Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2016/0280(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0245/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0245/2018

Díospóireachtaí :

PV 11/09/2018 - 12
CRE 11/09/2018 - 12
PV 26/03/2019 - 2
CRE 26/03/2019 - 2

Vótaí :

PV 05/07/2018 - 6.4
CRE 05/07/2018 - 6.4
PV 12/09/2018 - 6.4
CRE 12/09/2018 - 6.4
Mínithe ar vótaí
PV 26/03/2019 - 7.11
CRE 26/03/2019 - 7.11
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0337
P8_TA(2019)0231

Téacsanna atá glactha
PDF 383kWORD 111k
Dé Máirt, 26 Márta 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach ***I
P8_TA-PROV(2019)0231A8-0245/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach (COM(2016)0593 – C8-0383/2016 – 2016/0280(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0593),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0383/2016),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus d’Airteagail 53(1), 62 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Eanáir 2017(1),

–  ag féachaint do thuairim Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2017(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0245/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 125, 21.4.2017, lch. 27.
(2) IO C 207, 30.6.2017, lch. 80.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE
P8_TC1-COD(2016)0280

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) agus Airteagail 62 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Foráiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go mbunófar margadh inmheánach agus go gcuirfear ar bun córas a áirithíonn nach ndéanfar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh. Le comhchuibhiú tuilleadh ar dhlíthe na mBallstát maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara, ba cheart rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí sin.

(2)  Na treoracha arna nglacadh i réimse an chóipchirt agus na gceart gaolmhar, rannchuidíonn siad le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, déanann siad foráil maidir le ardleibhéal cosanta do shealbhóirí cirt, éascaíonn siad imréiteach na gceart, agus cruthaíonn siad creat inar féidir saothair agus ábhar cosanta eile a shaothrú. Cuireann an creat dlí comhchuibhithe sin le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh, agus spreagann sé nuálaíocht, cruthaíocht, infheistiú agus táirgeadh inneachair nua, sa timpeallacht dhigiteach freisin, chun ilroinnt sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Chomh maith leis sin, cuireann an chosaint a chuirtear ar fáil leis an gcreat dlí sin le cuspóir an Aontais éagsúlacht chultúrtha a urramú agus a chur chun cinn, agus ag an am céanna comhoidhreacht chultúrtha na hEorpa a thabhairt chun suntais. Le hAirteagal 167(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ceanglaítear ar an Aontas aird a thabhairt ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht.

(3)  Athraíonn an chaoi a ndéantar saothair agus ábhar eile a chruthú, a tháirgeadh, a dháileadh agus a shaothrú i gcónaí a bhuí le forbairtí gasta teicneolaíochta. Bíonn samhlacha nua gnó agus gníomhairí nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad. Ní mór don reachtaíocht ábhartha a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire ionas nach gcuirfear srian leis an bhforbairt theicneolaíoch. Tá na cuspóirí agus prionsabail a leagtar síos le creat cóipchirt an Aontais fónta i gcónaí. Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann fós, áfach, do shealbhóirí cirt agus d’úsáideoirí araon, maidir le húsáidí áirithe de shaothair agus d’ábhar eile sa timpeallacht dhigiteach, lena n-áirítear úsáidí trasteorann. Mar atá ráite i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2015 dar teideal “Towards a modern, more European copyright framework” [“I dtreo creat cóipchirt níos nua-aimseartha agus níos Eorpaí”], i réimsí áirithe is gá creat cóipchirt reatha an Aontais a oiriúnú agus a fhorlíonadh, agus ardleibhéal cosanta i dtaca le cóipcheart agus cearta gaolmhara á choinneáil. Déantar foráil leis an Treoir seo maidir le rialacha chun eisceachtaí áirithe agus teorainneacha áirithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara a oiriúnú don timpeallacht dhigiteach agus don timpeallacht trasteorann, agus maidir le bearta chun cleachtais cheadúnaithe áirithe a éascú, go háirithe maidir le scaipeadh saothar agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus maidir le saothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh a bheith ar fáil ar líne, ach gan bheith teoranta dóibh sin, d’fhonn rochtain níos fairsinge ar inneachar a áirithiú. Tá rialacha ann freisin chun úsáid an inneachair san fhearann poiblí a éascú. Chun margadh dea-fheidhmithe agus cothrom le haghaidh an chóipchirt a bhaint amach, ba cheart rialacha a bheith ann freisin maidir le cearta i bhfoilseacháin, maidir le húsáid saothar nó ábhair eile ag soláthraithe seirbhíse ar líne lena stóráiltear inneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí agus agus lena dtugtar rochtain air, maidir le trédhearcacht chonarthaí na n-údar agus na dtaibheoirí, maidir le luach saothair údar agus taibheoirí, chomh maith le sásra chun na cearta a dhéanann údair agus taibheoirí a aistriú ar bhonn eisiach a chúlghairm.

(4)  Tá an Treoir seo bunaithe ar na rialacha a leagtar síos sna treoracha atá i bhfeidhm faoi láthair sa réimse sin, agus comhlánann sí iad, go háirithe Treoracha 96/9/CE(4), 2000/31/CE(5), 2001/29/CE(6), 2006/115/CE(7), 2009/24/CE(8), 2012/28/AE(9) agus 2014/26/AE(10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  I réimsí na taighde, na nuálaíochta, an oideachais agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, ceadaíonn teicneolaíochtaí digiteacha cineálacha nua úsáidí nach gcumhdaítear go soiléir i rialacha an Aontais atá ann cheana maidir le heisceachtaí agus le teorainneacha. Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cineál roghnach na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i dTreoracha 96/9/CE, 2001/29/CE agus 2009/24/CE sna réimsí sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Tá sé seo ábhartha go háirithe maidir le húsáidí trasteorann, atá ag éirí níos tábhachtaí sa timpeallacht dhigiteach. Ba cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar na heisceachtaí agus ar na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais is ábhartha i gcás taighde eolaíochta, nuálaíochta, múineadh agus chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, i bhfianaise na n-úsáidí nua sin. Ba cheart eisceachtaí sainordaitheacha nó teorainneacha sainordaitheacha a thabhairt isteach i gcás úsáidí teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí, i gcás léiriú ar mhaithe le teagasc sa timpeallacht dhigiteach agus i gcás chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha. Ba cheart do na heisceachtaí agus na teorainneacha atá ann cheana i ndlí an Aontais leanúint d’fheidhm a bheith acu, lena n-áirítear i ndáil le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, oideachas agus gníomhaíochtaí caomhnaithe, fad is nach gcuireann siad teorainn le raon feidhme na n-eisceachtaí sainordaitheacha nó na dteorainneacha sainordaitheacha dá bhforáiltear sa Treoir seo, ar gá do na Ballstáit iad a chur chun feidhme ina ndlí náisiúnta. Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE a leasú.

(6)  Féachann na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo le cothromaíocht chóir a bhaint amach idir cearta agus leasanna údar agus sealbhóirí cirt eile ar thaobh amháin, agus cearta agus leasanna úsáideoirí ar an taobh eile. Ní féidir iad a chur i bhfeidhm ach amháin i gcásanna speisialta áirithe nach bhfuil ar neamhréir le gnáthshaothrú na saothar nó an ábhair eile agus nach ndéanann dochar go míréasúnta do leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt.

(7)  Tá cosaint na mbeart teicneolaíoch a bunaíodh i dTreoir 2001/29/CE ríthábhachtach i gcónaí chun cosaint agus feidhmiú éifeachtach na gceart a dheonaítear d’údair agus do shealbhóirí cirt eile faoi dhlí an Aontais a áirithiú. Ba cheart cosaint den sórt sin a chothabháil, fad a áirithítear nach gcuirfidh úsáid beart teicneolaíoch cosc ar thairbhiú na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo ▌. Ba cheart deis a bheith ag sealbhóirí cirt é sin a áirithiú trí bhearta deonacha. Ba cheart dóibh a bheith saor i gcónaí chun na modhanna iomchuí a roghnú chun go gcumasófaí do thairbhithe na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo ▌tairbhiú díobh▌. In éagmais bearta deonacha, ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a dhéanamh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 6(4) de Threoir 2001/29/CE, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar saothair agus ábhar eile a chur ar fáil don phobal trí sheirbhísí ar éileamh.

(8)  Cumasaíonn teicneolaíochtaí nua an uathanailís ríomhaireachtúil ar fhaisnéis i bhfoirm dhigiteach, amhail téacs, fuaimeanna, íomhánna nó sonraí, ar a dtugtar go ginearálta mianadóireacht téacsanna agus sonraí. Le mianadóireacht téacs agus sonraí, is féidir méideanna móra faisnéise a phróiseáil d’fhonn eolas nua a ghnóthú agus treochtaí nua a fhionnadh. Tá teicneolaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí coitianta ar fud an gheilleagair dhigitigh, ach glactar leis go forleathan, áfach, gur féidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith chun tairbhe an phhobail taighde agus, le linn déanamh amhlaidh tacú le nuálaíocht. Téann teicneolaíochtaí den sórt sin chun tairbhe na n-ollscoileanna agus na n-eagraíochtaí taighde eile ▌ agus na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, ós rud é go bhféadfaidís freisin taighde a chur i gcrích i gcomhthéacs a bpríomhghníomhaíochtaí. San Aontas, áfach, caithfidh eagraíochtaí agus institiúidí den sórt sin aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht dhlíthiúil ó thaobh a mhéid is féidir leo mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar inneachar. I gcásanna áirithe, le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, is féidir gníomhaíochtaí a bheith i gceist atá faoi chosaint ag cóipcheart, ag ceart ar bhunachar sonraí sui generis nó ag an dá rud, go háirithe saothair nó ábhar eile a atáirgeadh, inneachar a asbhaint as bunachar sonraí nó an dá rud, rud a tharlaíonn mar shampla i gcás ina ndéantar na sonraí a normalú le linn phróiseas na mianadóireachta téacsanna agus sonraí. I gcás nach ann d'eisceacht ná teorainn a bhfuil feidhm aici, tá gá le húdarú ó shealbhóirí cirt chun gníomhaíochtaí den sórt sin a dhéanamh.

(9)   Is féidir mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh freisin i ndáil le fíricí nó sonraí nach bhfuil iontu féin agus nach bhfuil á gcosaint ag cóipcheart, agus sna cásanna sin ní bheadh gá le haon údarú faoi dhlí an chóipchirt. Is féidir cásanna de mhianadóireacht téacsanna agus sonraí a bheith ann freisin nach mbaineann gníomhaíochtaí atáirgthe leo nó cásanna ina dtagann na hatáirgí a dhéantar faoin eisceacht shainordaitheach maidir le gníomhaíochtaí atáirgthe sealadacha dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2001/29/CE, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith aici maidir le teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí nach ngabhann cóipeanna a dhéanamh atá lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sin léi.

(10)  Déantar foráil i ndlí an Aontais ▌d’eisceachtaí agus do theorainneacha áirithe lena gcumhdaítear úsáidí chun críocha taighde eolaíochta a bhféadfar feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí mianadóireachta téacsanna agus sonraí. Tá na heisceachtaí agus na teorainneacha sin roghnach, áfach, agus níl siad oiriúnaithe go hiomlán d’úsáid na dteicneolaíochtaí i dtaighde eolaíochta. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil rochtain dhleathach ag taighdeoirí ar inneachar, mar shampla trí shíntiúis le foilseacháin nó trí cheadúnais oscailte, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí mianadóireacht téacsanna agus sonraí a eisiamh ó théarmaí na gceadúnas. Agus taighde á dhéanamh níos minice agus níos minice le cúnamh ó theicneolaíocht dhigiteach, tá baol ann, mura ndéanfar bearta chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil maidir le mianadóireacht téacsanna agus sonraí, go mbeadh seasamh iomaíoch an Aontais mar limistéar taighde thíos leis.

(11)  Ba cheart aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le mianadóireacht téacsanna agus sonraí trí fhoráil a dhéanamh maidir le heisceacht shainordaitheach d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde eile, chomh maith le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha, ar an gceart eisiach atáirgthe agus ar an gceart chun asbhaint ó bhunachar sonraí a chosc. I gcomhréir le beartas taighde an Aontais atá ann cheana, a spreagann ollscoileanna agus institiúidí taighde comhoibriú leis an earnáil phríobháideach, ba cheart d’eagraíochtaí taighde tairbhiú d’eisceacht den sórt sin nuair atá a ngníomhaíochtaí taighde ar bun faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí. Cé gur cheart d’eagraíochtaí taighde agus d’institiúidí oidhreachta cultúrtha leanúint de bheith ina dtairbhithe den eisceacht sin, ba cheart dóibh a bheith in ann freisin brath ar a gcomhpháirtithe príobháideacha chun an mhianadóireacht téacsanna agus sonraí a cur i gcrích, lena n-áirítear trína n-uirlisí teicneolaíochta a úsáid.

(12)  Cuimsíonn eagraíochtaí taighde ar fud an Aontais raon leathan eintiteas a bhfuil sé mar phríomhsprioc acu taighde eolaíochta a dhéanamh nó é sin a dhéanamh i dteannta soláthar seirbhísí oideachais. Leis an téarma “taighde eolaíochta” de réir bhrí na Treorach seo, ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear na heolaíochtaí nádúrtha agus na heolaíochtaí daonna araon. Mar thoradh ar éagsúlacht na n-eintiteas sin, tá sé tábhachtach comhthuiscint a bheith ann maidir le heagraíochtaí taighde. Ba cheart a chumhdach leo, mar shampla, sa bhreis ar ollscoileanna nó institiúidí ardoideachais eile agus a leabharlanna, eintitis amhail institiúidí taighde agus ospidéil a dhéanann taighde. D’ainneoin foirmeacha dlíthiúla éagsúla agus struchtúir dhlíthiúla éagsúla, go ginearálta tá sé comónta idir eagraíochtaí taighde sna Ballstáit go ngníomhaíonn siad ar bhonn neamhbhrabúis nó i gcomhthéacs misean chun leasa an phobail arna aithint ag an Stát. D'fhéadfadh misean den sórt sin chun leasa an phobail, mar shampla, a bheith á léiriú trí chistiú poiblí nó trí fhorálacha i ndlíthe náisiúnta nó i gconarthaí poiblí. Ar an taobh eile den scéal, níor cheart eagraíochtaí a mheas mar eagraíochtaí taighde chun críocha na Treorach seo más eagraíochtaí iad a bhfuil tionchar cinntitheach ag gnóthais tráchtála orthu a fhágann gur féidir le gnóthais den sórt sin rialú a fheidhmiú mar gheall ar chúinsí struchtúrtha, amhail trína cáilíocht mar scairshealbhóir nó mar chomhalta, agus a bhféadfadh rochtain fhabhrach ar thorthaí an taighde a bheith mar thoradh air sin.

(13)  Ba cheart a thuiscint le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha go gcumhdaíonn siad leabharlanna agus músaeim atá inrochtana don phobal, gan beann ar an gcineál saothar nó ábhair eile atá ina mbailiúcháin bhuana, chomh maith le cartlanna nó institiúidí oidhreachta scannánaíochta nó institiúidí oidhreachta fuaime. Ba cheart a thuiscint leo go gcuimsíonn siad freisin, inter alia, leabharlanna náisiúnta agus cartlanna náisiúnta, agus, a mhéid a bhaineann lena gceartlanna agus lena leabharlanna atá inrochtana don phobal, forais oideachais, eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí craolacháin san earnáil phoiblí.

(14)  Maidir le heagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, lena n-áirítear na daoine atá ag gabháil leo, ba cheart iad a bheith cumhdaithe leis an eisceacht i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí maidir le hinneachar a bhfuil rochtain dhleathach acu air. Ba cheart a thuiscint le rochtain dhleathach go gcumhdaítear rochtain ar inneachar bunaithe ar bheartas um rochtain oscailte nó trí shocruithe conarthacha idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí taighde nó institiúidí oidhreachta cultúrtha, amhail síntiúis, nó trí mhodhanna dlíthiúla eile. Mar shampla, i gcásanna síntiúis a ghlacann eagraíochtaí taighde nó institiúidí oidhreachta cultúrtha, ba cheart a mheas go bhfuil rochtain dhleathach ag na daoine atá ag gabháil leis na heagraíochtaí nó institiúidí sin agus atá clúdaithe leis na síntiúis sin. Ba cheart a chumhdach freisin le rochtain dhleathach rochtain ar inneachar atá ar fáil saor in aisce ar líne.

(15)  I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go gcaithfeadh eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha, mar shampla, i gcás fíorú iardain torthaí taighde eolaíoch, cóipeanna a dhéantar faoin eisceacht a choinneáil chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích. I gcásanna den sórt sin, ba cheart na cóipeanna a stóráil i dtimpeallacht shlán. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh, ar an leibhéal náisiúnta agus i ndiaidh plé leis na geallsealbhóirí ábhartha, maidir le tuilleadh socruithe sonracha chun na cóipeanna a choinneáil, lena n-áirítear an cumas comhlachtaí iontaofa a cheapadh chun críche na cóipeanna sin a stóráil. Ionas nach gcuirfear srian míchuí le cur i bhfeidhm na heisceachta, ba cheart socruith den sórt sin a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun na cóipeanna a choinneáil ar bhealach sábháilte agus chun úsáidí neamhúdaraithe a chosc. Maidir le húsáid chun críche taighde eolaíoch, seachas mianadóireacht téacsanna agus sonraí, amhail athbhreithniú eolaíoch ag piaraí agus taighde comhpháirteach, ba cheart di leanúint de bheith cumhdaithe, i gcás inarb infheidhme, leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE.

(16)  I bhfianaise líon mór iarrataí a d’fhéadfadh a bheith ann chun rochtain a fháil ar a saothair nó ar ábhar eile nó ar íoslódálacha díobh, ba cheart cead a thabhairt do shealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeadh riosca ann go bhféadfaí slándáil agus sláine a gcórasa mbunachar sonraí a chur i mbaol. D’fhéadfaí na bearta sin a úsáid, mar shampla, chun a áirithiú nach bhféadfadh ach daoine a bhfuil rochtain dhleathach acu ar shonraí na sealbhóirí cirt rochtain a fháil orthu, lena n-áirítear trí bhailíochtú ar sheoladh IP nó fíordheimhniú úsáideora. Ba cheart go leanfadh na bearta sin de bheith comhréireach leis na rioscaí agus níor cheart gur mhó iad ná a bhfuil riachtanach chun go saothrófar an sprioc chun slándáil agus sláine an chórais a áirithiú agus níor cheart go mbainfidís an bonn de chur i bhfeidhm éifeachtach na heisceachta.

(17)  I bhfianaise chineál agus raon feidhme na heisceachta, atá teoranta d’eintitis a dhéanann taighde eolaíoch, bheadh aon díobháil fhéideartha do shealbhóirí cirt mar gheall ar an eisceacht sin fíorbheag. Dá bhrí sin, níor cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh do shealbhóirí cirt maidir le húsáidí faoi na heisceachtaí i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí thugtar isteach leis an Treoir seo ▌.

(18)  Sa bhreis ar an tábhacht atá leo i gcomhthéacs taighde eolaíoch, baineann eintitis phríobháideacha agus eintitis phoiblí araon úsáid fhorleathan as teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí chun anailís a dhéanamh ar mhéideanna móra sonraí i réimsí éagsúla den saol agus ar chúiseanna éagsúla, lena n-áirítear le haghaidh seirbhísí rialtais, cinntí casta gnó agus forbairt feidhmchlár nó teicneolaíochtaí nua. Ba cheart do shealbhóirí cirt leanúint de bheith in ann úsáidí a gcuid saothar nó ábhar eile a cheadúnú, ar saothair agus ábhar eile iad a thagann lasmuigh de raon feidhme na heisceachta sainordaithí dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaobh mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch agus na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha atá ann cheana agus dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE. Ag an am céanna, ba cheart aird a thabhairt ar an bhfíoras go bhféadfaí go mbeadh éiginnteacht dhlíthiúil ann d’úsáideoirí teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí i dtaobh an féidir atáirgí agus asbhaintí arna ndéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chur i gcrích ar shaothair nó ar ábhar eile arna rochtain go dleathach, go háirithe nuair nach gcomhlíonann na hatáirgí nó na hasbhaintí arna ndéanamh chun críocha an phróisis theicniúil coinníollacha uile na heisceachta atá ann cheana maidir le gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Treoir 2001/29/CE. Chun foráil a dhéanamh maidir le breis deimhneachta dlíthiúla i gcásanna den sórt sin agus chun nuálaíocht a spreagadh san earnáil phríobháideach freisin, ba cheart, leis an Treoir seo, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht nó le teorainn i gcás atáirgí agus asbhaintí saothar nó ábhair eile, chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí, agus ba cheart cead a thabhairt na cóipeanna a choinneáil a fhad is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.

Níor cheart feidhm a bheith ag an eisceacht ná ag an teorainn sin ach amháin i gcás ina bhfaigheann an tairbhí rochtain dhleathach ar an saothar nó ar ábhar eile, lena n-áirítear nuair a chuirtear ar fáil don phobal ar líne é, agus a mhéid nach bhforchoimeádann na sealbhóirí cirt ar bhealach iomchuí na cearta chun atáirgí agus asbhaintí a dhéanamh chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí. I gcás inneachar a chuirtear ar fáil go poiblí ar líne, níor cheart a mheas go bhfuil sé iomchuí na cearta sin a fhorchoimeád ach amháin trí úsáid a bhaint as modhanna meaisín-inléite, lena n-áirítear meiteashonraí agus téarmaí agus coinníollacha suímh ghréasáin nó seirbhíse. Níor cheart difear a dhéanamh d’úsáidí eile le forchoimeád na gceart chun críocha mianadóireacht téacsanna agus sonraí. I gcásanna eile, d’fhéadfadh sé a bheith iomchuí na cearta a fhorchoimeád trí mhodhanna eile, amhail comhaontuithe conarthacha nó dearbhú aontaobhach. Ba cheart do shealbhóirí cirt a bheith in ann bearta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go n-urramaítear a bhforchoimeádais i ndáil leis sin. Leis an eisceacht nó an teorainn sin, ba cheart an eisceacht shainordaitheach i ndáil le mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíoch dá bhforáiltear sa Treoir seo, chomh maith leis an eisceacht atá ann cheana i gcás gníomhaíochtaí sealadacha atáirgthe dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Threoir 2001/29/CE, a fhágáil slán.

(19)  Le pointe (a) d’Airteagal 5(3) de Threoir 2001/29/CE, ceadaítear do na Ballstáit eisceacht nó teorainn a thabhairt isteach ar na cearta atáirgthe, ar shaothar nó ábhar eile a chur in iúl don phobal agus a chur ar fáil don phobal sa chaoi is go bhféadfaidh daoine den phobal rochtain a fháil orthu ó áit nó ag am atá roghnaithe acu ina n-aonar, chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin. Sa bhreis air sin, ceadaítear, le pointe (b) d’Airteagal 6(2) agus le pointe (b) d’Airteagal 9 de Threoir 96/9/CE, úsáid bunachair sonraí agus asbhaint ▌cuid shuntasach dá ábhair chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc. Tá raon feidhme na n-eisceachtaí nó na dteorainneacha sin mar atá feidhm acu maidir le húsáidí digiteacha doiléir. Sa bhreis air sin, tá easpa soiléireachta ann i dtaobh an mbeadh feidhm ag na heisceachtaí nó ag na teorainneacha sin i gcás go gcuirfí an teagasc ar fáil ar líne agus ▌ar mhodh cianoideachais. Thairis sin, ní dhéantar foráil leis an gcreat dlí atá ann cheana maidir le héifeacht trasteorann. Féadfaidh an cúinse sin treampán a chur ar fhorbairt gníomhaíochtaí teagaisc a bhfuil tacaíocht dhigiteach ag gabháil leo agus ar chianfhoghlaim. Dá bhrí sin, is gá eisceacht shainordaitheach nua nó teorainn shainordaitheach nua a thabhairt isteach chun a áirithiú go dtairbheoidh forais oideachais de dheimhneacht dhlíthiúil iomlán nuair a bhíonn saothair nó ábhar eile á n-úsáid acu i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha, lena n-áirítear ar líne agus thar theorainneacha.

(20)  Cé go bhforbraítear cláir oideachais chianfhoghlama nó thrasteorann den chuid is mó ar an leibhéal ardoideachais, tá uirlisí agus acmhainní digiteacha á n-úsáid níos minice ar gach leibhéal oideachais, go háirithe chun an t-eispéireas foghlama a fheabhsú agus a shaibhriú. Ba cheart, mar sin, don eisceacht nó don teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo dul chun tairbhe na bhforas oideachais uile arna n-aithint ag Ballstát, lena n-áirítear na cinn a bhfuil baint acu i mbunoideachas, i meánoideachais, i ngairmoideachas agus in ardoideachas. Níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin a mhéid atá údar maith leis na húsáidí a bhuí le críoch neamhthráchtála na gníomhaíochta teagaisc áirithe. Níor cheart gur tosca cinntitheacha iad an struchtúr eagraíochtúil agus na modhanna cistithe forais oideachais chun a chinneadh an de chineál neamhthráchtála an ghníomhaíocht nó nach ea.

(21)  Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear leis an eisceacht nó leis an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin úsáidí digiteacha saothar nó ábhair eile ▌chun tacú leis an teagasc, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí foghlama ▌, chun é a shaibhriú nó chun é a chomhlánú. Ba cheart dáileadh bogearraí a cheadaítear faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin a bheith teoranta do tharchur digiteach na mbogearraí. I bhformhór na gcásanna, bheadh le tuiscint as coincheap an léirithe, dá bhrí sin, gur úsáid a bhaintear as codanna nó sleachta amháin atá i gceist, rud nach mbeadh ina mhalairt ar ábhair a cheannach atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais. Agus an eisceacht nó an teorainn á cur chun feidhme, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a shonrú, i gcás na gcineálacha éagsúla saothar nó ábhair eile, ar mhodh cothrom, cad é an cion de shaothar nó d’ábhar eile is féidir a úsáid chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin. Ba cheart a thuiscint go bhfuil riachtanais rochtana shonracha daoine faoi mhíchumas i gcomhthéacs an léirithe ar mhaithe le teagasc cumhdaithe in úsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn.

(22)   Níor cheart úsáid na saothar nó an ábhair eile faoin eisceacht nó faoin teorainn n críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus chun na críche sin amháin tarlú ach i gcomhthéacs gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama amháin arna gcur i gcrích faoi fhreagracht foras oideachais, lena n-áirítear le linn scrúduithe nó gníomhaíochtaí teagaisc a tharlaíonn lasmuigh d’áitreabh foras oideachais, mar shampla i músaem, i leabharlann nó in institiúid oidhreachta cultúrtha eile, agus ba cheart í a bheith teoranta don mhéid is gá chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh. Ba cheart a chumhdach leis an eisceacht nó leis an teorainn úsáidí saothar nó ábhair eile arna ndéanamh sa seomra ranga nó in ionaid eile trí mhodhanna digiteacha, mar shampla cláir bhána leictreonacha nó gléasanna digiteacha a d’fhéadfadh a bheith nasctha leis an idirlíon, mar aon le húsáidí a dhéantar go cianda trí thimpeallachtaí leictreonacha slána, amhail i gcomhthéacs cúrsaí ar líne nó rochtain ar ábhar teagaisc lena gcomhlánaítear cúrsa ar leith. Ba cheart a thuiscint le timpeallachtaí leictreonacha slána gurb é atá i gceist leo rochtain ar thimpeallachtaí digiteacha teagaisc agus foghlama atá teoranta d’fhoireann teagaisc de chuid forais oideachais agus do na daltaí nó do na mic léinn atá cláraithe i gclár staidéir, go háirithe trí nósanna imeachta fíordheimhnithe iomchuí, lena n-áirítear fíordheimhniú bunaithe ar phasfhocal.

(23)  Tá socruithe éagsúla, bunaithe ar chur chun feidhme na heisceachta nó na teorann dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE nó ar chomhaontuithe ceadúnaithe lena gcumhdaítear úsáidí breise, i bhfeidhm i roinnt Ballstát chun úsáidí oideachais saothar agus ábhair eile a éascú. Is iondúil na socruithe sin a bheith forbartha tar éis riachtanais na bhforas oideachais agus na leibhéal éagsúil oideachais a bheith curtha san áireamh. Cé gur den bhunriachtanas é go ndéanfar raon feidhme na heisceachta sainordaithí nua nó na teorann sainordaithí nua i ndáil le húsáidí digiteacha agus le gníomhaíochtaí teagaisc trasteorann a chomhchuibhiú, is féidir socruithe don chur chun feidhme a bheith éagsúil ó Bhallstát go Ballstát, sa mhéid nach gcuireann siad bac ar chur i bhfeidhm éifeachtach na heisceachta nó na teorann nó na n-úsáidí trasteorann. Mar shampla, ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a éileamh go n-úrramófar cearta morálta údar agus taibheoirí le húsáidí saothar nó ábhair eile. Ba cheart don mhéid sin ligean do na Ballstáit tógáil ar shocruithe atá cheana ann agus atá tugtha i gcrích ar an leibhéal náisiúnta. Go háirithe, d’fhéadfadh na Ballstáit a chinneadh go mbeadh cur i bhfeidhm na heisceachta nó an teorannaithe, go hiomlán nó go páirteach, faoi réir ag ceadúnais oiriúnacha a bheith ar fáil, lena gcumhdaítear ar a laghad na húsáidí céanna a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcás nach gcumhdaíonn ceadúnais ach na húsáidí a cheadaítear faoin eisceacht nó faoin teorainn, go bhfanfadh na húsáidí eile faoi réir na heisceachta nó na teorann.

D’fhéadfadh na Ballstáit, mar shampla, an sásra sin a úsáid chun tosaíocht a thabhairt do cheadúnais le haghaidh ábhair atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó do bhileoga ceoil. Chun a sheachaint go bhfágfaidh an fhéidearthacht go mbeadh cur i bhfeidhm na heisceachta faoi réir ag infhaighteacht ceadúnas gur ann d'éiginnteacht dhlíthiúil maidir le forais oideachais nó ualach riaracháin orthu, ba cheart do na Ballstáit a ghlacann an cur chuige sin bearta nithiúla a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil scéimeanna ceadúnúcháin ar fáil go héasca lena gceadaítear úsáid dhigiteach saothar agus ábhair eile chun críche léiriú ar mhaithe le teagasc agus go bhfuil na forais oideachais ar an eolas go bhfuil na scéimeanna ceadúnúcháin sin ann. Ba cheart do scéimeanna ceadúnúcháin den sórt sin riachtanais na bhforas oideachais a chomhlíonadh. D’fhéadfaí uirlisí faisnéise a fhorbairt freisin arb é is aidhm dóibh a áirithiú go bhfuil na scéimeanna ceadúnúcháin atá ann cheana infheicthe. D’fhéadfadh scéimeanna den sórt sin, mar shampla, a bheith bunaithe ar chomhcheadúnú nó ar chomhcheadúnú leathnaithe, chun go seachnófaí go mbeadh ar fhorais oideachais dul i mbun caibidlíochta ar bhonn aonair le sealbhóirí cirt. Chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú, ba cheart do na Ballstáit a shonrú cé na coinníollacha faoinar féidir foras oideachais saothair nó ábhar eile faoi chosaint a úsáid faoin eisceacht sin agus, os a choinne sin, an uair ba cheart di gníomhú faoi scéim ceadúnúcháin.

(24)  Ba cheart na Ballstáit a bheith saor i gcónaí a fhoráil go bhfaighidh sealbhóirí cirt cúiteamh cothrom as úsáidí digiteacha dá saothar nó ábhar eile faoin eisceacht nó faoin teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo i dtaca le léiriú ar mhaithe le teagasc. Agus an leibhéal féideartha cúitimh chothroim a chinneadh á shocrú, ba cheart aird chuí a thabhairt, inter alia, ar chuspóirí oideachasúla na mBallstát agus ar an díobháil do shealbhóirí cirt. Na Ballstáit a chinneann foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom, ba cheart go spreagfaidís úsáid a bhaint as córais nach gcruthaíonn ualach riaracháin d’fhorais oideachais.

(25)  Tá institiúidí oidhreachta cultúrtha ag gabháil do chaomhnú a mbailiúchán do na glúnta amach romhainn. D’fhéadfaí a cheangal le gníomh caomhnaithe saothair nó ábhair eile i mbailiúchán institiúide oidhreachta cultúrtha go ndéanfar saothar nó ábhar eile a atáirgeadh agus dá bharr sin údarú na sealbhóirí cirt ábhartha a bheith ag teastáil freisin. ▌Le teicneolaíochtaí digiteacha, tairgtear bealaí nua dúinn chun an oidhreacht atá sna bailiúcháin sin a chaomhnú ach cruthaítear dúshláin nua leo freisin. I bhfianaise na ndúshlán nua sin, is gá an creat dlí atá ann cheana a oiriúnú trí fhoráil a dhéanamh d’eisceacht shainordaitheach ar an gceart atáirgthe chun go mbeidh na hinstitiúidí sin in ann gníomhartha caomhnaithe den sórt sin a dhéanamh.

(26)  Toisc gurb ann do chineálacha éagsúla cur chuige maidir le gníomhartha atáirgthe ar mhaithe le caomhnú ag institiúidí oidhreachta cultúrtha sna Ballstáit treampán ar chomhar trasteorann, ar chomhroinnt modhanna caomhnaithe agus ar bhunú líonraí caomhnaithe trasteorann sa mhargadh inmheánach ag na hinstitiúidí sin, as a leanann úsáid neamhéifeachtach acmhainní. Is féidir tionchar diúltach a bheith ag an méid sin ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.

(27)  Ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le heisceacht chun a cheadú d’institiúidí oidhreachta cultúrtha saothair agus ábhar eile atá ina mbailiúcháin go buan a atáirgeadh chun críocha caomhnaithe, mar shampla chun aghaidh a thabhairt ar dhífheidhmeacht teicneolaíochta nó ar dhíghrádú na dtacaíochtaí bunaidh nó chun saothair agus ábhar eile a árachú. Le heisceacht den sórt sin ▌, ba cheart a cheadú go ndéanfaí cóipeanna leis an uirlís chaomhnaithe iomchuí, modh caomhnaithe iomchuí nó teicneolaíocht chaomhnaithe iomchuí, in aon fhormáid nó méan, go ndéanfaí an líon cóipeanna is gá, agus go ndéanfar iad ag am ar bith i saol saothair nó ábhair eile agus a mhéid is gá ▌chun críocha caomhnaithe ▌. Maidir le gníomhartha atáirgthe a dhéanann institiúidí oidhreachta cultúrtha chun críocha eile seachas saothair agus ábhar eile a chaomhnú ina mbailiúcháin bhuana, ba cheart dóibh fanacht faoi réir údarú ó na sealbhóirí cirt, mura rud é go gceadaítear iad sin le heisceachtaí nó le teorainneacha eile dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.

(28)  Ní gá go mbeidh na hacmhainní teicniúla nó an saineolas teicniúil ag institiúidí oidhreachta cultúrtha chun na gníomhartha is gá a dhéanamh chun a mbailiúcháin féin a chaomhnú, go háirithe sa timpeallacht dhigiteach, agus dá bhrí sin, d’fhéadfaidís dul ar iontaoibh cúnamh ó institiúidí cultúrtha eile agus ó thríú páirtithe eile chun na críche sin. Faoin eisceacht chun críocha caomhnaithe dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart a cheadú d’institiúidí oidhreachta cultúrtha brath ar thríú páirtithe a ghníomhaíonn thar a gceann agus faoina bhfreagracht, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe i mBallstáit eile, chun cóipeanna a dhéanamh.

(29)  Chun críocha na Treorach seo, ba cheart saothair agus ábhar eile a mheas mar bheith i mbailiúchán institiúide oidhreachta cultúrtha go buan nuair a bheidh cóipeanna de na saothair nó ábhar eile sin ar úinéireacht ag an institiúid sin nó nuair a bheidh cóipeanna díobh ina seilbh aici go buan, mar shampla de thoradh aistriú úinéireachta nó comhaontú ceadúnais, oibleagáidí maidir le taiscí dlíthiúla nó socruithe maidir le buanchoimeád.

(30)  Ba cheart d’institiúidí oidhreachta cultúrtha tairbhiú de chreat soiléir chun saothair nó ábhar eile a dhigitiú agus a scaipeadh, lena n-áirítear thar theorainneacha, ar saothair iad nó ar ábhar eile é a mheastar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála chun críocha na Treorach seo. Ciallaíonn saintréithe áirithe bhailiúcháin na saothar nó na n-ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, áfach, mar aon leis an méid saothar agus ábhar eile a bhfuil baint acu le holltionscadail digitithe, go bhféadfaidh sé a bheith an-deacair toiliú na sealbhóirí cirt aonair a fháil roimh ré. Is féidir é sin bheith amhlaidh, mar shampla, de dheasca aois na saothar nó an ábhair eile, a luach teoranta trachtála nó toisc nár beartaíodh iad riamh le haghaidh úsáid tráchtála nó toisc nach ndearnadh riamh iad a shaothrú ar bhonn tráchtála. Mar sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le bearta chun go n-éascófar úsáidí áirithe saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha ar bhonn buan.

(31)  Ba cheart sásraí dlíthiúla a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát lena gceadófar d'eagraíochtaí comhbhainistíochta atá ábhartha agus a dhéanann ionadaíocht leordhóthanach thar ceann institiúidí oidhreachta cultúrtha ceadúnais a eisiúint le haghaidh úsáidí áirithe saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, ar sásraí iad a mbeadh feidhm acu freisin maidir le cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil sainordú tugtha acu d’eagraíocht chomhbhainistíochta a dhéanann ionadaíocht ina leith sin. Ba cheart go bhféadfaí, de bhun na Treorach seo, gach Ballstát de chuid an Aontais a chumhdach leis na ceadúnais sin.

(32)  Maidir le creat dlíthiúil oiriúnaithe is infheidhme maidir le comhcheadúnú ní fhéadfaidh sé réiteach a sholáthar i gcomhair na gcásanna ar fad ina mbíonn deacrachtaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ó thaobh údaruithe uile na sealbhóirí cirt is gá a fháil le haghaidh úsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, mar shampla, toisc nach ann do chleachtas comhbhainistíochta ceart i gcás cineál áirithe saothar nó ábhar eile nó toisc nach bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ábhartha ionadaíoch a dóthain do chatagóir na sealbhóirí cirt agus na gceart lena mbaineann. I gcásanna áirithe den sórt sin, ba cheart go mbeadh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá ina mbailiúchán ar líne ar bhonn buan a chur ar fáil ar líne i gcríocha uile an Aontais faoi eisceacht chomhchuibhithe nó faoi theorainn chomhchuibhithe ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara. Tá sé tábhachtach nach dtarlóidh úsáidí faoin eisceacht sin nó faoin teorainn sin ach amháin i gcás go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe, go háirithe maidir le réitigh cheadúnúcháin a bheith ar fáil. Níor cheart an easpa comhaontaithe maidir le coinníollacha an cheadúnais a léirmhíniú mar easpa infhaighteachta réiteach ceadúnúcháin.

(33)  Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit, laistigh den chreat dá bhforáiltear sa Treoir seo, chun rogha a dhéanamh ar chineál sonrach an tsásra ceadúnúcháin a chuirfidh siad ar bun, amhail comhcheadúnú leathnaithe nó toimhdí ionadaíochta, ar mhaithe le húsáid saothar agus ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha, i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a gcúinsí dlíthiúla. Ba cheart freisin go mbeadh solúbthacht ag na Ballstáit maidir leis na ceanglais a chinneadh chun go mbeadh eagraíochtaí comhbhainistíochta ionadaíoch a ndóthain, fad is atá sé sin bunaithe ar líon suntasach de shealbhóirí cirt a bhfuil baint acu leis an gcineál saothar nó ábhair eile agus a bhfuil sainordú tugtha acu maidir leis an gcineál ábhartha úsáide a cheadúnú. Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit rialacha sonracha a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le cásanna ina bhfuil níos mó ná eagraíocht chomhbhainistíochta amháin ionadaíoch do na saothair nó ábhar eile is ábhartha, lena gceanglaítear, mar shampla, comhcheadúnais nó comhaontú idir na heagraíochtaí ábhartha a thabhairt i gcrích.

(34)  Chun críche na sásraí ceadúnaithe sin, tá córas comhbhainistíochta dian agus dea-fheidhmithe tábhachtach. Foráiltear do chóras den chineál sin le Treoir 2014/26/AE agus tá ar áireamh sa chóras sin go háirithe, rialacha dea-rialachais, trédhearcacht agus tuairisciú, chomh maith le dáileadh agus íocaíocht rialta dhícheallach agus chruinn na méideanna atá dlite do shealbhóirí cirt aonair▌.

(35)  Ba cheart coimircí iomchuí a bheith ar fáil do na sealbhóirí cirt go léir, ar cheart an deis a thabhairt dóibh cur i bhfeidhm na sásraí ceadúnúcháin agus na heisceachta nó na teorann a thugtar isteach leis an Treoir seo le haghaidh úsáid a bhaint as saothair nó as ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a eisiamh maidir le gach cuid dá saothar nó ábhar eile, nó maidir leis na ceadúnais nó na húsáidí uile faoin eisceacht nó faoin teorainn, nó maidir le saothair ar leith nó ábhar eile ar leith nó maidir le ceadúnais nó úsáidí áirithe faoin eisceacht nó faoin teorainn, ag aon tráth roimh an gceadúnas nó le linn ré an cheadúnais nó roimh na húsáidí faoin eisceacht nó faoin teorainn nó lena linn. Níor cheart go ndéanfadh na coinníollacha atá ag gabháil leis na sásraí ceadúnúcháin sin difear dá n-ábharthacht phraiticiúil d’institiúidí oidhreachta cultúrtha. I gcás ina ndéanfaidh sealbhóir cirt eisiamh ar chur i bhfeidhm na sásraí sin nó na heisceachta nó teorann sin maidir le ceann amháin nó níos mó de shaothair nó ábhair eile, tá sé tábhachtach go ndéanfar aon úsáidí leanúnacha a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnta, agus, sa chás go ndéanfar iad faoi chomhcheadúnas, scoirfidh an eagraíocht chomhbhainistíochta eolach sin de bheith ag eisiúint ceadúnas lena gcumhdaítear na húsáidí ábhartha. Níor cheart go ndéanfadh an t-eisiamh sin ag sealbhóirí cirt difear dá n-éilimh ar luach saothair atá ag dul le húsáid iarbhír an tsaothair nó ábhair eile faoin gceadúnas.

(36)  Ní dhéantar dochar leis an Treoir seo do chumas na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir le cé air nó uirthi a mbeidh an fhreagracht dhlíthiúil i leith cheadúnú saothar nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, agus a n-úsáid, a bheith ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach sa Treoir seo, agus i leith téarmaí na gceadúnas sin a bheith á gcomhlíonadh ag na páirtithe.

(37)  Agus éagsúlacht na saothar agus ábhair eile i mbailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha á breithniú, tá sé tábhachtach go mbeidh na sásraí ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear leis an Treoir seo ar fáil agus gur féidir iad a úsáid i gcleachtas i gcomhair cineálacha éagsúla saothar agus ábhar eile, lena n-áirítear grianghraif, bogearraí, fónagraim, saothair chlosamhairc agus saothair ealaíne uathúla, gan beann ar iad riamh a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála. Féadfar a áireamh ar shaothair nach raibh riamh ar fáil ar bhonn tráchtála póstaeir, bileoga, irisí as na trinsí nó saothair chlosamhairc amaitéaracha, ach chomh maith leis sin saothair nó ábhar eile neamhfhoilsithe, gan dochar d’aon srianta dlíthiúla eile is infheidhme, amhail rialacha náisiúnta maidir le cearta morálta. I gcás ina bhfuil saothar ar fáil in aon cheann dá leaganacha éagsúla, amhail eagráin iardain de shaothair liteartha agus leaganacha malartacha de shaothair cineamatagrafacha, nó in aon cheann dá léirithe éagsúla, amhail formáidí digiteacha agus clóite den saothar céanna, níor cheart a mheas nach bhfuil an saothar nó ábhar eile sin ar fáil ar bhonn tráchtála. Os a choinne sin, níor cheart go gcuirfeadh infhaighteacht cóirithe ar bhonn tráchtala, lena n-áirítear leaganacha teanga eile nó cóirithe closamhairc ar shaothar liteartha, cosc ar measúnú a dhéanamh gur saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i dteanga ar leith é saothar nó ábhar eile. Chun léiriú a thabhairt ar shainiúlachtaí cineálacha éagsúla saothar agus ábhair eile maidir le modhanna foilsitheoireachta agus dáileacháin agus chun inúsáidteacht na sásraí sin a éascú, tharlódh go gcaithfí ▌ nósanna imeachta sonraithe a bhunú chun na sásraí ceadúnúcháin sin a chur i bhfeidhm go praiticiúil, amhail tréimhse ama nach mór a bheith caite ó cuireadh an saothar ar fáil ar bhonn tráchtála den chéad uair. Is iomchuí go rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le sealbhóirí cirt, le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha agus le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus agus riachtanais agus nósanna imeachta den sórt sin á mbunú acu..

(38)  Agus cinneadh a dhéanamh i dtaobh nach bhfuil saothair no ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála, ba cheart go mbeadh dícheall réasúnach ag teastáil chun measúnú a dhéanamh an bhfuil fáil ag an bpobal orthu trí na gnáthchainéil tráchtála, agus na saintréithe atá ag saothar nó ábhar eile nó sraith saothar ar leith nó ábhair eile á gcur san áireamh. Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le leithdháileadh na bhfreagrachtaí i dtaca leis an dícheall réasúnach sin a dhéanamh. Níor cheart go mbeadh sa dhícheall réasúnach gníomh atá le déanamh arís agus arís eile thar am, ach ba cheart mar sin féin go gcuirfí san áireamh freisin aon fhianaise atá inrochtana go héasca maidir le saothair nó ábhair eile a bheidh ar fáil go luath trí na gnáthchainéil thráchtála. Níor cheart go mbeadh gá le measúnú ‘saothar ar shaothar’ a dhéanamh ach amháin nuair a mheastar go bhfuil sé sin réasúnach i bhfianaise faisnéis ábhartha a bheith ar fáil, na dóchúlachta go mbeidh sé ar fáil ar bhonn tráchtála agus an chostais beartaíochta lena bhfuiltear ag súil. Ba cheart go ndéanfaí an fíorú ar infhaighteacht saothair nó ábhair eile sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe, ach amháin má mheastar go bhfuil fíorú trasteorann réasúnach, mar shampla i gcás ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca gur céadfhoilsíodh saothar liteartha i leagan ar leith teanga i mBallstát eile. I mórán cásanna, d’fhéadfaí stádas sraithe saothar nó ábhair eile mar shraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a chinneadh trí shásra comhréireach, amhail sampláil. Maidir le saothar nó ábhar eile a bheith ar fáil ar bhonn teoranta, amhail é a bheith ar fáil i siopaí athláimhe, nó go bhféadfaí ceadúnas a fháil go teoiriciúil i gcás saothair nó ábhair eile, níor cheart a mheas gurb ionann an méid sin agus é a bheith ar fáil don phobal trí na gnáthchainéil tráchtála.

(39)  Ar chúiseanna cúirtéise idirnáisiúnta, ba cheart nach mbeadh feidhm ag an sásra ceadúnúcháin agus an eisceacht nó an teorainn dá bhforáiltear sa Treoir seo le haghaidh saothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a dhigitiú agus a scaipeadh ▌maidir le sraitheanna saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás ina bhfuil fianaise ar fáil lena thoimhdiú gurb éard atá iontu saothair nó ábhar eile de chuid tríú tíortha den chuid is mó, ach amháin i gcás ina bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta lena mbaineann ionadaíoch a dóthain don tríú tír sin, mar shampla trí chomhaontú ionadaíochta. D'fhéadfadh an measúnú sin a bheith bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil tar éis an díchill réasúnaigh chun stádas na saothar a mheas mar shaothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, gan gá a bheith ann tuilleadh fianaise a lorg. Níor cheart go mbeadh gá le measúnú ‘saothar ar shaothar’ a dhéanamh ar thionscnamh na saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ach amháin a mhéid is gá chun infhaighteacht tráchtála a chinneadh leis an dícheall réasúnach.

(40)  Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag institiúidí oidhreachta cultúrtha agus ag eagraíochtaí comhbhainistíochta raon feidhme críochach an cheadúnais, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcumhdófaí leis gach Ballstát, an táille ceadúnais agus na húsáidí atá ceadaithe a chomhaontú. Níor cheart úsáidí a chumhdaítear leis an gceadúnas sin a bheith chun críche brabús a dhéanamh, lena n-áirítear nuair a bhíonn cóipeanna á ndáileadh ag an institiúid oidhreachta cultúrtha, amhail, mar shampla, ábhar bolscaireachta faoi thaispeántas. San am céanna, toisc gur féidir le hinfheistíochtaí suntasacha ▌a bheith ag gabháil le digitiú bhailiúcháin na n-institiúidí oidhreachta cultúrtha, níor cheart go gcuirfeadh aon cheadúnais arna ndeonú faoin sásra dá bhforáiltear sa Treoir seo bac ar institiúidí oidhreachta cultúrtha costais an cheadúnais a chumhdach mar aon leis na costais chun na saothair agus ábhar eile faoin gceadúnas a dhigitiú agus a scaipeadh.

(41)  Aon fhaisnéis maidir le húsáid thodhchaíoch agus leanúnach na saothar nó ábhair eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ag institiúidí oidhreachta cultúrtha ar bhonn ▌na Treorach seo agus na socruithe atá i bhfeidhm i gcomhair na sealbhóirí cirt uile eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnas nó na heisceachta ná na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile, ba cheart í a phoibliú go leormhaith roimh agus le linn na húsáide faoi cheadúnas nó faoin eisceacht nó faoin teorainn, de réir mar is iomchuí. Tá poibliú den sórt sin tábhachtach go háirithe nuair a tharlóidh úsáidí thar theorainneacha sa mhargadh inmheánach. Mar sin, is iomchuí foráil a dhéanamh chun tairseach aonair ar líne atá inrochtana go poiblí a chruthú chun go gcuirfidh an tAontas d'fhonn an fhaisnéis sin ar fáil don phobal ar feadh tréimhse réasúnach ama sula dtarlóidh an úsáid ▌. Ba cheart go n-éascófaí leis an tairseach sin an fhéidearthacht do shealbhóirí eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceadúnasnó na heisceachta no na teorann maidir lena saothair nó ábhar eile. Faoi Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), cuirtear cúraimí agus gníomhaíochtaí áirithe ar iontaoibh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, arna maoiniú trí úsáid a bhaint as a modhanna buiséadacha féin agus a bhfuil sé mar aidhm acu gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, na hearnála poiblí agus institiúidí an Aontais a éascú agus tacú leo sa chomhrac in aghaidh sárú ar chearta maoine intleachtúla, lena n-áirítear an sárú a chosc. Is iomchuí mar sin dul ar iontaoibh na Oifige sin chun an tairseach Eorpach a bhunú agus a bhainistiú lena gcuirtear an fhaisnéis sin ar fáil.

Sa bhreis ar an bhfaisnéis a chur ar fáil tríd an tairseach, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le tuilleadh bearta poiblíochta iomchuí a dhéanamh ar bhonn cás ar chás chun feasacht sealbhóirí cirt lena mbaineann a mhéadú, mar shampla trí úsáid a bhaint as tuilleadh cainéil chumarsáide chun teacht ar phobal níos leithne. An gá atá leis na bearta poiblíochta breise, mar aon leis an nádúr agus an raon feidhme geografach a ghabhann leo, ba cheart go mbraithfeadh siad ar saintréithe a bhaineann leis na saothair nó ábhar eile ábhartha nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, téarmaí na gceadúnas nó an cineál úsáide faoin eisceacht nó faoin teorainn, agus leis na cleachtais atá ann cheana sna Ballstáit. Ba cheart na bearta poiblíochta a bheith éifeachtach gan an gá gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas.

(42)  Chun a áirithiú go bhfuil na sásraí ceadúnúcháin a bhunaítear leis an Treoir seo i gcomhair saothair nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála ábhartha agus go bhfeidhmíonn siad i gceart, go bhfuil cosaint leormhaith ann do shealbhóirí cirt, go ndéantar na ceadúnais a phoibliú go cuí agus go n-áirithítear soiléire dhlíthiúil i ndáil le hionadaíocht na n-eagraíochtaí comhbhainistíochta agus le haicmiú na saothar, ba cheart do na Ballstáit idirphlé earnáilsonrach idir geallsealbhóirí a chothú.

(43)  Maidir leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo chun comhcheadúnú na gceart maidir le saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá go buan i mbailiúcháin institiúidí oidhreachta cultúrtha a éascú, ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar d’úsáid saothar nó ábhair eile faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó faoi cheadúnais eile a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, i gcás nach bhfuil ceadúnú den sórt sin bunaithe ar stádas na saothar nó ábhair eile arna gcumhdach mar shaothair nó mar ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála. Ba cheart na bearta sin a bheith gan dochar freisin do shásraí náisiúnta le haghaidh úsáid saothar nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá bunaithe ar cheadúnais idir eagraíochtaí comhbhainistíochta agus úsáideoirí seachas institiúidí oidhreachta cultúrtha.

(44)  Le sásraí comhcheadúnaithe a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo, ceadaítear d’eagraíocht chomhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint mar chomhlacht comhcheadúnúcháin thar ceann sealbhóirí cirt, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht déanamh amhlaidh. Cleachtas seanbhunaithe i méid áirithe Ballstát is ea córais a bhfuil na sásraí sin ina ndúshraith orthu, amhail comhcheadúnú leathnaithe, sainorduithe dlíthiúla nó toimhdí ionadaíochta agus féadfar iad a úsáid i réimsí éagsúla. Má tá creat cóipchirt feidhmiúil a oibríonn do na páirtithe go léir chun bheith ann, caithfear sásraí comhréireacha dlíthiúla a bheith ar fáil le haghaidh saothair nó ábhair eile a cheadúnú. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh na Ballstáit in ann brath ar réitigh, lena gceadaítear d’eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thairiscint lena gcumhdófaí méideanna móra saothar nó ábhar eile a d’fhéadfadh a bheith ann le haghaidh cineálacha áirithe úsáide, agus an t-ioncam a eascraíonn as na ceadúnais sin a dháileadh ar shealbhóirí cirt, i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE.

(45)  I gcás roinnt úsáidí, mar aon leis an méid mór saothar a bhíonn i gceist de ghnáth, bíonn costas idirbheartaíochta imréiteach na gceart aonair le gach sealbhóir cirt lena mbaineann ró-ard. Da thoradh sin, ní dócha, gan sásraí comhcheadúnaithe éifeachtacha, ní dócha go dtarlódh na hidirbhearta uile sna réimsí sin ar gá leo chun go bhféadfaí úsáid a bhaint as na saothair nó ábhar eile sin. Le comhcheadúnú leathnaithe ag eagraíochtaí comhbhainistíochta agus sásraí comhchosúla, d’fhéadfadh sé a bheith indéanta comhaontuithe a thabhairt i gcrích sna limistéir sin i gcás nach soláthraítear, le comhcheadúnú bunaithe ar údarú ó shealbhóirí cirt, réiteach uileghabhálach lena gcumhdaítear gach saothar agus ábhar eile atá le húsáid. Comhlánaíonn na sásraí sin comhbhainistíocht na gceart atá bunaithe ar údarú aonair ó shealbhóirí cirt, trí dheimhneacht dhlíthiúil iomlán a thabhairt d’úsáideoirí i gcásanna áirithe. San am céanna, tugann siad deis do shealbhóirí cirt tairbhiú d’úsáid dhlisteanach a gcuid saothar.

(46)  I bhfianaise a thábhachtaí atá an cumas réitigh sholúbtha ceadúnaithe a thairiscint sa ré dhigiteach, agus i bhfianaise úsáid mhéadaithe na scéimeanna sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh maidir le sásraí ceadúnúcháin lena gceadaítear d’eagraíochtaí comhbhainistíochta ceadúnais a thabhairt i gcrích, ar bhonn deonach, gan beann ar cibé an bhfuil údarú tugtha ag gach sealbhóir cirt don eagraíocht déanamh amhlaidh. Ba cheart go mbeadh sé ar chumas na mBallstát scéimeanna den sórt sin a chothabháil agus a thabhairt isteach i gcomhréir lena dtraidisiúin, a gcleachtais nó a n-imthosca náisiúnta, faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus lánurraim á tabhairt do dhlí an Aontais agus d’oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais. Ní bheadh éifeacht ag na scéimeanna sin ach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, mura rud é go bhforáiltear dá mhalairt i ndlí an Aontais. Ba cheart solúbthacht a bheith ag na Ballstáit maidir le roghnú chineál sonrach an tsásra lena gceadaítear ceadúnais do shaothair nó ábhar eile a leathnú chuig cearta sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích, ar choinníoll go bhfuil an sásra sin sin i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le comhbhainistíocht ar chearta dá bhforáiltear i Treoir 2014/26/AE. Go háirithe, ba cheart a áirithiú leis na scéimeanna sin freisin go mbeidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/AE maidir le sealbhóirí cirt nach bhfuil ina gcomhaltaí den eagraíocht a dhéanann an comhaontú a thabhairt i gcrích. Féadfar comhcheadúnú leathnaithe, sainordú dlíthiúil agus toimhdí ionadaíochta a áireamh sna sásraí sin. Níor cheart go ndéanfadh forálacha na Treorach seo maidir le comhcheadúnú difear do na féidearthachtaí atá ag na Ballstáit cheana comhbhainistíocht éigeantach ceart nó sásraí comhcheadúnúcháin a bhfuil éifeacht leathnaithe ag gabháil leo a chur i bhfeidhm, amhail í sin atá san áireamh in Airteagal 3 de Threoir 93/83/CEE ón gComhairel(12).

(47)  Tá sé tábhachtach nach gcuirtear na sásraí sin i bhfeidhm ach i limistéir úsáide atá sainithe go maith, i gcásanna inar gnách go mbíonn sé an-deacair agus neamhphraiticiúil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair sa mhéid agus nach dócha go dtarlódh an t-idirbheart ceadúnúcháin is gá, eadhon ceann a bhaineann le ceadúnas lena gcumhdaítear na sealbhóirí cirt go léir lena mbaineann, de bharr nádúr na húsáide nó chineálacha na saothar lena mbaineann. Ba cheart na sásraí sin a bheith bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis an gcaoi a gcaitear le sealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí den chomheagraíochta bainistíochta iad. Go háirithe, maidir le sealbhóirí cirt lena mbaineann, i gcás nach náisiúnaigh ná cónaitheoirí iad de Bhallstát an úsáideora a bhfuil ceadúnas á lorg acu, nó i gcás nach bhfuil siad bunaithe ann, níor cheart an fíoras sin ann féin a bheith ina chúis lena mheas go bhfuil imréiteach na gceart chomh trom agus chomh neamhphraiticiúil sin agus go mbeadh údar maith leis na sásraí sin a úsáid. Tá sé chomh tábhachtach céanna nach ndéanfaidh úsáid ceadúnaithe difear díobhálach do luach eacnamaíoch na gceart ábhartha ná sochair thráchtála shuntasacha a bhaint de shealbhóirí cirt.

(48)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí i bhfeidhm chun leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt nach bhfuil sainordú tugtha acu acu d'eagraíocht a thairgeann an ceadúnas agus go gcuirtear i bhfeidhm na coimircí sin ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Go sonrach, chun údar a thabhairt le héifeacht leathnaithe na sásraí, ba cheart an eagraíocht, ar bhonn údaruithe ó shealbhóirí cirt, a bheith ionadaíoch a dóthain i dtaobh na gcineálacha saothar nó ábhair eile agus i dtaobh na gceart atá faoi réir an cheadúnais. Ba cheart do na Ballstáit na ceanglais a chinneadh chun go mbeidh na heagraíochtaí sin ionadaíoch a ndóthain, agus aird á tabhairt ar chatagóir na gceart arna mbainistiú ag an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar chumas na heagraíochta na cearta a bhainistiú go héifeachtach, ar réimse na cruthaitheachta ina bhfuil sí ag feidhmiú agus ar cibé acu a chumhdaíonn nó nach gcumhdaíonn an eagraíocht líon suntasach sealbhóirí cirt de chuid an chineáil saothar nó ábhar eile ábhartha a bhfuil sainordú tugtha acu lena gceadaítear an cineál ábhartha úsáide a cheadúnú, agus i gcomhréir le Treoir 2014/26/AE. Chun deimhneacht dhlíthiúil agus muinín sna sásraí a áirithiú, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit cinneadh a dhéanamh cé air nó uirthi a mbeidh an fhreagracht dhlíthiúil maidir le húsáidí arna n-údarú leis an gcomhaontú ceadúnais a chinneadh. Ba cheart cóir chomhionann a ráthú do gach sealbhóir cirt a ndéantar a saothair a shaothrú faoin gceadúnas, lena n-áirítear go háirithe maidir le rochtain ar fhaisnéis ar an gceadúnú agus ar dháileadh an luacha saothair. Ba cheart na bearta poiblíochta a bheith éifeachtach le linn ré an cheadúnais gan ualaí riaracháin díréireacha a fhorchur ar úsáideoirí, ar eagraíochtaí comhbhainistíochta nó ar shealbhóirí cirt agus gan an gá le gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.

Chun a áirithiú gur féidir le sealbhóirí cirt smacht a fháil arís ar a saothar go héasca, agus cosc a chur ar aon úsáidí a bhaineann lena saothar a bheadh chun dochair dá leasanna, ní mór deis éifeachtach a thabhairt do shealbhóirí cirt eisiamh a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na sásraí sin maidir lena saothair nó ábhar eile le haghaidh gach úsáid agus saothair agus ábhar eile, nó le haghaidh úsáidí agus saothair agus ábhar eile ar bhonn sonrach, lena n-áirítear sula dtabharfar ceadúnas i gcrích agus le linn ré an cheadúnais. Sna cásanna sin, ba cheart aon úsáidí leanúnacha a fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnta. An t-eisiamh sin a dhéanann sealbhóirí cirt, níor cheart go ndéanfadh sé difear dá n-éilimh chun luach saothair a fháil i leith úsáid iarbhír an tsaothair nó ábhair eile faoin gceadúnas. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil bearta breise iomchuí chun sealbhóirí cirt a chosaint. D’fhéadfaí a áireamh leis sin, mar shampla, malartú faisnéise a spreagadh i measc eagraíochtaí comhbhainistíochta agus páirtithe leasmhara eile ar fud an Aontais chun feasacht a ardú i dtaobh na sásraí sin agus féidearthacht na sealbhóirí cirt a saothair nó ábhar eile a eisiamh ó na sásraí sin.

(49)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, maidir le cuspóir agus raon feidhme aon cheadúnais a dheonaítear mar thoradh ar na sásraí sin, chomh maith leis na húsáidí a d’fhéadfadh a bheith ann, gur cheart iad a bheith sainithe go cúramach i reachtaíocht nó, i gcás gur foráil ghinearálta í an reachtaíocht fholuiteach, sna cleachtais cheadúnaithe a chuirtear i bhfeidhm de thoradh na bhforálacha ginearálta sin, nó sna ceadúnais arna ndeonú. Ba cheart freisin go mbeadh an cumas chun ceadúnas a oibriú faoi na sásraí sin teoranta do na heagraíochtaí comhbhainistíochta um chearta, ar eagraíochtaí iad atá faoi réir an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir 2014/26/AE chun feidhme.

(50)  I bhfianaise na dtraidisiún agus na n-eispéaras éagsúil i ndáil le sásraí comhcheadúnú leathnaithe ar fud na mBallstát agus i bhfianaise a n-infheidhmeachta maidir le sealbhóirí cirt gan beann ar a náisiúntacht ná ar a mBallstát cónaithe, tá sé tábhachtach trédhearcacht agus idirphlé ar leibhéal an Aontais a áirithiú i dtaca le feidhmiú praiticiúil na sásraí sin, lena n-áirítear maidir le héifeachtacht na gcoimircí i dtaca le sealbhóirí cirt, inúsáidteacht sásraí den sort sin, a n-éifeacht ar shealbhóirí cirt nach comhaltaí iad de chomheagraíocht bainistíochtanó ar shealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad de Bhallstát eile nó a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, an tionchar ar sholáthar trasteorann seirbhísí, lena n-áirítear an gá a d’fhéadfadh a bheith ann rialacha a leagan síos chun éifeacht trasteorann a thabhairt do na scéimeanna sin laistigh den mhargadh inmheánach. Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faisnéis a bhaineann le húsáid na sásraí sin faoin Treoir seo a fhoilsiú go rialta. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit sin a bhfuil sásraí den sórt sin tugtha isteach acu an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le reachtaíocht ábhartha náisiúnta agus maidir lena cur i bhfeidhm sa chleachtas, lena n-áirítear na raonta feidhme agus na cineálacha ceadúnaithe arna dtabhairt isteach ar bhonn forálacha ginearálta, scála an cheadúnúcháin agus na heagraíochtaí comhbhainistíochta lena mbaineann. Ba cheart an fhaisnéis sin a phlé leis na Ballstáit sa choiste teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú faoin 10 Aibreán 2021 maidir le húsáid na sásraí sin san Aontas agus a dtionchar ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, maidir le scaipeadh inneachair chultúrtha agus maidir le soláthar seirbhísí trasteorann i réimse na comhbhainistíochta ar chóipcheart agus cearta gaolmhara, agus iomaíocht.

(51)  Tá an acmhainn ag seirbhísí físeáin ar éileamh ról cinntitheach a bheith acu agus saothair chlosamhairc á scaipeadh ar fud an Aontais. Tá infhaighteacht na saothar sin fós teoranta, áfach, go háirithe saothair Eorpacha, ar sheirbhísí físeán ar éileamh. D’fhéadfadh sé a bheith deacair comhaontuithe maidir le saothrú ar líne na saothar sin a thabhairt chun críche de bharr saincheisteanna a bhaineann le cearta a cheadúnú. D’fhéadfadh na saincheisteanna sin teacht chun cinn, mar shampla, i gcás ina mbeadh dreasacht eacnamaíoch íseal ag sealbhóir na gceart i gcás críoch ar leith obair ar líne a shaothrú agus nach ndéanann an sealbhóir sin na cearta ar líne a cheadúnú nó a choimeád siar, rud d’fhéadfadh a bheith ina chúis le neamh-infhaighteacht na saothar closamhairc ar sheirbhísí físeán ar éileamh. D’fhéadfadh saincheisteanna eile a bheith nasctha le deiseanna saothraithe.

(52)  Chun ceadúnú na gceart i saothair chlosamhairc le haghaidh seirbhísí físeáin ar éileamh a éascú, ceanglaítear ar na Ballstáit leis an Treoir seo foráil a dhéanamh maidir le sásra caibidlíochta lena gceadaítear do pháirtithe, ar mian leo comhaontú a chur i gcrích, dul ar iontaoibh cúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaí amháin nó níos mó. Chun na críche sin, d’fhéadfadh Ballstáit comhlacht nua a bhunú nó brath ar cheann atá cheana ann agus a chomhlíonann na coinníollacha a bhunaítear leis an Treoir seo. Féadfaidh na Ballstáit údarás inniúil nó idirghabhálaí amháin nó níos mó a ainmniú. Ba cheart go mbeadh cruinniú ag an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe leis na páirtithe chun cabhrú leis an gcaibidlíocht trí chomhairle ghairmiúil, neamhchlaonta agus sheachtrach a sholáthar. I gcás ina mbeidh baint ag páirtithe as Ballstáit éagsúla leis an gcaibidlíocht, ba cheart do na páirtithe sin teacht ar chomhaontú roimh ré maidir leis an mBallstát inniúil, más rud é go bhfuil sé cinntithe acu brath ar an sásra caibidlíochta. D’fhéadfadh an comhlacht nó na hidirghabhálaithe teacht le chéile leis na páirtithe chun tús a chur leis an gcaibidlíocht nó le linn na caibidlíochta chun comhaontú a thabhairt chun críche. Maidir le rannpháirtíocht sa sásra caibidlíochta agus tabhairt chun críche na gcomhaontuithe ina dhiaidh sin, ba cheart iad a bheith deonach agus níor cheart go ndéanfaidís difear do shaoirse chonarthach na bpáirtithe. Ba cheart go mbeadh an saor-rogha ag na Ballstáit breith a thabhairt ar fheidhmiú nithiúil an tsásra caibidlíochta, lena n-áirítear uainiú agus ré an chúnaimh don chaibidlíocht agus na costais arna dtabhú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ualaí riaracháin agus airgeadais comhréireach i gcónaí chun éifeachtúlacht an tsásra caibidlíochta a ráthú. Gan é a bheith ina oibleagáid orthu, ba cheart do na Ballstáit idirphlé idir eagraíochtaí ionadaíocha a spreagadh.

(53)  Ar dhul in éag do thréimhse cosanta saothair, tagann an saothar sin isteach san fhearann poiblí agus téann na cearta arna soláthar don saothar sin faoi dlí cóipchirt an Aontais in éag. I réimse na n-amharc-ealaíon, rannchuidíonn scaipeadh atáirgí dílse de shaothair san fhearann poiblí le rochtain ar an gcultúr agus le cur chun cinn an chultúir, agus rochtain ar oidhreacht chultúrtha. Sa timpeallacht dhigiteach, tá cosaint na n-atáirgí sin trí chóipcheart nó cearta gaolmhara ar neamhréir le dul in éag chosaint chóipchirt na saothar. Sa bhreis air sin, de bharr difríochtaí idir na dlíthe cóipchirt náisiúnta lena rialaítear cosaint na n-atáirgí sin, tá éiginnteacht dhlíthiúil ann agus imrítear tionchar ar scaipeadh trasteorann saothar amharc-ealaíon san fhearann poiblí. Dá bhrí sin, ba cheart a shoiléiriú nár cheart atáirgí áirithe saothar amharc-ealaíon sa fhearann poiblí a chosaint le cóipcheart nó le cearta gaolmhara. Leis sin, níor cheart go gcoiscfí ar institiúidí oidhreachta cultúrtha atáirgí a dhíol, amhail cártaí poist.

(54)  Tá preas saor agus iolraíoch bunriachtanach chun iriseoireacht ardchaighdeáin agus chun rochtain na saoránach ar fhaisnéis a áirithiú. Soláthraíonn sé tacaíocht bhunúsach don phlé poiblí agus do dhea-oibriú na sochaí daonlathaí. Tá seirbhísí nua ar líne tagtha chun cinn mar thoradh ar infhaighteacht fhorleathan na bpreasfhoilseachán ar líne, amhail comhbhailitheoirí nuachta nó seirbhísí faireacháin na meán, arb ionann athúsáid na bpreasfhoilseachán dóibh agus cuid thábhachtach dá samhlacha gnó agus foinse ioncaim. Tá fadhbanna ag foilsitheoirí preasfhoilseachán maidir le ceadúnais a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí den sórt sin maidir le húsáid ar líne a bhfoilseachán, rud a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos deacra dóibh a gcuid infheistíochtaí a fhorchúiteamh. In éagmais foilsitheoirí preasfhoilseachán a aithint mar shealbhóirí cirt, is minic go mbíonn sé casta agus neamhéifeachtúil ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise na gcearta i bpreasfhoilseacháin maidir le húsáidí ar líne sa timpeallacht a cheadúnú agus a fhorfheidhmiú.

(55)  Is gá cúnamh eagraíochtúil agus airgeadais na bhfoilsitheoirí i dtáirgeadh preasfhoilseachán a aithint agus a spreagadh tuilleadh chun inbhuanaitheacht earnáil na foilsitheoireachta a áirithiú agus ar an gcaoi sin infhaighteacht faisnéise iontaofa a chothú. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh ar leibhéal an Aontais maidir le cosaint dlí chomhchuibhithe do phreasfhoilseacháin i leith úsáidí ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise, gan dochar á dhéanamh do rialacha cóipchirt atá ann faoi láthair i ndlí an Aontais agus atá infheidhme maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála foilseachán preasa ag úsáideoirí aonair, lena n-áirítear nuair a chomhroinneann na húsáideoirí sin preasfhoilseacháin ar líne. Ba cheart an chosaint sin a ráthú ar bhealach éifeachtach trí chearta a bhaineann le cóipcheart a thabhairt isteach, i ndlíthe an Aontais, i dtaca le preasfhoilseacháin a atáirgeadh agus a chur ar fáil don phobal, ar preasfhoilseacháin iad arna bhfoilsiú ag foilsitheoirí atá bunaithe i mBallstát, i ndáil le húsáidí ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise, de réir bhrí Threoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13). Ba cheart don chosaint dlí do phreasfhoilseacháin dá bhforáiltear leis an Treoir seo dul chun tairbhe foilsitheoirí atá bunaithe i mBallstát agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu laistigh den Aontas.

Ba cheart a thuiscint go gcumhdaítear le coincheap an fhoilsitheora preasfhoilseacháin , amhail foilsitheoirí nuachta nó gníomhaireachtaí nuachta, nuair a fhoilsíonn siad preasfhoilseacháin de réir bhrí na Treorach seo.

(56)  Chun críocha na Treorach seo, is gá an coincheap do phreasfhoilseacháin a shainmhíniú ar bhealach nach gcumhdófaí leis ach foilseacháin iriseoireachta amháin, arna bhfoilsiú ▌i meáin ar bith, lena n-áirítear ar pháipéar, i gcomhthéacs gníomhaíochta eacnamaíche arb ionann í agus soláthar seirbhísí faoi dhlí an Aontais. I measc na bpreasfhoilseachán atá le cumhdach, bheadh, mar shampla, nuachtáin laethúla, irisí seachtainiúla nó míosúla ar ábhair ghinearálta nó shainspéise, lena n-áirítear irisí bunaithe ar shíntiúis, agus suíomhanna gréasáin nuachta. Obair liteartha den chuid is mó a bhíonn le fáil i bpreasfhoilseacháin, ach níos mó agus níos mó bíonn cineálacha eile saothar agus ábhair eile le fáil iontu, go háirithe grianghraif agus físeáin. Níor cheart go gcumhdófaí foilseacháin thréimhsiúla ▌a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíocha, leis an gcosaint a dheonaítear do phreasfhoilseacháin faoin Treoir seo. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an gcosaint sin maidir le suíomhanna gréasáin, amhail blaganna, a sholáthraíonn faisnéis mar chuid de ghníomhaíocht nach gcuirtear i gcrích faoi thionscnamh, faoi fhreagracht eagarthóireachta agus faoi rialú an tsoláthraí seirbhíse, amhail foilsitheoir nuachta.

(57)  Ba cheart go mbeadh an raon feidhme céanna ag na cearta a dheonaítear d’fhoilsitheoirí preasfhoilseacháin faoin Treoir seo agus ag na cearta a ghabhann le hatáirgeadh agus le cur ar fáil don phobal dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE, a mhéid a bhaineann sé le húsáidí ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí na faisnéise. Níor cheart na cearta a dheonaítear d’fhoilsitheoirí preasfhoilseachán a leathnú chuig hipearnascadh. Níor cheart iad a leathnú ach oiread chuig díreach fíorais a bheith á dtuairisciú i bpreasfhoilseacháin. Ba cheart freisin go mbeidís faoi réir na bhforálacha céanna maidir le heisceachtaí agus le teorainneacha agus atá na cinn sin is infheidhme maidir leis na cearta dá bhforáiltear i dTreoir 2001/29/CE, lena n-áirítear an eisceacht i gcás athfhriotal chun críocha critice nó léirmheastóireachta, mar shampla, arna leagan síos i bpointe (d) d’Airteagal 5(3) den Treoir sin.

(58)  Féadfar a áireamh ar úsáidí preasfhoilseacháin ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise úsáid foilseachán nó alt ina n-iomláine ach chomh maith leis sin codanna de phreasfhoilseacháin. Tá ábharthacht eacnamaíoch ag baint leis an gcaoi sin a n-úsáidtear codanna de na preasfhoilseacháin freisin. San am céanna, ní gá go ndéanfadh úsáid focal aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin ag soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise an bonn a bhaint ó fhoilsitheoirí preasfhoilseachán i dtáirgeadh ábhair. Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh nár cheart go dtiocfadh úsáid focal aonair nó sleachta as preasfhoilseacháin faoi raon feidhme na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo. Agus comhbhailiú agus úsáid ollmhór preasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise á gcur san áireamh, tá sé tábhachtach go léirmhíneofaí eisiamh sleachta an-ghearr sa chaoi nach ndéanfaidh siad difear d’éifeachtacht na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(59)  Níor cheart go ndéanfadh an chosaint a dheonaítear d’fhoilsitheoirí preasfhoilseacháin faoin Treoir seo difear do chearta na n-údar agus na sealbhóirí cirt eile i leith na saothar agus ábhar eile arna n-ionchorprú iontu, lena n-áirítear maidir lena mhéid is féidir le húdair agus le sealbhóirí cirt eile a saothair nó ábhar eile a shaothrú go neamhspléach ó phreasfhoilseacháin ina bhfuil siad ionchorpraithe. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh foilsitheoirí preasfhoilseacháin in ann an chosaint a dheonaítear dóibh a agairt i gcoinne údar agus sealbhóirí cirt eile nó i gcoinne úsáideoirí údaraithe eile na saothar agus ábhar eile céanna. Ní dochar an méid seo do shocruithe conarthacha a thugtar chun críche idir foilsitheoirí preasfhoilseacháin, ar thaobh amháin, agus údair agus sealbhóirí cirt, ar an taobh eile. Údair a bhfuil a saothair ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán, ba cheart go mbeidís i dteideal sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí preasa as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise. Tá an méid seo gan dochar do dhlíthe na mBallstát maidir le húinéireacht nó feidhmiú na gceart i gcomhthéacs conarthaí fostaíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais.

(60)  Is minic a fheidhmíonn foilsitheoirí, lena n-áirítear foilsitheoirí preasfhoilseachán, leabhar nó foilseachán eolaíoch agus foilseachán ceoil, ar bhonn aistriú chearta an údair trí bhíthin comhaontuithe conarthacha nó forálacha reachtúla. Sa chomhthéacs sin, déanann foilsitheoirí infheistíocht d’fhonn na saothair atá ina bhfoilseacháin a shaothrú agus d'fhéadfadh sé i roinnt cásanna go mbainfí ioncam díobh i gcás go n-úsáidfí na saothair sin faoi eisceachtaí nó faoi theorainneacha amhail na cinn le haghaidh cóipeáil phríobháideach agus reipreagrafaíochta, lena n-áirítear na scéimeanna náisiúnta comhfhreagracha atá ann cheana le haghaidh reipreagrafaíocht sna Ballstáit, nó faoi scéimeanna iasachta poiblí. Roinntear an cúiteamh in úsáidí faoi na heisceachtaí sin idir údair agus foilsitheoirí i roinnt Ballstát. Chun an staid sin a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú do gach páirtí lena mbaineann, ceadaíonn an Treoir seo do na Ballstáit a bhfuil scéimeanna maidir le cúiteamh a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i bhfeidhm cheana acu na scéimeanna sin a choinneáil. Tá tábhacht faoi leith ag baint leis sin i gcás na mBallstát sin a raibh na sásraí sin le haghaidh cúiteamh a chomhroinnt acu roimh an 12 Samhain 2015. I mBallstáit eile, áfach, ní dhéantar cúiteamh a chomhroinnt agus is leis na húdair amháin é, i gcomhréir le beartais chultúrtha náisiúnta. Cé gur cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach maidir leis na Ballstáit uile, ba cheart na traidisiúin sa réimse sin a urramú leis agus níor cheart a chur d’oibleagáid ar na Ballstáit sin nach bhfuil na scéimeanna sin um chomhroinnt cúitimh i bhfeidhm iontu faoi láthair iad a thabhairt isteach. Leis an Treoir seo, níor cheart difear a dhéanamh do shocruithe sa Bhallstát atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo maidir le luach saothair i gcomhthéacs iasachtú poiblí.

Níor cheart ach oiread go mbainfeadh an Treoir seo le socruithe náisiúnta a bhaineann le bainistiú ar chearta agus le cearta luacha saothair, ar choinníoll go gcomhlíonann siad dlí an Aontais. Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit uile a chinneadh, ach gan é a bheith d’oibleagáid orthu, i gcás ina ndearna údar a chearta a aistriú chuig foilsitheoir nó ceadúnas a thabhairt dó ina leith sin, nó ar dhóigh eile go rannchuidíonn an t-údar le foilseachán lena shaothair agus go bhfuil córais i bhfeidhm chun cúiteamh a fháil i leith na díobhála a dhéantar dóibh le heisceacht nó le teorainn, lena n-áirítear trí eagraíochtaí comhbhainistíochta a dhéanann ionadaíocht go comhpháirteach d’údair agus d’fhoilsitheoirí, beidh foilsitheoirí i dteideal ▌sciar den chúiteamh sin ▌. Ba cheart go mbeadh an saor-rogha i gcónaí ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le conas a mar a thabharfaidh foilsitheoirí bunús lena n-éilimh ar chúiteamh nó ar luach saothair agus na coinníollacha a leagan síos maidir leis an gcúiteamh sin a chomhroinnt idir údair agus foilsitheoirí i gcomhréir lena gcórais náisiúnta.

(61)  Le roinnt blianta anuas, tá feidhmiú an mhargaidh ábhair ar líne éirithe níos casta. Tá borradh tagtha faoi sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne lena soláthraítear rochtain ar mhéid mór inneachair atá faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n-úsáideoirí ▌agus tá siad éirithe chun bheith ina bpríomhfhoinsí rochtana ar inneachar ar líne. Ciallaíonn seirbhísí ar líne rochtain níos leithne ar shaothair chultúrtha agus chruthaitheacha a sholáthar agus deiseanna iontacha a thabhairt do thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha chun samhlacha nua gnó a fhorbairt. Cé go gceadaíonn siad éagsúlacht agus éascaíocht maidir le rochtain ar inneachar, áfach, gineann siad dúshláin freisin nuair a uaslódáiltear inneachar faoi chosaint chóipchirt gan údarú roimh ré a fháil ó shealbhóirí cirt. Tá éiginnteacht dhlíthiúil ann i dtaobh an é go ndéanann soláthraithe na seirbhísí sin gníomhartha atá ábhartha do cóipcheart agus an gá dóibh údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt le haghaidh an inneachair atá uaslódáilte ag a n-úsáideoirí nach bhfuil na cearta ábhartha i seilbh acu san inneachar uaslódáilte, gan dochar do chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais. Leis an éiginnteacht sin, déantar difear d’fhéidearthachtaí na sealbhóirí cirt chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an úsáidfear a saothair agus ábhar eile agus cé na coinníollacha faoina n-úsáidfear iad, agus chomh maith leis sin an mbeidh siad ábalta luach saothair iomchuí a fháil ina leith. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, forbairt an mhargaidh ceadúnúcháin idir sealbhóirí cirt agus soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a chothú. Ba cheart na comhaontuithe ceadúnúcháin sin a bheith cothrom agus cóimheá réasúnta a choinneáil don dá pháirtí. Ba cheart go bhfaigheadh na sealbhóirí cirt luach saothair iomchuí as úsáid a saothar nó ábhair eile. Toisc nach ndéantar difear do shaoirse chonarthach leis na forálacha sin, áfach, níor cheart oibleagáid a chur ar na sealbhóirí cirt údarú a thabhairt ná comhaontuithe ceadúnúcháin a thabhairt i gcrích.

(62)  Tá seirbhísí sochaí faisnéise áirithe, mar chuid dá ngnáthúsáid, deartha ar shlí go dtugann siad rochtain don phobal ar inneachar nó ábhar eile faoi chosaint chóipchirt arna uaslódáil ag a n-úsáideoir. Leis an sainmhíniú a thugtar ar sheirbhís atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoin Treoir seo, níor cheart go ndíreofaí ach ar sheirbhísí ar líne a bhfuil ról tábhachtach acu i margadh an inneachair ar líne trína dhul san iomaíocht le seirbhísí inneachair ar líne eile, amhail seirbhísí sruthaithe fuaime agus físeáin ar líne, don lucht féachana céanna. Is iad na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo na seirbhísí sin, arb é a bpríomhchuspóir nó ceann dá bpríomhchuspóirí méid mór inneachair atá faoi chosaint cóipchirt a stóráil agus cumasú d’úsáideoirí an t-inneachar sin a uaslódáil agus a roinnt chun críche brabús a fháil ón inneachar sin, go díreach nó go hindíreach, trína eagrú agus a chur chun cinn chun lucht féachana níos mó a mhealladh, lena n-áirítear é a chatagóiriú agus bolscaireacht spriocdhírithe a úsáid laistigh de. Ní áirítear leis an sainmhíniú seirbhísí a bhfuil príomhchuspóir eile ag gabháil leo nach ionann é agus cumasú d’úsáideoirí méid mór inneachair faoi chosaint chóipchirt a uaslódáil agus a roinnt chun críche brabús a fháil ón ngníomhaíocht sin. Áirítear orthu sin, mar shampla, seirbhísí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, chomh maith le soláthraithe seirbhísí néalríomhaireachta gnólacht le gnólacht agus seirbhísí néalríomhaireachta, lena gceadaítear d’úsáideoirí inneachar a uaslódáil le haghaidh a n-úsáide féin, amhail cibearthaisceadáin, nó margaí ar líne arb é a bpríomhghnó miondíol ar líne, agus nach dtugann rochtain ar inneachar atá faoi chosaint chóipchirt.

Soláthraithe seirbhísí amhail forbairt bogearraí agus ardáin le haghaidh comhroinnt, stórais eolaíocha nó oideachasúla neamhbhrabúsacha chomh maith le ciclipéidí neamhbhrabúsacha, tá siad eisiata ón sainmhíniú maidir le soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne freisin. Ar deireadh, chun ardleibhéal cosanta cóipchirt a áirithiú, níor cheart feidhm a bheith ag an sásra um dhíolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear in Airteagal 13 maidir le soláthraithe seirbhíse arb é a bpríomhchuspóir dul i mbun na píoráideachta cóipchirt nó chun píoráideacht chóipchirt a éascú.

(63)  An measúnú i dtaobh an ndéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne méid mór inneachair faoi chosaint chóipchirt a stóráil agus rochtain a thabhairt air, is gá é sin a dhéanamh ar bhonn cás ar chás agus aird a thabhairt ar roinnt gnéithe éagsúla, amhail spriocphobal na seirbhíse agus líon na gcomhaid d'inneachar atá faoi chosaint cóipchirt arna uaslódáil ag úsáideoirí na seirbhísí.

(64)   Leis an Treoir seo, is iomchuí a shoiléiriú go dtéann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i mbun gníomh cur i láthair don phobal nó gníomh cur ar fáil don phobal nuair a thugann siad rochtain don phobal ar shaothair atá faoi chosaint cóipchirt nó ar ábhar cosanta eile arna n-uaslódáil ag a n-úsáideoirí. Dá réir sin, ba cheart go bhfaigheadh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údarú, lena n-áirítear trí chomhaontú ceadúnúcháin, ó na sealbhóirí cirt ábhartha. Leis sin, ní dhéantar difear do choincheap cur i láthair don phobal ná cur ar fáil don phobal in aon áit eile faoi dhlí an Aontais, ná ní dhéantar difear do chur i bhfeidhm féideartha Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2001/29/CE maidir le soláthraithe seirbhíse eile a úsáideann inneachar faoi chosaint cóipchirt.

(65)  Nuair a bhíonn soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas as gníomhaíochtaí cumarsáide leis an bpobal nó nuair a dhéanann siad inneachar a chur ar fáil don phobal faoi na coinníollacha a bhunaítear faoin Treoir seo, níor cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE maidir leis an dliteanas a eascraíonn as an bhforáil sa Treoir seo maidir le úsáid ineachair chosanta ag soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne. Níor cheart go ndéanfadh an méid sin difear d’Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.

(66)  Á chur san áireamh go ndéanann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne rochtain a thabhairt d’inneachar nach iad féin ach a gcuid úsáideoirí a uaslódálann é, is iomchuí foráil do shásra dliteanais sonrach chun críocha na Treorach seo le haghaidh cásanna nach bhfuil údarú ar bith deonaithe ina leith. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar do na leigheasanna faoin dlí náisiúnta le haghaidh cásanna seachas dliteanas i gcás sáruithe ar chóipcheart ná don fhéidearthacht ag cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin urghairí a eisiúint i gcomhlíonadh dhlí an Aontais. Go háirithe, i gcás an chórais shonraigh is infheidhme i leith soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil atá faoi EUR 10 milliún agus nach mó a meánlíon de chuairteoirí uathúla míosúla san Aontas ná 5 mhilliún, níor cheart go ndéanfadh sé difear d’infhaighteacht na leigheasanna faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta. I gcás nach bhfuil aon údarú deonaithe do na soláthraithe seirbhíse, ba cheart go ndéanfaidís a lándícheall i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal chun go seachnófaí saothair neamhúdaraithe agus ábhar eile, amhail a bheidh aitheanta ag na sealbhóirí cirt ábhartha, a bheith ar fáil ar a gcuid seirbhísí. Chun na críche sin, ba cheart do na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, á chur san áireamh dóibh, i measc tosca eile, líon na sealbhóirí cirt agus cineál a gcuid saothar agus ábhar eile. Na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcomhar leis na sealbhóirí cirt, níor cheart go leanfadh as go mbeadh cosc á chur ar inneachar neamhsháraitheach a bheith ar fáil, lena n-áirítear úsáid saothar nó ábhar cosanta eile atá clúdaithe ag comhaontú ceadúnaithe nó ag eisceacht nó teorainn ar chóipcheart. Ar an tslí sin, níor cheart go ndéanfadh sé difear d’úsáideoirí a úsáideann seirbhísí na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun faisnéis a uaslódáil agus a rochtain go dleathach ar na seirbhísí sin. Ina theannta sin, maidir leis na hoibleagáidí a bhunaítear sa Treoir seo, níor cheart go leanfadh astu sin go ndéanfadh Ballstáit oibleagáid faireacháin ghinearálta a fhorchur.

Nuair a bhítear ag measúnú cibé a bhfuil lándícheall déanta ag soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, ba cheart a chur san áireamh cibé an bhfuil na céimeanna go léir glactha ag an soláthraí seirbhíse a bheadh glactha ag oibreoir dícheallach chun an toradh a bhaint amach go gcuirfí cosc ar shaothair neamhúdaraithe nó ábhar neamhúdaraithe eile a bheith ar fáil ar a shuíomh gréasáin, ag cur san áireamh sárchleachtais an tionscail agus a éifeachtaí atá na céimeanna a rinneadh i bhfianaise na dtosca agus forbairtí ábhartha uile, chomh maith le prionsabal na comhréireachta. Chun críocha an mheasúnaithe sin, ba cheart líon áirithe eilimintí a bhreithniú, amhail méid na seirbhíse, úrscothacht éabhlóideach na meán atá cheana ann, lena n-áirítear forbairtí todhchaíocha féideartha, ar mhaithe leis an gcás a sheachaint go mbeadh fáil ar chineálacha éagsúla inneachair agus costas a ghabhann leis na meáin sin do na seirbhísí. D’fhéadfadh sé go mbeadh bealaí éagsúla chun an fháil ar inneachar neamhúdaraithe faoi chosaint chóipchirt a sheachaint iomchuí agus comhréireach in aghaidh an chineáil inneachair agus, dá bhrí sin, ní féidir é a chur as an áireamh nach bhféadfaí inneachar neamhúdaraithe a sheachaint i gcásanna áirithe ach amháin ar fhógra ina thaobh a bheith faighte ag na sealbhóirí cirt. Aon chéimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse, ba cheart dóibh a bheith éifeachtach a mhéid a bhaineann leis na cuspóirí atá á saothrú ach níor cheart dóibh dul thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir a ghnóthú go ndéanfar an fháil atá ar shaothair neamhúdaraithe agus ar ábhar neamhúdaraithe eile a sheachaint agus a scor. Más rud é go dtagann saothair neamhúdaraithe agus ábhar neamhúdaraithe eile chun bheith ar fáil in ainneoin sárdhícheall a bheith déanta i gcomhar leis na sealbhóirí cirt, de réir mar a cheanglaítear leis an Treoir seo, ba cheart na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bheith faoi dhliteanas i ndáil leis na saothair ar leith agus leis an ábhar eile ar leith a bhfuair siad faisnéis ábhartha agus riachtanach ó na sealbhóirí cirt ina leith, mura rud é go bhfuil siad in ann a léiriú go ndearna siad a lándícheall de bhun ardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal.

Sa bhreis air sin, i gcás ina mbeidh saothair neamhúdaraithe ar leith nó ábhar neamhúdaraithe eile ar leith tagtha chun bheith ar fáil ag na seirbhísí, lena n-áirítear gur cuma lándícheall a bheith déanta agus gan beann ar cibé an ndearna na sealbhóirí cirt an fhaisnéis ábhartha agus riachtanach a chur ar fáil roimh ré, ba cheart na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bheith faoi dhliteanas i leith gníomhaíochtaí neamhúdaraithe trína ndéantar saothair agus ábhar eile a chur i láthair an phobail nuair, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil, go mainníonn siad gníomhú go tapa chun na saothair nó an t-ábhar eile a luaitear san fhógra a bhaint dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú. Sa bhreis air sin, ba cheart go mbeadh na soláthraí seirbhíse sin atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas freisin má mhainníonn siad a léiriú go ndearna siad a sárdhícheall chun uaslódálacha todhchaíocha de shaothair neamhúdaraithe ar leith a chosc, bunaithe ar fhaisnéis ábhartha agus riachtanach a sholáthraíonn na sealbhóirí cirt chun na críche sin. Nuair nach soláthraíonn sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach i dtaobh a saothar ar leith nó a n-ábhar eile ar leith do na soláthraithe seirbhíse nó nuair nach mbíonn aon fhógra i dtaca le saothair neamhúdaraithe ar leith nó ábhar neamhúdaraithe eile a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú tugtha ag na sealbhóirí cirt agus, mar thoradh air sin, nach féidir le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a sárdhícheall a dhéanamh chun fáil ar an inneachar neamhúdaraithe a sheachaint i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil, níor cheart go mbeadh na soláthraithe seirbhíse faoi dhliteanas i leith gníomhaíochtaí neamhúdaraithe trína ndéantar na saothair neamhaitheanta sin agus ábhar neamhaitheanta eile sin a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal.

(67)   Ar bhealach comhchosúil le h Airteagal 16(2) de Threoir 2014/26/AE, tá feidhm ag an Treoir seo madiir le ialacha i dtaca le seirbhísí nua ar line.  Tá na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo ceaptha an cás sonrach a bhaineann le cuideachtaí nuathionscanta a bhíonn ag obair le huaslódálacha úsáideoirí chun samhlacha nua gnó a fhorbairt a chur san áireamh. An córas modhnaithe is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse nua ag a bhfuil láimhdeachas agus spriocphobal beag, ba cheart dó dul chun tairbhe fíor-fhiontar nua agus ba cheart dó, dá bhrí sin, scor d’fheidhm a bheith aige maidir leo trí bliana tar éis do na seirbhísí sin a bheith ar fáil ar líne den chéad uair san Aontas. Níor cheart drochúsáid a bhaint as an gcóras in trí shocruithe a mbeadh sé mar aidhm leo a thairbhí a leathnú amach thar na chéad trí bliana. Go háirithe, níor cheart feidhm a bheith aige maidir le seirbhísí nua-chruthaithe ná seirbhísí a sholáthraítear faoi ainm nua ach a shaothraíonn an ghníomhaíocht de chuid soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne atá cheana ann agus nach bhféadfadh tairbhiú den chóras sin nó nach dtairbhíonn a thuilleadh den chóras sin.

(68)  Ba cheart na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bheith trédhearcach i leith na sealbhóirí cirt a mhéid a bhaineann leis na céimeanna a ghlacann siad i gcomhthéacs an chomhair. De bhrí go bhféadadh na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, ba cheart dóibh faisnéis leormhaith a thabhairt do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, i dtaobh na gcineálacha gníomhaíochta atá déanta acu agus i dtaobh na caoi a bhfuil siad á gcur chun feidhme. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith sonrach a dóthain chun dóthain trédhearcachta a sholáthar do shealbhóirí cirt, gan dochar do rúin ghnó na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne. Níor cheart, áfach, go mbeadh de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse faisnéis mhionsonraithe agus indibhidiúlaithe le haghaidh gach saothar agus ábhar eile atá sainaitheanta a sholáthar do shealbhóirí cirt. Tá sé sin gan dochar do shocruithe conarthacha, a bhféadfadh forálacha níos sonraí a bheith iontu i dtaobh na faisnéise atá le soláthar i gcás ina ndéantar comhaontuithe a thabhairt i gcrích idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt.

(69)  I gcás ina bhfaigheann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údaruithe, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceadúnaithe, chun inneachar atá uaslódáilte ag úsáideoirí na seirbhíse a úsáid ar an tseirbhís, ba cheart go gclúdóidís freisin gníomhaíochtaí ábhartha cóipchirt i leith na n-uaslódálacha ag na húsáideoirí faoi réir raon feidhme an údaraithe a dheonaítear do na soláthraithe seirbhíse, ach é sin amháin i gcásanna ina ngníomhaíonn na húsáideoirí chun críocha neamhthráchtála, amhail a n-inneachar a chomhroinnt gan aon chríoch bhrabúsmhar, nó nuair a nach bhfuil an t-ioncam a ghineann a gcuid uaslódálacha suntasach a mhéid a bhaineann le gníomhaíocht chóipchirt na n-úsáideoirí atá ábhartha maidir le cóipcheart agus a bhfuil siad clúdaithe ina leith. Nuair a bhíonn údarú tugtha go sainráite ag sealbhóirí cirt d’úsáideoirí á rá go bhféadfaidh siad saothair nó ábhar eile a uaslódáil nó a chur ar fáil ar sheirbhís atá ag comhroinnt inneachar ar líne, tá an ghníomhaíocht trína ndéantar an tseirbhís a chur i láthair an phobail údaraithe faoi réir bhrí raon feidhme an údaraithe a bheidh deonaithe ag an sealbhóir cirt. Níor cheart, áfach, go mbeadh aon toimhde ann i bhfabhar na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sa tuiscint go bhfuil na cearta ábhartha go léir imréitithe ag a gcuid úsáideoirí.

(70)  Ba cheart go mbeadh na céimeanna a ghlacann na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gan dochar do chur i bhfeidhm na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha ar chóipcheart, lena n-áirítear go háirithe iadsan a ráthaíonn saorchead cainte na n-úsáideoirí. Ba cheart go gceadófaí d’úsáideoirí inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí go sonrach ar mhaithe le hathlua, critic, léirmheas, scigmhagadh, scigaithris nó paistís a uaslódáil agus a chur ar fáil. Tá tábhacht ar leith leis seo chun cóimheá a aimsiú idir na cearta bunúsacha atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an tsaoirse cainte agus saoirse na n-ealaíon, agus an ceart chun maoine, lena n-áirítear maoin intleachtúil. Ar na cúiseanna sin, ba cheart go mbeadh na heisceachtaí sin éigeantach chun a áirithiú go bhfaigheann úsáideoirí cosaint aonfhoirmeach ar fud an Aontais. Tá sé tábhachtach a áirithiú go mbíonn sásra éifeachtach gearáin agus sásaimh á oibriú ag seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun tacu leis na húsaidíúsáidí chun na gcríoch sonrach sin.

Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt ábhar ar líne, freisin, sásraí éifeachtacha agus tapa gearáin agus sásaimh a chur ar bun chun deis a thabhairt d’úsáideoirí gearán a dhéanamh i dtaobh na gcéimeanna atá glactha a mhéid a bhaineann lena n-uaslódálacha, go háirithe cén uair a d’fhéadfaidís tairbhiú d’eisceacht nó de theorainn ar chóipcheart i ndáil le huaslódáil atá bainte anuas nó a bhfuil rochtain uirthi díchumasaithe. Aon ghearán a chomhdaítear faoi na sásraí sin, ba cheart go ndéanfaí é a phróiseáil gan moill mhíchuí agus é a bheith faoi réir cinneadh arna dhéanamh ag duine daonna. Nuair a iarrann na sealbhóirí cirt ar na soláthraithe seirbhíse gníomhaíocht a dhéanamh in aghaidh uaslódálacha ag úsáideoirí, amhail rochtain a dhíchumasú nó inneachar atá uaslódáilte a bhaint anuas, ba cheart do na sealbhóirí cirt údar cuí a thabhairt lena n-iarrataí. Thairis sin, níor cheart go leanfadh sainaithint úsáideoirí aonair ná próiseáil a gcuid sonraí pearsanta as an gcomhar sin, seachas i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go mbíonn rochtain ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh réiteach díospóidí ag úsáideoirí. Ba cheart do na sásraí sin deis a thabhairt díospóidí a shocrú go neamhchlaonta. Ba cheart go mbeadh rochtain ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus ar chearta gaolmhara a éileamh.

(71)  A luaithe agus is féidir i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú idir geallsealbhóirí chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach do oibleagáid an chomhair idir soláthraithe seirbhíse roinnte ábhair ar líne agus sealbhóirí cirt a áirithiú agus chun sárchleachtais i leith chaighdeáin iomchuí an díchill ghairmiúil sa tionscal a bhunú. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí úsáideoirí agus soláthraithe teicneolaíochta, agus aird a thabhairt ar fhorbairtí sa mhargadh. Ba cheart freisin go mbeadh rochtain ag eagraíochtaí úsáideoirí ar fhaisnéis i dtaobh gníomhaíochtaí a dhéanann soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne chun inneachar ar líne a bhainistiú.

(72)  Is gnách le húdair agus taibheoirí a bheith sa riocht chonarthach níos laige nuair a dheonaíonn siad ceadúnais nó nuair a aistríonn siad a gcearta, lena n-áirítear trína gcuideachtaí féin, chun saothrú a dhéanamh i gcomaoin ar luach saothair, agus is gá do na daoine nádúrtha sin an chosaint dá bhforáiltear leis an Treoir seo a fháil chun go mbeidh siad in ann tairbhiú go hiomlán de na cearta atá comhchuibhithe faoi dhlí an Aontais. Ní thagann an gá sin chun cinn nuair a bhíonn an contrapháirtí conarthach ag gníomhú mar úsáideoir deiridh agus nach ndéanann sé an saothar nó an taibhiú a shaothrú é féin, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i roinnt conarthaí fostaíochta, i measc conarthaí eile.

(73)  Ba cheart go mbeadh an luach saothair a fhaigheann údair agus taibheoirí iomchuí agus comhréireach leis an luach eacnamaíoch iarbhír nó féideartha a ghabhann le cearta faoi cheadúnas nó cearta aistrithe, ag cur san áireamh rannchuidiú an údair nó an taibheora i leith an tsaothair ina iomláine nó an ábhair ina iomláine agus imthosca uile an cháis, amhail cleachtais an mhargaidh nó saothrú iarbhír an tsaothair. Is féidir le híocaíocht chnapshuime a bheith ina luach saothair comhréireach freisin, ach níor cheart gurb é sin a bheadh ann mar riail. Ba cheart go mbeadh an saoirse ag na Ballstáit cásanna sonracha a shainiú ina bhféadfaí cnapshuimeanna a chur i bhfeidhm ag cur sonraíochtaí gach earnála san áireamh. Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh a chur chun feidhme trí shásraí éagsúla atá cheana ann nó a thabharfar isteach as an nua, agus a bhféadfadh cómhargáil nó sásraí eile a bheith san áireamh leo, ar choinníoll go bhfuil na sásraí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais.

(74)  Tá gá ag ▌údair agus taibheoirí le faisnéis chun luach eacnamaíoch ceart dá gcuid a mheas atá comhchuibhithe faoi dhlí an Aontais. Is é seo an cás go háirithe nuair a dheonaíonn daoine nádúrtha ceadúnas nó ▌nuair a aistríonn siad cearta ar mhaithe le saothrú i gcomaoin ar luach saothair. Ní thagann an gá sin chun cinn nuair a thagann deireadh leis an saothrú, nó nuair atá ceadúnas deonaithe don phobal i gcoitinne gan aon luach saothair ag an údar nó taibheoir.

(75)  Toisc gur gnách le húdair agus le taibheoirí a bheith sa riocht níos laige go conarthach nuair a dheonaíonn siad ceadúnais nó nuair a aistríonn siad a gcearta, tá faisnéis de dhíth orthu chun luach leantach eacnamaíoch a gceart a mheas, i gcomparáid leis an luach saothair a fuair siad don cheadúnas nó don aistriú, ach is minic a bhíonn easpa trédhearcachta rompu. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh faisnéis leormhaith agus chruinn á roinnt ag a gcomhpháirtithe conarthacha nó ag a gcomharbaí i dteideal, le haghaidh na trédhearcachta agus na cothromaíochta sa chóras a rialaíonn luach saothair na n-údar agus na dtaibheoirí. Ba cheart don fhaisnéis sin a bheith cothrom le dáta chun go bhféadfar sonraí úrnua a rochtain, ábhartha do shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, agus cuimsitheach ar bhealach go gclúdódh sé na foinsí uile ioncaim is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta. Ar feadh na tréimhse a mhaireann an saothrú, ba cheart do chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí an fhaisnéis atá ar fáil dóibh i dtaobh na modhanna uile saothraithe agus gach ioncam ábhartha ar fud an domhain a sholáthar ag eatraimh rialta atá iomchuí san earnáil ábhartha, ach é sin a dhéanamh ar a laghad uair sa bhliain. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar ar bhealach atá cuimsitheach don údar nó don taibheoir agus ba cheart go bhfágfadh sé gur féidir measúnú éifeachtach a dhéanamh ar luach eacnamaíoch na gceart i dtrácht. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh feidhm ag oibleagáid na trédhearcachta ach amháin sa chás inar cearta ábhartha cóipchirt atá i gceist. Ba cheart gurb iad na daoine ar gá dóibh an oibleagáid trédhearcachta a chomhlíonadh ar bhonn phointe (c) d’Airteagal 6(1) de Rialachán (AE) 2016/679 a dhéanfadh an phróiseáil ar shonraí pearsanta, amhail mionsonraí teagmhála agus faisnéis i dtaobh luach saothair, atá riachtanach chun údair agus taibheoirí a choinneáil ar an eolas i dtaobh shaothrú a saothar agus a dtaibhithe.

(76)  Chun a áirithiú go ndéantar faisnéis a bhaineann leis an saothrú a sholáthar go cuí d’údair agus do thaibheoirí freisin sna cásanna ina bhfuil na cearta faoi fhochonradh chuig páirtithe eile a shaothraíonn na cearta, déanann an Treoir seo an teideal a thabhairt d’údair agus do thaibheoirí, i gcásanna ina bhfuil an fhaisnéis atá ar fáil dóibh soláthraithe ag an gcéad chontrapháirtí conarthach ach nach leor an fhaisnéis a fuarthas chun luach eacnamaíoch a gceart a mheasúnú, faisnéis ábhartha bhreise a iarraidh maidir le saothrú a gceart. Is féidir é sin a áirithiú go díreach trí fhocheadúnais nó is féidir é a dhéanamh trí chontrapháirtithe conarthacha na n-údar agus na dtaibheoirí. D’fhéadfadh údair agus taibheoirí agus a gcontrapháirtithe conarthacha a chomhaontú go ndéanfaí an fhaisnéis chomhroinnte a choinneáil i modh rúin, ach ba cheart i gcónaí go mbeadh an deis ag údair agus taibheoirí an fhaisnéis chomhroinnte a úsáid chun críche a gcearta faoin Treoir seo a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh an rogha ag na Ballstáit, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, foráil do bhearta breise trí fhorálacha náisiúnta chun trédhearcacht d’údair agus do thaibheoirí a áirithiú.

(77)  Agus an oibleagáid trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo á cur chun feidhme, ba cheart do na Ballstáit sainiúlachtaí na n-earnálacha éagsúla a chur san áireamh, amhail na sainiúlachtaí a bhaineann le hearnáil an cheoil, an earnáil closamhairc agus an earnáil foilsitheoireachta agus ba cheart do na geallsealbhóirí ábhartha uile ▌a bheith rannpháirteach nuair a bhíonn ceanglais earnáilsonracha á gcinneadh. I gcás inarb ábhartha, ba cheart a shuntasaí atá rannchuidiú na n-údar agus na dtaibheoirí sa saothar iomlán nó sa taibhiú iomlán a bhreithniú freisin. Ba cheart cómhargáil a bhreithniú mar rogha chun teacht ar chomhaontú idir na geallsealbhóirí ábhartha maidir le trédhearcacht, Ba cheart leis na comhaontuithe sin go ndéanfaí an t-ardleibhéal céanna trédhearcachta agus atá mar na híoscheanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo a áirithiú d’údair agus do thaibheoirí. Chun gur féidir na cleachtais tuairiscithe atá ann cheana féin a chur in oiriúint don oibleagáid trédhearcachta, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse. Níor cheart gur gá an oibleagáid trédhearcachta a chur i bhfeidhm i ndáil le comhaontuithe a dhéanamh idir sealbhóirí cirt agus eagraíochtaí comhbhainistíochta, eintitis bhainistíochta neamhspleácha nó eintitis eile atá faoi réir rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme mar go bhfuil na heagraíochtaí nó eintitis sin faoi réir oibleagáidí trédhearcachta cheana féin faoi Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE. Tá feidhm ag Airteagal 18 de Threoir 204/26/AE maidir le heagraíochtaí a dhéanann bainistiú ar chóipcheart nó ar chearta gaolmhara thar ceann shealbhóir cirt amháin nó níos mó ar mhaithe le tairbhe chomhchoiteann na sealbhóirí cirt sin. Ba cheart, áfach, i gcás comhaontuithe arna gcaibidliú go haonair agus a thugtar i gcrích idir sealbhóir cirt agus a gcontrapháirtithe conarthacha siúd a bhíonn ag gníomhú chun a leasa féin, go mbeidís faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(78)  Conarthaí áirithe le haghaidh saothrú na gceart atá comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais, gabhann ré fada leo agus is beag deiseanna a bhíonn ann d’údair ná do thaibheoirí iad a athchaibidliú lena gcomhpháirtithe conarthacha nó lena gcomharbaí i dteideal nuair a tharlaíonn sé go mbíonn luach eacnamaíoch na gceart go suntasach níos mó ná an luach a measadh ar dtús báire. Dá réir sinsin, gan dochar don dlí is infheidhme maidir le conarthaí sna Ballstáit, ba cheart ▌sásra coigeartaithe luacha saothair a sholáthar maidir le cásanna ina dtiocfaidh an luach saothair arna chomhaontú ar dtús faoi cheadúnas nó faoi chearta a aistriú chun bheith go soiléir díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha ▌a dhíorthaítear ó shaothrú an tsaothair nó ▌fosú an taibhithe ina dhiaidh sin ag contrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora. Ba cheart na hioncaim uile is ábhartha don chás, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, ioncaim mharsantachta, a chur san áireamh le haghaidh measúnú an bhfuil an luach saothar íseal ar bhealach díréireach. Ba cheart agus an staid á measúnú, na himthosca sonracha a bhaineann le gach cás ar leith a chur san áireamh, lena n-áirítear rannchuidiú an údair nó an taibheora, chomh maith le sainiúlachtaí agus cleachtais luacha saothair na n-earnálacha éagsúla inneachair, agus cibé an bhfuil an conradh bunaithe ar chomhaontú cómhargála. Ionadaithe údar agus taibheoirí atá sainordaithe go cuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, i gcomhlíonadh dhlí an Aontais, ba cheart go mbeidís in ann cúnamh a thabhairt d’údar nó taibheoir amháin nó níos mó nuair a iarrann siadsan coigeartú ar chonarthaí, ag cur san áireamh dóibh freisin leasanna údair agus taibheoirí eile nuair is ábhartha. Ba cheart do na hionadaithe sin céannacht na n-údar agus taibheoirí ionadaithe a chosaint chomh fada agus gurb indéanta é sin. I gcás nach gcomhaontóidh na páirtithe an coigeartú ar an luach saothair, ba cheart go mbeadh an t-údar nó an taibheoir i dteideal éileamh a thabhairt os comhair cúirte nó údarás inniúil eile. Níor cheart go mbeadh feidhm ag an sásra sin maidir le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag eintitis a shainítear in Airteagal 3(a) agus (b) de Threoir 2014/26/AE nó ag eintitis eile atá faoi réir rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme.

(79)  Is minic a bhíonn údair agus taibheoirí drogallach a gcearta a fhorfheidhmiú i gcoinne a gcomhpháirtithe conarthacha os comhair cúirte nó binse. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit foráil maidir le nós imeachta um réiteach malartach díospóide chun díriú ar éilimh ó údair agus taibheoirí nó óna n-ionadaithe thar a gceann agus a bhaineann le hoibleagáidí trédhearcachta agus leis an sásra coigeartaithe conartha. Chun na críche sin, ba cheart do mbeadh Ballstáit ábalta comhlacht nó sásra nua a bhunú nó brath ar cheann atá cheana ann agus a chomhlíonann na coinníollacha a bhunaítear leis an Treoir seo gan beann ar na comhlachtaí nó na sasraí sin a bheith faoi threoir an tionscail nó faoi threoir an phobail, lena n-áirítear nuair atá an comhlacht nó sásra sin corpraithe sa chóras breithiúnais náisiúnta. Ba cheart solúbthacht a bheith ag Ballstáit agus iad ag cinneadh cén chaoi ar cheart na costais a ghabhann le nós imeachta réitigh díospóide a leithdháileadh. Ba cheart an nós imeachta um réiteach malartach díospóide sin a bheith gan dochar do cheart na bpáirtithe a gcearta a éileamh agus a chosaint trí chaingean a thabhairt os comhair cúirte.

(80)  Nuair a dhéanann údair agus taibheoirí a gcearta a chur faoi cheadúnas nó a aistriú, bíonn siad ag súil leis go ndéanfar a saothar nó a dtaibhiú a shaothrú. D’fhéadfadh sé tarlú, áfach, go mbíonn saothair nó taibhithe curtha faoi cheadúnas nó aistrithe agus nach ndéantar iad a shaothrú ar chor ar bith. Nuair a bhíonn na cearta sin aistrithe ar bhonn eisiach, ní féidir le húdair agus taibheoirí iompú chuig comhpháirtí eile chun go ndéanfaí a gcuid oibre nó taibhithe a shaothrú. Sa chás sin, agus tar éis tréimhse réasúnach ama a bheith caite, ba cheart go mbeadh údair agus taibheoirí in ann tairbhiú de shásra um chearta a chúlghairm, rud a thabharfadh an deis dóibh a gcearta a aistriú chuig duine eile nó iad a chur faoi cheadúnas ag duine eile. Ós rud é gur féidir leis an leibhéal saothraithe a dhéantar ar shaothair nó ar thaibhithe athrú ag brath ar na hearnálacha, d’fhéadfaí forálacha sonracha a leagan síos ar an leibhéal náisiúnta chun sonraíochtaí na n-earnálacha, amhail an earnáil closamhairc, nó na saothar nó na taibhithe a chur san áireamh, go háirithe ag foráil do chreataí ama le haghaidh an chirt cúlghairme. Chun leasanna dlisteanacha na ndaoine a dhéanann cearta a chur faoi cheadúnas nó a aistriú a chosaint agus chun drochúsáidí a chosc, agus á chur san áireamh go bhfuil gá le méid áirithe ama sula ndéantar saothar nó taibhiú a shaothrú go hiarbhír, ba cheart go mbeadh údair agus taibheoirí in ann an ceart cúlghairme a fheidhmiú i gcomhréir le ceanglais nós imeachta áirithe agus nach bhféadfadh siad é sin a dhéanamh ach amháin i ndiaidh tréimhse áirithe ama tar éis don cheadúnas nó don chomhaontú aistrithe a bheith tugtha i gcrích. Ba cheart go mbeadh cead ag na Ballstáit feidhmiú an chirt cúlghairme a rialáil faoin dlí náisiúnta i gcás saothair nó taibhithe a bhfuil níos mó ná údar amháin nó taibheoir amháin páirteach iontu, agus tábhacht ábhartha na rannchuidithe aonair á gcur san áireamh.

(81)  Na forálacha amaidir le trédhearcacht, sásraí coigeartaithe conartha agus nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide a leagtar síos sa Treoir seo, ba cheart iad a bheith éigeantach agus níor cheart go mbeadh páirtithe in ann maolú ó na forálacha conarthacha sin, bídís ar áireamh sna conarthaí idir údair, taibheoirí agus a gcontrapháirtithe conarthacha nó i gcomhaontuithe idir na contrapháirtithe sin agus tríú páirtithe, amhail comhaontuithe neamhnochta. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag Airteagal 3(4) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) sa mhéid agus má tá gach eilimint eile atá ábhartha don staid, ag an tráth a dhéantar an rogha maidir leis an dlí is infheidhme suite i mBallstát amháin nó níos mó nach ndéanfaidh rogha na bpáirtithe i dtaobh an dlí is infheidhme, seachas dlí Ballstáit, dochar do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le trédhearcacht, sásraí coigeartaithe conartha agus nósanna imeachta um réiteach malartach díospóide a leagtar síos sa Treoir seo, de réir mar atá siad curtha chun feidhme i mBallstát an fhóraim.

(82)  Níor cheart aon rud sa Treoir seo a léirmhíniú ar shlí a d’fhágfadh go gcoiscfí daoine a shealbhaíonn cearta eisiacha faoi dhlí cóipchirt an Aontais ó údarú a thabhairt i dtaca lena saothair nó ábhar eile a úsáid saor in aisce, lena n-áirítear trí shaorcheadúnais neamh-eisiacha chun tairbhe úsáideoir ar bith.

(83)  Os rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, eadhon nuachóiriú ar ghnéithe áirithe de chreat cóipchirt an Aontais chun forbairtí teicneolaíochta agus bealaí nua dáileacháin d’inneachar atá faoi chosaint sa mhargadh inmheánach a chur san áireamh, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a scála, a n-éifeachtaí agus a ngné thrasteorann, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(84)  Sa Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(85)  Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta faoin Treoir seo, ba cheart dó cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí príobháideacha a chosaint a leagtar amach in Airteagail 7 agus , faoi seach, den Chairt agus ní mór an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhlíonadh Threoir 2002/58/CE agus Rialachán (AE) 2016/679 .

(86)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(18), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha arb é is aidhm dóibh comhchuibhiú breise a dhéanamh ar dhlí an Aontais atá infheidhme maidir le cóipcheart agus le cearta gaolmhara faoi chuimsiú an mhargaidh inmheánaigh, agus úsáidí digiteacha agus trasteorann inneachair chosanta á gcur san áireamh go háirithe. Leagtar síos léi freisin rialacha maidir le heisceachtaí agus maidir le teorainneacha ar chóipcheart agus ar chearta gaolmhara, maidir le ceadúnais a éascú, mar aon le rialacha arb é is aidhm dóibh margadh dea-fheidhmithe a áirithiú chun saothair agus ábhar eile a shaothrú.

2.  Ach amháin sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 24, fágfaidh an Treoir seo slán na rialacha atá ann cheana a leagtar síos sna Treoracha atá i bhfeidhm faoi láthair sa réimse seo agus ní dhéanfaidh sí difear dóibh, go háirithe Treoracha 96/9/CE, 2000/31/CE, 2001/29/CE, 2006/115/CE, 2009/24/CE, 2012/28/AE agus 2014/26/AE.

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘eagraíocht taighde’ ollscoil, lena n-áirítear a cuid leabharlanna, institiúid taighde nó eintiteas ar bith eile arb é a bpríomhsprioc taighde eolaíochta a sheoladh nó gníomhaíochtaí oideachais a dhéanamh a bhfuil i gceist leis na gníomhaíochtaí sin freisin taighde eolaíochta a sheoladh▌:

(a)  ar bhonn neamhbhrabúis nó trí na brabúis go léir a athinfheistiú ina taighde eolaíochta nó ina thaighde eolaíocht; nó

(b)  de bhun misean chun leasa an phobail atá aitheanta ag Ballstát;

ar bhealach a fhágann nach féidir gnóthas a imríonn tionchar cinntitheach ar eagraíocht den sórt sin rochtain a fháil ar na torthaí arna nginiúint le taighde eolaíochta den sórt sin ar bhonn fabhrach;

(2)  ciallaíonn ‘mianadóireacht téacsanna agus sonraí’ teicníc anailíseach uathoibrithe ar bith arb é is aidhm di anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis a ghiniúint a áiríonn patrúin, treochtaí agus comhghaoil, ach nach bhfuil teoranta dóibh sin amháin;

(3)  ciallaíonn ‘institiúid oidhreachta cultúrtha’ leabharlann nó músaem atá inrochtana don phobal, cartlann nó institiúid oidhreachta scannáin nó fuaime;

(4)  ciallaíonn ‘preasfhoilseachán’ ▌ bailiúcháin atá comhdhéanta go príomha de shaothair liteartha de chineál iriseoireachta, ach ar féidir saothair nó ábhar eile a áireamh iontu, agus ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)  is mír aonair é laistigh de thréimhseachán nó d’fhoilseachán a thugtar cothrom le dáta ar bhonn rialta faoi aon teideal amháin, amhail nuachtán nó iris spéise ginearálta nó iris sainspéise;

(b)   tá sé mar chuspóir aige faisnéis a sholáthar don phobal i gcoitinne a bhaineann le nuacht nó le topaicí eile; agus

(c)  foilsítear é i meán ar bith faoi thionscnamh soláthraí seirbhíse agus faoina fhreagracht eagarthóireachta agus faoina smacht.

Tréimhseacháin a fhoilsítear chun críocha eolaíocha nó acadúla, amhail irisleabhair eolaíochta, ní preasfhoilseacháin iad chun críocha na Treorach seo;

(5)  ciallaíonn ‘seirbhís sochaí faisnéise’ seirbhís de réir bhrí phointe (b) d’Airteagal 1(1) de Theoir (AE) 2015/1535;

(6)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne’ soláthraí seirbhíse sochaí faisnéise arb é a phríomhchuspóir nó ceann dá chuid príomhchuspóirí lear mór de shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ábhar cosanta eile, arna n-uaslódáil ag a úsáideoirí, a stóráil nó rochtain phoiblí orthu a thabhairt, agus arb é féin a eagraíonn an tseirbhís agus a chuireann chun cinn í chun críocha brabús a dhéanamh.

Soláthraithe seirbhíse, amhail ciclipéid ar líne neamhbhrabúsmhara, taisclanna oideachais agus eolaíochta neamhbhrabúsmhara, ardáin forbartha agus comhroinnte bogearraí foinse oscailte, soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i dTreoir (AE) 2018/1972, margaí ar líne agus néalseirbhísí gnó le gnó agus néalseirbhísí a cheadaíonn d’úsáideoirí inneachar a uaslódáil dá n-úsáid féin, ní “soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne” de réir bhrí na Treorach seo iad.

TEIDEAL II

BEARTA CHUN EISCEACHTAÍ AGUS TEORAINNEACHA A OIRIÚNÚ DON TIMPEALLACHT DHIGITEACH AGUS DON TIMPEALLACHT TRASTEORANN

Airteagal 3

Mianadóireacht téacsanna agus sonraí chun críocha taighde eolaíochta

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo i gcás atáirgí agus asbhaintí a dhéanann eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh ar shaothair nó ar ábhar eile a bhfuil rochtain dhleathach acu orthu chun críocha taighde eolaíochta.

2.  Cóipeanna de shaothair nó d’ábhar eile a dhéantar i gcomhlíonadh mhír 1, déanfar iad a stóráil le leibhéal iomchuí slándála agus féadfar iad a choinneáil chun críocha taighde eolaíochta, lena n-áirítear chun torthaí taighde a fhíorú.

3.  Beidh cead ag sealbhóirí cirt bearta a chur i bhfeidhm chun slándáil agus sláine na líonraí agus na mbunachar sonraí a áirithiú sa suíomh ina bhfuil na saothair nó an t-ábhar eile á óstáil nó á n-óstáil. Ní rachaidh na bearta sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

4.  Déanfaidh na Ballstáit sealbhóirí cirt, eagraíochtaí taighde agus institiúidí oidhreachta cultúrtha a spreagadh chun dea-chleachtais atá comhaontaithe i gcoiteann a shainiú i dtaca leis an oibleagáid agus na bearta dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 faoi seach a chur i bhfeidhm.

Airteagal 4

Eisceacht nó teorainn le haghaidh mianadóireacht téacsanna agus sonraí

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó le teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE agus Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus Airteagal 15(1) den Treoir seo i ndáil le hatáirgí agus asbhaintí de shaothair agus ábhar eile a bhfuil rochtain go dleathach orthu chun críocha mianadóireachta téacsanna agus sonraí.

2.  Atáirgí agus asbhaintí a dhéantar de bhun mhír 1, féadfar iad a choinneáil chomh fada agus is gá chun críocha na mianadóireachta téacsanna agus sonraí.

3.  Beidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 1 ar choinníoll nach bhfuil úsáid na saothar nó an ábhair eile dá dtagraítear sa mhír sin faoi fhorchoimeád go sainráite ag a sealbhóirí cirt ar mhodh iomchuí, amhail meáin mheaisín-inléite i gcás inneachar a chuirtear ar fáil ar líne go poiblí.

4.  Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm Airteagal 3 den Treoir seo.

Airteagal 5

Saothair agus ábhar eile a úsáid i ngníomhaíochtaí teagaisc digiteacha agus trasteorann

1.  Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 11(1) den Treoir seo chun go bhféadfar saothair agus ábhar eile a úsáid go digiteach chun iad a léiriú le haghaidh teagaisc agus chuige sin amháin, a mhéid a bheidh call leis mar gheall ar an gcríoch neamhthráchtála atá le baint amach, ar choinníoll i dtaobh na húsáide sin:

(a)  go dtarlaíonn sí faoi fhreagracht forais oideachais, nó ina áitreabh nó ag ionaid eile, nó trí thimpeallacht leictreonach shlán nach bhfuil rochtain air ach ag daltaí nó mic léinn an fhorais oideachais agus foireann teagaisc an fhorais oideachais; agus

(b)  go mbíonn ag gabháil léi tásc i dtaobh na foinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh.

2.  D’ainneoin Airteagal 7(1), féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó ag an teorainn a ghlactar de bhun mhír 1 nó nach mbeidh feidhm aici a mhéid a bhaineann le húsáidí nó cineálacha sonracha saothar nó ábhair eile, amhail ábhar atá beartaithe go príomha don mhargadh oideachais nó bileoga ceoil, sa mhéid is go mbeidh fáil éasca sa mhargadh ar cheadúnais oiriúnacha lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus a chlúdaíonn riachtanais agus sonraíochtaí na bhforais oideachais.

Na Ballstáit a chinneann leas a bhaint as an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na ceadúnais lena n-údaraítear na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo infhaighte agus infheicthe ar bhealach iomchuí le haghaidh forais oideachais.

3.  Úsáid saothar agus ábhair eile chun críche léirithe le haghaidh teagaisc, agus chuige sin amháin, trí thimpeallachtaí leictreonacha slána a dhéantar i gcomhréir le forálacha an dlí náisiúnta, arna nglacadh de bhun an Airteagail seo, measfar nach mbeidh sí ar siúl ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil an foras oideachais bunaithe.

4.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le cúiteamh cothrom do shealbhóirí cirt as úsáid a saothar nó a n-ábhair eile de bhun mhír 1.

Airteagal 6

Oidhreacht chultúrtha a chaomhnú

Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht ar na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 5(a) agus Airteagal  7(1) de Threoir 96/9/CE, in Airteagal 2 de Threoir 2001/29/CE, i bpointe (a) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh institiúidí oidhreachta cultúrtha in ann cóipeanna a dhéanamh de shaothar ar bith nó d’ábhar eile ar bith atá ina mbailiúcháin go buan, i bhformáid ar bith nó i meán ar bith, chun na saothair sin nó an t-ábhar sin a chaomhnú ▌agus a mhéid is gá chun iad a chaomhnú ar an dóigh sin.

Airteagal 7

Forálacha coiteanna

1.  Aon fhoráil chonarthach atá contrártha do na heisceachtaí dá bhforáiltear in Airteagail 3, 5 agus 6, beidh siad neamh-infheidhmithe.

2.  Beidh feidhm ag Airteagal 5(5) ▌de Threoir 2001/29/CE maidir leis na heisceachtaí agus teorainneacha dá bhforáiltear faoin Teideal seo. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an tríú agus cúigiú fomhír d’Airteagal 6(4) de Threoir 2001/29/CE maidir le hAirteagail 3 go 6 den Treoir seo.

TEIDEAL III

BEARTA CHUN FEABHAS A CHUR AR CHLEACHTAIS CHEADÚNAITHE AGUS ROCHTAIN NÍOS FAIRSINGE AR INNEACHAR A ÁIRITHIÚ

CAIBIDIL 1

Saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

Airteagal 8

Úsáid á baint ag institiúidí oidhreachta cultúrtha as saothair agus ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála

1.  Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíocht chomhbhainistíochta, i gcomhréir lena sainorduithe ó shealbhóirí cirt, ceadúnas neamheisiach a thabhairt i gcrích chun críocha neamhthráchtála le hinstitiúid oidhreachta cultúrtha chun saothair nó ábhar eile, atá go buan i mbailiúchán na institiúide sin, nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a atáirgeadh, a dháileadh nó a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal, gan beann ar cibé a bhfuil sainordú tugtha don eagraíocht chomhbhainistíochta ag na sealbhóirí cirt go léir a chlúdaítear leis an gceadúnas, ar choinníoll:

(a)  go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá ina n-ábhar don cheadúnas; agus

(b)  go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt i ndáil le téarmaí an cheadúnais.

2.  Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le heisceacht nó teorainn ar na cearta dá bhforáiltear in in Airteagal 5(a), (b), (d) agus (e) agus Airteagal 7(1) de Threoir 96/9/CE, Airteagail 2 agus 3 de Threoir 2001/29/CE, in Airteagal 4(1) de Threoir 2009/24/CE agus in Airteagal 15(1) den Treoir seo chun go mbeidh insititiúidí oidhreachta cultúrtha in ann, chun críocha neamhthráchtála, saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála agus atá go buan ina mbailiúcháin a chur ar fáil, ar choinníoll:

(a)  go sonraítear ainm an údair nó aon sealbhóir cirt eile is inaitheanta, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh; agus

(b)  go ndéantar na saothair nó ábhar eile sin a chur ar fáil ar shuíomhanna gréasáin neamhthráchtála.

3.  Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag an eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 ach amháin maidir le cineálacha saothair nó ábhar eile nach bhfuil aon eagraíocht chomhbhainistíochta ann ina leith agus a chomhlíonann na coinníollacha atá leagtha amach i bpointe (a) de mhír 1.

4.   Forálfaidh na Ballstáit go bhféadfaidh na sealbhóirí cirt go léir, ag aon tráth agus go héasca agus go héifeachtúil, ▌a saothar nó ábhar eile a eisiamh ón sásra ceadúnaithe atá leagtha amach i mír 1 nó ón eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2 a chur i bhfeidhm, bíodh sin go ginearálta nó i gcásanna sonracha, lena n-áirítear tar éis ceadúnas a bheith tugtha i gcrích nó tar éis tús a bheith curtha leis an úsáid lena mbaineann.

5.  Measfar saothar nó ábhar eile gan a bheith ar fáil ar bhonn tráchtála i gcás inar féidir a thoimhdiú de mheon macánta nach bhfuil an saothar nó an t-ábhar eile ina iomláine ▌ar fáil don phobal trí ghnáthmhodhanna tráchtála agus tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta chun a dhéanamh amach an bhfuil sé ar fáil don phobal.

Féadfaidh na Ballstáit foráil do cheanglais shonracha, amhail dáta scoite, lena chinneadh an bhféadfar saothair nó ábhar eile a cheadúnú i gcomhréir le mír 1 nó an bhféadfar iad a úsáid faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear i mír 2. Ní rachaidh na ceanglais sin thar a bhfuil riachtanach agus réasúnach, agus choiscfear leo an fhéidearthacht a chinneadh maidir le sraith saothar nó ábhar eile nach bhfuil siad ina n-iomláine ar fáil ar bhonn tráchtála, i gcás inar réasúnach a thoimhdiú nach bhfuil na saothair agus ábhar eile ar fáil ar bhonn tráchtála.

6.  Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhfuil gach ceadúnas dá dtagraítear i mír 1 le lorg ó eagraíocht chomhbhainistíochta atá ina hionadaí don Bhallstát san áit a bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe.

7.  Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le sraitheanna de shaothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála más rud é, ar bhonn an díchill réasúnaigh dá dtagraítear i mír 5, go bhfuil fianaise ann go bhfuil na sraitheanna comhdhéanta den chuid is mó díobh seo a leanas:

(a)  ▌saothair nó ábhar eile seachas saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a céadfhoilsíodh nó, in éagmais a bhfoilsithe, ▌a céadchraoladh i dtríú tír,;

(b)  saothar cineamatagraif nó saothar closamhairc, a bhfuil a gceanncheathrú ag a léiritheoirí i dtríú tír, nó a bhfuil gnáthchónaí ar a léiritheoirí i dtríú tír; nó

(c)  saothair nó ábhar eile de chuid náisiúnaigh tríú tír i gcás, tar éis dícheall réasúnach a bheith déanta, nárbh fhéidir Ballstát ná tríú tír a chinneadh, de bhun phointí (a) agus (b).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, beidh feidhm ag an Airteagal seo i gcás go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta ionadaíoch a dóthain, de réir bhrí phointe (a) de mhír 1, do shealbhóirí cirt an tríú tír ábhartha .

Airteagal 9

Úsáidí trasteorann

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh ceadúnais arna ndeonú i gcomhréir le hAirteagal 8 a cheadú d’institiúidí oidhreachta cultúrtha in aon Bhallstát saothair nó ábhar eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála a úsáid.

2.  Maidir le húsáidí a bhaintear as saothair agus ábhar eile atá faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), measfar nach dtarlóidh siad ach amháin sa Bhallstát ina bhfuil gnóthas na hinstitiúide oidhreachta cultúrtha bunaithe.

Airteagal 10

Bearta poiblíochta

1.   Maidir le faisnéis ó institiúidí oidhreachta cultúrtha, eagraíochtaí comhbhainistíochta nó údaráis phoiblí ábhartha chun críocha saothair nó ábhar eile a shainaithint nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála atá clúdaithe le ceadúnas arna dheonú i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó a úsáidtear faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), chomh maith le faisnéis maidir leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá bhforáiltear in Airteagal 8(4), agus, a luaithe a bhíonn fáil uirthi nó a bhíonn sí ábhartha, faisnéis maidir leis na páirtithe sa cheadúnas, na críocha atá clúdaithe agus na húsáidí, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar rochtain orthu sin a chur ar fáil go buan, go héasca agus go héifeachtúil as tairseach aonair phoiblí ar líne amháin ó shé mhí ar a laghad sula ndéanfar na saothair nó an t-ábhar eile ▌a dháileadh, a chur i láthair an phobail nó a chur ar fáil don phobal i gcomhréir leis an gceadúnas nó faoin eisceacht nó teorainn.

Déanfaidh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh an tairseach ▌a bhunú agus a bhainistiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 386/2012.

2.  Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfar, más gá sin ar mhaithe le feasacht ghinearálta na sealbhóirí cirt, bearta poiblíochta iomchuí eile i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíochtaí comhbhainistíochta saothair nó ábhar eile a chur faoi cheadúnas i gcomhréir le hAirteagal 8, i ndáil leis na ceadúnais a dheonaítear, agus i ndáil leis na húsáidí faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) agus i ndáil leis na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt a dtagraítear dóibh in Airteagal 8(4).

Déanfar na bearta poiblíochta iomchuí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seosa Bhallstát ina bhfuil an ceadúnas á lorg i gcomhréir le hAirteagal 8(1) nó, i gcás úsáidí faoin eisceacht nó teorainn dá bhforáiltear in Airteagal 8(2), sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid oidhreachta cultúrtha bunaithe. Má tá fianaise ann, amhail tionscnamh na saothar nó an ábhair eile, a thabharfadh le tuiscint gur éifeachtúla a bheadh sé feasacht na sealbhóirí cirt a mhúscailt i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha, clúdóidh na bearta poiblíochta sin na Ballstáit agus na tríú tíortha sin freisin.

Airteagal 11

Idirphlé na ngeallsealbhóirí

Rachaidh na Ballstáit i gcomhchomhairle le sealbhóirí cirt, le heagraíochtaí comhbhainistíochta agus le hinstitiúidí oidhreachta cultúrtha i ngach earnáil sula mbunófar ceanglais shonracha de bhun Airteagal 8(5), agus spreagfaidh siad idirphlé ar bhonn rialta idir eagraíochtaí ionadaíocha na n-úsáideoirí agus na sealbhóirí cirt, lena n-áirítear eagraíochtaí comhbhainistíochta, agus aon eagraíochtaí geallsealbhóra ábhartha eile, ▌ar bhonn earnáilsonrach, chun ábharthacht agus inúsáidteacht na sásraí ceadúnaithe a leagtar amach in Airteagal 8(1) a chothú agus chun a áirithiú go bhfuil na coimircí do shealbhóirí cirt dá dtagraítear sa Chaibidil seo éifeachtach ▌.

CAIBIDIL 2

Bearta chun comhcheadúnú a éascú

Airteagal 12

Comhcheadúnú le héifeacht leathnaithe

1.  Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, a mhéid a bhaineann leis an úsáid ar a gcríoch náisiúnta agus faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, nuair a dhéanann eagraíocht chomhbhainistíochta, atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar Treoir 2014/26/AE a chur chun feidhme agus i gcomhréir lena sainorduithe ó na sealbhóirí cirt, comhaontú ceadúnaithe ar mhaithe le saothair nó ábhar eile a shaothrú:

(a)  go bhféadfar comhaontú den sórt sin a leathnú chun go mbeadh feidhm aige maidir le cearta na sealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht chomhbhainistíochta sin ionadaíocht a dhéanamh dóibh trí bhíthin sannta, ceadúnais nó aon socrú conarthach eile; nó

(b)  i ndáil leis an gcomhaontú sin, go bhfuil sainordú dlíthiúil ag an eagraíocht nó go dtoimhdítear go ndéanann sí ionadaíocht do shealbhóirí cirt nach bhfuil údarú tugtha acu don eagraíocht dá réir.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar an sásra ceadúnaithe dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm ach laistigh de réimsí dea-shainithe úsáide ina bhfuil údaruithe a fháil ó shealbhóirí cirt ar bhonn aonair go hiondúil dochraideach agus neamhphraiticiúil sa mhéid agus go bhfágtar an t-idirbheart ceadúnaithe atá ag teastáil neamhdhóchúil mar gheall ar nádúr na húsáide nó na cineálacha saothar nó ábhar eile i dtrácht agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh an sásra ceadúnaithe sin leasanna dlisteanacha na sealbhóirí cirt a choimirciú.

3.  Chun críocha mhír 1, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na coimircí seo a leanas:

(a)  go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta, ar bhonn a sainorduithe, ionadaíoch a dóthain do na sealbhóirí cirt sa chineál ábhartha saothar nó ábhar eile agus do na cearta atá faoi réir an cheadúnais don Bhallstát ábhartha;

(b)  go ráthaítear cóir chomhionann do gach sealbhóir cirt, lena n-áirítear i ndáil le téarmaí an cheadúnais;

(c)  go bhféadfaidh sealbhóirí cirt nár thug údarú don eagraíocht atá ag deonú an cheadúnais, tráth ar bith agus go héasca agus go héifeachtúil, a saothar nó ábhar eile a eisiamh as an sásra ceadúnaithe a bhunaítear i gcomhréir leis an Airteagal seo; agus

(d)  go bhfuil bearta poiblíochta iomchuí déanta, ag tosú ó thréimhse réasúnach sula ndéantar na saothair nó ábhar eile a úsáid faoin gceadúnas, chun sealbhóirí cirt a chur ar an eolas i ndáil leis an gcumas atá ag eagraíocht chomhbhainistíochta saothair nó ábhar eile a chur faoi cheadúnas, faoin ceadúnú atá ag tarlú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c). Beidh na bearta poiblíochta éifeachtach gan an gá ann gach sealbhóir cirt a chur ar an eolas duine ar dhuine.

4.  Ní dhéanann an tAirteagal seo difear do chur i bhfeidhm sásraí comhcheadúnaithe ag a bhfuil éifeacht leathnaithe i gcomhréir le forálacha eile dhlí an Aontais, lena n-áirítear forálacha a cheadaíonn d’eisceachtaí nó teorainneacha.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhbhainistiú éigeantach ar chearta.

Beidh feidhm ag Airteagal 7 de Threoir 2014/26/EC maidir leis an sásra ceadúnaithe dá bhforáiltear san Airteagal seo.

5.  I gcás ina bhforálann Ballstát ina dhlí náisiúnta do shásra ceadúnaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát sin an Coimisiún ar chur ar an eolas i dtaobh raon feidhme na bhforálacha náisiúnta comhfhreagracha, faoi na críocha agus na cineálacha ceadúnais a fhéadfar a thabhairt isteach faoi na forálacha sin, faoi na mionsonraí teagmhála d’eagraíochtaí a eisíonn ceadúnais i gcomhréir leis an sásra ceadúnaithe, mar aon leis an mbealach inar féidir faisnéis i dtaobh an cheadúnaithe agus i dtaobh na roghanna atá ar fáil do shealbhóirí cirt dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 3 a fháil. Foilseoidh an Coimisiún an fhaisnéis sin.

6.  Bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh faighte de bhun mhír 5 den Airteagal seo agus ar na comhairliúcháina laistigh den choiste teagmhála arna bhunú in Airteagal 12(3) de Threoir 2001/29/CE, déanfaidh an Coimisiún, faoin 10 Aibreán 2021, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le húsáid na sásraí ceadúnaithe sin dá dtagraítear i mír 1den Airteagal seo san Aontas, an tionchar atá acu ar cheadúnú agus ar shealbhóirí cirt, lena n-áirítear sealbhóirí cirt nach comhaltaí iad den eagraíocht a dheonaíonn na ceadúnais nó ar náisiúnaigh de Bhallstát eile iad nó atá ina gcónaí i mBallstát eile, a n-éifeachtúlacht a mhéid a bhaineann le scaipeadh inneachar cultúrtha a éascú, agus an tionchar atá acu ar an margadh inmheánach, lena n-áirítear soláthar seirbhísí agus iomaíochas trasteorann. I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach, lena n-áirítear i ndáil le héifeacht trasteorann na sásraí náisiúnta sin, ag gabháil leis an tuarascáil sin.

CAIBIDIL 3

Rochtain agus fáil ar shaothair chlosamhairc ar ardáin físeáin ar éileamh

Airteagal 13

Sásra caibidlíochta

I gcás páirtithe a mbeidh deacrachtaí acu a bhaineann le cearta a cheadúnú nuair a fhéachann siad le comhaontú a thabhairt i gcrích chun saothair chlosamhairc a chur ar fáil ar sheirbhísí físeáin ar éileamh, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh siad brath ar chúnamh ó chomhlacht neamhchlaonta nó ó idirghabhálaithe. An comhlacht neamhchlaonta arna bhunú nó arna ainmniú ag Ballstát chun críche an Airteagail seo agus na hidirghabhálaithe, tabharfaidh siad cúnamh do na páirtithe lena gcaibidlíochtaí agus cabhróidh siad leis na páirtithe teacht ar chomhaontuithe, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí mholtaí a chur faoina mbráid.

Tráth nach déanaí ná … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis an gcomhlacht nó na hidirghabhálaithe dá dtagraítear i mír 1. I gcásanna ina mbíonn sé roghnaithe ag Ballstáit dul ar iontaoibh idirghabhála, beidh ar áireamh san fhógra chuig an gCoimisiún, ar a laghad agus nuair a bhíonn fáil air, an fhoinse inar féidir faisnéis ábhartha a fháil i dtaobh na n-idirghabhálaithe a bhfuiltear ag gabháil ar a n-iontaoibh.

CAIBIDIL 4

Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

Airteagal 14

Saothair chlosamhairc atá san fhearann poiblí

Forálfaidh na Ballstáit, nuair a bhíonn téarma cosanta saothair ealaíne imithe in éag, nach mbeidh aon ábhar a eascraíonn as gníomh atáirgeadh an tsaothair sin faoi réir cóipchirt nó cearta gaolmhara, ach amháin sa chás inar saothar bunaidh sa tuiscint gurb é cruthaíocht intleachtúil an údair féin atá san ábhar a eascraíonn as an atáirgeadh.

TEIDEAL IV

BEARTA CHUN MARGADH DEA-FHEIDHMITHE LE hAGHAIDH CÓIPCHIRT A BHAINT AMACH

CAIBIDIL 1

Cearta i bhfoilseacháin

Airteagal 15

Preasfhoilseacháin a chosaint i dtaobh úsáidí ar líne

1.  Déanfaidh na Ballstáit na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(2) de Threoir 2001/29/CE le haghaidh úsáid ar líne ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise as a bpreasfhoilseacháin a sholáthar d’fhoilsitheoirí preasfhoilseachán atá bunaithe i mBallstát.

Ní bheidh feidhm ag na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír maidir le húsáidí príobháideacha nó neamhthráchtála do phreasfhoilseacháin ag úsáideoirí aonair.

An chosaint a dheonaítear faoin gcéad fhomhír, ní bheidh feidhm aige maidir le hipearnascadh.

Na cearta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, ní bheidh feidhm acu i ndáil le húsáidí a bhaintear as focail aonair nó sleachta an-ghearr as preasfhoilseacháin.

2.  Leis na cearta dá bhforáiltear i mír 1, fágfar slán na cearta dá bhforáiltear i ndlithe an Aontais d’údair agus do shealbhóirí cirt eile, i leith na saothar agus an ábhair eile arna n-ionchorprú i bpreasfhoilseachán agus ní dhéanfar difear do cheann ar bith de na cearta sin. Na cearta dá bhforáiltear i mír 1, ní dhéanfar iad a agairt i gcoinne na n-údar sin agus na sealbhóirí cirt eile agus, go háirithe, ní dhéanfar an ceart atá acu chun a saothair agus as a n-ábhar eile a shaothrú go neamhspleách ón bpreasfhoilseachán ina bhfuil siad ionchorpraithe a bhaint díobh.

Nuair a bhíonn saothar nó ábhar eile ionchorpraithe i bpreasfhoilseachán ar bhonn ceadúnas neamh-eisiach, ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid ag úsáideoirí údaraithe eile a thoirmeasc. Ní dhéanfar na cearta dá bhforáiltear i mír 1 a agairt chun úsáid saothar nó ábhar eile a bhfuil a gcosaint imithe in éag a thoirmeasc.

3.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 5 go 8 de Threoir 2001/29/CE agus ag Treoir 2012/28/AE agus Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19) i leith na gceart dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo.

4.  Rachaidh na cearta dá bhforáiltear i mír 1 in éag dhá bhliain tar éis fhoilsiú an phreasfhoilseacháin. Deanfar an téarma sin a ríomh ón 1 Eanáir den bhliain tar éis an dáta ar a bhfoilsítear an preasfhoilseachán sin.

Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le preasfhoilseacháin a céadfhoilsíodh roimh … [dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

5.  Forálfaidh na Ballstáit go bhfaighidh údair saothar atá ionchorpraithe i bpreasfhoilseacháin sciar iomchuí de na hioncaim a fhaigheann na foilsitheoirí nuachtáin as úsáid a bpreasfhoilseachán ag soláthraithe seirbhíse sochaí faisnéise.

Airteagal 16

Éilimh ar chúiteamh cothrom

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil i gcás ina mbeidh ceart aistrithe nó ceadúnaithe ag údar go foilsitheoir, gurb ionann aistriú den sórt sin nó ceadúnas den sórt sin agus bunús dlí leordhóthanach chun go mbeadh an foilsitheoir i dteideal sciar den chúiteamh as úsáid a baineadh as an saothar faoi eisceacht nó faoi theorainn ar an gceart aistrithe nó ar an gceart ceadúnaithe.

Beidh an chéad mhír gan dochar do shocruithe reatha nó todhchaíocha sna Ballstáit i dtaca le cearta iasachtaithe poiblí.

CAIBIDIL 2

Úsáidí áirithe inneachair chosanta ag seirbhísí ar líne

Airteagal 17

Úsáid inneachair chosanta ag soláthraithe seirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne

1.  Forálfaidh na Ballstáit gur gníomh cur i láthair don phobal nó gníomh cur ar fáil don phobal chun críocha na Treorach seo a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne nuair a thugann sé rochtain phoiblí ar shaothair atá faoi chosaint chóipchirt nó ar ábhar cosanta eile atá uaslódáilte ag a húsáideoirí.

Dá bhrí sin, gheobhaidh soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne údarú ó na sealbhóirí cirt dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2001/29/CE, mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a thabhairt i gcrích, chun na saothair nó an t-ábhar eile a chur i láthair don phobal nó a chur ar fáil don phobal.

2.  Déanfaidh na Ballstáit a fhoráil, nuair a bhíonn údarú faighte ag soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, mar shampla trí chomhaontú ceadúnaithe a chur i gcríoch, go gclúdóidh an t-údarú sin freisin gníomhaíochtaí a rinne úsáideoirí na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3 de Threoir 2001/29/CE nuair nach bhfuil siad ag gníomhú ar bhonn tráchtála nó sa chás nach ngineann a ngníomhaíocht ioncaim shuntasacha.

3.  Nuair a dhéanann soláthraí seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne gníomh de chur i láthair don phobal nó de chur ar fáil don phobal, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Treoir seo, ní bheidh feidhm ag teorainn dliteanais a bhunaítear in Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE maidir leis na staideanna atá clúdaithe ag an Airteagal seo.

Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír den mhír seo difear don fhéidearthacht Airteagal 14(1) de Threoir 2000/31/CE a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhíse sin chun na gcríoch atá lasmuigh de raon feidhme na Treorach seo.

4.  Mura mbíonn aon údarú deonaithe, beidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne faoi dhliteanas as gníomhaíochtaí neamhúdaraithe de shaothar agus ábhar eile atá faoi chosaint chóipchirt a chur i láthair an phobail lena n-áirítear na saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint chóipchirt a chur ar fáil don phobal, mura rud é go léiríonn na soláthraithe seirbhíse go ndearna siad:

(a)  sárdhícheall chun údarú a fháil, agus

(b)  sárdhícheall, i gcomhréir le hardchaighdeáin an díchill ghairmiúil sa tionscal, a áirithiú nach bhfuil fáil ar shaothair agus ábhar eile ar leith a ndearna sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach ina dtaobh a sholáthar do na soláthraithe seirbhíse, agus in aon chás;

(c)  gníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil ó na sealbhóirí cirt, chun saothair nó ábhar a bhfuair siad fógra ina dtaobh a bhaint dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú, agus go ndearna siad sárdhícheall chun aon uaslódálacha todhchaíocha a chosc i gcomhréir le pointe (b).

5.  Ina chinneadh cibé a bhfuil a cuid oibleagáidí faoi mhír 4 comhlíonta ag an soláthraí seirbhíse, agus i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta, ba cheart na heilimintí seo a leanas, i measc nithe eile, a chur san áireamh:

(a)  cineál, spriocphobal agus méid na seirbhísí agus na gcineálacha saothair nó ábhar eile a ndearna úsáideoirí na seirbhíse iad a uaslódáil; agus

(b)  an fháil atá ar mheáin oiriúnacha agus éifeachtacha agus costas na meán sin do na soláthraithe seirbhíse.

6.  Forálfaidh na Ballstáit, maidir le soláthraithe seirbhíse nua atá ag comhroinnt inneachar ar líne a bhfuil a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná trí bliana agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil faoi EUR 10 milliún arna ríomh i gcomhréir le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún(20), go bhfuil na coinníollacha leo faoin gcóras dliteanais a leagtar amach i mír 4 teoranta do phointe (a) de mhír 4 a chomhlíonadh agus do ghníomhú go tapa, ar fhógra leor-réasúnaithe a fháil, chun rochtain ar shaothair agus ar ábhair a bhfaigheann siad fógra ina dtaobh a chosc nó chun na saothair nó ábhair eile a bhaint anuas dá suíomhanna gréasáin nó rochtain orthu a dhíchumasú.

I gcás ina mbíonn meánlíon na gcuairteoirí uathúla míosúla atá ag na soláthraithe seirbhíse sin níos mó ná cúig mhilliún, arna ríomh ar bhonn na bliana féilire díreach roimhe sin, léireoidh siad freisin go ndearna siad sárdhícheall chun uaslódálacha breise de na saothair agus ábhar eile a bhfuair siad fógra ina leith agus ar thug na sealbhóirí cirt faisnéis ábhartha agus riachtanach dóibh ina dtaobh a chosc.

7.  An comhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt, ní hé a bheidh de thoradh air go gcoiscfear an fháil atá ar shaothair agus ar ábhar eile arna n-uaslódáil ag úsáideoirí agus nach sáraíonn cóipcheart agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil na saothair sin nó ábhar eile clúdaithe ag eisceacht nó teorainn.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh úsáideoirí i ngach Ballstát in ann brath ar ceann ar bith de na heisceachtaí nó teorainneacha seo a leanas atá cheana ann nuair a bhíonn inneachar arna ghiniúint ag úsáideoirí á uaslódáil nó á chur ar fáil ar sheirbhísí atá ag comhroinnt inneachar ar líne:

(a)  athlua, critic, léirmheas;

(b)  úsáid chun críche caracatúir, scigaithrise nó paistíse.

8.  Ní leanfaidh aon oibleagáid faireacháin ghinearálta as cur i bhfeidhm an Airteagal seo.

Forálfaidh na Ballstáit go soláthróidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne do na sealbhóirí cirt, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis leormhaith maidir le feidhmiú a gcleachtas i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4 agus, i gcás comhaontuithe ceadúnaithe a bheith tugtha chun críche idir soláthraithe seirbhíse agus sealbhóirí cirt, faisnéis maidir le húsáid an inneachair atá clúdaithe ag na comhaontuithe.

9.  Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne sásra gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus tapa a chur ar bun agus go mbeidh sé ar fáil d’úsáideoirí a seirbhísí i gcás díospóidí i dtaobh saothair nó ábhar eile arna n-uaslódáil acu a bhaint anuas nó rochtain orthu a dhíchumasú.

Nuair a iarrann sealbhóirí cirt go ndéanfar rochtain ar a saothair nó a n-ábhair eile ar leith a dhíchumasú nó na saothair nó an t-ábhar eile sin a bhaint anuas, tabharfaidh siad réasúnú cuí ar na cúiseanna atá acu lena n-iarraidh. Gearáin a chuirtear isteach faoin sásra a ndéantar foráil dó sa chéad fhomhír, déanfar iad a phróiseáil gan moill mhíchuí agus cinntí chun inneachar uaslódáilte a bhaint anuas nó chun rochtain air a dhíchumasú, beidh siad faoi réir athbhreithniú ó dhuine daonna. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh fáil ar shásraí sásaimh lasmuigh den chúirt le haghaidh réiteach díospóidí. Leis na sásraí sin, beifear in ann díospóidí a réiteach go neamhchlaonta agus ní cheilfear an chosaint dlí a thugann an dlí náisiúnta ar an úsáideoir, gan dochar do chearta na n-úsáideoirí dul ar iontaoibh réitigh bhreithiúnacha éifeachtúla. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag úsáideoirí ar chúirt nó ar údarás breithiúnach ábhartha eile chun úsáid eisceachta nó teorann ar chearta cóipchirt agus cearta gaolmhara a éileamh.

Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear ar aon slí d’úsáidí dlisteanacha, amhail úsáidí faoi eisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear i ndlí an Aontais, agus ní fhágfaidh sé go bhféadfar úsáideoirí aonair a shainaithint ná a sonraí pearsanta a phróiseáil, seachas i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus le Rialachán (AE) 2016/679.

Déanfaidh soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne na húsáideoirí a chur ar an eolas ina gcuid téarmaí agus coinníollacha go bhféadfaidh siad saothair agus ábhar eile a úsáid faoi eisceachtaí nó teorainneacha ar chóipcheart agus cearta gaolmhara dá bhforáiltear i ndlí an Aontais.

10.  Amhail ón… [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, idirphléite a eagrú leis na geallsealbhóirí chun dea-chleachtais don chomhar idir soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne agus sealbhóirí cirt a phlé. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhchomhairle le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne, le sealbhóirí cirt, le heagraíochtaí úsáideoirí agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus aird á tabhairt ar thorthaí na n-idirphléite leis na geallsealbhóirí, treoraíocht a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm Airteagail seo, go háirithe i ndáil leis an gcomhar dá dtagraítear i mír 4. Nuair a bhíonn na dea-chleachtais á bplé, tabharfar aird ar leith, i measc nithe eile, ar an ngá atá ann le cóimheá a aimsiú idir cearta bunúsacha agus úsáid na n-eisceachtaí agus na dteorainneacha. Chun críche an idirphlé seo leis na geallsealbhóirí, beidh rochtain ag eagraíochtaí úsáideoirí ar fhaisnéis leormhaith ó sholáthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne maidir le feidhmiú a gcuid cleachtas i ndáil le mír 4.

CAIBIDIL 3

Luach saothair cothrom i gconarthaí saothraithe na n-údar agus na dtaibheoirí

Airteagal 18

Prionsabal an luacha saothair iomchuí agus chomhréirigh

1.  Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina gcuireann údair agus taibheoirí a gcearta eisiacha le haghaidh shaothrú a saothar nó ábhar eile faoi cheadúnas, nó nuair a aistríonn siad na cearta sin, go bhfuil siad i dteideal luach saothair atá iomchuí agus comhréireach a fháil.

2.  I gcur chun feidhme an phrionsabail a leagtar amach i mír 1 sa dlí náisiúnta, beidh saor-rogha ag na Ballstáit úsáid a bhaint as sásraí éagsúla agus cuirfidh siad prionsabal na saoirse conarthaí agus cóimheá chothrom ar chearta agus leasanna san áireamh.

Airteagal 19

Oibleagáid trédhearcachta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na húdair agus na taibheoirí ar bhonn rialta, ar a laghad uair sa bhliain, agus sainiúlachtaí gach earnála á cur san áireamh, faisnéis chothrom le dáta, ábhartha agus chuimsitheach maidir le saothrú a saothar agus taibhithe ó na páirtithe sin dá bhfuil a gcearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe acu nó óna gcomharbaí i dteideal, go háirithe maidir le modhanna saothraithe, leis na hioncaim iomlána a ghintear agus leis an luach saothair a bheidh dlite.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn na cearta dá dtagraítear i mír 1 curtha faoi cheadúnas ina dhiaidh sin go bhfaighidh údair agus taibhithe nó a n-ionadaithe, arna iarraidh sin dóibh, faisnéis bhreise ó na focheadúnaithe i gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir a bheadh riachtanach chun críocha mhír 1 i seilbh an chéad chontrapháirtí chonarthaigh.

I gcás ina n-iarrtar faisnéis breise den sórt sin, déanfaidh céad chontrapháirtí conarthach na n-údar agus na dtaibheoirí faisnéis a sholáthar maidir le céannacht na bhfocheadúnaithe sin.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéantar aon iarraidh ar fhocheadúnaithe de bhun na chéad fhomhíre go díreach nó go hindíreach trí chontrapháirtí conarthach an údair nó an taibheora.

3.  Beidh an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 comhréireach agus éifeachtach chun ardleibhéal trédhearcachta a áirithiú i ngach earnáil. I gcásanna cuí-réasúnaithe ina dtiocfadh an t-ualach riaracháin mar thoradh ar an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 chun bheith míréireach i bhfianaise na n-ioncam a ghintear trí shaothrú an tsaothair nó an taibhithe, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhfuil an oibleagáid ▌ teoranta do chineálacha agus ▌leibhéal na faisnéise is féidir a bheith ag súil léi go réasúnach i gcásanna den sórt sin.

4.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag an oibleagáid i mír 1 den Airteagal seo i gcás nach mbeidh an rannchuidiú ón údar nó ón taibheoir suntasach ag féachaint don saothar nó taibhiú foriomlán, ach amháin má léiríonn an t-údar nó an taibheoir go bhfuil an fhaisnéis seo ag teastáil uaidh nó uaithi chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoi Airteagal 20(1) agus go n-iarrann sí nó sé an fhaisnéis chun na críche sin.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, i gcás comhaontuithe atá faoi réir nó bunaithe ar chomhaontuithe cómhargála, go mbeadh rialacha trédhearcachta an chomhaontaithe cómhargála ábhartha infheidhme ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir dá bhforáiltear i míreanna 1 go 4.

6.  Sa chás gombíonn Airteagal 18 de Threoir 2014/26/AE infheidhme, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt chun críche ag eintitis arna sainiú in Airteagal 3(a) agus (b) den Treoir sin nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.

Airteagal 20

Sásra coigeartaithe conartha

1.  Áiritheoidh na Ballstáit, in éagmais comhaontú cómhargála is infheidhme lena bhforáiltear do shásra atá inchomparáide leis an méid atá leagtha amach san Airteagal seo, go mbeidh na húdair agus na taibheoirí nó a n-ionadaithe i dteideal luach saothair breise, iomchuí agus cothrom a éileamh ón bpáirtí lena ndearna siad conradh le haghaidh saothrú na gceart nó ó chomharbaí i dteideal an pháirtí sin, nuair a tharlaíonn sé go bhfuil an luach saothair a aontaíodh ar dtús go díréireach íseal i gcomparáid leis na hioncaim ábhartha uile ina dhiaidh sin ▌a dhíorthaíonn as saothrú na saothar nó na dtaibhithe.

2.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 den Airteagal seo maidir le comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag eintitis a shainítear in Airteagal 3(a) agus (b) de Threoir 2014/26/AE nó ag eintitis eile atá faoi réir na rialacha náisiúnta lena ndéantar an Treoir sin a chur chun feidhme.

Airteagal 21

Nós imeachta um réiteach malartach díospóide

Déanfaidh na Ballstáit foráil go bhféadfar díospóidí a bhaineann leis an oibleagáid trédhearcachta faoi Airteagal 19 agus leis an sásra coigeartaithe conartha faoi Airteagal 20 a chur faoi réir nós imeachta deonach um réiteach malartach díospóide. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eagraíochtaí ionadaíochta na n-údar agus na dtaibheoirí nósanna imeachta den sórt sin a thionscnamh arna iarraidh sin d'údar nó taibheoir amháin nó níos mó.

Airteagal 22

Ceart cúlghairme

1.  Áiritheoidh na Ballstáit i gcás údar nó taibheoir a bhfuil a chuid nó a cuid cearta i saothar nó ábhar cosanta eile curtha faoi cheadúnas nó aistrithe aige ar bhonn eisiach, go bhféadfaidh an t-údar nó taibheoir an ceadúnas nó an t-aistriú ar chearta a chúlghairm ina iomláine nó go páirteach má tá easpa saothraithe ann i ndáil leis an obair nó leis an ábhar cosanta eile.

2.  Féadfar forálacha sonracha don sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a)  sonraíochtaí na n-earnálacha éagsúla agus na cineálacha éagsúla saothar agus taibhithe; agus

(b)  i gcás ina bhfuil rannchuidiú ó níos mó ná údar nó taibheoir amháin i saothar nó ábhar eile, tábhacht choibhneasta na rannchuidithe aonair agus leasanna dlisteanacha na n-údar agus taibheoirí uile a ndéanfar difear dóibh ar scór chur i bhfeidm an tsásra cúlghairme ag údar nó taibheoir aonair.

Féadfaidh na Ballstáit saothair nó ábhar eile a eisiamh ó chur i bhfeidhm an tsásra chúlghairme más rud é gur gnách do shaothair den sórt sin nó ábhar eilerannchuidithe ó roinnt údar nó taibheoirí a bheith iontu.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach féidir an sásra cúlghairme a chur i bhfeidhm ach amháin laistigh de chreat ama sonrach i gcás ina bhfuil an srianadh sin cuí-réasúnaithe ar scór shonraíochtaí na hearnála nó ar scór an chineáil saothair nó ábhair eile i dtrácht.

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go bhféadfaidh údair nó taibheoirí an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas seachas an ceadúnas a chúlghairm nó na cearta a aistriú .

3.  Forálfaidh na Ballstáit nach bhféadfar an chúlghairm dá bhforáiltear i mír 1 a fheidhmiú ach amháin i ndiaidh tréimhse réasúnach ama tar éis an ceadúnas nó aistriú na gceart a bheith tugtha i gcrích. Tabharfaidh an t-údar nó an taibheoir fógra don duine chuig a bhfuil na cearta curtha faoi cheadúnas nó aistrithe agus socróidh sé sprioc-am iomchuí a mbeidh saothrú na gceart faoi cheadúnas nó aistrithe le tarlú roimhe. I ndiaidh don sprioc-am sin a dhul in éag, féadfaidh an t-údar nó an taibheoir an rogha a dhéanamh eisiachas an chonartha a fhoirceannadh seachas an ceadúnas nó aistriú na gceart a chúlghairm.

4.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 más ann d’easpa shaothrú na gceart go príomha mar gheall ar imthosca ar féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeadh an t-údar nó an taibheoir in ann iad a leigheas.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil nach mbeidh aon fhoráil chonarthach a mhaolaíonn ón sásra cúlghairme dá bhforáiltear i mír 1 infhorfheidhmithe ach amháin má tá sí bunaithe ar chomhaontú cómhargála.

Airteagal 23

Forálacha coiteanna

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh aon fhoráil chonarthach a choisceann comhlíonadh Airteagail 19, 20 agus 21 infhorfheidhmithe i ndáil le húdair agus taibheoirí.

2.  Forálfaidh na Ballstáit nach mbeidh feidhm ag Airteagail 18 go 22 den Treoir seo maidir le húdair ríomhchlár de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2009/24/CE.

TEIDEAL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 24

Leasuithe ar Threoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE

1.  Leasaítear Treoir 96/9/CE mar a leanas:

(a)  In Airteagal 6(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

"(b) i gcás úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid a bhfuil údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE)… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(21);

_______________________________

* Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ... maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO …)."

"

(b)  In Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"

"(b) i gcás asbhaint chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta, ar choinníoll go léireofar an fhoinse agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí ná do na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE)… (22)+ ;”

"

2.  Leasaítear Treoir 2001/29/CE mar a leanas:

(a)  In Airteagal 5(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"

"(c) i leith gníomhartha sonracha atáirgthe arna ndéanamh ag leabharlanna, ag forais oideachais nó ag músaeim atá inrochtana don phobal, nó ag cartlanna, nach le haghaidh buntáiste eacnamaíoch nó tráchtála díreach nó indíreach iad, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE)… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(23);

_______________________________

*Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ... maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO …)."

"

(b)  In Airteagal 5(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"

"(a) úsáid chun críche léirithe le haghaidh teagaisc nó taighde eolaíochta agus chuige sin amháin, ar choinníoll go léireofar an fhoinse, lena n-áirítear ainm an údair, ach amháin i gcás ina dtarlaíonn sé go bhfuil sé dodhéanta é sin a dhéanamh, agus a mhéid atá údar leis an úsáid sin de bharr na críche neamhthráchtála atá le baint amach, gan dochar do na heisceachtaí agus na teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE)… (24)+ ;”

"

(c)  In Airteagal 12(4), cuirtear isteach na pointí seo a leanas:"

"(e) tionchar thrasuí Threoir (AE) …(25) ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a scrúdú, agus aird a tharraingt ar aon deacrachtaí trasuite;

   (f) malartú faisnéise a éascú ar fhorbairtí ábhartha sa reachtaíocht agus sa chásdlí mar aon le cur i bhfeidhm praiticiúil na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit chun Treoir (AE)...+ a chur chun feidhme;
   (g) plé a dhéanamh ar aon cheisteanna eile a eascróidh as Treoir (AE)…+ a chur i bhfeidhm;

"

Airteagal 25

Gaol le heisceachtaí agus le teorainneacha dá bhforáiltear i dtreoracha eile

Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos leithne, atá comhoiriúnach leis na heisceachtaí agus teorainneacha dá bhforáiltear i dTreoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, a ghlacadh nó a choinneáil ar bun le haghaidh úsáidí nó réimsí atá clúdaithe ag na heisceachtaí nó teorainneacha dá bhforáiltear sa Treoir seo.

Airteagal 26

Cur i bhfeidhm i dtaca le ham

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo i leith gach saothair agus ábhair eile atá faoi chosaint ag an dlí náisiúnta i réimse an chóipchirt an … [24 mhí tar éis dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] nó i ndiaidh an dáta sin.

2.  Beidh feidhm ag an Treoir gan dochar d’aon ghníomhartha a cuireadh i gcrích agus d’aon chearta a fuarthas roimh an … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Airteagal 27

Foráil idirthréimhseach

Beidh comhaontuithe maidir leis an gceadúnas nó le cearta na n-údar agus na dtaibheoirí a aistriú, faoi réir na hoibleagáide trédhearcachta a leagtar amach in Airteagal 19 amhail ón … [36 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Airteagal 28

Cosaint sonraí pearsanta

Beidh an phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE agus Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 29

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin … 24 mhí tar éis dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a leagfaidh síos an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 30

Athbhreithniú

1.  Tráth nach túisce ná … [seacht mbliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

Déanfaidh an Coimisiún, faoin … [cúig bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo], measúnú ar an tionchar atá ag córas dliteanais shonraigh atá leagtha amach in Airteagal 17 is infheidhme maidir le soláthraithe seirbhíse atá ag comhroinnt inneachar ar líne ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil is lú ná EUR 10 milliún agus a raibh a gcuid seirbhísí ar fáil don phobal san Aontas ar feadh níos lú ná trí bliana faoi Airteagal 17(6) agus, más iomchuí, déanfaidh sé gníomhaíocht i gcomhréir le conclúidí a mheasúnaithe.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a ullmhú.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 32

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS ÓN gCOIMISIÚIN MAIDIR LE hEAGRAITHE IMEACHTAÍ SPÓIRT

“Aithníonn an Coimisiún an tábhacht atá ag baint le heagraíochtaí imeachtaí spóirt agus an ról atá acu maoiniú a thabhairt do ghníomhaíochtaí spóirt san Aontas. Ag féachaint do ghné eacnamaíoch agus do ghné shochaíoch an spóirt san Aontas, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na dúshláin a bhíonn ag eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach, go háirithe ó thaobh saincheisteanna a bhaineann le craoltaí spóirt a tharchur go mídhleathach ar líne”.

(1) IO C 125, 21.4.2017 , lch.27.
(2) IO C 207, 30.6.2017 , lch.80.
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019.
(4) Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dlí bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20-28).
(5) Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach ('an Treoir maidir leis an trádáil leictreonach') (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
(6) Treoir 2001/29/CE ón Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe de chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001 lch. 10).
(7) Treoir 2006/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir leis an gceart cíosa agus leis an gceart iasachta agus maidir le cearta áirithe a bhaineann le cóipcheart i réimse na maoine intleachtúla (IO L 376, 27.12.2006, lch. 28).
(8) Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (IO L 111, 5.5.2009, lch. 16).
(9) Treoir 2012/28/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le húsáidí áirithe a cheadaítear i leith saothair dhílleachta (IO L 299, 27.10.2012, lch. 5).
(10) Treoir 2014/26/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhbhainistiú ar chóipcheart agus cearta gaolmhara agus ar cheadúnú ilchríochach na gceart i saothair cheoil d'úsáid ar líne sa mhargadh inmheánach (IO L 84, 20.3.2014, lch. 72).
(11) Rialachán (AE) Uimh. 386/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2012 maidir le cúraimí a bhaineann le forfheidhmiú ceart maoine intleachtúla, lena n-áirítear ionadaithe thar ceann na hearnála príobháidí agus na hearnála poiblí a thionól mar Fhaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla, a chur ar iontaoibh na hOifige um Chomhchuibhiú sa Mhargadh Inmheánach (Trádmharcanna agus Dearaí) (IO L 129, 16.5.2012, lch. 1).
(12) Treoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta i dtaca le cóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur ar chábla (IO L 248, 6.10.1993, lch. 15).
(13) Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
(14) Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).
(15) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lgh. 37).
(16) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1).
(17) Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lgh. 6).
(18) IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(19) Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).
(20) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(21)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir, dáta agus tagairt IO na Treorach seo (PE-CONS 51/19 - 2016/0280(COD)).
(22)++Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir na Treorach seo (PE-CONS 51/19 - 2016/0280(COD))..
(23)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir, dáta agus tagairt IO na Treorach seo (PE-CONS 51/19 - 2016/0280(COD)).
(24)++Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir na Treorach seo (PE-CONS 51/19 - 2016/0280(COD))..
(25)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir na Treorach seo (PE-CONS 51/19 - 2016/0280 (COD)).

An nuashonrú is déanaí: 1 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil