Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0377(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0039/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0039/2018

Díospóireachtaí :

PV 25/03/2019 - 16
CRE 25/03/2019 - 16

Vótaí :

PV 26/03/2019 - 7.9

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0229

Téacsanna atá glactha
PDF 273kWORD 88k
Dé Máirt, 26 Márta 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais ***I
P8_TA-PROV(2019)0229A8-0039/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE (COM(2016)0862 – C8-0493/2016 – 2016/0377(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0862),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0493/2016),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 13 Iúil 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0039/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.
(2) IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/89/CE
P8_TC1-COD(2016)0377

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá athrú ó bhonn ag teacht ar earnáil an leictreachais san Aontas, agus ar shaintréithe an athraithe sin tá margaí níos díláraithe ina bhfuil níos mó gníomhaithe, ▌cion níos mó fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite agus córais idirnasctha níos fearr. Dá bharr sin, is é is aidhm ag Rialachán (AE) 2019/...(4)(5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus ag Treoir (AE) 2019/...(6)(7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle feabhas a chur ar an gcreat dlí lena rialaítear margadh inmheánach an leictreachais san Aontas, chun go n-áiritheofar go bhfeidhmeoidh na margaí agus na líonraí ar bhealach optamach, ar mhaithe le gnólachtaí agus saoránaigh an Aontais. Tá sé beartaithe leis an Rialachán seo rannchuidiú le cur chun feidhme chuspóirí an Aontais Fuinnimh, ar cuid lárnach de iad slándáil fuinnimh, dlúthpháirtíocht, iontaoibh agus beartas aeráide uaillmhianach.

(2)  Margaí agus córais a fheidhmíonn go maith, ag a bhfuil idirnaisc leormhaithe leictreachais, sin an ráthú is fearr ar shlándáil an tsoláthair leictreachais. Fiú agus na margaí agus na córais ag feidhmiú go maith agus iad idirnasctha, áfach, ní féidir an baol a chur as an áireamh go dtarlódh géarchéim leictreachais, de dheasca tubaistí nádúrtha amhail dálaí adhaimsire, ionsaithe mailíseacha nó ganntanas breosla. Is minic tionchar ag géarchéimeanna leictreachais a théann thar na teorainneacha náisiúnta. Fiú nuair a thosaíonn géarchéimeanna den sórt sin ar an leibhéal áitiúil, is féidir a gcuid éifeachtaí leitheadú go mear thar theorainneacha. Féadann anchúinsí áirithe, amhail tréimhsí fuara, tonnta teasa nó cibear-ionsaithe, cur as do réigiúin ina n-iomláine ag aon am amháin.

(3)  Toisc margaí agus córais an leictreachais a bheith idirnasctha, ní féidir breathnú ar chosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais mar chúram atá go hiomlán náisiúnta. Ba cheart leas níos fearr a bhaint as na bearta a d’fhéadfadh a bheith níos éifeachtúla agus níos tíosaí trí bhíthin comhar réigiúnach. Tá gá le creat coiteann rialacha agus nósanna imeachta comhordaithe níos fearr chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit agus gníomhaithe eile in ann oibriú go héifeachtach i gcomhar thar theorainneacha de mheon trédhearcachta, iontaoibhe agus dlúthpháirtíochta méadaithe idir na Ballstáit.

(4)  Le Treoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) bunaíodh na bearta riachtanacha atá le déanamh ag na Ballstáit chun slándáil an tsoláthair leictreachais i gcoitinne a áirithiú. Tá gníomhartha reachtacha ina dhiaidh sin curtha in ionad fhorálacha na Treorach sin den chuid is mó, go háirithe maidir leis an gcaoi ar cheart margaí an leictreachais a eagrú chun a áirithiú go bhfuil acmhainn leordhóthanach le fáil, maidir leis an gcaoi ar cheart d’oibreoirí córais tarchurtha oibriú i gcomhar le chéile chun cobhsaíocht chórais a ráthú agus maidir lena áirithiú go bhfuil bonneagar iomchuí faoi réir. Is ar shaincheist na ngéarchéimeanna leictreachais a chosc agus a bhainistiú atá an Rialachán seo dírithe.

(5)  I Rialacháin (AE) 2017/1485(9) agus (AE) 2017/2196(10) ón gCoimisiún tá sraith rialacha mionsonraithe lena rialaítear an chaoi ar cheart d’oibreoirí córais tarchurtha agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile gníomhú agus oibriú i gcomhar chun slándáil an chórais a áirithiú. Ba cheart go n-áiritheodh na rialacha teicniúla sin go ndéileálfaí go héifeachtach ar an leibhéal oibríochta le formhór na dteagmhas leictreachais. Tá an Rialachán seo dírithe ar ghéarchéimeanna leictreachais a bhfuil scála agus tionchar níos mó ag baint leo. Leagtar amach ann an méid ba cheart do na Ballstáit a dhéanamh chun géarchéimeanna den sórt sin a chosc agus na bearta is féidir leo a dhéanamh i gcás nár leor na rialacha oibríochta córais, astu féin, a thuilleadh. Mar sin féin, ba cheart go leanfaí go hiomlán de na rialacha oibríochta córais a urramú, fiú le linn géarchéimeanna leictreachais, agus ba cheart an Rialachán seo a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2196.

(6)  Leis an Rialachán seo, leagtar amach creat coiteann rialacha maidir le conas géarchéimeanna leictreachais a chosc, a bhainistiú agus conas ullmhú faoina gcoinne, tugtar isteach níos mó trédhearcachta i gcéim an ullmhúcháin agus le linn na géarchéime leictreachais agus áirithítear go ndéanfar bearta ar bhealach comhordaithe agus éifeachtach. Éilíonn sé ar na Ballstáit oibriú i gcomhar, ar an leibhéal réigiúnach agus, i gcás inarb infheidhme, go déthaobhach, de mheon dlúthpháirtíochta. Leagtar amach ann freisin creat le haghaidh faireachán éifeachtach ar shlándáil an tsoláthair san Eoraip trí bhíthin an Ghrúpa Comhordaithe Leictreachais (GCL), a bunaíodh le Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012(11) mar fhóram trína bhféadfaí faisnéis a mhalartú agus lena bhféadfaí an comhar a chur chun cinn i measc na mBallstát, go háirithe i dtaca le slándáil an tsoláthair leictreachais. Tá sé mar aidhm le comhar na mBallstát agus leis an gcreat faireacháin breis ullmhachta do rioscaí, ar chostas níos lú, a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart go neartófaí margadh inmheánach an leictreachais leis an Rialachán seo, tríd an iontaoibh agus an mhuinín i measc na mBallstát a fheabhsú agus trí chosc a chur ar idirghabhálacha mí-oiriúnacha stáit le linn géarchéimeanna leictreachais, go háirithe srianta míchuí le sreabhadh trasteorann agus acmhainní tarchurtha traslimistéir a sheachaint, rud a laghdódh an baol go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha acu ar na Ballstáit chomharsanachta.

(7)  I dTreoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) leagtar síos rialacha ginearálta maidir le slándáil líonraí agus córais faisnéise, agus déanfar rialacha sonracha maidir leis an gcibearshlándáil a fhorbairt trí chód líonra mar a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/...(13). Déanann an Rialachán seo comhlánú ar Threoir (AE) 2016/1148 trína áirithiú go ndéanfar cibeartheagmhais a shainaithint go cuí mar rioscaí, agus go léireofar na bearta a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt orthu go cuí sna pleananna ullmhachta i gcomhair rioscaí.

(8)  Leagtar síos i dTreoir 2008/114/CE ón gComhairle(14) próiseas arb é is aidhm leis feabhas a chur ar shlándáil bonneagair ainmnithe ríthábhachtaigh Eorpaigh, lena n-áirítear codanna áirithe den bhonneagar leictreachais. Cuidíonn Treoir 2008/114/CE, in éineacht leis an Rialachán seo, le cur chuige cuimsitheach a chruthú i leith shlándáil fuinnimh an Aontais.

(9)  I dTreoir Uimh 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) leagtar amach ceanglais ar na Ballstáit measúnuithe riosca a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí gach trí bliana, agus a bpleanáil maidir le bainistiú rioscaí tubaiste a fhorbairt agus a bheachtú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal fonáisiúnta iomchuí. Ba cheart na gníomhaíochtaí sonracha a leagtar amach sa Rialachán seo le haghaidh cosc ar rioscaí, ullmhacht do rioscaí agus pleanáil do rioscaí, ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na measúnuithe riosca níos leithne ar ilghuaiseacha a cheanglaítear faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE.

(10)   Cé gur faoi na Ballstáit atá sé slándáil an tsoláthair leictreachais laistigh dá gcríocha a áirithiú, is freagracht í slándáil an tsoláthair leictreachais atá comhroinnte idir an Coimisiún agus gníomhaithe eile an Aontais freisin, laistigh dá gcuid réimsí gníomhaíochta agus inniúlachta faoi seach. Is éard atá i gceist le slándáil an tsoláthair leictreachais ná comhar éifeachtach idir na Ballstáit agus idir institiúidí , comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus le geallsealbhóirí ábhartha. Tá ról lárnach ag oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin maidir le córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil i gcomhréir le hAirteagal 30 agus Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/... (16) a áirithiú. Tá ról lárnach ag na húdaráis rialála agus údaráis náisiúnta ábhartha eile freisin maidir le slándáil an tsoláthair leictreachais a áirithiú, agus faireachán a dhéanamh uirthi, mar chuid dá gcuid cúraimí a luaitear in Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/...±. Ba cheart do na Ballstáit eintiteas nua, nó eintiteas atá ann cheana, a ainmniú ina údarás rialtais nó rialála náisiúnta inniúil acu féin chun rannpháirtíocht thrédhearcach agus chuimsitheach na ngníomhaithe ar fad lena mbaineann a áirithiú, chun ullmhú éifeachtúil agus cur chun feidhme cuí na bpleananna riosca-ullmhachta a áirithiú, mar aon le héascaíocht a dhéanamh ar chosc agus meastóireacht ex-post na ngéarchéimeanna leictreachais agus na malartuithe faisnéise i ndáil leo.

(11)   Chun go mbeidh cur chuige comhchoiteann ann i leith cosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais is gá go mbeadh tuiscint chomhchoiteann ann, idir na Ballstáit, maidir le céard is géarchéim leictreachais ann. Ba cheart an Rialachán seo go háirithe éascaíocht a dhéanamh ar an gcomhordú idir na Ballstáit chun gur féidir staid a shainaithint ina bhféadfadh baol a bheith ann go mbeadh ganntanas suntasach leictreachais ann nó nach bhféadfaí leictreachas a sholáthar do chustaiméirí, bíodh an baol sin ann nó ar tí a bheith ann. Ba cheart do Líonra Eorpach na nOibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais ("ENTSO don Leictreachas") agus do na Ballstáit, faoi seach, cásanna nithiúla géarchéime leictreachais ar bhonn réigiúnach agus náisiúnta a chinneadh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an gcur chuige sin go gcumhdófar na géarchéimeanna ábhartha leictreachais ar fad, agus aird á tabhairt ar shonraíochtaí réigiúnacha agus náisiúnta amhail toipeolaíocht na heangaí, meascán an leictreachais, méid an táirgthe agus na húsáide, agus an dlús daonra.

(12)  Ina theannta sin, ar mhaithe le cur chuige comhchoiteann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais is gá, go n-úsáidfeadh na Ballstáit na modhanna agus na sainmhínithe céanna chun na rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a shainaithint agus go mbeidís in ann ▌comparáid a dhéanamh go héifeachtach ar a bhfeidhmíocht sa réimse sin i dtaca lena gcomharsana. Sainaithnítear sa Rialachán seo dhá tháscaire le haghaidh faireachán a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair leictreachais san Aontas: ‘fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh’ arna shloinneadh in GWh/bliain, agus ‘ionchas caillte lóid’ arna shloinneadh in uaireanta in aghaidh na bliana. Cuid is ea na táscairí sin den mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, measúnú a rinne ENTSO don Leictreachas, de bhun Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2019/... (17). Ba cheart don GCL faireachán tráthrialta a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair leictreachais bunaithe ar thorthaí na dtáscairí sin. Ba cheart don Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) na táscairí sin a úsáid freisin agus tuairisc á tabhairt aici ar fheidhmíocht na mBallstát i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais ina tuarascálacha bliantúla faireacháin ar mhargaí leictreachais, de bhun Airteagal 15 de Rialachán (AE) 2019/... (18).

(13)  Chun comhleanúnachas na measúnuithe riosca a áirithiú ar bhealach lena gcothófar muinín a chothú i measc na mBallstát le linn géarchéim leictreachais, tá gá le cur chuige comhchoiteann maidir le cásanna riosca a shainaithint. Dá bhrí sin, ba cheart do ENTSO don Leictreachas, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha, modheolaíocht chomhchoiteann maidir le sainaithint riosca a fhorbairt agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhar le ACER, agus leis an nGCL, agus é comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát amháin. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a mholadh agus ba cheart do ACER í a fhaomhfaidh. Agus é ag dul i gcomhairle leis an nGCL, is é ACER a thabharfaidh lánaird ar thuairimí a chuirfidh GCL in iúl. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht chomhchoiteann maidir le sainaithint riosca a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtiocfadh faisnéis nua shuntasach chun bheith ar fáil.

(14)  Ar bhonn na modheolaíochta comhchoitinne, ba cheart do ENTSO don Leictreachas cásanna géarchéime réigiúnacha a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus na rioscaí is ábhartha, lena n-áirítear adhaimsir, tubaistí nádúrtha, ganntanas breosla nó ionsaithe mailíseacha, a shainaithint i gcás gach réigiúin. Agus meas á dhéanamh ar chás géarchéime maidir le ganntanas gáis, ba cheart an riosca maidir le suaitheadh an tsoláthair gháis a mheasúnú bunaithe ar na cásanna suaite soláthair gáis agus bonneagair a d’fhorbair an Líonra Eorpach um Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSOG) de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19). Ba cheart ENTSO don Leictreachas a bheith in ann cúraimí a bhaineann le sainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a tharmligean chuig lárionaid chomhordaithe réigiúnacha arna mbunú de bhun Airteagal 35 de Rialachán Leictreachais (AE) 2019/...(20). Ba cheart na cúraimí tarmligthe sin a dhéanamh faoi mhaoirseacht ENTSO don Leictreachas. Ba cheart do na Ballstáit a gcásanna géarchéime náisiúnta a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha, i bprionsabal, gach ceithre bliana. Ba cheart go mbeadh na cásanna sin ina mbunús leis na pleananna riosca-ullmhachta. Agus rioscaí ar an leibhéal náisiúnta á sainaithint acu, ba cheart do na Ballstáit cur síos a dhéanamh freisin ar aon riosca féideartha atá sainaitheanta acu i dtaca le húinéireacht an bhonneagair sin is ábhartha do shlándáil an tsoláthair leictreachais, agus aon bhearta féideartha a glacadh, má glacadh a leithéidí, chun dul i ngleic leis na rioscaí sin (amhail dlíthe ginearálta nó earnáilsonracha chun infheistíochtaí a scagadh, cearta speisialta do scairshealbhóirí áirithe, mar aon leis an gcúis, dar leo, a bhfuil gá leis na bearta sin agus go bhfuil siad comhréireach.

(15)  Ba cheart go dtiocfadh buntáistí suntasacha as cur chuige réigiúnach maidir le cásanna riosca a shainaithint agus bearta coisctheacha, ullmhúcháin agus maolúcháin a fhorbairt ó thaobh éifeachtacht na mbeart sin agus barrfheabhas a bhaint as acmhainní. Ina theannta sin, i gcás géarchéim leictreachais ▌chomhuaineach, d’áiritheofaí freagairt chomhsheasmhach ach chur chuige comhordaithe agus réamhaontaithe a bheith ann roimh ré, agus mhaolófaí an baol go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha ar na Ballstáit chomharsanachta ag aon bheart nár glacadh ach ar bhonn náisiúnta. Éilítear, dá réir sin, leis an Rialachán seo, go n-oibreodh na Ballstáit i gcomhar ar an leibhéal réigiúnach.

(16)  Ba cheart do na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha na cúraimí a bhfuil ábharthacht réigiúnach ag baint leo atá sannta dóibh a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/...(21). Chun a áirithiú go gcuireann siad a gcúraimí i gcrích go héifeachtach agus go ngníomhaíonn siad go dlúth leis na húdaráis ábhartha náisiúnta d’fhonn teagmhais mhórscála a chosc agus a mhaolú, ba cheart an comhar réigiúnach is dlite faoin Rialachán seo cur leis na struchtúir réigiúnacha chomhair a úsáidtear ar an leibhéal teicniúil, mar atá na Ballstáit sin a roinneann an lárionad comhordaithe réigiúnach céanna. Tá réigiúin gheografacha na lárionad comhordaithe réigiúnach ábhartha dá bhrí sin do shainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus do na measúnuithe riosca. Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann foghrúpaí a bhunú laistigh de na réigiúin, áfach, ar mhaithe le comhar maidir le bearta nithiúla réigiúnacha, nó comhoibriú i bhfóraim chomhair réigiúnacha atá ann cheana chun na críche sin, mar tá ríthábhacht leis an gcumas teicniúil cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil dá chéile le linn géarchéim leictreachais. Tá sé sin riachtanach mar ní gá go mbeadh na Ballstáit ar fad i réigiún níos mó in ann leictreachas a sholáthar do Bhallstát eile ina bhfuil géarchéim leictreachais. Ar an gcaoi sin, ní gá go ndéanfadh gach Ballstát i réigiún amháin comhaontuithe réigiúnacha maidir le bearta nithiúla réigiúnacha a thabhairt i gcrích. Ina ionad sin, ba cheart do na Ballstáit a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil dá chéile comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích.

(17)  Foráiltear i Rialachán (AE) 2019/... (22) go n-úsáidfear modheolaíocht chomhchoiteann don mheasúnú Eorpach meántéarmach go fadtéarmach ar leordhóthanacht acmhainní (ó 10 mbliana chun cinn go haon bhliain amháin chun cinn) d’fhonn a áirithiú gur ar bhonn trédhearcach agus comhaontaithe a dhéanfaidh na Ballstáit cinntí maidir le riachtanais fhéideartha infheistíochta. Ní hionann cuspóir don mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní agus do na measúnuithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach a úsáidtear chun fadhbanna féideartha a bhaineann leis an leordhóthanacht a bhrath in achar ama gearr, mar atá measúnuithe séasúracha ar leordhóthanacht (sé mhí chun cinn) agus measúnuithe ar an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad. Maidir le measúnuithe gearrthéarmacha, teastaíonn cur chuige comhchoiteann i ndáil leis an gcaoi a ndéantar fadhbanna a bhaineann leis an leordhóthanacht a bhrath. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas measúnuithe geimhridh agus samhraidh ar an leordhóthanacht a dhéanamh chun na Ballstáit agus oibreoirí córais tarchurtha a chur ar a n-airdeall maidir le rioscaí a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a d’fhéadfadh tarlú sna sé mhí dár gcionn. D’fhonn na measúnaithe sin ar an leordhóthanacht a fheabhsú, ba cheart do ENTSO don Leictreachas modheolaíocht dhóchúlaíoch chomhchoiteann do na measúnuithe sin ar an leordhóthanacht a fhorbairt, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus i gcomhar le ACER, agus leis an nGCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát amháin. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht sin, agus nuashonruithe uirthi, a mholadh do ACER, agus ba cheart do ACER an moladh agus na nuashonruithe a fhaomhadh. Agus é ag dul i gcomhairle leis an nGCL, tá ACER chun lánaird a thabhairt ar na tuairimí a chuirfidh an GCL in iúl. Ba cheart do ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta i gcás ina dtiocfaidh faisnéis nua shuntasach chun bheith ar fáil. Ba cheart ENTSO don Leictreachas a bheith in ann cúraimí a bhaineann leis na measúnuithe séasúracha ar an leordhóthanacht a tharmligean chuig na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, agus ba cheart go ndéanfaí cúraimí tarmligthe faoi mhaoirseacht ENTSO don Leictreachas.

(18)  Ba cheart gurb í an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na measúnuithe séasúracha ar an leordhóthanacht a ullmhú a chuirfidh oibreoirí córais tarchurtha ▌i bhfeidhm agus aon chineál measúnachta gearrthéarmaí eile ar siúl acu, mar atá na réamhaisnéisí maidir le leordhóthanacht giniúna don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2017/1485.

(19)  Chun a áirithiú go mbeidh cur chuige comhchoiteann ann maidir le cosc agus bainistiú géarchéimeanna leictreachais, ba cheart don údarás inniúil i ngach Ballstát plean riosca-ullmhachta a tharraingt suas ar bhonn na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus náisiúnta. Ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí nó ionadaithe na ngrúpaí geallsealbhóirí, amhail táirgeoirí nó a gcomhlachtaí trádála nó oibreoirí córais dáileacháin atá ábhartha i gcás ina bhfuil siad ábhartha chun géarchéim leictreachais a chosc agus a láimhseáil. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh faoi na socruithe cuí chun an comhairliúchán a chur i gcrích. Ba cheart, sna pleananna riosca-ullmhachta, cur síos a dhéanamh ar bhearta atá éifeachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach lena dtugtar aghaidh ar na cásanna géarchéime leictreachais ar fad a sainaithníodh. Ba cheart an tionchar ar an gcomhshaol a bheadh ag na bearta arna mbeartú atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar a chur san áireamh. Ba cheart go gcuirfí trédhearcacht ar fáil leis na pleananna sin, go háirithe i dtaca leis na dálaí inar féidir bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a dhéanamh chun géarchéimeanna leictreachais a mhaolú. Ba cheart go mbeadh gach beart nach bhfuil margadhbhunaithe atá á bheartú na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart na pleananna riosca-ullmhachta a chur ar fáil go poiblí, agus rúndacht na faisnéise íogaire á háirithiú san am céanna.

(20)  Ba cheart go leagfaí amach sna pleananna riosca-ullmhachta bearta náisiúnta, réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha. Is den riachtanas é go mbeadh bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha, ann, go mór mór má tharlaíonn géarchéim chomhuaineach leictreachais, i gcás inar gá cur chuige comhordaithe agus réamhaontaithe chun freagairt chomhsheasmhach a áirithiú agus an baol go mbeadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha ann a mhaolú. Chuige sin, sula nglacfaidh siad na pleananna riosca-ullmhachta, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát ábhartha. Is iad na Ballstáit ábhartha ná na Ballstáit sin ina bhféadfadh éifeachtaí iarmhartacha diúltacha nó tionchar eile ar chórais leictreachais a chéile a bheith ann, bíodh na Ballstáit sin sa réigiún céanna nó nasctha go díreach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sna pleananna na dálaí náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear staid na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus roinnt córais leithlisithe bheaga nach bhfuil nasctha leis na córais tarchurtha náisiúnta. I ndáil leis sin, ba cheart do na Ballstáit na conclúidí iomchuí a thabhairt i ndáil le, inter alia, forálacha an Rialacháin seo maidir le sainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha agus na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta mar aon le forálacha maidir le cúnamh. Ba cheart go leagfaí amach go soiléir sna pleananna róil agus freagrachtaí na n-údarás inniúil. Ba cheart go gcuirfí san áireamh go hiomlán sna bearta náisiúnta na bearta réigiúnacha agus déthaobhach a comhaontaíodh agus ba cheart go mbainfí lántairbhe as na deiseanna atá iontu agus thugann an comhar réigiúnach. Ba cheart do na pleananna a bheith teicniúil agus oibríochtúil ó thaobh a gcineáil de agus is é is feidhm dóibh cosc a chur ar ghéarchéim leictreachais tarlú nó ar fhorbairt géarchéime leictreachais, agus a tionchar a mhaolú.

(21)  Ba cheart na pleananna riosca-ullmhachta a thabhairt cothrom le dáta go rialta. Chun a áirithiú go mbeidh na pleananna éifeachtach agus cothrom le dáta, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát i ngach réigiún cleachtaí débhliantúla ar ghéarchéimeanna leictreachais a eagrú i gcomhar le hoibreoirí córais tarchurtha agus geallsealbhóirí ábhartha eile chun oiriúnacht na bpleananna a thástáil.

(22)  Tá sé mar aidhm leis an teimpléad a ndéantar foráil dó sa Rialachán seo ullmhú na bpleananna a éascú, lenar féidir faisnéise bhreise a bhaineann go sonrach le Ballstát a chur san áireamh. Tá sé mar aidhm leis an teimpléad freisin é a dhéanamh níos éasca dul i gcomhairle le Ballstáit eile sa réigiún lena mbaineann agus leis an nGCL. Ba cheart go n-áiritheodh an comhairliúchán laistigh den réigiún agus laistigh den GCL nach bhfágann aon bheart a ghlactar i mBallstát nó i réigiún ar leith slándáil an tsoláthair leictreachais i mBallstát nó i réigiún eile i mbaol.

(23)  Is den tábhacht go n-éascófaí an chumarsáid agus an trédhearcacht idir na Ballstáit i gcás ina mbeadh faisnéis nithiúil, thromchúiseach agus iontaofa acu go bhféadfadh géarchéim leictreachais tarlú. Ina leithéid de chás, ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann an Coimisiún, na Ballstáit chomharsanachta agus an GCL a chur ar an eolas gan moill mhíchuí, agus faisnéis a thabhairt, go háirithe faoin gcúis atá le meathlú ar staid an tsolatháir leictreachais, faoi na bearta atá á bpleanáil chun an ghéarchéim leictreachais a chosc agus faoin ngá a d’fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile.

(24)  Is den riachtanas é go ndéanfaí faisnéis a mhalartú i gcás géarchéim leictreachais chun an ghníomhaíocht chomhordaithe agus cúnamh spriocdhírithe a áirithiú. Dá bhrí sin, leagtar síos leis an Rialachán seo nach mór don údarás inniúil na Ballstáit sa réigiún, na Ballstáit chomharsanachta agus an Coimisiún a chur ar an eolas gan moill mhíchuí má tharlaíonn géarchéim leictreachais. Ina theannta sin, ba cheart don údarás inniúil faisnéis a thabhairt faoi na cúiseanna atá leis an ngéarchéim, faoi na bearta atá beartaithe nó a glacadh chun an ghéarchéim a mhaolú, agus faoin ngá a d’fhéadfadh a bheith acu le cúnamh ó Bhallstáit eile. I gcás ina mbíonn níos mó i gceist leis an gcúnamh sin ná slándáil an tsoláthair leictreachais, is é an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta an creat dlíthiúil ba cheart bheith infheidhme.

(25)  Má tharlaíonn géarchéim leictreachais, ba cheart do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile de mheon dlúthpháirtíochta ▌. Sa bhreis ar an riail ghinearálta sin, ba cheart go bhforálfaí go hiomchuí go gcuirfeadh na Ballstáit cúnamh ar fáil dá chéile i ngéarchéim leictreachais. Ba cheart an cúnamh sin a bheith bunaithe ar bhearta aontaithe comhordaithe a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta. Tugtar lánrogha fhorleathan faoin Rialachán seo do na Ballstáit agus comhaontú á dhéanamh acu faoi inneachar na mbeart comhordaithe sin agus, dá bhrí sin, faoi inneachar an chúnaimh a chuireann sin ar fáil. Faoi na Ballstáit atá sé cinneadh a dhéanamh faoi na bearta comhordaithe sin, agus aontú orthu, agus an t-éileamh agus an soláthar á gcur san áireamh. San am céanna, áirithítear leis an Rialachán seo, chun críche an chúnaimh aontaithe, go seachadfar leictreachas ar bhealach comhordaithe. Ba cheart do na Ballstáit teacht ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá chun na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a comhaontaíodh a chur chun feidhme. Faoi na socruithe teicniúla sin ba cheart do Ballstáit uaschainníochtaí an leictreachais a bheidh le seachadadh a chur in iúl, ar cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu ar bhonn na féidearthachta teicniúla a bhaineann le leictreachas a sheachadadh a luaithe a bheidh gá leis an gcúnamh le linn géarchéim leictreachais. Ina dhiaidh sin, ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a comhaontaíodh a chur chun feidhme.

(26)   Agus comhaontú á dhéanamh maidir le bearta comhordaithe agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais agus forálacha cur chun feidhme eile i dtaca le cúnamh, ba cheart do na Ballstáit tosca sóisialta agus eacnamaíocha a chur san áireamh, lena n-áirítear sábháilteacht shaoránaigh an Aontais, agus an chomhréireacht. Moltar dóibh dea-chleachtais a roinnt le chéile agus an GCL a úsáid mar phléfhóram chun na roghanna atá ar fáil i dtaca le cúnamh, go háirithe i dtaca le bearta comhordaithe agus na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá, lena n-áirítear cúiteamh cóir ▌, a shainaithint. Féadfaidh an Coimisiún ullmhú na mbeart réigiúnach agus déthaobhach a éascú.

(27)  Ba cheart an cúnamh idir na Ballstáit faoin Rialachán seo a bheith faoi réir cúiteamh cóir a chomhaontaítear idir na Ballstáit. Ní dhéantar comhchuibhiú leis an Rialachán seo ar gach gné den chúiteamh cóir sin idir na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit comhaontú a dhéanamh faoi fhorálacha maidir le cúiteamh cóir sula gcuirfear cúnamh ar fáil. An Ballstát a iarrann cúnamh, ba cheart dó an cúiteamh sin a íoc go pras, nó ba cheart dó a áirithiú go n-íocfar an cúiteamh sin go pras, leis an mBallstát a chuireann an cúnamh ar fáil. Ba cheart don Choimisiún treoir atá neamhcheangailteach ó thaobh dlí faoi phríomhghnéithe an chúitimh chóir agus faoi ghnéithe eile de na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a chur ar fáil.

(28)  Agus cúnamh á chur ar fáil acu faoi Rialachán seo, cuireann na Ballstáit dlí an Aontais chun feidhme agus, dá bhrí sin, tá siad faoi cheangal na cearta bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais a urramú. De thoradh an chúnaimh sin, ag brath ar na bearta arna gcomhaontú idir na Ballstáit, d’fhéadfadh sé go mbeadh oibleagáid ar Bhallstát, dá bhrí sin, cúiteamh a íoc leo siúd a ndéanann a chuid beart difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás inar gá, go bhfuil rialacha náisiúnta cúitimh atá i gcomhréir le dlí an Aontais, go háirithe cearta bunúsacha, i bhfeidhm. Ina theannta sin, ba cheart gurb é an Ballstát a fhaigheann cúnamh a sheasfaidh, i ndeireadh na dála, na costais réasúnacha go léir a thabhaíonn Ballstát eile de thoradh cúnamh a chur ar fáil de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh sin.

(29)  I gcás géarchéim leictreachais, ba cheart go gcuirfí cúnamh ar fáil fiú mura bhfuil comhaontaithe go fóill ag na Ballstáit bearta comhordaithe agus socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais a cheanglaítear faoi fhorálacha an Rialacháin seo maidir le cúnamh. Chun gur féidir cúnamh a chur ar fáil ina leithéid de chás i gcomhréir leis an Rialachán seo, ba cheart do na Ballstáit comhaontú a dhéanamh faoi bhearta agus socruithe ad hoc a chuirfí i bhfeidhm in ionad na mbeart comhordaithe agus na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais nach ann dóibh.

(30)  Tugtar isteach leis an Rialachán seo sásra cúnaimh den chineál sin idir na Ballstáit mar ionstraim chun géarchéim leictreachais a chosc nó a mhaolú laistigh den Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an sásra cúnaimh i bhfianaise na taithí a gheofar amach anseo ar a fheidhmiú, agus ba cheart dó, i gcás inarb iomchuí, modhnuithe air a mholadh.

(31)  Leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeadh gnóthais agus custaiméirí leictreachais in ann brath, le linn géarchéim leictreachais, ar shásraí an mhargaidh faoi mar a leagtar síos iad i Rialachán (AE) 2019/... (23) agus i dTreoir (AE) 2019/... (24) fad is féidir sin. Ba cheart na rialacha lena rialaítear an margadh inmheánach agus na rialacha oibríochta córais a chomhlíonadh, fiú le linn géarchéimeanna leictreachais. Áirítear ar na rialacha den sórt sin pointe (i) d’Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2017/1485 agus Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2017/2196, lena rialaítear ciorrú idirbhirt, teorannú sholáthar na hacmhainne traslimistéir i dtaca le leithdháileadh acmhainne nó teorannú sholáthar na sceideal. Is éard a chiallaíonn an méid sin nár cheart bearta nach bhfuil margadhbhunaithe, amhail díscor éilimh éigeantach nó soláthar breise atá lasmuigh de ghnáthfheidhmiú an mhargaidh, a úsáid ach mar rogha dheiridh, tráth nach leor feasta na féidearthachtaí uile a chuirtear ar fáil leis an margadh. Dá bhrí sin, níor cheart díscor éilimh éigeantach a thabhairt isteach nó go mbeifear tar éis triail a bhaint as gach féidearthacht a bhaineann le díscor éilimh aontaitheach. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh aon bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe riachtanach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus sealadach.

(32)  Chun an trédhearcacht tar éis géarchéim leictreachais a áirithiú, ba cheart don údarás inniúil a d’fhógair an ghéarchéim leictreachais meastóireacht ex post a dhéanamh ar an ngéarchéim agus ar a hiarmhairtí ▌. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sa mheastóireacht sin, inter alia, éifeachtúlacht, comhréireacht, agus costas eacnamaíoch na mbeart a glacadh. Ba cheart go gcuimseofaí freisin sa mheastóireacht sin cúinsí trasteorann amhail tionchar na mbeart ar Bhallstáit eile agus leibhéal an chúnaimh a fuair an Ballstát a d’fhógair an ghéarchéim leictreachais uathu.

(33)  De bhíthin na gceanglas trédhearcachta, ba cheart go n-áiritheofaí go gcomhlíonann gach beart a ghlactar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc nó a bhainistiú rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus go bhfuil siad i gcomhréir le prionsabail an chomhair agus na dlúthpháirtíochta is bun leis an Aontas Eorpach.

(34)  Neartaítear leis an Rialachán seo ról an GCL. Ba cheart dó cúraimí sonracha a dhéanamh, go háirithe i dtaca le forbairt modheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint agus modheolaíocht le haghaidh measúnuithe gearrthéarmacha agus séasúracha ar an leordhóthanacht agus i dtaca le hullmhú na bpleananna riosca-ullmhachta, agus ba cheart ról tábhachtach a bheith aige i dtaca le faireachán ar fheidhmíocht na mBallstát sa réimse a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais, agus forbairt an dea-chleachtais ar an mbonn sin.

(35)  D’fhéadfadh sé go rachadh géarchéim leictreachais thar theorainneacha an Aontais isteach i gcríoch na bPáirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh. Mar Pháirtí sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh (Conradh an Chomhphobail Fuinnimh), ba cheart don Aontas leasuithe ar an gConradh sin a chur chun cinn agus é mar aidhm margadh comhtháite agus spás aonair rialála amháin a chruthú trí chreat rialála iomchuí agus cobhsaí a sholáthar. Chun bainistiú éifeachtúil géarchéimeanna a áirithiú ▌, ba cheart don Aontas dlúthchomhar a dhéanamh leis na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh agus géarchéim leictreachais á cosc agus á bainistiú aige, agus é ag ullmhú faoina coinne.

(36)  I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún, ACER, an GCL, ENTSO don Leictreachas, Ballstáit agus a n-údaráis inniúla agus a n-údaráis rialála náisiúnta, nó aon chomhlachtaí, aon eintitis nó aon daoine eile faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo, ba cheart dóibh rúndacht na faisnéise sin a áirithiú. Chuige sin, ba cheart faisnéis rúnda a bheith faoi réir rialacha an Aontais agus na rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm maidir le faisnéis rúnda agus próisis rúnda a láimhseáil.

(37)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an riosca-ullmhacht is éifeachtaí agus is éifeachtúla a áirithiú laistigh den Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(38)  Faoi láthair, is í an Chipir an t-aon Bhallstát nach bhfuil nasctha go díreach le Ballstát eile. Ba cheart a shoiléiriú i ndáil le forálacha áirithe den Rialachán seo, nach mbeidh feidhm i dtaca leis an gCipir ag na forálacha sin, eadhon forálacha maidir le sainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha, maidir leis na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a leagtar amach sna pleananna riosca-ullmhachta, agus maidir le cúnamh. Spreagtar an Chipir agus Ballstáit ábhartha eile, agus tacaíocht á fáil acu ón gCoimisiún, le bearta agus nósanna imeachta malartacha a fhorbairt sna réimsí a chumhdaítear leis na forálacha sin, ar choinníoll nach ndéanfaidh na bearta agus na nósanna imeachta malartacha sin difear do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo idir na Ballstáit eile.

(39)  Ba cheart Treoir 2005/89/CE a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha Ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir le comhar idir na Ballstáit d’fhonn géarchéimeanna leictreachais a chosc, a ullmhú agus a bhainistiú, de mheon dlúthpháirtíochta agus trédhearcachta agus ag féachaint go hiomlán do na riachtanais a bhíonn ag margadh iomaíoch inmheánach don leictreachas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe

(1)  ciallaíonn ‘slándáil an tsoláthair leictreachais’ an cumas atá ag córas leictreachais soláthar leictreachais a ráthú do chustaiméirí de réir leibhéal feidhmíochta arna bhunú go soiléir arna chinneadh ag an mBallstát lena mbaineann;

(2)  ciallaíonn ‘oibreoirí córais tarchurtha’ oibreoirí córais tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe (35) d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...(25);

(3)  ciallaíonn ‘dáileachán’ dáileachán mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(4)  ciallaíonn ‘sreabhadh trasteorann’ sreabhadh trasteorann mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2019/...(26)

(5)  ciallaíonn ‘acmhainn traslimistéir’ cumas na gcóras idirnascaithe chun aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana a éascú;

(6)  ciallaíonn ‘custaiméir’ custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(7)  ciallaíonn ‘oibreoirí córais dáileacháin’ oibreoirí córais dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...;

(8)  ciallaíonn ‘giniúint’ giniúint mar a shainmhínítear i bpointe (37) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(9)  ciallaíonn ‘géarchéim leictreachais’ staid atá ann faoi láthair nó atá ar tí a bheith ann ina bhfuil ganntanas suntasach leictreachais ann, arna cinneadh ag an Ballstáit agus a bhfuil tuairisc uirthi ina bpleananna riosca-ullmhachta, nó nach féidir leictreachas a sholáthar do chustaiméirí;

(10)  ciallaíonn ‘géarchéim chomhuaineach leictreachais’ géarchéim leictreachais a chuireann as do níos mó na Ballstát amháin san am céanna;

(11)  ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás rialtais nó rialála náisiúnta arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 3;

(12)  ciallaíonn ‘údaráis rialála’ údaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/...(27)

(13)  ciallaíonn ‘comhordaitheoir géarchéime’ duine, grúpa daoine, foireann atá comhdhéanta de bhainisteoirí náisiúnta ábhartha géarchéime leictreachais nó institiúid ar a bhfuil de chúram gníomhú mar phointe teagmhála agus comhordú a dhéanamh ar an sreabhadh faisnéise le linn géarchéim leictreachais;

(14)  ciallaíonn ‘beart nach bhfuil margadhbhunaithe’ aon bheart a dhírítear ar an soláthar nó ar an éileamh agus agus a imíonn ó rialacha an mhargaidh nó ó chomhaontuithe tráchtála a bhfuil sé mar aidhm leis géarchéim leictreachais a mhaolú;

(15)  ciallaíonn ‘táirgeoir’ táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (38) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...(28)

(16)  ciallaíonn ‘réigiún’ grúpa Ballstát a chomhroinneann a n-oibreoirí córais tarchurtha an lárionad comhordaithe réigiúnach céanna dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2019/...(29);

(17)  ciallaíonn ‘foghrúpa’ grúpa Ballstát, laistigh de réigiún, a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh a chur ar fáil dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 15;

(18)  ciallaíonn ‘luathrabhadh’ faisnéis nithiúil, thromchúiseach agus iontaofa a chur ar fáil lena léirítear go bhféadfadh teagmhas tarlú inar dócha go mbeadh meathlú suntasach ar staid an tsoláthair leictreachais ann dá dheasca agus go leanfadh géarchéim leictreachais é;.

(19)  ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur mar a shainmhínítear i bpointe (34) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+

(20)  ciallaíonn ‘gnóthas leictreachais’ gnóthas leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (57) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+

(21)  ciallaíonn ‘leithdháileadh acmhainne’ acmhainn traslimistéir a bhronnadh;

(22)  ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite nó ó fhuinneamh inathnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (31) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+

Airteagal 3

Údarás inniúil

1.  A luaithe is féidir agus in aon chás faoin ... [mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], ainmneoidh gach Ballstát údarás rialtais nó rialála náisiúnta ina údarás inniúil aige féin. Beidh de chúram ar na húdaráis inniúla na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a dhéanamh, agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile chun na críche sin. I gcás inarb iomchuí, go dtí go mbeifear tar éis an t-údarás inniúil a ainmniú, is iad na heintitis náisiúnta a bhfuil slándáil an tsoláthair leictreachais de chúram orthu a dhéanfaidh cúraimí an údaráis inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra, gan mhoill, don Choimisiún agus don GCL faoi ainm agus sonraí teagmhála a n-údarás inniúla arna ainmniú de bhun mhír 1 agus faoi aon athruithe ar a n-ainm nó a gcuid sonraí teagmhála, agus cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.

3.  Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don údarás inniúil na cúraimí oibríochtúla maidir le pleanáil riosca-ullmhachta agus bainistiú riosca a leagtar amach sa Rialachán seo a tharmligean chuig comhlachtaí eile. Déanfar cúraimí tarmligthe faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil agus déanfar iad a shonrú sa phlean riosca-ullmhachta i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 11(1).

Caibidil II

Measúnú riosca

Airteagal 4

Measúnú ar rioscaí do shlándáil an tsoláthair leictreachais

Áiritheoidh gach údarás inniúil go ndéanfar na rioscaí ábhartha uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair leictreachais a mheas i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus i gCaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/...(30). Chuige sin, oibreoidh sé i gcomhar le hoibreoirí córais tarchurtha, le hoibreoirí córais dáileacháin, le húdaráis rialála, le ENTSO don Leictreachas, le lárionaid chomhordaithe réigiúnacha agus le geallsealbhóirí ábhartha eile, de réir mar is gá.

Airteagal 5

Modheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint

1.  Faoi ... [ mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh ENTSO don Leictreachas faoi bhráid ACER togra le haghaidh modheolaíocht chun na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha is ábhartha a shainaithint.

2.  Sainaithneofar sa mhodheolaíocht mholta cásanna géarchéime leictreachais maidir le leordhóthanacht córais, slándáil córais agus slándáil breosla ar bhonn na rioscaí seo a leanas, ar a laghad:

(a)  guaiseacha nádúrtha idir annamh is ainscianta;

(b)  guaiseacha taismeacha nach gcuimsítear faoi chritéir shlándála N-1 agus teagmhais eisceachtúla;

(c)  guaiseacha iarmhartacha lena n-áirítear na hiarmhairtí a ghabhann le hionsaithe mailíseacha agus le ganntanas breosla.

3.  Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa mhodheolaíocht mholta:

(a)  breithniú ar na himthosca ábhartha náisiúnta agus réigiúnacha uile, lena n-áirítear aon fhoghrúpaí;

(b)  idirghníomhú agus comhghaolú rioscaí thar theorainneacha;

(c)  ionsamhlúcháin cásanna géarchéime leictreachais comhuaineacha;

(d)  rioscaí a rangú de réir a dtionchair agus a ndóchúlachta;

(e)  prionsabail maidir le conas faisnéis íogair a láimhseáil ar bhealach lena n-áirithítear trédhearcacht i leith an phobail.

4 Agus na rioscaí go mbeadh suaitheadh sa soláthar gáis á mbreithniú i gcomhthéacs rioscaí a shainaithint de bhun phointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo, úsáidfidh ENTSO don Leictreachas na cásanna suaite soláthair gáis nádúrtha agus bonneagair a d’fhorbair ENTSOG de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2017/1938.

5.  Sula ndéanfaidh sé an mhodheolaíocht mholta a thíolacadh do ACER, rachaidh ENTSO don Leictreachas i mbun comhairliúcháin a mbeidh, ar a laghad, lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, an lucht tionscail agus eagraíochtaí tomhaltóirí, táirgeoirí nó a gcomhlachtaí trádála, oibreoirí córais tarchurtha agus na hoibreoirí córais dáileacháin ábhartha, údaráis inniúla, údaráis rialála agus údaráis náisiúnta ábhartha eile rannpháirteach ann. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas aird chuí ar thorthaí an chomhairliúcháin agus déanfaidh sé iad a chur i láthair, in éineacht leis an modheolaíocht mholta, ag cruinniú den GCL.

6.  Laistigh de dhá mhí ón modheolaíocht mholta a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, an togra a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht ar a suíomhanna gréasáin.

7.  Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú go rialta i gcomhréir le míreanna 1 go 6, i gcás ina dtiocfaidh faisnéis nua shuntasach chun bheith ar fáil., Féadfaidh an GCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, nuashonruithe agus feabhsuithe den sórt sin a mholadh agus féadfaidh ACER nó an Coimisiún iad a iarraidh, agus cúiseanna á dtabhairt acu go cuí. Laistigh de shé mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, déanfaidh ENTSO don Leictreachas dréacht de na hathruithe molta a thíolacadh do ACER. Laistigh ▌de dhá mhí ón dréacht sin a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, na hathruithe molta a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht nuashonraithe ar a suíomhanna gréasáin.

Airteagal 6

Cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint

1.  Laistigh de shé mhí ó mhodheolaíocht a fhormheas de bhun Airteagal 5(6), déanfaidh ENTSO don Leictreachas, ar bhonn na modheolaíochta sin agus i ndlúthchomhar leis an nGCL, le lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, le húdaráis inniúla agus le húdaráis rialála, na cásanna géarchéime leictreachais is ábhartha do gach réigiún a shainaithint. Féadfaidh sé cúraimí a bhaineann le sainaithint cásanna géarchéime réigiúnacha a tharmligean chuig na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha.

2.  Déanfaidh ENTSO don Leictreachas na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a thíolacadh do na hoibreoirí córais tarchurtha, na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, na húdaráis inniúla agus na húdaráis rialála ábhartha agus do GCL. Féadfaidh an GCL leasuithe a mholadh.

3.  Déanfaidh ENTSO don Leictreachas na cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana, mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice.

Airteagal 7

Cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta a shainaithint

1.  Laistigh de cheithre mhí ó shainaithint na gcásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 6(1), déanfaidh an t-údarás inniúil na cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta is ábhartha a shainaithint.

2.   Agus na cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta á sainaithint aige, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na hoibreoirí córais tarchurtha, leis na hoibreoirí córais dáileacháin a mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil siad ábhartha, le táirgeoirí ábhartha nó lena gcomhlachtaí trádála agus leis an údarás rialála i gcás nach é an t-údarás inniúil é.

3.  Déanfar cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta a shainaithint ar bhonn na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 5(2), agus orthu sin ar a laghad, agus beidh siad comhsheasmhach leis na cásanna géarchéime réigiúnacha arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1). Déanfaidh na Ballstáit na cásanna géarchéime leictreachais náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice.

4.  Laistigh de cheithre mhí ó chásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 6(1), cuirfidh na Ballstáit an GCL agus an Coimisiún ar an eolas faoi mheasúnú ar na rioscaí féideartha is léir dóibh féin i dtaca le húinéireacht an bhonneagair is ábhartha do shlándáil an tsoláthair leictreachais, agus faoi aon bheart a glacadh chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú, mar aon le nod faoin gcúis a mheastar na bearta sin a bheith riachtanach agus comhréireach.

Airteagal 8

Modheolaíocht do mheasúnaithe ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach agus shéasúrach

1.  Faoin ... [sé mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh ENTSO don Leictreachas faoi bhráid ACER togra le haghaidh modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an leordhóthanacht shéasúrach agus ghearrthéarmach, eadhon go míosúil, an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad, ina gcuimseofar an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)  éiginnteacht na n-aschur amhail a dhóchúla go dtarlódh briseadh san acmhainn tarchurtha, a dhóchúla go dtarlódh briseadh gan choinne sna gléasraí cumhachta, adhaimsir, éileamh inathraithe, go háirithe buaiceanna ag brath ar dhálaí aimsire, agus inathraitheacht an táirgthe fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite;

(b)  a dhóchúla go dtarlódh géarchéim leictreachais;

(c)  a dhóchúla go dtarlódh géarchéim chomhuaineach leictreachais.

2.   Leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 1, déanfar foráil maidir le cur chuige dóchúlaíoch, lena n-áirítear iliomad cásanna, agus cuirfear san áireamh inti an comhthéacs náisiúnta, an comhthéacs réigiúnach agus comhthéacs an Aontais, lena n-áirítear an leibhéal idirnasctha idir na Ballstáit agus, a mhéid is féidir, tríú tíortha laistigh de limistéir shioncronacha den Aontas. Cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht sainiúlachtaí na hearnála fuinnimh i ngach Ballstát ar leith, lena n-áirítear dálaí aimsire ar leith agus imthosca seachtracha.

3.  Sula ndéanfaidh sé an mhodheolaíocht mholta a thíolacadh, rachaidh ENTSO don Leictreachas i mbun comhairliúcháin a mbeidh, ar a laghad, na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha, lucht tionscail agus eagraíochtaí tomhaltóirí, táirgeoirí nó a gcomhlachtaí trádála, oibreoirí córais tarchurtha, oibreoirí córais dáileacháin ábhartha, údaráis inniúla, údaráis rialála agus údaráis náisiúnta ábhartha eile rannpháirteach ann. Tabharfaidh ENTSO don Leictreachas aird chuí ar thorthaí an chomhairliúcháin agus déanfaidh sé iad a chur i láthair, in éineacht leis an modheolaíocht mholta, ag cruinniú de GCL.

4.  Laistigh de dhá mhí ón modheolaíocht mholta a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, an togra a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht ar a suíomhanna gréasáin

5.  Déanfaidh ENTSO don Leictreachas an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta agus a fheabhsú go rialta i gcomhréir le míreanna 1 go 4, i gcás ina dtiocfaidh faisnéis shuntasach nua chun bheith ar fáil. Féadfaidh an GCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, na nuashonraithe agus feabhsuithe sin a mholadh agus féadfaidh ACER nó an Coimisiún iad a iarraidh, agus cúiseanna á dtabhairt acu go cuí. Laistigh de shé mhí tar éis dó an iarraidh a fháil, déanfaidh ENTSO don Leictreachas dréacht de na hathruithe molta a thíolacadh do ACER. Laistigh de dhá mhí ón dréacht sin a fháil, déanfaidh ACER, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGCL, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó na Ballstáit, agus díobh sin amháin, na hathruithe molta a fhormheas nó a leasú. Foilseoidh ENTSO don Leictreachas agus ACER an leagan deiridh den mhodheolaíocht ar a suíomhanna gréasáin.

Airteagal 9

Measúnuithe gearrthéarmacha agus séasúracha ar an leordhóthanacht

1.  Na measúnuithe gearrthéarmacha uile ar an leordhóthanacht, is cuma má chuirfear i gcrích iad ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais, cuirfear i gcrích iad i gcomhréir leis an modheolaíocht arna forbairt de bhun Airteagal 8.

2.  Déanfaidh ENTSO don Leictreachas measúnuithe leordhóthanachta séasúracha i gcomhréir leis an modheolaíocht arna forbairt de bhun Airteagal 8. Foilseoidh sé torthaí mheasúnú leordhóthanachta an gheimhridh faoin 1 Nollaig gach bliain agus faoin 1 Meitheamh gach bliain i gcás mheasúnú leordhóthanachta an tsamhraidh. Féadfaidh sé cúraimí a bhaineann leis na measúnuithe leordhóthanachta a tharmligean chuig na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha. Déanfaidh sé an measúnú leordhóthanachta a chur i láthair ag cruinniú den GCL, a fhéadfaidh moltaí a dhéanamh i gcás inarb iomchuí.

3.  Déanfaidh na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha measúnuithe ar an leordhóthanacht don tseachtain dár gcionn go dtí an lá dár gcionn ar a laghad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1485 ar bhonn na modheolaíochta a glacadh de bhun Airteagal 8 den Rialachán seo.

Caibidil III

Pleananna riosca-ullmhachta

Airteagal 10

Bunú pleananna riosca-ullmhachta

1.  Ar bhonn na gcásanna géarchéime réigiúnacha agus náisiúnta arna sainaithint de bhun Airteagal 6 agus 7, déanfaidh údarás inniúil gach Ballstáit plean riosca-ullmhachta a bhunú, tar éis dóibh dul i gcomhairle le hoibreoirí córais dáileacháin a mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil siad ábhartha, leis na hoibreoirí córais tarchurtha, leis na táirgeoirí ábhartha nó lena gcomhlachtaí trádála, leis na gnóthais leictreachais agus na gnóthais gáis nádúrtha, leis na heagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí tionsclaíocha agus neamhthionsclaíocha leictreachais, agus leis an údarás náisiúnta rialála i gcás nach é an t-údarás inniúil é.

2.  Is éard a bheidh sa phlean riosca-ullmhachta bearta náisiúnta, bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 12. I gcomhréir le hAirteagal 16, na bearta uile a bheartaítear nó a ghlactar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, a mhaolú nó chun ullmhú faoina gcoinne, comhlíonfaidh siad go hiomlán na rialacha lena rialáiltear margadh inmheánach an leictreachais agus oibríocht an chórais. Beidh na bearta sin sainithe go soiléir, trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach.

3.  Forbrófar an plean riosca-ullmhachta i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12 agus leis an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn. Más gá, féadfaidh na Ballstáit breis faisnéise a áireamh sa phlean riosca-ullmhachta.

4.  Chun comhsheasmhacht na bpleananna riosca-ullmhachta a áirithiú, sula nglacfaidh siad a bpleananna riosca-ullmhachta, déanfaidh na húdaráis inniúla na dréachtphleananna a thíolacadh d’údaráis inniúla na mBallstát ábhartha sa réigiúnagus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiún céanna, d’údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil nasc díreach acu le chéile, agus don GCL, chun go rachaidís siúd i mbun comhairliúcháin ina dtaobh.

5.  Laistigh de shé mhí ó na dréachtphleananna riosca-ullmhachta a fháil, féadfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 4, agus an GCL ▌moltaí a eisiúint a bhaineann leis na dréachtphleananna arna dtíolacadh de bhun mhír 4.

6.  Laistigh de naoi mí óna ndréachtphlean a thíolacadh, déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a bpleananna riosca-ullmhachta a ghlacadh, agus torthaí an chomhairliúcháin de bhun mhír 4 agus aon mholtaí arna eisiúint de bhun mhír 5 á gcur san áireamh. Tabharfaidh siad fógra gan mhoill don Choimisiún maidir lena bpleananna riosca-ullmhachta arna nglacadh.

7.  Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún na pleananna riosca-ullmhachta a fhoilsiú ar a suíomhanna gréasáin, agus, ag an am céanna, rúndacht faisnéise íogaire a áirithiú, go háirithe faisnéis maidir le bearta a bhaineann le hiarmhairtí ionsaithe mailíseacha a chosc nó a mhaolú. Is bunaithe ar na prionsabail arna gcinneadh de bhun Airteagal 19 a bheidh cosaint rúndachta na faisnéise íogaire.

8.  Déanfaidh na húdaráis inniúla a gcéad phleananna riosca-ullmhachta a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin .. [30 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh siad iad a thabhairt cothrom le dáta gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, mura rud é, de bharr na n-imthosca, gur gá é a dhéanamh níos minice

Airteagal 11

Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta a mhéid a bhaineann le bearta náisiúnta

1.  Leagfar amach i bplean riosca-ullmhachta gach Ballstáit gach beart náisiúnta a bheartaítear nó a ghlactar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, a mhaolú nó chun ullmhú faoina gcoinne arna shainaithint sin de bhun Airteagail 6 agus 7. Ar a laghad:

(a)  beidh achoimre ann ar na cásanna géarchéime leictreachais a sainíodh don Bhallstát agus réigiún ábhartha, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7;

(b)  déanfaidh sé ról agus freagrachtaí na n-údarás inniúil a bhunú agus tabharfaidh sé tuairisc ar cé na cúraimí, más ann dóibh, atá tarmligthe chuig comhlachtaí eile;

(c)  tabharfaidh sé tuairisc ar na bearta atá ceaptha na rioscaí arna sainaithint de bhun Airteagail 6 agus 7 a chosc nó ullmhú faoina gcoinne;

(d)  déanfaidh sé comhordaitheoir náisiúnta géarchéime a ainmniú agus a chuid cúraimí a bhunú;

(e)  déanfaidh sé nósanna imeachta mionsonraithe a bhunú a bheidh le leanúint le linn géarchéimeanna leictreachais, lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;

(f)  sainaithneoidh sé rannchuidiú na mbeart margadhbhunaithe ó thaobh géarchéimeanna leictreachais a sheasamh, go háirithe bearta atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar;

(g)  sainaithneoidh sé bearta féideartha nach bhfuil margadhbhunaithe a bheidh le cur chun feidhme i gcás géarchéimeanna leictreachais, agus an tsiocair, na dálaí agus na nósanna imeachta chun iad a chur chun feidhme á sonrú, agus an bealach a gcomhlíonann na bearta sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16 agus bearta réigiúnacha agus déthaobhacha á léiriú;

(h)  creat a chur ar fáil don lódsceitheadh de láimh, lena sonrófar na himthosca ina mbeidh lóid le sceitheadh agus lena sonrófar, a mhéid a bhaineann leis an tsábháilteacht phoiblí agus leis an tslándáil phearsanta, catagóirí na n-úsáideoirí leictreachais a bheidh i dteideal, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, cosaint speisialta a fháil ar dhíscor, agus lena dtabharfar bonn cirt leis an ngá atá leis an gcosaint sin, agus lena sonrófar an chaoi ar cheart d’oibreoirí chóras tarchuir agus dáileacháin na mBallstát lena mbaineann gníomhú chun an tomhaltas a laghdú;

(i)  tabharfaidh sé tuairisc ar na sásraí a úsáidtear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ghéarchéimeanna leictreachais;

(j)   tabharfaidh sé tuairisc ar na bearta náisiúnta is gá chun na bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, na beartha déthaobhacha arna gcomhaontú de bhun Airteagal 12 a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú;

(k)  áireoidh sé faisnéis maidir le pleananna gaolmhara is gá chun an eangach a bheidh ann amach anseo a fhorbairt lena gcuideofar le déileáil le hiarmhairtí cásanna géarchéime arna sainaithint.

2.  Cuirfear san áireamh go hiomlán sna bearta náisiúnta na bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, na bearta déthaobhacha arna gcomhaontú de bhun Airteagal 12 agus ní chuirfear slándáil oibríochtúil ná sábháilteacht an chórais tarchurtha, ná slándáil an tsoláthair gáis i mBallstáit eile i gcontúirt leo ▌.

Airteagal 12

Inneachar na bpleananna riosca-ullmhachta a mhéid a bhaineann le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha

1.  Sa bhreis ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11, áireofar i bplean riosca-ullmhachta gach Ballstáit bearta réigiúnacha agus, i gcás inarb infheidhme, bearta déthaobhacha chun a áirithiú go ndéanfar géarchéimeanna leictreachais ag a bhfuil tionchar trasteorann a chosc nó a bhainistiú i gceart. Déanfar bearta réigiúnacha a chomhaontú, laistigh den réigiún lena mbaineann, idir na Ballstáit sin a bhfuil an cumas teicniúil acu cúnamh a thabhairt dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 15. Chun na críche sin, féadfaidh na Ballstáit foghrúpaí a chruthú freisin laistigh de réigiún. Déanfar bearta déthaobhacha a chomhaontú idir na Ballstáit atá nasctha go díreach le chéile ach nach bhfuil laistigh den réigiún céanna. Áiritheoidh na Ballstáit comhsheasmhacht idir bearta réigiúnacha agus déthaobhacha. Áireofar ar na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  comhordaitheoir géarchéime a ainmniú a bheidh comhdhéanta de na bainisteoirí náisiúnta ábhartha géarchéime leictreachais;

(b)  sásraí chun faisnéis a chomhroinnt agus chun comhar a dhéanamh ▌;

(c)  bearta comhordaithe chun tionchar géarchéime leictreachais a mhaolú, lena n-áirítear géarchéim chomhuaineach leictreachais, chun críche cúnaimh i gcomhréir le hAirteagal 15;

(d)  nósanna imeachta chun tástálacha bliantúla nó débhliantúla a dhéanamh ar na pleananna riosca-ullmhachta.

(e)  truicearshásraí beart nach bhfuil margadhbhunaithe a chuirfear i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 16(2).

2.  Déanfaidh ▌ na Ballstáit ▌lena mbaineann na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a bheidh le háireamh sa phlean riosca-ullmhachta a chomhaontú, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na lárionaid chomhordaithe réigiúnacha ábhartha. Féadfaidh ról éascaitheora a bheith ag an gCoimisiún in ullmhú an chomhaontaithe maidir le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ACER agus ar ENTSO don Leictreachas cúnamh teicniúil a thabhairt do na Ballstáit d’fhonn comhaontú den sórt sin a éascú. Ocht mí ar a laghad roimh an spriocdháta chun an plean riosca-ullmhachta a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta, tuairisceoidh na húdaráis inniúla don GCL maidir leis na comhaontuithe ar thángthas orthu. Más rud é nach mbeidh na Ballstáit in ann teacht ar chomhaontú, cuirfidh na húdaráis inniúla lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an easaontas sin. Sa chás sin, molfaidh an Coimisiún bearta, lena n-áirítear sásra comhair, chun comhaontú maidir le bearta réigiúnacha agus déthaobhacha a thabhairt i gcrích.

3.  I bpáirt leis na geallsealbhóirí ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla na mBallstát i ngach réigiún, go tráthrialta, tástáil ar a éifeachtaí atá na nósanna imeachta arna bhforbairt i bpleananna riosca-ullmhachta chun géarchéimeanna leictreachais a chosc, lena n-áirítear na sásraí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus déanfaidh siad ionsamhlúcháin dhébhliantúla ar ghéarchéimeanna leictreachais, agus na sásraí sin á dtástáil go háirithe.

Airteagal 13

Measúnú an Choimisiúin ar na pleananna riosca-ullmhachta

1.  Laistigh de cheithre mhí ón uair a thabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin bplean riosca-ullmhachta arna ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bplean agus tabharfaidh sé aird chuí ar na tuairimí a chuirfidh an GCL in iúl.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGCL, tuairim neamhcheangailteach a eisiúint, ina leagfar amach cúiseanna mionsonraithe, agus tíolacfaidh sé don údarás inniúil í, maille le moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar a phlean riosca-ullmhachta i gcás:

(a)  nach bhfuil sé éifeachtach chun na rioscaí arna sainaithint sna cásanna géarchéime leictreachais a mhaolú;

(b)  ina bhfuil sé ar neamhréir leis na cásanna géarchéime leictreachais arna sainaithint nó le plean riosca-ullmhachta Ballstáit eile;

(c)  nach gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 10(2);

(d)  ina leagann sé amach bearta ar dóigh dóibh dochar a dhéanamh do shlándáil an tsoláthair gáis i mBallstáit eile;

(e)  ina ndéanann sé saobhadh míchuí ar an iomaíocht nó ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh; nó

(f)  nach gcomhlíonann sé forálacha an Rialacháin seo ná forálacha eile de chuid dhlí an Aontais.

3.  Laistigh de thrí mhí ón tuairim ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 2 a fháil, tabharfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann aird iomlán ar an moladh ón gCoimisiún agus tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir leis an bplean riosca-ullmhachta arna leasú, nó tabahrfaidh sé fógra don Choimisiún faoi na cúiseanna a bhfuil agóid aige in aghaidh an mholta.

4.  I gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne an mholta ón gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de cheithre mhí ón bhfógra ón údarás inniúil a fháil maidir lena chúiseanna leis an agóid, a mholadh a tharraingt siar nó cruinniú a thionól leis an údarás inniúil agus, i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá sin, leis an nGCL, chun an tsaincheist a bhreithniú. Leagfaidh an Coimisiún amach na cúiseanna mionsonraithe atá le haon mhodhnuithe ar an bplean riosca-ullmhachta a iarraidh. I gcás ina mbeidh seasamh críochnaitheach an údaráis inniúil lena mbaineann éagsúil le cúiseanna mionsonraithe an Choimisiúin, déanfaidh an t-údarás inniúil sin na cúiseanna lena sheasamh a sholáthar don Choimisiún laistigh de dhá mhí tar éis cúiseanna mionsonraithe an Choimisiúin a fháil.

Caibidil IV

Géarchéimeanna leictreachais a bhainistiú

Airteagal 14

Luathrabhadh agus géarchéim leictreachais a fhógairt

1.  I gcás ina soláthróidh measúnú leordhóthanachta séasúrach nó foinse cháilithe eile faisnéis nithiúil, thromchúiseach ▌ agus iontaofa go bhféadfadh géarchéim leictreachais tarlú i mBallstát, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin, gan moill mhíchuí, luathrabhadh a thabhairt don Choimisiún, d’údaráis inniúla na mBallstát laistigh den réigiún céanna agus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiúin céanna, d’údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil nasc díreach acu le chéile. . Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann faisnéis a sholáthar freisin maidir leis na cúiseanna atá leis an ngéarchéim leictreachais a d’fhéadfadh a bheith ann, le bearta a bheartaítear nó a ghlactar chun géarchéim leictreachais a chosc, agus leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann cúnamh a fháil ó Bhallstáit eile. Áireofar san fhaisnéis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar an margadh inmheánach leictreachais ▌. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin a sholáthar don GCL.

2.  Agus é i ngleic le géarchéim leictreachais, déanfaidh an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an oibreoir córais tarchurtha lena mbaineann, géarchéim leictreachais a fhógairt agus déanfaidh sé údaráis inniúla na mBallstát laistigh den réigiún céanna agus, i gcás nach bhfuil siad sa réigiún céanna, údaráis inniúla na mBallstát a bhfuil nasc díreach le chéile, mar aon leis an gCoimisiún a chur ar an eolas fúithi, gan moill mhíchuí. Áireofar san fhaisnéis sin na cúiseanna atá leis an meathlú ar staid an tsoláthair leictreachais, na cúiseanna atá le géarchéim leictreachais a fhógairt, na bearta maolaithe arna mbeartú nó arna nglacadh, agus an gá a d’fhéadfadh a bheith ann aon chúnamh a fháil ó Bhallstáit eile.

3.  I gcás ina measann siad nach leor an fhaisnéis a sholáthrófar de bhun míreanna 1 nó 2, féadfaidh an Coimisiún, an GCL nó na húdaráis inniúla sa réigiún céanna, agus, i gcás nach bhfuil said sa réigiún céanna, údaráis inniúla na mBallstát atá nasctha go díreach, a iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann a d’fhógair an ghéarchéim leictreachais breis faisnéise a sholáthar.

4.  I gcás ina n don Leictreachasiseoidh údarás inniúil luathrabhadh nó ina bhfógróidh sé géarchéim leictreachais, déanfar na bearta a leagtar amach sa phlean riosca-ullmhachta a leanúint a oiread agus is féidir.

Airteagal 15

Comhar agus cúnamh

1.  Gníomhóidh na Ballstáit, agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile, de mheon dlúthpháirtíochta chun géarchéimeanna leictreachais a chosc nó a bhainistiú ▌.

2.  I gcás ina bhfuil an cumas teicniúil is gá acu, tairgfidh na Ballstáit cúnamh dá chéile trí bhíthin bearta réigiúnacha nó déthaobhacha a comhaontaíodh de bhun an Airteagail seo agus de bhun Airteagal 12 sula dtabharfar an cúnamh sin. Chuige sin, agus chun chríche an tsábháilteacht phoiblí agus an tslándáil phearsanta a chosaint, tiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú maidir le bearta réigiúnacha nó déthaobhacha dá rogha féin chun leictreachas a sheachadadh ar bhealach comhordaithe.

3.  Tiocfaidh na Ballstáit ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá chun na bearta réigiúnacha nó déthaobhacha a chur chun feidhme sula dtairgfear cúnamh. Leis na socruithe sin, leagfar amach, inter alia, an huaschainníochtaí leictreachais a bheidh le seachadadh ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal déthaobhach, an rud is siocair le cúnamh ar bith agus le cúnamh a chur ar fionraí, an chaoi a seachadfar an leictreachas, agus forálacha maidir le cúiteamh cóir idir na Ballstáit i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6.

4.  Beidh an cúnamh faoi réir ag comhaontú roimh ré idir na Ballstáit lena mbaineann maidir le cúiteamh cóir, lena gcumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  costas an leictreachais a sheachadtar chuig críoch an Bhallstáit a bhfuil cúnamh á iarraidh aige chomh maith leis na costais ghaolmhara tarchuir; agus

(b)  aon chostais réasúnta eile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn cúnamh, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le haisíocaíocht ar chúiteamh arna ullmhú d’uireasa gníomhachtú éifeachtach, mar aon le haon chostais a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha, imeachtaí eadrána nó imeachtaí agus socraíochtaí comhchosúla.

5.  Ar chúiteamh cóir de bhun mhír 4, áireofar, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn cúnamh mar thoradh ar oibleagáid cúiteamh a íoc de bhua cearta bunúsacha a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme agus forálacha an Rialacháin seo maidir le cúnamh á gcur chun feidhme, agus costais bhreise réasúnta a thabhaítear mar thoradh ar chúiteamh á íoc de bhun rialacha náisiúnta cúitimh.

6.  An Ballstát a iarrfaidh cúnamh, íocfaidh sé cúiteamh cóir, go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar cúiteamh cóir go pras, leis an mBallstát a sholáthraíonn cúnamh.

7.  Déanfaidh an Coimisiún, faoi ... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGCL agus le ACER, foráil do threoir neamhcheangailteach i dtaca leis na príomhghnéithe den chúiteamh cóir dá dtagraítear i míreanna 3 go 6 agus le príomhghnéithe eile de na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais dá dtagraítear i mír 3, mar aon le prionsabail ghinearálta den chúiteamh frithpháirteach dá dtagraítear i mír 2.

8.   I gcás ina dtarlóidh géarchéim leictreachais agus nach mbeidh, lena linn, na Ballstáit tagtha ar chomhaontú go fóill maidir le bearta réigiúnacha nó déthaobhacha agus maidir le socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit comhaontú faoi bhearta agus socruithe ad hoc chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúiteamh cóir de bhun mhíreanna 4, 5 agus 6. I gcás ina n-iarrfaidh Ballstát cúnamh sula mbeidh na bearta agus socruithe ad hoc sin comhaontaithe, gabhfaidh sé air féin, sula bhfaighidh sé cúnamh, cúiteamh cóir a íoc i gcomhréir le míreanna 4, 5 agus 6.

9.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar forálacha an Rialacháin seo maidir le cúnamh a chur chun feidhme i gcomhréir leis na Conarthaí, leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, mar aon le haon oibleagáidí idirnáisiúnta eile is infheidhme. Déanfaidh siad na bearta is gá chuige sin.

Airteagal 16

Comhlíonadh rialacha an mhargaidh

1.  Comhlíonfaidh gach beart a ghlacfar chun géarchéimeanna leictreachais a chosc nó a mhaolú na rialacha lena rialáiltear an margadh inmheánach leictreachais agus oibríocht an chórais.

2.  Ní dhéanfar bearta nach bhfuil margadhbhunaithe a chur i ngníomh tráth géarchéime leictreachais ▌ach amháin mar rogha dheiridh agus tráth nach leor feasta féidearthachtaí uile an mhargaidh nó nuair is léir nach leor bearta margadhbhunaithe ina n-aonar chun tuilleadh meathlaithe ar staid an tsoláthair leictreachais a chosc. Ní dhéanfaidh bearta nach bhfuil margadhbhunaithe saobhadh míchuí ar an iomaíochas ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh leictreachais. Beidh siad riachtanach, comhréireach, neamh-idirdhealaitheach agus sealadach. Cuirfidh an t-údarás inniúil geallsealbhóirí ábhartha sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm aon bheart nach bhfuil margadhbhunaithe.

3.  Ní thionscnófar ciorrú idirbhirt, lena n-áirítear ciorrú na hacmhainne traslimistéir sin atáthar tar éis a leithdháileadh cheana, teorannú sholáthar na hacmhainne traslimistéir i dtaca le leithdháileadh acmhainne, nó teorannú sholáthar na sceideal, ach amháin i gcomhréir le hAirteagal 16(2) de Rialachán (EU) 2019/...(31), agus leis na rialacha arna nglacadh chun an fhoráil sin a chur chun feidhme.

Caibidil V

Meastóireacht agus faireachán

Airteagal 17

Meastóireacht ex post

1.  A luaithe is féidir agus in aon chás trí mhí tar éis deireadh a theacht le géarchéim leictreachais, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit a dhearbhaigh an ghéarchéim leictreachais tuarascáil mheastóireachta ex post a sholáthar don GCL agus don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás rialála i gcás nach é an t-údarás inniúil é,

2.  Beidh an méid seo a leanas, ar a laghad, sa tuarascáil mheastóireachta ex post:

(a)  cur síos ar an teagmhas ba shiocair leis an ngéarchéim leictreachais;

(b)  cur síos ar aon bhearta coisctheacha, ullmhúcháin agus maolúcháin a glacadh agus measúnú ar a gcomhréireacht agus a n-éifeachtacht;

(c)  measúnú ar thionchar trasteorann na mbeart a glacadh;

(d)  cur síos ar an gcúnamh a ullmhaíodh, le gníomhachtú éifeachtach nó dá uireasa, a soláthraíodh do Bhallstáit chomharsanachta agus do thríú tíortha nó a fuarthas uatha;

(e)  tionchar eacnamaíoch na géarchéime leictreachais agus tionchar na mbeart arna nglacadh ar earnáil an leictreachais a mhéid a cheadófar sin de réir na sonraí a bheidh ar fáil tráth an mheasúnaithe, go háirithe méid an leictreachais nár seachadadh agus leibhéal an díscoir éilimh de láimh (lena n-áirítear comparáid idir leibhéal an díscoir éilimh aontaithigh agus an díscoir éilimh éigeantaigh);

(f)  na cúiseanna lena dtugtar údar cuí le haon bhearta nach bhfuil margadhbhunaithe a chur i bhfeidhm;

(g)  aon fheabhsuithe féideartha nó aon fheabhsuithe a bheartaítear a dhéanamh ar an bplean riosca-ullmhachta;

(h)   forbhreathnú ar aon fheabhsuithe a d’fhéadfaí a chur ar fhorbairt eangach i gcásanna inar tharla an ghéarchéim toisc nár leor an fhorbairt a rinneadh ar an líonra nó inar chuir an fhorbairt neamhleor sin leis an ngéarchéim.

3.  I gcás ina measann siad nach leor an fhaisnéis a sholáthraítear sa tuarascáil mheastóireachta ex post, féadfaidh an GCL agus an Coimisiún a iarraidh ar an údarás inniúil lena mbaineann faisnéis bhreise a sholáthar.

4.  Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann torthaí na meastóireachta ex post a chur i láthair ag cruinniú den GCL. Léireofar na torthaí sin sa phlean riosca-ullmhachta nuashonraithe.

Airteagal 18

Faireachán ▌

1.  De bhreis ar chúraimí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a dhéanamh, déanfaidh an GCL plé ar na nithe seo a leanas ▌:

(a)  torthaí an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana don leictreachas a d’ullmhaigh ENTSO don Leictreachas;

(b)  comhleanúnachas na bpleananna riosca-ullmhachta, a ghlac na húdaráis inniúla de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10;

(c)  torthaí na measúnuithe Eorpacha ar leordhóthanacht acmhainní a rinne ENTSO don Leictreachas amhail dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) 2019/... (32) ;

(d)  feidhmíocht na mBallstát i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais agus na táscairí a ríomhadh sa mheasúnú Eorpach ar leordhóthanacht acmhainní, eadhon an fuinneamh a rabhthas ag súil leis ach nár seachadadh agus an t-ionchas caillte lóid, á gcur san áireamh ar a laghad.

(e)  torthaí na measúnuithe ar an leordhóthanacht shéasúrach dá dtagraítear in Airteagal 9(2);

(f)  an fhaisnéis a fuarthas ó na Ballstáit de bhun Airteagal 17(4);

(g)  torthaí na dtuarascálacha meastóireachta ex post dá dtagraítear in Airteagal 17(4);

(h)  an mhodheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an leordhóthanacht ghearrthéarmach dá dtagraítear in Airteagal 8;

(i)  an mhodheolaíocht chun cásanna géarchéime leictreachais réigiúnacha dá dtagraítear in Airteagal 5 a shainaithint.

2.  Féadfaidh an GCL moltaí a eisiúint do na Ballstáit agus do ENTSO don Leictreachas maidir leis na hábhair dá dtagraítear i mír 1.

3.  Déanfaidh ACER, ar bhonn leanúnach, faireachán ar shlándáil bhearta an tsoláthair leictreachais agus tuairisceoidh sé go rialta don GCL.

4.  Faoin 1 Meán Fómhair 2025, ar bhonn na taithí a gheofar agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar na modhanna féideartha a dhéanfar slándáil an tsoláthair leictreachais a fheabhsú ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh sé tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n-áirítear, i gcás inar gá, tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 19

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.  Déanfaidh na Ballstáit agus na húdaráis inniúla na nósanna imeachta dá dtagraítear sa Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear na rialacha náisiúnta a bhaineann le faisnéis agus próisis rúnda a láimhseáil. Más é an toradh a bheidh ar na rialacha sin a chur chun feidhme nach ndéanfar faisnéis a nochtadh, inter alia, mar chuid de phleananna riosca-ullmhachta, féadfaidh an Ballstát nó an t-údarás achoimre neamhrúnda uirthi a sholáthar, agus déanfaidh sé amhlaidh arna iarraidh sin dó.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, ACER, an GCL, ENTSO don Leictreachas, Ballstáit, údaráis inniúla, údaráis rialála agus comhlachtaí ábhartha eile, eintitis nó daoine, a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo, rúndacht faisnéise íogaire a áirithiú.

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Comhar leis na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh

I gcás ina rachaidh na Ballstáit agus na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh i gcomhar le chéile i réimse shlándáil an tsoláthair leictreachais, féadfar a áireamh, sa chomhar sin, staid ghéarchéime leictreachais a shainiú, an próiseas maidir le cásanna géarchéime leictreachais a shainaithint agus maidir le pleananna riosca-ullmhachta a bhunú ionas nach nglacfar aon bheart a chuirfeadh slándáil an tsoláthair leictreachais chuig na Ballstáit, chuig na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh, nó chuig an Aontas i mbaol. Chuige sin, ar chuireadh ón gCoimisiún, féadfaidh na Páirtithe Conarthacha sa Chomhphobal Fuinnimh a bheith rannpháirteach san GCL maidir le gach ní a bhaineann leo.

Airteagal 21

Maolú

Go dtí go mbeidh an Chipir nasctha go díreach le Ballstát eile, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 agus 12 agus Airteagal 15(2) go (9) idir an Chipir agus Ballstáit eile, ná maidir le ENTSO don Leictreachas i ndáil leis an gCipir. Féadfaidh an Chipir agus Ballstáit ábhartha eile, le tacaíocht ón gCoimisiún, forbairt a dhéanamh ar bhearta agus nósanna imeachta malartacha seachas iad siúd dá bhforáiltear in Airteagail 6 agus 12 agus Airteagal 15(2) go (9), ar choinníoll nach ndéanfar difear, leis na bearta agus na nósanna imeachta malartacha sin, do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo idir na Ballstáit eile.

Airteagal 22

Foráil idirthréimhseach go dtí go mbunófar lárionaid chomhordaithe réigiúnacha

Go dtí an dáta a dhéanfar lárionaid chomhordaithe réigiúnacha a bhunú de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE 2019/...) (33), tagróidh réigiúin do Bhallstát nó do ghrúpa Ballstát atá lonnaithe sa limistéar sioncronach céanna.

Airteagal 23

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2005/89/CE.

Airteagal 24

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Teimpléad don phlean riosca-ullmhachta

Is i mBéarla a chomhlánófar an teimpléad seo a leanas.

Faisnéis ghinearálta

–  Ainm an údaráis inniúil atá freagrach as an bplean seo a ullmhú

–  Na Ballstáit atá sa réigiún

1.  ACHOIMRE AR NA CÁSANNA GÉARCHÉIME LEICTREACHAIS

Cuirtear síos go hachomair ar na cásanna géarchéime leictreachais a sainaithníodh ar an leibhéal réigiúnacha agus náisiúnta i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 6 agus 7, lena n-áirítear cur síos ar na toimhdí a cuireadh i bhfeidhm.

2.  RÓIL AGUS FREAGRACHTAÍ AN ÚDARÁIS INNIÚIL

Sainítear róil agus freagrachtaí an údaráis inniúil agus na gcomhlachtaí ar tarmligeadh cúraimí chucu.

Cuirtear síos ar na cúraimí, más ann dóibh, atá tarmligthe chuig comhlachtaí eile.

3.  NÓSANNA IMEACHTA AGUS BEARTA I gCÁS GÉARCHÉIM LEICTREACHAIS

3.1.  Nósanna imeachta agus bearta náisiúnta

(a)  Cuirtear síos ar na nósanna imeachta a leanfar i gcás géarchéim leictreachais, lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;

(b)  Cuirtear síos ar na bearta coisctheacha agus ullmhúcháin;

(c)  Cuirtear síos ar na bearta chun géarchéimeanna leictreachais a mhaolú, go háirithe bearta atá dírithe ar an éileamh agus ar an soláthar, agus sonraítear ag an am céanna na dálaí inar féidir na bearta sin a úsáid, go háirithe an méid ba shiocair le gach beart. Maidir le bearta nach bhfuil bunaithe ar an margadh, ní mór bonn ceart cirt a bheith leo i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 16 agus ní mór dóibh bearta réigiúnacha, agus, I gcás inarb infheidhme, déthaobhacha, a chomhlíonadh;

(d)  Creat a sholáthar don lódsceitheadh de láimh, lena sonraítear na himthosca faoina sceithfear lóid ▌. Sonrófar, maidir leis an tsábháilteacht phoiblí agus leis an tslándáil phearsanta, catagóirí na n-úsáideoirí leictreachais a bheidh i dteideal cosaint speisialta a fháil ar dhíscor, agus tabharfar bonn cirt leis an ngá leis an gcosaint sin. Sonraítear an chaoi ar cheart do na hoibreoirí córais tarchurtha agus na hoibreoirí córais dáileacháin gníomhú chun an tomhaltas a laghdú;

(e)  Cuirtear síos ar na sásraí a úsáidtear chun an pobal a chur ar an eolas faoin ngéarchéim leictreachais.

3.2.  Nósanna imeachta agus bearta réigiúnacha agus déthaobhacha

(a)  Cuirtear síos ar na sásraí a comhaontaíodh maidir leis an gcomhar laistigh den réigiún agus chun comhordú cuí – roimh an ngéarchéim leictreachais agus lena linn – a áirithiú, lena n-áirítear na nósanna imeachta cinnteoireachta maidir le freagairt iomchuí ar an leibhéal réigiúnach;

(b)  Cuirtear síos ar aon bhearta réigiúnacha agus déthaobhacha ▌lena n-áirítear aon socruithe teicniúla, dlíthiúla agus ▌airgeadais is gá chun na bearta sin a chur chun feidhme. Agus cur síos á dhéanamh ar na socruithe sin, soláthrófar faisnéis maidir le, inter alia, na huaschainníochtaí leictreachais a bheidh le seachadadh ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal déthaobhach, an rud is siocair leis an gcúnamh agus an fhéidearthacht a iarraidh go ndéanfaí é a fhionraí, an chaoi a seachadfar an leictreachas, agus na forálacha maidir le cúiteamh cóir idir na Ballstáit. Cuirtear síos ar na bearta náisiúnta is gá chun na bearta réigiúnacha agus déthaobhacha arna gcomhaontú a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú;

(c)  Cuirtear síos ar na sásraí atá i bhfeidhm maidir leis an gcomhar i measc na mBallstát eile atá lasmuigh den réigiún agus leis na tríú tíortha sin atá laistigh den réimse sioncronach chun gníomhaíochtaí a chomhordú roimh an ngéarchéim leictreachais agus lena linn.

4.  COMHORDAITHEOIR GÉARCHÉIME

Sonraítear agus sainítear ról an chomhordaitheora géarchéime. Sonraítear na sonraí teagmhála.

5.  COMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

I gcomhréir le hAirteagal 10(1), cuirtear síos ar an sásra arna úsáid chun an plean seo a fhorbairt, agus torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh leo seo a leanas:

(a)  gnóthais leictreachais agus gnóthais gáis nádúrtha ábhartha, lena n-áirítear táirgeoirí ábhartha nó a gcomhlachtaí trádála;

(b)  eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí neamhthionsclaíocha leictreachais;

(c)  eagraíochtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar leasanna custaiméirí tionsclaíocha leictreachais ▌;

(d)  údaráis náisiúnta rialála;

(e)  na hoibreoirí córais tarchurtha;

(f)  oibreoirí córais dáileacháin.

6.  TÁSTÁLACHA ÉIGEANDÁLA

(a)  Sonraítear an féilire le haghaidh ionsamhlúcháin freagartha fíor-ama réigiúnacha (agus, más infheidhme, náisiúnta chomh maith) dhébhliantúla géarchéimeanna leictreachais;

(b)  I gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 12(1), sonraítear na nósanna imeachta a comhaontaíodh agus na gníomhaithe lena mbaineann.

I gcás na nuashonraithe ar an bplean: cuirtear síos go hachomair ar na tástálacha a rinneadh ó glacadh an plean deireanach, agus príomhthorthaí na dtástálacha sin. Sonraítear cé na bearta atá glactha mar thoradh ar na tástálacha sin.

(1)IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.
(2)IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.
(3) Seasamh Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019.
(4) Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ….
(5) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(6) Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … .
(7) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS 10/19 (2016/0380(COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta.
(8)Treoir 2005/89/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair leictreachais a choimirciú agus infheistiú i mbonneagar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 22).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).
(10)Rialachán (AE) Uimh. 2017/2196 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2017 lena mbunaítear cód líonra maidir le héigeandálaí agus athbhunú (IO L 312, 28.11.2017, lch. 54).
(11) Cinneadh ón gCoimisiún an 15 Samhain 2012, lena mbunaítear an Grúpa Comhordaithe Leictreachais (IO C 353, 17.11.2012, lch. 2).
(12)Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus córais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
(13) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(14)Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair ríthábhachtacha Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75).
(15)Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
(16) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS 10/19 (2016/0380(COD)).
(17) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19. (2016/0379(COD)).
(18) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 83/18 (2016/0378(COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
(19) Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir le bearta chun slándáil an tsoláthair gáis a choimirciú agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 (IO L 280, 28.10.2017, lch. 1).
(20)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(21) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(22) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(23) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(24) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS 10/19 (2016/0380(COD)).
(25)+Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS 10/19 (2016/0380(COD)).
(26)++Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(27)
(28)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir na Treorach atá i ndoiciméad PE-CONS .../... (2016/0380(COD)).
(29)++ Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS .../... (2016/0379(COD))
(30) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(31) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS 9/19 (2016/0379(COD)).
(32) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS .../... (2016/0379(COD)).
(33) Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin a áirítear i ndoiciméad PE-CONS9.19 (2016/0379(COD)).

An nuashonrú is déanaí: 27 Márta 2019Fógra dlíthiúil