chúig lá déag ó fhógra den sórt sin a fháil, glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an plean.

5.  Má dhéanann ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann nó an Coimisiún agóid, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an cheist faoi bhráid an Choimisiúin. Féadfaidh an Coimisiún aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar an bplean agus é a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta  dá dtagraítear  in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

6.  Beidh gach plean imlonnaithe comhpháirteach faoi réir athbhreithniú bliantúil ag an nGníomhaireacht i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann chun aon chláir nua maidir le rialuithe agus cigireachtaí a mbeidh na Ballstáit lena mbaineann faoina réir agus aon tosaíochtaí a chinnfidh an Coimisiún maidir le cláir imlonnaithe chomhpháirteacha a chur san áireamh.

Airteagal 14

Cur chun feidhme pleananna imlonnaithe comhpháirteacha

1.  Déanfar gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta comhpháirteacha ar bhonn na bpleananna imlonnaithe comhpháirteacha.

2.  Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann plean imlonnaithe comhpháirteach an méid seo:

(a)  na modhanna rialaithe agus cigireachta a gheallfar don phlean imlonnaithe comhpháirteach a chur ar fáil;

(b)  pointe teagmhála /comhordaitheoir náisiúnta aonair a cheapadh, a dtabharfar údarás leordhóthanach dó chun go mbeidh sé in ann freagairt go tráthúil d'iarratais ón nGníomhaireacht a bhaineann le cur chun feidhme an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh, agus é sin a fhógairt don Ghníomhaireacht;

(c)  a modhanna comhthiomsaithe rialaithe agus cigireachta a imlonnú i gcomhréir leis an bplean imlonnaithe comhpháirteach agus leis na ceanglais  dá dtagraítear  i mír 4;

(d)  rochtain ar fhaisnéis ar líne is gá a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun an plean imlonnaithe comhpháirteach a chur chun feidhme;

(e)  comhoibriú leis an nGníomhaireacht i dtaca le cur chun feidhme an phlean imlonnaithe chomhpháirtigh;

(f)  a áirithiú go ndéanfaidh aon mhodhanna rialaithe agus cigireachta, arna sannadh do phlean imlonnaithe comhpháirteach de chuid an  Aontais , a ngníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacha an chomhbheartais iascaigh.

3.  Gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát faoi chuimse plean imlonnaithe chomhpháirtigh a bhunaítear faoi Airteagal 13, is ar na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a bheidh freagracht as ceannas agus rialú na modhanna rialaithe agus cigireachta a gheallfar i dtaca le plean imlonnaithe comhpháirteach.

4.  Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ceanglais a  leagan síos  le haghaidh cur chun feidhme plean imlonnaithe chomhpháirtigh arna ghlacadh faoi Airteagal 13. Leanfaidh na ceanglais sin de bheith laistigh de theorainneacha an phlean sin.

Airteagal 15

Measúnú ar phleananna imlonnaithe comhpháirteacha

Déanfaidh an Ghníomhaireacht measúnú bliantúil ar éifeachtacht gach plean imlonnaithe chomhpháirtigh agus anailís, ar bhonn na fianaise a bheidh ar fáil, ar an riosca a d'fhéadfadh a bheith ann nach mbeadh gníomhaíochtaí iascaireachta ag comhlíonadh na mbeart rialaithe is infheidhme. Cuirfear na measúnuithe sin in iúl go pras do Pharlaimint na hEorpa, don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Airteagal 16

Iascaigh nach bhfuil faoi réir cláir rialaithe agus cigireachta

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó iarraidh ar an nGníomhaireacht imlonnú a modhanna rialaithe agus cigireachta a chomhordú i dtaca le hiascach nó limistéar nach bhfuil faoi réir clár maidir le rialuithe agus cigireachtaí. Déanfar an comhordú sin i gcomhréir le critéir maidir le rialú agus cigireacht agus le tosaíochtaí a aontóidh na Ballstáit lena mbaineann.

Airteagal 17

Gréasán faisnéise

1.  Malartóidh an Coimisiún, an Ghníomhaireacht agus údaráis inniúla na mBallstát an fhaisnéis ábhartha a mbeidh ar fáil acu i dtaca le gníomhaíochtaí rialaithe agus cigireachta laistigh d'uiscí an  Aontais  agus d’uiscí idirnáisiúnta.

2.  Déanfaidh gach údarás inniúil náisiúnta bearta, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha an  Aontais , chun rúndacht iomchuí na faisnéise a gheobhaidh sé a áirithiú  de bhun mhír 1 den  Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagail 112 agus 113 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 18

Rialacha mionsonraithe

Féadfar rialacha mionsonraithe le haghaidh cur chun feidhme na Caibidle seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta  dá dtagraítear  in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Féadfar na nósanna imeachta maidir le hullmhúchán agus glacadh pleananna imlonnaithe comhpháirteacha a chumhdach go háirithe leis na rialacha sin.

CAIBIDIL IV

INNIÚLACHTAÍ NA GNÍOMHAIREACHTA

Airteagal 19

Oifigigh na Gníomhaireachta a shannadh mar chigirí de chuid an Aontais

Féadfar oifigigh na Gníomhaireachta a shannadh mar chigirí de chuid an Aontais  in uiscí idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 79 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

Airteagal 20

Bearta na Gníomhaireachta

Déanfaidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)  lámhleabhair maidir le caighdeáin chomhchuibhithe chigireachta a eisiúint;

(b)  ábhar treorach a fhorbairt ina léireofar na cleachtais is fearr maidir le rialú an chomhbheartais iascaigh, lena n‑áirítear maidir le hoiliúint oifigeach rialaithe, agus ábhar den sórt sin a nuashonrú ar bhonn rialta;

(c)  an tacaíocht theicniúil agus riaracháin is gá a thabhairt don Choimisiún lena thascanna a chomhlíonadh.

Airteagal 21

Comhar

1.  Oibreoidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar leis an nGníomhaireacht, agus tabharfaidh siad aon chúnamh  di  a theastaíonn lena misean a chur i gcrích.

2.  Agus aird chuí á tabhairt ar na córais dlí éagsúla sna Ballstáit aonair, éascóidh an Ghníomhaireacht comhar idir na Ballstáit agus eatarthu agus an Coimisiún chun caighdeáin rialaithe chomhchuibhithe a fhorbairt, i gcomhréir le reachtaíocht an  Aontais  agus na cleachtais is fearr sna Ballstáit agus caighdeáin idirnáisiúnta chomhaontaithe á gcur san áireamh.

Airteagal 22

Aonad éigeandála

1.  I gcás ina n‑aithníonn an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do dhá Bhallstát ar a laghad, staid lena mbaineann riosca géar díreach, neamhdhíreach nó féideartha don chomhbheartas iascaigh, agus nach féidir an riosca sin a chosc, a dhíchur nó a laghdú trí bhíthin modhanna atá ann cheana nó nach féidir é a bhainistiú go leordhóthanach, tabharfar fógra ina leith don Ghníomhaireacht gan mhoill.

2.  Ag gníomhú di ar fhógra ón gCoimisiún nó ar a tionscnamh féin, bunóidh an Ghníomhaireacht aonad éigeandála gan mhoill agus cuirfidh sí sin in iúl don Choimisiún.

Airteagal 23

Cúraimí an aonaid éigeandála

1.  Beidh an t‑aonad éigeandála arna bhunú ag an nGníomhaireacht freagrach as an bhfaisnéis ábhartha uile a bhailiú agus a mheasúnú agus as sainaithint na roghanna atá ar fáil chun an riosca don chomhbheartas iascaigh a chosc, a dhíchur nó a laghdú ar bhealach chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir.

2.  Féadfaidh an t‑aonad éigeandála cúnamh a iarraidh ar aon údarás poiblí nó ar aon duine príobháideach a mheasann sé ar gá a shaineolas chun freagairt go héifeachtach don éigeandáil.

3.  Áiritheoidh  an Ghníomhaireacht an comhordú is gá chun freagairt go leordhóthanach agus go tráthúil don éigeandáil.

4.  Coinneoidh an t‑aonad éigeandála an pobal ar an eolas, i gcás inarb iomchuí, maidir leis na rioscaí lena mbaineann agus na bearta a rinneadh.

Airteagal 24

Clár oibre ilbhliantúil

1.  Bunófar le clár oibre ilbhliantúil na Gníomhaireachta a cuspóirí foriomlána, a sainordú, a cúraimí, a táscairí feidhmíochta agus na tosaíochtaí do gach gníomhaíocht de chuid na Gníomhaireachta thar thréimhse cúig bliana. Cuimseofar ann cur i láthair ar an bplean beartais foirne agus meastachán ar na leithreasuithe buiséadacha a chuirfear ar fáil chun na cuspóirí don tréimhse cúig bliana sin a ghnóthú.

2.  Cuirfear an clár oibre ilbhliantúil i láthair i gcomhréir leis an gcóras bainistithe de réir gníomhaíochtaí agus leis an modheolaíocht arna forbairt ag an gCoimisiún. Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad.

3.  Sa chlár oibre dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 32(2), déanfar tagairt don chlár oibre ilbhliantúil. Sonrófar ann go soiléir cúraimí a cuireadh leis, a athraíodh nó a scriosadh i gcomparáid leis an mbliain airgeadais roimhe sin, agus an dul chun cinn arna dhéanamh maidir le cuspóirí agus tosaíochtaí an chláir oibre ilbhliantúil a bhaint amach.

Airteagal 25

Comhar i ngnóthaí muirí

Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur chun feidhme Bheartas Muirí Comhtháite an AE agus, go háirithe, le comhaontuithe riaracháin arna dthabhairt i gcrích le comhlachtaí eile in ábhair a  thagann faoi raon feidhme an Rialacháin  seo, tar éis formheas a fháil ón mBord Riaracháin. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi sin ag céim luath sna caibidlí.

Airteagal 26

Rialacha mionsonraithe

Glacfar rialacha mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme na Caibidle seo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Féadfar a chumhdach leis na rialacha sin, go háirithe,  tarraingt suas  pleananna maidir le freagairt d'éigeandálaí, le bunú aonaid éigeandála agus leis na nósanna imeachta praiticiúla a bheidh le cur i bhfeidhm.

CAIBIDIL V

STRUCHTÚR AGUS FEIDHMIÚ INMHEÁNACH

Airteagal 27

Stádas dlíthiúil agus príomhoifig

1.  Is comhlacht de chuid an  Aontais  a bheidh sa Ghníomhaireacht agus beidh pearsantacht dhlítheanach aici.

2.  I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an nGníomhaireacht an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge a thugtar do dhaoine dlítheanacha faoi dhlíthe an Bhallstáit sin. Féadfaidh sí, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sí a bheith páirteach in imeachtaí dlíthiúla.

3.  Déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta ionadaíocht uirthi.

4.  Beidh suíomh na Gníomhaireachta in Vigo na Spáinne.

Airteagal 28

Foireann

1.  Beidh feidhm, maidir le foireann na Gníomhaireachta, ag Rialacháin Foirne Oifigigh  an Aontais Eorpaigh  agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile  an Aontais Eorpaigh  a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68(16) ón gComhairle agus ag na rialacha a ghlac Institiúidí  an Aontais Eorpaigh  go comhpháirteach chun na Rialacháin Foirne agus na Coinníollacha Fostaíochta sin a chur i bhfeidhm. Glacfaidh an Bord Riaracháin, le comhaontú ón gCoimisiún, na rialacha mionsonraithe is gá maidir le cur i bhfeidhm.

2.  Gan dochar d’Airteagal 39, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus le Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach eile a fheidhmiú i ndáil lena foireann féin.

3.  Ar fhoireann na Gníomhaireachta, beidh oifigigh arna sannadh nó a thabharfaidh an Coimisiún ar iasacht ar bhonn sealadach agus seirbhísigh eile a earcóidh an Ghníomhaireacht de réir mar is gá chun a cúraimí a dhéanamh.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh a thabharfaidh na Ballstáit ar iasacht a fhostú ar bhonn sealadach.

Airteagal 29

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí  an Aontais Eorpaigh  maidir leis an nGníomhaireacht.

Airteagal 30

Dliteanas

1.  Beidh dliteanas conarthach na Gníomhaireachta faoi rialú ag an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh i dtrácht.

2.  Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais  an Aontais Eorpaigh  chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásal eadrána i gconradh arna thabhairt i gcrích ag an nGníomhaireacht.

3.  I gcás dliteanas neamhchonarthach, cúiteoidh an Ghníomhaireacht, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a dhéanfaidh sise nó a seirbhísigh i gcomhlíonadh a ndualgas. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le cúiteamh a fháil de bharr damáiste den sórt sin.

4.  Rialófar dliteanas pearsanta a seirbhíseach i leith na Gníomhaireachta á rialú ag na forálacha a leagtar síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme maidir leo.

Airteagal 31

Teangacha

1.  Beidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i Rialachán Uimh.1 ón gComhairle(17) maidir leis an nGníomhaireacht.

2.  Soláthróidh Ionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a bheidh ag teastáil i gcomhair fheidhmiú na Gníomhaireachta.

Airteagal 32

Cruthú agus cumhachtaí an Bhoird Riaracháin

1.  Beidh Bord Riaracháin ag an nGníomhaireacht.

2.  Déanfaidh an Bord Riaracháin an méid seo a leanas:

(a)  an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh nó a bhriseadh as a phost de bhun Airteagal 39;

(b)  faoin 30 Aibreán gach bliain, tuarascáil ginearálta na Gníomhaireachta don bhliain roimhe sin a ghlacadh agus a chur  faoi bhráid Pharlaimint  na hEorpa,   na Comhairle ,   an  Choimisiúin ,   na Cúirte  Iniúchóirí agus   na  mBallstát . Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal;

(c)  roimh an 31 Deireadh Fómhair gach bliain, agus tar éis dó tuairim an Choimisiúin agus na mBallstát a chur san áireamh, clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain dár gcionn a ghlacadh agus a chur  faoi bhráid Pharlaimint  na hEorpa,   na Comhairle ,   an  Choimisiúin  agus   na  mBallstát .

Beidh tosaíochtaí na Gníomhaireachta sa chlár oibre. Tabharfar tosaíocht ann do dhualgais na Gníomhaireachta a bhaineann le cláir rialaithe agus chigireachta. Glacfar é gan dochar do nós imeachta buiséadach bliantúil an  Aontais . I gcás ina  gcuireann  an Coimisiún in iúl, laistigh de 30 lá ón dáta a ghlacfar an clár oibre, nach n‑aontaíonn sé leis an gclár sin, déanfaidh an Bord Riaracháin an clár a athscrúdú agus a ghlacadh, agus leasú a bheith déanta air más iomchuí, laistigh de thréimhse dhá mhí, ar an dara léamh;

(d)  buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta a ghlacadh roimh thús na bliana airgeadais, agus é a choigeartú, i gcás inar gá, de réir ranníocaíocht an  Aontais  agus aon ioncam eile de chuid na Gníomhaireachta;

(e)  a chuid feidhmeanna a bhaineann le buiséad na Gníomhaireachta i gcomhréir le Airteagail 44, 45 agus 47 a dhéanamh;

(f)  údarás araíonachta a fheidhmiú ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;

(g)  a rialacha nós imeachta a bhunú lena bhféadfar foráil do bhunú fochoistí den Bhord Riaracháin de réir mar is gá;

(h)  nósanna imeachta a ghlacadh is gá i ndáil le feidhmiú a cúraimí ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 33

Comhdhéanamh an Bhoird Riaracháin

1.  Beidh an Bord Riaracháin comhdhéanta d’ionadaithe ó gach Ballstát agus seisear ionadaithe ón gCoimisiún. Beidh gach Ballstát i dteideal comhalta amháin a cheapadh. Ceapfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhalta malartach amháin le haghaidh gach comhalta agus déanfaidh an malartach sin ionadaíocht ar an gcomhalta agus an comhalta as láthair.

2.  Ceapfar comhaltaí an Bhoird ar bhonn a dtaithí agus a saineolais ábhartha i réimse an rialaithe agus na cigireachta iascaigh.

3.  Beidh téarma oifige cúig bliana ag gach comhalta ó dháta a cheaptha. Féadfar an téarma oifige a athnuachan.

Airteagal 34

Cathaoirleacht an Bhoird Riaracháin

1.  Toghfaidh an Bord Riaracháin Cathaoirleach as measc ionadaithe an Choimisiúin. Toghfaidh an Bord Riaracháin Leas-Chathaoirleach as measc a chomhaltaí. Glacfaidh an Leas-Chathaoirleach ionad an Chathaoirligh go huathoibríoch más rud é go gcuirtear cosc ar an gCathaoirleach a chuid dualgas nó a cuid dualgas a chomhlíonadh.

2.  Beidh téarmaí oifige ag an gCathaoirleach agus ag an Leas-Chathaoirleach ar feadh trí bliana agus rachaidh siad in éag nuair a scoirfidh siad de bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin. Féadfar na tréimhsí oifige a athnuachan aon uair amháin.

Airteagal 35

Cruinnithe

1.  Is é an Cathaoirleach a tionólfaidh cruinnithe an Bhoird Riaracháin. Is é an Cathaoirleach a chinnfidh an clár oibre, agus moltaí chomhaltaí an Bhoird Riaracháin agus Stiúrthóra Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta á gcur san áireamh aige.

2.  Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an t‑ionadaí arna cheapadh ag an mBord Comhairleach páirt sa phlé ach ní bheidh ceart vótála acu.

3.  Beidh gnáthchruinniú ag an mBord Riaracháin ar a laghad uair amháin sa bhliain. Ina theannta sin, tiocfaidh an Bord le chéile ar thionscnamh an Chathaoirligh nó arna iarraidh sin don Choimisiún nó do thrian de na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu ar an mBord Riaracháin.

4.  I gcás ina mbeidh ceist rúndachta ann nó coinbhleacht leasa, féadfaidh an Bord Riaracháin cinneadh a dhéanamh míreanna sonracha ar a chlár oibre a scrúdú gan an comhalta arna cheapadh ag an mBord Comhairleach a bheith i láthair. Féadtar rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm na forála seo i rialacha an nós imeachta.

5.  Féadfaidh an Bord Riaracháin a iarraidh ar aon duine a bhféadfadh a thuairim a bheith ina díol spéise freastal i gcáil breathnóra ar chruinnithe an Bhoird.

6.  Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin, faoi réir fhorálacha a rialacha nós imeachta, cúnamh a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

7.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht rúnaíocht don Bhord Riaracháin.

Airteagal 36

Vótáil

1.  Glacfaidh an Bord Riaracháin a chuid cinntí trí thromlach glan vótaí.

2.  Beidh aon vóta amháin ag gach comhalta. Má bhíonn comhalta as láthair, beidh an comhalta malartach i dteideal a cheart nó a ceart chun vótáil a fheidhmiú.

3.  Bunófar leis na rialacha nós imeachta socruithe vótála níos mionsonraithe, go háirithe na coinníollacha faoinar féidir le comhalta feidhmiú thar ceann comhalta eile chomh maith le haon riachtanais maidir le córam, i gcás inarb iomchuí.

Airteagal 37

Dearbhú leasanna

Déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin dearbhú leasanna ina léireoidh siad nach bhfuil aon leasanna ann a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas nó go bhfuil leasanna díreacha nó neamhdhíreacha ann a d'fhéadfaí a mheas go ndéanfaidís dochar dá neamhspleáchas. Déanfar na dearbhuithe sin i scríbhinn uair amháin in aghaidh na bliana nó aon uair a bheidh coinbhleacht leasa ann i ndáil leis na míreanna ar an gclár oibre. Sa chás deireanach sin, ní bheidh cead vótála ag an gcomhalta lena mbaineann maidir le haon mhír den chineál sin.

Airteagal 38

Dualgais agus cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

1.  Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht a bhainistiú. Gan dochar d’inniúlachtaí an Choimisiúin agus an Bhoird Riaracháin faoi seach, ní iarrfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ar aon rialtas ná ar aon chomhlacht eile ná ní ghlacfaidh sé treoracha ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

2.  Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus a chúraimí á ndéanamh aige nó aici, éifeacht do phrionsabail an chomhbheartais iascaigh.

3.  Beidh na dualgais agus na cumhachtaí seo a leanas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin:

(a)  ullmhóidh sé nó sí an dréachtchlár oibre agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Riaracháin é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus na Ballstáit. Déanfaidh sé nó sí gach beart is gá chun an clár oibre, a rialacha cur chun feidhme agus aon dlí is infheidhme a chur chun feidhme laistigh de na teorainneacha a shonraítear leis an Rialachán seo;

(b)  déanfaidh sé nó sí gach beart is gá, lena n‑áirítear treoracha inmheánacha riaracháin a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, chun eagrú agus feidhmiú na Gníomhaireachta a áirithiú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;

(c)  déanfaidh sé nó sí gach beart is gá, lena n‑áirítear cinntí a ghlacadh maidir le freagrachtaí na Gníomhaireachta faoi Chaibidlí II agus III, lena n-áirítear modhanna rialaithe agus cigireachta a chairtfhostú agus a oibriú agus gréasán faisnéise a oibriú;

(d)  freagróidh sé nó sí d'iarrataí ón gCoimisiún agus d'iarrataí ar chúnamh ó Bhallstát de bhun Airteagail 6, 7 agus 16;

(e)  eagróidh sé nó sí córas faireacháin éifeachtach chun go mbeidh sé nó sí in ann gnóthachain na Gníomhaireachta a chur i gcomparáid lena cuspóirí oibríochtúla. Ar an mbonn sin, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil ghinearálta gach bliain agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Riaracháin í. Bunóidh sé nó sí nósanna imeachta le haghaidh meastóireacht rialta a chomhlíonann caighdeáin ghairmiúla aitheanta;

(f)  feidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 28(2) maidir leis an bhfoireann;

(g)  tarraingeoidh sé nó sí meastacháin suas ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta i gcomhréir le hAirteagal 44 agus cuirfidh sé nó sí an buiséad chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 45.

4.  Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Riaracháin faoina chuid nó faoina cuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 39

An Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh agus a bhriseadh as a phost nó as a post

1.  Ceapfaidh an Bord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar fhoras fiúntais agus ar fhoras taithí doiciméadaithe ábhartha i réimse an chomhbheartais iascaigh agus an rialaithe agus na cigireachta iascaigh as liosta beirt iarrthóirí ar a laghad arna mholadh ag an gCoimisiún tar éis nós imeachta roghnúcháin, tar éis an post a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus glao ar léirithe spéise in áiteanna eile.

2.  Beidh sé de chumhacht ag an mBord Riaracháin an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhriseadh as a phost nó as a post. Déanfaidh an Bord an mhír sin a phlé arna iarraidh sin don Choimisiún nó d'aon trian dá chomhaltaí.

3.  Glacfaidh an Bord Riaracháin na cinntí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí.

4.  Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfar síneadh a chur leis an tréimhse oifige aon uair amháin go ceann cúig bliana eile ar bhonn togra ón gCoimisiún agus déanfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin an síneadh sin a fhormheas trí thromlach dhá thrian.

Airteagal 40

Bord Comhairleach

1.  Ar an mBord Bainistíochta beidh ionadaithe na gComhairlí Comhairleacha dá bhforáiltear in Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2012, ar bhonn ionadaí amháin arna ainmniú ag gach Comhairle Chomhairleach. Féadfar comhaltaí malartacha a ceapadh go comhuaineach a chur in ionad na n‑ionadaithe.

2.  Ní fhéadfaidh comhaltaí den Bhord Comhairleach a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Riaracháin.

Ceapfaidh an Bord Comhairleach duine dá chomhaltaí chun bheith rannpháirteach i bpléití an Bhoird Riaracháin ach ní bheidh ceart vótála aige.

3.  Cuirfidh an Bord Riaracháin, arna iarraidh sin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, comhairle air nó uirthi maidir le feidhmiú a chuid nó a cuid dualgas faoin Rialachán seo.

4.  Gníomhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar chathaoirleach ar an mBord Comhairleach. Tiocfaidh an Bord Comhairleach le chéile ar chuireadh ón gCathaoirleach uair amháin sa bhliain ar a laghad.

5.  Soláthróidh an Ghníomhaireacht an tacaíocht lóistíochta is gá don Bhord Comhairleach agus soláthróidh siad rúnaíocht dá chruinnithe.

6.  Féadfaidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin freastal ar chruinnithe an Bhoird Chomhairligh.

Airteagal 41

Trédhearcacht agus cumarsáid

1.  Beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le doiciméid atá i seilbh na Gníomhaireachta.

2.  Glacfaidh an Bord Riaracháin, faoi cheann sé mhí tar éis dháta a chéad chruinnithe, na socruithe praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur chun feidhme.

3.  Féadfaidh an Ghníomhaireacht cumarsáid a dhéanamh ar a tionscnamh féin, sna réimsí a thagann faoina misean. Áiritheoidh sí, go háirithe, go dtabharfar go prapúil don phobal agus d'aon pháirtí leasmhar faisnéis faoina cuid oibre atá oibiachtúil, iontaofa agus furasta a thuiscint.

4.  Leagfaidh an Bord Riaracháin síos na rialacha inmheánacha is gá chun mír 3 a chur i bhfeidhm.

5.  D'fhéadfadh, de bharr cinntí a glacann an Ghníomhaireacht de bhun Airteagal 8 den Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, go ndéanfaí gearán leis an Ombudsman Eorpach nó go bhféadfadh na cinntí sin a bheith ina n‑ábhar caingne os comhair na Cúirte Breithiúnais, faoi Airteagail  228  agus 263  den Chonradh  ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) .

6.  Beidh an fhaisnéis arna bailiú ag an gCoimisiún agus ag an nGníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir Rialachán (AE)2018/1725.

Airteagal 42

Rúndacht

1.  Beidh comhaltaí an Bhoird Riaracháin, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhaltaí foirne na Gníomhaireachta faoi réir na ceanglais rúndachta de bhun Airteagal  339 CFAE, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais .

2.  Leagfaidh an Bord Riaracháin síos rialacha inmheánacha i ndáil leis na socruithe praiticiúla chun na ceanglais rúndachta dá dtagraítear i mír 1 a chur chun feidhme.

Airteagal 43

Rochtain ar fhaisnéis

1.  Beidh rochtain iomlán ag an gCoimisiún ar an bhfaisnéis go léir a bhaileoidh an Ghníomhaireacht. Cuirfidh an Ghníomhaireacht aon fhaisnéis agus meastóireacht ar an bhfaisnéis sin ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó agus san fhoirm a shonraíonn sé.

2.  Beidh rochtain ag na Ballstáit lena mbaineann ar aon oibríocht ar leith de chuid na Gníomhaireachta ar an bhfaisnéis a bhaileoidh an Ghníomhaireacht i ndáil leis an oibríocht sin faoi réir na gcoinníollacha a fhéadtar a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta  dá dtagraítear  in Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 44

Buiséad

1.  Is éard a bheidh in ioncam na Gníomhaireachta:

(a)  ranníocaíocht ón  Aontas, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Roinn an Choimisiúin);

(b)  muirir ar sheirbhísí a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil do na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 6;

(c)  muirir ar fhoilseacháin, ar oiliúint agus/nó ar aon seirbhísí eile a chuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil.

2.  Cumhdóidh caiteachas na Gníomhaireachta costais foirne agus costais riaracháin, costais bhonneagair agus costais oibríochtúla.

3.  Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais dár gcionn, agus cuirfidh sé nó sí é, mar aon le dréachtphlean bunaíochta, ar aghaidh chuig an mBord Riaracháin.

4.  Beidh an t‑ioncam agus an caiteachas i gcothromaíocht.

5.  Gach bliain soláthróidh an Bord Riaracháin ráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don Ghníomhaireacht don bhliain dár gcionn, bunaithe ar dhréachtráiteas ar mheastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas na Gníomhaireachta.

6.  Déanfaidh an Bord Riaracháin an ráiteas ar mheastacháin  dá dtagraítear i mír 5, a mbeidh dréachtphlean bunaíochta ann chomh maith leis an gclár oibre sealadach, a chur ar aghaidh, faoin 31 Márta ar a dhéanaí,  faoi bhráid  an  Choimisiúin .

7.  Cuirfidh an Coimisiún an ráiteas ar na meastacháin  faoi bhráid Pharlaimint  na hEorpa agus   na Comhairle ("an t‑údarás buiséadach") mar aon le réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontas Eorpaigh.

8.  Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, cuirfidh an Coimisiún na meastacháin sin a mheasann sé atá riachtanach don phlean bunaíochta i réamh-dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh agus méid an fhóirdheontais a dhéanfar a mhuirearú ar an mbuiséad ginearálta, a chuirfidh sé faoi bhráid an údaráis buiséid i gcomhréir le hAirteagal  314 CFAE .

9.  Údaróidh an t‑údarás buiséadach na leithreasuithe i gcomhair an fhóirdheontais arna thabhairt don Ghníomhaireacht. Glacfaidh an t‑údarás buiséadach an plean bunaíochta i gcomhair na Gníomhaireachta.

10.  Glacfaidh an Bord Riaracháin an buiséad. Beidh sé críochnaitheach tar éis dréachtbhuiséid an Aontais Eorpaigh a bheith glactha go críochnaitheach. I gcás inarb iomchuí, déanfar é a choigeartú dá réir sin.

11.  Déanfaidh an Bord Riaracháin, a luaithe is féidir, fógra a thabhairt don údarás buiséadach faoi aon tionscadal a mbeidh sé ar intinn aige é a chur chun feidhme, ar tionscadal é a d'fhéadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige i dtaca le cistiú an bhuiséid, go háirithe aon tionscadail a bhaineann le maoin, amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas ina thaobh sin.

12.  I gcás ina dtabharfaidh brainse den údarás buiséadachfógra a thabhairt go bhfuil sé ar intinn aige tuairim a sholáthar, cuirfidh an brainse sin a thuairim faoi bhráid  an  Bhoird  Riaracháin laistigh de thréimhse sé seachtaine ó dháta fógartha an tionscadail.

Airteagal 45

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1.  Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chuirfidh buiséad na Gníomhaireachta chun feidhme.

2.  Faoin 1 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliana airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n‑institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe i gcomhréir le hAirteagal 245 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) (an "Rialachán Airgeadais").

3.  Faoin 31 Márta ar a dhéanaí i ndiaidh gach bliain airgeadais, cuirfidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na Gníomhaireachta  faoi bhráid na Cúirte  Iniúchóirí, mar aon le tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin. Cuirfear an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais don bhliain airgeadais sin  faoi bhráid Pharlaimint  na hEorpa agus   na Comhairle freisin .

4.  Nuair a gheobhaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha na Gníomhaireachta, déanfaidh sé, de bhun Airteagal 246 den Rialachán Airgeadais, cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a tharraingt suas ar a chúram nó ar a cúram féin agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird  Riaracháin iad chun tuairim a fháil.

5.  Tabharfaidh an Bord Riaracháin tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta.

6.  Faoin 1 Iúil den bhliain ina dhiaidh sin ar a dhéanaí,  cuirfidh  an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha, mar aon le tuairim an Bhoird Riaracháin,  faoi bhráid Pharlaimint  na hEorpa,   na Comhairle ,   an  Choimisiúin  agus   na Cúirte  Iniúchóirí.

7.  Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha

8.  Bunóidh an Ghníomhaireacht feidhm iniúchóireachta inmheánaí a chaithfear a fheidhmiú i gcomhréir leis na caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.

9.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar a barúlacha chuig an gCúirt Iniúchóirí faoin 30 Meán Fómhair ar a dhéanaí. Cuirfidh sé nó sí an freagra sin chuig an mBord Riaracháin freisin.

10.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, an fhaisnéis go léir is gá faoi bhráid  Pharlaimint na hEorpa  chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht, a leagtar síos in Airteagal 261(3) den Rialachán Airgeadais.

11.  Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin roimh an 30 Aibreán den dara bliain ina dhiaidh sin, i leith chur chun feidhme an bhuiséid don bhliain i dtrácht.

Airteagal 46

Calaois a chomhrac

1.  Chun calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 maidir leis an nGníomhaireacht.

2.  Aontóidh an Ghníomhaireacht do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag OLAF agus eiseoidh sí, gan mhoill, na forálacha iomchuí do bhaill uile a foirne.

3.  Leagfar síos go sainráite sna cinntí maidir le cistiú agus maidir leis na comhaontuithe agus na hionstraimí cur chun feidhme a bhaineann leis na cinntí sin go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a dhéanamh, más gá, ar fhaighteoirí chistiú na Gníomhaireachta agus ar na gníomhairí atá freagrach as an gcistiú sin a leithdháileadh.

Airteagal 47

Forálacha airgeadais

Glacfaidh an Bord Riaracháin, tar éis dó comhaontú a fháil ón gCoimisiún agus tuairim ón gCúirt Iniúchóirí, rialacha airgeadais na Gníomhaireachta. Ní imeoidh siad ó Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún(19) mura gá sin go sonrach ar mhaithe le hoibriú na Gníomhaireachta agus mura mbeidh sin ceadaithe ag an gCoimisiún roimh ré.

CAIBIDL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Measúnú

1.  Laistigh de chúig bliana ón dáta ar ghlac an Ghníomhaireacht a dualgais chuici féin, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Bord Riaracháin meastóireacht sheachtrach neamhspleách a choimisiúnú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a mheasann an Ghníomhaireacht a bheith ábhartha don mheastóireacht sin a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

2.  I ngach meastóireacht, déanfar measúnú ar thionchar an Rialacháin seo, inúsáidteacht, ábharthacht agus éifeachtacht na Gníomhaireachta agus a cleachtais oibre agus a mhéid a chuidíonn sí le hardchaighdeán comhlíontachta leis na rialacha arna ndéanamh faoin gcomhbheartas iascaigh a bhaint amach. Eiseoidh an Bord Riaracháin téarmaí tagartha sonracha i gcomhaontú leis an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na páirtithe i dtrácht.

3.  Gheobhaidh an Bord Riaracháin an mheastóireacht agus eiseoidh sé moltaí chuig an gCoimisiún maidir le hathruithe ar an Rialachán seo, ar an nGníomhaireacht agus ar a cleachtais oibre. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta mar aon leis na moltaí a eascróidh aisti  faoi bhráid Pharlaimint  na hEorpa agus   na Comhairle  agus cuirfear iad ar fáil don phobal.

Airteagal 49

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 768/2005.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 50

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

An Rialachán aisghairthe le liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh.768/2005 ón gComhairle

(IO L 128, 21.5.2005, lch. 1)

 

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle

(IO L 343, 22.11.2009, lch. 1)

Ach amháin Airteagal 120

Rialachán (AE) 2016/1626 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 251, 16.9.2016, lch. 80)

 

_____________

IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 768/2005

An Rialachán seo

Airteagail 1 go 7

Airteagail 1 go 7

Airteagal 7a

Airteagal 8

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 17a

Airteagal 19

Airteagal 17b

Airteagal 20

Airteagal 17c

Airteagal 21

Airteagal 17d

Airteagal 22

Airteagal 17e

Airteagal 23

Airteagal 17f

Airteagal 24

Airteagal 17g

Airteagal 25

Airteagal 17h

Airteagal 26

Airteagal 18

Airteagal 27

Airteagal 19

Airteagal 28

Airteagal 20

Airteagal 29

Airteagal 21

Airteagal 30

Airteagal 22

Airteagal 31

Airteagal 23

Airteagal 32

Airteagal 24

Airteagal 33

Airteagal 25

Airteagal 34

Airteagal 26

Airteagal 35

Airteagal 27

Airteagal 36

Airteagal 28

Airteagal 37

Airteagal 29

Airteagal 38

Airteagal 30

Airteagal 39

Airteagal 31

Airteagal 40

Airteagal 32

Airteagal 41

Airteagal 33

Airteagal 42

Airteagal 34

Airteagal 43

Airteagal 35

Airteagal 44

Airteagal 36

Airteagal 45

Airteagal 37

Airteagal 46

Airteagal 38

Airteagal 47

Airteagal 39

Airteagal 48

Airteagal 40

-

Airteagal 41

-

-

Airteagal 49

Airteagal 42

Airteagal 50

-

Iarscríbhinn I

-

Iarscríbhinn II

_____________

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)IO C 102, 4.4.1996, lch. 2.
(3) (Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.
(4)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(5)Rialachán (CE) Uimh. 768/2005 ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 lena mbunaítear córas rialaithe is infheidhme maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (IO L 128, 21.5.2005, lch. 1).
(6)Féach Iarscríbhinn I.
(7)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, de chuid na Comhairle agus de chuid an Choimisiúin (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(9) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(10)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(11) IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.
(12)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(13)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006. (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006, (IO L 343, 22.12.2009, p. 1).
(14)Rialachán (AE) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lch. 1).
(15)Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).
(16)IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(17)Rialachán Uimh. 1 an 15 Aibreán 1958 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 17, 6.10.1958, lch. 385).
(18) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(19)Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, (IO L 328, 7.12.2013, lch. 42).


Ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil ***I
PDF 99kWORD 49k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 lena tharchuirtear an t-ábhar chuig an gcoiste atá freagrach as idirbheartaíocht idirinstitiúideacha ar bhonn an togra, nár rinneadh leasú air, le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomhairiú gluaiseachta agus faireacháin earraí máil (athmhúnlú) (COM(2018)0341 – C8-0215/2018 – 2018/0187(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0085A8-0010/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

(1).Cinneadh arna ghlacadh faoi Riail 59(4), an ceathrú fomhír, de na Rialacha Nós Imeachta (A8-0010/2019).


An dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de ***I
PDF 197kWORD 59k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an dlí is infheidhme i dtaca le héifeachtaí tríú páirtí ó thaobh sannadh éileamh de (COM(2018)0096 – C8-0109/2018 – 2018/0044(COD))
P8_TA(2019)0086A8-0261/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 ('clár Pericles IV') ***I
PDF 209kWORD 66k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár malartúcháin, cúnaimh agus oiliúna chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (‘clár Pericles IV') (COM(2018)0369 – C8-0240/2018 – 2018/0194(COD))
P8_TA(2019)0087A8-0069/2019

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór ***
PDF 119kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar cheann an Aontais Eorpaigh (07979/2018 – C8-0447/2018 – 2018/0095(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0090A8-0054/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07979/2018),

–  ag féachaint don Dréachtchomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (07980/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0447/2018),

–  ag féachaint do thuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017(1),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 12 Feabhra 2019(2) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Rialacha 99(1) agus (4), agus do Riail 108(7) de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0054/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shingeapór.

(1) Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017, 2/15, ECLI:AE:C: 2017:376.
(2) Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0091.


Comhaontú Cosanta Infheistíochta AE-Singeapór (rún)
PDF 131kWORD 53k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, , maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais Eorpaigh (07979/2018 – C8-0447/2018 – 2018/0095M(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0091A8-0049/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07979/2018),

–  ag féachaint don Dréachtchomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (07980/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C8‑0447/2018),

–  ag féachaint do threoracha caibidlíochta an 23 Aibreán 2007 maidir le comhaontú saorthrádála (CST) le Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN),

–  ag féachaint don chinneadh ón gComhairle an 22 Nollaig 2009 chun caibidlíochtaí déthaobhacha CST a dhéanamh le Ballstáit aonair de chuid ASEAN, ag tosú le Singeapór,

–  ag féachaint dá rún an 6 Aibreán 2011 maidir le beartas infheistíochta idirnáisiúnta Eorpach amach anseo(1),

–  ag féachaint do mhodhnuithe an 12 Mean Fómhair 2011 ar na treoracha caibidlíochta tosaigh chun an Coimisiún a údarú le hinfheistíocht a chaibidliú,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir na Ballstáit agus tríú tíortha(2),

–  ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 le haghaidh stráitéis nuálach réamhbhreathnaitheach nua maidir le trádáil agus infheistíocht amach anseo(3),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal ‘Trádáil do chách – Faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’ (COM(2015)0497),

–  ag féachaint don tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017 maidir le nós imeachta 2/15(4), arna iarraidh ag an gCoimisiún an 10 Iúil 2015, de bhun Airteagal 218(11) CFAE,

–  ag féachaint dá rún an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le hionchur AE in Ionstraim Cheangailteach na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó i leith chearta an duine(5),

–  ag féachaint do na Rialacha maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit ó Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL),

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Teideal V de maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais,

–  ag féachaint do CFAE, go háirithe Cuid a Cúig, Teidil I, II agus V de, Airteagal 207 go sonrach, i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Feabhra 2019(6) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0049/2019),

A.  de bhrí go bhfuil luachanna bunúsacha i gcoiteann ag AE agus Singeapór, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht ratha, urraim do chearta an duine, don éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus tiomantas láidir do rialacha bunaithe ar thrádáil laistigh den chóras iltaobhach trádála;

B.  de bhrí gurb é AE an príomhfhaighteoir agus an phríomhfhoinse maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche ar fud an domhain;

C.  de bhrí gurb é Singeapór an t-ochtú ceann scríbe is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche de cuid an Aontais Eorpaigh agus an chéad cheann i réigiún ASEAN;

D.  de bhrí gurb é Singeapór an comhpháirtí is mó de AE in Oirdheisceart na hÁise, agus díreach faoi bhun trian de thrádáil AE-ASEAN in earraí agus seirbhísí aige, agus thart ar dhá thrian de na hinfheistíochtaí uile idir an dá réigiún. de bhrí go bhfuil a n-oifig réigiúnach ag níos mó na 10,000 cuideachta Eorpach i Singeapór agus a oibríonn mar is gnách, i gcomhthéacs deimhneacht dhlíthiúil;

E.  De bhrí gurb é Singeapór an príomhionad d’infheistíocht Eorpach san Áise, agus stoic infheistíochta ag dul chomh hard le EUR 256 bhilliún in 2016;

F.  de bhrí go bhfuil níos mó ná 3 000 conradh infheistíochta idirnáisiúnta i bhfeidhm faoi láthair agus gur páirtí iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh i dtimpeall 1 400 acu;

G.  de bhrí gurb é seo an chéad chomhaontú maidir le ‘cosaint infheistíochta amháin’ arna thabhairt i gcrích idir AE agus triú tír tar éis plé i measc na n-institiúidí ar struchtúr nua CSTanna AE ar bhonn thuairim 2/15 ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017;

H.  de bhrí, i bhfianaise chur chuige nua AE maidir le cosaint infheistíochta agus a shásra um fhorfheidhmiú agus an chórais cúirte infheistíochta (ICS), gur aontaigh Singeapór in 2017 go ndéanfadh sé athbhreithniú ar na forálacha maidir le cosaint infheistíochta a socraíodh trí chaibidlíocht in 2014, lenar athosclaíodh comhaontú a bhí dúnta;

I.  de bhrí go gcuireann an comhaontú leis na forálacha maidir le cosaint infheistíochta atá sa Chomhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA), agus a dhaingnigh Parlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2017;

J.  de bhrí gur iarr an Bheilg an 6 Mean Fómhair 2017 ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh tuairim a thabhairt maidir le comhoiriúnacht fhorálacha ICS CETA le conarthaí AE;

K.  de bhrí gur lú an tábhacht atá le sásraí um réiteach díospóidí de bharr geilleagair fhorbartha ag a bhfuil údaráis bhreithiúnacha dea-fheidhmiúla, cé go bhféadfadh na sásraí sin réiteach níos tapúla ar na díospóidí sin a áirithiú; de bhrí go ndéanfadh bunú cúirte iltaobhaí infheistíochta neamhspleáiche, mar sin féin, muinín sa chóras agus i ndeimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú;

L.  de bhrí go dtiocfaidh an comhaontú in ionad na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta atá ann faoi láthair idir 13 Bhallstát de chuid AE agus Singeapór, nach n-áirítear leo cur chuige nua AE maidir le cosaint infheistíochta agus a shásra um fhorfheidhmiú (ICS);

M.  de bhrí gur thug na Páirtithe gealltanas cúirt iltaobhach infheistíochta a bhunú, tionscnamh ar thug Parlaimint na hEorpa tacaíocht láidir dó;

N.  de bhrí gur ghlac an Chomhairle, an 20 Márta 2018, na treoracha caibidlíochta lenar údaraíodh an Coimisiún le dul i mbun caibidlíochta, thar ceann AE, ar choinbhinsiún lena mbunófaí cúirt iltaobhach infheistíochta; de bhrí gur cuireadh na treoracha caibidlíochta sin ar fáil don phobal;

O.  de bhrí gur thug AE comhaontú comhchosúil maidir le cosaint infheistíochta i gcrích le Vítneam, a ghlac an Coimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2018;

1.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di chur chuige nua AE maidir le cosaint infheistíochta agus a shásra um fhorfheidhmiú (ICS), a tháinig in ionad an tsásra thar a bheith conspóideach maidir le réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS), agus ag tabhairt aghaidh ar chuid dá lochtanna sa phróiseas, agus sna cineálacha cur chuige leithleacha atá á leanúint ag Ballstáit AE sna conarthaí déthaobhacha infheistíochta (BITanna) atá ann cheana;

2.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta infheistíochta, trédhearcachta agus cuntasachta, leis an gcomhaontú agus, ag an am céanna, an ceart na leibhéil rialtasacha go léir a rialáil agus saothrú cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha don dá Pháirtí, amhail sláinte phoiblí agus cosaint an chomhshaoil, á choimirciú ; ag cur i bhfios dá ndéanfadh Pairtí amháin rialáil ar shlí a mbeadh drochthionchar aige ar infheistíocht nó a chuirfeadh isteach ar ionchais brabúis infheisteora, nach mbeadh sé ina shárú ar chaighdeáin cosanta infheistíochta agus nach mbeadh gá le haon chúiteamh dá bhrí sin; ag cur i bhfáth nach gceadaítear don chomhaontú srian a chur le neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta ná cearta na gceardchumann ar aon bhealach.

3.  ag cur i bhfáth go n-áirithítear leis an gcomhaontú nach ndéanfar idirdhealú idir infheisteoirí AE i Singeapór agus infheisteoirí Singeapóracha agus go gcosnófar infheisteoirí AE go cuí leis an gcomhaontú ar dhíshealbhú neamhdhlisteanach;

4.  ag meabhrú go mbeartaítear le ICS go mbunófaí Binse Infheistíochta Buan Céadchéime agus Binse Achomhairc, nach mór dá gcomhaltaí cáilíochtaí inchomparáide le cáilíochtaí na mbreithiúna sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta a bheith acu, lena n-áirítear saineolas i réimse an dlí idirnáisiúnta phoiblí, agus ní i réimse an dlí tráchtála amháin, agus nach mór dóibh rialacha dochta maidir le neamhspleáchas, ionracas agus iompar eiticiúil a shásamh trí chód iompair ceangailteach atá ceaptha coinbhleachtaí leasa a chosc;

5.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di go mbeidh feidhm ag rialacha trédhearcachta os comhair binsí fiosraithe, go mbeidh cásdoiciméid ar fáil go poiblí agus go dtionólfar éisteachtaí go poiblí; den tuairim go gcabhróidh trédhearcacht níos mó le hiontaoibh phoiblí a chothú sa chóras; ag cur in iúl gur díol sásaimh di, thairis sin, an tsoiléireacht maidir leis na forais inar féidir le hinfheisteoir éileamh a chur isteach, ar rud é a áirithíonn trédhearcacht agus cothroime bhreise an phróisis;

6.  ag cur i bhfios nach bhfuil aon seasamh dlíthiúil ag tríú páirtithe amhail eagraíochtaí saothair agus comhshaoil os comhair binsí fiosraithe agus nach féidir a bheith rannpháirteach, dá bhrí sin, mar pháirtithe a ndéantar difear dóibh chun oibleagáidí infheisteoirí a fhorfheidhmiú ach gur féidir leo rannchuidiú le himeachtaí ICS trí mhionteagaisc amicus curiae. ag cur i bhfáth gur córas ar leithligh fós d’infheisteoirí coigríche amháin an chúirt infheistíochta;

7.  ag cur i bhfios nach ceadmhach siopadóireacht dlínse a bheith indéanta agus go gcaithfear imeachtaí iomadúla agus imeachtaí comhthreomhara a sheachaint;

8.  ag meabhrú go gcuireann an comhaontú go suntasach leis na forálacha maidir le cosaint infheistíochta in CETA, toisc go bhfuil forálacha ann maidir le hoibleagáidí ar iarbhreithiúna, mar aon le cód iompair chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus Binse Achomhairc lánfheidhmiúil tráth a dtugtar i gcrích é;

9.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas Shingeapór maidir leis an gcúirt iltaobhach infheistíochta a bhunú, cúirt idirnáisiúnta agus neamhspleách phoiblí a dtabharfar de chumhacht di díospóidí i dtaca le hinfheistíochtaí idir infheisteoirí agus stáit inar ghlac siad le dlínse na cúirte ar a gconarthaí déthaobhacha infheistíochta a éisteacht, agus nach mór é a bheith mar sprioc dheiridh aici an córas cosanta infheistíochta neamhchothrom agus costasach atá ann faoi láthair a athchóiriú agus a ionadú; ag meas gur céim ríthábhachtach é an comhaontú chun na críche sin; á mholadh don Choimisiún leanúint lena chuid iarrachtaí teagmháil a dhéanamh le tíortha chun an chúirt iltaobhach infheistíochta a bhunú chomh luath agus is féidir;

10.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh ón gComhairle treoir chaibidlíochta an 20 Márta 2018 maidir leis an gcúirt iltaobhach infheistíochta a chur ar fáil don phobal agus tá sí ag iarraidh ar an gComhairle na treoracha idirbheartaíochta do na comhaontuithe trádála agus infheistíochta roimhe seo agus a bheidh ann amach anseo a chur ar fáil don phobal díreach tar éis iad a ghlacadh, chun trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí a mhéadú;

11.  ag cur i bhfios go gcuirfear an comhaontú in ionad na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta atá an cheana idir 13 Bhallstát de chuid an Aontais agus Singeapór agus ar an gcaoi sin níos mó comhleanúnachais a sholáthar ná na conarthaí déthaobhacha infheistíochta atá bunaithe ar fhorálacha cosanta infheistíochta atá as dáta agus lena n-áirítear ISDS; ag cur i bhfios go gcruthóidh an comhaontú cearta nua le haghaidh éilimh infheisteoirí sna 15 Bhallstát eile atá fágtha; ag cur i bhfáth gurb iad na cúirteanna náisiúnta feidhmiúla an príomhrogha chun díospóidí infheisteoirí a réiteach, ach ag meas gur céim thábhachtach é an comhaontú ionsar na rialacha domhanda maidir le cosaint infheistíochta agus socrú díospóidí a athchóiriú;

12.  ag cur in iúl gur oth léi an easpa forálacha maidir le hoibleagáidí na n-infheisteoirí, agus ag cur i bhfáth, sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá freagracht shóisialta chorparáideach; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar reachtaíocht atá cosúil le reachtaíocht maidir le mianraí coinbhleachta agus adhmad, mar shampla an tionscal éadaigh; ag meabhrú thábhacht Threoirlínte ECFE le haghaidh Fiontair Ilnáisiúnta agus Threoirphrionsabail na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine.

13.  easpa cur chuige domhanda á thabhairt dá haire aici i leith cearta an duine a bheith á gcomhlíonadh ag corparáidí agus sásraí leighis a bheith ar fáil; an obair a thosaigh na Náisiúin Aontaithe lena meitheal idir-rialtasach oscailte maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair eile ghnó i leith chearta an duine chun ionstraim cheangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe a bhunú á tabhairt dá haire aici; ag spreagadh an Choimisiún agus Bhallstáit AE plé go tairbheach sa tionscnamh sin;

14.  ag spreagadh an Choimisiúin leanúint ar aghaidh lena chuid oibre maidir le ICS a dhéanamh níos inrochtana, go háirithe le haghaidh FBManna agus cuideachtaí beaga;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Shingeapór smachtbhannaí níos láidre a aontú i gcás nach gcomhlíonann comhalta de na binsí an cód iompair, agus chun a áirithiú go mbeidh siad i bhfeidhm a luaithe a thiocfaidh an comhaontú seo i bhfeidhm;

16.  ag meas go dtabharfaidh formheas an chomhaontaithe seo tuilleadh cumhachta do AE comhaontuithe comhchosúla a thabhairt i gcrích le tíortha eile de chuid ASEAN trí chaibidlíocht d’fhonn rialacha comhchosúla maidir le cosaint infheistíochta ar fud an réigiúin a bhunú;

17.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Shingeapór.

(1)IO CE 296, 2.10.2012, lch. 34.
(2)IO L 351, 20.12.2012, lch. 40.
(3)IO C 101, 16.3.2018, lch. 30.
(4)Tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais an 16 Bealtaine 2017, 2/15, ECLI:AE:C: 2017:376.
(5)Téacsanna a glacadh, P8_TA(2018)0382.
(6)Téacsanna a glacadh, P8_TA-PROV(2019)0090.


Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór ***
PDF 118kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar cheann an Aontais Eorpaigh (15375/2018 – C8-0026/2019 – 2018/0403(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0092A8-0020/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15375/2018),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (08224/2014),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 212 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0026/2019),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 13 Feabhra 2019(1) maidir leis an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0020/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shingeapór.

(1) Téacsanna a glacadh, P8_TA-PROV(2019)0093.


Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór
PDF 152kWORD 55k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais (15375/2018 – C8-0026/2019 – 2018/0403M(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0093A8-0023/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15375/2018),

–  ag féachaint don Dréachtchomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (08224/2014),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 212, in éineacht le hAirteagal 218(6)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0026/2019);

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (PCA), arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála (FTA) agus don Chomhaontú um Chosaint Infheistíochta (IPA), arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint do Chomhaontú ASEAN-CEE arna shíniú i Márta 1980, arb é an creat dlíthiúil é do chaidreamh AE-ASEAN(1),

–  ag féachaint don 12ú Cruinniú Mullaigh den Áise-Eoraip (ASEM), arna chomóradh sa Bhruiséil an 18 agus 19 Deireadh Fómhair 2018,

–  ag féachaint don 10ú cruinniú idirpharlaiminteach de AE-Singeapór, arna thionól i Singeapór an 23 Bealtaine 2017,

–  ag féachaint don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, arna foilsiú ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) i Meitheamh 2016,

–  ag féachaint do na Treoirlínte maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh san Áise Thoir, arna fhormheas ag an gComhairle an 15 Meitheamh 2012,

–  ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2018 maidir le comhar slándála feabhsaithe AE san Áise agus leis an Áise,

–  ag féachaint don stráitéis AE maidir leis an Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile, atá bunaithe ar choincheap na nascachta inbhuanaithe,

–  ag féachaint do na rúin le deanaí ó ASEAN, go háirithe na rúin sin ón 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE le ASEAN(2) agus ón 15 Eanáir 2014 maidir le todhchaí na gcaidreamh AE-ASEAN(3),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Feabhra 2019(4) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha(A8-0023/2019),

A.  de bhrí go bhfuil an caidreamh AE-Singeapór ann leis na blianta fada agus go bhfuil an caidreamh sin tógtha ar stair fhada de chairdeas agus de dhlúthcheangail stairiúla, polaitiúla agus eacnamaíocha; de bhrí go bhfuil an caidreamh déthaobhach fothaithe ar luachanna comhroinnte agus ar thiomantas i leith domhan faoi shíocháin agus rathúil a bheith ann;

B.  de bhrí go n-athdhearbhaíonn an dá pháirtí i gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (PCA) AE-Singeapór a n-urraim do phrionsabail an daonlathais, d’fhorlámhas an dlí, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, faoi mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in ionstraimí eile maidir le cearta idirnáisiúnta an duine is infheidhme;

C.  de bhrí go bhfuil Singeapór ar cheann de chomhaltaí bunaitheacha Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), a cheiliúir 40 bliain a bhunaithe in 2017;

D.  de bhrí go ndearna Singeapór, le linn dó a bheith i gcúram Cathaoirleachta ar ASEAN in 2018 leis an mana ‘Athléimneach agus Nuálach’, dhá Chruinniú Mullaigh de ASEAN a óstáil agus go ndearna sé aontacht, slándáil agus comhar eacnamaíoch in ASEAN a chur chun cinn, agus sheol sí tionscnaimh amhail Cumann na nÓg ASEAN;

E.  de bhrí go bhfuil Singeapór ina dhlúth-chomhghuaillí leis na Stáit Aontaithe, ar thug sé FTA i gcrích leo in 2003, agus go measann sé go bhfuil na Stáit Aontaithe fíor-riachtanach don tslándáil, cobhsaíocht agus cóimheá i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise;

F.  de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 9ú háit in Innéacs um Fhorbairt Dhaonna Chlár Forbartha NA in 2017;

G.  de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 6ú háit in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú de chuid ‘Transparency International’ in 2017, á fhágáil ar cheann de na tíortha ar domhan is lú éilliú ann;

H.  de bhrí go raibh an chéad Fhóram na gCeannairí Óga AE-ASEAN ar siúl i mí Feabhra 2018;

I.  de bhrí go bhfuil taithí ag Singeapór ar bharrleibhéil truaillithe aeir mar gheall ar dhóiteáin foraoise i dtíortha comharsanachta, mar thoradh, den chuid is mó, ar dhó a bhí déanta d’aon turas chun talamh a réiteach le haghaidh saothrú na n-ola phailme agus fáschoillte;

J.  de bhrí go bhfuil na cearta chun saoirse cainte, chun tionól faoi shíocháin agus chun comhlachais deimhnithe i mBunreacht Shingeapór, ach go gcuirtear srianta diana orthu ar fhorais na slándála, do chosaint an oird phoiblí, don mhoráltacht, do phribhléid pharlaiminteach agus do chomhbheithsine chiníoch agus reiligiúnach; de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 151ú háit as 180 in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2018; de bhrí go mbaintear úsáid as dlíthe Shingeapór maidir le díspeagadh, ceannairc agus leabhal chun cáineadh ó ghníomhaithe, ó bhlagálaithe agus ó na meáin a theorannú;

K.  de bhrí go mbaineann Singeapór úsáid as phionós an bháis go fóill; de bhrí, cé go raibh tréimhse ghairid ann nár cuireadh éinne chun báis, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbásuithe ó 2014;

L.  de bhrí go gcuirtear srianta diana ar chearta phobal LGBTI Shingeapór; de bhrí go bhfuil caidreamh gnéasach comhthoiliúil idir beirt fhear neamhdhleathach agus go ngabhann pionós suas le dhá bhliain sa phríosún leis; de bhrí nach n-aithnítear caidrimh chomhghnéis faoi dhlí Shingeapór;

M.  de bhrí nár dhaingnigh Singeapór dhá chroíchoinbhinsiúin de chuid EIS fós, go háirithe an Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus an Coinbhinsiún maidir le Idirdhealú;

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór

1.  ag cur fáilte roimh an bhfíoras go bhfuil an PCA tugtha chun críche, ar Comhaontú é a bhfuil tábhacht straitéiseach leis agus a bheidh mar chreat dlíthiúil don chaidreamh déthaobhach buan agus don tiomantas i leith comhar a neartú agus a leathnú i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus i réimsí amhail, cosaint an chomhshaoil, cobhsaíocht idirnáisiúnta, ceartas, slándáil agus forbairt;

2.  ag tabhairt chun suntais go bhfuil an PCA ag soláthar deiseanna le haghaidh réimsí nua comhair, amhail cearta an duine, ceartas, saoirse agus slándáil agus neamhleathadh arm núicléach, agus le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta i réimsí amhail fuinneamh, an comhshaol, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, cosaint acmhainní nádúrtha, agus iompar, go háirithe iompar muirí agus aeir;

3.  ag cur fáilte roimh an gcomhar maidir le naisc daoine le daoine, leis an tsochaí faisnéise, leis na réimsí closamhairc agus meán, le malartuithe oideachais agus cultúrtha, le gnóthaí fostaíochta agus sóisialta, le sláinte agus le staidreamh a chuideoidh chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar faoin gcomhaontú;

4.  ag meas go bhfuil an PCA, i.e. an creat-chomhaontú, comhlachaithe go dlúth ar bhonn polaitiúil leis an FTA agus an IPA agus go gcomhlánaíonn sé iad sin; ag meabhrú gur féidir le hAirteagal 44 den PCA neamhfhorghníomhú na gcomhaontuithe a cheadú i gcásanna ina ndéantar sárú tromchúiseach córasach ar na gnéithe bunriachtanacha, lena n-áirítear prionsabail dhaonlathacha, forlámhas an dlí agus cearta an duine;

5.  ag cur fáilte roimh shíniú Shingeapór an 21 Meitheamh 2017 den Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil (MCAA) maidir le caighdeán domhanda d’uathmhalartú faisnéise chun críocha cánach a chur chun feidhme agus roimh an bhfógra a chuir sé isteach chuig ECFE an 30 Meitheamh 2017 á rá go raibh rún aige uathmhalartuithe faoin gcomhaontú sin a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit uile nach raibh comhaontú déthaobhach chun na críche céanna i bhfeidhm ina leith; ag moladh do Chomhpháirtithe lánúsáid a bhaint as na forálacha maidir le comhar cánach sa PCA;

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha

6.  ag athdhearbhú an tiomantais agus na rannpháirtíochta riachtanacha a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, cearta sóisialta san áireamh, don daonlathas, do shaoirsí bunúsacha, do dhea-rialachas agus don smacht reachta, agus freisin don chomhoibriú ina leith seo; ag meabhrú go bhfuil cearta an duine i gcroílár chaidreamh AE le tríú tíortha; ag iarraidh ar údaráis Shingeapór meas ar an dlí idirnáisiúnta, an daonlathas, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a áirithiú i ngach cás, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus ag meas gur cheart do AE leanúint de thacaíocht a thabhairt do Shingeapór maidir le cuimsiú sóisialta, cearta an duine agus forlámhas an dlí, agus an tsíocháin, an tslándáil agus athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn; ag cur fáilte roimh an díospóireacht phoiblí oscailte maidir le athbhreithniú ar an dlí neamhforfheidhmithe i ndáil le pionós a ghabhann le caidrimh chomhghnéis chomhthoiliúla agus ag iarraidh ar rialtas Shingeapór cearta an phobail LGBTI a chosaint go hiomlán; ag áitiú go gcuirfeadh rialtas Shingeapór deireadh leis na dlíthe a ghearrann pionós ar chaidrimh ghnéis idir daoine den inscne chéanna; ag cur i dtreis go bhfuil gá le tuilleadh comhair maidir le cearta na mban agus ag tathant ar rialtas Shingeapór glacadh reachtaíochta a éascú lena gcuirtear cosc ar gach sórt idirdhealaithe i gcoinne mná agus ar idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh;

7.  á iarraidh ar AE dul i mbun caibidlíochta le rialtas Shingeapór d’fhonn moratóir láithreach maidir le pionós an bháis a thabhairt isteach mar chéim i dtreo dhíothú phionós an bháis;

8.  ag iarraidh ar rialtas Shingeapór saoirse cainte agus saoirse comhthionóil a chosaint, is bunghnéithe iad de dhaonlathas atá ag feidhmiú go maith;

9.  ag iarraidh ar an Aontas Eorpach dul i mbun caibidlíochta leis na húdaráis Shingeapóracha d’fhonn daingniú ionstraimí chearta an duine agus chroíchoinbhinsiún EIS sa tír a éascú; ag tabhairt dá haire nár dhaingnigh Singeapór na Coinbhinsiúin maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus gur cháin sé an Coinbhinsiún maidir le Saothar Éignithe; ag súil go mbeidh Singeapór i dteagmháil níos dlúithe le EIS d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo ailíniú iomlán leis an ábhar agus ar deireadh daingniú na gcoinbhinsiún sin;

Caidreamh AE-Singeapór

10.  ag cur i dtreis tríd an PCA a thabhairt i gcrích go soláthraítear spreagadh láidir le haghaidh tuilleadh rannpháirtíochta idir AE, Singeapór agus réigiún na hÁise Thoir Theas trí chéile;

11.  ag tabhairt chun suntais an luach polaitiúil a bhaineann le caidreamh láidir trádála agus infheistíochta idir Singeapór agus an tAontas;

12.  ag cur béim ar thaithí áirithe AE maidir le forbairt institiúidí, an margadh aonair, cóineasú rialála, bainistiú géarchéime, cabhair dhaonnúil agus fóirithint anachaine, agus cearta an duine agus an daonlathas; ag cur i dtreis gur cheart do AE idirphléití beartais agus comhar a neartú maidir le saincheisteanna amhail cearta bunúsacha agus ábhair leasa choitinn, forlámhas an dlí agus an tslándáil agus cosaint saoirse cainte;

13.  ag cur fáilte roimh an bhfíoras go dtacaíonn an PCA le malartuithe daoine le daoine, amhail soghluaisteacht acadúil faoi Chlár Erasmus Mundus, agus go n-éascaíonn sé tuilleadh forbartha ar mhalartuithe cultúrtha chun tuiscint agus eolas frithpháirteach ar na cultúir éagsúla a mhéadú;

14.  ag cur béim ar an ról atá ag Fondúireacht na hÁise agus na hEorpa (ASEF), atá lonnaithe i Singeapór, mar an phríomhionstraim le haghaidh malartuithe cultúrtha idir an Áise agus Eoraip; ag cur fáilte roimh a ról féin i gcur san áireamh imní na sochaí sibhialta mar chuid lárnach de na pléití ag ASEM;

15.  ag tabhairt chun suntais go ndéanann Lárionad an Aontais Eorpaigh i Singeapór, a bunaíodh in 2009 i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Náisiúnta Singeapór agus le hOllscoil Teicneolaíochta Nanyang, eolas agus tuiscint ar AE, mar aon lena chuid beartas, a chur chun cinn agus gur cuid é de líonra domhanda Ionaid Barr Feabhais AE;

16.  ag moladh do thaighdeoirí i Singeapór taighde comhpháirteach agus tionscadail nuálaíochta a dhéanamh in éineacht le heintitis AE faoi thionscnaimh taighde AE amhail clár ‘Fís 2020’, agus aghaidh a thabhairt ar dhúsláin dhomhanda chomhchoiteanna a bhaineann le hathrú aeráide, leis an gcomhshaol, le biteicneolaíocht, le sláinte, le pobail atá ag dul in aois, le fuinneamh, le hacmhainní nádúrtha agus le soláthar slán bia;

Caidreamh réigiúnach agus idirnáisiúnta

17.  ag meas gur comhpháirtí tábhachtach é Singeapór a mhéid a bhaineann le freagairt ar thubaistí daonnúla san Áise Thoir Theas, agus go bhfuil ról tábhachtach aige maidir le cobhsaíocht pholaitiúil an réigiúin ar fad;

18.  ag cur in iúl gur ábhar imní di go mbeidh tionchar mór ag an athrú aeráide ar Singeapór agus ar réigiún ASEAN; ag cur fáilte roimh rannchuidiú dearfach Shingeapór i leith Spriocanna Forbartha na Mílaoise agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag cur fáilte roimh dhaigniú Shingeapór ar Chomhaontú Pháras an 21 Meán Fómhair 2016 agus ag súil go mbainfidh sé amach na spriocanna laghdaithe astaíochtaí atá beartaithe faoi 2030; ag cur in iúl a haidhm dul i mbun oibre le Singeapór agus ASEAN chun dlús a chur le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide; ag cur chun suntais an gá atá ann cúnamh a thabhairt do Shingeapór agus na tíortha ASEAN eile chun cosaint agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta a fheabhsú, go háirithe maidir le sceireacha coiréil agus athshlánú córasach na n-éiceachóras foraoise; ag cur fáilte roimh ról Shingeapór sa saincheist réigiúnach maidir le laghdú dífhoraoisithe; ag moladh tuilleadh comhair idir an tAontas agus Singeapór chun srian éifeachtach a chur le dóiteáin foraoise agus chun teicneolaíochtaí don iompar agus d’fhoirgnimh a ghlacadh nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol;

19.  ag cur in iúl go gcreideann sí go bhfuil raon feidhme, suim agus gá ann go mbeadh AE agus ASEAN ag obair le chéile chun straitéis chomhpháirteach maidir le geilleagar ciorclach a fhorbairt;

20.  ag cur fáilte roimh bhunú Fhóram na gCeannairí Óga AE-ASEAN, lena n-údarófar do cheannairí óga ó AE agus ó thíortha ASEAN smaointe a mhalartú agus caidrimh a chothú chun tacaíocht a thabhairt do chaidreamh AE-ASEAN;

21.  ag cur i dtreis go dtabharfaidh an PCA deis do AE a rannchuidiú le cur chun feidhme comhchuspóirí sa limistéar Ind-Chiúin-Aigéanach a neartú; á iarraidh comhiarrachtaí neartaithe maidir le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor agus oscailte;

22.  á iarraidh comhar le Singeapór chun comhleasanna a bhaint amach maidir le cur chun feidhme pholasaí nascachta ASEAN agus AE; ag cur i dtreis an gá atá le comhoibriú maidir le Tionscamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ chun oibriú i dtreo cur chun feidhme maidir le spriocanna nascachta agus critéir nascachta a comhaontaíodh le linn Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín le déanaí; ag athdhearbhú an gá atá le rialachas iltaobhach a chur chun cinn;

23.  ag cur i dtreis go bhfuil iltaobhachas réigiúnach san Áise Thoir Theas á mholadh ag Singeapór; ag tabhairt dá haire an ról atá ag Singeapór in idirphléití idir-réigiúnacha taidhleoireachta, eacnamaíochta agus institiúideacha AE-ASEAN agus ag cur béim ar an tacaíocht a thugann Singeapór don lánpháirtiú réigiúnach san Áise Thoir Theas;

24.  ag tabhairt dá haire go bhfuil suíomh Shingeapór straitéiseach; ag tabhairt dá haire an rannchuidiú atá déanta ag Singeapór i leith na slándála réigiúnaí agus domhanda; ag cur fáilte roimh Chruinniú Mullaigh Slándála na hÁise, ar a dtugtar Idirphlé ‘Shangri-La’ freisin, a dhéantar a thionól in Óstán ‘Shangri-La’ i Singeapór ó 2002 i leith;

25.   ag cur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas atá ag méadú i Muir na Síne Theas; ag iarraidh ar ASEAN dlús a chur le comhairliúcháin maidir le Cód Iompair do réiteach síochánta na ndíospóidí agus na gconspóidí sa limistéar sin agus ag iarraidh ar AE tacaíocht a thabhairt dó; ag áitiú gur cheart an tsaincheist a réiteach de réir an dlí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); sásta go bhfuil Singeapór, tír nach éilitheoir, tar éis ugach a thabhairt do na páirtithe féachaint leis an easaontas eatarthu a réiteach go síochánta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún NA maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS);

26.  á iarraidh, i dteannta Shingeapór, go mbeadh saoirse loingseoireachta agus traseitilte sa limistéar agus ag cur i bhfios go bhfuil leas láidir ag AE i ndáil le cobhsaíocht a chur chun cinn san Áise Thoir Theas; ag tabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag Fóram Réigiúnach ASEAN agus ag Cruinniú Mullaigh na hÁise Thoir i dtaca le hidirphléití slándála a chur chun cinn idir an réigiún agus cumhachtaí seachréigiúnacha na Síne agus na Stát Aontaithe;

27.  ag cur fáilte roimh Chlár Cibearacmhainneachta ASEAN a seoladh ar thionscnamh Shingeapór, agus a bhfuil sé mar aidhm leis cúnamh a thabhairt do náisiúin ASEAN chun cibearbhagairtí a shainaithint agus freagairt dóibh; ag tuiscint nach ann do noirm fhrithpháirteacha cibearchosanta in ASEAN, agus gur rud é sin a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcomhar cibearshlándála sa réigiún; á iarraidh ar AE a thaithí i ndéileáil le cibearbhagairtí agus le bagairtí hibrideacha a roinnt le ASEAN agus tacaíocht a thabhairt dó i bhfothú acmhainneachta sa réimse sin;

28.  ag moladh Shingeapór as trúpaí agus ábhar a leithscaradh chun tacú leis an gcomhfhórsa ilnáisiúnta san Iaráic ó 2002 go 2008 agus an rannchuidiú a rinne sé ina dhiaidh sin leis na hoibríochtaí frith-ISIS san Iaráic agus sa tSiria;

29.  ag aithint a ullmhaithe atá Singeapór chun cruinnithe mullaigh a óstáil, agus an ról atá aige in óstáil na gcruinnithe mullaigh sin, chun síocháin agus forbairt muiníne a chur chun cinn san Áise agus thar theorainneacha na hÁise amach;

Creat institiúideach faoin PCA

30.  ag cur fáilte roimh an bhfíoras go ndéantar Coiste Comhpháirteach atá comhdhéanta d’ionadaithe ón dá thaobh ar ardleibhéal iomchuí a bhunú faoin PCA ar mhaithe le feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an chomhaontaithe a áirithiú, le tosaíochtaí a leagan síos agus le moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an chomhaontaithe a chur chun cinn;

31.  á iarraidh malartuithe rialta idir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus Parlaimint na hEorpa, ionas go mbeidh sé ar chumas Pharlaimint na hEorpa obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme an PCA agus baint amach a chuspóirí;

o
o   o

32.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint Shingeapór.

(1)IO L 144, 10.6.1980, lch. 2.
(2)IO C 346, 27.9.2018, lch. 44.
(3)IO C 482, 23.12.2016, lch. 75.
(4)Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0092.


Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích ***
PDF 117kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích (13111/2018 – C8-0473/2018 – 2018/0282(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0094A8-0022/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13111/2018),

–  ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach(1),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 90 agus le hAirteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0473/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0022/2019),

1.  ag tabhairt a toiliú chun an conradh a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na hAlbáine, chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, chuig Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, chuig an gCosaiv(2), chuig Montainéagró agus chuig Poblacht na Seirbia.

(1)IO L 278, 27.10.2017, lch. 3
(2)Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.


Comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála ***I
PDF 183kWORD 55k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó tráchtála (COM(2018)0378 – C8-0242/2018 – 2018/0203(COD))
P8_TA(2019)0103A8-0477/2018

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála ***I
PDF 221kWORD 64k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála (seirbheáil doiciméad) (COM(2018)0379 – C8-0243/2018 – 2018/0204(COD))
P8_TA(2019)0104A8-0001/2019

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
PDF 142kWORD 51k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0895 – C8-0511/2018 – 2018/0436(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0105A8-0063/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
(4)  Dá dheasca sin, chun aon bhriseadh tromchúiseach sna hoibríochtaí a chosc, an t-ord poiblí san áireamh, is gá tacar sealadach beart a bhunú a chuirfidh ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na 27 mBallstát eile. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfar cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofar an iomaíocht chóir.
(4)  Dá dheasca sin, chun aon bhriseadh tromchúiseach sna hoibríochtaí a chosc, an t-ord poiblí san áireamh, is gá tacar sealadach beart a bhunú a chuirfidh ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na 27 mBallstát eile nó earraí a iompar ó chríoch na Ríochta Aontaithe go dtí críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfar cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofar an iomaíocht chóir.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
(2)   ciallaíonn “iompar déthaobhach”:
(2)   ciallaíonn “iompar údaraithe”:
(a)  turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe ar chríoch an Aontais agus ar chríoch na Ríochta Aontaithe faoi seach, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó trí níos mó;
(a)  turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil a bhfuil a pointe tosaigh agus a ceann scríbe ar chríoch an Aontais agus ar chríoch na Ríochta Aontaithe faoi seach, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;
(b)   turas neamhualaithe i gcomhar leis an iompar dá dtagraítear i bpointe (a);
(b)   Turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch na Ríochta Aontaithe go dtí críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;
(ba)  turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
(5)   ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, lena n-áirítear iompar déthaobhach;
(5)   ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, i leith iompar údaraithe;
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – teideal
An ceart chun iompar déthaobhach
An ceart chun iompair údaraithe
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1
1.  Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe iompar déthaobhach a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
1.  Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe iompar údaraithe a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar déthaobhach den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth:
2.  Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar údaraithe den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth:
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Déanfar na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh i gcás iompar déthaobhach a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo:
Déanfar na rialacha seo a leanas a chomhlíonadh i gcás iompar údaraithe a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo:
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.  I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
2.  I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, chun an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
(a)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(a)   cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) den Rialachán seo a chur ar fionraí sa chás nach ndeonaítear cearta coibhéiseacha d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó gur íoschearta na cearta a dheonaítear;
(b)   cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí;
(b)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh amhail dualgais airgeadais nó srianta oibríochta.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha a bhfuil oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu, féadfaidh an Coimisiún, d’fhonn an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha a bhfuil oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu, féadfaidh an Coimisiún, chun an choibhéis a athbhunú, an méid seo a leanas a dhéanamh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe:
(a)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann;
(a)  cur i bhfeidhm Airteagal 3 (1) agus (2) den Rialachán seo sa chás nach ndeonaítear cearta coibhéiseacha d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó gur íoschearta a dheonaítear;
(b)   cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí; nó
(b)   teorainneacha a leagan síos ar an toilleadh incheadaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó ar an líon turas, nó an dá cheann; nó
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh
(c)  bearta iomchuí eile a ghlacadh amhail dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0063/2019).


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
PDF 157kWORD 55k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0893 – C8-0510/2018 – 2018/0433(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0106A8-0062/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr, gan dochar d'aon chomhaontú a bhféadfaí a caibidlíocht a dhéanamh lena aghaidh agus a d'fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí cur ar fáil aersheirbhísí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.
(5)  Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta seo, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr. Faoin... [cuir isteach dáta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ba cheart sainordú a thabhairt don Choimisiún chun tús a chur le caibidlíochtaí oscailte leis an Ríocht Aontaithe maidir le comhaontú cuimsitheach aeriompair.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5a)   Chun leibhéil nascachta a bheidh chun leasa an dá thaobh a chothabháil, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail códroinnt d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí AE 27 araon i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(6)  Chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh iompróirí an Aontais dul in iomaíocht le hiompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil, ba cheart an cumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le coibhéis a athbhunú nó cásanna lena mbainfeadh iomaíocht mhíchothrom a réiteach le bearta iomchuí. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
_________________
1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 a (nua)
Airteagal 2a
Díolúine shealadach ó cheanglas úinéireachta
1.  Féadfaidh an Coimisiún díolúine shealadach a dheonú ón gceanglas úinéireachta arna leagan síos i bpointe (f) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 arna iarraidh sin ag an aeriompróir ar choinníoll go gcomhlíonann an t-aeriompróir na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)  go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm dá dtagraítear in Airteagal 12(2);
(b)  gur leis an Ríocht Aontaithe nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, nó meascán den dá rud, níos lú ná 50 % den ghnóthas;
(c)  gurb iad Ballstáit an Aontais nó náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais, nó meascán den dá rud, a rialaíonn an gnóthas le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; agus
(d)  go ndéanann sé pleananna inchreidte a thíolacadh maidir lena struchtúr úinéireachta a athrú sa tréimhse ama is giorra agus is féidir chun an ceanglas úinéireachta arna leagan síos i bpointe (f) d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a chomhlíonadh.
2.  Féadfar an díolúine dá dtagraítear i mír 1 a dheonú ar feadh tréimhse nach dtéann thar an 30 Márta 2020 agus ní bheidh sí inathnuaite.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c
(c)  seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;
(c)  seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe, lena n-áirítear códroinnt, a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2
2.  I gcomhréir le hAirteagal 4 agus Airteagal 5, maidir le seirbhísí aeriompair sceidealaithe a sholáthar de bhun an Rialacháin seo, ní rachaidh an toilleadh séasúrach iomlán a bheidh le soláthar ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ar na bealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát thar líon iomlán na minicíochtaí arna bhfeidhmiú ag na haeriompróirí sin ar na bealaí sin le linn shéasúr geimhridh agus shéasúr samhraidh IATA na bliana 2018.
scriosta
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, féadfaidh sé, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a bheidh tugtha ag an Ríocht Aontaithe d'aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jurede facto, leis na cearta a thabharfar d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil gan idirdhealú d'aeriompróirí uile an Aontais, tá sé de chumhacht aige, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 a chun:
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe a
(a)  an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
(a)  caidhpeáil ar an acmhainn do bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát a mholadh agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008:
2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha a bhfuil aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ag baint tairbhe astu i bhfad níos fabhraí ná na coinníollacha sin, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún, d'fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11a, chun:
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe a
(a)  an acmhainn atá ar fáil d'aeriompróirí na Ríochta Aontaithe laistigh den teorainn a leagtar síos in Airteagal 3(2) a choigeartú agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
(a)  caidhpeáil ar an acmhainn do bhealaí idir an Ríocht Aontaithe agus gach Ballstát a mholadh agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Féadfar gníomhartha tarmligthe faoi mhír 2 a ghlacadh chun na cásanna seo a leanas a leigheas:
3.  Beidh sé mar aidhm leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 na cásanna seo a leanas go háirithe a leigheas:
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe d
(d)  caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
(d)  caighdeáin maidir le cosaint cearta paisinéirí, oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó leis an gcomhshaol atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4
4.  Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2.
4.  Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2, gan moill mhíchuí.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.  Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.
1.  Rachaidh an tAontas agus údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11
Airteagal 11
scriosta
An Coiste
Déanfaidh an coiste a bunaíodh le hAirteagal 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 a (nua)
Airteagal 11a
An tarmligean a fheidhmiú
1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó, más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 4 – pointe a
(a)  an dáta a thiocfaidh comhaontú idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó
(a)  an dáta a thiocfaidh comhaontú cuimsitheach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm lena rialaítear aeriompar eatarthu a sholáthar nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A8-0062/2019).


An tsábháilteacht eitlíochta maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas ***I
PDF 149kWORD 52k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0894 – C8-0514/2018 – 2018/0434(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0107A8-0061/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
3.  Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna theoiriciúla dá dtagraítear in Airteagal 5.
3.  Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 5.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós chun gur féidir leanúint dá n-úsáid mar aerárthaí nó in aerárthaí.
Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – teideal
Modúil oiliúna theoiriciúla a aistriú
Modúil oiliúna a aistriú
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/20111 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/20142 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit.
De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/20111 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/20142 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ach nach raibh eisiúint an cheadúnais mar thoradh air fós roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit.
__________________
__________________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1.
1 Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1.
2 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1.
2 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
2.  Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis.
2.  Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
3.  Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.
3.  Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008.
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí nó eisitheoirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
Rialachán (AE) Uimh. 319/20141 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír.
Rialachán (AE) Uimh. 319/20141 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh nó á eisiúint acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír.
__________________
__________________
1 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 593/2007. IO L95, 28.3.2014, lch. 58
1 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 593/2007. IO L95, 28.3.2014, lch. 58
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn – Roinn 2 – pointe 2.6 a (nua)
2.6a  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid-M, Fochuid H, Pointí M.A.801(b) 2, 3 agus (c) (Deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála).

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), ceathrú fomhír (A8-0061/2019).


GATS: coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne le AE ***
PDF 125kWORD 49k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích na gComhaontuithe ábhartha faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí leis an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Críoch chustaim ar leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (Tai-pei na Síne), an Cholóim, Cúba, Eacuadór, Hong Cong na Síne, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Eilvéis, agus na Stáit Aontaithe, maidir leis na coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach (14020/2018 – C8-0509/2018 – 2018/0384(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0108A8-0067/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (14020/2018),

–  ag féachaint do na dréacht-Chomhaontuithe ábhartha faoi Airteagal XXI den Chomhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí leis an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, Críoch chustaim ar leith na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu (Tai-pei na Síne), an Cholóim, Cúba, Eacuadór, Hong Cong na Síne, an India, an tSeapáin, an Chóiré, an Nua-Shéalainn, na hOileáin Fhilipíneacha, an Eilvéis agus na Stáit Aontaithe, maidir leis na coigeartuithe cúiteacha is gá tar éis aontachas na Seicia, na hEastóine, na Cipire, na Laitvia, na Liotuáine, na hUngáire, Mhálta, na hOstaire, na Polainne, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach (14020/2018 ADD 1-17),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 91, le hAirteagal 100(2), leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 207(4) agus le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0509/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0067/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun na comhaontuithe a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


Bearta a chuíchóiriú chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích ***I
PDF 189kWORD 60k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích (COM(2018)0277 – C8-0192/2018 – 2018/0138(COD))
P8_TA(2019)0109A8-0015/2019

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Árachas mótarfheithiclí ***I
PDF 236kWORD 80k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (COM(2018)0336 – C8-0211/2018 – 2018/0168(COD))(1)
P8_TA-PROV(2019)0110A8-0035/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 1
(1)  Tá tábhacht ar leith le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i dtaca le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, is cuma más sealbhóirí polasaí nó íospartaigh fhéideartha timpistí iad. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a dhaingniú agus a chomhdhlúthú.
(1)  Tá tábhacht ar leith ag baint le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta maidir le húsáid mótarfheithiclí (mótarárachas) do shaoránaigh na hEorpa, cibé acu is sealbhóirí polasaí iad nó páirtithe a d’fhéadfadh a bheith gortaithe mar thoradh ar thionóisc. Is mórábhar cúraim do ghnóthais árachais é freisin mar gur deighleog shuntasach de ghnó árachais neamhshaoil san Aontas é. Chomh maith leis sin, bíonn tionchar suntasach ag mótarárachas ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus feithiclí, agus dá bhrí sin, ar an margadh inmheánach agus ar limistéar Schengen. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina phríomhchuspóir ag gníomhaíocht an Aontais i réimse na seirbhísí airgeadais margadh inmheánach an mhótarárachais a atreisiú agus a chomhdhlúthú.
(Má ghlactar an leasú seo, ba cheart tuilleadh leasuithe comhfhreagracha ar aithrisí an ghnímh leasaithigh seo a dhréachtú.)
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 2
(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh d’íospartaigh timpistí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí.
(2)  Rinne an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle15, lena n-áirítear a héifeachtúlacht, éifeachtacht agus comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais. Ba é conclúid na meastóireachta go bhfeidhmíonn Treoir 2009/103/CE go maith ar an iomlán, agus nach gá í a leasú maidir le tromlach na ngnéithe. Mar sin féin, aithníodh ceithre réimse ina mbeadh leasuithe spriocdhírithe iomchuí: cúiteamh do pháirtithe a gortaíodh i dtionóiscí i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais, íosmhéideanna cumhdaigh árachais éigeantacha, na seiceálacha árachais a dhéanann na Ballstáit ar fheithiclí, agus an úsáid a bhaineann gnóthas árachais nua as ráitis faoi stair na n-éileamh de chuid sealbhóirí polasaí. Sa bhreis ar na ceithre réimse sin, chun daoine díobhálaithe a chosaint níos fearr, ba cheart rialacha nua a thabhairt isteach maidir le dliteanas i gcás timpiste lena bhfuil baint ag leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe.
__________________
__________________
15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).
15 Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (IO L 263, 7.10.2009, lch. 11).
Leasú 3
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 a (nua)
(3a)  Tá cuid de na feithiclí níos lú amhail rothair leictreacha agus Segwayanna agus dá bhrí sin, is lú is dóichí go ndéanfadh na feithiclí sin damáiste suntasach do dhaoine nó do mhaoin ná cinn eile. Bheadh sé díréireach agus ní bheadh sé in ann seasamh i bhfad na haimsire iad a áireamh i raon feidhme Threoir 2009/103/CE, toisc go bhfhorchuirfí leis sin oibleagáid ar dhaoine cumhdach árachais costasach agus iomarcach a bheith acu ar na feithiclí sin. Ina theannta sin, bhainfeadh staid den sórt sin an bonn ó roghnú na bhfeithiclí sin agus dhéanfadh sí an nuálaíocht a dhíspreagadh ainneoin nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhféadfadh na feithiclí sin a bheith ina gcúis le timpistí a bheith á mbaint de dhaoine díobhálaithe ar an scála céanna le feithiclí eile amhail gluaisteáin nó trucailí. I gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, leis na rialacha ar leibhéal an Aontais, ba cheart go gcumhdaítear na feithiclí sin a bhfuil d’acmhainn acu dochar suntasacha a dhéanamh i staid trasteorann. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, raon feidhme Threoir 2009/103/CE a theorannú do na feithiclí sin mheasann an tAontas go bhfuil gá le ceanglais sábháilteachta agus slándála a bheith ina leith sula gcuirtear ar an margadh iad, i.e. na feithiclí atá faoi réir cineálcheadú AE.
Leasú 4
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 b (nua)
(3b)  Tá sé tábhachtach, áfach, cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an leibhéal cosanta iomchuí do dhaoine a d’fhéadfadh a bheith gortaithe mar gheall ar fheithiclí, seachas iad siúd atá faoi réir cineálcheadú AE. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach cead a bheith ag na Ballstáit forálacha éigeantacha a choimeád nó a thabhairt isteach lena gcumhdaítear cosaint úsáideoirí na gcineálacha eile feithiclí sin chun daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ó thionóisc tráchta. Sa chás ina roghnaíonn Ballstát cumhdach árachais den sórt sin a éileamh i bhfoirm árachas éigeantach, ba cheart an dóchúlacht go bhféadfaí feithicil a úsáid i staid trasteorann agus an gá atá le daoine díobhálaithe féideartha a chosaint i mBallstát eile a chur san áireamh.
Leasú 5
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 c (nua)
(3c)  Is iomchuí freisin feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid le haghaidh raonrásaíocht carranna a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE, mar is iondúil a bhíonn na feithiclí sin cumhdaithe ag foirmeacha eile árachais dliteanais agus ní bhíonn siad faoi réir mótarárachas éigeantach nuair nach n-úsáidtear iad ach amháin le haghaidh comórtais. Ó tharla go bhfuil úsáid na bhfeithiclí sin teoranta do rian nó spás rialaithe, is lú is dóichí go mbeadh timpiste ann le feithiclí nó daoine neamhbhainteacha teoranta chomh maith. Tá sé tábhachtach, áfach, go gcoimeádann nó go dtugann na Ballstáit isteach forálacha éigeantacha chun feithiclí a ghlacann páirt in imeacht raonrásaíochta carranna a chumhdach.
Leasú 6
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 d (nua)
(3d)   Tá cothromaíocht iomchuí bainte amach ag an Treoir seo idir leas an phobail agus na costais fhéideartha d’údaráis phoiblí, d’árachóirí agus do shealbhóirí polasaí, d’fhonn a áirithiú go bhfuil na bearta atá molta costéifeachtach.
Leasú 7
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 e (nua)
(3e)  Ba cheart go n-aireofaí le húsáid feithicle i dtrácht úsáid feithicle i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus príobháideacha. D’fhéadfadh gach cabhsán, carrchlós nó aon limistéir choibhéiseacha eile ar thír-raon príobháideach atá inrochtana ag an bpobal. Níor cheart go nglacfaí le húsáid feithicle i limistéar dúnta, i gcás nach féidir leis an bpobal rochtain a fháil air, mar úsáid feithicle i dtrácht. Mar sin féin, nuair a úsáidtear feithicil i dtrácht am ar bith agus go bhfuil sí faoi réir ceanglas árachais éigeantach dá réir, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil an fheithicil sin cumhdaithe ag polasaí árachais lena n-áirítear daoine féideartha díobhálaithe, le linn thréimhse an chonartha, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil i dtrácht tráth na timpiste, cé is moite i gcás ina n-úsáidtear an fheithicil in imeacht raonrásaíochta carranna. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann an cumhdach árachais nach mbaineann le trácht a theorannú i gcás nach bhfuil ag súil le cumhdach a bheith ann, mar is amhlaidh i gcás ina mbaintear timpiste de tharracóir le timpiste nuair nárbh é, tráth na timpiste sin, go raibh sé ina mhodh taistil ach go raibh sé ag giniúint, mar mheaisín chun obair a chur i gcrích, an chumhacht tiomána is gá chun feidhmiú.
Leasú 8
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3 f (nua)
(3f)  Ba cheart úsáid feithicle i staideanna nach mbaineann le trácht a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2009/103/CE. Ina theannta sin, níor cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar fheithiclí, atá díchláraithe go buan nó go sealadach mar gheall ar a neamhábaltacht a bheith úsáidte mar mhodh iompair, cumhdach árachais a fháil, toisc go bhfuil siad, mar shampla, i músaem, go bhfuil athchóiriú á dhéanamh orthu nó nár úsáideadh iad ar feadh tréimhse fhada ama ar chúis eile, amhail úsáid shéasúrach.
Leasú 9
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4
(4)  Níor cheart do na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, is féidir seiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí gan iad a stopadh agus mar sin gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad agus nach gá an fheithicil a stopadh.
(4)  Faoi láthair, Ballstáit ag staonadh ó sheiceálacha árachais a dhéanamh ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i gcríoch Ballstáit eile ná ar fheithiclí atá bunaithe de ghnáth i gcríoch tríú tír atá ag teacht isteach ina gcríoch ó chríoch Ballstáit eile. Le forbairtí teicneolaíochta nua, amhail teicneolaíocht lena gceadaítear aitheanta uimhirphlátaí uathoibríoch, is féidir seiceálacha árachais discréideacha a dhéanamh ar árachas feithiclí gan iad a stopadh agus, dá réir sin, gan cur isteach ar shaorghluaiseacht daoine. Is iomchuí, dá bhrí sin, na seiceálacha sin maidir le hárachas feithiclí a cheadú, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach, gur cuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta iad, ar sheiceálacha iad a dhéantar i leith na bhfeithiclí atá bunaithe i gcríoch an Bhallstát atá ag déanamh na seiceálacha, nach bhfuil gá ann an fheithicil a stopadh agus má dhéantar iad le hurraim iomlán do chearta, do shaoirse agus do leasa dlisteanacha an duine lena mbaineann.
Leasú 10
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Chun go mbeadh córas den sórt sin in ann feidhmiú, tá gá le malartú faisnéise idir na Ballstáit chun seiceálacha cumhdaigh mótarárachais a cheadú fiú má tá feithicil cláraithe i mBallstát eile. Ba cheart an malartú faisnéise sin, bunaithe ar an gcóras EUCARIS (an Córas Eorpach Faisnéise maidir le Feithiclí agus Ceadúnais Tiomána) atá ann cheana, a dhéanamh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, toisc gur cheart go mbeadh gach feithicil faoi réir an fhíoraithe chéanna. Na leasuithe a thabharfar isteach leis an Treoir seo, beidh tionchar teoranta acu ar riaracháin phoiblí ós rud é go bhfuil an córas malartaithe sin ann cheana agus go bhfuil sé in úsáid chun dul i ngleic le cionta tráchta.
Leasú 11
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4 b (nua)
(4b)   Is fadhb mhéadaitheach laistigh den Aontas í mótarfheithicil a úsáid gan cumhdach árachais éigeantaigh i gcoinne dliteanas sibhialta. Mar thoradh ar thiomáint neamhárachaithe, meastar gurb é € 870 milliún an costas a bhain le héilimh in 2011 don Aontas trí chéile. Ba cheart a chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag an tiomáint neamhárachaithe ar réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n-áirítear íospartaigh timpistí, árachóirí, cistí ráthaíochta agus sealbhóirí polasaí mótarárachais.
Leasú 12
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 5 a (nua)
(5a)  I gcomhréir leis na prionsabail sin, níor cheart go gcoimeádfadh Ballstáit sonraí ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse a theastaíonn lena fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil cumhdach aráchais bhailí ag feithicil. Nuair a fhaightear go bhfuil feithicil cumhdaithe, ba cheart na sonraí ar fad a bhaineann leis an bhfíorú sin a scriosadh. Sa chás nach bhfuil córas fíoraithe in ann a chinneadh an bhfuil feithicil árachaithe, níor cheart na sonraí sin a choimeád ach ar feadh uastréimhse 30 lá nó go dtí go léirítear cumhdach árachais bailí na feithicle, cibé acu tréimhse is giorra. Maidir leis na feithiclí ar ina leith a fuarthas nach bhfuil siad cumhdaithe ag cumhdach árachais bhailí, tá sé réasúnach a éileamh go gcoimeádfaí na sonraí sin go dtí go mbeidh aon phróisis riaracháin nó bhreithiúnacha curtha i gcrích agus go dtí go mbeidh an fheithicil cumhdaithe ag polasaí árachais bhailí.
Leasú 13
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 7
(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach éifeachtúil d’íospartaigh timpistí tráchta, ní mór i gcónaí a ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na híospartaigh sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú chun an cúiteamh tosaigh a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a mbeidh an ceart an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá bunaithe nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach ndéanfaí éilimh chomhthreomhara, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh timpistí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin dá mba rud é gur chuir siad a n-éileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais lena mbaineann cheana féin, nó gur thionscain siad caingean dlí in éadan an ghnóthais árachais cheana féin, agus go bhfuil an t-éileamh sin fós á bhreithniú agus go bhfuil an chaingean sin fós ar feitheamh.
(7)  Ar mhaithe le cosaint éifeachtach agus éifeachtúil do pháirtithe a gortaíodh mar thoradh ar thionóisc tráchta, ní mór i gcónaí na méideanna atá dlite dá ndíobhálacha pearsanta nó damáiste dá maoin a chúiteamh leis na daoine díobhálacha sin, beag beann ar cé acu an bhfuil gnóthas árachais an pháirtí faoi dhliteanas sócmhainneach nó nach bhfuil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhlacht a bhunú nó a ainmniú, gan mhoill, chun an cúiteamh tosaigh, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Threoir 2009/103/CE nó suas go teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá sé níos airde, a sholáthar do dhaoine díobhálacha a chónaíonn laistigh dá gcríoch de ghnáth, agus ag a bhfuil an ceart chun an cúiteamh sin a aiséileamh ón gcomhlacht atá curtha ar bun nó ainmnithe chun na críche céanna sin i mBallstát bunaíochta an ghnóthais árachais a d’eisigh an polasaí d’fheithicil an pháirtí faoi dhliteanas. Mar sin féin, ionas nach dtabharfaí nach éilimh chomhthreomhara isteach, níor cheart cead a bheith ag íospartaigh tionóiscí tráchta éileamh ar chúiteamh a chur faoi bhráid an chomhlachta sin má tá an t-éileamh curtha faoina bhráid cheana acu agus má tá an t-éileamh sin fós á bhreithniú.
Leasú 14
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 8
(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
(8)  Maidir le startha na n-éileamh a bhí cheana féin ag sealbhóirí polasaí ar mian leo conarthaí árachais nua a chur i gcrích le gnóthais árachais, ba cheart a bheith in ann na startha sin a fhíordheimhniú go héasca chun aithint stair na n-éileamh sin a éascú nuair atá polasaí árachais nua á chur i gcrích. Chun fíorú agus fíordheimhniú na ráiteas faoi stair na n-éileamh a éascú, tá sé tábhachtach go mbeidh ábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh sin mar an gcéanna i ngach Ballstát. Sa bhreis air sin, maidir le gnóthais árachais a chuireann ráitis faoi stair na n-éileamh san áireamh chun préimheanna mótarárachais a chinneadh, níor cheart dóibh idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta ná ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh an sealbhóir polasaí roimhe sin amháin. Ina theannta sin, ba cheart go gcaithfeadh gnóthais árachais le ráiteas ó Bhallstát eile mar ráiteas atá comhionann le ráiteas intíre agus ba cheart go ndéanfaidís aon lascainí atá ar fáil do chliant féideartha atá comhionann seachas sin, agus na lascainí sin a éilítear le reachtaíocht náisiúnta Ballstáit, a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag Ballstáit reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh maidir leis na córais 'bonus/malus’ ós rud é gur de chineál náisiúnta iad na córais sin, gan aon ghné thrasteorann, agus, dá bhrí sin, faoi phrionsabal na coimhdeachta, ba cheart gur faoi na Ballstáit a bheadh sé i gcónaí cinntí a dhéanamhi dtaca leis na córais sin. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann fíorú a dhéanamh ar conas a chaitheann gnóthais árachais le ráitis faoi stair na n-éileamh, ba cheart do ghnóthais árachais a bpolasaithe a fhoilsiú maidir le húsáid stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Leasú 15
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9
(9)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca le hábhar agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20.
scriosta
__________________
20 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Leasú 16
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9 a (nua)
(9a)  Chun éifeacht iomlán a thabhairt d’úsáid na ráitis faoi stair na n-éileamh nuair atá préimheanna á ríomh, ba cheart do na Ballstáit gnóthais árachais a spreagadh chun uirlisí trédhearcacha comparáide praghais a úsáid.
Leasú 17
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 10
(10)  Chun a áirithiú go mbeidh na híosmhéideanna ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht aimsire), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna cumhdaigh mótarárachais tríú páirtí sin a oiriúnú chun léiriú a thabhairt ar na dálaí athraitheacha eacnamaíocha, agus chun cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(10)  Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hinneachar agus foirm na ráitis faoi stair na n-éileamh a bhunú. Chun a áirithiú go mbeidh íosmhéideanna an chumhdaigh i gcoinne dliteanas sibhialta a bhaineann le mótarfheithiclí ag teacht leis na dálaí athraitheacha eacnamaíocha (agus nach gcreimfear iad le himeacht ama), ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na híosmhéideanna sin a oiriúnú, chomh maith le sainmhíniú ar na cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bunaíodh chun cúiteamh a sholáthar nó a chuirfear de chúram orthu cúiteamh a sholáthar de bhun Airteagal 10a de Threoir 2009/103/CE maidir leis an aisíocaíocht. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 20161a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 18
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 11
(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú na Treorach, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na n-íospartach, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh.
(11)  Mar chuid den mheastóireacht ar fheidhmiú Threoir 2009/103/CE, ba cheart don Choimisiún Eorpach faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach sin, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh san am céanna: líon na ndaoine díobhálaithe, méid na n-éileamh nár íocadh fós de bharr moilleanna ar íocaíochtaí de thoradh cásanna dócmhainneachta trasteorann, leibhéal na n-íosmhéideanna cumhdaigh sna Ballstáit, méid na n-éileamh de bharr na tiomána neamhárachaithe a bhaineann le trácht trasteorann agus líon na ngearán maidir le ráitis faoi stair na n-éileamh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2009/103/CE i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha, lena n-áirítear an méadú atá tagtha ar úsáid feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha, chun a áirithiú go leanfaidh sé dá chuspóir a chomhlíonadh, arb ionann é agus daoine díobhálaithe féideartha a chosaint ó thionóiscí a bhfuil baint ag mótarfheithiclí leo. Ba cheart dó freisin anailís a dhéanamh ar chóras dliteanas na bhfeithiclí éadroma ardluais, agus ar réiteach féideartha uile-Aontais maidir le córas ‘bonus-malus’.
Leasú 19
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 12
(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe íoschosaint chomhionann d’íospartaigh timpistí tráchta ar fud an Aontais a áirithiú agus cosaint íospartaigh i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais a áirithiú, a bhaint amach go leordhóthanach agus, de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, go háirithe i dtaca le cosaint íosta chomhionann a áirithiú do dhaoine a rinneadh díobháil orthu mar thoradh ar thionóiscí tráchta ar fud an Aontas, a gcosaint a áirithiú i gcás dhócmhainneacht gnóthais árachais agus cóir chomhionann a áirithiú i dtaca le húdarú a dhéanann árachóirí ar ráitis faoi stair na n-éileamh le haghaidh sealbhóirí polasaí féideartha a thrasnaíonn teorainneacha inmheánacha an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.
Leasú 20
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 13 a (nua)
(13a)  Chun cur chuige seasmhach a chur chun cinn i leith páirtithe a rinneadh díobháil orthu mar thoradh ar eachtraí ina úsáidtear mótarfheithicil mar arm chun coir fhoréigneach nó gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéileálann a gcomhlacht cúitimh a bunaíodh nó a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2009/103/CE leis na héilimh go léir a eascraíonn ó choir nó gníomh den sórt sin.
Leasú 21
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe -1 (nua)
(-1)  Cuirtear an téarma ‘duine díobhálaithe’ in ionad an fhocail ‘íospartach’, agus cuirtear an téarma ‘daoine díobhálaithe’ in ionad an fhocail ‘íospartaigh’, ar fud na Treorach.
(Is gá foclaíocht bheacht chríochnaitheach "duine díobhálaithe" a chinneadh de réir an cháis, bunaithe ar riachtanais ghramadaí, agus bheadh sé mar thoradh ar an leasú seo a ghlacadh go gcruthófaí tuilleadh leasuithe comhfreagracha ar an Treoir leasaithe.)
Leasú 22
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1a
1a.  ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil atá ceaptha lena húsáid mar mhodh taistil de ghnáth, atá comhsheasmhach le gnáthfheidhmiú na feithicle sin, beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht.”;
1a.  ciallaíonn “úsáid feithicle” aon úsáid a bhaintear as feithicil i dtrácht atá comhsheasmhach le feidhmiú na feithicle mar mhodh taistil tráth na tionóisce beag beann ar thréithe na feithicle agus beag beann ar an tír-raon ar a n-úsáidtear an mhótarfheithicil agus ar cé acu an bhfuil sí ina stad nó ag gluaiseacht;
Leasú 23
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 2 – mír 1 a agus mír 1 (b) (nua)
(1a)  In Airteagal 2, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:
“Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach amháin maidir le feithiclí a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/858*, Rialachán (AE) Uimh. 167/2013** nó Rialachán (AE) Uimh. 168/2013***.
Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach maidir le feithiclí atá ceaptha go heisiach lena n-úsáid i gcomhthéacs rannpháirtíocht i ngníomhaíocht spóirt iomaíochta, nó i ngníomhaíochtaí spóirt gaolmhara, laistigh de limistéar dúnta.
__________________
* Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus ar chórais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
** Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
*** Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus ar chuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52)."
Réasúnú
Leasú 24
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 3 – mír 4 a (nua)
(1b)  In Airteagal 3, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“Déanfaidh Ballstáit a áirithiú nuair a cheanglaítear ar fheithicil árachas a bheith aici de bhun an chéad mhír, go bhfuil an t-árachas bailí freisin agus go gcumhdaíonn sé daoine díobhálaithe i gcásanna tionóiscí a tharlaíonn:
(a)  nuair atá an fheithicil i dtrácht agus nach bhfuil sí á úsáid i gcomhréir lena príomhfheidhm; agus
(b)  lasmuigh d’úsáid na feithicle i dtrácht.
Féadfaidh Ballstáit srianta ar chumhdach árachais a ghlacadh maidir le húsáid lasmuigh d’úsáid na feithicle i dtrácht dá dtagraítear i bpointe (b) den chúigiú mír. Úsáidfear an fhoráil sin mar eisceacht agus ní úsáidfear é ach amháin nuair is gá, i gcás ina measann na Ballstáit go rachadh an cumhdach sin thar a bhféadfaí a bheith ag súil leis ó mhótarárachas. Ní fhéadfaidh an fhoráil sin a úsáid riamh chun teacht timpeall ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar amach sa Threoir seo.
Leasú 25
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir beartaithe a bhaint amach, agus
Mar sin féin, féadfaidh siad seiceálacha árachais a dhéanamh ar choinníoll go bhfuil na seiceálacha sin neamh-idirdhealaitheach, riachtanach agus comhréireach chun an chríoch bheartaithe a ghnóthú, go n-urramaíonn siad cearta, saoirsí agus leasanna dlisteanacha an duine lena mbaineann, agus
Leasú 26
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta agus nach gá an fheithicil a stopadh.
(b)  go bhfuil siad mar chuid de chóras ginearálta seiceálacha sa chríoch náisiúnta ar seiceálacha iad a dhéantar i ndáil le feithiclí atá bunaithe de ghnáth ar chríoch an Bhallstáit a bhfuil an seiceáil á déanamh aige agus nach gá an fheithicil a stopadh.
Leasú 27
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
1a.  Chun críocha seiceálacha a dhéanamh ar árachas, amhail dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh Ballstát rochtain do Bhallstáit eile ar na sonraí clárúcháin feithiclí náisiúnta a leanas, maille leis an gcumhacht chun cuardaigh uathoibrithe a dhéanamh orthu:
(a)  sonraí maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach;
(b)  sonraí a bhaineann le húinéirí nó sealbhóirí na feithicle atá ábhartha dá n-árachas i gcoinne dliteanas sibhialta faoi réir Airteagal 3.
Tabharfar rochtain ar na sonraí sin trí phointí teagmhála náisiúnta na mBallstát, arna n-ainmniú de bhun Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2015/413*.
__________________
* Treoir (AE) Uimh. 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, 13.3.2015, lch. 9)
Leasú 28
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 b (nua)
1b.  Agus cuardach á dhéanamh aige i bhfoirm iarraidh amach, bainfidh pointe teagmhála náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil seiceáil árachais á déanamh aige úsáid as cláruimhir iomlán. Déanfar na cuardaigh sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i gCaibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB*. An Ballstát a bhfuil seiceáil árachais á déanamh aige, bainfidh sé úsáid as na sonraí a gheofar lena fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an fheithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach bailí faoi réir Airteagal 3 den Treoir seo.
__________________
* Cinneadh 2008/616/CGB an 23 Meitheamh 2008 maidir le cur chun feidhme Chinneadh 2008/615/CGB maidir le comhar trasteorann a ghéarú, go háirithe chun sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 12).
Leasú 29
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 1 c (nua)
1c.  Áiritheoidh na Ballstát, a mhéid is féidir, slándáil agus cosaint na sonraí arna dtarchur, agus úsáid á baint acu as feidhmchláir bogearraí atá ann cheana, amhail an ceann dá dtagraítear in Airteagal 15 de Chinneadh 2008/616/CGB, agus leaganacha leasaithe de na feidhmchláir bogearraí sin, i gcomhréir le Caibidil 3 den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2008/616/CGB. Leis na leaganacha leasaithe de na feidhmchláir, déanfar foráil do mhód malartaithe fíor-ama ar líne agus do mhód malartaithe baisce araon, agus tríd an dara mód sin, beifear in ann iarrataí iomadúla nó freagraí iomadúla a mhalartú in aon teachtaireacht amháin.
Leasú 30
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 4 – mír 2 – fomhíreanna 1 a, 1 b agus 1  c (nua)
Déanfaidh na Ballstáit, go háirithe, an cuspóir sonrach a shonrú, tagairt don bhunús dlí ábhartha, na ceanglais slándála ábhartha a chomhlíonadh agus prionsabail an riachtanais, na comhréireachta, agus an teorannaithe de réir cuspóra a urramú, agus déanfaidh siad tréimhse coinneála sonraí chomhréireach a leagan síos.
Ní choimeádfar na sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun críche seiceáil árachais a láimhseáil. Déanfar na sonraí sin a scriosadh go hiomlán a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche sin. I gcás ina léirítear i seiceáil árachais go bhfuil feithicil atá cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, déanfaidh an rialaitheoir na sonraí sin a scriosadh láithreach. Sa chás nach bhfuiltear in ann a chinneadh le seiceáil cé acu atá nó nach bhfuil feithicil cumhdaithe ag árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, coimeádfar na sonraí go ceann tréimhse chomhréireach nach faide ná 30 lá nó go ceann na tréimhse a bheidh riachtanach chun a chinneadh go bhfuil an cumhdach árachais ann, cibé acu tréimhse is giorra.
I gcás ina gcinneann Ballstát go bhfuil feithicil ag taisteal gan árachas éigeantach faoi réir Airteagal 3, féadfaidh sé pionóis a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 27.
Leasú 31
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a)  le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na n-íospartach, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an íospartaigh;
(a)  le haghaidh díobhálacha pearsanta: EUR 6 070 000 in aghaidh na timpiste, beag beann ar líon na bpáirtithe díobhálaithe, nó EUR 1 220 000 in aghaidh an duine díobhálaithe;
Leasú 32
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 9 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(b)  le haghaidh damáistí do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh an éilimh, beag beann ar líon na n-íospartach.
(b)  le haghaidh damáiste do mhaoin, EUR 1 220 000 in aghaidh na tionóisce, beag beann ar líon na ndaoine díobhálaithe.
Leasuithe: 33
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 1
(3a)   In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre de mhír 1:
Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a bhunú nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3.
“Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú a mbeidh sé de chúram air cúiteamh a sholáthar, ar a laghad suas go dtí teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó suas go dtí teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá sé níos airde, i leith damáiste do mhaoin nó díobhálacha pearsanta arb éard is cúis leis nó leo feithicil gan aithint nó feithicil nár comhlíonadh ina leith an oibleagáid árachais dá bhforáiltear in Airteagal 3, lena n-airítear maidir le heachtraí ina úsáidtear mótarfheithicil mar arm chun coir fhoréigneach nó gníomh sceimhlitheoireachta a dhéanamh.”
Leasú 34
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 10a
Airteagal 10a
Airteagal 10a
Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais nó easpa comhair gnóthais árachais
Cosaint daoine díobhálacha i gcás dócmhainneacht gnóthais árachais
-1.  Déanfaidh Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach duine díobhálaithe cúiteamh a éileamh, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó suas go dtí teorainneacha ráthaíochta a fhorordaíonn an Ballstát, má tá siad níos airde, maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na staideanna seo a leanas:
(a)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta; nó
(b)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
1.  Bunóidh nó údaróidh na Ballstáit comhlacht chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálacha a chónaíonn ar a gcríoch de ghnáth, ar a laghad suas go teorainneacha na hoibleagáide árachais dá dtagraítear in Airteagal 9(1) maidir le díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin de thoradh feithicil arna hárachú ag gnóthas árachais in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
1.  Déanfaidh gach Ballstát comhlacht a chur ar bun nó a údarú chun cúiteamh a thabhairt do dhaoine díobhálaithe, atá ina gcónaí ar a gcríoch de ghnáth, sna staideanna dá dtagraítear i mír -1.
(a)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeachtaí féimheachta;
(b)  tá an gnóthas árachais faoi réir imeacht foirceanta mar a shainmhínítear in Airteagal 268(d) de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***;
(c)  níl freagra réasúnaithe tugtha ag an ngnóthas árachais ná ag a n-ionadaí éileamh ar na pointí a rinneadh san éileamh ar chúiteamh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálaithe a éileamh nó a héileamh faoi bhráid an ghnóthais árachais sin.
2.  Ní fhéadfaidh daoine díobhálacha éileamh a chur faoi bhráid an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 más rud é go bhfuil éileamh curtha acu go díreach faoi bhráid an ghnóthais árachais nó go bhfuil caingean dlí tionscanta acu go díreach in éadan an ghnóthais árachais agus go bhfuil an t-éileamh nó an chaingean dlí sin fós ar feitheamh.
3.  Tabharfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 freagra ar an éileamh laistigh de dhá mhí tar éis an dáta a chuir an duine díobhálach a éileamh nó a héileamh ar chúiteamh isteach.
3.  Féadfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1. Déanfaidh an comhlacht sin, ar bhonn na faisnéise a sholáthraigh an duine díobhálaithe, arna hiarraidh sin don chomhlacht, freagra réasúnaithe a thabhairt don duine díobhálaithe maidir le híocaíocht aon chúitimh laistigh de thrí mhí tar éis an dáta a dhéanann na duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh.
Sa chás in bhfuil cúiteamh dlite, déanfaidh an comhlacht dá dtagraítear i mír 1, laistigh de thrí mhí óna fhreagra a chur in iúl, an cúiteamh iomlán a sholáthar don duine díobhálaithe nó, sa chás ina bhfuil an cúiteamh i bhfoirm íocaíochtaí tréimhsiúla, tosóidh an comhlacht na híocaíochtaí sin.
Sa chás ina gcuireann an duine díobhálaithe éileamh isteach chuig an ngnóthas árachais nó a ionadaí éileamh, ar éileamh é a tháinig faoi réir na staideanna dá dtagraítear i mír -1 roimh an éileamh nó le linn na éilimh, agus níl aon freagra faighte fós ag an duine díobhálaithe sin ón ngnóthas árachais nó a ionadaí éileamh, beidh an duine díobhálaithe in ann a éileamh nó a héileamh a chur isteach arís chuig an gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1.
4.  Más rud é go bhfuil an duine díobhálach ina chónaí i mBallstát eile nach é an Ballstát ina bhfuil an gnóthas árachais dá dtagraítear i mír 1 bunaithe, beidh an comhlacht, dá dtagraítear i mír 1 agus a thug cúiteamh don duine díobhálach sin ina Bhallstát cónaí, i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuil an gnóthas árachais a d’eisigh polasaí an pháirtí faoi dhliteanas bunaithe.
4.  I gcás ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE i mBallstát nach ionann é agus an Ballstát ar ina leith atá an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 inniúil, beidh an comhlacht sin i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú.
5.  Tá mír 1 go mír 4 gan dochar:
5.  Tá mír -1 go mír 4 gan dochar:
(a)  do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;
(a)  do cheart na mBallstát féachaint ar an gcúiteamh a íocann an comhlacht dá dtagraítear i mír 1 mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta;
(b)  do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na n-éileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:
(b)  do cheart na mBallstát foráil maidir le réiteach na n-éileamh i dtaca leis an timpiste chéanna idir:
(i)  an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;
(i)  an comhlacht dá dtagraítear i mír 1;
(ii)  an duine nó daoine faoi dhliteanas as an timpiste;
(ii)  an duine nó daoine faoi dhliteanas ai leith na tionóisce;
(iii)  gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.
(iii)  gnóthais árachais eile nó comhlachtaí slándála sóisialta ar gá dóibh an duine díobhálach a chúiteamh.
6.  Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Ní dhéanfar an íocaíocht go háirithe faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálach a dheimhniú nach bhfuil an páirtí faoi dhliteanas in ann íoc nó toilteanach íoc.
6.  Ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir aon laghdú nó nó faoi réir aon cheanglas ach amháin na ceanglais atá leagtha síos sa Treoir seo. Go háirithe, ní cheadóidh na Ballstáit don chomhlacht dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht chúitimh a dhéanamh faoi réir an cheanglais gur cheart don duine díobhálaithe a bhunú nach bhfuil an duine faoi dhliteanas nó an gnóthas árachais in ann íoc nó diúltaíonn sé íoc.
7.  Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, ionas go sonrófar cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí a bhunófar nó a údarófar de bhun Airteagal 10a maidir leis an aisíocaíocht.”
7.   Gabhfaidh éifeacht leis an Airteagal sin:
(a)  tar éis comhaontú a bheith tugtha i gcrích idir na comhlachtaí go léir dá dtagraítear i mír 1 arna mbunú nó arna n-údarú ag na Ballstáit a bhaineann lena gcuid feidhmeanna agus a gcuid oibleagáidí agus na nósanna imeachta maidir le haisíocaíocht;
(b)  ó dháta a bheidh le socrú ag an gCoimisiún an túisce a fhionnfaidh sé, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, go bhfuil an comhaontú dá dtagraítear i bpointe (a) tugtha i gcrích.
7a.  Féadfaidh daoine díobhálaithe dá dtagraítear in Airteagal 20(1), sna staideanna dá dtagraítear i mír -1, iarratas a dhéanamh ar chúiteamh ón gcomhlacht cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 24 ina mBallstát cónaithe.
7b.  Féadfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh a dhéanamh go díreach leis an gcomhlacht cúitimh, agus ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn an duine díobhálaithe arna hiarraidh sin don chomhlacht, déanfaidh an comhlacht freagra réasúnaithe a thabhairt don duine díobhálaithe laistigh de thrí mhí ón dáta a dhéanfaidh an duine díobhálaithe iarratas ar chúiteamh.
Nuair a gheobhaidh sé an t-éileamh, cuirfidh an comhlacht cúitimh in iúl do na daoine nó comhlachtaí seo a leanas go bhfuil éileamh faighte aige ón duine díobhálaithe:
(a)  an gnóthas árachais atá faoi réir imeachtaí féimheachta nó foirceanta;
(b)  an leachtaitheoir a ceapadh le haghaidh an ghnóthais árachais sin, mar a shainmhínítear in Airteagal 268(f) de Threoir 2009/138/CE;
(c)  an comhlacht cúitimh sa Bhallstát inar tharla an timpiste; agus
(d)  an comhlacht cúitimh sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE sa chás nach ionann an Ballstát sin agus an Ballstát inar tharla an timpiste.
7c.  Tar éis an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 7b a fháil, cuirfidh an comhlacht cúitimh sa Bhallstát inar tharla an timpiste in iúl don chomhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe cé acu atá nó nach bhfuil an cúiteamh ón gcomhlacht dá dtagraítear i mír 1 le meas mar chúiteamh fochuideachta nó neamh-fhochuideachta. Cuirfidh an comhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe an fhaisnéis sin san áireamh agus cúiteamh á thabhairt aige.
7d.  Beidh an comhlacht cúitimh a thug cúiteamh don duine díobhálaithe ina B(h)allstát cónaithe i dteideal aisíocaíocht a éileamh i leith na suime a íocadh i bhfoirm cúiteamh ón gcomhlacht cúitimh sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE.
7e.  Déanfar an dara comhlacht a sheachú i gcearta an duine díobhálaithe i gcoinne an chomhlachta dá dtagraítear i mír 1 arna bhunú sa Bhallstát ina bhfuair an gnóthas árachais an t-údarú i gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2009/138/CE, a mhéid is go ndearna an comhlacht cúitimh i mBallstát cónaithe an duine díobhálaithe cúiteamh a sholáthar i leith díobhálacha pearsanta nó damáiste do mhaoin.
Beidh sé de dhualgas ar gach Ballstát an tseachaíocht sin a admháil amhail dá bhforálfaidh aon Bhallstát eile.
7f.  Áireofar sa chomhaontú idir comhlachtaí cúitimh, dá dtagraítear in Airteagal 24(3), forálacha a bhaineann le feidhmeanna, oibleagáidí agus nósanna imeachta na gcomhlachtaí cúitimh le haghaidh aisíocaíochta a eascraíonn ón Airteagal seo.
7g.  In éagmais an chomhaontaithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 7 nó in éagmais leasú ar an gcomhaontú faoi mhír 7f faoi [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b lena leagtar síos cúraimí nós imeachta agus oibleagáidí nós imeachta na gcomhlachtaí arna mbunú agus arna n-údarú de bhun an Airteagail sin maidir leis an aisíocaíocht, nó maidir leis an comhaontú a leasú faoi Airteagal 24(3), nó an dá rud, más gá.
__________________
* Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
*** Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
Leasú 35
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 15
(4a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:
Airteagal 15
"Airteagal 15
Feithiclí arna seoladh ó Bhallstát amháin go ceann eile
Feithiclí arna seoladh ó Bhallstát amháin go ceann eile
1.  De mhaolú ar an dara fleasc d'Airteagal 2(d) de Threoir 88/357/CEE, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite an Ballstát cinn scríbe, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, ar feadh tréimhse 30 lá, nach bhfuil an fheithicil cláraithe go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.
1.  De mhaolú ar phointe (b) d’Airteagal 13, ar phointe 13 de Threoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, i gcás ina seolfar feithicil ó Bhallstát amháin go ceann eile, measfar gurb é an Ballstát ina bhfuil an riosca suite Ballstát an chláraithe nó, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, an Ballstát cinn scríbe, díreach tar éis don cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh, ar feadh tréimhse 30 lá, muna bhfuil an fheithicil cláraithe go foirmiúil sa Bhallstát cinn scríbe.
2.  I gcás ina mbaineann tionóisc don fheithicil le linn na tréimhse a luaitear i mír 1 den Airteagal seo agus gan í faoi árachas, beidh an comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 10(1) sa Bhallstát cinn scríbe faoi dhliteanas i leith an chúitimh dá bhforáiltear in Airteagal 9.
2.  Déanfaidh Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfidh gnóthais árachais in iúl d’ionad faisnéise an Bhallstáit ina bhfuil an fheithicil cláraithe go bhfuil polasaí árachais eisithe acu le haghaidh úsáid na feithicle i gceist.
__________________
* Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le gabháil le gnó Árachais agus Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Dócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1)."
Réasúnú
Leasú 36
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 15 a (nua)
(4b)  cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
"Airteagal 15a
Dliteanas i gcás timpiste lena bhfuil baint ag leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe
I gcás timpiste arb í is cúis léi sraith feithiclí ar a n-áirítear leantóir atá á tharraingt ag feithicil chumhachtaithe, is é an gnóthas a d’árachaigh an leantóir a dhéanfaidh an duine díobhálaithe a chúiteamh, i gcás:
—  inar tógadh amach dliteanais tríú páirtí ar leithligh; agus
—  inar féidir an leantóir a shainaithint, ach nach féidir an fheithicil chumhachtaithe a tharraing é a shainaithint.
Sa chás sin, beidh an gnóthas a bhfuil an duine díobhálaithe á chúiteamh aige in ann dul ar iontaoibh an ghnóthais a d’árachaigh an fheithicil chumhachtaithe atá ag tarraingt an leantóra má dhéantar foráil maidir leis sin faoi dhlí náisiúnta.”
Réasúnú
Leasú 37
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 3
“Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.
Nuair atá ráitis faoi stair na n-éileamh, arna n-eisiúint ag gnóthais árachais eile agus ag comhlachtaí eile dá dtagraítear sa dara fomhír, á gcur san áireamh ag na gnóthais árachais nó na comhlachtaí dá dtagraítear sa dara fomhír, áiritheoidh na Ballstáit nach gcaithfidh siad le sealbhóirí polasaí ar bhealach idirdhealaitheach nó nach ngearrfaidh siad formhuirear ar a bpréimheanna de bharr a náisiúntachta nó ar bhonn an Bhallstáit inár chónaigh siad roimhe sin amháin.
Leasú 38
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 3 a (nua)
I gcás ina ndéanfaidh gnóthas árachais ráitis stair na n-éileamh a chur san áireamh agus préimheanna á gcinneadh aige, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh sé, ina theannta sin, ráitis stair na n-éileamh arna n-eisiúint ag gnóthais árachais atá bunaithe i mBallstáit eile a chur san áireamh mar ráitis atá comhionann leo siúd arna n-eisiúint ag gnóthas árachais laistigh den Bhallstát céanna agus cuirfidh siad i bhfeidhm, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, aon cheanglas reachtúil a bhaineann le cóireáil préimheanna.
Leasú 39
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 4
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a bpolasaithe maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Gan dochar do bheartais phraghsála na ngnóthas árachais,áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh gnóthais árachais a mbeartais maidir le húsáid na ráiteas faoi stair na n-éileamh agus préimheanna á ríomh acu.
Leasú 40
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 5
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena sonraítear ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara fomhír. Áireofar sa ráiteas sin faisnéis faoi gach ceann de na nithe seo a leanas:
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28a(2) lena leagtar síos ábhair agus formáid an ráitis faoi stair na n-éileamh dá dtagraítear sa dara mír. Áireofar sa ráiteas sin, ar a laghad, faisnéis faoi na nithe seo a leanas:
(a)  céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;
(a)  céannacht an ghnóthais árachais a eisíonn an ráiteas faoi stair na n-éileamh;
(b)  céannacht an tsealbhóra polasaí;
(b)  céannacht an tsealbhóra polasaí, lena n-áirítear dáta breithe, seoladh teagmhála agus, i gcás inarb iomchuí, uimhir agus dáta eisiúna an an cheadúnais tiomána;
(c)  an fheithicil árachaithe;
(c)  an fheithicil árachaithe agus a huimhir aitheantais feithicle;
(d)  tréimhse chumhdaigh na feithicle árachaithe;
(d)  dáta tosaigh agus dáta foirceanta chumhdach árachais na feithicle;
(e)  líon agus luach na n-éileamh tríú páirtí dearbhaithe le linn na tréimhse cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh.”
(e)  líon na n-éileamh dliteanais tríú páirtí arna ndearbhú le linn na tréimhse atá cumhdaithe ag an ráiteas faoi stair na n-éileamh ina raibh an locht ar an sealbhóir polasaí, lena n-áirítear dáta agus cineál gach éileamh, maidir le damáiste do mhaoin nó díobháil phearsanta, agus cé acu an bhfuil an t-éileamh oscailte nó dúnta faoi láthair.
Leasú 41
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 – mír 5 a (nua)
Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar fad sula ndéanfaidh sé na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh agus déanfaidh sé iarracht teacht ar chomhaontú frithpháirteach idir páirtithe leasmhara maidir le hinneachar agus foirm an ráitis faoi stair na n-éileamh.
Leasú 42
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 16 a (nua)
(5a)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 16a
Uirlis Chomparáide Praghsanna
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain shaor in aisce ag tomhaltóirí ar uirlis chomparáide neamhspleách amháin ar a laghad, lena gcuirtear ar a gcumas praghsanna agus taraifí ginearálta idir soláthraithe an árachais éigeantaigh faoi réir Airteagal 3, a chur i gcomparáid lena chéile agus a mheas, agus sin á dhéanamh bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na tomhaltóirí.
2.  Deánfaidh soláthraithe árachais éigeantaigh an fhaisnéis ar fad arna hiarraidh le haghaidh uirlis den sórt sin a sholáthar d’údaráis inniúla agus áiritheoidh siad go mbeidh an fhaisnéis sin chomh beacht agus chomh nuashonraithe agus is gá chun an beachtas sin a áirithiú. D’fhéadfaí go n-áireofaí in uirlis den sórt sin freisin roghanna breise cumhdaigh mótarárachais sa bhreis ar árachas éigeantach faoi Airteagal 3.
3.  Beidh an uirlis chomparáide:
(a)  neamhspleách ó thaobh na hoibríochtúlachta de ar sholáthraithe seirbhíse, rud a fhágfaidh go n-áiritheofar go gcaitear go cothrom le soláthraithe seirbhísí sna torthaí cuardaigh;
(b)  nochtfaidh sí go soiléir úinéirí agus oibreoirí na huirlise comparáide;
(c)  leagfaidh sí amach critéir shoiléire, oibiachtúla ar a bhfuil an chomparáid bunaithe;
(d)  úsáidfidh sí friotal atá soiléir agus gan débhríocht;
(e)  cuirfidh sí faisnéis bheacht agus atá cothrom le dáta ar fáil agus luafaidh sí an uair a rinneadh an nuashonrú is deireanaí;
(f)  beidh sí oscailte faisnéis ábhartha a bheith á cur ar fáil ag aon soláthróir árachais éigeantaigh, agus déanfaidh sí réimse leathan tairiscintí a áireamh lena gcumhdaítear cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach ionann an fhaisnéis a sholáthrófar agus forléargas iomlán ar an margadh, déanfaidh sí ráiteas soiléir a áireamh ina mínítear an méid sin, sula ndéanfaidh sí na torthaí a thaispeáint;
(g)  cuirfidh sí nós imeachta éifeachtach ar fáil chun faisnéis mhícheart a thuairisciú.
(h)  ráiteas a áireamh ina mínítear go bhfuil praghsanna bunaithe ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil agus nach bhfuil ceangailteach ar sholáthraithe árachais.
4.  Deimhneoidh údaráis inniúla, arna iarraidh sin ag soláthraí na huirlise, uirlisí comparáide lena gcomhlíontar na ceanglais i bpointí (a) go (h) de mhír 3.
5.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28b, lena bhforlíontar an Treoir seo trí fhoirm agus feidhmeanna uirlis chomparáide den sórt sin agus na catagóirí faisnéise a bheidh le soláthar ag soláthraithe árachais i bhfianaise cineál aonair polasaithe árachais a bhunú.
6.  Gan dochar do reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 27, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis, lena n-áirítear fíneálacha, le haghaidh oibritheoirí uirlise comparáide a chuir tomhaltóirí amú nó nach nochtann a n-úinéireacht go soiléir agus cibé acu an bhfaigheann siad luach saothair ó aon soláthraí árachais."
Leasú 43
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 18 a (nua)
(5b)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
"Airteagal 18a
Rochtain ar thuairiscí ar thimpiste
Áiritheoidh na Ballstáit an ceart atá ag an duine díobhálaithe cóip den tuairisc ar thimpiste a fháil ó údaráis inniúla go tráthúil. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nuair a chuirtear cosc ar Bhallstát an tuairisc iomlán ar thionóisc a eisiúint láithreach, soláthróidh sé leagan leasaithe don duine díobhálaithe go dtí go mbeidh an leagan iomlán ar fáil. Ba cheart go mbeadh aon atheagruithe ar an téacs teoranta dóibh siúd a bhfuil fíorghá leo agus atá riachtanach chun dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a chomhlíonadh."
Leasú 44
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe -a (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 23 – mír 1 a (nua)
(5c)  Leasaítear Airteagal 23 mar seo a leanas:
(a)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
"1a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé ceanglas ar ghnóthais árachais gach faisnéis riachtanach a éilítear leis an gclár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a sholáthar, lena n-áirítear gach cláruimhir a chumhdaítear le polasaí árachais arna eisiúint ag gnóthas. Ina theannta sin, ceanglóidh na Ballstáit ar ghnóthais árachais an t-ionad faisnéise a chur ar an eolas nuair a bhíonn polasaí neamhbhailí roimh dháta éaga an pholasaí nó mura gcumhdaíonn sé cláruimhir feithicle a thuilleadh.";
Réasúnú
Leasú 45
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe b (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 23 – mír 5 a (nua)
(b)  cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
"5a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an clár dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a choimeád agus a nuashonrú agus a chomhtháthú go hiomlán i mbunachair sonraí um chlárúcháin feithiclí, agus go mbeidh sé inrochtana ag na pointí teagmhála náisiúnta faoi Threoir (AE) 2015/413.";
Leasú 46
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 c (nua) – pointe c (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 23 – mír 6
(c)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
6.  Ní mór próiseáil sonraí pearsanta a eascraíonn as mír 1 go mír 5 a dhéanamh i gcomhréir leis na bearta náisiúnta arna ndéanamh de bhun Threoir 95/46/CE.
"6. Déanfar próiseáil sonraí pearsanta mar thoradh ar mhíreanna 1 go 5a a chur i gcrích i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.".
Leasú 47
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 d (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 a (nua)
(5d)  cuirtear isteach Airteagal 26a mar seo a leanas:
"Airteagal 26a
Comhlachtaí Cúitimh
1.  Beidh sé mar aidhm ag na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na comhlachtaí cúitimh dá dtagraítear in Airteagal 10, Airteagal 10a agus Airteagal 24 á riar mar aonad riaracháin aonair a chumhdaíonn feidhmeanna uile na gcomhlachtaí cúitimh éagsúla a chumhdaítear leis an Treoir seo.
2.  I gcás nach bhfuil na comhlachtaí seo á riar ag Ballstát mar aonad riaracháin aonair, déanfaidh sé an fhíric sin agus na cúiseanna atá lena chinneadh a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile."
Leasú 48
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 e (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 b (nua)
(5e)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 26b
Tréimhse teorann
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tréimhse teorann ceithre bliana ar a laghad i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí faoi Airteagal 19 agus Airteagal 20(2) a bhaineann le cúiteamh i leith díobháil phearsanta agus damáiste do mhaoin mar thoradh ar thionóisc trasteorann tráchta ar bhóithre. Cuirfear tús leis an tréimhse teorann ón lá a tháinig an t-éilitheoir ar an eolas, nó ón lá a raibh forais réasúnacha ag an éilitheoir chun a bheith ar an eolas, maidir le méid an ghortaithe, an chaillteanais agus an damáiste, cúis na tionóisce agus céannacht an duine faoi dhliteanas agus an gnóthas árachais a chumhdaíonn an duine sin i gcoinne dliteanas sibhialta nó an t-ionadaí éileamh nó an comhlacht cúitimh atá freagrach as cúiteamh a sholáthar agus a mbeidh aon éileamh le déanamh ina leith.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit sa chás ina ndéanann an dlí náisiúnta is infheidhme maidir leis an éileamh foráil do thréimhse teorann níos faide ná ceithre bliana, go mbeidh feidhm ag an tréimhse teorann níos faide.
3.  Soláthróidh na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta don Choimisiún faoina rialacha náisiúnta agus an teorainn maidir le damáistí a thagann as tionóiscí tráchta. Déanfaidh an Coimisiún achoimre ar an bhfaisnéis arna gcur in iúl ag na Ballstáit a chur ar fáil agus inrochtana go poiblí, i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.”
Leasú 49
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 f (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 c (nua)
(5f)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 26c
Fionraí na tréimhse teorann
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an teorainn dá dtagraítear in Airteagal 26a ar fionraí le linn na tréimhse a chuireann an t-éilitheoir a éileamh nó a héileamh isteach:
(a)  chuig gnóthas árachais an duine ba chúis leis an tionóisc nó a ionadaí éileamh dá dtagraítear in Airteagal 21 agus in Airteagal 22; nó
(b)  chuig an gcomhlacht cúiteamh dá dtagraítear in Airteagal 24 agus Airteagal 25, agus diúltú éilimh chosantóra.
2.  Sá chás ina bhfuil an chuid atá fágtha den tréimhse teorann, a luaithe a thagann deireadh leis an tréimhse fionraithe, níos lú ná sé mhí, áiritheoidh na Ballstáit go dtugtar íostréimhse sé mhí sa bhreis don éilitheoir chun imeachtaí cúirte a thionscnamh.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit, má théann tréimhse in éag ar an Satharn, ar an Domhnach nó ar cheann dena laethanta saoire poiblí, go cuirtear síneadh leis an tréimhse go dtí deireadh an chéad lá oibre ina dhiaidh sin.
Leasú 50
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 g (nua)
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 26 d (nua)
(5g)  Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:
“Airteagal 26d
Ríomh na dteorainneacha ama
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aon tréimhse ama a leagtar síos sa Treoir seo a ríomh mar seo a leanas:
(a)  tosófar an ríomh an lae i ndiaidh an lae ar tharla an t-imeacht ábhartha;
(b)  nuair a shloinnfear tréimhse i mblianta, rachaidh sí in éag an bhliain ábhartha ina dhiaidh sin sa mhí leis an ainm céanna agus ar an lá leis an uimhir chéanna sa mhí chéanna ar tharla an t-imeacht sin. Mura bhfuil lá leis an uimhir céanna sa mhí ábhartha ina dhiaidh sin, rachaidh an tréimhse in éag ar an lá deireanach den mhí sin;
(c)  ní chuirfear tréimhsí ar fionraí le linn sosanna cúirte.”
Leasú 51
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28a
Airteagal 28a
scriosta
Nós imeachta coiste
1.  The Commission shall be assisted by the European Insurance and Occupational Pensions Committee established by Commission Decision 2004/9/EC ****.That committee shall be a committee within the meaning of Regulation (EU) No 182/2011 of the European Parliament and of the Council*****.
2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Leasú 52
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28b – mír 2
2.  Maidir leis an gcumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 9(2) agus in Airteagal 10a(7), tabharfar don Choimisiún í go ceann tréimhse neamhchinntithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 30.
2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 9(2) a ghlacadh go ceann tréimhse neamhchinntithe ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithigh seo]. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dtagraítear in Airteagal 10a(7g), an cúigiú mír d’Airteagal 16 agus Airteagal 16a(5) a ghlacadh ar feadh tréimhse cúig bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithigh seo].
Leasú 53
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28b – mír 5
5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2) agus Airteagal 10a(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
5.  Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 9(2); Ní thiocfaidh Airteagal 10a(7g), an cúigiú mír d’Airteagal 16 agus Airteagal 16a(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 54
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Treoir 2009/103/CE
Airteagal 28c
Airteagal 28c
Airteagal 28c
Meastóireacht
Meastóireacht agus athbhreithniú
Déanfar meastóireacht ar an Treoir seo, tráth nach déanaí ná seacht mbliana tar éis dháta trasuí na Treorach seo. Cuirfidh an Coimisiúin conclúidí na meastóireachta, in éineacht lena bharúlacha, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta thrasuí na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, ar tuarascáil í ina ndéanfar meastóireacht ar chur chun feidhme an Treorach seo, go háirithe i dtaca le:
(a)  a cur chun feidhme maidir le forbairtí teicneolaíocha, go háirithe maidir le feithiclí uathrialaitheacha agus leath-uathrialaitheacha;
(b)  leordhóthanacht a raon feidhme, agus na rioscaí tionóisce a bhaineann le mótarfheithiclí difriúla á mbreithniú, i bhfianaise na n-athruithe is dócha a mbeidh sa mhargadh, go háirithe maidir le feithiclí éadroma ardluais a thagann faoi chatagóirí na feithicle dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 2, pointe h), i), j), k) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, amhail rothair leictreacha agus Segwayanna, agus cibé acu an dócha go ndéanfaidh an córas dliteanais a sholáthraítear léi na riachtanais a bheidh ann amach anseo a chomhlíonadh.
(c)  na gnóthais árachais a spreagadh chun córas ‘bonus-malus’ a áireamh ina gconarthaí árachais, lena n-áirítear lascainí amhail “bónas cheal éilimh”, ina bhfuil tionchar ag ráitis faoi stair éileamh na sealbhóirí polasaí ar phréimheanna.
Beidh barúlacha ón gCoimisiún ag gabháil leis an tuarascáil sin agus, i gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil léi.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), ceathrú fomhír (A8-0035/2019).

Fógra dlíthiúil