Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 13 Márta 2019 - Strasbourg 
Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe ***I
 Leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus an Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 Leanúint de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 An tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt ***
 Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbair (rún)
 Rannpháirtíocht na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin in eu-LISA ***
 Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí ***I
 An Ciste Tearmainn agus Imirce a bhunú ***I
 Lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí ***I
 Deochanna biotáilleacha a shainmhíniú, a chur i láthair agus a lipéadú agus tásca geografacha díobh a chosaint ***I
 Leasuithe atá beartaithe ar Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ***I
 Bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas***I
 Rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Údaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
 Gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 a leasú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Rialachán (AE) Uimh 1316/2013 a leasú a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
 Saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa ***I
 Síneadh ama a chur le húsáid idirthréimhseach a bhaint as bealaí eile seachas na teicnící próiseála sonraí leictreonacha dá bhforáiltear i gCód Custaim an Aontais ***I
 Calaois agus góchumadh modhanna íocaíochta neamhairgid a chomhrac ***I

Údarú Ginearálta Onnmhairiúcháin ón Aontas i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe ***I
PDF 133kWORD 51k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí Údarú Ginearálta Onnmhairithe ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (COM(2018)0891 – C8-0513/2018 – 2018/0435(COD))
P8_TA-PROV(2019)0165A8-0071/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0891),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0513/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Márta 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0071/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle trí údarú ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas a dheonú i gcomhair onnmhairiú earraí dé-úsáide áirithe ón Aontas chuig an Ríocht Aontaithe

P8_TC1-COD(2018)0435


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta teacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009ón gComhairle(2), bunaítear córas comhchoiteann chun onnmhairiú earraí dé-úsáide a rialú, córas atá riachtanach chun slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta a chur chun cinn agus chun cothrom iomaíochta a thabhairt d’onnmhaireoirí de chuid an Aontais.

(3)  Le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, déantar foráil maidir le “údaruithe ginearálta onnmhairiúcháin ón Aontas” lena n‑éascaítear na rialuithe ar onnmhairiú ar riosca íseal earraí dé-úsáide chuig tríú tíortha áirithe. Faoi láthair, faoi údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas a leagtar amach in Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009, cumhdaítear an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n‑áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

(4)  Tá an Ríocht Aontaithe ina páirtí sna conarthaí idirnáisiúnta ábhartha, tá sí ina comhalta de chórais idirnáisiúnta neamhiomadaithe, cloíonn sí le comhlíonadh iomlán ar na hoibleagáidí gaolmhara agus ar na gealltanais ghaolmhara. Cuireann an Ríocht Aontaithe rialuithe comhréireacha leordhóthanacha i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghnéithe d’úsáidí deiridh atá beartaithe agus den bhaol atreoraithe atá ann, i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 428/2009.

(5)  Ós tábhachtach an ceann scríbe atá sa Ríocht Aontaithe i gcomhair earraí dé-úsáide a tháirgtear san Aontas, is iomchuí an Ríocht Aontaithe a chur ar liosta na gceann scríbe a chumhdaítear faoi údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus comhsheasmhach na rialuithe a áirithiú ar fud an Aontais, chun cothrom na hiomaíochta a chur chun cinn le haghaidh onnmhaireoirí an Aontais, chun ualach riaracháin neamhriachtanach a sheachaint, agus slándáil an Aontais agus an tslándáil idirnáisiúnta á gcosaint ag an am céanna.

(6)  Mar gheall ar an bpráinn atá ag roinnt le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, ní mór gurbh fhéidir an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras maidir leis an Ríocht Aontaithe a thabhairt san áireamh in údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(7)  Níor cheart an Ríocht Aontaithe a chur le liosta na gceann scríbe a chumhdaítear faoi údarú ginearálta onnmhairiúcháin Uimh. EU001 ón Aontas ach amháin i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar ar bith a thabharfar i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tagtha i bhfeidhm faoin dáta ar a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil “Onnmhairí chuig an Astráil, Ceanada, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, an Iorua, an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, agus Stáit Aontaithe Mheiriceá”:"

“Onnmhairí chuig an Astráil, chuig Ceanada, chuig an tSeapáin, chuig an Nua-Shéalainn, chuig an Iorua, chuig an Eilvéis, lena n-áirítear Lichtinstéin, chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, agus chuig Stáit Aontaithe Mheiriceá”;

"

(b)  i gCuid 2, cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i ndiaidh na fleisce “- an Eilvéis, lena n‑áirítear Lichtinstéin”:"

“– Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann”.

"

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar a tugadh i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tagtha i bhfeidhm faoin dáta faoin dáta dá dtagraítear sa dara mír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus é infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(2)Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail chun onnmhairí, aistriú, bróicéireacht agus iompar earraí dé-úsáide idir dhá áit a rialú (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).


Leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus an Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 154kWORD 55k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (COM(2018)0892 – C8-0512/2018 – 2018/0432(COD))
P8_TA-PROV(2019)0166A8-0021/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0892),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0512/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0021/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0432


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Cuirfear an tarraingt siar i gcrích le linn na clárthréimhse 2014-2020 tréimhse a bhfuil an Ríocht Aontaithe páirteach i gcúig chlár um chomhar déag faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh. Ar na cláir sin tá dhá chlár, eadhon PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain) (dá ngairtear na ‘cláir um chomhar’), a bhaineann le Tuaisceart Éireann agus lena dtacaítear le comhar Thuaidh-Theas faoin gComhaontú Síochána Thuasiceart Éireann (‘Chomhaontú Aoine an Chéasta’) a bhfuil sé ar intinn ag an Aontas leanúint díobh fiú má tharraingíonn an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas gan comhaontú um tharraingt siar a bheith tagtha i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE. Dá bharr sin, níor cheart an Rialachán seo a bheith teoranta don dá chlár um chomhar sin.

(3)  Tá na cláir um chomhar á rialú go háirithe le Rialacháin (AE) Uimh. 1299/2013(4), (AE) Uimh. 1303/2013(5) agus (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). Ba cheart don Rialachán seo forálacha a leagan síos chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar sin, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcomhréir leis na Rialacháin sin.

(4)  Maidir le Comhlacht na gClár Speisialta AE ('SEUPB') arna bhunú faoin gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena mbunaítear comhlachtaí cur chun feidhme arna shíniú an 8 Márta 1999, is faoin gcomhlacht sin atá na cláir um chomhar déthaobhach PEACE agus Éire-An Ríocht Aontaithe. De bhrí go mbaineann na cláir um chomhar le Tuaisceart Éireann, ba cheart dóibh leanúint de na forálacha comhlántacha is gá.

(5)  Chun críocha leanúint de na cláir um chomhar, ba cheart a shoiléiriú, gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) 1299/2013 go bhféadfaidh sé go gcumhdóidh siad lena mbaineann na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, réigiúin ar cheart iad a bheith coibhéiseach le réigiúin leibhéal NUTS 3.

(6)  Chun na críocha go leanfaidh na cláir um chomhar agus maoiniú á fháil acu ó bhuiséad ginearálta an Aontais, ba cheart comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích idir an Coimisiúin agus údaráis na Ríochte Aontaithe le héifeacht ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe chun gur féidir rialuithe agus iniúchtaí is gá a dhéanamh ar na cláir um chomhar. Mura féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí sin a dhéanamh, ba cheart deis a bheith ag na Ballstáit cur isteach ar sprioc-amanna íocaíochtaí nó íocaíochtaí a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, mar a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

(7)  I gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, leanfaidh na cinntí cur chun feidhme ón gCoimisiún lena ndéantar clár PEACE IV C(2018)8564 an 30 Samhain 2015 a fhormheas agus clár Interreg VA C(2015)890 an 12 Feabhra 2015 , de bheith ina gcinntí airgeadais de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046 agus dá bharr sin ina ngealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046. Na hoibleagáidí airgeadais a ghlac an Ríocht Aontaithe uirthi féin ina cáil mar Bhallstát agus a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla an Aontais, beidh dliteanas fós uirthi maidir lena íoc.

(8)  Scoirfidh an Ríocht Aontaithe, ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu ag an agus sa Ríocht Aontaithe, de bheith ina cuid 'de cuid an Aontais de limistéar an chláir' de réir bhrí Airteagal 20(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013. Dá bharr sin, ba cheart na forálacha an Rialacháin sin maidir le hincháilitheacht oibríochtaí a ghlacadh ag braith ar láthair.

(9)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialcháin seo, eadhon a ligean go leanfaí de na cláir um chomhar, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, a ghnóthú go leordhóthanach ▌agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach é in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(10)  Chun go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i gcás nach mbeidh aon chomhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50 (2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha chun dul i ngleic le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i gcás nach mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE, agus maidir le leanúint den dá chlár um chomhar seo a leanas a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ('cláir um chomhar') a mbeidh an Ríocht Aontaithe páirteach iontu (dá ngairtear 'na cláir um chomhar'):

(1)  PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe);

(2)  An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann-Albain).

2.  Leanfaidh Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 d'fheidhm a bheith aige maidir leis na cláir um chomhar faoi réir an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Cumhdach geografach

Gan dochar d'Airteagal 20(2) agus (3) de Rialachán (AE) 1299/2013 féadtar go gcumhdóidh na cláir um chomhar na réigiúin rannpháirteacha sa Ríocht Aontaithe, a bheidh coibhéiseach le Réigiúin leibhéal NUTS 3.

Airteagal 3

Údaráis chláir

De mhaolú ar Airteagal 21(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013:

–  Comhlacht na gClár Speisialta AE atá ina óstach ar údarás bainistíochta agus údarás deimhniúcháin na gcláir um chomhar, leanfaidh sé dá chuid feidhmeanna a fheidhmiú;

–  leanfaidh Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann de bheith ina húdarás iniúchóireachta ar na cláir um chomhar.

Airteagal 4

Inniúlachtaí an Choimisiúin maidir le rialuithe

Déanfar cur i bhfeidhm na rialacha maidir le rialuithe agus iniúchadh ar na cláir um chomhar a chomhaontú idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe. Cumhdófar leis na rialuithe agus na hiniúchtaí tréimhse iomlán na gclár um chomhar.

Mura féidir rialú agus iniúchadh na gclár a fhorghníomhú sna réigiúin lena mbaineann, measfar gur easnamh thromchúiseach sa chóras bainistíochta agus rialaithe a bheidh ann chun críocha na mbeart a leagtar síos in Airteagail 83, 142, 144 agus 145 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.

Airteagal 5

Incháilitheacht oibríochtaí atá ag brath ar shuíomh

Ní bheidh feidhm ag an uasteorainn a leagtar amach i bpointe (b) Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 maidir leis na cláir um chomhar.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(2) CAE tar éis theacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Rialachán (AE) Uimhir 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(6)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


Leanúint de na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 156kWORD 54k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ i gcomhthéacs tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) ón Aontas Eorpach (COM(2019)0065 – C8-0040/2019 – 2019/0030(COD))
P8_TA-PROV(2019)0167A8-0082/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0065),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 165(4) agus 166(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0040/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A8-0082/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha ionas go bhféadfar leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+ a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0030


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Is i rith chlárthréimhse 2014-2020 chlár Erasmus+ atá an tarraingt siar ag tarlú, clár a bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ann.

(3)  Le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4), bunaítear agus rialaítear clár Erasmus+. Ba cheart don Rialachán seo rialacha a leagan síos ionas gur féidir leanúint de na gealltanais dhlíthiúla a a gabhadh ar láimh cheana, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, maidir le gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl a bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe leo, tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(4)  Ón dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, scoirfidh an Ríocht Aontaithe de bheith mar thír de chuid an Chláir de réir bhrí Airteagal 24(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013. Ionas nach mbeadh ar rannpháirtithe reatha Erasmus+ éirí as na gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá idir lámha acu, ba cheart na rialacha maidir le hincháilitheacht gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoi chlár Erasmus+ a oiriúnú.

(5)  Ionas gur féidir leanúint den mhaoiniú a dhéantar ó bhuiséad an Aontais ar ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl, ba cheart don Choimisiún agus don Ríocht Aontaithe teacht ar chomhaontú lena gceadófaí rialuithe agus iniúchtaí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin. Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha a chur i gcrích, is é ba cheart a mheas gur easnamh tromchúiseach seo sa chóras bainistíochta agus rialuithe.

(6)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl a bhfuil baint ag an Ríocht Aontaithe leo a bheidh tosaithe, ar a dhéanaí, ar an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú."

(7)  I bhfianaise go scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó síneadh na tréimhse dhá bhliain tar éis fhógra na Ríochta Aontaithe agus i bhfianaise an ghá atá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go leanfar de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama atá ar siúl faoi chlár Erasmus+, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(8)  Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ba cheart feidhm a bheith aige amhail ón lá tar éis an lá a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Sa Rialachán seo, leagtar síos forálacha chun leanúint de ghníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama, dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, a tharlaíonn sa Ríocht Aontaithe nó a bhfuil baint ag eintitis nó ag rannpháirtithe ón Ríocht Aontaithe leo agus a bheidh tosaithe ar a dhéanaí ar an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 2

Incháilitheacht

1.  Gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1, leanfaidh siad de bheith incháilithe le haghaidh maoinithe.

2.  Chun aon fhorálacha atá i Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus na gníomhartha lena gcuirtear an Rialachán sin chun feidhme a chur i bhfeidhm, ar forálacha agus gníomhartha iad atá riachtanach chun éifeacht thabhairt do mhír 1, is mar Bhallstát a chaithfear leis an Ríocht Aontaithe, faoi réir an Rialacháin seo.

Mar sin féin, ní bheidh ionadaithe de chuid na Ríochta Aontaithe rannpháirteach sa choiste dá dtagraítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013.

Airteagal 3

Rialuithe agus iniúchtaí

Is idir an Coimisiún agus údaráis na Ríochta Aontaithe a chomhaontófar cur i bhfeidhm na rialacha a bhaineann le rialuithe agus iniúchtaí na ngníomhaireachta soghluaisteachta foghlama dá dtagraítear in Airteagal 1. Leis na rialuithe agus na hiniúchtaí, cumhdófar tréimhse iomlán na ngníomhaireachtaí soghluaisteachta foghlama agus na hiaroibre gaolmhaire.

Murar féidir na rialuithe agus na hiniúchtaí riachtanacha ar chlár Erasmus+ a chur i gcrích sa Ríocht Aontaithe, is é a bheidh i gceist leis sin easnamh tromchúiseach i gcomhlíonadh na bpríomhoibleagáidí i leith chur chun feidhme an ghealltanais dhlíthiúil idir an Coimisiún agus údarás náisiúnta na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Rialachán (AE) Uimh 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).


An tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 169kWORD 58k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0894 – C8-0514/2018 – 2018/0434(COD))
P8_TA-PROV(2019)0168A8-0061/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0894),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0514/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0061/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht eitlíochta i ndáil le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

P8_TC1-COD(2018)0434


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Is é príomhchuspóir Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) ardleibhéal aonfhoirmeach sábháilteachta eitlíochta a chur ar bun agus a choinneáil ar bun san Aontas. Chuige sin, bunaíodh córas deimhnithe le haghaidh gníomhaíochtaí eitlíochta éagsúla chun na leibhéil sábháilteachta a cheanglaítear a bhaint amach agus chun gur féidir na fíoraithe riachtanacha a dhéanamh agus na deimhnithe arna n-eisiúint a ghlacadh go frithpháirteach.

(3)  I réimse na sábháilteachta eitlíochta, is féidir le cuid mhór geallsealbhóirí an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus ar fhormheasanna a leigheas le bearta éagsúla. Ar na bearta sin tá aistriú chuig údarás eitlíochta sibhialta de cheann amháin de na 27 mBallstát atá fágtha, nó iarratas a dhéanamh, roimh dháta na tarraingthe siar, ar dheimhniú a eiseoidh Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht"), a thiocfaidh i bhfeidhm ón dáta sin amháin agus, dá bhrí sin, a bheidh coinníollach ar an Ríocht Aontaithe a bheith ina tríú tír as sin amach.

(4)  Mar sin féin, murab ionann agus réimsí eile de chuid dhlí an Aontais, is ann do chásanna sonracha nach féidir deimhniú a fháil ó Bhallstát eile ná ón nGníomhaireacht ós rud é, ó dháta na tarraingthe siar ar aghaidh, go nglacfaidh an Ríocht Aontaithe, i gcás a dlínse féin, a ról mar "an stát inar dearadh" faoin gCoinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta Idirnáisiúnta. Maidir leis an Ríocht Aontaithe féin, ní féidir léi deimhnithe a eisiúint sa ról nua sin go dtí go mbeidh an ról sin glactha aici, is é sin le rá nuair a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

(5)  Is gá, dá bhrí sin, sásra sealadach a chur ar bun chun síneadh a chur le bailíocht deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe, chun go mbeidh go leor ama ag na hoibreoirí lena mbaineann agus ag an nGníomhaireacht chun na deimhnithe riachtanacha a eisiúint faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 chun stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír a chur san áireamh.

(6)  Ba cheart fad an tsínidh sin arna chur le bailíocht deimhnithe a theorannú don mhéid is fíorghá chun déileáil le himeacht na Ríochta Aontaithe as córas sábháilteachta eitlíochta an Aontais.

(7)  Chun gur féidir am breise a thabhairt, nuair is gá, deimhnithe faoi Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le síneadh breise a chur le tréimhse bhailíochta na ndeimhnithe dá dtagraítear i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(5). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(8)  Lena chois sin, murab ionann agus an chuid is mó de réimsí eile dhlí an Aontais maidir le hearraí, ní ar chur ar an margadh a bhíonn tionchar ag neamhbhailíocht deimhnithe ach ar fhíorúsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas eitlíochta san Aontas, nuair a bhítear ag suiteáil comhpháirteanna agus fearas ar aerárthaí de chuid an Aontais a bhíonn ag oibriú san Aontas, mar shampla. Níor cheart tionchar a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar úsáid sin na dtáirgí eitlíochta san Aontas.

(9)  I gcóras sábháilteachta eitlíochta an Aontais, déantar rialú docht ar oiliúint píolótaí agus meicneoirí agus tá na modúil oiliúna comhchuibhithe. Na daoine a ghlacann páirt i modúl oiliúna i mBallstát amháin, ní i gcónaí a bhíonn siad in ann aistriú go Ballstát eile le linn na hoiliúna sin. Ba cheart an cás áirithe sin a chur san áireamh i mbearta teagmhais an Aontais.

(10)  Ba cheart d’fhorálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a soirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag forálacha áirithe ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha sonracha, mar gheall ar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ("an Ríocht Aontaithe") as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta eitlíochta áirithe a eisítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139 do dhaoine nádúrtha agus do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus maidir le cásanna áirithe a bhaineann le hoiliúint eitlíochta.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, deimhnithe iad a bheidh bailí ar an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a d'eisigh aon cheann díobh seo a leanas:

(a)  Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht") do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe, de réir mar a leagtar amach i Roinn 1 den Iarscríbhinn; nó

(b)  daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha arna ndeimhniú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar a leagtar amach i Roinn 2 den Iarscríbhinn.

3.  I dteannta na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 5.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag sainmhínithe comhfhreagracha Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139 agus ag na gníomhartha tarmligthe agus ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 3

Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2)

Na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), beidh siad bailí fós go ceann tréimse naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcás inar gá am breise chun na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 68 de Rialachán (AE) 2018/1139 a eisiúint do na hoibreoirí lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an tréimhse bhailíochta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Airteagal 4

Deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2)

Na deimhnithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós.

Airteagal 5

Modúil oiliúna a aistriú

De mhaolú ar Rialacháin (AE) Uimh. 1178/2011(7) agus (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún(8), cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir mar is infheidhme, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna atá faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ach nár eisíodh ceadúnas go fóill mar thoradh orthu roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) den Rialachán seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi réir maoirseacht ag údarás inniúil de chuid Ballstáit.

Airteagal 6

Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagail 3 nó 4

1.  Deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagail 3 nó 4 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 maidir le heintitis a bhfuil a bpríomhionad gnó i dtríú tír.

2.  Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, déanfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna gníomhaíochta ceartaithí uile a bhaineann leis na deimhnithe a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh a sheachadadh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir mar is infheidhme.

3.  Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon ghníomhaíocht a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe a d’fhéadfadh teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 7

Údarás inniúil

Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe agus eisitheoirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 216/2008.

Airteagal 8

Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún a chur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 ón gCoimisiún(9) maidir le daoine nádúrtha agus dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu nó á n-eisiúint acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tíortha.

Airteagal 9

Modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach

Féadfaidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta agus ábhar treorach a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 76(3) de Rialachán (AE) 2018/1139.

Airteagal 10

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm aige ón dáta tar éis an dáta a scoirfidh na gConarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 5 ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna tabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Liosta na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1

Roinn 1: Deimhnithe a eisíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh ("an Ghníomhaireacht") do dhaoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a bhfuil a bpríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe agus le haghaidh aerárthaí dá dtagraítear sna gníomhartha seo a leanas:

1.1.  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún(10), Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid B (Deimhnithe cineáil agus deimhnithe cineáil shrianta)

1.2  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid D (Athruithe ar dheimhnithe cineáil agus deimhnithe srianta ar chineál)

1.3  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid E (Deimhnithe cineáil forlíontacha)

1.4  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid M (Deisiú)

1.5  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinnt A, Fochuid O (Údaruithe de réir Ord Teicniúil Caighdeánach na hEorpa)

1.6  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Cuid 21, Roinn A, Fochuid J (Rormheasanna eagraíochtaí dearaidh)

Roinn 2: Deimhnithe le haghaidh táirgí, comhpháirteanna nó fearais a eisíonn daoine dlítheanacha nó daoine nádúrtha arna ndeimhniú ag údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, dá dtagraítear sna gníomhartha seo a leanas:

2.1.  Rialachán (AE) Uimh. 748/2012, Iarscríbhinn I, Roinn A, Fochuid G, pointe 21.A.163(c) (deimhnithe údaraithe um scaoileadh le haghaidh táirgí, comhpháirteanna agus fearas)

2.2.  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn II, Cuid 145, pointe 145.A.75(e) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála)

2.3.  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn II, Cuid 145, pointe 145.A.75(f) (deimhnithe um athbhreithniú aerfhiúntais le haghaidh aerárthaí ELA 1)

2.4.  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid F, pointe M.A.615(d) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse ar chríochnú na cothabhála)

2.5.  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid F, pointe M.A.615(e) (deimhnithe um athbhreithniú aerfhiúntais le haghaidh aerárthaí ELA 1)

2.6  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid M, Roinn A, Fochuid G, pointe M.A.711(a)(4) nó (b)(1) (deimhnithe athbhreithnithe aerfhiúntais agus síntí orthu)

2.7  Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Iarscríbhinn I, Cuid-M, Roinn A, Fochuid H, pointe M.A.801(b)(2) agus (3) agus (c) (deimhnithe um scaoileadh chun seirbhís i dtaca le críochnú na cothabhála).

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(5)IO L 123, 12.5.2016, lch.1.
(6)Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Feabhra 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena n-aisghairtear Treoir 91/670/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1592/2002 agus Treoir 2004/36/CE (IO L 79, 19.3.2008, lch. 1).
(7)Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 311, 25.11.2011, lch. 1).
(8)Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haerfhiúntas leanúnach na n-aerárthach agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na heagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin (IO L 362, 17.12.2014, lch. 1).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 593/2007 (IO L95, 28.3.2014, lch.58).
(10)Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún an 3 Lúnasa 2012 lena leagtar síos rialacha cur chun feidhme le haghaidh aerfhiúntas agus deimhniú comhshaoil d'aerárthaí agus do tháirgí gaolmhara, comhpháirteanna gaolmhara agus fearais ghaolmhara, agus le haghaidh deimhniú d'eagraíochtaí deartha agus táirgthe (IO L 224, 21.8.2012, lch. 1).


Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt ***
PDF 118kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair, ar son an Aontais, i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (15093/2016 – C8-0107/2018 – 2015/0302(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0169A8-0026/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2016),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (05385/2015),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207, le hAirteagal 209, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(8), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0107/2018),

–  ag féachaint dá rún neamhreachtach an 13 Márta 2019(1) ar an dréachtchinneadh,

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt (A8-0026/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Ioslamach na hAfganastáine.

(1)Téacsanna arna nglacadh, P8_TA-PROV(2019)0179.


Comhaontú Comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbair (rún)
PDF 195kWORD 71k
Rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhair, ar son an Aontais, i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile (15093/2016 – C8-0107/2018 – 0215/0302M(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0170A8-0058/2019

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15093/2016),

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhair i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Ioslamach na hAfganastáine, den pháirt eile(1), a shínigh Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), Federica Mogherini, an 18 Feabhra 2017,

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle an 6 Feabhra 2018 i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le hAirteagail 207, 209, 218(6)(a), an dara fomhír, agus 218(8), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C8-0107/2018),

–  ag féachaint dá rún reachtach an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle(2),

–  ag féachaint do chur i bhfeidhm sealadach na gcodanna den Chomhaontú Comhair i dtaca le Comhpháirtíocht agus Forbairt (CAPD) faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh amhail ón 1 Nollaig 2017,

–  ag féachaint dá rún an 13 Meitheamh 2013 maidir leis an gcaibidlíocht ar chomhaontú comhair AE-na hAfganastáine i dtaca le comhpháirtíocht agus forbairt(3),

–  ag féachaint do na rúin a tháinig uaithi roimhe seo a bhaineann leis an Afganastáin, go háirithe na rúin seo a leanas: an 16 Nollaig 2010 maidir le straitéis nua don Afganastáin(4), an 15 Nollaig 2011 maidir le rialú buiséadach ar chúnamh airgeadais AE don Afganastáin(5), an 12 Márta 2014 maidir le ról réigiúnach agus caidreamh polaitiúil na Pacastáine le AE(6), an 8 Deireadh Fómhair 2015 maidir le pionós an bháis(7), an 26 Samhain 2015 maidir leis an Afganastáin, go háirithe na maruithe i gcúige Zebul(8), an 28 Aibreán 2016 maidir le hionsaithe ar ospidéil agus scoileanna mar sháruithe ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta(9), an 5 Aibreán 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar ghluaiseachtaí dídeanaithe agus imirceach: ról Ghníomhaíocht Sheachtrach AE(10), an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE leis an India(11), an 14 Nollaig 2017 maidir leis an staid san Afganastáin(12),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2018 agus an 16 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an Afganastáin,

–  ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ó VP/HR agus ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 24 Iúil 2017 maidir le Gnéithe le haghaidh Straitéis AE maidir leis an Afganastáin (JOIN(2017)0031),

–  ag féachaint do Chlár Táscach Ilbhliantúil 2014-2020 don Afganastáin, laistigh d’Ionstraim an Aontais maidir le Comhar um Fhorbairt,

–  ag féachaint do Threochlár Tíre AE i gcomhair Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta san Afganastáin 2018-2020,

—  ag féachaint do dhúnadh Mhisean Póilíneachta an Aontais Eorpaigh san Afganastáin (EUPOL na hAfganastáine) in 2016,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an 10 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘an staid san Afganastáin agus a himpleachtaí do shíocháin agus slándáil idirnáisiúnta’,

—  ag féachaint do Chomhghníomh don Todhchaí (JWF) AE-na hAfganastáine maidir le saincheisteanna imirce, an 2 Deireadh Fómhair 2016,

—  ag féachaint do Rúin 2210 (2015) agus 2344 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus do shainordú Mhisean Cúnaimh NA san Afganastáin (UNAMA),

–  ag féachaint do thuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine atá ag daoine easáitithe ina dtír féin an 12 Aibreáin 2017 maidir lena mhisean chuig an Afganastáin,

–  ag féachaint d’iarraidh ó Phríomhionchúiseoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, Fatou Bensouda, an 3 Samhain 2017 chun tús a chur le himscrúdú ar na coireanna cogaidh agus coireanna i gcoinne an chine dhaonna a líomhnaítear go ndearnadh iad san Afganastáin ón 1 Bealtaine 2003,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint do Chomhdháil Airí na Ginéive maidir leis an Afganastáin an 27-28 Samhain 2018,

—  ag féachaint do thorthaí Chomhdháil Idirnáisiúnta na Bruiséile ar an Afganastáin an 5 Deireadh Fómhair 2016, a raibh an tAontas Eorpach ina chomhchathaoirleach air agus do ghealltanais fhrithpháirteacha a tugadh ag comhdhálacha idirnáisiúnta ar an Afganastáin a reáchtáladh in Bonn an 5 Nollaig 2011, i dTóiceo an 8 Iúil 2012, agus i Londain an 4 Nollaig 2014,

–  ag féachaint do Chomhdháil Tashkent maidir leis an Afganastáin an 26-27 Márta 2018,

—  ag féachaint do phróiseas ‘Chroí na hÁise’ a seoladh in Iostanbúl an 2 Samhain 2011,

—  ag féachaint do Dhearbhú Chabúl an 22 Nollaig 2002 maidir le dea-chaidreamh idir comharsana,

–  ag féachaint don Fhórsa Cúnaimh Slándála Idirnáisiúnta (ISAF) (2003-2014) faoi shainordú ó na Náisiún Aontaithe agus faoi stiúir ECAT agus do chonclúidí chruinniú mullaigh ECAT a tionóladh sa Bhruiséil an 24-25 Bealtaine 2017, maidir le leanúint don mhisean oiliúna, comhairle agus cúnaimh, ‘Tacaíocht Dhiongbháilte’, (2014 go dtí an lá atá inniu ann),

–  ag féachaint do Phlean Freagartha Daonnúla na hAfganastáine 2018-2021,

–  ag féachaint don Chreat don Fhéintuilleamaí tríd an gCuntasacht Fhrithpháirteach, ar glacadh leis ag Comhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin an 4-5 Deireadh Fómhair 2016,

–  ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0058/2019),

A.  de bhrí, an 10 Samhain 2011, gur ghlac an Chomhairle cinneadh lena dtugtar údarás don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh ar CAPD idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach an hAfganastáine(13); de bhrí gur cuireadh CAPD i bhfeidhm go sealadach agus i bpáirt ón 1 Nollaig 2017, sular thug Parlaimint na hEorpa a toiliú;

B.  de bhrí gur chuir VP/HR agus an Coimisiún an Moladh Comhpháirteach le haghaidh Cinntí ón gComhairle maidir le síniú agus tabhairt i gcrích CAPD i láthair don Chomhairle an 13 Eanáir 2016, mar chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Afganastáin (‘AE amháin’);

C.  de bhrí gur chuir na Ballstáit in iúl, cé gur chomhaontaigh siad le bunábhar CAPD, gurbh fhearr leo comhaontú ‘measctha’ le cur i bhfeidhm sealadach, agus dá bhrí sin gur iarr siad ar an gCoimisiún agus ar VP/HR athbhreithniú a dhéanamh ar na tograí dá réir sin chun cur i bhfeidhm measctha agus sealadach a chur san áireamh;

D.  de bhrí gur síníodh CAPD an 18 Feabhra 2017;

E.  de bhrí go mbeidh CAPD mar bhunús don chaidreamh idir AE agus an Afganastáin go ceann deich mbliana agus go bhféadfaí síneadh a chur leis sin go ceann tréimhsí cúig bliana;

F.  de bhrí gur cuireadh an Pharlaimint ar an eolas i bpáirt ach nár cuireadh ar an eolas í ina iomláine le linn na gcaibidlíochtaí; de bhrí nach bhfuair an Pharlaimint treoracha caibidlíochta na Comhairle don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) go dtí an 16 Márta 2018, seachas i mí na Samhna 2011, nuair a cuireadh an Pharlaimint ar an eolas maidir leis an gcinneadh chun tús a chur le caibidlíochtaí;

G.  de bhrí go gcuireann an creat dlíthiúil seo le Straitéis reatha AE maidir leis an Afganastáin chomh maith le cúnamh maoinithe sheachtraigh fhairsing AE;

H.  de bhrí gurb é CAPD an chéad chaidreamh conarthach a bheidh ann idir AE agus an Afganastáin, ar caidreamh conarthach é lena ndéanfar tiomantas AE a dheimhniú maidir le forbairt na hAfganastáine sa todhchaí le linn ‘deich mbliana an chlaochlaithe’ (2014-2024) agus lena ndéanfar an gaol stairiúil, polaitiúil agus eacnamaíoch idir an dá pháirtí a neartú;

I.  de bhrí gur léiriú é CAPD ar na prionsabail agus na coinníollacha ar a mbunófar an chomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Afganastáin (Teideal I agus Teideal II), lena n-áirítear clásail na n-eilimintí bunriachtanacha maidir le cearta an duine agus neamhleathadh arm ollscriosta; de bhrí go ndéantar foráil le CAPD don fhéidearthacht comhar a bheith ann i raon leathan réimsí, lena n-áirítear forbairt (Teideal III), trádáil agus infheistíocht (Teideal IV), ceartas agus an smacht reachta (Teideal V), lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, i gcoinne sciúradh airgid agus i gcoinne drugaí, comhar maidir le himirce agus comhaontú ionchasach todhchaíoch um athligean isteach, agus comhar earnálach (Teideal VI);

J.  de bhrí go gcuirfidh CAPD ar chumas AE agus na hAfganastáine dul i ngleic go comhpháirteach le dúshláin dhomhanda amhail sábháilteacht núicléach, neamhleathadh agus athrú aeráide;

K.  de bhrí go bhfuil an Afganastáin ag pointe an-tábhachtach, rud a fhágann, mura ndéanfar tuilleadh iarrachtaí, go mbeidh riosca ann go gcaillfear leas na n-iarrachtaí, an dul chun cinn agus na n-íobairtí go léir atá déanta go dtí seo maidir le forbairt na hAfganastáine;

L.  de bhrí gur rannchuidíodh go suntasach leis an díghrádú breise ar an tslándáil mar thoradh ar theacht chun cinn na bagartha sceimhlitheoireachta ón ngrúpa atá nasctha le Da’esh, ar a dtugtar Stát Ioslamach-Cúige Khorasan (IS-KP). de bhrí go raibh smacht ag Rialtas na hAfganastáine i mí Bealtaine 2018 ar 56% de cheantair na hAfganastáine agus ar 56% den chríoch, ina bhfuil 65% den daonra, le coimhlint in 32% de na ceantair agus 12% díobh faoi smacht na gceannairceach(14),(15),

M.  de bhrí, ó 2002, gurb iad an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit le chéile an deontóir idirnáisiúnta is mó don Afganastáin agus dá pobal, agus níos mó ná EUR 3.66 billiún tugtha acu i gcabhair forbartha agus dhaonnúil; de bhrí, dar le Clár Táscach Ilbhliantúil 2014-2020 don Afganastáin, go bhfuil ciste forbartha nua de EUR 1.4 billiún leithdháilte don tréimhse 2014-2020; de bhrí gurb é USD 20 billiún OTI reatha na hAfganastáine agus go bhfuil a ráta fáis craptha ó 2014; agus de bhrí go bhfuil roinnt dúshlán roimh gheilleagar na hAfganastáine fós, ar dúshláin iad amhail éilliú, bailiú íseal ioncaim, drochbhonneagar agus cruthú lag post;

N.  de bhrí, ó 2001, go bhfuil cuid mhór de Bhallstáit AE, de chomhpháirtithe ECAT agus tíortha comhghuaillithe tar éis rannchuidiú le cobhsú agus forbairt na hAfganastáine le hacmhainní míleata agus sibhialtacha, agus inar fhulaing siad an-chuid taismeach agus ár; de bhrí gur chun leasanna slándála ríthábhachtacha ECAT, AE agus a Bhallstáit í Afganastáin chobhsaí agus neamhspleách ar féidir léi soláthar di féin agus tearmann a dhiúltú do ghrúpaí sceimhlitheoirí; de bhrí go bhfuil níos mó ná 3 000 duine míleata fós ag Ballstáit AE san Afganastáin atá rannpháirteach i misean Tacaíochta Diongbháilte ECAT;

O.  de bhrí go bhfuil 2.5 milliún dídeanaí cláraithe, agus idir 2 agus 3 mhilliún Afganastánach gan doiciméid san Iaráin agus sa Phacastáin; de bhrí go bhfuil níos mó ná 2 mhilliún duine easáitithe ina dtír féin san Afganastáin, ar easáitíodh níos mó ná 300 000 díobh in 2018; de bhrí go bhfuil mórán de na daoine sin ag fulaingt mar thoradh ar neamhdheimhneacht an tsoláthair bia, rochtain neamhleor ar shaoráidí sláintíochta agus sláinte agus easpa cosanta, agus de bhrí gur leanaí roinnt mhaith díobh, arna n-aicmiú mar bheith i mbaol rioscaí ó thaobh saothar leanaí, mí-úsáid ghnéasach nó earcú i ngrúpaí coiriúla de; de bhrí gur fhill níos mó ná 450 000 Afganastánach chun na hAfganastáine nó gur díbríodh ar ais ón Iaráin iad ó thús 2018; de bhrí gur fhógair Rialtas na Pacastáine go mbeidh gá ann an 1.7 milliún dídeanaí Afganastánach atá cláraithe sa tír a fhilleadh go héigeantach chun na hAfganastáine;

P.  de bhrí, dar leis na Náisiúin Aontaithe, go bhfuil éilliú san Afganastáin ag baint an bonn ó dhlisteanacht an stáit agus gur bagairt thromchúiseach é don dea-rialachas agus don fhorbairt inbhuanaithe toisc go gcuireann sé cosc ar ‘theacht chun cinn an fhíorgheilleagair’;

Q.  de bhrí gur tír íseal-ioncaim, iar-choinbhleachta agus thalamhiata í an Afganastáin, a chruthaíonn dúshláin speisialta don phobal idirnáisiúnta agus dá institiúidí;

R.  de bhrí, dar leis an Innéacs Domhanda don Oiriúnú, go bhfuil an Afganastáin ar na tíortha ar domhan is mó atá i mbaol ón athrú aeráide;

S.  de bhrí go bhfuil bagairtí agus géarchéimeanna idirnáisiúnta nua ag teacht chun cinn agus ag tarraingt aird, tacaíocht agus imní an phobail ón staid mar atá san Afganastáin;

T.  de bhrí go bhfuil tuairim is 87% de mhná Afganastánacha ag fulaingt ó fhoréigean a bhaineann le hinscne; de bhrí go bhfuil an Afganastáin sa 153ú háit as 160 tír ar Innéacs Neamh-Chomhionannais Inscne na Náisiún Aontaithe 2017;

U.  de bhrí, gur shroich saothrú óipiam an leibhéal is airde riamh in 2017, le méadú 63% i gcomparáid le 2016; de bhrí go gcuireann gáinneáil aindleathach ar chodlaidínigh treise le héagobhsaíocht agus ceannairc agus le cistiú do ghrúpaí sceimhlitheoireachta san Afganastáin;

V.  de bhrí, den chéad uair, go bhfuil buiséad na hAfganastáine in 2018 ag cloí le caighdeáin idirnáisiúnta i dtaca le réamh-mheastacháin agus cuntasaíocht;

W.  de bhrí gur tháinig deireadh le Misean Póilíneachta AE san Afganastáin in 2016 tar éis naoi mbliana de dhul chun cinn;

Gnéithe polaitiúla-straitéiseacha

1.  ag leanúint de bheith tiomanta do thacú le Rialtas na hAfganastáine maidir lena iarrachtaí i dtaca le todhchaí shlán agus chobhsaí a fhorbairt do mhuintir na hAfganastáine trí thabhairt faoi athchóirithe ríthábhachtacha chun rialachas agus an smacht reachta a fheabhsú, chun sceimhlitheoireacht agus antoisceachas a chomhrac, chun síocháin agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, chun institiúidí dlisteanacha agus daonlathacha a thógáil, chun athléimneacht a chothú roimh dhúshláin slándála náisiúnta agus réigiúnacha, chun urraim do chearta an duine a áirithiú, lena n-áirítear cearta na mban, cearta leanaí, agus cearta mionlach eitneach agus reiligiúnach, chun éilliú a chomhrac, chun cur in aghaidh drugaí, chun inbhuanaitheacht fhioscach a fheabhsú agus chun fás cuimsitheach agus inbhuanaithe eacnamaíoch a chothú mar aon le forbairt shóisialta agus tuaithe, trína gcruthófar todhchaí níos fearr do dhaoine óga, arb ionann iad agus dhá thrian den daonra. ag cur i bhfios go bhfuil gá le réiteach síochánta ar an gcoinbhleacht san Afganastáin agus gur cheart gach iarracht a dhíriú ar an gcuspóir an-phráinneach sin;

2.  ag cur i bhfios go láidir go mbeidh forbairt fhadtéarmach na hAfganastáine ag brath ar chuntasacht, dea-rialachas, soláthar inbhuanaithe shlándáil an duine, lena n-áirítear laghdú na bochtaineachta agus cruthú deiseanna post, rochtain ar sheirbhísí sóisialta agus sláinte, oideachas agus cosaint saoirsí bunúsacha agus cearta bunúsacha an duine, lena n-áirítear cearta na mban agus na mionlach; ag cur i bhfios go bhfuil gá ann gnóthaí a bhainistiú ar bhealach lena n-áiritheofar fás cuimsitheach eacnamaíoch agus dálaí fabhracha don infheistíocht choigríche inbhuanaithe a rachaidh chun tairbhe do mhuintir na hAfganastáine, le lánurraim do chaighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus saothair;

3.  ag cur in iúl gur ábhair imní di leochaileacht agus éagobhsaíocht an rialtais láir agus an easpa rialála a chuireann sé i bhfeidhm i gcuid mhaith den tír, a chuireann le tionchar na coinbhleachta ar an bpobal sibhialtach; á iarraidh ar AE agus ar an bpobal idirnáisiúnta idirghabháil a éascú i gcásanna amhail saincheisteanna iarthoghcháin gan réiteach;

4.  á iarraidh ar AE cúnamh a thabhairt sna hiarrachtaí i gcoinne threocht fhadtéarmach na dteannas idir-eitneach atá ag cur le titim as a chéile na cumhachta lárnaí agus tacú le creatlach shaibhir il-eitneach na sochaí Afganastánaí;

5.  ag leagan béim ar an tacaíocht fhadtéarmach a thugann sí do thoghcháin inchreidte, shaora, chothroma agus thrédhearcacha, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, agus ag cur in iúl go dtacaíonn sí le breathnóireacht toghcháin AE sa tír, lena n-áirítear breathnóireacht ar thoghchán uachtaránachta 2019; ag cur i bhfios go mbeidh tionchar ollmhór ag toradh na dtoghchán sin ar chobhsaíocht thodhchaíoch Rialtas na hAfganastáine mar thoradh ar dhianiomaíocht sheasta pholaitiúil;

6.  ag leagan béim ar phoitéinseal eacnamaíoch ollmhór na tíre mar thoradh ar a seasamh geografach agus a hacmhainní daonna agus nádúrtha;

7.  ag leagan béim ar thacaíocht airgeadais agus pholaitiúil shuntasach AE d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hAfganastáine, don chúnamh daonnúil agus don nascacht réigiúnach; ag tathant go ndéanfar tuilleadh iarrachtaí i dtreo clársceidealú comhpháirteach idir AE agus a Bhallstáit;

8.  ag cur i bhfios, i ndáil leis sin, go bhfuil gá ann le comhordú beartais agus idirphlé idir AE agus na Stáit Aontaithe maidir leis an Afganastáin agus saincheisteanna réigiúnacha;

9.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an Ráiteas Comhpháirteach a glacadh ag Comhdháil na nAirí maidir leis an Afganastáin sa Ghinéiv, arna hóstáil ag na Náisiúin Aontaithe an 27-28 Samhain 2018, ag féachaint do na gealltanais arna ndéanamh ag Comhdháil na Bruiséile maidir leis an Afganastáin in 2016;

Ról agus freagracht na ngníomhaithe réigiúnacha

10.  ag meabhrú di gur tír thalamhiata í an Afganastáin atá lonnaithe ag achomhal a nascann an Áise agus an Meánoirthear agus ag aithint, go bhfuil bunriachtanas le tacaíocht agus comhar dearfach ó thíortha comharsanachta agus ó chumhachtaí réigiúnacha, go háirithe an tSín, an Iaráin, an India, an Rúis, agus an Phacastáin, maidir le cobhsú, forbairt agus inmharthanacht eacnamaíoch na hAfganastáine; ag cur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sé i gcónaí mar chuspóir ag na gníomhaithe réigiúnacha sin Afganastáin chobhsaí agus rathúil a bheith ann agus ag cur i bhfáth an róil an-tábhachtach atá ag na tíortha sin sa phróiseas cobhsaíochta agus síochána; á iarraidh ar thíortha comharsanacha staonadh amach anseo ó bhac a chur ar onnmhairí Afganastánacha, mar a tharla roimhe seo;

11.  ag cur i bhfios go mbíonn soghluaisteacht agus gníomhaíocht leanúnach na líonraí sceimhlitheoireachta atá ag feidhmiú san Afganastáin, agus sa Phacastáin freisin, ag cur le héagobhsaíocht na staide sa réigiún ina iomláine;

12.  ag cur i bhfáth go mbíonn an Afganastáin faoi réir chuspóirí eascairdiúla na gcumhachtaí réigiúnacha go minic; ag tathant orthu tacú go hiomlán leis na hiarrachtaí síochána san Afganastáin; ag tacú le fóraim chomhair réigiúnacha, ach imní uirthi ag an am céanna faoi rannpháirtíocht ionadach chomhuaineach maidir le roinnt de chomharsana na hAfganastáine, rud atá ag baint an bonn ó iarrachtaí síochána; á iarraidh ar na comharsana sin staonadh ó rannpháirtíocht ionadach ina gcoimhlintí san Afganastáin agus ag tathant ar chomharsana agus ar chumhachtaí réigiúnacha araon oibriú i lánchomhar le chéile chun síocháin bhuanseasmhach agus inbhuanaithe a bhaint amach san Afganastáin;

13.  ag tathant ar AE méadú a dhéanamh ar a iarrachtaí maidir le plé agus comhar a bheith ann le comhpháirtithe réigiúnacha chun gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;

14.  ag leagan béim ar an tábhacht bhunúsach atá le forbairt bhonneagair agus réigiúnach san Afganastáin ó thaobh trádáil agus nascacht idir tíortha na hÁise Láir agus Theas de agus mar thoisc chobhsaíochta sa réigiún;

15.  á iarraidh ar AE breithniú ar chomhar idir AE agus an Afganastáin a chur san áireamh ina straitéisí don Áise Láir agus Theas;

Slándáil agus cothú síochána

16.  ag cur in iúl go bhfuil an-imní uirthi go fóill maidir leis an meath leantach ar staid na slándála san Afganastáin agus an méadú leanúnach ar limistéar na gcríoch atá faoi smacht ag míleataigh an Talaban agus grúpaí sceimhlitheoireachta éagsúla amhail IS-KP, agus go bhfuil treisiú láidir ó throdaithe eachtracha sa tír ag cuidiú leis sin de réir dealraimh; ag cáineadh ionsaithe atá déanta acu i gcoinne shibhialtaigh, fhórsaí slándála, institiúidí agus shochaí shibhialta na hAfganastáine; ag athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta go hiomlán do gach cineál sceimhlitheoireachta a chomhrac agus ag tabhairt ómós do gach comhghuaillíocht agus d’fhórsaí agus saoránaigh na hAfganastáine a bhfuil a saol tugtha acu ar son Afganastáin dhaonlathach, chuimsitheach, rachmasach, shlán agus chobhsaí; Ag tabhairt dá haire gur cuireadh níos mó ná leath na n-ionsaithe frith-rialtais in 2018 i leith IS-KP, a bhfuil sé mar aidhm aige cur isteach ar an bpróiseas athmhuintearais agus síochána agus é a chur dá bhonn; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur éirigh leis na heagraíochtaí jiohádacha reatha, IS-KP, Al Qaeda agus a bhfoghrúpaí éagsúla, oiriúnú agus iad féin a dhaingniú, ar léiriú iad ar mhórdhúshlán slándála don Afganastáin, don réigiún agus don Eoraip;

17.  ag leagan béim ar thacaíocht leanúnach AE don phróiseas síochána cuimsitheach ar a bhfuil an Afganastáin i gceannas agus ar a bhfuil seilbh aici, lena n-áirítear cur chun feidhme an tsocraithe síochána arna chomhaontú le Hezb-e-Islami; réidh le rannchuidiú leis seo le gach ionstraim iomchuí de chuid an Aontais a luaithe agus a bheidh próiseas síochána fónta ann; á iarraidh ar an Talaban an foréigean a shéanadh, dul isteach sa phróiseas síochána agus glacadh le Bunreacht na hAfganastáine; ag cur a tacaíocht i bhfáth i dtaca leis an tairiscint chuimsitheach síochána arna tabhairt don Talaban arís is arís eile ag an rialtas; á iarraidh ar an tsochaí shibhialta rannpháirtíocht iomlán a bheith aici sna cainteanna sin; ag aithint gur gá dul i ngleic leis an gceist a bhaineann le láithreacht slándála idirnáisiúnta fhadtéarmach agus chomhpháirteach chun cuidiú le fórsaí slándála na hAfganastáine chun an tír a chobhsú agus gan ligean di a bheith ina tearmann do ghrúpaí sceimhlitheoireachta nó ina foinse éagobhsaíochta réigiúnaí arís; á iarraidh ar gach páirtí sa choinbhleacht urraim a thabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta;

18.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an chéad tréimhse ina raibh sos cogaidh ann ó 2001, Eid al-Fitr, a léirigh mian fhorleathan síochána i measc na nAfganastánach; á iarraidh ar an Talaban na glaonna ó Uachtarán na hAfganastáine a leanúint, maidir le tréimhse nua shosa cogaidh;

19.  ag leagan béim ar an bhfíoras gur eascair cuid mhaith de na fadhbanna gan réiteach atá roimh an Afganastáin inniu as daichead bliain cogaidh, ar chuir ionradh na Sóivéadach ar an Afganastáin in 1979 tús leo; i ndáil leis sin, ag aithint ról na ndaoine óga agus dhiaspóra na hAfganastáine sa phróiseas i dtaca le todhchaí níos daingne agus níos fearr a thógáil don tír; á iarraidh ar AE tacú le ceartas trasnáisiúnta d’íospartaigh an fhoréigin;

20.  ag tabhairt dá haire, tar éis do mhisean Chomhbheartas Slándála agus Cosanta EUPOL na hAfganastáine dúnadh i mí na Nollag 2016, ar misean é lenar soláthraíodh oiliúint agus comhairle speisialaithe do Phóilíní Náisiúnta na hAfganastáine agus don Aireacht Gnóthaí Baile, tá an tAontas tar éis leanúint lena chomhar le póilíní na hAfganastáine trí ionstraimí seachtracha AE, amhail an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin (IcSP), a mhaoiníonn gníomhaíochtaí athmhuintearais freisin;

21.  ag tabhairt dá haire gur chruthaigh misean ISAF Fórsaí Slándála Náisiúnta na hAfganastáine ó bhonn aníos agus go ndearna sé fórsa cumasach de 352 000 saighdiúir agus póilín as, le saighdiúirí coise, póilíní míleata, fórsaí faisnéisíochta, glanta bealaigh, tacaíochta comhraic, leighis, eitlíochta agus cumais lóistíochta, ag comhrac tionchar na gceannairceach sa tír mar thoradh orthu sin;

22.  ag tabhairt dá haire gur chruthaigh ISAF timpeallacht shlán chun feabhas a chur ar rialachas agus forbairt eacnamaíoch, as ar eascair an gnóthachan céatadáin is mó as measc na dtíortha uile ó thaobh sláinte bhunúsach agus táscairí forbartha eile de; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur tháinig meáin fhuinniúla chun cinn mar thoradh ar an rath bhí ar ISAF agus go bhfeidhmíonn na milliúin Afganastánach a gceart chun vótála anois;

23.  á mholadh arís do mhisean Tacaíochta Diongbháilte ECAT leanúint dá oiliúint agus dá fhormhaoirseacht ar arm na hAfganastáine; á mholadh do na Ballstáit oiliúint bainistithe ghéarchéime shibhialtach a chur ar fáil do rialtais náisiúnta agus áitiúla na hAfganastáine;

24.  á mholadh do ECAT agus do AE oibriú le chéile chun faisnéisíocht a bhailiú maidir le grúpaí ceannairceacha atá ag bagairt ar an Afganastáin agus moltaí beartais chuig fórsaí slándála na hAfganastáine a comhordú ar bhonn comhpháirteach;

25.  ag cur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil an Talaban agus grúpaí ceannairceacha eile ag baint leas as láithreacht AE agus as an bpobal idirnáisiúnta san Afganastáin agus na forbairtí atá bainte amach acu, chun críocha bolscaireachta, chun scéal a chur chun cinn go bhfuil gabhálaithe eachtracha ag cur as do thír na nAfganastánach agus dá modh maireachtála; á mholadh do AE agus Rialtas na hAfganastáine cur i gcoinne bolscaireacht den chineál sin;

26.  ag cur an fíoras i bhfios go láidir go bhfuil an comhrac i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta ríthábhachtach chun timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach don tslándáil san Afganastáin; ag tathant ar gach páirtí ábhartha a n-iarrachtaí a threisiú i dtaca le gach líonra maoinithe sceimhlitheoireachta a tharraingt ó chéile, lena n-áirítear deireadh a chur le mí-úsáid líonraí hawala agus deontais idirnáisiúnta chun na críche sin, chun radacú agus antoisceachas a chomhrac, mar aon leis na huirlisí earcaíochta a bhfuil eagraíochtaí sceimhlitheoireachta Afganastánacha fós ag brath orthu;

27.  ag tathant ar Rialtas na hAfganastáine gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh tús áite i measc a thosaíochtaí ag cosc agus cur in aghaidh leathadh na n-idé-eolaíochtaí antoisceacha;

28.  ag tacú le Chlár Síochána agus Ath-lánpháirtithe na hAfganastáine, a dhéanann comhaltaí an Talaban a thugann iad féin suas agus a shéanann an foréigean a lánpháirtiú ar ais sa tsochaí; ag moladh na Ríochta Aontaithe as níos mó ná GBP 9 milliún a ranníoc cheana féin;

29.  á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine Rúin Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil a chur chun feidhme go hiomlán, agus rannpháirt, cosaint agus cearta na mban a áirithiú ar fud an timthrialla coinbhleachta, ó chosc ar choinbhleacht go atógáil iarchoinbhleachta;

30.  á mholadh do Rialtas na hAfganastáine frithbhearta éifeachtacha ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (CBRN) a fhorbairt; ag tathant ar AE tacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar d’fhothú acmhainneachta CBRN;

31.  á mholadh do Rialtas na hAfganastáine a chórais rialaithe intíre a threisiú chun cur i gcoinne chúrsaíocht fhorleathan na mionarm agus na n-armán éadrom (SALW), i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana;

Cothú stáit

32.  ag cur i bhfios go bhfuil gá ann go gcuirfeadh Rialtas na hAfganastáine agus an comhphobal idirnáisiúnta dlús lena n-iarrachtaí chun deireadh a chur le héilliú sa tír, mar aon le neartú a dhéanamh ar institiúidí freagrúla agus cuimsitheacha agus feabhas a chur ar rialú áitiúil mar chéimeanna ríthábhachtacha i dtógáil stáit chobhsaí agus dhlisteanaigh atá in ann cosc a chur ar choinbhleacht agus ceannairc; á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine an acmhainneacht náisiúnta a threisiú chun sócmhainní goidte a aisghabháil trí chláir amhail an Tionscnamh um Aisghabháil Sócmhainní Goidte atá faoi stiúir Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda agus Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC);

33.  á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine cuimsitheacht pholaitiúil a mhéadú, cuntasacht a neartú agus comhrac go gníomhach i gcoinne an éillithe;

34.  ag cur i bhfios gur gá an bhearna idir rialtais náisiúnta agus áitiúla na hAfganastáine a dhruidim; ag aithint go bhfuil seans ann go bhféadfaí maolú ar an bhfadhb sin dá bhforfheimeodh Rialtas na hAfganastáine an reacht lena gceanglaítear ar gobharnóirí réigiúnacha a bheith i láthair sna críocha a ndéanann siad ionadaíocht orthu;

35.  á iarraidh ar AE a áirithiú go ndéantar cistí AE a infheistiú i dtionscadail a chuidíonn le pobal na hAfganastáine agus go soláthraítear a dhóthain tacaíocht do bhardais agus iad ag soláthar seirbhísí bunriachtanacha agus ag cothú rialú áitiúil, chun go n-áiritheofar bunchaighdeáin mhaireachtála don phobal, chun comhordú idir údaráis lárnacha agus bardais áitiúla a áirithiú chun na tosaíochtaí ar cheart infheistiú iontu a shainaithint, chun tacaíocht don tsochaí shibhialta a threisiú, go háirithe cosantóirí chearta an duine agus, go háirithe, chun tús áite a thabhairt do chistiú do thionscadail a thacaíonn le gníomhaithe a chuireann cuntasacht, cearta an duine agus prionsabail dhaonlathacha chun cinn agus a chothaíonn sásraí idirphlé agus réiteach coinbhleachta atá leabaithe go háitiúil;

36.  á iarraidh ar AE leanúint lena phlean céimnithe amach i ndiaidh dhúnadh mhisean EUPOL, ar plean é lena n-áirítear aistriú inbhuanaithe gníomhaíochtaí chuig chomhpháirtithe áitiúla agus idirnáisiúnta EUPOL a áirithiú; ag tathant ar gach páirtí leanúint ar aghaidh lena n-iarrachtaí chun Póilíní Náisiúnta na hAfganastáine a fhorbairt ina fhórsa proifisiúnta don tsábháilteacht agus don tslándáil, chun gach institiúid forfheidhmithe dlí a neartú, le béim ar leith ar neamhspleáchas a chórais bhreithiúnaigh, ar na póilíní agus ar fheabhas a chur ar staid na bpríosún Afganastánach, mar aon le hurraim do chearta na bpríosúnach;

37.  ag cur in iúl gur oth léi go bhfuil ag teip ar fheachtais frithdhrugaí san Afganastáin agus nár leor na hiarrachtaí chun spriocdhíriú ar shaotharlanna drugaí an Talaban agus na líonraí idirnáisiúnta coireachta eagraithe, atá i gcroílár na gáinneála ar dhrugaí agus a sholáthraíonn cistiú don Talaban agus d’oibríochtaí sceimhlitheoireachta; ag tacú le straitéis nua frithdhrúgaí Rialtas na hAfganastáine agus á formhuiniú, ar straitéis í a fhaigheann tacaíocht ó UNODC; ag cur in iúl gur cúis imní di an méadú ar shaothrú óipiam san Afganastáin(16) agus á iarraidh ar Rialtas na hAfganastáine beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun an treocht sin a chur ar cúl; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach roghanna malartacha inbhraite agus inbhuanaithe ar tháirgeadh poipíní a ghiniúint agus iad a chur ar fáil do tháirgeoirí;

38.  ag cur i bhfáth gurb iad príomhfhoinsí ioncaim an Talaban mianadóireacht neamhdhleathach agus táirgeadh óipiam; ag tabhairt dá haire go meastar faoi láthair go mbíonn ioncam de EUR 200-300 milliún in aghaidh na bliana ag an Talaban ó ghníomhaíochtaí mianadóireachta neamhdhleathaí;

39.  á iarraidh go gcuirfí seiceálacha agus ceartúcháin iomchuí ar bun agus go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe ann chun éifeachtacht an riaracháin phoiblí a áirithiú, lena n-áirítear bainistíocht airgeadais chomh maith le cosc ar aon mhí-úsáid a bhainfí as cabhair eachtrach nó forbartha, i gComhréir le Dearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Cabhrach;

40.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh AE Conradh Forbartha Stáit (SBC) leis an Afganastáin in 2016, lena leithdháilfear EUR 200 milliún thar dhá bhliain i dtacaíocht bhuiséadach chun institiúidí rialtais a neartú agus chun acmhainní a mhéadú i gcomhair tosaíochtaí forbartha amhail fás eacnamaíoch a ghiniúint, bochtaineacht a laghdú agus éilliú a chomhrac; ag cur i bhfios gur gá acmhainní a úsáid go héifeachtach;

41.  ag tabhairt dá haire go bhfuil SBC bunaithe ar athbhreithniú foriomlán dearfach ar dhul chun cinn na hAfganastáine i dtaca le príomhréimsí athchóirithe; ag aithint go bhfuil tábhacht ag baint le leagan amach na spriocanna a cuireadh chun tosaigh le SBC mar aon leis na coinníollacha maoinithe; ag leagan béim bhreise ar an tábhacht a bhaineann le formhaoirseacht agus faireachán córasach chun mí-úsáid a chosc; ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá béim ar fhorbairt agus cobhsaíocht ag Rialtas na hAfganastáine; á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choimeád ar an eolas go rialta faoi chur chun feidhme SBC agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cheart torthaí i ndáil leis sin a úsáid chun ullmhúchán a dhéanamh chun leanúint leis an oibríocht i ndáil le tacaíocht bhuiséadach don tréimhse 2018-2021;

An tsochaí shibhialta agus cearta an duine

42.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di go leagann CAPD AE-na hAfganastáine béim ar idirphlé maidir le saincheisteanna chearta an duine, go háirithe cearta na mban, leanaí, agus mionlach eitneach agus reiligiúnach chun rochtain ar acmhainní a áirithiú agus chun tacú le lánfheidhmiú a gceart bunúsach, lena n-áirítear trí níos mó ban a fhostú i struchtúir rialtais na hAfganastáine agus sna córais slándála agus bhreithiúnacha; á iarraidh ar an Afganastáin oibriú chun gach cineál foréigin agus idirdhealaithe i gcoinne ban agus cailíní a dhíothú; ag cur i bhfios gur gá níos mó iarrachta a dhéanamh maidir le cur chun feidhme fhorálacha CAPD arna lua i dTeideal I agus i dTeideal II;

43.  ag áitiú go gcoinneodh AE seasamh láidir maidir le cearta an duine a chur chun feidhme agus ag cur i bhfios gur gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú iad prionsabail dhaonlathacha, cearta an duine, go háirithe cearta na mban agus cearta mionlach, agus an smacht reachta; ag áitiú go ndéanfadh AE bearta sonracha má sháraíonn Rialtas na hAfganastáine gnéithe bunriachtanacha den Chomhaontú;

44.  ag meabhrú go bhfuil béim ar leith á leagan ag AE ar dhálaí ban, leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine atá ina gcónaí faoi bhochtaineacht a fheabhsú agus go bhfuil riachtanas cúnaimh ar leith ag na grúpaí sin, lena n-áirítear i réimsí na sláinte agus an oideachais;

45.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an áit lárnach atá tugtha don chomhionannas inscne agus beartais ghaolmhara sa Chomhaontú, agus a bhéim láidir ar fhorbairt na sochaí sibhialta; á iarraidh ar AE tuilleadh spreagadh a thabhairt do chomhionannas idir mná agus fir agus do chumhachtú na mban, trína iarrachtaí um fhorbairt, agus é á chur san áireamh go mbíonn gá, agus meon na sochaí i dtreo ról socheacnamaíoch na mban á athrú, le bearta comhfhreagracha i dtaca le múscailt feasachta, oideachas agus athchóiriú an chreata rialála;

46.  ag cur i bhfios go bhfuil gá le mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha atá á mbagairt nó á n-ionsaí a chosaint; ag tabhairt dá haire go spriocdhírítear ar ghrúpa eitneach Siach Hazara níos minice ná na grúpaí eile agus nach mór aird ar leith a thabhairt air dá bhrí sin;

47.  á iarraidh go neartófaí institiúidí náisiúnta agus fonáisiúnta san Afganastáin a bhfuil baint acu le cearta an duine agus go dtacófaí leo mar aon le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus lucht acadúil; ag tathant ar chontrapháirtithe idirnáisiúnta comhar agus plé níos dlúithe a spreagadh leis na páirtithe Afganastánacha sin;

48.  ag tacú le hiarrachtaí na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta chun cuntasacht a áirithiú do choireanna cogaidh agus do choireanna in aghaidh an chine dhaonna a líomhnaítear go ndearnadh iad ó Bhealtaine 2003;

49.  ag cur in iúl gur cúis imní di líon méadaitheach na n-ionsaithe is foréigní agus d’aon ghnó ar shaoráidí sláinte agus ar oibrithe sláinte agus an spriocdhíriú ar bhonneagar sibhialtach; ag tathant ar gach páirtí a n-oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta a urramú, chun cosc a chur ar ionsaithe i gcoinne sibhialtach agus an bhonneagair shibhialtaigh;

50.  á iarraidh ar rialtas na hAfganastáine moratóir láithreach a thabhairt isteach ar úsáid phionós an bháis mar chéim i dtreo a chealaithe;

Forbairt agus trádáil

51.  ag aithint gurb é cuspóir chabhair AE don Afganastáin cuidiú le rialtas agus geilleagar na tíre an bhochtaineacht a dhíothú agus staid neamhspleáchais agus fáis a bhaint amach le forbairt inmheánach agus comhar réigiúnach trí thrádáil agus infheistíocht sheachtrach agus infheistíocht inbhuanaithe phoiblí, chun ró-bhrath ar chabhair eachtrach a laghdú, trí rannchuidiú le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil na hAfganastáine;

52.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an Afganastáin ar cheann do na faighteoirí is mó cabhrach um fhorbairt ar domhan agus go raibh EUR 3.6 billiún i gcabhair don tír geallta ag institiúidí den Aontas idir 2002 agus 2016; ag cur in iúl gurb oth léi an fíoras go bhfuil sciar na nAfganastánach atá ag maireachtáil i mbochtaineacht méadaithe ó 38 % (2012) go dtí 55 % (2017) agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur cláraíodh fás mall sa tír ó 2014 tar éis fórsaí slándála idirnáisiúnta a laghdú, na laghduithe ar dheontais idirnáisiúnta a ghabhann leis sin, agus staid slándála atá ag dul in olcas;

53.  ag cur i bhfios an gá atá ann le dul i ngleic le ráta ard dífhostaíochta agus le comhrac i gcoinne na bochtaineachta chun oibriú i dtreo síocháin agus cobhsaíocht a bhaint amach sa tír;

54.  ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tuilleadh deiseanna fostaíochta lasmuigh den fheirmeoireacht agus d’oibriú don rialtas chun cosc a chur ar earcú fear óg sa Talaban agus i líonraí ceannairceacha eile;

55.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di Creat Náisiúnta don tSíocháin agus don Fhorbairt san Afganastáin 2016 (ANPDF) agus an Creat don Fhéintuilleamaí tríd an gCuntasacht Fhrithpháirteach (SMAF) atá glactha ag Rialtas na hAfganastáine; á iarraidh ar AE agus a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt, trí CAPD, do thosaíochtaí forbartha atá faoi úinéireacht na hAfganastáine i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht na forbartha;

56.  á iarraidh ar VP/HR agus ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar gach beart de chuid an Aontais san Afganastáin ar bhonn tráthrialta trí táscairí sainráite cáilíochtúla agus cainníochtúla a úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann le cabhair um fhorbairt, dea-rialachas lena n-áirítear earnáil an cheartais, urraim do chearta an duine agus slándáil; á iarraidh sa chomhthéacs sin go ndéanfaí meastóireacht ar an tionchar coibhneasta atá ag bearta AE ar an staid fhoriomlán sa tír agus ar leibhéal an chomhordaithe agus an chomhair idir gníomhaithe AE agus misin agus bearta idirnáisiúnta eile, agus go ndéanfaí na torthaí agus na moltaí a fhoilsiú agus a thuairisciú don Pharlaimint;

57.  ag cur in iúl gur oth léi gur teoranta an tionchar a bhí ann, d’ainneoin gur infheistíodh cúnamh suntasach ón iasacht; ag tabhairt cuireadh do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa tuarascáil speisialta a tharraingt suas maidir le héifeachtacht chúnamh AE don Afganastáin le deich mbliana anuas;

58.  á mholadh do AE agus do ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta eile atá rannpháirteach i bhforbairt na hAfganastáine oibriú le meáin na hAfganastáine chun cur in iúl straitéiseach na n-iarrachtaí forbartha, a bhfoinsí, a gcríocha agus a dtionchar do mhuintir na hAfganastáine a áirithiú;

59.  ag meabhrú go bhfuil easpa saineolaithe sibhialtacha ann san Afganastáin faoi láthair; á mholadh do AE agus dá Bhallstáit saineolaithe sibhialtacha a fhostú agus oiliúint chuí a chur orthu i bpríomhréimsí atá an-tábhachtach i gcomhair forbairt eacnamaíoch agus i gcomhair an chomhraic in aghaidh drugaí, chun cuidiú le hoifigigh agus daoine áitiúla Afganastánacha agus chun oiliúint a chur orthu;

60.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá ann tacú le córas oideachais na hAfganastáine agus líon na leanaí a leanann ranganna scoile ar gach leibhéal a mhéadú;

61.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras go bhfuil méadú faoi dheich tagtha ar cur ar rolla sna scoileanna ó 2001, agus ar cailíní iad ionann 39 % de dhaltaí scoile;

62.  ag tathant go dtabharfaí aird ar leith ar na glúnta óga agus á iarraidh go mbainfí lán-úsáid as cláir amhail Erasmus+ agus Fís 2020 chun naisc a chur ar bun idir institiúidí oideachais, lucht léinn, earnálacha taighde agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

63.  ag tacú le gníomhaíochtaí AE agus na mBallstát lena ndéantar ranníocaíochtaí le Ciste Iontaobhais Atógála na hAfganastáine, a ndéanann an Banc Domhanda agus Aireacht Airgeadais na hAfganastáine comhbhainistiú air agus atá ag obair chun bunseirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil le béim ar leith ar shláinte agus ar oideachas;

64.  ag fáiltiú roimh aontachas na hAfganastáine le EDT in 2016, agus ag aithint an bhreisluacha a thabharfaidh trádáil agus infheistíocht dhíreach sheachtrach do thodhchaí na hAfganastáine; ag aithint an róil dhearfaigh a d’fhéadfadh a bheith ag ballraíocht EDT maidir leis an Afganastáin a chomhtháthú i ngeilleagar an domhain;

65.  ag tabhairt dá haire gur thug AE rochtain shaor ó dhleacht agus shaor ó chuótaí ar mhargadh AE don Afganastáin, tar éis aontachas na tíre sin le EDT in 2016, a mhéadaigh naisc na hAfganastáine leis an ngeilleagar domhanda, ach ag aithint go bhfuil gá le tuilleadh bearta nithiúla chun go mbeidh an earnáil phríobháideach in ann tairbhe a bhaint as an gcóras sin agus a forbairt inmheánach a mhéadú dá réir sin;

66.  ag cur i bhfios gur cheart d’údaráis na hAfganastáine samhail eacnamaíoch inbhuanaithe a fhorbairt, agus prionsabal an athdháilte mar chroílár inti; á iarraidh ar AE tacú leis an Afganastáin ina forbairt chomhshaoil agus aistriú fuinnimh, ós rud é go bhfuil forálacha maidir le fuinneamh glan agus inbhuanaithe bunriachtanach chun dlús a chur le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;

67.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun méadú a dhéanamh ar acmhainn institiúidí rialtais chun straitéisí agus beartais trádála a cheapadh agus a chur chun feidhme, chun feabhas a chur ar aistriú earraí trasteorann agus chun cáilíocht táirgí a threisiú chun go mbeidh siad ag teacht le caighdeáin idirnáisiúnta;

68.  ag iarraidh feabhsú ar caidreamh gnó le gnó idir cuideachtaí atá bunaithe in AE agus earnáil phríobháideach na hAfganastáine; á mholadh go ndéanfaí dálaí fabhracha a chur chun feidhme i gcomhair fhorbairt FBManna;

69.  ag tacú le haon chlár um fhorbairt arna sheoladh ag AE, ag Ballstát aonair nó ag aon bhall den chomhphobal idirnáisiúnta agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di clár den chineál sin, a bhfuil sé mar sprioc leis cuidiú le húinéirí gnólachtaí beaga agus le fiontraithe agus iad ag dul i ngleic le costais dhlíthiúla, rialacháin agus le bacainní eile ar tháirgeadh a bheadh murach sin mar dhíspreagadh do ghnólachtaí ó dhul isteach sa mhargadh agus/nó ó fhás laistigh den mhargadh;

70.  ag aithint go soláthraítear le cúltaiscí mianraí san Afganastáin, deis eacnamaíoch don tír ioncam agus poist a ghiniúint; ag tabhairt dá haire go bhfuil suim léirithe ag an tSín sna cúltaiscí mianraí sin, le béim ar leith ar dhúile tearc-chré;

An Imirce

71.  ag aithint gur dúshlán leanúnach don Afganastáin í an imirce, a chruthaíonn saincheisteanna do thíortha comharsanachta agus do Bhallstáit AE; ag cur in iúl gur cúis imní di an líon gan choinne d’imircigh atá ag filleadh, den chuid is mó ón bPacastáin agus ón Iaráin, agus líon níos lú ón Eoraip; ag aithint gur toradh ar bhagairt an fhoréigin ó ghrúpaí ceannairceacha san Afganastáin agus ar chúinsí eacnamaíocha agus comhshaoil iad na saincheisteanna a bhaineann le daoine atá easáitithe ina dtír féin agus dídeanaithe; ag cur i bhfios gur cheart iarrachtaí ar pháirt AE agus ar pháirt an chomhphobail idirnáisiúnta a dhíriú ar chosc a chur ar bhunchúiseanna na hollimirce; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an straitéis i ndáil le filleadh náisiúnaigh na hAfganastáine; ag cur in iúl gur cúis imní di, áfach, easpa na mbeartas seasta imirce i measc údaráis na hAfganastáine i dtaca leis na fillithe atá acu faoi láthair a bhainistiú; ag cur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil ath-lánpháirtiú fillithe cuí, go háirithe leanaí, nach mór rochtain ar bhunoideachas agus meánoideachas a ráthú dóibh, an-tábhachtach chun cobhsaíocht a áirithiú sa tír agus nach bhfuil na daoine atá tar éis filleadh faoi réir foréigin nó comhéigin le linn na nósanna imeachta fillte;

72.  ag cur i bhfáth go bhfuil gá ag 5.5 milliún duine le cabhair dhaonnúil san Afganastáin dar le Oifig um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear daoine easáitithe ina dtír féin i ndiaidh coinbhleachta nó triomaigh, agus ag leagan béim ar an bhfíoras gur eascair easáitiú éigeantach níos mó ná 250 000 duine i dtuaisceart agus iarthar na tíre as an triomach; ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach 33.5% den mhaoiniú atá uaidh ag an bPlean Freagartha Daonnúil agus ag tathant ar AE agus a Bhallstáit dá bhrí sin, dlús a chur lena n-iarrachtaí chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin dhaonnúla agus na riachtanais dhaonna agus aird ar leith a thabhairt ar dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear na daoine sin atá lonnaithe i gceantair ar deacair teacht orthu;

73.  ag cur in iúl gur oth léi an fíoras nach bhfuil aon chomhaontú foirmiúil bainte amach in ainneoin Airteagal 28(4) CAPD a deir gur cheart go dtabharfadh na Comhpháirtithe comhaontú um athligean isteach i gcrích agus nach bhfuil ann ach comhaontú neamhfhoirmiúil – an Comhghníomh don Todhchaí; ag brath go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí comhaontú ar bith um athligean isteach ar bhonn foirmiúil chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú; ag cur in iúl gur oth léi an easpa formhaoirseacht pharlaiminteach agus rialú daonlathach ar thabhairt i gcríoch an Chomhghnímh don Todhchaí agus ag cur i bhfios an tábhacht a bhaineann le hidirphlé leanúnach le gníomhaithe ábhartha a sheoladh chun réiteach inbhuanaithe maidir leis an ngné réigiúnach a aimsiú i dtaca le saincheist na ndídeanaithe Afganastánacha;

74.  ag cur in iúl gur oth léi an sreabhadh imirce ón Afganastáin chuig an Iarthar, go háirithe i gcás na ndaoine oilte agus óga, mar gheall ar easpa deiseanna sa tír; ag cur i bhfáth cúnamh AE chun saolta eisimirceach Afganastánach atá scaipthe amach sa Phacastáin agus san Iaráin a fheabhsú; á iarraidh ar na tíortha sin gan na daoine sin a dhíbirt, ar rud é a d’fhéadfadh éifeacht an-dhiúltach a bheith aige ar chobhsaíocht agus ar gheilleagar na hAfganastáine; ag tathant go ndéanfaí filleadh dídeanaithe chuig a mbailte a eagrú ar bhealach sábháilte, eagraithe agus deonach;

75.  ag moladh an Choimisiúin as mórthionscadal a chur ar bun in 2016 chun ath-lánpháirtiú níos fearr a dhéanamh ar imircigh fhillteacha san Afganastáin, sa Bhanglaidéis agus sa Phacastáin, le EUR 72 mhilliún curtha i leataobh go sonrach don Afganastáin idir 2016 agus 2020;

76.  ag leagan béim ar an bhfíoras nár cheart féachaint ar chúnamh um fhorbairt ón AE don Afganastáin go heisiach ó thaobh na himirce de agus ó thaobh chuspóirí an bhainistithe teorainneacha de, agus ag meas gur cheart go rachadh cabhair um fhorbairt i ngleic le bunchúiseanna na himirce go héifeachtach;

Comhar earnálach

77.  ag tathant ar an gCoimisiún straitéisí cuimsitheacha a chur i láthair do gach earnáil agus é mar aidhm leo forbairt fhorleathan a áirithiú i ngach réimse comhair leis an Afganastáin;

78.  ag iarraidh iarrachtaí chun úsáid fhónta a bhaint as taithí AE maidir le fothú acmhainní agus riarachán poiblí agus athchóiriú ar an státseirbhís; ag leagan béim ar an ngéarghá atá le feabhas a chur ar rialachas i réimse an chánachais; ag iarraidh tacaíocht i gcomhair eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, le lánurraim dá gcúlra eitneach, reiligiúnach, sóisialta nó polaitiúil difriúil;

79.  ag cur i bhfáth an fhíorais go soláthraítear 50 % d’ioncam phobal na hAfganastáine agus ceathrú dá OTI leis an talmhaíocht; ag tabhairt dá haire go bhfuil AE tiomanta do EUR 1.4 billiún a chaitheamh idir 2014 agus 2020 ar thionscadail forbartha i gceantair thuaithe; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil na tionscadail sin an-tábhachtach chun a áirithiú nach mbogfaidh feirmeoirí i dtreo an gheilleagair dhuibh;

80.  ag tabhairt dá haire go mbíonn 80 % de phobal na hAfganastáine i mbun talmhaíocht leorchothaitheach i dtimpeallacht nach bhfeileann don talmhaíocht, le drochmhodhanna uiscithe; ag tacú le hiarrachtaí a threisiú chun slándáil an tsoláthair bia a áirithiú;

81.  ag tabhairt dá haire go himníoch an triomach reatha san Afganastáin, arb é an triomach is measa é leis na blianta fada agus atá ag bagairt ar dhaoine, ar bheostoc agus ar an talmhaíocht; ag cur in iúl go bhfuil imní uirthi thairis sin maidir le tubaistí nádúrtha rialta amhail tulcaí, sciorrthaí talún agus geimhrí diana;

82.  ag tabhairt dá haire go himníoch go n-eascraíonn easáitiú, bochtaineacht, ocras agus, i gcásanna áirithe bogadh go dtí an margadh dubh as díobháil do tháirgí talmhaíochta amhail cruithneacht, agus go bhfuil trí mhilliún duine go mór mór i mbaol ó thaobh shlándáil an tsoláthair bia agus cailleadh slí bheatha;

83.  ag aithint, trí níos mó de luachshlabhra na próiseála bia a bhogadh ar ais isteach san Afganastáin, go bhféadfaí ioncam a mhéadú do theaghlaigh, slándáil an tsoláthair bia a mhéadú, costais bhia a laghdú agus níos mó deiseanna fostaíochta a chur ar fáil;

84.  á mholadh do AE leanúint dá iarrachtaí chun cúram sláinte san Afganastáin a fheabhsú agus ag cur i bhfios a thábhachtaí atá vacsaíniú do gach duine, ach go háirithe dóibh siúd a bhfuil leochaileacht faoi leith acu do thinneas, amhail leanaí;

85.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur mhéadaigh rochtain phríomhúil ar chúram sláinte ó 9 % go dtí níos mó ná 57 %, gur mhéadaigh ionchas saoil ó 44 go 60 agus gurbh fhéidir na feabhsuithe sin a bhaint amach mar thoradh ar ranníocaíochtaí ó AE, ó Bhallstáit aonair agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta; ag aithint, i bhfianaise a bhfuil bainte amach, go bhfuil gá ann fós níos mó a dhéanamh chun leanúint leis an ionchas saoil a ardú agus ráta básmhaireachta na mban a shaolaíonn leanaí a laghdú, chomh maith le ráta básmhaireachta leanaí nuabheirthe;

86.  ag cáineadh go trom na cleachtais éillitheacha i gcóras cúraim sláinte na hAfganastáine, amhail allmhairiú cógas neamhdhleathach, agus ag tathant ar AE leanúint ar aghaidh le brú a chur ar Rialtas na hAfganastáine chun níos mó a dhéanamh chun cleachtais éillitheacha den chineál sin a chosc;

87.  ag athdhearbhú go bhfuil gá le gairmithe oilte leighis laistigh den Afganastáin agus á mholadh do AE agus a Bhallstáit leanúint de bheith ag tabhairt isteach gairmithe leighis chun oiliúint a chur ar dhochtúirí agus ar oibrithe leighis áitiúla;

88.  ag tabhairt dá haire go ndéantar díobháil do gach taobh, go háirithe do shochaí na hAfganastáine, le gáinneáil ar dhaoine agus le smuigleáil imirceach; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go gasta na comhaontuithe atá ann cheana féin, lena n-áirítear na comhaontuithe maidir le malartú faisnéise, chun líonraí coiriúla idirnáisiúnta a bhaint as a chéile, ar líonraí iad a bhaineann tairbhe as éagobhsaíocht agus institiúidí laga;

Cur chun feidhme CAPD

89.  ag cur in iúl gur díol sásaimh di CAPD mar an chéad chaidreamh conarthach idir AE agus an Afganastáin;

90.  ag tabhairt dá haire go soláthraítear le CAPD an bonn chun caidreamh a fhorbairt i réimsí éagsúla amhail an smacht reachta, sláinte, forbairt tuaithe, oideachas, eolaíocht agus teicneolaíocht, frith-éilliú, sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, coireacht eagraithe agus drugaí, imirce, slándáil núicléach, neamhleathadh arm ollscriosta agus athrú aeráide;

91.  ag fáiltiú roimh bhunú na gcomhlachtaí comhpháirteacha comhair ar an leibhéal feidhmiúcháin, agus béim á leagan ar idirphlé rialta a bheith ann maidir le saincheisteanna polaitiúla, lena n-áirítear cearta an duine, go háirithe cearta na mban agus na leanaí, ar gnéithe bunriachtanacha den chomhaontú seo iad, agus dul i ngleic le dúshláin agus deiseanna a chruthú i gcomhair comhpháirtíocht níos láidre;

92.  ag cur in iúl gur ábhar imní é nach bhfuil forálacha in CAPD maidir le grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach a dhéanamh ar a chur chun feidhme; ag cur ról Pharlaimint na hEorpa, ról pharlaimintí na mBallstát agus ról Pharlaimint na hAfganastáine chun cinn maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CAPD;

93.  ag tabhairt dá haire gur cuireadh Toscaire Speisialta in ionad Ionadaí Speisialta AE don Afganastáin amhail ó Mheán Fómhair 2017, arna chuíchóiriú laistigh de struchtúr SEGS;

94.  ag cur in iúl gur oth léi gur lean an Chomhairle ar aghaidh le cinneadh maidir le cur i bhfeidhm sealadach i réimsí atá faoi réir thoiliú na Parlaiminte, go háirithe an chaibidil ar chomhar maidir le hábhair thrádála agus infheistíochta, atá laistigh d’inniúlachtaí eisiacha AE, seachas daingniú a iarraidh go luath sa phróiseas, sula ndearnadh an beart sin; á mheas go bhfuil an cinneadh sin bunoscionn le prionsabal an chomhair dhílis atá cumhdaithe in Airteagal 4(3) CAE agus go mbaineann sé an bonn ó chearta dlíthiúla agus freagrachtaí dlíthiúla na Parlaiminte;

o
o   o

95.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig VP/HR, chuig Toscaire Speisialta AE le haghaidh na hAfganastáine, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rialtas agus Parlaimint Phoblacht Ioslamach an hAfganastáine.

(1)IO L 67, 14.3.2017, lch. 3.
(2)Téacsanna arna nglacadh, P8_TA-PROV(2019)0169.
(3) IO C 65, 19.2.2016, lch. 133.
(4) IO C 169 E, 15.6.2012, lch. 108.
(5) IO C 168 E, 14.6.2013, lch. 55.
(6) IO C 378, 9.11.2017, lch. 73.
(7) IO C 349, 17.10.2017, lch. 41.
(8) IO C 366, 27.10.2017, lch. 129.
(9) IO C 66, 21.2.2018, lch. 17.
(10) IO C 298, 23.8.2018, lch. 39.
(11) IO C 337, 20.9.2018, lch. 48.
(12) IO C 369, 11.10.2018, lch. 85.
(13) Cinntí ón gComhairle an 10 Samhain 2011 (16146/11 agus 16147/11).
(14) Tuarascáil EASO maidir le Faisnéis faoi Thír Thionscnaimh, Staid Slándála san Afganastáin - an tEolas is déanaí, Bealtaine 2018, https://coi.easo.europa.eu/administration/easo/PLib/Afghanistan-security_situation_2018.pdf
(15) Ardchigire na Stát Aontaithe d’Atógáil na hAfganastáine (SIGAR), Tuarascáil ráithiúil chuig Comhdháil na Stát Aontaithe, an 30 Deireadh Fómhair 2018, https://www.sigar.mil/pdf/quarterlyreports/2018-10-30qr.pdf
(16) https://www.unodc.org/unodc/en/frontpage/2018/May/last-years-record-opium-production-in-afghanistan-threatens-sustainable-development--latest-survey-reveals.html


Rannpháirtíocht na hIorua, na hÍoslainne, na hEilvéise agus Lichtinstéin in eu-LISA ***
PDF 119kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an tSocraithe, ar son an Aontais, idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hÍoslainne, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin, den pháirt eile, i dtaca le rannpháirtíocht na Stát sin sa Ghníomhaireacht Eorpach chun bainistiú oibríochtúil a dhéanamh ar chórais mhórscála TF sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (15832/2018 – C8-0035/2019 – 2018/0316(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0171A8-0081/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15832/2018),

–  ag féachaint don dréachtsocrú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua, Poblacht na hÍoslainne, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin (12367/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a chuir an Chomhairle isteach i gcomhréir le hAirteagail 74, 77(2)(a) agus (b), 78(2)(e), 79(2)(c), 82(1)(d), 85(1), 87(2)(a) agus 88(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0035/2018),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0081/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an socrú a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na hIorua, Phoblacht na hÍoslainne, Chónaidhm na hEilvéise agus Phrionsacht Lichtinstéin.


Ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí ***I
PDF 378kWORD 141k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (COM(2015)0615 – C8-0387/2015 – 2015/0278(COD))
P8_TA-PROV(2019)0173A8-0188/2017

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2015)0615),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0387/2015),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Bealtaine 2016(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 19 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 39 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha (A8-0188/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí

P8_TC1-COD(2015)0278


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is é is cuspóir leis an Treoir seo cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe, go háirithe trí dheireadh agus cosc a chur leis na bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí inrochtana áirithe a eascraíonn ó cheanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit. Ar an gcaoi sin, thiocfadh méadú ar infhaighteacht táirgí agus seirbhísí inrochtana ar an margadh inmheánach agus thiocfadh feabhas ar inrochtaineacht na faisnéise ábhartha.

(2)  Tá éileamh ard ar tháirgí agus ar sheirbhísí inrochtana agus meastar go dtiocfaidh méadú suntasach ar an líon daoine faoi mhíchumas. Ceadaítear le timpeallacht ina mbíonn táirgí agus seirbhísí níos inrochtana sochaí níos cuimsithí inar fusa ag daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt ar aird go bhfuil míchumas san Aontas níos leitheadaí i measc na mban ná mar atá i measc na bhfear.

(3)  Sa Treoir seo, sainítear daoine faoi mhíchumas i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, arna ghlacadh an 13 Nollaig 2006 (UN CRPD), dar Páirtí an tAontas ón 21 Eanáir 2011 agus atá daingnithe ag na Ballstáit ar fad. Sonraítear le UN CRPD go "n-áirítear le daoine faoi mhíchumas daoine a bhfuil lagú fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d'fhéadfadh iad a chosc ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a ghlacadh sa tsochaí ar bhonn atá comhionann le daoine eile". Cuirtear chun cinn leis an Treoir seo rannpháirtíocht chomhionann iomlán agus éifeachtach trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí príomhshrutha lena dtabharfar aghaidh ar riachtanais áirithe daoine faoi mhíchumas trína gcéad-dearadh nó a n-oiriúnú iardain.

(4)  D'fhéadfadh daoine eile a bhfuil teorainneacha lena gcumas, amhail daoine scothaosta, mná torracha nó daoine atá ag taisteal le bagáiste, tairbhe a bhaint as an Treoir seo freisin. Tagraítear, leis an gcoincheap "daoine a bhfuil teorainneacha lena gcumas" dá dtagraítear sa Treoir seo, do dhaoine a bhfuil aon lagú fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach acu nó lagú a bhaineann le haois, nó cúiseanna eile a bhaineann le feidhmíocht chorp an duine, idir buan nó sealadach, agus nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le bacainní éagsúla go mbíonn rochtain laghdaithe acu ar tháirgí agus ar sheirbhísí, as a n-eascraíonn staid ina n-éilítear na táirgí agus na seirbhísí sin a bheith oiriúnaithe dá gcuid riachtanas ar leith.

(5)  Leis na héagothromachtaí idir na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin arna nglacadh ag Ballstáit i ndáil le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí le haghaidh daoine faoi mhíchumas, cruthaítear bacainní ar shaorghluaiseacht na dtáirgí agus na seirbhísí sin agus saobhadh ar iomaíocht éifeachtach ar an margadh inmheánach. Maidir le roinnt táirgí agus seirbhísí, is dócha go dtiocfaidh méadú ar na héagothromaíochtaí mar gheall ar theacht i bhfeidhm an UN CRPD. Is ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), a bhíonn éifeacht ag na bacainní sin.

(6)  De bharr difríochtaí sna ceanglais náisiúnta maidir leis an inrochtaineacht, déantar gairmithe aonair, go háirithe FBManna agus micrifhiontair a dhíspreagadh ó pháirt a ghlacadh i bhfiontar gnó lasmuigh dá margaí baile féin. Tá na ceanglais inrochtaineachta náisiúnta, nó fiú réigiúnacha nó áitiúla, atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit, difriúil i ndáil le clúdach agus leibhéal mionsonraithe araon. Déanann na difríochtaí sin dochar don iomaíochas agus don fhás, de bharr na gcostas breise a thabhaítear agus táirgí agus seirbhísí inrochtana do gach margadh náisiúnta á bhforbairt agus á margú.

(7)  Tá praghsanna arda i ndán do thomhaltóirí táirgí agus seirbhísí inrochtana agus teicneolaíochtaí cúnta de dheasca iomaíocht theoranta i measc soláthróirí. Le hilroinnt i measc rialacháin náisiúnta, laghdaítear an leas a d'fhéadfaí a bhaint as taithí a roinnt le comhghleacaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le freagairt d'fhorbairtí teicneolaíocha agus sochaíocha.

(8)  Tá comhfhogasú na mbeart náisiúnta ar leibhéal an Aontais riachtanach, dá bhrí sin, ar mhaithe le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh chun deireadh a chur leis an ilroinnt táirgí agus seirbhísí inrochtana sa mhargadh, chun barainneachtaí scála a chruthú, chun trádáil agus soghluaisteacht trasteorann a éascú, mar aon le cabhrú le hoibreoirí eacnamaíocha acmhainní a dhíriú ar an nuálaíocht in ionad na hacmhainní sin a úsáid le costais a eascraíonn as reachtaíocht ilroinnte ar fud an Aontais a chlúdach.

(9)  Tá na leasanna a bhaineann le ceanglais inrochtaineachta a chomhchuibhiú don mhargadh inmheánach léirithe trí chur i bhfeidhm Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) maidir le hardaitheoirí agus Rialachán (CE) Uimh 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) i réimse an iompair.

(10)  I nDearbhú Uimh. 22, maidir le daoine faoi mhíchumas, atá i gceangal le Conradh Amstardam, tháinig Comhdháil Ionadaithe Rialtais na mBallstát ar chomhaontú, agus bearta á n-ullmhú faoi Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go bhfuil institiúidí an Aontais chun aird a thabhairt ar na riachtanais atá ag daoine faoi mhíchumas.

(11)  Is é an aidhm fhoriomlán atá ag an teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2015 'Straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach don Eoraip', tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta inbhuanaithe a bhaint amach ó mhargadh aonair digiteach idirnasctha, lena n-éascófar trádáil agus lena gcuirfear fostaíocht chun cinn san Aontas. Ní bhaineann tomhaltóirí an Aontais leas iomlán go fóill as praghsanna agus roghanna is féidir leis an margadh aonair a chur ar fáil, mar bíonn idirbhearta trasteorann ar líne fós an-teoranta. Cuireann ilroinnt srian freisin le hidirbhearta trasteorann r-thráchtála. Tá gá freisin le gníomhaíocht chomhbheartaithe chun a áirithiú go mbeidh inneachar leictreonach amhail seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc ar fáil ina iomláine do dhaoine faoi mhíchumas. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, ceanglais inrochtaineachta a chomhchuibhiú ar fud an mhargaidh aonair dhigitigh agus a áirithiú go mbeidh gach saoránach de chuid an Aontais in ann leas a bhaint as na sochair beag beann ar na cumais atá acu.

(12)  Tar éis don Aontas éirí ina pháirtí de UN CRPD, tá a chuid forálacha ina chuid dhílis anois de dhlíchóras an Aontais agus tá siad ina gceangal ar institiúidí an Aontais gona Bhallstáit.

(13)  Ceanglaítear, le UN CRPD, ar na Páirtithe bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar an timpeallacht fhisiciúil, ar iompar, ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, lena n-áirítear faisnéis agus teicneolaíochtaí cumarsáide agus córais chumarsáide, agus ar shaoráidí agus ar sheirbhísí eile atá ar oscailt don phobal nó á gcur ar fáil don phobal, i gceantair uirbeacha nó thuaithe araon. Tá sé sainaitheanta ag Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta Daoine faoi Mhíchumas nach mór creat reachtach a chruthú lena ngabhann tagarmharcanna nithiúla, in-fhorfheidhmithe agus faoi cheangal ama chun faireachán a dhéanamh ar an inrochtaineacht a chur chun feidhme de réir a chéile.

(14)  Iarrtar in UN CRPD ar a bPáirtithe taighde agus forbairt a chur chun cinn, agus infhaighteacht agus úsáid teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn, lena n-áirítear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, áiseanna soghluaisteachta, feistí agus teicneolaíochtaí cúnta, a bheadh oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas. Iarrtar sa UN CRPD freisin go dtabharfaí tosaíocht do theicneolaíochtaí inacmhainne.

(15)  Le teacht i bhfeidhm UN CRPD i ndlíchórais na mBallstát, is gá forálacha breise náisiúnta a ghlacadh maidir le hinrochtaineacht táirgí agus seirbhísí. Gan gníomhaíocht ón Aontas, mhéadófaí a thuilleadh leis na forálacha sin na héagothromaíochtaí idir forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát.

(16)  Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, cur i bhfeidhm an UN CRPD san Aontas a éascú trí rialacha comhchoiteanna de chuid an Aontais a chur ar fáil. Tugtar tacaíocht leis an Treoir seo freisin do na Ballstáit maidir lena gcuid iarrachtaí a ngealltanais náisiúnta a chomhlíonadh mar aon lena n-oibleagáidí faoi UN CRPD i ndáil le hinrochtaineacht ar bhealach comhchuibhithe.

(17)  Le teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2010 "Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020 – Tiomantas Athnuaite Chun go mBeidh an Eoraip Saor ó Bhacainní " – i gcomhréir leis an UN CRPD, aithnítear inrochtaineacht mar cheann amháin de na hocht réimse gníomhaíochta, léirítear gur réamhchoinníoll bunúsach í le haghaidh rannpháirtíocht sa tsochaí, agus is é is aidhm léi inrochtaineacht ar tháirgí agus seirbhísí a áirithiú.

(18)  Is ar bhonn cleachtaidh scagtha a dhéantar na táirgí agus na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a chinneadh, a rinneadh le linn an mheasúnaithe tionchair a ullmhú lenar sainaithníodh táirgí agus seirbhísí ábhartha do dhaoine faoi mhíchumas, agus ar ghlac Ballstáit, nó ar dócha go nglacfaidh siad ceanglais inrochtaineachta éagsúla náisiúnta ina dtaobh a chuirfeadh isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(19)  D'fhonn inrochtaineacht na seirbhísí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a áirithiú, maidir leis na táirgí a úsáidtear i soláthar na seirbhísí sin lena mbíonn an tomhaltóir ag idirghníomhú, ba cheart a cheangal orthu ceanglais inrochtaineachta infheidhme na Treorach seo a chomhlíonadh.

(20)  Fiú má chuirtear seirbhís, nó cuid de sheirbhís, ar fochonradh chuig tríú páirtí, níor cheart inrochtaineacht na seirbhísí sin a chur i mbaol agus ba cheart do na soláthraithe oibleagáidí na Treorach seo a chomhlíonadh. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse a áirithiú freisin go gcuirfear oiliúint chuí leanúnach ar a bpearsanra lena áirithiú go mbeidh siad ar an eolas faoin dóigh le táirgí agus seirbhísí inrochtaineachta a úsáid. Ba cheart saincheisteanna amhail soláthair faisnéise, comhairle agus fógraíocht a chumhdach san oiliúint sin.

(21)  Ba cheart ceanglais inrochtaineachta a thabhairt isteach nach gcuirfeadh ach an t-ualach is lú ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar na Ballstáit.

(22)  Ní mór ceanglais inrochtaineachta a shonrú chun táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo a chur ar an margadh d'fhonn a áirithiú go mbeidh saorghluaiseacht i ndán dóibh ar an margadh inmheánach.

(23)  Leis an Treoir seo ba cheart go mbeadh sé éigeantach go n-úsáidfí ceanglais inrochtaineachta feidhme agus ba cheart iad a fhoirmliú i dtéarmaí cuspóirí ginearálta. Ba cheart na ceanglais sin a bheith beacht go leor chun oibleagáidí a chruthú a bheadh ceangailteach ó thaobh an dlí agus mionsonraithe go leordhóthanach ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmeodh an margadh inmheánach mar is cuí do na táirgí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo, mar aon le leibhéal áirithe solúbthachta a áirithiú ionas go n-éascófaí an nuálaíocht.

(24)  Tá roinnt critéar feidhmíochta feidhmiúla sa Treoir seo a bhaineann le móid oibríochtaí táirgí agus seirbhísí. Níl na critéir sin ceaptha a bheith ina rogha mhalartach ghinearálta ar na ceanglais inrochtaineachta sa Treoir seo agus níor cheart iad a úsáid ach i gcúinsí an-sonrach. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir sin maidir le feidhmeanna sonracha nó gnéithe de na táirgí nó na seirbhísí sin, ionas go mbeidh rochtain orthu, nuair nach dtugann ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na feidhmeanna sonracha nó gnéithe sin. . Sa bhreis air sin, i gcás ina dtarlódh sé amach anseo go mbeadh ceanglais theicniúla shonracha i gceanglas inrochtaineachta, agus ina gcuirfí réiteach teicniúil malartach ar na ceanglais theicniúla sin ar fáil leis an táirge nó seirbhís, ba cheart don réiteach teicniúil malartach sin na ceanglais inrochtaineachta ghaolmhara sin a chomhlíonadh i gcónaí agus inrochtaineacht choibhéiseach nó mhéadaithe a bheith ina toradh air sin trí na critéir feidhmíochta ábhartha feidhmiúla a chur i bhfeidhm.

(25)  Ba cheart córais chrua-earraí ríomhaireachta le haghaidh gnáthúsáid tomhaltóirí a chumhdach faoin Treoir seo. Ionas go bhfeidhmeoidh na córais sin ar shlí inrochtana, ba cheart a gcórais oibriúcháin a bheith inrochtana freisin. Is sainghnéithe de chórais chrua-earraí ríomhaireachta iad a gcineál ilchuspóireach agus a gcumas, leis na bogearraí iomchuí, na cúraimí ríomhaireachta is coitianta a iarrann tomhaltóirí a fheidhmiú agus é beartaithe gur tomhaltóirí a oibreoidh iad. Samplaí de na córais chrua-earraí ríomhaireachta sin is ea ríomhairí pearsanta, lena n-áirítear ríomhairí deisce, ríomhairí glúine, fóin chliste agus táibléid. Ní córais chrua-earraí ríomhaireachta le haghaidh gnáthúsáide ríomhairí speisialaithe a neadaítear i dtáirgí leictreonaice do thomhaltóirí. Níor cheart go gcumhdófaí faoin Treoir seo, ar bhonn aonair, comhpháirteanna aonair a bhfuil feidhmeanna sonracha acu, amhail príomhchlár nó slis cuimhne, a úsáidtear nó a d'fhéadfaí a úsáid i gcóras den sórt sin.

(26)  Ba cheart a chumhdach freisin leis an Treoir seo teirminéil íocaíochta, lena n-áirítear a gcrua-earraí agus bogearraí, agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha áirithe, lena n-áirítear a gcrua-earraí agus bogearraí, a úsáidtear go sainiúil chun seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo a sholáthar, mar shampla Uathmheaisín Bainc, meaisíní ticéadaithe a eisíonn ticéid fhisiciúla lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí ar nós dáileoirí ticéad taistil; meaisíní ticéad i gcomhair scuaine in oifig bainc; meaisíní seiceála isteach; agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha lena ndéantar faisnéis a sholáthar, lena n-áirítear scáileáin faisnéise idirghníomhacha.

(27)  Mar sin féin, ba cheart teirminéil áirithe féinseirbhíse idirghníomhacha trína gcuirtear faisnéis ar fáil a suiteáiltear mar pháirteanna comhtháite feithiclí, aerárthaí, long nó rothstoic a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo ó tharla nach páirteanna iad de na feithiclí, na haerárthaí, na longa ná an rothstoc a chumhdaítear leis an Treoir seo.

(28)  Ba cheart seirbhísí cumarsáide leictreonaí a chumhdach faoin Treoir seo chomh maith, lena n-áirítear cumarsáid éigeandála a shainítear i dTreoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7). Faoi láthair, tá na bearta a ghlac na Ballstáit chun rochtain a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas dibhéirseach agus níl siad comhchuibhithe ar fud an Aontais inmheánaigh. Trína áirithiú go mbeidh feidhm ag na ceanglais inrochtaineachta chéanna ar fud an Aontais, beidh barainneachtaí scála ann le haghaidh oibreoirí eacnamaíocha atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin agus éascófar rochtain éifeachtach do dhaoine faoi mhíchumas ina mBallstáit féin agus nuair a bhíonn siad ag taisteal idir na Ballstáit. Ionas go mbeidh rochtain ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear cumarsáid éigeandála, ba cheart do na soláthraithe , de bhreis ar ghlór, téacs fíor ama agus seirbhísí comhrá iomlán a chur ar fáil i gcónaí i gcás ina soláthraíonn siad físeán, chun sioncrónú na modhanna cumarsáide sin go léir a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit, sa bhreis ar cheanglais na Treorach seo a leagtar amach sa Treoir seo i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972, a bheith in ann soláthraí seirbhíse athsheachadta a chinneadh, a bhféadfadh daoine faoi mhíchumas úsáid a bhaint as.

(29)  Leis an Treoir seo, comhchuibhítear na ceanglais inrochtaineachta i dtaobh seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus táirgí gaolmhara, agus comhlánaítear Treoir (AE) 2018/1972 lena leagtar síos ceanglais maidir le rochtain agus rogha choibhéiseach d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas. Leagtar síos freisin i dTreoir (AE) 2018/1972 ceanglais faoi oibleagáidí seirbhíse uilíche maidir le hinacmhainneacht rochtana idirlín agus cumarsáide gutha agus maidir le hinacmhainneacht agus infhaighteacht trealaimh teirminéil ghaolmhair, trealaimh shonraigh agus seirbhísí do thomhaltóirí deiridh faoi mhíchumas.

(30)  Ba cheart a chumhdach faoin Treoir seo freisin trealamh teirminéil do thomhaltóirí a bhfuil acmhainn ríomhaireachta idirghníomhach aige a úsáidfear go príomha, is dócha, chun rochtain a fháil ar na seirbhísí cumarsáide leictreonaí sin. Chun crícha na Treorach seo ba cheart a mheas go n-áirítear ar an trealamh sin trealamh a úsáidtear mar chuid den socrú maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cumarsáide leictreonaí , amhail ródaire nó móideim.

(31)  Chun crícha na Treorach seo, ba cheart go gciallódh rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc go gcaithfidh an rochtain ar inneachar closamhairc a bheith inrochtana, mar aon le sásraí lena bhféadfaidh úsáideoirí faoi mhíchumas a dteicneolaíochtaí cúnta a úsáid. D'fhéadfadh sé gur suíomhanna gréasáin, feidhmchláir ar líne, feidhmchláir atá bunaithe ar bhoscaí bairr, feidhmchláir in-íoslódála, seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir shoghluaiste agus seinnteoirí meán gaolmhara chomh maith le seirbhísí teilifíse nasctha iad na seirbhísí a sholáthraíonn rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc. Rialaítear inrochtaineacht ar sheirbhísí meán closamhairc i dTreoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), cé is moite d'eolairí leictreonacha clár a áirítear sa sainmhíniú ar sheirbhísí a sholáthraíonn rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc a mbíonn feidhm ag an Treoir seo maidir leo.

(32)  I gcomhthéacs seirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus ar uisce, ba cheart a chumhdach faoin Treoir seo inter alia seachadadh na faisnéise seirbhíse iompair lena n-áirítear faisnéis taistil fíor-ama trí shuíomhanna gréasáin seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe, scáileáin faisnéise idirghníomhacha agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha a bhíonn de dhíth ar phaisinéirí faoi mhíchumas chun taisteal. D'fhéadfaí a áireamh leis sin, faisnéis réamhthaistil, faisnéis le linn an turais agus faisnéis a sholáthraítear nuair a chuirtear seirbhís ar ceal nó nuair a chuirtear moill ar a himeacht. Féadfar a áireamh sna heilimintí eile faisnéise, maidir le praghsanna agus promóisin.

(33)  Ba cheart a chumhdach freisin faoin Treoir seo suíomhanna gréasáin, seirbhísí ar ghléasanna móibíleacha, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, a cheaptar nó a chuirtear ar fáil ag seirbhísí iompair paisinéirí nó thar a gceann laistigh de raon feidhme na Treorach seo, seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh, ticéid leictreonacha agus teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha.

(34)  Ba cheart don chinneadh maidir le raon feidhme na Treorach seo i dtaca le seirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus ar uisce a bheith bunaithe ar an reachtaíocht earnála sin arb ann di cheana a bhaineann le cearta paisinéirí. I gcás nach mbaineann an Treoir seo le cineálacha áirithe seirbhísí iompair, ba cheart do Bhallstáit soláthraithe seirbhísí a spreagadh chun seirbhísí inrochtaineachta ábhartha na Treorach seo a chur i bhfeidhm.

(35)  Leagtar síos cheana féin le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) oibleagáidí na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí a bhfuil seirbhísí iompair agus á sholáthar acu, lena n-áirítear seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha le go mbeidh a suíomhanna gréasáin níos inrochtana. Thairis sin, tá díolúintí sa Treoir sin do mhicrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus réigiúnacha. Sa bhreis air sin, tá oibleagáidí sa Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh suíomhanna gréasáin r-thráchtála inrochtana. Ós rud é go mbeidh oibleagáid sa Treoir seo ar an gcuid is mó de sholáthraithe seirbhíse iompair príobháideacha a suíomhanna gréasáin a dhéanamh níos inrochtana, agus ticéid á ndíol ar líne acu, ní gá tuilleadh ceanglas a thabhairt isteach sa Treoir seo do shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus do shuíomhanna gréasáin soláthraithe seirbhísí iompair réigiúnacha.

(36)  Cumhdaítear cheana eilimintí áirithe de na ceanglais inrochtaineachta ag dlí an Aontais atá ann cheana i réimse iompair do phaisinéirí, go háirithe maidir le soláthar na faisnéise a leagtar amach sa Treoir seo. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12),Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) agus Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14). Áirítear leis seo freisin gníomhartha ábhartha arna nglacadh ar bhonn Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15). Chun comhsheasmhacht rialála a áirithiú, ba cheart do na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sna Rialacháin sin leanúint d'fheidhm a bheith acu faoi mar a bhí go dtí seo. Mar sin féin, bheadh ceanglais bhreise a leagtar amach sa Treoir seo ina bhforlíonadh ar na ceanglais atá ann cheana, lena bhfeabhsófaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i réimse an iompair agus a rachadh chun sochair daoine faoi mhíchumas.

(37)  Níor cheart eilimintí áirithe de sheirbhísí iompair a chumhdach faoin Treoir seo i gcás ina mbíonn siad ar fáil lasmuigh de chríoch na mBallstát fiú más dírithe ar mhargadh an Aontais a bhíonn an tseirbhís. Maidir leis na heilimintí sin, níor cheart oibleagáid a bheith ar oibreoir seirbhíse iompair ach maidir lena áirithiú go bhfuil na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh i ndáil leis an gcuid den tseirbhís a thairgtear laistigh de chríoch an Aontais. I gcás aeriompair, áfach, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar aeriompróirí de chuid an Aontais a áirithiú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh freisin i gcás eitiltí a imíonn as aerfort atá suite i dtríú tír agus a eitlíonn go haerfort atá suite laistigh de chríoch Ballstát. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar gach aeriompróir, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil ceadúnaithe san Aontas, a áirithiú go bhfuil na ceanglais is infheidhme a leagtar amach sa Treoir seo á gcomhlíonadh i gcás ina n-imíonn na heitiltí as críoch de chuid an Aontais go críoch i dtríú tír.

(38)  Ba cheart a mholadh d'údaráis uirbeacha inrochtaineacht saor ó bhacainní ar sheirbhísí iompair uirbeacha a chomhtháthú ina bPleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (PSUInna), chomh maith le liostaí dea-chleachtais maidir le hinrochtaineacht shaor ó bhacainní ar iompar poiblí uirbeach agus soghluaisteacht a fhoilsiú go rialta.

(39)  Tá sé mar aidhm le dlí an Aontais maidir le seirbhísí baincéireachta agus airgeadais tomhaltóirí na seirbhísí sin a chosaint agus faisnéis a sholáthar dóibh ar fud an Aontais ach ní áirítear ceanglais inrochtaineachta léi áfach. D'fhonn a chur ar cumas daoine faoi mhíchumas na seirbhísí sin a úsáid ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gcás ina soláthraítear iad le suíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha, chun cinntí feasacha a dhéanamh, agus d'fhonn go mbeidh muinín acu go bhfuiltear á gcosaint go leordhóthanach agus ar bhonn is comhionann le tomhaltóirí eile, agus d'fhonn cothrom na Féinne a áirithiú do sholáthraithe seirbhíse, ba cheart ceanglais inrochtaineachta chomhchoiteanna a bhunú faoin Treoir seo i dtaobh seirbhísí baincéireachta agus airgeadais áirithe a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí.

(40)  Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais inrochtaineachta freisin i dtaca le modhanna sainaitheantais, síniú leictreonach agus seirbhísí íocaíochta toisc go bhfuil gá leo sin chun aistrithe baincéireachta a thabhairt i gcrích.

(41)  Bunaítear comhaid ríomhleabhair ar chódú ríomhaire leictreonach lena gcumasaítear cúrsaíocht saothair intleachtúil atá téacsach agus grafach den chuid is mó, agus é a sheiceáil. Is le leibhéal beachtais an chódaithe sin a chinntear an inrochtaineacht ar chomhaid ríomhleabhair, go háirithe maidir le cáilíocht eilimintí bunaitheacha éagsúla an tsaothair agus cur síos caighdeánaithe a struchtúir. Mar gheall ar idir-inoibritheacht i dtéarmaí inrochtaineachta, ba cheart go gcuirfí barr feabhais ar chomhoiriúnacht na gcomhad sin le gníomhairí úsáideora agus leis na teicneolaíochtaí cúnta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Ba cheart gnéithe sonracha d'imleabhair speisialta amhail greannáin leanaí, leabhair do pháistí agus leabhair ealaíne a mheas i bhfianaise gach ceanglas inrochtaineachta is infheidhme. Dá mba rud é go raibh ceanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit, ba dheacair ag foilsitheoirí agus ag oibreoirí eacnamaíocha eile leas a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh, d'fhéadfaidís fadhbanna idir-inoibritheachta a chruthú le ríomhléitheoirí agus srian a chur ar an rochtain do thomhaltóirí faoi mhíchumas. I gcomhthéacs na ríomhleabhar, d'fhéadfaí a áireamh ar choincheap an tsoláthraí seirbhíse foilsitheoirí agus oibreoirí eacnamaíocha eile atá bainteach lena leithdháileadh. Aithnítear go bhfuil bacainní fós ar dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar inneachar atá cosanta ag cóipcheart agus cearta gaolmhara agus go ndearnadh bearta áirithe cheana féin chun aghaidh a thabhairt air sin, mar shampla, trí Threoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17) a ghlacadh, agus go bhféadfadh an tAontas tuilleadh bearta a dhéanamh i dtaca leis sin amach anseo.

(42)  Sa Treoir seo, sainmhínítear seirbhísí ríomhthráchtála mar sheirbhís a soláthraítear go cianda, trí shuíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe trí mheán leictreonach agus ar iarraidh aonair tomhaltóra, d'fhonn conradh tomhaltóra a thabhairt i gcrích. Chun críocha an tsainmhínithe sin, ciallaíonn "go cianda" go soláthraítear an tseirbhís gan na páirtithe a bheith i láthair ag an am céanna; ciallaíonn "trí mheán leictreonach" go seoltar agus go bhfaightear an tseirbhís ag a ceann scríbe le trealamh leictreonach próiseála agus stórála sonraí (lena n-áirítear comhbhrú digiteach), agus a tharchuirtear, a iompraítear agus a fhaightear go hiomlán ar sreang, ar raidió, ar mhodh optach nó ar mhodh leictreamaighnéadach eile; ciallaíonn "ar iarraidh aonair tomhaltóra" go soláthraítear an tseirbhís ar iarraidh aonair. I bhfianaise na hábharthachta méadaithe ar sheirbhísí ríomhthráchtála agus a cineál ard teicneolaíochta, is tábhachtach go mbeadh ceanglais chomhchuibhithe ann dá hinrochtaineacht.

(43)  Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí inrochtaineachta seirbhísí ríomhthráchtála na Troerach seo maidir le haon táirge nó aon seirbhís a dhíol ar líne agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith acu maidir le táirge nó seirbhís a chumhdaítear ina gceart féin faoin Treoir seo a dhíol.

(44)  Ba cheart na bearta a bhaineann le hinrochtaineacht freagartha cumarsáide éigeandála a ghlacadh gan dochar d'eagrú seirbhísí éigeandála agus níor cheart aon tionchar a bheith acu ar eagrú na seirbhísí sin, a fhanfaidh ina cuid d'inniúlacht eisiach na mBallstát.

(45)  I gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí éigeandála trí chumarsáid éigeandáil, agus go mbeidh sin coibhéiseach leis an rochtain a bhíonn ag úsáideoirí deiridh eile, i gcomhréir le dlí an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí. Tá ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile bearta iomchuí a ghlacadh chun a áirithiú, agus iad ag taisteal i mBallstát eile, go mbeidh rochtain ag úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas ar sheirbhísí éigeandála ar bhonn a bheidh coibhéiseach le húsáideoirí deiridh eile, nuair is indéanta, gan aon réamhchlárú. Féachtar, leis na bearta sin, le hidir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na Ballstáit agus tá siad le bunú, a mhéid is féidir, ar chaighdeáin nó ar shonraíochtaí Eorpacha a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39 de Threoir (AE) 2018/1972. Leis na bearta sin, ní dhéantar na Ballstáit a chosc ar cheanglais bhreise a ghlacadh d'fhonn na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir sin a shaothrú. Mar rogha eile chun na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i ndáil le freagairt cumarsáide éigeandála d'úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann soláthraí seirbhísí athsheachadta tríú páirtí a chinneadh a d'fhéadfadh daoine faoi mhíchumas a úsáid chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpointe freagartha glaonna éigeandála, go dtí go mbeidh na pointí freagartha glaonna éigeandála sin in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a úsáid trí phrótacail idirlín lena n-áirithítear rochtain ar fhreagairt cumarsáide éigeandála. I gcás ar bith, níor cheart a thuiscint go ndéantar, le haon oibleagáidí chun sochair na n-úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas de chuid na Treorach seo, lena n-áirítear rochtain chomhionann do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí agus seirbhísí éigeandála mar a leagtar amach i dTreoir (AE) 2018/1972 a theorannú nó a laghdú.

(46)  Sainítear le Treoir (AE) 2016/2102 na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí, agus gnéithe gaolmhara eile, go háirithe ceanglais i dtaca le comhlíonadh na suíomhanna gréasáin ábhartha agus na bhfeidhmchlár móibíleach. Tá liosta sonrach eisceachtaí sa Treoir sin, áfach. Tá eisceachtaí comhchosúla ann atá ábhartha maidir leis an Treoir seo. Maidir le roinnt gníomhaíochtaí a dhéantar trí shuíomhanna gréasáin agus trí fheidhmchláir mhóibíleacha de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí, amhail seirbhísí iompair paisinéirí nó seirbhísí ríomhthráchtála a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart dóibh na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme den Treoir seo a chomhlíonadh freisin d'fhonn a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar dhíol ar líne táirgí agus seirbhísí is cuma cé acu oibreoir poiblí nó príobháideach é an t-oibreoir eacnamaíoch. Ba cheart na ceanglais inrochtaineachta den Treoir seo a ailíniú le ceanglais Treoir (AE) 2016/2102, in ainneoin na ndifríochtaí atá ann, mar shampla, i ndáil le faireachán, tuairisciú agus forfheidhmiú.

(47)  Is iad seo a leanas ceithre phrionsabal na hinrochtaineachta suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach a úsáidtear i dTreoir (AE) 2016/2102: inbhraiteacht, a chiallaíonn go gcaithfear faisnéis agus comhpháirteanna an chomhéadain coiteann úsáideora a chur i láthair d'úsáideoirí ar bhealach is inbhraite dóibh; inoibritheacht, a chiallaíonn go gcaithfidh comhpháirteanna an chomhéadain úsáideora agus an nascleanúint a bheith inoibrithe; intuigtheacht, a chiallaíonn nach mór don fhaisnéis agus d'oibríocht an chomhéadain úsáideora a bheith intuigthe; agus stóinseacht, a chiallaíonn nach mór don inneachar a bheith stóinseach a dhóthain ionas go mbeidh raon leathan gníomhaithe úsáideora, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cúnta, in ann an fhaisnéis sin a léirmhíniú go hiontaofa. Tá na prionsabail sin ábhartha freisin don Treoir seo.

(48)  Ba cheart do na Ballstáit gach beart is iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás ina gcomhlíonann na táirgí agus na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, nach gcuirfear bac ar a saorghluaiseacht laistigh den Aontas de bharr cúiseanna a bhaineann le ceanglais inrochtaineachta.

(49)  I roinnt cásanna, dá mbeadh ceanglais chomhchoiteanna inrochtaineachta ann maidir leis an timpeallacht thógtha, ba fhusa a bheadh saorghluaiseacht na seirbhísí gaolmhara agus daoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, leis an Treoir sin, ba cheart go gcuirfí ar chumas na mBallstát an timpeallacht thógtha a úsáidtear i soláthar na seirbhísí a chur san áireamh faoi raon feidhme na Treorach sin, lena n-áirithítear comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

(50)  Ba cheart inrochtaineacht a bhaint amach trí bhacainní a bhaint agus a chosc ar bhealach córasach, de rogha trí chur chuige an deartha uilíoch nó an “deartha do chách” a úsáid, lena gcabhrófaí le háirithiú go mbeadh rochtain ag daoine faoi mhíchumas a bheadh comhionann le rochtain daoine eile. De réir an UN CRPD, is "rud a chiallaíonn dearadh táirgí, timpeallachtaí, clár agus seirbhísí ar féidir le cách iad a úsáid, a mhéid is féidir, gan gá le hoiriúnú nó dearadh speisialaithe" atá i gceist leis an gcur chuige sin. Ar aon dul leis an UN CRPD, "ní dhéanfaidh 'dearadh uilíoch' feistí cúnta a eisiamh do ghrúpaí áirithe daoine faoi mhíchumas i gcás inar gá sin". Thairis sin, níor cheart go gciallódh inrochtaineacht nach gcuirfí cóiríocht réasúnta ar fáil nuair a cheanglaítear sin faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart inrochtaineacht agus an dearadh uilíoch a léirmhíniú i gcomhréir le Barúil Ghinearálta Uimh. 2 (2014) maidir le hAirteagal 9:Inrochtaineacht arna scríobh ag an gCoiste um Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

(51)  Táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear faoi raon feidhme na Treorach seo ní thagann siad go huathoibríoch faoi raon feidhme Threoir 93/42/CEE ón gComhairle(18). Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go gcumhdófaí roinnt teicneolaíochtaí cúnta ar feistí leighis iad faoi raon feidhme na Treorach sin.

(52)  Is i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus i micreafhiontair a chuirtear tromlach na bpost ar fáil san Aontas. Tá siad ríthábhachtach don fhás amach anseo, ach is minic constaicí agus bacainní rompu agus a gcuid táirgí nó seirbhísí á bhforbairt acu, go háirithe sa chomhthéacs trasteorann. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, an obair a éascú do FBManna agus do mhicrifhiontair trí na forálacha náisiúnta maidir le hinrochtaineacht a chomhchuibhiú, agus ag an am céanna, na cosaintí is gá a choinneáil.

(53)  Chun gur féidir le micrifhiontair agus FBManna leas a bhaint as an Treoir seo, caithfidh siad na ceanglais de Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún(19) a chomhlíonadh go ceart macánta, agus sa chásdlí ábhartha, arb é is aidhm leo cosc a chur ar aon teacht timpeall a dhéanfaí ar na rialacha sin.

(54)  Ba cheart don Treoir seo a bheith bunaithe ar Chinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20) a mhéid a bhaineann sé le táirgí atá faoi réir gníomhartha eile de chuid an Aontais cheana, d'fhonn a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht i reachtaíocht an Aontais, agus, ag an am céanna, gnéithe sonracha na gceanglas inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo a aithint inti.

(55)  Na hoibreoirí eacnamaíocha uile a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo agus a mbíonn ról acu sa slabhra soláthair agus dáilte, ba cheart dóibh a áirithiú nach gcuireann siad ar fáil ar an margadh ach táirgí atá i gcomhréir leis an Treoir seo. Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha a chuireann seirbhísí ar fáil sin a dhéanamh freisin. Is gá foráil a dhéanamh maidir le dáileadh soiléir comhréireach oibleagáidí a bheidh in oiriúint do ról gach oibreora eacnamaíoch sa phróiseas soláthair agus dáilte.

(56)  Ba cheart d'oibreoirí eacnamaíocha a bheith freagrach as comhlíontacht táirgí agus seirbhísí, i ndáil lena róil sa slabhra soláthair, chun ardleibhéal cosanta maidir leis an inrochtaineacht a áirithiú agus chun iomaíocht chóir a ráthú ar mhargadh an Aontais.

(57)  Ba cheart an fheidhm chomhionann a bheith ag na oibleagáidí na Treorach seo maidir le hoibreoirí eacnamaíocha ón earnáil phoiblí agus oibreoirí eacnamaíocha ón earnáil phríobháideach.

(58)  Is é an monaróir, a bhfuil eolas mionsonraithe aige ar an bpróiseas deartha agus táirgthe, an duine is fearr chun an measúnú comhréireachta a chur i gcrích. Cé gur ar an monaróir atá an fhreagracht as comhréireacht na dtáirgí, ba cheart ról tábhachtach a bheith ag na húdaráis um fhaireachas margaidh ó thaobh seiceáil gur i gcomhréir le dlí an Aontais a mhonaraítear táirgí atá á gcur ar fáil san Aontas.

(59)  Ba cheart d'allmhaireoirí agus do dháileoirí a bheith rannpháirteach i gcúraimí faireachais margaidh a dhéanann na húdaráis inniúla náisiúnta, agus ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach go gníomhach, tríd an eolas ar fad is gá a bhaineann leis an táirge lena mbaineann a thabhairt do na húdaráis inniúla.

(60)  Is gá d'allmhaireoirí a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí ó thríú tíortha a thagann isteach i margadh an Aontais an Treoir seo, agus go háirithe go bhfuil nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta curtha i bhfeidhm ag na monaróirí maidir leis na táirgí sin.

(61)  Nuair a chuirfidh siad táirge ar an margadh, ba cheart d'allmhaireoirí, an méid seo a thaispeáint ar an táirge, a n-ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus an seoladh lenar féidir dul i dteagmháil leo.

(62)  Ba cheart do dháileoirí a áirithiú nach láimhseálfaidh siad an táirge ar bhealach a dhéanfadh dochar don mhéid a chomhlíonann an táirge ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

(63)  Maidir le hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirge ar an margadh faoina n-ainm nó a dtrádmharc féin nó a mhodhnaíonn táirge a cuireadh ar an margadh cheana ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme, ba cheart a mheas gurb iadsan an monaróir agus ba cheart dóibh siúd oibleagáidí an mhonaróra a ghlacadh chucu féin.

(64)  Ar mhaithe le comhréireacht, níor cheart feidhm a bheith ag ceanglais inrochtaineachta ach a mhéid is nach gcuireann siad ualach díréireach ar an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, nó a mhéid is nach bhfuil gá le hathrú suntasach a dhéanamh ar na táirgí agus na seirbhísí a dhéanfadh iad a athrú ar bhealach bunúsach dá mbarr arna gcinneadh i gcomhréir leis na critéir a shonraítear de réir na Treorach seo. Ba cheart, mar sin féin, sásraí rialaithe a bheith ann d'fhonn an teidlíocht a fhíorú i leith eisceachtaí ó infheidhmeacht na gceanglas inrochtaineachta.

(65)  Leis an Treoir seo, ba cheart an prionsabal a leanúint ‘smaoinigh ar fhiontair bheaga ar dtús’ agus ba cheart na hualaigh riaracháin atá ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide a chur san áireamh. Ba cheart rialacha éadroma a leagan síos ó thaobh measúnú comhréireachta agus ba cheart clásail chosanta a shuí d'oibreoirí eacnamaíocha, seachas foráil a dhéanamh maidir le heisceachtaí ginearálta agus maoluithe do na fiontair bheaga agus mheánmhéide sin. Dá bhrí sin, nuair a bheidh na rialacha á leagan síos maidir le roghnú agus cur chun feidhme na nósanna imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta, ba cheart cás FBManna a chur san áireamh agus ba cheart na hoibleagáidí maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht na gceanglas inrochtaineachta a theorannú ionas nach gcothóidh siad ualach díréireach ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Ina theannta sin, ba cheart údaráis um fhaireachas margaidh a bheith ag obair ar bhealach a bheadh comhréireach le méid na ngnóthas agus le cineál an táirgthe lena mbaineann, bíodh sé sin ísealsrathach nó neamhshrathach, gan constaicí nach bhfuil gá leo a chruthú do FBManna agus gan baint de chosaint leas an phobail.

(66)  I gcásanna eisceachtúla, ina mbeadh comhlíonadh ceanglas inrochtaineachta na Treorach seo seo ina n-ualach díréireach ar oibreoirí eacnamaíocha, níor cheart a cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais sin a chomhlíonadh ach sa mhéid nach gcuirfí ualach díréireach orthu. Sna cásanna sin a bhfuil údar cuí leo, níorbh fhéidir go réasúnta le hoibreoir eacnamaíoch ceann amháin nó níos mó de cheanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chur i bhfeidhm go hiomlán. Mar sin féin, ba cheart don oibreoir eacnamaíoch seirbhís nó táirge a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo a dhéanamh chomh hinrochtana is féidir trí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm a mhéid is féidir gan ualach díréireach a bheith ag baint leo. Na ceanglais inrochtaineachta sin nár mheas an t-oibreoir eacnamaíoch ualach díréireach a bheith ag baint leo, ba cheart feidhm iomlán a bheith acu. Níor cheart do na heisceachtaí maidir le ceann amháin nó níos mó de na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i ngeall ar an ualach díréireach a fhorchuirtear leo dul thar a bhfuil fíor-riachtanach chun an t-ualach sin a theorannú i ndáil leis an táirge nó an tseirbhís lena mbaineann i ngach cás aonair. Ba cheart bearta lena bhforchuirfí ualach díréireach a thuiscint mar bhearta lena bhforchuirfí ualach breise eagrúcháin nó airgeadais iomarcach ar an oibreoir eacnamaíoch, agus an tairbhe ba dhóichí a bheadh ann do dhaoine faoi mhíchumas á cur san áireamh, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach sa Treoir seo. Ba cheart critéir a shainiú, bunaithe ar an méid sin, chun a chur ar chumas na n-oibreoirí eacnamaíocha agus na n-údarás ábhartha cásanna éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus measúnú a dhéanamh go córasach ar an ualach díréireach a d'fhéadfadh a bheith ann. Níor cheart ach cúiseanna dlisteanacha a chur san áireamh in aon mheasúnú a dhéanfar ar a mhéid nárbh fhéidir na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh toisc go bhforchuirfí ualach díréireach leo. Níor cheart a mheas gur cúiseanna dlisteanacha iad easpa tosaíochta, ama nó eolais.

(67)  Ba cheart measúnú foriomlán an ualaigh dhíréirigh a dhéanamh de réir na dtagarmharcanna a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch measúnú an ualaigh dhíréirigh a dhoiciméadú agus aird á tabhairt aige ar na tagarmharcanna ábhartha. Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse athnuachan a dhéanamh ar a measúnú ar ualach díréireach gach cúig bliana ar a laghad.

(68)  Ba cheart don oibreoir eacnamaíoch na húdaráis ábhartha a chur ar an eolas gur thug sé aird ar fhorálacha na Treorach seo i ndáil le hathrú bunúsach agus/nó ualach díréireach. Níor cheart don oibreoir eacnamaíoch cóip den measúnú lena mínítear na cúiseanna nach bhfuil rochtain iomlán ar a tháirge nó a sheirbhís agus lena dtugtar fianaise ar an ualach díréireach nó ar an athrú bunúsach a chur ar fáil ach amháin arna iarraidh sin do na húdaráis ábhartha, nó iad araon.

(69)  Más rud é, ar bhonn an mheasúnaithe riachtanaigh, go gcinneann soláthraí seirbhíse go mbeadh ualach díréireach ag baint lena cheangal go gcomhlíonfadh gach teirminéal féinseirbhíse a úsáidtear i soláthar seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo, ba cheart don soláthraí seirbhísí na ceanglais sin a chur i bhfeidhm fós a mhéid is nach gcruthófaí ualach díréireach den sórt sin dó. Dá réir sin, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí measúnú a dhéanamh ar a mhéid ina gceadódh leibhéal teoranta inrochtaineachta i ngach teirminéal féinseirbhíse nó líon teoranta teirminéal féinseirbhíse a bhfuil rochtain iomlán orthu ualach díreiréach a sheachaint a d'fhorchuirfí orthu seachas sin, agus ba cheart nach gceanglófaí orthu ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chomhlíonadh ach amháin sa mhéid sin.

(70)  Déantar micrifhiontair a dhealú ó gach gnóthas eile i ngeall ar a theoranta atá líon a n-acmhainní daonna, a láimhdeachas bliantúil, nó a gclár comhardaithe bliantúil. Ar an iomlán, dá bhrí sin, beidh sciar níos mó dá n-acmhainní airgeadais agus daonna de dhíth ar mhicrifhiontair chun ualach na gceanglas inrochtaineachta a chomhlíonadh ná mar a bheidh ar ghnóthais eile agus seans níos mó ann go mbeidh sciar díréireach de chostais na micrifhiontar i gceist leis sin. Eascraíonn cion suntasach de chostas na micrifhiontar as páipéarachas agus taifeadtaí a líonadh isteach nó a choinneáil chun comhlíonadh na gceanglas éagsúil a leagtar amach i ndlí an Aontais a léiriú. Cé gur cheart go mbeadh gach oibreoir eacnamaíoch a chumhdaítear faoin Treoir seo ábalta measúnú a dhéanamh ar an gcomhréireacht a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta den Treoir seo agus gur cheart dóibh gan iad a chomhlíonadh ach a mhéid nach bhfuil siad díréireach, ba dhíréireach an t-ualach ann féin a éileamh ar mhicrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí a leithéid de mheasúnú a dhéanamh. Dá réir sin, níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais agus oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo maidir le micrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí laistigh de raon feidhme na Treorach seo.

(71)  I gcás micrifhiontair a dhéileálann le táirgí a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, ba cheart ceanglais agus oibleagáidí na Treorach seo a bheith níos éadroime d'fhonn fhorchur ualach riaracháin díréireach a laghdú.

(72)  Cé go ndéantar roinnt micrifhiontar a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart gach micrifhiontar a spreagadh chun a áirithiú go mbeidh na táirgí a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a dháileann siad agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo, d'fhonn iomaíochas na bhfiontar sin a mhéadú mar aon lena n-acmhainneacht fáis sa mhargadh inmheánach. Ba cheart dá bhrí sin, do na Ballstáit treoirlínte agus uirlisí a sholáthar do mhicrifhiontair chun cur i bhfeidhm bearta náisiúnta lena dtrasuitear na Treorach seo a éascú.

(73)  Ba cheart do gach oibreoir eacnamaíoch gníomhú go freagrach agus i gcomhréir leis na ceanglais dhlíthiúla is infheidhme, i gcás táirgí a chur nó a chur ar fáil ar an margadh nó i gcás seirbhísí a sholáthar ar an margadh.

(74)  D'fhonn an measúnú ar chomhréireacht leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme a éascú, is gá foráil a dhéanamh maidir le toimhde comhréireachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí, atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha a ghlactar i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) chun críche na sonraíochtaí teicniúla mionsonraithe a dhréachtú maidir leis na ceanglais sin. Tá roinnt iarrataí maidir le caighdeánú eisithe cheana féin ag an gCoimisiún chuig na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le hinrochtaineacht, mar shampla na sainorduithe um caighdeánú M/376, M/473 agus M/420, a bheadh ábhartha chun na caighdeáin chomhchuibhithe a ullmhú.

(75)  Le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, déantar foráil maidir le nós imeachta i gcás agóidí foirmiúla i gcoinne caighdeáin chomhchuibhithe a mheastar nach gcomhlíonann siad ceanglais na Treorach.

(76)  Ba cheart do chaighdeáin Eorpacha a bheith faoi thionchar an mhargaidh, ba cheart dóibh leas an phobail a chur san áireamh, mar aon leis na cuspóirí beartais arna leagan amach go soiléir san iarraidh ón gCoimisiún do cheann amháin nó níos mó d'eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú, agus ba cheart dóibh a bheith bunaithe ar chomhthoil. In éagmais caighdeáin chomhchuibhithe agus i gcás inar gá iad chun críocha chomhchuibhiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófaí sonraíochtaí teicniúla do cheanglais inrochtaineachta na Treorach seo. Níor cheart sonraíochtaí teicniúla a úsáid ach i gcásanna den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí teicniúla a ghlacadh, mar shampla nuair atá an próiseas um chaighdeánú blocáilte i ngeall ar easpa comhaontaithe idir na geallsealbhóirí nó nuair atá moill mhíchuí ann i ndáil le caighdeán comhchuibhithe a bhunú, mar shampla toisc nach mbaintear amach an cháilíocht atá riachtanach. Ba cheart don Choimisiún a dhóthain ama a fhágáil idir iarraidh a ghlacadh do cheann amháin nó níos mó d'eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú maidir le caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus sonraíocht theicniúil a ghlacadh a bhaineann leis an gceanglas inrochtaineachta céanna. Níor cheart cead a bheith ag an gCoimisiún sonraíocht theicniúil a ghlacadh mura bhfuil iarracht déanta aige roimhe sin go gcumhdófaí na ceanglais inrochtaineachta tríd an gcóras Eorpach um chaighdeánú, ach amháin i gcás inar féidir leis an gCoimisiún a léiriú go n-urramaíonn na sonraíochtaí teicniúla na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

(77)  D'fhonn caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhunú, ar an mbealach is éifeachtaí, a chomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo le haghaidh na dtáirgí agus na seirbhísí, ba cheart don Choimisiún, i gcás inarb indéanta sin, a áirithiú go mbeadh brateagraíochtaí Eorpacha de chuid daoine faoi mhíchumas agus na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir páirteach sa phróiseas.

(78)  Chun rochtain éifeachtach ar fhaisnéis a áirithiú chun críocha faireachais margaidh, ba cheart an fhaisnéis is gá chun comhlíonadh ghníomhartha uile an Aontais is infheidhme a dhearbhú a bheith ar fáil i ndearbhú comhréireachta amháin de chuid an Aontais. D'fhonn an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a laghdú, ba cheart dóibh a bheith in ann gach dearbhú ábhartha aonair comhréireachta a áireamh in aon dearbhú comhréireachta amháin de chuid an Aontais.

(79)  Maidir le measúnú comhréireachta a dhéanamh ar tháirgí, ba cheart don Treoir seo leas a bhaint as Rialú Inmheánach Táirgthe ar “Modúl A”, a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 768/2008/CE, mar is leis sin a chuirfear ar chumas oibreoirí eacnamaíocha a léiriú, agus ar na húdaráis inniúla a áirithiú, go bhfuil táirgí a chuirfear ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta agus, ag an am céanna, nach gcruthófar ualach míchuí leo.

(80)  Agus faireachas margaidh á dhéanamh i ndáil le táirgí acu agus comhlíontacht na seirbhísí á seiceáil acu, ba cheart do na húdaráis a sheiceáil freisin go ndearnadh na measúnuithe comhréireachta, lena n-áirítear go ndearnadh measúnú an athrú bhunúsaigh nó an ualaigh dhíréirigh mar is ceart, i gcás inarb ábhartha. Agus a ndualgais a gcomhlíonadh ag na húdaráis, ba cheart dóibh oibriú i gcomhar le daoine faoi mhíchumas agus leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu agus ar a gcuid leasanna.

(81)  I gcás seirbhísí, ba cheart an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar ▌chomhréireacht le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chur ar fáil sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta, nó i ndoiciméad coibhéiseach gan dochar do Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22).

(82)  Is í an mharcáil CE, lena léirítear comhréireacht táirge le ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo, an iarmhairt infheicthe ar phróiseas iomlán ina gcuimsítear measúnú comhréireachta sa chiall is leithne. Ba cheart go leanfaí leis an Treoir sin na prionsabail ghinearálta lena rialaítear marcáil CE de chuid Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú. De bhreis ar dhearbhú comhréireachta an Aontais a dhéanamh, ba cheart don mhonaróir tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach costéifeachtach maidir le hinrochtaineacht a gcuid táirgí.

(83)  I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 tríd an marcáil CE a ghreamú de tháirge, dearbhaíonn an monaróir go bhfuil an táirge i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme go léir agus go bhfuil an monaróir freagrach as dá bharr.

(84)  I gcomhréir le Cinneadh 768/2008/CE, tá na Ballstáit freagrach as faireachas margaidh láidir agus éifeachtúil a áirithiú ar tháirgí ina gcríocha agus ba cheart cumhachtaí agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar a gcuid údarás um fhaireachas margaidh.

(85)  Ba cheart do na Ballstáit a sheiceáil go gcomhlíonann na seirbhísí oibleagáidí a leagtar amach sa Treoir seo agus ba cheart fiosruithe leantacha a dhéanamh maidir le gearáin nó tuarascálacha a bhaineann le neamhchomhlíonadh d'fhonn a áirithiú go ndearnadh gníomh ceartaitheach.

(86)  I gcás inarb iomchuí, d'fhéadfadh an Coimisiún, i gcomhairle leis na geallsealbhóirí, treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh chun tacú le comhordú i measc na n-údarás um fhaireachas margaidh agus údaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil. Ba cheart go mbeadh an Coimisiún agus na Ballstáit in ann tionscnaimh a bhunú agus é mar sprioc leo acmhainní agus saineolas na n-údaráis a chomhroinnt.

(87)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú i ndáil le húdaráis um fhaireachas margaidh agus i ndáil leis na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil, go seiceálfaidh siad an gcomhlíonann na hoibreoirí eacnamaíocha na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI i gcomhréir le Caibidlí VIII agus IX. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann comhlacht speisialaithe a ainmniú chun oibleagáidí na n-údarás um fhaireachas margaidh nó oibleagáidí na n-údarás atá freagrach as comhlíonadh seirbhísí faoin Treoir seo a chur i gcrích. Ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann a chinneadh gur cheart inniúlachtaí comhlachta speisialaithe mar sin a theorannú do raon feidhme na Treorach seo nó do chodanna áirithe di, gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit faoi Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

(88)  Ba cheart nós imeachta cosanta a bhunú a mbeadh feidhm aige i gcás easaontais idir na Ballstáit mar gheall ar bhearta a dhéanann Ballstát faoina gcuirtear na páirtithe leasmhara ar an eolas maidir le bearta a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le táirgí nach gcomhlíonann ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo. Leis an nós imeachta cosanta sin, ba cheart go bhféadfadh na húdaráis um fhaireachas margaidh, i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha, gníomhú ag céim níos luaithe i ndáil le táirgí den sórt sin.

(89)  I gcás ina dtiocfadh na Ballstáit agus an Coimisiún ar chomhaontú go bhfuil údar cuí ag beart arna dhéanamh ag Ballstát, níor cheart go mbeadh gá le rannpháirtíocht an Choimisiúin a thuilleadh, ach amháin i gcás inarbh fhéidir an neamhchomhlíonadh a chur i leith easnaimh sna caighdeáin comhchuibhithe nó sna sonraíochtaí teicniúla.

(90)  Le Treoracha 2014/24/AE(24) agus 2014/25/AE(25) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar poiblí, lena sainítear na nósanna imeachta soláthair do chonarthaí poiblí agus comórtais deartha le haghaidh soláthairtí áirithe (táirgí), seirbhísí agus oibreacha, suitear, i gcás gach soláthar a bheartaítear go mbainfidh daoine nádúrtha úsáid as, bíodh sé sin an pobal i gcoitinne nó foireann an údaráis nó an eintitis chonarthaigh, go ndéanfar na sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú ar bhealach ina gcuirfear san áireamh critéir inrochtaineachta do dhaoine faoi mhíchumais nó an dearadh le haghaidh na n-úsáideoirí ar fad, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Ina theannta sin, ceanglaítear, leis na Treoracha sin, i gcás ina ndéantar ceanglais éigeantacha inrochtaineachta a ghlacadh trí ghníomh dlí de chuid an Aontais, go ndéantar na sonraíochtaí teicniúla, a mhéid a bhaineann siad le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas nó dearadh do chách, a bhunú trí thagairt a dhéanamh don ghníomh dlí sin. Leis an Treoir seo, ba cheart go mbunófaí ceanglais éigeantacha inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear léi. Maidir le táirgí agus seirbhísí nach dtagann faoi raon feidhme na Treorach seo, níl na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo ceangailteach. Mar sin féin, dá n-úsáidfí na ceanglais inrochtaineachta sin chun na hoibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh a leagtar amach i ngníomhartha eile de chuid an Aontais seachas an Treoir seo, b'fhusa an inrochtaineacht a chur chun feidhme agus chabhrófaí leis an deimhneacht dhlíthiúil agus le comhfhogasú na gceanglas inrochtaineachta ar fud an Aontais. Níor cheart cosc a chur ar údaráis ceanglais inrochtaineachta a bhunú a théann níos faide ná na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I den Treoir seo.

(91)  Leis an Treoir seo, níor cheart aon athrú a dhéanamh ar nádúr éigeantach nó deonach na bhforálacha a bhaineann le hinrochtaineacht i ngníomhartha eile de chuid an Aontais.

(92)  Níor cheart don Treoir seo feidhm a bheith aici ach amháin maidir le nós imeachta soláthair a ndearnadh an glao ar thairiscintí ina leith a sheoladh cheana nó, i gcás nach bhforáiltear do ghlao ar thairiscintí, maidir le nós imeachta soláthair ar chuir an t-údarás nó an t-eintiteas conarthach tús leis tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo.

(93)  D'fhonn a áirithiú go gcuirfear an Treoir seo i bhfeidhm mar is ceart, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis an méid a leanas: sonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais inrochtaineachta nach féidir, i ngeall ar a nádúr féin, an éifeacht a cheaptar a bheith acu a bhaint amach gan iad a shonrú a thuilleadh i ngníomhartha dlíthiúla ceangailteacha de chuid an Aontais; an tréimhse inar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha aon oibreoir eacnamaíoch eile a shainaithint a sholáthair táirge dóibh nó ar sholáthair siadsan táirge dó nó di; agus na critéir ábhartha atá le bheith curtha san áireamh ag an oibreoir eacnamaíoch lena mheasúnú arbh ualach díréireach a bheadh i gceist dá ndéanfaí ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh a shonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(26). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a dhéileálann le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(94)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme na Treorach seo ▌, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le sonraíochtaí teicniúla. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27).

(95)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú gur ann do mhodhanna leordhóthanacha, éifeachtacha chun comhlíonadh na Treorach seo a áirithiú agus ba cheart, dá bhrí sin, sásraí rialaithe iomchuí a bhunú, amhail rialú a posteriori arna dhéanamh ag na húdaráis um fhaireachas margaidh, d'fhonn a fhíorú go bhfuil bonn cirt leis an díolúine ó na ceanglais inrochtaineachta a chur i bhfeidhm. Agus iad ag déileáil le gearáin a bhaineann le hinrochtaineacht, ba cheart do na Ballstáit cloí le prionsabal ginearálta an dea-riaracháin, agus go háirithe leis an oibleagáid atá ar oifigigh a áirithiú go ndéanfar cinneadh maidir le gach gearán laistigh de thréimhse réasúnach ama.

(96)  D'fhonn cur chun feidhme aonfhoirmeach na Treorach seo a éascú, ba cheart don Choimisiún meitheal oibre a bhunú d'údaráis ábhartha agus de gheallsealbhóirí ábhartha, chun malartú faisnéise agus na ndea-chleachtas a éascú agus chun comhairle a sholáthar. Ba cheart comhar a chothú idir na húdaráis agus geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, inter alia, chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas cur i bhfeidhm fhorálacha na Treorach seo maidir le ceanglais inrochtaineachta agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a fhorálacha maidir le hathrú bunúsach agus ualach díréireach.

(97)  I bhfianaise an chreata dlí atá ann faoi láthair maidir le réitigh sna réimsí a chumhdaítear faoi Threoracha 2014/24/AE agus 2014/25/AE, níor cheart gurbh infheidhme forálacha na Treorach seo a bhaineann le forfheidhmiú agus pionóis maidir leis na nósanna imeachta soláthair atá faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo. An t-eisiamh sin, is gan dochar a bheidh sé d'oibleagáidí na mBallstát faoi na Conarthaí gach beart is gá a dhéanamh chun cur i bhfeidhm agus éifeachtacht dhlí an Aontais a ráthú.

(98)  Is ceart na pionóis a bheith leordhóthanach i dtaca le nádúr na sáruithe agus na n-imthosca ionas nach túisce a roghnóidh oibreoirí eacnamaíocha pionós seachas na hoibleagáidí atá orthu a dtáirgí nó seirbhísí a bheith inrochtana a chomhlíonadh

(99)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil sásraí malartacha i bhfeidhm chun díospóidí a réiteach, i gcomhréir leis an gcuid sin de dhlí an Aontais atá ann cheana, ionas gur féidir aon chás ina líomhnaítear neamhchomhlíonadh na Treorach seo a shoiléiriú sula dtéifí os comhair cúirte nó comhlachtaí inniúla riaracháin faoin gcás.

(100)  I gcomhréir leis an Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2011 maidir le doiciméid mhíniúcháin(28), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin go gcuirfí, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó leis an bhfógra faoina mbearta maidir le trasuí, ar doiciméid iad lena mínítear an caidreamh idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta maidir le trasuí. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil bonn cirt le doiciméid den chineál sin a thrasuí.

(101)  Ionas go mbeidh a ndóthain ama ag soláthraithe seirbhíse oiriúnú do na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, is gá foráil a dhéanamh d'idirthréimhse cúig bliana tar éis an dáta cur i bhfeidhm na Treorach seo, nach gá lena linn do tháirgí a úsáidfear chun seirbhís a sholáthar a cuireadh ar an margadh roimh an dáta sin ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo a chomhlíonadh ach i gcás ina gcuirfidh na soláthraithe seirbhíse táirgí eile ina n-ionad le linn na hidirthréimhse. I bhfianaise an chostais agus na saolré fada a bhíonn ag teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha, is iomchuí a fhoráil, nuair a úsáidfear na teirminéil sin i soláthar seirbhísí, go bhféadfar iad a úsáid go dtí deireadh a saolré eacnamaíche -– nach rachaidh thar fiche bliain – fad agus nach gcuirfear teirminéil eile ina n-ionad le linn na saolré sin.

(102)  Ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais inrochtaineachta na Treorach maidir le táirgí agus seirbhísí a sholáthraítear ar ar mhargadh tar éis dáta chur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo, lena n-áirítear táirgí úsáidte agus táirgí athláimhe a allmhairítear ó thríú tír agus a chuirtear ar an mhargadh tar éis an dáta sin.

(103)  Sa Treoir seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar léi na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("an Chairt"). Féachfar leis an Treoir seo, go háirithe, le go n-urramófar ina n-iomláine cearta daoine faoi mhíchumas leas a bhaint as bearta a cheaptar lena neamhspleáchas a áirithiú, mar aon le lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus rannpháirtíocht i saol an phobail agus cur i bhfeidhm Airteagail 21, 25 agus 26 den Chairt a chur chun cinn.

(104)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon, go gcuirfear deireadh leis na bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí inrochtana áirithed'fhonn cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar an ngá atá ann na rialacha éagsúla atá ann faoi láthair ina gcórais dlí faoi seach a comhchuibhiú agus, de bharr a rochtain agus rialacha coiteanna a shainiú maidir le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Is é is cuspóir leis an Treoir seo cuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh trí dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a chomhfhogasú maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí áirithe, go háirithe trí dheireadh agus cosc a chur leis na bacainní ar shaorghluaiseacht táirgí agus seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo a eascraíonn as ceanglais inrochtaineachta éagsúla sna Ballstáit.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na táirgí seo a leanas a cuireadh ar an margadh tar éis …[sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]:

(a)  córais chrua-earraí ríomhaireachta le haghaidh gnáthúsáid tomhaltóirí agus córais oibriúcháin do na córais chrua-earraí sin;

(b)  na teirminéil féinseirbhíse seo a leanas:

(i)  teirminéil íocaíochta;

(ii)  na teirminéil féinseirbhíse seo a leanas atá tiomanta do sholáthar na seirbhísí a chumhdaítear leis an Treoir seo:

—  uathmheaisíní bainc;

—  meaisíní ticéadaithe;

—  meaisíní seiceála isteach;

—   teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha lena gcuirtear faisnéis ar fáil, seachas teirminéil a shuiteáiltear mar pháirteanna comhtháite feithiclí, aerárthaí, long agus rothstoic;

(c)  trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil acmhainn ríomhaireachta idirghníomhach aige, agus a úsáidtear le haghaidh seirbhísí cumarsáide leictreonacha;

(d)  trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil acmhainn idirghníomhach ríomhaireachta aige, lena rochtaítear seirbhísí meán closamhairc; agus

(e)  ríomhléitheoirí.

2.  Gan dochar d’Airteagal 32, beidh feidhm ag an Treoir seo maidir leis na seirbhísí seo a leanas a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí tar éis … [sé bliana tar eis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]:

(a)  seirbhísí cumarsáide leictreonaí diomaite de sheirbhísí tarchurtha a úsáidtear chun seirbhísí idir meaisíní a sholáthar;

(b)  seirbhísí a thugann rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc ▌;

(c)  na heilimintí seo a leanas de sheirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus uisce seachas le haghaidh seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha, chomh maith le seirbhísí iompair réigiúnacha, nach mbíonn feidhm ina leith ach ag na heilimintí faoi phointe (v):

(i)  suíomhanna gréasáin;

(ii)  seirbhísí gléas móibíleach-bhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha;

(iii)  ticéid leictreonacha agus seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh;

(iv)  faisnéis seirbhíse iompair a sheachadadh, lena n-áirítear faisnéis fíor-ama faisnéise taistil; déanfar sin, maidir le scáileáin faisnéise, a theorannú do scáileáin idirghníomhacha suitáilte laistigh de chríoch an Aontais; agus

(v)  teirminéil féinseirbhíse idirghníomhacha atá lonnaithe laistigh de chríoch an Aontais, seachas iad sin a suiteáladh mar pháirteanna comhtháite feithiclí, aerárthaí, long agus rothstoic agus a úsáidtear i soláthar aon pháirt de na seirbhísí iompair paisinéirí den chineál sin.;

(d)  seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí;

(e)  ríomhleabhair agus bogearraí tiomnaithe; agus

(f)  seirbhísí ríomhthráchtála.

3.  Tá feidhm ag an Treoir seo agus freagra á thabhairt ar chumarsáid éigeandála, ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach "112".

4.  Níl feidhm ag an Treoir seo i ndáil leis an inneachar seo a leanas maidir le suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha:

(a)  meáin am-bhunaithe réamhthaifeadta a fhoilsítear roimh… [sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo;

(b)  Formáidí comhaid oifige a foilsíodh roimh ... [sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo];

(c)  léarscáileanna agus seirbhísí mapála, má chuirtear faisnéis riachtanach ar fáil ar shlí digiteach inrochtana i gcás léarscáileanna atá ceaptha le haghaidh loingseoireachta;

(d)  inneachar tríú páirtí nach ndéantar a chistiú ná a fhorbairt, ná a rialáil ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann;

(e)  inneachar suíomhanna gréasáin agus feidhmchláir mhóibíleacha a cháilíonn mar chartlanna, rud a chiallaíonn nach bhfuil iontu ach inneachar nach ndéantar uasdátú ná eagarthóireacht air tar éis ... [sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

5.  Beidh an Treoir seo gan dochar do Threoir (AE) 2017/1564 agus Rialachán (AE) 2017/1563.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn "daoine faoi mhíchumas" daoine a bhfuil lagú fadtéarmach coirp, meabhrach, intleachtúil nó céadfach orthu, ar lagú é, nuair a bhíonn orthu dul i ngleic le bacainní éagsúla, a d'fhéadfadh bac a chur ar rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach a bheith acu sa tsochaí ar bhonn comhionannais;

(2)  ciallaíonn "táirge" substaint, ullmhóid nó earra arna táirgeadh nó arna tháirgeadh trí phróiseas monaraithe agus nach bia, beatha, plandaí beo agus ainmhithe beo, táirgí de thionscnamh an duine agus táirgí plandaí agus ainmhithe a bhaineann go díreach lena n-atáirgeadh amach anseo í nó é;

(3)  ciallaíonn "seirbhís" seirbhís mar a shainmhínítear i bpointe 1 d'Airteagal 4 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29);

(4)  ciallaíonn "soláthraí seirbhíse" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís ar mhargadh an Aontais nó a dhéanann tairiscintí seirbhís den chineál sin a sholáthar do thomhaltóirí san Aontas;

(5)  ciallaíonn "seirbhísí meán closamhairc" seirbhísí mar a shainmhínítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(1) de Threoir 2010/13/AE;

(6)  ciallaíonn "seirbhísí lena dtugtar rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc" seirbhísí a tharchuirtear trí líonraí cumarsáide leictreonaí a úsáidtear chun faisnéis a shainaithint, a roghnú, a fháil, agus d'fhonn féachaint ar sheirbhísí meán closamhairc agus ar aon ghnéithe, amhail fotheidil don té atá bodhar agus don té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta, cur síos labhartha, fotheidil labhartha, agus ateangaireacht sa teanga chomharthaíochta, atá mar thoradh ar chur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2010/13/AE chun seirbhísí a dhéanamh inrochtana; agus áirítear leis an sainmhíniú seo eolairí leictreonacha clár (EPGanna);

(7)  ciallaíonn "trealamh teirminéil le cumas ríomhaireachta idirghníomhaí do thomhaltóirí, a úsáidtear chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meán closamhairc" aon trealamh arb é is príomhchuspóir dó rochtain a chur ar fáil ar sheirbhísímeán closamhairc;

(8)  ciallaíonn "seirbhís cumarsáide leictreonaí" seirbhís cumarsáide leictreonaí mar a shainmhínítear i bpointe 4 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(9)  ciallaíonn "seirbhís comhrá iomláin" seirbhísí comhrá iomláin mar a shainmhínítear i bpointe 35 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(10)  ciallaíonn "pointe freagartha glaonna éigeandála" nó "PFGE" pointe freagartha glaonna éigeandála nó PFGE mar a shainmhínítear i bpointe 36 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(11)  ciallaíonn "PFGE is iomchuí" PFGE is iomchuí mar a shainmhínítear i bpointe 37 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(12)  ciallaíonn "cumarsáid éigeandála" cumarsáid éigeandála mar a shainmhínítear i bpointe 38 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(13)  ciallaíonn "seirbhís éigeandála" seirbhís éigeandála mar a shainmhínítear i bpointe 39 d'Airteagal 2 de Threoir (AE) 2018/1972;

(14)  ciallaíonn "téacs fíor-ama" foirm téacs-chomhrá i ndálaí pointe go pointe nó cian-chomhdhála ilphointe nuair a sheoltar an téacs a chuirtear isteach ar bhealach a measann an t-úsáideoir go bhfuil an teachtaireacht leanúnach ar bhonn carachtar ar charachtar;

(15)  ciallaíonn táirge "a chur ar fáil ar an margadh" aon soláthar táirge lena dháileadh, lena thomhailt nó lena úsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;

(16)  ciallaíonn "cur ar an margadh" táirge a chur ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(17)  ciallaíonn "monaróir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge nó a dhéanann táirge den sórt sin a dhearadh nó a mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin, faoina ainm nó faoina thrádmharc féin;

(18)  ciallaíonn "ionadaí údaraithe" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó mhonaróir gníomhú thar a cheann maidir le tascanna sonraithe;

(19)  ciallaíonn "allmhaireoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar mhargadh an Aontais;

(20)  ciallaíonn "dáileoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann táirge ar fáil ar an margadh;

(21)  ciallaíonn "oibreoir eacnamaíoch" an monaróir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir, an dáileoir an soláthraí seirbhíse;

(22)  ciallaíonn "tomhaltóir" aon duine nádúrtha a cheannaíonn an táirge ábhartha nó a fhaigheann an tseirbhís ábhartha chun críocha atálasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;

(23)  ciallaíonn "micrifhiontar" fiontar a bhfuil níos lú ná 10 bhfostaí aige agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 2 mhilliún aige nó nó iomlán bliantúil ar a chlár comhardaithe aige nach mó ná EUR 2 mhilliún;

(24)  ciallaíonn "fiontair bheaga agus mheánmhéide" (FBManna) na fiontair sin ina bhfostaítear níos lú ná 250 duine agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil nach mó ná EUR 50 milliún acu, nó iomlán bliantúil ar a chlár comhardaithe nach mó ná EUR 43 milliún, gan micrifhiontair san áireamh;

(25)  ciallaíonn "caighdeán comhchuibhithe'" caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe 1(c) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;

(26)  ciallaíonn "sonraíocht theicniúil " sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear i bpointe 4  d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena soláthraítear modh chun na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme a chomhlíonadh maidir le táirge nó seirbhís;

(27)  ciallaíonn "tarraingt siar" aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar tháirge sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(28)  ciallaíonn "seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí" na seirbhísí baincéireachta agus airgeadais a leanas a sholáthar do thomhaltóirí:

(a)  comhaontuithe creidmheasa a chumhdaítear le Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30) nó le Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31);

(b)  seirbhísí a shainítear i bpointí 1, 2, 4 agus 5 i Roinn A agus i bpointí 1, 2, 4 agus 5 i Roinn B d'Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32);

(c)  seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 3 d'Airteagal 4 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33);

(d)  seirbhísí atá nasctha leis an gcuntas íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 2 de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(34); agus

(e)  airgead leictreonach mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35);

(29)  ciallaíonn "teirmineálá íocaíochta" gléas arb é is príomhchuspóir dó go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh leis trí úsáid a bhaint as ionstraimí íocaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 4 de Threoir 2015/2366/AE ag díolphointe fisiciúil ach ní i dtimpeallacht fhíorúil;

(30)  ciallaíonn "seirbhísí ríomhthráchtála" seirbhísí a sholáthraítear go cianda, trí shuíomhanna gréasáin agus seirbhísí gléas móibílbhunaithe, trí mheán leictreonach agus ar iarratas tomhaltóir aonair ar chur i gcrích conartha do thomhaltóirí;

(31)  ciallaíonn "seirbhísí iompair do phaisinéirí aeir" aersheirbhísí tráchtála do phaisinéirí, mar a shainmhínítear i bpointe (l) d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006, ar imeacht dóibh as, ar imeacht dóibh trí, nó ar shroicheadh aerfoirt dóibh, nuair atá an t-aerfort suite i gcríoch Ballstáit, lena n-áirítear eitiltí a imíonn as aerfort atá lonnaithe i dtríú tír chuig aerfort atá lonnaithe i gcríoch Ballstáit ina bhfuil na seirbhísí arna n-oibriú ag aeriompróirí de chuid an Aontais;

(32)  ciallaíonn "seirbhísí iompair do phaisinéirí bus" seirbhísí a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 181/2011;

(33)  ciallaíonn "seirbhísí iompair do phaisinéirí iarnróid" na seirbhísí go léir do phaisinéirí iarnróid dá dtagraítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007, seachas na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de;

(34)  ciallaíonn "seirbhísí iompair do phaisinéirí ar uisce" seirbhísí do phaisinéirí, a chumhdaítear le hAirteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010, cé is moite de sheirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán sin;

(35)  ciallaíonn "seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha" seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha mar a shainmhínítear i bpointe 6 d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(36);. ach chun críocha na Treorach seo, ní áirítear iontu ach na modhanna iompair seo a leanas: iarnród, bus agus cóiste, meitreo, tram agus bus tralaí;

(36)  ciallaíonn "seirbhísí iompair réigiúnacha" seirbhísí réigiúnacha mar a shainmhínítear i bpointe 7 d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE; ach chun críocha na Treorach seo ní áirítear iontu ach an modh iompair seo a leanas: iarnród, bus agus cóiste, meitreo, tram agus bus tralaí;

(37)  ciallaíonn "teicneolaíocht chúnta" aon ítim, píosa trealaimh, seirbhís nó córas táirge lena n-áirítear bogearraí a úsáidtear chun cumais fheidhmiúla daoine faoi mhíchumas a mhéadú, a chothabháil, a ionadú nó a fheabhsú, nó chun lagú, teorainneacha gníomhaíochta nó srianta rannpháirtíochta a mhaolú agus a chúiteamh;

(38)  ciallaíonn "córas oibriúcháin", bogearraí, inter alia, a láimhsíonn an comhéadan le crua-earraí forimeallacha, a leithdháileann cúraimí sceidil agus stóras, agus a chuireann comhéadan mainneachtana ar fáil don úsáideoir nuair nach bhfuil feidhmchláir á reáchtáil, lena n-áirítear comhéadan úsáideora grafach, is cuma an cuid dhílis de chrua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí a leithéid de bhogearraí, nó an bogearraí saorsheasaimh a bheartaítear a reáchtáil ar chrua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí atá ann; ach ní áirítear leis lódálaí córas oibriúcháin, córas bunúsach ionchuir/aschuir, córas nó dochtearraí eile a bhíonn ag teastáil ag am bútála nó nuair a bhíonn an córas oibriúcháin á shuiteáil;

(39)  ciallaíonn "córas crua-earraí ríomhaire cuspóra ghinearálta do thomhaltóirí" an teaglaim crua-earraí is ríomhaire iomlán ann, ag a bhfuil nádúr ilchuspóireach, an cumas atá aige feidhmiú leis na bogearraí iomchuí, agus é ag ríomh tascanna a bhíonn á n-iarraidh ag tomhaltóirí agus é ceaptha le bheith á oibriú ag tomhaltóirí; lena n-áirítear ríomhairí pearsanta, go háirithe ríomhairí deisce, leabhair nótaí, fóin chliste agus táibléid;

(40)  ciallaíonn "cumas ríomhaireachta idirghníomhaí" feidhmiúlacht a thacaíonn le gníomhú idir duine agus gléas lena gceadaítear próiseáil agus tarchur sonraí, gutha nó físeáin, nó aon mheascán díobh sin;;

(41)  Ciallaíonn "ríomhleabhar agus bogearraí tiomnaithe" seirbhís a sholáthraíonn comhaid dhigiteacha ina bhfuil leagan leictreonach de leabhar, is féidir a rochtain, a nascleanúint, a léamh agus a úsáid agus na bogearraí lena n-áirítear seirbhísí gléas móibílbhunaithe lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha atá tiomnaithe do rochtain, nascleanúint, léamh agus úsáid na gcomhad digiteach sin, agus ní áirítear leo bogearraí, a chumhdaítear faoin sainmhíniú i bpointe (42);

(42)  ciallaíonn "ríomhléitheoir" trealamh tiomnaithe, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, a úsáidtear le comhaid ríomhleabhair a rochtain, a nascleanúint, a léamh agus a úsáid;

(43)  ciallaíonn "ticéid leictreonacha" aon chóras ina bhfuil teidlíocht chun taisteal, i bhfoirm amháin nó níos mó de thicéid taistil, síntiúis taistil nó creidmheas taistil, á stóráil go leictreonach ar phas iompar fisiciúil nó ar ghléas eile, seachas é a bheith priontáilte ar thicéad páipéir;

(44)  ciallaíonn "seirbhísí ticéadaithe leictreonaigh" aon chóras ina gceannaítear ticéid iompair paisinéirí, lena n-áirítear ar líne, trí úsáid a bhaint as gléas a bhfuil cumas ríomhaireachta idirghníomhaí aige, agus a sheachadtar chuig an gceannaitheoir i bhfoirm leictreonach, chun gur féidir iad a phriontáil i bhfoirm pháipéir nó iad a thaispeáint ar ghléas soghluaiste tríd an gcumas ríomhaireachta idirghníomhaí nuair a bhítear ag taisteal.

CAIBIDIL II

CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA AGUS SAORGHLUAISEACHTA

Airteagal 4

Ceanglais inrochtaineachta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcomhréir le míreanna 2, 3 agus 5 den Airteagal seo agus faoi réir Airteagal 14, nach gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha ach táirgí ar an margadh agus nach gcuirfidh siad ar fáil ach na seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Aguisín I.

2.  Comhlíonfaidh na táirgí go léir na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn I d'Iarscríbhinn I.

Na táirgí go léir, cé is moite de chríochfoirt féinseirbhíse, comhlíonfaidh siad na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn II d'Iarscríbhinn I.

3.  Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfaidh gach seirbhís, seachas seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha, na ceanglais inrochtaineachta atá leagtha amach i Roinn III d'Iarscríbhinn I.

Gan dochar do mhír 5 den Airteagal seo, comhlíonfaidh na seirbhísí uile na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach i Roinn IV d'Iarscríbhinn I.

4.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, i bhfianaise na gcoinníollacha náisiúnta, maidir leis an timpeallacht thógtha atá in úsáid ag cliaint na seirbhísí a chumhdaítear faoin Treoir seo, go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, d'fhonn go mbeadh an úsáid is fearr is féidir á baint astu ag daoine ▌faoi mhíchumas.

5.  Micrifhiontair a sholáthraíonn seirbhísí, beidh siad díolmhaithe ó na ceanglais inrochtaineachta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo a chomhlíonadh, agus ó aon oibleagáidí a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas sin.

6.  Déanfaidh na Ballstáit treoirlínte agus uirlisí a sholáthar do mhicrifhiontair chun cur i bhfeidhm na mbeart náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo a éascú. Déanfaidh na Ballstáit na huirlisí sin a fhorbairt i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha.

7.  Féadfaidh na Ballstáit samplaí táscacha a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha den chaoi le cloí leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I de bhreis ar na samplaí táscacha atá in Iarscríbhinn II.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh freagairt teachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach '112', ag an PFGE is iomchuí, go gcomhlíonfaidh sin na ceanglais inrochtaineachta ar leith a leagtar amach i Roinn V d'Iarscríbhinn I ar an mbealach is oiriúnaí d'eagrúchán náisiúnta na gcóras éigeandála.

9.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn I a fhorlíonadh trí shonrú breise a dhéanamh ar na ceanglais inrochtaineachta nach féidir, i ngeall ar a nádúr féin, an éifeacht a cheaptar a bheidh acu a bhaint amach gan iad a shonrú a thuilleadh i ngníomhartha dlíthiúla ceangailteacha de chuid an Aontais, amhail ceanglais maidir le hidir-inoibritheacht.

Airteagal 5

An dlí de chuid an Aontais atá ann cheana i réimse an iompair do phaisinéirí

Na seirbhísí a chomhlíonann na ceanglais maidir le soláthar faisnéise inrochtana agus faisnéise ar inrochtaineacht a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 261/2004, (CE) Uimh. 1107/2006, (CE) Uimh. 1371/2007, (AE) Uimh. 1177/2010 agus (AE) Uimh. 181/2011 agus gníomhartha ábhartha a glacadh ar bhonn Threoir 2008/57, measfar go gcomhlíonann na seirbhísí sin na ceanglais chomhfhreagracha sa Treoir seo. I gcás ina ndéanann an Treoir seo foráil do cheanglais bhreise orthu siúd a thugtar sna Rialacháin agus na gníomhartha sin, beidh feidhm ag na ceanglais bhreise ina n-iomláine.

Airteagal 6

Saorghluaiseacht

Ní chuirfidh na Ballstáit bac, ar chúiseanna a bhaineann le ceanglais inrochtaineachta, ar tháirgí ná ar sholáthar seirbhísí ina gcríoch féin a chur ar fáil ar mhargadh a gcríche féin, a chomhlíonann an Treoir seo.

CAIBIDIL III

NA hOIBLEAGÁIDÍ AR OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA A DHÉILEALANN LE TÁIRGÍ

Airteagal 7

Oibleagáidí na monaróirí

1.  Nuair a chuirfidh siad a gcuid táirgí ar an margadh, áiritheoidh na monaróirí gur dearadh agus gur monaraíodh na táirgí i gcomhréir le n ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo.

2.  Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hIarscríbhinn IV agus cuirfidh siad i gcrích an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó cuirfear i gcrích é thar a gceann.

I gcás ina léirítear, de bhun an nós imeachta sin, go bhfuil na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme á gcomhlíonadh ag táirge, déanfaidh monaróirí dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a ullmhú agus an comhartha CE a ghreamú de.

3.  Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadacht theicniúil agus an dearbhú comhréireachta AE go ceann cúig bliana ó chuirtear an táirge ar an margadh.

4.  Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm a fhágfaidh go mbeidh an táirgeadh sraithe comhréireach leis an Treoir seo i gcónaí. Cuirfear san áireamh go leordhóthanach athruithe ar dhearadh nó ar shaintréithe an táirge agus athruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla ar trína mbíthin a dhearbhaítear comhréireacht an táirge.

5.  Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, nó sraithuimhir, nó eilimint eile lena gceadaítear, iad a aithint ar a dtáirgí, nó, i gcás nach féidir é sin de bharr mhéid nó chineál an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge.

6.  Léireoidh monaróirí ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála, nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní foláir pointe singil ag a bhféadfar teagmháil a dhéanamh leis an monaróir a chur in iúl sa seoladh. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus le húdaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.

7.  Áiritheoidh monaróirí go bhfuil treoracha agus faisnéis ag gabháil leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Beidh treoracha agus faisnéis den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, intuisceana agus intuigthe.

8.  Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. I gcásanna den sórt sin, coimeádfaidh monaróirí clár de na táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus de na gearáin ghaolmhara.

9.  Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh monaróirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, ar aon ghníomh a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme maidir le táirgí atá curtha ar an margadh acu a dhíothú, agus go háirithe chun na táirgí a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.

Airteagal 8

Ionadaithe údaraithe

1.  Féadfaidh monaróir, trí bhíthin sainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 7(1) ná ullmhú na doiciméadachta teicniúla mar chuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

2.  Déanfaidh ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú a gheofar ón monaróir. Leis an sainordú sin, ligfear don ionadaí údaraithe an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)  an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil d'údaráis um fhaireachais margaidh ar feadh cúig bliana;

(b)  tar éis dó iarraidh réasúnaithe a fháil ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá a chur ar fáil don údarás sin chun comhréireacht táirge a léiriú;

(c)  oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomh a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh táirgí leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme atá folaithe ag a sainordú a dhíothú.

Airteagal 9

Oibleagáidí na n-allmhaireoirí

1.  Ní chuirfidh allmhaireoirí ach táirgí comhlíontacha ar an margadh.

2.  Sula ndéanfar táirge a chur ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go mbeidh an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV curtha i gcrích ag an monaróir. Áiritheoidh siad go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas ag an monaróir faoi mar a éilítear san Iarscríbhinn sin, go bhfuil comhartha CE ar an táirge agus go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear ag gabháil leis agus go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) comhlíonta ag an monaróir.

3.  I gcás ina measann allmhaireoir, nó a bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo , ní chuirfidh an t-allmhaireoir an táirge ar an margadh go dtugtar chun comhréireachta é. Ina theannta sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh an t-allmhaireoir an monaróir agus na húdaráis um fhaireachas margaidh ar an eolas faoi sin.

4.  Déanfaidh allmhaireoirí a léiriú ar an táirge, a n-ainm nó a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus a seoladh teagmhála, nó i gcás nach bhféadfar é sin a dhéanamh, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a ghabhann leis an táirge. Ní mór na sonraí teagmhála a bheith i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh agus údaráis um fhaireachas margaidh a thuiscint gan stró.

5.  Áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an táirge i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann.

6.  Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair an táirge comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme i mbaol.

7.  Déanfaidh allmhaireoirí, ar feadh tréimhse cúig bliana, cóip den dearbhú comhréireachta de chuid an Aontais a choinneáil ar fáil d'údaráis faireacháin an mhargaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh.

8.  Monaróirí a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu lena chreidiúint, nach bhfuil táirge a chuir siad ar an margadh i gcomhréir leis an Treoir sin, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, más iomchuí, é a tharraingt siar . Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh. I gcásanna den sórt sin, coimeádfaidh allmhaireoirí clár de tháirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme agus de na gearáin ghaolmhara.

9.  Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh allmhaireoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil don údarás sin, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéanfar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme a bhaineann le táirgí atá curtha ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 10

Oibleagáidí na ndáileoirí

1.  Agus táirge á chur ar fáil ar an margadh, gníomhóidh dáileoirí le cúram cuí i ndáil leis na ceanglais na Treorach seo.

2.  Sula gcuirfear táirge ar fáil ar an margadh, fíoróidh dáileoirí go bhfuil comhartha CE ar an táirge, go bhfuil na doiciméid a cheanglaítear agus na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus leis na húsáideoirí deiridh eile sa Bhallstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh a thuiscint go héasca, agus fíoróidh siad freisin gur chomhlíon an monaróir agus an t-allmhaireoir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 7(5) agus (6) agus in Airteagal 9(4) faoi seach.

3.  I gcás ina measfaidh dáileoir, nó a bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nach bhfuil táirge i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na treorach seo, ní chuirfidh an dáileoir an táirge ar fáil ar an margadh nó go dtugtar chun comhréireachta é. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-allmhaireoir mar aon leis na húdaráis um fhaireachais margaidh ar an eolas faoi sin.

4.  Áiritheoidh dáileoirí, fad atá táirge faoina bhfreagracht, nach gcuireann dálaí stórála ná iompair an chaoi a gcomhlíonann sé na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme i mbaol .

5.  Dáileoirí a mheasann, nó ag a bhfuil cúis lena chreidiúint, nach bhfuil táirge atá curtha ar fáil ar an margadh acu i gcomhréir leis an Treoir seo, áiritheoidh siad go ndéantar na bearta ceartaitheacha is gá chun an táirge sin a thabhairt chun comhréireachta, nó más iomchuí, chun é a tharraingt siar. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh monaróirí údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

6.  Mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, cuirfidh dáileoirí an fhaisnéis agus an doiciméadacht ar fad is gá chun comhréireacht táirge a léiriú ar fáil dó. Oibreoidh siad i gcomhar leis an údarás sin, arna iarraidh sin dó, maidir le gníomhaíocht ar bith a dhéantar chun neamhchomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme a bhaineann le táirgí atá curtha ar fáil ar an margadh acu a dhíothú.

Airteagal 11

Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hallmhaireoirí agus dáileoirí

Measfar allmhaireoir nó dáileoir a bheith ina monaróir chun críocha na Treorach seo agus beidh an té sin faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 7, i gcás ina gcuireann an té sin táirge ar an margadh faoina ainm nó faoina hainm nó faoina thrádmharc nó faoina trádmharc, nó i gcás ina modhnaíonn an té sin táirge atá curtha ar an margadh cheana féin ar bhealach a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais na Treorach seo.

Airteagal 12

Oibreoirí eacnamaíocha a dhéileálann le táirgí a shainaithint

1.  Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 7 go dtí 10, arna iarraidh sin, an méid seo a leanas a shainaithint do na húdaráis um fhaireachas margaidh:

(a)  aon oibreoir eacnamaíoch eile a sholáthair táirge dóibh;

(b)  aon oibreoir eacnamaíoch eile ar sholáthair siad táirge dó.

2.  Beidh oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagail 7 go dtí 10 in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo a thíolacadh ar feadh cúig bliana ó soláthraíodh an táirge dóibh agus ar feadh cúig bliana tar éis dóibh féin an táirge a sholáthar.

3.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an Treoir seo a leasú ionas an tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás táirgí sonracha, a athrú. Beidh an tréimhse leasaithe sin níos faide ná cúig bliana agus i gcomhréir le saol eacnamaíoch úsáideach an táirge lena mbaineann.

CAIBIDIL IV

OIBLEAGÁIDÍ NA SOLÁTHRAITHE SEIRBHÍSÍ

Airteagal 13

Oibleagáidí na soláthraithe seirbhíse

1.  Áiritheoidh soláthraithe seirbhíse go ndearfaidh agus go soláthróidh siad seirbhísí i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

2.  Ullmhóidh soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis is gá i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus míneoidh siad an tslí ina gcomhlíonann na seirbhísí na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme . Cuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal i bhformáid scríofa agus i bhformáid ó bhéal, lena n-áirítear ar bhealach atá inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. Coimeádfaidh soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis sin ar feadh thréimhse oibrithe na seirbhíse.

3.  Gan dochar d'Airteagal 32, áiritheoidh soláthraithe seirbhíse go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ionas go mbeidh soláthar seirbhísí i gcomhréir i gcónaí leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme . I dtaca le hathruithe ar ghnéithe sholáthar na seirbhíse, le hathruithe ar na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, agus le hathruithe ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó ar shonraíochtaí teicniúla trína ndearbhaítear go gcomhlíonann seirbhís na ceanglais inrochtaineachta , cuirfidh na soláthraithe seirbhíse san áireamh go leordhóthanach iad. I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe seirbhíse na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme .

4.  I gcás neamhchomhréireachta, déanfaidh soláthraithe seirbhíse na bearta ceartaitheacha is gá chun go mbeidh an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. Thairis sin, i gcás nach gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, cuirfidh soláthraithe seirbhíse údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi aon bhearta ceartaitheacha a rinneadh.

5.  Soláthróidh soláthraithe seirbhíse d'údarás inniúil, arna iarraidh sin dó ar bhonn réasúnaithe, an fhaisnéis uile a theastaíonn chun a thaispeáint go bhfuil an tseirbhís i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme . Comhoibreoidh siad leis an údarás sin, arna iarraidh sin do na húdaráis sin, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun an tseirbhís sin a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin

CAIBIDIL V

ATHRÚ BUNÚSACH AR THÁIRGÍ NÓ AR SHEIRBHÍSÍ AGUS UALACH DÍRÉIREACH A CHUR AR OIBREOIRÍ EACNAMAÍOCHA

Airteagal 14

Athrú bunúsach agus ualach díréireach

1.  Na ceanglais inrochtaineachta dá dtagraítear in Airteagal 4, ní bheidh feidhm acu ach a mhéid gur fíor an méid a leanas maidir leis na ceanglais sin a comhlíonadh :

(a)  ní éilíonn siad athrú suntasach ar tháirge ná ar sheirbhís a bhfuil athrú ó bhonn ar a bhunchineál mar thoradh air; agus

(b)  ní dhéanfar ualach díréireach ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann a fhorchur dá mbarr.

2.  Déanfaidh oibreoirí measúnú a chur i gcrích ar cibé an mbeadh comhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta dá dtagraítear in Airteagal 4 ag tabhairt athrú bunúsach isteach nó, ar bhonn na gcritéar ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, an mbeadh ualach díréireach ann á fhorchur dá mbarr, de réir mar a fhoráiltear i mír 1 den Airteagal seo.

3.  Déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha an measúnú dá dtagraítear i mír 2 a dhoiciméadú. Coinneoidh na hoibreoirí eacnamaíocha na torthaí ábhartha go léir ar feadh tréimhse cúig bliana a ríomhfar ón táirge a chur ar fáil ar an margadh den uair dheireanach nó tar éis an tseirbhís a chur ar fáil den uair dheireanach; de réir mar is infheidhme. Arna iarraidh sin do na húdaráis um fhaireachas an mhargaidh nó do na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil, mar is infheidhme, cuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha cóip den mheasúnú dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na húdaráis.

4.  De mhaolú ar mhír 3, beidh micrifhiontair a dhéileálann le táirgí díolmhaithe ó na ceanglais chun a measúnú a dhoiciméadú. Mar sin féin, má iarrann údarás um fhaireachas margaidh amhlaidh, déanfaidh na micrifhiontair a dhéileálann le táirgí agus a mhonaraíonn, a allmhairíonn nó a dháileann táirgí, agus atá ag brath ar mhír 1, na fíricí is ábhartha don mheasúnú dá dtagraítear i mír 2 a chur ar fáil don údarás.

5.  Soláthraithe seirbhíse atá ag brath ar phointe (b) de mhír 1, i ndáil le gach catagóir nó cineál seirbhíse, déanfaidh siad athnuachan ar a measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil an t-ualach díréireach:

(a)  nuair a athraítear an tseirbhís a thairgtear; nó

(b)  arna iarraidh sin do na húdaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil; agus

(c)  ar aon chaoi, gach cúig bliana ar a laghad.

6.  I gcás ina bhfaigheann oibreoirí eacnamaíocha cistiú ó fhoinsí eile seachas acmhainní an oibreora eacnamaíoch féin, bíodh sin poiblí nó príobháideach, a fhoráiltear chun feabhas a chur ar an inrochtaineacht, ní bheidh siad i dteideal brath ar phointe (b) de mhír 1.

7.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun Iarscríbhinn VI a fhorlíonadh trí na critéir ábhartha atá le cur san áireamh ag an oibreoir eacnamaíoch chun an measúnú dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh a shonrú. I gcás ina sonraítear tuilleadh de na critéir sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ní amháin na buntáistí a d'fhéadfadh a bheith ann do dhaoine faoi mhíchumas, ach, chomh maith leis sin, dóibh siúd a bhfuil teorainneacha feidhme acu.

Déanfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh tarmligthe den sórt sin a ghlacadh pé uair is gá faoi …[bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfear gníomh den sórt sin i bhfeidhm, ar a luaithe, … [sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] .

8.  I gcás ina bhfuil oibreoirí eacnamaíocha ag brath ar mhír 1 le haghaidh táirge nó seirbhís ar leith, cuirfidh siad faisnéis á thabhairt sin le fios chuig an údarás ábhartha um fhaireachas margaidh nó údaráis atá freagrach as comhlíontacht seirbhísí a sheiceáil de chuid an Bhallstáit ina gcuirtear an táirge ar leith ar an margadh nó ina gcuirtear an tseirbhís ar leith ar fáil.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le micrifhiontair.

CAIBIDIL VI

CAIGHDEÁIN CHOMHCHUIBHITHE AGUS SONRAÍOCHTAÍ TEICNIÚLA TÁIRGÍ AGUS SEIRBHÍSÍ

Airteagal 15

Toimhde na comhréireachta

1.  Toimhdeofar go bhfuil táirgí agus seirbhísí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe, nó codanna díobh, ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go bhfuil siad arna gcumhdach ag na caighdeáin sin nó ag codanna díobh.

2.  Iarrfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú do na ceanglais inrochtaineachta táirgí a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfidh an Coimisiún an chéad dréacht-iarratas den sórt sin chuig an gcoiste ábhartha faoin ... [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar sonraíochtaí teicniúla a chomhlíonann ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  nach bhfoilsítear aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; agus

(b)  inarb amhlaidh:

(i)  a d'iarr an Coimisiún ar cheann amháin nó níos mó de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú agus atá moill mhíchuí ar an nós imeachta um chaighdeánú nó nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh;

(ii)  gur féidir leis an gCoimisiún a léiriú go n-urramaíonn sonraíocht theicniúil na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ach amháin an ceanglas gur faoi eagraíocht neamhbhrabúsach a bhí sé na sonraíochtaí teicniúla a fhorbairt.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2) ▌.

4.  Measfar táirgí agus seirbhísí atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla nó le codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo sa mhéid go gcumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí teicniúla sin nó le codanna díobh.

CAIBIDIL VII

COMHRÉIREACHT TÁIRGÍ AGUS COMHARTHA CE A FHÁIL

Airteagal 16

Dearbhú de chuid AE maidir le comhréireacht táirgí

1.  Sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE gur léiríodh go gcomhlíontar na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme. I gcás inar baineadh úsáid, mar eisceacht, as Airteagal 14, sonrófar sa dearbhú comhréireachta de chuid AE na ceanglais inrochtaineachta atá faoi réir na heisceachta sin.

2.  Beidh sa dearbhú comhréireachta de chuid AE struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE. Beidh ann na gnéithe a shonraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn leanúnach. Ní fhorchuirfear aon ualach míchuí ar mhicrifhiontair ná ar FBManna leis na ceanglais maidir leis an doiciméadacht theicniúil. Aistreofar é go dtí an teanga nó go dtí na teangacha a éilíonn an Ballstát ina ndéantar an táirge a chur ar an margadh nó a chur ar fáil ar an margadh.

3.  I gcás ina mbeidh táirge faoi réir níos mó ná gníomh amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid AE, déanfar dearbhú comhréireachta aonair de chuid AE a ullmhú i leith gach gníomh Aontais den chineál sin. Beidh sa dearbhú sin sainaithint na ngníomhartha lena mbaineann, lena n-áirítear na tagairtí foilseacháin.

4.  Tríd an dearbhú comhréireachta de chuid AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin go gcomhlíonfaidh an táirge ceanglais na Treorach seo.

Airteagal 17

Prionsabail ghinearálta maidir le comhartha CE a chur ar tháirgí

Beidh an comhartha CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 18

Rialacha agus coinníollacha maidir leis an gcomhartha CE a ghreamú de tháirge

1.  Déanfar an comharthú CE a ghreamú go feiceálach, go soléite agus go doscriosta den táirge nó dá phláta sonraí. Mura féidir é sin a dhéanamh nó mura bhfuil gá leis mar gheall ar chineál an táirge, feisteofar ar an bpacáistíocht é agus ar na doiciméid a ghabhann leis.

2.  Greamófar an comhartha CE sula gcuirfear an táirge ar an margadh.

3.  Cuirfidh na Ballstáit leis na sásraí reatha chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme i gceart an réim lena rialaítear an comhartha CE agus déanfaidh siad beart iomchuí i gcás ina mbaintear úsáid mhíchuí as an gcomhartha sin.

CAIBIDIL VIII

FAIREACHAS MARGAIDH TÁIRGÍ AGUS NÓS IMEACHTA COSANTA AN AONTAIS

Airteagal 19

Faireachas margaidh a dhéanamh ar tháirgí

1.  Beidh feidhm maidir le táirgí ag Airteagal 15(3), Airteagail 16 go 19, Airteagal 21, Airteagail 23 go 28 agus Airteagal 29(2) agus Airteagal 29(3) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

2.  Nuair a bheidh faireachas margaidh á dhéanamh ar tháirgí ag údaráis ábhartha um fhaireachas margaidh, i gcás ina bhfuil an t-oibreoir eacnamaíoch tar éis brath ar Airteagal 14 den Treoir seo:

(a)  déanfaidh siad a sheiceáil go bhfuil an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 curtha i gcrích ag an oibreoir eacnamaíoch,

(b)  déanfaidh siad athbhreithniú ar an measúnú sin gona thorthaí, lena n-áirítear úsáid cheart a bhaint as na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI; agus

(c)  seiceáil a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas inrochtaineachta is infheidhme.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil do thomhaltóirí, arna iarraidh sin dóibh agus i bhformáid inrochtana, faisnéis atá i seilbh na n-údarás um fhaireachas margaidh maidir le ceanglais inrochtaineachta is infheidhme na Treorach seo atá le comhlíonadh ag oibreoirí eacnamaíocha agus maidir leis an measúnú dá bhforáiltear in Airteagal 14, ach amháin i gcás nach féidir an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar chúiseanna rúndachta de réir mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal (19)(5) de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.

Airteagal 20

Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le táirgí nach gcomhlíonann na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme

1.  I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát amháin lena chreidiúint nach gcomhlíonann táirge a chumhdaítear leis an Treoir seo na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme, déanfaidh siad meastóireacht i ndáil leis an táirge lena mbaineann lena gcumhdófar na ceanglais i go léir a leagtar amach sa Treoir seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha go hiomlán leis na húdaráis um fhaireachas margaidh chun na críche sin.

I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh, le linn na meastóireachta sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar amach sa Treoir seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an táirge na ceanglais sin laistigh de thréimhse réasúnach ama, i gcomhréir le cineál an neamhchomhlíonta, de réir mar a fhorordóidh siad.

Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha an táirge a tharraingt siar ón margadh, laistigh de thréimhse réasúnta bhreise, ach amháin más rud é gur mhainnigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomh ceartaitheach leordhóthanach a dhéanamh laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír.

Beidh feidhm ag Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara agus sa tríú fomhír den mhír seo.

2.  I gcás ina measann na húdaráis um fhaireachas margaidh nach bhfuil neamh-chomhlíonadh srianta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad torthaí na meastóireachta agus na ngníomhaíochtaí ar chuir siad de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch iad a dhéanamh in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

3.  Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéantar gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí i leith na dtáirgí uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.

4.  I gcás nach ndéanann an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach sa tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír de mhír 1, déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gach beart sealadach iomchuí chun cosc nó srian a chur ar ar an dtáirge a bheith á gcur ar fáil ar a margadh náisiúnta, chun an táirge a tharraingt siar ón margadh sin

Cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na mbeart sin gan mhoill.

5.  San fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4, beidh na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach a shainaithint, ionad tionscnaimh an táirge, cineál an neamhchomhlíonta a líomhnaítear agus na ceanglais inrochtaineachta nach gcomhlíonann an táirge iad, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh, agus na hargóintí a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha chun tosaigh. Go háirithe, cuirfidh na húdaráis um fhaireachas margaidh in iúl cibé an é aon cheann den dá ní seo is cúis leis an neamh-chomhlíonadh:

(a)  go mainníonn an táirge na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme;

(b)  easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear in Airteagal 15 agus lena mbronntar toimhde comhréireachta.

6.  Déanfaidh na Ballstáit, seachas an Ballstát a thionscnaíonn an nós imeachta faoin Airteagal seo, aon bhearta a ghlactar agus aon fhaisnéis bhreise atá faoina réir acu agus a bhaineann le neamhchomhlíonadh an táirge lena mbaineann, agus, i gcás easaontas leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra ina leith, a n-agóidí a chur in iúl gan mhoill don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

7.  Más rud é, laistigh de thrí mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid maidir le beart sealadach a ghlac Ballstát déanta ag Ballstát nó ag an gCoimisiún, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh gan mhoill, i leith an táirge lena mbaineann.

Airteagal 21

Nós imeachta cosanta an Aontais

1.  I gcás, ach a gcríochnófar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 20(3) agus (4), ina ndéantar agóidí i gcoinne beart atá déanta ag Ballstát, nó ina bhfuil fianaise réasúnta ag an gCoimisiún a thugann le fios go bhfuil beart náisiúnta contrártha le dlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit agus leis an oibreoir eacnamaíoch nó leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta nó nach bhfuil.

Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé an cinneadh sin in iúl láithreach dóibh agus don oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha.

2.  I gcás ina meastar bonn cirt a bheith leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá chun a áirithiú go dtarraingeofar an táirge neamh-chomhlíontach siar óna margadh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. I gcás ina meastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart sin a tharraingt siar.

3.  I gcás ina meastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus go gcuirtear síos neamh-chomhlíonadh an táirge d'easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear  i bpointe (b) d'Airteagal 20(5), déanfaidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a chur i bhfeidhm.

4.  I gcás ina measfar údar a bheith leis an mbeart náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus ina ndéanfar neamhchomhlíonadh an táirge a leagan de mhilleán ar easnaimh sna sonraíochtaí teicniúla dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 20(5), glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme gan mhoill lena leasaítear nó lena n-aisghairtear na sonraíochtaí theicniúla sin. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).

Airteagal 22

Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1.  Gan dochar d'Airteagal 20, i gcás ina bhfaigheann Ballstát amach gur tharla ceann amháin de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamh-chomhlíonadh lena mbaineann:

(a)  greamaíodh an comhartha CE de shárú ar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 nó ar Airteagal 18 den Treoir seo;

(b)  nár greamaíodh an comhartha CE;

(c)  ní dhearnadh dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh a dhréachtú;

(d)  ní dhearnadh dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh a dhréachtú i gceart;

(e)  níl fáil ar an doiciméadacht theicniúil nó níl sí iomlán;

(f)  tá an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(6) nó Airteagal 9(4) ar iarraidh, bréagach nó neamhiomlán;

(g)  níor comhlíonadh ceann de na ceanglais riaracháin eile dá bhforáiltear in Airteagal 7 nó in Airteagal 9.

2.  I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann gach beart is iomchuí chun srian nó cosc a chur ar an táirge a bheith á chur ar fáil ar an margadh nó chun a áirithiú go dtarraingeofar siar ón margadh é.

CAIBIDIL IX

COMHLÍONADH SEIRBHÍSÍ

Airteagal 23

Comhlíonadh seirbhísí

1.  Chun an méid a leanas a dhéanamh bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta leordhóthanacha, cuirfidh siad i bhfeidhm iad agus tabharfaidh siad cothrom le dáta iad go tráthrialta:

(a)  comhlíontacht na seirbhísí leis ceanglais na Treorach seo a sheiceáil, lena n-áirítear an measúnú dá dtagraítear in Airteagal 14 a mbeidh feidhm ag Airteagal 19(2) mutatis mutandis ina leith;

(b)  obair leantach a dhéanamh maidir le gearáin nó tuarascálacha i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le neamhchomhlíontacht seirbhísí leis na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach sa Treoir seo;

(c)  a fhíorú go bhfuil an ghníomhaíocht cheartaitheach is gá déanta ag an oibreoir eacnamaíoch.

2.  Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as cur chun feidhme na nósanna imeachta dá dtagraítear i mír 1 maidir le comhlíonadh seirbhísí.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an pobal ar an eolas gurb ann do na húdaráis dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sainaithneoidh siad na húdaráis sin, na freagrachtaí atá orthu, agus an obair agus na cinntí a dhéanann siad dá dtagraítear inti. Cuirfidh na húdaráis sin an fhaisnéis sin ar fáil i bhformáidí inrochtana arna iarraidh sin orthu.

CAIBIDIL X

CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA I nGNÍOMHARTHAEILE AN AONTAIS

Airteagal 24

Inrochtaineacht faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais

1.  Maidir leis na táirgí agus leis na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2 den Treoir seo, is ceanglais inrochtaineachta éigeantacha de réir bhrí Airteagal 42(1) de Threoir 2014/24/AE agus Airteagal 60(1) de Threoir 2014/25/AE a bheidh sna ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann léi.

2.  Maidir le táirgí nó seirbhísí a gcomhlíonann a ngnéithe, a n-eilimintí nó a bhfeidhmeanna na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo i gcomhréir le Roinn VI d'Iarscríbhinn I, toimhdeofar go gcomhlíonann na táirgí nó na seirbhísí sin na ceanglais ábhartha inrochtaineachta a leagtar amach i ngníomhartha eile an Aontais i dtaca leis na gnéithe sin, na heilimintí sin nó na feidhmeanna sin mura bhforáiltear dá mhalairt sna gníomhartha eile sin.

Airteagal 25

Na caighdeáin chomhchuibhithe agus na sonraíochtaí teicniúla le haghaidh gníomhartha eile de chuid an Aontais

I gcás ina bhfuil táirgí agus seirbhísí i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe agus le sonraíochtaí teicniúla nó le codanna díobh, ar caighdeáin nó sonraíochtaí iad a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 15, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir le hAirteagal 24 sa mhéid go gcomhlíonann na caighdeáin agus na sonraíochtaí sin, nó codanna díobh, ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

CAIBIDIL XI

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE, CUMHACHTAÍ CUR CHUN FEIDHME AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 267

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón .... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(3) agus in Airteagal 14(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón .... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(9), Airteagal 12(3) agus Airteagal 14(7) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis ar an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí ná sin a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(9), Airteagal 12(3) agus Airteagal 14(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 27

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 28

Meitheal

Bunóidh an Coimisiún meitheal ina mbeidh ionadaithe na n-údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh, na húdaráis atá freagrach as comhlíonadh na seirbhísí, agus na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe ó eagraíochtaí lucht míchumais.

Déanfaidh an mheitheal:

(a)  malartú faisnéise agus dea-chleachtais i measc na n-údarás agus na ngeallsealbhóirí a éascú;

(b)  an comhar a chothú idir na húdaráis agus na geallsealbhóirí ábhartha maidir le hábhair a bhaineann le cur chun feidhme na Treorach seo chun feabhas a chur ar an gcomhleanúnachas i gcur i bhfeidhm cheanglas inrochtaineachta na Treorach seo agus dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 14, agus

(c)  comhairle a chur ar fáil, go háirithe don Choimisiún, go háirithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 4 agus Airteagal 14.

Airteagal 29

Forfheidhmiú

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil bealaí leordhóthanacha agus éifeachtacha ann chun comhréireacht leis an Treoir seo a áirithiú.

2.  Áireofar ar na bealaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)  forálacha trína bhféadfaidh tomhaltóir caingean a thabhairt os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin faoin dlí náisiúnta chun a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo;

(b)  forálacha trína bhféadfaidh comhlachtaí poiblí, comhlachais phríobháideacha nó eagraíochtaí príobháideacha nó eintitis dhlíthiúla eile ag a bhfuil leas dlisteanach i gcomhlíonadh fhorálacha na Treorach seo a áirithiú dul os comhair na gcúirteanna nó os comhair na gcomhlachtaí inniúla riaracháin faoin dlí náisiúnta thar ceann an ghearánaí nó mar thaca leis an ngearánaí, agus ceadú faighte uaidh nó uaithi, in aon nós imeachta breithiúnach nó gnás riaracháin arna chur ar fáil chun oibleagáidí faoin Treoir seo a fhorfheidhmiú.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le nósanna imeachta soláthair atá faoi réir Threoir 2014/24/AE nó Threoir 2014/25/AE.

Airteagal 30

Pionóis

1.  Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

2.  Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh bearta ceartaitheacha éifeachtacha ag gabháil leis na pionóis i gcás neamhchomhlíonadh an oibreora eacnamaíoch.

3.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

4.  Cuirfear san áireamh sna pionóis méid na neamhchomhlíontachta, lena n-áirítear tromchúis na neamhchomhlíontachta agus líon na n-aonad de tháirgí nó seirbhísí neamhchomhlíontacha lena mbaineann, chomh maith le líon na ndaoine a ndéanann sin difear dóibh.

5.  Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo le nósanna imeachta soláthair atá faoi réir Threoir 2014/24/AE nó Threoir 2014/25/AE.

Airteagal 31

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [... cuir isteach an dáta - trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] , ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach .

2.  Cuirfidh siad na bearta sin i bhfeidhm ón [ sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.  De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh na bearta maidir leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(8) a chur i bhfeidhm ó [ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

4.  Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

5.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

6.  Ballstáit a úsáideann an fhéidearthacht dá bhforáiltear in Airteagal 4(4), cuirfidh siad téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad uime sin in iúl don Choimisiún agus cuirfidh siad tuarascáil chuig an gCoimisiún ar an dul chun cinn a rinneadh ina gcur chun feidhme.

Airteagal 32

Bearta idirthréimhseacha

1.  Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh na Ballstáit idirthréimhse dar críoch… [11 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]ar fáil; idir an dá linn, féadfaidh soláthraithe seirbhíse a gcuid seirbhísí a sholáthar agus táirgí a úsáid a bhí in úsáid go dleathach acu go dtí sin d'fhonn seirbhísí comhchosúla a chur ar fáil.

Féadfaidh conarthaí seirbhíse, a comhaontaíodh roimh …[sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], leanúint ar aghaidh gan athrú go dtí go rachaidh siad in éag, ar choinníoll nach faide sin ná cúig bliana tar éis an dáta sin.

2.  I dtaca leis na teirminéil féinseirbhíse sin a bhí in úsáid go dleathach ag soláthraithe seirbhíse chun a gcuid seirbhísí a sholáthar roimhe seo ... [sé bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfaidh na Ballstáit a fhoráil gur ceadmhach leanúint dá n-úsáid chun seirbhísí cosúla a sholáthar nó go mbeidh a sea eacnamaíoch tugtha, ach tráth nach faide ná 20 bliain ó tosaíodh á n-úsáid.

Airteagal 33

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.  Faoin …[11 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach cúigiú bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

2.   I bhfianaise a bhfuil ag tarlú i réimsí sóisialta, eacnamaíocha agus teicneolaíocha, tabharfar aghaidh sa tuarascáil, inter alia, ar theacht chun cinn inrochtaineacht ar tháirgí agus ar sheirbhísí, gaibhniú teicneolaíochta nó bacainní ar an nuálaíocht a d'fhéadfadh tarlú agus ar an tionchar a bheadh ag an Treoir seo ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar dhaoine atá faoi mhíchumas. Déanfar a mheas freisin sna tuarascálacha sin cé acu a chuidigh nó nár chuidigh cur i bhfeidhm Airteagal 4(4) chun comhfhogasú a dhéanamh, nuair ab fhéidir sin, ar riachtanais éagsúla inrochtaineachta na timpeallachta tógtha a bhíonn ag seirbhísí iompair do phaisinéirí, seirbhísí baincéireachta tomhaltóirí, lárionaid seirbhísí custaiméirí, agus ag siopaí soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí, d'fhonn gur féidir na ceanglais inrochtaineachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ailíniú go forásach.

Déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith ar cé acu a chuidigh nó nár chuidigh an Treoir seo, agus go háirithe a forálacha saorálacha, le comhfhogasú a dhéanamh maidir le héagsúlacht na gceanglas inrochtaineachta sa timpeallacht thógtha ar oibreacha iad a thagann faoi raon feidhme Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(37), Treoir 2014/24/AE agus Treoir 2014/25/AE.

Anuas air sin, tabharfar aghaidh sna tuarascálacha ar an tionchar atá ag cur i bhfeidhm Airteagal 14 den Treoir seo ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear, i gcás ina mbeidh fáil air sin, ar bhonn na faisnéise a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 14(8), agus ar chur i bhfeidhm na díolúine do mhicreafhiontair. Is bunaithe ar na tuarascálacha seo a chinnfear cé acu a d'éirigh nó nár éirigh leis an Treoir seo a cuid aidhmeanna a bhaint amach agus arbh iomchuí táirgí agus seirbhísí nua a chuimsiú, nó arbh iomchuí táirgí nó seirbhísí áirithe a eisiamh ó raon na Treorach seo; déanfaidh na tuarascálacha réimsí a shainaithint, nuair is féidir, maidir leis an ualach ábhartha a laghdú d'fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar an Treoir seo.

I gcás inar gá, déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí a mholadh, a bhfeadfadh bearta reachtacha a bheith san áireamh iontu.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis uile is gá in iúl don Choimisiún in am trátha le go bhféadfaidh an Coimisiún tuarascáil den sórt sin a ullmhú.

4.  Cuirfear barúlacha na ngeallsealbhóirí eacnamaíocha agus na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha san áireamh sna tuarascálacha ón gCoimisiún, lena n-áirítear eagraíochtaí daoine atá faoi mhíchumas .

Airteagal 34

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 35

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa…,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

_____________________

IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA A BHAINEANN LE TÁIRGÍ AGUS SEIRBHÍSÍ

ROINN I: CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA GHINEARÁLTA A BHAINEANN LE GACH TÁIRGE A CHUMHDAÍTEAR FAOIN TREOIR SEO I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 2(1)

Ní mór táirgí a dhearadh agus a tháirgeadh chun go n-uasmhéadófar an úsáid intuartha a bhainfidh siad siúd atá faoi mhíchumas astu agus ní mór go mbeadh faisnéis inrochtana maidir lena bhfeidhmiú agus lena saintréithe inrochtaineachta ag gabháil leo; i gcás inar féidir, bíodh an fhaisnéis sin istigh sa táirge féin nó ar an táirge.

1.  Na ceanglais maidir le soláthar faisnéise

(a)  an fhaisnéis a thabharfar ar an táirge féin faoi úsáid an táirge (lipéadú, treoracha agus rabhadh), beidh an méid seo a leanas amhlaidh ina taobh:

(i)  cuirfear ar fáil í trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)  is ar bhealach intuigthe a chuirfear i láthair í;

(iii)  is ar bhealaí atá inbhraite d'úsáideoirí a chuirfear i láthair í;

(iv)  úsáidfear clómhéid leordhóthanach oiriúnach, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(b)  beidh na treoracha a bhaineann le húsáid an táirge, nach gcuirtear ar fáil ar an táirge féin ach a chuirtear ar fáil trí úsáid a bhaint as an táirge nó trí mhodhanna eile amhail an suíomh gréasáin, lena n-áirítear feidhmeanna inrochtaineachta an táirg, treoacha maidir lena ngníomhachtú agus maidir lenaa n-idir-inoibritheacht i dtaca le réitigh cúnta, beidh na treoracha sin ar fáil don phobal nuair a chuirtear an táirge ar an margadh agus beidh an méid seo a leanas amhlaidh ina taobh:

(i)  cuirfear ar fáil í trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)  is ar bhealach intuigthe a chuirfear i láthair iad;

(iii)  is ar bhealaí atá inbhraite d'úsáideoirí a chuirfear i láthair iad;

(iv)  úsáidfear clómhéid leordhóthanach oiriúnach, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(v)  cuirfear inneachar na dtreoracha ar fáil i dtéacsfhormáidí is inúsáidte chun formáidí cúnta malartacha a ghiniúint, a chuirfear i láthair ar bhealaí éagsúla agus trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(vi)  cuirfear aon inneachar neamhthéacsúil i láthair ar bhealach malartach;

(vii)  beidh cur síos ann ar chomhéadan úsáideora an táirge (láimhseáil, rialú agus aiseolas, ionchur agus aschur) a chuirfear ar fáil i gcomhréir le pointe 2; maidir le gach pointe i bpointe 2, léireofar sa tuairisc cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na gnéithe sin ar fáil leis an táirge;

(viii)  beidh ann tuairisc ar fheidhmiúlacht an táirge, arb iad na feidhmeanna lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais an té atá faoi mhíchumas, i gcomhréir le pointe 2, a thugann an fheidhmiúlacht sin don táirge; maidir le gach pointe i bpointe 2, léireofar sa tuairisc cibé acu a chuirtear nó nach gcuirtear na gnéithe sin ar fáil leis an táirge;

(ix)  beidh ann tuairisc ar bhogearraí agus chrua-earraí an táirge, lena dtéitear i gcomhéadan le feistí cúnta; tabharfar sa tuairisc liosta de na feistí cúnta a ndearnadh tástáil orthu in éineacht leis an táirge.

2.  An comhéadan úsáideora agus an dearadh feidhmiúlachta:

Beidh ag an táirge, lena n-áirítear an comhéadan úsáideora, tréithe, eilimintí agus feidhmeanna a cheadóidh don té atá faoi mhíchumas an táirge a rochtain, a bhrath, a oibriú, a thuiscint agus a smachtú, tríd an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)  más féidir leis an táirge cumarsáid a dhéanamh, lena n-áirítear cumarsáid idirphearsanta, oibriú, faisnéis, rialú agus treoshuíomh, ní taobh le cainéal céadfach amháin a bheifear chun sin a dhéanamh; áireofar leis sin roghanna malartacha a sholáthar i ndáil le heilimintí amhairc, fuaime, urlabhra agus tadhaill;

(b)  má úsáideann an táirge caint, cuirfidh sé roghanna malartacha ar fáil ionas nach taobh leis an gcaint ná leis an ionchur gutha amháin a bheifear chun cumarsáid, rialú ionchuir, nó treoshuíomh a dhéanamh;

(c)  má úsáideann an táirge amharc-eilimintí, beidh aige formhéadú, gile, agus codarsnacht sholúbtha i dtaca le cumarsáid, eolas, agus oibriú, agus áiritheofar go mbeidh sé idir-inoibritheach le cláir agus feistí cúnta ó thaobh a comhéadan a úsáid;

(d)  má úsáideann an táirge dath chun eolas a chur in iúl, gníomhaíocht a léiriú, freagairt a iarraidh, nó eilimintí a shainaithint, ní taobh le dathanna amháin a bheidh sé chun sin a dhéanamh;

(e)  má úsáideann an táirge comharthaí inchloiste chun faisnéis a chur in iúl, beart a léiriú, freagairt a iarraidh, nó eilimintí a shainaithint, ní taobh le comharthaí inchloiste amháin a bheidh an táirge;

(f)  má úsáideann an táirge amharc-eilimintí, beidh aige freisin bealaí solúbtha chun an soiléire na híomhá a fheabhsú;

(g)  má úsáideann an táirge fuaim, beidh an t-úsáideoir in ann airde agus luas na fuaime a rialú, agus beidh aige fuaimthréithe feabhsaithe lena n-áirítear laghdú trasnaíochta ó fhuaimchomharthaí a thagann ó tháirgí eile, mar aon le soiléire fuaime;

(h)  nuair is ó láimh a chaitear an a rialú agus a oibriú, beifear in ann é a rialú go seicheamhach agus ní taobh le rialú mínluaile amháin a bheifear; fágfaidh sin nach dteastóidh rialtáin chomhuaineacha chun é a oibriú, agus beidh aige páirteanna tadhlacha in-idirdhealaithe;

(i)  seachnófar modhanna oibríochta a éilíonn go mbeadh an té a úsáidfidh an táirge lúfar láidir, nó in ann síneadh fada a bhaint as na géaga;

(j)  áiritheofar nach mbeidh an táirge ina shiocair le taomanna fótamhothálacha;

(k)  tabharfaidh an táirge cosaint do phríobháideacht an úsáideora tráth a n-úsáidtear na saintréithe inrochtaineachta;

(l)  ní taobh le sainaithint agus rialú bithmhéadrach amháin a bheidh an táirge;

(m)  áiritheofar go mbeidh ag an táirge comhsheasmhacht feidhmiúlachta agus go dtabharfaidh sé dóthain ama don té a úsáidfidh idirghníomhú leis, agus go mbeidh fad an ama sin solúbtha;

(n)  beidh ag an táirge bogearraí agus crua-earraí chun gur féidir dul i gcomhéadan le teicneolaíochtaí cúnta;

(o)  beidh an táirge i gcomhréir leis na riachtanais earnáilsonracha seo a leanas:

(i)  teirminéil féinseirbhíse:

—  beidh aige teicneolaíocht téacs-go-teanga;

—  beifear in ann cluasáin phearsanta a úsáid leis;

—  i gcás ina dteastóidh freagairt amaithe, ní taobh le cainéal céadfach amháin a bheifear chun rabhadh faoi sin a thabhairt don úsáideoir;

—  beifear in ann síneadh a chur leis an am a cheadófar;

—  beidh aige codarsnacht leordhóthanach agus eochracha agus rialtáin thadhlacha in-idirdhealaithe i gcás ina mbíonn eochracha agus rialtáin ag an táirge;

—  ní chaithfear saintréith inrochtaineachta, ar saintréith í a theastaíonn ó úsáideoir, a chur i ngníomh chun gur féidir leis an úsáideoir an táirge a úsáid;

—  má úsáideann an táirge fuaimchomharthaí nó comharthaí inchloiste, beidh sé ag teacht le gach feiste agus teicneolaíocht chúnta dá mbeidh ar fáil san Aontas, lena n-áirítear teicneolaíochtaí éisteachta amhail áiseanna éisteachta, teilea-chornaí, ionchlannáin cochla, agus feistí cúnta éisteachta;

(ii)  beidh teicneolaíocht téacs-go-teanga ag ríomhléitheoirí;

(iii)  i dtaca le trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil acmhainn ríomhaireachta idirghníomhach aige, agus a úsáidtear chun seirbhísí cumarsáide leictreonacha a sholáthar:

—  beidh an trealamh sin, más téacsinniúil chomh maith le bheith glórinniúil, in ann téacs fíor-ama a láimhseáil agus fuaim ard-dílseachta a iompar;

—  beidh an trealamh sin, más físeáninniúil chomh maith le – nó i gcumasc le – téacsinniúil agus glórinniúil, in ann comhrá iomlán a láimhseáil lena n-áirítear glór sioncrónaithe, téacs fíor-ama, agus físeán a bhfuil gléine dar tualaing cumarsáid le teanga chomharthaíochta a cheadú;

—  áiritheoidh sé cúpláil éifeachtach gan sreang le teicneolaíochtaí éisteachta;

—  seachnóidh sé trasnaíocht le feistí cúnta;

(iv)  cuirfear ar fáil trealamh teirminéil do thomhaltóirí, a bhfuil ardacmhainn idirghníomhach ríomhaireachta aige, lena ndéantar seirbhísí meán closamhairc a rochtain don té atá faoi mhíchumas na comhpháirteanna inrochtaineachta sin, arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí meán closamhairc, lena dtabharfar deis rochtana, roghnaithe, rialaithe, agus pearsantaithe don úsáideoir, agus lena mbeifear in ann tarchur chuig feistí cúnta.

3.  Seirbhísí tacaíochta:

Ach sin a bheith ar fáil, déanfaidh seirbhísí tacaíochta (deasca cabhracha, glao-ionaid, tacaíocht theicniúil, seirbhísí athsheachadta, agus seirbhísí oiliúna) faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht an táirge gona chomhoiriúnacht le teicneolaíochtaí cúnta, ar bhealaí soiléire intuigthe.

ROINN II: CEANGALIS INROCHTAINEACHTA A BHAINEANN LE TAIRGÍ IN AIRTEAGAL 2(1), ACH AMHÁIN NA TEIRMINÉIL FÉINSEIRBHÍSE DÁ dTAGRAÍTEAR I bPOINTE (b) IN AIRTEAGAL 2(1)(b)

Sa bhreis ar cheanglais Roinn I, beidh pacáistiú agus treoracha na dtáirgí a chumhdaítear sa Roinn seo inrochtana, d'fhonn pé úsáid intuartha a bhainfidh an té atá faoi mhíchumas astu a uasmhéadú. Fágann sin go bhfuil sé mar seo:

(a)  i dtaca le pacáistiú an táirge, lena n-áirítear an fhaisnéis a ghabhann leis (e.g. maidir le hoscailt, dúnadh, úsáid, diúscairt) lena n-áirítear, nuair is ann di, faisnéis faoi shaintréithe inrochtaineachta an táirge, beidh sin inrochtana agus le fáil ar an bpacáiste féin nuair is indéanta;

(b)  i dtaca le treoracha suiteála, cothabhála, stórála agus diúscartha an táirge nach gcuirtear ar an táirge féin ach in áit eile amhail suíomh gréasáin, beidh fáil orthu go poiblí ach a gcuirtear an táirge ar an margadh, agus beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(i)  chuirfear ar fáil na treoracha sin trí níos mó ná cainéal céadfach amháin ;

(ii)  curtha i láthair go hintuigthe;

(iii)  cuirfear i láthair na n-úsáideoirí iad ar bhealach is inbhraite dóibh;

(iv)  cuirfear i láthair gclómhéid leordhóthanach oiriúnach iad, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(v)  cuirfear inneachar na dtreoracha ar fáil i dtéacsfhormáidí is inúsáidte chun formáidí cúnta malartacha a ghiniúint, a bheidh le cur i láthair ar bhealaí éagsúla agus trí níos mó ná cainéal céadfach amháin; agus

(vi)  i gcás treoracha ina mbeidh inneachar neamhthéacsúil, cuirfear an t-inneachar sin i láthair ar bhealach malartach freisin.

ROINN III: CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA GHINEARÁLTA A BHAINEANN LE GACH SEIRBHÍS A CHUMHDAÍTEAR FAOIN TREOIR SEO I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 2(2)

▌Mar seo thíos a dhéanfar seirbhísí a sholáthar d'fhonn an úsáid intuartha a bhainfidh siad siúd atá faoi mhíchumas astu a uasmhéadú:

(a)  inrochtaineacht na dtáirgí a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar a áirithiú, i gcomhréir le Roinn I den Iarscríbhinn seo, agus le Roinn II di i gcás inarb iomchuí;

(b)  faisnéis a sholáthar faoi fheidhmiú na seirbhíse, agus – i gcás ina n-úsáidtear na táirgí chun an tseirbhís sin a sholáthar – an nasc atá ag an tseirbhís leis na táirgí sin mar aon le faisnéis maidir lena gcuid saintréithe inrochtaineachta agus lena n-idir-inoibritheacht le feistí agus saoráidí cúnta ▌:

(i)  cuirfear an fhaisnéis ar fáil trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(ii)  an fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach sothuigthe;

(iii)  an fhaisnéis a chur i láthair na n-úsáideoirí ar bhealaí is inbhraite dóibh;

(iv)  inneachar na faisnéise a chur ar fáil i dtéacsfhormáidí is inúsáidte chun formáidí cúnta malartacha a ghiniúint, a gcuirfidh na húsáideoirí i láthair ar bhealaí éagsúla iad agus trí níos mó ná cainéal céadfach amháin;

(v)  cuirfear i láthair i gclómhéid leordhóthanach oiriúnach iad, agus aird á tabhairt ar dhálaí úsáide intuartha, codarsnacht leordhóthanach, chomh maith le spásáil inchoigeartaithe idir gach litir, líne agus mír;

(vi)  déanfar gach inneachar neamhthéacsúil a chur i láthair ar bhealach eile; agus

(vii)  cuirfear ar fáil gach faisnéis leictreonach , a theastóidh chun an tseirbhís a chur ar fáil ar bhealach comhleanúnach leordhóthanach, tríd an bhfaisnéis a bheith inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(c)  tabharfar rochtain go comhleanúnach leordhóthanach ar shuíomhanna gréasáin gona n-iarratais ghaolmhara ar líne agus gona seirbhísí do ghléasanna móibíleacha, lena n-áirítear feidhmchláir mhóibíleacha is inrochtana go comhleanúnach leordhóthanach, trína ndéanamh inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe;

(d)  ach sin a bheith ar fáil, seirbhísí tacaíochta a bheith ann (deasca cabhracha, glao-ionaid, tacaíocht theicniúil, seirbhísí athsheachadta, agus seirbhísí oiliúna) a dhéanfaidh faisnéis a sholáthar maidir le hinrochtaineacht an táirge gona chomhoiriúnacht le teicneolaíochtaí cúnta, ar bhealaí soiléire intuigthe.

ROINN IV: CEANGLAIS BHREISE INROCHTAINEACHTA A BHAINEANN LE SEIRBHÍSÍ SONRACHA

Déanfar seirbhísí a sholáthar d'fhonn an úsáid intuartha a bhainfidh siad siúd atá faoi mhíchumas astu a uasmhéadú, trí fheidhmeanna, cleachtais, beartais agus nósanna imeachta, agus athruithe i dtaca le hoibriú na seirbhíse a dhírítear ar na riachtanais a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas a áireamh agus áiritheofar go mbeidh siad idir-inoibritheach le teicneolaíochtaí cúnta:

(a)  Seirbhísí cumarsáide leictreonaí lena n-áirítear an chumarsáid leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) de Threoir (AE) 2018/1972:

(i)  Téacs fíor-ama a chur ar fáil sa bhreis ar ghlórchumarsáid;

(ii)  Deis comhrá iomláin i gcás ina mbíonn físeán ar fáil sa bhreis ar ghlórchumarsáid;

(iii)  A áirithiú go ndéantar sioncrónú ar chumarsáid éigeandála a úsáideann glór, téacs (lena n-áirítear téacs fíor-ama) agus i gcás ina gcuirtear físeán ar fáil, go ndéantar sioncrónú mar chomhrá iomlán freisin agus go dtarchuireann na soláthraithe seirbhíse cumarsáide leictreonaí í chuig an PFGE is iomchuí.

(b)  Seirbhísí a thugann rochtain ar sheirbhísí meán closamhairc:

(i)  eolairí leictreonacha clár a chur ar fáil atá inbhraite, inoibrithe, intuigthe agus stóinsithe agus a thugann faisnéis faoi infhaighteacht na hinrochtaineachta;

(ii)  a áirithiú go ndéantar comhpháirteanna inrochtaineachta (seirbhísí rochtana) na seirbhísí meán closamhairc amhail fotheidil do dhaoine bodhra agus daoine nach bhfuil an éisteacht go maith acu, tráchtaireacht fuaime, fotheidil labhartha agus ateangaireacht chomharthaíochta a tharchur go hiomlán agus iad ar cháilíocht leordhóthanach lena dtaispeáint go beacht, agus iad a shioncrónú le fuaim agus físeán, ach an deis a bheith ag an úsáideoir i gcaitheamh an ama an taispeáint agus an úsáid sin a rialú.

(c)  seirbhísí iompair paisinéirí aeir, bus, iarnróid agus uisce seachas le haghaidh seirbhísí iompair uirbeacha, fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha:

(i)  soláthar faisnéise i dtaca le hinrochtaineacht feithiclí agus na timpeallachta tógtha agus na n-infreastruchtúr máguaird agus soláthar cúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(ii)  soláthar faisnéise a áirithiú faoi thicéadú cliste (áirithint leictreonach, áirithint ticéad, etc.), faisnéis fíor-ama taistil (tráthchláir, faisnéis faoi shuaitheadh tráchta, naisc taistil, ag taisteal romhat ar mhodhanna eile iompair, etc.), agus faisnéis faoi sheirbhís bhreise (e.g. foirne na stáisiún, ardaitheoirí a bheith as ord nó seirbhísí a bheith gan fáil go sealadach).

(d)  Seirbhísí iompair uirbeacha agus fo-uirbeacha agus seirbhísí iompair réigiúnacha:

Inrochtaineacht teirminéal féinseirbhíse a úsáidtear chun an tseirbhís a sholáthar a áirithiú, i gcomhréir le Roinn I den Iarscríbhinn seo.

(e)  Seirbhísí baincéireachta do thomhaltóirí:

(i)  Modhanna sainaitheantais, sínithe leictreonacha, slándáil agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus iad inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe.

(ii)  A áirithiú gur féidir an fhaisnéis a thuiscint, agus gan dul thar leibhéal castachta is airde ná leibhéal B2 (ard-idirmheánach) Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha de chuid Chomhairle na hEorpa.

(f)  Ríomhleabhair:

(i)  trína áirithiú, i gcás ina mbíonn fuaim chomh maith le téacs ag dul le ríomhleabhar, go mbeidh an fhuaim agus an téacs ag teacht le chéile;

(ii)  a áirithiú nach bhfágann comhaid dhigiteacha an ríomhleabhair nach féidir leis an teicneolaíocht chúnta oibriú mar is ceart;

(iii)  rochtain a áirithiú ar an inneachar, ar loingseoireacht an chomhadinneachair gona leagan amach lena n-áirítear an leagan amach dinimiciúil, mar aon le soláthar an struchtúir, agus solúbthacht agus rogha i dtaca le cur i láthair agus inneachar;

(iv)  go mbeifear in ann an t-inneachar agus a idir-inoibritheacht le réimse de theicneolaíochtaí cúnta, a léiriú ar bhealaí eile sa chaoi is go mbeidh sé inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe;

(v)  iad a bheith inbhraite trí fhaisnéis a chur ar fáil trí bhíthin meiteashonraí faoina saintréithe inrochtaineachta;

(vi)  a áirithiú nach bhfágann bearta a bhaineann le Bainistiú Cearta Digiteacha nach féidir teacht ar na saintréithe inrochtaineachta.

(g)  Seirbhísí ríomhthráchtála:

(i)  an fhaisnéis faoi inrochtaineacht na dtáirgí agus na seirbhísí atáthar a dhíol a sholáthar, i gcás inarb é an t-oibreoir freagrach eacnamaíoch a chuireann an fhaisnéis sin ar fáil;

(ii)  rochtain a áirithiú ar an bhfeidhmíocht sainaitheantais, slándála, agus íocaíochta, nuair nach mar tháirge ach mar chuid de sheirbhís a sheachadtar, trína dhéanamh inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe;

(iii)  modhanna sainaitheantais, sínithe leictreonacha, agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus iad inbhraite, intuigthe, inoibrithe agus stóinsithe.

ROINN V: NA CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA AR LEITH A BHAINEANN LE FREAGAIRT TEACHTAIREACHTAÍ ÉIGEANDÁLA CHUIG AN UIMHIR AONAIR ÉIGEANDÁLA EORPACH "112" AG AN PFGE IS IOMCHUÍ

D'fhonn a n-úsáid intuartha ag daoine atá faoi mhíchumas a uasmhéadú, bainfear amach freagairt teachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach "112" ag an PFGE is iomchuí, , trí fheidhmeanna, cleachtais, beartais agus nósanna imeachta agus athruithe atá spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais atá ag daoine atá faoi mhíchumas.

Tabharfar freagairt ar theachtaireachtaí éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach "112", ar an mbealach is oiriúnaí d'eagrúchán náisiúnta na gcóras éigeandála, ag an PFGE is iomchuí agus úsáid á baint as na modhanna cumarsáide céanna a fuarthas, eadhon trí úsáid a bhaint as glór agus téacs sioncrónaithe (lena n-áirítear téacs fíor-ama), nó, i gcás ina gcuirtear físeán ar fáil, glór, téacs (lena n-áirítear téacs fíor-ama) agus físeán sioncrónaithe mar chomhrá iomlán.

ROINN VI: CEANGLAIS INROCHTANA LE hAGHAIDH TRÉITHE, EILIMINTÍ NÓ FEIDHMEANNA TÁIRGÍ AGUS SEIRBHÍSÍ I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 24(2)

Má thoimhdítear go gcomhlíontar na ceanglais ábhartha inrochtaineachta a leagtar amach i ngníomhartha eile an Aontais i dtaca le tréithe, le heilimintí nó le feidhmeanna táirgí agus seirbhísí, éilítear an méid seo a leanas:

1.  Táirgí:

(a)  cloíonn inrochtaineacht na faisnéise a bhaineann le feidhmiú agus le saintréithe inrochtaineachta maidir le táirgí leis na heilimintí comhfhreagracha a leagtar amach i bpointe 1 de mhír 1 den Iarscríbhinn seo, eadhon an fhaisnéis a thabharfar ar an táirge féin faoi úsáid an táirge agus na treoracha a bhaineann le húsáid an táirge, nach gcuirtear ar fáil ar an táirge féin ach a chuirtear ar fáil trí úsáid a bhaint as an táirge nó trí mhodhanna eile amhail suíomh gréasáin;

(b)  cloíonn inrochtaineacht tréithe, eilimintí agus feidhmeanna an chomhéadain úsáideora agus dearadh feidhmiúlachta táirgí le ceanglais inrochtaineachta chomhfhreagracha an chomhéadain úsáideora sin nó an dearaidh feidhmiúlachta sin a leagtar amach i bpointe 2 de mhír I den Iarscríbhinn seo;

(c)  inrochtaineacht an phacáistithe, lena n-áirítear an fhaisnéis a sholáthraítear air agus treoracha chun an táirge a shuiteáil, a chothabháil, a stóráil agus a dhiúscairt nach soláthraítear ar an táirge féin ach a chuirtear ar fáil trí mhodhanna eile amhail ar shuíomh gréasáin, seachas i gcás teirminéal féinseirbhíse, cloíonn sí leis na ceanglais inrochtaineachta chomhfhreagracha a leagtar amach iRoinn II den Iarscríbhinn seo.

2.  Seirbhísí:

cloíonn inrochtaineacht tréithe, eilimintí agus feidhmeanna seirbhísí leis na ceanglais inrochtaineachta chomhfhreagracha do na tréithe, eilimintí agus feidhmeanna sin a leagtar amach sna Ranna sin den Iarscríbhinn seo.

ROINN VII: CRITÉIR FEIDHMÍOCHTA FEIDHMIÚLA

D'fhonn a n-úsáid intuartha ag daoine atá faoi mhíchumas a uasmhéadú, i gcás nach dtugtar aghaidh sna ceanglais inrochtaineachta, a leagtar amach i Míreanna I go VI den Iarscríbhinn seo, ar cheann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a bheidh ag dearadh agus táirgeadh na dtáirgí, nó ag soláthar seirbhísí, beidh na feidhmeanna nó na modhanna sin inrochtana, , trí na critéir feidhmíochta feidhmiúla ábhartha a shásamh.

Ní ceadmhach na critéir feidhmíochta feidhmiúla sin a úsáid de rogha ar cheanglas sonrach teicniúil amháin nó níos mó, i gcás ina dtagraítear dóibh sin sna ceanglais feidhmiúlachta, ach i gcás – agus sa chás sin amháin – ina sásaíonn cur chun feidhme na gcritéar feidhmiúlachta feidhmiúla ábhartha na ceanglais inrochtaineachta agus gurb é sin a chinneann go bhfágann dearadh agus táirgeadh na dtáirgí agus soláthar na seirbhísí go mbíonn inrochtaineacht chomhionann nó breis inrochtaineachta i gceist leis an úsáid intuartha a bhainfidh daoine faoi mhíchumas as na táirgí agus seirbhísí sin.

(a)  Úsáid ag an té atá gan radharc

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an tsúil, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach mbraitheann ar an radharc.

(b)  Úsáid ag an té atá ar bheagán radhairc

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an tsúil, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, a chuirfidh ar chumas an té atá ar bheagán radhairc an táirge a oibriú.

(c)  Úsáid ag an té nach léir dathanna

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an tsúil, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach gá don úsáideoir dathanna a bhrath lena úsáid.

(d)  Úsáid ag an té atá gan éisteacht

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an gcluas, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach mbraitheann ar an éisteacht.

(e)  Úsáid ag an té atá ar bheagán éisteachta

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an gcluas, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, ag a mbeidh fuaimthréithe feabhsaithe a chuirfidh ar chumas an té atá ar bheagán éisteachta an táirge a oibriú.

(f)  Úsáid ag an té atá gan chaint

Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis an nglór, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, nach n-éilíonn ionchur ón nglór. Áirítear le hionchur ón nglór aon fhuaim a ghintear sa bhéal amhail caint, feadaíl nó smeach.

(g)  Úsáid ag an té atá ar bheagán brí agus lúth géag

Más gá stuaim láimhe chun an táirge nó an tseirbhís a oibriú, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, a chuirfidh ar chumas an té a úsáidfidh an táirge é sin a dhéanamh le gníomhaíocht nach n-éilíonn rialú mínluaile, lúth géag/stuaim láimhe, ná neart láimhe, ná go n-oibreofaí níos mó ná rialtán amháin in éineacht.

(h)  Úsáid ag an té nach bhfuil in ann na géaga a shíneadh go mór

Beidh na heilimintí lena n-oibrítear táirgí i bhfoisceacht síneadh láimhe den té a úsáidfidh. Más féidir an táirge nó an tseirbhís a oibriú leis na lámha, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, is féidir a úsáid ar bheagán brí agus gan na géaga a shíneadh go mór.

(i)  A áireamh a mhéid is féidir nach mbeidh an táirge ina shiocair le taomanna fótamhothálacha

Más féidir an táirge a oibriú leis an tsúil, seachnófar modhanna oibríochta ba shiocair le taomanna fótamhothálacha.

(j)  Úsáid ag an té atá ar bheagán cognaíochta

Beidh ag an táirge nó an tseirbhís modh oibríochta amháin, ar a laghad, ag a mbeidh tréithe darb aidhm úsáid an táirge nó na seirbhíse a shimpliú agus a éascú.

(k)  Príobháideacht

Más de thréithe an táirge nó na seirbhíse tréithe darb aidhm an inrochtaineacht, beidh ann modh oibríochta amháin, ar a laghad, a thugann príobháideacht don té a úsáidfidh saintréithe inrochtaineachta sin.

___________________

IARSCRÍBHINN II

SAMPLAÍ TÁSCACHA NEAMHCHEANGAILTEACHA DE RÉITIGH FHÉIDEARTHA LENA gCUIDÍTEAR CHUN NA CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA ATÁ IN IARSCRÍBHINN I A CHOMHLÍONADH

ROINN I:

SAMPLAÍ A BHAINEANN LE CEANGLAIS GHINEARÁLTRA INROCHTAINEACHTA DO NA TÁIRGÍ GO LÉIR A CHUMHDAÍTEAR LEIS AN TREOIR SEO I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 2(1)

CEANGLAIS I ROINN I DE

IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

1.  Faisnéis a sholáthar

(a)  

(i)

Faisnéis amhairc nó tadhaill nó faisnéis amhairc nó fuaime a sholáthar a inseoidh an áit is ceart cárta a chur isteach sa teirminéal féinseirbhíse chun gur féidir leis an té atá dall agus an té atá bodhar an teirminéal a úsáid.

(ii)  

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)  

An fhaisnéis a chur mar rilíf intadhaill nó mar fhuaim de bhreis ar an rabhaidh scríofa chun gur inbhraite sin ag an té atá dall.

(iv)  

Chun gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(b)  

(i)  

Comhaid leictreonacha a chur ar fáil is inléite ag ríomhaire a úsáideann léitheoir scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall an fhaisnéis a úsáid.

(ii)  

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)  

Fotheidil a chur ar fáil i gcás ina gcuirtear ar fáil fístreoracha.

(iv)  

Chun gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(v)  

Priontáil as Braille chun gur féidir leis an té atá dall iad a úsáid.

(vi)  

Téacs a chur le léaráid, ina ndéanfar cur síos ar na príomheilimintí nó na príomhghníomhaíochtaí.

(vii)  

Níor cuireadh aon sampla ar fáil

(viii)  

Níor cuireadh aon sampla ar fáil

(ix)  

Soicéad maille le bogearra a chur in uathmheaisíní bainc (ATM) chun gur féidir cluasáin a cheangal leis agus an téacs atá ar an scáileán a léamh mar fhuaim.

2.  Comhéadan úsáideora agus dearadh feidhmiúlachta

(a)  

Na treoracha a thabhairt mar chomhad fuaime nó mar théacs, nó trí thadhallchomharthaí a chur ar an méarchlár, chun gur féidir leis an té atá dall nó ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta idirghníomhú leis an táirge.

(b)  

Treoracha a chur ar fáil mar théacs nó mar íomhá i dteirminéal féinseirbhíse, chomh maith leis na treoracha a thugtar ó bhéal, chun gur féidir leis an té atá bodhar pé gníomh is riachtanach a dhéanamh

(c)  

Cur ar chumas na n-úsáideoirí an téacs a mhéadú, zúmáil isteach agus amach ar phicteagram nó an chodarsnacht a ardú, chun gur féidir leis an té atá ar lagamharc an fhaisnéis a bhrath.

(d)  

Ní hé amháin go bhféadfadh duine an cnaipe glas nó an cnaipe dearg a bhrú agus rogha á déanamh ach d'fhéadfaí na roghanna a scríobh ar an gcnaipe ionas go mbeadh ar chumas an té atá dathdhall rogha a dhéanamh chomh maith céanna.

(e)  

Nuair a fheictear teachtaireacht earráide ar ríomhaire, téacs nó íomhá a thabhairt leis an méid sin a chur in iúl chun gur féidir leis an té atá bodhar a fheiceáil go bhfuil earráid tarlaithe.

(f)  

Breis codarsnachta a cheadú sna híomhánna a bhíonn sa tulra chun gur féidir leis an té ag a bhfuil lagamharc iad a fheiceáil.

(g)  

Cur ar chumas an té a úsáidfidh fón airde na fuaime a roghnú agus an trasnaíocht le háiseanna éisteachta a laghdú chun gur féidir leis an té ag a bhfuil deacrachtaí éisteacha an teileafóina úsáid.

(h)  

Cnaipí an tadhallscáileáin a bheith níos mó, agus scartha go maith ó chéile, ionas gur féidir leis an té ar a mbíonn crith iad a bhrú chomh maith céanna.

(i)

A áirithiú nach mórán brí a theastaíonn chun cnaipe a bhrú, chun gur féidir leis an té ar a bhfuil laige luaile an táirge a úsáid.

(j)  

Íomhánna léimneacha a sheachaint ionas nach baol don té sin a mbuaileann taom é.

(k)  

A bheith in ann cluasáin a úsáid nuair is ó bhéal a thugann uathmheaisíní bainc faisnéis.

(l)  

Seachas méarloirg a aithint go mbeadh an t-úsáideoir nach feidhm dó a lámha a úsáid in ann pasfhocal a roghnú chun an fón a ghlasáil agus a dhíghlasáil.

(m)  

A áirithiú go bhfeidhmeoidh an bogearra ar bhealach intuartha ach a ndéantar gníomh ar leith agus go dtugtar dóthain ama chun pasfhocal a chur isteach chun gur furasta ag an té atá faoi mhíchumas intleachta an táirge a úsáid.

(n)  

Nasc a bheith ar fáil le taispeáint Bhraille in-athnuaite chun gur féidir leis an té atá dall an ríomhaire a úsáid.

(o)  

Samplaí de cheanglais earnáilsonracha

(i)  

Níl aon sampla curtha ar fáil

(ii)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(iii)  An chéad fhleasc

Foráil a dhéanamh go mbeadh fón póca in ann comhrá fíor-ama a láimhseáil chun gur féidir leis an té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta faisnéis a mhalartú go hidirghníomhach.

(iii)  An ceathrú fleasc

Beifear in ann an físeán a úsáid chun an teanga chomharthaíochta a thaispeáint agus chun téacs a scríobh in éineacht, chun gur féidir le beirt atá bodhar cumarsáid le chéile nó leis an té a bhfuil éisteacht aige.

(iv)  

A áirithiú gur tríd an mbosca bairr a tharchuirtear fotheidil dóibh siúd atá bodhar.

3.  Seirbhísí tacaíochta Níl aon sampla curtha ar fáil

ROINN II:

SAMPLAÍ I dTACA LE CEANGALIS INROCHTAINEACHTA A BHAINEANN LE TAIRGÍ IN AIRTEAGAL 2(1), CÉ IS MOITE DE NA TEIRMINÉIL FÉINSEIRBHÍSE DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(1)(b) )

CEANGLAIS I ROINN II DE

IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

Pacáistiú agus treoracha na dtáirgí

(a)  

A chur in iúl ar an bpacáistiú go bhfuil saintréithe inrochtaineachta ag an nguthán dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

(b)

(i)  

Comhaid leictreonacha a chur ar fáil is inléite ag ríomhaire a úsáideann léitheoir scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall an fhaisnéis a úsáid.

(ii)  

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)  

An fhaisnéis a chur mar rilíf intadhaill nó mar fhuaim nuair atá rabhadh scríofa ann chun go bhfaighidh an té atá dall an rabhadh.

(iv)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(v)  

Priontáil as Braille chun gur féidir leis an té atá dall é a léamh.

(vi)  

Téacs a chur le léaráid, ina ndéanfar cur síos ar na príomheilimintí nó na príomhghníomhaíochtaí.

ROINN III:

SAMPLAÍ A BHAINEANN LE CEANGLAIS GHINEARÁLTRA INROCHTAINEACHTA DO GACH SEIRBHÍS A CHUMHDAÍTEAR LEIS AN TREOIR SEO I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 2(2)

CEANGLAIS I ROINN III DE

IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

Soláthar seirbhísí

(a)  

Níl aon sampla curtha ar fáil

(b)  

(i)  

Comhaid leictreonacha a chur ar fáil is inléite ag ríomhaire a úsáideann léitheoir scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall an fhaisnéis a úsáid.

(ii)  

Úsáid a bhaint as na focail chéanna ar bhealach comhsheasmhach, nó úsáid a bhaint as múnla soiléir loighciúil, ionas gur fearrde a bheidh an té atá faoi mhíchumas intleachtúil in ann an fhaisnéis sin a thuiscint.

(iii)  

Fotheidil a áireamh i gcás ina gcuirtear ar fáil fístreoracha.

(iv)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá dall comhad a úsáid trína phriontáil as Braille.

(v)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá ar lagamharc an téacs a léamh.

(vi)  

Téacs a chur le léaráid, ina ndéanfar cur síos ar na príomheilimintí nó na príomhghníomhaíochtaí.

(vii)  

Nuair a thairgeann soláthraí na seirbhíse cipín cuimhne ar a mbíonn faisnéis maidir leis an tseirbhís, foráil a dhéanamh go mbeadh an fhaisnéis sin inrochtana.

(c)  

Tuairisc scríofa a thabhairt ar gach pictiúr, an fheidhmiúlacht go léir a bheith ar fáil ón méarchlár, dóthain ama a thabhairt d'úsáideoirí leis an ábhar a léamh, an t-inneachar a chur á thaispeáint agus á oibriú go hintuartha, an t-iomlán a bheith comhoiriúnach le teicneolaíochtaí cúnta, ionas go mbeidh ar a gcumas siúd atá faoi mhíchumas an suíomh gréasáin a léamh agus idirghníomhú leis.

(d)  

Níl aon sampla curtha ar fáil

ROINN IV:

SAMPLAÍ A BHAINEANN LE CEANGLAIS GHINEARÁLTRA INROCHTAINEACHTA DO SHEIRBHÍSÍ SONRACHA

CEANGLAIS I ROINN IV DE

IARSCRÍBHINN I

SAMPLAÍ

Seirbhísí sonracha

(a)  

(i)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta téacs a scríobh agus a ghlacadh go hidirghníomhach agus i bhfíor-am.

(ii)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leo siúd atá bodhar an teanga chomharthaíochta a úsáid le cumarsáid a dhéanamh ina measc féin.

(iii)  

Foráil a dhéanamh go mbeidh a fhios ag an té ag a bhfuil deacrachtaí cainte agus éisteachta agus lenar mian cumasc de théacs, glór, agus físeán a úsáid, gur tarchuireadh an chumarsáid tríd an líonra chuig an tseirbhís éigeandála is ábhartha.

(b)  

(i)  

Foráil a dhéanamh go mbeidh ar chumas an té atá dall cláir a roghnú ar an teilifís.

(ii)  

Go mbeifear in ann "seirbhísí rochtana" – amhail fotheidil don té atá bodhar nó don té ag a bhfuil deacrachtaí éisteachta, cur síos labhartha, fotheidil labhartha, agus ateangaireacht sa teanga chomharthaíochta – a roghnú, a phearsantú, agus a thaispeáint, trí chaoi a chur ar fáil le cúpláil éifeachtach gan sreang a dhéanamh le teicneolaíochtaí éisteachta, nó trí rialtáin a chur ar fáil don úsáideoir chun "seirbhísí rochtana" na seirbhísí meán closamhairc a chur i ngníomh ar aon chéim suntasachta leis na príomhrialtáin chlosamhairc.

(c)  

(i)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(ii)  

Níl aon sampla curtha ar fáil

(d)  Níl aon sampla curtha ar fáil

(e)

(i)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té ar a bhfuil disléicse an téacs a léamh agus a chloisteáil in éineacht.

(ii)  

A bheith in ann aschur sioncrónaithe a dhéanamh ar an téacs agus ar an bhfuaim nó trí thras-scríobh in-athnuaite Braille a bheith ar fáil.

(iii)  

Foráil a dhéanamh gur féidir leis an té atá dall teacht ar an innéacs nó dul ó chaibidil go caibidil.

(iv)

Níl aon sampla curtha ar fáil

(v)

A áirithiú go mbíonn faisnéis maidir lena saintréithe inrochtaineachta ar fáil sna comhaid leictreonacha chun gur féidir leis an té atá faoi mhíchumas a bheith ar an eolas.

(vi)  

A áirithiú nach ann d’aon bhlocáil – chun go bhféadfaidh siad siúd atá dall an leabhar a léamh – nach gcuirtear, de bharr bearta cosanta teicniúla, faisnéis bainistíochta cearta nó saincheisteanna idir-inoibritheachta, aon chonstaic a d'fhágfadh nach féidir an téacs a léamh os ard ag na feistí cúnaimh .

(g)  

(i)  

A áirithiú nach scriostar pé faisnéis atá ar fáil faoi shaintréithe inrochtaineachta an táirge.

(ii)  

A áirithiú gur féidir labhairt le comhéadan na seirbhíse íocaíochta chun gur féidir leis an té atá dall earraí a cheannach as a stuaim féin ar líne.

(iii)  

Na comhráite sainaitheantais a chuirtear ar an scáileán a bheith inléite ag léitheoirí scáileáin chun gur féidir leis an té atá dall leas a bhaint astu.

_______________________

IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA CHUN CRÍCHE AIRTEAGAL 4(4) MAIDIR LEIS AN TIMPEALLACHT THÓGTHA INA gCUIRTEAR AR FÁIL NA SEIRBHÍSÍ A CHUMHDAÍTEAR FAOI RAON FEIDHME NA TREORACH SEO

Maidir le húsáid intuartha na timpeallachta tógtha ina gcuirtear an tseirbhís ar fáil agus atá faoi fhreagracht an tsoláthraí seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 4(4) ar bhealach neamhspleách do dhaoine atá faoi mhíchumas a uasmhéadú, áireofar lena hinrochtaineacht sna limistéir ar do rochtain phoiblí a beartaíodh iad na gnéithe seo a leanas:

(a)  limistéir agus saoráidí gaolmhara taobh amuigh a úsáid ;

(b)  slite isteach go dtí foirgnimh ;

(c)  bealaí isteach a úsáid;

(d)  conairí a úsáid i gcúrsaíocht chothrománach;

(e)  conairí a úsáid i gcúrsaíocht cheartingearach;

(f)  seomraí a úsáid ag an bpobal;

(g)  trealamh agus saoráidí, as a mbaintear leas agus an tseirbhís á cur ar fáil, a úsáid;

(h)  leithris agus saoráidí sláintíochta a úsáid;

(i)  bealaí amach, bealaí aslonnaithe agus coincheapa le haghaidh pleanáil éigeandála a úsáid;

(j)  cumarsáid agus treoshuíomh nach bhfuil taobh le cainéal céadfach amháin;

(k)  saoráidí agus foirgnimh a úsáid chun a gcríche intuartha;

(l)  cosaint ar ghuaiseacha sa timpeallacht taobh istigh agus taobh amuigh.

_____________________

IARSCRÍBHINN IV

NÓS IMEACHTA UM MEASÚNÚ COMHRÉIREACHTA - TÁIRGÍ

1.  Rialú inmheánach táirgthe

▌Is é atá i gceist le rialú inmheánach táirgthe an nós imeachta um measúnú comhréireachta ina gcomhlíonann an monaróir na hoibleagáidí a leagtar síos i bpointe 2, i bpointe 3 agus i bpointe 4 den Iarscríbhinn seo, agus ina n-áirithíonn agus ina ndearbhaíonn an monaróir as a stuaim féin agus faoina fhreagracht féin, go gcomhlíonann na táirgí lena mbaineann na ceanglais iomchuí a leagtar amach sa Treoir seo.

2.  Doiciméadacht theicniúil

Bunóidh an monaróir an doiciméadacht theicniúil. Leis an doiciméadacht féadfar measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an táirge leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus, i gcás ina raibh an monaróir ag brath ar Airteagal 14, féadfar a thaispeáint go bhforchuirfí athrú bunúsach nó ualach díréireach leis na ceanglais inrochtaineachta ábhartha. Ní shonrófar sa doiciméadacht theicniúil ach amháin na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid atá ábhartha don mheasúnú, dearadh, monarú agus oibriú an táirge.

Beidh sa doiciméadacht theicniúil, i gcás inarb infheidhme, na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)  tuairisc ghinearálta ar an táirge.

(b)  liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí teicniúla  ar foilsíodh a gcuid tagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, atá i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, agus tuairiscí ar na réitigh arna nglacadh chun freastal ar na ceanglais inrochtaineachta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe ná na sonraíochtaí teicniúla sin i bhfeidhm; i gcás caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí teicniúla a bheith i bhfeidhm go páirteach, sonrófar sa doiciméadacht theicniúil na codanna a cuireadh i bhfeidhm.

3.  Monaraú

Déanfaidh an monaróir na bearta uile is gá sa chaoi go n-áirithítear leis an bpróiseas monaraithe agus leis an bhfaireachán air sin go gcomhlíonann na táirgí an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2 den Iarscríbhinn seo agus ceanglais inrochtaineachta na Treorach seo.

4.  Marcáil CE agus dearbhú comhréireachta AE

4.1.  Feisteoidh an monaróir marcáil CE dá dtagraítear sa Treoir seo ar gach táirge aonair a chomhlíonann ceanglais infheidhme a leagtar amach sa Treoir seo.

4.2  Déanfaidh an monaróir dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn le haghaidh samhail táirge a tharraingt suas. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an táirge ar dó a tarraingíodh suas é.

Déanfar cóip de dhearbhú comhréireachta AE a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha arna iarraidh sin.

5.  Ionadaí údaraithe

D'fhéadfadh ionadaí údaraithe an mhonaróra oibleagáidí an mhonaróra, a leagtar amach i bpointe 4, a chomhlíonadh thar ceann an mhonaróra sin agus faoina fhreagracht, ar choinníoll go sonraítear sa sainordú iad.

____________________

IARSCRÍBHINN V

FAISNÉIS MAIDIR LE SEIRBHÍSÍ A CHOMHLÍONANN CEANGLAIS INROCHTAINEACHTA

1.  Cuirfidh an soláthraí seirbhíse san áireamh an fhaisnéis lena ndéantar measúnú ar an mbealach a gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta, dá dtagraítear in Airteagal 4, atá sna téarmaí agus sna coinníollacha ginearálta, nó ina choibhéis de dhoiciméad. Sonrófar san fhaisnéis na ceanglais is infheidhme agus cumhdófar léi, a mhéid atá ábhartha don mheasúnú, dearadh agus oibriú na seirbhíse. Sa bhreis ar na ceanglais maidir le faisnéis do thomhaltóirí i dTreoir 2011/83/AE , beidh na heilimintí seo a leanas san fhaisnéis, i gcás inarb infheidhme:

(a)  tuairisc ghinearálta ar an tseirbhís i bhformáidí inrochtana;

(b)  na tuairiscí agus na mínithe is gá chun oibriú na seirbhíse a thuiscint;

(c)  tuairisc ar an mbealach a gcomhlíonann an tseirbhís na ceanglais inrochtaineachta ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.  Chun pointe 1 den Iarscríbhinn seo a chomhlíonadh, féadfaidh an soláthraí seirbhíse na caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí teicniúla a chur i bhfeidhm, ar foilsíodh tagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina leith.

3.  Déanfaidh an soláthraí seirbhíse faisnéis a chur ar fáil lena dtaispeántar go n-áirithítear leis an bpróiseas soláthair seirbhíse agus leis an bhfaireachán a dhéantar air go gcomhlíonann an tseirbhís pointe 1 den Iarscríbhinn seo agus ceanglais infheidhme na Treorach seo.

_________________________

IARSCRÍBHINN VI

CRITÉIR MHEASÚNAITHE AR AN UALACH DÍRÉIREACH

Critéir lena ndéanfar an measúnú agus lena dtaifeadfar é:

1.  Na glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas leis na costais fhoriomlána (oibriúchán agus caiteachas caipitil) a thitfidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha as an táirge a mhonarú, a dháileadh nó a allmhairiú, nó as an tseirbhís a sholáthar.

Eilimintí lena measfar an glanchostas a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh:

(a)  critéir, a bhaineann le costais aonuaire eagraíochtúla, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)  costais a bhaineann le hacmhainní daonna breise a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí inrochtaineachta;

(ii)  costais a bhaineann le hoiliúint a chur ar acmhainní daonna agus le hinniúlachtaí i gcúrsaí inrochtaineachta a fháil;

(iii)  costais a bhaineann le próiseas nua a fhorbairt chun an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh agus an táirge á fhorbairt nó an tseirbhís á cur ar fáil;

(iv)  costais a bhaineann le hábhar treorach a fhorbairt maidir le cúrsaí inrochtaineachta;

(v)  costais aonuaire a bhaineann le tuiscint a fháil ar reachtaíocht na hinrochtaineachta;

(b)  critéir, a bhaineann le costais leanúnacha táirgthe agus forbartha, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)  costais a bhaineann le dearadh na saintréithe inrochtaineachta atá ag an táirge nó seirbhís;

(ii)  costais a tabhaíodh le linn na bpróiseas monarúcháin;

(iii)  costais a bhaineann le tástáil inrochtaineachta a dhéanamh ar an táirge nó ar an tseirbhís;

(iv)  costais a bhaineann le doiciméadacht a bhunú.

2.  Na costais agus na sochair a mheastar a bheidh ann do na hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear na próisis táirgthe agus infheistíochta, i gcoibhneas leis an sochar a mheastar a bheidh ann do dhaoine atá faoi mhíchumas, ag cur san áireamh méid úsáide agus minicíocht úsáide an táirge nó na seirbhíse a bheidh i gceist.

3.  Glanchostais a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh i gcóimheas le glanláimhdeachas an oibreora eacnamaíoch.

Eilimintí lena measfar glanchostas a bhainfidh leis na ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh:

(a)  critéir, a bhaineann le costais aonuaire eagraíochtúla, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)  costais a bhaineann le hacmhainní daonna breise a bhfuil saineolas acu ar chúrsaí inrochtaineachta;

(ii)  costais a bhaineann le hoiliúint a chur ar acmhainní daonna agus le hinniúlachtaí i gcúrsaí inrochtaineachta a fháil;

(iii)  costais a bhaineann le próiseas nua a fhorbairt chun an inrochtaineacht a thabhairt san áireamh agus an táirge á fhorbairt nó an tseirbhís á cur ar fáil;

(iv)  costais a bhaineann le hábhar treorach a fhorbairt maidir le cúrsaí inrochtaineachta;

(v)  costais aonuaire a bhaineann le tuiscint a fháil ar reachtaíocht na hinrochtaineachta;

(b)  critéir, a bhaineann le costais leanúnacha táirgthe agus forbartha, nach mór a chur san áireamh sa mheasúnú:

(i)  costais a bhaineann le dearadh na saintréithe inrochtaineachta atá ag an táirge nó seirbhís;

(ii)  costais a tabhaíodh le linn na bpróiseas monarúcháin;

(iii)  costais a bhaineann le tástáil inrochtaineachta a dhéanamh ar an táirge nó ar an tseirbhís;

(iv)  costais a bhaineann le doiciméadacht a bhunú.

__________________

(1) IO C 303, 19.8.2016, lch. 103.
(2)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 14 Meán Fómhair 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0347).
(3)IO C 303, 19.8.2016, lch. 103.
(4)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(5)Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadú le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh a bheartaítear dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lch. 1).
(7)Treoir (AE)2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L321, 17.12.2018, lch. 36).
(8)Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le forálacha reachtaíochta, rialacháin nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO L 95, 15.04.2010, lch. 1).
(9)Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach ag comhlachtaí na hearnála poiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch 1).
(10)Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).
(11)Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine faoi mhíchumas luaineachta agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).
(12)Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).
(13)Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).
(14)Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).
(15)Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (IO L 191, 18.7.2008, lch. 1).
(16)Treoir (AE) 2017/1564 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir le húsáidí ceadaithe áirithe saothar áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar bhealach eile agus lena leasaítear Treoir 2001/29/CE maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 242, 20.9.2017, lch. 6).
(17)Rialachán (AE) 2017/1563 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2017 maidir leis an malartú trasteorann idir an tAontas agus tríú tíortha de chóipeanna i bhformáid inrochtana de shaothair áirithe agus ábhar eile atá cosanta le cóipcheart agus cearta gaolmhara chun leasa daoine dalla, daoine lagamhairc nó daoine atá faoi mhíchumas léitheoireachta cló ar aon bhealach eile (IO L 242, 20.9.2017, lch. 1).
(18)Treoir 93/42/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993 maidir le feistí míochaine (IO L 169, 12.7.1993, lch. 1).
(19)Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(20)Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann chun táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.08.2008, lch. 82).
(21)Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 an 25 Deireadh Fómhair 2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(22)Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(23)Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(24)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch 65).
(25)Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar ag eintitis atá ag feidhmiú sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014 , lch 243).
(26)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(27)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú á dhéanamh ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.02.2011, lch. 13).
(28)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(29)Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
(30)Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(31)Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
(32)Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(33)Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoracha 2002/65/CE, 2009/110/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(34)Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
(35)Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseoireacht stuamachta a dhéanamh air, lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
(36)Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(37)Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais) (IO L 94, 28.3.2014, lch. 1).


An Ciste Tearmainn agus Imirce a bhunú ***I
PDF 437kWORD 140k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce (COM(2018)0471 – C8-0271/2018 – 2018/0248(COD))
P8_TA(2019)0175A8-0106/2019

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí ***I
PDF 374kWORD 126k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí (COM(2018)0473 – C8-0272/2018 – 2018/0249(COD))
P8_TA(2019)0176A8-0089/2019

Tá an téacs seo á phróiseáil i gcónaí lena fhoilsiú i do theanga. Tá fáil ar an leagan PDF nó Word ach cliceáil ar an deilbhín thuas ar dheis.


Deochanna biotáilleacha a shainmhíniú, a chur i láthair agus a lipéadú agus tásca geografacha díobh a chosaint ***I
PDF 458kWORD 163k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú bia-earraí eile, agus cosaint tásc geografach ar dheochanna biotáilleacha (COM(2016)0750 – C8‑0496/2017 – 2016/0392(COD))
P8_TA-PROV(2019)0178A8-0021/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0750),

–  ag féachaint d’Airteagail 294(2) agus d’Airteagail 43(2) agus 114(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0496/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Márta 2017(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litreacha dar dátaí an 10 Nollaig 2018 agus an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0021/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú earraí bia eile, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

P8_TC1-COD(2016)0392


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 114(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  D’éirigh go maith le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) earnáil na ndeochanna biotáilleacha a rialú. I bhfianaise na taithí a fuarthas le tamall anuas agus na nuálaíochta atá déanta sa teicneolaíocht le tamall anuas, forbairtí sa mhargadh agus ionchais tomhaltóirí atá ag athrú, is gá na rialacha maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a thabhairt cothrom le dáta agus athbhreithniú a dhéanamh ar na bealaí a ndéantar tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a chlárú agus a chosaint.

(2)  Na rialacha is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha, ba cheart dóibh a bheith ina gcuidiú chun ardleibhéal cosanta a bhaint amach do thomhaltóirí, chun neamhshiméadracht faisnéise a bhaint, chun cleachtais mheabhlacha a chosc agus chun trédhearcacht sa mhargadh agus iomaíocht chóir a bhaint amach. Ba cheart dóibh an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha an Aontais san Aontas agus ar mhargadh an domhain a chosaint trí leanúint de bheith ag tabhairt aird ar na cleachtais thraidisiúnta a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh agus ar an éileamh breise atá anois ann ar chosaint tomhaltóirí agus ar fhaisnéis do thomhaltóirí. Ba cheart an nuálaíocht sa teicneolaíocht a chur san áireamh freisin i ndáil le deochanna biotáilleacha, i gcás ina bhfuil sé d’fheidhm ag an nuálaíocht sin feabhas a chur ar an gcáilíocht, gan difear a dhéanamh do thréithiúlacht thraidisiúnta na ndeochanna biotáilleacha lena mbaineann.

(3)  Is margadh mór iad deochanna biotáilleacha d’earnáil thalmhaíochta an Aontais agus tá dlúthbhaint ag táirgeadh na ndeochanna biotáilleacha leis an earnáil sin. ▌De bharr na dlúthbhainte sin, cinntítear cáilíocht, sábháilteacht agus cáil na ndeochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart an dlúthbhaint sin leis an earnáil agraibhia a aibhsiú leis an gcreat rialála.

(4)  Is cás speisialta iad na rialacha is infheidhme maidir le deochanna biotáilleacha i gcomparáid leis na rialacha ginearálta atá leagtha síos don earnáil agraibhia agus ba cheart a chur san áireamh leo freisin modhanna táirgthe traidisiúnta atá in úsáid sna Ballstáit éagsúla.

(5)  ▌Ba cheart a leagan amach leis an Rialachán seo critéir shoiléire maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha agus maidir le cosaint tásc geografach, agus níor cheart gur dochar iad sin d’éagsúlacht na dteangacha oifigiúla agus na n-aibítrí san Aontas. Ba cheart rialacha a leagan amach leis freisin maidir le húsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta chun deochanna alcólacha a tháirgeadh agus maidir le húsáid ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha agus earraí bia á gcur i láthair agus á lipéadú.

(6)  Chun ionchais tomhaltóirí a shásamh agus chun cloí leis na cleachtais thraidisiúnta, ba cheart gur de thionscnamh talmhaíochta go heisiach an t-alcól eitile agus driogáití a úsáidtear chun deochanna biotáilleacha a tháirgeadh.

(7)  Ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na deochanna biotáilleacha uile a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is cuma cé acu sna Ballstáit nó i dtríú tír a tháirgtear iad. Chun an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas ar an margadh domhanda a chaomhnú agus a fheabhsú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

(8)  ▌Leis na sainmhínithe ar dheochanna biotáilleacha agus na ceanglais theicniúla a bhaineann leo agus le catagóiriú na ndeochanna biotáilleacha, ba cheart leanúint de chleachtais ▌thraidisiúnta ▌a chur san áireamh. Ba cheart freisin rialacha sonracha a leagan síos maidir le deochanna biotáilleacha áirithe nach n-áirítear i liosta na gcatagóirí.

(9)  Tá feidhm ag Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008(6) agus (CE) Uimh. 1334/2008(7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deochanna biotáilleacha freisin. Is gá, áfach, rialacha breise a leagan síos maidir le dathanna agus blastáin, ar rialacha iad nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le deochanna biotáilleacha. Is gá freisin rialacha breise a leagan síos maidir le blastáin, dathanna agus comhábhair údaraithe eile a chaolú agus a thuaslagadh, ar rialacha iad nár cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le táirgeadh deochanna alcólacha.

(10)  Ba cheart rialacha a leagan síos maidir leis na hainmneacha dlíthiúla a bheidh le húsáid le haghaidh deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, chun a áirithiú go n-úsáidtear ainmneacha dlíthiúla den sórt sin ar bhealach comhchuibhithe ar fud an Aontais agus chun trédhearcacht na faisnéise do thomhaltóirí a chosaint.

(11)  I bhfianaise a thábhachtaí agus a chasta atá earnáil na ndeochanna biotáilleacha, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, go háirithe maidir le húsáid ainmneacha dlíthiúla, tásc geografach, comhthéarmaí agus tagairtí sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú.

(12)  Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. I ndáil leis sin, i bhfianaise a thábhachtaí agus a chasta atá earnáil na ndeochanna biotáilleacha, is iomchuí rialacha sonracha a leagan síos sa Rialachán seo maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a théann thar Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011. Ba cheart freisin cosc a chur, leis na rialacha sonracha sin, ar mhí-úsáid a bhaint as an téarma “deoch bhiotáilleach” agus as ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha, maidir le táirgí nach gcomhlíonann na sainmhínithe agus na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo.

(13)  Chun úsáid aonfhoirmeach comhthéarmaí agus tagairtí sna Ballstáit a áirithiú agus chun faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí, agus, dá réir sin, iad a chosaint ar a bheith curtha ar míthreoir, is gá forálacha a leagan síos maidir lena n-úsáid chun deochanna biotáilleacha agus earraí eile a chur i láthair. Is é is cuspóir le forálacha den sórt sin cáil na ndeochanna biotáilleacha a úsáidtear sa chomhthéacs sin a chosaint.

(14)  Chun faisnéis leordhóthanach a sholáthair do thomhaltóirí, ba cheart forálacha a leagan síos maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a cháilíonn mar mheascáin nó mar chumaisc.

(15)  Cé go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach dtagraítear go ginearálta, leis an tréimhse aibithe a shonraítear i dtuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, ach don chomhábhar alcóil is óige, chun próisis aosaithe thraidisiúnta sna Ballstáit a chur san áireamh, ba cheart a bheith in ann foráil a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, maidir le maolú ón riail ghinearálta sin agus maidir le sásraí rialaithe iomchuí i ndáil le brandies a tháirgtear trí úsáid a bhaint as an gcóras aosaithe dinimiciúil traidisiúnta ar a dtugtar córas ‘criaderas y solera’ nó córas ‘solera e criaderas’.

(16)  Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla agus chun a áirithiú go ndéantar faisnéis leormhaith a sholáthar do thomhaltóirí, níor cheart cosc a chur, le húsáid ainmneacha amhábhar nó aidiachtaí mar ainmneacha dlíthiúla le haghaidh deochanna biotáilleacha áirithe, amhábhair nó aidiachtaí den sórt sin a úsáid i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Ar na cúiseanna céanna, níor cheart cosc a chur, le húsáid an fhocail Gearmáinise '-geist' mar ainm dlíthiúil ar chatagóir de dheochanna biotáilleacha, an focal sin a úsáid mar ainm galánta chun ainm dlíthiúil deochanna biotáilleacha eile nó ainm deochanna alcólacha eile a fhorlíonadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir le húsáid den sórt sin.

(17)  Chun a áirithiú go soláthraítear faisnéis leormhaith do thomhaltóirí agus chun modhanna táirgthe d’ardchaighdeán a fheabhsú, ba cheart a bheith in ann ainm dlíthiúil aon dí biotáillí a fhorlíonadh leis an téarma ‘tirim’ nó ‘dry’, is é sin le rá an téarma sin aistrithe i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit ábhartha, nó gan a bheith aistrithe mar atá léirithe i gcló iodálach sa Rialachán seo, i gcás nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach sin a mhilsiú. Mar sin féin, i gcomhréir leis an bprionsabal go gcaitheann faisnéis bhia gan a bheith míthreorach, go háirithe trína thabhairt le tuiscint go bhfuil tréithe speisialta ag baint leis an mbia in ainneoin go bhfuil tréithe den sórt sin ag baint le gach bia comhchosúil, níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le deochanna biotáilleacha nach mbeidh milsithe faoin Rialachan seo, fiú chun barr blais deireanach a chur orthu, go háirithe i gcás ‘whisky’ ‘whiskey’. Níor cheart feidhm a bheith ag an riail sin maidir le gin, gin driogtha agus London gin, ar ceart rialacha sonracha maidir le milsiú agus lipéadú leanúint d’fheidhm a bheith acu ina leith. Ina theannta sin, ba cheart é a bheith indéanta licéir a bhfuil blas géarbhlasta, searbh, goinbhlasta, garg, géar nó citris mar ghné acu, gan beann ar leibhéal a milsithe, a lipéadú mar ‘tirim’ nó ‘dry’. Ní dócha go gcuirfidh lipéadú den sórt sin an tomhaltóir ar míthreoir, toisc gur gá do licéir íosmhéid siúcra a bheith iontu. Dá réir sin, i gcás licéar, níor cheart a thuiscint leis an téarma ‘tirim’ nó ‘dry’ go dtugtar le fios nár milsíodh an deoch bhiotáilleach.

(18)  Chun ionchais tomhaltóirí maidir leis na hamhábhair a úsáidtear do vodca a chur san áireamh, go háirithe sna Ballstáit ina ndéantar vodca go traidisiúnta, ba cheart faisnéis leormhaith a sholáthar faoin amhábhar a úsáidtear nuair a dhéantar an vodca as amhábhair de thionscnamh talmhaíochta seachas as gránaigh nó as prátaí nó as an dá rud.

(19)  Chun cur i bhfeidhm na reachtaíochta a bhaineann le rialacha maidir le haosú agus lipéadú a fhorfheidhmiú agus a sheiceáil, agus chun an chalaois a chomhrac, ba cheart é a dhéanamh éigeantach go léireofaí ainm dlíthiúil agus tréimhse aibithe aon dí biotáillí i ndoiciméid riaracháin leictreonacha.

(20)  I gcásanna áirithe, is mian le hoibreoirí gnólachtaí bia ▌bunáitíocht deochanna biotáilleacha seachas tásca geografacha agus trádmharcanna a léiriú chun aird tomhaltóirí a tharraingt ar shaintréithe a dtáirge. ▌Dá bhrí sin, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos maidir le bunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha. Ina theannta sin, maidir leis an oibleagáid, a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, tír thionscnaimh nó bunáitíocht atá ag príomh-chomhábhar a léiriú, níor cheart feidhm a bheith aici i gcás deochanna biotáilleacha, fiú mura bhfuil an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht atá ag príomh-chomhábhar dí biotáillí mar an gcéanna leis an mbunáitíocht a léirítear i dtuairisc, cur i láthair nó lipéadú na dí biotáillí sin.

(21)  Chun an cháil atá ar dheochanna biotáilleacha áirithe a chosaint, ba cheart forálacha a leagan síos lena rialaítear aistriúchán, tras-scríobh agus traslitriú ainmneacha dlíthiúla chun críocha onnmhairithe.

(22)  Chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach, ba cheart modhanna tagartha de chuid an Aontais a bhunú le haghaidh anailís ar dheochanna biotáilleacha agus ar alcól eitile a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh.

(23)  Ba cheart leanúint de chosc a chur ar chapsúil luaidhe-bhunaithe agus ar scragall luaidhe-bhunaithe a úsáid mar chlúdach ar ghléasanna dúnta coimeádán ina gcoinnítear deochanna biotáilleacha, ionas go seachnófaí aon bhaol éillithe, go háirithe trí theagmháil thimpisteach le capsúil nó le scragall den sórt sin, agus aon bhaol truaillithe comhshaoil de dheasca dramhaíl ina mbeadh luaidhe ó chapsúil nó ó scragall den sórt sin.

(24)  I ndáil le tásca geografacha a chosaint, tá sé tábhachtach aird chuí a thabhairt ar an gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (“Comhaontú TRIPS”), agus go háirithe Airteagail 22 agus 23 de, agus ar an gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (“Comhaontú GATT”) lena n-áirítear Airteagal V de maidir le saoirse idirthurais, a formheasadh le Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle(9). Laistigh den chreat dlí sin, chun cosaint tásc geografach a neartú agus chun góchumadh a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart feidhm a bheith ag an gcosaint sin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus a chuirtear faoi nósanna imeachta speisialta custaim, amhail na cinn a bhaineann le hidirthuras, stóráil, úsáid shonrach nó próiseáil.

(25)  Níl feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) maidir le deochanna biotáilleacha. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a leagan síos maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha a chosaint. Ba cheart don Choimisiún tásca geografacha ▌a chlárú.

(26)  Ba cheart nósanna imeachta a leagan síos maidir le tásca geografacha de chuid an Aontais nó tríú tír a chlárú, a mhodhnú agus, b’fhéidir, a chealú i gcomhréir le Comhaontú TRIPS, nósanna imeachta faoina n-aithneofaí go huathoibríoch an stádas atá ag tásca geografacha ▌atá ann cheana agus atá faoi chosaint san Aontas. Chun na rialacha nós imeachta maidir le tásca geografacha a dhéanamh comhsheasmhach sna hearnálacha uile lena mbaineann, ba cheart na nósanna imeachta sin a mhúnlú ar na nósanna imeachta miona profa le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, agus sainiúlachtaí na ndeochanna biotáilleacha á gcur san áireamh. Chun an nós imeachta clárúcháin a shimpliú agus chun a áirithiú go mbeidh faisnéis d’oibreoirí gnólachtaí bia agus do thomhaltóirí ar fáil go leictreonach, ba cheart clár leictreonach de thásca geografacha a chur ar bun. Ba cheart tásca geografacha atá faoi chosaint faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a chosaint go huathoibríoch faoin Rialachán seo agus a liostú sa chlár leictreonach. Ba cheart don Choimisiún an fíorú a chur i gcrích ar thásca geografacha atá in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, i gcomhréir le Airteagal 20 den Rialachán sin.

(27)  Ar chúiseanna comhsheasmhachta leis na rialacha is infheidhme maidir le tásca geografacha le haghaidh bia, fíona agus táirgí fíona cumhraithe, ba cheart ainm an chomhaid lena leagtar amach na sonraíochtaí do dheochanna biotáilleacha atá cláraithe mar thásc geografach a athrú ó “chomhad teicniúil” go “sonraíocht táirge”. Ba cheart na comhaid theicniúla arna gcur isteach mar chuid d’aon iarratas faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí.

(28)  Ba cheart an caidreamh idir trádmharcanna agus tásca geografacha deochanna biotáilleacha a shoiléiriú i ndáil leis na critéir maidir le diúltú, neamhbhailíochtú agus cómhaireachtáil. Le soiléiriú den sórt sin, níor cheart difear a dhéanamh do chearta arna bhfáil ag sealbhóirí tásc geografach ar an leibhéal náisiúnta nó do chearta arb ann dóibh de bhua comhaontuithe idirnáisiúnta arna gcur i gcrích ag Ballstáit le haghaidh na tréimhse roimh bhunú chóras cosanta an Aontais de bhun Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle(11).

(29)  Tá sé bunriachtanach cáilíocht ar ardchaighdeán a shlánchoimeád má tá cáil agus luach na hearnála deochanna biotáilleacha le caomhnú. Ba cheart d’údaráis na mBallstát a bheith freagrach as slánchoimeád an chaighdeáin a áirithiú tríd an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún a bheith in ann faireachán agus fíorú a dhéanamh ar an gcomhlíonadh sin chun a áirithiú go bhfuil sé á fhorfheidhmiú go haonfhoirmeach. Dá bhrí sin, ba cheart ceangal a bheith ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha a roinnt le chéile.

(30)  Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm agus go háirithe chun ardleibhéal cháilíocht na ndeochanna biotáilleacha agus éagsúlacht in earnáil na ndeochanna biotáilleacha a bhaint amach, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rialacha is déine ná iad sin a leagtar síos leis an Rialachán seo a ghlacadh maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríoch féin.

(31)  Chun go gcuirfí san áireamh éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, an dul chun cinn teicneolaíoch, forbairtí i gcaighdeáin idirnáisiúnta ábhartha, agus an gá atá ann le feabhas a chur ar na coinníollacha eacnamaíocha a bhaineann le táirgeadh agus margaíocht, próisis aosaithe traidisiúnta, ▌agus an dlí i dtríú tír allmhairithe, agus chun leasanna dlisteanacha táirgeoirí agus oibreoirí gnólachtaí bia maidir le cosaint tásc geografach a chosaint, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘an Conradh’) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: leasuithe agus maoluithe ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla le haghaidh deochanna biotáilleacha ▌; táirgí milsithe nua a údarú; maoluithe a bhaineann le tréimhse aibithe nó aois a shonrú do brandy agus clár poiblí na gcomhlachtaí atá i bhfeighil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe a chur ar bun; ▌clár leictreonach na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhunú, agus rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le foirm agus inneachar an chláir sin; coinníollacha breise maidir le hiarratais ar thásc geografach a chosaint agus réamhnósanna imeachta náisiúnta, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra agus cur ar ceal na dtásc geografach; coinníollacha agus ceanglais i dtaca leis an nós imeachta a bhaineann le leasuithe ar shonraíochtaí táirgí; agus leasuithe agus maoluithe ar shainmhínithe agus rialacha áirithe maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(32)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le foilsiú an doiciméid aonair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; agus maidir le cinntí maidir le hainmneacha a chlárú mar thásca geografacha i gcás nach ann d’aon fhógra freasúra ná d’aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha, nó i gcás inarb ann do ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha agus gur thángthas ar chomhaontú.

(33)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na rialacha i dtaca le húsáid táirgí nua milsithe; i dtaca leis an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit i ndáil leis na comhlachtaí a cheapfar chun maoirseacht a dhéanamh ar na próisis aosaithe; an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha; siombail an Aontais a úsáid le haghaidh tásca geografacha faoi chosaint; maidir leis na rialacha teicniúla mionsonraithe i dtaca le modhanna tagartha an Aontais le haghaidh anailís ar alcól eitile, ar dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta agus ar dheochanna biotáilleacha; i dtaca le hidirthréimhse a dheonú le haghaidh úsáid na dtásc geografach agus síntí ar thréimhsí den sórt sin, diúltuithe d’iarratais i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha don chlárú cheana sula ndéantar foilsiú le haghaidh freasúra; cláruithe de thásca geografacha, nó diúltuithe dóibh, arna bhfoilsiú le haghaidh freasúra i gcás inar tíolacadh freasúra agus nár thángthas ar chomhaontú; ceaduithe nó diúltuithe do leasuithe de chuid an Aontais ar shonraíocht táirge; ceaduithe nó diúltuithe d’iarrataí ar chur ar ceal chlárú an táisc gheografaigh; foirm na sonraíochta táirge agus i dtaca leis na bearta a bhaineann leis an bhfaisnéis atá le soláthar sa tsonraíocht táirge i ndáil leis an nasc idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh; nósanna imeachta, foirm agus cur i láthair iarratas, freasúraí, iarratas ar leasuithe agus cumarsáide i ndáil le leasuithe agus an phróisis chealaithe i ndáil le tásca geografacha; na seiceálacha agus na fíoruithe atá le déanamh ag na Ballstáit; agus maidir leis an bhfaisnéis riachtanach atá le malartú le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(34)  Chun a áirithiú go gcuirfí an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch(14) chun feidhme, ba ghá foráil a dhéanamh maidir le maolú ar na cainníochtaí ainmniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) le haghaidh deochanna biotáilleacha chun gur féidir shochu aondriogtha arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin a chur ar mhargadh an Aontais i méideanna buidéal traidisiúnta Seapánach. Tugadh isteach an maolú sin le Rialachán (AE) 2018/1670 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus ba cheart dó leanúint d’fheidhm a bheith aige.

(35) I bhfianaise chineál agus mhéid na leasuithe nach mór a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, tá gá le creat dlí nua sa réimse seo chun deimhneacht dhlíthiúil, soiléireacht agus trédhearcacht. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a aisghairm.

▌(36) Chun cosaint a thabhairt don leas dlisteanach atá ag na táirgeoirí nó na geallsealbhóirí lena mbaineann tairbhe a bhaint as an bpoiblíocht a thugtar do dhoiciméid aonair faoin gcreat dlí nua, ba cheart an deis a chur ar fáil doiciméid aonair a bhaineann le tásca geografacha a chláraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a fhoilsiú arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann.

(37)  Ós rud é go dtreisíonn na rialacha maidir le tásca geografacha an chosaint d’oibreoirí, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin dhá sheachtain ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart foráil a dhéanamh, áfach, do shocruithe iomchuí chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ▌.

(38)  Maidir leis na rialacha nach mbaineann le tásca geografacha, ba cheart foráil a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh dóthain ama ann chun go n-éascófar athrú rianúil ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 go dtí na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

(39)   Ba cheart an deis a bheith ann leanúint de mhargú na stoc de dheochanna biotáilleacha atá ann cheana tar éis dhátaí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go dtí go mbeidh na stoic sin ídithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME, SAINMHÍNITHE ▌AGUS CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

—  sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, agus maidir le tásca geografacha deochanna biotáilleacha a chosaint;

—  ▌an t-alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna alcólacha; agus

—  ▌úsáid ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha ▌i gcur i láthair agus i lipéadú ▌earraí bia seachas deochanna biotáilleacha.

2.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí dá dtagraítear i mír 1 a chuirtear ar mhargadh an Aontais, is cuma cé acu san Aontas nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad, agus tá feidhm aige freisin maidir le táirgí a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

3.  Maidir le cosaint tásc geografach, tá feidhm ag Caibidil III den Rialachán seo freisin maidir le hearraí a thagann isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh i saorchúrsaíocht ansin.

Airteagal 2

Sainmhíniú ar dheochanna biotáilleacha agus ceanglais lena n-aghaidh

▌Chun críocha an Rialacháin seo, is é is deoch bhiotáilleach ann deoch alcólach a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)  ceapadh í lena caitheamh ag an duine;

(b)  tá saintréithe orgánaileipteacha áirithe aici;

(c)  tá neart íosta alcóil 15 % de réir toirte inti▌, seachas i gcás na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 39 d’Iarscríbhinn I;

(d)  táirgeadh í:

(i)  ▌go díreach trí aon cheann de na modhanna seo a leanas a úsáid, ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

−  driogadh ▌táirgí coipthe, bíodh blastáin nó earraí bia blaistithe curtha leo nó ná bíodh,

−  maothú nó próiseáil den chineál sin ar ábhair plandaí in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, i ndriogáití de thionscnamh talmhaíochta nó i ndeochanna biotáilleacha nó mar theaglaim díobh ▌,

−  aon cheann díobh seo a leanas a chur, le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, le driogáití de thionscnamh talmhaíochta nó le deochanna biotáilleacha ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

−  blastáin arna n-úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008,

−  dathanna arna n-úsáid i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008,

−  comhábhair údaraithe eile arna n-úsáid i gcomhréir le Rialacháin (CE) Uimh. 1333/2008 agus (CE) Uimh. 1334/2008,

−  ▌táirgí milsithe,

−  táirgí talmhaíochta eile,

−  earraí bia; nó

(ii)  trí aon cheann díobh seo a leanas a chur léi, ar leithligh nó mar theaglaim díobh:

−  deochanna biotáilleacha eile,

−  alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta,

−  driogáití de thionscnamh talmhaíochta,

−  earraí bia eile;

(e)  ní thiteann sí faoi chóid AC 2203, 2204, 2205, 2206 ná 2207;

(f)   má tá uisce, a fhéadfar a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha, curtha le linn a dtáirgeadh:

(i)  comhlíonann cáilíocht an uisce sin Treoir 98/83/CE ón gComhairle(17) agus Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18); agus

(ii)  comhlíonann neart alcóil na dí biotáillí fós, tar éis an t-uisce a chur léi, an neart íosta alcóil de réir toirte dá bhforáiltear i bpointe (c) den Airteagal seo nó faoin gcatagóir ábhartha de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘ainm dlíthiúil’ an t-ainm faoina ndéantar deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, de réir bhrí phointe (n) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(2)  ciallaíonn ‘comhthéarma’, maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú dí alcólaí, teaglaim d’ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sna catagóirí de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in ▌Iarscríbhinn I nó den ▌tásc geografach le haghaidh deoch bhiotáilleach, as a dtionscnaíonn alcól uile an táirge deiridh, agus ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a bheith ag gabháil léi:

(a)  ainm earra bia amháin nó níos mó seachas deoch alcólach agus seachas earraí bia a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach sin a tháirgeadh i gcomhréir le hIarscríbhinn I, nó aidiachtaí a dhíorthaítear ó na hainmneacha sin;

(b)  an téarma ‘licéar’ nó ‘uachtar’;

(3)  ciallaíonn ‘tagairt’ tagairt dhíreach nó indíreach do cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in ▌Iarscríbhinn I nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, seachas tagairt i gcomhthéarma nó i liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 13(2), (3) agus (4), i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú na nithe seo a leanas:

(a)  earra bia seachas deoch bhiotáilleach, nó

(b)  deoch biotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I;

(4)  ciallaíonn ‘tásc geografach’ tásc lena sainaithnítear deoch bhiotáilleach mar dheoch bhiotáilleach de thionscnamh críche tíre, nó réigiúin nó ceantair sa chríoch sin, i gcás ina bhfuil cáilíocht, cáil nó saintréith áirithe eile den deoch bhiotáilleach sin inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh;

(5)  ciallaíonn ‘sonraíocht táirge’ comhad a cheanglaítear leis an iarratas ar thásc geografach a chosaint, ina leagtar amach na sonraíochtaí nach mór don deoch bhiotáilleach a chomhlíonadh, agus dár tagraíodh, faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, mar “chomhad teicniúil”;

(6)  ciallaíonn ‘grúpa’ aon chomhlachas, gan beann ar an bhfoirm dhlíthiúil atá aige, atá comhdhéanta go príomha de tháirgeoirí nó de phróiseálaithe atá ag obair ar na deochanna biotáilleacha lena mbaineann;

(7)  ciallaíonn ‘ainm cineálach’ ainm dí biotáillí atá anois cineálach agus, cé go mbaineann sé leis an áit nó leis an réigiún inar táirgeadh nó inar margaíodh an deoch bhiotáilleach sin ar dtús, atá anois mar ainm coitianta na dí biotáillí sin san Aontas;

(8)  ciallaíonn ‘réimse radhairc’ réimse radhairc mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011;

(9)  ciallaíonn ‘measc’ deoch bhiotáilleach de chatagóir de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó de thásc geografach a chur le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a)  deochanna biotáilleacha eile nach den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha a liostaítear in Iarscríbhinn I iad;

(b)  driogáití de thionscnamh talmhaíochta;

(c)  alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta;

(10)  ciallaíonn ‘meascán’ deoch bhiotáilleach a bhfuil meascadh déanta air;

(11)   ciallaíonn ‘cumaisc’ dhá cheann nó níos mó de dheochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna a chur le chéile nach bhfuil d’idirdhealú eatarthu ach difríochtaí beaga i gcomhdhéanamh mar gheall ar cheann amháin nó níos mó de na tosca seo a leanas:

(a)  an modh táirgthe;

(b)  na stileanna a úsáidtear;

(c)  an tréimhse aibithe nó an tréimhse aosaithe;

(d)  limistéar geografach an táirgthe;

is den chatagóir chéanna de dheochanna biotáilleacha leis na deochanna biotáilleacha bunaidh sular cumascadh iad an deoch bhiotáilleach a tháirgfear ar an dóigh sin;

(12)  ciallaíonn ‘cumasc’ deoch bhiotáilleach a bhfuil cumasc déanta uirthi.

Airteagal 4

Sainmhínithe teicniúla agus ceanglais theicniúla

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe teicniúla agus na ceanglais theicniúla seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘tuairisc’ na téarmaí a úsáidtear i lipéadú, i gcur i láthair agus ar phacáistíocht dí biotáillí, sna doiciméid a ghabhann le hiompar dí biotáillí, sna doiciméid tráchtála, go háirithe na sonraisc agus na nótaí seachadta, agus i bhfógraíocht dí biotáillí;

(2)  ciallaíonn ‘cur i láthair’ na téarmaí a úsáidtear sa lipéadú agus ar an bpacáistíocht, agus, chomh maith leis sin, i bhfógraíocht agus i mbolscaireacht díolacháin táirge, in íomhánna nó ina leithéid, agus ar an gcoimeádán freisin, lena n-áirítear ar an mbuidéal nó ar an dúntóir;

(3)  ciallaíonn ‘lipéadú’ aon fhocal, sonra, trádmharc, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a bhaineann le táirge agus a chuirtear ar aon phacáistíocht, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a ghabhann le táirge den sórt sin nó a dhéanann tagairt dó;

(4)  ciallaíonn ‘lipéad’ aon chlib, branda, marc, ábhar pictiúrtha nó ábhar tuairisciúil eile a dhéantar a scríobh, a chló, a stionsalú, a mharcáil, a chabhradh, a bhrú anuas ar phacáistíocht bhia nó ar choimeádán bia, nó a cheanglaítear leo;

(5)  ciallaíonn ‘pacáistíocht’ na fillteáin chosanta, cartáin, cásanna, coimeádáin agus buidéil a úsáidtear agus deochanna biotáilleacha á n-iompar nó á ndíol;

(6)  ciallaíonn ‘driogadh’ próiseas deighilte teirmeach lena mbaineann céim deighilte amháin nó níos mó atá ceaptha chun airíonna orgánaileipteacha áirithe nó tiúchan níos airde alcóil a bhaint amach, nó iad araon, is cuma más faoi ghnáthbhrú nó faoi fholús a dhéantar na céimeanna sin, de dheasca na feiste driogtha a úsáidtear; agus is féidir driogadh aonair, ildriogadh nó athdhriogadh a bheith i gceist leis sin;

(7)  ciallaíonn ‘driogáit de thionscnamh talmhaíochta’ leacht alcólach atá mar thoradh, tar éis coipeadh alcólach a dhéanamh, ar tháirgí talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh a dhriogadh, nach bhfuil na hairíonna aige atá ag alcól eitile agus a bhfuil cumhra agus blas na n-amhábhar a úsáideadh air go fóill;

(8)  ciallaíonn ‘milsigh’ úsáid a bhaint as ceann amháin nó níos mó de na táirgí milsithe agus deochanna biotáilleacha á dtáirgeadh;

(9)  ciallaíonn ‘táirgí milsithe’:

(a)  siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra bán mínghlanta, deastrós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe agus síoróip siúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/111/CE ón gComhairle(19);

(b)  úrfhíon fíonchaor ceartdealaithe tiubhaithe, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon úr fíonchaor;

(c)  siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear go heisiach trí théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, gan aigéid mhianracha ná gan breiseáin cheimiceacha eile;

(d)  mil mar a shainmhínítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2001/110/CE ón gComhairle(20);

(e)  síoróip charúib;

(f)  aon substaint nádúrtha carbaihiodráite eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil aici leis na táirgí sin dá dtagraítear i bpointí (a) go (e);

(10)  ciallaíonn ‘alcól a chur isteach’ alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta, nó an dá rud, a chur le deoch bhiotáilleach; maidir le halcól a chur le deoch bhiotáilleach, ní áirítear leis sin úsáid alcóil chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha a chaolú nó a thuaslagadh;

(11)  ciallaíonn ‘aibiú’ nó ‘aosú’ stóráil dí biotáillí i ngabhdáin iomchuí go ceann tréimhse chun críche lamháil don deoch bhiotáilleach sin dul faoi imoibrithe nádúrtha ina dtugtar saintréithe sonracha don deoch bhiotáilleach sin;

(12)  ciallaíonn ‘blaistigh’ blastáin nó earraí bia blaistithe a chur le deoch bhiotáilleach le linn í a tháirgeadh trí cheann amháin nó níos mó de na próisis seo a leanas: cur isteach, insileadh, maothú, coipeadh alcólach, nó driogadh i láthair na mblastán nó na n-earraí bia blaistithe;

(13)  ciallaíonn ‘blastáin’ blastáin mar a shainmhínítear i bpointe (a) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(14)  ciallaíonn ‘substaint bhlaistithe’ substaint blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(15)  ciallaíonn ‘substaint bhlaistithe nádúrtha’ substaint blaistithe nádúrtha mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(16)  ciallaíonn ‘ullmhóid bhlaistithe’ ullmhóid blaistithe mar a shainmhínítear i bpointe (d) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(17)  ciallaíonn ‘blastán eile’ blastán eile mar a shainmhínítear i bpointe (h) d’Airteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(18)  ciallaíonn ‘earraí bia blaistithe’ earraí bia mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) agus a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, agus arb é is príomhchuspóir leis an úsáid sin na deochanna biotáilleacha a bhlaistiú;

(19)  ciallaíonn ‘dathaigh’ dath amháin nó níos mó a úsáid agus deoch bhiotáilleach á táirgeadh;

(20)  ciallaíonn ‘dathanna’ dathanna mar a shainmhínítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(21)  ciallaíonn ‘caramal’ breiseán bia a chomhfhreagraíonn do E-uimhreacha E 150a, E 150b, E 150c nó E 150d agus a bhaineann le táirgí a bhfuil diandath donn orthu, a bheag nó a mhór, ar táirgí iad atá beartaithe chun críocha dathaithe, dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008; ní chomhfhreagraíonn sé don táirge aramatach siúcrach a fhaightear ó shiúcraí a théamh agus a úsáidtear chun críocha blaistithe;

(22)  ciallaíonn ‘comhábhair údaraithe eile’ comhábhair bhia a bhfuil airíonna blaistithe acu a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 agus breiseáin bhia seachas dathanna a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008;

(23)  ciallaíonn ‘neart alcóil de réir toirte’ an cóimheas idir toirt an alcóil íon atá i dtáirge ag teocht 20 °C agus toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna;

(24)  ciallaíonn ‘ábhar substaintí so-ghalaithe’ cainníocht na substaintí so-ghalaithe, seachas alcól eitile agus meatánól, atá i ndeoch bhiotáilleach a tháirgtear go heisiach trí dhriogadh.

Airteagal 5

Sainmhíniú ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta agus ceanglais lena aghaidh

Chun críocha an Rialacháin seo, is é is alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ann leacht a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(a)  tá sí faighte go heisiach ó tháirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)  níl aon bhlas inbhraite uirthi seachas blas na n-amhábhar a úsáidtear le linn a táirgthe;

(c)  is é 96,0 % an neart íosta alcóil de réir toirte atá inti;

(d)  ní théann leibhéil uasta a hiarmhar thar na méideanna seo a leanas:

(i)  aigéadacht iomlán (arna sloinneadh in aigéad aicéiteach): 1,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(ii)  eistir (arna sloinneadh in aicéatáit eitile): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(iii)  aildéid (arna sloinneadh in aicéataildéad): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(iv)  ardalcóil (arna sloinneadh i meitil-2-própánól-1): 0,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(v)  meatánól: 30 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(vi)  éastóscán tirim: 1,5 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(vii)  bunanna so-ghalaithe ina bhfuil nítrigin (arna sloinneadh i nítrigin): 0,1 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(viii)  fúrfúral: neamh-inbhraite.

Airteagal 6

Alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i ndeochanna alcólacha

1.  Is de thionscnamh talmhaíochta go heisiach a bheidh an t-alcól eitile agus na driogáití a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

2.  Ní úsáidear aon alcól eile seachas alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, driogáití de thionscnamh talmhaíochta nó deochanna biotáilleacha de chatagóirí 1 go 14 d’Iarscríbhinn I chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a úsáidtear i dtáirgeadh deochanna alcólacha ▌a chaolú nó a thuaslagadh. Ní úsáidfear an t-alcól sin a úsáidtear chun dathanna, blastáin nó aon chomhábhair údaraithe eile a chaolú nó a thuaslagadh ach amháin sna méideanna a bhfuil géarghá leo chun na críche sin.

3.  Ní bheidh alcól de thionscnamh sintéiseach i ndeochanna alcólacha, ná in alcól eile nach de thionscnamh talmhaíochta é, de réir bhrí Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh.

Airteagal 7

Catagóirí deochanna biotáilleacha

1.  Déanfar deochanna biotáilleacha a chatagóiriú i gcomhréir leis na rialacha ginearálta a leagtar síos san Airteagal seo agus leis na rialacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.  Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí deochanna biotáilleacha 1 go 14 ▌d’Iarscríbhinn I, i ndáil le deochanna biotáilleacha na gcatagóirí sin:

(a)  beidh siad táirgthe tríd an gcoipeadh alcólach agus an driogadh, agus gheofar iad go heisiach ón amhábhar dá bhforáiltear faoi chatagóir chomhfhreagrach na ndeochanna biotáilleacha in Iarscríbhinn I;

(b)  ní chuirfear alcól isteach, ▌bíodh sé caolaithe nó ná bíodh;

(c)  ní dhéanfar iad a bhlaistiú;

(d)  ní dhéanfar iad a dhathú le haon ní seachas caramal a úsáidtear go heisiach chun dath na ndeochanna biotáilleacha sin a choigeartú;

(e)   dhéanfar iad a mhilsiú ach amháin chun barr blais deireanach a chur ar an táirge; ní rachaidh uasmhéid na dtáirgí milsithe, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, thar na tairseacha a leagtar amach le haghaidh gach catagóire in Iarscríbhinn I;

(f)  ní bheidh gnéithe cúnta iontu seachas ítimí iomlána neamhphróiseáilte an amhábhair as a bhfaightear an t-alcól, agus a úsáidtear chun críocha maisithe den chuid is mó.

3.  Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí deochanna biotáilleacha 15 go 44 ▌d’Iarscríbhinn I, i ndáil le deochanna biotáilleacha na gcatagóirí sin:

(a)  féadfar iad a tháirgeadh ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh;

(b)  féadfar alcól a bheith curtha isteach ▌;

(c)  féadfar a bheith iontu substaintí blaistithe, substaintí blaistithe nádúrtha, ullmhóidí blaistithe agus earraí bia blaistithe;

(d)  féadfaidh siad a bheith dathaithe;

(e)  féadfaidh siad a bheith milsithe ▌.

4.  Gan dochar do na rialacha sonracha a leagtar síos in ▌Iarscríbhinn II, i ndáil le deochanna biotáilleacha eile nach gcomhlíonann na rialacha sonracha a leagtar síos maidir le gach ceann de na catagóirí a leagtar amach in ▌Iarscríbhinn I:

(a)  féadfar iad a tháirgeadh ó aon amhábhar talmhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh nó ó aon earra bia ▌ nó ón dá rud;

(b)  féadfar alcól a bheith curtha isteach ▌;

(c)  féadfaidh siad a bheith blaistithe;

(d)  féadfaidh siad a bheith dathaithe;

(e)  féadfaidh siad a bheith milsithe ▌.

Airteagal 8

Cumhachtaí tarmligthe agus cumhachtaí cur chun feidhme

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena leasaítear an Rialachán seo trí leasuithe a thabhairt isteach ar na sainmhínithe teicniúla agus ar na ceanglais theicniúla a leagtar síos i bpointe (f) d’Airteagal 2, agus in Airteagail 4 agus 5.

Na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear ▌sa chéad fhomhír, beidh siad teoranta go docht sa dóigh nach bhfreastalóidh siad ach ar riachtanais a léireofar agus a thiocfaidh as éilimh tomhaltóirí atá ag athrú, as an dul chun cinn teicneolaíoch ▌nó as an ngá atá le nuálaíocht táirgí.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trína leagan síos, i gcásanna eisceachtúla, i gcás ina gceanglaítear déanamh amhlaidh le dlí an tríú tír allmhairithe, maoluithe ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (f) d’Airteagal 2, agus in Airteagail 4 agus 5, na ceanglais faoi na catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in ▌Iarscríbhinn I agus na rialacha sonracha maidir le deochanna biotáilleacha áirithe a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí shonrú a dhéanamh ar cé na substaintí nádúrtha nó na hamhábhair talmhaíochta eile atá údaraithe ar fud an Aontais mar tháirgí milsithe i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha, ar substaintí nó amhábhair iad a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 4(9).

4.  Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha aonfhoirmeacha a ghlacadh maidir le substaintí nádúrtha eile nó amhábhair thalmhaíochta eile a úsáid arna n-údarú le gníomhartha tarmligthe mar tháirgí milsithe i dtáirgeadh deochanna biotáilleacha dá dtagraítear i mír 3, lena gcinnfear, go háirithe, na fachtóirí coinbhéartachta ábhartha faoi seach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL II

TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA AGUS ÚSÁID AINMNEACHA DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA I gCUR I LÁTHAIR AGUS I LIPÉADÚ EARRAÍ BIA EILE

Airteagal 9

Cur i láthair agus lipéadú

Deochanna biotáilleacha a chuirtear ar mhargadh an Aontais, comhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le cur i láthair agus lipéadú a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, mura bhforáiltear mhalairt sa Rialachán seo.

Airteagal 10

Ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha

1.  Is é a bheidh mar ainm ar dheoch bhiotáilleach a hainm dlíthiúil.

Beidh ainmneacha dlíthiúla ag dul le tuairisc, le cur i láthair agus le lipéadú deochanna biotáilleacha.

Déanfar ainmneacha dlíthiúla a thaispeáint go soiléir agus go sofheicthe ar lipéad na dí biotáillí agus ní chuirfear rud eile ina n-ionad ná ní athrófar iad.

2.  Deochanna biotáilleacha a chomhlíonann na ceanglais ▌ de chatagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, úsáidfidh siad ainm na catagóire sin mar a n-ainm dlíthiúil, ach amháin mura gceadaítear leis an gcatagóir sin úsáid a bhaint as ainm dlíthiúil eile.

3.  ▌Deoch bhiotáilleach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos le haghaidh aon cheann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, bainfidh sí úsáid as an ainm dlíthiúil “deoch bhiotáilleach”.

4.  ▌Deoch bhiotáilleach a chomhlíonann na ceanglais maidir le níos mó ná catagóir amháin deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ▌, féadfar iad a chur ar an margadh faoi cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoi na catagóirí sin in Iarscríbhinn I.

5.  D’ainneoin mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, féadfar an méid seo a leanas a bheith i gceist le hainm dlíthiúil dí biotáillí:

(a)  féadfar é a fhorlíonadh le tásc geografach dá dtagraítear i gCaibidil III nó féadfar an tásc geografach sin a chur ina ionad. Sa chás sin, féadfar an tásc geografach a fhorlíonadh tuilleadh le haon téarma a cheadaítear leis an tsonraíocht táirge ábhartha, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin; agus.

(b)  féadfar comhthéarma ina bhfuil an téarma “licéar” nó “uachtar” a chur ina ionad, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann an táirge deiridh ceanglais chatagóir 33 ▌d’Iarscríbhinn I.

6.  Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 agus do na rialacha sonracha a leagtar síos le haghaidh na gcatagóirí deochanna biotáilleacha atá in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, féadfar ainm dlíthiúil dí biotáillí a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:

(a)  ainm nó tagairt gheografach, dá bhforáiltear sna forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is infheidhme sa Bhallstát ina ndéantar an deoch bhiotáilleach a chur ar an margadh, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin;

(b)  gnáthainm mar atá sainmhínithe i bpointe (o) d’Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an méid sin;

(c)  comhthéarma nó tagairt i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12;

(d)  an téarma ‘cumasc’ nó ‘cumaiscthe’, ar choinníoll go ndearnadh cumasc ar an deoch bhiotáilleach;

(e)  an téarma ‘meascán’, ‘measctha’ nó ‘deoch bhiotáilleach mheasctha’, ar choinníoll go ndearnadh meascadh ar an deoch bhiotáilleach; nó

(f)  an téarma ‘tirim’ nó ‘dry’, ach amháin i gcás deochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 2 d’Iarscríbhinn I, gan dochar do na ceanglais shonracha a leagtar síos i gcatagóirí 20 go 22 d’Iarscríbhinn I, agus ar choinníoll nach ndearnadh an deoch bhiotáilleach a mhilsiú, fiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. De mhaolú ar an gcéad pháirt den phointe seo, féadfar ainm dlíthiúil na ndeochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóir 33 agus atá, dá bhrí sin, milsithe a fhorlíonadh leis an téarma ‘tirim’ nó ‘dry’.

7.  Gan dochar d’Airteagail 11 agus 12 agus d'Airteagal 13(2), 13(3) agus 13(4), toirmeascfar úsáid na n-ainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo nó úsáid tásc geografach ▌i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú aon dí nach gcomhlíonann ceanglais na catagóire ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó úsáid an táisc gheografaigh ábhartha. Beidh feidhm ag an toirmeasc sin freisin i gcás ina mbainfear úsáid as ainmneacha dlíthiúla den sórt sin nó as tásca geografacha den sórt sin i gcomhar le focail nó frásaí amhail ‘cosúil’, ‘cineál’, ‘stíl’, ‘déanta’, ‘blas’ nó aon téarmaí comhchosúla eile▌.

Gan dochar d’Airteagal 12(1), maidir le blastáin a dhéanann aithris ar dheoch bhiotáilleach nó ar a n-úsáid i dtáirgeadh earra bia seachas deoch, féadfar tagairtí a dhéanamh, ina gcur i láthair agus ina lipéadú, do na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar choinníoll go ndéanfar na hainmneacha dlíthiúla sin a fhorlíonadh leis an téarma ‘blas’ nó le haon téarmaí comhchosúla eile▌. Ní úsáidfear tásca geografacha chun tuairisc a thabhairt ar bhlastáin den sórt sin. ▌

Airteagal 11

Comhthéarmaí ▌

1.  I dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí alcólaí, údarófar ainm dlíthiúil dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó ▌tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a úsáid i gcomhthéarma ar ▌choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)  is de thionscnamh eisiach na biotáillí dá dtagraítear sa chomhthéarma ▌an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh na dí alcólaí, cé is moite don alcól a d’fhéadfadh a bheith i láthair i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an deoch alcólach sin a tháirgeadh; agus

(b)  ní dhearnadh an deoch bhiotáilleach a chaolú le huisce agus le huisce amháin a chur léi, sa chaoi go bhfuil a neart alcóil ▌faoi bhun an nirt íosta dá bhforáiltear faoin gcatagóir ábhartha deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

2.  Gan dochar do na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear in Airteagal 10, ní bheidh na téarmaí ‘alcól’, ‘biotáille’, ‘deoch’, ‘deoch bhiotáilleach’ ná ‘uisce’ ina gcuid de chomhthéarma lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach.

3.  Maidir le comhthéarmaí lena dtugtar tuairisc ar dheoch alcólach:

(a)   beidh siad i gcarachtair aonfhoirmeacha ar aon chló, ar aon mhéid agus ar aon dath;

(b)   ní bhrisfear iad le haon eilimint théacsúil ná phictiúrtha nach cuid díobh í; agus

(c)   ní bheidh siad i ▌gclómhéid ar mó ían chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí.

Airteagal 12

Tagairtí

1.  Tagairt, i gcur i láthair agus i lipéadú earra bia nach deoch alcólach é, d’ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear faoi cheann amháin nó níos mó de chatagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a úsáidtear i dtáirgeadh an earra bia, ach amháin a mhéid a bhaineann leis an alcól a d’fhéadfadh a bheith i láthair i mblastáin, i ndathanna nó i gcomhábhair údaraithe eile a úsáidtear chun an t-earra bia sin a tháirgeadh.

2.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus gan dochar do Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013(22) agus (AE) Uimh. 251/2014(23) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, tagairt, i gcur i láthair agus i lipéadú dí alcólaí nach deoch bhiotáilleach í, d’ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóir amháin nó níos mó de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll:

(a)  gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a cuireadh isteach; agus

(b)  go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den táirge deiridh.

3.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo agus ar Airteagal 13(4), an tagairt, i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I, d’ainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóir amháin nó níos mó de dheochanna biotáilleacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó do cheann amháin nó níos mó de na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, déanfar í a údarú ar choinníoll:

(a)  gur de thionscnamh eisiach na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt an t-alcól a cuireadh isteach;

(b)  go léirítear cion gach comhábhair alcólaigh uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna leis an tagairt, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den táirge deiridh; agus

(c)  nach dtaispeántar an téarma “cream” in ainm dlíthiúil dí biotáillí a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I nó in ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó na ndeochanna biotáilleacha dá dtagraítear sa tagairt.

4.  Maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3:

(a)  ní bheidh siad ar an líne chéanna le hainm na dí alcólaí; agus

(b)  beidh siad le feiceáil i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid in ainm na dí alcólaí agus, i gcás comhthéarmaí a úsáid, i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide arna húsáid do chomhthéarmaí den sórt sin, i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 11(3).

Airteagal 13

Rialacha breise maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú

1.  Maidir le hamhábhair a úsáidtear i dtáirgeadh alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáití de thionscnamh talmhaíochta a úsáidtear i dtáirgeadh na dí biotáillí sin, ní fhéadfar tagairt a dhéanamh dóibh i dtuairisc, i gcur i láthair ná i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás go bhfuarthas an t-alcól eitile sin nó na driogáití sin go heisiach ó na hamhábhair sin. I gcás den sórt sin, déanfar gach cineál alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta nó gach driogáit de thionscnamh talmhaíochta a lua in ord íslitheach na cainníochta de réir toirte d’alcóil íon.

2.  Féadfar na hainmneacha dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 10 a áireamh i liosta comhábhar d’earraí bia, ar choinníoll go mbeidh an liosta sin i gcomhréir le hAirteagail 18 go 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.

3.  I gcás meascáin nó cumaisc, ní fhéadfar na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear i gcatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I ná na tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a léiriú ach i liosta na gcomhábhar alcólach atá sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh ar a laghad ceann amháin de na téarmaí dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) d’Airteagal 10(6) ag gabháil le liosta na gcomhábhar alcólach. Beidh liosta na gcomhábhar alcólach agus an téarma a ghabhann leis sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí, i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear don ainm dlíthiúil.

Sa bhreis air sin, déanfar cion gach comhábhair alcólaigh i liosta na gcomhábhar alcólach a shloinneadh uair amháin ar a laghad mar chéatadán, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den mheascán.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le cumaisc a dhéantar de dheochanna biotáilleacha ar leis an tásc geografach céanna iad nó maidir le cumaisc nach le tásc geografach aon cheann de na deochanna biotáilleacha.

4.  De mhaolú ar mhír 3 den Airteagal seo, má chomhlíonann meascán na ceanglais i ndáil le ceann de chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, is ar an meascán sin a bheidh an t-ainm dlíthiúil dá bhforáiltear sa chatagóir ábhartha.

Sa chás dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfar na hainmneacha dlíthiúla a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó tásca geografacha a chomhfhreagraíonn do na deochanna biotáilleacha a meascadh a thaispeáint i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an mheascáin, ar choinníoll go bhfuil na hainmneacha sin:

(a)  i liosta de na comhábhair alcólacha ar fad atá sa mheascán, agus sa liosta sin amháin, agus beidh siad le feiceáil i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear don ainm dlíthiúil; agus

(b)  uair amháin ar a laghad sa réimse radhairc céanna le hainm dlíthiúil an mheascáin.

Sa bhreis air sin, déanfar cion gach comhábhair alcólaigh i liosta na gcomhábhar alcólach a shloinneadh uair amháin ar a laghad mar chéatadán, in ord íslitheach na gcainníochtaí a úsáidtear. Beidh an cion sin comhionann leis an gcéatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte den mheascán.

5.  Maidir le húsáid ainmneacha amhábhar plandaí a úsáidtear mar ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha áirithe, ní dochar an méid d’úsáid ainmneacha na n-amhábhar plandaí sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia eile. Féadfar ainmneacha na n-amhábhar sin a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha eile, ar choinníoll nach gcuirfear an tomhaltóir ar míthreoir leis an úsáid sin.

6.  Ní fhéadfar tréimhse aibithe ná aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú dí biotáillí ach amháin i gcás ina ndéantar tagairt don chomhpháirt alcólach is óige den deoch bhiotáilleach agus in aon chás ar choinníoll go ndearnadh na hoibríochtaí ar fad chun an deoch bhiotáilleach a aosú faoi mhaoirseacht ioncaim ▌Ballstáit nó faoi ▌mhaoirseacht lena soláthrófar ráthaíochtaí coibhéiseacha. Cuirfidh an Coimisiún clár poiblí ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe.

7.  Léireofar ainm dlíthiúil dí biotáillí sa doiciméad riaracháin leictreonach dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún(24). I gcás ina léireofar tréimhse aibithe nó aois i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú na dí biotáillí, luafar sa doiciméad riaracháin sin freisin í.

Airteagal 14

Bunáitíocht a léiriú

1.  I gcás ina léirítear bunáitíocht na dí biotáillí, cé is moite de thásc geografach nó de thrádmharcanna, ina tuairisc, ina cur i láthair nó ina lipéadú, comhfhreagróidh sí don áit nó don réigiún ina ndearnadh an chéim nó na céimeanna sa phróiseas táirgthe a tugadh go dtí an deoch bhiotáilleach deiridh a tréithiúlacht agus na saintréithe cinntitheacha riachtanacha.

2.  Ní cheanglófar, i gcás deochanna biotáilleacha, tír thionscnaimhbunáitíocht an phríomh-chomhábhair dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 a léiriú.

Airteagal 15

An teanga arna húsáid d’ainmneacha deochanna biotáilleacha

1.  Téarmaí atá i gcló iodálach in Iarscríbhinní I agus II agus ▌tásca geografacha, dhéanfar iad a aistriú ar an lipéad i dtuairisc agus i gcur i láthair na ndeochanna biotáilleacha.

2.  De mhaolú ar mhír 1, i gcás deochanna biotáilleacha a tháirgtear san Aontas agus a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú, féadfaidh aistriúcháin, tras-scríbhinní nó traslitrithe a bheith ag gabháil leis na téarmaí dá dtagraítear i mír 1 agus le tásca geografacha den sórt sin, ar choinníoll nach bhfuil téarmaí agus tásca geografacha den sórt sin sa teanga bhunaidh i bhfolach.

Airteagal 16

Siombail de chuid an Aontais a úsáid do thásca geografacha ▌

Féadfar siombail an Aontais do thásca geografacha faoi chosaint a bunaíodh de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha ar táscanna geografacha a n-ainmneacha.

Airteagal 17

Toirmeasc ar chapsúil luaidhe-bhunaithe agus ar scragall luaidhe-bhunaithe

Ní dhéanfar deochanna biotáilleacha a choinneáil lena ndíol ná iad a chur ar an margadh i gcoimeádáin a bhfuil gléasanna dúnta orthu atá clúdaithe le capsúil luaidhe-bhunaithe nó le scragall luaidhe-bhunaithe.

Airteagal 18

Modhanna tagartha anailíse an Aontais

1.  I gcás ina bhfuil anailís le déanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ar dhriogáití de thionscnamh talmhaíochta nó ar dheochanna biotáilleacha lena fhíorú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo, beidh an anailís sin i gcomhréir le modhanna tagartha anailíse an Aontais chun a gcomhdhéanamh ceimiceach agus fisiceach agus a n-airíonna orgánaileipteacha a chinneadh.

Ceadófar modhanna eile anailíse, faoi fhreagracht stiúrthóir na saotharlainne, ar choinníoll go bhfuil cruinneas, in-atrialltacht agus in-atáirgtheacht na modhanna coibhéiseach ar a laghad leo siúd de chuid mhodhanna tagartha anailíse ábhartha an Aontais.

2.  I gcás nach bhfuil modhanna anailíse an Aontais leagtha síos chun substaintí atá i ndeoch bhiotáilleach ar leith a bhrath agus a chainníochtú, úsáidfear ceann amháin nó níos mó de na modhanna seo a leanas:

(a)  modhanna anailíse a bailíochtaíodh le nósanna imeachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus a chomhlíonann, go háirithe, na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25);

(b)  modhanna anailíse atá de réir na gcaighdeán atá molta ag Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO);

(c)  modhanna anailíse atá aitheanta agus foilsithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Fíniúna agus Fíona (OIV); nó

(d)  in éagmais modha amhail dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c), mar gheall ar a chruinneas, a in-atrialltacht agus a in-atáirgtheacht:

–  modh anailíse arna fhormheas ag an mBallstát lena mbaineann;

–  i gcás inar gá, aon mhodh oiriúnach anailíse eile.

Airteagal 19

Cumhachtaí tarmligthe

1.  Chun próiseas traidisiúnta dinimiciúil an aosaithe le haghaidh brandy a chur san áireamh sna Ballstáit ar a dtugtar córas ‘criaderas y solera’ nó córas ‘solera e criaderas’ mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán tríd an méid seo a leanas:

(a)  maoluithe a leagan síos ar Airteagal 13(6) maidir le tréimhse aibithe nó aois a shonrú i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú brandy den sórt sin; agus

(b)  sásraí rialaithe iomchuí a bhunú i leith brandy den sórt sin.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo maidir le clár poiblí a chur ar bun ina liostófar na comhlachtaí arna gceapadh ag gach Ballstát chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe dá bhforáiltear in Airteagal 13(6).

Airteagal 20

Cumhachtaí cur chun feidhme

Féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a)  na rialacha is gá chun cumarsáidí a dhéanamh ag na Ballstáit maidir leis na comhlachtaí arna gceapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar phróisis aosaithe i gcomhréir le Airteagal 13(6);

(b)  rialacha aonfhoirmeachachun ▌an tír ▌thionscnaimh nó an bhunáitíocht a léiriú i dtuairisc, i gcuir i láthair nó i lipéadú deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 14;

(d)  rialacha maidir le húsáid shiombail an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 16 i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha;

(d)  rialacha mionsonraithe teicniúla maidir le modhanna tagartha anailíse an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 18.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL III

TÁSCA GEOGRAFACHA

Airteagal 21

Tásca geografacha a chosaint

1.  ▌Féadfaidh aon oibreoir a bhfuil deoch bhiotáilleach á margú aige tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a úsáid má táirgeadh an deoch bhiotáilleach i gcomhréir leis an tsonraíocht táirge chomhfhreagrach.

2.  ▌Déanfar tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo a chosaint in aghaidh an mhéid seo a leanas:

(a)  aon úsáid dhíreach nó indíreach tráchtála a bhaintear as ainm cláraithe maidir le táirgí nach gcumhdaítear faoin gclárú i gcás ina bhfuil na táirgí sin inchomparáide leis na táirgí atá cláraithe faoin ainm sin i gcás ina dtagann úsáid an ainm sin i dtír ar chlú an ainm atá faoi chosaint, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear na táirgí sin mar chomhábhar;

(b)  aon mhí-úsáid, aon aithris nó aon tabhairt chun cuimhne, fiú má thugtar le fios fíorthionscnamh na dtáirgí nó na seirbhísí nó má aistrítear an t-ainm faoi chosaint nó má chuirtear slonn ar nós ‘stíl’, ‘cineál’, ‘modh’, ‘faoi mar a tháirgtear i’, ‘aithris’, ‘blas’, ‘cosúil’ nó rud éigin comhchosúil leis, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na táirgí mar chomhábhar;

(c)  aon tásc bréagach nó míthreorach eile maidir le bunús, tionscnamh, cineál nó saintréithe bunúsacha an táirge i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú an táirge a d’fhéadfadh tuiscint bhréige a chruthú maidir le tionscnamh an táirge;

(d)  aon chleachtas eile a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

3.  ▌Ní thiocfaidh tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo chun bheith cineálach san Aontas ▌.

4.  Beidh feidhm ag an gcosaint dá dtagraítear i mír 2 maidir le hearraí atá ag teacht isteach i gcríoch chustaim an Aontais gan iad a scaoileadh le haghaidh saorchúrsaíochta ansin.

Airteagal 22

Sonraíocht táirge

1.  Maidir le tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh sé sonraíocht táirge lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  an t-ainm atá le cosaint mar thásc geografach, mar a úsáidtear é, bíodh sé sin i dtrádáil nó sa ghnáthchaint, ▌sna teangacha sin amháin a úsáidtear nó a úsáideadh san am atá thart chun tuairisc a thabhairt ar an táirge ar leith sin sa limistéar geografach sainithe, sa scríbhinn bunaidh agus i tras-scríobh Laidine más éagsúil;

(b)  catagóir na dí biotáillí nó an téarma ‘deoch bhiotáilleach’ mura gcomhlíonann an deoch bhiotáilleach na ceanglais a leagtar síos le haghaidh chatagóirí na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I;

(c)  tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, lena n-áirítear na hamhábhair as a dtáirgtear í, más iomchuí, chomh maith le príomh-shaintréithe fisiceacha, ceimiceacha nó orgánaileipteacha an táirge agus saintréithe sonracha an táirge i gcomparáid le deochanna biotáilleacha den chatagóir chéanna;

(d)  sainiú an limistéir gheografaigh arna theormharcáil i ndáil leis an nasc dá dtagraítear i bpointe (f);

(e)  tuairisc ar an modh lena dtáirgtear an deoch bhiotáilleach agus, i gcás inarb iomchuí, ar na modhanna táirgthe barántúla áitiúla neamhathraitheacha ▌;

(f)  sonraí ina léirítear an nasc idir cáilíocht áirithe, cáil áirithe nó saintréith áirithe eile de chuid na dí biotáillí agus a tionscnamh gheografach;

(g)  ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil nó, má tá siad ar fáil, ainmneacha agus seoltaí na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge de bhun Airteagal 38 agus na cúraimí sonracha atá orthu;

(h)  aon riail shonrach lipéadaithe maidir leis an tásc geografach i dtrácht.

I gcás inarb infheidhme, déanfar na ceanglais maidir le pacáistiú a áireamh sa tsonraíocht táirge lena mbeidh bonn cirt ag gabháil lena léireofar an fáth nach mór an pacáistiú a dhéanamh sa limistéar geografach sainithe chun an cháilíocht a chosaint, chun an tionscnamh a áirithiú nó chun rialú a áirithiú, agus dlí an Aontais á chur san áireamh, go háirithe dlí an Aontais i dtaca le saorghluaiseacht earraí agus saorsholáthar seirbhísí.

2.  Déanfar comhaid theicniúla a thíolacfar mar chuid d’aon iarratas roimh an ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] faoi Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mheas mar shonraíochtaí táirgí faoin Airteagal seo.

Airteagal 23

Inneachar an iarratais ar thásc geografach a chlárú

1.  Beidh an méid seo a leanas ar a laghad in iarratas ar thásc geografach a chlárú de bhun Airteagal 24(5) nó (8):

(a)  ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh agus na n-údarás inniúil nó, má tá siad ar fáil, na gcomhlachtaí a fhíoraíonn go gcomhlíontar forálacha na sonraíochta táirge;

(b)  an tsonraíocht táirge dá bhforáiltear in Airteagal 22;

(c)  doiciméad aonair ina leagtar amach an méid seo a leanas:

(i)  príomhphointí na sonraíochta táirge, lena n-áirítear an t-ainm atá le cosaint, an catagóir ar leis an deoch bhiotáilleach nó an téarma ‘deoch bhiotáilleach’, an modh táirgthe, tuairisc ar shaintréithe na dí biotáillí, sainmhíniú beacht ar an limistéar geografach, agus, i gcás inarb iomchuí, rialacha sonracha maidir le pacáistiú agus lipéadú ▌;

(ii)  tuairisc ar an nasc idir an deoch bhiotáilleach agus a tionscnamh geografach dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 3, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na heilimintí sonracha atá sa tuairisc ar an táirge nó sa mhodh táirgthe ina dtugtar bonn cirt leis an nasc sin.

In iarratas dá dtagraítear in Airteagal 24(8), áireofar san freisin tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge agus cruthúnas go bhfuil ainm an táirge faoi chosaint ina thír thionscnaimh.

2.  Beidh an méid seo a leanas i sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 24(7):

(a)  ainm agus seoladh an ghrúpa iarrthaigh;

(b)  an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo;

(c)  dearbhú ón mBallstát go bhfuil sé den tuairim ▌go gcomhlíonann an t-iarratas ceanglais an Rialacháin seo agus na forálacha arna nglacadh dá bhun;

(d)  tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 24

Iarratas ar thásc geografach a chlárú

1.  Iarratais ar thásc geografach a chlárú ▌faoin gCaibidil seo, ní fhéadfaidh ach grúpaí a oibríonn leis an deoch bhiotáilleach a bhfuil a hainm beartaithe le haghaidh clárúcháin iad a thíolacadh.

2.  Féadfar údarás arna ainmniú ag Ballstát a mheas mar ghrúpa chun críocha na Caibidle seo más rud é nach bhfuil sé indéanta do na táirgeoirí lena mbaineann grúpa a chruthú mar gheall ar a líon, a suíomhanna geografacha nó a saintréithe eagrúcháin. I gcás den sórt sin, sonrófar na cúiseanna sin sa sainchomhad iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

3.  Féadfar duine nádúrtha nó duine dlítheanach a mheas mar ghrúpa chun críche na Caibidle seo má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:

(a)  is é an duine lena mbaineann an t-aon táirgeoir atá toilteanach iarratas a thíolacadh; agus

(b)  tá saintréithe ag an limistéar geografach sainithe atá éagsúil go suntasach ó na saintréithe atá ag limistéir chomharsanachta, tá saintréithe na dí biotáillí éagsúil ó na cinn a tháirgtear i limistéir chomharsanachta nó tá cáilíocht, cáil nó saintréith eile ar leith ag an deoch bhiotáilleach atá inchurtha go soiléir i leith a tionscnaimh gheografaigh.

4.   I gcás tásc geografach ▌ina sonraítear limistéar geografach trasteorann, féadfaidh roinnt grúpaí as Ballstáit éagsúla nó as tríú tíortha iarratas comhpháirteach ar chlárú a thíolacadh.

I gcás ina ndéanfar iarratas comhpháirteach a thíolacadh, déanfaidh Ballstát lena mbaineann, nó grúpa iarrthach i dtríú tír lena mbaineann, é a chur faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach nó trí údaráis an tríú tír sin tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na grúpaí iarrthacha uile lena mbaineann. Beidh san áireamh san iarratas compháirteach an dearbhú dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(2) ó na Ballstáit uile lena mbaineann. Comhlíonfar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 23 sna Ballstáit uile agus sna tríú tíortha uile lena mbaineann.

I gcás iarratais chomhpháirteacha, déanfar na nósanna imeachta freasúra náisiúnta a bhaineann leo a sheoladh sna Ballstáit uile lena mbaineann.

5.  I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i mBallstát, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid údaráis an Bhallstáit sin.

Déanfaidh an Ballstát grinnscrúdú, ar dhóigh iomchuí, ar an iarratas lena sheiceáil go bhfuil sé réasúnaithe agus go gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo.

6.  Mar chuid den ghrinnscrúdú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5, tionscnóidh an Ballstát nós imeachta freasúra náisiúnta lena n-áiritheofar go bhfoilseofar go hiomchuí an t-iarratas dá dtagraítear i mír 5 agus lena gcuirfear tréimhse réasúnta ar fáil ionas go bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a bhfuil leas dlisteanach aige san iarratas agus atá ina chónaí nó atá bunaithe ar a chríoch, freasúra a thíolacadh in aghaidh an iarratais.

Scrúdóidh an Ballstát inghlacthacht aon fhreasúra a gheobhaidh sé i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear in Airteagal 28.

7.  Más rud é, tar éis measúnú a dhéanamh ar aon fhreasúra a fhaightear, go measann an Ballstát gur comhlíonadh ceanglais na Caibidle seo, féadfaidh sé cinneadh fabhrach a dhéanamh agus sainchomhad iarratais a chur faoi bhráid an Choimisiúin. I gcás den sórt sin, cuirfidh ▌an Coimisiún ar an eolas maidir le haon fhreasúraí inghlactha a fuarthas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil na táirgí i dtrácht margaithe go dleathach acu, agus úsáid á baint as na hainmneacha lena mbaineann go leanúnach ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá dtagraítear i mír 6. Coinneoidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas freisin maidir le haon nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don nós imeachta clárúcháin.

I gcás ina ndéanfaidh an Ballstát cinneadh fabhrach de bhun na chéad fomhíre, áiritheoidh sé go bpoibleofar an cinneadh sin agus go mbeidh deis achomhairc ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann.

Áiritheoidh an Ballstát go bhfoilseofar an leagan sin den tsonraíocht táirge ar a bhfuil a chinneadh fabhrach bunaithe, agus cuirfidh sé an tsonraíocht táirge ar fáil go leictreonach.

Áiritheoidh an Ballstát freisin go bhfoilseofar go hiomchuí an leagan den tsonraíocht táirge ar a mbunóidh an Coimisiún a chinneadh de bhun Airteagal 26(2).

8.  I gcás ina mbainfidh an t-iarratas le limistéar geografach i dtríú tír, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin, go díreach nó trí údaráis an tríú tír lena mbaineann.

9.  Is i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais a bheidh na doiciméid dá dtagraítear san Airteagal seo a chuirtear chuig an gCoimisiún.

Airteagal 25

Cosaint náisiúnta shealadach

1.  Ar bhonn sealadach amháin, féadfaidh Ballstát ▌cosaint a bhronnadh ar ainm faoin gCaibidil seo ar an leibhéal náisiúnta, le héifeacht ón dáta a gcuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Choimisiúin.

2.  Tiocfaidh deireadh leis an gcosaint náisiúnta sin ar an dáta a ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárúchán faoin gCaibidil seo nó ar an dáta a dtarraingeofar siar an t-iarratas.

3.  I gcás nach gclárófar ainm faoin gCaibidil seo, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí na cosanta náisiúnta sin.

4.  Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta a dhéanfaidh Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeachtaí ar thrádáil laistigh den Aontas ná ar thrádáil idirnáisiúnta.

Airteagal 26

Grinnscrúdú ag an gCoimisiún agus foilsiú le haghaidh freasúra

1.  Déanfaidh an Coimisiún grinnscrúdú, ar dhóigh iomchuí, ar aon iarratas a gheobhaidh sé de bhun Airteagal 24, chun a sheiceáil go bhfuil sé réasúnaithe, go gcomhlíonann sé ceanglais na Caibidle seo, agus go bhfuil leas na ngeallsealbhóirí atá lasmuigh den Bhallstát an iarratais curtha san áireamh. Beidh grinnscrúdú den sórt sin bunaithe ar an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1), agus is é a bheidh ann ná seiceáil nach bhfuil aon earráidí follasacha san iarratas, agus, mar riail ghinearálta, ní mairfidh sé níos faide ná tréimhse mhí. I gcás ina sárófar an tréimhse sin, áfach, cuirfidh an Coimisiún na cúiseanna a bhí leis an moill in iúl láithreach i scríbhinn don iarratasóir.

Uair sa mhí ar a laghad, poibleoidh an Coimisiún liosta na n-ainmneacha ar cuireadh iarratais ar chlárú faoina bhráid ina leith, mar aon leis an dáta ar cuireadh isteach iad. Beidh ainm an Bhallstáit nó an tríú tír ónar tháinig an t-iarratas ar an liosta freisin.

2.  Más rud é, bunaithe ar an ngrinnscrúdú a dhéanfar de bhun na chéad fhomhíre de mhír 1, go measann an Coimisiún go bhfuil ceanglais na Caibidle seo comhlíonta, foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an doiciméad aonair dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 23(1) agus tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Airteagal 27

Nós imeachta freasúra

1.  Laistigh de thrí mhí ón dáta foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, féadfaidh údaráis Ballstáit nó údaráis tríú tír, nó duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá ina chónaí nó atá bunaithe i dtríú tír, fógra freasúra a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann agus atá ina chónaí nó atá bunaithe i mBallstát seachas an Ballstát sin ónar tíolacadh an t-iarratas, fógra freasúra a chur faoi bhráid an Bhallstáit ina bhfuil an duine sin ina chónaí nó ina bhfuil sé bunaithe laistigh de theorainn ama lenar féidir freasúra a thíolacadh de bhun na chéad fhomhíre.

I bhfógra freasúra, beidh dearbhú go bhféadfaí ceanglais na Caibidle seo a shárú leis an iarratas.

Mura mbeidh dearbhú den sórt sin i bhfógra freasúra, beidh an fógra sin ar neamhní.

Cuirfidh an Coimisiún an fógra freasúra ar aghaidh gan mhoill chuig an údarás nó chuig an gcomhlacht a thíolaic an t-iarratas ▌.

2.  Má chuirtear fógra freasúra faoi bhráid an Choimisiúin agus má leanann ráiteas freasúra réasúnaithe é laistigh de dhá mhí, déanfaidh an Coimisiún inghlacthacht an ráitis freasúra réasúnaithe sin a sheiceáil.

3.  Laistigh de dhá mhí ón ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha a fháil, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás nó ar an duine a thíolaic an freasúra agus ar an údarás nó ar an gcomhlacht a thíolaic an t-iarratas dul i mbun comhairliúcháin iomchuí ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí. Is ar an dáta a ndéanfar an iarraidh sin a sheachadadh go leictreonach chuig na páirtithe leasmhara a chuirfear tús leis an tréimhse sin.

Tionscnóidh an t-údarás nó an duine a thíolaic an freasúra agus an t-údarás nó an comhlacht a thíolaic an t-iarratas na comhairliúcháin iomchuí sin gan moill mhíchuí. Cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile chun a mheasúnú an gcomhlíonann an t-iarratas ar chlárú ceanglais na Caibidle seo. Mura dtiocfar ar chomhaontú, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún freisin.

Nuair a thiocfaidh na páirtithe leasmhara ar chomhaontú, déanfaidh údaráis an Bhallstáit nó údaráis an tríú tír ónar tíolacadh an t-iarratas fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis na tosca uile arbh fhéidir teacht ar chomhaontú dá mbarr, lena n-áirítear tuairimí an iarratasóra agus údaráis aon Bhallstáit nó údaráis aon tríú tír, nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha eile a thíolaic freasúra.

Beag beann ar cé acu thángthas ar chomhaontú nó nár thángthas, déanfar an fógra sin a thabhairt don Choimisiún laistigh d’aon mhí amháin ó dheireadh na gcomhairliúchán.

Tráth ar bith le linn na dtrí mhí sin, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don iarratasóir, trí mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse le haghaidh na gcomhairliúchán.

4.  Más rud é, tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na mionsonraí a fhoilsítear i gcomhréir le hAirteagal 26(2) leasaithe go substaintiúil, déanfaidh an Coimisiún an grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal (26) an athuair.

5.  Beidh an fógra freasúra, an ráiteas freasúra réasúnaithe agus na doiciméid ghaolmhara a chuirfear chuig an gCoimisiún i gcomhréir le míreanna 1 go 4 i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais.

Airteagal 28

Forais le freasúra

1.  Ní bheidh ráiteas freasúra réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2) inghlactha ach amháin má fhaigheann an Coimisiún an ráiteas sin laistigh den teorainn ama a leagtar amach san Airteagal sin, agus go léirítear ann:

(a)  nach gcomhlíonann an tásc geografach atá beartaithe an sainmhíniú i bpointe (4) d’Airteagal 3 ná na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 22;

(b)  go mbeadh sé contrártha d’Airteagal 34 nó 35 ▌an tásc geografach atá beartaithe a chlárú;

(c)  go ndéanfadh clárú ▌an táisc gheografaigh atá beartaithe dochar do bheithsine ainm nó trádmhairc atá comhionann ina iomláine nó i bpáirt nó dochar do bheithsine táirgí atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2); nó

(d)  nach gcomhliontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 31 agus 32.

2.  Is i ndáil le críoch an Aontais a dhéanfar na forais atá le freasúra a mheas.

Airteagal 29

Idirthréimhsí maidir le tásca geografacha a úsáid

1.  ▌Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena ndeonófar idirthréimhse dar fad suas le cúig bliana ionas gur féidir le deochanna biotáilleacha, ar de thionscnamh Ballstáit nó tríú tír iad agus ar contrártha d’Airteagal 18(2) a n-ainm, leanúint d’úsáid an ainmniúcháin faoinar margaíodh iad ar choinníoll go léireoidh ráiteas freasúra atá inghlactha faoi Airteagal 24(6) nó Airteagal 27 go ndéanfadh clárú an ainm dochar do bheithsine na nithe seo a leanas:

(a)  ainm atá comhionann ina iomláine nó ainm comhshuite ar comhionann téarma amháin de agus an t-ainm atá le clárú; nó

(b)  ainmneacha eile atá cosúil leis an ainm atá le clárú a thagraíonn do dheochanna biotáilleacha atá tar éis a bheith ar an margadh go dleathach le cúig bliana ar a laghad roimh an dáta foilsithe dá bhforáiltear in Airteagal 26(2).

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

2.  Gan dochar d’Airteagal 36, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sínfear an idirthréimhse a deonaíodh faoi mhír 1 suas le 15 bliana, nó lena gceadófar leanúint den úsáid ar feadh suas le 15 bliana i gcásanna a bhfuil bonn cirt cuí leo, ar choinníoll go léireofar an méid seo a leanas:

(a)  tá an t-ainmniúchán dá dtagraítear i mír 1 in úsáid go dleathach, go leanúnach agus go cóir le 25 bliana anuas ar a laghad sular cuireadh an t-iarratas ar chosaint faoi bhráid an Choimisiúin;

(b)  níorbh é cuspóir, ag am ar bith, d’úsáid an ainmniúcháin dá dtagraítear i mír 1 tairbhe a bhaint as cáil an táisc gheografaigh chláraithe; agus

(c)   níor cuireadh an tomhaltóir ar míthreoir ná ní fhéadfaí é a chur ar míthreoir maidir le fíorthionscnamh an táirge.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

3.  Agus ainmniúchán dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 á úsáid, beidh sonraíocht na tíre tionscnaimh le feiceáil go soiléir agus go sofheicthe ar an lipéad.

Airteagal 30

Cinneadh faoi chlárú

1.  Más rud é, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil don Choimisiún ón ngrinnscrúdú a dhéantar de bhun na chéad fhomhíre d’Airteagal 26(1), go measann an Coimisiún nach bhfuil na coinníollacha maidir le tásc geografach beartaithe a chlárú á gcomhlíonadh, déanfaidh sé an Ballstát nó an tríú tír iarrthaigh lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis na cúiseanna a bhaineann leis an diúltú agus tabharfaidh sé dhá mhí dó nó di barúlacha a thíolacadh. Mura bhfaighidh an Coimisiún barúlacha nó, d’ainneoin na mbarúlacha a fuair sé, má mheasann sé go fóill nach bhfuil na coinníollacha don chlárú comhlíonta, déanfaidh sé, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an t-iarratas a dhiúltú mura n-aistarraingeofar an t-iarratas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

2.  Mura bhfaighidh an Coimisiún aon fhógra freasúra nó aon ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha faoi Airteagal 27, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme, gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) a chur i bhfeidhm, chun an t-ainm a chlárú.

3.  Tar éis na gcomhairliúchán iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 27(3), agus torthaí na gcomhairliúchán sin á gcur san áireamh, má fhaigheann an Coimisiún ráiteas freasúra réasúnaithe inghlactha, déanfaidh sé ceann de na nithe seo a leanas:

(a)  má thángthas ar chomhaontú, cláróidh sé an t-ainm trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh gan an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 47(2) a chur i bhfeidhm, agus, más gá, leasóidh sé an fhaisnéis a foilsíodh de bhun Airteagal 26(2) ar choinníoll nach leasuithe substaintiúla iad; nó

(b)  murar thángthas ar chomhaontú, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena ndéanfar cinneadh maidir leis an gclárú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

4.  Déanfar gníomhartha clárúcháin agus cinntí maidir le diúltú a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Leis an ngníomh clárúcháin, deonófar an chosaint dá dtagraítear in Airteagal 21 don tásc geografach.

Airteagal 31

Leasú ar shonraíocht táirge

1.  Féadfaidh aon ghrúpa a bhfuil leas dlisteanach acu iarratas a dhéanamh ar leasú ar shonraíocht táirge a fhormheas.

Tabharfar tuairisc in iarratais ar na leasuithe atá á n-iarraidh agus cuirfear fáthanna leo.

2.  Déanfar leasuithe ar shonraíocht táirge a aicmiú in dhá chatagóir ó thaobh na tábhachta atá ag baint leo:

(a)  leasuithe Aontais lena n-éilítear nós imeachta freasúra ar leibhéal an Aontais;

(b)  leasuithe caighdeánacha a gcaithfear déileáil leo ar leibhéal an Bhallstáit nó ar leibhéal tríú tír.

3.  Measfar gur leasú Aontais é leasú más fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)  áirítear leis athrú ar ainm nó ar aon chuid d’ainm an táisc gheografaigh atá cláraithe faoin Rialachán seo;

(b)  is é atá ann athrú ar an ainm dlithiúil nó ar chatagóir na dí biotáillí;

(c)  tá baol ina leith go ndéanfadh sé cáilíocht, cáil nó saintréith eile na dí biotáillí atá inchurtha go bunúsach i leith a hionscnaimh gheografaigh a chur ar neamhní; nó

(d)  gabhann srianta breise leis i dtaca le margaíocht a dhéanamh ar an táirge.

Measfar gur leasuithe caighdeánacha iad aon leasuithe eile.

Measfar gur leasú sealadach é leasú caighdeánach freisin i gcás ina mbaineann sé le hathrú sealadach ar an tsonraíocht táirge a tharla toisc gur fhorchuir údaráis phoiblí bearta éigeantacha sláintíochta agus fíteashláintíochta nó toisc é a bheith bainteach le tubaistí nádúrtha nó drochaimsir arna sainaithint go foirmiúil ag na húdaráis inniúla.

4.  Déanfaidh an Coimisiún leasuithe Aontais a fhormheas. Leanfaidh an nós imeachta formheasa, mutatis mutandis, an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 24 agus in Airteagail 26 go 30. Maidir le hiarratais ar leasuithe Aontais arna dtíolacadh ag tríú tír nó ag táirgeoirí tríú tír, beidh cruthúnas ag gabháil leo go bhfuil na leasuithe atá á n-iarraidh acu ag comhlíonadh na ndlíthe is infheidhme sa tríú tír sin maidir le tásca geografacha a chosaint.

5.  Is é an Ballstát ar ina chríoch atá limistéar geografach an táirge lena mbaineann a fhormheasfaidh leasuithe caighdeánacha. Maidir le tríú tíortha, déanfar leasuithe a fhormheas i gcomhréir leis an dlí is infheidhme sa tríú tír lena mbaineann.

6.  Is ag díriú ar an leasú atá molta agus ar an leasú sin amháin a bheifear leis an ngrinnscrúdú ar an iarratas ar leasú.

Airteagal 32

Cealú

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige ann, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun clárú táisc gheografaigh a chealú, i gceann amháin de na cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás nach féidir a áirithiú a thuilleadh go bhfuil ceanglais na sonraíochta táirge á gcomhlíonadh;

(b)  i gcás nár cuireadh táirge ar an margadh faoin tásc geografach ar feadh seacht mbliana as a chéile ar a laghad.

▌Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 24, 26, 27, 28 agus 30 maidir le nós imeachta an chealaithe.

2.  D’ainneoin mhír 1, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do tháirgeoirí na dí biotáillí atá á mhargú faoin tásc geografach cláraithe, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an clárú comhfhreagrach a chealú.

3.  Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, sula nglacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme, rachaidh sé i gcomhairle le húdaráis an Bhallstáit, le húdaráis an tríú tír nó, más féidir, leis an táirgeoir tríú trí a chuir iarratas isteach ar chlárú an táisc gheografaigh lena mbaineann i dtosach, mura ndéanann na hiarratasóirí bunaidh sin iarratas díreach ar chealú.

4.   Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear san Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 33

Clár na dtásc geografach ar dheochanna biotáilleacha

1.   Faoin ... [dhá bhliain + dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí chlár leictreonach de thásca geografacha ar dheochanna biotáilleacha a shainaithnítear faoin scéim seo, a mbeidh rochtain ag an bpobail air agus a choimeádfar cothrom le dáta, a bhunú (‘an clár’)

2.  Déanfar ainm táisc gheografaigh a chlárú ina script bhunaidh. I gcás nach i litreacha Laidineacha a bheidh an script bhunaidh, déanfar tras-scríobh nó traslitriú i litreacha Laidineacha a chlárú in éineacht leis an ainm ina script bhunaidh.

Le haghaidh tásca geografacha a chláraítear faoin gCaibidil seo, cuirfidh an clár rochtain dhíreach ar fáil ar dhoiciméid aonair agus beidh le fáil ann freisin tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge.

Le haghaidh tásca geografacha a chlárófar roimh an ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an clár rochtain dhíreach ar fáil ar phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil mar a leagtar amach in Airteagal 17(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an mhír seo trí rialacha mionsonraithe breise a leagan síos maidir le foirm agus le hinneachar an chláir. ▌

3.  Féadfar tásca geografacha a bhaineann le deochanna biotáilleacha a táirgeadh i dtríú tíortha agus atá faoi chosaint san Aontas de bhun comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas ina pháirtí conarthach ann a chur isteach sa chlár mar thásca geografacha.

Airteagal 34

Tásca geografacha comhainmneacha

1.  Aon ainm a gcuirtear iarratas isteach ina leith, más comhainm ina iomláine nó i bpáirt é de chuid ainm atá cláraithe faoin Rialachán seo cheana, clárófar an t-ainm sin agus aird chuí á tabhairt ar an gcaoi a n-úsáidtear é go traidisiúnta agus go háitiúil agus ar aon bhaol mearbhaill a d’fhéadfadh a bheith ann.

2.  Ní chlárófar ainm comhainmneach a chuireann an tomhaltóir ar míthreoir sa chaoi go gcreideann an té sin gur tháinig na táirgí ó chríoch eile fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí sin.

3.  Beidh úsáid táisc gheografaigh chomhainmnigh chláraithe faoi réir leordhóthain difríochta a bheith ann sa chleachtas idir an comhainm a cláraíodh ina dhiaidh sin agus an t-ainm atá sa chlár cheana féin, ag féachaint don ghá atá ann caitheamh go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus an gá atá ann nach gcuirfí an tomhaltóir ar míthreoir.

4.  Ní dochar cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 21 den Rialachán seo do na tásca geografacha faoi chosaint agus na hainmniúcháin tionscnaimh táirgí faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 agus (AE) Uimh. 251/2014.

Airteagal 35

Forais shonracha le cosaint a dhiúltú

1.  Ní dhéanfar ainm▌ cineálach a chosaint mar thásc geografach.

Lena fháil amach cé acu atá ainm anois cineálach nó nach bhfuil, cuirfear na tosca ábhartha go léir san áireamh, go háirithe:

(a)  an staid mar atá sé san Aontas, go háirithe i réimsí tomhaltais;

(b)  reachtaíocht ábhartha an Aontais nó an reachtaíocht ábhartha náisiúnta.

2.  Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, go bhféadfadh an chosaint an tomhaltóir a chur ar míthreoir maidir le fíorchéannacht na dí biotáillí.

3.  Ní dhéanfar ainm a chosaint mar thásc geografach ach amháin más rud é gur tharla céimeanna ▌an táirgthe a bhronann ar an deoch bhiotáilleach cáilíocht, cáil nó saintréithe eile atá inchurtha go bunúsach i leith a tionscnaimh gheografaigh, laistigh den limistéar geografach ábhartha.

Airteagal 36

An caidreamh idir trádmharcanna agus tásca geografacha

1.  Déanfar clárú trádmhairc, ar trádmharc é a gcomhfhreagraíonn a úsáid, nó a gcomhfhreagródh a úsáid, do cheann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), a dhiúltú nó a neamhbhailiú ▌.

2.  Trádmharc, a gcomhfhreagraíonn a úsáid do cheann amháin nó níos mó de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 21(2), ar cuireadh iarratas isteach ina leith, a cláraíodh, nó a bunaíodh trí úsáid, má fhoráiltear don fhéidearthacht sin leis an reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch an Aontais, roimh an dáta ar cuireadh an t-iarratas ar chosaint an táisc gheografaigh faoi bhráid an Choimisiúin, féadfar leanúint dá úsáid agus dá athnuachan in ainneoin chlárú an táisc gheografaigh, ar choinníoll nach ann d’aon fhoras lena neamhbhailíochtú nó lena aisghairm faoi Threoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26)Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27).

Airteagal 37

Tásca geografacha cláraithe atá ann cheana

Tásca geografacha deochanna biotáilleacha atá cláraithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus atá, ar an dóigh sin, cosanta faoin Rialachán sin, beidh cosaint uathoibríoch acu mar thásca geografacha faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún iad a liostú sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo.

Airteagal 38

Comhlíonadh na sonraíochta táirge a fhíorú

1.  Déanfaidh na Ballstáit liosta oibreoirí a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, ar oibreoirí iad a tháirgeann deochanna biotáilleacha a bhfuil tásc geografach ag gabháil leo agus atá cláraithe faoin Rialachán seo.

2.  Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear deochanna biotáilleacha de thionscnamh an Aontais atá cláraithe faoin Rialachán seo, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh na comhlachtaí seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge▌ a fhíorú:

(a)  údarás inniúil amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 43(1); nó

(b)  comhlachtaí rialaithe de réir bhrí phointe 5 den dara fo-mhír d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, ag feidhmiú dóibh mar chomhlacht deimhnithe táirge.

I gcás ina gcuirfidh Ballstát Airteagal 24(2) i bhfeidhm, déanfaidh údarás seachas údarás a mheastar a bheith ina ghrúpa faoin mír sin an fíorú ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a áirithiú.

D’ainneoin dhlí náisiúnta na mBallstát, féadfaidh na hoibreoirí ▌atá faoi réir na rialuithe sin costais an fhíoraithe sin ar chomhlíonadh na sonraíochta táirge a sheasamh.

3.  Maidir le tásca geografacha lena n-ainmnítear deochanna biotáilleacha de thionscnamh tríú tír atá cláraithe faoin Rialachán seo, sula gcuirfear an táirge ar an margadh, déanfaidh ceann amháin de na comhlachtaí seo a leanas comhlíonadh na sonraíochta táirge▌ a fhíorú:

(a)  údarás inniúil poiblí arna ainmniú ag an tríú tír; nó

(b)  comhlacht deimhnithe táirge.

4.  Poibleoidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 2, agus tabharfaidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear i mír 3, agus tabharfaidh sé an fhaisnéis sin cothrom le dáta go tráthrialta.

5.  Na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 agus na comhlachtaí deimhnithe táirgí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, comhlíonfaidh siad caighdeán Eorpach ISO/IEC 17065:2012 nó aon athbhreithniú nó leagan leasaithe de is infheidhme amach anseo agus beidh siad creidiúnaithe i gcomhréir leis sin.

6.  Beidh na húdaráis inniúla ▌dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 oibiachtúil agus neamhchlaon agus comhlíonadh na sonraíochta táirge ag an ▌tásc geografach atá faoi chosaint faoin Rialachán seo á fhíorú acu. Beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích ar fáil dóibh.

Airteagal 39

Faireachas ar úsáid ainmneacha sa mhargadh

1.  Déanfaidh na Ballstáit seiceálacha, bunaithe ar anailís riosca, maidir le húsáid na dtásc geografach atá cláraithe faoin Rialachán seo sa mhargadh agus glacfaidh siad gach beart is gá i gcás sáruithe ar cheanglais na Caibidle seo.

2.  Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí riaracháin agus breithiúnacha chun cosc a chur ar úsáid neamhdhleathach na n-ainmneacha táirgí nó seirbhísí a tháirgtear nó a ndéantar a mhargú ina gcríoch agus atá cumhdaithe ag tásca geografacha atá cláraithe faoin Rialachán seo.

Chuige sin, ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis a bheidh freagrach as na céimeanna sin a dhéanamh, i gcomhréir le nósanna imeachta a chinnfidh gach aon Bhallstát.

Tabharfaidh na húdaráis sin ráthaíochtaí leordhóthanacha i ndáil lena n-oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht, agus beidh an fhoireann cháilithe agus na hacmhainní is gá chun a gcuid cúraimí a chur i gcrích ar fáil dóibh.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil atá freagrach as na rialuithe maidir le húsáid ainmneacha sa mhargadh, agus a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 43. Poibleoidh an Coimisiún ainmneacha agus seoltaí na n-údarás sin.

Airteagal 40

Nós imeachta agus ceanglais, agus pleanáil agus tuairisciú gníomhaíochtaí rialaithe

1.  Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta agus ag na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 maidir leis na seiceálacha dá bhforáiltear in Airteagail 38 agus 39 den Rialachán seo.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gníomhaíochtaí le haghaidh rialú ar oibleagáidí faoin gCaibidil seo a áireamh go sonrach i roinn ar leithligh laistigh de na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla i gcomhréir le hAirteagail 41 go 43 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

3.  Sna tuarascálacha bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 44(1) de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, áireofar i roinn ar leithligh an fhaisnéis dá dtagraítear san fhoráil sin maidir leis na rialuithe ar na hoibleagáidí a bunaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 41

Cumhachtaí tarmligthe

1.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe ▌a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí thuilleadh coinníollacha a leagan amach le leanúint, lena n-áirítear i gcásanna ina gcumhdaítear níos mó ná tír amháin le limistéar geografach, i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)  iarratas maidir le tásc geografach amhail dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 24 a chlárú; agus

(b)  réamhnósanna imeachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24, grinnscrúdú ar pháirt an Choimisiúin, an nós imeachta freasúra, agus cur ar ceal na dtásc geografach.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí choinníollacha agus ceanglais a bhunú don nós imeachta maidir le leasuithe an Aontais agus le leasuithe caighdeánacha, lena n-áirítear leasuithe sealadacha, ar shonraíochtaí táirge dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 42

Cumhachtaí cur chun feidhme

1.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)  foirm na sonraíochta táirge dá dtagraítear in Airteagal 22, agus bearta i dtaobh na faisnéise atá le soláthar sa tsonraíocht i ndáil leis an nasc atá idir an limistéar geografach agus an táirge deiridh amhail dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 22(1);

(b)  na nósanna imeachta maidir le freasúraí, agus foirm agus cur i láthair na bhfreasúraí, amhail dá dtagraítear in Airteagail 27 agus 28;

(c)  foirm agus cur i láthair na n-iarratas ar leasuithe de chuid an Aontais agus na gcumarsáidí a bhaineann le leasuithe caighdeánacha agus sealadacha amhail dá dtagraítear in Airteagal 31(4) agus (5) faoi seach;

(d)  na nósanna imeachta maidir le próiseas an chealaithe agus foirm an phróisis sin dá dtagraítear in Airteagal 32, chomh maith le cur i láthair na n-iarrataí ar chealú; agus

(e)  na seiceálacha agus na fíoruithe atá le déanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear tástáil, amhail dá dtagraítear in Airteagal 38.

2.  Faoin ... [dhá bhliain + dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta d’iarratais dá dtagraítear in Airteagail 23 agus 24 agus foirm agus cur i láthair na n-iarratas sin, lena n-áirítear maidir le hiarratais a bhaineann le níos mó ná críoch náisiúnta amháin.

3.  Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

CAIBIDIL IV

SEICEÁLACHA, MALARTÚ FAISNÉISE, REACHTAÍOCHT NA mBALLSTÁT

Airteagal 43

Seiceálacha ar dheochanna biotáilleacha

1.  Is iad na Ballstáit a bheidh freagrach as seiceálacha a dhéanamh ar dheochanna biotáilleacha. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus ainmneoidh siad na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2.  Áiritheoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Rialacháin seo agus, más gá, glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na rialacha maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag na Ballstáit maidir leis na hoibleagáidí a thig as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 44

Malartú faisnéise

1.  Cuirfidh na Ballstáit agus an Coimisiún an fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm in iúl dá chéile.

▌2. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir le nádúr agus cineál na faisnéise atá le malartú agus na modhanna chun faisnéis a mhalartú.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 47(2).

Airteagal 45

Reachtaíocht na mBallstát

1.  Agus beartas cáilíochta á chur i bhfeidhm acu maidir le deochanna biotáilleacha a tháirgtear ina gcríoch féin agus go háirithe maidir le tásca geografacha a liostaítear sa chlár nó chun tásca geografacha nua a chosaint, féadfaidh na Ballstáit rialacha is déine ná na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinní I agus II a leagan síos maidir le táirgeadh, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach le dlí an Aontais.

2.  D’ainneoin mhír 1, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar allmhairiú, ar dhíol ná ar thomhaltas deochanna biotáilleacha a tháirgtear i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha agus a chomhlíonann an Rialachán seo, ná ní chuirfidh siad srian leis an méid sin.

CAIBIDIL V

tarmligean cumhachta, forálacha cur chun feidhme, ▌forálacha idirthréimhseacha agus CRÍOCHNAITHEACHA

ROINN 1

TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 46

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8 agus 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse seacht mbliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse seacht mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 33 agus 41 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

4.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 50 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse sé bliana amhail ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

5.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8, 19, 33, 41 agus 50 ▌a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

6.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

7.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

8.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8, 19, 33, 41 agus 50 ▌ i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 47

Nós imeachta coiste

1.  Déanfaidh an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha, a bunaíodh le Rialachán (CCE) Uimh. 1576/89, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Roinn 2

MAOLÚ, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 48

Maolú ar cheanglais maidir le cainníochtaí ainmniúla i dTreoir 2007/45/CE

De mhaolú ar Airteagal 3 de Threoir 2007/45/CE, agus ar an séú ró i roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, is féidir shochu(28) aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais i gcainníochtaí ainmniúla 720 ml agus 1 800 ml.

Airteagal 49

Aisghairm

1.  Gan dochar d’Airteagal 50, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 le héifeacht ón ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Aisghairtear Caibidil III de, áfach, le héifeacht ón ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.  De mhaolú ar mhír 1:

(a)  leanfaidh Airteagal 17(2) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d’fheidhm a bheith aige go dtí an … [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(b)  leanfaidh Airteagal 20 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus, gan dochar d’infheidhmeacht fhorálacha eile Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún(29), Airteagal 9 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin d’fheidhm a bheith acu go dtí go gcuirfear i gcrích na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Rialachán Cur Chun Feidhme sin, ach, in aon chás, ní leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu níos faide ná an … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus

(c)  leanfaidh Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d’fheidhm a bheith aici go dtí go gcuirfear ar bun an clár dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo.

3.  Déanfar tagairtí do Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 50

Bearta idirthréimhseacha

1.  Deochanna biotáilleacha nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a chomhlíonann ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a táirgeadh roimh an ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

2.  D’ainneoin mhír 1 den Airteagal seo, maidir le deochanna biotáilleacha nach bhfuil an tuairisc, cur i láthair nó lipéadú atá acu i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 36 den Rialachán seo ach a chomhlíonann Airteagail 16 agus 23 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus ar cuireadh lipéad orthu roimh an ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

3.  ▌Go dtí an ... [sé bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 46 lena leasaítear Airteagal 3(2), (3), (9), (10), (11) agus (12), Airteagal 10(6) agus (7), agus Airteagail 11, 12 agus 13 nó lena bhforlíontar an Rialachán seo trí mhaolú ar na forálacha sin.

Beidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír teoranta go docht do fhreastal ar riachtanais a léiríodh a bheith ann ar toradh iad ar imthosca an mhargaidh.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe ar leithligh i ndáil le gach sainmhíniú, gach sainmhíniú teicniúil nó gach ceanglas dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

4.   bheidh feidhm ag Airteagail 22 go 26, 31 agus 32 maidir leis na hiarratais ar chlárú nó ar leasú nó leis na hiarrataí ar chealú, atá ar feitheamh an ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Leanfaidh Airteagail 17(4), (5) agus (6), 18 agus 21 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d’fheidhm a bheith acu maidir le hiarratais agus iarrataí ar chealú den sórt sin.

Na forálacha maidir leis an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagail 27, 28 agus 29 den Rialachán seo, bheidh feidhm acu maidir leis na hiarratais ar chlárú nó maidir leis na hiarratais ar leasú ar foilsíodh príomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil nó iarratas ar leasú, faoi seach, ina leith cheana féin le haghaidh freasúra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Leanfaidh Airteagal 17(7) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais den sórt sin ▌.

Na forálacha maidir leis an nós imeachta freasúra dá dtagraítear in Airteagail 27, 28 agus 29 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le hiarraidh ar chealú atá ar feitheamh an ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Leanfaidh Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarrataí ar chealú den sórt sin.

5.  Le haghaidh tásca geografacha arna gclárú faoi Chaibidil III den Rialachán seo agus dá raibh an t-iarratas ar chlárú ar feitheamh ar dháta chur i bhfeidhm na ngníomhartha cur chun feidhm lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta d’iarratais dá dtagraítear in Airteagal 23, nó foirm agus cur i láthar na n-iarratas sin, dá bhforáiltear in Airteagal 42(2) den Rialachán seo, féadfaidh an clár rochtain dhíreach a sholáthar ar phríomhshonraíochtaí an chomhaid theicniúil de réir bhrí Airteagal 17(4) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008.

6.  Maidir le tásca geografach arna gclárú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát, doiciméad aonair a chuir an Ballstát sin faoina bhráid a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh tagairt foilseacháin na sonraíochta táirge ag gabháil leis an bhfoilsiú sin agus ní leanfaidh nós imeachta freasúra é.

Airteagal 51

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

2.  D’ainneoin mhír 1, beidh feidhm ag Airteagal 16, pointe (d) d’Airteagal 20, Airteagail 21, 22 agus 23, Airteagal 24(1), (2) agus (3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír d’Airteagal 24(4), Airteagal 24(8) agus (9), Airteagail 25 go 42, Airteagail 46 agus 47, Airteagal 50(1), (4) agus (6), pointí 39(d) agus 40(d) d’Iarscríbhinn I agus na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaineann leis na forálacha sin ón ... [dhá sheachtain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

3.  Na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagail 8, 19 agus 50, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 46, agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 8(4) agus Airteagail 20, 43 agus 44, arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 47, beidh feidhm acu ón ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

CATAGÓIRÍ DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA

1.  Rum

(a)  Is deoch bhiotáilleach ▌é rum ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach moláis nó síoróipe a tháirgtear i ndéantús siúcra cána nó sú cána siúcra é féin go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 96 % de réir toirte ionas go mbeidh saintréithe sobhraite orgánaileipteacha an rum ag an driogáit.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag rum.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar rum a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal breise a chur le rum ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar rum a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  I gcás na dtásc geografach atá cláraithe faoin Rialachán seo, féadfar an t-ainm dlíthiúil atá ar rum a fhorlíonadh leis an méid seo a leanas:

(i)  an téarmatraditionnel ‘tradicional’, ar choinníoll, maidir leis an rum i dtrácht:

—  gur táirgeadh é trí dhriogadh ag níos lú ná 90 % de réir toirte, tar éis choipeadh alcólach na n-ábhar táirgthe alcóil ar de thionscnamh eisiach na háite tionscnaimh atá á breithniú iad, agus

—  go bhfuil aige ábhar substaintí so-ghalaithe atá cothrom le 225 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin, agus

—  nach bhfuil sé ▌milsithe;

(ii)  an téarma ‘talmhaíochta’, ar choinníoll go gcomhlíonann an rum i dtrácht na ceanglais faoi phointe (i) agus gur táirgeadh go heisiach é trí dhriogadh tar éis choipeadh alcólach an tsú cána siúcra. Ní fhéadfar an téarma ‘talmhaíochta’ a úsáid ach amháin i gcás tásc geografach de roinn Fhrancach thar lear nó de Réigiún Féinrialaithe Mhaidéara.

Ní dochar an pointe seo d’úsáid an téarma ‘talmhaíochta’,traditionnel’ 'tradicional' i dtaca le haon táirge nach bhfuil cumhdaithe ag an gcatagóir seo, i gcomhréir lena sainchritéar féin.

2.   Whisky whiskey

(a)  Is deoch bhiotáilleach é whiskywhiskey ar trí na modhanna táirgthe seo a leanas ar fad a dhéanamh go heisiach a tháirgtear é:

(i)  driogadh maistreáin a dhéantar as gránbharra braichte le slánghráin ghránbharr neamhbhraichte eile, nó dá n-uireasa:

–  a siúcraíodh trí dhiastáis na braiche atá ann, le heinsímí nádúrtha eile nó gan iad,

–  a coipeadh trí ghníomhaíocht an ghiosta;

(ii)  déantar gach uile dhriogadh ag níos lú ná 94,8 % de réir toirte, ionas go mbeidh cumhra agus blas ar an driogáit a thagann as na hamhábhair a úsáidtear;

(iii)  aibiú na driogáite deiridh ar feadh trí bliana ar a laghad i gcascaí adhmaid nach mó ná 700 lítear a dtoilleadh.

Coinneoidh an driogáit deiridh, nach féidir ach uisce agus caramal pléineáilte (ar mhaithe le dathú) a chur léi, an dath, an cumhra agus an blas a tháinig uirthi mar gheall ar an bpróiseas táirgthe dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii).

(b)  Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag whisky nó ag whiskey.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar whiskywhiskey a mhilsiú, fiú amháin chun barr blais deireanach a chur air, ná a bhlaistiú, ná ní bheidh aon bhreiseán eile ann seachas caramal pléineáilte (E 150a).a úsáidtear chun an dath a choigeartú.

(e)  Ní fhéadfar an t-ainm dlíthiúil ‘whisky’‘whiskey’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘fuisce aon bhraiche’ ach amháin i gcás inar driogadh é go heisiach ó eorna bhraichte ag drioglann aonair amháin.

3.  Biotáille ghráin

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille ghráin ar trí dhriogadh maistreáin coipthe de bharra slánghráin go heisiach a tháirgtear í agus a bhfuil tréithe orgánaileipteacha aici a tháinig as na hamhábhair a úsáideadh.

(b)  Cé is moite de ‘Korn’, is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille ghráin.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille ghráin a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille ghráin ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille ghráin a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil ‘branda gráin’ a bheith ag dul le biotáille ghráin más trí dhriogadh ag níos lú ná 95 % de réir toirte ó mhaistreán coipthe de bharra slánghráin a táirgeadh í, agus gnéithe orgánaileipteacha le sonrú a tháinig as na hamhábhair a úsáideadh.

(h)  San ainm dlíthiúil ‘biotáille ghráin’ nó ‘branda gráin’, féadfar an focal ‘gráin’ a ionadú le hainm an ghránaigh a úsáideadh go heisiach i dtáirgeadh na dí biotáillí.

4.  Biotáille fíona

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille fíona a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  is trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar fhíon, ar fhíon a neartaíodh don driogadh nó ar dhriogáit fíona a driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte a táirgeadh go heisiach í;

(ii)  tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 125 ghram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin;

(iii)  tá inti uasmhéid meatanóil de 200 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille fíona.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille fíona a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille fíona ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille fíona a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  I gcás ina ndearnadh biotáille fíona a aibiú, féadfar leanúint lena cur ar an margadh mar ‘bhiotáille fíona’ ar choinníoll gur aibíodh í ar feadh na tréimhse aibiúcháin dá bhforáiltear i ndáil leis an deoch bhiotáilleach faoi mar a shainítear faoi chatagóir 5 nó ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse sin.

(h)  Ní dochar an Rialachán seo d’úsáid an téarma ‘Branntwein’ i gcomhcheangal leis an téarma ‘essig’ i gcur i láthair nó i lipéadú finéagair.

5.  Brandy Weinbrand

(a)  Is deoch bhiotáilleach é brandyWeinbrand a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  déantar as biotáille fíona é ar féidir driogáit fíona a chur léi ar choinníoll go ndearnadh an driogáit fíona a dhriogadh ag níos lú ná 94,8 % de réir toirte, agus nach dtéann an driogáit fíona sin thar uasmhéid 50 % d’ábhar alcóil an táirge deiridh;

(ii)  rinneadh é a aibiú ar feadh na dtréimhsí seo a leanas, ar a laghad:

−  bliain amháin i gcoimeádáin darach a bhfuil toilleadh ar a laghad 1 000 lítear i ngach ceann díobh;

−   ▌sé mhí i gcoimeádáin darach a bhfuil toilleadh níos lú ná 1 000 lítear i ngach ceann díobh;

(iii)  tá ábhar substaintí so-ghalaithe ann atá cothrom le 125 ghram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin, agus a fhaightear go heisiach ó dhriogadh ▌na n-amhábhar a úsáideadh;

(iv)  tá ann uasmhéid meatanóil de 200 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(b)  Is é 36 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag brandyWeinbrand.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar brandyWeinbrand a bhlaistiú. Ní Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le brandyWeinbrand ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)   Féadfar brandy Weinbrand a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 35 ghram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

6.  Biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  is as marc fíonchaor a choiptear agus a dhriogtar go díreach le gal uisce, nó tar éis uisce a chur leis, go heisiach a tháirgtear í agus comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ina leith freisin;

−  déantar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

−  déantar an chéad driogadh i láthair an mhairc féin;

(ii)  féadfar cainníocht moirte a chur leis an marc fíonchaor nach mó ná 25 kg de mhoirt in aghaidh gach 100 kg de mharc fíonchaor a úsáidfear;

(iii)  ní rachaidh cainníocht iomlán an alcóil a fhaightear ón moirt thar 35 % de chainníocht an alcóil sa táirge deiridh;

(vi)  tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 140 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin agus tá uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte inti.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mairc fíonchaor nó i marc fíonchaor.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mairc fíonchaor nó marc fíonchaor ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille mairc fíonchaor a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

7.  Biotáille mairc torthaí

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille mairc torthaí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  is trí dhriogadh agus trí choipeadh mairc torthaí seachas marc fíonchaor a fhaightear í go heisiach agus comhlíontar an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

−  déantar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

−  déantar an chéad driogadh i láthair an mhairc féin;

(ii)  tá ábhar íosta substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(iii)  is é 1 500 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh inti;

(iv)  is é 7 ngram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte an t-uasmhéid aigéid hidricianaigh a bheidh inti i gcás biotáille mairc chlochthorthaí.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mairc torthaí.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille mairc torthaí a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mairc torthaí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille mairc torthaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  Ainm an toraidh agus ‘biotáille mhairc’ ar a lorg a bheidh san ainm dlíthiúil. Má úsáidtear marcanna roinnt torthaí éagsúla ‘biotáille mairc torthaí’ a bheidh mar ainm dlíthiúil agus féadfar é sin a fhorlíonadh le hainm gach toraidh in ord laghdaitheach na cainníochta a úsáideadh.

8.  Biotáille rísíníraisin brandy

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille rísíní nó raisin brandy ar trí dhriogadh an táirge a fhaightear trí choipeadh alcólach eastóscáin fíonchaor thriomaithe de chineál “Fíonchaor Dubh na Corainte” nó Moscatel Alexandria go heisiach a tháirgtear í, driogtha ag níos lú ná 94,5 % de réir toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ón amhábhar a úsáidtear.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil a bheidh i mbiotáille rísíní nó raisin brandy.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille rísíní nó raisin brandy a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille rísíní nó raisin brandy ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille rísíní nó raisin brandy a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

9.  Biotáille torthaí

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille torthaí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  is trí choipeadh alcólach agus trí dhriogadh alcólach torthaí úra agus méithe, lena n-áirítear bananaí, nó úrfhíon na dtorthaí, na gcaor nó na nglasraí sin, bíodh clocha iontu nó ná bíodh, go heisiach a tháirgtear í ▌;

(ii)  déanfar gach aon driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a tháinig ó na táirgí driogtha;

(iii)  tá ábhar substaintí so-ghalaithe inti atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte nó níos mó ná sin;

(iv)  i gcás biotáillí clochthorthaí, ní mó ná 7 ngram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte an méid aigéid hidricianaigh a bheidh iontu.

(b)  Is é 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil a bheidh i mbiotáille torthaí, ach amháin sna cásanna seo a leanas.

(i)  i gcás biotáillí torthaí a tháirgtear ó na torthaí nó na caora seo a leanas, agus ar ina leith a bheidh uasmhéid meatánóil de 1 200 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte:

−  úll (Malus domestica Borkh.),

−  aibreoga (Prunus armeniaca L.),

−  pluma (Prunus domestica L.),

−  pluma quetsch (Prunus domestica L.),

−  miribéal (Prunus domestica L. subsp. syriaca (Borkh.) Janch. ex Mansf.),

−  péitseog (Prunus persica (L.) Batsch),

−  piorra (Pyrus communis L.), seachas piorraí Williams (Pyrus communis L. cv ‘Williams’),

−  sméar dhubh (Rubus sect. Rubus),

−  sú craobh (Rubus idaeus L.).

(ii)  i gcás biotáillí torthaí a tháirgtear ó na torthaí nó na caora seo a leanas, agus ar ina leith a bheidh uasmhéid meatánóil de 1 350 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte:

−  cainche (Cydonia oblonga Mill.),

−  caor aitil (Juniperus communis L. nó Juniperus oxicedrus L.),

−  piorra Williams (Pyrus communis L. cv ‘Williams’),

−  cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

−  cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

−  mogóir róis (Rosa canina L.),

−  caor troim (Sambucus nigra L.),

−  caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

−  caor shoirb (Sorbus domestica L.),

–  crann soirb fiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz).

(c)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille torthaí.

(d)  Ní dhéanfar biotáille torthaí a dhathú.

(e)  D’ainneoin phointe (d) den chatagóir seo agus de mhaolú ar chatagóir bia 14.2.6 de Chuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, féadfar úsáid a bhaint as caramal chun dath na mbiotáillí torthaí a choigeartú, ar biotáillí iad ar tugadh chun cineáil iad ar feadh bliana ar a laghad agus iad i dteagmháil le hadhmad.

(f)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(g)  Ní dhéanfar biotáille torthaí a bhlaistiú.

(h)  Féadfar biotáille torthaí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 18 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(i)  Is é ‘biotáille’ agus é forlíonta le hainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar bhiotáille torthaí. Sa Bhulgáiris, sa tSeicis, sa Ghréigis, sa Chróitis, sa Pholainnis, sa Rómáinis, sa tSlóvaicis agus sa tSlóivéinis, féadfar an t-ainm dlíthiúil a chur in iúl le hainm an toraidh, na caoire nó an ghlasra, agus é forlíonta le hiarmhír.

De rogha air sin:

(i)  féadfar wasser’, agus sin in úsáid in éineacht le hainm an toraidh, a bheith mar an t-ainm dlíthiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír;

(ii)  féadfar na hainmneacha dlíthiúla seo a leanas a úsáid sna cásanna seo a leanas:

–  ‘kirsch’ le haghaidh biotáille silíní (Prunus avium (L.) L.);

–  ‘plum’, ‘quetsch’ nó ‘slivovitz’ le haghaidh biotáille phluma (Prunus domestica L.);

–  ‘miribéal’ le haghaidh biotáille mhiribéil (Prunus domestica L. subsp. syriaca (Borkh.) Janch. ex Mansf.);

–  ‘toradh caithne’ le haghaidh thoradh na biotáille caithne (Arbutus unedo L.);

–  ‘Golden Delicious’ le haghaidh biotáille úll (Malus domestica var. ‘Golden Delicious’);

–  ‘Obstler’ le haghaidh biotáille torthaí a tháirgtear o thorthaí, bíodh sin le caora nó gan chaora, ar choinníoll gur díorthaíodh ar a laghad 85 % den mhaistreán ó chineálacha éagsúla úll, piorraí nó an dá cheann.

Ní fhéadfar an t-ainm ‘Williams’ nó ‘williams a úsáid ach chun biotáille piorraí a tháirgtear as piorraí den chineál ‘Williams’ agus astu sin amháin a chur ar an margadh.

Más baolach nach furasta don tomhaltóir deiridh ceann de na hainmneacha dlíthiúla sin a thuiscint nach bhfuil an focal ‘biotáille’ dá dtagraítear sa phointe seo mar chuid díobh, beidh an focal ‘biotáille’ sa tuairisc, sa lipéadú agus sa chur i láthair, agus féadfar sin a fhorlíonadh le míniúchán.

(j)  Aon uair a dhriogtar dhá thoradh nó níos mó, dhá chaor nó níos mó nó dhá ghlasra nó níos mó le chéile, cuirfear an táirge ar an margadh faoin ainm dlíthiúil mar a leanas:

–  ‘biotáille torthaí’ le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó thorthaí nó ó chaora nó ón dá cheann araon a dhriogadh;

–  ‘biotáille glasraí’ le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó ghlasraí a dhriogadh; nó

–  ‘biotáille torthaí agus glasraí’, le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear ó theaglaim de thorthaí, caora agus glasraí a dhriogadh.

Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh le hainm gach toraidh, caoire nó glasra a, in ord laghdaitheach na cainníochta a úsáideadh.

10.  Biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí

(a)  Is deochanna biotáilleacha iad biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  is trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar leann úll nó ar leann piorraí go heisiach a tháirgtear iad ionas go mbíonn cumhra agus blas ar an driogáit a thagann ó na torthaí;

(ii)  tá ábhar substaintí so-ghalaithe iontu atá cothrom le 200 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte nó níos mó ná sin iontu;

(iii)  tá uasmhéid meatánóil de 1 000 gram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % toirte iontu.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille leanna úll, i mbiotáille leanna piorraí agus i mbiotáille leanna úll agus piorraí.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)   dhéanfar biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a bhlaistiú. Ní chuirfear, leis sin, bac ar mhodhanna traidisiúnta táirgthe.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille leanna úll, le biotáille leanna piorraí agus le biotáille leanna úll agus piorraí ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille leanna úll, biotáille leanna piorraí agus biotáille leanna úll agus piorraí a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 15 ghram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  Seo a leanas mar a bheidh an t-ainm dlíthiúil:

–  ‘biotáille leanna úll’ le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann úll a dhriogadh;

–  ‘biotáille leanna piorraí’ le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann piorraí a dhriogadh; nó

–  ‘biotáille leanna úll agus piorraí’ le haghaidh deochanna biotáilleacha a tháirgtear go heisiach ó leann úll agus piorraí a dhriogadh;

11.  Biotáille mheala

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille mheala a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  is trí choipeadh agus trí dhriogadh maistreáin meala go heisiach a tháirgtear í;

(ii)  driogtar í ag níos lú ná 86 % de réir toirte ionas go mbíonn na tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit a tháinig ón amhábhar a úsáideadh.

(b)  Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille mheala.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille mheala a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille mheala ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Ní fhéadfar biotáille mheala a mhilsiú ach le mil amháin chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de mhil, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

12.  Hefebrand nó biotáille mhoirte

(a)  Is deoch bhiotáilleach é Hefebrand nó biotáille mhoirte ar trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte ar mhoirt fíona, ar mhoirt bheorachar mhoirt torthaí coipthe go heisiach a tháirgtear í.

(b)  Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Hefebrand nó i mbiotáille mhoirte.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le Hefebrand nó biotáille mhoirte ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar Hefebrand nó biotáille mhoirte a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  Déanfar an t-ainm dlíthiúil Hefebrand nó ‘biotáille mhoirte’ a fhorlíonadh le hainm na n-amhábhar a úsáideadh.

13.   Biotáille bheorach

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille bheorach a tháirgtear go heisiach trí dhriogadh díreach faoi ghnáthbhrú ar bheoir úr ar lú ná 86 % a neart alcóil de réir toirte, ionas go mbíonn tréithe orgánaileipteacha ag an driogáit ▌ a thagann as an mbeoir.

(b)  Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i mbiotáille bheorach.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar biotáille bheorach a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le biotáille bheorach ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar biotáille bheorach a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

14.  Topinambur nó biotáille bliosán gréine

(a)  Is deoch bhiotáilleach é Topinambur nó biotáille bliosán gréine ar trí choipeadh agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte ar thiúbair bliosán gréine (Helianthus tuberosus L.) go heisiach a tháirgtear í.

(b)  Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in topinambur nó i mbiotáille bliosán gréine.

(c)  Ní dhéanfar alcól breise a chur isteach, bíodh sin ina alcól caolaithe nó neamhchaolaithe.

(d)  Ní dhéanfar topinambur nó biotáille bliosán gréine a bhlaistiú.

(e)  Ní fhéadfar caramal a chur le topinambur nó biotáille bliosán gréine ach mar mhodh chun an dath a choigeartú.

(f)  Féadfar Topinambur nó biotáille bliosán gréine a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

15.  Vodca

(a)  Is deoch bhiotáilleach é vodca a tháirgtear as alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a fhaightear tar éis coipeadh a dhéanamh le giosta ó cheann amháin de na nithe seo a leanas :

−  prátaí nó gránbharra nó an dá rud,

−  amhábhair talmhaíochta eile,

agus trí dhriogadh ▌a dhéanamh orthu ionas go laghdaítear go roghnaíoch tréithe orgánaileipteacha na n-amhábhar a úsáidtear agus na bhfotháirgí a fhoirmítear le linn an choipthe.

Féadfar driogadh breise a dhéanamh i ndiaidh an phróisis sin ▌nó cóireáil a dhéanamh le cúntóirí próiseála iomchuí, nó leis an dá rud, lena n-áirítear cóireáil le fioghual gníomhachtaithe, le tréithe speisialta orgánaileipteacha a thabhairt dó.

Ní rachaidh uasleibhéil an iarmhair le haghaidh an alcóil eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáideadh chun vodca a tháirgeadh thar na leibhéil sin a leagtar amach i bpointe (d) d’Airteagal 5, ach amháin nach rachaidh an méid meatánóil thar 10 ngram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte.

(b)  Is é 37.5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca.

(c)  Ní fhéadfar aon bhlastáin a chur leis ach na substaintí blaistithe nádúrtha nó na hullmhóidí blaistithe sin atá i láthair i ndriogáit a fhaightear ó na hamhábhair choipthe. Ina theannta sin, féadfar tréithe orgánaileipteacha speisialta, seachas príomhbhlas, a thabhairt don táirge.

(d)  Ní dhéanfar vodca a dhathú.

(e)  Féadfar vodca a mhilsiú barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 8 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(f)  Beidh an sonrú ‘arna tháirgeadh as …’ le feiceáil go follasach maille le hainm na n-amhábhar a úsáideadh chun an t-alcól eitile de tháirgeadh talmhaíochta a tháirgeadh sa tuairisc, sa chur i láthair, agus sa lipéadú a dhéanfar ar vodca nach dtáirgfear go heisiach as prátaí nó gránbharra nó as iad araon. Beidh an tásc seo le feiceáil sa réimse amhairc céanna leis an ainm dlíthiúil.

(g)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil ‘vodca’ a bheith air in aon cheann de na Ballstáit.

16.  Biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh

(a)  Is deoch bhiotáilleach í biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh , na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  táirgeadh í:

–  trí thorthaí, trí chaora nó trí chnónna a liostaítear faoi phointe (ii) a mhaothú, cibé acu más leathchoipthe nó neamhchoipthe atá siad, agus lenar féidir uasmhéid de 20 lítear d’alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó de bhiotáille nó de dhriogáit a dhíorthaítear ón toradh céanna, na caora deanna nó na cnónna céanna, nó teaglaim díobh sin, a chur léi in aghaidh gach 100 kg de thorthaí, de chaora nó de chnónna coipthe,

–  agus trí dhriogadh ag níos lú ná 86 % toirte a dhéanamh ina dhiaidh sin ▌; déantar gach driogadh ag níos lú ná 86 % de réir toirte;

(ii)  táirgtear í ó na torthaí, na caora nó na cnónna seo a leanas:

−  chokeberry (Aronia Medik. nom cons.),

−  chokeberry dhubh (Aronia melanocarpa (Michx.) Elliott),

−  castán (Castanea sativa Mill.),

−  torthaí citris (Citrus spp.),

−  cnó coill (Corylus avellana L.),

−  lus na feannóige (Empetrum nigrum L.),

−  sú talún (Fragaria spp.),

−  draighean mara (Hippophae rhamnoides L.),

−  caor chuilinn (Ilex aquifolium agus Ilex cassine L.),

−  silín cornel (Cornus mas),

−  gallchnó (Juglans regia L.),

−  banana (Musa spp.),

−  miortal coiteann (Myrtus communis L.),

−  piorra deilgneach (Opuntia ficus-indica (L.) Mill),

−  páiseog (Passiflora edulis Sims),

−  donnroisc (Prunus padus L.).

−  airne (Prunus spinosa L.),

−  cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

−  cuirín geal (Ribes niveum Lindl.),

−  cuirín dearg (Ribes rubrum L.),

−  spíonán (Ribes uva-crispa L. syn. Ribes grossularia),

−  mogóir róis (Rosa canina L.),

−  dris an artaigh (Rubus arcticus L.),

−  eithreog shléibhe (Rubus chamaemorus L.),

−  sméar dhubh (Rubus sect. Rubus),

−  sú craobh (Rubus idaeus L.),

−  caor troim (Sambucus nigra L.),

−  caor chaorthainn (Sorbus aucuparia L.),

−  caor shoirb (Sorbus domestica L.),

−  caor shoirb fhiáin (Sorbus torminalis (L.) Crantz),

−  ambarella (Spondias dulcis Parkinson),

−  mombain bhuí (Spondias mombin L.),

−  fraochán gorm Meiriceánach (Vaccinium corymbosum L.),

−  mónóg fhiáin (Vaccinium oxycoccos L.),

−  fraochóg/fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

−  bódhearc (Vaccinium vitis-idaea L.).

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú nó trí dhriogadh.

(c)  Ní dhéanfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a bhlaistiú.

(d)  Ní dhéanfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a dhathú.

(e)  D’ainneoin phointe (d) agus de mhaolú ar chatagóir bia 14.2.6 de Chuid E d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008, féadfar úsáid a bhaint as caramal chun dath biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a choigeartú, ar biotáille í ar tugadh chun cineáil í ar feadh bliana ar a laghad agus í i dteagmháil le hadhmad.

(f)  Féadfar biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur uirthi. Ní fhéadfar níos mó ná 18 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(g)  Maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú biotáille (arna forlíonadh le hainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna) a fhaightear trí mhaothú agus trí dhriogadh, beidh na focail ‘a fuarthas trí mhaothú agus trí dhriogadh’ sa tuairisc, sa chur i láthair nó sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal ‘biotáille (agus ainm an toraidh, na gcaor nó na gcnónna ina dhiaidh)’, agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh.

17.   Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh)

(a)  Is deoch bhiotáilleach é Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a tháirgtear trí mhaothú torthaí agus caor neamhchoipthe a liostaítear i bpointe (a) (ii) de chatagóir 16 de ghrúpa B nó glasraí, cnónna, ▌nó ábhair plandaí eile amhail luibheanna nó peitil róis nó beacáin in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, agus trí dhriogadh ina dhiaidh sin ag níos lú ná 86 % de réir toirte.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) .

(c)  Is deoch bhiotáilleach é Geist (arna fhorlíonadh le hainm toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a bhlaistiú

(d)   Ní dhéanfar Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a dhathú.

(e)  Féadfar Geist (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó an amhábhair a úsáideadh) a mhilsiú chun barr blais deireanach a chur air. Ní fhéadfar níos mó ná 10 ngram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, a bheith sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(f)  Féadfar an téarma -geist agus téarma eile seachas ainm an toraidh, an phlanda nó amhábhair eile roimhe, a fhorlíonadh leis an ainm dlíthiúil atá ar dheochanna biotáilleacha agus deochanna alcólacha eile, ar choinníoll nach gcuireann sé sin an tomhaltóir ar míthreoir.

18.  Ceadharlach

(a)  Is deoch bhiotáilleach é ceadharlach a dhéantar as driogáit cheadharlaigh a fhaightear ó choipeadh fréamhacha ceadharlaigh a gcuirtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta leis nó nach gcuirtear.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag ceadharlach.

(c)  Ní dhéanfar ceadharlach a bhlaistiú.

19.  Deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil

(a)  Is deochbhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó biotáille ghráin nó driogáit ghráin nó teaglaim díobh a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L. nó Ju.).niperus oxicedrus L.) .

(b)  Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh ag deoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil.

(c)  Féadfar substaintí nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nó plandaí▌ a bhfuil saintréithe blaistithe acu nó codanna ▌de phlandaí a bhfuil saintréithe blaistithe acu nó teaglaim díobh a úsáid sa bhreis ar chaora aitil, ach ní mór tréithe orgánaileipteacha aitil a bheith inaitheanta, fiú sa chás go mbíonn siad maolaithe uaireanta.

(d)  Féadfaidh an t-ainm dlíthiúilWacholder’ nó ‘genebra’ a bheith ar dheoch bhiotáilleach faoi bhlas aitil.

20.  Gin

(a)  Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi é gin a tháirgtear trí ▌alcól eitile de bhunús talmhaíochta, atá oiriúnach go horgánaileipteach, a bhlaistiú le caora aitil (Juniperus communis L.).

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in gin.

(c)  Is as substaintí blaistithe nó as ullmhóidí blaistithe amháin, nó as an dá rud, a bhainfear úsáid chun gin a tháirgeadh ionas gurb é blas an aitil an príomhbhlas a bhíonn air.

(d)  Féadfar an téarma ‘gin’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘dry’ mura mbíonn aon mhilsiú breise ann a théann thar 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe

21.  Gin driogtha

(a)  Is éard atá in gin driogtha:

(i)  deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an aitil uirthi agus ar trí dhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta ▌a bhfuil neart alcóil tosaigh de 96 % de réir toirte ann ar a laghad, go heisiach a tháirgtear í, i láthair caor aitil (Juniperus communis L.) agus luibheanna nádúrtha eile, ar choinníoll gurb é blas an aitil an príomhbhlas a bhíonn uirthi;

(ii)  teaglaim de tháirge an driogtha sin agus d’alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta atá ar an gcomhdhéanamh céanna, ar an íonacht chéanna agus ar an neart alcóil céanna; is féidir substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe mar a shainítear i bpointe (c) de chatagóir 20 de ghrúpa B, nó an dá rud, a úsáid freisin le gin driogtha a bhlaistiú.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in gin driogtha.

(c)  Ní mheasfar gur gin driogtha é gin a tháirgtear go díreach trí eastóscánraí nó blastáin a chur le halcól eitile de thionscnamh talmhaíochta.

(d)  Féadfar an téarma ‘gin driogtha’ a fhorlíonadh leis an téarma ‘dry’, nó is féidir é a hionchorprú sa téarma mura mbíonn aon mhilsiú breise ann a théann thar 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

22.  London gin

(a)  Is éard is London gin ann ▌gin atá driogtha agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  táirgtear é go heisiach ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, arb é 5 ghram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte an t-uasmhéid meatánóil ann, agus ar trí dhriogadh a dhéanamh ar alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta i láthair na n-ábhar nádúrtha plandaí uile a úsáideadh go heisiach a chuirtear blas air;

(ii)  is driogáit í an driogáit is toradh air sin▌agus ina mbíonn ar a laghad 70 % alcóil de réir toirte;

(iii)  ▌maidir le haon alcól eitile eile de thionscnamh talmhaíochta a chuirtear leis, comhlíonfaidh sé na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 5 ach beidh inti uasmhéid meatanóil de 5 ghram in aghaidh an heictilítir d’alcól 100 % de réir toirte;

(iv)  níl sé dathaithe;

(v)  ní dhéantar é a mhilsiú le níos mó ná 0,1 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir den táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe;

(vi)  níl aon chomhábhar eile curtha leis seachas na comhábhair dá dtagraítear i bpointí (i), (iii) agus (v), agus uisce.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in London gin.

(c)  Féadfar an téarma ‘dry’ a chur leis an téarma ‘London gin’ nó é a ionchorprú sa téarma.

23.  Deoch bhiotáilleach faoi bhlas cearbhais nó Kümmel

(a)  Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas cearbhais Kümmel a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cearbhas (Carum carvi L.).

(b)  Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais Kümmel uirthi.

(c)  Féadfar substaintí blaistithe nó ullmhóidí blaistithe a úsáid, nó an dá rud, chomh maith ach beidh blas an chearbhais ar an bpríomhbhlas ann.

24.   Akvavit aquavit

(a)  Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an chearbhais nó blas an tsíl lusa mhín uirthi, nó blas an dá rud, é akvavitaquavit, a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáid, agus atá blaistithe le driogáit de phlandaí nó de spíosraí.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in akvavitaquavit.

(c)  Féadfar substaintí blaistithe nádúrtha nó ullmhóidí blaistithe nádúrtha, nó an dá rud, a úsáid chomh maith ach beidh blas na ndeochanna seo le lua den chuid is mó le driogáití cearbhais (Carum carvi L.) nó le driogáití an tsíl lusa mhín (Anethum graveolens L.) nó leis an dá rud, agus cosc ar bhlátholaí a úsáid.

(d)  Ní fhágfaidh na substaintí searbha lorg róláidir ar an mblas; ní rachaidh méid an eastóscáin thirim thar 1,5 gram in aghaidh 100 millilítear.

25.  Deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse

(a)  Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le heastóscáin nádúrtha réalt-ainíse (Illicium verum Hook f.), ainíse (Pimpinella anisum L.), finéil (Foeniculum vulgare Mill.), nó aon phlanda eile a bhfuil an príomh-chomhábhar spíosrach céanna ann, ag úsáid próiseas amháin díobh seo a leanas nó teaglaim díobh:

(i)  Maothú nó driogadh nó an dá rud;

(ii)  driogadh alcóil i láthair na síolta nó codanna eile de na plandaí a luaitear thuas;

(iii)  eastóscáin dhriogtha nádúrtha as plandaí a bhfuil bhlas an tsíl ainíse orthu a chur leis.

(b)  Is é 15 % an neart íosta de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach atá faoi bhlas an tsíl ainíse.

(c)  Ní fhéadfar deoch bhiotáilleach faoi bhlas an tsíl ainíse a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha ▌.

(d)  Féadfar eastóscáin nádúrtha as plandaí eile a úsáid freisin, ach beidh blas an tsíl ainíse ina phríomhbhlas.

26.   Pastis

(a)  Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é Pastis a bhfuil eastóscáin nádúrtha na fréimhe liocrais (Glycyrrhiza spp.) inti freisin, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil na datháin ar a dtugtar “cailceoin” ann chomh maith le haigéad gliciriseach, agus is 0,05 gram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus 0,5 gram in aghaidh an lítir an t-íosleibhéal díobh seo is ceadmhach a bheidh inti.

(b)  Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis.

(c)  Ní fhéadfar Pastis a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha▌.

(d)  Beidh níos lú ná 100 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir in pastis, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, agus is 1.5 gram agus 2 ghram in aghaidh an lítir an t-uasleibhéal agus an t-íosleibhéal anatóil a bheidh ann, faoi seach.

27.  Pastis de Marseille

(a)  Is pastis é pastis de Marseille a bhfuil idir 1,9 agus 2,1 gram in aghaidh an lítir d’anatól ann agus a bhfuil blas láidir ainíse air.

(b)  Is é 45 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in pastis de Marseille.

(c)  Ní fhéadfar pastis de Marseille a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha ▌.

28.   Anis janeževec

(a)  Is deoch bhiotáilleach a bhfuil blas an tsíl ainíse uirthi é anis janeževec a dtagann an blas sainiúil a bhíonn uirthi go heisiach as ainís (Pimpinella anisum L.), réalt-ainís (Illicium verum Hook f.) nó finéal (Foeniculum vulgare Mill.) nó ó theaglaim díobh.

(b)  Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anis janeževec

(c)  Ní fhéadfar anis janeževec a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

29.  Anis driogtha

(a)  Is anis driogtha é anis a bhfuil alcól ann a dhriogtar i láthair na síolta dá dtagraítear i bpointe (a) de chatagóir 28 agus, i gcás tásca geografacha, i láthair maisteoige agus síolta, plandaí nó torthaí aramatacha eile, ar choinníoll gurb ionann agus ar a laghad 20 % de neart alcóil anis driogtha an t-alcól sin.

(b)  Is é 35 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in anis driogtha.

(c)  Ní fhéadfar anis driogtha a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus ▌le substaintí blaistithe nádúrtha ▌.

30.  Deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter

(a)  Is deoch bhiotáilleach é deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter ar blas searbh is mó atá orthu a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit de thionscnamh talmhaíochta nó an dá rud a bhlaistiú le substaintí blaistithe nó le hullmhóidí blaistithe nó leis an dá rud.

(b)  Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach blais shearbh nó in bitter.

(c)  Gan dochar d’úsáid téarmaí den sórt sin i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha, féadfar deoch bhiotáilleach blais shearbh nó bitter a chur ar an margadh freisin faoi na hainmneacha beoir shearbh’ nó ‘bitter’ le téarma eile nó gan téarma eile.

(d)  D’ainneoin phointe (c), féadfar an téarma ‘beoir shearbh’ nó ‘bitter’ a úsáid i dtuairisc, i gcur síos agus i lipéadú licéar blais shearbh.

31.  Vodca blaistithe

(a)  Is vodca blaistithe vodca ar cuireadh príomhbhlas air seachas blas na n-amhábhar a úsáideadh chun an vodca a tháirgeadh.

(b)  Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i vodca blaistithe.

(c)  Féadfar vodca blaistithe a mhilsiú, a chumasc, a bhlaistiú, a aibiú nó a dhathú.

(d)  Nuair a dhéantar vodca blaistithe a mhilsiú, ní bheidh níos mó ná 100 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir, áfach, sa táirge deiridh, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(e)  Féadfar a úsáid mar ainm dlíthiúil ar vodca blaistithe ainm ▌aon phríomhbhlais in éineacht leis an bhfocal ‘vodca’. Féadfar an téarma ‘vodca’ in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais a ionadú le ‘vodka’.

32.  Deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán

(a)  Is deoch bhiotáilleach í deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán ar é blas airne an príomhbhlas atá ann agus a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar airní (Prunus spinosa) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, le heastóscán nádúrtha d’ainís nó de dhriogáistí ainíse nó den dá cheann curtha léi.

(b)  Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i ndeoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó in pacharán.

(c)  Chun deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó pacharán a tháirgeadh, úsáidfear íosmhéid 125 ghram d’airní in aghaidh an lítir den táirge deiridh.

(d)  Beidh méid táirgí milsithe i ndeoch bhiotáilleach airne-chumhraithe nó in pacharán, arna sloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, a bheidh idir 80 agus 250 gram in aghaidh gach lítir den táirge deiridh.

(e)  Is as na torthaí a úsáideadh agus as an ainís a thiocfaidh tréithe orgánaileipteacha, dath agus blas na dí biotáillí airne-chumhraithe nó pacharán.

(f)  Ní fhéadfar an téarma ‘pacharán’ a úsáid mar ainm dlíthiúil ach amháin nuair is sa Spáinn a tháirgtear an táirge. Nuair is lasmuigh den Spáinn a tháirgtear an táirge, ní fhéadfar ‘pacharán’ a úsáid ach amháin chun cur leis an ainm dlíthiúil ‘deoch bhiotáilleach airne-chumhraithe’, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: ‘arna tháirgeadh i/in/sa …’, maille le hainm an Bhallstáit nó an tríú tír inar táirgeadh é.

33.  Licéar

(a)  Is deoch bhiotáilleach é licéar:

(i)  a bhfuil na híosmhéideanna de tháirgí milsithe seo a leanas ann, arna sloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe:

−  70 gram in aghaidh an lítir do licéir silíní licéir de shilín searbh arb í biotáille silíní nó biotáille de shilín searbh an t-aon alcól eitile atá iontu,

−  80 gram in aghaidh an lítir do licéir atá blaistithe go heisiach le ceadharlach nó planda comhchosúil nó mormónta ,

–  100 gram in aghaidh an lítir i ngach cás eile,

(ii)  a tháirgtear trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó trí dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó trí dheoch bhiotáilleach amháin nó níos mó nó teaglaim díobh, a milsíodh agus ar cuireadh leo ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de bhlastáin, de tháirgí de thionscnamh talmhaíochta nó d’earraí bia.

(b)  Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar.

(c)  Féadfar substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe a úsáid chun licéar a tháirgeadh.

Ní fhéadfar, áfach, na licéir seo a leanas a bhlaistiú ach le hearraí bia blaistithe, le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha:

(i)  Licéir torthaí:

−  anann (Ananas),

−  toradh citris (Citrus L.),

−  draighean mara (Hippophae rhamnoides L.),

−  maoildearg (Morus alba, Morus rubra),

−  silín searbh (Prunus cerasus),

−  silín (Prunus avium),

−  cuirín dubh (Ribes nigrum L.),

−  dris an artaigh (Rubus arcticus L.),

−  eithreog shléibhe (Rubus chamaemorus L.),

−  sú craobh (Rubus idaeus L.),

−  mónóg fhiáin (Vaccinium oxycoccos L.),

−  fraochóg/fraochán (Vaccinium myrtillus L.),

−  bódhearc (Vaccinium vitis-idaea L.);

(ii)  licéir plandaí:

−  génépi (Artemisia genepi),

−  ceadharlach (Gentiana L.),

−  mismín (Mentha L.),

−  ainís (Pimpinella anisum L.),

(d)  Féadfar ‘liqueur’ a úsáidtear mar an t-ainm dlíthiúil in aon Bhallstát agus:

−  i gcás na licéar a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar shilíní searbha nó ar shilíní (Prunus cerasusPrunus avium) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, féadfar ‘guignolet‘‘češnjevec’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma ‘licéar’ nó dá uireasa;

−  i gcás na licéar a tháirgtear trí mhaothú a dhéanamh ar shilíní searbha (Prunus cerasus) in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, féadfar ‘ginja’‘ginjinha’‘višnjevec’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma ‘licéar’ nó dá uireasa;

−  i gcás na licéar arb ó rum go heisiach a fhaightear an méid iomlán alcóil atá ann, féadfar ‘punch au rhum’ a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis téarma ‘licéar’ nó dá uireasa;

–  gan dochar do phointe (2) d’Airteagal 3, do phointe (b) d’Airteagal 10(5) agus d’Airteagal 11, i gcás na licéar ina bhfuil bainne nó táirgí bainne, féadfar ‘uachtar’ agus é forlíonta ag ainm an amhábhair a úsáideadh lena dtugtar an príomhbhlas don licéar a úsáid mar an t-ainm dlíthiúil, in éineacht leis an téarma ‘licéar’ nó dá uireasa.

(e)  Féadfar na comhthéarmaí seo a leanas a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú licéar a tháirgtear san Aontas, nuair a úsáidtear alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó driogáit de thionscnamh talmhaíochta chun aithris a dhéanamh ar mhodhanna táirgeachta seanbhunaithe:

−  prune brandy;

−  orange brandy;

−  apricot brandy;

−  cherry brandy;

−  solbaerrom rum cuiríní dubha.

Maidir le tuairisc, cur i láthair agus lipéadú ▌na licéar dá dtagraítear sa phointe seo, beidh an comhthéarma le feiceáil orthu ▌ar líne amháin i gcarachtair aonfhoirmeacha a bhfuil an cló céanna agus an dath céanna orthu agus beidh an fhocal “licéar” gar dó i gcarachtair nach lú ná an cló sin. Murar ón deoch bhiotáilleach a luaitear a tháinig an t-alcól, taispeánfar a thionscnamh ar an lipéad sa réimse radhairc céanna leis an gcomhthéarma agus leis an bhfocal ‘licéar’, trí chineál an alcóil talmhaíochta a lua nó trí na focail ‘alcól talmhaíochta’ a úsáid agus ‘déanta as’ nó ‘déanta le’ roimhe gach uair.

(f)  Gan dochar d’Airteagail 11, 12 agus 13(4), féadfar an t-ainm dlíthiúil ‘licéar’ a fhorlíonadh le hainm an bhlaistithe nó an earra bia a thugann an príomhbhlas don deoch bhiotáilleach, ar choinníoll gurb ó earraí bia blaistithe, ullmhóidí blaistithe agus substaintí nádúrtha blaistithe a thagann ón amhábhar dá dtagraítear in ainm an bhlaistithe nó an earra bia a thagann an blas atá ar an deoch bhiotáilleach, gan a bheith forlíonta ag substaintí blaistithe ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis sin chun blas an amhábhair a neartú.

34.  Crème de (arna fhorlíonadh le hainm an toraidh nó le ▌hainm amhábhair eile a úsáideadh)

(a)  Is licéar é Crème de (arna fhorlíonadh le hainm toraidh amhábhair eile a úsaideadh) ina bhfuil íosmhéid ▌de tháirgí milsithe de 250 gram in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)  Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Crème de (arna fhorlíonadh le hainm ▌an toraidh nó an amhábhair eile a úsáideadh).

(c)  Beidh feidhm maidir leis an deoch bhiotáilleach sin ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)  Ní áireofar táirgí bainne sna hamhábhair a úsáidtear.

(e)  An toradh nó aon amhábhar eile a úsáidtear san ainm dlíthiúil, is é a bheidh iontu an toradh nó an t-amhábhar a thugann an príomhbhlas don deoch bhiotáilleach.

(f)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma ‘licéar’.

(g)  Ní fhéadfar úsáid a bhaint as an ainm dlíthiúil ‘crème de cassis’ ach amháin le haghaidh na licéar sin a tháirgtear le cuiríní dubha agus a bhfuil méid iomlán de tháirgí milsithe ann nach mó ná 400 gram in aghaidh an lítir mar shiúcra inbhéartaithe.

35.   Sloe gin

(a)  Is licéar é sloe gin a tháirgtear trí airní a mhaothú in gin agus, b’fhéidir, trí shú airní a chur leis.

(b)  Is é 25 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sloe gin.

(c)  Ní fhéadfar ach substaintí nádúrtha blaistithe agus ullmhóidí nádúrtha blaistithe a úsáid chun sloe gin a tháirgeadh.

(d)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma 'licéar'.

36.   Sambuca

(a)  Is licéar gan dath a bhfuil blas an tsíl ainíse air é sambuca a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  tá driogáití ainíse (Pimpinella anisum L.), réalt-ainíse (Illicium verum L.) nó luibheanna aramatacha eile ann;

(ii)  tá íosmhéid 350 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe;

(iii)  ní lú ná 1 ghram in aghaidh an lítir ná ní mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an anatóil nádúrtha atá ann.

(b)  Is é 38 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in sambuca.

(c)  Beidh feidhm maidir le sambuca ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)   Ní dhéanfar sambuca a dhathú.

(e)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma ‘licéar’.

37.   Maraschino, marrasquino maraskino

(a)  Is licéar gan dath é maraschino, marrasquinomaraskino ar driogáit de shilíní marasca is mó a chuireann blas air, sin nó an táirge a tháirgtear trí shilíní nó codanna de shilíní a mhaothú in alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta nó i ndriogáit de shilíní marasca a bhfuil íosmhéid táirgí milsithe de 250 gram in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)  Is é 24 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in maraschino, marrasquinomaraskino.

(c)  Beidh feidhm maidir le maraschino, marrasquinomaraskino ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)  Ní dhéanfar maraschino, marrasquinomaraskino a dhathú.

(e)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma 'licéar'.

38.   Nocino orehovec

(a)  Is licéar é nocino orehovec a fhaigheann a bhlas go príomha trí mhaothúm, nó trí mhaothú agus trí dhriogadh a dhéanamh, ▌ar ghallchnónna glasa iomlána (Juglans regia L.), a bhfuil íosmhéid ▌de tháirgí milsithe de 100 gram in aghaidh an lítir ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)  Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in nocino orehovec.

(c)  Beidh feidhm maidir le nocino orehovec ag na rialacha maidir le substaintí agus ullmhóidí blaistithe do licéir a leagtar síos faoi chatagóir 33.

(d)  Féadfar an t-ainm dlíthiúil a fhorlíonadh leis an téarma 'licéar'.

39.  Licéar uibheacha nó advocaat avocat advokat

(a)  Is licéar é licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat, blaistithe nó gan a bheith blaistithe, a tháirgtear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó ó dheoch bhiotáilleach, nó teaglaim díobh, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil, nó iad araon a chomhábhair. Is é 150 gram in aghaidh an lítir an t-íosmhéid siúcra nó meala a bheidh ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Is é 140 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh an t-íosmhéid buíocán uibhe íon a bheidh ann. Cuirfear in iúl ar an lipéad i gcás ina n-úsáidtear uibheacha ó chearca a bhaineann le haon speiceas eile seachas Gallus gallus.

(b)  Is é 14 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

(c)  Ní fhéadfar ach earraí bia blaistithe, substaintí blaistithe agus ullmhóidí blaistithe amháin a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaatavocatadvokat.

(d)  Féadfar táirgí bainne a úsáid i dtáirgeadh licéar uibheacha nó advocaat avocat advokat.

40.  Licéar a bhfuil ubh ann

(a)  Is licéar é licéar a bhfuil ubh ann, blaistithe nó gan a bheith blaistithe, a tháirgtear ó alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, ó dhriogáit de thionscnamh talmhaíochta nó ó dheoch bhiotáilleach, nó teaglaim díobh, agus arb iad buíocán uibhe ardchaighdeáin, gealacán uibhe agus siúcra nó mil, nó iad araon, a shain-chomhábhair. Is é 150 gram in aghaidh an lítir an t-íosmhéid siúcra nó meala a bheidh ann arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe. Is é 70 gram in aghaidh an lítir den táirge deiridh an t-íosmhéid buíocán uibhe a bheidh ann.

(b)  Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i licéar a bhfuil ubh ann.

(c)  Ní fhéadfar ach earraí bia blaistithe, substaintí blaistithe nádúrtha agus ullmhóidí blaistithe nádúrtha a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.

(d)  Féadfar táirgí bainne a úsáid chun licéar a bhfuil ubh ann a tháirgeadh.

41.   Mistrà

(a)  Is deoch bhiotáilleach gan dath é mistrà a gcuirtear blas air le síol ainíse nó le hanatól nádúrtha agus a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  ní lú ná 1 ghram agus ní mó ná 2 ghram in aghaidh an lítir méid an ábhair anatóil atá ann;

(ii)  féadfaidh driogáit de luibheanna aramatacha a bheith ann freisin;

(iii)  níor milsíodh é.

(b)  Is é 40 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in mistrà agus 47 % an neart uasta alcóil de réir toirte.

(c)  Ní fhéadfar mistrà a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha.

(d)  Ní dhéanfar mistrà a dhathú.

42.   Väkevä glögi spritglögg

(a)  Is deoch bhiotáilleach é väkevä glögispritglögg a tháirgtear trí fhíon nó táirgí fíona agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a bhlaistiú le cumhra clóbh nó cainéil, nó leis an dá rud, agus ceann de na próisis seo a leanas nó cumasc díobh á úsáid:

(i)  maothnú nó driogadh,

(ii)  driogadh an alcóil i láthair codanna de na plandaí a shonraítear thuas,

(iii)  substaintí blaistithe nádúrtha clóbh nó cainéil a chur leis.

(b)  Is é 15 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in väkevä glögispritglögg.

(c)  Ní fhéadfar väkevä glögispritglögg a bhlaistiú ach le substaintí blaistithe, le hullmhóidí blaistithe nó le dathúcháin eile ▌ach beidh blas na ▌spíosraí atá sonraithe i bpointe (a) ar an bpríomhbhlas.

(d)  Ní rachaidh méid an ábhair fíona nó na dtáirgí fíona thar 50 % den táirge deiridh.

43.   Berenburg Beerenburg

(a)  Is deoch bhiotáilleach é BerenburgBeerenburg a chomhlíonann na ceanglais seo a leanas:

(i)  táirgtear é trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a úsáid;

(ii)  táirgtear é trí mhaothú ar thorthaí nó ar phlandaí nó ar chodanna díobh,

(iii)  tá sainbhlas de dhriogáit fréamhacha ceadharlaigh (Gentiana lutea L.), chaor aitil (Juniperus communis L.) agus duilleog labhrais (Laurus nobilis L.) ann;

(iv)  tá éagsúlacht datha ann idir dath geal donn agus dath dorcha donn;

(v)  féadfar é a mhilsiú go dtí uasmhéid de 20 gram de tháirgí milsithe in aghaidh an lítir arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe.

(b)  Is é 30 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in BerenburgBeerenburg.

(c)  Ní fhéadfar BerenburgBeerenburg a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha ▌.

44.  Neachtar meala nó neachtar meá

(a)  Is deoch bhiotáilleach é neachtar meala nó neachtar meá a tháirgtear trí bhlaistiú a dhéanamh ar mheascán de mhaistreán meala coipthe agus de dhriogáit mheala nó d’alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, nó den dá rud, a bhfuil 30 % de réir toirte ar a laghad de mhaistreán meala coipthe ann.

(b)  Is é 22 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh i neachtar meala nó i neachtar meá.

(c)  Ní fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a bhlaistiú ach le hullmhóidí blaistithe agus le substaintí blaistithe nádúrtha, ar choinníoll gurb é blas na meala an príomhbhlas.

(d)  Is le mil amháin a fhéadfar neachtar meala nó neachtar meá a mhilsiú.

IARSCRÍBHINN II

RIALACHA SONRACHA MAIDIR LE DEOCHANNA BIOTÁILLEACHA ÁIRITHE ▌

1.   Sa Ghearmáin a tháirgtear Rum-Verschnitt agus is trí rum agus alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a mheascadh a fhaightear é, ar dhóigh gurb ón rum a thiocfaidh íoschion de 5 % den alcól atá sa táirge deiridh. Is é 37,5 % an neart íosta alcóil de réir toirte a bheidh in Rum-Verschnitt. Beidh an focal Verschnitt sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtair sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal ‘Rum’ agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Is é ‘deoch bhiotáilleach’ an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. I gcás ina gcuirtear Rum-Verschnitt ar an margadh lasmuigh den Ghearmáin, beidh a chomhdhéanamh alcólach ar an lipéad.

2.  Sa tSeicia a tháirgtear slivovice agus is trí alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta a chur leis an driogáit plumaí roimh an driogadh deiridh a fhaightear é, ar dhóigh gurb ón driogáit plumaí a tiocfaidh íoschion de 70 % den alcól atá sa táirge deiridh. Is é ‘deoch bhiotáilleach’ an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. Féadfar an t-ainm 'slivovice' a chur leis i gcás ina bhfuil sé le feiceáil sa réimse radhairc céanna ar an lipéad tosaigh. Má chuirtear 'slivovice' ar an margadh lasmuigh den tSeicia, beidh a chomhdhéanamh alcólach ar an lipéad. Ní dochar an fhoráil sin d’úsáid na n-ainmneacha dlíthiúla le haghaidh biotáillí torthaí i gcatagóir 9 ▌d’Iarscríbhinn I.

3.   Sa Fhrainc a tháirgtear Guignolet Kirsch a fhaightear trí guignolet agus kirsch a mheascadh, ar dhóigh gurb ó Kirsch a thiocfaidh íoschion de 3 % den alcól iomlán íon sa táirge deiridh. Beidh an focal 'guignolet' sa tuairisc, sa chur i láthair agus sa lipéadú i gcarachtar sa chló céanna, ar an méid céanna agus ar an dath céanna, agus ar an líne chéanna leis an bhfocal ‘kirsch’ agus, i gcás buidéal, ar an lipéad tosaigh. Is é ‘licéar’ an t-ainm dlíthiúil a bheidh ar an táirge seo. Sonrófar sa chomhdhéanamh alcólach an céatadán de réir toirte d’alcól íon dá léirítear sa mhéid iomlán d’alcól íon de réir toirte de guignolet kirsch.

IARSCRÍBHINN III

CÓRAS AOSAITHE DINIMICIÚIL NÓ ‘CRIADERAS Y SOLERA’‘SOLERA E CRIADERAS’

Is éard atá sa chóras aosaithe dinimiciúil nó 'criaderas y solera' nó ’solera e criaderas’ ná córas trína ndéantar go tráthrialta éastóscadh ar mhéid áirithe brandy atá i ngach ceann de na bairillí agus coimeádáin darach a dhéanann suas an scála aosaithe agus na hathlíontaí comhfhreagracha le brandy a éastóscadh ón scála aosaithe roimhe sin.

Sainmhínithe

Ciallaíonn ‘scálaí aosaithe’ grúpaí de bhairillí agus coimeádáin darach a bhfuil an leibhéal aibithe céanna acu, a dtéann brandy tríothu le linn an phróisis aosaithe. Tugtar ‘criadera’ ar gach scála, seachas an ceann deireanach, roimh bhaint amach brandy, ar a dtugtar ‘solera’.

Ciallaíonn ‘éastóscadh’ méid áirithe brandy a bhaintear amach as gach bairille sa scála aosaithe, ionas gur féidir é a chur isteach sna bairillí darach sa chéad scála aosaithe eile nó, i gcás an solera, chun é a sheoladh.

Ciallaíonn ‘athlíonadh’ an méid brandy ó na bairillí nó coimeádáin darach de scála aosaithe ar leith a ionchorpraítear in ábhar bairillí agus coimeádán darach, agus a measctar leis, den scála ina dhiaidh sin ó thaobh aoise.

Ciallaíonn ‘meánaois’ an tréimhse ama a chomhfhreagraíonn do rothlú an stoic iomláin de brandy atá ag dul tríd an bpróiseas aosaithe, arna ríomh trí thoirt iomlán brandy atá sna scálaí aosaithe ar fad a roinnt ar trí thoirt na méideanna a éastóscadh ón scála deireanach –solera– in aon bhliain amháin.

Déanfar meánaois brandy a bhaintear amach as solera a ríomh trí úsáid a bhaint as an bhfoirmle seo a leanas: 𝑡̅ = 𝑉𝑡 / 𝑉 𝑒, agus:

–  is é t an aois, ar an meán, arna shloinneadh i mblianta;

–  is é Vt toirt iomlán na stoc sa chóras aosaithe, arna shloinneadh i lítir d’alcól íon;

–  is é Ve toirt iomlán an táirge atá le seoladh le linn tréimhse bliana, arna shloinneadh i lítir d’alcól íon.

I gcás na mbairillí agus na gcoimeádán darach ina bhfuil níos lú ná 1 000 litear, beidh líon na méideanna a éastóscadh go bliantúil agus na n-athlíontaí bliantúla cothrom le nó níos lú ná dhá uair líon na scálaí sa chóras, ionas go ráthófar go mbeidh an ghné is óige ar aois atá comhionann le nó níos airde ná sé mhí.

I gcás na mbairillí agus na gcoimeádán darach de 1 000 lítear nó níos mó, beidh líon na nméideanna a éastóscadh agus na n-athlíontaí cothrom le nó níos lú ná líon na scálaí sa chóras, ionas go ráthófar go mbeidh an ghné is óige ar aois atá cothrom le níos lú ná bliain amháin.

IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

An Rialachán seo

Rialachán (CE) Uimh. 110/2008

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 1(1) agus (2)

Airteagal 2, pointí (a) go (d)

Airteagal 2(1) agus (3)

Airteagal 2, pointe (e)

Airteagal 2(2)

Airteagal 2, pointe (f)

Iarscríbhinn I, pointe 6

Airteagal 3(1)

Airteagal 8

Airteagal 3(2) agus (3)

Airteagal 10

Airteagal 3(4)

Airteagal 15(1)

Airteagal 3(5)

-

Airteagal 3(6)

-

Airteagal 3(7)

Airteagal 15(3), an tríú fomhír

Airteagal 3(8)

-

Airteagal 3(9) agus (10)

Airteagal 11(2) agus Iarscríbhinn I, pointe 4

Airteagal 3(11) agus (12)

Iarscríbhinn I, pointe (7)

Airteagal 4(1)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (14)

Airteagal 4(2)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (15)

Airteagal 4(3)

Airteagal 7 agus Iarscríbhinn I, pointe (16)

Airteagal 4(4)

-

Airteagal 4(5)

Iarscríbhinn I, pointe (17)

Airteagal 4(6)

-

Airteagal 4(7)

Iarscríbhinn I, pointe (2)

Airteagal 4(8)

Iarscríbhinn I, pointe (3)

Airteagal 4(9)

Iarscríbhinn I, pointe (3)

Airteagal 4(10)

Iarscríbhinn I, pointe (5)

Airteagal 4(11)

Iarscríbhinn I, pointe (8)

Airteagal 4(12)

Iarscríbhinn I, pointe (9)

Airteagal 4(13)

-

Airteagal 4(14)

-

Airteagal 4(15)

-

Airteagal 4(16)

-

Airteagal 4(17)

-

Airteagal 4(18)

-

Airteagal 4(19) agus (20)

Iarscríbhinn I, pointe (10)

Airteagal 4(21)

-

Airteagal 4(22)

-

Airteagal 4(23)

Iarscríbhinn I, pointe (11)

Airteagal 4(24)

Iarscríbhinn I, pointe (12)

Airteagal 5

Iarscríbhinn I, pointe (1)

Airteagal 6(1)

Airteagal 3(1)

Airteagal 6(2)

Airteagal 3(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 3(4)

Airteagal 7(1)

Airteagal 4

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(1)

Airteagal 7(3)

Airteagal 5(2)

Airteagal 7(4)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 26

Airteagal 8(2)

Airteagal 1(3)

Airteagal 8(3)

-

Airteagal 8(4)

-

Airteagal 9

-

Airteagal 10(1)

-

Airteagal 10(2)

Airteagal 9(1)

Airteagal 10(3)

Airteagal 9(2)

Airteagal 10(4)

Airteagal 9(3)

Airteagal 10(5)

Airteagal 9(5) agus (6)

Airteagal 10(6), pointí (a) go (c), (e) agus (f)

-

Airteagal 10(6)(d)

Airteagal 12(2)

Airteagal 10(7), an chéad fhomhír

Airteagal 9(4) agus (7)

Airteagal 10(7), an dara fomhír

-

Airteagal 11(1)

Airteagal 10(1) agus (2)

Airteagal 11(2) agus (3)

-

Airteagal 12(1)

Airteagal 10(1)

Airteagal 12(2),(3) agus (4)

-

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(1)

Airteagal 13(2)

Airteagal 9(9)

Airteagal 13(3), an chéad fhomhír agus an dara fomhír

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(3), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(3), an ceathrú fomhír

-

Airteagal 13(4), an chéad fhomhír

Airteagal 11(3)

Airteagal 13(4), an dara fomhír

Airteagal 11(4)

Airteagal 13(4), an tríú fomhír

Airteagal 11(5)

Airteagal 13(5)

-

Airteagal 13(6)

Airteagal 12(3)

Airteagal 13(7)

-

Airteagal 14(1)

Iarscríbhinn I, pointe (13)

Airteagal 14(2)

-

Airteagal 15(1)

Airteagal 14(2)

Airteagal 15(2)

-

Airteagal 16

-

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 18

-

Airteagal 19(1)

Airteagal 12(3)

Airteagal 19(2)

-

Airteagal 20, pointe (a)

-

Airteagal 20, pointe (b)

Airteagal 28(2)

Airteagal 20, pointe (c)

-

Airteagal 20, pointe (d)

-

Airteagal 21(1)

-

Airteagal 21(2)

Airteagal 16

Airteagal 21(3)

Airteagal 15(3), an chéad fhomhír

Airteagal 21(4)

-

Airteagal 22(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(4)

Airteagal 22(1), an dara fomhír

-

Airteagal 22(2)

-

Airteagal 23(1), an fhoclaiocht réamhráiteach agus pointí (a), (b) agus (c)

-

Airteagal 23(1), an dara fomhír

Airteagal 17(3)

Airteagal 23(2)

Airteagal 17(1), an dara habairt

Airteagal 24(1) to (4)

-

Airteagal 24(5), (6) agus (7)

Airteagal 17(2)

Airteagal 24(8)

Airteagal 17(3)

Airteagal 24(9)

Airteagal 17(1), an chéad abairt

Airteagal 25

-

Airteagal 26(1), an chéad fhomhír

Airteagal 17(5)

Airteagal 26(1), an dara fomhír

-

Airteagal 26(2)

Airteagal 17(6)

Airteagal 27(1)

Airteagal 17(7), an chéad abairt

Airteagal 27(2), (3) agus (4)

-

Airteagal 27(5)

Airteagal 17(7), an dara habairt

Airteagal 28

-

Airteagal 29

-

Airteagal 30(1), (2) agus (3)

Airteagal 17(8), an chéad abairt

Airteagal 30(4), an chéad fhomhír

Airteagal 17(8), an dara habairt

Airteagal 30(4), an dara fomhír

-

Airteagal 31

Airteagal 21

Airteagal 32

Airteagal 18

Airteagal 33(1)

Airteagal 15(2)

Airteagal 33(2) agus (3)

-

Airteagal 34(1), (2) agus (3)

Airteagal 19

Airteagal 34(4)

-

Airteagal 35(1), an chéad fhomhír

Airteagal 15(3), an dara fomhír

Airteagal 35(1), an dara fomhír

-

Airteagal 35(2)

Airteagal 23(3)

Airteagal 35(3)

-

Airteagal 36(1)

Airteagal 23(1)

Airteagal 36(2)

Airteagal 23(2)

Airteagal 37

-

Airteagal 38(1)

-

Airteagal 38(2)

Airteagal 22(1)

Airteagal 38(3)

Airteagal 22(2)

Airteagal 38(4)

-

Airteagal 38(5)

Airteagal 22(3)

Airteagal 38(6)

Airteagal 22(4)

Airteagal 39(1)

-

Airteagal 39(2) agus (3)

-

Airteagal 40

-

Airteagal 41

-

Airteagal 42

-

Airteagal 43(1)

Airteagal 24(1)

Airteagal 43(2)

Airteagal 24(3)

Airteagal 44(1)

Airteagal 24(2)

Airteagal 44(2)

-

Airteagal 45

Airteagal 6

Airteagal 46

-

Airteagal 47

Airteagal 25

Airteagal 48

-

Airteagal 49

Airteagal 29

Airteagal 50

Airteagal 28

Airteagal 51

Airteagal 30

Iarscríbhinn I, catagóirí 1 go 31

Iarscríbhinn II, catagóirí 1 to 31

Iarscríbhinn I, catagóir 32

Iarscríbhinn II, catagóir 37a

Iarscríbhinn I, catagóir 33

Iarscríbhinn II, catagóir 32

Iarscríbhinn I, catagóir 34

Iarscríbhinn II, catagóir 33

Iarscríbhinn I, catagóir 35

Iarscríbhinn II, catagóir 37

Iarscríbhinn I, catagóir 36

Iarscríbhinn II, catagóir 38

Iarscríbhinn I, catagóir 37

Iarscríbhinn II, catagóir 39

Iarscríbhinn I, catagóir 38

Iarscríbhinn II, catagóir 40

Iarscríbhinn I, catagóir 39

Iarscríbhinn II, catagóir 41

Iarscríbhinn I, catagóir 40

Iarscríbhinn II, catagóir 42

Iarscríbhinn I, catagóir 41

Iarscríbhinn II, catagóir 43

Iarscríbhinn I, catagóir 42

Iarscríbhinn II, catagóir 44

Iarscríbhinn I, catagóir 43

Iarscríbhinn II, catagóir 45

Iarscríbhinn I, catagóir 44

Iarscríbhinn II, catagóir 46

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II, cuid faoi Theideal "Deochanna biotáilleacha eile"

Iarscríbhinn III

-

Iarscríbhinn IV

-

(1)IO C 209, 30.6.2017, lch. 54.
(2) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 1 Márta 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0049).
(3)IO C 209, 30.6.2017, lch. 54.
(4)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(5)Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
(6) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).
(7)Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).
(9) Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994, i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986–1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).
(10) Rialachán (CE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(11) Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1989 ag leagan síos rialacha ginearálta maidir le sainmhíniú, tuairisciú agus cur i láthair deochanna biotáilleacha (IO L 160, 12.6.1989, lch. 1).
(12)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(13)1 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(14) IO L 330, 27.12.2018, lch. 3.
(15) Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos na rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla táirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoracha 75/106/CEE agus 80/232/CEE ón gComhairle, agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (IO L 247, 21.9.2007, lch. 17).
(16) Rialachán (AE) 2018/1670 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 a mhéid a bhaineann le cainníochtaí ainmniúla de shochu aondriogtha, arna tháirgeadh i stil phota agus arna bhuidéalú sa tSeapáin, a chur ar mhargadh an Aontais (IO L 284, 12.11.2018, lch. 1).
(17) Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).
(18)2 Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí nádúrtha a shaothrú agus a mhargú (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).
(19)1 Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 53).
(20) Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
(22) Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(23) Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 684/2009 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2009 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2008/118/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta ríomhairithe maidir le gluaiseacht earraí máil a bhfuil an dleacht mháil ina leith ar fionraí (IO L 197, 29.7.2009, lch. 24).
(25) Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le rialuithe oifigiúla a fheidhmítear chun a áirithiú go ndéantar comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus rialacha leasa ainmhithe a fhíorú (IO L 165, 30.4.2004, lch. 1).
(26) Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).
(27) Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.6.2017, lch. 1).
(28)Dá dtagraítear in Iarscríbhinn 2-D a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch.
(29) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).


Leasuithe atá beartaithe ar Phrótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ***I
PDF 166kWORD 53k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an dréachtrialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (02360/2018 – C8-0132/2018 – 2018/0900(COD))
P8_TA-PROV(2019)0179A8-0439/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don iarraidh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, ina leagan athbhreithnithe (02360/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 256(1) agus don dara mír d’Airteagal 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 106a(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá mbun a tíolacadh an dréachtghníomh don Pharlaimint (C8-0132/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus (15) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint dona tuairimí ón gCoimisiún Eorpach (COM(2018)0534 agus C(2018)7500),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 48 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A8-0439/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Bhreithiúnais agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE, Euratom) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

P8_TC1-COD(2018)0900


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus ▌go háirithe ▌Airteagal 256(1) agus an dara mír d'Airteagal 281 de,

Ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus ▌go háirithe ▌Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don iarraidh ón gCúirt Bhreithiúnais,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do na tuairimí ón gCoimisiún Eorpach(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  I gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) ▌, thug an Chúirt Bhreithiúnais, in éineacht leis an gCúirt Ghinearálta, faoi athbhreithniú foriomlán a dhéanamh ar an dlínse a fheidhmíonn siad agus measadh ar cheart, i bhfianaise an athchóirithe ar struchtúr chúirteanna an Aontais a rinneadh de bhun an Rialacháin sin, athruithe áirithe a dhéanamh ar dháileadh an dlínse idir an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta nó ar an gcaoi a ndéileálann an Chúirt Bhreithiúnais le hachomhairc.

(2)  De réir mar atá ráite sa tuarascáil a chuir an Chúirt Bhreithiúnais faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin an 14 Nollaig 2017, measann an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil gá, faoi láthair, athruithe a mholadh maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le ceisteanna a tharchuirtear chuici chun réamhrialú de bhun Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Is bunchloch ag córas breithiúnach an ▌Aontais é an tarchur chun réamhrialú, agus déileáiltear leis go gasta ▌, rud a fhágann nach bhfuil gá, faoi láthair, an dlínse maidir le ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú a aistriú chun na Cúirte Ginearálta i réimsí sonracha a leagtar síos ag Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

(3)  Mar sin féin, leis an athbhreithniú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta, léiríodh gur féidir deacrachtaí tromchúiseacha a bheith ag an gCúirt Ghinearálta agus í ag breithniú i gcás caingean le haghaidh neamhniú arna tionscnamh ag Ballstát i gcoinne gníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le mainneachtain cloí le breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt Bhreithiúnais de bhun Airteagal 260(2) nó (3) CFAE, i gcás ina bhfuil easaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir le leordhóthanacht na mbeart arna nglacadh ag an mBallstát sin chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh. Ar an bhforas sin, is cosúil gur gá, i gcás dlíthíocht a bhaineann le cnapshuim nó íocaíocht phionósach arna forchur ar Bhallstát de bhun Airteagal 260(2) nó (3) CFAE, an dlíthíocht sin a fhorchoimeád ▌ go heisiach don Chúirt Bhreithiúnais.

(4)  Ina theannta sin, is léir ón athbhreithniú a rinne an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Ghinearálta gur iomadúil iad na hachomhairc a dhéantar i gcásanna a ndearnadh iad a bhreithniú faoi dhó cheana féin, iad á mbreithniú i dtosach ag bord achomhairc neamhspleách agus ansin ag an gCúirt Ghinearálta, agus go ndéanann an Chúirt Bhreithiúnais líon nach beag de na hachomhairc sin a dhíbhe de bharr é a bheith follasach gur gan bhunús ▌ iad nó ar an bhforas gur follasach iad a bheith do-ghlactha. D'fhonn é a bheith ar chumas na Cúirte Breithiúnais díriú ar na cásanna dá dteastaíonn a haird iomlán, is gá, ar mhaithe le riaradh cuí an cheartais, nós imeachta a thabhairt isteach le haghaidh achomhairc a bhaineann le cásanna den sórt sin lena ligeann an Chúirt Bhreithiúnais d'achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, sa chás ina n-ardófar saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais, agus sa chás sin amháin.

(5)  I bhfianaise líon na gcásanna arna dtabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais atá ag dul i méid go leanúnach, agus i gcomhréir leis an litir ó Uachtarán Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 13 Iúil 2018, is gá tosaíocht a thabhairt, ag an tráth seo, do bhunú an nós imeachta thuasluaite ina gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais ar cheart nó nár cheart go ligfí d'achomharc dul ar aghaidh. Maidir leis an gcuid sin den iarraidh a rinne an Chúirt Bhreithiúnais an 26 Márta 2018 a bhaineann leis an aistriú páirteach d'imeachtaí um shárú chuig an gCúirt Ghinearálta, ba cheart scrúdú a dhéanamh uirthi tráth níos déanaí, i mí na Nollag 2020, tar éis don Chúirt Bhreithiúnais an tuarascáil maidir le feidhmiú na Cúirte Ginearálta dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ▌a tharraingt suas. Meabhraítear gur cheart don tuarascáil sin díriú go háirithe ar éifeachtúlacht na Cúirte Ginearálta agus ar a riachtanaí agus a éifeachtaí atá an méadú i líon na mbreithiúna go 56, agus aird á tabhairt freisin ar an gcuspóir chun cothromaíocht inscne a áirithiú sa Chúirt Ghinearálta mar a luaitear sa bhrollach a ghabhann le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422.

(6)  Is gá, dá bhrí sin, Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a leasú agus comhleanúnachas téarmaíochta a áirithiú san am céanna idir forálacha an Phrótacail sin agus na forálacha comhfhreagracha de chuid CFAE, agus forálacha idirthréimhseacha iomchuí a bhunú i ndáil le toradh cásanna atá ar feitheamh ar an dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Prótacal Uimh. 3 mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 51 ▌:"

Airteagal 51

De mhaolú ar an riail a leagtar síos in Airteagal 256(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, forchoimeádtar dlínse chuig an gCúirt Bhreithiúnais:

   (a) i gcaingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag Ballstát:
   (i) i gcoinne gníomh reachtach, gníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle, nó i gcoinne neamhghníomh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí sin, ach amháin i gcás:
   cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle faoin tríú fomhír d'Airteagal 108(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
   gníomhartha de chuid na Comhairle arna nglacadh de bhun rialachán ón gComhairle a bhaineann le bearta chun trádáil a chosaint de réir bhrí Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
   gníomhartha de chuid na Comhairle lena bhfeidhmíonn an Chomhairle cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
   (ii) i gcoinne gníomh nó neamhghníomh de chuid an Choimisiúin faoi Airteagal 331(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
   (b) i gcaingne dá dtagraítear in Airteagail 263 agus 265 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag institiúid de chuid an Aontais i gcoinne gníomh reachtach, gníomh de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle Eorpaí, na Comhairle, an Choimisiúin nó an Bhainc Ceannais Eorpaigh, nó i gcoinne neamhghníomh de chuid ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí sin;
   (c) i gcaingne dá dtagraítear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh arna dtionscnamh ag Ballstát i gcoinne gníomh de chuid an Choimisiúin a bhaineann le mainneachtain breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt faoin dara fomhír d'Airteagal 260(2), nó faoin dara fomhír d'Airteagal 260(3), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh.”;

"

(2)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:"

Airteagal 58a

Achomharc arna dhéanamh i gcoinne breith de chuid na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh a rinne bord achomhairc neamhspleách de chuid ceann amháin d’oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais seo a leanas, ní rachaidh sé ar aghaidh mura gcinnfidh an Chúirt Bhreithiúnais i dtús báire gur cheart ligean dó dul ar aghaidh:

   (a) Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh;
   (b) an Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí;
   (c) an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ▌;
   (d) Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm freisin ag an nós imeachta dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le hachomhairc a dhéantar i gcoinne bhreitheanna na Cúirte Ginearálta a bhaineann le cinneadh de chuid bord achomhairc neamhspleách, a cuireadh ar bun tar éis an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] laistigh d’aon oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, a gcaithfear an t-ábhar a bheith tugtha os a chomhair sular féidir caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Ginearálta.

Ligfear d'achomharc dul ar aghaidh, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sna Rialacha Nós Imeachta, i gcás ina n-ardófar ▌saincheist mar chuid den achomharc sin atá suntasach i ndáil le haontacht, comhleanúnachas nó forbairt dhlí an Aontais.

An cinneadh a dhéanfar maidir le ligean d’achomharc dul ar aghaidh nó gan dul ar aghaidh, is cinneadh cuí-réasúnaithe a bheidh ann, agus déanfar é a fhoilsiú.”

"

Airteagal 2

Cásanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais faoi Phrótacal Uimh. 3 mar a leasaíodh leis an Rialachán seo é, agus ar tugadh os comhair na Cúirte Ginearálta iad an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] ach nár cuireadh clabhsúr fós leis an gcéim scríofa den nós imeachta ar an dáta sin, déanfar iad a shannadh don Chúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 3

Ní bheidh feidhm ag an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 58a de Phrótacal Uimh. 3 maidir le hachomhairc a tugadh os comhair na Cúirte Breithiúnais an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo ▌].

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí i ndiaidh mhí a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh ▌in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Tuairim an 11 Iúil 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Tuairim an 23 Deireadh Fómhair 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(3)Rialachán (AE, Euratom) 2015/2422 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 lena leasaítear Prótacal Uimh. 3 ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (IO L 341, 24.12.2015, lch. 14).


Bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE ***I
PDF 163kWORD 57k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta teagmhasacha a bhunú sa réimse maidir le comhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach (COM(2019)0053 – C8-0039/2019 – 2019/0019(COD))
P8_TA-PROV(2019)0180A8-0161/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0053),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0039/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 25 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0161/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear bearta teagmhasacha i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

P8_TC1-COD(2019)0019


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus maidir leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú..

(2)  In éagmais comhaontú um tharraingt siar nó fadú ar an tréimhse dhá bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas, scoirfidh rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004(2) agus (CE) Uimh. 987/2009(3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019.

(3)  Mar thoradh air sin, maidir le daoine a bhain leas dlisteanach, ina gcáil mar shaoránaigh de chuid an Aontais, as an gceart chun saorghluaiseachta nó as an gceart chun na saoirse bunaíochta a chumhdaítear in Airteagail 45 agus 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí, ní féidir leo brath a thuilleadh ar rialacha an Aontais maidir le comhordú na slándála sóisialta a mhéid a bhaineann lena dteidlíochtaí slándála sóisialta bunaithe ar na fíricí agus ar na himeachtaí a tharla, agus ar na tréimhsí árachais, tréimhsí fostaíochta, tréimhsí féinfhostaíochta nó na tréimhsí cónaithe a tugadh chun críche roimh dháta na tarraingthe siar agus lena raibh an Ríocht Aontaithe bainteach. Imreofar an tionchar céanna ar dhaoine gan stát agus ar dhídeanaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht de chuid Ballstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staideanna lena mbaineann an Ríocht Aontaithe, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí.

(4)  Chun an aidhm a bhaint amach teidlíochtaí slándála sóisialta na ndaoine lena mbaineann a chosaint, ba cheart do na Ballstáit leanúint de chur i bhfeidhm na bprionsabal um chóir chomhionann, asamhlú agus comhshuimiú de chuid an Aontais faoi mar a leagtar síos le Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009, anuas ar rialacha na Rialachán sin atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail sin, i dtaobh daoine arna gcumhdach, fíricí nó imeachtaí a tharla agus tréimhsí a tugadh chun críche roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(5)  Ní dhéanann an Rialachán seo difear do na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe slándála sóisialta atá ann cheana idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009. Ní dochar an Rialachán seo don fhéidearthacht atá ag an Aontas nó ag na Ballstáit bearta a ghlacadh lena dtugtar aghaidh ar chomhar riaracháin agus ar an malartú faisnéise le hinstitiúidí inniúla sa Ríocht Aontaithe chun éifeacht a thabhairt do phrionsabail an Rialacháin seo. Thairis sin, ní dhéanann an Rialachán seo difear d’aon inniúlacht atá ag an Aontas ná ag na Ballstáit chun coinbhinsiúin agus comhaontuithe slándála sóisialta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha nó leis an Ríocht Aontaithe a chumhdaíonn an tréimhse tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

(6)  Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’aon chearta a fuarthas nó a bhí á bhfáil i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstáit le linn na tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tá comhar maith riachtanach le gur féidir cearta den sórt sin a chosaint agus seasamh leo. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil faisnéis iomchuí agus thráthúil ar fáil do na daoine lena mbaineann.

(7)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur i bhfeidhm aonfhoirmeach aontaobhach na bprionsabal slándála sóisialta um chóir chomhionann, asamhlú agus comhshuimiú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfreagairt a chomhordú, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(8)  I bhfianaise, in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó fadú ar an tréimhse dhá bhliain tar éis an fhógra ón Ríocht Aontaithe á rá go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas, go scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019, agus i bhfianaise an ghá atá ann deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, le CFAE agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(9)  Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ar an lá tar éislá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart dó feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, mura mbeidh comhaontú um tharraingt siar leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus in Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

Airteagal 2

Daoine atá cumhdaithe

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na daoine seo a leanas:

(a)  náisiúnaigh de Bhallstát, daoine gan stát agus dídeanaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó agus atá nó a bhí i staid lena mbaineann an Ríocht Aontaithe roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí;

(b)  náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe atá nó a bhí faoi réir reachtaíocht Bhallstáit amháin nó níos mó roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chomh maith le baill a dteaghlaigh agus marthanóirí.

Airteagal 3

Ábhair a chumhdaítear

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le brainsí uile na slándála sóisialta dá bhforáiltear in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Airteagal 4

Cóir chomhionann

Beidh feidhm ag an bprionsabal um chóir chomhionann faoi mar a leagtar síos in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo a mhéid a bhaineann le haon staid a tharla ▌ roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Asamhlú agus comhshuimiú

1.  Beidh feidhm ag an bprionsabal um asamhlú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tairbhí nó ioncam a fuarthas agus na fíricí nó na himeachtaí a tharla sa Ríocht Aontaithe roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

2.  Beidh feidhm ag an bprionsabal um chomhshuimiú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le tréimhsí árachais, fostaíochta, féinfhostaíochta nó cónaithe sa Ríocht Aontaithe a tugadh chun críche roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.  Beidh feidhm ag aon fhoráil eile de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 atá riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail a leagtar síos faoi mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 6

Gaol le hionstraimí comhordaithe eile

1.  Ní dochar an Rialachán seo do na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe slándála sóisialta atá ann cheana idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit atá i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

2.  Ní dochar an Rialachán seo do choinbhinsiúin agus comhaontuithe slándála sóisialta idir an Ríocht Aontaithe agus ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit arna dtabhairt i gcrích tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE agus a chumhdaíonn an tréimhse roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar choinníoll go dtugann na coinbhinsiúin agus na comhaontuithe sin éifeacht do na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 5(1) agus (2) den Rialachán seo, go gcuireann siad na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Rialachán seo i bhfeidhm, go bhfuil siad bunaithe ar phrionsabail Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus go bhfuil siad i gcomhréir le meon an Rialacháin sin.

Airteagal 7

Tuarascáil

Bliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tabharfaidh an tuarascáil sin, go háirithe, aghaidh ar fhadhbanna praiticiúla a thagann chun cinn do na daoine lena mbaineann, lena n-áirítear na fadhbanna sin a eascraíonn as easpa leanúnachais i gcomhordú na gcóras slándála sóisialta.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an ▌lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Tá an Rialachán maidir le bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta tar éis tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach bunaithe ar Airteagal 48 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) sa mhéid go mbaineann sé le bearta i réimse na slándála sóisialta. Ní féidir an Rialachán seo a leathnú chuig náisiúnaigh tríú tír san aon ghníomh dlí amháin toisc neamh-chomhoiriúnacht na mbunús dlí, mar go gcaithfeadh an leathnú sin a bheith bunaithe ar Airteagal 79(2)(b) CFAE.

Measann an Coimisiún gur cheart go leanfadh náisiúnaigh tríú tír a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 de thairbhiú as prionsabail bhunúsacha chomhordú na slándála sóisialta a bhfuil sé beartaithe iad a chódú sa Rialachán maidir le bearta teagmhasacha a bhunú i réimse chomhordú na slándála sóisialta, bunaithe ar fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 agus Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus 987/2009, atá fós i bhfeidhm.

Breithneoidh an Coimisiún, áfach, más gá níos déanaí, leathnú a dhéanamh ar na prionsabail a leagtar amach sa Rialachán seo chuig náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát, atá nó a bhí cumhdaithe, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1231/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, ag reachtaíocht AE maidir le comhordú na slándála sóisialta, chun a dteidlíochtaí a dhearbhú i ndáil leis an tréimhse nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát.

(1)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(2)Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
(3)Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO L 284, 30.10.2009, lch. 1).


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 198kWORD 71k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0895 – C8-0511/2018 – 2018/0436(COD))
P8_TA-PROV(2019)0181A8-0063/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0895),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0511/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eorpach na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0063/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear nascacht bhunúsach an iompair lasta de bhóthar agus an iompair paisinéirí de bhóthar i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0436


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  In éagmais aon fhorálacha speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009(4) agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009(5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.

(3)  Is é córas cuótaí iltaobhaobach Chomhdháil Eorpach na nAirí Iompair (ECMT) an t-aon chreat dlíthiúil eile ar a bhfeadfaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhunú tar éis dháta na tarraingthe siar. Mar sin féin, i ngeall ar an líon teoranta ceadanna atá ar fáil faoi chóras ECMT faoi láthair agus ar an raon feidhme teoranta atá aige i dtaobh na gcineálacha oibríochtaí iompair de bhóthar a chumhdaítear, níl an acmhainn sa chóras faoi láthair chun aghaidh iomlán a thabhairt ar na riachtanais iompair lasta de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(4)  Chun cur isteach tromchúiseach a d’fhéadfadh a bheith ann dá bharr a chosc, lena n-áirítear i dtaca leis an ord poiblí, is gá sraith de bhearta sealadacha a bhunú lena gcuirfear ar chumas oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe earraí agus paisinéirí a iompar de bhóthar idir críoch na Ríochta Aontaithe agus na seacht mBallstát is fiche eile nó ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí Bhallstát amháin nó níos mó. Chun cothromaíocht chuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit eile, níor cheart na cearta a thabharfaí ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaí cearta coibhéiseacha agus ba cheart iad a bheith faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofaí iomaíocht chóir.

(5)  Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo, ní áirítear Giobráltar ann, agus maidir le haon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)  Is ceann de mhórghníomhartha bunúsacha an mhargaidh inmheánaigh é an ceart chun oibríochtaí iompair a chur i gcrích laistigh de chríoch Ballstáit nó idir Ballstáit agus níor cheart, i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus in éagmais aon fhoráil shainráite dá mhalairt, é a bheith ar fáil a thuilleadh d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nach bhfuil bunaithe san Aontas. Chun cur isteach tobann díreach i ndiaidh na tarraingthe siar sin a mhaolú, áfach, lena n-áirítear cur isteach ó thaobh an oird phoiblí de, ba cheart bearta sealadacha céimnithe amach a bheartú chun cead a thabhairt d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe líon teoranta oibríochtaí breise a dhéanamh laistigh de chríoch an Aontais i gcomhthéacs na n-oibríochtaí idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas. Tar éis tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas gan comhaontú um tharraingt siar, ba cheart go gcabhródh bearta den sórt sin le cur isteach ar shreabha tráchta a chosc, a mheastar gur féidir a bheith ag súil leo de thoradh ar rialuithe breise feithiclí agus a gcuid lasta, agus bagairtí ar ord poiblí ina dhiaidh sin. Ba cheart dóibh cuidiú, go háirithe, le maolú ar an mbrú ag na pointí teorann ar beag an líon díobh agus arb iad is dóichí go mbeadh cur isteach den sórt sin i gceist leo, toisc nach gá do na feithiclí filleadh láithreach. Ba cheart dóibh a bheith comhréireach, níor cheart dóibh a bheith ina macasamhail de na cearta atá ag oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais faoi rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart deireadh a chur leo de réir a chéile i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(7)  In éagmais aon fhorálacha speisialta, bheadh cur isteach tromhchúiseach ina thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, lena n-áirítear ó thaobh an oird phoiblí de, i gcomhthéacs seirbhísí iompair paisinéirí de bhóthar. Is é an Comhaontú maidir le hIompar Idirnáisiúnta Paisinéirí de Bhóthar trí Sheirbhísí Ócáideacha Cóiste agus Bus(6) ("Comhaontú Interbus") an t-aon chreat dlíthiúil eile lena soláthraítear bonn i gcomhair paisinéirí a iompar ar bhus nó ar chóiste idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis dháta na tarraingthe siar. Tiocfaidh an Ríocht Aontaithe chun bheith ina Páirtí Conarthach í féin i gComhaontú Interbus ón 1 Aibreán 2019. Ní chumhdaítear i gComhaontú Interbus, áfach, ach seirbhísí ócáideacha agus, dá bhrí sin, ní leor é chun aghaidh a thabhairt ar an gcur isteach a eascróidh as an tarraingt siar i bhfianaise an lín aird daoine a bheadh ag iarraidh taisteal a dhéanamh fós idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Rinne Páirtithe Conarthacha Chomhaontú Interbus prótacal a rialaíonn seirbhísí iompair do phaisinéirí agus a ghabhann leis an gComhaontú a chaibidliú, ach níltear ag súil leis go dtiocfaidh sé i bhfeidhm in am chun réiteach malartach inmharthana a sholáthar ar an staid atá ann faoi láthair don tréimhse go díreach i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, le haghaidh seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar bhus agus ar chóiste, ní thugtar aghaidh leis na hionstraimí atá ann faoi láthair ar riachtanais an iompair paisinéirí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Chun maolú a dhéanamh ar an gcur isteach mór a d’fhéadfadh a bheith ann dá bharr agus a d’fhéadfadh an t-ord poiblí a chur i mbaol, is iomchuí, dá bhrí sin, cead a thabhairt d’iompróirí na Ríochta Aontaithe paisinéirí a iompar ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas agus vice versa ar choinníoll go ndeonódh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha ar a laghad d’iompróirí AE. Ba cheart na cearta sin a dheonaítear faoin Rialachán seo a bheith teoranta do thréimhse ama ghearr, chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta teacht i bhfeidhm agus don Ríocht Aontaithe aontú don Phrótacal sin.

Tá tábhacht ar leith ag baint le seirbhísí trasteorann cóiste agus bus idir Éire agus Tuaisceart Éireann do na pobail a bhfuil cónaí orthu i réigiúin na teorann, d’fhonn nascacht bhunúsach a áirithiú idir pobail, inter alia, mar chuid den Chomhlimistéar Taistil. Trí phaisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach i réigiúin ar an dá thaobh den teorainn, tacaítear le hinmharthanacht na seirbhísí sin. Dá bhrí sin, ba cheart bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí ag oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe a údarú i gcónaí i réigiúin na teorann le linn seirbhísí iompair paisinéirí idirnáisiúnta ar chóiste agus ar bhus idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Ba cheart na cearta sin a dheonú ar feadh tréimhse theoranta ama (go dtí an 30 Meán Fómhair 2019) ionas gur féidir socruithe malartacha a chur i bhfeidhm.

(8)  Ós rud é gur bearta sealadacha a bheidh sna bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ach fós gan fasach a bhunú, ba cheart iad a theorannú do thréimhse ama ghearr. Ó thaobh oibríochtaí tarlaithe de bhóthar de, is ann don teorainn ama mar gheall ar na socruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh chun nascacht bhunúsach a dhéanamh i gcóras ECMT, agus gan dochar d’aon chomhaontú a d’fhéadfaí a chaibidliú agus freisin a d’fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí iompar earraí de bhóthar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus do rialacha a bheidh ag an Aontas amach anseo maidir le hiompar. Ó thaobh iompar paisinéirí ar bhus agus ar chóiste de, is ann don teorainn ama chun ligean don Phrótacal a ghabhann le Comhaontú Interbus maidir le seirbhísí rialta teacht i bhfeidhm agus don Ríocht Aontaithe aontú don Phrótacal sin, agus tá sé gan dochar d’aon chomhaontú a d’fheadfadh a bheith ann amach anseo maidir leis an ábhar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

(9)  I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(10)  Is ar bhonn práinne ar cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, agus feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Comharthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Ba cheart go scoirfeadh an Rialachán seo, i gcás ar bith, d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019. Dá bhrí sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht a fheidhmítear tríd an Rialachán seo a fheidhmiú tar éis an dáta sin. Gan dochar do bhearta eile de chuid an Aontais, agus faoi réir chomhlíonadh na mbeart sin, déanfaidh na Ballstáit an inniúlacht sin a fheidhmiú arís, i gcomhréir le hAirteagal 2(2) CFAE, i ndiaidh an dáta sin. Tá inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimse an iompair de bhóthar le cinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí, agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur san áireamh.

(11)  Más gá, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an mhargaidh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ("CFAE") a tharmligean don Choimisiúin, chun go dtabharfar ar ais an choibhéis idir na cearta arna ndeonú ag an Aontas d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe chomh maith le hoibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, lena n-áirítear sa chás ina ndéantar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe a dheonú ar bhonn an Bhallstáit tionscnaimh nó ar bhonn eile nach bhfuil ar fáil ar bhonn cothrom d’oibreoirí uile an Aontais, agus chun cásanna d'iomaíocht éagóracha a dhéanfadh dochar d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais a réiteach. ▌

(12)  Leis na gníomhartha tarimligthe, ba cheart prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh, agus ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh a dtéarmaí i gcomhréir leis na fadhbanna a thiocfadh chun cinn tríd an mainneachtain cearta coibhéiseacha a dheonú nó trí dhálaí iomaíochta éagóracha. Níor cheart don Choimisiún a bheartú cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur ar fionraí ach amháin sna cásanna is déine, i gcás nach ndéanfadh an Ríocht Aontaithe aon chearta coibhéiseacha ar chor ar bith a dheonú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthair an Aontais nó d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais nó i gcás inarbh fhíorbheag na cearta a dheonófaí, nó i gcás ina mbeadh an méid sin de dhifríocht idir na dálaí iomaíochta d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d’oibreoirí an Aontais agus go bhfágfadh sé nach mbeadh soláthar na seirbhísí atá i gceist ag oibreoirí an Aontais inmharthana dóibhó thaobh na heacnamaíochta de.

(13)  Agus na gníomhartha tarmligthe á nglacadh aige, tá sé tábhachtach go háirithe go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. Ba cheart a áirithiú nach ndéanfaidh aon ghníomh tarmligthe den chineál sin dochar míchuí d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(14)  Chun a áirithiú go bhfuil cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d’oibritheoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar coibhéiseach iad leis na cearta sin arna ndeonú leis an Rialachán seo d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe agus d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe ar fáil ar bhonn comhionann d’oibreoirí uile an Aontais, ba cheart raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 a leathnú amach ar bhonn sealadach. Leis na Rialacháin sin, cumhdaítear cheana féin an chuid den turas idir Ballstát agus tríú tír a dhéantar ar chríoch aon Bhallstáit a thrasnaítear le linn an idirthurais. Ní mór, áfach, a áirithiú, i gcás den sórt sin, go bhfuil feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 chomh maith maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar lódáil nó dílódáil, agus go bhfuil feidhm ag Rialachán Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéantar paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach. Is é is aidhm leis an leathnú amach sin ná a áirithiú gur féidir le hoibreoirí an Aontais oibríochtaí trastrádála a dhéanamh go dtí an Ríocht Aontaithe nó uaithi, chomh maith le stadanna breise nuair a bhíonn iompar paisinéirí á oibriú acu,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear iompar earraí de bhóthar chomh maith le soláthar seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta iompair paisinéirí ar chóiste agus ar bhus idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “feithicil”, ó thaobh iompar earraí de, mótarfheithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, nó cónasc feithiclí cúpláilte dá bhfuil an mhótarfheithicil féin ar a laghad cláraithe sa Ríocht Aontaithe, as a mbaintear úsáid go heisiach le haghaidh iompar earraí. Féadfaidh sé gur leis an ngnóthas an fheithicil, gur cheannaigh sé í faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil sé fruilithe aige, ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíontar léi na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).agus ó thaobh iompar paisinéirí de, ciallaíonn “feithicil” bus nó cóiste;

(2)  ciallaíonn “iompar ceadaithe earraí”:

(a)  turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;

(b)  i ndiaidh turas ualaithe ó chríoch na Ríochta Aontaithe a chumhdaítear le pointe (a) den phointe seo agus laistigh de seacht lá ón dílódáil laistigh de chríoch an Aontais, suas le dhá oibríocht bhreise lódála agus dílódála a dhéanamh laistigh de chríoch an Aontais ar feadh tréimhse ceithre mhí ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 12, agus oibríocht amháin laistigh de seacht lá ón díluchtú laistigh de chríoch an Aontais, le linn thréimhse trí mhí ina dhiaidh sin;

(c)  turas ualaithe arna dhéanamh ag feithicil ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;

(d)  turas neamhualaithe i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointí (a) agus  (c);

(3)  ciallaíonn “iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus”:

(a)  turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste chun iompar paisinéirí a sholáthar ó chríoch an Aontais go críoch na Ríochta Aontaithe nó vice versa, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát nó tríú tír amháin nó níos mó;

(b)  turas arna dhéanamh ag bus nó cóiste ó chríoch na Ríochta Aontaithe go críoch na Ríochta Aontaithe le hidirthuras trí chríoch an Aontais;

(c)  turas gan paisinéirí a iompar i gcomhar le hiompar dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b);

(d)  bailiú agus scaoileadh amach paisinéirí i réigiún teorann na hÉireann le linn seirbhísí idirnáisiúnta rialta agus seirbhísí idirnáisiúnta rialta speisialta idir Éire agus Tuaisceart Éireann, go dtí an 30 Meán Fómhair 2019;

(4)  ciallaíonn “réigiún teorann na hÉireann” contaetha na hÉireann atá taobh leis an teorainn talún idir Éire agus Tuaisceart Éireann;

(5)  ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar an Aontais” gnóthas a iompraíonn earraí de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009;

(6)  ciallaíonn “oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe” gnóthas arna bhunú sa Ríocht Aontaithe dá gceadaítear earraí a iompar de bhóthar agus a bhfuil ceadúnas bailí de chuid na Ríochta Aontaithe aige;

(7)  ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” , i gcás ina n-eisítear é d’oibreoir tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe, ceadúnas a eisíonn an Ríocht Aontaithe chun críocha an iompair idirnáisiúnta, i dtaca le hiompar ceadaithe earraí de. I gcás ina n-eisítear é d’oibreoir seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, ciallaíonn “ceadúnas na Ríochta Aontaithe” ceadúnas arna eisiúint ag an Ríocht Aontaithe chun críocha iompar idirnáisiúnta i dtaca le hiompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus;

(8)  ciallaíonn “bus nó cóiste” feithicil atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe, atá oiriúnach agus ceaptha, de thairbhe a tógála agus a trealaimh, chun níos mó ná naonúr paisinéirí a iompar agus an tiománaí á chur san áireamh;

(9)  ciallaíonn “seirbhísí rialta” seirbhísí lena ndéantar foráil d’iompar paisinéirí ag eatraimh shonraithe feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;

(10)  ciallaíonn “seirbhísí rialta speisialta” seirbhísí rialta, is cuma cé a eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n-eisiamh;

(11)  ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid an Aontais” gnóthas a iompraíonn paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail aige i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009;

(12)  ciallaíonn “oibreoir seirbhíse cóiste nó bus de chuid na Ríochta Aontaithe” gnóthas arna bhunú sa Ríocht Aontaithe atá údaraithe chun paisinéirí a iompar ar chóiste nó ar bhus a bhfuil ceadúnas bailí na Ríochta Aontaithe aige;

(13)  ciallaíonn “oibreoir” oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhíse cóiste nó bus;

(14)  ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” aon dlí maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfadh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí iompair lasta de bhóthar nó do sheirbhísí cóiste agus bus:

(a)  Iompraíocht arb é atá ann:

(i)  comhaontuithe idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, cinntí a dhéanann comhlachtaí oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar aidhm acu an t-iomaíochas a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;

(ii)  mí-úsáid arna baint as ceannasacht ag oibreoir tarlaithe de bhóthar nó oibreoir seirbhísí cóiste agus bus amháin nó níos mó;

(iii)  bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá dtugann an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó (ii); agus

(b)  cumaisc idir oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus, faoi seach, a chuireann isteach go mór ar an iomaíochas, go háirithe de bharr suíomh ceannasach a bheith cruthaithe nó neartaithe acu;

(15)  ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a mbaineann sochar leis, a dheonaíonn an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar leibhéal ar bith d’oibreoir lena n-áirítear:

(a)  aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, agus glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;

(b)  ioncam atá dlite ar aon slí eile a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú;

(c)  earraí nó seirbhísí cé is moite de bhonneagar ginearálta a sholáthar, nó earraí nó seirbhísí a cheannach; or

(d)  íocaíochtaí a dhéanamh le sásra maoiniúcháin nó iad a chur ar iontaoibh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) a dhéanamh, feidhmeanna a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag difear atá idir an cleachtas sin agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.

Ní mheastar go mbaineann aon sochar le rannaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí atá i gceist;

(16)  ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá an t-údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;

(b)  agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, tá ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus

(c)  tá na cinntí a dhéanann an t-údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

(17)  ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál difreála a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, a sholáthar i gcás oibríocht seirbhísí iompair lasta de bhóthar nó seirbhísí cóiste agus bus, nó i dtaca leis an gcaoi a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;

(18)  ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch sin de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag CAE agus ag CFAE maidir léi, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin.

Airteagal 3

An ceart chun iompar ceadaithe earraí a dhéanamh

1.  Féadfaidh oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe iompar ceadaithe earraí a dhéanamh, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

2.  Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe earraí den chineál seo a leanas a dhéanamh, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(7), a bheith de dhíth:

(a)  iompar poist mar sheirbhís uilíoch;

(b)  iompar feithiclí a ndearnadh damáiste dóibh nó a chlis;

(c)  iompar earraí i mótarfheithiclí nach dtéann a mais ualaithe ceadaithe, lena n-áirítear leantóirí, thar 3,5 tona;

(d)  iompar táirgí leighis, gaireas, trealamh agus earraí eile a bhíonn de dhíth le haghaidh cóir leighis i gcás faoiseamh éigeandála, go háirithe i gcás tubaistí nádúrtha;

(e)  iompar earraí, ar choinníoll:

(i)  gur leis an ngnóthas na hearraí arna n-iompar nó gurb é an gnóthas a dhíol, a cheannaigh, a lig amach ar fruiliú nó a d’fhruiligh, a chuir ar fáil, a bhain, a phróiseáil nó a dheisigh iad;

(ii)  gurb é cuspóir an turais earraí a iompar go dtí an gnóthas agus ón ngnóthas nó iad a bhogadh laistigh den ghnóthas nó taobh amuigh de ar mhaithe lena riachtanais féin;

(iii)  gur pearsanra atá fostaithe ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach a thiomáinfidh na mótarfheithiclí a úsáidtear le haghaidh iompar den sórt sin;

(iv)  gur leis an ngnóthas na feithiclí a iompraíonn na hearraí nó gurb é an gnóthas a cheannaigh iad faoi théarmaí iarchurtha nó go bhfuil siad fruilithe aige ar choinníoll, sa chás sin, go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach i dTreoir 2006/1/CE; agus

(v)  níl san iompar sin ach gníomh coimhdeach i dtaca le mórghníomhaíochtaí an ghnóthais.

Airteagal 4

An ceart chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh

1.  Féadfaidh oibreoirí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh arb é atá iontu ná seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta.

2.  Ní mór d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe údarú a bheith acu arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 chun seirbhísí rialta agus seirbhísí rialta speisialta cóiste agus bus a dhéanamh ar fruiliú agus ar luach saothair.

3.  Féadfar leanúint de na húdaruithe atá bailí fós faoi mhír 2 den Airteagal seo a úsáid fós chun na gcríoch a shainítear i mír 1 den Airteagal seo más rud é gur athnuadh iad faoi na téarmaí agus coinníollacha céanna, nó gur athraíodh iad ó thaobh stadanna, táillí nó sceidil, agus faoi réir rialacha agus nósanna imeachta Airteagal 6 go hAirteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 i gcomhair tréimhse bhailíochta nach rachaidh thar an 31 Nollaig 2019.

4.  Féadfaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe iompar ceadaithe paisinéirí ar chóiste agus ar bhus a dhéanamh chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis, gan ceadúnas na Ríochta Aontaithe, de réir bhrí Airteagal 2(5), a bheith de dhíth sna cásanna seo a leanas:

(a)  níl sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó dlítheanach sin; agus

(b)  is maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu nó tá siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó tá conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus tá siad á dtiomáint ag duine d’fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, ag an duine nádúrtha é féin, nó ag comhaltaí foirne arna bhfostú ag an ngnóthas nó a chuirtear ar fáil don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach.

Beidh na hoibríochtaí iompair sin díolmhaithe ó aon chóras um údarú laistigh den Aontas, ar choinníoll go bhfuil ag an duine a bhfuil an ghníomhaíocht á déanamh aige údarú náisiúnta arna eisiúint roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009.

5.  Ní dhéanfaidh athrú feithicle ná briseadh iompair chun cuid den turas a dhéanamh trí mheán eile iompair difear do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 5

Comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha

Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i dtaca leis an tréimhse a mbeidh feidhm ag an Rialachán seo lena linn. Ó thaobh na tréimhse sin de, ní dheonóidh siad aon cheart eile d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d'oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe seachas na cearta a dheonaítear leis an Rialachán seo, gan dochar do na comhaontuithe iltaobhacha atá ann cheana.

Airteagal 6

Rialacha sóisialta agus teicniúla

Le linn iompar ceadaithe earraí nó paisinéirí ar chóiste nó ar bhus a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfar na rialacha seo a leanas:

(a)  maidir le hoibrithe soghluaiste agus tiománaithe féinfhostaithe, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(b)  maidir le reachtaíocht shóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10);

(c)  maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, na ceanglais a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11);

(d)  maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe, na ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12);

(e)  maidir le toisí údaraithe uasta agus meáchain údaraithe uasta feithiclí áirithe bóthair, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle(13);

(f)  maidir le feistí teorannaithe luais a shuiteáil agus a úsáid le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 92/6/CE ón gComhairle(14);

(g)  maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 91/671/CEE ón gComhairle(15);

(h)  maidir le hoibrithe a phostú, na ceanglais a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16);

(i)  maidir le cearta paisinéirí, Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17).

Airteagal 7

Coibhéis maidir le cearta

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais agus d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais agus ar na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.

2.  I gcás ina gcinnfidh sé nach bhfuil na cearta a bheidh deonaithe ag an Ríocht Aontaithe d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a dheonaítear d’oibreoirí ▌ na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil ar bhonn comhionann d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar uile an Aontais nó d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d’fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 11 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) den Rialachán seo a chur ar fionraí sa chás nach ndeonaítear aon chearta coibhéiseacha d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar an Aontais nó inar fíorbheag na cearta a dheonaítear;

(b)  teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus na Ríochta Aontaithe nó a bheith le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó

(c)  srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.

Airteagal 8

Iomaíocht chóir

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina mbíonn oibreoirí ▌ an Aontais in iomaíocht le hoibreoirí ▌ na Ríochta Aontaithe i dtaca le soláthar na seirbhísí iompair lasta de bhóthar agus na seirbhísí cóiste agus bus a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo go suntasach níos mífhabhraí ná na coinníollacha atá ag oibreoirí ▌ na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus d’fhonn an staid sin a réiteach, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an méid seo a leanas a dhéanamh▌:

(a)  cur i bhfeidhm Airteagal 3(1) agus (2) nó Airteagal 4(1) go (4) a chur ar fionraí sa chás gur ann do dhifear chomh mór sin idir na dálaí iomaíochta d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d’oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe agus na dálaí iomaíochta d’oibreoirí an Aontais nach mbeadh sé inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de d'oibreoirí an Aontais seirbhísí a sholáthar;

(b)  teorainneacha a bhunú a bheidh le cur ar an toilleadh incheadaithe atá ar fáil d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar na Ríochta Aontaithe nó d’oibreoirí seirbhísí bus agus cóiste na Ríochta Aontaithe, nó a bheidh le cur ar an líon turas, nó ar an dá cheann; nó

(c)  srianta oibríochtúla a ghlacadh maidir leis na cineálacha feithiclí nó leis na coinníollacha cúrsaíochta.

3.  Déanfar gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh, faoi na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na staideanna seo a leanas a réiteach:

(a)  fóirdheontais arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;

(b)  gan dlí na hiomaíochta a bheith i bhfeidhm ná á chur i bhfeidhm go héifeachtach ag an Ríocht Aontaithe;

(c)  gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun ná á choimeád ag an Ríocht Aontaithe;

(d)  caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, nó an comhshaol ▌ atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, caighdeáin atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(e)  caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le ceadúnais a dheonú d’oibreoirí tarlaithe de bhóthar nó d’oibreoirí seirbhísí cóiste agus bus ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009(18);

(f)  caighdeáin a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe maidir le cáiliú agus oiliúint tiománaithe gairmiúla ar caighdeáin níos laige iad ná na caighdeáin a leagtar síos i dTreoir 2003/59/CE(19);

(g)  muirearú bóthar agus rialacha cánachais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, atá éagsúil leis na rialacha a leagtar síos i dTreoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20); agus

(h)  aon chineál idirdhealaithe i gcoinne oibreoirí an Aontais.

4.  Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, nó ar oibreoirí ▌ na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh siad an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh de réir mhír 2.

Airteagal 9

Síneadh le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009

1.  I gcomhthéacs earraí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir tarlaithe de bhóthar de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an lódáil nó an dílódáil.

2.  I gcomhthéacs paisinéirí a iompar idir críoch an Aontais agus críoch na Ríochta Aontaithe arna dhéanamh ag oibreoir seirbhísí cóiste agus bus de chuid an Aontais a bhraitheann ar chearta arna ndeonú ag an Ríocht Aontaithe, dá dtagraítear in Airteagal 7 den Rialachán seo, ar cearta coibhéiseacha iad leo sin a dheonaítear faoin Rialachán seo, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 maidir leis an gcuid den turas ar chríoch an Bhallstáit ina ndéanfar an bailiú nó an scaoileadh amach.

Airteagal 10

Comhairliúchán agus comhar

1.  Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagail 7 agus 8 a chur chun feidhme.

Airteagal 11

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 7(2) agus 8(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2019.

2.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagal 7(2) nó 8(2), rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

3.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE.

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo, áfach, má bhíonn comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin.

Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige an 31 Nollaig 2019.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).
(5)Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta do sheirbhísí cóiste agus bus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 (IO L 300, 14.11.2009, lch. 88).
(6)IO L 321, 26.11.2002, lch. 13.
(7)OJ L 123, 12.5.2016, p. 1.
(8)Treoir 2006/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le húsáid feithiclí arna bhfruiliú gan tiománaithe chun earraí a iompar de bhóthar (IO L 33, 4.2.2006, lch. 8).
(9)Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair ar bhóithre (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).
(10)Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).
(12)Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 (IO L 226, 10.9.2003, lch. 4).
(13)Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus meáchan údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal, IO L 235, 17.9.1996, lch. 5.
(14)Treoir 92/6/CEE ón gComhairle an 10 Feabhra 1992 maidir le feistí teorannaithe luais le haghaidh aicmí áirithe mótarfheithiclí sa Chomhphobal a shuiteáil agus a úsáid (IO L 57, 2.3.1992, lch. 27).
(15)Treoir ón gComhairle an 16 Nollaig 1991 maidir le húsáid éigeantach criosanna sábhála agus córas srianta linbh i bhfeithiclí (IO L 373, 31.12.1991, lch. 26).
(16)Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(17)Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).
(18)Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).
(19)Treoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus oiliúint thréimhsiúil tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d’iompar earraí agus paisinéirí, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle agus Treoir 91/439/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 76/914/CEE ón gComhairle (IO L 226, 10.9.2009, lch. 4).
(20)Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar fheithiclí earraí troma (IO L 187, 20.7.1999, lch. 42).


Rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas***I
PDF 204kWORD 69k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas (COM(2018)0893 – C8-0510/2018 – 2018/0433(COD))
P8_TA-PROV(2019)0182A8-0062/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0893),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0510/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Feabhra 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0062/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena n-áirithítear aernascacht bhunúsach i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2018)0433


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) na coinníollacha maidir le ceadúnas oibríochta an Aontais a dheonú d’aeriompróirí agus bunaítear leis an tsaoirse aersheirbhísí a sholáthar laistigh den Aontas Eorpach.

(3)  In éagmais aon fhorálacha speisialta, chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas deireadh leis na cearta agus na hoibleagáidí uile a thagann as dlí an Aontais maidir le rochtain ar an margadh a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, a mhéid a bhaineann sin leis an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 mBallstát eile.

(4)  Dá bharr sin, is gá sraith beart sealadach a bhunú lena gcumasófar d’iompróirí atá ceadúnaithe sa Ríocht Aontaithe seirbhísí aeriompair a chur ar fáil idir a críoch sin agus na 27 mBallstát eile. Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir an Ríocht Aontaithe agus na 27 Ballstát eile, níor cheart na cearta a thabharfar ar an gcaoi sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha d’aeriompróirí atá ceadúnaithe san Aontas agus go mbeidh siad faoi réir coinníollacha áirithe lena n-áiritheofar an iomaíocht chóir.

(5)  Chun léiriú a thabhairt ar an nádúr sealadach atá ag cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart é a theorannú do thréimhse ama ghearr, gan dochar d’aon chomhaontú a bhféadfaí caibidlíocht a dhéanamh lena aghaidh agus a d’fhéadfadh teacht i bhfeidhm amach anseo lena gcumhdófaí soláthar aersheirbhísí leis an Ríocht Aontaithe, arb aersheirbhísí iad a bhfuil an tAontas ina pháirtí iontu. Ba cheart údarú a thabhairt don Choimisiún, a luaithe is féidir, arna mholadh sin, chun comhaontú cuimsitheach aeriompair a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe. Ba cheart an comhaontú sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích gan mhoill.

(6)  Chun leibhéil nascachta a bheidh chun leasa an dá thaobh a chothabháil, ba cheart foráil a dhéanamh do shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail códroinnt d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe agus aeriompróirí an Aontais araon i gcomhréir le prionsabal na cómhalartachta.

(7)  I bhfianaise na n-imthosca eisceachtúla agus uathúla a bhfuil gá leis an Rialachán seo a ghlacadh ina leith agus i gcomhréir leis na Conarthaí, is iomchuí don Aontas an inniúlacht chomhroinnte ábhartha atá tugtha dó sna Conarthaí a fheidhmiú go sealadach. Ba cheart aon éifeacht de chuid an Rialacháin seo, áfach, ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Níor cheart an inniúlacht a bheidh á feidhmiú ag an Aontas a fheidhmiú dá bhrí sin ach amháin i leith thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá réir sin, scoirfidh an inniúlacht chomhroinnte a bheidh á feidhmiú ar an gcaoi sin de bheith á feidhmiú ag an Aontas a luaithe a scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige. I gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh na Ballstáit, dá bhrí sin, a n-inniúlacht a fheidhmiú arís amhail ón tráth sin. Thairis sin, meabhraítear, mar a leagtar amach i bPrótacal Uimh. 25 maidir le hinniúlacht chomhroinnte atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach gcumhdaítear le raon feidhme fheidhmiú inniúlacht an Aontais sa Rialachán seo ach amháin na heilimintí a rialaítear leis an Rialachán seo agus nach gcumhdaítear an réimse go léir leis. Déanfar inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát faoi seach i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích i réimse an aeriompair a chinneadh i gcomhréir leis na Conarthaí agus reachtaíocht ábhartha an Aontais á cur i gcuntas.

(8)  De réir Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, chun ceadúnais oibríochta bhailí a choinneáil, tá araeriompróirí an Aontais, go háirithe, na ceanglais úinéireachta agus rialaithe a leagtar amach sa Rialachán sin a chomhlíonadh an t-am ar fad. I gcás ina dtarlóidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gan an comhaontú um tharraingt siar, is dócha go mbeidh deacrachtaí ag roinnt aeriompróirí de chuid an Aontais na ceanglais sin a chomhlíonadh amhail ón dáta um tharraingt siar. Is gá, dá bhrí sin, bearta teagmhasacha a chur i bhfeidhm. I gcomhréir le prionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta, ba cheart na bearta sin a bheith teoranta dá bhfuil géarghá leis chun dul i ngleic leis na fadhbanna a eascróidh as tarraingt siar neamhordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas. I bhfianaise na bprionsabal céanna, is gá sásraí a bhunú freisin chun gur féidir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn ionsar cheanglais úinéireachta agus rialaithe a chomhlíonadh agus chun an ceadúnas oibríochta a tharraingt siar i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin. Chun scor tobann na n-oibríochtaí a sheachaint agus chun lamháil go háirithe do phaisinéirí a ndéanfar difear dóibh a aisdúichiú, ba cheart, i gcás nach ndearnadh aon phlean iomchuí le haghaidh gníomhaíocht feabhais a chur isteach, go mbeadh éifeacht ag cúlghairm ceadúnais oibríochta neamhchomhlíontaigh dhá sheachtain tar éis chinneadh an chinnidh cúlghairme.

(9)  Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo cosc ar údaruithe a bheith á n-eisiúint ag na Ballstáit chun aersheirbhísí sceidealaithe a bheith á n-oibriú ag aeriompróirí an Aontais le linn dóibh na cearta arna dtabhairt dóibh ag an Ríocht Aontaithe a fheidhmiú, ar an gcaoi chéanna le cásanna a tharlaíonn i gcomhthéacs comhaontuithe idirnáisiúnta. Níor cheart do na Ballstáit idirdhealú a dheanamh idir aeriompróirí an Aontais i leith na n-údaruithe sin.

(10)  Ba cheart don Choimisiún agus na Ballstáit réiteach a fháil ar na fadhbanna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do na scéimeanna um dháileadh tráchta atá ann cheana mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas. Go háirithe, ba cheart bearta iomchuí a dhéanamh chun go bhféadfar a áirithiú go bhfuil na scéimeanna sin á gcomhlíonadh go hiomlán agus chun foráil a dhéanamh a mhéid is féidir d’aistriú ordúil chun cur isteach ar phaisinéirí agus ar chuideachtaí san Aontas a sheachaint.

(11)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bearta a ghlacadh chun cómhalartacht chóir a áirithiú idir na cearta a dheonóidh an tAontas agus an Ríocht Aontaithe go haontaobhach ar aeriompróirí a chéile, agus lena áirithiú go bhféadfaidh aeriompróirí an Aontais dul in iomaíocht le haeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi réir coinníollacha cothroma i dtaca le haersheirbhísí a sholáthar. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5). I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar nascacht na mBallstát, ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh,. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach, más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-éilítear amhlaidh mar thoradh ar mhórfhorais phráinne. D’féadfadh go mbeadh baint ag na cásanna sin a bhfuil údar cuí leo le cásanna ina mainneoidh an Ríocht Aontaithe cearta coibhéiseacha a thabhairt d’aeriompróirí an Aontais agus, ar an gcaoi sin, go mbeidh sé ina chúis le míchothromaíocht fhollasach, nó i gcás ina mbeidh coinníollacha iomaíochta is lú fabhair ná na coinníollacha a theachtann aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i soláthar seirbhisí aeriompair arna gcumhdach ag an Rialachán seo ina mbagairt d’inmharthanacht eacnamaíoch aeriompróirí an Aontais.

(12)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos chun an t-aeriompar idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a rialú i gcás nach ann do chomhaontú um tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)  Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(14)  Tá an Rialachán seo gan dochar do sheasamh dlíthiúil Ríocht na Spáinne maidir le ceannasacht ar an gcríoch ina bhfuil aerfort Ghiobráltar suite.

(15)  Ba cheart forálacha an Rialacháin seo a theacht i bhfeidhm chomh luath géar agus ba cheart feidhm a bheith acu, i bprionsabal, ón lá tar éis an lae a bheidh deireadh le feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe ▌mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tagtha i bhfeidhm faoin dáta sin. Mar sin féin, chun gur féidir na nósanna imeachta riaracháin riachtanacha a dhéanamh a luaithe is féidir, ba cheart forálacha áirithe a bheith i bhfeidhm ón dáta a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo bearta sealadacha lena rialaítear an t-aeriompar idir an tAontas agus Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) tar éis di tarraingt siar as an Aontas.

Airteagal 2

Feidhmiú inniúlachta

1.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Rialacháin seo teoranta do thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo mar a shainítear in Airteagal 16(4). Tar éis dheireadh na tréimhse sin, scoirfidh an tAontas den inniúlacht sin a fheidhmiú agus déanfaidh na Ballstáit a n-inniúlacht a fheidhmiú arís i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

2.   Beidh feidhmiú inniúlacht an Aontais de bhun an Rialacháin seo gan dochar d’inniúlacht na mBallstát maidir le cearta tráchta in aon chaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, in aon síniú nó in aon tabhairt i gcrích de chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le haersheirbhísí leis an Ríocht Aontaithe agus le haon tríú tír eile, i leith na tréimhse ar dá éis a scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige.

3.  Ní chumhdaítear le feidhmiú inniúlacht an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ach amháin na heilimintí a rialaítear leis an Rialachán seo.

4.  Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát agus an Aontais faoi seach i réimse an aeriompair maidir leis na heilimintí seachas iad siúd a rialaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.  ciallaíonn “aeriompar” paisinéirí, bagáiste, lasta agus post a iompar in aerárthaí, ar leithligh nó i gcomhcheangal, a chuirtear ar fáil don phobal ar luach saothair nó ar fruiliú, lena n-áirítear aersheirbhísí sceidealta agus neamhsceidealta;

2.  ciallaíonn “aeriompar idirnáisiúnta” aeriompar a ghabhann tríd an aerspás thar chríoch níos mó ná Stát amháin;

3.  ciallaíonn “aeriompróir de chuid an Aontais” aeriompróir a bhfuil ceadúnas bailí oibríochta aige a dheonaigh údarás ceadúnaithe inniúil i gcomhréir le Caibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008;

4.  ciallaíonn “aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe” aeriompróir:

(a)  a bhfuil a phríomhionad gnó sa Ríocht Aontaithe; agus

(b)  a chomhlíonann ceann amháin den dá choinníoll seo a leanas:

(i)  gur leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach, trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin; nó

(ii)  gur le Ballstáit an Aontais agus/nó le náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais agus/nó le Ballstáit den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus/nó náisiúnaigh na Stát sin, in aon chomhcheangal díobh sin, bídís ina n-aonar nó leis an Ríocht Aontaithe agus/nó le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, níos mó ná 50 % den ghnóthas agus gurb iad a rialaíonn é le fírinne, go díreach nó go hindíreach trí ghnóthas idirmheánach amháin nó níos mó ná gnóthas idirmheánach amháin;

(c)  sa chás dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ar an lá roimh an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, mar a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2);

5.  ciallaíonn “rialú le fírinne” caidreamh arb éard atá ann cearta, conarthaí nó aon mhodh eile, a thugann deis, ar leithligh nó go comhpháirteach agus ag féachaint do bhreithnithe an fhíorais nó an dlí lena mbaineann, tionchar cinntitheach a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ar ghnóthas, ar an gcaoi seo a leanas go háirithe:

(a)  tríd an gceart sócmhainní uile gnóthais, nó cuid díobh, a úsáid;

(b)  trí chearta nó trí chonarthaí a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí comhlachtaí gnóthais nó a mbíonn tionchar cinntitheach acu ar shlí eile ar reáchtáil ghnó an ghnóthais;

6.  ciallaíonn “dlí na hiomaíochta” an dlí is ábhartha maidir leis an iompraíocht seo a leanas, i gcás ina bhfeadfaidh sé difear a dhéanamh do sheirbhísí aeriompair:

(a)  iompraíocht arb é atá ann:

(i)  comhaontuithe idir aeriompróirí, cinntí a dhéanann comhlachtaí aeriompróirí agus cleachtais chomhbheartaithe a bhfuil sé mar chuspóir agus mar éifeacht acu an iomaíocht a chosc, a shrianadh, nó a shaobhadh;

(ii)  mí-úsáid ceannasachta a dhéanann aeriompróir amháin nó níos mó

(iii)  bearta a dhéanann nó a choinníonn an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm i gcás gnóthais phoiblí agus gnóthais dá ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta speisialta nó eisiacha atá contrártha le pointe (i) nó pointe (ii); agus

(b)  comhchruinnithe idir aeriompróirí a chuireann bac ar an iomaíocht éifeachtach, go háirithe de thoradh ceannasacht a chruthú nó a neartú;

7.  ciallaíonn “fóirdheontas” aon ranníocaíocht airgeadais a thugann an rialtas nó aon chomhlacht poiblí eile ar aon leibhéal d’aeriompróir, lena mbaineann sochar, agus ina n-áirítear:

(a)  aistriú díreach cistí, amhail deontais, iasachtaí nó insileadh cothromais, aistriú díreach féideartha cistí, glacadh dliteanas amhail ráthaíochtaí iasachta, instealltaí caipitil, úinéireacht, cosaint i gcoinne féimheachta nó árachas;

(b)  ioncam atá dlite ar aon slí eile a ligean thar ceal nó gan é a bhailiú;

(c)  earraí nó seirbhísí, cé is moite de bhonneagar ginearálta, a sholáthar nó a cheannach; nó

(d)  íocaíochtaí a dhéanamh le sásra cistiúcháin nó iad a chur ar iontaoibh comhlachta phríobháidigh nó a threorú chuig comhlacht príobháideach chun ceann amháin nó níos mó de na feidhmeanna a luaitear in (a), (b) agus (c) a dhéanamh, ar feidhmeanna iad a mbeadh ar an rialtas nó ar chomhlacht poiblí eile iad a dhéanamh de ghnáth, agus i gcás gur beag an difear atá idir an cleachtas agus na cleachtais a dhéanann rialtais de ghnáth.

Ní mheastar go mbaineann aon sochar le ranníocaíocht airgeadais a dhéanann rialtas nó comhlacht poiblí eile, más rud é go bhféadfadh sé go mbeadh an ranníocaíocht airgeadais chéanna déanta ag oibreoir sa mhargadh príobháideach agus é dírithe ar fhéidearthachtaí brabúis amháin, agus a bheadh déanta sa chás céanna ag an gcomhlacht poiblí i gceist;

8.  ciallaíonn “údarás neamhspleách iomaíochta” údarás atá i gceannas ar dhlí na hiomaíochta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú, agus ar na fóirdheontais a rialú, arb údarás é a chomhlíonann gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá an t-údarás neamhspleách ó thaobh oibríochta de agus tá na hacmhainní is gá aige chun a chuid cúraimí a dhéanamh;

(b)  agus a dhualgais á ndéanamh agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, beidh ag an údarás an ráthaíocht is gá maidir le neamhspleáchas ar aon tionchar polaitiúil nó ar aon tionchar seachtrach eile, agus gníomhaíonn sé go neamhchlaonta; agus

(c)  tá na cinntí a dhéanann an t-údarás faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

9.  ciallaíonn “idirdhealú” aon chineál idirdhealaithe a dhéantar gan údar oibiachtúil i dtaca le hearraí agus seirbhísí a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí poiblí, i gcás oibríocht seirbhísí aeriompair, nó i ndáil leis an tslí a gcaitheann na húdaráis phoiblí is ábhartha maidir leis na seirbhísí sin leo;

10.  ciallaíonn “seirbhís aeriompair sceidealta” sraith eitiltí a mbaineann na saintréithe seo a leanas go léir leo:

(a)  ar gach eitilt bíonn suíocháin agus/nó toilleadh chun lasta a iompar agus/nó toilleadh chun post a iompar ar fáil ar féidir leis an bpobal iad a cheannach astu féin (go díreach ón aeriompróir nó óna ghníomhairí údaraithe);

(b)  oibrítear í chun freastal ar thrácht idir an dá aerfort chéanna nó níos mó ná an dá aerfort chéanna, cibé acu:

(i)  de réir tráthchlár foilsithe; nó

(ii)  le heitiltí a bhíonn ann chomh rialta nó chomh minic sin gur léir gur sraith chórasach iad;

11.  ciallaíonn “seirbhís aeriompair neamhsceidealaithe” seirbhís aeriompair tráchtála a fheidhmítear, cé is moite d’aersheirbhís sceidealaithe;

12.  ciallaíonn “críoch an Aontais” an chríoch talún sin, na huiscí inmheánacha sin agus na huiscí teorann de chuid na mBallstát a bhfuil feidhm ag an gConradh ar an Aontas Eorpach agus ag an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Conarthaí sin, agus an t-aerspás os a gcionn;

13.  ciallaíonn “críoch na Ríochta Aontaithe” críoch talún, uiscí inmheánacha agus uiscí teorann na Ríochta Aontaithe agus an t-aerspás os a gcionn;

14.  ciallaíonn “Coinbhinsiún Chicago” an Coinbhinsiún um Eitlíocht Shibhialta, arna shíniú in Chicago an 7 Nollaig 1944.

Airteagal 4

Cearta tráchta

1.  Féadfaidh iompróirí na Ríochta Aontaithe, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  eitilt thar chríoch an Aontais gan tuirlingt;

(b)  stadanna a dhéanamh i gcríoch an Aontais chun críocha nach mbaineann le trácht, de réir bhrí Choinbhinsiún Chicago;

(c)  seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do phaisinéirí, do chumasc de phaisinéirí agus de lasta agus seirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch na Ríochta Aontaithe agus an ceann eile suite i gcríoch an Aontais;

(d)  ar feadh cúig mhí ar a mhéad ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), seirbhísí aeriompair idirnáisiúnta sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a fheidhmiú do sheirbhísí uile-lasta idir aon dá phointe a bhfuil ceann amháin suite i gcríoch an Aontais agus an ceann eile suite i gcríoch tríú tír, mar chuid de sheirbhís ina bhfuil tionscnamh nó ceann scríbe i gcríoch na Ríochta Aontaithe. Ní rachaidh an toilleadh séasúrach iomlán a bheidh le soláthar ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ▌do na seirbhísí sin thar líon iomlán na minicíochtaí arna bhfeidhmiú ag na haeriompróirí sin▌ le linn shéasúr geimhridh agus shéasúr samhraidh IATA na bliana 2018 faoi seach, pro rata temporis;

(e)  ar feadh seacht mí ar a mhéad ón gcéad lá den iarratas a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), leanúint d’aersheirbhísí sceidealta a sholáthar ar bhealaí faoi réir oibleagáidí seirbhíse poiblí i gcás inar deonaíodh an ceart chun oibriú i gcomhréir le hAirteagal 16 agus le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus faoi réir na coinníollacha do na seirbhísí sin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a bheith á gcomhlíonadh.

2.  Úsáidfidh na Ballstáit an tréimhse dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1 chun aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh na seirbhísí poiblí a mheastar a bheith riachtanach tar éis don tréimhse sin dul in éag, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

3.  Ní dhéanfaidh na Ballstáit caibidlíocht ná ní thabharfaidh siad aon chomhaontú déthaobhach ná aon socrú i gcrích leis an Ríocht Aontaithe maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i leith na tréimhse ar lena linn a bheidh feidhm ag an Rialachán seo. Maidir leis an tréimhse sin, ní dheonóidh siad ar aon slí eile d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe, i dtaca le haeriompar, aon chearta seachas na cearta sin a dheonaítear leis an Rialachán seo.

Airteagal 5

Socruithe margaíochta comhoibritheacha

1.  Féadfar seirbhísí aeriompair i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán seo a sholáthar faoi shocruithe margaíochta comhoibritheacha, amhail socruithe maidir le suíocháin in áirithe nó socruithe códroinnte, mar a leanas:

(a)  féadfaidh an t-aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t-iompróir margaíochta, le haon iompróir oibriúcháin arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir oibriúcháin de chuid tríú tír a theachtann na cearta tráchta is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe i dtrácht.

(b)  féadfaidh an t-aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe gníomhú mar an t-iompróir oibriúcháin, le haon iompróir margaíochta arb aeriompróir de chuid an Aontais nó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe é, nó le haon iompróir margaíochta de chuid tríú tír a theachtann na cearta bealaigh is gá faoi dhlí an Aontais nó, de réir mar is infheidhme, faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, mar aon leis an gceart dá iompróirí na cearta sin a fheidhmiú trí bhíthin an tsocraithe i dtrácht.

2.  Maidir le dul ar iontaoibh socruithe margaíochta, bíodh sé mar iompróir oibriúcháin nó mar iompróir margaíochta, ní bheidh mar thoradh air i gcás ar bith, i dtaobh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, go mbeidh cearta á bhfeidhmiú aige seachas na cearta sin dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).

3.  Ní dhéanfar i gcás ar bith na cearta arna ndeonú d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoi mhír 1 a fhorléiriú mar aon chearta a bheith á dtabhairt d’aeriompróirí tríú tír seachas na cearta sin atá acu faoi dhlí an Aontais nó faoi dhlí an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann.

4.  Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a cheangal go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear i mír 1 a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir le sábháilteacht agus slándáil.

Airteagal 6

Léasú aerárthaí

1.  Agus na cearta dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) á bhfeidhmiú aige, féadfaidh aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe seirbhísí aeriompair a sholáthar lena aerárthaí féin agus i ngach cás díobh seo a leanas:

(a)  ag baint úsáid as aerárthaí arna léasú gan chriú ó aon léasóir;

(b)  ag baint úsáid as aerárthaí arna léasú le criú ó aon aeriompróir eile de chuid na Ríochta Aontaithe;

(c)  ag baint úsáid as aerárthaí arna léasú le criú ó aeriompróirí d’aon tír seachas an Ríocht Aontaithe, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an léasú ar bhonn riachtanais eisceachtúla, riachtanais toillte shéasúracha, nó deacrachtaí oibríochtúla an léasaí agus nach maireann an léasú níos faide ná an fad a bhfuil géarghá leis chun na riachtanais sin a chomhlíonadh nó na deacrachtaí sin a shárú.

2.  Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann a cheangal go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla na socruithe dá dtagraítear i mír 1 a fhormheas chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ansin agus na ceanglais is infheidhme i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta, go háirithe maidir le sábháilteacht agus slándáil.

Airteagal 7

Ceadúnais oibríochta a láimhseáil i bhfianaise na gceanglas úinéireachta agus rialaithe

1.  De mhaolú ar Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, i gcás ina scoireann aeriompróir a bhfuil ceadúnas oibríochta aige, arna eisiúint ag Ballstát seachas an Ríocht Aontaithe, de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointe (f) d’Airteagal 4 den Rialachán sin (‘ceanglais úinéireachta agus rialaithe’) mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas, ní dhéanfaidh mainneachtain na ceanglais sin a chomhlíonadh difear do bhailíocht an cheadúnais oibríochta go dtí tréimhse sé mhí ón gcéad lá den chur i bhfeidhm a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2) den Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i mír 2 go mír 5 den Airteagal seo.

2.  Taobh istigh de choicís ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an t-aeriompróir plean i dtaca le gníomh feabhais i láthair don údarás ceadúnaithe inniúil. Leagfar amach leis an bplean sin, ar bhealach iomlán agus beacht, na bearta atá beartaithe chun lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe a bhaint amach ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar a dhéanaí. I gcás nach mbeidh plean curtha i láthair ag an aeriompróir laistigh den teorainn ama, déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, tar éis dó an deis a thabhairt don aeriompróir a bharúlacha a chur in iúl, an ceadúnas oibríochta a chúlghairm láithreach, ach ar a luaithe ón dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2), agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm sin coicís tar éis chinneadh an údaráis ceadúnaithe, ach ar a luaithe ón dáta dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe a chinneadh in iúl don aeriompróir agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.

3.  I gcás ina mbeidh plean i dtaca le gníomh feabhais curtha i láthair ag an aeriompróir laistigh den teorainn ama dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, taobh istigh de dhá mhí ón bplean a fháil, measúnú ar cibé an mbainfí amach de thoradh ar na bearta arna leagan amach ann lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe ar a dhéanaí ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, agus ar cibé an dócha go gcuirfeadh an t-aeriompróir na bearta i gcrích faoin dáta sin. Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil an t-aeriompróir agus an Coimisiún ar an eolas maidir lena mheasúnú.

4.  I gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil, tar éis dó an deis a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann a bharúlacha a chur in iúl, nach mbainfí amach lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe de thoradh ar na bearta a leagtar amach sa phlean ar a dhéanaí ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, nó i gcás nár dócha go gcuirfeadh an t-aeriompróir na bearta i gcrích faoin dáta sin, féadfaidh sé an ceadúnas oibríochta a chúlghairm láithreach. Beidh éifeacht ag an gcúlghairm sin coicís tar éis chinneadh an údaráis ceadúnaithe. Cuirfidh an t-údarás ceadúnaithe a chinneadh in iúl don aeriompróir agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas.

5.  I gcás ina gcinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil go mbainfí amach lánchomhlíonadh na gceanglas úinéireachta agus rialaithe de thoradh ar na bearta a leagtar amach sa phlean ar a dhéanaí ar an gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, agus i gcás inar dócha go gcuirfeadh an t-aeriompróir na bearta i gcrích faoin dáta sin, déanfaidh sé grinnfhaireachán leanúnach ar chur chun feidhme an phlean agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas go rialta maidir le torthaí an fhaireacháin.

6.  Faoi dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh an t-údarás ceadúnaithe inniúil cibé an bhfuil na ceanglais úinéireachta agus rialaithe á lánchomhlíonadh ag an aeriompróir. Má chinneann an t-údarás ceadúnaithe inniúil, tar éis dó an deis a thabhairt don aeriompróir lena mbaineann a bharúlacha a chur in iúl, nach bhfuil na ceanglais úinéireachta agus rialaithe á lánchomhlíonadh ag an aeriompróir, déanfaidh sé an ceadúnas oibríochta a chúlghairm amhail ón gcéad lá tar éis na tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

7.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don údarás ceadúnaithe inniúil agus don aeriompróir a mbarúlacha a chur in iúl, gur mhainnigh an t-údarás ceadúnaithe inniúil an ceadúnas oibríochta ábhartha a chúlghairm, i gcás ina bhfuil gá leis an gcúlghairm sin faoi mhír 2 nó faoi mhír 6 den Airteagal seo, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás ceadúnaithe inniúil an ceadúnas oibríochta a chúlghairm i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 15(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Beidh feidhm ag an tríú fomhír agus ag an gceathrú fomhír d’Airteagal 15(3) den Rialachán sin.

8.  Tá an tAirteagal seo gan dochar do chur i bhfeidhm aon fhorála eile a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

Airteagal 8

Coibhéis maidir le cearta

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cearta a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe d’aeriompróirí an Aontais agus na coinníollacha a bhaineann lena bhfeidhmiú.

2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na cearta a thabharfaidh an Ríocht Aontaithe d’aeriompróirí an Aontais coibhéiseach, de jure nó de facto, leis na cearta a thabharfar d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, nó nach bhfuil na cearta sin ar fáil ar bhonn comhchosúil d’aeriompróirí uile an Aontais, déanfaidh an Coimisiún gan mhoill agus d’fhonn an choibhéis a athbhunú, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh ▌:

(a)  teorainneacha a leagan síos ar an acmhainn incheadaithe i gcomhair seirbhísí aeriompair sceidealaithe a bheidh ar fáil d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ▌agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(b)  a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm; nó

(c)  dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla a fhorchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(3), más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil easpa mhór choibhéise chun críocha mhír 2, má cheanglaítear amhlaidh mar thoradh ar mhórfhorais práinne.

Airteagal 9

Iomaíocht chóir

1.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na coinníollacha faoina rachaidh aeriompróirí agus aerfoirt an Aontais in iomaíocht le haeriompróirí agus aerfoirt na Ríochta Aontaithe i dtaca leis na haersheirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo a sholáthar.

2.  I gcás ina gcinnfidh sé, mar gheall ar aon cheann de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, nach bhfuil na coinníollacha sin chomh fabhrach leis na coinníollacha atá á dteachtadh ag aeriompróirí de chuid na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, chun an staid sin a réiteach, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh▌:

(a)  teorainneacha a leagan síos ar an acmhainn incheadaithe i gcomhair seirbhísí aeriompair sceidealaithe a bheidh ar fáil d’aeriompróirí na Ríochta Aontaithe ▌agus a cheangal ar na Ballstáit údaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a oiriúnú, idir na húdaruithe atá ann cheana agus na húdaruithe a deonaíodh le déanaí, dá réir sin;

(b)  a cheangal ar na Ballstáit na húdaruithe oibríochta sin a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a chúlghairm maidir le haeriompróirí uile na Ríochta Aontaithe nó roinnt díobh; nó

(c)  dualgais airgeadais nó srianta oibríochtúla a fhorchur.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta práinne dá dtagraítear in Airteagal 15(3), más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ina bhfuil bagairt d'inmharthanacht eacnamaíoch oibríochta amháin nó níos mó de chuid aeriompróirí an Aontais, go gceanglaítear amhlaidh mar thoradh ar mhórfhorais práinne.

3.  Maidir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, déanfar iad a ghlacadh faoi réir na coinníollacha a shonraítear sa mhír sin, chun na cásanna seo a leanas a réiteach:

(a)  fóirdheontais a bheith á ndeonú ag an Ríocht Aontaithe;

(b)  gan dlí na hiomaíochta a bheith ar bun ag an Ríocht Aontaithe nó curtha i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe;

(c)  gan údarás iomaíochta neamhspleách a bheith curtha ar bun agus á choinneáil ar bun ag an Ríocht Aontaithe;

(d)  caighdeáin maidir le cosaint oibrithe, sábháilteacht, slándáil, an comhshaol, nó cearta paisinéirí, atá níos laige ná na caighdeáin a leagtar síos i ndlí an Aontais a bheith á gcur i bhfeidhm ag an Ríocht Aontaithe, nó in éagmais forálacha ábhartha i ndlí an Aontais, atá níos laige ná na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit uile nó, i gcás ar bith, níos laige ná na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha;

(e)  aon chineál idirdhealaithe i gcoinne aeriompróirí an Aontais.

4.  Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróirí na Ríochta Aontaithe nó aerfoirt na Ríochta Aontaithe. I gcás nach gcuirfidh údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe, aeriompróir na Ríochta Aontaithe nó aerfort na Ríochta Aontaithe an fhaisnéis a iarradh ar fáil faoi cheann tréimhse ama réasúnta arna forordú ag an gCoimisiún, nó ina gcuirfidh siad faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún déanamh de réir mhír 2.

5.  Ní bheidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) maidir le hábhair a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Údarú oibríochta

1.  Gan dochar do dhlí an Aontais ná don dlí náisiúnta i réimse na sábháilteachta eitlíochta, chun na cearta a dheonaítear dóibh faoi Airteagal 4 a fheidhmiú, cuirfear de cheangal ar aeriompróirí na Ríochta Aontaithe údarú oibríochta a fháil ó gach Ballstát ina dteastaíonn uathu oibriú.

2.  Tar éis dó iarratas ar údarú oibríochta a fháil ó aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an t-údarú oibríochta iomchuí a dheonú gan moill mhíchuí, ar choinníoll:

(a)  go bhfuil ceadúnas oibríochta bailí i gcomhréir le reachtaíocht na Ríochta Aontaithe ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir; agus

(b)  go bhfeidhmíonn agus go gcoinníonn an Ríocht Aontaithe ar bun rialú rialála éifeachtach ar aeriompróir na Ríochta Aontaithe is iarratasóir, go sainaithnítear an t-údarás inniúil go soiléir agus go bhfuil deimhniú aeroibreora atá curtha ar fáil ag an údarás sin ag aeriompróir na Ríochta Aontaithe.

3.  Gan dochar don ghá atá ann go leor ama a thabhairt chun measúnuithe riachtanacha a dhéanamh, beidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe i dteideal a n-iarratais ar údaráis oibríochta a chur isteach ón lá a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Beidh sé de chumhacht ag na Ballstáit na hiarratais sin a fhormheas amhail ón lá sin, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an bhformheas sin. Ní bheidh éifeacht ag aon údaruithe a dheonófar ar an gcaoi sin, áfach, níos túisce ná ▌an chéad lá den chur i bhfeidhm a leagtar amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 16(2).

Airteagal 11

Pleananna, cláir agus sceidil oibríochta

1.  Déanfaidh aeriompróirí na Ríochta Aontaithe pleananna, cláir agus sceidil oibríochta maidir le haersheirbhísí a thíolacadh lena bhformheas chuig údaráis inniúla gach Ballstáit lena mbaineann. Déanfar aon tíolacadh den chineál sin 30 lá ar a laghad roimh thús na n-oibríochtaí.

2.  I gcomhréir le hAirteagal 10, féadfar na pleananna, na cláir agus na sceidil oibríochta do shéasúr IATA atá ann ar an gcéad lá a chuirfear an Rialachán seo a leagtar amach sa chéad fhomhír d'Airteagal 16(2) i bhfeidhm agus na pleananna, na cláir agus na sceidil oibríochta sin don chéad séasúr eile dá éis sin a thíolacadh agus a fhormheas roimh an dáta sin.

3.  Ní chuirfidh an Rialachán seo cosc ar údaruithe a bheith á n-eisiúint ag na Ballstáit chun aersheirbhísí a bheith á n-oibriú ag iompróirí an Aontais le linn dóibh na cearta arna dtabhairt dóibh ag an Ríocht Aontaithe a fheidhmiú. Ní dhéanfaidh na Ballstáit idirdhealú idir iompróirí an Aontais i leith na n-údaruithe sin.

Airteagal 12

Údarú a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí agus a theorannú

1.  Diúltóidh na Ballstáit údarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe, nó de réir an cháis, déanfaidh siad é sin a chúlghairm nó a fhionraí sna cásanna seo a leanas:

(a)  níl an t-aeriompróir cáilithe ina aeriompróir de chuid na Ríochta Aontaithe de réir an Rialacháin seo; nó

(b)  níl na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 10(2) comhlíonta.

2.  Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le húdarú oibríochta aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  na ceanglais sábháilteachta agus slándála atá infheidhme, níl siad á gcomhlíonadh;

(b)  na ceanglais is infheidhme maidir le haerárthaí a bheidh ag gabháil don aeriompar a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le hiad a oibriú sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad á gcomhlíonadh;

(c)  na ceanglais is infheidhme maidir le paisinéirí, criú, bagáiste, lasta agus/nó post (lena n-áirítear rialacháin maidir le hiontráil, imréiteach, inimirce, pasanna, custaim agus coraintín, nó i gcás poist, rialacháin maidir le post) a ligean isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann, maidir le hoibríochtaí ina leith sin a dhéanamh sa chríoch sin agus maidir le hiad imeacht as an gcríoch sin, níl siad á gcomhlíonadh;

3.  Déanfaidh na Ballstáit coinníollacha maidir le húdaruithe oibríochta aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a dhiúltú, a chúlghairm, a fhionraí, a theorannú nó a fhorchur, nó déanfaidh siad coinníollacha maidir le hoibríochtaí aeriompróirí na Ríochta Aontaithe a theorannú nó a fhorchur, i gcás ina gceanglóidh an Coimisiún orthu é sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8 nó Airteagal 9:

4.  Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinntí údarú aeriompróra de chuid na Ríochta Aontaithe a dhiúltú nó a chúlghairm de bhun mhír 1 agus mhír 2, gan moill mhíchuí.

Airteagal 13

Deimhnithe agus ceadúnais

Maidir le deimhnithe aeracmhainneachta, deimhnithe inniúlachta agus ceadúnais arna n-eisiúint nó arna mbailíochtú ag an Ríocht Aontaithe atá i bhfeidhm fós, aithneoidh na Ballstáit go mbeidh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin bailí chun seirbhísí aeriompair a bheith á n-oibriú ag aeriompróirí na Ríochta Aontaithe faoin Rialachán seo, ar choinníoll gur eisíodh agus gur bailíochtaíodh na deimhnithe sin agus na ceadúnais sin de bhun na gcaighdeán idirnáisiúnta ábhartha, ar a laghad, a bunaíodh faoi Coinbhinsiún Chicago agus i gcomhréir leis na caighdeáin sin.

Airteagal 14

Comhairliúchán agus comhar

1.  Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme.

2.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan aon mhoill mhíchuí aon fhaisnéis a fuarthas de bhun mhír 1 den Airteagal seo nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun Airteagail 8 agus9 a chur chun feidhme.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i dteannta Airteagal 5 de.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Beidh feidhm ag Airteagail 7, 10(3) agus 11(2), áfach, ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tháinig comhaontú um tharraingt siar, arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2.

4.  Scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta is luaithe den dá dháta seo a leanas:

(a)  an dáta a thiocfaidh comhaontú cuimsitheach leis an Ríocht Aontaithe, ar páirtí an tAontas ann, i bhfeidhm lena rialófar soláthar aeriompair nó, de réir an cháis, an dáta a chuirfear i bhfeidhm go sealadach é; nó

(b)  an 30 Márta 2020

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(2)Tuairim an 20 Feabhra 2019 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(4)Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (IO L 293, 31.10.2008, lch. 3).
(5)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 868/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le cosaint ar fhóirdheonú agus ar chleachtais éagóracha praghsála a dhéanann díobháil d'aeriompróirí Comhphobail agus iad ag soláthar aersheirbhísí ó thíortha nach Ballstáit den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 162, 30.04.2004, lch. 1).


Rialacha a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 140kWORD 55k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (COM(2019)0048 – C8-0037/2019 – 2019/0009(COD))
P8_TA-PROV(2019)0183

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0048),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0037/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

—  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 154 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0009


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d’aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Sa chomhaontú um tharraingt siar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2019(2) tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríochta Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d’fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)  Nuair a scoirfidh CBI d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) ina gcuid d’uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, in éagmais comhaontaithe um tharraingt siar, tá soithí an Aontais i mbaol rochtain a chailleadh ar uiscí na Ríochta Aontaithe agus ar na deiseanna iascaireachta iontu ón 30 Márta 2019. Bheadh tionchar suntasach aige sin ó thaobh gníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais agus ó thaobh tairbhí eacnamaíocha de.

(4)  Tá bearta ann cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3) is féidir a úsáid chun éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú ar fud an tslabhra iomláin táirgeachta agus margaíochta.

(5)  Le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, leagtar síos na rialacha agus na socruithe maidir le cúiteamh airgeadais a dheonú d’iascairí agus d’úinéirí soithí iascaireachta i gcásanna ina scoirtear de ghníomhaíochtaí iascaireachta go sealadach. Leis na critéir lena gceadaítear scor sealadach, ní cheadaítear cúiteamh i leith tarraingt siar Ballstáit as an Aontas ná i leith rochtain a chailleadh ar uiscí an Stáit sin agus ar dheiseanna iascaireachta iontu ina dhiaidh sin.

(6)  I dteannta na mbeart atá ar fáil cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, chun na héifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha a bheith ann mar gheall ar tharraingt siar Ballstáit as an Aontas a mhaolú, ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith ar fáil d’iascairí agus d’oibreoirí atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta.

(7)  Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir sin.

(8)  Tá fuílleach na leithreasuithe ar fáil chun bheith tiomanta d’aon bheart incháilithe lena maolófar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

(9)  Ar mhaithe leis an tsimplíocht, iarrtar ar na Ballstáit lena mbaineann a mheas an ndéanfar leasuithe ar a gclár oibríochtúil a chumasc i gcomhthéacs Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4).

(10)  I bhfianaise an ghá tá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go mbeidh tacaíocht ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh le haghaidh scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás nach ndeonóidh an Ríocht Aontaithe rochtain ar na huiscí sin ó dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus d'fhéadfadh gurbh é an 30 Márta 2019 an dáta sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(11)  Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, mura rud é go mbeidh comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 mar a leanas:

(1)  In Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"

“9. Beidh an fhéidearthacht ag na Ballstáit an méid a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo a shárú agus titim faoi bhun na méideanna a leagtar amach i míreanna 3 go 7 den Airteagal seo chun tacú leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán seo mura ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).”;

"

(2)  In Airteagal 25, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:"

“3a. An ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear in i bpointe (d) d’Airteagal 33(1), ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh na tairsí a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) de mhír 3 den Airteagal seo.”;

"

(3)  Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear an pointe seo a leanas léi:"

“(d) chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a thagann as cás nach ndeonaíonn an Ríocht Aontaithe cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) (CAE).”;

"

(b)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"

“2. An tacaíocht dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020 agus an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta naoi mí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020. Aon chaiteachas a bhaineann le pointe (d) de mhír 1, beidh sé incháilithe ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) … ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(5).

__________________

* Rialachán (AE) 2019/.... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas (IO L , …, lch. ).”

"

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) de CAE.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) de CAE tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(2) IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.
(3)Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO. L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(4)Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(5)+ IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad PE-CONS 35/19 (2019/0009(COD)) agus cuir isteach san fhonóta uimhir, dáta agus tagairt IO an Rialacháin.


Údaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais ***I
PDF 156kWORD 62k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais (COM(2019)0049 – C8-0036/2019 – 2019/0010(COD))
P8_TA-PROV(2019)0184

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0048),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0036/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

—  ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 154 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2403 maidir le húdaruithe iascaireachta le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe agus maidir le hoibríochtaí iascaireachta shoithí na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais

P8_TC1-COD(2019)0010


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar, nó ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, mura rud é go gcinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  Sa chomhaontú um tharraingt siar a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 19 Feabhra 2019(2) tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d’fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

(3)  Nuair a scoirfidh feidhm de bheith ag CBI maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d’uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, i gcás éagmais ar chomhaontú um tarraingt siar, tá an baol ann nach mbeidh soithí iascaireachta an Aontais ná soithí na Ríochta Aontaithe in ann na deiseanna iascaireachta arna mbunú le haghaidh 2019 a úsáid ina n‑iomláine.

(4)  Chun inbhuanaitheacht an iascaigh a airithiú agus i bhfianaise thábhacht an iascaigh le haghaidh slí bheatha eacnamaíoch roinnt pobal san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, go ceann tréimhse theoranta, ba cheart an deis a bheith fós ann socruithe a dhéanamh le go mbeidh rochtain iascaireachta chómhalartach ag soithí iascaireachta an Aontais agus ag soithí na Ríochta Aontaithe ar uiscí a chéile, nuair a scoirfidh CBI d'fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát. Is é cuspóir an Rialacháin seo an creat dlíthiúil iomchuí a chruthú le haghaidh rochtain chómhalartach den sórt sin.

(5)  Maidir le raon feidhme críochach an Rialacháin seo agus aon tagairt don Ríocht Aontaithe ann, ní áirítear Giobráltar ann.

(6)  Thángthas ar chomhaontú faoi na deiseanna iascaireachta don bhliain 2019 de bhun Rialacháin (AE) 2019/124(3) agus (AE) 2018/2025(4), lena n‑áirítear leis an Ríocht Aontaithe, le linn bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas. Bunaíodh na deiseanna iascaireachta sin agus go hiomlán i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 61 agus 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le dlí na Farraige . Chun saothrú inbhuanaithe beo-acmhainní na farraige agus chun cobhsaíocht laistigh d’uiscí an Aontais agus d'uiscí na Ríochta Aontaithe a áirithiú, ba cheart na leithdháiltí agus na scaireanna cuótaí arna gcomhaontú maidir leis na Ballstáit agus leis an Ríocht Aontaithe a bheith ar fáil i gcomhréir le hAirteagail 2 agus 3 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5).

(7)  I bhfianaise phatrúin iascaireachta sheanbhunaithe shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais agus a mhalairt, ba cheart don Aontas foráil a dhéanamh maidir le sásra do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun rochtain a bheith acu ar uiscí an Aontais trí bhíthin údaruithe, chun bheith in ann iascaireacht a dhéanamh ar a scaireanna cuótaí leithdháilte arna mbunú faoi Rialachán (AE) 2019/124 agus faoi Rialachán (AE) 2018/2025 faoi na coinníollacha céanna a bhfuil feidhm acu maidir le soithí iascaireachta an Aontais, go ceann tréimhse theoranta ama. Níor cheart údaruithe iascaireachta den sórt sin a dheonú ach amháin má leanann an Ríocht Aontaithe de bheith ag cur údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais ar fáil, agus a mhéid a dhéanann sí sin, chun úsáid a bhaint as deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh orthu i gcomhréir leis na Rialacháin ábhartha maidir le deiseanna iascaireachta.

(8)  Le Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6) leagtar amach na rialacha maidir le húdaruithe iascaireachta a eisiúint agus a bhainistiú do shoithí in uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse tríú tír agus do shoithí iascaireachta tríú tír agus iad i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais.

(9)  Le Rialachán (AE) 2017/2403 leagtar síos rialacha maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí tríú tír lasmuigh de chreat iascaireachta comhaontaithe, agus déantar foráil ann go bhféadfaidh Ballstát brataí údaruithe díreacha a dheonú agus bunaítear na coinníollacha agus na nósanna imeachta le haghaidh deonú údaruithe den sórt sin. I bhfianaise líon shoithí iascaireachta an Aontais a dhéanann gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, bheadh moilleanna nach beag ann mar gheall ar na coinníollacha agus na nósanna imeachta sin agus bheadh ualach breise riaracháin ann in éagmais comhaontú um tharraingt siar nó comhaontú iascaigh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha chun eisiúint na n‑údaruithe do shoithí iascaireachta an Aontais a éascú don Ríocht Aontaithe le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí na Ríochta Aontaithe.

(10)  Is gá maolú ar na rialacha is infheidhme maidir le soithí iascaireachta tríú tír agus foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta sonracha lena dtugtar cead don Aontas údaruithe a eisiúint do shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe chun gníomhaíochtaí iascaireachta a oibriú in uiscí an Aontais.

(11)  Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 tugtar de chumhacht do na Ballstáit na deiseanna iascaireachta ar fad a leithdháiltear orthu, nó cuid díobh, a mhalartú. Bíonn isteach agus amach le 1000 malartú cuótaí ann in aghaidh na bliana idir na Ballstáit agus an Ríocht Aontaithe. Gan dochar d’inniúlacht eisiach an Aontais, tá córas solúbtha ag teastáil nuair a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe, rud a d’fhágfadh go mbeadh an tAontas in ann cuótaí a mhalartú leis an Ríocht Aontaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann plé a dhéanamh leis an Ríocht Aontaithe agus, mar is iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe. Ba cheart an Coimisiún a bheith freagrach fós as aistriú cuótaí nó malartú den sórt sin. Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar leithdháileadh an Bhallstáit lena mbaineann, nó a bhaintear uaidh.

(12)  Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2017/2403 a leasú dá réir.

(13)  I bhfianaise an ghá tá lena áirithiú, roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, go mbeidh tacaíocht ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh le haghaidh scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais atá ag brath go suntasach ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás nach ndeonóidh an Ríocht Aontaithe rochtain ar na huiscí sin ó dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus d'fhéadfadh gurbh é an 30 Márta 2019 an dáta sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

(14)  Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe, ach i gcás ina dtagann comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm faoin dáta sin. Ba cheart feidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2019.

(15)  Le go mbeidh oibreoirí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon in ann leanúint de bheith ag iascaireacht i gcomhréir leis na deiseanna ábhartha iascaireachta a leithdháiltear orthu, níor cheart údaruithe iascaireachta le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais a dheonú ar shoithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe má mheasann an Coimisiún, agus ag brath ar a mhéid a mheasann sé, go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe cearta rochtana a dheonú do shoithí iascaireachta an Aontais chun dul i mbun oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe ar bhonn na cómhalartachta,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2017/2403 mar a leanas:

(1)  i gCaibidil II de Theideal II, cuirtear an Roinn seo a leanas leis:"

"Roinn 4

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann ag soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe

Airteagal 18a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Roinn seo go dtí an 31 Nollaig 2019, de mhaolú ar Roinn 3, maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.

Airteagal 18b

Sainmhíniú

Chun críocha na Roinne seo, ciallaíonn ‘uiscí na Ríochta Aontaithe’ uiscí faoi cheannasacht nó faoi dhlínse na Ríochta Aontaithe arna mbunú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal 18c

An nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil ón Ríocht Aontaithe

1.  Ballstát brataí a d’fhíoraigh go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5 á gcomhlíonadh, cuirfidh sé an t‑iarratas comhfhreagrach nó liosta na n‑iarratas ar údarú ón Ríocht Aontaithe chuig an gCoimisiún.

2.  I ngach iarratas nó liosta iarratas, beidh an fhaisnéis arna hiarraidh ag an Ríocht Aontaithe le haghaidh údarú a eisiúint, agus í leagtha amach san fhormáid is gá, arna cur in iúl ag an Ríocht Aontaithe don Choimisiún.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis agus an fhormáid dá dtagraítear i mír 2 ar fáil do na Ballstáit. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh a chur chuig an mBallstát brataí chun aon fhaisnéis bhreise is gá a fháil chun a fhíorú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 á gcomhlíonadh.

4.  Ar iarratas nó aon fhaisnéis bhreise arna hiarraidh de bhun mhír 3 a fháil, cuirfidh an Coimisiún an t‑iarratas ar aghaidh chuig an Ríocht Aontaithe gan mhoill.

5.  A luaithe a chuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint nó a dhiúltú, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin.

6.  Ní fhéadfaidh Ballstát brataí údarú iascaireachta a eisiúint ach amháin d’oibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe tar éis é a chur ar an eolas gur chinn an Ríocht Aontaithe údarú a eisiúint don soitheach iascaireachta ábhartha de chuid an Aontais.

7.  Ní chuirfear tús le hoibríochtaí iascaireachta go dtí go mbeidh údarú iascaireachta eisithe ag an mBallstát brataí agus ag an Ríocht Aontaithe araon.

8.  I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Coimisiún ar an eolas go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát brataí ar an eolas láithreach dá réir sin. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

9.  I gcás ina gcuireann an Ríocht Aontaithe an Ballstát brataí ar an eolas ar bhonn díreach go bhfuil cinneadh déanta aici údarú iascaireachta do shoitheach iascaireachta de chuid an Aontais a eisiúint, a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, cuirfidh an Ballstát brataí an Coimisiún ar an eolas dá réir sin láithreach. Déanfaidh an Ballstát a údarú iascaireachta a chur ar fionraí nó a tharraingt siar i dtaca le hoibríochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe dá réir sin.

Airteagal 18d

Faireachán

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar eisiúint na n‑údaruithe iascaireachta ón Ríocht Aontaithe d’oibreoirí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe.”;

"

(2)  Cuirtear an Teideal seo a leanas isteach:"

"TEIDEAL IIIa

OIBRÍOCHTAÍ IASCAIREACHTA A DHÉANANN SOITHÍ IASCAIREACHTA NA RÍOCHTA AONTAITHE IN UISCÍ AN AONTAIS

Airteagal 38a

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Teideal seo go dtí an 31 Nollaig 2019, de mhaolú ar Theideal III, maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais.

Airteagal 38b

Oibríochtaí iascaireachta a dhéanann soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe

Féadfaidh soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta a dhéanamh in uiscí an Aontais, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2019/124* agus (AE) 2018/2025** ón gComhairle lena mbunaítear na deiseanna iascaireachta.

______________________

* Rialachán (AE) 2019/124 an 30 Eanáir 2019 ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta do 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L 29, 31.1.2019, lch. 1).

** Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7).

Airteagal 38c

Prionsabail ghinearálta

1.  Ní dhéanfaidh soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe oibríochtaí iascaireachta in uiscí an Aontais murar eisigh an Coimisiún údarú iascaireachta don soitheach sin. Ní eiseofar an t‑údarú sin dó ach amháin má chomhlíonann sé na critéir incháilitheachta a leagtar amach i mír 2.

2.  Féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint do shoithí iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe más amhlaidh an méid seo a leanas:

   (a) go bhfuil ceadúnas iascaireachta bailí ag an soitheach iascaireachta arna eisiúint ag údarás na Ríochta Aontaithe;
   (b) go bhfuil an soitheach iascaireachta liostaithe ag an Ríocht Aontaithe ar chlár cabhlaigh a bhfuil rochtain ag an gCoimisiún air;
   (c) go ndéanann an soitheach iascaireachta agus aon soitheach tacaíochta gaolmhar an scéim ábhartha uimhreach aitheantais long de chuid EMI a chur i bhfeidhm a mhéid a cheanglaítear faoi dhlí an Aontais;
   (d) nach n‑áirítear an soitheach iascaireachta ar liosta de shoithí NNN, ar liosta é a ghlac RFMO agus/nó an tAontas de bhun Rialachán NNN;
   (e) nach bhfuil an Ríocht Aontaithe liostaithe mar thír neamh-chomhoibríoch de bhun Rialachán NNN ná mar thír a cheadaíonn deiseanna iascaireachta neamh-inbhuanaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012;
   (f) go bhfuil deiseanna iascaireachta ar fáil don Ríocht Aontaithe.

3.  Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha faoina rialaítear na hoibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina bhfuil sé ag oibriú.

Airteagal 38d

Nós imeachta maidir le húdaruithe iascaireachta a fháil

1.  Cuirfidh an Ríocht Aontaithe chuig an Coimisiún an t‑iarratas nó liosta na n‑iarratas ar údaruithe le haghaidh a cuid soitheach iascaireachta.

2.  Féadfaidh an Coimisiún faisnéis bhreise a iarraidh ar an Ríocht Aontaithe, ar faisnéis í atá riachtanach chun a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2).

3.  Nuair a shuitear go bhfuil na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 38c(2) á gcomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún údarú iascaireachta a eisiúint agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir gan mhoill.

Airteagal 38e

Údaruithe iascaireachta a bhainistiú

1.  I gcás nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 38c(2) a thuilleadh, déanfaidh an Coimisiún an ghníomhaíocht iomchuí, lena n‑áirítear chun an t‑údarú a leasú nó a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Ríocht Aontaithe agus na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas dá réir.

2.  Féadfaidh an Coimisiún eisiúint údaruithe a dhiúltú nó a chur ar fionraí nó féadfaidh sé aon údarú arna eisiúint do shoitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe a tharraingt siar in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

   (a) i gcás inar tháinig athrú ó bhonn ar chúinsí;
   (b) i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach ann do shaothrú, do bhainistiú agus do chaomhnú inbhuanaithe acmhainní bitheolaíocha muirí;
   (c) i gcás ina bhfuil sé bunriachtanach chun iascaireacht NNN a chosc nó a shochtadh;
   (d) i gcás ina measann an Coimisiún gurb iomchuí ar bhonn thorthaí a chuid gníomhaíochtaí faireacháin de bhun Airteagal 18d;
   (e) i gcás ina ndiúltaíonn an Ríocht Aontaithe údarú go míchuí nó i gcás ina gcuireann sí an t‑údarú sin ar fionraí nó ina ndeánann sí an t-udarú do shoithí iascaireachta an Aontais in uiscí na Ríochta Aontaithe a chúlghairm go míchuí.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an Ríocht Aontaithe ar an eolas láithreach i gcás ina ndéanann sé údarú a dhiúltú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 38f

Deireadh a chur le hoibríochtaí iascaireachta

1.  I gcás ina meastar go bhfuil na deiseanna iascaireachta a deonaíodh don Ríocht Aontaithe ídithe, tabharfaidh an Coimisiún fógra láithreach faoin méid sin don Ríocht Aontaithe agus d’údaráis chigireachta inniúla na mBallstát. D’fhonn a áirithiú go leanfar d’oibríochtaí iascaireachta na ndeiseanna iascaireachta neamhídithe, oibríochtaí lena bhféadfaí difear a dhéanamh do na deiseanna ídithe freisin, iarrfaidh an Coimisiún ar an Ríocht Aontaithe bearta teicniúla a chur in iúl dó, bearta lena gcuirtear cosc ar aon tionchar diúltach ar na deiseanna iascaireachta ídithe.

2.  Na húdaruithe iascaireachta a eisíodh do na soithí atá faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, measfar go bhfuil siad ar fionraí, ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1, le haghaidh na n‑oibríochtaí iascaireachta lena mbaineann agus ní bheidh cead ag na soithí sin na hoibríochtaí iascaireachta sin a dhéanamh a thuilleadh.

3.  Measfar gur tarraingíodh údaruithe iascaireachta siar más rud é go mbaineann fionraí údaruithe iascaireachta i gcomhréir le mír 2 leis na hoibríochtaí uile ar deonaíodh na húdaruithe ina leith.

Airteagal 38g

Ró‑iascaireacht cuótaí in uiscí an Aontais

I gcás ina suífidh an Coimisiún gur sháraigh an Ríocht Aontaithe na cuótaí stoic nó na cuótaí do ghrúpa stoc a leithdháileadh uirthi, déanfaidh an Coimisiún asbhaintí ó chuótaí eile a leithdháileadh ar Ríocht Aontaithe. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall a áirithiú go mbeidh méid na hasbhainte comhsheasmhach le méid na n‑asbhaintí a forchuireadh ar Bhallstáit i gcúinsí comhchosúla.

Airteagal 38h

Rialú agus forfheidhmiú

1.  Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, comhlíonfaidh sé na rialacha rialúcháin faoina rialaítear oibríochtaí iascaireachta atá á ndéanamh ag soithí iascaireachta de chuid an Aontais sa limistéar iascaireachta ina n‑oibríonn sé.

2.  Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé don Choimisiún nó don chomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún agus, más ábhartha, don Bhallstát cósta, na sonraí sin a cheanglaítear ar shoithí iascaireachta an Aontais a chur chuig an mBallstát brataí faoin Rialachán um Rialú.

3.  Déanfaidh an Coimisiún, nó an comhlacht a d’ainmnigh sé, na sonraí arna bhfáil i gcomhréir le mír 2 a chur chuig an mBallstát cósta.

4.  Soitheach iascaireachta de chuid na Ríochta Aontaithe atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais, soláthróidh sé, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gcomhlacht a d’ainmnigh an Coimisiún, tuarascálacha na mbreathnóirí a táirgeadh faoi na cláir bhreathnóirí is infheidhme.

5.  Déanfaidh Ballstát cósta aon sárú a rinne soithí iascaireachta na Ríochta Aontaithe, lena n‑áirítear na smachtbhannaí gaolmhara, a thaifeadadh sa chlár náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 93 den Rialachán um Rialú.

Airteagal 38i

Aistrithe agus malartuithe cuótaí

1.  Féadfaidh Ballstát dul i mbun plé neamhfhoirmiúil leis an Ríocht Aontaithe agus, más iomchuí, leagan amach féideartha a bhunú i dtaca le haistriú nó malartú cuótaí beartaithe.

2.  Nuair a gheobhaidh an Coimisiún fógra ón mBallstát lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún an t‑aistriú cuótaí nó an malartú cuótaí comhfhreagrach a dhéanamh.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an t‑aistriú cuótaí nó an malartú cuótaí arna chomhaontú in iúl do na Ballstáit.

4.  Na deiseanna iascaireachta a fhaightear ón Ríocht Aontaithe nó a aistrítear chuici faoin aistriú cuótaí nó faoin malartú cuótaí, measfar gur cuótaí iad a leithdháiltear ar na Ballstáit lena mbaineann, nó a asbhaintear ó na cuótaí sin, ón nóiméad a mbeidh feidhm ag an aistriú cuótaí nó ag an malartú cuótaí. Ní dhéanfar aon athrú ar an eochair leithdháilte mar gheall ar leithdháileadh nó asbhaint den sórt sin chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir le prionsabal chobhsaíocht choibhneasta na ngníomhaíochtaí iascaireachta.”.

"

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) CAE, go dtí an 31 Nollaig 2019.

Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás ina dtagann comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE i bhfeidhm faoin tar éis an dáta a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(2) IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.
(3) Rialachán (AE) 2019/124 ón gComhairle lena socraítear na deiseanna iascaireachta do 2019 i leith stoic áirithe éisc agus i leith grúpaí de stoic éisc is infheidhme in uiscí an Aontais Eorpaigh agus, maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais, in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad (IO L , 31.1.2019, lch. 1 )
(4) Rialachán (AE) 2018/2025 ón gComhairle an 17 Nollaig 2018 lena socraítear do 2019 agus 2020 na deiseanna iascaireachta i leith stoic áirithe éisc dhomhainfharraige do shoithí iascaireachta an Aontais (IO L 325, 20.12.2018, lch. 7)
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(6)Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).


Gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ***I
PDF 184kWORD 56k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar Ríochta Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas(COM(2019)0088 – C8‑0046/2019 – 2019/0040(COD))
P8_TA-PROV(2019)0185

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0088),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0046/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Rialacha 59 agus 154 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 13 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ▌as an Aontas

P8_TC1-COD(2019)0040


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  An 29 Márta 2017, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, eadhon ón 30 Márta 2019, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach d'aon toil, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, an tréimhse sin a fhadú.

(2)  I réimse an iompair iarnróid, is féidir leis na hoibreoirí lena mbaineann an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar dheimhnithe agus údaruithe a leigheas trí bhearta éagsúla. Áirítear ar na bearta sin na hoibreoirí iad féin a bhunú i gceann de na Ballstáit a bheidh fágtha agus na ceadúnais agus na deimhnithe iomchuí a fháil ann.

(3)  Bheadh gá le comhaontuithe sonracha, dá bhforáiltear in Airteagal 14 de Threoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2), chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann go díreach le seirbhísí agus bonneagar iarnróid trasteorann, agus, sa chaoi sin, leanúnachas na seirbhísí sin a áirithiú agus suaitheadh a íoslaghdú. I gcomhréir leis an Treoir sin, d'áiritheofaí leis na comhaontuithe sin freisin cóireáil chómhalartach do ghnóthais de chuid an Aontais agus do ghnóthas atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe agus a bhaineann úsáid as bonneagar trasteorann.

(4)  Ní féidir comhaontuithe den sórt sin idir na Ballstáit lena mbaineann agus an Ríocht Aontaithe a thabhairt i gcrích go dtí go ndéanfar tríú tír den Ríocht Aontaithe. Go háirithe, is faoi ▌ Choimisiún Idir-Rialtasach arna bhunú faoi Chonradh Canterbury, a síníodh an 12 Feabhra 1986, atá sé rialacha sábháilteachta an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le Tollán Mhuir nIocht, agus i réimse na sábháilteachta baineann an Coimisiún Idir-Rialtasach tairbhe as comhairle ón Údarás um Shábháilteacht Thollán Mhuir nIocht. Níor mhór an córas a bunaíodh leis an gConradh sin a oiriúnú agus stádas tríú tír na Ríochta Aontaithe á chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart an fhreagracht as an gcuid de Thollán Mhuir nIocht atá ar chríoch na Fraince a bheith faoi rialú aonair údaráis inniúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Threoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3), chun a áirithiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm ar an gcuid sin den tollán. D’fhéadfadh an t-údarás inniúil sin, áfach, d’fhonn a chúraimí a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr is féidir agus ag féachaint do ghnéithe comhchoiteanna an tolláin ar dhá thaobh na teorann agus chun comhsheasmhacht na gcinntí a éascú, tuairimí comhlachta dhénáisiúnta, a bunaíodh faoi chomhaontú idir an dá thír, a chur san áireamh, ar comhlacht é amhail an tÚdarás um Shábháilteacht Thollán Mhuir nIocht a bunaíodh le Conradh Canterbury, a thugann comhairle don Choimisiún Idir-Rialtasach, nó modhanna eile a fhorbairt le comhoibriú leis na húdaráis atá freagrach as an gcuid den tollán atá ar chríoch na Ríochta Aontaithe.

(5)  Tá na bearta sa Rialachán seo coinníollach ar chaighdeáin sábháilteachta agus ar nósanna imeachta sábháilteachta, ar cheanglais maidir le rochtain ar oibriú mar ghnóthas iarnróid, agus ar cheanglais maidir le traein a thiomáint, ceanglais atá go díreach mar an gcéanna le ceanglais an Aontais atá á gcur i bhfeidhm maidir leis an mbonneagar a úsáidtear chun nascacht iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a áirithiú mar aon le gnóthais a mbíonn traenacha á n-oibriú acu agus tiománaithe a mbíonn traenacha á dtiomáint acu ar an mbonneagar sin.

(6)   Chun gur féidir le páirtithe lena mbaineann na comhaontuithe is gá a dhéanamh agus chun aon bheart eile is gá a dhéanamh le suaitheadh a sheachaint, is gá, agus stádas na Ríochta Aontaithe mar thríú tír á chur san áireamh, síneadh a chur le bailíocht deimhnithe, údaruithe agus ceadúnas áirithe.

(7)  Maidir le fad ama an tsínidh sin le bailíocht na ndeimhnithe, na n-údaruithe, agus na gceadúnas, ba cheart é a theorannú don mhéid ama is fíorghá chun go mbeidh na Ballstáit lena mbaineann in ann na céimeanna sin is gá a ghlacadh, i gcomhréir leis na forálacha ▌a leagtar amach i dTreoir 2004/49/CE ó Pharlaimint agus ón gComhairle(4), i dTreoir 2007/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) agus i dTreoir 2012/34/AE.

(8)  Chun mórshuaitheadh ar sheirbhísí iarnróid trasteorann leis an Ríocht Aontaithe a sheachaint, is den bhunriachtanas é freisin go ndéanfaidh na hoibreoirí iarnróid agus na húdaráis náisiúnta na bearta is gá go pras chun a áirithiú go ndéanfar ▌ deimhnithe, údaraithe agus ceadúnais a thagann faoin Rialachán seo a eisiúint in am trátha sula scoirfidh an Rialachán seo d’fheidhm a bheith aige, agus go ndéanfar deimhnithe, údaruithe agus ceadúnais eile is gá chun oibriú ar chríoch an Aontais a eisiúint roimh dháta tharraingt siar na Ríochta Aontaithe.

(9)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil leis an sochar arna thabhairt do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas a aistarraingt, i gcás nach n-áirithítear go bhfuil na ceanglais de chuid an Aontais á gcomhlíonadh. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na bearta sin a ghlacadh, toisc an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar shábháilteacht iarnróid. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a bheidh infheidhme láithreach más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais phráinne.

(10)  I bhfianaise na práinne a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ▌as an Aontas, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach▌.

(11)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon bearta sealadacha a leagan síos maidir le gnéithe áirithe den tsábháilteacht agus den nascacht iarnróid a mhéid a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i gcás nach ann do chomhaontú um tharraingt siar, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(12)  Ba cheart d’fhorálacha an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith acu ▌ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis ▌ an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe, ach amháin má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leis an Rialachán seo, leagtar síos forálacha sonracha, mar gheall ar tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) as an Aontas Eorpach, maidir le deimhnithe sábháilteachta áirithe agus údaruithe sábháilteachta áirithe arna n-eisiúint faoi Threoir 2004/49/CE, ceadúnais áirithe do thiománaithe traenach arna n-eisiúint faoi Threoir 2007/59/CE agus ceadúnais áirithe do ghnóthais iarnróid arna n-eisiúint faoi Threoir 2012/34/AE.

2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na deimhnithe, na húdaruithe agus na ceadúnais seo a leanas, a bheith bailí an lá roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

(a)  údaruithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 11 de Threoir 2004/49/CE do bhainisteoirí bonneagair chun bonneagar trasteorann a nascann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a bhainistiú agus a oibriú ▌;

(b)  deimhnithe sábháilteachta arna n-eisiúint faoi Airteagal 10 de Threoir 2004/49/CE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(c)  ceadúnais arna n-eisiúint faoi Chaibidil III de Threoir 2012/34/AE do ghnóthais iarnróid atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe;

(d)  ceadúnais do thiománaithe traenach arna n-eisiúint faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2007/59/CE.

Airteagal 2,

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoracha 2004/49/CE, 2007/59/CE agus 2012/34/AE agus sna gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoi na Treoracha sin. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir leis na sainmhínithe ábhartha atá i dTreoir (AE) 2016/798 agus in aon ghníomh tarmligthe agus in aon ghníomh cur chun feidhme eile arna ghlacadh faoin Treoir sin, beidh feidhm acu ón dáta is infheidhme í maidir leis na húdaruithe agus na deimhnithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 1(2).

Airteagal 3

Bailíocht na n-údaruithe sábháilteachta, na ndeimhnithe sábháilteachta, na gceadúnas oibríochta agus na gceadúnas do thiománaithe traenach

1.  Maidir leis na húdaruithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2) agus maidir leis na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Maidir leis na deimhnithe sábháilteachta dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2), ní bheidh siad bailí ach amháin chun na stáisiúin agus na críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a shroicheadh ón Ríocht Aontaithe nó chun imeacht ó na stáisiúin agus na críochfoirt sin chuig an Ríocht Aontaithe.

2.  Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. De mhaolú ar Airteagal 23(1) de Threoir 2012/34/AE, ní bheidh na ceadúnais sin bailí ach amháin sa chríoch atá suite idir na stáisiúin agus na críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

3.  Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 1(2), beidh siad fós bailí go ceann naoi mí ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le haghaidh tiománaithe traenach agus iad ag oibriú ar an gcríoch atá suite idir na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann agus dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo agus an Ríocht Aontaithe.

Airteagal 4

Rialacha agus oibleagáidí i ndáil le deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais

1.  Maidir le deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnais arna rialú ag Airteagal 3 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Treoir 2004/49/CE, Treoir (AE) 2016/798 ón dáta a dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme maidir leis na n-údaruithe sin, Treoir 2012/34/AE agus Treoir 2007/59/EC agus i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe arna nglacadh faoi na Treoracha sin.

2.  Maidir le sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus, de réir mar is iomchuí, an t-údarás a eisíonn iad i gcás nach ionann é agus an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta a bhfuil an bonneagar lonnaithe ar a chríoch san Aontas faoi seach, arb é sin an t-údarás faoina inniúlacht a bhfuil na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann atá liostaithe san Iarscríbhinn, comhoibreoidh siad leis an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta sin agus cuirfidh siad chuige an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha go léir ▌.

3.  I gcás nár seachadadh an fhaisnéis ná na doiciméid sin faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in iarrataí arna ndéanamh ag an Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a fháil ón Údarás Sábháilteachta Náisiúnta, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.  Maidir le sealbhóirí deimhnithe sábháilteachta, údaruithe sábháilteachta agus ceadúnas dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo, cuirfidh siad an Coimisiún agus Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla sábháilteachta eile is féidir a bheidh ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo, faoi Threoir 2004/49/CE, faoi Threoir 2007/59/EC nó faoi Threoir (AE) 2016/798.

Cuirfidh sealbhóirí údaruithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) an Coimisiún ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis inniúla eile is féidir a bheith ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Threoir 2012/34/AE.

5.  Sula n-aistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), agus do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas sin, go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

6.  Maidir leis na ceadúnais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2), chun críocha mhíreanna (1) go (5) den Airteagal seo, is é a thuigfear le tagairtí don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta ná tagairtí d’údarás ceadúnúcháin mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE.

Airteagal 5

Faireachán ar chomhlíonadh dhlí an Aontais

1.  Déanfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) faireachán ar na caighdeáin sábháilteachta iarnróid atá á gcur i bhfeidhm maidir le gnóthais iarnróid arna mbunú sa Ríocht Aontaithe a úsáideann an bonneagar trasteorann dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(2), agus a chuirtear i bhfeidhm i leith an bhonneagair trasteorann sin. Ina theannta sin, déanfaidh an tÚdarás Náisiúnta Sábháilteachta a sheiceáil go gcomhlíonann na bainisteoirí bonneagair na ceanglais sábháilteachta a leagtar amach i ndlí an Aontais agus go gcomhlíonann na tiománaithe traenach atá ag oibriú ar an gcríoch faoina dhlínse na ceanglais a leagtar amach sna forálacha ábhartha de dhlí an Aontais. Cuirfidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta tuarascálacha ar fáil ▌ don Choimisiún agus do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh maidir leis an ábhar sin, agus cuirfidh sé ag gabháil leo, i gcás inarb iomchuí, moladh go ngníomhódh an Coimisiún i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6) den Rialachán seo faireachán ar cibé an leantar ag comhlíonadh cheanglais Airteagail 19 go 22 de Threoir 2012/34/AE i ndáil le gnóthais iarnróid atá ceadúnaithe ag an Ríocht Aontaithe dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 1(2) den Rialachán seo.

2.  I gcás ina mbeidh amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún nach bhfuil na caighdeáin sábháilteachta á gcur i bhfeidhm maidir le hoibriú bonneagair seirbhísí nó bonneagar iarnróid trasteorann atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo nó maidir leis an gcuid sin den bhonneagar céanna atá sa Ríocht Aontaithe, nach bhfuil na caighdeáin sin i gcomhréir leis na forálacha ábhartha de dhlí an Aontais, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ▌chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. . Beidh feidhm mutatis mutandis ag an méid sin i gcás ina bhfuil amhras a bhfuil údar leis ar an gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm na gceanglas a bhaineann le ceadúnas a fháil mar ghnóthas iarnróid nó ceadúnas a fháil chun traein a thiomáint.

3.  Chun críocha mhír 1, féadfaidh an tÚdarás Sábháilteachta Náisiúnta nó an t-údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6), faoi seach, faisnéis a iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha agus sprioc-am réasúnta a leagan síos. I gcás nach gcuireann na húdaráis inniúla sin an fhaisnéis a iarradh ar fáil laistigh den tréimhse ama a bunaíodh ▌, nó i gcás ina gcuireann faisnéis neamhiomlán ar fáil, féadfaidh an Coimisiún, tar éis fógra a thabhairt don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta nó don údarás ceadúnúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (6), de réir mar is iomchuí, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an sochar arna thabhairt don sealbhóir de bhun Airteagal 3 a aistarraingt. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7(2).

4.  Sula n-aistarraingeoidh an Coimisiún na sochair arna dtabhairt de bhun Airteagal 3, cuirfidh sé in iúl in am trátha don Údarás Sábháilteachta Náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), don údarás a d'eisigh na deimhnithe sábháilteachta, na húdaruithe sábháilteachta agus na ceadúnais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), do shealbhóirí na ndeimhnithe, na n-údaruithe agus na gceadúnas sin agus d’Údarás Sábháilteachta Náisiúnta agus udarás ceadúnúcháin na Ríochta Aontaithe go bhfuil sé ar intinn aige dul ar aghaidh leis an aistarraingt sin agus tabharfaidh sé deis dóibh a dtuairimí a chur in iúl.

Airteagal 6

Comhairliúchán agus comhar

1.  Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát i gcomhairle agus i gcomhar le húdaráis inniúla na Ríochta Aontaithe de réir mar is gá chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú.

2.  Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiúin, arna iarraidh sin orthu, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis a fhaightear de bhun mhír 1 nó aon fhaisnéis eile is ábhartha chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Coiste

1.  Déanfaidh an coiste dá dtagraítear in Airteagal 51 de Threoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus an coiste dá dtagraítear in Airteagal 62 de Threoir 2012/34/AE cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh na coistí sin ina gcoistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

1.  Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

2.  Beidh feidhm leis ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis ▌an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

3.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo má tá comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach tar éis teacht i bhfeidhm faoin dáta dá dtagraítear i mír 2.

4.  Scoirfidh an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige naoi mí ón lá a dtiocfaidh sé chun bheith infheidhme i gcomhréir le mír 2.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Seo a leanas na stáisiúin agus críochfoirt trasnaithe teorann dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4:

1.  ÉIRE

Dún Dealgan / Dundalk

2.  AN FHRAINC

Calais-Fréthun

(1)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019.
(2) Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar Eorpach aonair iarnróid (IO L 343, 14.12.2012, lch. 32).
(3)Treoir (AE) 2016/798 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le sábháilteacht iarnróid (athmhúnlú) (IO L 138, 26.5.2016, lch. 102).
(4)Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail agus lena leasaítear Treoir 95/18/CE ón