Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 26 Márta 2019 - StrasbourgEagrán sealadach
Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ***I
 Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara AE-Iosrael (aontachas na Cróite) ***
 Deireadh a chur le hathruithe séasúracha ama ***I
 Rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas ***I
 An margadh inmheánach sa leictreachas ***I
 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh ***I
 Riosca-ullmhacht in earnáil an leictreachais ***I
 Cóipcheart sa Mhargadh Aonair Digiteach ***I
 Conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar ***I
 Conarthaí i ndáil le díolacháin earraí ***I
 Iascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) ***I
 Oibleagáidí tuairiscithe a ailíniú i réimse an bheartais comhshaoil ***I
 Rialacha speisialta maidir le fad uasta i gcás cábáin ***I

Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint ***I
PDF 391kWORD 116k
Rún
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (COM(2018)0184 – C8-0149/2018 – 2018/0089(COD))
P8_TA-PROV(2019)0222A8-0447/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0184),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0149/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a tíolacadh, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún(2)

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0447/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 1
(1)  Is é aidhm na Treorach seo eintitis cháilithe, a dhéanann ionadaíocht do chomhleasanna tomhaltóirí, a chumasú chun leigheas a lorg trí chaingne ionadaíocha i gcoinne sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ba cheart na heintitis cháilithe a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí sárú a stopadh nó a thoirmeasc, go ndéanfaí a dheimhniú gur tharla sárú agus sásamh a lorg, amhail cúiteamh, deisiú laghdú praghsanna de réir mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.
(1)  Is é aidhm na Treorach seo eintitis ionadaíocha cháilithe, a dhéanann ionadaíocht do chomhleasanna tomhaltóirí, a chumasú chun leigheas a lorg trí chaingne ionadaíocha i gcoinne sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ba cheart na heintitis ionadaíocha cháilithe a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí sárú a stopadh nó a thoirmeasc, go ndéanfaí a dheimhniú gur tharla sárú agus sásamh a lorg, amhail cúiteamh, aisíocaíocht an phraghais a íocadh, deisiú, athsholáthar, baint nó foirceannadh conartha de réir mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 2
(2)  Chumasaigh Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 eintitis cháilithe chun caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe go príomha ar stopadh agus ar thoirmeasc sáruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh atá díobhálach do chomhleasanna tomhaltóirí. Níor thug an Treoir sin aghaidh sách maith, áfach, ar na dúshláin a bhaineann le forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí. Chun an díspreagadh a mhéadú maidir le cleachtais neamhdhleathacha agus chun an dochar do thomhaltóirí a laghdú, tá sé riachtanach an sásra le haghaidh cosaint comhleasanna tomhaltóirí a neartú. I bhfianaise na n-athruithe iomadúla, ar mhaithe le soiléireacht, tá sé iomchuí Treoir 2009/22/CE a ionadú.
(2)  Chumasaigh Treoir 2009/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 eintitis ionadaíocha cháilithe chun caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe go príomha ar stopadh agus ar thoirmeasc sáruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh atá díobhálach do chomhleasanna tomhaltóirí. Níor thug an Treoir sin aghaidh sách maith, áfach, ar na dúshláin a bhaineann le forfheidhmiú dhlí na dtomhaltóirí. Chun an díspreagadh a mhéadú maidir le cleachtais neamhdhleathacha, chun cleachtais mhaithe agus fhreagracha gnó a spreagadh, agus chun an dochar do thomhaltóirí a laghdú, tá sé riachtanach an sásra le haghaidh cosaint comhleasanna tomhaltóirí a neartú. I bhfianaise na n-athruithe iomadúla, ar mhaithe le soiléireacht, tá sé iomchuí Treoir 2009/22/CE a ionadú. Tá géarghá le hidirghabháil an Aontais, ar bhonn Airteagal 114 CFAE, chun rochtain ar cheartas agus riar fónta an cheartais araon a áirithiú toisc go laghdófar léi na costais agus an t-ualach a ghabhann le caingne aonair.
__________________
__________________
29 IO L 110/30, 1.5.2009.
29 IO L 110/30, 1.5.2009.
Leasú 3
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3
(3)  Ba cheart caingean ionadaíoch a bheith ina bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint. Ba cheart go gcuirfeadh an saghas caingne sin ar a gcumas d’eintitis cháilithe gníomhú chun comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus chun dul thar na baic a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair, amhail éiginnteacht maidir lena gcearta agus na sásraí nós imeachta atá ar fáil, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt agus an éagothroime idir na costais agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair.
(3)  Ba cheart caingean ionadaíoch a bheith ina bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint i gcoinne sáruithe inmheánacha agus trasteorann araon. Ba cheart go gcuirfeadh an saghas caingne sin ar a gcumas d’eintitis ionadaíocha cháilithe gníomhú chun comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus chun dul thar na baic a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair, amhail éiginnteacht maidir lena gcearta agus na sásraí nós imeachta atá ar fáil, taithí roimhe seo ar éilimh nár éirigh leo, imeachtaí rófhada, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt agus an éagothroime idir na costais agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair, a mhéadaíonn, dá réir sin, an deimhneacht dhlíthiúil d’éilitheoirí agus do chosantóirí araon, agus don chóras dlí freisin.
Leasú 4
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4
(4)  Tá sé tábhachtach an chothromaíocht riachtanach idir rochtain ar cheartas agus cosaintí nós imeachta i gcoinne dlíthíocht mhí-úsáideach a áirithiú, ar rud é a d’fhéadfadh bac míchuí a chur ar chumas gnólachtaí feidhmiú sa Mhargadh Aonair. Chun mí-úsáid caingne ionadaíocha a chosc, ba cheart eilimintí áirithe a sheachaint amhail damáistí pionósacha agus easpa teorainneacha ar an teidlíocht caingean a thabhairt thar ceann na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh, agus ba cheart rialacha soiléire a leagan síos maidir le gnéithe éagsúla nós imeachta, amhail eintitis cháilithe a ainmniú, tionscnamh a gcistí agus an cineál faisnéise a theastaíonn le tacú leis an gcaingean ionadaíoch. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do rialacha náisiúnta maidir le leithdháileadh costais nós imeachta.
(4)  Tá sé tábhachtach an chothromaíocht riachtanach idir rochtain ar cheartas agus cosaintí nós imeachta i gcoinne dlíthíocht mhí-úsáideach a áirithiú, ar rud é a d’fhéadfadh bac míchuí a chur ar chumas gnólachtaí feidhmiú sa Mhargadh Aonair. Chun mí-úsáid caingne ionadaíocha a chosc, ba cheart eilimintí áirithe a sheachaint amhail damáistí pionósacha agus easpa teorainneacha ar an teidlíocht caingean a thabhairt thar ceann na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh, agus ba cheart rialacha soiléire a leagan síos maidir le gnéithe éagsúla nós imeachta, amhail eintitis ionadaíocha cháilithe a ainmniú, tionscnamh a gcistí agus an cineál faisnéise a theastaíonn le tacú leis an gcaingean ionadaíoch. Ba cheart don pháirtí nár éirigh leis costais na n-imeachtaí a iompar. Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an chúirt nó an binse costais a dhámhachtain don pháirtí nár éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh.
Leasú 5
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 6
(6)  Ba cheart réimsí éagsúla a chumhdach leis an Treoir seo amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, teileachumarsáid agus an comhshaol. Ba cheart go gcumhdódh sé sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais a chosnaíonn leasanna tomhaltóirí, is cuma an dtagraítear dóibh mar thomhaltóirí nó mar thaistealaithe, úsáideoirí, custaiméirí, infheisteoirí miondíola, cliaint mhiondíola nó eile i ndlí ábhartha an Aontais. Chun freagairt leordhóthanach ar shárú ar dhlí an Aontais a áirithiú, dlí a bhfuil a fhoirm agus scála ag athrú go tapa, ba cheart a mheas, gach uair a ghlactar gníomh nua de chuid an Aontais atá ábhartha do chosaint comhleasanna tomhaltóirí, an gá an Iarscríbhinn leis an Treoir seo a leasú chun é a áireamh ina raon feidhme.
(6)  Ba cheart réimsí éagsúla a chumhdach leis an Treoir seo amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, teileachumarsáid, an comhshaol agus sláinte. Ba cheart go gcumhdófar sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais a chosnaíonn comhleasanna tomhaltóirí, is cuma an dtagraítear dóibh mar thomhaltóirí nó mar thaistealaithe, úsáideoirí, custaiméirí, infheisteoirí miondíola, cliaint mhiondíola nó eile i ndlí ábhartha an Aontais, mar aon le comhleasanna na n-ábhar sonraí de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Chun freagairt leordhóthanach ar shárú ar dhlí an Aontais a áirithiú, dlí a bhfuil a fhoirm agus scála ag athrú go tapa, ba cheart a mheas, gach uair a ghlactar gníomh nua de chuid an Aontais atá ábhartha do chosaint comhleasanna tomhaltóirí, an gá an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo a leasú chun é a áireamh ina raon feidhme.
Leasú 6
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 6 a (nua)
(6 a)  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe ag a bhfuil tionchar leathan ar thomhaltóirí maidir leis na forálacha a chumhdaítear le dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I. Is tionchar leathan é nuair a dhéanann sé difear do bheirt tomhaltóirí.
Leasú 7
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9
(9)  Níor cheart rialacha dlí phríobháidigh idirnáisiúnta a leagan síos leis an Treoir seo i dtaca le dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas nó an dlí is infheidhme. Tá feidhm ag na hionstraimí atá ann cheana i ndlí an Aontais maidir leis na caingne ionadaíocha a leagtar amach leis an Treoir seo.
(9)  Níor cheart rialacha dlí phríobháidigh idirnáisiúnta a leagan síos leis an Treoir seo i dtaca le dlínse, aithint agus forfheidhmiú breithiúnas nó an dlí is infheidhme. Tá feidhm ag na hionstraimí atá ann cheana i ndlí an Aontais maidir leis na caingne ionadaíocha a leagtar amach leis an Treoir seo a choisceann méadú ar shiopadóireacht fóraim.
Leasú 8
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9 a (nua)
(9 a)  Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm rialacha AE maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach i gcásanna trasteorann. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú - an Bhruiséil I), Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) agus Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) maidir leis na caingne ionadaíocha a leagtar amach leis an Treoir seo.
Leasú 9
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 10
(10)  De bhrí nach féidir ach le heintitis cháilithe na caingne ionadaíocha a thabhairt, d’fhonn a áirithiú go bhfuil ionadaíocht leordhóthanach á déanamh ar chomhleasanna tomhaltóirí ba cheart do na heintitis cháilithe na critéir a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Go háirithe, chaithfidís a bheith bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit, lena n-áireofaí, mar shampla, ceanglais maidir leis an líon comhaltaí, an leibhéal buaine, nó ceanglais trédhearcachta maidir le gnéithe ábhartha dá struchtúr amhail a reachtanna bunaithe, a struchtúr bainistíochta, a gcuspóirí agus a modhanna oibre. Comhlachtaí neamhbhrabúis ba cheart a bheith iontu agus leas dlisteanach acu comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais a áirithiú. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir seo maidir le heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré agus maidir le heintitis cháilithe ad hoc atá bunaithe le haghaidh caingean shonrach.
(10)  De bhrí nach féidir ach le heintitis ionadaíocha cháilithe na caingne ionadaíocha a thabhairt, d’fhonn a áirithiú go bhfuil ionadaíocht leordhóthanach á déanamh ar chomhleasanna tomhaltóirí, ba cheart do na heintitis ionadaíocha cháilithe na critéir a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Go háirithe, chaithfidís a bheith bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit, agus ba ceart go n-áiritheofaí leis sin, mar shampla, ceanglais trédhearcachta maidir le gnéithe ábhartha dá struchtúr amhail a reachtanna bunaithe, a struchtúr bainistíochta, a gcuspóirí agus a modhanna oibre. Comhlachtaí neamhbhrabúis ba cheart a bheith iontu agus leas dlisteanach acu comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais a áirithiú. Thairis sin, ní mór do na heintitis ionadaíocha cháilithe a bheith neamhspleách ó oibreoirí margaidh, lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de. Ní mór nós imeachta bunaithe a bheith ag na heintitis ionadaíocha cháilithe freisin chun coinbhleacht leasa a sheachaint. Ní fhorchuirfidh na Ballstáit critéir a théann níos faide ná na critéir a bhunaítear leis an Treoir seo.
Leasú 10
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 15
(15)  Ba cheart an t-eintiteas cáilithe a bhfuil an chaingean ionadaíoch á tionscnamh aige faoin Treoir seo a bheith ina pháirtí sna himeachtaí dlí. Ba cheart deiseanna leordhóthanacha a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú chun tairbhe a bhaint as torthaí ábhartha na caingne ionadaíche. Ba cheart orduithe urghaire a eisítear faoin Treoir seo a bheith gan dochar do chaingne aonair arna dtabhairt ag tomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca an chleachtais atá faoi réir an ordaithe urghaire.
(15)  Ba cheart an t-eintiteas cáilithe a bhfuil an chaingean ionadaíoch á tionscnamh aige faoin Treoir seo a bheith ina pháirtí sna himeachtaí dlí. Ba cheart faisnéis leordhóthanacha a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú maidir le torthaí ábhartha na caingne ionadaíche agus conas is féidir leo tairbhe a bhaint astu. Ba cheart orduithe urghaire a eisítear faoin Treoir seo a bheith gan dochar do chaingne aonair arna dtabhairt ag tomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca an chleachtais atá faoi réir an ordaithe urghaire.
Leasú 11
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 16
(16)  Ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.
(16)  Ba cheart eintitis ionadaíocha cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.
Leasú 12
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 18
(18)  Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar eintitis cháilithe leordhóthain faisnéise a sholáthar chun tacú le caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh, lena n-áirítear tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an sárú agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach sa chaingean ionadaíoch. Níor cheart ceangal a bheith ar an eintiteas cáilithe gach tomhaltóir ar leith a mbaineann an sárú leo a shainaithint chun an chaingean a thionscnamh. I gcaingne ionadaíocha ar shásamh ba cheart don chúirt nó údarás riaracháin a fhíorú ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí an bhfuil cás oiriúnach lena thabhairt mar chaingean ionadaíoch, i bhfianaise chineál an tsáraithe agus shaintréithe na ndamáistí a bhain do na tomhaltóirí lena mbaineann.
(18)  Ba cheart do na Ballstáit ceangal a chur ar eintitis ionadaíocha cháilithe leordhóthain faisnéise a sholáthar chun tacú le caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh, lena n-áirítear tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an sárú agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach sa chaingean ionadaíoch. Níor cheart ceangal a bheith ar an eintiteas cáilithe gach tomhaltóir ar leith a mbaineann an sárú leo a shainaithint chun an chaingean a thionscnamh. I gcaingne ionadaíocha ar shásamh ba cheart don chúirt nó údarás riaracháin a fhíorú ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí an bhfuil cás oiriúnach lena thabhairt mar chaingean ionadaíoch, i bhfianaise chineál an tsáraithe agus shaintréithe na ndamáistí a bhain do na tomhaltóirí lena mbaineann. Go háirithe, ba cheart do na héilimh a bheith infhionnta agus aonfhoirmeach agus ba cheart comóntacht a bheith ann sna bearta a lorgaítear, agus ba cheart socruithe cistithe tríú páirtí an eintitis cháilithe a bheith trédhearcach agus saor ó choinbhleacht leasa. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go bhfuil an t-údarás ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a chaitheamh amach ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí.
Leasú 13
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 19
(19)  Ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh an féidir lena gcúirt nó údarás náisiúnta a bhfuil caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh tugtha os a gcomhair, cinneadh dearbhaitheach a eisiúint go heisceachtúil, seachas ordú sásaimh, maidir le dliteanas an trádálaí do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú, agus ar cinneadh é a bhféadfaí brath go díreach air i gcaingne sásaimh a thógfadh tomhaltóirí aonair ina dhiaidh sin. Ba cheart an deis sin a bheith teoranta do chásanna a bhfuil údar cuí leo nuair atá cainníochtú an tsásaimh aonair atá le sannadh do gach tomhaltóir a mbaineann an chaingean ionadaíoch leis casta agus bheadh sé mí-éifeachtúil an cainníochtú sin a dhéanamh sa chaingean ionadaíoch. Níor cheart cinntí dearbhaitheacha a eisiúint i gcásanna nach bhfuil casta agus go háirithe i gcásanna ina bhfuil na tomhaltóirí lena mbaineann in-sainaitheanta agus inar bhain díobháil inchomparáide do na tomhaltóirí i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán. Ar an gcuma chéanna, níor cheart cinntí dearbhaitheacha a eisiúint i gcás ina bhfuil méid an chaillteanais a bhain do gach tomhaltóir aonair chomh beag sin nach dócha go ndéanfaidh tomhaltóirí aonair éileamh ar shásamh aonair. Ba cheart don chúirt nó don údarás náisiúnta réasúnú iomchuí a thabhairt maidir le cinneadh dearbhaitheach a eisiúint seachas ordú sásaimh i gcás ar leith.
scriosta
Leasú 14
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 20
(20)  I gcás ina bhfuil tomhaltóirí a mbaineann an cleachtas céanna leo inaitheanta agus gur bhain díobháil inchomparáide dóibh i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán, i gcás conarthaí fadtéarmacha tomhaltóirí mar shampla, féadfaidh an chúirt nó údarás riaracháin an grúpa tomhaltóirí a mbaineann an sárú leo a shainiú go soiléir i gcúrsa na caingne ionadaíche. Go háirithe, d’fhéadfadh an chúirt nó údarás riaracháin iarraidh ar an trádálaí a rinne sárú faisnéis ábhartha a sholáthar, amhail céannacht na dtomhaltóirí lena mbaineann agus fad an chleachtais. Ar chúiseanna luais agus éifeachtúlachta, sna cásanna seo ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, breithniú a dhéanamh ar an deis a sholáthar do thomhaltóirí tairbhe dhíreach a bhaint as ordú sásaimh i ndiaidh eisiúint an ordaithe gan é a bheith riachtanach a sainordú aonair a thabhairt sula n-eisítear an t-ordú sásaimh.
scriosta
Leasú 15
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 21
(21)  I gcásanna íseal-luacha ní dócha go dtabharfaidh mórán tomhaltóirí caingean chun a gcearta a fhorfheidhmiú mar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid don duine aonair. Má tá an cleachtas céanna i gceist i gcás roinnt tomhaltóirí áfach, d’fhéadfadh an caillteanas comhiomlán a bheith suntasach. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh cúirt nó údarás a mheas go bhfuil sé díréireach cistí a dháileadh ar na tomhaltóirí lena mbaineann, mar go bhfuil an iomarca dua ag baint leis nó mar go bhfuil sé neamhphraiticiúil mar shampla. Dá bhrí sin, bheadh sé níos fearr na cistí a fhaightear mar shásamh trí chaingne ionadaíocha a úsáid chun críche comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart iad a dhíriú ar chuspóir poiblí ábhartha, amhail ciste cúnaimh dlí do thomhaltóirí, feachtais feasachta nó gluaiseachtaí tomhaltóirí.
scriosta
Leasú 16
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 23
(23)  Déantar foráil sa Treoir seo maidir le sásra nós imeachta, nach ndéanann difear do na rialacha lena mbunaítear cearta substainteacha tomhaltóirí do leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha sa chás go ndearna sárú díobháil dá leasanna, cosúil leis an gceart chun cúitimh le haghaidh damáistí, foirceannadh conartha, aisíocaíocht, athsholáthar, deisiú nó praghsanna a laghdú. Ní fhéadfar caingean ionadaíoch ag lorg sásaimh faoin Treoir seo a thabhairt ach sa chás go ndéanann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta foráil maidir le cearta substainteacha den sórt sin.
(23)  Déantar foráil sa Treoir seo maidir le sásra nós imeachta, nach ndéanann difear do na rialacha lena mbunaítear cearta substainteacha tomhaltóirí do leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha sa chás go ndearna sárú díobháil dá leasanna, amhail an ceart chun cúitimh le haghaidh damáistí, foirceannadh conartha, aisíocaíocht, athsholáthar, baint, deisiú nó praghsanna a laghdú. Ní fhéadfar caingean ionadaíoch ag lorg sásaimh faoin Treoir seo a thabhairt ach i gcás ina ndéanann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta foráil maidir le cearta substainteacha den sórt sin.
Leasú 17
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 24
(24)  Ní ghabhann an Treoir seo ionad na sásraí comhshásaimh náisiúnta atá ann cheana. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé an chaingean ionadaíoch a leagtar amach sa Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra comhshásaimh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo nó mar rogha mhalartach ar na sásraí seo, sa mhéid go gcloíonn an sásra náisiúnta leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sa Treoir seo.
(24)  Tá comhchuibhiú íosta mar aidhm leis an Treoir seo agus ní ghabhann ionad na sásraí comhshásaimh náisiúnta atá ann cheana. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé an chaingean ionadaíoch a leagtar amach sa Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra comhshásaimh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo nó mar rogha mhalartach ar na sásraí seo, sa mhéid go gcloíonn an sásra náisiúnta leis na rialacha mionsonraithe a leagtar amach sa Treoir seo. Ní chuireann sí cosc ar na Ballstáit a gcreat atá ann cheana a chothabháil, nó ní chuireann sí faoi oibleagáid na mBallstát é a leasú. Beidh an deis ag na Ballstáit na rialacha dá bhforáiltear sa Treoir seo a chur chun feidhme ina gcóras comhshásaimh féin nó iad a chur chun feidhme i nós imeachta ar leith.
Leasú 18
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 25
(25)  Ar feadh fad iomlán na caingne, ba cheart eintitis cháilithe a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le foinse mhaoiniú a ngníomhaíochta go ginearálta agus maidir leis na cistí atá ag tacú le caingean ionadaíoch shonrach maidir le sásamh ionas go mbeidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin in ann a mheas an ann do choinbhleacht leasa idir an maoinitheoir tríú páirtí agus an t-eintiteas cáilithe agus chun rioscaí dlíthíochta mí-úsáidí a sheachaint agus chun a mheas an bhfuil leordhóthain acmhainní ag an maoinitheoir tríú páirtí chun a ghealltanais airgeadais don eintiteas cáilithe a chomhlíonadh. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-eintiteas cáilithe don chúirt nó don údarás riaracháin atá i mbun maoirseachta ar an gcaingean ionadaíoch, ba cheart an chúirt nó an t-údarás sin a bheith in ann a mheas an bhféadfadh tríú páirtí tionchar a imirt ar chinntí nós imeachta an eintitis cháilithe i gcomhthéacs na caingne ionadaíche, lena n-áirítear maidir le socraíochtaí, agus an bhfuil sé ag cur maoiniú ar fáil do chaingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthróir an mhaoinithe é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthróir an mhaoinithe spleách air. Má dheimhnítear aon cheann de na himthosca sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó údarás riaracháin chun ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, chun seasamh an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcás sonrach.
(25)  Ba cheart eintitis ionadaíocha cháilithe a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le foinse mhaoiniú a ngníomhaíochta go ginearálta agus maidir leis na cistí atá ag tacú le caingean ionadaíoch shonrach maidir le sásamh ionas go mbeidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin in ann a mheas an ann do choinbhleacht leasa agus chun rioscaí dlíthíochta mí-úsáidí a sheachaint agus chun a mheas an bhfuil leordhóthain acmhainní ag an eintiteas ionadaíoch cáilithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun gach costas dlíthiúil is gá a sheasamh i gcás ina dteipfeadh leis an gcaingean. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-eintiteas cáilithe ag an gcéim is luaithe de na himeachtaí don chúirt nó don údarás riaracháin atá i mbun maoirseachta ar an gcaingean ionadaíoch, ba cheart don chúirt nó údarás sin a bheith in ann a mheas an bhféadfadh tríú páirtí tionchar a imirt ar chinntí nós imeachta an eintitis cháilithe go ginearálta agus i gcomhthéacs na caingne ionadaíche, lena n-áirítear maidir le socraíochtaí, agus an bhfuil sé ag cur maoiniú ar fáil do chaingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthróir an mhaoinithe é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthróir an mhaoinithe spleách air. Má dheimhnítear aon cheann de na himthosca sin, ní mór an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó údarás riaracháin ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, chun seasamh an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcás sonrach. Ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar ghnólachtaí dlí eintitis ionadaíocha cháilithe a bhunú. Maoiniú indíreach na caingne trí dheontais, lena n-áirítear deontais ó thrádálaithe faoi chuimsiú tionscnaimh freagrachta sóisialta corparáidí, beidh sé incháilithe chun maoiniú tríú páirtí a fháil ar choinníoll go gcomhlíonfaí na ceanglais a liostaítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 7 maidir le trédhearcacht, neamhspleáchas agus nach ann do choinbhleacht leasa.
Leasú 19
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 26
(26)  Ba cheart comhshocraíochtaí lasmuigh den chúirt a bhfuil sé mar aidhm leo sásamh a sholáthar do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh a spreagadh sula dtugtar an chaingean ionadaíoch agus ag aon chéim den chaingean ionadaíoch.
(26)  Ba cheart comhshocraíochtaí lasmuigh den chúirt, amhail idirghabháil, a bhfuil sé mar aidhm leo sásamh a sholáthar do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh a spreagadh sula dtugtar an chaingean ionadaíoch agus ag aon chéim den chaingean ionadaíoch.
Leasú 20
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 27
(27)  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh maidir leis an gcleachtas céanna. Ní mór don chúirt inniúil nó don údarás riaracháin inniúil a bhfuil comhshocraíocht den sórt sin á faomhadh aici nó aige, leasanna agus cearta na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh, tomhaltóirí aonair san áireamh. Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag an tsocraíocht sin. nó diúltú dó sin.
(27)  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh maidir leis an gcleachtas céanna. Ní mór don chúirt inniúil nó don údarás riaracháin inniúil a bhfuil comhshocraíocht den sórt sin á faomhadh aici nó aige, leasanna agus cearta na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh, tomhaltóirí aonair san áireamh. Ba ceart na socraíochtaí a bheith críochnaitheach agus ina gceangal ar na páirtithe uile.
Leasú 21
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 29
(29)   Chun sásamh a éascú le haghaidh tomhaltóirí aonair ar bhonn cinntí dearbhaitheacha críochnaitheacha, a eisítear i gcaingne ionadaíocha, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearna díobh dóibh de dheasca sárú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin a d’eisigh an cinneadh a iarraidh ar an eintiteas cáilithe agus ar an trádálaí teacht ar chomhshocraíocht.
scriosta
Leasú 22
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 30
(30)  Aon socraíocht lasmuigh den chúirt a dhéantar i gcomhthéacs caingean ionadaíoch nó a bhunaítear ar chinneadh dearbhaitheach críochnaitheach, ba cheart í a bheith faofa ag an gcúirt ábhartha nó ag an údarás riaracháin ábhartha lena dlíthiúlacht agus a cothroime a áirithiú, ag cur leasanna agus chearta na bpáirtithe ar fad lena mbaineann san áireamh. Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag an tsocraíocht sin nó diúltú dó sin.
(30)  Aon socraíocht lasmuigh den chúirt a dhéantar i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, ba cheart í a bheith faofa ag an gcúirt ábhartha nó ag an údarás riaracháin ábhartha lena dlíthiúlacht agus a cothroime a áirithiú, ag cur leasanna agus chearta na bpáirtithe ar fad lena mbaineann san áireamh. Beidh na socraíochtaí ina gceangal ar na páirtithe uile gan dochar d’aon chearta breise sásaimh a d’fhéadfaí a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Leasú 23
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 32
(32)  Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis. Ba cheart don trádálaí a rinne sárú na tomhaltóirí ar fad lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomchuí faoi orduithe urghaire críochnaitheacha agus faoi orduithe sásaimh críochnaitheacha a eisítear le linn na caingne ionadaíche, agus faoi aon socraíocht atá faofa ag cúirt nó údarás riaracháin chomh maith. Féadfar faisnéis den sórt sin a sholáthar mar shampla ar shuíomh gréasáin an trádálaí, ar na meáin shóisialta, ar mhargaí ar líne, nó i nuachtáin mhóréilimh, lena n-áirítear iad sin a dháiltear ar mhodhanna leictreonacha cumarsáide amháin. Más féidir, ba cheart gach tomhaltóir ar leith a chur ar an eolas trí litreacha leictreonacha nó páipéir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas arna iarraidh sin.
(32)  Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhféadfadh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a cheangal ar an bpáirtí cloíte na tomhaltóirí ar fad lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomchuí faoi chinneadh críochnaitheach maidir le hurghaire agus sásamh a eisítear le linn na caingne ionadaíche, agus é a cheangal ar an dá pháirtí i gcásanna in bhfuil socraíocht atá faofa ag an gcúirt nó ag údarás riaracháin. Féadfar faisnéis den sórt sin a sholáthar mar shampla ar shuíomh gréasáin, ar na meáin shóisialta, ar mhargaí ar líne, nó i nuachtáin mhóréilimh, lena n-áirítear iad sin a dháiltear trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide amháin. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas arna iarraidh sin. Íocfaidh an páirtí cloíte costais na faisnéise do thomhaltóirí.
Leasú 24
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 32 a (nua)
(32a)   Ba cheart go spreagfaí na Ballstáit clár náisiúnta do chaingne ionadaíocha a bhunú saor ó tháille, a d’fhéadfadh na hoibleagáidí trédhearcachta a fheabhsú.
Leasú 25
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 33
(33)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, neamhréir a sheachaint i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht nós imeachta i gcás caingne ionadaíocha agus na gcaingne le haghaidh sásaimh a d'fhéadfadh leanúint astu, nuair a chinntear gurb ann do shárú le cinneadh críochnaitheach, lena n-áirítear ordú urghaire críochnaitheach faoin Treoir seo, arna eisiúint ag údarás riaracháin nó cúirt, níor cheart an cinneadh sin a chur chun dlí arís i gcaingne dlí ina dhiaidh sin a bhaineann leis an sárú céanna ag an trádálaí céanna i ndáil le cineál an tsáraithe agus scóip ábhartha, phearsanta, ama agus chríochach an tsáraithe mar a shainítear sin leis an gcinneadh críochnaitheach sin. Nuair a dhéantar caingean a thabhairt ag lorg bearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, lena n-áirítear sásamh, i mBallstát seachas sa Bhallstát inar eisíodh cinneadh críochnaitheach gurbh ann don sárú sin, ba cheart an cinneadh sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise gur tharla an sárú.
(33)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, neamhréir a sheachaint i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht nós imeachta i gcás caingne ionadaíocha agus na gcaingne le haghaidh sásaimh a d'fhéadfadh leanúint astu, nuair a chinntear gurb ann do shárú nó do neamh-shárú le cinneadh críochnaitheach, lena n-áirítear ordú urghaire críochnaitheach faoin Treoir seo, arna eisiúint ag údarás riaracháin nó cúirt, ba cheart an cinneadh sin a bheith ina cheangal ar na páirtithe uile a bhí rannpháirteach sa chaingean ionadaíoch. Ba cheart an cinneadh críochnaitheach a bheith gan dochar d’aon chearta breise sásaimh a d’fhéadfaí a bheith ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Ba cheart an sásamh a fhaightear tríd an tsocraíocht a bheith ceangailteacht freisin i gcásanna lena mbaineann an cleachtas céanna, an trádálaí céanna agus an tomhaltóir céanna. Nuair a dhéantar caingean a thabhairt ag lorg bearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, lena n-áirítear sásamh, i mBallstát seachas sa Bhallstát inar eisíodh cinneadh críochnaitheach gurbh ann don sárú sin nó don neamh-shárú sin, ba cheart an cinneadh sin a bheith ina fhianaise gur tharla an sárú nó nár tharla an sárú i gcásanna lena mbaineann. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le cinneadh críochnaitheach ó chúirt Bhallstáit amháin lena mbunaítear gurb ann nó nach ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna, go measfar an cinneadh críochnaitheach sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise.
Leasú 26
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 35
(35)  Nuair atá caingean le haghaidh sásaimh bunaithe ar shárú a bheith ann de réir ordú urghaire críochnaitheach nó de réir cinneadh dearbhaitheach críochnaitheach maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh faoin Treoir seo, níor cheart na rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a bheith ina mbac ar an gcaingean sin. Má a thionscnaítear caingean ionadaíoch, beidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann d'aon chaingean sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin.
(35)  Nuair atá caingean le haghaidh sásaimh bunaithe ar shárú a bheith ann de réir ordú urghaire críochnaitheach maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh faoin Treoir seo, níor cheart na rialacha náisiúnta maidir le tréimhsí teorann a bheith ina mbac ar an gcaingean sin. Beidh sé d'éifeacht ag tíolacadh caingne ionadaíche go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann d'aon chaingean sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin.
Leasú 27
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 39
(39)  Ós rud é gur le leas an phobail caingne ionadaíocha toisc go ndéantar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint leo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirtear cosc ar eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt faoin Treoir seo de dheasca na gcostas a bhaineann leis na nósanna imeachta.
(39)  Ós rud é go mbíonn leas an phobail ina chuspóir ag caingne ionadaíocha trí chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint leo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach gcuirtear cosc ar eintitis ionadaíocha cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt faoin Treoir seo de dheasca na gcostas a bhaineann leis na nósanna imeachta. Faoi réir na gcoinníollacha ábhartha faoin dlí náisiúnta, áfach, ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar don fhíoras go n-aisíocann an páirtí a chailleann an chaingean ionadaíoch na costais dhlíthiúla is gá ón bpáirtí buaiteach (an prionsabal go n-íocann an cailliúnaí). Níor cheart, áfach, go ndéanfadh an chúirt nó an t-údarás riaracháin costais a dhámhachtain don pháirtí nár éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh.
Leasú 28
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 39 a (nua)
(39a)   Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go seachnófar táillí teagmhasacha agus nach gcruthófar trí tháillí dlíodóirí nó tríd an mhodh a ríomhtar iad aon dreasacht chun dlíthíochta nach bhfuil gá leis ó thaobh leas na dtomhaltóirí nó aon de na páirtithe lena mbaineann de agus a d’fhéadfaí bac a chur ar thomhaltóirí tairbhe iomlán a bhaint as an gcaingean ionadaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a cheadaíonn táillí teagmhasacha a áirithiú nach bhfuil táillí den sórt sin ina mbac ag tomhaltóirí chun lánchúiteamh a bhaint amach.
Leasú 29
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 40
(40)  Chonacthas cheana go bhfuil an comhar agus an malartú faisnéise idir eintitis cháilithe ó Bhallstáit dhifriúla úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe trasteorann. Is gá leanúint de na bearta neartaithe acmhainní agus comhair, agus is gá iad a leathnú chuig líon níos mó eintiteas cáilithe ar fud an Aontais chun úsáid caingne ionadaíocha a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a mhéadú.
(40)  Chonacthas cheana go bhfuil comhar agus malartú faisnéise, dea-chleachtais agus taithí idir eintitis ionadaíocha cháilithe ó Bhallstáit dhifriúla úsáideach chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe trasteorann. Is gá leanúint de na bearta neartaithe acmhainní agus comhair, agus is gá iad a leathnú chuig líon níos mó eintiteas ionadaíoch cáilithe ar fud an Aontais chun úsáid caingne ionadaíocha a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a mhéadú.
Leasú 30
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 41 a (nua)
(41a)   Chun a fhiosrú an bhféadfaí chun nós imeachta a reáchtáil ar leibhéal an Aontais do chaingne ionadaíocha trasteorann, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú an bhféadfaí Ombudsman Eorpach do chomhshásamh a bhunú.
Leasú 31
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1
1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar a gcumas d'eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus áirithítear go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint.
1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar a gcumas d'eintitis ionadaíocha cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus dá réir sin, go háirithe, ardleibhéal cosanta agus rochtain ar cheartas a bhaint amach agus a fhorfheidhmiú, agus ag an am céanna, áirithítear go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint.
Leasú 32
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 2
2.  Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun modhanna nós imeachta inchomparáide a chur ar fáil d’eintitis cháilithe nó d’aon duine eile lena mbaineann chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta.
2.  Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun modhanna nós imeachta inchomparáide a chur ar fáil d’eintitis ionadaíocha cháilithe nó d’aon chomhlacht poiblí chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta. Ní bheidh cur chun feidhme na Treorach seo in imthosca ar bith ina fhoras chun laghdú a dhéanamh ar chosaint an tomhaltóra sna réimsí a chumhdaítear faoi raon feidhme dhlí an Aontais.
Leasú 33
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1
1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe amhrasta ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Beidh feidhm aici maidir le sáruithe intíre agus trasteorann, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula bhfuil tús curtha leis an gcaingean ionadaíoch nó sula bhfuil críoch curtha leis an gcaingean ionadaíoch.
1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe le tionchar leathan ar thomhaltóirí ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann comhleasanna tomhaltóirí a chosaint. Beidh feidhm aici maidir le sáruithe intíre agus trasteorann, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula bhfuil tús curtha leis an gcaingean ionadaíoch nó sula bhfuil críoch curtha leis an gcaingean ionadaíoch.
Leasú 34
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 3
3.  Ní dochar an Rialachán seo do rialacha an Aontais maidir leis an dlí príobháideach idirnáisiúnta, go háirithe rialacha a bhaineann le dlínse cúirteanna agus na dlíthe is infheidhme.
3.  Tá an Treoir seo gan dochar do rialacha an Aontais maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach, go háirithe na rialacha a bhaineann le dlínse cúirte, le haithint agus forfheidhmiú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála agus leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha agus neamhchonarthacha, a bhfuil feidhm acu i leith na gcaingne ionadaíocha a leagtar amach sa Treoir seo.
Leasú 35
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
3 a.  Tá an Treoir seo gan dochar do chineálacha eile sásraí sásaimh dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta.
Leasú 36
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 3 b (nua)
3 b.  Leis an Treoir seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus go háirithe an ceart chun triail chóir agus neamhchlaonta a fháil agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil.
Leasú 37
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)
(1 a)  ciallaíonn ‘eagraíocht tomhaltóirí’ aon ghrúpa a fhéachann le leasanna tomhaltóirí a chosaint ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó neamhghníomhaíochtaí a rinne trádálaithe.
Leasú 38
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2
(2)  ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nó thar a cheann, chun críoch a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;
(2)  ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, gan beann ar é a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, atá ag gníomhú ar bhonn sibhialta faoi rialacha an dlí sibhialta, lena n-áirítear trí aon duine eile atá ag gníomhú faoi ainm an duine nó thar a cheann, chun críocha a bhfuil baint acu lena thrádáil, lena ghnó, lena cheird nó lena ghairm;
Leasú 39
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
(3)  ciallaíonn ‘comhleasanna tomhaltóirí’ na leasanna atá ag líon áirithe tomhaltóirí;
(3)  ciallaíonn ‘comhleasanna tomhaltóirí’ na leasanna atá ag líon áirithe tomhaltóirí nó ag ábhair sonraí mar a sainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/679 (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí);
Leasú 40
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)
(6 a)  ciallaíonn ‘dlí tomhaltais’ dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta a ghlactar chun tomhaltóirí a chosaint;
Leasú 41
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – teideal
Eintitis cháilithe
Eintitis ionadaíocha cháilithe
Leasú 42
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Ainmneoidh na Ballstáit nó a gcúirteanna laistigh dá gcríocha faoi seach eintiteas ionadaíoch cáilithe amháin ar a laghad chun críche caingne ionadaíocha a thabhairt de réir bhrí Airteagal 3(4).
Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas ina eintiteas cáilithe má chomhlíonann sé na critéir seo a leanas:
Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas ina eintiteas ionadaíoch cáilithe má chomhlíonann sé na critéir uile seo a leanas:
Leasú 43
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)   leas dlisteanach aige a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a chumhdaítear leis an Treoir seo;
(b)  ina reachtanna nó i ndoiciméad rialachais eile agus ina chuid gníomhaíochtaí leanúnacha a bhaineann le leasanna tomhaltóirí a chosaint agus a choinneáil slán, taispeántar an leas dlisteanach atá aige a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a chumhdaítear leis an Treoir seo;
Leasú 44
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c a (nua)
(c a)  gníomhaíonn sé i mbealach atá neamhspleách ó eintitis eile agus ó dhaoine cé is moite de thomhaltóirí a d’fhéadfadh leas eacnamaíoch a bheith acu i dtoradh na caingne ionadaíche, go háirithe ó oibreoirí margaidh;
Leasú 45
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c b (nua)
(c b)  níl aon comhaontuithe airgeadais aife le ó ghnólachtaí dlí do ghearánaithe cé is moite de ghnáthchonradh seirbhíse;
Leasú 46
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c c (nua)
(c c)  tá nósanna imeachta inmheánacha bunaithe aige chun coinbhleacht leasa idir é féin agus a chisteoirí a sheachaint;
Leasú 47
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 3
Déanfaidh na Ballstáit foráil go nochtfaidh na heintitis ionadaíocha cháilithe go poiblí, trí mhodhanna iomchuí, amhail ar a suíomh idirlín, i dteanga shimplí agus shothuigthe, an bealach a fhaigheann siad maoiniú, a struchtúr eagraíochtúil agus bainistíochta, a gcuspóir agus a modhanna oibre mar aon lena ngníomhaíochtaí.
Déanfaidh na Ballstáit a mheas ar bhonn rialta an gcomhlíonann eintiteas cáilithe leis na critéir seo fós. Áiritheoidh na Ballstáit go gcaillfidh an t-eintiteas cáilithe a stádas faoin Treoir seo mura gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear sa chéad fhomhír.
Déanfaidh na Ballstáit a mheas ar bhonn rialta an gcomhlíonann eintiteas ionadaíoch cáilithe leis na critéir seo fós. Áiritheoidh na Ballstáit go gcaillfidh an t-eintiteas ionadaíoch cáilithe a stádas faoin Treoir seo mura gcomhlíonann sé a thuilleadh ceann amháin nó níos mó de na critéir a liostaítear sa chéad fhomhír.
Bunóidh na Ballstáit liosta na n-eintiteas ionadaíoch a chomhlíonann na critéir a liostaítear i mír 1 agus cuirfidh siad ar fail go poiblí é. Cuirfidh siad an liosta faoi bhráid an Choimisiúin agus é nuashonraithe más gá.
Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eintiteas ionadaíoch a fhaightear ó na Ballstáit ar thairseach ar líne a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi.
Leasú 48
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
1 a.  D’fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí poiblí a ainmníodh cheana féin roimh theacht i bhfeidhm na Treorach seo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go mbeidh siad incháilithe i gcónaí do stádas an eintitis ionadaíche de réir bhrí an Airteagail seo.
Leasú 49
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 2
2.  Féadfaidh na Ballstáit eintiteas cáilithe a ainmniú ar bhonn ad hoc le haghaidh caingean ionadaíoch ar leith, arna iarraidh sin dó, má chomhlíonann sé na critéir dá dtagraítear i mír 1.
scriosta
Leasú 50
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil ach eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhlachtaí poiblí neamhspleácha incháilithe le haghaidh stádas an eintitis cháilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintiteas cáilithe.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eagraíochtaí tomhaltóirí a chomhlíonann na critéir a liostaítear i mír 1 agus comhlachtaí poiblí incháilithe le haghaidh stádas an eintitis ionadaíche cáilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintiteas ionadaíoch cáilithe.
Leasú 51
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 4
4.  Féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan amach ina sonraítear cé na heintitis cháilithe ar féidir leo na bearta ar fad dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, agus cé na eintitis cháilithe nach féidir leo ach ceann amháin níos mó de na bearta seo a lorg.
scriosta
Leasú 52
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 5
5.  Na critéir dá dtagraítear i mír 1 a bheith comhlíonta ag eintiteas cáilithe, tá sé sin gan dochar do dhualgas na cúirte nó an údaráis riaracháin a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach i gcomhréir le hAirteagal 5(1).
5.  Tá comhlíonadh na gcritéir dá dtagraítear i mír 1 ag eintiteas cáilithe gan dochar do dhualgas na cúirte nó an údaráis riaracháin a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach i gcomhréir le hAirteagal 4 agus le hAirteagal 5(1).
Leasú 53
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin ar choinníoll go bhfuil gaol díreach idir príomhchuspóirí an eintitis agus na cearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais atáthar a áitiú a sáraíodh agus a bhfuil an chaingean á tabhairt i ndáil leo.
1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir ach le heintitis ionadaíocha cháilithe a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) caingne ionadaíocha a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin, agus ar choinníoll go bhfuil gaol díreach idir príomhchuspóirí an eintitis agus na cearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais atáthar a áitiú a sáraíodh agus a bhfuil an chaingean á tabhairt i ndáil leo.
Beidh sé de shaoirse ag eintitis ionadaíocha cháilithe aon nós imeachta atá ar fáil a roghnú faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais chun ardleibhéal cosanta ar chomhleas an tomhaltóra a áirithiú.
Áiritheoidh na Ballstáit nár tugadh aon chaingean leanúnach eile os comhair chúirt nó údarás riaracháin an Bhallstáit maidir leis an gcleachtas céanna, an trádálaí céanna agus na tomhaltóirí céanna.
Leasú 54
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun na bearta seo a leanas a lorg:
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis ionadaíocha cháilithe, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí a ainmníodh roimh ré, i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun na bearta seo a leanas a lorg:
Leasú 55
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2
Chun orduithe urghaire a lorg, ní bheidh ar eintitis cháilithe sainordú a fháil ó na tomhaltóirí aonair lena mbaineann fianaise de chaillteanas ná damáiste iarbhír a sholáthar ó thaobh na dtomhaltóirí lena mbaineann de ná fianaise de rún ná faillí ó thaobh an trádálaí de.
Chun orduithe urghaire a lorg, ní bheidh ar eintitis ionadaíocha cháilithe sainordú a fháil ó na tomhaltóirí aonair lena mbaineann agus fianaise de chaillteanas ná damáiste iarbhír a sholáthar ó thaobh na dtomhaltóirí lena mbaineann de ná fianaise de rún ná faillí ó thaobh an trádálaí de.
Leasú 56
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe a
(a)  ordú urghaire mar bheart eatramhach chun an cleachtas a stopadh nó, mura bhfuil an cleachtas curtha i bhfeidhm go fóill ach go bhfuil sin ar tí tarlú, an cleachtas a thoirmeasc;
(a)  ordú urghaire mar bheart eatramhach chun an cleachtas neamhdhleathach a stopadh nó, mura bhfuil an cleachtas curtha i bhfeidhm go fóill ach go bhfuil sé ar tí tarlú, an cleachtas neamhdhleathach a thoirmeasc;
Leasú 57
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun bearta a lorg chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Déanfar na bearta sin a lorg ar bhonn aon chinneadh críochnaitheach go bhfuil cleachtas ina shárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí, lena n-áirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear i mír (2)(b).
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis ionadaíocha cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun bearta a lorg chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú.
Leasú 58
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 4
4.  Gan dochar d’Airteagal 4(4), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe in ann idir bhearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú agus bhearta dá dtagraítear i mír 2 a lorg in aon chaingean ionadaíoch amháin.
scriosta
Leasú 59
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 a (nua)
Airteagal 5a
Clárlann na gcaingne comhshásaimh
1.  Féadfaidh na Ballstáit clár náisiúnta do chaingne ionadaíocha a bhunú, a bheadh saor ó tháille d’aon duine leasmhar trí mhodhanna leictreonacha agus/nó modhanna eile.
2.  Tabharfaidh suíomhanna idirlín a fhoilsíonn na clárlanna rochtain ar fhaisnéis chuimsitheach agus oibiachtúil ar na modhanna atá ar fáil chun cúiteamh a fháil, lena n-áirítear modhanna lasmuigh den chúirt mar aor leis na caingne ionadaíocha ar feitheamh.
3.  Beidh idirnasc idir na clárlanna náisiúnta. Beidh feidhm ag Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394.
Leasú 60
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1
1.  Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg, lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Ballstát a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula ndéanfar cinneadh dearbhaitheach nó sula n-eiseofar ordú sásaimh.
1.  Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis ionadaíocha cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg, lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Ballstát a cheangal nó gan a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula n-eiseofar ordú sásaimh.
Leasú 61
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
1a.  Más rud é nach ndéanann Ballstát a cheangal go dtabharfadh an tomhaltóir aonair sainordú chun dul isteach i gcaingean ionadaíoch, ceadóidh an Ballstát sin, mar sin féin, do na daoine aonair sin nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát ina dtarlaíonn an chaingean, rannpháirt a ghlacadh sa chaingean ionadaíoch, i gcás inar thug siad a sainordú sainiúil chun dul isteach sa chaingean ionadaíoch laistigh den teorainn ama is infheidhme.
Leasú 62
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2
Ní mór don eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach a sholáthar de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun tacú leis an gcaingean, lena n-áirítear tuairisc ar na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean leo agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach.
Ní mór don eintiteas ionadaíoch cáilithe an fhaisnéis go léir is gá a sholáthar de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun tacú leis an gcaingean, lena n-áirítear tuairisc ar na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean leo agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach.
Leasú 63
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 2
2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cúirt nó údarás riaracháin a chumhachtú chun cinneadh dearbhaitheach a eisiúint, seachas ordú sásaimh, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair is casta sásamh aonair a chainníochtú mar gheall ar shaintréithe na díobhála ar leith do na tomhaltóirí lena mbaineann.
scriosta
Leasú 64
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 3
3.  Ní bheidh feidhm le mír 2 sna cásanna seo a leanas:
scriosta
(a)  tá na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú inaitheanta agus bhain díobháil inchomparáide dóibh mar gheall ar an gcleachtas céanna i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh an ceanglas sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann a fháil ina choinníoll chun an chaingean a thionscnamh. Díreofar an sásamh ar na tomhaltóirí lena mbaineann;
(b)  d’fhulaing na tomhaltóirí méid beag caillteanais agus bheadh sé díréireach an sásamh a dháileadh orthu. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann ina cheanglas. Díreofar an sásamh ar chuspóir poiblí a fhreastalaíonn ar chomhleasanna tomhaltóirí.
Leasú 65
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 4
4.  Beidh an sásamh a fhaightear trí chinneadh críochnaitheach i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
4.  Beidh an sásamh a fhaightear trí chinneadh críochnaitheach i gcomhréir le mír 1 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Tabharfar urraim don phrionsabal res judicata i gcur i bhfeidhm na forála seo.
Leasú 66
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 4 a (nua)
4 a.  Tá sé mar aidhm leis na bearta sásaimh lánchúiteamh ar a gcaillteanas a dheonú do thomhaltóirí. I gcás méid nár éilíodh a bheith fágtha i ndiaidh an chúitimh, chinnfeadh an chúirt cé an tairbhí don mhéid nár éilíodh atá fágtha. Ní rachaidh an méid sin nár éilíodh go dtí an t-eintiteas ionadaíoch cáilithe ná go dtí an trádálaí.
Leasú 67
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 4 b (nua)
4 b.  Go háirithe, toirmeascfar damáistí pionósacha a ndéanfaí an páirtí is éilitheoir maidir leis an damáiste a rinneadh a róchúiteamh dá mbarr. Mar shampla, an cúiteamh a dheonaítear do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh go comhpháirteach, ní bheidh an cúiteamh sin níos mó ná an méid a chaithfidh an trádálaí a chúiteamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó dlí an Aontais is infheidhme chun an díobháil iarbhír a bhain dóibh ar bhonn aonair a chumhdach.
Leasú 68
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – teideal
Maoiniú
Inghlacthacht caingne ionadaíche
Leasú 69
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 1
1.  An t-eintiteas cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, dearbhóidh sé go luath sa chaingean foinse na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá sé a úsáid chun tacú leis an gcaingean. Léireoidh sé go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha aige chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun aon chostais dhíobhálacha a sheasamh sa chás go dteipfeadh ar an gcaingean.
1.  An t-eintiteas ionadaíoch cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, déanfaidh sé forléargas airgeadais iomlán a faoi chur bhráid na cúirte nó an údaráis riaracháin ag an céim is luaithe den chaingean, ina liostaítear foinsí uile na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá á n-úsáid aige chun tacú leis an gcaingean chun a léiriú nach ann do choinbhleacht leasa. Léireoidh sé go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha aige chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun aon chostais dhíobhálacha a sheasamh i gcás ina dteipfeadh ar an gcaingean.
Leasú 70
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina bhfuil caingean ionadaíoch ar shásamh á maoiniú ag tríú páirtí, go bhfuil toirmeasc ar an tríú páirtí:
2.  D’fhéadfadh go bhfógródh an cúirt náisiúnta go bhfuil an chaingean ionadaíoch neamh-inghlactha má bhunaíonn an chúirt go ndéanfadh cistiúchán ón tríú páirtí an méid seo a leanas:
Leasú 71
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe a
(a)  tionchar a imirt ar chinntí an eintitis cháilithe i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, maidir le socraíochtaí san áireamh;
(a)  tionchar a imirt ar chinntí an eintitis ionadaíoch cháilithe i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, lena n-áirítear caingne ionadaíocha a thionscnamh agus cinntí ar shocraíochtaí;
Leasú 72
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag cúirteanna agus údaráis riaracháin na himthosca dá dtagraítear i mír 2 a mheas agus, dá réir sin, ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, seasamh an eintitis cháilithe i gcás sonrach a dhiúltú.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go measúnóidh na cúirteanna agus údaráis riaracháin nach ann do choinbhleacht leasa dá dtagraítear i mír 1 agus na himthosca dá dtagraítear i mír 2 ag céim na hinghlacthachta den chaingean ionadaíoch agus ar céim níos déanaí le linn na n-imeachtaí cúirte mura dtagann na himthosca chun solais ach ag an bpointe sin.
Leasú 73
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 3 a (nua)
3 a.  Áiritheoidh na Ballstáit freisin go bhfuil an t-údarás ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin cásanna ina bhfuil sé soiléir nach bhfuil aon bhunús leo a chaitheamh amach ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí.
Leasú 74
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 a (nua)
Airteagal 7 a
An prionsabal go n-íocann an cailliúnaí
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an páirtí a chailleann caingean chomhshásaimh costais dlí an pháirtí bhuaitigh a íoc, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta. Ní dhéanfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin, áfach, costais a dhámhachtain don pháirtí nár éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go bhfuil siad díréireach leis an éileamh.
Leasú 75
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 1
1.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh os comhair chúirt nó údarás riaracháin an Bhallstáit chéanna maidir leis an trádálaí céanna agus maidir leis an gcleachtas céanna.
1.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas ionadaíoch cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin.
Leasú 76
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6
6.  Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, nó diúltú dó sin. Beidh an sásamh a gheofar trí shocraíocht fhaofa i gcomhréir le mír 4 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
6.  Beidh an sásamh a gheofar trí shocraíocht fhaofa i gcomhréir le mír 4 ina cheangal ar na páirtithe uile gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Leasú 77
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír -1 (nua)
-1 Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis ionadaíocha na nithe a leanas:
(a)  tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir leis an sárú atá á áitiú ar chearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais agus an rún chun urghaire a lorg nó tabhairt faoi chaingean le haghaidh damáistí,
(b)  míniú do thomhaltóirí lena mbaineann roimh ré gur féidir leo dul isteach i gcaingean chun a áirithiú go coinneofar na doiciméid ábhartha agus faisnéis eile is gá don chaingean,
(c)  i gcás inarb iomchuí, iad a chur ar an eolas faoi na céimeanna ina dhiaidh sin agus na hiarmhairtí ionchasacha dlí.
Leasú 78
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin ceangal ar an trádálaí a rinne sárú na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina bhforáiltear maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe, lena n-áirítear, más iomchuí, trí fhógra a thabhairt do gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann.
1.  I gcás ina bhfuil socraíocht nó cinneadh críochnaitheach chun leasa tomhaltóirí a d’fhéadfadh a bheith aineolach mar gheall air, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin ceangal ar an bpáirtí cloíte nó ar an dá pháirtí na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina bhforáiltear maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe. D’fhéadfadh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfadh an oibleagáid faisnéise a chomhlíonadh trí shuíomh idirlín a chur ar fáil go poiblí agus a bheadh inrochtana gan stró.
Leasú 79
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
1 a.  Íocfaidh an páirtí cloíte costais na faisnéise do thomhaltóirí i gcomhréir leis an bprionsabal a leagtar síos in Airteagal 7.
Leasú 80
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2
2.  Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 beidh míniú i dteanga intuigthe ar ábhar na caingne ionadaíche, a iarmhairtí dlí agus, más iomchuí, na gníomhartha atá le déanamh ag na tomhaltóirí lena mbaineann.
2.  Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 beidh míniú i dteanga intuigthe ar ábhar na caingne ionadaíche, a iarmhairtí dlí agus, más iomchuí, na gníomhartha atá le déanamh ag na tomhaltóirí lena mbaineann. Déanfar módúlachtaí agus creat ama na faisnéise a dhearadh i gcomhaontú leis an gcúirt nó leis an údarás riaracháin.
Leasú 81
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2 a (nua)
2 a.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil don phobal i mbealach inrochtana, maidir le caingne comhpháirteacha atá le teacht, atá ar siúl agus atá i gcrích, lena n-áirítear tríd na meáin agus ar líne trí shuíomh idirlín nuair a chineann cúirt go bhfuil an cás inghlachta.
Leasú 82
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2 b (nua)
2 b.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumarsáid phoiblí ó eintitis cháilithe maidir le héilimh fíorasach agus go dtugtar san áireamh léi ceart na dtomhaltóirí faisnéis a fháil agus ceart chlú na gcosantóirí agus a gcearta chun rúndachta gnó.
Leasú 83
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – mír 1
1.  Más ann do shárú a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí de réir cinneadh críochnaitheach ó údarás riaracháin nó ó chúirt, lena náirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b), áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar leis sin mar léiriú doshéanta gurb ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna.
1.  I gcás cinneadh críochnaitheach ó údarás riaracháin nó ó chúirt, lena n-áirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(b), áiritheoidh na Ballstáit go bhfeicfear é mar fhianaise gurb ann nó nach ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis na fíorais chéanna ar choinníoll nach bhféadfaí an damáiste céanna a chúiteamh faoi dhó do na tomhaltóirí céanna lena mbaineann.
Leasú 84
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údaráis riaracháin le cinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 1 mar thoimhde infhrisnéise gur tharla sárú.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údaráis riaracháin le cinneadh críochnaitheach dá dtagraítear i mír 1 mar fhianaise ar a laghad gur tharla sárú.
Leasú 85
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – mír 2 a (nua)
2 a.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir le cinneadh críochnaitheach ó chúirt Bhallstáit amháin lena mbunaítear gurb ann nó nach ann don sárú chun críocha aon chaingne eile lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna, go measfar an cinneadh críochnaitheach sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise.
Leasú 86
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfar le cinneadh dearbhaitheach críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) mar léiriú doshéanta go bhfuil an trádálaí faoi dhliteanas i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú chun críocha aon chaingne lena lorgaítear sásamh os comhair a gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an trádálaí chéanna maidir leis an sárú céanna. Má thugann tomhaltóirí aonair caingean den sórt sin le haghaidh sásaimh, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leo sin a dhéanamh trí nósanna imeachta áisiúla agus simplithe.
3.  Moltar do na Ballstáit bunachar sonraí a chruthú ina mbeadh na cinntí críochnaitheacha uile maidir le caingne sásaimh lena bhféadfaí bearta sásaimh eile a éascú, agus a ndea-chleachtais sa réimse sin a chomhroinnt.
Leasú 87
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1
Má a thionscnaítear caingean ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le haon chaingean sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin, má tá na cearta ábhartha faoi réir tréimhse teorann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má a thionscnaítear caingean ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le haon chaingean sásaimh le haghaidh na ndaoine aonair a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin, má tá na cearta ábhartha faoi réir tréimhse teorann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Leasú 88
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1
An t-eintiteas cáilithe a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige atá le fáil go réasúnach agus ar leor iad chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch, má shonraíonn an t-eintiteas sin tuilleadh fianaise atá faoi rialú an chosantóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a ordú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta, go dtabharfaidh an cosantóir an fhianaise sin i láthair, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht.
Ar iarraidh ó cheann de na páirtithe atá tar éis fíorais agus fianaise atá le fáil go réasúnach a chur i láthair agus míniú substainteach a thabhairt, ar leor iad chun tacú lena tuairimí, agus má shonraíonn sé tuilleadh fianaise atá faoi rialú an pháirtithe eile, ar fianaise é atá sonrach agus mínithe go soiléir, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a ordú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta, go dtabharfaidh an páirtí eile sin an fhianaise sin i láthair, chomh cúng agus is féidir arna bunú ar fhíorais atá ar fáil go réasúnach, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht. Ní mór don ordú a bheith leordhóthanach agus comhréireach maidir leis an gcás atá i dtrácht agus nach gcruthódh sé míchothromaíocht idir an dá pháirtí lena mbaineann.
Leasú 89
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1 a (nua)
1a.  Áiritheoidh na Ballstáit go teorannóidh na cúirteanna nochtadh na fianaise don mhéid is comhréireach. Chun cinneadh a dhéanamh faoi aon nochtadh arna iarraidh ag eintiteas ionadaíoch a bheith comhréireach, cuirfidh an chúirt san áireamh leas dlisteanach na bpáirtithe uile lena mbaineann, eadhon an méid a thacaíonn na fíorais agus an fhianaise atá ar fáil leis an iarratas ar nochtadh agus an bhfuil faisnéis rúnda san fhaisnéis ar iarradh a nochtadh.
Leasú 90
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1 b (nua)
1b.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag na cúirteanna náisiúnta nochtadh fianaise a ordú ar fianaise í a bhfuil faisnéis inti a mheasann siad a bheith ábhartha don chaingean le haghaidh damáistí.
Leasú 91
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na pionóis a bheith i bhfoirm fíneálacha.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir na pionóis a bheith, inter alia, i bhfoirm fíneálacha.
Leasú 92
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 14 – mír 3
3.  Nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh ioncaim ó fhíneálacha cuirfidh na Ballstáit comhleasanna tomhaltóirí san áireamh.
3.  Nuair atá cinneadh á dhéanamh maidir le leithdháileadh ioncaim ó fhíneálacha cuirfidh na Ballstáit comhleasanna san áireamh. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go leithdháilfear ioncaim den sórt sin do chiste a chruthófar chun críche caingne ionadaíocha a mhaoiniú.
Leasú 93
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – teideal
Cúnamh le haghaidh eintitis cháilithe
Cúnamh le haghaidh eintitis ionadaíocha cháilithe
Leasú 94
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, amhail teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá, nó maoiniú poiblí a sholáthar dóibh chun na críche sin.
1.  Spreagfar na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 7, lena áirithiú go bhfuil cistí leordhóthanacha ar fáil ag eintitis ionadaíocha cháilithe do chaingne ionadaíocha. Déanfaidh siad na bearta riachtanacha chun rochtain ar cheartas a éascú agus áiritheoidh siad nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, amhail teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá, nó maoiniú poiblí a sholáthar dóibh chun na críche sin.
Leasú 95
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1 a (nua)
1 a.  Cuirfidh na Ballstáit tacaíocht struchtúrach ar fáil d’eintitis a ghníomhaíonn mar eintitis cháilithe faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo.
Leasú 96
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 a (nua)
Airteagal 15a
Ionadaíocht dhlíthiúil agus táillí dlí
Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthófar trí tháillí dlíodóirí nó tríd an mhodh a ríomhtar iad aon dreasacht chun dlíthíochta nach bhfuil gá leis ó thaobh leas de d’aon de na páirtithe lena mbaineann. Go háirithe, cuirfidh na Ballstáit toirmeasc ar tháille teagmhasacha
Leasú 97
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 1
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gur féidir le haon eintiteas cáilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1) iarratas a chur faoi bhráid cúirteanna nó údarás riaracháin Ballstáit eile ach an liosta atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear san Airteagal sin a chur i láthair. Glacfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin leis an liosta sin mar fhianaise ar sheasamh dlí an eintitis cháilithe gan dochar dá gceart a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach.
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gur féidir le haon eintiteas ionadaíoch cáilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1) iarratas a chur faoi bhráid cúirteanna nó údarás riaracháin Ballstáit eile ach an liosta atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear san Airteagal sin a chur i láthair. Féadfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin seasamh dlí an eintitis cháilithe a mheasúnú gan dochar dá gceart a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis ionadaíoch cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach.
Leasú 98
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 2 a (nua)
2 a.  Féadfaidh Ballstát, ina dtarlaíonn comhshásamh é a chur de cheangal ar na tomhaltóirí atá ina gcónaí sa Bhallstát sin sainordú a thabhairt agus beidh sé ina cheangal aige ag tomhaltóirí aonair atá bunaithe i mBallstát aonair nuair is caingean trasteorann í. In imthosca mar sin, cuirfear liosta tiomsaithe de na tomhaltóirí go léir ó Bhallstáit eile nár thug sainordú mar sin faoi bhráid na cúirte nó an údaráis riaracháin agus faoi bhráid an chostantóra ag tús caingne.
Leasú 99
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 4
4.  Má cheistíonn Ballstát an Coimisiún go gcomhlíonann eintiteas cáilithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1), déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an t-eintiteas an cheist a scrúdú agus, más iomchuí, an t-ainmniúchán a chúlghairm mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de na critéir á gcomhlíonadh.
4.  Má cheistíonn Ballstát, an Coimisiún nó an trádálaí go gcomhlíonann eintiteas ionadaíoch cáilithe na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1), déanfaidh an Ballstát a d’ainmnigh an t-eintiteas an cheist a scrúdú agus, más iomchuí, an t-ainmniúchán a chúlghairm mura bhfuil ceann amháin nó níos mó de na critéir á gcomhlíonadh.
Leasú 100
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 a (nua)
Airteagal 16a
An Clár Poiblí
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha clár atá inrochtana poiblí de na gníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir orduithe urghaire i gcomhréir le forálacha na Treorach seo.
Leasú 101
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 2
2.  Tráth nach déanaí ná bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an leibhéal cosanta do chearta tomhaltóirí faoi na rialacha maidir le cearta paisinéirí aeir agus iarnróid inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoin Treoir seo. Más amhlaidh cás, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí iomchuí a dhéanamh is féidir a bheith i gceist leo, go háirithe, na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe 10 agus i bpointe 15 d’Iarscríbhinn I a bhaint as raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo mar a shainítear sin in Airteagal 2.
scriosta
Leasú 102
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 a (nua)
Airteagal 18a
Clásal athbhreithnithe
Gan dochar d’Airteagal 16, measúnóidh an Coimisiún arbh fhearr dul i ngleic le caingne ionadaíocha trasteorann ar leibhéal an Aontais trí Ombudsman Eorpach do chomhshásamh a bhunú. Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ina leith sin a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus togra ábhartha ag dul leis i gcás inarb iomchuí.
Leasú 103
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 a (nua)
(59a)   Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
Leasú 104
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 b (nua)
(59b)   Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
Leasú 105
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 c (nua)
(59c)   Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta i gcúrsaí sábháilteachta bia.
Leasú 106
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 d (nua)
(59d)   Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
Leasú 107
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 e (nua)
(59e)   Rialachán (CEE) Uimh. 2136/89 ón gComhairle an 21 Meitheamh 1989 lena leagtar síos comhchaighdeáin mhargaíochta maidir le sairdíní leasaithe agus maidir le tuairiscí trádála le haghaidh sairdíní leasaithe agus táirgí de chineál sairdín.
Leasú 108
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 f (nua)
(59f)   Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1775/2005.
23.11.2018
TUAIRIM ÓN GCOISTE UM AN MHARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA
chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE
(COM(2018)0184 – C8-0149/2018 – 2018/0089(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Dennis de Jong
(*) Coistí comhlachaithe – Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta
RÉASÚNÚ GEARR
Aontaíonn an Rapóirtéir leis na prionsabail bhunúsacha sa togra ón gCoimisiún agus tá sé den tuairim go mbaineann an Coimisiún an chothromaíocht cheart amach maidir le caingne ionadaíocha a éascú, gan an bealach a réiteach do chleachtais mhí-úsáideacha. Go háirithe, measann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach nach féidir ach le heagraíochtaí neamhbhrabúsacha gníomhú mar ‘eintitis cháilithe’ de réir chiall na Treorach.
Comhchuibhiú íosta
In Airteagal 1, tá an réiteach reatha sách doiléir. Molann an Rapóirtéir dá bhrí sin é a dhéanamh an-soiléir go bhfuil sé comhchuibhiú íosta ina chuspóir ag an Treoir agus go bhfuil sé de shaoirse ag na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choinneáil atá níos fabhraí ó thaobh tomhaltóirí de.
Eintitis cháilithe agus bearta ionadaíocha
Cé go bhfuil comhlachtaí neamhspleácha ag formhór na mBallstát a bhíonn ag déileáil le cearta tomhaltóirí, ní mar sin atá sé i mBallstáit áirithe, mar shampla, sa Ghearmáin. Ní í an Treoir seo an uirlís oiriúnach chun a cheangal ar gach Ballstát comhlachtaí den sórt sin a bhunú. Dá bhrí sin, chuir an Rapóirtéir na focail ‘i gcás inarb infheidhme’ le hAirteagal 4.
Maidir le hAirteagal 5, níor cheart gur gá fanacht sula seolfar caingne ionadaíocha ar shásamh go dtí go mbunaíonn cinneadh críochnaitheach gur sárú ar dhlí an Aontais atá i gcleachtas. Seachas sin, d’fhéadfadh nósanna imeachta a bheith chomh fadálach sin go bhféadfadh fianaise iarbhír an damáiste a chailleadh.
Bearta sásaimh
In Airteagal 6, molann an Rapóirtéir teorainn a chur leis an deis atá ag Ballstáit cúirt nó údarás riaracháin a chumhachtú chun cinneadh dearbhaitheach a éisiúint ar mhaithe le cosc a chur ar chásanna a mharcáil mar chásanna casta ar bhonn ró-éasca. Ar an dara dul síos, molann an Rapóirtéir an ceart a thabhairt do gach tomhaltóir a gcúiteamh a fháil gan beann ar mhéid an chaillteanais. Is téarma subiachtúil é méid beag caillteanais, toisc gurb ionann méid bheag do thomhaltóir amháin méid mhór do thomhaltóir eile.
Raon feidhme
Cé nach mbeadh an Rapóirtéir i bhfabhar cearta paisinéirí a bhaint ó raon feidhme na Treorach, staon sé ó na tagairtí do mheastóireacht den ghné sin a bhaint, toisc go bhfuil na tograí reachtacha is déanaí ón gCoimisiún maidir le cearta paisinéirí aeir agus iarnróid fós faoi chaibidil. A luaithe a bheidh na caibidlíochtaí sin i gcrích, tiocfaidh léargas níos iomláine chun cinn. Maidir le hathmheasúnú a dhéanamh bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm na Treoir, is cosúil go mbeadh sé róluath a shuí an dtugann na rialacha nua ar chearta paisinéirí leibhéal leordhóthanach cosanta a bheadh inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Treoir seo.
In Iarscríbhinn I, chuir an Rapóirtéir san áireamh roinnt ionstraimí reachtacha, ar cruthaíodh go bhfuil siad tábhachtach do thomhaltóirí, agus déantar raon feidhme ábhartha na Treorach seo a leathnú dá bharr.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3
(3)  Ba cheart caingean ionadaíoch a bheith ina bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint. Ba cheart go gcuirfeadh an saghas caingne sin ar a gcumas d’eintitis cháilithe gníomhú chun comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus chun dul thar na baic a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair, amhail éiginnteacht maidir lena gcearta agus na sásraí nós imeachta atá ar fáil, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt agus an éagothroime idir na costais agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair.
(3)  Ba cheart caingean ionadaíoch a bheith ina bealach éifeachtach agus éifeachtúil chun comhleasanna tomhaltóirí uile a chosaint gan idirdhealú. Ba cheart go gcuirfeadh an saghas caingne sin ar a gcumas d’eintitis cháilithe gníomhú chun comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus chun dul thar na baic a bhíonn ar thomhaltóirí le linn caingne aonair maidir lena seasamh níos laige go ginearálta, amhail éiginnteacht maidir lena gcearta agus na sásraí nós imeachta atá ar fáil, leisce shíceolaíoch caingean a thabhairt agus an éagothroime idir na costais agus na tairbhí ionchasacha a bhainfeadh le caingean aonair.
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 6
(6)  Ba cheart réimsí éagsúla a chumhdach leis an Treoir seo amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, teileachumarsáid agus an comhshaol. Ba cheart go gcumhdódh sé sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais a chosnaíonn leasanna tomhaltóirí, is cuma an dtagraítear dóibh mar thomhaltóirí nó mar thaistealaithe, úsáideoirí, custaiméirí, infheisteoirí miondíola, cliaint mhiondíola nó eile i ndlí ábhartha an Aontais. Chun freagairt leordhóthanach ar shárú ar dhlí an Aontais a áirithiú, dlí a bhfuil a fhoirm agus scála ag athrú go tapa, ba cheart a mheas, gach uair a ghlactar gníomh nua de chuid an Aontais atá ábhartha do chosaint comhleasanna tomhaltóirí, an gá an Iarscríbhinn leis an Treoir seo a leasú chun é a áireamh ina raon feidhme.
(6)  Ba cheart réimsí éagsúla a chumhdach leis an Treoir seo amhail cosaint sonraí, seirbhísí airgeadais, taisteal agus turasóireacht, fuinneamh, teileachumarsáid, an comhshaol agus sláinte. Ba cheart go gcumhdófar sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais, a chosnaíonn comhleasanna tomhaltóirí, is cuma an dtagraítear dóibh mar thomhaltóirí nó mar thaistealaithe, úsáideoirí, custaiméirí, infheisteoirí miondíola, cliaint mhiondíola nó eile i ndlí ábhartha an Aontais, mar aon le comhleasanna na n-ábhar sonraí de réir bhrí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Chun freagairt leordhóthanach ar shárú ar dhlí an Aontais a áirithiú, dlí a bhfuil a fhoirm agus scála ag athrú go tapa, ba cheart a mheas, gach uair a ghlactar gníomh nua de chuid an Aontais atá ábhartha do chosaint comhleasanna daoine aonair, an gá an Iarscríbhinn leis an Treoir seo a leasú chun é a áireamh ina raon feidhme.
Leasú 3
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 7
(7)   Tá glactha ag an gCoimisiún tograí reachtacha le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear do phaisinéir bordáil agus cealú nó moill fhada eitiltí agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer30 agus le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí ceart paisinéirí iarnróid31. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go ndéanfadh an Coimisiún a mheas, bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, an bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta á sholáthar ag rialacha an Aontais i réimse chearta na bpaisinéirí aeir agus iarnróid, atá inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus go dtiocfadh sé ar aon chonclúidí is gá maidir le raon feidhme na Treorach seo.
scriosta
_________________
30 COM (2013) 130 críochnaitheach.
31 COM (2017) 548 críochnaitheach.
Leasú 4
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 9 a (nua)
(9 a)  Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo difear do chur i bhfeidhm rialacha AE maidir leis an dlí idirnáisiúnta príobháideach i gcásanna trasteorann. Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú - an Bhruiséil I), Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) agus Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) maidir leis na caingne ionadaíocha a leagtar amach leis an Treoir seo.
Leasú 5
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 10
(10)  De bhrí nach féidir ach le heintitis cháilithe na caingne ionadaíocha a thabhairt, d’fhonn a áirithiú go bhfuil ionadaíocht leordhóthanach á déanamh ar chomhleasanna tomhaltóirí ba cheart do na heintitis cháilithe na critéir a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Go háirithe, chaithfidís a bheith bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit, lena n-áireofaí, mar shampla, ceanglais maidir leis an líon comhaltaí, an leibhéal buaine, nó ceanglais trédhearcachta maidir le gnéithe ábhartha dá struchtúr amhail a reachtanna bunaithe, a struchtúr bainistíochta, a gcuspóirí agus a modhanna oibre. Comhlachtaí neamhbhrabúis ba cheart a bheith iontu agus leas dlisteanach acu comhlíonadh dhlí ábhartha an Aontais a áirithiú. Ba cheart feidhm a bheith ag na critéir seo maidir le heintitis cháilithe atá ainmnithe roimh ré agus maidir le heintitis cháilithe ad hoc atá bunaithe le haghaidh caingean shonrach.
(10)  De bhrí nach féidir ach le heintitis cháilithe na caingne ionadaíocha a thabhairt, chun a áirithiú go bhfuil ionadaíocht leordhóthanach á déanamh ar chomhleasanna tomhaltóirí, ba cheart do na heintitis cháilithe na critéir a leagtar síos sa Treoir seo a chomhlíonadh. Go háirithe, ba cheart go gclárófar iad i mBallstát an Aontais Eorpaigh amhail iad a bheith bunaithe go cuí de réir dhlí an Bhallstáit sin. Go háirithe, ba cheart nádúr neamhbhrabúsach agus struchtúr rialachais a bheith acu chun a áirithiú nach n-íoctar tuarastail nó táillí iomarcacha nó nach ndéantar aisíocaíocht ar chostais iomarcacha oifige ná speansais iomarcacha eile chun an critéar neamhbhrabúsach a chomhlíonadh agus ar an mbonn sin amháin.
Leasú 6
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 11
(11)  Ba cheart do chomhlachtaí poiblí neamhspleácha agus go háirithe d'eagraíochtaí tomhaltóirí ról gníomhach a imirt maidir le comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus tá siad ar fad in ann gníomhú mar eintitis cháilithe. Ó tharla go bhfuil rochtain ag na heintitis seo ar fhoinsí difriúla faisnéise maidir le cleachtais trádálaithe i ndáil le tomhaltóirí agus ó tharla go bhfuil tosaíochtaí difriúla acu maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na cineálacha beart a d’fhéadfadh gach ceann de na heintitis cháilithe seo a lorg i gcaingne ionadaíocha.
(11)  Ba cheart do chomhlachtaí poiblí neamhspleácha, d'eagraíochtaí tomhaltóirí agus do ghrúpaí comhairleacha saoránach go háirithe ról gníomhach a imirt maidir le comhlíonadh forálacha ábhartha dhlí an Aontais a áirithiú agus tá siad ar fad in ann gníomhú mar eintitis cháilithe. Ó tharla go bhfuil rochtain ag na heintitis seo ar fhoinsí difriúla faisnéise maidir le cleachtais trádálaithe i ndáil le tomhaltóirí agus ó tharla go bhfuil tosaíochtaí difriúla acu maidir lena ngníomhaíochtaí, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis na cineálacha beart a d’fhéadfadh gach ceann de na heintitis cháilithe seo a lorg i gcaingne ionadaíocha.
Leasú 7
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 11 a (nua)
(11 a)   Níor cheart go mbeadh idirghaol struchtúrach nó airgeadais ag eintitis cháilithe le tríú duine nó tríú eagraíocht a bhaineann leas airgeadais as an gcaingean trí cúnamh dlíthiúil nó tacaíocht airgeadais a sholáthar.
Leasú 8
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 13
(13)  Chun éifeachtacht nós imeachta na gcaingne ionadaíocha a mhéadú, ba cheart an deis a bheith ag eintitis cháilithe bearta difriúla a lorg laistigh d'aon chaingean ionadaíoch amháin nó laistigh de chaingne ionadaíocha éagsúla. Ba cheart bearta eatramhacha a áireamh ar na bearta sin chun stop a chur le cleachtas atá fós ar siúl nó chun cleachtas a thoirmeasc sa chás nár cuireadh an cleachtas i bhfeidhm ach go bhfuil riosca ann go bhféadfadh sé díobháil thromchúiseach nó do-athraithe a dhéanamh do thomhaltóirí, bearta lena leagtar síos gur sárú dlí atá i gcleachtas áirithe agus, más gá, lena ndéantar an cleachtas a stopadh nó a thoirmeasc don todhchaí, chomh maith le bearta lena ndíothaítear éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe, lena n-áirítear sásamh. Má lorgaítear a leithéid laistigh de chaingean aonair, ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann gach beart ábhartha a lorg tráth a thugtar an beart nó ba cheart ordú urghaire ábhartha a lorg ar dtús agus ina dhiaidh sin ordú sásaimh más iomchuí.
(13)  Chun éifeachtacht nós imeachta na gcaingne ionadaíocha a mhéadú, ba cheart an deis a bheith ag eintitis cháilithe bearta difriúla a lorg laistigh d'aon chaingean ionadaíoch amháin nó laistigh de chaingne ionadaíocha éagsúla. Ba cheart bearta eatramhacha a áireamh ar na bearta sin chun stop a chur le cleachtas atá fós ar siúl nó chun cleachtas a thoirmeasc sa chás nár cuireadh an cleachtas i bhfeidhm ach go bhfuil riosca ann go bhféadfadh sé díobháil thromchúiseach nó do-athraithe a dhéanamh do thomhaltóirí, bearta lena leagtar síos gur sárú dlí atá i gcleachtas áirithe agus, más gá, lena ndéantar an cleachtas a stopadh nó a thoirmeasc don todhchaí, chomh maith le bearta lena ndíothaítear éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe, lena n-áirítear sásamh. Má lorgaítear a leithéid laistigh de chaingean aonair, ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann gach beart ábhartha a lorg tráth a thugtar an beart.
Leasú 9
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 16
(16)  Ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.
(16)  Ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh le haghaidh damáiste ábhartha nó neamhábhartha lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.
Leasú 10
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 20
(20)  I gcás ina bhfuil tomhaltóirí a mbaineann an cleachtas céanna leo inaitheanta agus gur bhain díobháil inchomparáide dóibh i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán, i gcás conarthaí fadtéarmacha tomhaltóirí mar shampla, féadfaidh an chúirt nó údarás riaracháin an grúpa tomhaltóirí a mbaineann an sárú leo a shainiú go soiléir i gcúrsa na caingne ionadaíche. Go háirithe, d’fhéadfadh an chúirt nó údarás riaracháin iarraidh ar an trádálaí a rinne sárú faisnéis ábhartha a sholáthar, amhail céannacht na dtomhaltóirí lena mbaineann agus fad an chleachtais. Ar chúiseanna luais agus éifeachtúlachta, sna cásanna seo ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, breithniú a dhéanamh ar an deis a sholáthar do thomhaltóirí tairbhe dhíreach a bhaint as ordú sásaimh i ndiaidh eisiúint an ordaithe gan é a bheith riachtanach a sainordú aonair a thabhairt sula neisítear an tordú sásaimh.
scriosta
Leasú 11
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 21
(21)   I gcásanna íseal-luacha ní dócha go dtabharfaidh mórán tomhaltóirí caingean chun a gcearta a fhorfheidhmiú mar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid don duine aonair. Má tá an cleachtas céanna i gceist i gcás roinnt tomhaltóirí áfach, d’fhéadfadh an caillteanas comhiomlán a bheith suntasach. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh cúirt nó údarás a mheas go bhfuil sé díréireach cistí a dháileadh ar na tomhaltóirí lena mbaineann, mar go bhfuil an iomarca dua ag baint leis nó mar go bhfuil sé neamhphraiticiúil mar shampla. Dá bhrí sin, bheadh sé níos fearr na cistí a fhaightear mar shásamh trí chaingne ionadaíocha a úsáid chun críche comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart iad a dhíriú ar chuspóir poiblí ábhartha, amhail ciste cúnaimh dlí do thomhaltóirí, feachtais feasachta nó gluaiseachtaí tomhaltóirí.
scriosta
Leasú 12
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 22
(22)  Bearta a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, ní fhéadfar iad a lorg ach amháin ar bhonn cinneadh críochnaitheach gurb ann do shárú ar dhlí an Aontais atá cumhdaithe ag raon feidhme na Treorach seo agus a dhéanann díobháil do chomhleas tomhaltóirí, lena náirítear ordú urghaire críochnaitheach a eisítear le linn na caingne ionadaíche. Go háirithe, féadfar bearta lena ndíothaítear éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a lorg ar bhonn cinntí críochnaitheacha cúirte nó údaráis riaracháin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a rialaítear le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004.32
(22)  Bearta a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, ní fhéadfar iad a lorg ach amháin ar bhonn cinneadh críochnaitheach gurb ann do shárú ar dhlí an Aontais atá cumhdaithe ag raon feidhme na Treorach seo agus a dhéanann díobháil do chomhleas tomhaltóirí, lena n-áirítear ordú urghaire críochnaitheach a eisítear le linn na caingne ionadaíche. Go háirithe, féadfar bearta lena ndíothaítear éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a lorg ar bhonn cinntí críochnaitheacha cúirte nó údaráis riaracháin i gcomhthéacs gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin a rialaítear le Rialachán (AE) 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1. Mar sin féin, ionas nach gcuirfear moill le nósanna imeachta agus nach méadófar an riosca go bhfeádfadh tomhaltóirí fianaise a chailliúint a thacaíonn lena gcás go stopfadh siad spéis a léiriú sa chás, féadfar na caingne le haghaidh na mbeart sin a sheoladh i gcomhthráth leis na caingne i dtaca le horduithe urghaire agus arna gcinneadh an tráth céanna leis an gcinneadh lena mbunófar sárú ar dhlí an Aontais.
__________________
__________________
32 IO L 345, 27.12.2017.
32 IO L 345, 27.12.2017.
Leasú 13
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 24
(24)  Ní ghabhann an Treoir seo ionad na sásraí comhshásaimh náisiúnta atá ann cheana. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé an chaingean ionadaíoch a leagtar amach sa Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra comhshásaimh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo nó mar rogha mhalartach ar na sásraí seo, sa mhéid go gcloíonn an sásra náisiúnta leis na módúlachtaí a leagtar amach sa Treoir seo.
(24)  Ní ghabhann an Treoir seo ionad na sásraí comhshásaimh náisiúnta atá ann cheana. Ag cur a dtraidisiúin dlí san áireamh, is faoi dhiscréid na mBallstát atá sé an chaingean ionadaíoch a leagtar amach sa Treoir seo a dhearadh mar chuid de shásra comhshásaimh atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo nó mar rogha mhalartach ar na sásraí seo, sa mhéid go gcloíonn an sásra náisiúnta leis na caighdeáin íosta a bhunaítear leis an Treoir seo.
Leasú 14
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 26
(26)  Ba cheart comhshocraíochtaí lasmuigh den chúirt a bhfuil sé mar aidhm leo sásamh a sholáthar do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh a spreagadh sula dtugtar an chaingean ionadaíoch agus ag aon chéim den chaingean ionadaíoch.
(26)  Ba cheart comhshocraíochtaí lasmuigh den chúirt, amhail idirghabháil, a bhfuil sé mar aidhm leo sásamh a sholáthar do thomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh a spreagadh sula dtugtar an chaingean ionadaíoch agus ag aon chéim den chaingean ionadaíoch.
Leasú 15
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 27
(27)  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh maidir leis an gcleachtas céanna. Ní mór don chúirt inniúil nó don údarás riaracháin inniúil a bhfuil comhshocraíocht den sórt sin á faomhadh aici nó aige, leasanna agus cearta na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh, tomhaltóirí aonair san áireamh. Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag an tsocraíocht sin. nó diúltú dó sin.
(27)  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh gur féidir le heintiteas cáilithe agus trádálaí a tháinig ar shocraíocht maidir le sásamh do thomhaltóirí a ndearna cleachtas neamhdhleathach líomhnaithe an trádálaí sin difear dóibh iarratas comhpháirteach a dhéanamh go bhfaomhfadh cúirt nó údarás riaracháin an tsocraíocht sin. Níor cheart don chúirt nó don údarás riaracháin iarratas den sórt sin a cheadú má tá aon chaingean ionadaíoch eile ag dul ar aghaidh maidir leis an gcleachtas céanna. Ní mór don chúirt inniúil nó don údarás riaracháin inniúil a bhfuil comhshocraíocht den sórt sin á faomhadh aici nó aige, leasanna agus cearta na bpáirtithe uile lena mbaineann a chur san áireamh, tomhaltóirí aonair san áireamh. Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag socraíocht den sórt sin nó diúltú dó sin, agus a gcaingean aonair chomhfhreagrach a shaothrú nó í a chomhdú.
Leasú 16
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 29
(29)   Chun sásamh a éascú le haghaidh tomhaltóirí aonair ar bhonn cinntí dearbhaitheacha críochnaitheacha, a eisítear i gcaingne ionadaíocha, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearna díobh dóibh de dheasca sárú, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó ag an údarás riaracháin a d’eisigh an cinneadh a iarraidh ar an eintiteas cáilithe agus ar an trádálaí teacht ar chomhshocraíocht.
scriosta
Leasú 17
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 31
(31)  Chun go n-éireoidh le caingean ionadaíoch, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas fúithi. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil caingean ionadaíoch ar siúl, gur measadh go raibh cleachtas trádálaí ina shárú ar an dlí, faoina gcearta nuair a chinntear go bhfuil sárú ann agus faoi aon chéimeanna atá le tógáil ina dhiaidh sin ag na tomhaltóirí lena mbaineann, go háirithe chun sásamh a fháil. An riosca dá gclú a ghabhann le faisnéis faoin shárú a scaipeadh, tá sin tábhachtach freisin chun trádálaithe a dhíspreagadh ó chearta tomhaltóirí a shárú.
(31)  Chun go n-éireoidh le caingean ionadaíoch, tá sé ríthábhachtach a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas fúithi. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil caingean ionadaíoch ar siúl, gur measadh go raibh cleachtas trádálaí ina shárú ar an dlí, faoina gcearta nuair a chinntear go bhfuil sárú ann agus faoi aon chéimeanna atá le tógáil ina dhiaidh sin ag na tomhaltóirí lena mbaineann, go háirithe chun sásamh a fháil. Ba cheart prionsabal i dtaca le toimhde na neamhchiontachta agus rioscaí do cháil, a bhaineann le faisnéis a scaipeadh faoi shárú a d’fhéadfadh a bheith ann, a chur san áireamh.
Leasú 18
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 32
(32)  Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis. Ba cheart don trádálaí a rinne sárú na tomhaltóirí ar fad lena mbaineann a chur ar an eolas go hiomchuí faoi orduithe urghaire críochnaitheacha agus faoi orduithe sásaimh críochnaitheacha a eisítear le linn na caingne ionadaíche, agus faoi aon socraíocht atá faofa ag cúirt nó údarás riaracháin chomh maith. Féadfar faisnéis den sórt sin a sholáthar mar shampla ar shuíomh gréasáin an trádálaí, ar na meáin shóisialta, ar mhargaí ar líne, nó i nuachtáin mhóréilimh, lena n-áirítear iad sin a dháiltear ar mhodhanna leictreonacha cumarsáide amháin. Más féidir, ba cheart gach tomhaltóir ar leith a chur ar an eolas trí litreacha leictreonacha nó páipéir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas arna iarraidh sin.
(32)  Le bheith éifeachtach, ba cheart an fhaisnéis a bheith leordhóthanach agus comhréireach le himthosca an cháis. Ba cheart don trádálaí a rinne sárú na daoine aonair ar fad lena mbaineann chomh maith leis an bpobal i gcoitinne a chur ar an eolas go hiomchuí faoi orduithe urghaire críochnaitheacha agus faoi orduithe sásaimh críochnaitheacha a eisítear le linn na caingne ionadaíche, agus faoi aon socraíocht atá faofa ag cúirt nó údarás riaracháin chomh maith. Féadfar faisnéis den sórt sin a sholáthar mar shampla ar shuíomh gréasáin an trádálaí, ar na meáin shóisialta, ar mhargaí ar líne, nó i nuachtáin mhóréilimh, lena n-áirítear iad sin a dháiltear trí mheán leictreonach cumarsáide amháin. Más féidir, ba cheart daoine aonair ar leith a chur ar an eolas trí litreacha leictreonacha nó páipéir. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas arna iarraidh sin.
Leasú 19
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 33
(33)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, neamhréir a sheachaint i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht nós imeachta i gcás caingne ionadaíocha agus na gcaingne le haghaidh sásaimh a d'fhéadfadh leanúint astu, nuair a chinntear gurb ann do shárú le cinneadh críochnaitheach, lena náirítear ordú urghaire críochnaitheach faoin Treoir seo, arna eisiúint ag údarás riaracháin nó cúirt, níor cheart an cinneadh sin a chur chun dlí arís i gcaingne dlí ina dhiaidh sin a bhaineann leis an sárú céanna ag an trádálaí céanna i ndáil le cineál an tsáraithe agus scóip ábhartha, phearsanta, ama agus chríochach an tsáraithe mar a shainítear sin leis an gcinneadh críochnaitheach sin. Nuair a dhéantar caingean a thabhairt ag lorg bearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, lena n-áirítear sásamh, i mBallstát seachas sa Bhallstát inar eisíodh cinneadh críochnaitheach gurbh ann don sárú sin, ba cheart an cinneadh sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise gur tharla an sárú.
(33)  Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, neamhréir a sheachaint i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht nós imeachta i gcás caingne ionadaíocha agus na gcaingne le haghaidh sásaimh a d'fhéadfadh leanúint astu, nuair a chinntear gurb ann do shárú le cinneadh críochnaitheach, lena náirítear ordú urghaire críochnaitheach faoin Treoir seo, arna eisiúint ag údarás riaracháin nó cúirt, níor cheart an cinneadh sin a chur chun dlí arís i gcaingne dlí ina dhiaidh sin a bhaineann leis an sárú céanna ag an trádálaí céanna i ndáil le cineál an tsáraithe agus scóip ábhartha, phearsanta, ama agus chríochach an tsáraithe mar a shainítear sin leis an gcinneadh críochnaitheach sin. Nuair a dhéantar caingean a thionscnamh ag lorg bearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú, lena n-áirítear sásamh, i mBallstát seachas sa Bhallstát inar eisíodh cinneadh críochnaitheach gurbh ann don sárú sin, ba cheart an cinneadh sin a bheith ina thoimhde infhrisnéise ar a laghad gur tharla an sárú.
Leasú 20
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 34 a (nua)
(34 a)   Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cead ag daoine aonair iarratas a chur isteach go gcuirfí a gcaingean féin le haghaidh sásaimh ar fionraí go dtí an cinneadh deiridh maidir le caingean ionadaíoch chomhfhreagrach.
Leasú 21
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1
1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar a gcumas d'eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus áirithítear go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint.
1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar chumas d’eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a lorg atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus ar an gcaoi sin ardleibhéal na cosanta tomhaltóirí agus, go áirithe, ardleibhéal rochtana ar cheartas a ghnóthú, agus coimircí iomchuí ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát agus a gcur i bhfeidhm comhsheasmhach ar fud AE á n-áirithiú chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint san am céanna.
Leasú 22
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 2
2.  Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun modhanna nós imeachta inchomparáide a chur ar fáil d’eintitis cháilithe nó d’aon duine eile lena mbaineann chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta.
2.  Tá comhchuibhiú íosta ina chuspóir ag an Treoir seo agus mar sin ní chuirfidh sé cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun leibhéal níos airde na cosanta tomhaltóirí a áirithiú agus chun modhanna nós imeachta inchomparáide a chur ar fáil d’eintitis cháilithe nó d’aon duine eile lena mbaineann chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta, cé is moite de na cinn dá bhforáiltear sa Treoir.
Leasú 23
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 a (nua)
1 a.  Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit réimsí breise na cosanta tomhaltóirí a ghlacadh nó a choimeád anuas ar na réimsí sin a mbeidh feidhm ag an Treoir seo maidir leo.
Leasú 24
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 b (nua)
1 b.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17a chun Iarscríbhinn I a leasú chun críocha forálacha de chuid dhlí an Aontais a chur léi dá dtagraítear in Airteagal 2(1).
Leasú 25
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1
(1)  ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha a ghníomhaíonn lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm;
(1)  ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó, dá cheird nó dá ghairm go príomha;
Leasú 26
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
(3)  ciallaíonn ‘comhleasanna tomhaltóirí’ na leasanna atá ag líon áirithe tomhaltóirí;
(3)  ciallaíonn ‘comhleasanna tomhaltóirí’ na leasanna atá ag líon áirithe tomhaltóirí nó ag ábhair sonraí mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2016/679 (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí);
Leasú 27
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas ina eintiteas cáilithe má chomhlíonann sé na critéir seo a leanas:
Ainmneoidh na Ballstáit eintiteas ina eintiteas cáilithe ach amháin má chomhlíonann sé na critéir seo a leanas:
Leasú 28
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  tá sé bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit;
(a)  tá sé bunaithe go cuí agus cláraithe de réir dlí Ballstáit;
Leasú 29
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)   leas dlisteanach aige a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a chumhdaítear leis an Treoir seo;
(b)  léirítear lena reacht nó doiciméad rialachais ábhartha eile a leas dlisteanach a áirithiú go gcomhlíontar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a chumhdaítear leis an Treoir seo;
Leasú 30
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c
(c)  is de charachtar neamhbhrabúis é.
(c)  is de chineál neamhbhrabúasach é agus tá struchtúr rialachais aige lena ndéantar na critéir neamhbhrabúsacha a áirithiú;
Leasú 31
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c a (nua)
(c a)  tá sé trédhearcach go hiomlán i gcónaí faoi fhoinse chistiú a ghníomhaíochta i gcoitinne agus faoi na cistí a úsáideann sé chun tacú leis an ngíomhaíocht;
Leasú 32
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c b (nua)
(c b)  tá nósanna imeachta cuí i bhfeidhm chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint, a chosc agus a réiteach;
Leasú 33
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c c (nua)
(c c)  tá beartas cumarsáide cuí i bhfeidhm, trína gcuirfidh tomhaltóirí ar an eolas ar bhonn ginearálta faoi chostais agus rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as comhchaingean;
Leasú 34
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c d (nua)
(c d)   níl idirghaol struchtúrach nó airgeadais aige le tríú duine nó tríú eagraíocht a bhaineann leas airgeadais as an gcaingean trí cúnamh dlíthiúil nó tacaíocht airgeadais a sholáthar.
Leasú 35
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhlachtaí poiblí neamhspleácha go háirithe incháilithe le haghaidh stádas an eintitis cháilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintiteas cáilithe.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eagraíochtaí tomhaltóirí agus, i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí poiblí neamhspleácha incháilithe le haghaidh stádas an eintitis cháilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintiteas cáilithe.
Leasú 36
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le heintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin ar choinníoll go bhfuil gaol díreach idir príomhchuspóirí an eintitis agus na cearta a dheonaítear faoi dhlí an Aontais atáthar a áitiú a sáraíodh agus a bhfuil an chaingean á tabhairt i ndáil leo.
1.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh eintitis incháilithe in ann caingne ionadaíocha de réir Airteagal 1 a thabhairt os comhair cúirteanna náisiúnta nó údaráis riaracháin.
Leasú 37
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun bearta a lorg chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Déanfar na bearta sin a lorg ar bhonn aon chinneadh críochnaitheach go bhfuil cleachtas ina shárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí, lena náirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear i mír (2)(b).
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun bearta a lorg chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Déanfar na bearta sin a lorg ar bhonn aon chinneadh críochnaitheach go bhfuil cleachtas ina shárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí, lena n-áirítear ordú urghaire críochnaitheach dá dtagraítear i mír (2)(b). Cé nach féidir an cinneadh maidir leis na caingne ionadaíocha a ghlacadh tar éis é a bhunú go foirmiúil go bhfuil cleachtas ina shárú ar dhlí an Aontais, ionas nach gcuirfear moill le nósanna imeachta, is féidir na caingne a sheoladh i gcomhthráth leis na caingne le haghaidh orduithe urghaire dá dtagraítear i mír 2 nó mar chuid de chaingean ionadaíoch aonair i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
Leasú 38
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 4
4.  Gan dochar d’Airteagal 4(4), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh eintitis cháilithe in ann idir bhearta chun éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú agus bhearta dá dtagraítear i mír 2 a lorg in aon chaingean ionadaíoch amháin.
scriosta
Leasú 39
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 4 a (nua)
4 a.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an bprionsabal go n-íocann an cailliúnaí maidir le gach cineál caingne ionadaíche.
Réasúnú
Sonraítear sa Mholadh ón gCoimisiún in 2013 go ndéanfaidh an páirtí a chailleann caingean chomhshásaimh costais dlí riachtanacha arna n-íoc ag an bpáirtí buaiteach a aisíoc.
Leasú 40
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1
Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg, lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Ballstát a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula ndéanfar cinneadh dearbhaitheach nó sula n-eiseofar ordú sásaimh.
Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg le haghaidh damáistí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, féadfaidh na Ballstáit a áirithiú gur féidir le heintitis cáilithe cinneadh dearbhaitheach a lorg seachas ordú sásaimh i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe.
Féadfaidh an Ballstát a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula ndéanfar cinneadh dearbhaitheach nó sula n-eiseofar ordú sásaimh, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, maidir le na cineálacha leigheasanna dlí atá á lorg. Beidh tomhaltóirí eile a ndearnadh difear dóibh, lena n-áirítear na tomhaltóirí sin nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Bhallstát ina dtarlaíonn an chaingean, in ann páirt a ghlacadh sa chaingean ionadaíoch a bhfuil cinneadh dearbhaitheach nó ordú sásaimh á lorg aici.
Leasú 41
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
Is gnách go ndéanfar an sásamh a eascraíonn as caingean ionadaíoch a leithdháileadh ar thomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh.
Leasú 42
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 2
2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cúirt nó údarás riaracháin a chumhachtú chun cinneadh dearbhaitheach a eisiúint, seachas ordú sásaimh, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair is casta sásamh aonair a chainníochtú mar gheall ar shaintréithe na díobhála ar leith do na tomhaltóirí lena mbaineann.
scriosta
Leasú 43
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 3
3.  Ní bheidh feidhm le mír 2 sna cásanna seo a leanas:
scriosta
(a)  tá na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú inaitheanta agus bhain díobháil inchomparáide dóibh mar gheall ar an gcleachtas céanna i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh an ceanglas sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann a fháil ina choinníoll chun an chaingean a thionscnamh. Díreofar an sásamh ar na tomhaltóirí lena mbaineann;
(b)  d’fhulaing na tomhaltóirí méid beag caillteanais agus bheadh sé díréireach an sásamh a dháileadh orthu. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann ina cheanglas. Díreofar an sásamh ar chuspóir poiblí a fhreastalaíonn ar chomhleasanna tomhaltóirí.
Leasú 44
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 4
4.  Beidh an sásamh a fhaightear trí chinneadh críochnaitheach i gcomhréir le mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
4.  Beidh an sásamh a gheofar trí shocraíocht fhaofa i gcomhréir le mír 1 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Leasú 45
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 1
1.  An t-eintiteas cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, dearbhóidh sé go luath sa chaingean foinse na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá sé a úsáid chun tacú leis an gcaingean. Léireoidh sé go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha aige chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun aon chostais dhíobhálacha a sheasamh sa chás go dteipfeadh ar an gcaingean.
1.  Maidir leis an eintiteas cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, dearbhóidh sé go mion agus ag céim inghlacthacht na caingne foinse na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá sé ag úsáid chun tacú leis an gcaingean. Féadfar ráthaíocht nó slánaíocht ó thríú páirtí faoi réir fhorálacha mhíreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.
Leasú 46
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 1 a (nua)
1 a.  Seasfaidh an páirtí nár éirigh leis costais na nósanna imeachta faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta ábhartha.
Leasú 47
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina bhfuil caingean ionadaíoch ar shásamh á maoiniú ag tríú páirtí, go bhfuil toirmeasc ar an tríú páirtí:
2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcásanna ina bhfuil caingean ionadaíoch ar shásamh á maoiniú ag tríú páirtí, go bhfuil toirmeasc ar an tríú páirtí:
Leasú 48
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe a
(a)  tionchar a imirt ar chinntí an eintitis cháilithe i gcomhthéacs caingean ionadaíoch, maidir le socraíochtaí san áireamh;
(a)  tionchar a imirt ar chinntí an eintitis cháilithe i gcúrsa caingean ionadaíoch, maidir le socraíochtaí san áireamh;
Leasú 49
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 2 – pointe a a (nua)
(a a)   aon tairbhe airgeadais díreach nó indíreach a fháil tríd an bpróiseas dlíthíochta ná tríd an gcinneadh;
Leasú 50
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 7 – mír 3
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sé de chumhacht ag cúirteanna agus údaráis riaracháin na himthosca dá dtagraítear i mír 2 a mheas agus, dá réir sin, ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, seasamh an eintitis cháilithe i gcás sonrach a dhiúltú.
3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh cúirteanna agus údaráis riaracháin na himthosca dá dtagraítear i mír 2 a mheas agus, dá réir sin, ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an cistiú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, seasamh an eintitis cháilithe i gcás sonrach a dhiúltú.
Leasú 51
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 6
6.  Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, nó diúltú dó sin. Beidh an sásamh a gheofar trí shocraíocht fhaofa i gcomhréir le mír 4 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
6.  Tabharfar an deis do na tomhaltóirí aonair lena mbaineann glacadh lena bheith faoi cheangal ag na socraíochtaí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, nó diúltú dó sin agus a gcaingean aonair chomhfhreagrach a shaothrú nó a chomhdú. Beidh an sásamh a gheofar trí shocraíocht fhaofa i gcomhréir le mír 4 gan dochar d’aon chearta breise sásaimh atá ag na tomhaltóirí lena mbaineann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Leasú 52
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin ceangal ar an trádálaí a rinne sárú na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina bhforáiltear maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe, lena n-áirítear, más iomchuí, trí fhógra a thabhairt do gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann.
1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chúirt nó an túdarás riaracháin ceangal ar an trádálaí a rinne sárú na tomhaltóirí agus oibrithe, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne go háirithe agus a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina bhforáiltear maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe, lena náirítear, más iomchuí, trí fhógra a thabhairt do gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann. Sa bhreis ar bhealaí an trádálaí a rinne an sárú, féadfar an fhaisnéis sin a sholáthar trí bhealaí ábhartha na n-údarás poiblí nó trí bhealaí na n-eintiteas cáilithe ainmnithe, i ngach cás ar chostas an trádálaí a rinne an sárú.
Réasúnú
Ní fhéadfaidh an páirtí gortaithe glacadh le bealaí an pháirtí a rinne an sárú mar bhealaí ar féidir brath orthu. Bheadh sé iomchuí mar sin go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas trí bhealaí a mheastar a bheith iontaofa.
Leasú 53
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 2
2.  Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 beidh míniú i dteanga intuigthe ar ábhar na caingne ionadaíche, a iarmhairtí dlí agus, más iomchuí, na gníomhartha atá le déanamh ag na tomhaltóirí lena mbaineann.
2.  Mar chuid den fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 beidh míniú i dteanga intuigthe ar ábhar na caingne ionadaíche, a iarmhairtí dlí agus, más iomchuí, na na céimeanna atá le déanamh ina dhaidh sin ag na tomhaltóirí lena mbaineann. Déanfar módúlachtaí agus creat ama na faisnéise a dhearadh i gcomhaontú leis an gcúirt nó leis an údarás riaracháin.
Leasú 54
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 10 – mír 2
2.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údaráis riaracháin le cinneadh críochnaitheach arna ghlacadh i mBallstáit eile dá dtagraítear i mír 1 mar thoimhde infhrisnéise gur tharla sárú.
2.  Áiritheoidh na Ballstáit go nglacfaidh a gcúirteanna náisiúnta nó a n-údaráis riaracháin le cinneadh críochnaitheach arna ghlacadh i mBallstáit eile dá dtagraítear i mír 1 mar thoimhde infhrisnéise, ar a laghad, gur tharla sárú.
Leasú 55
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1
Má thionscnaítear caingean ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le haon chaingean sásaimh le haghaidh na dtomhaltóirí a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin, má tá na cearta ábhartha faoi réir tréimhse teorann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, má thionscnaítear caingean ionadaíoch dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé d'éifeacht aige sin go gcuirfear ar fionraí na tréimhsí teorann is infheidhme maidir le haon chaingean sásaimh le haghaidh na ndaoine aonair a mbaineann an chaingean sin leo nó go gcuirfear briseadh sna tréimhsí sin, má tá na cearta ábhartha faoi réir tréimhse teorann faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Leasú 56
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1
An t-eintiteas cáilithe a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige atá le fáil go réasúnach agus ar leor iad chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch, má shonraíonn an teintiteas sin tuilleadh fianaise atá faoi rialú an chosantóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an túdarás riaracháin a ordú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta, go dtabharfaidh an cosantóir an fhianaise sin i láthair, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht.
An t-eintiteas cáilithe a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige atá le fáil go réasúnach agus ar leor iad chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch, má shonraíonn an t-eintiteas sin tuilleadh fianaise atá faoi rialú an chosantóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a ordú go dtabharfaidh an cosantóir an fhianaise sin i láthair. Ba cheart go mbeadh an cinneadh bunaithe ar mheasúnú ar an ngá, ar scóp agus ar chomhréireacht an nochta arna iarraidh, i gcomhréir le rialacha nós imeachta náisiúnta agus i gcomhréir le rialacha nós imeachta náisiúnta, agus faoi réir na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta maidir le rúndacht.
Leasú 57
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 1
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, amhail teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá, nó maoiniú poiblí a sholáthar dóibh chun na críche sin.
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, go háirithe teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá, nó maoiniú poiblí a sholáthar dóibh chun na críche sin.
Leasú 58
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 15 – mír 2
2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú, i gcásanna ina gceanglaítear ar na heintitis cháilithe na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcaingean ionadaíoch atá ar siúl, go bhféadfar an costas gaolmhar a fháil ar ais ón trádálaí má éiríonn leis an gcaingean.
2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh an páirtí a chaillfidh caingean chomhshásaimh na costais dlí riachtanacha a d’íoc an páirtí buaiteach a aisíoc, faoi réir na gcoinníollacha dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta ábhartha. I gcásanna ina gceanglaítear ar na heintitis cháilithe na tomhaltóirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoin gcaingean ionadaíoch atá ar siúl, féadfar an costas gaolmhar a ghnóthú ón trádálaí má éiríonn leis an gcaingean.
Leasú 59
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 1
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gur féidir le haon eintiteas cáilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1) iarratas a chur faoi bhráid cúirteanna nó údarás riaracháin Ballstáit eile ach an liosta atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear san Airteagal sin a chur i láthair. Glacfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin leis an liosta sin mar fhianaise ar sheasamh dlí an eintitis cháilithe gan dochar dá gceart a scrúdú an bhfuil cuspóir an eintitis cháilithe ina bhonn cirt leis an eintiteas sin caingean a thabhairt i gcás sonrach.
1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú gur féidir le haon eintiteas cáilithe atá ainmnithe roimh ré i mBallstát amháin i gcomhréir le hAirteagal 4(1) iarratas a chur faoi bhráid cúirteanna nó údarás riaracháin Ballstáit eile ach an liosta atá ar fáil go poiblí dá dtagraítear san Airteagal sin a chur i láthair. Glacfaidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin leis an liosta sin mar fhianaise ar sheasamh dlí an eintitis cháilithe.
Leasú 60
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 a (nua)
Airteagal 16 a
Chun an fhéidearthacht i dtaca le hurghairí a dhéanamh níos infheicthe, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis riaracháin intíre ábhartha clárlann de ghníomhartha neamhdhleathacha a bhí faoi réir urghairí chun búnús i dtaca le deachleachtas agus le faisnéis a sholathár d’údaráis eile de chuid na mBallstát.
Leasú 61
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 a (nua)
Airteagal 17 a
An tarmligean a fheidhmiú
1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 2 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón ... [cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 62
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 18 – mír 2
2.   Tráth nach déanaí ná bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an leibhéal cosanta do chearta tomhaltóirí faoi na rialacha maidir le cearta paisinéirí aeir agus iarnróid inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoin Treoir seo. I gcás inarb amhlaidh atá, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí iomchuí a dhéanamh is féidir a bheith i gceist leo, go háirithe, na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe 10 agus i bpointe 15 d’Iarscríbhinn I a bhaint as raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo mar a shainítear sin in Airteagal 2.
scriosta
Leasú 63
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 a (nua)
(59 a)   Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta thíortha AE agus an Aontais Eorpaigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 349, 5.12.2014, p. 1).
Leasú 64
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 b (nua)
(59 b)   Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach agus lena n-aisghairtear Treoir 2002/58/CE (an Rialachán maidir le Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach).
Leasú 65
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 c (nua)
(59 c)  Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).
Leasú 66
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 d (nua)
(59 d)   Treoir [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (athmhúnlú).
Leasú 67
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 e (nua)
(59 e)  Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
Leasú 68
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 f (nua)
(59 f)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24)
Leasú 69
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 g (nua)
(59 g)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51).
Leasú 70
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 h (nua)
(59 h)  Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle (IO L 88, 4.4.2011, lch. 5).
Leas 71
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 i (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(59 i)  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).

Leasú 72
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 j (nua)
(59 j)  Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
Leasú 73
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 k (nua)
(59 k)  Treoir 2013/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí piriteicniúla a chur ar fáil ar an margadh (IO L 178, 28.6.2013, lch. 27).
Leasú 74
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 1 a (nua)
(59 l)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún mar aon le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
Leasú 75
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 m (nua)
(59 m)  Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
Leasú 76
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 n (nua)
(59n ) Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1).
Leasú 77
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 o (nua)
(59 o)  Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus earraí a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lch. 14).
Leasú 78
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 p (nua)
(59 p)  Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
Leasú 79
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 q (nua)
(59 q)  Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann slándála do líonraí agus do chórais faisnéise ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1).
Leasú 80
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 r (nua)
(59 r)  Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasú 81
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 s (nua)
(59 s)  Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáid tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L136, 30.4.2004, lch. 1).
Leasú 82
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 t (nua)
(59 t)  Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 maidir le creat a bhunú chun mótarfheithiclí agus a leantóirí a cheadú, mar aon le córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla scartha atá ceaptha le haghaidh feithiclí dá leithéidí (IO L 263, 9.10.2007, lch. 1).
Leasú 83
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 u (nua)
(59 u)  Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 an 20 Nollaig 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maímh i ndáil le cothú agus sláinte a dhéantar maidir le bianna (IO L 404, 30.12.2006, lch. 9).
Leasú 84
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn I – pointe 59 v (nua)
(59 v)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le sábháilteacht bia (IO L 31, 01.02.2002, lch. 1).

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Tá ionchur faighte ag an rapóirtéir ó na heintitis nó na daoine seo a leanas agus an tuairim á hullmhú, go dtí gur glacadh í sa choiste:

Eintiteas agus/nó duine

BEUC (Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí)

Ursula Pachl (Leas-Stiúrthóir)

Augusta Maciuleviciuté (Oifigeach Dlí Sinsearach)

MKB Nederland (Comhlachas na hOllainne um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide)

Fried Kaanen (Leaschathaoirleach)

Egbert Roozen (Leaschathaoirleach)

VNO-NCW (Cónaidhm na hOllainne um Thionscal agus Fostóirí san Ísiltír)

BUSINESSEUROPE

Winand Quaedvlieg (Ceannoifig na Bruiséile)

VZBV (Cónaidhm um Chumann Tomhaltóirí na Gearmáine)

Otmar Lell (Ceann foirne - Gnóthaí Dlíthiúla agus Trádáil)

Isabelle Buscke (Ceannaire - Foireann na Bruiséile)

Julian Gallash (Oifigeach Beartais Foireann um Ghnóthaí Dlíthiúla agus um Thrádáil)

Christiane Seidel (Oifigeach Beartais - Foireann na Bruiséile)

ETNO-GSMA

Pierantonio Rizzo

Malte Firlus

Kristina Olausson

BitKom

Torben David

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint

Tagairtí

COM(2018)0184 – C8-0149/2018 – 2018/0089(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

JURI

2.5.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

2.5.2018

Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa seisiún iomlánach

13.9.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Dennis de Jong

16.5.2018

Pléite sa choiste

24.9.2018

10.10.2018

21.11.2018

 

Dáta an ghlactha

22.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

18

10

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Carlos Coelho, Sergio Gaetano Cofferati, Daniel Dalton, Nicola Danti, Dennis de Jong, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Robert Jarosław Iwaszkiewicz, Liisa Jaakonsaari, Philippe Juvin, Antonio López-Istúriz White, Morten Løkkegaard, Eva Maydell, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Jasenko Selimovic, Ivan Štefanec, Catherine Stihler, Anneleen Van Bossuyt, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Birgit Collin-Langen, Julia Reda, Adam Szejnfeld, Marc Tarabella, Sabine Verheyen

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Salvatore Cicu, Mady Delvaux, Czesław Hoc, Jean Lambert, Anne-Marie Mineur

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

18

+

ALDE

ECR

GUE/NGL

S&D

Verts/ALE

Morten Løkkegaard, Jasenko Selimovic

Anneleen Van Bossuyt

Anne-Marie Mineur, Dennis de Jong

Sergio Gaetano Cofferati, Nicola Danti, Mady Delvaux, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Liisa Jaakonsaari, Virginie Rozière, Christel Schaldemose, Olga Sehnalová, Catherine Stihler, Marc Tarabella

Jean Lambert, Julia Reda

10

-

ECR

PPE

Daniel Dalton, Czesław Hoc

Salvatore Cicu, Birgit Collin-Langen, Philippe Juvin, Antonio López-Istúriz White, Eva Maydell, Ivan Štefanec, Adam Szejnfeld, Sabine Verheyen

3

0

EFDD

PPE

Robert Jarosław Iwaszkiewicz, Marco Zullo

Carlos Coelho

Eochair na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

26.11.2018

TUAIRIM ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht

chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla

ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE

(COM(2018)0184 – C8-0149/2018 – 2018/0089(COD))

Rapóirtéir: Georg Mayer

RÉASÚNÚ GEARR

Is díol sásaimh don rapóirtéir an Treoir atá beartaithe ag an gCoimisiún maidir le caingne ionadaíocha, ar cheart a áirithiú leis go ndéanfaidh na Ballstáit dlí AE a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina iomláine agus go gcuirfidh siad cosaint dhlíthiúil iomchuí ar fáil do na saoránaigh.

Ní chuireann an Treoir maidir le Caingne Ionadaíocha isteach ar shásraí atá ann cheana féin i dtaca leis na treoracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn 1 a fheabhsú nó a leasú trí oibreoirí iompair nó taistil in situ; Ba cheart ina áit sin í a mheas mar ionstraim chun an dlí atá ann cheana a chur i bhfeidhm ar bhealach atá áisiúil don tomhaltóir. I gcás díospóide, is faoi dhlínse an Bhallstáit atá freagrach (cinntear dlínse faoi Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 - an Bhruiséil 1) a chinneadh an bhfuil caingean inghlactha nó mura bhfuil.

Déantar gnéithe sonracha na n-earnálacha éagsúla atá bainteach le hiompar agus turasóireacht, amhail taisteal d'aer, d’iarnród, ar muir nó taisteal láneagraithe, a chur san áireamh sna treoracha earnáil-sonracha, a mbeidh feidhm maidir leo ag an bhféidearthacht caingean ionadaíoch a sheoladh.

Ar mhaithe le cosaint iomlánaíoch tomhaltóirí , creideann an rapóirtéir go bhfuil sé bunriachtanach na treoracha earnáil-sonracha a athchóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta ar mhodh tráthúil, agus iad a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh. Is fíor sin go háirithe i gcás na Treorach maidir le Cearta Aerphaisinéirí. Níor cheart don Treoir maidir le caingne ionadaíocha seo aird a tharraingt ón bhfíoras go bhfuil athbhreithniú ar an Treoir maidir le cearta aerphaisinéirí de dhíth le fada. Faoi láthair, áfach, ní féidir a thuar an ndéanfar athmhúnlú ar an Treoir chéanna dhá mhí dhéag tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach maidir le caingne ionadaíocha, sa chaoi is go ndealródh an spriocdháta a mhol an Coimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar choimeád na Treorach in Iarscríbhinn 1 a bheith gan mórán céille.

Níor cheart nósanna imeachta comhshásaimh fónamh mar bhealach chun feidhmeanna poiblí a chur i gcrích amhail iompar a chruthaíonn damáiste a ionchúiseamh. Níor cheart feidhmiú na bhfeidhmeanna poiblí sin a sheachfhoinsiú chuig eagraíochtaí príobháideacha trína dtabharfaí rochtain eisiach d’eintitis phríobháideacha ar na nósanna imeachta comhfhreagracha.

Ní mheastar sa Treoir seo an bhféadfaí nósanna imeachta iomaíocha coisctheacha a bheith ann maidir le caingne ionadaíocha a thiocfaidh ina ndiaidh sin: sa chás sin, tá anailís mhionsonraithe agus rialáil riachtanach chun líon iomarcach nósanna imeachta, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do na cúirteanna, do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, a sheachaint.

Níor cheart aon dreasacht a bheith ann caingne treallacha, dúmháile a thabhairt i gcoinne gnólachtaí a bhféadfadh samhail ghnó bhrabúsach teacht astu.

Thairis sin, dar leis an Rapóirtéir, tá gá le feabhas breise ar na pointí seo a leanas:

1.  Sainmhíniú na n-eintiteas cáilithe: Sa chás seo, ní mór na réamhchoinníollacha a shainmhíniú ar bhealach níos daingne agus ní mór gach coinníoll a bheith trédhearcach le linn thréimhse iomlán na caingne ionadaíche san eintiteas cáilithe.

2.  córas ‘na saor-rogha’: Diúltaíonn an rapóirtéir do chaingne ionadaíocha faoin dlí príobháideach gan sainordú na dtomhaltóirí lena mbaineann, mar níl imeacht ó chóras ‘rogha an diúltaithe’ sin ag teacht lenár dtraidisiún dlí Eorpach. Is réamhriachtanas don fhéidearthacht caingne ionadaíocha a sheoladh toiliú an tomhaltóra go ndéanfaí a éilimh a dheimhniú. Ní mór glacadh leis áfach, nach mbeadh comhaontú coiteann ann i measc na n-íospartach líomhnaithe i dtaca le cur i bhfeidhm chóras ‘rogha an diúltaithe’ i gcás díospóidí beaga, ós rud é nach mbainfidís tairbhe dhíreach as aon chúiteamh a d’fhéadfadh a bheith ann.

3.  Eintitis cháilithe a chistiú: Níor cheart baint a bheith ag tacaíocht stáit le maoiniú na n-eintiteas cáilithe i gcás ar bith. I gcás mar sin, ní mór feidhm a bheith ag prionsabal an chomhionannais maidir le gearánaigh agus cosantóirí. Níor cheart buntáiste a thabhairt do cheachtar den dá thaobh.

4.  Táillí dlíodóirí: Níor cheart do chaingne ionadaíocha díospóidí a spreagadh nach bhfuil gá leo ó thaobh na bpáirtithe lena mbaineann de. Ba cheart do na Ballstáit cosc a chur ar an bhféidearthacht táillí teagmhasacha a bheith ann.

5.  Próiseas na ndíospóidí: Ní cheart do mhéid aon chúitimh ionchasaigh a bheith níos mó ná méid an leighis a d’fhéadfaí a fháil i gcaingean aonair.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú 1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Is é aidhm na Treorach seo eintitis cháilithe, a dhéanann ionadaíocht do chomhleasanna tomhaltóirí, a chumasú chun leigheas a lorg trí chaingne ionadaíocha i gcoinne sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ba cheart na heintitis cháilithe a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí sárú a stopadh nó a thoirmeasc, go ndéanfaí a dheimhniú gur tharla sárú agus sásamh a lorg, amhail cúiteamh, deisiú nó laghdú praghsanna de réir mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.

(1)  Is é aidhm na Treorach seo eintitis cháilithe, a dhéanann ionadaíocht do chomhleasanna tomhaltóirí, a chumasú chun leigheas a lorg trí chaingne ionadaíocha i gcoinne sáruithe ar fhorálacha dhlí an Aontais. Ba cheart na heintitis cháilithe a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí sárú a stopadh nó a thoirmeasc, go ndéanfaí a dheimhniú gur tharla sárú agus sásamh a lorg, amhail cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, nó laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh de réir mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.

Leasú 2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)   Tá glactha ag an gCoimisiún tograí reachtacha le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadaítear do phaisinéir bordáil agus cealú nó moill fhada eitiltí agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer30 agus le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí ceart paisinéirí iarnróid31 Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh go ndéanfadh an Coimisiún a mheas, bliain amháin i ndiaidh theacht i bhfeidhm na Treorach seo, an bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta á sholáthar ag rialacha an Aontais i réimse chearta na bpaisinéirí aeir agus iarnróid, atá inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear sa Treoir seo, agus go dtiocfadh sé ar aon chonclúidí is gá maidir le raon feidhme na Treorach seo.

scriosta

_________________

 

30 COM (2013) 130 críochnaitheach.

 

31 COM (2017) 548 críochnaitheach.

 

Leasú 3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)  Ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.

(16)  Ba cheart eintitis cháilithe a bheith in ann bearta a lorg a bhfuil sé mar aidhm leo éifeachtaí leanúnacha an tsáraithe a dhíothú. Ba cheart na bearta sin a bheith i bhfoirm ordú sásaimh lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí agus mar atá ar fáil faoi dhlíthe náisiúnta.

Leasú 4

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)  Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar eintitis cháilithe leordhóthain faisnéise a sholáthar chun tacú le caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh, lena n-áirítear tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an sárú agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach sa chaingean ionadaíoch. Níor cheart ceangal a bheith ar an eintiteas cáilithe gach tomhaltóir ar leith a mbaineann an sárú leo a shainaithint chun an chaingean a thionscnamh. I gcaingne ionadaíocha ar shásamh ba cheart don chúirt nó údarás riaracháin a fhíorú ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí an bhfuil cás oiriúnach lena thabhairt mar chaingean ionadaíoch, i bhfianaise chineál an tsáraithe agus shaintréithe na ndamáistí a bhain do na tomhaltóirí lena mbaineann.

(18)  Féadfaidh na Ballstáit ceangal a chur ar eintitis cháilithe faisnéis leordhóthanach a sholáthar chun tacú le caingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh, lena n-áirítear tuairisc ar an ngrúpa tomhaltóirí lena mbaineann an sárú agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach sa chaingean ionadaíoch. Ba cheart ceangal a bheith ar an eintiteas cáilithe gach tomhaltóir ar leith a mbaineann an sárú leo a shainaithint, agus a réamhthoiliú a fháil i dtaca le bheith rannpháirteach sa chaingean ionadaíoch, chun an chaingean a thionscnamh. I gcaingne ionadaíocha ar shásamh ba cheart don chúirt nó údarás riaracháin a fhíorú ag an gcéim is luaithe is féidir de na himeachtaí an bhfuil cás oiriúnach lena thabhairt mar chaingean ionadaíoch, i bhfianaise chineál an tsáraithe agus shaintréithe na ndamáistí a d'fhulaing na tomhaltóirí lena mbaineann.

Leasú 5

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 20

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20)  I gcás ina bhfuil tomhaltóirí a mbaineann an cleachtas céanna leo inaitheanta agus gur bhain díobháil inchomparáide dóibh i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán, i gcás conarthaí fadtéarmacha tomhaltóirí mar shampla, féadfaidh an chúirt nó údarás riaracháin an grúpa tomhaltóirí a mbaineann an sárú leo a shainiú go soiléir i gcúrsa na caingne ionadaíche. Go háirithe, d’fhéadfadh an chúirt nó údarás riaracháin iarraidh ar an trádálaí a rinne sárú faisnéis ábhartha a sholáthar, amhail céannacht na dtomhaltóirí lena mbaineann agus fad an chleachtais. Ar chúiseanna luais agus éifeachtúlachta, sna cásanna seo ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, breithniú a dhéanamh ar an deis a sholáthar do thomhaltóirí tairbhe dhíreach a bhaint as ordú sásaimh i ndiaidh eisiúint an ordaithe gan é a bheith riachtanach a sainordú aonair a thabhairt sula n-eisítear an t-ordú sásaimh.

(20)  I gcás ina bhfuil tomhaltóirí a mbaineann an cleachtas céanna leo inaitheanta agus gur bhain díobháil inchomparáide dóibh i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán, i gcás conarthaí fadtéarmacha tomhaltóirí mar shampla, féadfaidh an chúirt nó údarás riaracháin an grúpa tomhaltóirí a mbaineann an sárú leo a shainiú go soiléir i gcúrsa na caingne ionadaíche. Go háirithe, d’fhéadfadh an chúirt nó údarás riaracháin iarraidh ar an trádálaí a rinne sárú faisnéis ábhartha a sholáthar, amhail céannacht na dtomhaltóirí lena mbaineann agus fad an chleachtais. Ar chúiseanna luais agus éifeachtúlachta, sna cásanna sin ba cheart do na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta, breithniú a dhéanamh ar an deis a sholáthar do thomhaltóirí tairbhe dhíreach a bhaint as ordú sásaimh i ndiaidh eisiúint an ordaithe agus a cheangal orthu a sainordú aonair a thabhairt sula n-eisítear an t-ordú sásaimh.

Leasú 6

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)  I gcásanna íseal-luacha ní dócha go dtabharfaidh mórán tomhaltóirí caingean chun a gcearta a fhorfheidhmiú mar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid don duine aonair. Má tá an cleachtas céanna i gceist i gcás roinnt tomhaltóirí áfach, d’fhéadfadh an caillteanas comhiomlán a bheith suntasach. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh cúirt nó údarás a mheas go bhfuil sé díréireach cistí a dháileadh ar na tomhaltóirí lena mbaineann, mar go bhfuil an iomarca dua ag baint leis nó mar go bhfuil sé neamhphraiticiúil mar shampla. Dá bhrí sin, bheadh sé níos fearr na cistí a fhaightear mar shásamh trí chaingne ionadaíocha a úsáid chun críche comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart iad a dhíriú ar chuspóir poiblí ábhartha, amhail ciste cúnaimh dlí do thomhaltóirí, feachtais feasachta nó gluaiseachtaí tomhaltóirí.

(21)  I gcásanna íseal-luacha ní dócha go dtabharfaidh mórán tomhaltóirí caingean chun a gcearta a fhorfheidhmiú mar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid don duine aonair. Má tá an cleachtas céanna i gceist i gcás roinnt tomhaltóirí áfach, d’fhéadfadh an caillteanas comhiomlán a bheith suntasach. I gcásanna den sórt sin, d’ainneoin cheart na dtomhaltóirí aonair cúiteamh a éileamh, féadfaidh cúirt nó údarás a mheas, go bhfuil sé díréireach cistí a dháileadh ar na tomhaltóirí lena mbaineann, mar go bhfuil an iomarca dua ag baint leis nó mar go bhfuil sé neamhphraiticiúil mar shampla. Dá bhrí sin, bheadh sé níos fearr na cistí a fhaightear mar shásamh trí chaingne ionadaíocha a úsáid chun críche comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart iad a dhíriú ar chuspóir poiblí ábhartha, amhail ciste cúnaimh dlí do thomhaltóirí, feachtais feasachta nó gluaiseachtaí tomhaltóirí. Níor cheart na cistí a shannadh don eintiteas cáilithe a thionscnain an chaingean, chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Leasú 7

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 23

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23)  Déantar foráil sa Treoir seo maidir le sásra nós imeachta, nach ndéanann difear do na rialacha lena mbunaítear cearta substainteacha tomhaltóirí do leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha sa chás go ndearna sárú díobháil dá leasanna, cosúil leis an gceart chun cúitimh le haghaidh damáistí, foirceannadh conartha, aisíocaíocht, athsholáthar, deisiú nó praghsanna a laghdú. Ní fhéadfar caingean ionadaíoch ag lorg sásaimh faoin Treoir seo a thabhairt ach sa chás go ndéanann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta foráil maidir le cearta substainteacha den sórt sin.

(23)  Déantar foráil sa Treoir seo maidir le sásra nós imeachta, nach ndéanann difear do na rialacha lena mbunaítear cearta substainteacha tomhaltóirí do leigheasanna conarthacha agus neamhchonarthacha sa chás go ndearna sárú díobháil dá leasanna, amhail an ceart chun cúitimh le haghaidh damáistí, foirceannadh conartha, aisíocaíocht, athsholáthar, baint, deisiú nó praghsanna a laghdú. Ní fhéadfar caingean ionadaíoch ag lorg sásaimh faoin Treoir seo a thabhairt ach sa chás go ndéanann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta foráil maidir le cearta substainteacha den sórt sin.

Leasú 8

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  Ba cheart eintitis cháilithe a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le foinse mhaoiniú a ngníomhaíochta go ginearálta agus maidir leis na cistí atá ag tacú le caingean ionadaíoch shonrach maidir le sásamh ionas go mbeidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin in ann a mheas an ann do choinbhleacht leasa idir an maoinitheoir tríú páirtí agus an teintiteas cáilithe agus chun rioscaí dlíthíochta mí-úsáidí a sheachaint agus chun a mheas an bhfuil leordhóthain acmhainní ag an maoinitheoir tríú páirtí chun a ghealltanais airgeadais don eintiteas cáilithe a chomhlíonadh. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an teintiteas cáilithe don chúirt nó don údarás riaracháin atá i mbun maoirseachta ar an gcaingean ionadaíoch, ba cheart an chúirt nó an túdarás sin a bheith in ann a mheas an bhféadfadh an tríú páirtí tionchar a imirt ar chinntí nós imeachta an eintitis cháilithe i gcomhthéacs na caingne ionadaíche, lena náirítear maidir le socraíochtaí, agus an bhfuil sé ag cur maoiniú ar fáil do chaingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthróir an mhaoinithe é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthróir an mhaoinithe spleách air. Má dheimhnítear aon cheann de na himthosca sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó údarás riaracháin chun ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, chun seasamh an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcás sonrach.

(25)  Le linn gach céime den phróiseas, ba cheart eintitis cháilithe a bheith go hiomlán trédhearcach maidir le foinse chistiú a ngníomhaíochta go ginearálta agus maidir leis na cistí atá ag tacú le caingean ionadaíoch shonrach maidir le sásamh ionas go mbeidh na cúirteanna nó na húdaráis riaracháin in ann a mheas an ann do choinbhleacht leasa idir an maoinitheoir tríú páirtí agus an t-eintiteas cáilithe agus chun rioscaí dlíthíochta mí-úsáidí a sheachaint agus chun a mheas an bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag an maoinitheoir tríú páirtí chun a ghealltanais airgeadais don eintiteas cáilithe a chomhlíonadh. Leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn an t-eintiteas cáilithe don chúirt nó don údarás riaracháin atá i mbun maoirseachta ar an gcaingean ionadaíoch, ba cheart an chúirt nó an t-údarás sin a bheith in ann a mheas an bhféadfadh an tríú páirtí tionchar a imirt ar chinntí nós imeachta an eintitis cháilithe i gcomhthéacs na caingne ionadaíche, lena n-áirítear maidir le socraíochtaí, agus an bhfuil sé ag cur maoiniú ar fáil do chaingean ionadaíoch le haghaidh sásaimh i gcoinne cosantóir ar iomaitheoir de chuid sholáthróir an mhaoinithe é nó i gcoinne cosantóir a bhfuil soláthróir an mhaoinithe spleách air. Má dheimhnítear aon cheann de na himthosca sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag an gcúirt nó údarás riaracháin chun ceangal a chur ar an eintiteas cáilithe an maoiniú ábhartha a dhiúltú agus, más gá, chun seasamh an eintitis cháilithe a dhiúltú i gcás sonrach.

Leasú 9

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)  Chun go n-éireoidh le caingean ionadaíoch, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas fúithi. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil caingean ionadaíoch ar siúl, gur measadh go raibh cleachtas trádálaí ina shárú ar an dlí, faoina gcearta nuair a chinntear go bhfuil sárú ann agus faoi aon chéimeanna atá le tógáil ina dhiaidh sin ag na tomhaltóirí lena mbaineann, go háirithe chun sásamh a fháil. An riosca dá gclú a ghabhann le faisnéis faoi shárú a scaipeadh, tá sin tábhachtach freisin chun trádálaithe a dhíspreagadh ó chearta tomhaltóirí a shárú.

(31)  Chun go n-éireoidh le caingean ionadaíoch, tá sé riachtanach a áirithiú go gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas fúithi. Ba cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas go bhfuil caingean ionadaíoch ar siúl, gur measadh go raibh cleachtas trádálaí ina shárú ar an dlí, faoina gcearta nuair a chinntear go bhfuil sárú ann agus faoi aon chéimeanna atá le tógáil ina dhiaidh sin ag na tomhaltóirí lena mbaineann, go háirithe chun sásamh a fháil. An riosca dá gclú a ghabhann le faisnéis faoi shárú a scaipeadh, tá sin tábhachtach freisin chun trádálaithe a dhíspreagadh ó chearta tomhaltóirí a shárú d’aon ghnó.

Leasú 10

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar a gcumas d'eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar comhleasanna tomhaltóirí a chosaint, agus áirithítear go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint.

1.  Leis an Treoir seo leagtar amach rialacha a chuireann ar a gcumas d’eintitis cháilithe caingne ionadaíocha a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint, i gcás olldíobhála, agus áirithítear go bhfuil cosaintí iomchuí ann chun dlíthíocht mhí-úsáideach a sheachaint san am céanna.

Leasú 11

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Ní chuirfidh an Treoir seo cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun modhanna nós imeachta inchomparáide a chur ar fáil d’eintitis cháilithe nó d’aon duine eile lena mbaineann chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta.

2.  Tá comhchuibhiú íosta ina chuspóir ag an Treoir seo agus ní chuirfidh sé cosc ar na Ballstáit forálacha a ghlacadh nó a choimeád i bhfeidhm atá ceaptha chun modhanna nós imeachta inchomparáide a chur ar fáil d’eintitis cháilithe nó d’aon duine eile lena mbaineann chun caingne a thabhairt atá dírithe ar chomhleasanna tomhaltóirí a chosaint ar an leibhéal náisiúnta.

Leasú 12

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe amhrasta ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh. Beidh feidhm aici maidir le sáruithe intíre agus trasteorann, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula bhfuil tús curtha leis an gcaingean ionadaíoch nó sula bhfuil críoch curtha leis an gcaingean ionadaíoch.

1.  Beidh feidhm ag an Treoir seo maidir le caingne ionadaíocha a thugtar i gcoinne sáruithe ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann olldíobháil do chomhleasanna tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh olldíobháil a dhéanamh dóibh. Beidh feidhm aici maidir le sáruithe lena mbaineann gné Aontais, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil deireadh tagtha leis na sáruithe sula bhfuil tús curtha leis an gcaingean ionadaíoch nó sula mbeidh críoch curtha leis an gcaingean ionadaíoch.

Leasú 13

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.   Ní thiocfaidh an chaingean ionadaíoch in áit cheart an tomhaltóra cúiteamh aonair a fháil, dá bhforáiltear i ndlí sonrach de chuid an Aontais, i gcás sáraithe ag trádálaithe ar fhorálacha dhlí an Aontais.

Leasú 14

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.   Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le dlí an Aontais atá á athbhreithniú mar a liostaítear in Iarscríbhinn III (nua).

Leasú 15

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)   ciallaíonn ‘olldíobháil’ sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais ag trádálaithe ar na forálacha de chuid dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a dhéanann díobháil do chomhleasanna líon suntasach tomhaltóirí nó a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh dóibh;

Leasú 16

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)   ciallaíonn ‘sárú forleathan lena mbaineann gné Aontais’ sárú forleathan a rinne nó a dhéanann díobháil nó ar dóigh dó díobháil a dhéanamh, do chomhleasanna na dtomhaltóirí in dhá thrian de na Ballstáit ar a laghad agus an dá thrian sin cothrom le dhá thrian de dhaonra an Aontais, ar a laghad.

Leasú 17

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  tá sé bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit;

(a)  tá sé bunaithe go cuí de réir dlí Ballstáit agus tá sé cláraithe ar liosta in aireacht inniúil Bhallstát na cuideachta;

Leasú 18

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)   tá sé bunaithe le trí bliana ar a laghad agus tá sé gníomhach go leanúnach le linn na dtrí bliana roimhe sin;

Leasú 19

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca)   Déanfaidh na Ballstáit liosta na n-eintiteas cáilithe agus aon nuashonruithe a chur in iúl don Choimisiún.

Leasú 20

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cb)  tá go leor acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna aige chomh maith leis an saineolas dlí is gá chun ionadaíocht a dhéanamh ar go leor daoine agus chun gníomhú chun a leasanna siúd.

Leasú 21

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c c (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cc)  tá nasc díreach idir na cuspóirí is tábhachtaí atá ag na heagraíochtaí agus na cearta a ráthaítear le dlí an Aontais, a líomhnaítear gur sáraíodh iad agus a dtugtar an chaingean ina leith;

Leasú 22

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c d (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(cd)  is chun leasa an phobail é.

Leasú 23

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil ach eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhlachtaí poiblí neamhspleácha incháilithe le haghaidh stádas an eintitis cháilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintiteas cáilithe.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eagraíochtaí bunaithe nó ad-hoc a dhéanann cosaint ar leas poiblí, eagraíochtaí tomhaltóirí agus comhlachtaí poiblí neamhspleácha go háirithe incháilithe le haghaidh stádas an eintitis cháilithe. Féadfaidh na Ballstáit eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar bhaill ó níos mó ná Ballstát amháin a ainmniú mar eintitis cháilithe.

Leasú 24

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun orduithe urghaire a lorg, bheidh ar eintitis cháilithe sainordú a fháil ó na tomhaltóirí aonair lena mbaineann ná fianaise de chaillteanas ná damáiste iarbhír a sholáthar ó thaobh na dtomhaltóirí lena mbaineann de ná fianaise de rún ná faillí ó thaobh an trádálaí de.

Chun orduithe urghaire a lorg, beidh ar eintitis cháilithe sainordú a fháil ó na tomhaltóirí aonair lena mbaineann nó fianaise de chaillteanas nó damáiste iarbhír a sholáthar ó thaobh na dtomhaltóirí lena mbaineann de nó fianaise de rún nó faillí ó thaobh an trádálaí de.

Leasú 25

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 5 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.   Ordú sásaimh, a chuireann an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar de réir mar is iomchuí.

Leasú 26

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg, lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Féadfaidh an Ballstát a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula ndéanfar cinneadh dearbhaitheach nó sula neiseofar ordú sásaimh.

Chun críocha Airteagal 5(3), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil eintitis cháilithe i dteideal caingne ionadaíocha a thabhairt chun ordú sásaimh a lorg, lena gcuirtear an trádálaí faoi oibleagáid cúiteamh, deisiú, athsholáthar, baint, laghdú praghsanna, foirceannadh conartha nó aisíocaíocht an phraghais a íocadh, inter alia, a sholáthar, de réir mar is iomchuí. Déanfaidh an Ballstát a cheangal go bhfaighfear sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann sula ndéanfar cinneadh dearbhaitheach nó sula n-eiseofar ordú sásaimh.

Leasú 27

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an t-eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach a sholáthar de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun tacú leis an gcaingean, lena n-áirítear tuairisc ar na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean leo agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach.

Ní mór don eintiteas cáilithe faisnéis leordhóthanach a sholáthar de réir mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta chun tacú leis an gcaingean, lena n-áirítear cur síos ar na tomhaltóirí a mbaineann an chaingean leo agus na ceisteanna fíorais agus dlí atá le réiteach, agus léiriú go bhfuil deireadh tagtha leis an nós imeachta éilimh, i gcás ina gcosnaítear cearta na dtomhaltóirí le rialacháin réamhshainithe éileamh-bhunaithe.

Leasú 28

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit cúirt nó údarás riaracháin a chumhachtú chun cinneadh dearbhaitheach a eisiúint, seachas ordú sásaimh, maidir le dliteanas an trádálaí i leith na dtomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de dheasca sárú ar dhlí de chuid an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo nuair is casta sásamh aonair a chainníochtú mar gheall ar shaintréithe na díobhála ar leith do na tomhaltóirí lena mbaineann.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach féidir le heintitis cháilithe an sainordú a fháil ach amháin ó thomhaltóir aonair, tar éis don eintiteas cáilithe na tomhaltóirí aonair sin a chur ar lán-eolas i scríbhinn maidir leis na nithe seo a leanas: (i) gach gné ábhartha den nós imeachta comhchoiteann; (ii))an fhéidearthacht do thomhaltóirí éileamh a dhéanamh ar dtús go díreach leis an trádálaí gan idirghabháil an eintitis cháilithe nó trí ionadaíocht a ndlíodóra nó ionadaithe eile arna gceadú faoin dlí náisiúnta; agus (iii) aon rogha atá ar fáil le haghaidh ceart cúitimh aonair, lena n-áirítear na roghanna sin faoi Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóide.

Leasú 29

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 –mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)   tá na tomhaltóirí lena mbaineann an sárú inaitheanta agus bhain díobháil inchomparáide dóibh mar gheall ar an gcleachtas céanna i ndáil le tréimhse ama nó ceannachán. I gcásanna den sórt sin, ní bheidh an ceanglas sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann a fháil ina choinníoll chun an chaingean a thionscnamh. Díreofar an sásamh ar na tomhaltóirí lena mbaineann;

scriosta

Leasú 30

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)   d’fhulaing na tomhaltóirí méid beag caillteanais agus bheadh sé díréireach an sásamh a dháileadh orthu. I gcásanna den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sainordú na dtomhaltóirí aonair lena mbaineann ina cheanglas. Díreofar an sásamh ar chuspóir poiblí a fhreastalaíonn ar chomhleasanna tomhaltóirí.

scriosta

Leasú 31

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.   Beidh san áireamh san fhaisnéis a bheidh le soláthar ag na heintitis cháilithe sa bhreis ar Airteagal 6.2.ii na nithe seo a leanas: (i) céannacht an eintitis cháilithe agus a leas dhlisteanach i bhforálacha ábhartha dhlí an Aontais; (ii) gach céim fhéidearthach a bhaineann leis an nós imeachta comhchoiteann agus fad measta gach céime; (iii) bealaí nó easpa bealaí lenar féidir le tomhaltóirí atá rannpháirteach tionchar a imirt ar chinntí an eintitis cháilithe maidir leis an nós imeachta comhchoiteann ar bhonn aonair nó comhchoiteann; (iv)) faisnéis shoiléir maidir le haon chostas a bhaineann leis an nós imeachta comhchoiteann a d’fhéadfaí a ghearradh ar na tomhaltóirí aonair nó a choinneáil siar uathu, lena n-áirítear sampla ríomha i dtaca le conas a d’fhéadfadh costais den sórt sin tionchar a imirt ar an gcúiteamh féidearthach nó cineál eile sásaimh a d’fhéadfadh tomhaltóirí aonair a fháil;agus (v) faisnéis mhionsonraithe maidir le conas a gheobhaidh tomhaltóirí aonair a gcúiteamh nó cineál eile sásaimh agus cathain a gheobhaidh siad é, i gcás ina n-éireoidh leis an nós imeachta comhchoiteann.

Leasú 32

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  An t-eintiteas cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, dearbhóidh sé go luath sa chaingean foinse na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá sé a úsáid chun tacú leis an gcaingean. Léireoidh sé go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha aige chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun aon chostais dhíobhálacha a sheasamh sa chás go dteipfeadh ar an gcaingean.

1.  Maidir leis an eintiteas cáilithe a bhfuil ordú sásaimh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) á lorg aige, dearbhóidh sé go luath sa chaingean foinse na gcistí a úsáidtear le haghaidh a ghníomhaíochta go ginearálta agus foinse na gcistí atá á n-úsáid aige chun tacú leis an gcaingean le linn an nós imeachta iomláin. Léireoidh sé ar bhealach trédhearcach go bhfuil acmhainní leordhóthanacha aige chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna is fearr na dtomhaltóirí lena mbaineann agus chun aon chostais dhíobhálacha a sheasamh i gcás ina dteipfeadh ar an gcaingean.

Leasú 33

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)  Áiritheoidh na Ballstáit, tar éis toradh rathúil a bheith ar chaingean ionadaíoch gurb iad na tomhaltóirí lena mbaineann amháin a thairbheoidh ón gcúiteamh atá le híoc; aon chostas foirne nó dlí, féadfar é a asbhaint mura n-aisíocfar iad leis an eintiteas cáilithe ar bhealach eile.

Leasú 34

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 7 – mír 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)  Ní mór don eintiteas cáilithe féin na costais a sheasamh d’aon chaingean ionadaíoch a chailltear.

Leasú 35

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin ceangal ar an trádálaí a rinne sárú na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina bhforáiltear maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe, lena n-áirítear, más iomchuí, trí fhógra a thabhairt do gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann.

(1)  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin na tomhaltóirí a ndearnadh difear dóibh a chur ar an eolas ar a chostas féin faoi na cinntí críochnaitheacha ina ndéantar foráil maidir le bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, agus na socraíochtaí ceadaithe dá dtagraítear in Airteagal 8, trí mhodhanna atá iomchuí in imthosca an cháis agus laistigh de theorainneacha ama sonraithe, lena n-áirítear, más iomchuí, trí fhógra a thabhairt do gach tomhaltóir ar leith lena mbaineann.

Leasú 36

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 9 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.   Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis ar fáil don phobal ar bhealach inrochtana maidir le comhchaingean atá ar na bacáin, atá ar siúl agus atá dúnta, i.e. ar shuíomh gréasáin poiblí.

Leasú 37

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 13 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An t-eintiteas cáilithe a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige atá le fáil go réasúnach agus ar leor iad chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch, má shonraíonn an teintiteas sin tuilleadh fianaise atá faoi rialú an chosantóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a ordú, i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta nós imeachta, go dtabharfaidh an cosantóir an fhianaise sin i láthair, faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht.

Arna iarraidh sin ag eintiteas cáilithe a bhfuil fíorais agus fianaise curtha i láthair aige atá le fáil go réasúnach agus ar leor iad chun tacú leis an gcaingean ionadaíoch, má shonraíonn an t-eintiteas sin tuilleadh fianaise atá faoi rialú an chosantóra, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh an chúirt nó an t-údarás riaracháin a ordú go dtabharfaidh an cosantóir an fhianaise sin i láthair. Beidh an t-ordú sin bunaithe ar mheasúnú ar an ngá atá leis an nochtadh arna iarraidh, ar raon an nochta agus ar chomhréireacht an nochta, i gcomhréir le rialacha náisiúnta nós imeachta agus faoi réir na rialacha de chuid an Aontais agus na rialacha náisiúnta is infheidhme maidir le rúndacht.

Leasú 38

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, amhail teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá, nó maoiniú poiblí a sholáthar dóibh chun na críche sin.

(1)  Déanfaidh na Ballstáit na bearta riachtanacha lena áirithiú nach bhfuil na costais nós imeachta a bhaineann le caingne ionadaíocha ina mbaic airgeadais ar eintitis cháilithe an ceart a fheidhmiú go héifeachtach na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6 a lorg, amhail teorainn a chur leis na táillí cúirte nó riaracháin is infheidhme, rochtain ar chúnamh dlíthiúil a dheonú dóibh más gá.

Leasú 39

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 18 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Tráth nach déanaí ná bliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an leibhéal cosanta do chearta tomhaltóirí faoi na rialacha maidir le cearta paisinéirí aeir agus iarnróid inchomparáide leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoin Treoir seo. I gcás inarb amhlaidh atá, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí iomchuí a dhéanamh is féidir a bheith i gceist leo, go háirithe, na gníomhartha dá dtagraítear i bpointe 10 agus i bpointe 15 d’Iarscríbhinn I a bhaint as raon feidhme chur i bhfeidhm na Treorach seo mar a shainítear sin in Airteagal 2.

scriosta

Leasú 40

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 10

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10)   Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

scriosta

Leasú 41

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 15

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15)   Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

scriosta

Leasú 42

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 31

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31)   Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

scriosta

Leasú 43

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn I – pointe 32

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(32)   Rialachán (AE) Uimh. 181/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16Feabhra 2011 maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 55, 28.2.2011, lch. 1).

scriosta

Leasú 44

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II a (nua) - teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

IARSCRÍBHINN III LIOSTA DE DHLÍ AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2(4)

Leasú 45

Togra le haghaidh Treorach

Iarscríbhinn II a (nua) - pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 66.
(2) IO C 461, 21.12.2018, lch. 232.


Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara AE-Iosrael (aontachas na Cróite) ***
PDF 117kWORD 48k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, Prótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (09547/2018 – C8-0021/2019 – 2018/0080(NLE))
P8_TA-PROV(2019)0223A8-0164/2019

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09547/2018),

–  ag féachaint don dréachtphrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stát Iosrael, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (09548/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 217 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, (C8‑0021/2019),

–  ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A8-0164/2019),

1.  ag tabhairt a toilithe chun an Prótacal a thabhairt i gcrích;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Stát Iosrael.


Deireadh a chur le hathruithe séasúracha ama ***I
PDF 179kWORD 61k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear deireadh le hathruithe séasúracha ama agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/84/CE (COM(2018)0639 – C8-0408/2018 – 2018/0332(COD))
P8_TA-PROV(2019)0225A8-0169/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0639),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0408/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Danmhairge, Teach Teachtaí na Ríochta Aontaithe agus Teach Tiarnaí na Ríochta Aontaithe, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thorthaí an chomhairliúcháin ar líne a rinne an Coimisiún Eorpach idir 4 Iúil 2018 - 16 Lúnasa 2018,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus do na tuairimí ón gCoiste an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Achainíocha (A8-0169/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
(1)  Is ar an leibhéal náisiúnta a roghnaigh na Ballstáit socruithe ama samhraidh a thabhairt isteach san am a chuaigh thart. Dá bhrí sin, bhí sé tábhachtach le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh dáta coiteann a shocrú san Aontas ina iomláine le haghaidh thús agus dheireadh na tréimhse ama samhraidh. I gcomhréir le Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21, cuireann na Ballstáit uile socruithe ama samhraidh i bhfeidhm ón Domhnach deireanach de mhí an Mhárta go dtí an Domhnach deireanach de mhí Mheán Fómhair na bliana céanna.
(1)  Is ar an leibhéal náisiúnta a roghnaigh na Ballstáit socruithe ama samhraidh a thabhairt isteach san am a chuaigh thart. Dá bhrí sin, bhí sé tábhachtach le haghaidh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh dáta coiteann a shocrú san Aontas ina iomláine le haghaidh thús agus dheireadh na tréimhse ama samhraidh chun athrú na gclog a chomhordú sna Ballstáit. I gcomhréir le Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle21, déanann na Ballstáit uile athruithe séasúracha ama leathbhliantúla a chur i bhfeidhm faoi láthair. Aistrítear ón am caighdeánach chuig am an tsamhraidh ar an Domhnach deireanach de mhí an Mhárta go dtí an Domhnach deireanach de mhí Mheán Fómhair na bliana céanna.
__________________
__________________
21 Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socruithe ama samhraidh (IO L 31, 2.2.2001, lch. 21).
21 Treoir 2000/84/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le socruithe d’am an tsamhraidh (IO L 31, 2.2.2001, lch. 21).
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
(2)  D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún, ina rún dar dáta an 8 Feabhra 2018, measúnú a dhéanamh ar na socruithe ama samhraidh dá bhforáiltear i dTreoir 2000/84/CE agus, dá mba ghá, togra le haghaidh athbhreithniú na Treorach sin a mholadh. Dearbhaíodh sa rún sin freisin go bhfuil sé bunriachtanach cur chuige comhchuibhithe a choinneáil maidir le socruithe ama san Aontas trí chéile.
(2)  I gcomhthéacs roinnt achainíocha, tionscnaimh ó na saoránaigh agus ceisteanna parlaiminteacha, d’iarr Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún, ina rún dar dáta an 8 Feabhra 2018, measúnú críochnúil a dhéanamh ar na socruithe d’am an tsamhraidh dá bhforáiltear i dTreoir 2000/84/CE agus, dá mba ghá, togra a chur le chéile maidir le hathbhreithniú a dhéanamh orthu. Leagadh béim sa rún sin freisin ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige comhchuibhithe agus comhordaithe a choimeád maidir le socruithe ama ar fud an Aontais chomh maith le córas ama aontaithe AE.
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
(3)  Tá an fhianaise atá ar fáil scrúdaithe ag an gCoimisiún, agus is léir ar an bhfianaise sin go bhfuil sé an-tábhachtach rialacha comhchuibhithe de chuid an Aontais a bheith ann sa réimse seo chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus suaitheadh ar sceidealú oibríochtaí iompair, costais níos airde ar thrádáil trasteorann, nó táirgiúlacht níos ísle d’earraí agus seirbhísí, inter alia, a sheachaint. Níl fianaise chinnte ann gur mó an tairbhe a bhaineann le socruithe ama samhraidh ná an ciotaí a bhaineann leis an am a athrú dhá uair sa bhliain.
(3)  Tá an fhianaise atá ar fáil scrúdaithe ag an gCoimisiún, agus is léir ón bhfianaise sin go bhfuil sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe de chuid an Aontais a bheith ann sa réimse seo chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, intuarthacht agus deimhneacht fhadtéarmach a chruthú agus suaitheadh ar sceidealú oibríochtaí iompair agus ar fheidhmiú na gcóras faisnéise agus cumarsáide, costais níos airde ar thrádáil trasteorann, nó táirgiúlacht níos ísle d’earraí agus seirbhísí, inter alia, a sheachaint.
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 a (nua)
(3a)   Ní rud nua í an díospóireacht phoiblí ar shocruithe d’am an tsamhraidh, agus ó tugadh isteach am an tsamhraidh tháinig roinnt tionscnamh chun cinn arbh aidhm leo deireadh a chur leis an gcleachtas. Reáchtáladh comhairliúcháin náisiúnta i roinnt Ballstát agus bhí tromlach na ngnólachtaí agus na ngeallsealbhóirí i bhfách le deireadh a chur leis an gcleachtas. Tháinig an comhairliúchán a thionscain an Coimisiún Eorpach ar an gconclúid chéanna.
Réasúnú
Bhí daoine in aghaidh thabhairt isteach an athraithe ama ag an tús, ach tá an togra seo ag teacht as sraith de staidéir agus de chomhairliúcháin lena gcuirtear cló díospóireachta idé-eolaíochta ar na hargóintí. Chuige sin, is cuí na díospóireachtaí a bhí ann roimhe seo a lua mar aon leis an bpróiseas as ar lean an togra reatha.
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3 b (nua)
(3b)  Sa chomhthéacs sin, is féidir le cás na bhfeirmeoirí beostoic a bheith ina shampla den chaoi ar measadh ar dtús nár réitíodh na socruithe d’am an tsamhraidh le cleachtais oibre na talmhaíochta, go háirithe maidir le tús an-luath an lae oibre mar atá cheana féin faoin am caighdeánach. Chomh maith leis sin, leis an aistriú leathbhliantúil chuig am an tsamhraidh, measadh é a bheith níos deacra táirgí talmhaíochta nó ainmhithe a chur amach ar na margaí. Agus ar deireadh, de dheasca na ba a bheith ag cloí lena rithim bhlite nádúrtha, glacadh leis go mbeadh titim sa tál bainne. Mar sin féin, tá trealamh agus cleachtais talmhaíochta nua tar éis an fheirmeoireacht a athrú ó bhun ar bhealach a fhágann gur cosúil nach ábhartha a thuilleadh na hábhair imní sin cé gurb ábhartha fós na hábhair imní maidir le bithrithim na n-ainmhithe agus le dálaí oibre na bhfeirmeoirí.
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4
(4)  Tá díospóireacht phoiblí bhríomhar ar siúl faoi shocruithe ama samhraidh agus tá sé curtha in iúl cheana féin ag roinnt Ballstát gur fearr leo scor de chur i bhfeidhm na socruithe sin. Ina fhianaise sin uile, is gá leanúint d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a chosaint agus aon suaitheadh mór ar an bhfeidhmiú sin de dheasca éagsúlacht idir na Ballstáit sa réimse seo a sheachaint. Dá bhrí sin, is iomchuí deireadh a chur ar bhealach comhordaithe le socruithe ama samhraidh.
(4)  Tá díospóireacht phoiblí bhríomhar ar siúl faoi shocruithe d’am an tsamhraidh. Ghlac thart ar 4.6 milliún saoránach páirt sa chomhairliúchán poiblí a reáchtáil an Coimisiún, agus is é sin an líon is mó freagairtí a fuarthas riamh in aon chomhairliúchán de chuid an Choimisiúin. Chomh maith leis sin, i roinnt tionscnaimh ó na saoránaigh, tarraingíodh aird ar ábhair imní an phobail maidir le hathrú leathbhliantúla na gclog agus tá sé curtha in iúl cheana féin ag roinnt Ballstát gurbh fhearr leo scor de chur i bhfeidhm na socruithe sin d’am an tsamhraidh. I bhfianaise na bhforbairtí sin, is gá leanúint d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a choimirciú agus aon suaitheadh suntasach ar an bhfeidhmiú sin de dheasca éagsúlacht idir na Ballstáit sa réimse seo a sheachaint. Dá bhrí sin, is iomchuí deireadh a chur ar bhealach comhordaithe agus comhtháite le socruithe d’am an tsamhraidh.
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 a (nua)
(4 a)  Léirítear sa chronaibhitheolaíocht go n-imrítear tionchar ar bhithrithim chorp an duine má bhíonn aon athrú ama ann, agus d’fhéadfadh sé sin drochthionchar a imirt ar shláinte an duine. Tugtar le fios go soiléir san fhianaise eolaíoch is déanaí, gur ann do nasc idir athruithe ama agus galair chardashoithíocha, galair imdhíonachta athlastacha nó hipirtheannas, ag a bhfuil baint le cur isteach ar an rithim laethúil. Tá grúpaí áirithe, amhail leanaí agus daoine aosta, níos leochaileachaí ná grúpaí eile. Dá bhrí sin, chun an tsláinte phoiblí a chosaint, is iomchuí deireadh a chur leis na hathruithe séasúracha ama.
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 b (nua)
(4b)   Déantar críocha na mBallstát, seachas na críocha thar lear, a ghrúpáil i dtrí amchrios nó i dtrí am chaighdeánacha dhifriúla, i.e. GMT, GMT +1 agus GMT +2. Fágann síneadh fada thuaidh-theas an Aontais Eorpaigh gurb éagsúil na héifeachtaí a bhíonn ag solas an lae ar fud an Aontais. Dá bhrí sin, is tábhachtach go ndéanfaidh na Ballstáit gnéithe geografacha ama a chur san áireamh, i.e. amchriosanna nádúrtha agus suíomh geografach, sula n-athróidh siad an t-amchrios atá acu. Ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhairle le saoránaigh agus le geallsealbhóirí ábhartha sula gcinnfidís na hamchriosanna atá acu a athrú.
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 c (nua)
(4c)  I roinnt tionscnaimh ó na saoránaigh, tarraingíodh aird ar ábhair imní na saoránach faoi athrú leathbhliantúla na gclog agus ba cheart an t-am agus an deis a thabhairt do na Ballstáit a gcomhairliúcháin phoiblí agus measúnuithe tionchair féin a dhéanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na himpleachtaí a bhaineann le scor d’athruithe ama séasúracha i ngach réigiún.
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 d (nua)
(4d)  Mar gheall ar am an tsamhraidh, nó am coigilte sholas an lae, bíonn luí gréine soiléir níos déanaí ann i rith mhíonna an tsamhraidh. In aigne go leor shaoránaigh AE, tá an samhradh inaitheanta le solas an lae a bheith ann go déanach sa tráthnóna. Má fhilltear ar an am ‘caighdeánach’, beidh luí gréine an tsamhraidh uair an chloig níos luaithe, agus beidh gearradh siar mór ar an tréimhse den bhliain ina mbíonn solas an lae ann um thráthnóna.
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 e (nua)
(4e)  In go leor staidéar, féachadh ar an nasc idir an t-aistriú chuig am an tsamhraidh agus an riosca maidir le taomanna croí, an cur isteach ar rithim an choirp, díth chodlata, deacrachtaí díriú isteach nó aird a choinneáil, riosca níos mó go dtarlódh timpistí, sástacht saoil níos ísle agus rátaí féinmharaithe fiú. Is léir, áfach, go bhfuil roinnt éifeachtaí fadtéarmacha dearfacha ar an bhfolláine ghinearálta ag baint le níos mó solas lae, le gníomhaíochtaí amuigh faoin aer i ndiaidh na hoibre nó na scoile, agus le nochtadh do sholas na gréine.
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 f (nua)
(4f)  Imríonn athruithe séasúracha ama drochthionchar ar leas na n-ainmhithe, ar rud é is léir sa talmhaíocht, mar shampla, áit a mbíonn táirgeadh an bhainne bó thíos leis.
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4 g (nua)
(4g)  Glactar leis go forleathan go mbíonn athruithe séasúracha ama ina gcúis le coigiltí fuinnimh. Go deimhin, ba iad coigiltí fuinnimh ba phríomhchúis le tabhairt isteach na n-athruithe i dtosach sa chéad seo caite. Léirítear le taighde, áfach, go bhféadfadh sé go mbeadh tairbhe imeallach ag baint le hathruithe séasúracha ama maidir le tomhaltas fuinnimh a laghdú san Aontas trí chéile, ach nach ionann an cás i ngach Ballstát. D’fhéadfadh sé go mba mhó freisin an méadú ar thomhaltas fuinnimh i gcomhair téimh ná an fuinnimh a shábháiltear ar shoilsiú tríd an aistriú chuig am an tsamhraidh. Thairis sin, tá sé deacair na torthaí a léirmhíniú toisc go mbíonn tionchar láidir ag tosca seachtracha orthu, amhail meitéareolaíocht, iompraíocht na n-úsáideoirí fuinnimh nó aistriú fuinnimh atá fós ar siúl.
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
(5)  Níor cheart an Treoir seo dochar a dhéanamh do cheart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an am caighdeánach nó na hamanna caighdeánacha do na críocha atá ina dhlínse agus atá faoi raon feidhme críochach na gConarthaí, agus maidir le hathruithe eile air sin. Mar sin féin, chun a áirithiú nach suaithfear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa chás nach mbeadh ach cuid de na Ballstáit ag cur socruithe ama samhraidh i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit gan an t-am caighdeánach a athrú in aon chríoch ar leith atá ina ndlínse ar chúiseanna a bhaineann le hathruithe séasúracha, fiú má chuirtear in iúl gur athrú amchreasa é an t-athrú sin. Thairis sin, chun an suaitheadh, inter alia, a laghdú ar iompar, ar chumarsáid agus ar na hearnálacha eile lena mbaineann, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas in am trátha go bhfuil rún acu a n-am caighdeánach a athrú agus na hathruithe ar tugadh fógra fúthu a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin. Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn an fhógra sin, na Ballstáit eile ar fad a chur ar an eolas ionas gur féidir leo na bearta uile is gá a dhéanamh. Lena chois sin, ba cheart dó an pobal i gcoitinne agus geallsealbhóirí a chur ar an eolas tríd an bhfaisnéis sin a fhoilsiú.
(5)  Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo dochar do cheart gach Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an am caighdeánach nó na hamanna caighdeánacha do na críocha atá ina dhlínse agus atá faoi raon feidhme críochach na gConarthaí, agus maidir le hathruithe eile air sin. Mar sin féin, chun a áirithiú nach suaithfear feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh sa chás nach mbeadh ach cuid de na Ballstáit ag cur socruithe ama samhraidh i bhfeidhm, ba cheart do na Ballstáit gan an t-am caighdeánach a athrú in aon chríoch ar leith atá ina ndlínse ar chúiseanna a bhaineann le hathruithe séasúracha, fiú má chuirtear in iúl gur athrú amchreasa é an t-athrú sin. Thairis sin, chun an suaitheadh a laghdú, inter alia, ar iompar, ar chumarsáid agus ar na hearnálacha eile lena mbaineann, ba cheart dóibh an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 1 Aibreán 2020 ar a dhéanaí sa chás ina mbeadh sé beartaithe acu a n-am caighdeánach a athrú ar an Domhnach deireadh de mhí Dheireadh Fómhair 2021.
Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
(6)  Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur le comhchuibhiú na tréimhse a chumhdaíonn na socruithe ama samhraidh a leagtar síos i dTreoir 2000/84/CE agus rialacha comhchoiteanna a thabhairt isteach lena gcuirfear cosc ar na Ballstáit socruithe ama séasúracha éagsúla a thabhairt isteach trína n-am caighdeánach a athrú níos mó ná uair amháin i rith na bliana agus lena mbunófar an oibleagáid fógra a thabhairt faoi athruithe atá beartaithe ar an am caighdeánach. Is é is aidhm leis an Treoir seo rannchuidiú ar shlí chinntitheach le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart, dá thoradh sin, é a bhunú ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
(6)  Dá bhrí sin, is gá deireadh a chur le comhchuibhiú na tréimhse a chumhdaíonn na socruithe d’am an tsamhraidh a leagtar síos i dTreoir 2000/84/CE agus rialacha comhchoiteanna a thabhairt isteach lena gcuirfear cosc ar na Ballstáit socruithe séasúracha ama éagsúla a thabhairt isteach trína n-am caighdeánach a athrú níos mó ná uair amháin in aghaidh na bliana. Is é is aidhm leis an Treoir seo ná rannchuidiú ar shlí chinntitheach le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus ba cheart, dá thoradh sin, é a bhunú ar Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, arna léirmhíniú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6 a (nua)
(6a)   Maidir leis an gcinneadh i dtaobh cén t-am caighdeánach a bheidh i bhfeidhm i ngach Ballstát, ní mór go mbeadh comhairliúcháin agus staidéir déanta roimh an gcinneadh sin ina gcuirfí san áireamh cad is fearr leis na saoránaigh, éagsúlachtaí geografacha, difríochtaí réigiúnacha, gnáthshocruithe oibre agus tosca eile is ábhartha don Bhallstát ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh dóthain ama ag na Ballstáit chun anailís a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an togra agus chun go ndéanfaidís an réiteach is fearr a fhónann dá bpobail a roghnú, agus aird á tabhairt ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6 b (nua)
(6b)   Beidh costais aistrithe ann mar thoradh ar athrú ama nach mbaineann le hathruithe séasúracha, go háirithe maidir le córais TF in earnálacha an iompair agus earnálacha eile. Chun na costais a bhaineann le haistriú a laghdú go suntasach, beidh gá le tréimhse ullmhúcháin réasúnta chun an Treoir seo a chur chun feidhme.
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
(7)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ón 1 Aibreán 2019, sa dóigh go dtosódh an tréimhse dheireanach ama samhraidh a bheadh faoi réir rialacha Threoir 2000/84/CE, i ngach Ballstát, ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an 31 Márta 2019. Na Ballstáit sin a bhfuil rún acu, tar éis na tréimhse ama samhraidh sin, am caighdeánach a ghlacadh a chomhfhreagróidh don am a chuirtear i bhfeidhm i rith shéasúr an gheimhridh i gcomhréir le Treoir 2000/84/CE, ba cheart dóibh a n-am caighdeánach a athrú ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an 27 Deireadh Fómhair 2019, sa dóigh gur ag an am céanna a dhéanfar athruithe comhchosúla buana i mBallstáit éagsúla. Is inmhianaithe go ndéanfadh na Ballstáit ar dhóigh chomhbheartaithe na cinntí maidir leis an am caighdeánach a chuirfidh gach ceann acu i bhfeidhm ó 2019 amach.
(7)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Treoir seo ón 1 Aibreán 2021, sa dóigh go dtosódh an tréimhse dheireanach ama samhraidh a bheadh faoi réir rialacha Threoir 2000/84/CE, i ngach Ballstát, ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an Domhnach deiridh de mhí an Mhárta 2021. Na Ballstáit sin a bhfuil rún acu, tar éis na tréimhse ama samhraidh sin, am caighdeánach a ghlacadh a chomhfhreagróidh don am a chuirtear i bhfeidhm i rith shéasúr an gheimhridh i gcomhréir le Treoir 2000/84/CE, ba cheart dóibh a n-am caighdeánach a athrú ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an Domhnach deiridh de mhí Dheireadh Fómhair 2021, sa dóigh gur ag an am céanna a dhéanfar athruithe comhchosúla buana i mBallstáit difriúla. Is inmhianaithe go ndéanfadh na Ballstáit ar dhóigh chomhbheartaithe na cinntí maidir leis an am caighdeánach a chuirfidh gach ceann acu i bhfeidhm ó 2021.
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7 a (nua)
(7 a)  Chun cur chun feidhme comhchuibhithe na Treorach seo a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit dul i gcomhar le chéile agus cinntí a dhéanamh maidir lena socruithe ama ar bhealach comhbheartaithe agus comhordaithe. Dá bhrí sin, ba cheart sásra a bhunú, ina mbeadh ionadaí ainmnithe amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún. Ba cheart don sásra comhordúcháin plé agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag aon chinneadh arna bheartú maidir le hamanna caighdeánacha Ballstáit ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, chun suaití suntasacha a sheachaint.
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7 b (nua)
(7 b)  Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú an bhféadfadh na socruithe ama arna mbeartú sna Ballstáit dhifriúla srian suntasach a chur ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Sa chás nach leanfaidh sé as an measúnú go ndéanfaidh na Ballstáit athmhachnamh ar na socruithe ama arna mbeartú acu, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur siar go ceann 12 mhí ar a mhéad agus togra reachtach a chur isteach, más iomchuí. Dá bhrí sin, agus chun cur i bhfeidhm cuí na Treorach seo a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur siar go ceann 12 mhí ar a mhéad.
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 2
2.  D’ainneoin mhír 1, beidh na Ballstáit fós in ann athrú séasúrach a chur i bhfeidhm ar a n-am caighdeánach nó ar a n-amanna caighdeánacha in 2019, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an 27 Deireadh Fómhair 2019. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin gcinneadh sin i gcomhréir le hAirteagal 2.
2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit fós athrú séasúrach a chur i bhfeidhm ar a n-am caighdeánach nó ar a n-amanna caighdeánacha in 2021, ar choinníoll go ndéanfaidh siad amhlaidh ar 1:00 a.m., Am Uilíoch Lárnach, an Domhnach deiridh de mhí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin gcinneadh sin don Choimisiún faoin 1 Aibreán 2020 ar a dhéanaí.
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1
1.  Gan dochar d’Airteagal 1, má chinneann Ballstát a am caighdeánach nó a amanna caighdeánacha a athrú in aon chríoch atá ina dhlínse, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi sin 6 mhí ar a laghad sula ndéanfar an t-athrú. I gcás ina dtabharfaidh Ballstát fógra den sórt sin agus nach mbeidh an fógra sin tarraingthe siar aige 6 mhí ar a laghad roimh dháta an athraithe atá beartaithe, cuirfidh an Ballstát an t-athrú sin i bhfeidhm.
1.  Bunaítear leis seo sásra comhordaithe agus é mar aidhm leis cur chuige comhchuibhithe agus comhordaithe i leith socruithe ama a áirithiú ar fud an Aontais.
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 2
2.  Laistigh de 1 mhí den fhógra, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi agus foilseoidh sé an fhaisnéis sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2.  Beidh ionadaí amháin ag gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún sa sásra comhordaithe.
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 2 a (nua)
2 a.  Sa chás ina dtabharfaidh Ballstát fógra don Choimisiún faoina chinneadh de bhun Airteagal 1(2), tionólfar an sásra comhordúcháin chun plé agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú arna bheartú ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, chun suaití suntasacha a sheachaint.
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 2 b (nua)
2 b.  Sa chás ina measfaidh an Coimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2a, go gcuirfear isteach go mór ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh leis an athrú arna bheartú, cuirfidh sé an Ballstát a thug fógra ar an eolas faoi sin.
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 2 c (nua)
2 c.  Faoin 31 Deireadh Fómhair 2020 ar a dhéanaí, cinnfidh an Ballstát a thug an fógra cé acu a leanfaidh sé lena rún nó nach leanfaidh. Sa chás ina gcinnfidh an Ballstát a thug fógra go leanfaidh sé lena rún, cuirfidh sé míniú mionsonraithe ar fáil faoin gcaoi a dtabharfaidh sé aghaidh ar thionchar diúltach an athraithe ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1
1.  Tuairisceoidh an Coimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi chur chun feidhme na Treorach seo faoin 31 Nollaig 2024 ar a dhéanaí.
1.  Faoin 31 Nollaig 2025 ar a dhéanaí, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil mheastóireachta faoi chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na Treorach seo in éineacht, i gcás inar gá, le togra reachtach chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi arna bhunú ar mheasúnú tionchar críochnúil, a mbeidh gach geallsealbhóir ábhartha páirteach ann.
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2
2.  Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha don Choimisiún faoin 30 Aibreán 2024 ar a dhéanaí.
2.  Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha don Choimisiún faoin 30 Aibreán 2025 ar a dhéanaí.
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1
1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Aibreán 2019 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
1.  Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 1 Aibreán 2021 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2019.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Aibreán 2021.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 a (nua)
Airteagal 4 a
1.  Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis an sásra comhordaithe dá dtagraítear in Airteagal 2, dlúthfhaireachán ar na socruithe ama dá bhforáiltear ar fud an Aontais.
2.  I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhféadfadh na socruithe ama arna mbeartú, a thug na Ballstáit fógra fúthu de bhun Airteagal 1(2), srian suntasach agus buan a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, tugtar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo a chur siar go ceann 12 mhí ar a mhéad agus togra reachtach a chur isteach, más iomchuí.
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 b (nua)
Airteagal 4 b
1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4a thabhairt don Choimisiún ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] go dtí [dáta chur i bhfeidhm na Treorach seo].
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4a a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4a i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5
Airteagal 5
Airteagal 5
Aisghairtear Treoir 2000/84/CE le héifeacht ón 1 Aibreán 2019.
Aisghairtear Treoir 2000/84/CE le héifeacht ón 1 Aibreán 2021.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 305.


Rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas ***I
PDF 574kWORD 192k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha coiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas (athmhúnlú) (COM(2016)0864 – C8-0495/2016 – 2016/0380(COD))
P8_TA-PROV(2019)0226A8-0044/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0864),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0495/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na hUngáire, Comhairle Chónaidhme na hOstaire agus Seanad na Polainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017(1);

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 13 Iúil 2017(2);

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(3),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 7 Meán Fómhair 2017 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0044/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á thabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (athmhúnlú)

P8_TC1-COD(2016)0380


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7). Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.

(2)  Is é is aidhm don mhargadh inmheánach don leictreachas, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ar fud an Aontais ó 1999, ná, trí mhargaí leictreachais iomaíocha a eagrú thar theorainneacha, fíor-rogha a thabhairt do chustaiméirí deiridh uile an Aontais, bídís ina saoránaigh agus nó ina ngnólachtaí, mar aon le deiseanna nua gnó, praghsanna iomaíocha, comharthaí infheistíochta éifeachtacha agus caighdeáin seirbhíse níos airde, chomh maith le bheith ag rannchuidiú le cinnteacht agus inbhuanaitheacht an tsoláthair.

(3)  Le Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) agus le Treoir 2009/72/CE, tá rannchuidiú suntasach déanta i dtreo chruthú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Tá athrú mór ar chóras fuinnimh na hEorpa ag titim amach faoi láthair áfach. Leis an sprioc coiteann dícharbónú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh, cruthaítear deiseanna agus dúshláin nua do rannpháirtithe margaidh. Ag an am céanna, fágann forbairtí teicneolaíochta go bhfuil bealaí nua ann do rannpháirtíocht na dtomhaltóirí agus don chomhar trasteorann. Tá gá le rialacha mhargadh an Aontais a oiriúnú don chaoi ina bhfuil an margadh anois.

(4)  I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Feabhra 2015, dar teideal “A Framework Strategy for a Resilient Energy Union with a Forward-Looking Climate Change Policy” [“Creat-Straitéis i ndáil le hAontas Fuinnimh Athléimneach a chuireann Beartas Réamhbhreathnaitheach um Athrú Aeráide i bhfeidhm”], leagtar amach fís d’Aontas Fuinnimh a bhfuil na saoránaigh ag a chroílár, ina nglacann saoránaigh úinéireacht ar an trasdul fuinnimh, ina mbaineann siad tairbhe as teicneolaíochtaí nua chun a mbillí a laghdú agus chun bheith rannpháirteach go gníomhach sa mhargadh, agus ina gcosnaítear tomhaltóirí leochaileacha.

(5)  I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015, dar teideal “Delivering a New Deal for Energy Consumers” [“Socrú Nua a Chur ar Fáil do Thomhaltóirí Fuinnimh”], cuireadh i láthair fís an Choimisiúin le haghaidh margadh miondíola a fhreastalaíonn ar bhealach níos fearr ar thomhaltóirí fuinnimh, lena n-áirítear trí mhargaí mórdhíola agus miondíola a nascadh ar bhealach níos fearr. Trí leas a bhaint as teicneolaíocht nua, ba cheart do chuideachtaí seirbhísí fuinnimh nua agus nuálacha a chumasú do gach tomhaltóir rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh sa trasdul fuinnimh, trí bhainistiú a dhéanamh ar a dtomhaltas chun réitigh atá tíosach ar fhuinneamh a chur ar fáil, réitigh a sábhálann airgead dóibh agus a rannchuidíonn leis an laghdú foriomlán ar thomhaltas fuinnimh.

(6)  I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2015, dar teideal “Launching the public consultation process on a new energy market design” [“Seoladh an chomhairliúcháin phoiblí faoin dearadh nua ar mhargadh an fhuinnimh”], leagadh béim ar an bhfíoras go n-éilíonn an t-athrú faoina n-imeofar ó ghiniúint i suiteálacha giniúna móra lárnacha go táirgeadh díláraithe leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus go margaí dícharbónaithe go ndéanfaí na rialacha atá ann faoi láthair don trádáil leictreachais a oiriúnú agus go ndéanfaí róil na margaí atá ann cheana féin a athrú. Sa teachtaireacht, leagadh béim ar an ngá atá le margaí leictreachais a eagrú ar bhealach níos solúbtha agus le gach gníomhaí sa mhargadh a chomhtháthú – lena n-áirítear tairgeoirí fuinnimh in-athnuaite, soláthraithe seirbhísí fuinnimh nua, stóráil fuinnimh agus éileamh solúbtha. Tá sé chomh tábhachtach céanna don Aontas infheistiú a dhéanamh go práinneach in idircheangal ar leibhéal an Aontais le haghaidh aistriú fuinnimh trí chórais tarchurtha ardvoltais leictreachais.

(7)  D’fhonn margadh inmheánach don leictreachas a chruthú, ba cheart do na Ballstáit lánpháirtiú a gcuid margaí náisiúnta agus comhar i measc oibreoirí córais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal réigiúnach a chothú, agus ba cheart dóibh córais scoite a chruthaíonn oileáin leictreachais atá fós san Aontas a thabhairt isteach.

(8)  Chomh maith le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua, tá sé mar aidhm leis an Treoir seo aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá fós ann ó thaobh chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Is gá go mbeadh an creat rialála beachtaithe in ann rannchuidiú le réiteach a fháil ar na fadhbanna atá ann faoi láthair ó mhargaí fuinnimh ilroinnte, margaí ar minic fós dóibh a bheith á socrú bunaithe ar líon mór idirghabhálacha rialála. Is é a lean as idirghabhálacha den sórt sin ná go raibh bacainní ann ó thaobh leictreachas a sholáthar ar théarmaí comhionanna chomh maith le costais níos airde i gcomparáid le réitigh a bheadh bunaithe ar chomhar trasteorann agus ar phrionsabail mhargadhbhunaithe.

(9)  Is é an bealach is éifeachtúla a dhéanfadh an tAontas a chuid spriocanna d’fhuinneamh in-athnuaite a chomhlíonadh ná trí chreat margaidh a chruthú ina dtugtar luaíocht ar son solúbthachta agus nuálaíochta. Is dearadh do mhargadh leictreachais atá ag feidhmiú go maith an phríomhghné le haghaidh méadú ar ráta úsáide an fhuinnimh in-athnuaite.

(10)  Tá ról ag tomhaltóirí ríthábhachtach i dtaobh an tsolúbthacht is gá a bhaint amach chun an córas leictreachais a oiriúnú do ghiniúint fuinnimh in-athnuaite atá inathraitheach agus dáilte. Tá go leor deiseanna nua oscailte do thomhaltóirí i ngeall ar an dul chun cinn teicneolaíochta i mbainistiú na heangaí agus i nginiúint an fhuinnimh in-athnuaite. iomaíocht shláintiúil i margaí miondíola ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar seirbhísí nuálacha nua, a thugann aghaidh ar na riachtanais agus cumais shíorathraitheacha atá ag tomhaltóirí, a leathadh amach faoi stiúir fórsaí margaidh, agus solúbthacht na gcóras á méadú ag an am céanna. Mar gheall ar an easpa faisnéise i bhfíor-am nó gar d’fhíor-am a thugtar do thomhaltóirí faoina dtomhaltas fuinnimh, áfach, tá bac orthu ó bheith ina rannpháirtithe gníomhacha sa mhargadh fuinnimh agus sa trasdul fuinnimh. Trí thomhaltóirí a chumhachtú le bheith níos rannpháirtí sa mhargadh fuinnimh, agus na huirlisí chuige sin a sholáthar dóibh, lena n-áirítear bheith rannpháirteach ar bhealaí nua, tá sé beartaithe go mbainfidh saoránaigh san Aontas tairbhe as an margadh inmheánach don leictreachas agus go mbainfear spriocanna an Aontais don fhuinneamh in-athnuaite amach.

(11)  Na saoirsí a ráthaítear do shaoránaigh an Aontais faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) inter alia, saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar — ní féidir iad a ghnóthú ach i margadh atá iomlán oscailte, margadh a fhágann go bhfuil saoirse ag gach tomhaltóir a soláthróirí a roghnú agus go bhfuil saoirse ag gach soláthróir freastal a dhéanamh ar a gcustaiméirí.

(12)  Tá sé fíorthábhachtach do na Ballstáit iomaíocht chothrom agus rochtain éasca ar sholáthróirí difriúla a chur chun cinn chun go mbeidh sé ar chumas tomhaltóirí buntáiste iomlán a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as margadh inmheánach léirscaoilte don leictreachas. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go bhfuil cliseadh sa mhargadh ag tarlú fós i gcórais bheaga imeallacha leictreachais agus i gcórais nach bhfuil ceangailte le Ballstáit eile, i gcás nach é an spreagadh ceart don infheistíocht atá i bpraghsanna leictreachais, agus dá bhrí sin tá gá le réitigh shonracha chun leibhéal leormhaith de chinnteacht an tsoláthair a áirithiú.

(13)  Chun an iomaíocht a chothú agus chun soláthar leictreachais a áirithiú ag an bpraghas is iomaíche, ba cheart do na Ballstáit agus do na húdaráis rialála rochtain trasteorann a éascú do sholáthróirí nua leictreachais ó fhoinsí fuinnimh éagsúla, agus do sholáthraithe nua giniúna, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh chomh maith.

(14)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ann d’aon bhacainní míchuí laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas a mhéid a bhaineann le dul isteach sa mhargadh, oibriú an mhargaidh agus imeacht as an margadh. Ag an am céanna, ba cheart a shoiléiriú nach dochar an fhoráil seo don inniúlacht sin a choimeádann na Ballstáit i leith tríú tíortha. Níor cheart a léirthuiscint leis an soiléiriú sin go dtugtar de chumas do Bhallstát inniúlacht eisiach an Aontais a fheidhmiú. Ba cheart a shoiléiriú freisin go gcaithfidh rannpháirtithe sa mhargadh ó thríú tíortha a oibríonn laistigh den mhargadh inmheánach dlí infheidhme an Aontais agus dlí náisiúnta infheidhme a chomhlíonadh ar an mbealach céanna is a dhéanann gach rannpháirtí eile sa mhargadh.

(15)  Fágann rialacha margaidh gur féidir le táirgeoirí agus soláthróirí dul isteach agus dul amach bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais a gcuid oibríochtaí. Níl an prionsabal sin ar neamhréir leis an bhféidearthacht atá ag Ballstáit oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais atá ag oibriú san earnáil leictreachais chun leasa ginearálta eacnamaíochta i gcomhréir leis na Conarthaí, go háirithe Airteagal 106 CFAE, agus leis an Treoir seo agus Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9)(10).

(16)  Dúirt an Chomhairle Eorpach an 23 agus an 24 Deireadh Fómhair 2014 ina conclúidí go bhfuil an Coimisiún, le tacaíocht ó na Ballstáit, le bearta práinneacha a ghlacadh lena áirithiú go mbainfear amach an sprioc íosta de 10 % de na hidirnaisc leictreachais atá ann cheana, mar ábhar práinne, agus tráth nach déanaí ná 2020 ar a laghad i gcás na mBallstát sin nár bhain amach an t-íosleibhéal comhtháthaithe go fóill sa mhargadh inmheánach fuinnimh, is é sin le rá na Stáit Bhaltacha, an Phortaingéil agus an Spáinn, agus i gcás na mBallstát sin arb iad a bpríomhphointe rochtana iad leis an margadh inmheánach fuinnimh. Dúirt sí freisin go dtuairisceoidh an Choimisiún go tráthrialta chuig an gComhairle Eorpach agus é mar chuspóir go dtiocfar ar sprioc de 15 % faoi 2030.

(17)  Tá idircheangal fisiceach dóthanach le tíortha comharsanacha tábhachtach chun a chur ar chumas na mBallstát agus na dtíortha comharsanacha tairbhiú de na héifeachtaí dearfacha a ghabhann leis an margadh inmheánach, mar ar cuireadh béim air i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Samhain 2017, dar teideal “Communication on strengthening Europe's energy networks” [“Teachtaireacht maidir le gréasáin fuinnimh na hEorpa a neartú”], agus mar a léiríodh i bpleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).

(18)  Tá margaí an leictreachais difriúil ó mhargaí eile amhail margaí do ghás nádúrtha, mar shampla toisc nach mbaineann trádáil i dtráchtearra leo, ar tráchtearra é nach féidir a stóráil go héasca faoi láthair agus a dhéantar a tháirgtear trí úsáid a bhaint as lear mór suiteálacha giniúna éagsúla, lena n-áirítear trí ghiniúint dháilte. Léiríodh an méid sin sna cuir chuige éagsúla atá ann chun deileáil ar bhonn rialála le hidirnascairí sna hearnálacha leictreachais agus gáis. Chun na margaí leictreachais a lánpháirtiú, tá gá le méid mhór comhair i measc oibreoirí córas, rannpháirtithe sa mhargadh agus údarás rialála, go háirithe sa chás go ndéantar leictreachas a thrádáil trí chúpláil margaidh.

(19)  Ba cheart é a bheith ar cheann de phríomhspriocanna na Treorach seo rialacha comhchoiteanna a dhaingniú le haghaidh fíormhargadh inmheánach agus soláthar leathan leictreachais atá inrochtana do chách. Chuige sin, sholáthródh praghsanna neamhshaofa margaidh dreasachtaí d’idirnaisc thrasteorann agus le haghaidh infheistíochtaí i nginiúint nua leictreachais agus, go fadtéarmach, bheadh cóineasú praghsanna ann mar thoradh air sin.

(20)  Ba cheart do phraghsanna margaidh na dreasachtaí cearta a thabhairt le haghaidh fhorbairt an ghréasáin agus le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i nginiúint nua leictreachais.

(21)  Tá cineálacha éagsúla eagraithe margaidh ann sa mhargadh inmheánach don leictreachas. Ba cheart na bearta a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhéanamh chun cothroime iomaíochta a áirithiú a bheith bunaithe ar cheanglais sháraitheacha an leasa choitinn. Ba cheart dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir lena mhéid atá na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus le dlí eile de chuid an Aontais.

(22)  Ba cheart do na Ballstáit lánrogha leathan a choinneáil chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais leictreachais i saothrú na gcuspóirí leasa ghinearálta eacnamaíoch. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measfaidh na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga, an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe ar phraghsanna atá inchomparáide go soiléir, trédhearcach agus iomaíoch. Mar sin féin, oibleagáidí seirbhíse poiblí i bhfoirm socrú praghsanna do sholáthar an leictreachais, is bearta iad atá saobhach ó bhonn ar minic a leanann carnadh ar easnaimh taraifí, teorannú ar rogha na dtomhaltóirí, dreasachtaí níos measa i dtaca le caomhnú fuinnimh agus i dtaca le hinfheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh, caighdeáin seirbhíse níos ísle, leibhéil níos ísle de rannpháirtíocht agus sástacht tomhaltóirí, agus srianadh ar an iomaíocht, chomh maith le líon níos lú táirgí agus seirbhísí nuálacha a bheith ar an margadh astu. Dá thoradh sin, ba cheart do na Ballstáit uirlisí eile beartais a chur i bhfeidhm, go háirithe bearta spriocdhírithe faoin mbeartas sóisialta, chun inacmhainneacht an tsoláthair fuinnimh dá saoránaigh a choimirciú. Níor cheart idirghabhálacha poiblí ó thaobh socrú praghsanna don soláthair leictreachais a chur i bhfeidhm ach amháin mar oibleagáidí seirbhíse poiblí agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir ag coinníollacha sonracha a shonraítear sa Treoir seo. Margadh leictreachais atá iomlán léirscaoilte agus ag feidhmiú go maith, spreagfadh sé iomaíocht faoi phraghsanna agus iomaíocht nach iomaíocht faoi phraghsanna í i measc na soláthróirí atá ann cheana féin agus sholáthródh sé dreasachtaí d’iontrálaithe nua sa mhargadh, rud a d’fheabhsódh roghanna agus sástacht na dtomhaltóirí dá bharr.

(23)  Oibleagáidí seirbhíse poiblí i bhfoirm socrú praghsanna do sholáthar an leictreachais, ba cheart iad sin a úsáid, ar bhealach nach sáródh prionsabal na margaí oscailte, in imthosca atá sainithe go soiléir agus i measc tairbhithe atá sainithe go soiléir, agus ba cheart dóibh a bheith teoranta ina ré. D’fhéadfadh imthosca den sórt sin tarlú, mar shampla, nuair atá an soláthar srianta go mór, rud a bheadh ina chúis le praghsanna leictreachais atá go suntasach níos airde ná mar is gnách, nó i gcás go gclisfeadh an margadh nuair nach raibh éifeacht ag idirghabhálacha ó na húdaráis rialála agus ó na húdaráis iomaíochta. Bheadh éifeacht dhíréireach aige sin ar theaghlaigh, agus, go háirithe, ar chustaiméirí leochaileacha arb iondúil dóibh sciar mhór dá n-ioncam indiúscartha a chaitheamh ar bhillí fuinnimh i gcomparáid le tomhaltóirí ardioncaim. Chun maolú a dhéanamh ar éifeachtaí saofa na n-oibleagáidí seirbhíse poiblí i socrú phraghas an leictreachais, ba cheart do na Ballstáit a chuireann idirghabhálacha den sórt sin i bhfeidhm bearta breise a thabhairt isteach, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar shaobhadh ar shocrú praghsanna sa mhargadh mórdhíola. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil tairbhithe uile praghsanna rialáilte in ann tairbhe iomlán a bhaint as na tairiscintí atá ar fáil ar an margadh iomaíoch nuair a roghnaíonn siad déanamh amhlaidh. Chuige sin, is gá córais méadraithe chliste a bheith ag na tairbhithe sin agus is gá rochtain a bheith acu ar chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Ina theanta sin, ba cheart iad a chur ar an eolas go díreach agus go tráthrialta i dtaobh na dtairiscintí agus na gcoigilteas atá ar fáil ar an margadh iomaíoch, go háirithe na cinn a bhaineann le conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus ba cheart cúnamh a thabhairt dóibh le freagairt a thabhairt ar thairiscintí atá bunaithe ar an margadh agus tairbhe a bhaint astu.

(24)  Maidir le tairbhithe praghsanna rialáilte a bheith i dteideal méadair chliste a fháil gan aon chostas breise, níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar Bhallstáit feidhmiúlacht córas méadraithe chliste a mhodhnú i gcás nach ann do bhonneagar méadar cliste ós rud é gur toradh diúltach a bhí ar an measúnú costais agus tairbhe maidir le leathadh amach córas méadraithe chliste.

(25)  Níor cheart tras-fhóirdheonú díreach idir catagóirí éagsúla custaiméara a bheith mar thoradh ar idirghabhálacha poiblí i socrú praghsanna i ndáil le soláthar leictreachais. De réir an phrionsabail sin, ní mór nach gcuirfidh córais praghsanna faoi deara go sainráite do chatagóirí áirithe custaiméara costas na n-idirghabhálacha praghsanna a dhéanann difear do chatagóirí eile custaiméara a sheasamh. Mar shampla, níor cheart a mheas gur tras-fhóirdheonú díreach atá i gcóras praghsanna arb iad na soláthróirí nó oibreoirí eile a sheasann an costas ar bhealach neamh-idirdhealaitheach.

(26)  Chun a áirithiú go gcoinneofar na caighdeáin arda seirbhíse poiblí ar bun san Aontas, ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún go tráthrialta faoi gach beart arna dhéanamh ag na Ballstáit chun cuspóir na Treorach seo a ghnóthú. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú go tráthrialta ina ndéanfaí anailís ar na bearta arna ndéanamh ar an leibhéal náisiúnta chun cuspóirí seirbhíse poiblí a ghnóthú agus comparáid ar a éifeachtaí atá siad, d’fhonn moltaí a dhéanamh i ndáil leis na bearta a bheadh le glacadh ar an leibhéal náisiúnta chun ardchaighdeáin seirbhíse poiblí a ghnóthú.

(27)  Ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit soláthróir na dála deiridh a cheapadh. D’fhéadfadh an soláthróir sin a bheith ina rannóg díolacháin i ngnóthas atá comhtháite go hingearach, a dhéanann feidhmeanna dáileacháin freisin, ar choinníoll go gcomhlíonann sé ceanglais na Treorach seo maidir le díchuachadh.

(28)  I measc na mbeart arna gcur chun feidhme ag Ballstáit chun na críche comhtháthú sóisialta agus eacnamaíochta a ghnóthú, ba cheart é a bheith indéanta a áireamh leo, go háirithe, dreasachtaí leordhóthanacha eacnamaíocha a sholáthar, trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as aon uirlis náisiúnta agus Aontais atá ann cheana. Féadfaidh sásraí dliteanais chun an infheistíocht is gá a ráthú a bheith san áireamh sna huirlisí sin.

(29)  Sa mhéid gur Státchabhair faoi Airteagal 107(1) CFAE iad na bearta arna ndéanamh ag Ballstáit chun oibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, tá oibleagáid ann faoi Airteagal 108(3) CFAE fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith.

(30)  Tugann dlí trasearnálach bunús láidir do chosaint tomhaltóirí i gcomhair raon leathan seirbhísí fuinnimh atá ann cheana, agus is dócha go dtiocfaidh an dlí sin chun cinn. Mar sin féin, ba cheart cearta conarthacha bunúsacha áirithe atá ag custaiméirí a bhunú go soiléir.

(31)  Ba cheart faisnéis shoiléir agus shothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí i dtaca lena gcearta i ndáil le hearnáil an fhuinnimh. Tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear Ballstáit, údaráis rialála, eagraíochtaí tomhaltóirí agus gnóthais leictreachais, tá seicliosta do thomhaltóirí fuinnimh a thugann faisnéis phraiticiúil do thomhaltóirí faoina gcearta bunaithe ag an gCoimisiún. Ba cheart an seicliosta sin a choinneáil cothrom le dáta, a sholáthar do gach tomhaltóir agus a chur ar fáil go poiblí.

(32)  Cuireann roinnt tosca bac ar thomhaltóirí rochtain a fháil ar na foinsí éagsúla faisnéise faoin margadh atá ar fáil dóibh, iad a thuiscint agus gníomhú bunaithe orthu. Fágann sé sin gur cheart inchomparáideacht na dtairiscintí a fheabhsú agus gur cheart bacainní roimh athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile a íoslaghdú a mhéid agus is indéanta ach fós gan teorannú míchuí a dhéanamh ar rogha na dtomhaltóirí.

(33)  Tá raon leathan táillí fós á ngearradh ar chustaiméirí beaga go díreach nó go hindíreach mar thoradh ar athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile. Le táillí den sórt sin, bíonn sé níos deacra an táirge nó seirbhís is fearr a shainaithint agus laghdaítear leo an buntáiste airgeadais a bhíonn ann láithreach má athraítear ó sholáthróir amháin go ceann eile. Cé go bhféadfadh sé rogha na dtomhaltóirí a theorannú má bhaintear táillí den sórt sin trí dheireadh a chur le táirgí atá bunaithe ar dhílseacht custaiméirí, ba cheart go bhfeabhsófaí leas tomhaltóirí, rannpháirtíocht tomhaltóirí agus iomaíocht sa mhargadh má dhéantar úsáid na dtáillí sin a shrianadh tuilleadh.

(34)  Le hamanna ionchasacha níos giorra maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, is dócha go spreagfar tomhaltóirí le margaí fuinnimh níos fearr a chuardach agus athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile. Leis an teicneolaíocht faisnéise a bheith á leathadh amach ar bhealach méadaithe, faoin mbliain 2026, ba cheart é a bheith indéanta an próiseas athraithe teicniúil a bhaineann leis an oibreoir margaidh a bheith ag clárú soláthróir nua i bpointe méadraithe a thabhairt chun críche laistigh de 24 uair an chloig ar aon lá oibre. D’ainneoin na gcéimeanna eile sa phróiseas chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile atá le críochnú sula gcuirtear tús le próiseas teicniúil an athraithe, trína áirithiú gur féidir le próiseas teicniúil an athraithe tarlú laistigh de 24 uair an chloig faoin dáta sin, dhéanfaí amanna maidir leis an atrhú a íoslaghdú, rud a chabhródh le rannpháirteachas an tomhaltóra agus le hiomaíocht mhiondíola a mhéadú. In aon chás, níor cheart do ré iomlán an phróisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile dul thar thrí sheachtaine ó dháta iarraidh an tomhaltóra.

(35)  Is modh éifeachtach do chustaiméirí beaga iad uirlisí comparáide neamhspleácha, lena n-áirítear suíomhanna gréasáin, chun measúnú a dhéanamh ar an bhfiúntas a bhaineann leis na tairiscintí fuinnimh éagsúla atá ar fáil ar an margadh. Le huirlisí den sórt sin, laghdaítear costais chuardaigh toisc nach gá do thomhaltóirí a thuilleadh faisnéis a bhailiú ó sholáthróirí aonair agus ó sholáthraithe seirbhíse aonair. Le huirlisí den sórt sin, is féidir an chothromaíocht cheart a fháil idir an gá atá le faisnéis a bheith soiléir agus achomair agus an gá atá lena bheith iomlán agus cuimsitheach. Ba cheart é a bheith mar aidhm leo an raon is leithne is féidir de na tairiscintí atá ar fáil a chlúdach, agus an clúdach is iomláine agus is indéanta a thabhairt ar an margadh, sa chaoi go mbeidh forléargas ionadaíoch ag an gcustaiméir. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag custaiméirí beaga ar uirlís chomparáide amháin ar a laghad agus go mbeadh an fhaisnéis a thugtar in uirlisí den sórt sin iontaofa, neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, d’fhéadfadh Ballstáit foráil d’uirlis chomparáide a bhíonn á oibriú ag údarás náisiúnta nó ag cuideachta phríobháideach.

(36)  Déantar cosaint níos fearr do thomhaltóirí a ráthú trí shásraí éifeachtacha agus neamhspleácha um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt a bheith ar fáil do gach tomhaltóir, amhail ombudsman fuinnimh, comhlacht tomhaltóirí nó údarás rialála. Ba cheart do na Ballstáit nósanna imeachta tapa agus éifeachtacha chun gearáin a láimhseáil a thabhairt isteach.

(37)  Ba cheart do gach tomhaltóir a bheith in ann leas a bhaint as rannpháirteachas díreach sa mhargadh, go háirithe trína thomhaltas a choigeartú i gcomhréir le comharthaí margaidh agus tairbhe a bhaint as praghsanna leictreachais níos ísle nó íocaíochtaí dreasachta eile mar chúiteamh air sin. Tá gach seans ann go dtiocfaidh méadú ar na tairbhí a bhaineann leis an rannpháirteachas gníomhach sin le himeacht ama nuair, agus a mhéadófar an méid feasachta i measc tomhaltóirí a bheadh éighníomhach thairis sin i dtaobh na bhféidearthachtaí atá ar fáil dóibh mar thomhaltóirí gníomhacha agus a bheidh rochtain agus cur amach níos fearr ar an bhfaisnéis i dtaobh na bhféidearthachtaí a ghabhann le rannpháirteachas gníomhach. Ba cheart an deis a bheith ag tomhaltóirí a bheith rannpháirteach i ngach foirm den fhreagairt don éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart an deis a bheith acu tairbhiú de leathadh amach iomlán na gcóras méadraithe chliste agus, i gcás ina mbeidh measúnú diúltach ann i dtaobh an leata amach sin, rogha a dhéanamh córas méadraithe chliste agus conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a bheith acu. Leis an méid sin, ba cheart go bhfágfadh sé sin gur féidir leo a dtomhaltas a choigeartú i gcomhréir le comharthaí praghsála fíor-ama a léiríonn luach agus costas an leictreachais nó an iompair i dtréimhsí ama éagsúla, agus ag an am céanna ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an méid a nochtar praghasrioscaí mórdhíola do thomhaltóirí réasúnta. Ba cheart custaiméirí a chur ar an eolas i dtaobh na dtairbhí agus an riosca praghsála féideartha a ghabhann le conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin nach ngearrfaí pionós ar na tomhaltóirí sin a roghnaíonn gan páirt ghníomhach a bheith acu sa mhargadh. Ina áit sin, ba cheart éascú a dhéanamh ar an gcumas atá acu cinntí eolasacha a dhéanamh faoi na roghanna atá ar fáil dóibh ar an mbealach is oiriúnaí do dhálaí an mhargaidh baile.

(38)  Chun tairbhí agus éifeachtúlacht na praghsála dinimiciúla leictreachais a uasmhéadú, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht an sciar de na comhchodanna seasta i mbillí leictreachais a dhéanamh níos dinimiciúla nó a laghdú, agus, i gcás ina bhfuil an fhéidearthacht sin ann, ba cheart dóibh gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh.

(39)  Ba cheart rochtain a bheith ag gach grúpa tomhaltóirí (tionsclaíoch, tráchtála agus teaghlaigh) ar na margaí leictreachais chun a leictreachas solúbthachta agus féinghinte a thrádáil. Ba cheart go bhfágfaí gur féidir le tomhaltóirí lánúsáid a bhaint as buntáistí an chomhiomlánaithe ar tháirgeadh agus ar sholáthar thar réigiúin mhóra agus tairbhe a bhaint as an iomaíocht trasteorann. Is dócha go mbeidh ról tábhachtach ag rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú mar idirghabhálaithe idir grúpaí custaiméirí agus an margadh. Ba cheart an tsaoirse a bheith ag na Ballstáit an tsamhail cur chun feidhme iomchuí agus an cur chuige iomchuí i leith rialachais a roghnú don chomhbhailiú neamhspleách agus na prionsabail ghinearálta a leagtar amach sa Treoir seo á n-urramú. D’fhéadfadh roghnú prionsabal margadhbhunaithe nó prionsabal rialála a bheith i gceist le samhail nó cur chuige den sórt sin, ar prionsabail iad a thugann réitigh chun an Treoir seo a chomhlíonadh, amhail samhlacha trína ndéantar éagothromaíochtaí a shocrú nó trína ndéantar ceartúcháin imlíne a thabhairt isteach. Ba cheart rialacha trédhearcacha agus cothroma a bheith sa tsamhail a roghnaítear chun go mbeidh comhbhailitheoirí neamhspleácha in ann a róil mar idirghabhálaithe a chomhlíonadh agus chun a áirithiú go mbaineann an custaiméir deiridh tairbhe leormhaith as a ngníomhaíochtaí. Ba cheart táirgí a shainiú ar gach margadh ▌ leictreachais, lena n-áirítear margaí na seirbhísí coimhdeacha agus margaí acmhainneachta chun rannpháirteachas an fhreagartha don éileamh a spreagadh.

(40)  I dteachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2016, dar teideal “European Strategy for Low-Emission Mobility” [“Straitéis Eorpach don tSoghluaisteacht i dtaca le hAstaíochtaí Ísle”], leagtar béim ar an ngá atá le dícharbónú a dhéanamh ar earnáil an iompair agus laghdú a dhéanamh ar na hastaíochtaí a thagann uaithi, go háirithe i limistéir uirbeacha, agus tugtar chun suntais inti an ról tábhachtach is féidir a bheith ag leictrea-ghluaisteacht chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin. Thairis sin, is gné thábhachtach den trasdul fuinnimh é leictrea-shoghluaisteacht a leathadh amach. Dá bhrí sin, ba cheart do na rialacha margaidh a leagtar amach sa Treoir seo rannchuidiú le dálaí fabhracha a chruthú d’fheithiclí leictreacha de gach cineál. Go háirithe, ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar pointí athluchtaithe inrochtana go poiblí agus go príobháideach a leathadh amach go héifeachtach d’fheithiclí leictreacha agus ba cheart dóibh a áirithiú go ndéanfar luchtú feithiclí a chomhtháthú ar bhealach éifeachtach in oibriú an chórais.

(41)  Tá freagairt don éileamh rílárnach chun luchtú cliste feithiclí leictreacha a chumasú agus leis sin comhtháthú éifeachtach na bhfeithiclí leictreacha san eangach leictreachais a chumasú ar bhealach éifeachtach, rud a bheith ríthábhachtach i dtaca le próiseas iompar a dhícharbónú.

(42)  Ba cheart do thomhaltóirí a bheith in ann leictreachas féinghinte a ídiú, a stóráil agus/nó a dhíol ar an margadh agus a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais uile trína áirithiú go mbeidh an córas solúbtha, mar shampla trí stóráil fuinnimh, amhail stóráil lena n-úsáidtear feithiclí leictreacha, trí fhreagairt don éileamh nó trí scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh. Éascóidh forbairtí nua teicneolaíochta na gníomhaíochtaí sin amach anseo. Tá bacainní dlíthiúla agus tráchtála ann faoi láthair, áfach, lena n-áirítear mar shampla táillí díréireacha ar leictreachas arna ídiú go hinmheánach, oibleagáidí ó thaobh leictreachas féinghinte a threorú isteach sa chóras fuinnimh, agus ualaí riaracháin, amhail an gá atá ar thomhaltóirí a dhéanann féinghiniúint ar leictreachas agus a dhíolann é leis an gcóras na ceanglais a leagtar ar sholáthróirí a chomhlíonadh, etc. Ba cheart deireadh a chur le bacainní den sórt sin lena gcuirtear cosc ar thomhaltóirí féinghiniúint a dhéanamh agus leictreachas féinghinte a ídiú, a stóráil nó a dhíol ar an margadh agus ag an am céanna ba cheart a áirithiú go ndéanfaidh tomhaltóirí den sórt sin ranníocaíocht leordhóthanach le costais an chórais. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit forálacha rialála éagsúla a bheith ina ndlí náisiúnta a mhéid a bhaineann le cánacha agus tobhaigh ar chustaiméirí gníomhacha aonair agus ar chustaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, agus freisin ar theaghlaigh agus custaiméirí deiridh eile.

(43)  De bharr teicneolaíochtaí dáilte fuinnimh agus teicneolaíochtaí cumasaithe tomhaltóirí, is bealach éifeachtach agus costéifeachtúil atá san fhuinneamh pobail ▌chun riachtanais agus ionchais na saoránach i dtaca le foinsí fuinnimh, seirbhísí agus rannpháirteachas áitiúil a chomhlíonadh. Cuireann fuinneamh pobail rogha ar fáil a chuimsíonn gach tomhaltóir chun baint dhíreach a bheith acu i dtaca le fuinneamh a tháirgeadh, a ídiú nó a chomhroinnt ▌. Díríonn tionscnaimh fuinnimh pobail go príomhúil ar fhuinneamh inacmhainne de chineál ar leith, amhail fuinneamh in-athnuaite, a sholáthar dá gcomhaltaí nó dá scairshealbhóirí seachas tús áite a thabhairt do dhéanamh brabúis mar a dhéanann gnóthas leictreachais traidisiúnta. Trí dhul i dteagmháil go díreach le tomhaltóirí, léiríonn tionscnaimh fuinnimh pobail na féidearthachtaí a bhaineann leo i dtaca le héascú a dhéanamh ar úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nua agus as patrúin tomhaltais nua, lena n-áirítear eangacha dáileacháin cliste agus freagairt don éileamh, ar bhealach comhtháite. Is féidir leis an bhfuinneamh pobail borradh a chur faoin éifeachtúlacht fuinnimh ar leibhéal an teaghlaigh freisin agus cabhrú chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh trí laghdú ar thomhaltas agus taraifí soláthair níos ísle. Cuireann fuinneamh pobail ar chumas grúpaí áirithe custaiméirí teaghlaigh freisin a bheith rannpháirteach sna margaí leictreachais nach bhféadfadh a bheith murach sin. I gcásanna ina raibh tionscnaimh den sórt sin ag oibriú go rathúil, cuireadh tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil ar fáil don phobal leo a théann i bhfad thar na tairbhí a thagann as seirbhísí fuinnimh a sholáthar amháin. Is é is aidhm don Treoir seo catagóirí áirithe de thionscnaimh fuinnimh ó na saoránaigh a aithint ar leibhéal an Aontais mar “phobail fuinnimh saoránach”, chun creat cumasúcháin, cóir chomhionann, cothrom iomaíochta mar aon le catalóg dea-shainithe de chearta agus oibleagáidí a sholáthar dóibh. Ba cheart do thomhaltóirí teaghlaigh a bheith in ann a bheith rannpháirteach ar bhealach deonach i dtionscnaimh fuinnimh pobail agus iad a fhágáil dá ndeoin féin, gan rochtain ar an ngréasán arna oibriú ag an tionscnamh fuinnimh pobail ná a gcearta mar thomhaltóirí a chailleadh. Ba cheart rochtain ar ghréasán de chuid pobail fuinnimh saoránach ▌a dheonú ar théarmaí cothroma atá ina léiriú ar na costais atá leis.

(44)  Ba cheart ballraíocht i bpobail fuinnimh saoránach a bheith ar oscailt do gach catagóir eintiteas. Ba cheart, áfach, na cumhachtaí cinnteoireachta laistigh de phobal fuinnimh saoránach a bheith teoranta do na baill sin nó na scairshealbhóirí sin nach bhfuil ag gabháil do ghníomhaíocht tráchtála ar mhórscála agus nach réimse príomhúil de ghníomhaíocht eacnamaíoch í an earnáil fuinnimh dóibh. Meastar gur catagóir de chomhar saoránach nó gníomhairí áitiúla ba cheart aitheantas agus cosaint a fháil faoi dhlí an Aontais atá i bpobail fuinnimh saoránach. Ní fhágann na forálacha ar phobail fuinnimh saoránach go gcoisctear tionscnaimh eile ó na saoránaigh, amhail tionscnaimh a eascraíonn as comhaontuithe sa dlí phríobháideach, a bheith ann. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta do na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfaidh pobail fuinnimh saoránach a bheith i bhfoirm aon eintiteas, mar shampla comhlachas, comharchumann, comhpháirtíocht, eagraíocht neamhbhrabúis nó fiontar beag nó meánmhéide, ar choinníoll go bhfuil an t-eintiteas i dteideal cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí ina ainm féin.

(45)  Le forálacha na Treorach seo maidir le pobail fuinnimh saoránach, foráiltear do chearta agus oibleagáidí is féidir a asbheirt as cearta agus oibleagáidí eile atá ann cheana, amhail an tsaoirse dul i gconradh, an ceart athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, na freagrachtaí atá ar an oibreoir córais dáileacháin, na rialacha maidir le muirir ghréasáin, agus oibleagáidí comhardaithe.

(46)  Is cineál nua eintitis atá i bpobail fuinnimh saoránach mar gheall ar a struchtúr ballraíochta, a gceanglais rialachais agus a gcuspóir. Ba cheart dóibh a bheith in ann oibriú ar an margadh le cothrom iomaíochta nach ndéanann an iomaíocht a shaobhadh agus ba cheart na cearta agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir le gnóthais leictreachais eile a chur i bhfeidhm ar phobail fuinnimh saoránach ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach. Ba cheart feidhm a bheith ag na cearta agus na hoibleagáidí sin i gcomhréir leis na na róil a ghlacann siad, amhail róil na gcustaiméirí deiridh, na ngineadóirí, na soláthróirí nó na n-oibreoirí córais dáileacháin. Níor cheart srianta rialála a bheith ar phobail fuinnimh saoránach i gcás ina ndéanann siad teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide atá cheana ann nó a bheidh ann amach anseo a chur i bhfeidhm chun leictreachas a tháirgtear trí úsáid a bhaint as sócmhainní giniúna laistigh den phobal fuinnimh saoránach a chomhroinnt i measc a mball nó a scairshealbhóirí bunaithe ar phrionsabail an mhargaidh, mar shampla trí chomhchuid fuinnimh na mball nó na geallsealbhóirí a fhritháireamh trí úsáid a bhaint as an nginiúint atá ar fáil laistigh den phobal, fiú ar an eangach poiblí, ar choinníoll gur leis an bpobal an dá phointe méadraithe. Cuireann comhroinnt leictreachais ar chumas na mball nó na ngeallsealbhóirí soláthar leictreachais a fháil ó shuiteálacha giniúna laistigh den phobal gan iad a bheidh i ndír-ghaireacht fhisiceach don tsuiteáil ghiniúna nó gan iad a bheith laistiar de phointe méadraithe aonair. I gcás ina ndéantar leictreachas a chomhroinnt, níor cheart don chomhroinnt difear a dhéanamh do bhailiú muirear, taraifí agus tobhaigh gréasáin a bhaineann le sreafaí leictreachais. Ba cheart an chomhroinnt a éascú i gcomhréir leis na hoibleagáidí agus na creataí ama cearta le haghaidh comhardú, méadrú agus socrú. Forálacha na Treorach seo maidir le pobail fuinnimh saoránach, ní chuireann siad isteach ar inniúlacht na mBallstát a gcuid beartais a bhaineann leis an earnáil fuinnimh i ndáil le muirir agus taraifí gréasáin a cheapadh agus a chur chun feidhme, ná do chórais maoiniúcháin an bheartais fuinnimh agus comhroinnt costais a cheapadh agus a chur chun feidhme, ar choinníoll go bhfuil na beartais sin neamh-idirdhealaitheach agus dleathach.

(47)  Leis an Treoir seo, cumhachtaítear do na Ballstáit ligean do phobail fuinnimh saoránach a bheith ina n-oibreoirí córais dáileacháin faoin réim ghinearálta nó mar “oibreoirí córais dáileacháin iata” mar a thugtar air. A thúisce a dheonaítear stádas mar oibreoir córais dáileacháin ar phobal fuinnimh saoránach, ba cheart déileáil leis mar oibreoir córais dáileacháin agus é a bheith faoi réir na n-oibleagáidí céanna le hoibreoirí córas dáileacháin. Forálacha na Treorach seo maidir le pobail fuinnimh saoránach, ní dhéanann siad ach gnéithe den oibríocht córais dáileacháin a shoiléiriú, ar gnéithe iad is dóichí a bheidh ábhartha do phobail fuinnimh saoránach, agus tá gnéithe eile den oibríocht córais dáileacháin ann a bhfuil feidhm acu i gcomhréir leis na rialacha a bhaineann le hoibreoirí córais dáileacháin.

(48)  Is modh tábhachtach faoina gcuirtear custaiméirí deiridh ar an eolas iad billí leictreachais ▌. Chomh maith le sonraí faoin tomhaltas agus faoi na costais a sholáthar, tugtar faisnéis eile iontu a chabhraíonn le tomhaltóirí na socruithe reatha atá acu a chur i gcomparáid le tairiscintí eile. Mar sin féin, ▌is foinse an-choitianta de ghearáin ó thomhaltóirí iad díospóidí a bhaineann le billí, rud a rannchuidíonn leis na leibhéil sheasmhacha ísle de shástacht agus rannpháirtíocht tomhaltóirí san earnáil leictreachais. sé riachtanach, dá bhrí sin, billí ▌a dhéanamh níos soiléire agus níos éasca le tuiscint, agus a áirithiú chomh maith go mbeidh líon teoranta d’ítimí tábhachtacha faisnéise is gá ▌chun go mbeidh ar chumas tomhaltóirí a dtomhaltas fuinnimh a rialú, tairiscintí a chur i gcomparáid le chéile agus athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile ar taispeáint go soiléir sna billí agus san fhaisnéis bhilleála. Ba cheart ítimí eile faisnéise a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí nó iad a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu. Ba cheart ítimí den sórt sin a thaispeáint sa bhille nó iad a bheith i ndoiciméad ar leithligh atá i gceangal leis an mbille, nó ba cheart tagairt a bheith sa bhille den áit ar féidir leis an gcustaiméir deiridh an fhaisnéis sin a fháil go héasca ar shuíomh gréasáin, trí fheidhmchlár móibíleach nó trí mheán eile.

(49)  Tá tábhacht le soláthar tráthrialta faisnéise billeála atá beacht agus bunaithe ar thomhaltas leictreachais iarbhír, arna éascú le méadrú cliste, chun cabhrú le custaiméirí smacht a bheith acu ar a dtomhaltas leictreachais agus ar a gcostais leictreachais. Mar sin féin, ba cheart rochtain a bheith ag custaiméirí, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, ar shocruithe solúbtha d’íocaíocht iarbhír a mbillí. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí faisnéis bhilleála mhinic do chustaiméirí, cé nach mbeidís ag íoc ach ar bhonn ráithiúil, nó go mbeadh táirgí ann ina n-íocann an custaiméir an méid céanna gach mí, gan spleáchas ar an tomhaltas iarbhír.

(51)  Ba cheart na forálacha maidir le billeáil atá i dTreoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) a thabhairt cothrom le dáta, a shruthlíniú agus a aistriú chuig an Treoir seo, áit a n-oireann siad níos soiléire.

(52)  Ba cheart do na Ballstáit nuachóiriú ar na gréasáin dáileacháin a spreagadh, amhail trí eangacha cliste a thabhairt isteach, rud ba cheart a thógáil ar bhealach a spreagfaidh giniúint dháilte agus éifeachtúlacht fuinnimh.

(52)  Chun teagmháil a dhéanamh go díreach le tomhaltóirí, tá gá le dreasachtaí iomchuí agus le teicneolaíochtaí amhail córais méadraithe chliste. Le córais méadraithe chliste, cumhachtaítear do thomhaltóirí toisc go gcuireann siad ar a gcumas aiseolas cruinn agus gar d’fhíor-am a fháil faoina dtomhaltas nó faoina nginiúint fuinnimh, agus bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar a dtomhaltas, a bheith rannpháirteach i gcláir freagartha don éileamh i seirbhísí eile agus leas a bhaint astu, agus a mbillí leictreachais a laghdú. Chomh maith leis sin, le córais méadraithe chliste, cuirtear ar chumas oibreoirí córas dáileacháin infheictheacht níos fearr a bheith acu ar a ngréasáin, agus dá thoradh sin, laghdaíonn sé a gcuid costas oibríochta agus cothabhála agus is féidir leo na coigiltis sin a chur anonn chuig tomhaltóirí i bhfoirm taraifí dáileacháin níos ísle.

(53)  I dtaca le cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta faoi chórais méadraithe chliste a leathadh amach, ba cheart a bheith in ann an cinneadh sin a bhunú ar mheasúnú eacnamaíoch. Ba cheart don mheasúnú eacnamaíoch sin aird a thabhairt ar na tairbhí fadtéarmacha a bhaineann le córais méadraithe chliste a leathadh amach a bheidh ar fáil do thomhaltóirí agus don slabhra luacha iomlán, amhail bainistiú gréasáin níos fearr, pleanáil níos beaichte agus sainaithint caillteanas sa ghréasán. Dá mba rud é go mbeadh sé mar chonclúid an mheasúnaithe sin nach bhfuil sé ▌costéifeachtach córais mhéadraithe den sórt sin a thabhairt isteach ach do thomhaltóirí a dhéanann méid áirithe leictreachais a ídiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann an chonclúid sin a chur san áireamh agus iad ag dul ar aghaidh le córais méadraithe chliste a leathadh amach. Mar sin féin, ba cheart measúnuithe den sórt sin a athbhreithniú go tráthrialta mar fhreagairt ar athruithe suntasacha sna toimhdí bunúsacha, nó gach ceithre bliana ar a laghad, i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag éabhlú go tapa.

(54)  Ba cheart do na Ballstáit nach bhfuil córais méadraithe chliste á leathadh amach go córasach acu an deis a thabhairt do thomhaltóirí leas a bhaint as méadar cliste a shuiteáil, ar iarratas uathu agus faoi dhálaí cothroma réasúnta, agus ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a sholáthar dóibh. I gcás nach bhfuil méadair chliste ag tomhaltóirí, ba cheart dóibh bheith i dteideal méadair a fháil a chomhlíonann na híoscheanglais is gá chun an fhaisnéis bhilleála arna sonrú sa Treoir seo a sholáthar dóibh.

(55)  Chun cúnamh a thabhairt do rannpháirtíocht ghníomhach tomhaltóirí i margaí leictreachais, ba cheart na córais méadraithe chliste atá le leathadh amach ag Ballstáit ar a gcríoch a bheith idir-inoibrithe, agus ba cheart dóibh a bheith in ann na sonraí a sholáthar is gá do chórais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Chuige sin, ba cheart aird chuí a bheith ag na Ballstáit ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na caighdeáin sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht ar leibhéal na samhla sonraí agus an chisil feidhmithe, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé malartú sonraí a fhorbairt, ar sheirbhísí fuinnimh todhchaíocha agus nuálacha, ar leathadh amach eangacha cliste agus ar an margadh inmheánach don leictreachas. Thairis sin, níor cheart do na córais méadraithe chliste atá leata amach a bheith ina mbacainn roimh athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, agus ba cheart iad a bheith feistithe le feidhmiúlachtaí atá oiriúnach dá gcuspóir a chuireann ar chumas tomhaltóirí rochtain gar d’fhíor-am a bheith acu ar shonraí faoina dtomhaltas, a dtomhaltas funnimh a mhodhnú, agus, sa mhéid agus is féidir bunaithe ar an mbonneagar tacaíochta, a solúbthacht a thairiscint don ghréasán agus do ghnóthais leictreachais agus luach saothair a fháil as, agus coigiltí a fháil ar a mbillí leictreachais.

(56)  Is gné thábhachtach den soláthar do chustaiméirí í rochtain a thabhairt ar shonraí oibiachtúla trédhearcacha ar thomhaltas. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain a bheith ag tomhaltóirí ar a sonraí tomhaltais agus ar na praghsanna agus costais a bhaineann lena dtomhaltas, sa chaoi gur féidir leo a iarraidh ar iomaitheoirí tairiscintí a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart an ceart a bheith ag tomhaltóirí freisin eolas cuí a fháil faoina dtomhaltas fuinnimh. Le réamhíocaíochtaí, níor cheart míbhuntáiste díréireach a leagan ar úsáideoirí, agus ag an am céanna ba cheart córais íocaíochta éagsúla a bheith neamh-idirdhealaitheach. Leis an bhfaisnéis faoi chostais fuinnimh a sholáthraítear do thomhaltóirí minic go leor, chruthófaí dreasachtaí do choigilteas fuinnimh toisc go dtabharfadh sé sin aiseolas díreach do thomhaltóirí faoi na hiarmhairtí a bhíonn ag infheistíocht san éifeachtúlacht fuinnimh agus faoi athruithe san iompraíocht. Ar an ábhar sin, cabhróidh cur chun feidhme iomlán Threoir 2012/27/AE le tomhaltóirí a gcostais fuinnimh a laghdú.

(57)  Faoi láthair, tá samhlacha difriúla don bhainistiú sonraí forbartha nó á bhforbairt sna Ballstáit ag leanúint ó chórais méadraithe chliste a leathadh amach. Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí, tá sé tábhachtach go gcuirfeadh Ballstáit rialacha trédhearcacha i bhfeidhm faoinar féidir rochtain a fháil ar shonraí faoi dhálaí neamh-idirdhealaitheacha agus a áirithíonn an leibhéal cibearshlándála agus cosanta sonraí is airde chomh maith le neamhchlaontacht na n-eintiteas a bhíonn ag próiseáil sonraí.

(58)  Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun custaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh a chosaint i gcomhthéacs an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas. Féadfaidh na bearta sin a bheith éagsúil i gcomhréir leis na dálaí ar leith sna Ballstáit atá i gceist agus féadfar bearta den bheartas sóisialta nó fuinnimh a áireamh orthu i ndáil le billí leictreachais a íoc, le hinfheistíocht in éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh cónaithe, nó le cosaint tomhaltóirí amhail coimircí i gcoinne dínascadh. I gcás ina gcuirtear seirbhís uilíoch ar fáil freisin d’fhiontair bheaga, féadfaidh bearta chun a áirithiú go ndéantar seirbhís uilíoch den sórt sin a sholáthar a bheith éagsúil ag brath ar cibé acu an ar chustaiméirí teaghlaigh nó ar fhiontair bheaga atá na bearta sin dírithe.

(59)  Tá seirbhísí fuinnimh bunriachtanach chun leas shaoránaigh an Aontais a chosaint. Teas leormhaith, fuarú leormhaith agus soilsiú leormhaith, agus fuinneamh leormhaith chun cumhacht a thabhairt d’fhearais leictreacha, is seirbhísí riachtanach iad chun caighdeán sásúil maireachtála agus sláinte na saoránach a ráthú. Thairis sin, le rochtain ar na seirbhísí fuinnimh sin cumhachtaítear do shaoránaigh an Aontais barr a gcumais a bhaint amach agus feabhsaítear an cuimsiú sóisialta. Ní bhíonn sé d’acmhainn ag teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh na seirbhísí fuinnimh sin a fháil i ngeall ar mheascán d’ioncam íseal, caiteachas ard ar fhuinneamh agus easpa éifeachtúlachta fuinnimh ina dtithe. Ba cheart do na Ballstáit an fhaisnéis cheart a bhailiú chun faireachán a dhéanamh ar líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh. Le tomhas cruinn, ba cheart cuidiú a thabhairt do na Ballstáit na líonta tí a bhfuil tionchar ag bochtaineacht fuinnimh orthu a shainaithint chun tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar. Ba cheart don Choimisiún tacaíocht ghníomhach a thabhairt do chur chun feidhme fhorálacha na Treorach seo maidir le bochtaineacht fuinnimh trí chomhroinnt dea-chleachtais idir na Ballstáit a éascú.

(60)  I gcás ina bhfuil tionchar á imirt ag bochtaineacht fuinnimh ar Bhallstáit agus nach bhfuil pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó creataí iomchuí eile forbartha acu chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, ba cheart dóibh déanamh amhlaidh, agus é mar aidhm leo líon na gcustaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh a laghdú. Is gnéithe ábhartha iad ioncam íseal, caiteachas ard ar fhuinneamh agus easpa éifeachtúlachta fuinnimh sna tithe i dtaca le critéir a bhunú chun bochtaineacht fuinnimh a thomhas. I gcás ar bith, ba cheart do na Ballstáit an soláthar atá riachtanach a áirithiú do chustaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh. Agus é sin á dhéanamh, d’fhéadfaí cur chuige comhtháite a úsáid, amhail mar chuid den bheartas fuinnimh agus sóisialta, agus d’fhéadfadh beartais shóisialta nó feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh don tithíocht a bheith san áireamh sna bearta. ▌Ba cheart don Treoir seo feabhas a thabhairt ar bheartais náisiúnta atá fabhrach do chustaiméirí leochaileacha agus custaiméirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh.

(61)  Is gá d’oibreoirí córas dáileacháin giniúint nua leictreachais a chomhtháthú go costéifeachtach, go háirithe suiteálacha lena ngintear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, agus lóid nua amhail lóid a eascraíonn as teaschaidéal agus feithiclí leictreacha. Chun na críche sin, ba cheart oibreoirí córas dáileacháin a chumasú agus dreasachtaí a thabhairt dóibh chun seirbhísí a úsáid ó fhoinsí fuinnimh dáilte amhail freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh, bunaithe ar nósanna imeachta margaidh, chun a ngréasáin a oibriú go héifeachtach agus chun méaduithe costasacha ar na gréasáin a sheachaint. Ba cheart do na Ballstáit bearta iomchuí a chur i bhfeidhm, amhail cóid ghréasáin náisiúnta agus rialacha margaidh náisiúnta, agus na cheart dóibh dreasachtaí a thabhairt d’oibreoirí córas dáileacháin trí tharaifí gréasáin nach gcruthaítear bacainní don tsolúbthacht ná bacainní roimh fheabhsú éifeachtúltachta fuinnimh san eangach leo. Ba cheart do na Ballstáit pleananna forbartha gréasáin a thabhairt isteach le haghaidh córais dáileacháin chun tacú le comhtháthú na suiteálacha lena ngintear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh, forbairt saoráidí stórála fuinnimh agus leictriú na hearnála iompair a éascú, agus faisnéis leordhóthanach a sholáthar d’úsáideoirí an chórais i dtaca le méaduithe nó uasghráduithe ar an ngréasán a bhfuiltear ag súil leo, toisc nach ann do nós imeachta den sórt sin faoi láthair i bhformhór na mBallstát.

(62)  Níor cheart d’oibreoirí córais úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná iad fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú. Sa dearadh nua ar an margadh leictreachais, ba cheart do sheirbhísí stórála fuinnimh a bheith margadhbhunaithe agus iomaíoch. Dá thoradh sin, ba cheart tras-fhóirdheonú idir stóráil fuinnimh agus feidhmeanna rialáilte dháileadh nó tharchur a sheachaint. Is ann do shriantaí den sórt sin ar úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh chun saobhadh iomaíochta a chosc, chun an riosca idirdhealaithe a dhíchur, chun rochtain chóir ar sheirbhísí stórála fuinnimh a áirithiú do na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus chun úsáid éifeachtach agus éifeachtúil na saoráidí stórála fuinnimh a chothú, a théann níos faide ná an córas dáileacháin nó tarchurtha a oibriú. Ba cheart an ceanglas sin a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail a bhunaítear faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), go háirithe an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus an ceart chun maoine a ráthaítear le hAirteagail 16 agus 17 den Chairt.

(63)  I gcás ina mbíonn saoráidí stórála fuinnimh ina gcomhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán nach n-úsáidtear le haghaidh comhardú nó le haghaidh bainistiú ar phlódú, níor cheart ceangal a chur orthu, faoi réir fhormheas an údaráis rialála, na srianta diana céanna a chomhlíonadh atá ann d’oibreoirí córais i dtaca le húinéireacht ar an saoráidí sin nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú. Maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán, féadfar a áireamh orthu saoráidí stórála fuinnimh amhail toilleoirí nó rothaí lústair a sholáthraíonn seirbhísí tábhachtacha le haghaidh shlándáil agus intaofacht an ghréasáin, agus a rannchuidíonn le sioncrónú na gcodanna éagsúla den chóras.

(64)  I ndáil leis an gcuspóir dul chun cinn ionsar earnáil leictreachais atá go hiomlán dícharbónaithe agus atá go hiomlán saor ó astaíochtaí, is gá dul chun cinn a dhéanamh i stóráil shéasúrach fuinnimh. Is gné í stóráil fuinnimh den sórt sin a d’fhónfadh mar uirlis d’oibriú an chórais leictreachais chun go mbeifear in ann coigeartú gearrthéarmach agus séasúrach a dhéanamh, chun déileáil leis an inathraitheacht i dtáirgeadh an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite agus na teagmhais ghaolmhara a bhaineann leis na tréimhsí ionchasacha sin.

(65)  Is é rochtain neamh-idirdhealaithe ar an ngréasán dáileacháin a chinneann rochtain iartheachtach do chustaiméirí ar an leibhéal miondíola. Chun cothroime iomaíochta a chruthú ar an leibhéal miondíola, ba cheart faireachán a dhéanamh dá bhrí sin ar ghníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin sa chaoi go gcuirfear cosc ar oibreoirí córas dáileacháin buntáiste a bhreith as a gcomhtháthú ingearach i dtaca lena staid iomaíochta ar an margadh, go háirithe i dtaca le custaiméirí teaghlaigh agus custaiméirí beaga neamhtheaghlaigh.

(66)  I gcás ina n-úsáidtear córas dáileacháin iata chun éifeachtúlacht optamach a áirithiú i soláthar comhtháite lena gceanglaítear caighdeáin oibriúcháin ar leith, nó i gcás ina gcoinnítear córas dáileacháin iata go príomha chun go mbainfidh úinéir an chórais úsáid as, ba cheart go bhféadfaí an t-oibreoir córais dáileacháin a dhíolmhú ó oibleagáidí a bheadh ina n-ualach riaracháin gan ghá i ngeall ar an gcineál gaoil ar leith atá idir an t-oibreoir córais dáileacháin agus úsáideoirí córais. Is féidir córais dáileacháin iata a bheith san áireamh i láithreacha tionsclaíocha, láithreacha tráchtála nó láithreacha seirbhísí comhroinnte amhail foirgnimh i stáisiúin traenach, aerfoirt, ospidéil, láithreacha móra campála a bhfuil saoráidí comhtháite acu, agus láithreacha thionscal na gceimiceán toisc gur oibríochtaí de chineál speisialaithe iad.

(67)  Mura ndéanfar gréasáin a dheighilt go héifeachtach ó ghníomhaíochtaí giniúna agus soláthair (díchuachadh éifeachtach), tá riosca bunúsach idirdhealaithe ann, ní hamháin in oibriú an ghréasáin, ach sna dreasachtaí do ghnóthais atá comhtháite go hingearach i dtaca le hinfheistíocht leormhaith a dhéanamh sna gréasáin atá acu freisin.

(68)  Ní féidir díchuachadh éifeachtach a áirithiú ach trí dheireadh a chur leis an dreasacht do ghnóthais atá comhtháite go hingearach idirdhealú a dhéanamh i gcoinne iomaitheoirí i dtaca le rochtain ar an ngréasán agus i dtaca leis an infheistíocht. Is léir gur bealach éifeachtach cobhsaí é díchuachadh úinéireachta, a fhágann go gceapfar úinéir an ghréasáin mar oibreoir an chórais agus go mbeidh sé neamhspleách ar aon leasanna soláthair agus táirgeachta, chun an choinbhleacht leasa bhunúsach a réiteach agus chun cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Ar an gcúis sin, thagair Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi an 10 Iúil 2007 maidir leis na hionchais don mhargadh inmheánach sa ghás agus sa leictreachas, do dhíchuachadh úinéireachta ar leibhéal an tarchurtha mar an uirlis is éifeachtaí chun infheistíochtaí sa bhonneagar a spreagadh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, agus rochtain chothrom ar an ngréasán d’iontrálaithe nua agus trédhearcacht sa mhargadh a spreagadh chomh maith. Faoi dhíchuachadh úinéireachta, ba cheart a chur de cheangal ar na Ballstáit dá bhrí sin a áirithiú nach mbeidh an duine céanna nó na daoine céanna i dteideal rialú a fheidhmiú ar tháirgeoir nó ar sholáthróir agus, ag an am céanna, rialú nó aon cheart a fheidhmiú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha. Os a choinne sin, ba cheart go bhfágfadh rialú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha nach féidir rialú ná aon cheart eile a fheidhmiú ar tháirgeoir nó ar sholáthróir. Laistigh de na teorainneacha sin, ba cheart do tháirgeoir nó do sholáthróir a bheith in ann scairsheilbh mhionlaigh a bheith aige in oibreoir córais tarchurtha nó i gcóras tarchurtha.

(69)  Ba cheart d’aon chóras um dhíchuachadh a bheith éifeachtach ó thaobh aon choinbhleacht leasa idir táirgeoirí, soláthróirí agus oibreoirí córas tarchurtha a bhaint, chun dreasachtaí a chruthú do na hinfheistíochtaí is gá agus chun rochtain na n-iontrálaithe nua margaidh a ráthú faoi chóras rialála atá trédhearcach agus éifeachtach, agus níor cheart córas rialála ró-throm a chruthú do na húdaráis rialála.

(70)  Toisc go gceanglaítear, faoi dhíchuachadh úinéireachta, athstruchtúrú a dhéanamh ar ghnóthais i gcásanna áirithe, ba cheart am breise a thabhairt do Bhallstáit a chinneann díchuachadh úinéireachta a chur chun feidhme, chun na forálacha ábhartha a chur i bhfeidhm. I bhfianaise na nasc ingearach idir earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le díchuachadh sna dá earnáil.

(71)  Faoi dhíchuachadh úinéireachta, agus chun neamhspleáchas iomlán a áirithiú idir oibriú an ghréasáin agus leasanna soláthair agus giniúna agus chun cosc a chur le malartuithe ar fhaisnéis rúnda, níor cheart don duine céanna a bheith ina chomhalta den bhord bainistíochta ar oibreoir córais tarchurtha nó córas tarchurtha agus ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna giniúna nó soláthair araon. Ar an gcúis chéanna, níor cheart don duine céanna a bheith i dteideal comhaltaí a cheapadh ar bhord bainistíochta oibreora córais tarchurtha nó córais tarchurtha agus rialú ná aon cheart a fheidhmiú ar tháirgeoir nó ar sholáthróir.

(72)  Trí oibreoir córais nó oibreoir tarchurtha a chur ar bun atá neamhspleách ar na leasanna soláthair agus giniúna, ba cheart do ghnóthas atá comhtháite go hingearach a bheith in ann úinéireacht ar shócmhainní gréasáin a choinneáil agus, ag an am céanna, deighilt éifeachtach idir leasanna a áirithiú, ar choinníoll go ndéanann oibreoir córais neamhspleách den sórt sin nó oibreoir tarchurtha neamhspleách den sórt sin gach feidhm de chuid oibreora córais agus ar choinníoll go gcuirtear sásraí mionsonraithe rialála agus sásraí forleathana rialála i bhfeidhm.

(73)  I gcás ina raibh, an 3 Meán Fómhair 2009, gnóthas a shealbhaíonn córas tarchurtha ina chuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ba cheart rogha a thabhairt do na Ballstáit idir díchuachadh úinéireachta agus oibreoir córais nó oibreoir tarchurtha a chur ar bun atá neamhspleách ó leasanna soláthair agus giniúna.

(74)  Chun leasanna scairshealbhóirí i ngnóthas atá comhtháite go hingearach a chaomhnú go hiomlán, ba cheart rogha a bheith ag Ballstáit díchuachadh úinéireachta a chur chun feidhme trí dhífheistiú díreach nó trí scaireanna an ghnóthais chomhtháite a dheighilt ina scaireanna den ghnóthais gréasáin agus de scaireanna an ghnóthais soláthair agus giniúna atá fágtha, ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais a eascraíonn as díchuachadh úinéireachta.

(75)  An éifeachtacht iomlán atá ag réitigh an oibreora córais neamhspleách nó an oibreora tarchurtha neamhspleách, ba cheart í a áirithiú trí bhíthin rialacha sonracha breise. Cuireann na rialacha maidir leis na hoibreoirí tarchurtha neamhspleácha creat rialála iomchuí ar fáil chun iomaíocht chothrom, infheistíocht leordhóthanach, rochtain d’iontrálaithe margaidh nua agus comhtháthú na margaí leictreachais a ráthú. Ba cheart díchuachadh éifeachtach trí fhorálacha i ndáil le hoibreoirí tarchurtha neamhspleácha a bheith bunaithe ar cholún de bhearta eagraíochtúla agus de bhearta a bhaineann le rialachas na n-oibreoirí córas tarchurtha agus ar cholún de bhearta a bhaineann le hinfheistíocht, rud a nascann acmhainneachtaí táirgeachta nua sa ghréasán agus comhtháthú margaidh trí chomhar réigiúnach. Ba cheart neamhspleáchas na n-oibreoirí tarchurtha a áirithiú freisin, inter alia, trí thréimhsí “marana” áirithe, nach ndéantar lena linn aon bhainistiú ná aon ghníomhaíochtaí ábhartha eile lena dtugtar rochtain ar an bhfaisnéis chéanna a d’fhéadfadh a bheith faighte i suíomh bainistíochta, a fheidhmiú sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

(76)  Tá sé de cheart ag na Ballstáit díchuachadh iomlán úinéireachta a roghnú ina gcríoch. I gcás ina mbeidh an ceart sin feidhmithe ag Ballstáit, níl de cheart ag gnóthas oibreoir córais neamhspleách nó oibreoir tarchurtha neamhspleách a chur ar bun. Thairis sin, ní féidir le gnóthas a dhéanann aon cheann de na feidhmeanna giniúna nó soláthair rialú a fheidhmiú go díreach nó go hindíreach ná aon cheart a fheidhmiú thar oibreoir córais tarchurtha ó Bhallstát a roghnaigh díchuachadh iomlán úinéireachta.

(77)  Ba cheart prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a urramú agus díchuachadh éifeachtach á chur chun feidhme. Chuige sin, níor cheart don duine céanna a bheith in ann rialú ná aon cheart a fheidhmiú, de shárú ar na rialacha maidir le díchuachadh úinéireachta nó maidir le rogha an oibreora córais neamhspleách, ina aonar ná go comhpháirteach, ar comhdhéanamh, vótáil nó cinntí chomhlachtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha nó na gcóras tarchurtha agus chomhlachtaí an táirgeora nó an tsoláthróra in éineacht. I dtaca le díchuachadh úinéireachta agus réiteach an oibreora córais neamhspleách, ar choinníoll go bhfuil an Ballstát ábhartha in ann a léiriú gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha, ba cheart dhá chomhlacht poiblí ar leithligh a bheith in ann gníomhaíochtaí giniúna agus soláthair a rialú, ar láimh amháin, agus gníomhaíochtaí tarchurtha a rialú, ar an láimh eile.

(78)  Ba cheart feidhm a bheith ag deighilt iomlán éifeachta idir gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí soláthair agus giniúna ar fud an Aontais maidir le gnóthais de chuid an Aontais agus gnóthais neamh-Aontais araon. Chun a áirithiú go bhfanfaidh gníomhaíochtaí gréasáin agus gníomhaíochtaí soláthair agus giniúna ar fud an Aontais neamhspleách óna chéile, ba cheart údaráis rialála a chumhachtú chun diúltú d’oibreoirí córas tarchurtha a dheimhniú nach gcomhlíonann na rialacha maidir le díchuachadh. Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart do na húdaráis rialála an aird is mó is féidir a thabhairt ar thuairim an Choimisiúin agus cinntí maidir le deimhniú á ndéanamh acu. Sa bhreis air sin, chun a áirithiú go ndéanfar oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a urramú, agus chun dlúthpháirtíocht agus cinnteacht fuinnimh laistigh den Aontas a áirithiú, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún tuairim a thabhairt maidir le deimhniú d’úinéir córais tarchurtha nó d’oibreoir córais tarchurtha arna rialú ag duine nó ag daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha.

(79)  Níor cheart é a bheith mar thoradh ar nósanna imeachta údarúcháin go mbeadh ualaí riaracháin díréireach le méid na dtáirgeoirí ná leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu. Is féidir le nósanna imeachta údarúcháin lena mbaineann fad míchuí a bheith ina mbacainn roimh rochtain d’iontrálaithe nua sa mhargadh.

(80)  Is gá d'údaráis rialála a bheith in ann cinntí a dhéanamh maidir le gach saincheist rialála má tá an margadh inmheánach don leictreachas le feidhmiú go cuí, agus a bheith go hiomlán neamhspleách ó aon leas poiblí nó príobháideach eile. Ní chuirfidh sé sin cosc ar athbhreithniú breithiúnach ná ar fhormhaoirseacht pharlaiminteach i gcomhréir le dlíthe bunreachtúla na mBallstát. Sa bhreis air sin, ní bacainn roimh neamhspleáchas buiséadach é fhormheas an reachtóra náisiúnta ar bhuiséad an rialálaí. Ba cheart na forálacha a bhaineann leis an neamhspleáchas i gcur chun feidhme an bhuiséid arna leithdháileadh ar an údarás rialála a chur chun feidhme mar chuid den chreat arna sainiú faoin dlí buiséadach agus rialacha buiséadacha náisiúnta. Agus iad ag rannchuidiú le neamhspleáchas an údaráis rialála ó aon leas polaitiúil nó eacnamaíoch trí scéim sealaíochta iomchuí, ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar na hacmhainní daonna atá ar fáil agus ar an líon daoine atá ar an mbord.

(81)  Ba cheart do na húdaráis rialála a bheith in ann taraifí, nó na modheolaíochtaí ar a ríomhtar na taraifí, a shocrú nó a fhormheas, ar bhonn togra ón oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir nó oibreoirí córas dáileacháin, nó ar bhonn togra arna chomhaontú idir na hoibreoirí sin agus úsáideoirí an ghréasáin. Agus na cúraimí sin á ndéanamh acu, ba cheart do na húdaráis rialála a áirithiú go bhfuil na taraifí tarchurtha agus dáileacháin neamh-idirdhealaitheach agus ina léiriú ar chostais, agus ba cheart na costais fhadtéarmacha, imeallacha gréasáin a seachnaíodh ón nginiúint dháilte agus ó bhearta bainistíochta freagartha don éileamh a chur san áireamh iontu.

(82)  Ba cheart do na húdaráis rialála taraifí aonair eangaigh do na gréasáin tarchurtha agus dáileacháin a shocrú agus a fhormheas nó modheolaíocht a shocrú agus a fhormheas, nó an dá rud. Sna cásanna sin, ba cheart neamhspleáchas na n-údarás rialála i socrú taraifí gréasáin de bhun phointe (b)(ii) d'Airteagal 57(4) a chaomhnú.

(83)  Ba cheart do na húdaráis rialála a áirithiú go ndéanann oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin na bearta iomchuí chun a ngréasán a dhéanamh níos athléimní agus níos solúbtha. Chuige sin, ba cheart dóibh faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-oibreoirí sin bunaithe ar tháscairí amhail an acmhainneacht atá ag oibreoirí córas tarchurtha agus ag oibreoirí córas dáileacháin sreanga a oibriú faoi rátáil dhinimiciúil sreang, cianfhaireachán agus rialú fíor-ama fo-stáisiúin a fhorbairt agus caillteanas ón eangach mar aon le minicíocht agus ré na mbristí cumhachta a laghdú.

(84)  Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis rialála cinntí ceangailteacha a eisiúint i dtaca le gnóthais leictreachais agus pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis rialála a bheith in ann faisnéis ábhartha a iarraidh ó ghnóthais leictreachais, imscrúduithe iomchuí agus leordhóthanacha a dhéanamh, agus díospóidí a réiteach. Ba cheart an chumhacht a dheonú freisin do na húdaráis rialála cinneadh a dhéanamh, gan beann ar rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm, maidir le bearta iomchuí lena ndéantar na tairbhí do chustaiméirí a áirithiú trí iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn atá riachtanach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas.

(85)  Ba cheart do na húdaráis rialála comhordú a dhéanamh ina measc féin nuair a bhíonn a gcuid cúraimí á gcur i gcrích acu chun a áirithiú go gcomhlíonann an Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Leictreachais (“ENTSO don Leictreachas”), an tEintiteas Eorpach d'Oibreoirí Córas Dáileacháin (“eintiteas AE do OCDanna”), agus lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid oibleagáidí faoi chreat rialála an mhargadh inmheánaigh don leictreachas, agus cinntí na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13)(14). Le leathnú fhreagrachtaí oibríochtúla ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna agus na lárionad comhordúcháin réigiúnach, is gá feabhas a chur ar fhormhaoirseacht i dtaca leis na heintitis sin atá ag oibriú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal réigiúnach. Ba cheart do na húdaráis rialála dul i gcomhairle le chéile agus ba cheart dóibh a bhformhaoirseacht a chomhordú chun go sainaithneoidís go comhpháirteach cásanna nach gcomhlíonann ENTSO don Leictreachas, eintiteas AE do OCDanna nó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a gcuid oibleagáidí faoi seach.

(86)  Ba cheart an chumhacht a dheonú do na húdaráis rialála freisin cabhrú chun ardchaighdeáin oibleagáidí na seirbhíse uilíche agus na seirbhíse poiblí a áirithiú i gcomhréir le hoscailt an mhargaidh, chun a áirithiú go ndéanfar custaiméirí leochaileacha a chosaint, agus chun éifeachtacht iomlán na mbeart cosanta tomhaltóirí a áirithiú. Níor cheart gur dochar na forálacha sin do chumhachtaí an Choimisiúin a bhaineann le rialacha iomaíochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear scrúdú a dhéanamh ar chumaisc a bhfuil gné Aontais ag baint leo, agus do na rialacha faoin margadh inmheánach, amhail na rialacha maidir le saorghluaiseacht chaipitil. Is féidir leis an gcomhlacht neamhspleách a bhfuil an ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid údaráis rialála difear dó achomharc a chur faoina bhráid a bheith ina chúirt nó ina bhinse eile atá cumhachtaithe athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh.

(87)  Ní cheileann an Treoir seo agus Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) ar na Ballstáit an deis a gcuid beartas fuinnimh náisiúnta a cheapadh agus a eisiúint. Dá bhrí sin, ag brath ar shocruithe bunreachtúla an Bhallstáit, d'fhéadfadh sé gurb é inniúlacht an Bhallstáit é an creat beartais a chinneadh ina bhfuil na húdaráis rialála le hoibriú, mar shampla i dtaca le cinnteacht an tsoláthair. Mar sin féin, níor cheart do threoirlínte ginearálta i ndáil leis an mbeartas fuinnimh arna eisiúint ag an mBallstát cur isteach ar neamhspleáchas ná ar fhéinriail na n-údarás rialála.

(88)  Le Rialachán (AE) 2019/...(16), foráiltear go bhféadfaidh an Coimisiún treoirlínte nó cóid ghréasáin a ghlacadh chun an méid comhchuibhithe is gá a bhaint amach. Na treoirlínte nó cóid ghréasáin sin, ar bearta cur chun feidhme ceangailteacha iad, is úsáideach an uirlis iad i dtaca le forálacha áirithe den Treoir seo freisin, uirlis is féidir a chur in oiriúint go tapa i gcás inar gá sin.

(89)  Ba cheart do na Ballstáit agus do Chomhpháirtithe Conarthacha sa Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Fuinnimh(17) dul i ndlúthchomhar ar chúrsaí a bhaineann le réigiún comhtháite trádála leictreachais a fhorbairt agus níor cheart dóibh aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh comhtháthú breise na margaí leictreachais, ná cinnteacht soláthair na mBallstát agus na gComhpháirtithe Conarthacha, i mbaol.

(90)  Ba cheart an Treoir seo a léamh in éineacht le Rialachán (AE) 2019/...+ ina leagtar síos eochairphrionsabail dhearadh nua an mhargaidh don leictreachas faoina mbeifear in ann luach saothair níos fearr a fháil as an tsolúbthacht, a thabharfaidh comharthaí praghsála leormhaithe agus a áiritheoidh go ndéanfar margaí gearrthéarmacha comhtháite a fhorbairt a bheidh ag feidhmiú go maith. Leagtar amach rialacha nua faoi Rialachán (AE) 2019/...+ i réimsí éagsúla freisin, lena n-áirítear maidir le sásraí acmhainneachta agus comhar idir oibreoirí córas tarchurtha.

(91)  Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Treoir seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt. Dá réir sin, ba cheart an Treoir seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin, go háirithe an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint a ráthaítear le hAirteagal 8 den Chairt. Tá sé bunriachtanach go mbeadh aon phróiseáil sonraí faoin Treoir seo ag comhlíonadh Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.(18)

(92)  Chun an t-íosmhéid comhchuibhithe a sholáthar is gá chun aidhmeanna na Treorach seo a ghnóthú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha a bhunú maidir leis an méid atá sé de dhualgas ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER agus ina leagfar amach mionsonraí an nós imeachta chun cóid ghréasáin agus treoirlínte gréasáin a chomhlíonadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(19). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann a áirithiú in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(93)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais idir-inoibritheachta seirbhísí fuinnimh agus a chinneadh chomh maith le nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le rochtain a fháil ar shonraí méadraithe, ar shonraí tomhaltais, agus ar shonraí a theastaíonn tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20).

(94)  I gcás ina bhfuil feidhm le maolú de bhun Airteagal 66(3), (4) nó (5), ba cheart don mhaolú sin freisin aon fhorálacha sa Treoir seo a chumhdach atá coimhdeach do chur i bhfeidhm roimh ré aon fhorálacha óna bhfuair sé maolú, nó a éilíonn an cur i bhfeidhm roimh ré sin.

(95)  Na forálacha atá i dTreoir 2012/27/AE a bhaineann le margaí leictreachais, amhail na forálacha maidir le méadrú agus billeáil leictreachais, freagairt don éileamh, seoladh tosaíochta agus rochtain ar eangacha le haghaidh comhghiniúint ardéifeachtúlachta, déantar iad a thabhairt cothrom le dáta leis na forálacha atá leagtha síos sa Treoir seo agus atá i Rialachán (AE) 2019/... (21). Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2012/27/AE a leasú dá réir sin.

(96)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon margadh inmheánach don leictreachas atá go hiomlán oibríochtúil a chruthú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fairsinge agus a héifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(97)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(22), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den chineál sin a tharchur.

(98)  Ba cheart an oibleagáid an Treoir seo a thrasuí sa dlí náisiúnta a theorannú do na forálacha sin ar leasú substainteach iad i gcomparáid le Treoir 2009/72/CE. Is ann don oibleagáid na forálacha nach bhfuil athraithe a thrasuí mar thoradh ar Threoir 2009/72/CE.

(99)  Níor cheart gur dochar an Treoir seo d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun Treoir 2009/72/CE a leagtar amach in Iarscríbhinn III a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na Treorach sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, bunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le giniúint, tarchur, dáileadh, stóráil agus soláthar leictreachais, maille le forálacha cosanta tomhaltóirí, d’fhonn margaí leictreachais atá comhtháite i ndáiríre, iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha, cothrom agus trédhearcach a chruthú san Aontas.

Agus leas á bhaint as na buntáistí a bhaineann le margadh comhtháite, is é aidhm don Treoir seo praghsanna agus costais fuinnimh inacmhainne agus trédhearcach do thomhaltóirí, ardleibhéal cinnteachta soláthair agus aistriú rianúil i dtreo córas fuinnimh inbhuanaithe ísealcharbóin a áirithiú. Leagtar síos inti príomhrialacha maidir le heagrú agus feidhmiú earnáil leictreachais an Aontais, go háirithe rialacha maidir le cumhachtú na dtomhaltóirí agus cosaint na dtomhaltóirí, maidir le rochtain oscailte ar an margadh comhtháite, maidir le rochtain an tríú páirtí ar an mbonneagar tarchurtha agus dáileacháin, ceanglais maidir le díchuachadh, agus rialacha maidir le neamhspleáchas na n-údarás rialála sna Ballstáit.

Leagtar amach sa Treoir seo freisin modúlachtaí do na Ballstáit, údaráis rialála agus oibreoirí córas tarchurtha comhar le chéile ionsar margadh inmheánach don leictreachas atá lán-idirnasctha a chruthú a mhéadaíonn lánpháirtiú an leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, saoriomaíocht agus cinnteacht an tsoláthair.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “custaiméir” custaiméir mórdhíola nó deiridh leictreachais;

(2)  ciallaíonn “custaiméir mórdhíola” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn leictreachas chun é a athdhíol laistigh nó lasmuigh den chóras ina bhfuil an duine sin bunaithe;

(3)  ciallaíonn “custaiméir deiridh” custaiméir a cheannaíonn leictreachas dá úsáid nó dá húsáid féin;

(4)  ciallaíonn “custaiméir teaghlaigh” custaiméir a cheannaíonn leictreachas le haghaidh thomhaltas teaghlaigh an chustaiméara féin, agus gan gníomhaíochtaí tráchtála nó gairmiúla san áireamh;

(5)  ciallaíonn “custaiméir neamhtheaghlaigh” duine nádúrtha nó dlítheanach a cheannaíonn leictreachas nach dá úsáid teaghlaigh féin é, lena n-áirítear táirgeoirí, custaiméirí tionsclaíocha, fiontair bheaga agus mheánmhéide, gnólachtaí agus custaiméirí mórdhíola;

(6)  ciallaíonn “micrifhiontar” fiontar a fhostaíonn níos lú ná 10 bhfostaí agus nach mó ná EUR 2 mhilliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

(7)  ciallaíonn “fiontar beag” fiontar a fhostaíonn níos lú na 50 fostaí agus nach mó ná EUR 10 milliún a láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a chláir comhardaithe bhliantúil;

(8)  ciallaíonn “custaiméir gníomhach” custaiméir deiridh, nó grúpa custaiméirí deiridh, a ghníomhaíonn go comhpháirteach agus a ídíonn a stórálann ▌ leictreachas a ghintear laistigh dá áitreamh atá suite laistigh de theorainneacha cúnga nó, i gcás go gceadaíonn Ballstát amhlaidh, laistigh d’áitreamh eile, nó a dhíolann leictreachas féinghinte nó a ghlacann páirt i scéimeanna solúbthachta nó éifeachtúlachta fuinnimh, ar choinníoll nach iad na gníomhaíochtaí sin a phríomhghníomhaíocht tráchtála ná a phríomhghníomhaíocht ghairmiúil;

(9)  ciallaíonn ‘margaí leictreachais’ margaí don leictreachas, lena n-áirítear margaí thar an gcuntar agus malairtí leictreachais, margaí chun fuinneamh, toilleas, comhardú agus seirbhísí coimhdeacha a thrádáil sna creataí ama uile, lena n-áirítear réamh-mhargaí, margaí lá amháin roimh ré agus margaí san aon lá amháin;

(10)  ciallaíonn 'rannpháirtí sa mhargadh' rannpháirtí sa mhargadh mar a shainmhínítear é i bpointe 25 d'Airteagal 2 de Rialachán 2019/…(23);

(11)  ciallaíonn “pobal fuinnimh saoránach” eintiteas dlíthiúil:

(a)  atá bunaithe ar rannpháirtíocht dheonach agus oscailte, agus atá á rialú go héifeachtach ag comhaltaí nó scairshealbhóirí▌ar daoine nádúrtha, údaráis áitiúla, lena n-áirítear bardais, nó fiontair bheaga iad;

(b)   a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige sochair chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta a sholáthar dá bhaill nó dá scairshealbhóirí nó do na ceantair áitiúla ina n-oibríonn sé seachas brabús airgeadais a dhéanamh; agus

(c)  a fhéadfaidh a bheith ag gabháil do ghiniúint, lena n-áirítear ginniúint ó fhoinsí in-athnuaite, dáileadh, soláthar, tomhaltas, comhbhailiú, stóráil fuinnimh, seirbhísí éifeachtúlachta fuinnimh nó seirbhísí luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha nó seirbhísí fuinnimh eile a sholáthar dá chomhaltaí nó dá scairshealbhóirí;

(12)  ciallaíonn “soláthar” leictreachas a dhíol, lena n-áirítear a athdhíol, le custaiméirí;

(13)  ciallaíonn “conradh soláthair leictreachais” conradh maidir le leictreachas a sholáthar, ach ní chuimsíonn sé díorthaigh leictreachais;

(14)  ciallaíonn “díorthach leictreachais” ionstraim airgeadais a shonraítear i bpointe 5, 6 nó 7 de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2004/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24), i gcás ina mbaineann an ionstraim sin leis an leictreachas;

(15)  ciallaíonn “conradh leictreachais praghsála dinimiciúla” conradh soláthair leictreachais idir soláthróir agus custaiméir deiridh ina léirítear athrú praghsanna sna spotmhargaí, lena n-áirítear ▌margaí lá roimh ré agus san aon lá amháin, ag eatraimh is comhionann ar a laghad le minicíocht socraíochta an mhargaidh;

(16)  ciallaíonn “táille scortha conartha” muirear nó pionós a ghearrann soláthróirí nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú ar chustaiméirí as conradh soláthair nó seirbhíse leictreachais a fhoirceannadh;

(17)  ciallaíonn “táille a bhaineann le hathrú ó sholáthróir” muirear nó pionós, lena n-áirítear táillí scortha conartha, a ghearrann soláthróirí, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú nó oibreoirí córas go díreach nó go hindíreach ar chustaiméirí as soláthróirí a athrú nó as rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú a athrú;

(18)  ciallaíonn “comhbhailiúfeidhm a dhéanann duine nádúrtha nó dlítheanach a thiomsaíonn ualaí custaiméirí iolracha nó leictreachas arna ghiniúint lena dhíol, lena cheannach nó lena cheantáil in aon mhargadh leictreachais eagraithe;

(19)  ciallaíonn “comhbhailitheoir neamhspleách” rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus nach bhfuil cleamhnaithe le soláthróir an chustaiméara▌;

(20)  ciallaíonn “freagairt don éileamh” an t-ualach leictreachais a bheith á athrú ag custaiméirí deiridh óna ngnáthphatrúin tomhaltais nó óna bpatrúin tomhaltais reatha mar fhreagra ar chomharthaí margaidh, lena n-áirítear mar fhreagra ar phraghsanna leictreachais atá inathraithe de réir ama nó íocaíochtaí dreasachta, nó mar fhreagra ar ghlacadh thairiscint an chustaiméara deiridh laghdú nó méadú éilimh a dhíol ar phraghas i margadh eagraithe mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún(25), bíodh sin ina aonair nó trí chomhbhailiú;

(21)  ciallaíonn ‘faisnéis bhilleála’ an fhaisnéis a thugtar ar bhille custaiméara deiridh, seachas iarraidh ar íocaíocht;

(22)  ciallaíonn “gnáthmhéadar” méadar analógach nó méadar leictreonach gan an cumas sonraí a tharchur ná a ghlacadh araon;

(23)  ciallaíonn “córas méadraithe chliste” córas leictreonach atá in ann an leictreachas a chuirtear isteach san eangach nó an leictreachas a ídítear ón eangach a thomhas, lena soláthraítear níos mó faisnéise ná gnáthmhéadar, agus atá in ann sonraí a tharchur agus a fháil chun críocha faisnéise, faireacháin agus rialaithe, ag úsáid cumarsáid leictreonach de chineál áirithe;

(24)  ciallaíonn “idir-inoibritheacht”, i gcomhthéacs an mhéadraithe chliste, dhá cheann nó níos mó de ghréasáin, córais, feistí, feidhmchláir nó comhpháirteanna fuinnimh nó cumarsáide a bheith in ann idir-oibriú, agus faisnéis a mhalartú agus a úsáid chun feidhmeanna riachtanacha a dhéanamh;

(25)  ciallaíonn “tréimhse chun éagothroime a shocrú” tréimhse chun éagothroime a shocrú mar a shainmhínítear í i bpointe (15) d'Airteagal 2 de Rialachán 2019/…(26)

(26)  ciallaíonn “gar d’fhíor-am”, i gcomhthéacs an mhéadraithe chliste, tréimhse ghearr ama, roinnt soicindí de ghnáth nó tréimhse suas go dtí an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta;

(27)  ciallaíonn “na teicnící is fearr atá ar fáil”, i gcomhthéacs na cosanta sonraí agus na slándála i dtimpeallacht méadraithe chliste, na teicnící is éifeachtaí, is airde agus is oiriúnaí go praiticiúil chun bonn a sholáthar, i bprionsabal, le haghaidh chomhlíonadh rialacha cosanta sonraí agus slándála an Aontais;

(28)  ciallaíonn “dáileadh” iompar leictreachais trí chórais dáileacháin ardvoltais, meánvoltais agus ísealvoltais d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí, ach ní áirítear an soláthar leis;

(29)  ciallaíonn “oibreoir córais dáileacháin” duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras dáileacháin i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais a shásamh;

(30)  ciallaíonn “éifeachtúlacht fuinnimh” an cóimheas idir an t-aschur feidhmíochta, seirbhíse, earraí nó fuinnimh, agus an t-ionchur fuinnimh;

(31)  ciallaíonn “fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite” nó “fuinneamh in-athnuaite” fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite neamh-iontaise, eadhon fuinneamh gaoithe, gréine (grianfhuinneamh teirmeach agus grianfhuinneamh fótavoltach) agus geoiteirmeach, fuinneamh comhthimpeallach, fuinneamh taoide, fuinneamh toinne agus fuinneamh eile aigéin, hidreachumhacht, bithmhas, gás ó líonadh talún, gás ó ionad cóireála camrais, agus bithghás ▌;

(32)  ciallaíonn “giniúint dháilte” suiteálacha giniúna atá nasctha leis an gcóras dáileacháin;

(33)  ciallaíonn “pointe athluchtaithe” comhéadan atá in ann feithicil leictreach amháin a luchtú in aon am nó ceallra aon fheithicle amháin a mhalartú in aon am amháin;

(34)  ciallaíonn “tarchur” iompar leictreachais tríd an gcóras idirnasctha breis-ardvoltais agus ardvoltais d’fhonn é a sheachadadh ar chustaiméirí deiridh nó ar dháileoirí, ach ní áirítear an soláthar leis;

(35)  ciallaíonn “oibreoir córais tarchurtha” duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an gcóras tarchurtha i limistéar ar leith agus, i gcás inarb infheidhme, as idirnaisc an chórais sin le córais eile a oibriú, agus as an gcothabháil air a áirithiú agus, más gá, as an gcóras sin a fhorbairt, agus as cumas an chórais san fhadtéarma éilimh réasúnta ar tharchur leictreachais a shásamh;

(36)  ciallaíonn “úsáideoir córais” duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn do chóras tarchurtha nó do chóras dáileacháin, nó a soláthraíonn córas den sórt sin dó;

(37)  ciallaíonn “giniúint” leictreachas a tháirgeadh;

(38)  ciallaíonn “táirgeoir” duine nádúrtha nó dlítheanach a ghineann leictreachas;

(39)  ciallaíonn “idirnascaire” trealamh a úsáidtear chun córais leictreachais a nascadh le chéile;

(40)  ciallaíonn “córas idirnasctha” roinnt córas tarchurtha agus dáileacháin atá nasctha le chéile trí idirnascaire amháin nó níos mó;

(41)  ciallaíonn “sreang dhíreach” sreang leictreachais a nascann láthair giniúna scoite le custaiméir scoite nó sreang leictreachais a nascann táirgeoir agus gnóthas soláthair leictreachais chun a n-áitreabh, fochuideachtaí agus custaiméirí féin a sholáthar go díreach;

(42)  ciallaíonn “córas beag scoite” aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000 GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos lú ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile;

(43)  ciallaíonn “córas beag nasctha” aon chóras ar lú a thomhaltas ná 3 000 GWh sa bhliain 1996, i gcás ina bhfaightear níos mó ná 5 % den tomhaltas bliantúil trí idirnascadh le córais eile;

(44)  ciallaíonn “plódú” plódú mar a shainmhínítear é i bpointe (4) d'Airteagal 2 de Rialachán 2019/…(27);

(45)  ciallaíonn “cothromú” cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (10) d'Airteagal 2 de Rialachán 2019/…+;

(46)  ciallaíonn “fuinneamh don chothromú” fuinneamh don chothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (11) d'Airteagal 2 de Rialachán 2019/…+;

(47)  ciallaíonn “páirtí atá freagrach as cothromú” páirtí atá freagrach as cothromú mar a shainmhínítear é i bpointe (14) d'Airteagal 2 de Rialachán 2019/…+;

(488)  ciallaíonn “seirbhís choimhdeach” seirbhís is gá chun córas tarchurtha nó dáileacháin a oibriú, lena n-áirítear cothromú agus seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta, ach gan bainistiú ar phlódú a áireamh;

(49)  ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta” seirbhís a úsáideann oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir córais dáileacháin le haghaidh rialú voltais foistine, instealltaí srutha frithghníomhacha tapa, táimhe le haghaidh cobhsaíocht eangaí áitiúla, sruth gearrchiorcaidagus acmhainneacht athshlánaithe i ndiaidh múchta agus acmhainneacht oibríochta oileáin;

(50)  ciallaíonn “lárionad comhordúcháin réigiúnach” lárionad comhordúcháin réigiúnach arna bhunú de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2019/...(28);

(51)  ciallaíonn “comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán” comhpháirteanna den ghréasán atá comhtháthaithe leis an gcóras tarchur nó dáileacháin, lena n-áirítear saoráidí stórála, agus a úsáidtear chun na críche amháin go ndéantar oibríocht shlán agus iontaofa an chórais tarchurtha nó dáileacháin a áirithiú, agus nach ann dóibh le haghaidh cothromú ná bainistiú ar phlódú;

(52)  ciallaíonn “gnóthas leictreachais comhtháite” gnóthas atá comhtháite go hingearach nó gnóthas atá comhtháite go cothrománach;

(53)  ciallaíonn “gnóthas atá comhtháite go hingearach” gnóthas leictreachais nó grúpa de ghnóthais leictreachais ina bhfuil an duine céanna nó na daoine céanna i dteideal, go díreach nó go hindíreach, rialú a fheidhmiú, agus go ndéanann an gnóthas nó an grúpa de ghnóthais ceann amháin, ar a laghad, d’feidhmeanna an tarchuir nó an dáilte, agus ceann amháin ar a laghad d’feidhmeanna an ghinte nó an tsoláthair;

(54)  ciallaíonn “gnóthas atá comhtháite go cothrománach” gnóthas leictreachais a dhéanann ceann amháin, ar a laghad, d’fheidhmeanna giniúna lena dhíol, nó tarchuir, nó dáilte, nó soláthair, agus gníomhaíocht eile nach mbaineann leis an leictreachas;

(55)  ciallaíonn ‘gnóthas gaolmhar’ gnóthais chleamhnaithe mar a shainmhínítear é i bpointe (12) d'Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29), agus gnóthais ar leis na scairshealbhóirí céanna iad;

(56)  ciallaíonn “rialú” cearta, conarthaí nó modhanna eile, ar leithligh nó le chéile agus ag féachaint do na tosca fíorais agus dlí lena mbaineann, a thugann an deis tionchar cinntitheach a fheidhmiú ar ghnóthas, go háirithe ar na bealaí seo a leanas:

(a)  úinéireacht nó an ceart chun sócmhainní uile an ghnóthais, nó cuid dá shócmhainní, a úsáid;

(b)  cearta nó conarthaí a thugann tionchar cinntitheach maidir le comhdhéanamh, vótáil nó cinntí chomhlachtaí an ghnóthais;

(57)  ciallaíonn “gnóthas leictreachais” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann ceann amháin, ar a laghad, de na feidhmeanna seo a leanas: giniúint, tarchur, dáileadh, comhbhailiú, freagairt ar éileamh, stóráil fuinnimh, soláthar, nó ceannach leictreachais, agus atá freagrach as na cúraimí tráchtála, teicniúla agus cothabhála a bhaineann leis na feidhmeanna sin, ach nach gcuimsíonn custaiméirí deiridh;

(58)  ciallaíonn “slándáil” idir chinnteacht sholáthar an leictreachais agus chur ar fáil an leictreachais, agus an tsábháilteacht theicniúil;

(59)  ciallaíonn “stóráil fuinnimh”, sa chóras leictreachais, úsáid deiridh an leictreachais▌ a chur siar go dtí tráth níos déanaí ná an uair a gineadh é, nó fuinneamh leictreachais a tiontú go cineál fuinnimh is féidir a stóráil, stóráil fuinnimh den sórt sin, agus fuinneamh den sórt sin a thiontú ar ais ina dhiaidh sin go fuinneamh leictreach nó é a úsáid mar iompróir fuinnimh eile;

(60)  ciallaíonn “saoráid stórála fuinnimh”, sa chóras leictreachais, saoráid ina dtarlaíonn an stóráil fuinnimh.

CAIBIDIL II

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE hEAGRÚ NA hEARNÁLA LEICTREACHAIS

Airteagal 3

Margaí leictreachais atá iomaíoch, dírithe ar an tomhaltóir, solúbtha agus neamh-idirdhealaitheach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh a ndlí náisiúnta bacainn mhíchuí roimh thrádáil trasteorann i leictreachas, roimh rannpháirtíocht tomhaltóirí, lena n-áirítear tríd an bhfreagairt don éileamh, roimh infheistíochtaí go háirithe i nginiúint fuinnimu inathraitheach agus sholúbtha, roimh stóráil fuinnimh, ná roimh an leictrea-shoghluaisteacht ná roimh idirnascairí nua a leathadh amach idir Ballstáit, agus áiritheoidh siad go léireoidh praghsanna leictreachais an soláthar agus an t-éileamh iarbhír.

2.  Nuair a bheidh idirnascairí á bhforbairt, cuirfidh na Ballstáit na spriocanna idirnasctha leictreachais a leagtar amach i bpointe (1) d’Airteagal 4(d) de Rialachán (AE) 2018/1999 san áireamh.

3.  Áiritheoidh an Ballstát nach ann d’aon bhacainní míchuí laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas a mhéid a bhaineann le dul isteach sa mhargadh, oibriú an mhargaidh agus imeacht as an margadh, gan dochar don inniúlacht a choimeádann na Ballstáit i leith tríú tíortha.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit cothrom iomaíochta mar a mbeidh gnóthais leictreachais faoi réir rialacha, táillí agus cóireáil a bheidh trédhearcach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, go háirithe i ndáil leis an bhfreagracht a chothromú, le rochtain ar mhargaí mórdhíola, le rochtain ar shonraí, le próisis chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus córais bhilleála agus, i gcás inarb infheidhme, le ceadúnú.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann rannpháirtithe sa margadh ó thríú tíortha, agus iad ag oibriú laistigh den mhargadh inmheánach don leictreachas, dlí an Aontais is infheidhme agus an dlí náisiúnta is infheidhme a chomhlíonadh, lena n-áirítear an dlí sin a bhaineann leis an mbeartas comhshaoil agus sábháilteachta.

Airteagal 4

Saor-rogha soláthróra

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí uile in ann leictreachas a cheannach óna rogha soláthróra agus áiritheoidh siad go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile níos mó ná aon chonradh soláthair leictreachais amháin a bheith acu ag an am céanna, ar choinníoll gur ann don nasc agus do na pointí méadraithe is gá.

Airteagal 5

Praghsanna soláthair margadhbhunaithe

1.  Beidh saoirse ag soláthróirí an praghas ag a soláthróidh siad leictreachas do na custaiméirí a chinneadh. Déanfaidh na Ballstáit gníomhaíochtaí iomchuí chun iomaíocht éifeachtach idir na soláthróirí a áirithiú.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na custaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus atá leochaileach a chosaint de bhun Airteagail 28 agus 29 trí bheartas sóisialta nó trí mhodhanna eile seachas idirghabhálacha poiblí i socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais.

3.  De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na Ballstáit idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh nó atá leochaileach. Beidh idirghabhálacha poiblí den sórt sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i míreanna 4 agus 5.

4.  Maidir le hidirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais:

(a)  saothróidh siad leas eacnamaíoch ginearálta agus ní rachaidh siad thar a bhfuil riachtanach chun an leas eacnamaíoch ginearálta sin a bhaint amach;

(b)  beidh siad sainmhínithe, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe;

(c)  déanfaidh siad rochtain chomhionann ar ghnóthais leictreachais an Aontais a ráthú do chustaiméirí;

(d)  beidh teorainn ama leo agus beidh siad comhréireach ó thaobh na dtairbhithe de;

(e)  ní éireoidh costais bhreise do rannpháirtithe sa mhargadh astu ar bhealach idirdhealaitheach.

5.  Aon Bhallstát a dhéanfaidh idirghabhálacha poiblí i leith shocrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, déanfaidh siad freisin pointe (d) d’Airteagal 3(3) agus le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/1999 a chomhlíonadh, is cuma cé acu an bhfuil nó nach bhfuil líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh sa Bhallstát lena mbaineann.

6.  Ar mhaithe le hidirthréimhse chun iomaíocht éifeachtach le haghaidh conarthaí soláthair leictreachais a chruthú idir soláthróirí, agus chun praghsáil miondíola margadhbhunaithe leictreachais atá go hiomlán éifeachtach a bhaint amach i gcomhréir le mír 1, féadfaidh na Ballstáit ▌ idirghabhálacha poiblí a chur i bhfeidhm i leith socrú na bpraghsanna do sholáthar an leictreachais do chustaiméirí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair nach dtairbhíonn d’idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 3.

7.  Idirghabhálacha poiblí de bhun mhír 6, comhlíonfaidh siad na critéir a leagtar amach i mír 4 agus:

(a)  beidh sraith de bhearta ag gabháil leo chun iomaíocht éifeachtach a bhaint amach mar aon le modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i ndáil leis na bearta sin;

(b)  socrófar iad trí úsáid a bhaint as modheolaíocht a áirithíonn cóir neamh-idirdhealaitheach ar sholáthróirí;

(c)  socrófar iad ag praghas a bheidh os cionn an chostais, ar leibhéal ag a bhféadfaidh iomaíocht éifeachtach praghsanna tarlú;

(d)  beidh siad deartha chun aon thionchar diúltach ar an margadh leictreachais mórdhíola a íoslaghdú;

(e)  áiritheoidh siad go mbeidh an fhéidearthacht ag gach tairbhí d’idirghabhálacha poiblí den sórt sin tairiscintí margaidh iomaíocha a roghnú agus go ndéanfar, gach ráithe ar a laghad, na tairbhithe sin a chur ar an eolas go díreach faoi thairiscintí agus coigiltis a bheith ar fáil sa mhargadh iomaíoch, go háirithe faoi chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla, agus go dtabharfar cúnamh dóibh athrú go dtí tairiscint mhargadhbhunaithe;

(f)  áiritheoidh siad, de bhun Airteagail 19 agus 21, go mbeidh tairbhithe uile d’idirghabhálacha poiblí den sórt sin i dteideal méadair chliste a fháil suiteáilte gan aon réamhchostas breise do na custaiméirí sin, agus go dtairgfear suiteáil na méadair sin dóibh, agus go gcuirfear ar an eolas iad go díreach faoin bhféidearthacht méadair chliste a shuiteáil agus go dtabharfar an cúnamh is gá dóibh;

(g)  ní leanfaidh astu tras-fhóirdheonú díreach idir custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna saormhargaidh agus custaiméirí a fhaigheann soláthar ar phraghsanna soláthair rialáilte.

8.   Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta a dhéantar i gcomhréir le míreanna 3 agus 6 laistigh d’aon mhí amháin tar éis a nglactha agus féadfaidh siad iad a chur i bhfeidhm láithreach. Beidh míniú ag gabháil leis an bhfógra ar an bhfáth nárbh fhéidir le hionstraimí eile an cuspóir atá á shaothrú a ghnóthú go leordhóthanach, conas a chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4 agus 7 agus cad iad na héifeachtaí a bheidh ag na bearta ar tugadh fógra ina leith ar an iomaíocht. Tabharfar tuairisc san fhógra ar scóip na dtairbhithe, ré na mbeart agus líon na gcustaiméirí teaghlaigh a ndéanann na bearta difear dóibh, agus tabharfar míniú ann ar an gcaoi a ndearnadh na praghsanna rialáilte a chinneadh.

9.   Faoin 1 Eanáir 2022 agus 1 Eanáir 2025, déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo, maidir le riachtanas agus comhréireacht na n-idirghabhálacha poiblí faoin Airteagal seo, agus maidir le measúnú ar an dul chun cinn i dtreo iomaíocht éifeachtach a bhaint amach idir soláthróirí agus an t-aistriú go dtí praghsanna margadhbhunaithe. Ballstáit a chuireann praghsanna rialáilte i bhfeidhm i gcomhréir le mír 6, tuairisceoidh siad ar chomhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 7, lena n-áirítear ar a mhéid atá soláthróirí a cheanglaítear orthu idirghabhálacha den sórt sin a chur i bhfeidhm ag comhlíonadh na gcoinníollacha, chomh maith leis an tionchar atá ag praghsanna rialáilte ar chúrsaí airgeadais na soláthróirí sin.

10.   Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme an Airteagail seo, agus déanfaidh sé tuarascáil ar an gcur chun feidhme sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, chun críche praghsáil miondíola margadhbhunaithe an leictreachais a bhaint amach, agus, más iomchuí, gabhfaidh togra reachtach léi nó tiocfaidh togra reachtach ina dhiaidh. Féadfar críochdháta do na praghsanna rialáilte a bheith ar áireamh sa togra reachtach sin.

Airteagal 6

Rochtain tríú páirtí

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme córas le haghaidh rochtain tríú páirtí ar na córais tarchurtha agus dáileacháin a bheidh bunaithe ar tharaifí foilsithe, a bheidh infheidhme maidir leis na custaiméirí uile agus a chuirfear i bhfeidhm ar bhealach oibiachtúil agus gan idirdhealú idir úsáideoirí an chórais. Áiritheoidh na Ballstáit go bhformheasfar na taraifí sin, nó na modheolaíochtaí is bonn lena ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 59 sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus go bhfoilseofar na taraifí sin, agus na modheolaíochtaí — i gcás nach mbeidh formheasta ach na modheolaíochtaí — sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

2.  Féadfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin rochtain a dhiúltú más rud é nach bhfuil an acmhainneacht riachtanach aige. Tabharfar na cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an diúltú sin, go háirithe ag féachaint d’Airteagal 9, agus beidh siad bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus a bhfuil údar leo go teicniúil agus go heacnamaíoch. Áiritheoidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag na Ballstáit, údaráis rialála na mBallstát sin go gcuirfear na critéir sin i bhfeidhm go comhsheasmhach agus gur féidir leis an úsáideoir córais ar diúltaíodh rochtain dó úsáid a bhaint as nós imeachta um réiteach díospóidí. Ina theannta sin, áiritheoidh na húdaráis rialála, i gcás inarb iomchuí agus nuair a dhiúltaítear rochtain, go soláthróidh an oibreoir córais tarchurtha nó an oibreoir córais dáileacháin an fhaisnéis ábhartha maidir leis na bearta a bheadh riachtanach chun an gréasán a threisiú. Soláthrófar an fhaisnéis sin i ngach cás inar diúltaíodh rochtain le haghaidh pointí athluchtaithe. Féadfar táille réasúnach a ghearradh ar an bpáirtí a iarrfaidh an fhaisnéis sin a bheidh ag teacht leis an gcostas a ghabhann leis an bhfaisnéis sin a sholáthar.

3.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin maidir le pobail fuinnimh saoránach a bhainistíonn gréasáin dáileacháin.

Airteagal 7

Sreanga díreacha

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta atá riachtanach ionas gur féidir:

(a)  leis na táirgeoirí agus na gnóthais soláthair leictreachais uile atá bunaithe laistigh dá gcríoch soláthar dá n-áitreabh féin, dá bhfochuideachtaí agus dá gcustaiméirí trí shreang dhíreach agus gan iad a bheith faoi réir nósanna imeachta nó costais riaracháin atá díréireach;

(b)  leis na custaiméirí uile laistigh dá gcríoch, ina n-aonar nó go comhpháirteach, soláthar a fháil trí shreang dhíreach ó tháirgeoirí agus ó ghnóthais soláthair leictreachais.

2.  Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú chun sreanga díreacha a thógáil ar a gcríoch. Beidh na critéir sin oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.

3.  De thoradh na féidearthachta leictreachas a sholáthar trí shreang dhíreach amhail dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ní dhéanfar difear don fhéidearthacht leictreachas a fháil ar conradh i gcomhréir le hAirteagal 6.

4.  Féadfaidh na Ballstáit údaruithe a eisiúint chun sreang dhíreach a thógáil, a bheidh faoi réir diúltú a bheith déanta do rochtain ar an gcóras ar bhonn, de réir mar is iomchuí, Airteagal 6 nó tús a bheith curtha le nós imeachta um réiteach díospóidí faoi Airteagal 60.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a dhiúltú sreang dhíreach a údarú más rud é go gcuirfí bac, de dheasca an t-údarú sin a dheonú, ar chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le hoibleagáidí seirbhísí poiblí in Airteagal 9. Tabharfar cúiseanna cuí-réasúnaithe leis an diúltú sin.

Airteagal 8

Nós imeachta um údarú maidir le hacmhainneacht nua

1.  I gcomhair tógáil acmhainneachta giniúna nua, glacfaidh na Ballstáit nós imeachta um údarú, agus seolfar an nós imeachta sin i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

2.  Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú i ndáil le hacmhainneacht ghiniúna a thógáil ar a gcríoch. Agus na critéir is iomchuí á gcinneadh acu, breithneoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)  sábháilteacht agus slándáil an chórais leictreachais, na suiteálacha agus an trealaimh ghaolmhair;

(b)  cosaint do shláinte agus sábháilteacht phoiblí;

(c)  cosaint an chomhshaoil;

(d)  úsáid talún agus suíomh;

(e)  úsáid talún poiblí;

(f)  éifeachtúlacht fuinnimh;

(g)  cineál na bhfoinsí príomha;

(h)  saintréithe an iarratasóra, amhail cumas teicniúil, eacnamaíoch agus airgeadais;

(i)  comhlíonadh na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 9;

(j)  an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le comhlíonadh sprioc fhoriomlán an Aontais gur fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a bheidh i sciar 32 % d’olltomhaltas deiridh an Aontais in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30);

(k)  an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le laghdú astaíochtaí; agus

(l)  roghanna malartacha seachas acmhainneacht ghiniúna nua a thógáil, amhail réitigh don fhreagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit gurb ann do na nósanna imeachta sonracha, simplithe agus sruthlínithe um údarú le haghaidh giniúint bheag dhíláraithe agus/nó dáilte, lena gcuirfear san áireamh méid theoranta agus tionchar féideartha na giniúna sin.

Féadfaidh na Ballstáit teoirlínte a leagan síos maidir leis an nós imeachta sonrach sin um údarú. Déanfaidh na húdaráis rialála nó údaráis inniúla náisiúnta eile, lena n-áirítear na húdaráis pleanála, na treoirlínte sin a athbhreithniú agus féadfaidh siad leasuithe orthu a mholadh.

I gcás ina mbeidh nósanna imeachta ar leith leagtha síos ag na Ballstáit maidir le ceadanna úsáide talún, ar nósanna imeachta iad is infheidhme maidir le mórthionscadail bhonneagair nua le haghaidh acmhainneacht ghiniúna, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tógáil acmhainneachta giniúna nua a áireamh i raon feidhme na nósanna imeachta sin agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus laistigh d’achar ama iomchuí.

4.  Poibleofar na nósanna imeachta agus na critéir don údarú. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas faoi na cúiseanna le haon diúltú údarú a dheonú. Beidh na cúiseanna sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cuí-réasúnaithe agus beidh bunús maith leo. Cuirfear nósanna imeachta achomhairc ar fáil d'iarratasóirí.

Airteagal 9

Oibleagáidí seirbhíse poiblí

1.  Gan dochar do mhír 2, áiritheoidh na Ballstáit, ar bhonn a n-eagrúcháin institiúidigh agus le haird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta, go ndéanfar, gan dochar do mhír 2, gnóthais leictreachais a oibriú i gcomhréir le prionsabal na Treorach seo d’fhonn margadh don leictreachas a bhaint amach a bheidh iomaíoch, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, agus ní dhéanfaidh siad idirdhealú idir na gnóthais sin a mhéid a bhaineann lena gcearta ná a n-oibleagáidí.

2.  Le haird iomlán ar fhorálacha ábhartha CFAE, go háirithe Airteagal 106 de, féadfaidh na Ballstáit, ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta, oibleagáidí seirbhíse poiblí a fhorchur ar ghnóthais a oibríonn in earnáil an leictreachais, ar oibleagáidí iad a d’fhéadfadh a bheith ag baint le slándáil, lena n-áirítear cinnteacht an tsoláthair, rialtacht, cáilíocht agus praghas an tsoláthair agus cosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear an éifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite agus cosaint na haeráide. Beidh oibleagáidí den sórt sin sainithe go soiléir, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus infhíoraithe, agus ráthófar leo cothrom rochtana ar chustaiméirí náisiúnta do ghnóthais leictreachais an Aontais. Comhlíonfaidh na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le socrú na bpraghsanna do sholáthair an leictreachais na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir seo.

3.  I gcás ina dtabharfar cúiteamh airgeadais, cineálacha eile cúitimh agus cearta eisiacha a dheonóidh an Ballstát le haghaidh chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo nó le haghaidh soláthar seirbhíse uilíche mar a leagtar amach in Airteagal 27, is ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach a dhéanfar an méid sin.

4.  Déanfaidh na Ballstáit, ar chur chun feidhme na Treorach seo, an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na bearta uile arna nglacadh chun na hoibleagáidí seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a chomhlíonadh, lena n-áirítear cosaint na dtomhaltóirí agus an chomhshaoil, agus an éifeacht a d'fhéadfadh a bheith acu ar an iomaíocht náisiúnta agus idirnáisiúnta, teastaíodh maolú ar an Treoir seo le haghaidh na mbeart sin nó ná teastaíodh. Ina dhiaidh sin, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas gach dhá bhliain faoi aon athruithe ar na bearta sin, teastaíodh maolú ar an Treoir seo lena n-aghaidh nó ná teastaíodh.

5.  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagail 6, 7 agus 8 den Treoir seo a chur i bhfeidhm a mhéid a chuirfí, de dheasca a gcur i bhfeidhm, bac, i ndlí nó i bhfíoras, ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna bhforchur ar ghnóthais leictreachais ar son an leasa eacnamaíoch ghinearálta agus a mhéid nach gcuirfear isteach ar fhorbairt na trádála a oiread agus go mbeadh sé contrártha do leasanna an Aontais. Áirítear ar leasanna an Aontais, inter alia, iomaíocht a mhéid a bhaineann le custaiméirí i gcomhréir le hAirteagal 106 CFAE agus leis an Treoir seo.

CAIBIDIL III

CUMHACHTÚ AGUS COSAINT NA dTOMHALTÓIRÍ

Airteagal 10

Bunchearta conarthacha

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh uile i dteideal a soláthar leictreachais a fháil ó sholáthróir, faoi réir chomhaontú an tsoláthróra, gan beann ar an mBallstát ina bhfuil an soláthróir sin cláraithe, ar choinníoll go gcloífidh an soláthróir leis na rialacha trádála agus cothromúcháin is infheidhme. Maidir leis sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta uile atá riachtanach chun a áirithiú nach ndéanfar, de dheasca nósanna imeachta riaracháin, idirdhealú in aghaidh soláthróirí atá cláraithe cheana i mBallstát eile.

2.  Gan dochar do rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31) agus Treoir 93/13/CEE ón gComhairle(32), áiritheoidh na Ballstáit ▌go mbeidh na cearta dá bhforáiltear i míreanna 3 go 12 den Airteagal seo ag custaiméirí deiridh.

3.  Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart chun conradh a bheith acu lena soláthróir ina sonraítear an méid seo a leanas:

(a)  céannacht agus seoladh an tsoláthróra;

(b)  na seirbhísí a sholáthraítear, leibhéil cáilíochta na seirbhísí a thairgtear, chomh maith leis an am don nascadh tosaigh;

(c)  na cineálacha seirbhíse cothabhála a thairgtear;

(d)  na bealaí inar féidir faisnéis chothrom le dáta a fháil faoi na taraifí, na muirir chothabhála uile is infheidhme agus faoi na táirgí nó seirbhísí cuachta;

(e)  ré an chonartha, na coinníollacha chun an conradh agus na seirbhísí a athnuachan agus a scor, lena n-áirítear táirgí nó seirbhísí atá cuachta leis na seirbhísí sin, agus cibé an gceadaítear foirceannadh an chonartha gan aon mhuirear a íoc;

(f)  aon chúiteamh agus na socruithe aisíocaíochta is infheidhme mura gcomhlíonfar na leibhéil cáilíochta seirbhíse arna gconrú, lena n-áirítear billeáil mhíchruinn nó dhéanach;

(g)  an modh chun tús a chur le nós imeachta um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt i gcomhréir le hAirteagal 26;

(h)  faisnéis maidir le cearta tomhaltóirí, lena n-áirítear faisnéis faoi láimhseáil gearán agus an fhaisnéis uile dá dtagraítear sa mhír seo, a chuirtear in iúl go soiléir ar an mbille nó ar shuíomh gréasáin an ghnóthais leictreachais.

Beidh na coinníollacha cóir agus beidh siad ar eolas go maith roimh ré. In aon chás, soláthrófar an fhaisnéis sin sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. I gcás ina dtabharfar conarthaí i gcrích trí idirghabhálaithe, tabharfar an fhaisnéis a bhaineann leis na hábhair a leagtar amach sa mhír seo freisin sula dtabharfar an conradh i gcrích.

Déanfar achoimre ar na príomhchoinníollacha conarthacha a thabhairt do chustaiméirí deiridh ar shlí fheiceálach agus i bhfriotal a bheidh beacht agus simplí.

4.  Tabharfar fógra iomchuí do chustaiméirí deiridh faoi aon intinn athrú a dhéanamh ar choinníollacha conarthacha agus cuirfear ar an eolas iad, tráth a thugtar an fógra sin, faoina gceart an conradh a fhoirceannadh. Déanfaidh soláthróirí, ar bhealach trédhearcach agus sothuigthe, fógra a thabhairt go díreach dá gcustaiméirí faoi aon choigeartú ar an bpraghas soláthair agus faoi na cúiseanna leis an gcoigeartú, na réamhchoinníollacha a ghabhann leis, agus a scóip, ag tráth iomchuí nach déanaí ná dhá sheachtain, nó tráth nach déanaí ná mí amháin i gcás custaiméirí teaghlaigh, roimh theacht i bhfeidhm an choigeartaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil saoirse ag custaiméirí deiridh a gconarthaí a fhoirceannadh mura nglacfaidh siad le coinníollacha nua conarthacha nó leis na coigeartuithe ar an bpraghas soláthair ar thug a soláthróir fógra dóibh ina leith.

5.  Déanfaidh soláthróirí faisnéis thrédhearcach a sholáthar do chustaiméirí deiridh faoi na praghsanna agus na taraifí is infheidhme agus faoi na téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha, maidir le rochtain ar sheirbhísí leictreachais agus úsáid na seirbhísí sin.

6.  Déanfaidh soláthróirí rogha leathan modhanna íocaíochta a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Ní dhéanfaidh modhanna íocaíochta den sórt sin idirdhealú míchuí idir custaiméirí. Aon difríocht sna muirir a bhaineann le modhanna íocaíochta nó le córais réamhíocaíochta, beidh sí oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus ní rachaidh sí thar na costais dhíreacha atá le seasamh ag an íocaí as modh íocaíochta sonrach nó as córas réamhíocaíochta a úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33).

7.  De bhun mhír 6, ní dhéanfar custaiméirí teaghlaigh, a bhfuil rochtain acu ar chórais réamhíocaíochta, a chur faoi ▌mhíbhuntáiste ▌de thairbhe na gcóras réamhíocaíochta.

8.  Déanfaidh soláthróirí téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá cóir agus trédhearcach a thairiscint do chustaiméirí deiridh. Na téarmaí agus coinníollacha ginearálta, is i dteanga shoiléir agus shothuigthe a thabharfar iad agus ní bheidh bacainní neamhchonarthacha ar fheidhmiú chearta na gcustaiméirí iontu, mar shampla doiciméadú conarthach iomarcach. Déanfar custaiméirí a chosaint ar mhodhanna díolacháin atá éagórach nó míthreorach.

9.  Beidh ag custaiméirí deiridh an ceart ar chaighdeán maith seirbhíse agus ar láimhseáil gearán ag a soláthróirí. Déanfaidh soláthróirí gearáin a láimhseáil ar bhealach simplí, cóir agus pras.

10.  Agus seirbhís uilíoch á rochtain acu de réir na bhforálacha arna nglacadh ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27, cuirfear custaiméirí deiridh ar an eolas faoina gcearta maidir le seirbhís uilíoch.

11.  Déanfaidh soláthróirí faisnéis iomchuí a sholáthar do chustaiméirí teaghlaigh faoi bhearta malartacha ar an díscor fada go leor roimh aon díscor atá pleanáilte. Féadfaidh bearta malartacha den sórt sin tagairt a dhéanamh d’fhoinsí tacaíochta chun díscor a sheachaint, do óhrais réamhíocaíochta, d’iniúchtaí fuinnimh, do sheirbhísí comhairliúcháin fuinnimh, do phleananna íocaíochta malartacha, do chomhairle faoi bhainistiú fiach nó do mhoratóirí ar dhíscor agus ní bheidh costas breise do na custaiméirí a bhfuil an díscor ag tarlú dóibh i gceist leo.

12.  Déanfaidh soláthróirí cuntas clabhsúir deiridh a sholáthar do chustaiméirí deiridh tar éis aon athrú soláthróra ▌tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis d’athrú den sórt sin tarlú.

Airteagal 11

Teidlíocht ar chonradh leictreachais praghsála dinimiciúla

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfágfaidh an creat rialála náisiúnta go mbeidh sé ar chumas soláthróirí conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla a thairiscint. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le custaiméirí deiridh a bhfuil méadar cliste suiteáilte acu a iarraidh go ndéanfaí conradh leictreachais praghsála dinimiciúla a thabhairt i gcrích le soláthróir amháin ar a laghad agus le gach soláthróir a bhfuil níos mó ná 200 000 custaiméir deiridh aige.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na soláthróirí na custaiméirí deiridh go hiomlán ar an eolas faoi na deiseanna, na costais agus na rioscaí a bhaineann le conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla den sórt sin, agus áiritheoidh siad go mbeidh soláthróirí faoi cheangal faisnéis a thabhairt do na custaiméirí deiridh dá réir, lena n-áirítear i ndáil leis an ngá go mbeadh méadar leictreachais leormhaith suiteáilte. Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar fhorbairtí sa margadh agus déanfaidh siad measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil le táirgí agus seirbhísí nua agus déileálfaidh siad le cleachtais éagóracha.

3.  Gheobhaidh soláthróirí toiliú ar gach custaiméara deiridh sula ndéanfar an custaiméir sin a athrú go dtí conradh leictreachais praghsála dinimiciúla.

4.  Ar feadh tréimhse deich mbliana ar a laghad tar éis fáil a bheith ar chonarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla den chéad uair, déanfaidh na Ballstáit a n-údaráis rialála faireachán ar na forbairtí is mó ar na conarthaí sin, agus foilseoidh siad tuarascáil bhliantúil maidir leis sin, lena n-áirítear tairiscintí margaidh agus an tionchar ar bhillí na dtomhaltóirí agus, go sonrach, leibhéal na luaineachta praghsanna.

Airteagal 12

An ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus rialacha maidir le táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir

1.  Maidir le hathrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú go ceann eile, déanfar é sin san achar ama is giorra is féidir. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an custaiméir ar mian leis athrú ó sholáthróirí nó ó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, agus coinníollacha conarthacha á n-urramú, i dteideal athrú den sórt sin a dhéanamh laistigh de thrí seachtaine ar a mhéad ó dháta na hiarrata. Tráth nach déanaí ná 2026, ní mhairfidh an próiseas chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile níos faide ná 24 uair an chloig agus beidh sé indéanta an méid sin a dhéanamh le linn aon lá oibre.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ngearrfar aon táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir, ar a laghad, ar chustaiméirí teaghlaigh, ar micrifhiontair agus ar fhiontair bheaga.

3.  De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na soláthróirí nó do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú táillí scortha conartha a ghearradh ar chustaiméirí i gcás ina scoirfidh na custaiméirí sin go toiliúil conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe roimh dháta aibíochta na gconarthaí sin, ar choinníoll go bhfuil na táillí sin ina gcuid de chonradh a rinne an custaiméir go toiliúil agus go ndéantar na táillí sin a chur in iúl don chustaiméir go soiléir sula ndéantar an conradh. Beidh na táillí sin comhréireach agus ní bheidh siad agus ní rachaidh siad thar an gcaillteanas eacnamaíoch díreach don soláthróir nó don rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú de thoradh an custaiméir an conradh a scor, lena n-áirítear costais aon infheistíochtaí cuachta nó seirbhísí cuachta atá soláthraithe don chustaiméir cheana féin mar chuid den chonradh. Is ar an soláthróir nó ar an rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do comhbhailiú a bheidh an t-ualach an caillteanas eacnamaíoch díreach a chruthú agus déanfaidh an t-údarás rialála, nó aon údarás inniúil náisiúnta eile, faireachán ar a incheadaithe atá táillí scortha conartha.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile nó ó rannpháirtí amháin sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú go ceann eile a dheonú do chustaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de.

5.  Beidh custaiméirí teaghlaigh i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna comhchoiteanna chun athrú ó sholáthróirí go cinn eile. Déanfaidh na Ballstáit gach bacainn rialála nó riaracháin a bheadh ann i leith athrú comhchoiteann a dhíchur, agus fós soláthróidh siad creat a áirithíonn an chosaint is mó do thomhaltóirí ionas go seachnófar aon chleachtas mí-úsáideach.

Airteagal 13

Conradh comhbhailiúcháin

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an tsaoirse ag na custaiméirí uile seirbhísí leictreachais a cheannach agus a dhíol, lena n-áirítear comhbhailiú, seachas soláthar, go neamhspleách ar a gconradh soláthair leictreachais agus ar ghnóthas leictreachais dá rogha.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar mian le custaiméir deiridh conradh comhbhailiúcháin a thabhairt i gcrích, go mbeidh an custaiméir deiridh i dteideal déanamh amhlaidh gan toiliú na ngnóthas leictreachais lena aghaidh sin a fháil.

Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú na custaiméirí a chur ar an eolas go hiomlán i dtaobh théarmaí agus coinníollacha na gconarthaí a thairgeann siad dóibh.

3.  Na sonraí ábhartha uile maidir leis an bhfreagairt don éileamh nó na sonraí maidir le leictreachas arna sholáthar agus arna dhíol, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na custaiméirí deiridh i dteideal iad a fháil saor in aisce uair amháin ar a laghad gach tréimhse bhilleála más rud é go n-iarrann an custaiméir an méid sin.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cearta dá dtagraítear i míreanna 2▌ agus 3 a dheonú do na custaiméirí deiridh ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh custaiméirí faoi réir aon cheanglais theicniúla nó riaracháin, nósanna imeachta teicniúla nó riaracháin agus muirir theicniúla nó riaracháin atá idirdhealaitheach óna soláthróir ar an mbunús conradh a bheith acu le rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú.

Airteagal 14

Uirlisí comparáide

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil rochtain ag custaiméirí teaghlaigh, agus ag micrifhiontair le tomhaltas bliantúil ionchasach is lú ná 100 000 kWh, ar a laghad, saor in aisce, ar uirlis amháin ar a laghad a chuireann i gcomparáid tairiscintí na soláthróirí, lena n-áirítear tairiscintí le haghaidh conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla. Déanfar na custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil na huirlisí sin le fáil agus beidh an fhaisnéis sin ina mbillí nó in éineacht lena mbillí nó déanfar ar bhealach eile é. Comhlíonfaidh an huirlisí ar a laghad na ceanglais seo a leanas:

(a)  beidh siad neamhspleách ó rannpháirtithe sa mhargadh agus áiritheoidh siad go dtugtar cóir chomhionann do ghnóthais leictreachais i dtorthaí an chuardaigh;

(b)  cuirfidh siad in iúl go soiléir cé hiad a gcuid úinéirí agus cén duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag oibriú agus ag rialú na huirlise, chomh maith le faisnéis a thabhairt i dtaobh an chaoi a bhfuil na huirlisí á maoiniú;

(c)  leagfaidh siad amach na critéir shoiléire oibiachtúla a mbeidh an chomparáid bunaithe orthu, lena n-áirítear seirbhísí, agus foilseoidh siad iad;

(d)  úsáidfidh siad friotal atá soiléir agus gan débhrí;

(e)  beidh an fhaisnéis a thabharfaidh siad cruinn agus cothrom le dáta agus luafar an uair dheireanach a tugadh chun dáta í;

(f)  beidh siad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas, trína bheith infheicthe, inoibrithe, intuigthe agus stóinseach;

(g)  cuirfidh siad nós imeachta éifeachtach ar fáil chun tuairisciú a dhéanamh ar aon fhaisnéis mhícheart faoi na tairiscintí atá foilsithe; agus

(h)  déanfaidh siad comparáidí, ach fós beidh an méid sonraí pearsanta a iarrtar teoranta do na sonraí atá go hiomlán riachtanach chun an chomparáid a dhéanamh.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh uirlis amháin ar a laghad ann a chlúdóidh an margadh ina iomláine. I gcás ina mbeidh níos mó ná uirlis amháin ann a chlúdóidh an margadh, áireofar sna huirlisí sin, ar bhealach chomh hiomlán agus is praiticiúil, raon tairiscintí leictreachais a chumhdóidh cuid shuntasach den mhargadh agus, i gcás nach gcumhdóidh na huirlisí sin an margadh go hiomlán, ráiteas soiléir chuige sin, sula dtaispeánfar na torthaí;.

2.  Na huirlisí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh aon eintiteas, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha agus údaráis agus comhlachtaí poiblí, iad a oibriú.

3.  Déanfaidh na Ballstáit údarás inniúil a cheapadh le bheith freagrach as marcanna iontaoibhe a eisiúint le haghaidh uirlisí comparáide a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1, agus as a áirithiú go leanfaidh na huirlisí comparáide sin a bhfuil marc iontaoibhe ag gabháil leo de na ceanglais a leagtar amach i mír 1 a chomhlíonadh. Beidh an t-údarás sin neamhspleách ar aon rannpháirtithe sa mhargadh agus ar aon oibreoirí uirlise comparáide.

4.  Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go mbeidh ar áireamh sna huirlisí comparáide dá dtagraítear i mír 1 critéir chomparáideacha a bhaineann le cineál na seirbhísí a thairgeann na soláthróirí.

5.  Aon uirlis a dhéanann comparáid idir tairiscintí rannpháirtithe sa mhargadh, beidh sí incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar mharc iontaoibhe i gcomhréir leis an Airteagal seo ar bhonn deonach agus neamh-idirdhealaitheach.

6.  De mhaolú ar mhíreanna 3 agus 5, féadfaidh Ballstáit a roghnú gan foráil do mharcanna iontaoibhe a eisiúint d’uirlisí comparáide más rud é go bhfuil uirlis chomparáid a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á soláthar ag údarás poiblí nó comhlacht poiblí.

Airteagal 15

Custaiméirí gníomhacha

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil custaiméirí deiridh i dteideal gníomhú mar chustaiméirí gníomhacha gan a bheith faoi réir ceanglais theicniúla, ceanglais riaracháin, nósanna imeachta ▌ agus muirear, agus muirir ghréasáin nach léiriú ar na costais iad;

2.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na custaiméirí gníomhacha:

(a)  go bhfuil siad i dteideal oibriú go díreach nó trí chomhbhailiú;

(b)  go bhfuil siad i dteideal leictreachas féinghinte a dhíol, lena n-áirítear trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta;

(c)  go bhfuil siad i dteideal a bheith rannpháirteach i scéimeanna solúbthachta agus scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh;

(d)  go bhfuil siad i dteideal bainistiú na suiteálacha atá ag teastáil dá gcuid gníomhaíochtaí a tharmligean chuig tríú páirtí, lena n-áirítear suiteáil, oibriú, láimhseáil sonraí agus cothabháil, gan an tríú páirtí a bheith measta mar bheith ina chustaiméir gníomhach;

(e)  go bhfuil siad faoi réir muirir ghréasáin atá costléiritheach, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, a dhéanann cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach san eangach agus ar an leictreachas a ídítear ón eangach, i gcomhréir le hAirteagal 59(9) den Treoir seo agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/…(34), rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais;

(f)  go bhfuil freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/...+.

3.  Féadfaidh Ballstáit forálacha éagsúla a bheith acu ina ndlí náisiúnta is infheidhme maidir le custaiméirí aonair gníomhacha agus custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go chomhpháirteach, ar choinníoll go ndéantar na cearta agus oibleagáidí uile faoin Airteagal seo a chur i bhfeidhm i leith gach custaiméir ghníomhaigh. Aon éagsúlacht sa chóir i leith custaiméirí gníomhacha a bhíonn ag gníomhú go comhpháirteach, beidh sí comhréireach agus cuí-réasúnaithe.

4.  Ballstáit a bhfuil scéimeanna atá ann cheana acu nach ndéanann cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach san eangach agus an leictreachas a ídítear ón eangach, ní dhéanfaidh siad aon chearta nua a dheonú faoi scéimeanna den sórt sin tar éis an 31 Nollaig 2023. In aon chás, na custaiméirí atá faoi réir scéimeanna atá ann cheana, beidh an fhéidearthacht acu ag aon tráth ar leith scéim nua a roghnú trína ndéantar cuntas ar leithligh ar an leictreacha a chuirtear isteach san eangach agus ar an leictreachas a ídítear ón eangach mar bhunús chun muirir ghréasáin a ríomh.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na tomhaltóirí gníomhacha a bhfuil úinéireacht ar shaoráid stórála acu:

(a)  go mbeidh acu an ceart nascadh leis an eangach laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis iarraidh chuige sin a dhéanamh, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha is gá, amhail freagracht chothromúcháin agus méadrú leormhaith, comhlíonta;

(b)  nach bhfuil siad faoi réir aon mhuirir dhúbailte, lena n-áirítear muirir ghréasáin, le haghaidh leictreachas stóráilte a fhanann ina n-áitreabh nó nuair a bhíonn seirbhísí solúbthachta á soláthar acu d’oibreoirí córais;

(c)  nach bhfuil siad faoi réir ceanglais cheadúnais nó táillí ceadúnais atá díréireach;

(d)  go ligtear dóibh líon éagsúil seirbhísí a sholáthar ag an am céanna, más indéanta é sin go teicniúil.

Airteagal 16

Pobail fuinnimh saoránach

1.  Déanfaidh na Ballstáit creat rialála cumasúcháin a sholáthar do phobail fuinnimh saoránach a áiritheoidh an méid seo a leanas:

(a)  go bhfuil rannpháirtíocht i bpobal fuinnimh saoránach oscailte agus deonach;

(b)  go bhfuil baill nó sairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach i dteideal an pobal a fhágáil, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 12;

(c)  nach gcailleann baill nó scairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí teaghlaigh nó mar chustaiméirí gníomhacha;

(d)  faoi réir cúiteamh cothrom arna mheas ag an údarás rialála, go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin ábhartha comhoibriú le pobail fuinnimh saoránach chun aistrithe leictreachais laistigh de phobail fuinnimh saoránach a éascú;

(e)  go bhfuil pobail fuinnimh saoránach faoi réir nósanna imeachta agus muirir atá neamh-idirdhealaitheach, cothrom, comhréireacha agus trédhearcach, lena n-áirítear i ndáil le clárú agus ceadúnú, chomh maith le muirir ghréasáin atá trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá ina léiriú ar an gcostas i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/...(35) rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais.

2.  Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil sa chreat rialála cumasúcháin i gcás pobail fuinnimh saoránach:

(a)  go bhfuil siad oscailte do rannpháirtíocht trasteorann;

(b)  go bhfuil siad i dteideal úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin dáileacháin, nó na gréasáin sin a bhunú, a cheannach nó a léasú, agus go gceadaítear dóibh iad a bhainistiú go neamhspleách faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo;

(c)  go bhfuil siad faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 38(2).

3.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:

(a)  go bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar gach margadh leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

(b)  go gcaithtear leo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach maidir lena ngníomhaíochtaí, a gceart agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, táirgeoirí, soláthróirí, oibreoirí córas dáileacháin nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú;

(c)  go bhfuil siad freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/...(36);

(d)  maidir le tomhaltas leictreachais fhéinghinte, déileáiltear le pobail fuinnimh saoránach mar a dhéantar le custaiméirí gníomhacha i gcomhréir le pointe (e) d’Airteagal 15(2);

(e)  go bhfuil siad i dteideal socrú a dhéanamh laistigh den phobal fuinnimh saoránach i dtaobh roinnt an leictreachais a tháirgeann na haonaid táirgthe atá faoi úinéireacht an phobail, faoi réir na gceanglas eile a leagtar síos san Airteagail seo agus faoi réir cearta agus oibleagáidí a bheith á gcoimeád ag baill den phobal mar chustaiméirí deiridh.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, i gcás ina ndéantar leictreachas a roinnt, ní dochar an méid sin do na muirir, taraifí agus tobhaigh don ghréasán is infheidhme, i gcomhréir le hanailís costais agus tairbhe ar na hacmhainní fuinnimh dáilte atá forbartha ag an údarás inniúil náisiúnta.

4.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an ceart chun gréasáin dáileacháin a bhainistiú a dheonú do phobail fuinnimh saoránach ina limistéar oibriúcháin agus na nósanna imeachta ábhartha a bhunú, gan dochar do Chaibidil IV ná do rialacha agus rialacháin eile is infheidhme maidir le hoibreoirí córais dáileacháin. Má dheonaítear ceart den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:

(a)  go bhfuil siad i dteideal comhaontú maidir le hoibriú a ngréasáin a thabhairt i gcrích leis an oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir córais tarchurtha ábhartha a bhfuil a ngréasán ceangailte leis;

(b)  go bhfuil faoi réir muirir ghréasáin iomchuí ag na pointí nasctha idir a gnréasán agus an gréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach agus go ndéanann na muirir gréasáin sin cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach sa ghréasán dáileacháin agus ar an leictreachas a ídítear ón ngréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach i gcomhréir le hAirteagal 59(7);

(c)  nach ndéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh na gcustaiméirí atá fós nasctha leis an gcóras dáileacháin ná nach ndéanfaidh siad aon díobháil dóibh.

Airteagal 17

Freagairt don éileamh trí chomhbhailiú

1.  Ceadóidh agus cothóidh na Ballstáit rannpháirtíocht i bhfreagairt don éileamh trí chomhbhailiú. Ceadóidh na Ballstáit do na custaiméirí deiridh, lena n-áirítear iad siúd a thairgeann freagairt don éileamh trí chomhbhailiú, a bheith rannpháirteach in éineacht le táirgeoirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach i ngach margadh leictreachais.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin, go ndéileálfaidh siad, agus seirbhísí coimhdeacha á soláthar acu, le rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do fhreagairt don éileamh a chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach in éineacht le táirgeoirí, ar bhonn a gcumas teicniúil.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit ▌go bhfuil ar áireamh ina gcreat rialála ábhartha na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(a)  an ceart atá ag gach rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, lena n-áirítear comhbhailitheoirí neamhspleácha, dul isteach i margaí leictreachais gan toiliú rannpháirtithe margaidh eile;

(b)  rialacha neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha lena sanntar go soiléir róil agus freagrachtaí do na gnóthais leictreachais uile agus custaiméirí uile;

(c)  rialacha agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha maidir le malartú sonraí idir rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus gnóthais leictreachais eile lena n-áiritheofar rochtain fhurasta ar na sonraí ar théarmaí comhionanna agus neamh-idirdhealaitheacha agus lena dtugtar lánchosaint ag an am céanna do shonraí atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus do shonraí pearsanta na gcustaiméirí;

(d)  oibleagáid ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú bheith freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal de Rialachán (AE) 2019/...(37);

(e)  foráil gan custaiméirí deiridh a bhfuil conradh acu le comhbhailitheoirí neamhspleácha a bheith faoi réir íocaíochtaí míchuí, pionóis mhíchuí ná aon sriantaí conarthacha eile míchuí óna soláthróirí;

(f)  sásra maidir le réiteach coinbhleachtaí idir rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú agus rannpháirtithe margaidh eile, lena n-áirítear freagracht as míchothromaíochtaí.

4.  Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar ghnóthais leictreachais nó ar chustaiméirí deiridh rannpháirteacha go n-íocfaidh siad cúiteamh airgeadais le rannpháirtithe eile sa mhargadh nó do pháirtithe na rannpháirtithe sa mhargadh atá freagrach as cothromú a ndéantar difear díreach dóibh mar gheall ar fhreagairt ar éileamh a ghníomhachtú. Ní chruthóidh cúiteamh airgeadais den sórt sin bacainn do rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú dul isteach sa mhargadh ná ní bheidh sé ina bhacainn ar sholúbthacht. Sna cásanna sin, beidh an cúiteamh airgeadais teoranta go docht go dtí méid a chumhdaíonn na costais a thabhaíonn soláthróirí na gcustaiméirí rannpháirteacha nó páirtithe na soláthróirí atá freagrach as cothromú le linn ghníomhachtú na freagartha ar éileamh. Sa mhodh chun an cúiteamh a ríomh, féadfar aird a thabhairt ar na sochair a thugann na comhbhailitheoirí neamhspleácha do rannpháirtithe eile sa mhargadh agus, sa chás in dtugtar an aird sin, féadfar a chur de cheangal ar chomhbhailitheoirí nó ar chustaiméirí rannpháirteacha rannchuidiú le cúiteamh den sórt sin, ach é sin amháin más amhlaidh agus sa mhéid nach dtéann na sochair do gach ceann de na soláthróirí, custaiméir agus a bpáirtithe atá freagrach as cothromú thar na costais dhíreacha arna dtabhú. Beidh an modh ríofa faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála nó ag údarás inniúil náisiúnta eile.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis rialála nó, i gcás ina gceanglófar amhlaidh sa chóras dlí náisiúnta, go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha agus na hoibreoirí córas dáileacháin, i ndlúthchomhar le rannpháirtithe sa mhargadh agus le custaiméirí deiridh, ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht i bhfreagairt don éileamh sna margaí leictreachais go léir ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin agus chumas na freagartha don éileamh. Cumhdófar le ceanglais den sórt sin rannpháirtíocht lena mbaineann ualaí comhbhailithe.

Airteagal 18

Billí agus faisnéis bhilleála

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil billí ▌agus faisnéis bhilleála beacht, éasca le tuiscint, soiléir, gonta, furasta le húsáid agus curtha i láthair ar bhealach a éascóidh do na custaiméirí deiridh comparáid a dhéanamh. Arna iarraidh sin dóibh, gheobhaidh custaiméirí deiridh míniú soiléir agus intuigthe ar an gcaoi ar cuireadh a mbille le chéile, go háirithe nuair nach bhfuil na billí sin bunaithe ar thomhaltas iarbhír.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh na custaiméirí deiridh a mbillí uile agus a bhfaisnéis bhilleála uile ▌saor in aisce▌.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an rogha do na custaiméirí deiridh billí agus faisnéis bhilleála leictreonach ▌a fháil, agus go ndéanfar socruithe solúbtha d’íocaíocht iarbhír an bhille a thairiscint dóibh.

4.  Má fhoráiltear sa chonradh go bhféadfaí athrú ar tháirge nó ar phraghas a thabhairt isteach amach anseo, nó má fhoráiltear sa chonradh do lascaine, déanfar sin a lua ar an mbille in éineacht leis an dáta ar a dtarlóidh an t-athrú sin.

5.  Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le heagraíochtaí tomhaltóirí aon uair a bheidh siad ag smaoineamh ar athruithe a dhéanamh ar na ceanglais maidir le hinneachar na mbillí.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh billí agus faisnéis bhilleála na ceanglais íosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 19

Córais méadraithe chliste

1.  Chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn agus chun na custaiméirí deiridh a chumhachtú, molfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, molfaidh an t-údarás rialála go láidir do ghnóthais leictreachais agus do rannpháirtithe eile sa mhargadh úsáid an leictreachais a bharrfheabhsú, inter alia trí sheirbhísí bainistithe fuinnimh a sholáthar, foirmlí nuálacha praghsála a fhorbairt, agus trí chórais méadraithe chliste atá idir-inoibritheach a thabhairt isteach, go háirithe le córais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí agus le heangaí cliste i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí an Aontais is infheidhme.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha lena gcuideofar le rannpháirtíocht ghníomhach na gcustaiméirí i margadh an leictreachais. Féadfaidh an leathadh amach sin a bheith faoi réir measúnú costais agus tairbhe a dhéanfar i gcomhréir na bprionsabal a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.  Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh le córais méadraithe chliste a leathadh amach, glacfaidh siad agus foilseoidh siad na riachtanais íosta fheidhmiúla agus theicniúla le haghaidh na gcóras méadraithe chliste a bheidh le leathadh amach ar a gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 20 agus le hIarscríbhinn II. Áiritheoidh na Ballstáit idir-inoibritheacht na gcóras méadraithe chliste sin chomh maith lena gcumas aschur a sholáthar do chórais bhainistithe fuinnimh do thomhaltóirí. Ina leith sin, beidh aird chuí ag na Ballstáit ar úsáid na gcaighdeán ábhartha atá ar fáil, lena n-áirítear na cinn sin lena gcumasaítear an idir-inoibritheacht, ar na dea-chleachtais agus ar a thábhachtaí atá sé eangacha cliste a fhorbairt agus an margadh inmheánach don leictreachas a fhorbairt.

4.  Na Ballstáit sin a rachaidh ar aghaidh leis na córais méadraithe chliste a leathadh amach, áiritheoidh siad gur ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a rannchuideoidh na custaiméirí deiridh leis na costais a bhaineann leis an leathadh amach, agus aird á tabhairt acu ar na tairbhí fadtéarmacha a bheidh ann don slabhra luacha ina iomláine. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina bhforálann Ballstát dó, na húdaráis a ainmnithe, faireachán go tráthrialta ar an leathadh amach sin ina gcríocha chun ▌tabhairt i gcrích ▌na dtairbhí do na tomhaltóirí a rianú▌.

5.  I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an measúnú sin a athbhreithniú gach ceithre bliana ar a laghad, nó níos minice, mar fhreagairt ar athruithe ar na toimhdí bunúsacha agus mar fhreagairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le toradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe nuashonraithe nuair a bheidh sé ar fáil.

6.  Na forálacha maidir le méadrú cliste atá sa Treoir seo, beidh feidhm acu maidir le suiteálacha a bheidh ann sa todhchaí agus maidir le suiteálacha a thagann in ionad seanmhéadair chliste. Maidir le córais méadraithe chliste atá suiteáilte cheana, nó ar thosaigh a “dtús oibreacha” roimh an ... [dáta teacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfar iad a fhágáil i mbun oibríochta i rith a ré ach, i gcás córais méadraithe chliste nach gcomhlíonann na ceanglais in Airteagal 20 agus in Iarscríbhinn II, ní fhéadfar iad a fhágáil i mbun oibríochta níos faide ná an ... [12 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Chun críche na míre seo, ciallaíonn “tús oibreacha” tús oibreacha tógála ar an infheistíocht nó an chéad ghealltanas ceangailteach chun trealamh a ordú nó aon ghealltanas eile a bhfuil sé mar thoradh air go mbeidh an infheistíocht dochúlaithe, cibé acu is túisce. Ní mheastar gur tús oibreacha é talamh a cheannach ná obair réamhullmhúcháin amhail ceadúnais a fháil agus réamhstaidéir indéantachta a dhéanamh. Maidir le táthcheangail, ciallaíonn ‘tús oibreacha’ an tráth a fhaightear na sócmhainní a bhaineann go díreach leis an mbunaíocht arna fáil.

Airteagal 20

Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chliste

I gcás ina bhfuil measúnú dearfach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), nó i gcás ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach go córasach tar éis an ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh na Ballstáit na córais méadraithe chliste a leathadh amach i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, le hIarscríbhinn III agus leis na ceanglais seo a leanas:

(a)  tomhaisfidh na córais méadraithe chliste go cruinn an tomhaltas leictreachais iarbhír agus beidh siad in ann faisnéis faoin am úsáide iarbhír a sholáthar don chustaiméir. Déanfar sonraí tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán agus i bhformáid léirshamhlaithe do na custaiméirí deiridh arna iarraidh sin dóibh agus gan costas breise. Déanfar sonraí tomhaltais atá gar d’fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán do na custaiméirí deiridh gan aon chostas breise, trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain, chun tacú le cláir éifeachtúlachta fuinnimh uathoibrithe, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile;

(b)  comhlíonfaidh slándáil na gcóras méadraithe chliste agus na cumarsáide sonraí rialacha slándála ábhartha de chuid an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar na teicnící is fearr atá ar fáil le haghaidh an leibhéal is airde cibearshlándála a áirithiú, agus fós na costais agus prionsabail na comhréireachta á meabhrú;

(c)  comhlíonfaidh príobháideacht na gcustaiméirí deiridh agus cosaint a sonraí rialacha ábhartha cosanta sonraí agus rialacha príobháideachta de chuid an Aontais;

(d)  áiritheoidh na hoibreoirí méadar gur féidir le méadair na gcustaiméirí gníomhacha a chuireann leictreachas isteach san eangach fan leictreachas a chuirtear isteach san eangach ó áitreabh na gcustaiméirí gníomhacha a áireamh;

(e)  má iarrann na custaiméirí deiridh iad, cuirfear sonraí maidir leis an leictreachas a chuireann siad isteach san eangach agus sonraí maidir lena dtomhaltas leictreachais ar fáil dóibh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 24, trí chomhéadan ▌caighdeánaithe cumarsáide nó trí chianrochtain, nó do thríú páirtí atá ag gníomhú thar a gceann, i bhformáid shothuigthe, a chuirfidh ar a gcumas tairiscintí a chur i gcomparáid ar bhonn “macasamhail le macasamhail”;

(f)  tabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh roimh nó ag an tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltasfuinnimh, agus maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de chuid an Aontais.

(g)  fágfaidh na córais méadraithe chliste gur féidir na custaiméirí deiridh a mhéadrú agus a réiteach de réir an taifigh ama chéanna leis an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta.

Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, beidh sé indéanta ag custaiméirí deiridh a gcuid sonraí méadraithe a aisghabháil nó a tharchur chuig páirtí eile, gan aon chostas breise agus i gcomhréir lena gceart chun iniomparthacht sonraí faoi rialacha cosanta sonraí an Aontais.

Airteagal 21

Teidlíocht ar mhéadar cliste

1.  I gcás ina bhfuil measúnú diúltach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), agus nach ndéantar córais méadraithe chliste a leathadh amach go córasach, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil gach custaiméir deiridh i dteideal, arna iarraidh sin dó, cé gurb é féin a sheasfaidh na costais ghaolmhara, méadar cliste a fháil suiteáilte nó, i gcás inarb infheidhme, uasghrádaithe, faoi choinníollacha córa, réasúnacha agus cost-éifeachtacha, ar méadar é a chomhlíonfaidh na ceanglais seo a leanas:

(a)  go mbeidh aige, más indéanta go teicniúil é, na feidhmiúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 20, nó go mbeidh aige íos-tacar feidhmiúlachtaí atá le sainiú agus le foilsiú ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhréir le hIarscríbhinn III,

(b)  go mbeidh sé idir-inoibrithe agus ábalta an nascthacht is inmhianaithe don bhonneagar méadraithe le córais bainistithe fuinnimh do thomhaltóirí a sholáthar gar d’fhíor-am.

2.  I gcomhthéacs iarraidh ó chustaiméir ar mhéadar cliste de bhun mhír 1, déanfaidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe:

(a)  a áirithiú go ndéanfar an méid seo a leanas a shonrú go sainráite maille le tuairisc shoiléir sa tairiscint a thabharfar don chustaiméir deiridh a d’iarr suiteáil an mhéadair chliste:

(i)  na feidhmeanna agus an idir-inoibritheacht is féidir leis an méadar cliste a thacú agus na seirbhísí féideartha chomh maith leis na sochair is féidir a fháil go réalaíoch ach an méadar cliste sin a bheith ag an gcustaiméir an tráth sin;

(ii)  aon chostais ghaolmhara atá le seasamh ag an gcustaiméir deiridh;

(b)  a áirithiú go ndéanfar é a shuiteáil laistigh d’achar réasúnach ama nach déanaí ná ceithre mhí tar éis iarraidh an chustaiméara;

(c)  go tráthrialta, agus gach dhá bhliain ar a laghad, na costais ghaolmhara a athbhreithniú agus a chur ar fáil go poiblí, agus éabhlóid na gcostas sin a rianú i bhfianaise fhorbairtí na teicneolaíochta agus aon uasghrádú a d’fhéadfadh a bheith déanta ar an gcóras méadraithe.

Airteagal 22

Gnáthmhéadair

1.  Más rud é nach mbeidh méadair chliste ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit go soláthrófar gnáthmhéadair aonair do chustaiméirí deiridh a thomhaisfidh go cruinn a dtomhaltas iarbhír.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na custaiméirí deiridh in ann a ngnáthmhéadair a léamh gan dua, bíodh sin go díreach nó go hindíreach trí chomhéadan ar líne nó trí chomhéadan iomchuí eile.

Airteagal 23

Bainistiú sonraí

1.  Agus na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, sonróidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, an t-údarás inniúil atá ainmnithe na rialacha a ghabhann le rochtain ag páirtithe incháilithe ar shonraí an chustaiméara deiridh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le creat dlí an Aontais is infheidhme. Chun críocha na Treorach seo, tabharfar le fios le sonraí go n-áireofar sonraí méadraithe agus tomhaltais chomh maith leis na sonraí a theastaíonn tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile.

2.  Eagróidh na Ballstáit an bainistiú sonraí chun rochtain agus malartú éifeachtúil agus slán a áirithiú maidir leis na sonraí, comh maith le cosaint sonraí agus slándáil sonraí.

Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí a chuirfear i bhfeidhm i ngach Ballstát, déanfaidh na páirtithe atá freagrach as an mbainistiú sonraí rochtain ar shonraí an chustaiméara deiridh a sholáthar d’aon pháirtí incháilithe, i gcomhréir le mír 1. Beidh na sonraí arna n-iarraidh ar fáil do na páirtithe incháilithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go comhuaineach. Beifear in ann na sonraí a rochtain go héasca, agus cuirfear na nósanna imeachta ábhartha chun rochtain a fháil ar shonraí ar fáil go poiblí.

3.  Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais.

Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

4.  Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla atá ainmnithe na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí a údarú agus a dheimhniú nó, i gcás inarb infheidhme, a mhaoirsiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na Treorach seo.

Gan dochar do chúraimí na n-oifigeach cosanta sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceangal a chur ar na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí oifigigh chomhlíontachta a cheapadh a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh ag na páirtithe sin chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na sonraí agus comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit oifigigh chomhlíontachta nó comhlachtaí comhlíontachta da dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 35(2) den Treoir seo a cheapadh chun oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.

5.  Ní ghearrfar aon chostais bhreise ar na custaiméirí deiridh as rochtain ar a sonraí ná as a iarraidh go ndéanfaí a gcuid sonraí a chur ar fáil.

Beidh na Ballstáit freagrach as na muirir ábhartha a shocrú maidir le rochtain na bpáirtithe incháilithe ar na sonraí.▌

Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe.

Airteagal 24

Ceanglais idir-inoibritheachta agus nósanna imeachta le haghaidh rochtain ar shonraí

1.  Chun iomaíochas sa mhargadh miondíola a chur chun cinn agus chun costais riaracháin iomarcacha a sheachaint do na páirtithe incháilithe, éascóidh na Ballstáit lán-idir-inoibritheacht na seirbhísí fuinnimh laistigh den Aontas.

2.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais idir-inoibritheachta a ghlacadh agus nósanna imeachta neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a ghlacadh le haghaidh rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 23(1). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 68(2).

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnóthais leictreachais na ceanglais idir-inoibritheachta agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain a fháil ar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 a chur bhfeidhm. Beidh na ceanglais agus na nósanna imeachta sin bunaithe ar na cleachtais náisiúnta atá ann cheana.

Airteagal 25

Pointí teagmhála aonair

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear pointí teagmhála aonair ar fáil a sholáthróidh do na custaiméirí an fhaisnéis uile is gá maidir lena gcearta, an dlí is infheidhme agus sásraí um réiteach díospóide a bheidh ar fáil dóibh i gcás díospóide. Féadfaidh pointí teagmhála aonair den sórt sin a bheith ina gcuid de phointí faisnéise tomhaltóra ginearálta.

Airteagal 26

An ceart chun díospóidí a réiteach lasmuigh den chúirt

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na custaiméirí deiridh ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir é an custaiméir deiridh de réir bhrí Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38), comhlíonfaidh na sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ceanglais cháilíochta Threoir 2013/11/AE agus déanfar foráil ann, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le córais aisíocaíochta agus cúitimh.

2.  I gcás inar gá sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh eintitis um réiteach malartach díospóidí le chéile chun sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar i gcás aon díospóid a eascraíonn as táirgí nó seirbhísí atá ceangailte nó cuachta le haon táirge nó seirbhís a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo.

3.  Beidh rannpháirtíocht gnóthas leictreachais i sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt do chustaiméirí teaghlaigh éigeantach mura rud é go léiríonn an Ballstát don Choimisiún go bhfuil sásraí eile ann atá chomh héifeachtach céanna.

Airteagal 27

Seirbhís uilíoch

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag gach custaiméir teaghlaigh agus, i gcás ina measann na Ballstáit gurb iomchuí é, ag fiontair bheaga seirbhís uilíoch, eadhon an ceart chun soláthar leictreachais a fháil atá de cháilíocht shonraithe laistigh dá gcríoch ar phraghsanna iomaíocha atá éasca agus soiléir le cur i gcomparáid le chéile, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Chun soláthar na seirbhíse uilíche a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit soláthróir na dála deiridh a cheapadh. Cuirfidh na Ballstáit d’oibleagáid ar na hoibreoirí córais dáileacháin custaiméirí a cheangal lena ngréasáin faoi théarmaí, coinníollacha agus taraifí a shocraítear i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 59(7). Leis an Treoir seo, ní chuirtear cosc ar na Ballstáit a suíomh margaidh a láidriú do chustaiméirí teaghlaigh agus do chustaiméirí neamhtheaghlaigh beaga agus meánmhéide trí na deiseanna tiomsaithe ionadaíochta don aicme sin custaiméirí a chur chun cinn.

2.  Déanfar mhír 1 a chur chun feidhme ar bhealach trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus ní chuirfidh sí bac roimh an saor-rogha soláthróra dá bhforáiltear in Airteagal 4.

Airteagal 28

Custaiméirí leochaileacha

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí chun custaiméirí a chosaint agus chun a áirithiú go bhfuil coimircí iomchuí ann chun custaiméirí leochaileacha a chosaint. Sa chomhthéacs sin, sainmhíneoidh gach Ballstát coincheap an chustaiméara leochailigh agus d’fhéadfadh an coincheap sin tagairt a dhéanamh don bhochtaineacht fuinnimh agus, inter alia do dhíscor an leictreachais a fhaigheann custaiméirí den sórt sin a thoirmeasc ag amanna criticiúla. Maidir le coincheap na gcustaiméirí leochaileacha, féadfar a áireamh leis leibhéil ioncaim, an sciar den chaiteachas fuinnimh as ioncam indiúscartha, éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe, dianspleáchas ar threallamh leictreach ar chúiseanna sláinte, mar gheall ar aois nó bunaithe ar chritéir eile. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear i bhfeidhm na cearta agus na hoibleagáidí atá nasctha le custaiméirí leochaileacha. Go háirithe, déanfaidh siad bearta chun custaiméirí i limistéir iargúlta a chosaint. Áiritheoidh siad ardleibhéil cosanta tomhaltóirí, go háirithe maidir le trédhearcacht i ndáil le téarmaí agus coinníollacha conarthacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí.

2.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is iomchuí, amhail ▌ sochair a sholáthar trí bhíthin a gcóras slándála sóisialta chun an soláthar is gá a áirithiú do chustaiméirí leochaileacha, nó foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht d’fheabhsuithe ar an éifeachtúlacht fuinnimh, chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh nuair a shainaithnítear í de bhun phointe (d) d’Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bochtaineachta i gcoitinne. Ní chuirfidh na bearta sin bac roimh oscailt éifeachtach an mhargaidh a leagtar amach in Airteagal 4 ná roimh fheidhmiú an mhargaidh, agus cuirfear fógra chuig an gCoimisiún fúthu, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le forálacha Airteagal 9(4). Féadfar a áireamh i bhfógraí den sórt sin bearta arna ndéanamh laistigh den chóras ginearálta slándála sóisialta.

Airteagal 29

Bochtaineacht fuinnimh

Nuair a bheifear ag measúnú líon na dteaghlach atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh de bhun phointe (d) d’Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) 2018/1999, bunóidh agus foilseoidh na Ballstáit sraith de chritéir a bhféadfadh ioncam íseal, caiteachas ard fuinnimh as an ioncam indiúscartha agus droch-éifeachtúlacht fuinnimh a bheith ar áireamh leo.

Tabharfaidh an Coimisiún treoraíocht i dtaobh an tsainmhínithe ar ‘líon suntasach de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh’ sa chomhthéacs seo agus i gcomhthéacs Airteagal 5(5), ag tosú ón mbuntuiscint gur féidir le haon chion de theaghlaigh atá buailte ag an mbochtaineachta fuinnimh a bheith suntasach.

CAIBIDIL IV

OIBRIÚ CÓRAS DÁILEACHÁIN

Airteagal 30

Oibreoirí córas dáileacháin a ainmniú

Déanfaidh na Ballstáit, nó cuirfidh siad ceangal ar na gnóthais ar leo na córais dáileacháin nó atá freagrach astu oibreoir córais dáileacháin amháin nó níos mó a ainmniú ar feadh tréimhse ama atá le cinneadh ag na Ballstáit, ag féachaint do chúrsaí éifeachtúlachta agus cothromaíochta eacnamaíche.

Airteagal 31

Cúraimí na n-oibreoirí córas dáileacháin

1.  Beidh an t-oibreoir córais dáileacháin freagrach as a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta ar dháileadh leictreachais, agus as córas dáileacháin leictreachais atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt ina limistéar le haird chuí ar an gcomhshaol agus ar an éifeachtúlacht fuinnimh.

2.  Ar aon chor, ní dhéanfaidh an t-oibreoir córais dáileacháin idirdhealú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d’úsáideoirí córais, go háirithe ar mhaithe lena ghnóthais ghaolmhara.

3.  Cuirfidh an t-oibreoir córais dáileacháin ar fáil d’úsáideoirí an chórais an fhaisnéis a theastaíonn uathu chun rochtain éifeachtúil a fháil ar an gcóras, lena n-áirítear úsáid a bhaint as.

4.  Féadfaidh Ballstát ceangal a chur ar an oibreoir córais dáileacháin, agus suiteálacha giniúna á seoladh, tosaíocht a thabhairt do na suiteálacha giniúna a úsáideann foinsí n-athnuaite nó a úsáideann comhghiniúint ardéifeachtach, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/...(39) .

5.  Gníomhóidh oibreoir córais dáileacháin mar éascaitheoir margaidh neodrach chun an fuinneamh a úsáideann chun caillteanais fuinnimh ▌i gcóras a chumhdach a sholáthar, i gcomhréir le nósanna imeachta a bheidh trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an margadh, i gcás ina bhfuil feidhm den sórt sin aige. ▌

6.  I gcás ina mbíonn oibreoir córais dáileacháin freagrach as soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí atá riachtanach le haghaidh oibriú éifeachtach, intaofa agus slán an chórais dáileacháin, beidh rialacha arna nglacadh ag an oibreoir córais dáileacháin ann chun na críche sin agus beidh siad oibiachtúil, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus déanfar iad a fhorbairt i gcomhordú leis na hoibreoirí córas tarchurtha nó le rannpháirtithe ábhartha eile sa mhargadh. Na téarmaí agus coinníollacha, lena n-áirítear rialacha agus taraifí i gcás inarb infheidhme, le haghaidh soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí sin ag oibreoirí córas dáileacháin, déanfar iad a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 59(7) ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus costléiritheach agus foilseofar iad.

7.  I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 6, soláthróidh an t-oibreoir córais dáileacháin na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta atá ag teastáil dá chóras i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus margadhbhunaithe, mura rud é g o bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála nach bhfuil soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta agus go bhfuil maolú deonaithe aici. An oibleagáid seirbhís choimhdeach neamhmhinicíochta a sholáthar, níl feidhm aici maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán.

8.  Le soláthar na dtáirgí agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 6, áiritheofar rannpháirtíocht éifeachtach na rannpháirtithe cáilithe uile sa mhargadh lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú, go háirithe trí cheangal a chur ar údaráis rialála nó ar oibreoirí córas dáileacháin i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear oibreoirí córas tarchurtha, ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht sna margaí sin ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin agus chumas na rannpháirtithe margaidh uile.

9.  Comhoibreoidh oibreoirí córas dáileacháin le hoibreoirí córas tarchurtha ar mhaithe le rannpháirtíocht éifeachtach rannpháirtithe an mhargaidh atá nasctha lena n-eagnach i margaí miondíola, mórdhíola agus cothromúcháin. Maidir le tabhairt i gcrích seirbhísí cothromúcháin a eascraíonn as acmhainní atá suite sa chóras dáileacháin, déanfar é a chomhaontú leis an oibreoir córais tarchurtha ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 57 de Rialachán (AE) 2019/...(40) agus Airteagal 182 de Rialachán (AE) 2017/1485 ón gCoimisiún(41).

10.  Féadfaidh Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe ligean d’oibreoirí córas dáileacháin gníomhaíochta´a dhéanamh thar na ngníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/...+, i gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach do na hoibreoirí córas dáileacháin chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/...+ a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála go bhfuil gá le maolú den sórt sin. Ní dochar an mhír seo don cheart atá ag oibreoirí córas dáileacháin úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin seachas gréasáin leictreachais, iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin deonaithe ag an mBallstát nó ag an údarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 32

Dreasachtaí le haghaidh úsáid na solúbthachta i ngréasáin dáileacháin

1.  Cuirfidh na Ballstáit an creat rialála is gá ar fáil chun na hoibreoirí córas dáileacháin a chumasú seirbhísí solúbthachta, lena n-áirítear bainistiú ar phlódú ina limistéir, a sholáthar agus tabharfaidh na Ballstáit dreasachtaí dóibh chuige sin, chun feabhas a chur ar éifeachtúlachtaí in oibriú agus i bhforbairt an chórais dáileacháin▌. Go háirithe, áiritheoidh na creataí rialála go mbeidh na hoibreoirí córas dáileacháin in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó sholáthraithe giniúna dáilte, ón bhfreagairt don éileamh nó ó stóráil fuinnimh agus úsáid bearta éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, i gcás ina ndéanann na seirbhísí sin, ar bhealach costéifeachtach, laghdú ar an ngá an acmhainneacht leictreachais a uasghrádú nó a athsholáthar agus a thacaíonn le hoibriú éifeachtúil slán an chórais dáileacháin. Déanfaidh oibreoirí córas dáileacháin na seirbhísí sin a sholáthar i gcomhréir le nósanna imeachta trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus margadhbhunaithe ach amháin sa chás go bhfuil sé suite ag na húdaráis rialála nach bhfuil soláthar na seirbhísí sin éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta de nó i gcás ina leanfadh mórshaobhadh ar an margadh nó plódú níos airde as soláthar den sórt sin.

2.   Oibreoirí córas dáileacháin , faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála, nó an t-údarás rialála féin, déanfaidh siad, trí bhíthin próiseas trédhearcach agus rannpháirtíocht ina n-áirítear úsáideoirí córais ábhartha agus oibreoirí córais tarchurtha uile, na sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí solúbthachta a bhunú agus, i gcás inarb iomchuí, saineoidh siad na táirgí margaidh caighdeánaithe do na seirbhísí sin, ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh na sonraíochtaí sin gur ann dorannpháirtíocht éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach na rannpháirtithe margaidh uile, ▌lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú. Malartóidh na hoibreoirí córas dáileacháin an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad comhordú leis na hoibreoirí córas tarchurtha chun a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as acmhainní, chun oibriú slán agus éifeachtúil an chórais a áirithiú agus chun forbairt an mhargaidh a éascú. Tabharfar luach saothair iomchuí do na hoibreoirí córas dáileacháin as na seirbhísí sin a sholáthar ionas go mbeidh siad in ann na costais réasúnacha chomhfhreagracha ar a laghad a aisghabháil, lena n-áirítear na speansais is gá maidir le teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide ▌ agus costais bhonneagair▌ is gá.

3.  Beidh forbairt córas dáileacháin bunaithe ar phlean forbartha gréasáin atá trédhearcach agus a chuirfidh na hoibreoirí córas dáileacháin á bhfoilsiú gach dhá bhliain ar a laghad agus a dhéanfaidh siad a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Sa phlean forbartha gréasáin, soláthrófar trédhearcacht i dtaobh na seirbhísí solúbthachta meántéarmach agus fadtéarmach atá ag teastáil, agus leagfar amach na hinfheistíochtaí atá beartaithe a dhéanamh go ceann cúig go deich mbliana ina dhiaidh sin ann, agus béim ar leith ar an bpríomhbhonneagar dáileacháin is gá chun acmhainneacht ghiniúna nua agus ualaí nua a cheangal lena n-áirítear pointí athluchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha. Áireofar freisin sa phlean forbartha gréasáin úsáid na freagartha don éileamh, na héifeachtúlachta fuinnimh, na saoráidí stórála fuinnimh nó na n-acmhainní eile atá an t-oibreoir córais dáileacháin le húsáid de rogha ar an gcóras a mhéadú.

4.   Rachaidh an t-oibreoir córais dáileacháin i gcomhairle le gach úsáideoir córais ábhartha agus leis na hoibreoirí córas tarchurtha ábhartha maidir leis an bplean forbartha gréasáin. Foilseoidh an t-oibreoir córais dáileacháin torthaí an phróisis comhairliúcháin, in éineacht leis an bplean forbartha gréasáin, agus déanfaidh siad torthaí an comhairliúcháin agus an plean forbartha gréasáin a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Féadfaidh an t-údarás rialála leasuithe ar an bplean sin a iarraidh.

5.   Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan ▌an oibleagáid a leagtar amach i mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir ceangailte, nó a fhreastalaíonn ar chórais scoite bheaga.

Airteagal 33

An leictrea-shoghluaisteacht a chomhtháthú sa ghréasán leictreachais

1.  Gan dochar do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(42), cuirfidh na Ballstáit an creat rialála is gá ar fáil chun go n-éascófar pointí athluchtaithe a bhfuil rochtain phoiblí orthu agus pointí athluchtaithe príobháideacha a cheangal leis an ngréasán dáileacháin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na hoibreoirí córas dáileacháin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon ghnóthas ar leis pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha nó a dhéanann pointí athluchtaithe den sórt sin a fhorbairt, a oibriú nó a bhainistiú, lena n-áirítear maidir leis an gceangal leis an eangach.

2.  Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar phointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, cé is moite de na cásanna sin ina mbíonn úinéireacht ar phointí athluchtaithe príobháideacha ag oibreoirí córas dáileacháin chun a n-úsáide féin.

3.  De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin uinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, ar choinníoll go chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá faoi réir a athbhreithnithe agus a fhormheasa ag an údarás rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;

(b)  go ndearna an t-údarás rialála measúnú ex ante ar choinníollacha an nós imeachta tairisceana faoi phointe (a) agus gur dheonaigh sé a fhormheas;

(c)  go n-oibríonn an t-oibreoir córais dáileacháin na pointí athluchtaithe ar bhonn rochtana tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 6 agus nach ndéanann sé idirdhealú idir úsáideoirí córais nó aicmí d’úsáideoirí córais, agus go háirithe i bhfabhar na ngnóthas sin atá gaolmhar leis.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d’oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

4.  I gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 curtha chun feidhme ag Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach cúig bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar spéis fhéideartha na rannpháirtithe eile in úinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú a dhéanamh ar phointí den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin, ach é sin faoi réir ag nós imeachta tairisceana dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír (3) a bheith tugtha chun críche go rathúil. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d’oibreoir córas dáileacháin luach iarmharach a infheistíochta a rinneadh sa bhonneagar athluchtaithe a aisghabháil.

Airteagal 34

Cúraimí na n-oibreoirí córas dáileacháin maidir le bainistiú sonraí

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ag na páirtithe incháilithe uile ar shonraí faoi théarmaí soiléire agus comhionanna, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí ábhartha. Sna Ballstáit sin ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach i gcomhréir le hAirteagal 19 agus ina bhfuil na hoibreoirí córas dáileacháin bainteach le bainistiú sonraí, áireoidh na cláir chomhlíontachta dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 35(2) bearta sonracha chun cosc a chur ar rochtain idirdhealaitheach ar shonraí ag páirtithe incháilithe, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 23. I gcás nach mbeidh na hoibreoirí córas dáileacháin faoi réir Airteagal 35(1), (2) nó (3), déanfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun a áirithiú nach mbeidh ag gnóthais atá comhtháite go hingearach rochtain phribhléideach ar na sonraí chun a ngníomhaíochtaí soláthair a dhéanamh.

Airteagal 35

Na hoibreoirí córas dáileacháin a dhíchuachadh

1.  I gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, ó thaobh foirm dhlíthiúil, eagrúcháin agus cinnteoireachta de ar a laghad, beidh sé neamhspleách ar ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh. De thoradh na rialacha sin, ní chruthófar aon oibleagáid úinéireacht sócmhainní an oibreora córais dáileacháin a dheighilt ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach.

2.  Sa bhreis ar na ceanglais faoi mhír 1, i gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, beidh sé neamhspleách ó thaobh eagrúchán agus cinnteoireacht de ar na gníomhaíochtaí eile nach mbaineann le dáileadh. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:

(a)  na daoine atá freagrach as bainistiú an oibreora córais dáileacháin, ní bheidh siad páirteach i struchtúir cuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, bíodh sin go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, tharchur nó sholáthar an leictreachais;

(b)  ní mór bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an oibreora córais dáileacháin a chur san áireamh ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh siad in ann gníomhú go neamhspleách;

(c)  ní mór cearta éifeachtacha cinnteoireachta a bheith ag an oibreoir córais dáileacháin, go neamhspleách ar an ngnóthas leictreachais comhtháite, maidir leis na sócmhainní is gá chun an gréasán a oibriú, a chothabháil nó a fhorbairt. Chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, beidh teacht ag an oibreoir córais dáileacháin ar na hacmhainní is gá lena n-áirítear acmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais. Níor cheart go bhfágfadh sé sin go stopfaí sásraí comhordúcháin iomchuí a bheith ann chun a áirithiú go dtugtar cosaint do chearta maoirseachta eacnamaíocha agus bainistithe na máthairchuideachta maidir le brabús ar shócmhainní, arna rialáil go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 59(7), i bhfochuideachta. Go háirithe, cuirfidh sé sin ar a cumas na máthairchuideachta plean airgeadais bliantúil, nó aon ionstraim choibhéiseach, de chuid an oibreora córais dáileacháin a fhormheas agus teorainneacha foriomlána a chur le leibhéil fiachais a fochuideachta. Ní ligfidh sé don mháthairchuideachta treoracha a thabhairt maidir le hoibríochtaí ó lá go lá, ná i ndáil le cinntí aonair i dtaobh línte dáileacháin a thógáil nó a uasghrádú, nach dtéann thar théarmaí an phlean airgeadais arna fhormheas, nó thar théarmaí aon ionstraime coibhéisí; agus

(d)  ní mór don oibreoir córais dáileacháin clár comhlíontachta a bhunú, ina leagfar amach bearta a rinneadh chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar iompar idirdhealaitheach, agus ní mór dó a áirithiú go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha a bheidh ar na fostaithe chun an cuspóir sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin, déanfaidh sé tuarascáil bhliantúil ina leagfar amach na bearta atá déanta a chur faoi bhráid an údaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57(1) agus foilseofar an tuarascáil sin. Beidh oifigeach comhlíontachta an oibreora córais dáileacháin go hiomlán neamhspleách agus beidh rochtain aige ar an bhfaisnéis uile is gá de chuid an oibreora córais dáileacháin agus de chuid aon ghnóthais chleamhnaithe chun a chuid cúraimí a dhéanamh.

3.  I gcás inar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é an t-oibreoir córais dáileacháin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis rialála nó comhlachtaí inniúla eile faireachán ar ghníomhaíochtaí an oibreora córais dáileacháin ionas nach féidir leis leas a bhaint as an gcomhtháthú ingearach chun an iomaíocht a shaobhadh. Go háirithe, ní dhéanfaidh oibreoirí córas dáileacháin atá comhtháite go hingearach, trína gcumarsáid ná trína mbrandáil, mearbhall a chruthú i ndáil le haitheantas leithleach bhrainse an tsoláthair den ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

4.  Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan míreanna 1, 2 agus 3 a chur i bhfeidhm maidir le gnóthais leictreachais chomhtháite a fhreastalaíonn ar níos lú ná 100 000 custaiméir ceangailte, nó a fhreastalaíonn ar chórais bheaga scoite.

Airteagal 36

Úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh ag oibreoirí córas dáileacháin

1.  Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná ní dhéanfaidh siad iad fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus inaa bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;

(b)  go bhfuil gá leis na saoráidí sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas dáileacháin a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais dáileacháin agus nach n-úsáidtear na saoráidí chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus

(c)  go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas maolaithe den sórt sin agus go ndearna sé measúnú ar an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d’oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

3.  Déanfaidh na húdaráis rialála comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach cúig bliana ar a laghad i dtaca leis na saoráidí stórála fuinnimh atá cheana ann chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht agus spéis fhéideartha na rannpháirtithe margaidh infheistíocht a dhéanamh i saoráidí den sórt sin. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí, de réir mar atá measúnaithe ag an údarás rialála, go bhfuil tríú páirtithe inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú saoráidí den sórt sin ar bhealach cost-éifeachtach, áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin laistigh de 18 mí. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d’oibreoirí córas dáileacháin cúiteamh réasúnach a fháil, go háirithe luach iarmharach na hinfheistíochta a rinneadh sna saoráidí stórála fuinnimh a aisghabháil.

4.  Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le comhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán ná maidir le gnáth-thréimhse dímheasa saoráidí nua stórála ceallra ag a bhfuil cinneadh infheistíochta críochnaithí go dtí an ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith na saoráidí stórála ceallra sin:

(a)  tá siad nasctha leis an eangach ar a dhéanaí dhá bhliain ina dhiaidh sin;

(b)  tá siadcomhtháite sa chóras dáileacháin;

(c)  ní úsáidtear iad ach le haghaidh athshlánú láithreach freagarthach shlándáil an ghréasáin i gcás go dtarlaíonn teagmhais ghréasáin i gcás ina dtosaíonn an beart athshlánaithe sin láithreach agus ina gcríochnaíonn sé nuair is féidir le hathsheoladh an tsaincheist a réiteach; agus

(d)  ní úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais, lena n-áirítear cothromúchán.

Airteagal 37

Oibleagáid rúndachta na n-oibreoirí córas dáileacháin

Gan dochar d’Airteagal 55 ná d’aon cheanglas dlí eile faisnéis a nochtadh, déanfaidh oibreoir córais dáileacháin rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, ar faisnéis í a gheobhaidh sé agus é i mbun a ghnó, agus cuirfidh sé cosc ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí féin, ar faisnéis í a bhféadfaí buntáiste tráchtála a bhaint aisti, a nochtadh ar bhealach idirdhealaitheach.

Airteagal 38

Córais dáileacháin iata

1.  Córas a dháileann leictreachas laistigh de shuíomh tionsclaíoch, tráchtála nó seirbhísí comhroinnte atá críochaithe go geografach agus nach soláthraíonn, gan dochar do mhír 4, do chustaiméirí teaghlaigh, féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh údaráis rialála nó údaráis inniúla eile an córas sin a aicmiú mar chóras dáileacháin iata más rud é:

(a)  ar chúiseanna sonracha teicniúla nó sábháilteachta, go bhfuil oibríochtaí nó próisis táirgthe úsáideoirí an chórais sin comhtháite; nó

(b)  gur ar úinéir nó ar oibreoir an chórais agus ar a ghnóthais ghaolmhara go príomha a dháileann an córas sin leictreachas.

2.  Measfar gur córais dáileacháin iad na córais dáileacháin iata chun críocha na Treorach seo. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil go ndéanfaidh údaráis rialála oibreoir córais dáileacháin iata a dhíolmhú ón méid seo a leanas:

(a)  an ceanglas faoi Airteagal 31(5) agus (7) i gcomhréir le nósanna imeachta atá trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus bunaithe ar an margadh a sholáthróidh sé an fuinneamh a úsáideann sé chun caillteanais fuinnimh agus na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ina chóras a chumhdach;

(b)  an ceanglas faoi Airteagal 6(1) go ndéanfar taraifí, nó na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh, a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 59(1)sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm.

(c)  na ceanglais faoi Airteagal 32(1) seirbhísí solúbthachta a sholáthar agus faoi Airteagal 32(3) córas an oibreora a fhorbairt ar bhonn pleananna forbartha gréasáin;

(d)  an ceanglas faoi Airteagal 33(2) nach bhféadfaidh sé úinéireacht a bheith aige ar phointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha, ná iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú; agus

(e)  an ceanglas faoi Airteagal 36(1) nach bhféadfaidh sé úinéireacht a bheith aige ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú.

3.  I gcás ina ndeonófar díolúine faoi mhír 2, déanfar na taraifí is infheidhme, nó na modheolaíochtaí is bunús lena ríomh, a athbhreithniú agus a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 59(1), arna iarraidh sin d’úsáideoir de chuid an chórais dáileacháin iata.

4.  Ní chuirfear cosc ar dhíolúine faoi mhír 2 a dheonú mar gheall ar úsáid theagmhasach ag líon beag teaghlach a bhfuil comhlachas fostaíochta nó comhlachas comhchosúil eile acu le húinéir an chórais dáileacháin agus atá lonnaithe laistigh den limistéar a bhfreastalaíonn an córas dáileacháin iata air.

Airteagal 39

Oibreoir comhcheangailte

Ní dhéanfaidh Airteagal 35(1) cosc a chur ar oibríocht oibreora córais tarchurtha agus oibreora córais dáileacháin, atá comhcheangailte, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir Airteagal 43(1), Airteagail 44 agus 45, nó Roinn 3 de Chaibidil VI, nó go dtiocfaidh an t-oibreoir faoi Airteagal 66(3).

Caibidil V

RIALACHA GINEARÁLTA IS INFHEIDHME MAIDIR LE hOIBREOIRÍ CÓRAIS TARCHURTHA

Airteagal 40

Cúraimí na n-oibreoirí córas tarchurtha

1.  Beidh gach oibreoir córais tarchurtha freagrach as an méid seo a leanas:

(a)  a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha ar tharchur leictreachais, agus as córas tarchurtha atá slán, iontaofa agus éifeachtúil a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt i ndea-chaoi eacnamaíoch le haird chuí ar an gcomhshaol, i ndlúthchomhar leis na hoibreoirí córas tarchurtha agus leis na hoibreoirí córas dáileacháin comharsanacha;

(b)  a áirithiú go mbeidh modhanna iomchuí ann chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh;

(c)  cur le cinnteacht an tsoláthair trí acmhainneacht tarchurtha leormhaith agus trí iontaofacht córais leormhaith;

(d)  na sreafaí leictreachais ar an gcóras a bhainistiú, ag cur san áireamh malartuithe le córais idirnasctha eile. Chuige sin, beidh an t-oibreoir córais tarchurtha freagrach as a áirithiú go mbeidh an córas leictreachais slán, iontaofa agus éifeachtúil agus, sa chomhthéacs sin, as a áirithiú go mbeidh fáil ar na seirbhísí coimhdeacha uile is gá, lena n-áirítear na seirbhísí sin a sholáthróidh an fhreagairt don éileamh agus saoráidí stórála fuinnimh, sa mhéid go bhfuil an fháil ar na seirbhísí sin neamhspleách ar aon chóras tarchurtha eile a bhfuil a chóras idirnasctha leis;

(e)  a leordhóthain faisnéise a sholáthar d’oibreoir aon chórais eile a bhfuil sé idirnasctha leis chun oibriú slán agus éifeachtúil, forbairt chomhordaithe agus idir-inoibritheacht an chórais idirnasctha a áirithiú;

(f)  an neamh-idirdhealú a áirithiú idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d’úsáideoirí córais, go háirithe i bhfabhar a ghnóthas gaolmhar;

(g)  an fhaisnéis a theastaíonn ó na húsáideoirí córais le haghaidh rochtain éifeachtúil ar an gcóras a sholáthar dóibh; ▌

(h)  cíosanna plódúcháin agus íocaíochtaí a bhailiú faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha, i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2009/...(43), rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú agus mínithe réasúnaithe a thabhairt i gcás ina ndiúltóidh sé an rochtain sin a thabhairt, rud a ndéanfaidh na húdaráis rialála faireachán air; agus a gcuid cúraimí faoin Airteagal seo á ndéanamh acu, is é an comhtháthú margaidh a éascóidh na hoibreoirí córas tarchurtha go príomha.

(i)  seirbhísí coimhdeacha a sholáthar ▌chun an tslándáil oibríochtúil a áirithiú;

(j)  creat a ghlacadh le haghaidh an chomhair agus an chomhardaithe idir na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(k)  a bheith rannpháirteach i mbunú na measúnuithe Eorpacha agus náisiúnta ar leormhaitheas acmhainní de bhun Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2019/...+;

(l)  digitiú na gcóras tarchurtha;

(m)  bainistiú sonraí, lena n-áirítear córais bainistithe sonraí a fhorbairt, cibearshlándáil agus cosaint sonraí faoi réir na rialacha is infheidhme, agus gan dochar d’inniúlacht na n-údarás eile.

2.  Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na freagrachtaí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo sannta chuig oibreoir córais tarchurtha seachas an ceann sin a bhfuil úinéireacht aige ar an gcóras tarchurtha chuig a mbeadh na freagrachtaí lena mbaineann infheidhme thairis sin. An t-oibreoir córais tarchurtha chuig a bhfuil na cúraimí sannta, beidh sé deimhnithe faoi shamhail an oibreora úinéireachta díchuachta, faoi shamhail an oibreora córais neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchurtha neamhspleách, agus comhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 43, ach ní bheidh sé de cheangal air úinéireacht a bheith aige ar an gcóras tarchurtha a bhfuil sé freagrach as.

Comhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha ar leis an córas tarchurtha na ceanglais dá bhforáiltear i gCaibidil VI agus beidh sé deimhnithe i gcomhréir le hAirteagal 43. Beidh an méid seo gan dochar don fhéidearthacht a bheith ag oibreoirí córas tarchurtha atá deimhnithe faoi shamhail an oibreora córais úinéireachta díchuachta neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora córais tarchurtha neamhspleách go ndéanfaidís, ar a dtionscnamh féin agus faoina maoirseacht, cúraimí áirithe a tharmligean chuig oibreoirí córas tarchurtha eile, atá deimhnithe faoi shamhail an oibreora córais úinéireachta díchuachta neamhspleách nó faoi shamhail an oibreora tarchurtha neamhspleách, i gcás nach ndéanann tarmligean na gcúraimí sin cearta cinnteoireachta éifeachtacha agus neamhspleácha an oibreora córais tarchurtha a dhéanann an tarmligean a chur i gcontúirt.

3.  I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na hoibreoirí córais tarchurtha san áireamh na moltaí a bheidh eisithe ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha▌.

4.  I ndéanamh na gcúraimí dá dtagraítear i bpointe (i) de mhír 1, soláthróidh na hoibreoirí córas tarchurtha seirbhísí cothromaíochta faoi réir an méid seo a leanas:

(a)  nósanna imeachta trédhearcacha, neamh-idirdhealaitheacha agus bunaithe ar an margadh;

(b)  ▌rannpháirtíocht na ngnóthas leictreachais uile agus na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú.

Chun críche phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh údaráis rialála agus oibreoirí córas dáileacháin i ndlúthchomhar leis na rannpháirtithe margaidh uile ▌ ceanglais theicniúla a bhunú maidir le rannpháirtíocht sna margaí sin ar bhonn shaintréithe teicniúla na margaí sin▌.

5.  Beidh feidhm ag mír 4 maidir le soláthar seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta ag oibreoirí córas tarchurtha, mura rud é g-bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála nach bhfuil soláthar margadhbhunaithe seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta éifeachtach ar bhonn eacnamaíochta agus go bhfuil maolú deonaithe aici. Go háirithe, áiritheoidh an creata rialála go bhfuil na hoibreoirí córas tarchurtha in ann seirbhísí den sórt sin a sholáthar ó sholáthraithe na freagartha don éileamh nó na stórála fuinnimh agus déanfaidh siad glacadh beart éifeachtúlachta fuinnimh a chur chun cinn, i gcás ina ndéanann na seirbhísí sin, ar bhealach costéifeachtach, an gá a mhaolú an acmhainneacht leictreachais a uasghrádú nó a athsholáthar agus oibriú éifeachtúil slán an chórais tarchurtha a thacú.

6.  Oibreoirí córas tarchurtha, faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála, nó an t-údarás rialála féin, déanfaidh siad, trí bhíthin próiseas trédhearcach agus rannpháirtíoch ina n-áirítear gach úsáideoir córais ábhartha agus an t-oibreoir córais dáileacháin, na sonraíochtaí le haghaidh seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta a bhunú agus, i gcás inarb iomchuí, bunóidh siad na táirgí margaidh caighdeánaithe do na seirbhísí sin, ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta. Áiritheoidh na sonraíochtaí sin gur ann do rannpháirtíocht éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach na rannpháirtithe margaidh uile, lena n-áirítear rannpháirtithe sa mhargadh a tháirgeann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don fhreagairt don éileamh, oibreoirí saoráidí stórála fuinnimh agus rannpháirtithe a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú. Malartóidh na hoibreoirí córas tarchurtha an fhaisnéis uile is gá agus déanfaidh siad comhordú leis na hoibreoirí córas dáileacháin chun a áirithiú go mbainfear úsáid optamach as acmhainní, chun oibriú slán agus éifeachtúil an chórais a áirithiú agus chun forbairt an mhargaidh a éascú. Tabharfar luach saothair iomchuí do na hoibreoirí córas tarchurtha as na seirbhísí sin a sholáthar chun ligean dóibh na costais réasúnacha chomhfhreagracha ar a laghad a aisghabháil, lena n-áirítear na speansais is gá maidir le teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus costais bhonneagair is gá.

7.  An oibleagáid seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta dá dtagraítear i mír 5 a sholáthar, níl feidhm aici maidir le comhpháirteanna lán-chomhtháite den ghréasán.

8.  Féadfaidh Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe ligean d’oibreoirí córas tarchurtha gníomhaíochtaí a dhéanamh thar na gníomhaíochtaí sin dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i Rialachán (AE) 2019/...(44) sa chás go bhfuil na gníomhaíochtaí sin riachtanach do na hoibreoirí córas tarchurtha chun a gcuid oibleagáidí faoin Treoir seo nó faoi Rialachán (AE) 2019/...+ a chomhlíonadh, ar choinníoll go bhfuil sé measúnaithe ag an údarás rialála go bhfuil gá le maolú den sórt sin. Is gan dochar an mhír seo don cheart atá ag oibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin seachas gréasáin leictreachais, iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil ceart den sórt sin deonaithe ag an mBallstát nó ag an údarás inniúil ainmnithe.

Airteagal 41

Ceanglais rúndachta agus trédhearcachta le haghaidh oibreoirí córas tarchurtha agus úinéirí córas tarchurtha

1.  Gan dochar d’Airteagal 55 ná d’aon dualgas dlíthiúil eile faisnéis a nochtadh, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha agus gach úinéir córais tarchurtha rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú, ar faisnéis í a gheobhaidh sé agus é i mbun a ghníomhaíochtaí, agus cuirfidh sé cosc ar fhaisnéis faoina ghníomhaíochtaí féin, ar faisnéis í a bhféadfaí buntáiste tráchtála a bhaint aisti, a nochtadh ar bhealach idirdhealaitheach. Go háirithe, ní nochtfaidh sé aon fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de do na codanna eile den ghnóthas, ach amháin más gá nochtadh den sórt sin chun idirbheart gnó a chur i gcrích. Chun a áirithiú go n-urramófar ina n-iomláine na rialacha maidir le díchuachadh faisnéise, áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfidh an t-úinéir córais tarchurtha agus an chuid eile den ghnóthas seirbhísí coiteanna, amhail seirbhísí comhpháirteacha dlíthiúla, seachas feidhmeanna a bhaineann go huile is go hiomlán le riarachán nó le TF.

2.  I gcomhthéacs leictreachas a bheith á dhíol nó á cheannach ag gnóthais ghaolmhara, ní dhéanfaidh oibreoirí córas tarchurtha mí-úsáid a bhaint as faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de a fuair siad ó thríú páirtithe le linn dóibh rochtain ar an gcóras a thabhairt nó a chaibidliú.

3.  Faisnéis atá riachtanach le haghaidh iomaíocht éifeachtach agus le haghaidh feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh, déanfar í a phoibliú. Beidh an oibleagáid sin gan dochar do chaomhnú rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 42

Cumhachtaí cinnteoireachta maidir le suiteálacha giniúna nua agus saoráidí stórála fuinnimh nua a nascadh leis an gcóras tarchurtha

1.  Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha nósanna imeachta trédhearcacha agus éifeachtúla a leagan síos agus a fhoilsiú maidir le nascadh suiteálacha giniúna nua agus saoráidí stórála fuinnimh nua leis an gcóras tarchurtha. Beidh na nósanna imeachta sin faoi réir a bhformheasa ag na húdaráis rialála.

2.  Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchurtha i dteideal nascadh suiteálacha giniúna nua nó saoráid stórála fuinnimh nua a dhiúltú ar an bhforas go bhféadfadh, amach anseo, teorainneacha a bheith leis an acmhainneacht ghréasáin a bheidh ar fáil, amhail plódú i gcodanna i gcéin den chóras tarchurtha. Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an fhaisnéis is gá ar fáil.

dochar an chéad fhomhír don fhéidearthacht atá ag oibreoirí córas tarchurtha srian a chur le hacmhainneacht nasctha faoi ráthaíocht nó naisc a thairiscint faoi réir srianta oibríochtúla, chun éifeachtúlacht eacnamaíocht a áirithiú a mhéid a bhaineann le suiteálacha giniúna nua nó saoráidí stórála fuinnimh nua, ar choinníoll go mbeidh na srianta sin formheasta ag an údarás rialála. Áiritheoidh an t-údarás rialála go ndéanfar aon srianta in acmhainneacht nasctha faoi ráthaíocht nó aon srianta oibríochtúla a thabhairt isteach ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus nach gcruthóidh na srianta sin bacainní míchuí ar dhul isteach sa mhargadh. Sa chás gurb í an tsuiteáil ghiniúna nó an tsaoráid stórála fuinnimh a sheasann na costais a ghabhann le nasc neamhshrianta a áirithiú, ní bheidh feidhm le haon srian.

3.  Ní bheidh an t-oibreoir córais tarchurtha i dteideal pointe nasctha nua a dhiúltú, ar an bhforas go dtiocfadh costais bhreise a eascraíonn as an méadú is gá ar acmhainneacht eilimintí den chóras atá suite gar don phointe nasctha.

Caibidil VI

DÍCHUACHADH OIBREOIRÍ CÓRAS TARCHURTHA

Roinn 1

Úinéireacht a Dhíchuachadh

Airteagal 43

Díchuachadh úinéireachta córas tarchurtha agus oibreoirí córas tarchurtha

1.  Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)  go mbeidh gach gnóthas ar leis córas tarchurtha ag gníomhú mar oibreoir córais tarchurtha;

(b)  nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal:

(i)  rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha; ná

(ii)  rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair;

(c)  maidir le comhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, i gcás oibreoir córais tarchurtha nó i gcás córas tarchurtha, nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal iad a cheapadh, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar aon ghnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair; agus

(d)  nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, ná a bheith ina chomhalta de ghnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair agus ag an am céanna a bheith ina chomhalta d’oibreoir córais tarchurtha nó de chóras tarchurtha.

2.  Go háirithe, cuimseoidh na cearta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 an méid seo a leanas:

(a)  an chumhacht cearta vótála a fheidhmiú;

(b)  an cumhacht comhaltaí de bhord maoirseachta, de bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas a cheapadh; nó

(c)  scair thromlaigh a shealbhú.

3.  Chun críche phointe (b) de mhír 1, leis an gcoincheap “gnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair”, áireofar “gnóthas a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna an táirgthe nó an tsoláthair” de réir bhrí Threoir 2009/73/CE, agus leis na téarmaí ‘oibreoir córais tarchurtha’ agus ‘córas tarchurtha’, áireofar ‘oibreoir córais tarchurtha’ agus ‘córas tarchurtha’ de réir bhrí na Treorach sin.

4.  Measfar go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 comhlíonta i gcás ina mbeidh comhfhiontar cruthaithe ag dhá ghnóthas nó níos mó ar leo córais tarchurtha, ar comhfhiontar é a ghníomhaíonn mar oibreoir córais tarchurtha in dhá Bhallstát nó níos mó i ndáil leis na córais tarchurtha lena mbaineann. Ní féidir le haon ghnóthas eile a bheith páirteach sa chomhfhiontar, ach amháin má tá sé formheasta faoi Airteagal 44 mar oibreoir córais neamhspleách nó mar oibreoir tarchurtha neamhspleách chun críocha Roinn 3.

5.  Ar mhaithe le cur chun feidhme an Airteagail seo, i gcás inarb é an Ballstát nó comhlacht poiblí eile an duine dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1, measfar nach iad an duine nó na daoine céanna dhá chomhlacht phoiblí ar leithligh a fheidhmíonn rialú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha ar láimh amháin, agus ar ghnóthas a fheidhmíonn aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair ar an láimh eile.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de dá dtagraítear in Airteagal 41 atá i seilbh oibreora córais tarchurtha ar chuid de ghnóthas a bhí comhtháite go hingearach é, ná baill foirne an oibreora córais tarchurtha sin, a aistriú chuig gnóthais a dhéanann aon cheann d’feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.

7.  Más rud é an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann:

(a)  oibreoir córais neamhspleách a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 44; nó

(b)  Roinn 3 a chomhlíonadh.

8.  Más rud é, an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha agus go raibh socruithe i bhfeidhm a ráthaigh neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.

9.  Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchurtha faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé deimhnithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(4), (5), agus (6) den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/...(45), ar dá réir a fhíoróidh an Coimisiún go ráthóidh na socruithe atá i bhfeidhm neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3 den Chaibidil seo.

10.  Ní dhéanfar, in aon chás, cosc a chur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus ar leo córas tarchurtha céimeanna a ghlacadh chun mír 1 a chomhlíonadh.

11.  Na gnóthais a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh siad in ann in aon chás, go díreach nó go hindíreach, rialú a fháil ná aon cheart a fheidhmiú ar oibreoirí córas tarchurtha arna ndíchuachadh i mBallstáit a chuireann mír 1 i bhfeidhm.

Roinn 2

Oibreoir córais neamhspleách

Airteagal 44

Oibreoir córais neamhspleách

1.  Más rud é gur le gnóthas atá comhtháite go hingearach é an córas tarchurtha an 3 Meán Fómhair 2009, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan Airteagal 43(1) a chur i bhfeidhm agus oibreoir córais neamhspleách a ainmniú ar bhun moladh ó úinéir an chórais tarchurtha. Beidh an t-ainmniú sin faoi réir a fhormheasa ag an gCoimisiún.

2.  Féadfaidh an Ballstát oibreoir córais neamhspleách a fhormheas agus a ainmniú ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas ina leith:

(a)  go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonann sé na ceanglais a leagtar síos i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 43(1);

(b)  go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil aige na hacmhainní airgeadais, teicniúla, fisiceacha agus daonna is gá chun a chúraimí a dhéanamh faoi Airteagal 40;

(c)  go bhfuil sé gafa air féin ag an oibreoir is iarrthóir go gcomhlíonfaidh sé plean forbartha gréasáin deich mbliana a ndéanfaidh an t-údarás rialála faireachán air;

(d)  go bhfuil sé léirithe ag úinéir an chórais tarchurtha go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi mhír 5 a chomhlíonadh. Chuige sin, soláthróidh na dréachtsocruithe conarthacha uile leis an ngnóthas is iarrthóir agus le haon eintiteas ábhartha eile; agus

(e)  go bhfuil sé léirithe ag an oibreoir is iarrthóir go bhfuil sé in ann a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2019/...(46) a chomhlíonadh, lena n-áirítear comhar idir oibreoirí córas tarchurtha ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal réigiúnach.

3.  Na gnóthais a mbeidh sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 53 agus mhír 2 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoirí córas neamhspleácha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 51 den Treoir seo agus in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2019/...+ nó in Airteagal 53 den Treoir seo.

4.  Beidh gach oibreoir córais tarchurtha ar leith freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú agus a bhainistiú, lena n-áirítear bailiú muirear rochtana, muirear plódúcháin, agus íocaíochtaí faoin sásra um chúiteamh idir oibreoirí córas tarchurtha i gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (AE) 2019/...(47), agus as an gcóras tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, agus as a áirithiú go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnacha trí phleanáil infheistíochta. Tráth a fhorbrófar an córas tarchurtha, beidh an t-oibreoir córais neamhspleách freagrach as an mbonneagar nua a phleanáil (lena n-áirítear an nós imeachta um údarú), a thógáil agus a choimisiúnú. Chuige sin, gníomhóidh an t-oibreoir córais neamhspleách i gcáil oibreora córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. Ní bheidh úinéir an chórais tarchurtha freagrach as rochtain tríú páirtí a dheonú ná a bhainistiú, ná as an bpleanáil infheistíochta.

5.  I gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe, déanfaidh úinéir an chórais tarchurtha an méid seo a leanas:

(a)  an comhar agus an tacaíocht uile is ábhartha a thabhairt don oibreoir córais neamhspleách chun a chúraimí a chomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an fhaisnéis ábhartha uile;

(b)  na hinfheistíochtaí arna gcinneadh ag an oibreoir córais neamhspleách agus arna bhformheas ag an údarás rialála a mhaoiniú, nó toiliú lena maoiniú ag aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách. Beidh na socruithe maoinithe ábhartha faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Sula dtabharfar an formheas sin, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le húinéir an chórais tarchurtha mar aon leis na páirtithe leasmhara eile;

(c)  foráil do dhliteanas a bhaineann leis na sócmhainní gréasáin a chumhdach, ach gan an dliteanas a bhaineann le cúraimí an oibreora córais neamhspleách san áireamh; agus

(d)  ráthaíochtaí a thabhairt ionas go n-éascófar maoiniú aon mhéaduithe ar an ngréasán cé is moite de na hinfheistíochtaí sin ar thoiligh sé, de bhun phointe (b), lena maoiniú ag aon pháirtí leasmhar lena n-áirítear an t-oibreoir córais neamhspleách.

6.  I ndlúthchomhar leis an údarás rialála, tabharfar don údarás iomaíochta náisiúnta ábhartha na cumhachtaí uile is ábhartha chun faireachán a dhéanamh go héifeachtach ar chomhlíonadh a oibleagáidí faoi mhír 5 ag úinéir an chórais tarchurtha.

Airteagal 45

Úinéirí córas tarchurtha a dhíchuachadh

1.  I gcás inar ceapadh oibreoir córais neamhspleách, beidh an t-úinéir córais tarchurtha ar cuid de ghnóthas atá comhtháite go hingearach é neamhspleách ó thaobh foirm dhlíthiúil, eagrúcháin agus cinnteoireachta de, ar a laghad, ó ghníomhaíochtaí eile nach mbaineann leis an tarchur.

2.  Chun neamhspleáchas an úinéara córais tarchurtha dá dtagraítear i mír 1 a áirithiú, beidh feidhm ag na critéir íosta seo a leanas:

(a)  daoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ní bheidh siad páirteach i struchtúir chuideachta an ghnóthais leictreachais chomhtháite atá freagrach, go díreach nó go hindíreach, as oibriú laethúil ghiniúint, dháileadh agus sholáthar an leictreachais;

(b)  déanfar bearta iomchuí lena áirithiú go gcuirfear san áireamh leasanna gairmiúla na ndaoine atá freagrach as bainistiú an úinéara córais tarchurtha, ar bhealach a áiritheoidh go bhfuil siad in ann gníomhú go neamhspleách; agus

(c)  cuirfidh an t-úinéir córais tarchurtha clár comhlíontachta ar bun ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus áiritheoidh sé go ndéanfar faireachán leormhaith ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. An duine nó an comhlacht atá freagrach as faireachán a dhéanamh ar an gclár comhlíontachta, cuirfidh sé tuarascáil bhliantúil, ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh, faoi bhráid an údaráis rialála agus foilseofar í.

Roinn 3

OIBREOIR TARCHURTHA NEAMHSPLEÁCH

Airteagal 46

Sócmhainní, trealamh, foireann agus céannacht

1.  Beidh ag na hoibreoirí córas tarchurtha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais a chur i gcrích, go háirithe:

(a)  na sócmhainní is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear an córas tarchurtha, beidh siad faoi úinéireacht an oibreora córais tarchurtha;

(b)  an pearsanra is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear gach cúram corparáideach a dhéanamh, beidh siad fostaithe ag an oibreoir córais tarchurtha;

(c)  beidh cosc ar phearsanra a fháil ar iasacht ó aon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ar sheirbhísí a chur ar fáil d’aon chuid eile de. Féadfaidh oibreoir córais tarchurtha seirbhísí a chur ar fáil don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áfach, ar choinníoll:

(i)  nach ndéanfar, le soláthar na seirbhísí sin, idirdhealú idir úsáideoirí an chórais, go mbeidh an soláthar sin le fáil ag úsáideoirí uile an chórais ar na téarmaí agus coinníollacha céanna agus nach ndéanfar dá dheasca an iomaíocht giniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc; agus

(ii)  go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ar a soláthrófar na seirbhísí sin formheasta ag an údarás rialála;

(d)  gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, déanfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach acmhainní airgeadais iomchuí le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana a chur ar fáil don oibreoir córais tarchurtha in am trátha arna iarraidh sin go hiomchuí don oibreoir córais tarchurtha.

2.  Áireofar le gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais na cúraimí seo a leanas ar a laghad, de bhreis ar na cinn sin a liostaítear in Airteagal 40:

(a)  ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha agus teagmhálacha le tríú páirtithe agus leis na húdaráis rialála;

(b)  ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha laistigh de ENTSO don Leictreachas;

(c)  deonú agus bainistiú rochtana tríú páirtí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d’úsáideoirí córais;

(d)  bailiú na muirear uile a bhaineann leis an gcóras tarchurtha, lena n-áirítear muirir rochtana, fuinneamh le haghaidh caillteanas agus muirir seirbhísí coimhdeacha;

(e)  oibriú, cothabháil agus forbairt córais tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach;

(f)  pleanáil infheistíochta lena n-áiritheofar go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta agus lena ráthófar cinnteacht an tsoláthair;

(g)  bunú comhfhiontar iomchuí, lena n-áirítear in éineacht le hoibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó, malartán cumhachta amháin nó níos mó, agus na gníomhaithe ábhartha eile a shaothraíonn na cuspóirí cruthú margaí réigiúnacha a fhorbairt nó an próiseas léirscaoilte a éascú; agus

(h)  na seirbhísí corparáideacha uile, lena n-áirítear seirbhísí dlíthiúla, cuntasaíocht agus seirbhísí TF.

3.  Beidh na hoibreoirí córas tarchurtha eagraithe de réir na foirme dlíthiúla amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(48).

4.  Ní bheidh céannacht chorparáideach, cumarsáid, brandáil ná áitreabh an oibreora córais tarchurtha ina n-ábhar mearbhaill i ndáil le céannacht leithleach an ghnóthais atá comhtháite go hingearach nó aon chuid de.

5.  Ní roinnfidh an t-oibreoir córais tarchurtha córais nó trealamh TF, áitreabh fisiceach ná córais rochtana slándála le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ní úsáidfidh sé na sainchomhairleoirí céanna ná na conraitheoirí seachtracha céanna le haghaidh córais nó trealamh TF ná le haghaidh na gcóras rochtana slándála.

6.  Is iniúchóir eile seachas an t-iniúchóir a dhéanann iniúchóireacht ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó ar aon chuid de, a dhéanfaidh iniúchóireacht ar chuntais an oibreora córais tarchurtha.

Airteagal 47

Neamhspleáchas an oibreora córais tarchurtha

1.  Gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, beidh ag an oibreoir córais tarchurtha:

(a)  cearta éifeachtacha cinnteoireachta, go neamhspleách ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, maidir leis na sócmhainní is gá chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt; agus

(b)  an chumhacht airgead a chruinniú ar an margadh caipitil go háirithe trí iasachtaíocht agus méadú caipitil.

2.  Gníomhóidh an t-oibreoir córais tarchurtha i gcónaí ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh aige na hacmhainní is gá chun gníomhaíocht an tarchurtha a dhéanamh go cuí agus go héifeachtúil agus chun córas tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach a fhorbairt agus a chothabháil.

3.  Fochuideachtaí den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ▌a dhéanann feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh acu aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach san oibreoir córais tarchurtha. Ní bheidh ag an oibreoir córais tarchurtha aon scairsheilbh dhíreach nó indíreach in aon fhochuideachta de chuid an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a dhéanann feidhmeanna na giniúna agus an tsoláthair, ná ní bhfaighidh sé dibhinní ná aon sochar airgeadais eile ón bhfochuideachta sin.

4.  Áiritheofar le struchtúr bainistíochta foriomlán agus le stádais chorparáideacha an oibreora córais tarchurtha go mbeidh neamhspleáchas éifeachtach ag an oibreoir córais tarchurtha i gcomhréir leis an Roinn seo. An gnóthas atá comhtháite go hingearach, ní leagfaidh sé amach go díreach ná go hindíreach iompraíocht iomaíoch an oibreora córais tarchurtha i ndáil le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bainistiú an ghréasáin, ná i ndáil leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin deich mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.

5.  I gcomhall a gcuid cúraimí faoi Airteagal 40 agus faoi Airteagal 46(2) den Treoir seo, agus i gcomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 16, 18, 19 agus 50 de Rialachán (AE) 2019/...(49), ní dhéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha idirdhealú in aghaidh daoine éagsúla ná eintitis éagsúla agus ní dhéanfaidh siad an iomaíocht ghiniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc.

6.  Aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha, lena n-áirítear iasachtaí ón oibreoir córais tarchurtha don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, comhlíonfaidh sé coinníollacha an mhargaidh. Coinneoidh an t-oibreoir córais tarchurtha taifid mhionsonraithe ar an gcaidreamh tráchtála nó airgeadais sin agus cuirfidh sé ar fáil don údarás rialála iad arna iarraidh sin dó.

7.  Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha gach comhaontú tráchtála agus airgeadais leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach faoi bhráid an údaráis rialála lena fhormheas.

8.  Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha an t-údarás rialála ar an eolas faoi na hacmhainní airgeadais, dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 46(1), atá ar fáil le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana.

9.  Staonfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach ó aon ghníomh a dhéanamh a chuirfeadh as nó a dhéanfadh dochar don oibreoir córais tarchurtha maidir lena oibleagáidí faoin gCaibidil seo a chomhlíonadh agus ní éileoidh sé ar an oibreoir córais tarchurtha cead a lorg ón ngnóthas atá comhtháite go hingearach chun na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

10.  Aon ghnóthas a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála ina thaobh go bhfuil sé i gcomhréir le ceanglais na Caibidle seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an gnóthas sin a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha. Beidh feidhm ag an nós imeachta deimhniúcháin a leagtar síos in Airteagal 52 den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/...(50) nó in Airteagal 53 den Treoir seo.

Airteagal 48

Neamhspleáchas fhoireann agus bhainistíocht an oibreora córais tarchurtha

1.  Na cinntí maidir le ceapadh agus athnuachan, dálaí oibre lena n-áirítear luach saothair, agus foirceannadh théarma oifige na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, is é Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 49 a dhéanfaidh iad.

2.  Céannacht agus na coinníollacha lena rialaítear téarma, fad agus foirceannadh oifige na ndaoine arna n-ainmniú ag an gComhlacht Maoirseachta lena gceapadh nó lena n-athnuachan mar dhaoine atá freagrach as bainistiú feidhmiúcháin agus/nó mar chomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus na cúiseanna le haon chinneadh atá beartaithe chun téarma oifige den sórt sin a fhoirceannadh, déanfar fógra a thabhairt don údarás rialála ina dtaobh. Tiocfaidh na dálaí agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 chun bheith ceangailteach sa chás nach ndéanfaidh an t-údarás rialála aon agóid ina gcoinne laistigh de thrí seachtaine den fhógra sin, agus sa chás sin amháin.

Féadfaidh an t-údarás rialála agóid a dhéanamh i gcoinne na gcinntí dá dtagraítear i mír 1 más rud é:

(a)  go dtiocfaidh amhras chun cinn maidir le neamhspleáchas gairmiúil duine atá ainmnithe le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó le neamhspleáchas gairmiúil comhalta de na comhlachtaí riaracháin; nó

(b)  i gcás foirceannadh luath téarma oifige, gur ann d’amhras maidir le húdar maith a bheith leis an bhfoirceannadh luath sin.

3.  Na daoine sin a cheapfar le bheith freagrach as an mbainistiú agus/nó na comhaltaí sin a cheapfar sna comhlachtaí riaracháin de chuid an oibreora córais tarchurtha atá faoi réir na míre seo, ní bheidh feidhmithe acu, le tréimhse trí bliana sula gceapfar iad, aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó, díreach ná indíreach, leis an ngnóthas atá comhtháite go hingearach ná le haon chuid de ná dá scairshealbhóirí rialaithe seachas an t-oibreoir córais tarchurtha féin.

4.  Na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe an oibreora córais tarchurtha, ní bheidh acu aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó, díreach ná indíreach, le cuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná le scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.

5.  Na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, agus fostaithe an oibreora córais tarchurtha, ní bheidh acu aon leas in aon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach, ná ní bhfaighidh siad aon sochar airgeadais, go díreach nó go hindíreach as, diomaite den oibreoir córais tarchurtha féin. Ní bheidh a luach saothair ag brath ar ghníomhaíochtaí ná ar thorthaí an ghnóthais atá comhtháite go hingearach seachas gníomhaíochtaí agus torthaí an oibreora córais tarchurtha féin.

6.  Déanfar cearta éifeachtacha achomhairc chuig an údarás rialála a ráthú i gcás aon ghearáin a dhéanfaidh na daoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha i gcoinne fhoirceannadh luath a dtéarma oifige.

7.  I ndiaidh fhoirceannadh a dtéarma oifige san oibreoir córais tarchurtha, ní bheidh ag na daoine atá freagrach as a bhainistiú agus/nó ag na comhaltaí dá chomhlachtaí riaracháin aon phost gairmiúil ná freagracht ghairmiúil, leas ná gaol gnó le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach diomaite den oibreoir córais tarchurtha féin, ná le scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin ar feadh tréimhse nach lú ná ceithre bliana.

8.  Beidh feidhm ag mír 3 maidir le tromlach na ndaoine atá freagrach as an mbainistiú agus/nó na gcomhaltaí de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha.

Na daoine sin atá freagrach as an mbainistiú agus/nó na comhaltaí sin de chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha nach bhfuil faoi réir mhír 3, ní bheidh feidhmithe acu, le tréimhse sé mhí ar a laghad sula gceapfar iad, aon ghníomhaíocht bhainistíochta ná gníomhaíocht ábhartha eile sa ghnóthas atá comhtháite go hingearach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo agus ag míreanna 4 go 7 maidir le gach duine a bhaineann leis an mbainistíocht fheidhmeannach agus maidir leis na daoine sin a thuairiscíonn go díreach dóibh faoi chúrsaí a bhaineann le hoibriú, cothabháil nó forbairt an ghréasáin.

Airteagal 49

Comhlacht Maoirseachta

1.  Beidh ag an oibreoir córais tarchurtha Comhlacht Maoirseachta a mbeidh sé de chúram air na cinntí a dhéanamh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith acu ar luach shócmhainní scairshealbhóirí an oibreora córais tarchurtha, go háirithe cinntí maidir le formheas na bpleananna airgeadais bliantúla agus fadtéarmacha, maidir le leibhéal fiachais an oibreora córais tarchurtha agus maidir le méid na ndíbhinní a dháilfear ar na scairshealbhóirí. Ní áireofar ar na cinntí atá faoi shainchúram an Chomhlachta Maoirseachta na cinntí sin a bhaineann le gníomhaíochtaí ó lá go lá an oibreora córais tarchurtha agus bhainistiú an ghréasáin, agus leis na gníomhaíochtaí is gá le haghaidh ullmhú an phlean forbartha gréasáin deich mbliana arna fhorbairt de bhun Airteagal 51.

2.  Beidh an Comhlacht Maoirseachta comhdhéanta de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do na scairshealbhóirí tríú páirtí agus, i gcás ina bhforálfar amhlaidh sa dlí ábhartha náisiúnta, de chomhaltaí a dhéanfaidh ionadaíocht do pháirtithe leasmhara eile amhail fostaithe an oibreora córais tarchurtha.

3.  An chéad fomhír d’Airteagal 48(2) agus Airteagal 48(3) go (7), beidh feidhm acu maidir le leath de na comhaltaí den Chomhlacht Maoirseachta, lúide comhalta amháin.

Beidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír d’Airteagal 48(2) maidir le comhaltaí uile an Chomhlachta Maoirseachta.

Airteagal 50

Clár comhlíontachta agus oifigeach comhlíontachta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha clár comhlíontachta a bhunú agus a chur chun feidhme ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus go n-áiritheoidh siad go ndéanfar faireachán iomchuí ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála, déanfaidh oifigeach comhlíontachta faireachán neamhspleách ar chomhlíonadh an chláir.

2.  Is é an Comhlacht Maoirseachta a cheapfaidh an t-oifigeach comhlíontachta, faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Is ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, agus ar na cúiseanna sin amháin, a fhéadfaidh an t-údarás rialála diúltú an t-oifigeach comhlíontachta a fhormheas. Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach. Beidh feidhm ag Airteagal 48(2) go (8) maidir leis an oifigeach comhlíontachta.

3.  Beidh na cúraimí seo a leanas ar an oifigeach comhlíontachta:

(a)  faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir comhlíontachta;

(b)  tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun an clár comhlíontachta a chur chun feidhme agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an údaráis rialála;

(c)  tuairisc a thabhairt don Chomhlacht Maoirseachta agus moltaí a eisiúint maidir leis an gclár comhlíontachta agus cur chun feidhme an chláir sin;

(d)  fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon sáruithe substainteacha maidir le cur chun feidhme an chláir comhlíontachta; agus

(e)  tuairisciú chuig an údarás rialála faoi aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha.

4.  Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta na cinntí atá beartaithe maidir leis an bplean infheistíochta nó maidir le hinfheistíochtaí aonair sa ghréasán a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Déanfar amhlaidh, ar a dheireanaí, tráth a chuirfidh bainistíocht agus/nó comhlacht riaracháin inniúil an oibreora córais tarchurtha na cinntí sin faoi bhráid an Chomhlachta Maoirseachta.

5.  I gcás ina mbeidh bac curtha ag an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, sa chomhthionól ginearálta nó trí vótáil na gcomhaltaí den Chomhlachta Maoirseachta arna gceapadh aige, ar ghlacadh cinnidh agus gurb é toradh atá air sin ná bac nó moill ar infheistíochtaí a bhí le cur i gcrích sna trí bliana ina dhiaidh sin de réir an phlean forbartha gréasáin deich mbliana, tabharfaidh an t-oifigeach comhlíontachta tuairisc faoi sin don údarás rialála, agus ansin gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 51.

6.  Na coinníollacha lena rialaítear téarma oifige nó coinníollacha fostaíochta an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear ré an téarma oifige, beidh siad faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Áiritheofar leis na coinníollacha sin neamhspleáchas an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear na hacmhainní uile a thabhairt dó nó di is gá chun dualgais an oifigigh comhlíontachta a chomhlíonadh. Le linn a théarma oifige, ní bheidh ag an oifigeach comhlíontachta aon phost gairmiúil, freagracht ná leas, go díreach ná go hindíreach, in aon chuid ná le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná de scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.

7.  Tuairisceoidh an t-oifigeach comhlíontachta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig an údarás rialála go tráthrialta agus beidh sé de cheart aige tuairisciú go tráthrialta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha.

8.  Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta freastal ar chruinnithe uile bhainistíocht nó chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus ar chruinnithe an Chomhlachta Maoirseachta agus an tionóil ghinearálta. Freastalóidh an t-oifigeach comhlíontachta ar na cruinnithe uile a bhaineann leis na hábhair seo a leanas:

(a)  na coinníollacha rochtana ar an ngréasán, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/...(51), go háirithe maidir le taraifí, seirbhísí rochtana tríú páirtí, leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, seirbhísí coimhdeacha agus margaí tánaisteacha;

(b)  na tionscadail a dhéantar chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí in idirnascadh agus i nascadh;

(c)  na ceannacháin nó díolacháin fuinnimh is gá chun an córas tarchurtha a oibriú.

9.  Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta faireachán ar chomhlíonadh Airteagal 41 ag an oibreoir córais tarchurtha.

10.  Beidh rochtain ag an oifigeach comhlíontachta ar na sonraí ábhartha uile agus ar oifigí an oibreora córais tarchurtha agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúram a chomhall.

11.  Beidh rochtain gan réamhfhógra ag an oifigeach comhlíontachta ar oifigí an oibreora córais tarchurtha.

12.  Tar éis réamhfhormheas a fháil ón údarás rialála, féadfaidh an Comhlacht Maoirseachta an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú. Déanfaidh sé an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, arna iarraidh sin don údarás rialála.

Airteagal 51

Forbairt gréasáin agus cumhachtaí chun cinntí infheistíochta a dhéanamh

1.  Gach dhá bhliain ar a laghad, cuirfidh na hoibreoirí córas tarchurtha plean forbartha gréasáin deich mbliana faoi bhráid an údaráis rialála a bheidh bunaithe ar an soláthar agus ar an éileamh mar atá siad agus mar a thuartar go mbeidh siad, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha. Beidh bearta éifeachtúla sa phlean forbartha gréasáin sin chun leormhaitheas an chórais agus cinnteacht an tsoláthair a áirithiú. Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha an plean forbartha gréasáin deich mbliana a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin.

2.  Go háirithe, déanfar an méid seo a leanas sa phlean forbartha gréasáin deich mbliana:

(a)  an príomhbhonneagar tarchurtha is gá a thógáil nó a uasghrádú sna deich mbliana atá le teacht a léiriú do na rannpháirtithe margaidh;

(b)  na hinfheistíochtaí uile atá cinntithe cheana a leagan amach agus infheistíochtaí nua nach mór a dhéanamh sna trí bliana atá le teacht a shainaithint; agus

(c)  achar ama a leagan síos do na tionscadail infheistíochta uile.

3.  Nuair a bheidh an plean forbartha gréasáin deich mbliana á ullmhú aige, déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha lánaird a thabhairt ar an bhféidearthacht a ghabhann le húsáid na freagartha don éileamh, na saoráidí stórála fuinnimh nó acmhainní eile mar roghanna malartacha ar leathnú an chórais, mar aon leis an tomhaltas ionchais, trádáil le tíortha eile agus pleananna infheistíochta do ghréasáin uile-Aontais agus do ghréasáin réigiúnacha .

4.  Rachaidh an t údarás rialála i gcomhairle le gach úsáideoir córais, bíodh sé iarbhír nó féideartha, maidir leis an bplean forbartha gréasáin deich mbliana, ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Na daoine nó na gnóthais a mhaífidh gur úsáideoirí córais féideartha iad, féadfar a éileamh orthu bunús a thabhairt don mhaíomh sin. Foilseoidh an t-údarás rialála toradh an phróisis comhairliúcháin, go háirithe na riachtanais infheistíochta a d’fhéadfadh a bheith ann.

5.  Scrúdóidh an t-údarás rialála an gcumhdaíonn an plean forbartha gréasáin 10 mbliana na riachtanais infheistíochta uile arna sainaithint le linn an phróisis comhairliúcháin, agus an bhfuil sé ag teacht leis an bplean forbartha gréasáin 10 mbliana uile-Aontais neamhcheangailteach ('an plean forbartha gréasáin uile-Aontais') dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 30(1) de Rialachán (AE) 2019/...(52). Má bhíonn aon amhras ann nach bhfuil an plean ag teacht leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais, rachaidh an t-údarás rialála i gcomhairle le ACER. Féadfaidh an t-údarás rialála ceangal a chur ar an oibreoir córais tarchurtha a phlean forbartha gréasáin 10 mbliana a leasú.

Scrúdóidh údaráis inniúla náisiúnta an bhfuil an plean forbartha gréasáin deich mbliana ag teacht leis an bplean náisiúnta fuinnimh agus aeráide a bheidh tíolactha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999.

6.  Déanfaidh an t-údarás rialála faireachán agus meastóireacht ar chur chun feidhme an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana.

7.  Sa chás nach ndéanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha, seachas ar chúiseanna sáraitheacha nach mbeadh neart aige orthu, infheistíocht a bhí le déanamh, de réir an phlean forbartha gréasáin deich mbliana, sna trí bliana le teacht, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ceangal ar an údarás rialála ceann amháin ar a laghad de na bearta seo a leanas a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar an infheistíocht sin más rud é go bhfuil an infheistíocht sin fós iomchuí de réir an phlean forbartha gréasáin deich mbliana is déanaí:

(a)  ceangal a chur ar an oibreoir córais tarchurtha an infheistíocht atá i gceist a dhéanamh;

(b)  nós imeachta tairisceana a eagrú a bheidh oscailte do gach infheisteoir le haghaidh na hinfheistíochta atá i gceist; nó

(c)  iallach a chur ar an oibreoir córais tarchurtha glacadh le méadú caipitil chun na hinfheistíochtaí riachtanacha a mhaoiniú agus ligean d’infheisteoirí neamhspleácha a bheith rannpháirteach sa chaipiteal.

8.  I gcás ina mbeidh úsáid bainte ag an údarás rialála as a chumhachtaí faoi phointe (b) de mhír 7, féadfaidh sé iallach a chur ar an oibreoir córais tarchurtha aontú le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:

(a)  maoiniú ag aon tríú páirtí;

(b)  tógáil ag aon tríú páirtí;

(c)  na sócmhainní nua lena mbaineann a thógáil é féin;

(d)  an tsócmhainn nua lena mbaineann a oibriú é féin.

Cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha ar fáil do na hinfheisteoirí an fhaisnéis uile is gá chun an infheistíocht a chur i gcrích, nascfaidh sé na sócmhainní nua leis an ngréasán tarchurtha agus déanfaidh sé a dhícheall i gcoitinne chun cur chun feidhme an tionscadail infheistíochta a éascú.

Beidh na socruithe airgeadais ábhartha faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála.

8.  I gcás ina mbeidh úsáid bainte ag an údarás rialála as a chumhachtaí faoi mhír 7, cumhdóidh na rialacháin taraife ábhartha costais na n-infheistíochtaí atá i gceist.

Roinn 4

Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córas tarchurtha

Airteagal 52

Ainmniú agus deimhniú oibreoirí córas tarchurtha

1.  Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú ina oibreoir córais tarchurtha, déanfar é a dheimhniú i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna 4, 5, agus 6 den Airteagal seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/...(53).

2.  Na gnóthais sin a bhfuil sé deimhnithe ag an údarás rialála gur chomhlíon siad ceanglais Airteagal 43, de bhun an nós imeachta deimhniúcháin thíos, déanfaidh na Ballstáit iad a fhormheas agus a ainmniú ina n-oibreoirí córas tarchurtha. Tabharfar fógra don Choimisiún faoi ainmniú oibreoirí córas tarchurtha agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

3.  Tabharfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha fógra don údarás rialála i dtaobh aon idirbheart atá pleanáilte a bhféadfadh sé gur ghá mar gheall air athmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh cheanglais Airteagal 43 ag an oibreoir lena mbaineann.

4.  Déanfaidh na húdaráis rialála faireachán ar chomhlíonadh leanúnach cheanglais Airteagal 43 ag na hoibreoirí córas tarchurtha. Tionscnóidh siad nós imeachta deimhniúcháin chun an comhlíonadh sin a áirithiú:

(a)  ar fhógra a fháil dóibh ón oibreoir córais tarchurtha de bhun mhír 3;

(b)  ar a dtionscnamh féin i gcás ina mbeidh eolas acu go bhféadfadh sárú ar Airteagal 43 a bheith ann de dheasca athrú a bheadh pleanáilte ar na cearta nó ar an tionchar arna bhfeidhmiú i ndáil le húinéirí córas tarchurtha nó oibreoirí córas tarchurtha, nó i gcás ina mbeidh cúis acu a chreidiúint gur tharla sárú den sórt sin; nó

(c)  ar iarraidh réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún.

5.  Glacfaidh na húdaráis rialála cinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha nó ó dháta na hiarrata ón gCoimisiún. Tar éis dul in éag don tréimhse sin, measfar go bhfuil an deimhniú deonaithe. Ní bheidh éifeacht le cinneadh sainráite nó intuigthe an údaráis rialála ach amháin ar chríochnú an nós imeachta a leagtar amach i mír 6.

6.  An cinneadh sainráite nó intuigthe maidir le deimhniú an oibreora córais tarchurtha, déanfaidh an t-údarás rialála fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin. Gníomhóidh an Coimisiún de réir an nós imeachta a leagtar síon in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/...(54).

7.  Féadfaidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún aon fhaisnéis is ábhartha do chomhlíonadh a gcúraimí faoin Airteagal seo a iarraidh ar na hoibreoirí córas tarchurtha agus ar na gnóthais a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.

8.  Caomhnóidh na húdaráis rialála agus an Coimisiún rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Airteagal 53

Deimhniú i ndáil le tríú tíortha

1.  I gcás ina ndéanfaidh úinéir córais tarchurtha nó oibreoir córais tarchurtha atá faoi rialú duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha deimhniú a iarraidh, tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún ina thaobh.

Déanfaidh an t-údarás rialála freisin fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi aon imthosca a d’fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar chóras tarchurtha nó ar oibreoir córais tarchurtha.

2.  Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon imthosca a d’fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar an gcóras tarchurtha nó ar an oibreoir córais tarchurtha.

3.  Glacfaidh an t-údarás rialála dréachtchinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de cheithre mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha. Diúltóidh sé an deimhniú más rud é nár léiríodh:

(a)  go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus

(b)  don údarás rialála nó d’údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú ag an mBallstát nach gcuirfí cinnteacht an tsoláthair sa Bhallstát ná san Aontas i mbaol de thairbhe an deimhniú a dheonú. Agus an cheist sin á breithniú aige, cuirfidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú amhlaidh an méid seo a leanas san áireamh:

(i)  cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh;

(ii)  cearta agus oibleagáidí an Bhallstáit i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích léi, sa mhéid go comhlíonann siad dlí an Aontais; agus

(iii)  fíorais agus imthosca sonracha eile a bhaineann leis an gcás agus leis an tríú tír atá i gceist.

4.  Tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún faoin gcinneadh gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin.

5.  Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil arna ainmniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, sula nglacfaidh an t-údarás rialála cinneadh maidir le deimhniú, tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún an amhlaidh:

(a)  go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus

(b)  nach gcuirfear cinnteacht an tsoláthair fuinnimh i mbaol san Aontas de thairbhe an deimhniú a dheonú.

6.  Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 5 a luaithe a gheobhaidh sé í. Laistigh de dhá mhí ón iarraidh a fháil, tabharfaidh sé a thuairim don údarás rialála ▌nó, más é an t-údarás inniúil arna ainmniú a rinne an iarraidh, don údarás sin.

Agus an tuairim á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a iarraidh ar ACER, leis an mBallstát lena mbaineann, agus le páirtithe leasmhara. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún iarraidh den sórt sin, cuirfear fadú dhá mhí leis an tréimhse dhá mhí.

D’uireasa tuairim ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil agóid i gcoinne chinneadh an údaráis rialála á dhéanamh ag an gCoimisiún.

7.  Agus measúnú á dhéanamh aige an gcuirfidh rialú an duine nó na ndaoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha cinnteacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas i mbaol, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:

(a)  fíorais shonracha an cháis agus an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann; agus

(b)  cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin nó na dtríú tíortha sin de a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh.

8.  Déanfaidh an t-údarás rialála▌, laistigh de dhá mhí tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 6, a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir leis an deimhniú. I nglacadh a chinnidh chríochnaithigh dó, cuirfidh an t-údarás rialála ▌tuairim an Choimisiúin san áireamh go dícheallach. In aon chás, beidh sé de cheart ag na Ballstáit an deimhniú a dhiúltú i gcás ina gcuirfí cinnteacht an tsoláthair fuinnimh sa Bhallstát nó i mBallstát eile i mbaol de dheasca an deimhniú a dheonú. I gcás ina mbeidh údarás inniúil náisiúnta eile ainmnithe ag an mBallstát chun an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a dhéanamh, féadfaidh sé ceangal a chur ar an údarás rialála ▌a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le measúnú an údaráis inniúil náisiúnta sin. Déanfar cinneadh críochnaitheach an údaráis rialála ▌agus tuairim an Choimisiúin a fhoilsiú in éineacht. I gcás ina n-imeoidh an cinneadh críochnaitheach ó thuairim an Choimisiúin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an réasúnú is bonn leis an gcinneadh sin a chur ar fáil agus a fhoilsiú maille leis an gcinneadh.

9.  Ní dhéanfaidh aon rud san Airteagal seo difear do cheart na mBallstát rialuithe dlíthiúla náisiúnta a fheidhmiú, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leasanna dlisteanacha slándála poiblí a chosaint.

10.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de phointe (a) de mhír 3 de, maidir leis na Ballstáit atá faoi réir maolú faoi Airteagal 66.

Airteagal 54

Úinéireacht saoráidí stórála fuinnimh ag oibreoirí córas tarchurtha

1.  Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas tarchurtha ar shaoráidí stórála fuinnimh, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú▌.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas tarchurtha úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí stórála fuinnimh, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, i gcás ina bhfuil siad ina gcomhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán agus a bhfuil a fhormheas ina leith sin deonaithe ag an údarás rialála, nó i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, atá faoi réir a athbhreithnithe agus fhormheas an údaráis rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar shaoráidí den sórt sin, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil.

(b)  go bhfuil gá leis na saoráidí nó leis na seirbhísí coimhdeacha neamh-mhinicíochta sin ionas gur féidir leis na hoibreoirí córas tarchurtha a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh maidir le hoibriú éifeachtúil, iontaofa agus slán an chórais tarchurtha agus nach n-úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais; agus

(c)  go ndearna an t-údarás rialála measúnú ar riachtanas an mhaolaithe sin agus go ndearna sé measúnú ex ante ar infheidhmeacht an nós imeachta tairisceana, lena n-áirítear coinníollacha an nós imeachta tairisceana sin, agus gur dheonaigh sé a fhormheas.

Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d’oibreoirí córas tarchurtha chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.

3.  An cinneadh maidir le maolú a dheonú, tabharfar fógra ina thaobh don Choimisiún agus do ACER maille leis an bhfaisnéis is ábhartha faoin iarraidh agus na cúiseanna ar deonaíodh an maolú.

4.  Déanfaidh na húdaráis rialála comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach cúig bliana ar a laghad i dtaca leis na saoráidí stórála fuinnimh atá cheana ann chun measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht fhéideartha agus ar spéis fhéideartha na bpáirtithe eile chun infheistíocht a dhéanamh i saoráidí den sórt sin a dhéanamh. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí, mar atá measúnaithe ag an údarás rialála, go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú saoráidí den sórt sin ar bhealach cost-éifeachtach, áiritheoidh na húdaráis rialála go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaobh na nithe sin laistigh de 18 mí. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d’oibreoirí córas tarchurtha cúiteamh réasúnach a fháil, go háirithe luach iarmharach na hinfheistíochta a rinneadh sna saoráidí stórála fuinnimh a aisghabháil.

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 4 maidir le comhchodanna lán-chomhtháite den ghréasán ná do ghnáth-thréimhse dímheasa saoráidí nua stórála ceallra ag a bhfuil cinneadh infheistíochta críochnaithí go dtí 2024, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas i leith saoráidí stórála ceallra den sórt sin:

(a)  tá siad nasctha leis an eangach ar a dhéanaí dhá bhliain ina dhiaidh sin;

(b)  tá siad comhtháite sa chóras tarchurtha;

(c)  ní úsáidtear iad ach le haghaidh athshlánú láithreach freagarthach shlándáil an ghréasáin i gcás go dtarlaíonn teagmhais ghréasáin i gcás ina dtosaíonn an beart athshlánaithe sin láithreach agus ina gcríochnaíonn sé nuair is féidir le hathsheoladh an tsaincheist a réiteach, agus

(d)  ní úsáidtear iad chun leictreachas a cheannach nó a dhíol sna margaí leictreachais, lena n-áirítear cothromúchán.

Roinn 5

Díchuachadh agus trédhearcacht na gcuntas

Airteagal 55

Ceart rochtana ar chuntais

1.  Sa mhéid is gá chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh, beidh ceart rochtana ag Ballstáit nó ag aon údarás inniúil arna ainmniú acu, lena n-áirítear na húdaráis rialála dá dtagraítear in Airteagal 57, ar chuntais na ngnóthas leictreachais mar a leagtar amach in Airteagal 56.

2.  Caomhnóidh na Ballstáit, agus aon údarás inniúil atá ainmnithe, lena n-áirítear na húdaráis rialála, rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le faisnéis den sórt sin a nochtadh i gcásanna ina mbíonn nochtadh den sórt sin riachtanach chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann a bhfeidhmeanna a chur i gcrích.

Airteagal 56

Díchuachadh cuntas

1.  Glacfaidh na Ballstáit na céimeanna riachtanacha chun a áirithiú go ndéantar cuntais na ngnóthas leictreachais a choinneáil i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.  Déanfaidh gnóthais leictreachais, gan beann ar an gcóras úinéireachta ná ar an bhfoirm dhlíthiúil atá acu, a gcuntais bhliantúla a tharraingt suas, a chur faoi réir iniúchóireachta agus a fhoilsiú i gcomhréir leis na rialacha faoin dlí náisiúnta a bhaineann le cuntais bhliantúla chuideachtaí faoi dhliteanas teoranta arna nglacadh de bhun Threoir 2013/34/AE.

Déanfaidh gnóthais nach bhfuil dualgas dlíthiúil orthu a gcuid cuntas bliantúil a fhoilsiú cóip díobh a choimeád agus an chóip sin a bheith ar fáil don phobal ina gceannoifig.

3.  Coimeádfaidh gnóthais leictreachais, ina gcuntasaíocht inmheánach, cuntais ar leithligh le haghaidh gach ceann dá ngníomhaíochtaí tarchurtha agus dáileacháin faoi mar a bheadh de cheangal orthu a dhéanamh dá mba ag gnóthais ar leithligh a bheadh na gníomhaíochtaí atá i gceist á ndéanamh, d’fhonn idirdhealú, tras-fhóirdheonú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Coimeádfaidh siad cuntais freisin, a fhéadfaidh a bheith ina gcuntais chomhdhlúite, le haghaidh gníomhaíochtaí eile leictreachais nach mbaineann le tarchur ná le dáileachán. Sonrófar ioncam ó úinéireacht an chórais tarchurtha nó dáileacháin sna cuntais. I gcás inarb iomchuí, coimeádfaidh siad cuntais chomhtháite le haghaidh gníomhaíochtaí eile neamhleictreachais. Beidh clár comhardaithe agus cuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh gach gníomhaíochta san áireamh sna cuntais inmheánacha.

4.  Leis an iniúchadh dá dtagraítear i mír 2, fíorófar, go háirithe, go ndéantar an oibleagáid idirdhealú agus tras-fhóirdheonú dá dtagraítear i mír 3 a urramú.

CAIBIDIL VII

ÚDARÁIS RIALÁLA

Airteagal 57

Ainmniú agus neamhspleáchas na n-údarás rialála

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás rialála ▌aonair ar an leibhéal náisiúnta.

2.  Beidh mír 1 gan dochar d’ainmniú údarás rialála eile ar an leibhéal réigiúnach laistigh de na Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh ionadaí sinsearach amháin ann chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhord Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2019/... .

3.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát údaráis rialála a ainmniú le haghaidh córais bheaga i réigiún atá ar leithligh ó thaobh na geografaíochta de arbh ionann tomhaltas an chórais, in 2008, agus níos lú ná 3 % de thomhaltas iomlán an Bhallstáit ar cuid de é. Beidh an maolú sin gan dochar d’ionadaí sinsearach amháin a cheapadh chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhoird Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2009/...(55).

4.  Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:

(a)  go bhfuil sé uathúil ó thaobh an dlí agus neamhspleách ó thaobh na feidhmíochta ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile;

(b)  go n-áirithíonn sé, i dtaca lena fhoireann agus leis na daoine atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh air:

(i)  go gníomhóidh siad go neamhspleách ó aon leas margaidh; agus

(ii)  nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha go díreach ó aon rialtas ná ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí rialála á ndéanamh acu. Tá an ceanglas sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha nó do threoirlínte ginearálta beartais arna n-eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59.

5.  Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:

(a)  gur féidir leis an údarás rialála cinntí uathrialacha a dhéanamh, go neamhspleách ar aon chomhlacht polaitiúil▌;

(b)  go bhfuil ag an údarás rialála na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha go léir a theastaíonn uaidh chun a chuid dualgas a dhéanamh agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil;

(c)  go bhfuil ag an údarás rialála leithdháiltí buiséadacha bliantúla ar leithligh agus go bhfuil neamhspleáchas aige i gcur chun feidhme an bhuiséid sin atá leithdháilte air; agus

(d)  go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála ar théarma seasta de chúig suas le seacht mbliana, téarma is féidir a athnuachan aon uair amháin;

(e)  go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus atá foilsithe, faoi nós imeachta neamhspleách neamhchlaonta, lena n-áirithítear go mbeidh na scileanna agus an taithí is gá ag na hiarrthóirí don phost ábhartha san údarás rialála▌;

(f)  go bhfuil forálacha maidir le coinbhleacht leasa i bhfeidhm agus go leanann oibleagáidí rúndachta d’fheidhm a bheith acu tar éis dheireadh shainordú chomhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, ag deireadh shainordú chomhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála;

(g)  nach bhféadfar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála a dhífhostú ach amháin ar bhonn critéir thrédhearcachta atá i bhfeidhm.

I dtaca le pointe (d) den chéad fhomhír, áiritheoidh Ballstáit scéim sealaíochta iomchuí don bhord nó don bhainistíocht shinsearach. Ní fhéadfar comhaltaí an bhoird nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí na bainistíochta sinsearaí, a chur as oifig le linn a dtéarma ach amháin mura gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh nó más rud é go raibh siad ciontach as mí-iompar faoin dlí náisiúnta.

6.  Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfadh iniúchóir neamhspleách rialú ex post ar chuntais bhliantúla na n-údarás rialála.

7.  Faoin … [trí bliana tar éis dháta teacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach ceithre bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le comhlíonadh phrionsabal an neamhspleáchais a leagtar amach san Airteagal seo ag na húdaráis náisiúnta.

Airteagal 58

Cuspóirí ginearálta an údaráis rialála

I ndéanamh na gcúraimí rialála dó a sonraítear sa Treoir seo, déanfaidh an t-údarás rialála gach beart réasúnach chun na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach faoi chuimsiú a chuid dualgas agus cumhachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 59 iad, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis iomaíochta, mar aon le húdaráis, lena n-áirítear údaráis rialála, ó Bhallstáit chomharsanachta agus ó thríú tíortha comharsanachta, de réir mar is iomchuí, agus gan dochar dá n-inniúlacht:

(a)  margadh inmheánach iomaíoch, solúbtha, slán agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de don leictreachas laistigh den Aontas a chur chun cinn, i ndlúthchomhar le húdaráis rialála na mBallstát eile, leis an gCoimisiún agus le ACER, agus oscailt margaidh éifeachtach a chur chun cinn do gach custaiméir agus do gach soláthróir san Aontas, agus dálaí iomchuí a áirithiú d’oibriú éifeachtach agus iontaofa na ngréasán leictreachais, agus na cuspóirí fadtéarmacha á gcur san áireamh;

(b)  margaí réigiúnacha trasteorann atá iomaíoch agus ag dea-fheidhmiú a fhorbairt laistigh den Aontas d’fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír (a) a bhaint amach;

(c)  deireadh a chur le srianta ar thrádáil sa leictreachas idir Ballstáit, lena n-áirítear acmhainneachtaí tarchurtha trasteorann iomchuí a fhorbairt chun éileamh a shásamh agus comhtháthú na margaí náisiúnta a fheabhsú, rud a d’féadfadh sreabha leictreachais a fheabhsú ar fud an Aontais;

(d)  cabhrú chun córais neamh-idirdhealaitheacha slána, iontaofa agus éifeachtacha atá dírithe ar chustaiméirí a fhorbairt, agus é sin a dhéanamh ar an mbealach is costéifeachtaí, agus leormhaitheas an chórais a chur chun cinn agus, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an bheartais fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le comhtháthú na táirgeachta mórscála agus mionscála leictreachais ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite agus ó ghiniúint dháilte sna gréasáin tarchurtha agus dáileacháin araon agus éascú a dhéanamh ar a n-oibriú siúd i dtaca le gréasáin fuinnimh gáis nó teasa eile;

(e)  éascú a dhéanamh ar rochtain ar an ngréasán don acmhainneacht ghiniúna nua agus ar shaoráidí stórála fuinnimh, go háirithe deireadh a chur le bacainní a d’fhéadfadh rochtain a chosc d’iontrálaithe nua sa mhargadh agus do leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite;

(f)  a áirithiú go ndéanfar dreasachtaí iomchuí a dheonú d’oibreoirí córais agus d’úsáideoirí córais, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, chun éifeachtúlachtaí, go háirithe éifeachtúlacht fuinnimh, a mhéadú i bhfeidhmíocht na gcóras agus chun comhtháthú na margaí a chothú;

(g)  a áirithiú go mbainfidh custaiméirí tairbhe as trí fheidhmiú éifeachtach a margaidh náisiúnta, iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus cabhrú chun ardleibhéal cosanta do chustaiméirí a áirithiú i ndlúthchomhar leis na húdaráis cosanta tomhaltóirí ábhartha;

(h)  cabhrú chun ardchaighdeáin seirbhíse uilíche agus seirbhíse poiblí a bhaint amach i soláthar an leictreachais, rannchuidiú le cosaint na gcustaiméirí leochaileacha agus rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí is gá chun gur féidir leis an gcustaiméir athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile.

Airteagal 59

Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála

1.  Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:

(a)  taraifí tarchurtha nó dáileacháin na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá cheann, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir leis na critéir thrédhearcacha;

(b)  a áirithiú go bhfuil oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin agus, i gcás inarb ábhartha, úinéirí na gcóras, chomh maith le haon ghnóthas leictreachais eile agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/...(56), faoi na cóid ghréasáin agus faoi na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/...+, agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí de chuid ACER;

(c)  i ndlúthchomhordú leis na húdaráis rialála eile, a áirithiú go bhfuil ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/...(57), faoi na cóid ghréasáin arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/...+, agus faoi na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2019/...+ agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí eile de chuid ACER, agus neamhchomhlíonadh ag ENTSO don Leictreachas agus ag eintiteas AE do OCDanna i leith a gcuid oibleagáidí faoi seach a shainaithint go comhpháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun críocha neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/...(58);

(d)  táirgí agus próiseas soláthair a fhormheas le haghaidh seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta;

(e)  na cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/...(59) a chur chun feidhme trí bhíthin bearta náisiúnta nó, i gcás inar gá sin, trí bhíthin bearta comhordaithe réigiúnacha nó uile-Aontais;

(f)  comhoibriú le húdarás rialála nó le húdaráis na mBallstát lena mbaineann agus le ACER i ndáil le saincheisteanna trasteorann, go háirithe trí rannpháirteachas in obair Bhord Rialálaithe ACER de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/...(60);

(g)  aon chinntí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus de chuid ACER atá ina gceangal ó thaobh an dlí de a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme;

(h)  a áirithiú go ndéanann oibreoirí córas tarchurtha acmhainneachtaí idirnascairí a chur ar fáil a mhéad agus is féidir é de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/...+;

(i)  tuairisciú bliantúil a dhéanamh le húdaráis ábhartha na mBallstát, leis an gCoimisiún agus le ACER maidir lena ghníomhaíochtaí agus maidir le comhlíonadh a dhualgas, lena n-áirítear maidir leis na céimeanna a glacadh agus na torthaí a fuarthas i ndáil le gach ceann de na cúraimí a liostaítear san Airteagal seo;

(j)  a áirithiú nach ann do thras-fhóirdheonú idir gníomhaíochtaí tarchurtha, dáileacháin agus gníomhaíochtaí soláthair nó gníomhaíochtaí leictreachais nó neamhleictreachais eile;

(k)  faireachán a dhéanamh ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córas tarchurtha, agus measúnú a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil ar phleananna infheistíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaca lena gcomhsheasmhacht le plean forbartha gréasáin uile-Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí; féadfar moltaí chun na pleananna infheistíochta sin a leasú a bheith san áireamh i measúnú den sórt sin;

(l)  faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-oibreoirí córas tarchurtha agus na n-oibreoirí córas dáileacháin ▌i ndáil le forbairt a dhéanamh ar eangach chliste ina gcuirtear an éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn mar aon leis an gcomhtháthú fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite bunaithe ar shraith theoranta de tháscairí ▌, agus tuarascáil náisiúnta a fhoilsiú gach dhá bhliain, lena n-áirítear moltaí ▌;

(m)  caighdeáin agus ceanglais le haghaidh cáilíocht na seirbhíse agus cáilíocht an tsoláthair a shocrú nó a fhormheas nó rannchuidiú leo sin in éineacht le húdaráis inniúla eile agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht na ngréasán agus athbhreithniú ar fheidhmíocht san am atá caite ina leith;

(n)  faireachán a dhéanamh ar an leibhéal trédhearcachta, lena n-áirítear trédhearcacht phraghsanna mórdhíola, agus comhlíonadh na ngnóthas leictreachais le hoibleagáidí trédhearcachta a áirithiú;

(o)  faireachán a dhéanamh ar leibhéal agus ar éifeachtacht oscailt an mhargaidh agus na hiomaíochta ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, lena n-áirítear maidir le malartuithe leictreachais, praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh lena n-áirítear córais réamhíocaíochta, an tionchar atá ag conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla agus úsáid córas méadraithe chliste, rátaí chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, rátaí díscoir, muirir le haghaidh seirbhísí cothabhála, déanamh na seirbhísí cothabhála, an ghaolmhaireacht idir praghsanna teaghlaigh agus praghsanna mórdhíola, éabhlú tharaifí agus thobhaigh na heangaí. agus gearáin ó chustaiméirí teaghlaigh, chomh maith le haon saobhadh nó srianadh ar an iomaíocht, lena n-áirítear trí aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar, agus trí aon chás ábhartha a chur faoi bhráid na n-údarás iomaíochta ábhartha;

(p)  faireachán a dhéanamh ar chleachtais shriantacha chonarthacha a bheith ag tarlú, lena n-áirítear clásail eisiachais a d’fhéadfadh cosc a chur ar chustaiméirí ▌conarthaí a dhéanamh i gcomhthráth le níos mó ná soláthróir amháin nó srianadh a chur leis an rogha atá acu é sin a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis iomaíochta náisiúnta a chur ar an eolas faoi chleachtais den sórt sin;

(q)  faireachán a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin naisc agus deisiúcháin a dhéanamh;

(r)  cabhrú chun a áirithiú, in éineacht leis na húdaráis ábhartha eile, go bhfuil na bearta cosanta tomhaltóirí éifeachtach agus go ndéantar forfheidhmiú orthu.

(s)  moltaí a fhoilsiú, go bliantúil ar a laghad, i ndáil le hAirteagal 5 a bheith á chomhlíonadh ag na praghsanna soláthair, agus na moltaí sin a thabhairt do na húdaráis iomaíochta, i gcás inarb iomchuí;

(t)  Rochtain neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ar shonraí faoi thomhaltas custaiméirí, sonraí tomhaltais a sholáthar i bhformáid chomhchuibhithe atá éasca a thuiscint ar an leibhéal náisiúnta, don úsáid roghnach, agus rochtain phras a áirithiú do gach custaiméir ar shonraí den sórt sin de bhun Airteagail 23 agus 24;

(u)  faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha a bhaineann le róil agus freagrachtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha, na n-oibreoirí córas dáileacháin, soláthróirí agus custaiméirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh de bhun Rialachán (AE) 2019/...(61);

(v)  faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí sna hacmhainneachtaí giniúna agus stórála a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair;

(w)  faireachán a dhéanamh ar an gcomhar teicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha an Aontais agus oibreoirí córas tarchurtha tríú tíortha;

(x)  rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí do na próisis mhargaidh is tábhachtaí ar an leibhéal réigiúnach;

(y)  faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht ▌uirlisí chun comparáid a dhéanamh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 14 ▌;

(z)  faireachán a dhéanamh ar dhíchur bacainní agus srianta neamhréasúnaithe ar fhorbairt an tomhaltais leictreachais fhéinghinte agus na bpobal fuinnimh saoránach.

2.  I gcás ina ndearna Ballstát foráil dá leithéid, féadfaidh údaráis eile seachas an t-údarás rialála na dualgais faireacháin a leagtar amach i mír 1 a dhéanamh. I gcás den sórt sin, cuirfear an fhaisnéis a eascraíonn as faireachán den sórt sin ar fáil don údarás rialála a luaithe is féidir.

Rachaidh an t-údarás rialála, agus a neamhspleáchas á chaomhnú aige, gan dochar dá inniúlacht shonrach féin agus i gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle le hoibreoirí córas tarchurtha agus, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile nuair a bheidh na dualgais a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh aige.

Tá aon fhormheas a thabharfaidh údarás rialála nó ACER faoin Treoir seo gan dochar d’aon úsáid amach anseo a bhfuil bonn cirt cuí leis a bhainfidh an t-údarás rialála as na cumhachtaí atá aige faoin Airteagal seo ná d’aon phionóis arna ngearradh ag údaráis ábhartha eile nó ag an gCoimisiún.

3.  Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí d’údaráis rialála a chuirfidh ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag an údarás rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)  cinntí ceangailteacha a eisiúint i leith gnóthais leictreachais;

(b)  imscrúduithe a dhéanamh maidir le feidhmiú na margaí leictreachais, agus cinneadh a dhéanamh ar aon bhearta riachtanacha agus comhréireacha chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú, agus na bearta sin a fhorchur. I gcás inarb iomchuí, beidh an chumhacht ag an údarás rialála freisin comhoibriú leis an údarás iomaíochta náisiúnta agus le rialálaithe an mhargaidh airgeadais nó leis an gCoimisiún i seoladh aon imscrúdú a bhaineann le dlí na hiomaíochta;

(c)  aon fhaisnéis a éileamh ó ghnóthais leictreachais atá ábhartha chun a chúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear an bonn cirt le haon diúltú rochtain a dheonú do thríú páirtithe, agus aon fhaisnéis maidir le bearta is gá chun an gréasán a threisiú;

(d)  pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/…+ nó aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu, lena n-áirítear an chumhacht pionóis de suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchurtha a ghearradh ar an oibreoir córais tarchurtha, nó moladh a dhéanamh iad a ghearradh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a ghearradh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó moladh iad a ghearradh air, de réir an cháis, as neamh-chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; agus

(e)  cearta iomchuí imscrúdaithe agus cumhachtaí ábhartha teagaisc a thabhairt i dtaca le réiteach díospóidí faoi Airteagal 60(2) agus (3).

4.  An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh ag ETSO don Leictreachas nó ag eintiteas AE do OCDanna, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar na heintitis sin i gcás nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir, faoi Rialachán (AE) 2019/...(62) nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.

5.  Chomh maith leis na dualgais arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe faoi Airteagal 44, déanfaidh an t-údarás rialála an méid seo a leanas:

(a)  faireachán ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag úinéir an chórais tarchurtha agus ag oibreoir an chórais neamhspleách faoin Airteagal seo, agus pionóis as neamh-chomhlíonadh a eisiúint i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3;

(b)  faireachán ar an gcaidreamh agus ar an gcumarsáid idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir an chórais neamhspleách a oibleagáidí, agus go háirithe conarthaí a fhormheas agus gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna seoladh isteach ag ceachtar den dá pháirtí de bhun Airteagal 60(2);

(c)  gan dochar don nós imeachta faoi phointe (c) d’Airteagal 44(2), don chéad phlean forbartha gréasáin deich mbliana, formheas a dhéanamh ar phleanáil na n-infheistíochtaí agus ar an bplean forbartha gréasáin ilbhliantúil arna thíolacadh ag an oibreoir córais neamhspleách ar a laghad gach dhá bhliain;

(d)  a áirithiú go mbeidh san áireamh sna taraifí um rochtain ar an ngréasán arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách, luach saothar d’úinéir an ghréasáin nó d’úinéirí an ghréasáin, lena ndéantar foráil maidir le luach saothair leormhaith ar shócmhainní an ghréasáin agus ar aon infheistíochtaí nua arna ndéanamh ann, ar choinníoll go ndéantar iad a thabhú go tíosach agus go héifeachtúil;

(e)  cumhacht cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ag áitreabh úinéir an chórais tarchurtha agus oibreoir an chórais neamhspleách; agus

(f)  faireachán ar úsáid na muirear ó phlódú arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/...(63).

6.  Sa bhreis ar na dualgais agus cumhachtaí arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina ndearnadh oibreoir córais tarchurtha a ainmniú i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil VI, deonófar dualgais agus cumhachtaí don údarás rialála chun an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)  pionóis a ghearradh i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3 as iompraíocht idirdhealaitheach i bhfabhar an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;

(b)  faireachán ar an gcumarsáid idir an t-oibreoir córais tarchurtha agus an gnóthas atá comhtháite go hingearach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a oibleagáidí;

(c)  feidhmiú mar údarás um réiteach díospóidí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna gcur isteach de bhun Airteagal 60(2);

(d)  faireachán ar an gcaidreamh tráchtála agus airgeadais lena n-áirítear iasachtaí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha;

(e)  gach socrú tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha a fhormheas ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha an mhargaidh;

(f)  bonn cirt a iarraidh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nuair a thugann an t-oifigeach comhlíontachta fógra dó i gcomhréir le hAirteagal 50(4), amhail bonn cirt lena n-áirítear, go háirithe, fianaise lena léirítear nár tharla aon iompraíocht idirdhealaitheach chun buntáiste an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;

(g)  cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cinn gan fógra roimh ré, ar áitreabh an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus an oibreora córais tarchurtha; agus

(h)  cúraimí uile nó cúraimí sonracha de chuid an oibreora córais tarchurtha a shannadh d’oibreoir córais neamhspleách arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 44 i gcás go ndéanann oibreoir córais tarchurtha sárú leanúnach ar a oibleagáidí faoin Treoir seo, go háirithe i gcás iompraíocht idirdhealaitheach a tharlaíonn arís agus arís eile chun tairbhe an ghnóthais atá comhtháite go hingearach.

7.  Ach amháin i gcásanna ina bhfuil ACER inniúil chun na téarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí a shocrú agus a fhormheas chun cóid ghréasáin agus treoirlínte a chur chun feidhme faoi Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/...(64) de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/...(65) toisc go bhfuil comhordú i gceist leo, is ar na húdaráis rialála a bheidh an fhreagracht ar a laghad na modheolaíochtaí náisiúnta a úsáidtear chun na nithe seo a leanas a ríomh, nó chun téarmaí agus coinníollacha dóibh a bhunú, a shocrú nó a fhormheas tamall leordhóthanach sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm:

(a)  ceangal chuig agus rochtain ar ghréasáin náisiúnta, lena n-áirítear taraifí tarchurtha agus dáileacháin nó a modheolaíochtaí, ar taraifí agus modheolaíochtaí iad a fhágfaidh gur féidir na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar inmharthanacht na ngréasán a áirithiú leis na hinfheistíochtaí sin;

(b)  seirbhísí coimhdeacha a sholáthar a dhéanfar ar an mbealach is tíosaí agus is féidir agus a thabharfaidh dreasachtaí iomchuí d’úsáideoirí an ghréasáin a n-ionchur agus a dtógáil leictreachais a chomhardú, ar seirbhísí coimhdeacha iad a sholáthrófar ar bhealach cóir agus neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla; agus

(c)  rochtain ar bhonneagair thrasteorann, lena n-áirítear na nósanna imeachta le haghaidh acmhainn a leithdháileadh agus bainistiú a dhéanamh ar phlódú.

8.  Foilseofar na modheolaíochtaí nó na téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear i mír 7.

9.  D’fhonn trédhearcacht a mhéadú sa mhargadh agus gach faisnéis agus cinneadh nó togra le haghaidh cinntí is gá a sholáthar do gach páirtí leasmhar a bhaineann le taraifí tarchurtha agus dáileacháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 60(3), cuirfidh údaráis rialála an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na bunchostais a úsáideadh chun na taraifí gréasáin ábhartha a ríomh ar fáil go poiblí, agus fós rúndacht faisnéise atá íogaireacht go tráchtála á gcaomhnú acu.

10.  Déanfaidh údaráis rialála faireachán ar bhainistiú ar phlódú sna córais leictreachais náisiúnta, lena n-áirítear idirnascairí, agus ar chur chun feidhme na rialacha maidir le bainistiú ar phlódú. Chuige sin, cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha nó oibreoirí margaidh a gcuid rialacha maidir le bainistiú ar phlódú, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainneachta, faoi bhráid na n-údarás rialála. Féadfaidh údarás rialála leasuithe ar na rialacha sin a iarraidh.

Airteagal 60

Cinntí agus gearáin

1.  Beidh an t-údarás ag údaráis rialála a chur de cheangal ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin, más gá, na téarmaí agus coinníollacha a mhodhnú, lena n-áirítear taraifí nó modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir seo, lena áirithiú go bhfuil siad comhréireach agus á gcur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2009/...(66). I gcás go mbeidh moill ann na taraifí tarchurtha agus dáileacháin a shocrú, beidh an chumhacht ag údaráis rialála taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha tarchurtha agus dáileacháin a shocrú nó a fhormheas agus cinneadh a dhéanamh ar na bearta cúitimh iomchuí má imíonn na taraifí nó modheolaíochtaí tarchurtha nó dáileacháin deiridh ó na taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha sin.

2.  Aon pháirtí a bhfuil gearán aige i gcoinne oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin i ndáil le hoibleagáidí an oibreora sin faoin Treoir seo, féadfaidh sé an gearán a tharchur chuig an údaráis rialála a eiseoidh, agus é ag gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí, cinneadh laistigh de dhá mhí ón ngearán a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an údarás rialála. Féadfar an tréimhse fhadaithe sin a fhadú arís le comhaontú ón ngearánach. Beidh éifeacht cheangailteach ag cinneadh an údaráis rialála ach amháin má chuirtear ar neamhní é ar achomharc, agus go dtí go ndéantar é sin.

3.  Aon pháirtí a ndéantar difear dó agus a bhfuil ceart aige gearán a dhéanamh a bhaineann le cinneadh maidir le modheolaíochtaí arna dhéanamh de bhun Airteagal 59 nó, i gcás ina bhfuil dualgas ar an údarás rialála dul i gcomhairle, a bhaineann leis na taraifí nó modheolaíochtaí atá beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí, nó laistigh de thréimhse níos giorra arna foráil ag Ballstáit, tar éis an cinneadh nó an togra le haghaidh cinnidh a fhoilsiú, gearán a sheoladh isteach ina n-iarrtar athbhreithniú. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag gearán den sórt sin.

4.  Cruthóidh Ballstáit sásraí iomchuí agus éifeachtúla don rialáil, don rialú agus don trédhearcacht d’fhonn aon mhí-úsáid ceannasachta, go háirithe chun dochair custaiméirí, agus aon iompraíocht chreachach a sheachaint. Sna sásraí sin, cuirfear forálacha CFAE, go háirithe Airteagal 102 de, san áireamh.

5.  Áiritheoidh Ballstáit go ndéantar na bearta iomchuí, lena n-áirítear gníomhaíocht riaracháin nó imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach i gcás nár urramaíodh rialacha rúndachta arna bhforchur faoin Treoir seo.

6.  Beidh gearáin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan dochar d’fheidhmiú na gceart chun achomhairc faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.

7.  Beidh cinntí arna ndéanamh ag údaráis rialála go hiomlán réasúnaithe agus beidh bonn cirt leo ionas gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Beidh na cinntí ar fáil don phobal agus ag an am céanna déanfar rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ann, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid údaráis rialála difear dó achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.

Airteagal 61

Comhar réigiúnach idir údaráis rialála maidir le saincheisteanna trasteorann

1.  Rachaidh údaráis rialála i ndlúthchomhairle lena chéile agus comhoibreoidh siad lena chéile, go háirithe laistigh de ACER, agus déanfaidh siad aon fhaisnéis is gá chun a gcúraimí faoin Treoir seo a chur i gcrích a thabhairt dá chéile agus do ACER. I ndáil leis an bhfaisnéis arna malartú, áiritheoidh an t-údarás a gheobhaidh í an leibhéal céanna rúndachta agus a cheanglaítear ar an údarás as a dtagann sí.

2.  Comhoibreoidh údaráis rialála ar an leibhéal réigiúnach ar a laghad chun:

(a)  spreagadh a thabhairt chun socruithe oibríochtúla a chruthú ionas go mbeifear in ann bainistiú optamach a dhéanamh ar an ngréasán, cómhalartáin leictreachais agus leithdháileadh acmhainneachta trasteorann a chur chun cinn, agus leibhéal leormhaith acmhainneachta idirnascachta a chumasú, lena n-áirítear trí idirnascacht nua, laistigh den réigiún agus idir réigiúin ionas gur féidir forbairt a dhéanamh ar iomaíocht éifeachtacht agus feabhas a chur ar chinnteacht an tsoláthair, gan idirdhealú a dhéanamh idir soláthróirí i mBallstáit éagsúla;

(b)  formhaoirseacht chomhpháirteach na n-eintiteas a dhéanann feidhmeanna ar an leibhéal réigiúnach a chomhordú;

(c)  fhormhaoirseacht chomhpháirteach na measúnuithe náisiúnta, réigiúnacha agus Eorpacha ar leormhaitheas acmhainní a chomhordú i gcomhar leis na húdaráis eile atá páirteach;

(d)  forbairt na gcód gréasáin uile agus na dtreoirlínte do na hoibreoirí córas tarchurtha ábhartha agus do ghníomhaithe eile sa mhargadh a chomhordú; agus

(e)  forbairt na rialacha lena rialaítear an bainistiú ar phlódú a chomhordú.

3.  Beidh sé de cheart ag údaráis rialála socruithe comhoibritheacha a dhéanamh le chéile chun comhar rialála a chothú.

4.  Na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2, de réir mar is iomchuí, déanfar iad i ndlúthchomhairle leis na húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus gan dochar dá n-inniúlachtaí sonracha.

5.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí threoirlínte a bhunú maidir lena mhéid a bheidh sé de dhualgais ar na húdaráis rialála comhoibriú le chéile agus le ACER.

Airteagal 62

Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála i ndáil le lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha

1.  Déanfaidh údaráis rialála réigiúnacha an réigiúin oibríochta córais ina bhfuil lárionad comhordúcháin réigiúnach bunaithe an méid seo a leanas, i ndlúthchomhardú le chéile:

(a)  an togra go mbunófaí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Rialachán (AE) 2019/...(67) a fhormheas;

(b)  na costais a bhaineann le gníomhaíochtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ar costais iad a bheidh le seasamh ag na hoibreoirí córas tarchurtha agus a chuirfear san áireamh i ríomh na dtaraifí, a fhormheas, ar choinníoll go bhfuil na costais sin réasúnach agus iomchuí;

(c)  an próiseas cinnteoireachta comhoibrithí a fhormheas;

(d)  a áirithiú go mbeidh ag na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun a gcúraimí a dhéanamh go neamhspleách agus go neamhchlaonta;

(e)  a mholadh i gcomhpháirt leis na húdaráis rialála eile i réigiún oibríochta córais cad iad na cúraimí breise agus na cumhachtaí breise a d’fhéadfadh Ballstáit an réigiúin oibríochta córais a shannadh ar na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(f)  comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Treoir seo agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe i ndáil le saincheisteanna trasteorann agus comhairliúchán a dhéanamh chun neamhchomhlíonadh na lárionad comhordúcháin réigiúnach i leith a gcuid oibleagáidí faoi seach a shainaithint go compháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis tús a chur leis na comhairliúcháin chun críocha neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an cheist a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/...(68);

(g)  faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht chomhordúcháin córais agus tuairisciú bliantúil a dhéanamh chuig ACER ina leith sin i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/...(69).

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar na cumhachtaí a dheonú do na húdaráis rialála a fhágfaidh go bhfuil sé ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag na húdaráis rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:

(a)  faisnéis a iarraidh ó na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha;

(b)  cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ar áitreabh na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

(c)  cinntí ceangailteacha comhpháirteacha a eisiúint i leith na lárionad comhordúcháin réigiúnach;

3.  An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstáit ina bhfuil a shuíomh ag lárionad comhordúcháin réigiúnach, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar an lárionad comhordúcháin réigiúnach i gcás nach gcomhlíonann sé a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/...(70) nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.

Airteagal 63

Na cóid ghréasáin a chomhlíonadh agus treoirlínte

1.  Féadfaidh aon údarás rialála agus an Coimisiún tuairim ACER a iarraidh maidir lena mhéid atá cinneadh arna dhéanamh ag údarás rialála ag comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2009/...(71).

2.  Tabharfaidh ACER a thuairim don údarás rialála a d’iarr uaidh í nó don Choimisiún, faoi seach, agus don údarás rialála a rinne an cinneadh atá i gceist laistigh de thrí mhí ón dáta a gheobhaidh sé an iarraidh.

3.  I gcás nach gcomhlíonann an t-údarás rialála a rinne an cinneadh tuairim ACER laistigh de cheithre mhí ón lá a fhaightear an tuairim sin, cuirfidh ACER an méid sin in iúl don Choimisiún dá réir sin.

4.  Féadfaidh aon údarás rialála an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina measann sé nach bhfuil cinneadh atá ábhartha don trádáil trasteorann arna dhéanamh ag údarás rialála eile ag comhlíonadh na gcód gréasáin agus na dtreoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/...+ laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnidh sin.

5.  Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis an Coimisiún a bheith curtha ar an eolas ag ACER i gcomhréir le mír 3, nó ag údarás rialála i gcomhréir le mír 4, nó ar thionscnamh an Choimisiúin féin, laistigh de trí mhí ó dháta an chinnidh, go bhfaigheann an Coimisiún go n-ardaíonn an cinneadh ón údarás rialála amhras tromchúiseach i dtaca lena comhoiriúnacht leis na cóid ghréasáin agus leis na treoirlínte dá dtagraítear sa Treoir seo nó i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/...(72), féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás. I gcás den sórt sin, tabharfaidh sé cuireadh don údarás rialála agus do na páirtithe sna himeachtaí os comhair an údaráis rialála barúlacha a sheoladh isteach.

6.  I gcás ina ndéanann an Coimisiún cinneadh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás, eiseoidh sé, laistigh de cheithre mhí ó dháta an chinnidh sin, cinneadh críochnaitheach:

(a)  gan agóidí a ardú i gcoinne chinneadh an údaráis rialála; nó

(b)  a chur de cheangal ar an údarás rialála lena mbaineann a chinneadh a tharraingt siar ar an mbonn nár comhlíonadh na cóid ghréasáin agus na treoirlínte.

7.  Más rud é nach mbeidh Coimisiún tar éis cinneadh a dhéanamh scrúdú breise a dhéanamh ar an gcás ná tar éis cinneadh críochnaitheach a eisiúint laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach i míreanna 5 agus 6 faoi seach, measfar nár ardaigh sé agóidí i gcoinne chinneadh an údaráis rialála.

8.  Comhlíonfaidh an t-údarás rialála an cinneadh ón gCoimisiúin lena gcuirtear de cheangal air a chinneadh a tharraingt siar laistigh de dhá mhí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.

9.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 67 lena bhforlíontar an Treoir seo trí threoirlínte a bhunú ina leagtar amach mionsonraí an nós imeachta atá le leanúint chun an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 64

Taifid a choimeád

1.  Ceanglóidh Ballstáit ar sholáthróirí na sonraí ábhartha a bhaineann le gach idirbheart i gconarthaí soláthair leictreachais agus i ndíorthaigh leictreachais le custaiméirí mórdhíola agus oibreoirí córas tarchurtha a choimeád agus iad a bheith ar fáil do na húdaráis náisiúnta, lena n-áirítear an t-údarás rialála ▌, na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus an Coimisiún, chun a gcúraimí a chur i gcrích, ar feadh cúig bliana ar a laghad.

2.  Sna sonraí sin, beidh mionsonraí faoi shaintréithe na n-idirbheart ábhartha amhail rialacha maidir le ré, seachadadh agus réitigh, an chainníocht, na dátaí agus amanna a rinneadh iad agus praghsanna na n-idirbheart agus modhanna chun an custaiméir mórdhíola lena mbaineann a shainaithint, chomh maith le sonraí mionsonraithe gach conartha soláthair leictreachais agus díorthaigh leictreachais neamhréitithe.

3.  Féadfaidh an t-údarás rialála cinneadh a dhéanamh gnéithe den fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh ar choinníoll nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe aonair margaidh nó maidir le hidirbhearta aonair a scaoileadh. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le faisnéis faoi ionstraimí airgeadais a thiocfaidh faoi raon feidhme Threoir  2014/65/AE.

4.  Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo oibleagáidí breise i leith na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 a chruthú d’eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

5.  Sa chás go bhfuil rochtain ar shonraí arna gcoimeád ag eintitis a thagann laistigh de raon feidhme Threoir 2014/65/AE de dhíth ar na húdaráis dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh na húdaráis atá freagrach faoin Treoir sin na sonraí atá de dhíth orthu a sholáthar dóibh.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 65

Cothrom iomaíochta

1.  Na bearta a fhéadfaidh na Ballstáit a dhéanamh de bhun na Treorach seo chun cothrom iomaíochta a áirithiú, beidh siad ag luí le CFAE, go háirithe Airteagal 36 de, agus le dlí an Aontais.

2.  Is bearta comhréireacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha a bheidh sna bearta dá dtagraítear i mír 1. Ní fhéadfar na bearta sin a chur in éifeacht ach tar éis fógra a thabhairt don Choimisiún agus formheas a fháil ina leith.

3.  Gníomhóidh an Coimisiún i leith an fhógra dá dtagraítear i mír 2 laistigh de dhá mhí ón bhfógra a fháil. Tosóidh an tréimhse sin ar an lá tar éis an fhaisnéis iomlán a fháil. Sa chás nach mbeidh an Coimisiún tar éis gníomhú laistigh den tréimhse dhá mhí sin, measfar nár ardaigh sé agóidí i gcoinne na mbeart ar tugadh fógra ina leith.

Airteagal 66

Maoluithe

1.  Ballstáit atá in ann a léiriú go bhfuil fadhbanna substainteacha ann d’oibriú na gcóras beag nasctha agus na gcóras beag scoite atá acu, féadfaidh siad iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin ar mhaoluithe ó fhorálacha ábhartha Airteagail 7 agus 8 agus Chaibidlí IV, V agus VI.

Maidir le córais bheaga scoite agus leis an bhFrainc, chun críocha na , féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar mhaolú ó Airteagail 4, 5, agus 6 freisin.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi iarratais den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh, agus urramú don rúndacht á chur san áireamh▌.

2.  Maoluithe a dheonaíonn an Coimisiún dá dtagraítear i mír 1, beidh siad teoranta in am agus beidh siad faoi réir coinníollacha a bhfuil sé mar aidhm leo iomaíocht agus comhtháthú leis an margadh inmheánach a mhéadú agus a áirithiú nach gcuireann na maoluithe isteach ar an aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite, solúbthacht mhéadaithe, stóráil fuinnimh, leictrea-shoghluaisteacht agus freagairt don éileamh.

Is gcás na réigiún is forimeallaí de réir bhrí Airteagal 349 CFAE nach féidir a idirnascadh le margaí fuinnimh an Aontais, ní bheidh an maolú teoranta in am agus beidh sé faoi réir coinníollacha a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú nach gcuireann an maolú isteach ar an aistriú i dtreo fuinneamh in-athnuaite.

Foilseofar cinntí lena ndeonaítear maoluithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

3.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 43 maidir leis an gCipir, Lucsamburg agus Málta. Sa bhreis air sin, ní bheidh feidhm ag Airteagail 6 agus 35 agus maidir le Málta agus ní bheidh feidhm ag Airteagail 44, 45, 46, 47, 48, 49, 50 agus 52 maidir leis an gCipir.

Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 43(1), ní bheidh san áireamh sa choincheap “gnóthais a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair” custaiméirí deiridh a dhéanann aon cheann d’fheidhmeanna na giniúna agus/nó an tsoláthair leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí ghnóthais a bhfuil rialú acu orthu, bíodh sin ina n-aonar nó go comhpháirteach, ar choinníoll go bhfuil na custaiméirí deiridh, lena n-áirítear an sciar atá acu den leictreachas a tháirgtear i ngnóthais atá faoi rialú, mar mheán bliantúil, ina nglantomhaltóirí leictreachais agus ar choinníoll go bhfuil luach eacnamaíoch an leictreachais a dhíolann siad le tríú páirtithe neamhshuntasach i gcoibhéis lena n-oibríochtaí gnó eile.

4.  Go dtí an 1 Eanáir 2025, nó go dtí dáta is déanaí a leagfar amach i gcinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5 maidir leis an gCipir agus leis an gCorsaic.

5.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 maidir le Málta go dtí an ... [8 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Féadfar an tréimhse sin a a fhadú ar feadh tréimhse bhreise eile ach nach mbeidh níos mó ná ocht mbliana. An fadú ar feadh tréimhse bhreise eile, déanfar é trí bhíthin cinnidh de bhun mhír 1.

Airteagal 67

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 61(5) agus Airteagal 63(9) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 68

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 69

Faireachán, athbhreithniú agus tuairisciú ag an gCoimisiún

1.  Déanfaidh an Coimisiún tuairisciú agus faireachán ar chur i bhfeidhm na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar iarscríbhinn a ghabhfaidh leis an Tuarascáil ar Staid an Aontais Fuinnimh dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2018/1999.

2.  Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur chun feidhme na Treorach seo agus déanfaidh sé tuarascáil ina leith sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra reachtach in éineacht leis an tuarascáil nó tar éis dó an tuarascáil a thíolacadh.

San athbhreithniú ón gCoimisiún, déanfar, go háirithe, measúnú ar cibé an bhfuil custaiméirí, go háirithe iadsan atá leochaileach nó atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, cosanta go leormhaith faoin Treoir seo.

Airteagal 70

Leasuithe ar Threoir 2012/27/AE

Leasaítear Treoir 2012/27/AE mar a leanas:

(1)  leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: "

“‘Méadrú i gcomhair gás nádúrtha”;

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“1. Áiritheoidh na Ballstáit, a mhéid is féidir go teicniúil, réasúnach agus comhréireach ó thaobh airgeadais de i ndáil leis na coigiltis fuinnimh fhéideartha, go gcuirfear ar fáil méadair aonair ar phraghas iomaíoch do chustaiméirí deiridh gáis nádúrtha a léireoidh tomhaltas fuinnimh iarbhír an chustaiméara deiridh go cruinn agus a chuirfidh faisnéis faoin am úsáide iarbhír ar fáil.”;

"

(c)  leasaítear mír 2 mar a leanas:

(i)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:"

“2. I gcás ina ndéanfaidh, agus a mhéid a dhéanfaidh, na Ballstáit córais méadraithe chliste a chur chun feidhme agus méadair chliste i gcomhair gáis nádúrtha a leathadh amach i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE:”;

"

(ii)  scriostar pointí (c) agus (d)”;

(2)  leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Faisnéis bhilleála don ghás nádúrtha”;

"

(b)  i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"

“1. I gcás nach mbeidh méadair chliste dá dtagraítear i dTreoir 2009/73/CE ag custaiméirí deiridh, áiritheoidh na Ballstáit, faoin 31 Nollaig 2014, go mbeidh faisnéis bhilleála iontaofa don ghás nádúrtha cruinn agus bunaithe ar thomhaltas iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.1 d'Iarscríbhinn VIImás rud é go bhfuil sé sin indéanta go teicniúil agus go mbeidh bonn eacnamaíoch leis.”;

"

(c)  i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: "

“2. Méadair a shuiteáiltear i gcomhréir le Treoir 2009/73/CE, beidh siad in ann faisnéis bhilleála chruinn a sholáthar bunaithe ar thomhaltas iarbhír. Áiritheoidh an Ballstáit go mbeidh an fhéidearthacht ag custaiméirí deiridh rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.”;

"

(3)  in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Costas rochtana ar mhéadrú agus ar fhaisnéis bhilleála don ghás nádúrtha”;

"

(4)  in Airteagal 13, cuirtear na focail "in Airteagail 7 go 11a" in ionad na bhfocal "in Airteagail 7 go 11";

(5)  leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)  leasaítear mír 5 mar a leanas:

(i)  scriostar an chéad fhomhír agus an dara fomhír;

(ii)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:"

“Comhlíonfaidh oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn XII.”;

"

(b)  scriostar mír 8.

(6)  in Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Na ceanglais íosta do bhilleáil agus d’fhaisnéis bhilleála bunaithe ar thomhaltas iarbhír gáis nádúrtha”;

"

Airteagal 71

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun Airteagail 2 go 5, Airteagal 6(2) agus (3), Airteagal 7(1), pointe (j) agus (l) d’Airteagal 8(2), Airteagal 9(2), Airteagal 10(2) go (12), Airteagail 11 go 24, Airteagail 26, 28 agus 29, Airteagail 31 go 34 agus 36, Airteagal 38(2), Airteagail 40 agus 42, pointe (d) d’Airteagal 46(2), Airteagail 51 agus 54, Airteagail 57 go 59, Airteagail 61 go 63, pointí 1 go 3, 5(b) agus 6 d'Airteagal 70 agus Iarscríbhinní I go II a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2020. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Déanfaidh na Ballstáit na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun na pointí seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)  pointe (5)(a) d'Airteagal 70 faoin 31 Nollaig 2019;

(b)  pointe (4) d’Airteagal 70 faoin 25 Deireadh Fómhair 2020.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 72

Aisghairm

Déantar Treoir 2009/72/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta agus maidir le dáta chur i bhfeidhm na Treorach sin a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairithe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 73

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6(1), Airteagal 7(2) go (5), Airteagal 8(1), pointí (a) go (i) agus (k) d’Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(3) agus (4), Airteagal 9(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 10(2) go (10), Airteagail 25, 27, 30, 35 agus 37, Airteagal 38(1), (3) agus (4), Airteagail 39, 41, 43, 44 agus 45, Airteagal 46(1), pointí (a), (b) agus (c) agus (e) go (h) d’Airteagal 46(2), Airteagal 46(3) go (6), Airteagal 47 go 50, Airteagail 52, 53, 55, 56, 60, 64 agus 65 , beidh feidhm acu ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag pointí (1) go (3), (5)(b) agus (6) d’Airteagal 70 ón 1 Eanáir 2021.

Beidh feidhm ag pointe (5)(a) d’Airteagal 70 ón 1 Eanáir 2020.

Beidh feidhm ag pointe (4) d’Airteagal 70 ón 26 Deireadh Fómhair 2020.

Airteagal 74

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE BILLEÁIL AGUS FAISNÉIS BHILLEÁLA

1.  An fhaisnéis íosta atá le bheith ar an mbille agus san fhaisnéis bhilleála

1.1  Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille:

(a)  an praghas atá le híoc agus miondealú ar an bpraghas i gcás inar féidir, in éineacht le ráiteas soiléir gur féidir leis na foinsí fuinnimh go léir tairbhiú freisin ó dhreasachtaí nár maoiníodh trí na tobhaigh a luaitear sa miondealú ar an bpraghas agus, i gcás inarb indéanta sin, miondealú ar an bpraghas;

(b)  an dáta a mbeidh an íocaíocht dlite.

1.2  Léireofar go feiceálach an phríomhfhaisnéis seo a leanas do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus san fhaisnéis bhilleála, agus beidh sí scartha amach go soiléir ó chodanna eile den bhille agus den fhaisnéis bhilleála:

(a)  an tomhaltas leictreachais don tréimhse billeála;

(b)  ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthróra lena n-áirítear beolíne tacaíochta tomhaltóirí agus seoladh ríomhphoist;

(c)  ainm na taraife;

(d)  críochdháta an chonartha, más infheidhme;

(e)  faisnéis faoi fháil a bheith ar dheis athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus na tairbhí a ghabhann leis sin;

(f)  cód pointe seachadta an chustaiméara deiridh nó an cód uathúil aitheantais le haghaidh phointe soláthair an chustaiméara deiridh;

(g)  faisnéis faoi chearta na gcustaiméirí deiridh a mhéid a bhaineann le réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt, lena n-áirítear sonraí teagmhála an eintitis atá freagrach de bhun Airteagal 26.

(h)  an pointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 25;

(i)  nasc chuig uirlisí comparáide, nó tagairt don áit a bhfuil fáil orthu, dá dtagraítear in Airteagal 14.

1.3  I gcás ina bhfuil billí bunaithe ar thomhaltas iarbhír nó ar chianléamh ag an oibreoir, déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina mbillí réitithe tréimhsiúla, nó déanfar an fhaisnéis sin a chur leo nó comhartha ina leith sin a chur iontu:

(a)  comparáidí idir tomhaltas leictreachais reatha an chustaiméara deiridh agus tomhaltas an chustaiméara deiridh don tréimhse chéanna den bhliain roimhe sin i bhfoirm léaráide;

(b)  faisnéis theagmhála na n-eagraíochtaí tomhaltóirí, na ngníomhaireachtaí fuinnimh nó a macasamhail de chomhlachtaí, lena n-áirítear seoltaí suíomhanna gréasáin, ar féidir faisnéis a fháil uathu faoi na bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh atá ar fáil▌ le haghaidh trealamh a úsáideann fuinneamh;

(c)  comparáidí le meánchustaiméir deiridh normalaithe nó tagarmharcáilte sa chatagóir úsáideora chéanna.

2.  Minicíocht na billeála agus soláthar na faisnéise billeála:

(a)  déanfar an bhilleáil uair sa bhliain ar a laghad ar bhonn an tomhaltais iarbhír;

(b)  i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a chur ar fáil don chustaiméir deiridh ar a laghad gach sé mhí, nó uair amháin gach trí mhí, arna iarraidh sin nó i gcás ina bhfuil sé roghnaithe ag an gcustaiméir deiridh billeáil leictreonach a fháil;

(c)  i gcás nach bhfuil méadar ag custaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, nó i gcás inar roghnaigh an custaiméir deiridh go gníomhach cianléamh a dhíchumasú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, féadfar na hoibleagáidí i bpointí (a) agus (b) a chomhlíonadh trí bhíthin córas féinléitheoireachta rialta ag an gcustaiméir deiridh, trína ndéanann an custaiméir deiridh na léamha ón méadar a chur in iúl don oibreoir; ní fhéadfar an bhilleáil nó an fhaisnéis bhilleála a bheith bunaithe ar an tomhaltas measta nó ar ráta comhréidh ach amháin sa chás nár chuir an custaiméir deiridh léamh méadair ar fáil maidir le tréimhse billeála ar leith;

(d)  i gcás ina bhfuil méadar ag an gcustaiméir deiridh a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, déanfar faisnéis bhilleála bheacht bunaithe ar an tomhaltas iarbhír a sholáthar uair sa mhí ar a laghad; féadfar faisnéis den sórt a chur ar fáil tríd an idirlíon freisin, agus déanfar í a thabhairt chun dáta a mhinice is incheadaithe leis na feistí tomhais agus na córais tomhais a úsáidtear.

3.  Miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh

Suim na dtrí chomhpháirt a leanas a bheidh i bpraghas an chustaiméara deiridh: comhpháirt an fhuinnimh agus an tsoláthair, comhpháirt an ghréasáin (tarchur agus dáileadh) agus comhpháirt na gcánacha, na dtobhach, na dtáillí agus na muirear.

I gcás ina mbeidh miondealú ar phraghas an chustaiméara deiridh curtha i láthair i mbillí, úsáidfear ar fud an Aontais na sainmhínithe coiteanna ar na trí chomhpháirt sa mhiondealú sin a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(73).

4.  Rochtain ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil

Ceanglóidh na Ballstáit, sa mhéid go bhfuil fáil ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil, go gcuirfear faisnéis den sórt sin ar fáil don soláthróir nó don soláthraí seirbhíse arna ainmniú ag an tomhaltóir, arna iarraidh sin don chustaiméir deiridh.

I gcás ina mbeidh suiteáilte ag an gcustaiméir deiridh méadar a ligeann don oibreoir cianléamh a dhéanamh, beidh an custaiméir deiridh in ann rochtain a fháil go héasca ar fhaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil a chuirfidh ar a gcumas féinseiceálacha mionsonraithe a dhéanamh.

Cuimseofar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis chomhlántach faoin tomhaltas stairiúil:

(a)  sonraí carnacha do na trí bliana roimhe sin ar a laghad nó don tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais, más giorra an tréimhse sin. Comhfhreagróidh na sonraí do na tréimhsí dar táirgeadh faisnéis rialta billeála; agus

(b)  sonraí mionsonraithe de réir am na húsáide do gach lá, seachtain, mí agus bliain a chuirfear ar fáil don chustaiméir deiridh gan mhoill tríd an idirlíon nó trí chomhéadan an mhéadair, lena gcumhdaítear an tréimhse de na 24 mhí roimhe sin ar a laghad nó an tréimhse ó thús an chonartha soláthair leictreachais más giorra an tréimhse sin.

5.  Foinsí fuinnimh a nochtadh

Sonróidh na soláthróirí i mbillí an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh don leictreachas a cheannaigh an custaiméir deiridh i gcomhréir leis an gconradh soláthair leictreachais (nochtadh ar leibhéal an táirge).

Déanfar an fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil do na custaiméirí deiridh ina mbillí agus ina bhfaisnéis bhilleála, nó déanfar í a chur leo nó comhartha ina leith a chur iontu:

(a)  an cion a fuarthas ó gach foinse fuinnimh do mheascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra (ar an leibhéal náisiúnta, eadhon sa Bhallstát inar tugadh an conradh soláthair leictreachais i gcrích, agus ar leibhéal an soláthróra má tá an soláthróir gníomhach i roinnt Bhallstát) le bliain roimhe sin ar bhealach a bheidh sothuigthe agus so-chomparáide;

(b)  ▌faisnéis faoin tionchar ar an gcomhshaol, i dtéarmaí, ar a laghad, astaíochtaí CO2 agus na dramhaíola radaghníomhaí is toradh don leictreachas arna tháirgeadh le meascán fuinnimh foriomlán an tsoláthróra le bliain roimhe sin▌.

Maidir le pointe (a) den dara fomhír, i ndáil le leictreachas arna fháil trí mhalartán leictreachais nó arna allmhairiú ó ghnóthas atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, féadfar na figiúirí comhiomlána arna soláthar ag an malartán nó ag an ngnóthas atá i gceist le bliain roimhe sin a úsáid.

Do nochtadh an leictreachais ó ▌ chomhghiniúint ardéifeachtúlachta, féadfar ráthaíochtaí tionscnaimh a eiseofar de réir ▌agus Airteagal 14(10) de Threoir 2012/27/AE a úsáid. Do nochtadh leictreachais ó fhoinsí in-athnuaite, déanfar é ag baint úsáid as ráthaíochtaí tionscnaimh ach amháin sna cásanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) d’Airteagal 19(8) de Threoir (AE) 2018/2001.

Déanfaidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil náisiúnta eile na bearta is gá lena áirithiú go mbíonn an fhaisnéis a thugann na soláthróirí do na custaiméirí deiridh de bhun an phointe seo iontaofa agus go soláthraítear, ar an leibhéal náisiúnta, ar bhealach soiléir so-chomparáide í.

IARSCRÍBHINN II

CÓRAIS MÉADRAITHE CHLISTE

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar córais méadraithe chliste a leathadh amach ar a gcríocha ar féidir measúnú eacnamaíoch a dhéanamh ina leith maidir leis na costais agus na sochair uile don mhargadh agus don chustaiméir aonair san fhadtéarma nó maidir le cé na cineálacha méadraithe chliste atá barainneach agus costéifeachtach agus cén t-achar ama a bhféadfaí iad a dháileadh ann.

2.  Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh an mhodheolaíocht don anailís costais agus tairbhe agus na feidhmiúlachtaí íosta do chórais méadraithe chliste dá bhforáiltear i Moladh 2012/148/AE ón gCoimisiún(74) chomh maith leis na teicnící is fearr dá bhfuil ar fáil chun an leibhéal is airde cibearshlándála agus cosanta sonraí a áirithiú.

3.  Faoi réir an mheasúnaithe sin, ullmhóidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta ag an mBallstát maidir leis, ullmhóidh an t-údarás inniúil arna ainmniú, clár ama le suas le deich mbliana mar sprioc-am le haghaidh leathadh amach na gcóras méadraithe chliste. I gcás ina mbeidh toradh dearfach ar an measúnú ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste, beidh córais méadraithe chliste ag 80 % de na custaiméirí deiridh laistigh de sheacht mbliana ó dháta an mheasúnaithe dhearfaigh orthu nó faoin 1 Eanáir 2024 i gcás na mBallstát sin a mbeidh tús curtha acu go córasach le leathadh amach na gcóras méadraithe chliste roimh an … [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

IARSCRÍBHINN III

Liosta teorainneacha ama don trasuí sa dlí náisiúnta agus don chur i bhfeidhm

(dá dtagraítear in Airteagal 72)

Treoir

Teorainn ama don trasuí

Dáta cur i bhfeidhm

Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 211, 14.8.2009, lch. 55)

3 Márta 2011

3 Mean Fómhair 2009

IARSCRÍBHINN IV

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2009/72/CE

An Treoir seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagal 33

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 32

Airteagal 6

Airteagal 34

Airteagal 7

Airteagal 7

Airteagal 8

Airteagal 3(1)

Airteagal 9(1)

Airteagal 3(2)

Airteagal 9(2)

Airteagal 3(6)

Airteagal 9(3)

Airteagal 3(15)

Airteagal 9(4)

Airteagal 3(14)

Airteagal 9(5)

Airteagal 3(4)

Airteagal 10(1)

Iarscríbhinn I. 1

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 3(5)(a) agus Iarscríbhinn I. 1 (e)

Airteagal 12

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 3(11)

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 3(12)

Airteagal 25

Airteagal 3(13)

Airteagal 26

Airteagal 3(3)

Airteagal 27

Airteagal 3(7)

Airteagal 28(1)

Airteagal 3(8)

Airteagal 28(2)

Airteagal 29

Airteagal 24

Airteagal 30

Airteagal 25

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 33

Airteagal 34

Airteagal 26

Airteagal 35

Airteagal 36

Airteagal 27

Airteagal 37

Airteagal 28

Airteagal 38

Airteagal 29

Airteagal 39

Airteagal 12

Airteagal 40

Airteagal 16

Airteagal 41

Airteagal 23

Airteagal 42

Airteagal 9

Airteagal 43

Airteagal 13

Airteagal 44

Airteagal 14

Airteagal 45

Airteagal 17

Airteagal 46

Airteagal 18

Airteagal 47

Airteagal 19

Airteagal 48

Airteagal 20

Airteagal 49

Airteagal 21

Airteagal 50

Airteagal 22

Airteagal 51

Airteagal 10

Airteagal 52

Airteagal 11

Airteagal 53

Airteagal 54

Airteagal 30

Airteagal 55

Airteagal 31

Airteagal 56

Airteagal 35

Airteagal 57

Airteagal 36

Airteagal 58

Airteagal 37(1)

Airteagal 59(1)

Airteagal 37(2)

Airteagal 59(2)

Airteagal 37(4)

Airteagal 59(3)

 

Airteagal 59(4)

Airteagal 37(3)

Airteagal 59(5)

Airteagal 37(5)

Airteagal 59(6)

Airteagal 37(6)

Airteagal 59(7)

Airteagal 37(8)

Airteagal 37(7)

Airteagal 59(8)

 

Airteagal 59(9)

Airteagal 37(9)

Airteagal 59(10)

Airteagal 37(10)

Airteagal 60(1)

Airteagal 37(11)

Airteagal 60(2)

Airteagal 37(12)

Airteagal 60(3)

Airteagal 37(13)

Airteagal 60(4)

Airteagal 37(14)

Airteagal 60(5)

Airteagal 37(15)

Airteagal 60(6)

Airteagal 37(16)

Airteagal 60(7)

Airteagal 37(17)

Airteagal 60(8)

Airteagal 38

Airteagal 61

Airteagal 62

Airteagal 39

Airteagal 63

Airteagal 40

Airteagal 64

Airteagal 43

Airteagal 65

Airteagal 44

Airteagal 66

Airteagal 67

Airteagal 68

Airteagal 47

Airteagal 69

 

Airteagal 70

Airteagal 49

Airteagal 71

Airteagal 48

Airteagal 72

Airteagal 50

Airteagal 73

Airteagal 51

Airteagal 74

Airteagal 3(9)

Iarscríbhinn I.5

Iarscríbhinn I.2

Iarscríbhinn II.3

 

Airteagal 3(10)

Airteagal 3(16)

Airteagal 4

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 8

Airteagal 41

Airteagal 42

Airteagal 45

Airteagal 46

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN SAINMHÍNIÚ AR AN IDIRNASCAIRE

“Tugann an Coimisiún comhaontú na gcomhreachtóirí dá aire i ndáil leis an Treoir athmhúnlaithe maidir le Leictreachas agus i ndáil leis an Rialachán athmhúnlaithe maidir le Leictreachas, comhaontú ina bhfilltear ar an sainmhíniú ar “idirnascaire” a úsáidtear i dTreoir 2009/72/CE agus i Rialachán (CE) 714/2009. Aontaíonn an Coimisiún nach ionann margaí an leictreachais agus margaí eile amhail margadh an gháis nádúrtha, e.g. maidir leis an dóigh a dtrádáiltear i margadh an leictreachais táirgí nach féidir a stóráil go héasca faoi láthair agus a tháirgtear i réimse leathan suiteálacha ginte, suiteálacha ar an leibhéal dáileacháin san áireamh.  Dá bharr sin, tá éagsúlacht mhór ann i dtaobh ról na nasc le tríú tíortha in earnáil an leictreachais agus in earnáil an gháis, agus is féidir cineálacha éagsúla cur chuige rialála a roghnú dá réir.

Déanfaidh an Coimisiún scrúdú breise ar thionchar an chomhaontaithe sin agus tabharfaidh sé treoir maidir leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm nuair is gá.

Ar mhaithe le soiléire dhlíthiúil, is mian leis an gCoimisiún aird a tharraingt ar an méid seo a leanas:

Is do threalamh a nascann córais leictreachais a thagraíonn an sainmhíniú comhaontaithe ar an idirnascaire atá sa Treoir maidir le Leictreachas. Ní dhéantar idirdhealú san fhoclaíocht idir creata rialála éagsúla agus cásanna teicniúla éagsúla agus, dá réir sin, a priori, cumhdaítear sa sainmhíniú gach cineál naisc leictrigh le tríú tíortha a thagann faoi raon feidhme an chur i bhfeidhm. I dtaca leis an sainmhíniú comhaontaithe ar idirnascaire atá sa Rialachán maidir le Leictreachas, cuireann an Coimisiún i dtreis gur gá leibhéal ard comhair idir oibreoirí córais, rannpháirtithe margaidh agus rialtóirí chun margaí an leictreachais a chomhtháthú. Cé go bhféadfadh éagsúlacht a bheith ann i dtaobh raon feidhme na rialacha is infheidhme, agus sin ag brath ar an leibhéal comhtháthaithe laistigh de mhargadh inmheánach an leictreachais, ba cheart dlúth-chomhtháthú na dtríú tíortha i margadh inmheánach an leictreachais, amhail rannpháirtíocht i dtionscadail cúplála margaidh, a bheith bunaithe ar chomhaontuithe ina bhfuil cur i bhfeidhm dhlí ábhartha an Aontais ina cheanglas.”

DEARBHÚ ÓN gCOIMISIÚN MAIDIR LEIS AN RÉITEACH MALARTACH DÍOSPÓIDE

Tugann an Coimisiún dá aire comhaontú na reachtóirí a bhaineann le hAirteagal 26 chun a rialáil ar leibhéal an Aontais gurb éigean do sholáthraithe seirbhísí fuinnimh a bheith rannpháirteach sa Réiteach Malartach Díospóide. Is oth leis an gCoimisiún go ndearnadh an cinneadh sin toisc gur faoi na Ballstáit, a bhuí leis an togra ón gCoimisiún, a fágadh an rogha sin i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i dTreoir 2013/11/AE maidir leis an Réiteach Malartach ar Dhíospóidí Tomhaltóirí (an Treoir RMD) agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á gcur san áireamh freisin.

Ní faoin gCoimisiún é measúnuithe comparáideacha a dhéanamh ar shamhlacha aonair an réitigh mhalartaigh díospóide arna gcur ar bun ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, is i gcomhthéacs a oibleagáide ginearálta faireachán a dhéanamh ar thrasuí agus ar chur i bhfeidhm éifeachtach dhlí an Aontais a mheasfaidh an Coimisiún éifeachtacht fhoriomlán staideanna náisiúnta an réitigh mhalartaigh díospóide.

(1) IO C 288, 31.8.2017, lch. 91.
(2) IO C 342, 12.10.2017, lch. 79.
(3) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.
(4)IO L 288, 31.8.2017, lch. 91.
(5)IO L 342, 12.10.2017, lch. 79.
(6) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019.
(7)Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55).
(8) Treoir 2003/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2003 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n-aisghairtear Treoir 96/92/CE (IO L 176, 15.7.2003, lch. 37), a aisghaireadh agus cuireadh, le héifeacht ón 2 Marta 2011, Treoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhrialacha don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 55) in ionad.
(9)Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... (IO …).
(10)+Nóta do IO: Cuirtear isteach sa téacs uimhir an Rialacháin agus cuirtear isteach san fhonóta an uimhir, an dáta, an teideal iomlán leis na sonraí foilseacháin IO do dhoiciméad 2016/0379 - PE -CONS 9/19.
(11)Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE agus Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch.1).
(12) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(13) Rialachán (AE) 2019/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … (IO …).
(14)+ Nóta do IO: cuir uimhir an Rialacháin isteach sa téacs, agus cuir an uimhir, an dáta, an teideal iomlán agus sonraí foilseacháin IO san fhonóta do dhoiciméad 2016/0378 (COD) - PE -CONS 83/19, le do thoil.
(15) Treoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa ghás nádúrtha agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/55/CE (IO L 211, 14.8.2009, lch. 94)
(16)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(17) IO L 19, 20.7.2006, lch. 18.
(18) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(19)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(20)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(21)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(22)IO L 369, 17.12.2011, lch. 14.
(23)+ Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach na sonraí foilsiúcháin IO san fhonóta do dhoiciméad 2016/0379(COD) - PE CONS ...9/19.
(24)Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).
(25)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1348/2014 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2014 maidir le sonraí a thuairisciú i dtaca le cur chun feidhme Airteagal 8(2) agus Airteagal 8(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 363, 18.12.2014, lch. 121).
(26)+ Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE CONS 9/19.
(27)+ Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE CONS 9/19.
(28)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(29)Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(30)Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(31)Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint ha hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).
(32)Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
(33)Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(34)+ Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE CONS 9/19.
(35)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(36)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS .../19.
(37)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(38)Treoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).
(39)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(40)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS .../19.
(41)Rialachán (AE) Uimh. 2017/1485 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2017 lena mbunaítear treoirlíne maidir le hoibríocht córas tarchurtha leictreachais (IO L 220, 25.8.2017, lch. 1).
(42)Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
(43)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(44)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(45)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(46)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(47)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(48)Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le gnéithe áirithe de dhlí na gcuideachtaí (IO L 169, 30.6.2017, lch. 46).
(49)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(50)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(51)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(52)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(53)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9 /19.
(54)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(55)+ Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0378(COD) - PE CONS 83/19.
(56)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(57)+Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(58)++ Nóta do IO: Cuirtear isteachNóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0378(COD) - PE CONS 83/19.
(59)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 83/19.
(60)++Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0378(COD) - PE‑CONS 83/19.
(61)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(62)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(63)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(64)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(65)++Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0378(COD) - PE‑CONS 83/19.
(66)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(67)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(68)++ Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0378(COD) - PE CONS 83/19.
(69)+ Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE CONS 9/19.
(70)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(71)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(72)+Nóta do IO: Cuirtear isteach uimhir an Rialacháin ón doiciméad 2016/0379(COD) - PE‑CONS 9/19.
(73) Rialachán (AE) 2016/1952 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le staidreamh Eorpach i ndáil le praghsanna gáis nádúrtha agus leictreachais agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/92/CE (IO L 311, 17.11.2016, lch. 1).
(74)Moladh 2012/148/AE ón Coimisiún an 9 Márta 2012 maidir le hullmhúcháin do leathadh amach na gcóras méadrúcháin cliste (IO L 73, 13.3.2012, lch. 9).


An margadh inmheánach sa leictreachas ***I
PDF 560kWORD 185k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an margadh inmheánach sa leictreachas (athmhúnlú) (COM(2016)0861 – C8-0492/2016 – 2016/0379(COD))
P8_TA-PROV(2019)0227A8-0042/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0861),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0492/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, Bundestag na Gearmáine, Parlaimint na Spáinne, Seanad na Fraince, Parlaimint na hUngáire, Comhairle Chónaidhm na hOstaire, Sejm na Polainne, Seanad na Polainne, Teach na dTeachtaí sa Rómáin agus Seanad na Rómáine, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 31 Bealtaine 2017(1)

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 13 Iúil 2017(2)

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(3),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 13 Iúil 2017 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Rialacha 104 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus don tuairim ón gCoiste an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0042/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathruithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo, agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2.  á thabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 26 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas (athmhúnlú)

P8_TC1-COD(2016)0379


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(6),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) a leasú go suntasach roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh ar an Rialachán, ba cheart é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

(2)  Is é is aidhm don Aontas Fuinnimh fuinneamh sábháilte, slán, inbhuanaithe, iomaíoch agus inacmhainne a chur ar fháil do chustaiméirí deiridh – líonta tí agus gnóthaí. Go stairiúil, bhíodh an córas leictreachais faoi smacht ag monaplachtaí a bhí comhtháite go hingearach, faoi sheilbh poiblí go minic, a raibh gléasraí cumhachta móra láraithe núicléacha nó breosla iontaise acu. Is é is aidhm don mhargadh inmheánach don leictreachas, atá á chur chun feidhme de réir a chéile ó 1999 ar aghaidh, ná fíor-rogha, deiseanna nua gnó agus tuilleadh trádála trasteorann a thabhairt do thomhaltóirí uile an Aontais, saoránaigh agus gnóthaí araon, chun éifeachtúlacht a mhéadú, chun praghsanna iomaíocha agus caighdeáin níos airde seirbhíse a bhaint amach agus chun rannchuidiú le slándáil an tsoláthair agus leis an inbhuanaitheacht. Tháinig méadú ar an iomaíocht, go háirithe ar an leibhéal mórdhíola, agus ar an trádáil thraschreasach a bhuí leis an margadh inmheánach don leictreachas. Tá sé mar bhunsraith fós le margadh fuinnimh éifeachtúil.

(3)  Tá an t-athrú is mó ar chóras fuinnimh an Aontais leis na deicheanna de bhlianta ar siúl faoi láthair agus tá an margadh leictreachais i gcroílár an athraithe sin. Leis an sprioc choiteann dícharbónú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh, cruthaítear deiseanna agus dúshláin nua do rannpháirtithe margaidh. Ag an am céanna, fágann forbairtí teicneolaíochta go bhfuil bealaí nua ann do rannpháirtíocht na dtomhaltóirí agus don chomhar trasteorann.

(4)  Leis an Rialachán seo bunaítear rialacha chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas a áirithiú, agus áirítear ceanglais a bhaineann le cineálacha fuinnimh in-athnuaite agus beartas comhshaoil a fhorbairt, go háirithe roinnt rialacha sonracha a bhaineann le cineálacha saoráidí áirithe giniúna cumhachta in-athnuaite, i dtaca leis an gcothromú fregrachta, seoladh agus athsheoladh, mar aon le tairseach le haghaidh astaíochtaí CO2 as acmhainneacht ghiniúna nua i gcásanna ina mbíonn acmhainneacht den sórt sin faoi réir bearta sealadacha chun an leibhéal leormhaitheasa cuimsitheach is gá a áirithiú, eadhon, sásraí acmhainneachta.

(5)  Ba cheart leictreachas ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite ó shaoráidí giniúna fuinnimh beaga trí ordú tosaíochta sonrach sa mhodheolaíocht seolta nó trí cheanglais dhlíthiúla nó rialála d’oibreoirí margaidh chun an leictreachas seo a sholáthar ar an margadh. Ba cheart seoladh tosaíochta arna dheonú sna seirbhísí oibrithe córais faoi na coinníollacha eacnamaíocha céanna a mheas mar a bheith i gcomhréir leis an Rialachán seo. I gcás ar bith, ba cheart seoladh tosaíochta a mheas mar a bheith comhsheasmhach le rannpháirtíocht na saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite sa mhargadh fuinnimh.

(6)  Tharla méadú ar an saobhadh ar mhargadh mórdhíola an leictreachais de dheasca idirghabhálacha stáit – ar minic iad a bheith deartha go neamhchomhordaithe – rud a d’fhág drochiarmhairt ar chúrsaí infheistíochta agus trádála trasteorann.

(7)  San am a chuaigh thart, bhí custaiméirí leictreachais iomlán éighníomhach, agus formhór an ama ba ar praghsanna rialáilte, nach raibh aon bhaint dhíreach acu leis an margadh, a cheannaigh siad leictreachas. Amach anseo, is gá go mbeidh sé ar chumas na gcustaiméirí a bheith iomlán rannpháirteach sa mhargadh ar chomhchéim le rannpháirtithe eile an mhargaidh, agus go mbeidh de chumhacht acu a dtomhaltas fuinnimh féin a bhainistiú. Chun an sciar den fhuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú, ar sciar den mhargadh é atá ag dul i méid, ba cheart úsáid a bhaint as gach foinse solúbthachta a bheidh ar fáil, go háirithe réitigh cliathánacha agus stóráil fuinnimh a éileamh, agus ba cheart dóibh úsáid a bhaint as digitiú trí theicneolaíochtaí nuálacha a chomhtháthú leis an gcóras leictreachais. Chun dícharbónú a bhaint amach ar an gcostas is ísle, is gá don chóras leictreachais nua seo éifeachtúlacht fuinnimh a spreagadh freisin. Le cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh trí chomhtháthú éifeachtach an fhuinnimh inathnuaite, féadfar infheistíochtaí a spreagadh ar bhonn fadtéarmach agus féadfar rannchuidiú le baint amach chuspóirí an Aontais Fuinnimh agus chreat beartais aeráide agus fuinnimh 2030, mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Eanair 2014 dár teideal ‘A policy framework for climate and energy in the period from 2020 to 2030’ ‘Creat beartais maidir le haeráid agus fuinneamh sa tréimhse ó 2020 go 2030’ agus a formhuiníodh a ghlac an Chomhairle Eorpach ag a cruinniú an 23 agus 24 Deireadh Fómhair.

(8)  Ar mhaithe leis an margadh a bheith níos comhtháite agus de thoradh an athraithe i dtreo táirgeadh leictreachais atá níos luanaí, is gá iarrachtaí méadaithe a dhéanamh chun beartais náisiúnta fuinnimh a chomhordú le beartais na gcomharsan agus na deiseanna a thagann ón trádáil fuinnimh trasteorann a thapú.

(9)  Tá forbairt tagtha ar na creataí rialála, rud a fhágann gur féidir leictreachas a thrádáil ar fud an Aontais. Tacaíodh leis an bhforbairt sin trí roinnt cód gréasáin, agus treoirlínte do chomhtháthú na margaí leictreachais, a ghlacadh. Tá forálacha sna cóid ghréasáin agus treoirlínte sin maidir le rialacha margaidh, oibriú na gcóras agus nascadh leis an ngréasán. Chun trédhearcacht iomlán a áirithiú agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, ba cheart na príomhphrionsabail i dtaca le feidhmiú an mhargaidh agus leithdháileadh acmhainneachta i gcreataí ama na margaí um chothromú, na margaí ionlae, na margaí lá roimh ré agus na margaí todhchaíochta a ghlacadh de bhun an ghnáthnós imeachta reachtaigh agus iad a chuimsiú in aon ghníomh reachtach de chuid an Aontais amháin.

(10)  Le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh 2017/2195 ón gCoimisiún(8), bunaítear an próiseas faoinar féidir le hoibreoirí córas tarchurtha a gcuid cúraimí ar fad, nó cuid díobh, a tharmligean chuig tríú páirtí. Ba cheart go mbeadh an fhreagracht fós ar na hoibreoirí córas tarchurtha a dhéanann an tarmligean as a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí atá sa Rialachán seo. Anuas air sin, ba cheart go mbeadh ar chumas na mBallstát cúraimí agus oibleagáidí a shannadh chuig tríú páirtí. Ba cheart go mbeadh sannadh den sórt sin teoranta do chúraimí agus d’oibleagáidí a fhorghníomhaítear ar an leibhéal náisiúnta, amhail socraíocht éagothroime. Níor cheart go mbeadh na teorainneacha ar shannadh den sórt sin ina siocair le hathruithe gan ghá ar na socruithe náisiúnta arb ann dóibh cheana. Ba cheart d’oibreoirí córas tarchurtha a bheith fós freagrach, áfach, as na cúraimí a thugtar ar iontaoibh dóibh faoi Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9)(10).

(11)  Maidir leis na margaí don chothromú, ní féidir praghasmhúnlú éifeachtúil agus neamhshaobhach a bheith ann le linn acmhainneacht don chothromú agus fuinneamh don chothromú a bheith á soláthar mura n-áirithítear nach de réir na gconarthaí acmhainneachta don chothromú a shocraítear praghas an fhuinnimh don chothromú. Tá an méid sin gan dochar do na córais seolta a úsáideann próiseas comhtháite sceidealúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/2195.

(12)  Le hAirteagail 18, 30 agus 32 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2195 bunaítear gur cheart don mhodh praghsála do tháirgí caighdeánacha agus sonracha araon lena gcothromaítear fuinneamh dreasachtaí dearfacha a chruthú do rannpháirtithe sa mhargadh trí chothromú an chórais i limistéar phraghas na míchothromaíochta a choinneáil ar bun iad féin nó trí chuidiú lena chur ar bun arís, agus leis sin laghdaítear míchothromaíochtaí córais agus costais don tsochaí. Ba cheart a bheith mar aidhm ag cuir chuigí den chineál sin úsáid éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de a bhaint as an bhfreagairt don éileamh agus as acmhainní cothromúcháin eile, faoi réir teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil.

(13)  Ba cheart go ndéanfadh comhtháthú na margaí fuinnimh éascú ar fheidhmiú éifeachtúil an margaidh ionlae chun an fhéidearthacht a chruthú do rannpháirtithe sa mhargadh iad féin a chothromú chomh gar is féidir don fhíor-am, arna shocrú le hamanna dúnta an gheata um fhuinneamh don chothromú dá bhforáiltear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 2017/2195. Níor cheart do na hoibreoirí córas tarchurtha ach na héagothromaíochtaí a bheidh fágtha tar éis dheireadh an mhargaidh ionlae a chothromú sa mhargadh don chothromú. Le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2017/2195, foráiltear do chomhchuibhiú a dhéanamh ar an tréimhse réitigh míchothromaíochta go dtí 15 nóiméad san Aontas freisin. Is é is cúis leis an gcomhchuibhiú sin an trádáil ionlae a thacú agus forbairt líon táirgí trádála ag a mbeadh an ionú seachadta céanna a chothú.

(14)  Chun a chur ar chumas na n-oibreoirí córais tarchurtha acmhainneacht don chothromú a fháil agus a úsáid ar bhealach éifeachtúil, eacnamaíoch, agus margadhbhunaithe, ní mór comhtháthú an mhargaidh a chothú. I dtaca leis an méid sin, le Teideal IV de Rialachán (AE) 2017/2195, bunaíodh trí mhodheolaíocht lenar féidir le hoibreoirí córas tarchurtha acmhainneacht thraschreasach a leithdháileadh ar mhaithe le hacmhainneacht don chothromú a mhalartú agus cúltacaí a chomhroinnt, nuair a thacaítear leis sin ar bhonn anailís chostais agus tairbhe: an próiseas comhoptamúcháin, an próiseas leithdháilte margadhbhunaithe agus an leithdháileadh bunaithe ar anailís ar éifeachtúlacht eacnamaíoch. Is ar bhonn lá roimh ré atá an próiseas leithdháilte comhoptamúcháin le déanamh. I gcomparáid leis sin, is féidir próiseas leithdháilte margadhbhunaithe a dhéanamh i gcás ina ndéantar an chonraitheoireacht tráth nach faide ná aon seachtain amháin sula soláthraítear an acmhainneacht don chothromú agus is féidir an leithdháileadh a bhunaítear ar an anailís ar éifeachtúlacht eacnamaíoch a dhéanamh i gcás ina ndéantar an chonraitheoireacht tráth is faide ná aon seachtain amháin sula soláthraítear an acmhainneacht don chothromú, ar choinníoll go mbíonn teorainn leis na méideanna a leithdháiltear agus go ndéantar measúnú gach bliain. A luaithe a bheidh an próiseas leithdháilte don acmhainneacht thraschreasach formheasta ag na húdaráis rialála ábhartha, d’fhéadfadh dhá oibreoir córais tarchurtha nó níos mó an mhodheolaíocht sin a chur i bhfeidhm go luath chun taithí a ghnóthú agus d’fhonn cur chun feidhme rianúil na modheolaíochta sin ag níos mó oibreoirí córas tarchurtha a cheadú sa todhchaí. Ina ainneoin sin, ba cheart do gach oibreoir córais tarchurtha cur i bhfeidhm na modheolaíochta den sórt sin, nuair is ann di, a chomhchuibhiú chun comhtháthú an mhargaidh a chothú.

(15)  Le Teideal V de Rialachán (AE) 2017/2195, bunaíodh gurb é is cuspóir ginearálta don réiteach míchothromaíochta a áirithiú go dtacaíonn gach páirtí a bhfuil freagracht air as an gcothromaíocht le cothromúan chórais go héifeachtúil agus dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe margaidh as ucht cothromú an chórais a choinneáil ar bun nó í a chur ar ais ar bun arís. Ionas gur féidir leis na margaí don chothromú agus leis an gcóras foriomlán fuinnimh a bheith in oiriúint do chomhtháthú sciaranna méadaitheacha foinsí athraitheacha in-athnuaite, ní mór go mbeadh na praghsanna d’éagothromaíochtaí ina léiriú ar luach fíor-ama an fhuinnimh. Ba cheart go mbeadh freagracht airgeadais ar gach rannpháirtí sa mhargadh as míchothromaíochtaí a chruthaíonn siad sa chóras, atá mar léiriú ar an difríocht idir an méid leithdháilte agus an suíomh deiridh ar an margadh. Maidir le comhbhailitheoirí freagairtí ar éileamh, déantar an méid leithdháilte as an méid fuinnimh arna ghníomhachtú go fisiciúil ag lód na na gcustaiméirí rannpháirteacha, bunaithe ar thomhas sainithe agus bunmhodheolaíocht.

(16)  Le Rialachán (AE) 2015/1222 ón gCoimisiún,(11) leagtar amach treoirlínte mionsonraithe faoi leithdháileadh traschreasach acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú sna margaí lá roimh ré agus ionlae, lena n-áirítear na ceanglais maidir le modheolaíochtaí coiteanna a bhunú lena gcinnfear méideanna na hacmhainneachta a chuirfear ar fáil in éineacht sna criosanna tairisceana, critéir measta éifeachtúlachta, agus próiseas athbhreithniúcháin chun na criosanna thairisceana a shainiú. Leagtar amach in Airteagail 32 agus 34 de Rialachán (AE) 2015/1222 rialacha maidir le cumraíocht na gcriosanna tairisceana a athbhreithniú; in Airteagail 41 agus 54 de, leagtar amach teorainneacha comhchuibhithe maidir le praghsanna uasta agus íosta imréitigh le haghaidh creataí ama lá roimh ré agus ionlae; leagtar amach in Airteagal 59 de rialacha maidir le hamanna dúnta an gheata thraschreasaigh ionlae; ach in Airteagal 74 de, leagtar amach rialacha maidir le modheolaíocht a bhaineann le comhroinnt costas athsheolta agus fritrádála.

(17)  Le Rialachán (AE)  2016/1719 ón gCoimisiún,(12) leagtar amach rialacha mionsonraithe faoi leithdháileadh traschreasach acmhainneachta, faoi mhodheolaíocht choiteann a bhunú lena gcinnfear an acmhainneacht thraschreasach fhadtéarmach, faoi aon ardán amháin um leithdháileadh a bhunú ar an leibhéal Eorpach a chuirfeadh cearta fadtéarmacha tarchurtha ar fáil, agus rialacha faoin bhféidearthacht go bhféadfaí cearta fadtéarmacha tarchurtha a chur ar ais agus leithdháileadh todhchaí acmhainneachta a fháil ina dhiaidh sin ina n-ionad nó cearta fadtéarmacha tarchurtha a aistriú i measc rannpháirtithe sa mhargadh. Leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2016/1719 den treoirlíne rialacha maidir le táirgí fálaithe todhchaíochta.

(18)  Le Rialachán (AE) 2016/631 ón gCoimisiún,(13) leagtar amach na ceanglais a bhaineann le saoráidí giniúna cumhachta a nascadh leis an gcóras idirnasctha, eadhon modúil giniúna cumhachta shioncrónacha, modúil páirce cumhachta, agus modúl páirce cumhachta eischósta. Tá na ceanglais ina chuidiú, chun a áirithiú go mbeidh dálaí cothroma iomaíochta sa mhargadh inmheánach leictreachais, chun slándáil an chórais a áirithiú, agus chun leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite fuinnimh leictreachais a chomhtháthú, agus chun an trádáil sa leictreachas a éascú ar fud an Aontais. Leagtar amach in Airteagal 66 agus in Airteagal 67 de Rialachán (AE) 2016/631 rialacha maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i réimse na giniúna leictreachais.

(19)  Is bunchloch de thrádáil leictreachais mhargadh-bhunaithe iad criosanna tairisceana a léiríonn dáileadh soláthair agus éilimh agus is réamhriachtanas iad chun poitéinseal iomlán na modhanna leithdháilte acmhainneachta a bhaint amach, lena n-áirítear an cur chuige sreabh-bhunaithe. Ba cheart, dá bhrí sin, go saineofaí criosanna tairisceana ar bhealach lena n-áiritheofaí leachtacht mhargaidh, bainistiú éifeachtúil ar phlódú agus éifeachtúlacht mhargaidh fhoriomlán. Nuair a sheolann údarás rialála nó oibreoir córais tarchurtha athbhreithniú ar chumraíocht creasa tairisceana atá ann cheana le formheas a údaráisrialála inniúil, do limistéir tairisceana laistigh de limistéar smachta an oibreora córais tarchurtha, má tá tionchar diomaibhseach ag cumraíocht an chreasa tairisceana ar limistéir smachta oibreoirí córas tarchurtha comharsanacha, lena n-áirítear idirnascairí, agus más gá an t-athbhreithniú ar chumraíocht an chreasa tairisceana chun éifeachtúlacht a fheabhsú, chun deiseanna trádála trasteorann a uasmhéadú nó chun slándáil oibríochtúil a chaomhnú, ba cheart nach mbeadh oibreoir córais tarchurtha nó údaráis rialálarialála inniúil rannpháirteach san athbhreithniú ach amháin oibreoir córais tarchurtha an limistéir smachta ábhartha agus an t-údarás rialála inniúil faoi seach . Ba cheart don oibreoir córais tarchurtha agus an t-údarás rialála inniúil réamhfhógra a thabhairt do na hoibreoirí córas tarchurtha comharsanacha faoin athbhreithniú agus ba cheart torthaí an athbhreithnithe a fhoilsiú. Ba cheart go bhféadfaí athbhreithniú ar chrios tairsceana réigiúnach a sheoladh ag leanúint as tuarascáil theicniúil maidir le plódú i gcomhréir le hAirteagal 14 den Rialachán seo nó i gcomhréir le nósanna imeachta atá ann cheana a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/1222.

(20)  Nuair a dhéanann lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh acmhainneachta, ba cheart dóibh uasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha gan chostas á mbreithniú acu agus urraim á tabhairt acu ar theorainneacha slándála oibríochtúla oibreoirí córais tarchurtha sa Réigiún um Ríomh Acmhainneachta. I gcás nach mbíonn acmhainneacht atá cothrom leis an tairsí íosta acmhainne a leagtar amach sa Rialachán seo nó thairsti mar thoradh ar an ríomh, ba cheart do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha breithniú a dhéanamh ar gach gníomhaíocht cheartaitheach chostasach atá ar fáil chun méadú breise a dhéanamh ar acmhainneacht suas go dtí na híosacmhainní, lena n-áirítear poitéinseal a athsheoladh taobh istigh de na réigiúin um ríomh acmhainneachta agus idir na réigiúin sin, agus teorainneacha slándála oibríochtúla na n-oibreoirí córais tarchurtha na Réigiún um Ríomh Acmhainneachta á n-urramú acu ag an am céanna. Ba cheart do oibreoirí córais tarchurtha tuairisciú a dhéanamh go beacht agus go trédhearcach maidir le gach gné den ríomh acmhainneachta de bhun na n-oibleagáidí i gcomhréir leis an Rialachán seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil gach faisnéis arna cur chuig lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cruinn agus oiriúnach dá feidhm.

(21)  Agus ríomh acmhainneachta á dhéanamh acu, déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh ar acmhainneachtaí traschreasacha, ag baint úsáid as sonraí ó oibreoirí córas tarchurtha, lena n-urramaítear na teorainneacha slándála oibríochtúlaagus limistéir smachta na n-oibreoirí córais tarchurtha faoi seach. Ba cheart d’oibreoirí córas tarchurtha imeacht ó ríomh acmhainneachta comhordaithe i gcás ina mbeadh sárú ar theorainneacha slándála oibríochtúla de ghnéithe líonra ina limistéar smachta mar thoradh ar a chur chun feidhme. Ba cheart faireachán cúramach a dhéanamh ar na diallais sin agus tuairisciú trédhearcach a dhéanamh orthu chun mí-úsáid a chosc agus chun a áirithiú nach mbeidh méid na hacmhainneachta idirnaisc a chuirfear ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh teoranta, chun plódú laistigh de chrios tairisceana a réiteach. I gcás ina bhfuil plean gníomhaíochta i bhfeidhm, ba cheart go gcuirfí diallais san áireamh sa phlean gníomhaíochta agus go rachfaí i ngleic leis an gcúis atá leo.

(22)  Ba cheart a leagan amach i gcroíphrionsabail an mhargaidh gur bunaithe ar éileamh agus ar sholáthar a shocrófar praghsanna leictreachais. Ba cheart comhartha a thabhairt leis na praghsanna sin i leith tráthanna ina mbíonn leictreachas ag teastáil, le dreasachtaí margadhbhunaithe a sholáthar chun infheistíochtaí a dhéanamh i bhfoinsí solúbthachta amhail giniúint sholúbtha, idirnascadh, freagairt don éileamh nó stóráil fuinnimh.

(23)  Bíodh is gur ceann de spriocanna an Aontais Fuinnimh dícharbónú na hearnála fuinnimh, agus méadú ar an sciar den mhargadh atá ag fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite, tá sé ríthábhachtach go mbainfí den mhargadh na bacainní atá ann faoi láthair roimh thrádáil trasteorann agus go spreagfaí infheistíochtaí sa bhonneagar tacaíochta, mar shampla, giniúint níos solúbtha, idirnascadh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh. Chun tacú leis an athrú seo chuig giniúint inathraithe agus dháilte, agus chun a áirithiú go mbeidh prionsabail an mhargaidh fuinnimh ina mbunús leis na margaí fuinnimh a bheidh san Aontas amach anseo, tá sé ríthábhachtach béim as an nua a leagan ar mhargaí gearrthéarma agus ar phraghsáil bunaithe ar theirce.

(24)  Déanann na margaí gearrthéarma an leachtacht agus an iomaíocht a fheabhsú trí cheadú do níos mó acmhainní rannpháirt a bheith acu sa mhargadh, go háirithe acmhainní atá níos solúbtha. Tabharfaidh praghsáil éifeachtach teirce spreagadh do rannpháirtithe sa mhargadh freagairt ar chomharthaí ón margadh agus a bheith ar fáil ag an tráth is mó a mbeidh an gá is mó leo sa mhargadh agus áirithíonn sé gur féidir leo a gcostas a aisghabháil ar an margadh mórdhíola. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach a áirithiú go ▌mbainfear uasteorainneacha praghsála riaracháin agus intuigthe chun praghsáil teirce a cheadú. Nuair a bheidh siad neadaithe go hiomlán i struchtúr an mhargaidh, beidh margaí gearrthéarmacha agus praghsáil teirce ina gcuidiú chun roinnt de na bearta eile atá suaiteach don mhargadh a bhaint, amhail sásraí acmhainneachta, ar mhaithe le slándáil an tsoláthair a áirithiú. Ag an am céanna, níor cheart go gcuirfí i mbaol, le praghsáil teirce gan uasteorainneacha praghsála sa mhargadh mórdhíola, an deis a bheith ann praghsanna iontaofa cobhsaí a bheith ar fáil do chustaiméirí deiridh, go háirithe líonta tí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus custaiméirí tionsclaíocha.

(25)  Gan dochar d’Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), laghdaíonn maoluithe ó bhunphrionsabail an mhargaidh, amhail freagracht as cothromú, seoladh margadhbhunaithe nó ▌athsheoladh, comharthaí solúbthachta agus feidhmíonn siad mar bhacainní roimh fhorbairt réiteach amhail stóráil fuinnimh, freagairt don éileamh nó comhiomlánú. Cé go bhfuil maoluithe riachtanach fós chun ualach riaracháin gan ghá ar rannpháirtithe margaidh áirithe, go háirithe custaiméirí tí agus FBManna, a sheachaint, níl maoluithe leathana lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí iomlána ag teacht leis an aidhm i dtaca le próiseas don dícharbónú margadhbhunaithe éifeachtúil a bhaint amach agus, dá bhrí sin, ba cheart bearta atá níos spriocdhírithe a chur ina n-áit.

(26)  Is é atá sa réamhchoinníoll maidir le hiomaíocht éifeachtach sa mhargadh inmheánach sa leictreachas ná muirir neamh-idirdhealaitheacha, trédhearcacha agus leormhaithe a bheith ann ar úsáid an ghréasáin, lena n-áirítear línte idirnasctha sa chóras tarchurtha. ▌

(27)  Mar thoradh ar chiorruithe neamhchomhordaithe ar acmhainneachtaí na n-idirnascairí, tá méadú ag teacht ar an teorannú atáthar a dhéanamh ar mhalartú an leictreachais i measc na mBallstát ionas gur constaic thromchúiseach anois an méid sin roimh mhargadh inmheánach feidhmiúil don leictreachais a fhorbairt. Ba cheart, dá bhrí sin, leibhéal uasta acmhainneacht na n-idirnasc agus na n-eilimintí líonra ríthábhachtach a chur ar fail, lena gcomhlíontar leis na caighdeáin sábháilteachta faoinar féidir leis an gcóras feidhmiú go slán, lena n-áirítear na caighdeáin slándála do theagmhais (N-1) a urramú. Tá roinnt teorainneacha, áfach, leis an leibhéal acmhainneachta a shocrú in eangach mogalra. Ní mór íosteorainn shoiléir acmhainneachta atá ar fáil do thrádáil thraschreasach a chur i bhfeidhm chun éifeachtaí lúbshreafaí agus plóduithe inmheánacha ar thrádáil thraschreasach a laghdú agus lena gcuirfear luach intuartha acmhainneachta ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh. I gcás ina n-úsáidtear cur chuige sreabhadhbhunaithe, ba cheart don leibhéil íosta acmhainne sin sciar íosta d’acmhainneacht gné riachtanaí thraschreasaí nó inmheánaí den chóras a thugann aird ar theorainneacha oibríochtúla slándála a chinneadh, a úsáidfear mar ionchur do ríomh comhordaithe acmhainneachta faoi Rialachán (AE) 2015/1222, agus teagmhais á gcur san áireamh. Is féidir an sciar acmhainneachta iomlán atá fágtha a úsáid i gcomhair na gcorrlach iontaofachta, na lúbshreafaí agus na sreafaí inmheánacha. Thairis sin, i gcás fadhbanna intuartha i dtaca le maoluithe ar shlándáil eangaí a áirithiú, féadfar glacadh le maoluithe i gcomhair idirthréimhse theoranta. Ba cheart go mbeadh modheolaíocht ag gabháil le maoluithe den chineál sin mar aon le tionscadail lena ndéantar foráil i gcomhair réiteach fadtéarmach.

(28)  Maidir leis an gcumas tarchurtha ina bhfuil feidhm ag an gcritéar tairsí 70 % lena n-úsáidtear cur chuige glanacmhainneachta tarchurtha comhordaithe (GTC) tarchur uasta na cumhachta gníomhaí lena n-urramaítear teorainneacha slándála oibríochtúlaagus lena gcuirtear teagmhais san áireamh. Le ríomh comhordaithe na hacmhainne seo, cuirtear san áireamh nach ndáiltear sreabha leictreachais idir comhpháirteanna aonair go cothrom agus ní amhain go gcuirtear acmhainní breise ar línte idirnasctha. Leis an acmhainn seo, ní chuirtear an corrlach iontaofachta, na lúbshreabha nó na sreafaí inmheánacha laistigh den 30 % eile san áireamh.

(29)  Tá sé tábhachtach go seachnófar saobhadh iomaíochta mar thoradh ar chaighdeáin éagsúla sábháilteachta, oibríochta agus pleanála a bheith in úsáid ag oibreoirí córas tarchurtha sna Ballstáit. Thairis sin, ba cheart go mbeadh trédhearcacht ann do rannpháirtithe sa mhargadh maidir leis an acmhainneacht aistrithe atá ar fáil agus maidir leis na caighdeáin slándála, pleanála agus oibríochta a dhéanann difear do na hacmhainneacht aistrithe atá ar fáil.

(30)  Chun na hinfheistíochtaí atá de dhíth a stiúradh go héifeachtúil, ní mór do phraghsanna comharthaí a thabhairt faoin áit is mó ina bhfuil an leictreachas ag teastáil. Faoi chórais leictreachais atá bunaithe ar chriosanna, is gá, chun comharthaí cearta a thabhairt faoi na suíomhanna, criosanna tairisceana a chinneadh ar mhodh comhsheasmhach, oibiachtúil agus iontaofa trí phróiseas trédhearcach. Chun a áirithiú go ndéanfar gréasán leictreachais an Aontais a oibriú agus a phleanáil ar bhealach éifeachtúil agus chun comharthaí praghsála éifeachtacha a chur ar fáil don acmhainneacht nua ghiniúna, don fhreagairt don éileamh agus don bhonneagar tarchuir, ba cheart do na criosanna tairisceana a bheith ina léiriú ar phlódú struchtúrach. Go háirithe, níor cheart acmhainneacht thrascreasach a laghdú chun plódú inmheánach a réiteach.

(31)  Chun prionsabail éagsúla a bhaineann le barrfheabhsú criosanna tairisceana a léiriú gan margaí leachtacha agus infheistíochtaí eangach a chur i gcontúirt, ba cheart foráil a dhéanamh chun plódú a shárú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh idir crios tairisceana nó bearta amhail atreisiú na n-eangach agus barrfheabhsú na n-eangach a athfhoirmiú. Is é an pointe tosaigh ar cheart a bheith ann do chinneadh den sórt sin ná plóduithe struchtúrtha fadtéarmacha a shainaithint ag oibreoir córais tarchurtha nó oibreoirí de chuid Ballstáit, trí thuarascáil ó Ghréasán Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchurtha don Leictreachas (“ENTSO don Leictreachas”) maidir le plódú. Ar an gcéad dul síos, ba cheart do na Ballstáit iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach comhchoiteann ar dtús maidir leis an mbealach is fearr le dul i ngleic le plóduithe. Agus é sin á dhéanamh acu, d’fhéadfadh na Ballstáit pleananna gníomhaíochta ilnáisiúnta nó náisiúnta a ghlacadh chun teacht ó phlóduithe. I gcás na mBallstát atá ag glacadh plean gníomhaíochta chun teacht ó phlóduithe le bearta, ba cheart feidhm a bheith ag tréimhse chéimniúcháin isteach i bhfoirm conair líneach maidir leis na hidirnascairí a oscailt. Ag deireadh chur chun feidhme phlean ghníomhaíochta den chineál sin, ba cheart féidearthacht a bheith ag Ballstáit rogha a dhéanamh an bhfuil siad ag iarraidh glacadh le hathchumraíocht ar an gcrios tairisceana (nó ar na criosanna tairisceana) nó glacadh leis na plóduithe atá fágtha a chumhdach le gníomhaíochtaí feabhais a mbeidh na costais dóibh le cumhdach acu. Sa chás deireanach, níor cheart go ndéanfaí na criosanna tairsceana a a athfhoirmiú i gcoinne tola na mBallstát, ar choinníoll go mbaintear amach an leibhéil íosta acmhainneachta. Ba cheart go mbeadh an leibhéil íosta acmhainneachta a úsáid i ríomh acmhainneachta comhordaithe ina chéatadán d’acmhainneacht eiliminte criticiúla líonra, mar a shainítear de réir an phróisis roghnúcháin faoi Rialachán (AE) 2015/1222, tar éis nó, i gcás cur chuige sreabhadhbhunaithe, na teorainneacha slándála oibríochtúla i staid teagmhais a urramú. Ba cheart gurb indéanta cinneadh ón gCoimisiún maidir le cumraíocht ar an gcrios tairisceana mar rogha dheiridh agus ba cheart don chinneadh sin gan leasú a dhéanamh ar chumraíocht an chreasa tairisceana ach amháin sna Ballstáit sin a roghnaigh an deighilt nó nach bhfuil tairsí an leibhéil íosta bainte amach acu.

(32)  Chun dícharbónú éifeachtúil a dhéanamh ar an gcóras leictreachais trí chomhtháthú margaidh, is gá, go córasach, deireadh a chur le bacainní roimh an trádáil trasteorann chun ilroinnt na margaí a réiteach agus chun go mbeidh custaiméirí fuinnimh an Aontais in ann tairbhe iomlán a bhaint as na buntáistí a thagann ó mhargaí leictreachais comhtháite agus ón iomaíocht.

(33)  Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí síos bunphrionsabail maidir le taraifiú agus leithdháileadh acmhainneachta, agus ba cheart go bhforálfaí go nglacfar treoirlínte ina dtabharfar mionsonraí maidir le tuilleadh prionsabal agus modheolaíochtaí ábhartha, ionas go bhféadfaí oiriúnú gasta a dhéanamh i gcás imthosca athraitheacha.

(34)  Ba cheart go ndéanfadh bainistiú ar fhadhbanna an phlódaithe comharthaí eacnamaíocha cuí a sholáthar d’oibreoirí córas tarchurtha agus do rannpháirtithe sa mhargadh agus ba cheart go mbeadh an bainistiú sin bunaithe ar shásraí an mhargaidh.

(35)  I margadh atá oscailte, iomaíoch, ba cheart go gcúiteofaí oibreoirí córas tarchurtha as na costais a thabhaítear mar thoradh ar shreafaí leictreachais trasteorann a óstáil ar a ngréasáin agus gurbh iad na hoibreoirí córas tarchurtha ina dtionscnaítear na sreafaí trasteorann sin agus gurbh iad na córais tarchurtha ina gcríochnaíonn siad a chúiteodh iad.

(36)  Ba cheart íocaíochtaí agus fáltais a eascraíonn as cúiteamh idir oibreoirí córais tarchurtha a chur san áireamh agus taraifí gréasáin náisiúnta á socrú.

(37)  D’fhéadfadh sé go mbeidh dífríochtaí móra ann maidir leis an méid iarbhír is iníoctha ar rochtain trasteorann ar an gcóras, ag brath ar an oibreoir córas tarchurtha lena mbaineann agus mar thoradh ar dhifríochtaí i struchtúr na gcóras taraifithe a chuirtear i bhfeidhm sna Ballstáit. Dá bhrí sin, tá leibhéal áirithe comhchuibhithe riachtanach chun saobhadh trádála a sheachaint.

(38)  Ba cheart go mbeadh rialacha ann maidir le húsáid an ioncaim as nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú, mura rud é go mbeadh cineál sonrach an idirnascaire lena mbaineann ina údar maith le díolúine ó na rialacha sin.

(39)  Chun go mbeidh cothroime iomaíochta ann idir rannpháirtithe uile an mhargaidh, ba cheart taraifí nua gréasáin a chur i bhfeidhm ar bhealach a fhágann nach ndéantar idirdhealú idir táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an dáileacháin agus táirgeadh atá nasctha ar leibhéal an tarchuir, bíodh idirdhealú dearfach nó diúltach i gceist. Níor cheart do tharaifí gréasáin idirdhealú a dhéanamh i gcoinne stóráil fuinnimh, agus níor cheart go gcruthófaí dídhreasuithe leo i dtaca le bheith rannpháirteach sa fhreagairt don éileamh ná bheith ina bhacainn ar éifeachtúlacht fuinnimh a fheasbhú.

(40)  Chun trédhearcacht agus inchomparáideacht a mhéadú agus taraifí á socrú i gcásanna ina meastar nach leor comhchuibhiú ceangailteach, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú faoi Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14)(15) (“ACER”) tuarascáil maidir le dea-chleachtais do mhodheolaíochtaí i gcomhair taraifí a eisiúint.

(41)  Chun infheistíocht optamaithe san eangach thras-Eorpach a áirithiú ar bhealach níos fearr agus chun dul i ngleic leis an dúshlán i gcás nach féidir tionscadail inmharthana idirnaisc a thógáil toisc nach dtugtar tús áite dóibh ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart athmhachnamh a dhéanamh ar chíosanna ó phlódú agus rannchuidiú le hinfhaighteacht a ráthú agus na hacmhainneachtaí idirnaisc a choinneáil nó a mhéadú.

(42)  Chun go n-áiritheofar bainistiú optamach an ghréasáin tarchurtha leictreachais agus chun go mbeifear in ann trádáil a dhéanamh sa leictreachas agus é a sholáthar thar theorainneacha san Aontas, ba cheart ENTSO don Leictreachas a bhunú. Ba cheart go gcuirfeadh ENTSO don Leictreachas a chuid cúraimí i gcrích i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais atá infheidhme i gcónaí maidir le cinntí ENTSO don Leictreachas. Ba cheart go saineofaí cúraimí an ENTSO don Leictreachas go cuí agus ba cheart go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, cineál ionadaíoch agus trédhearcacht ENTSO don Leictreachas. Níl sé beartaithe go ngabhfadh na cóid ghréasáin a ullmhaíonn ENTSO don Leictreachas ionad na gcód gréasáin náisiúnta atá riachtanach maidir le saincheisteanna nach saincheisteanna trasteorann iad. De bhrí go bhféadfar dul chun cinn níos éifeachtaí a dhéanamh trí chur chuige ar an leibhéal réigiúnach, ba cheart d’oibreoirí córas tarchurtha struchtúir réigiúnacha a chur ar bun laistigh den struchtúr comhair foriomlán, agus go n-áireofaí ag an am céanna go mbeadh na torthaí ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach le cóid ghréasáin agus le pleananna forbartha gréasáin neamhcheangailteacha deich mbliana ar leibhéal an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit an comhar ar an leibhéal réigiúnach a chur chun cinn mar aon le faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht an ghréasáin ar an leibhéal sin. Ba cheart go mbeadh an comhar ar an leibhéal réigiúnach comhoiriúnach leis an dul chun cinn i ndáil le margadh inmheánach don leictreachas atá iomaíoch agus éifeachtúil.

(43)  Ba cheart go ndéanfadh ENTSO do Leictreachas measúnú leormhaitheasa cuimsitheach ar acmhainní ar leibhéal Eorpach sa mheántéarma go fadtéarma chun bonn oibiachtúil a chur ar fáil don mheasúnú ar ábhar imní ó thaobh leormhaitheasa de. Ba cheart an t-ábhar imní i dtaca le leormhaitheas acmhainní a dtéann sásraí acmhainneachta i ngleic leis a bheith bunaithe ar mheasúnú leormhaitheasa cuimsitheach ar acmhainní ar leibhéal Eorpach. Féadfar an measúnú sin a chomhlánú le measúnuithe náisiúnta.

(44)  Ní hionann an cuspóir atá leis an modheolaíocht don mheasúnú ar leormhaitheas acmhainní san fhadtéarma (ó deich mbliana chun tosaigh go bliain amháin chun tosaigh) a leagtar amach sa Rialachán seo agus an cuspóir atá leis an na measúnaithe leormhaitheasa séasúracha (sé mhí chun tosaigh) a leagtar amach in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). Baintear úsáid as measúnuithe meántéarmacha go fadtéarmacha den chuid is mó chun ábhair imní leormhaitheasa a shainaithint agus chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le sásraí acmhainneachta, ach úsáidtear measúnaithe leormhaitheasa séasúracha chun foláireamh a thabhairt maidir le rioscaí gearrthéarmacha a d’fhéadfadh titim amach sna sé mhí amach anseo ar dócha gurb é an toradh a bheidh orthu go mbeidh meath suntasach ar an staid i dtaca le soláthar leictreachais. Chomh maith leis sin, tugann lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi mheasúnuithe ar leormhaitheas réigiúnach ar oibriú na gcóras tarchurtha leictreachais. Is measúnuithe leormhaitheasa an-ghearrthéarmach iad sin (idir seachtain chun tosaigh go lá chun tosaigh) a úsáidtear i gcomhthéacs oibriú na gcóras.

(45)  Sula dtabharfar isteach sásraí acmhainneachta, ba cheart do na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar shaobhadh rialála atá ag cur leis an ábhar imní gaolmhar i dtaca le leormhaitheas acmhainní. Ba cheart ceangal a bheith ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun deireadh a chur le saobhadh arna aithint, agus ba cheart amlíne a áireamh do chur chun feidhme na mbeart. Níor cheart sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach ach chun dul i ngleic leis na fadhbanna leormhaitheasa nach féidir a réiteach trí dheireadh a chur le saobhadh den sórt sin.

(46)  Na Ballstáit a bhfuil sé beartaithe acu sásraí acmhainneachta a thabhairt isteach, ba cheart dóibh spriocanna do leormhaitheas acmhainní a leagan síos bunaithe ar phróiseas trédhearcach infhíoraithe. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit an leibhéal is mian leo féin a shocrú do shlándáil an tsoláthair.

(47)  De bhun Airteagal 108 CFAE, tá inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na mbeart Státchabhrach leis an margadh inmheánach a d’fhéadfadh na Ballstáit a chur ar bun. Is ar bhonn Airteagal 107(3) CFAE agus i gcomhréir leis na forálacha agus treoirlínte ábhartha a ghlacfaidh an Coimisiún chuige sin a dhéanfar an measúnú sin. Ní dhéanann an Rialachán seo dochar d'inniúlacht eisiach an Choimisiúin a dheonaítear faoi CFAE.

(48)  ▌Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar na sásraí acmhainneachta atá i bhfeidhm i bhfianaise an Rialacháin seo. ▌

(49)  Ba cheart rialacha mionsonraithe a leagan síos sa Rialachán seo chun rannpháirtíocht éifeachtach trasteorann i sásraí acmhainneachta ▌a éascú. Ba cheart d’oibreoirí córas tarchurtha rannpháirtíocht trasteorann táirgeoirí ar suim leo ▌ leo a bheith rannpháirteach i sásraí acmhainneachta i mBallstáit eile a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart dóibh na hacmhainneachtaí a ríomh go dtí leibhéal ar féidir rannpháirtíocht trasteorann bheith i gceist leis, chomh maith le rannpháirtíocht a chumasú agus na deiseanna atá ann dul ina bun a sheiceáil. Ba cheart do na húdaráis rialála na rialacha trasteorann a fhorfheidhmiú sna Ballstáit.

(50)  Níor cheart go róchúiteamh mar thoradh ar shásraí acmhainneachta, ach ag an am céanna, ba cheart dóibh slándáil an tsoláthair a áirithiú. I ndáil leis sin gur cheart sásraí acmhainneachta seachas cúltacaí straitéiseacha a bhunú chun a áirithiú go gclaonfaidh an praghas a íocfar as infhaighteacht i dtreo an nialais i gcás ina meastar go mbeidh leibhéal na hacmhainneachta, a mbeadh rath uirthi ar an margadh fuinnimh gan sásra acmhainneachta, leormhaith chun an leibhéal acmhainneachta a éilítear a chomhlíonadh;

(51)  Chun tacú leis na Ballstáit agus le réigiúin a bhfuil dúshláin shóisialta thionsclaíocha agus eacnamaíocha rompu mar thoradh ar an tarchur fuinnimh, tá tionscnamh i dtaca le réigiúin ar mór a lorg guail agus carbóin curtha ar bun ag an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún cuidiú leis na Ballstáit, lena n-áirítear le tacaíocht airgeadais spriocdhírithe chun “aistriú cóir” sna réigiúin sin a chumasú, i gcás ina mbeidh sí ar fáil.

(52)  I bhfianaise na ndifríochtaí idir na córais fuinnimh náisiúnta agus na teorainneacha teicniúla a bhaineann leis na gréasáin leictreachais atá ann cheana féin, is minic gur ar an leibhéal réigiúnach a bheidh an cur chuige is fearr chun dul chun cinn a bhaint amach i dtaca le comhtháthú an margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart comhar réigiúnach na n-oibreoirí córais tarchurtha a neartú. Chun comhar éifeachtach a áirithiú, ba cheart, i gcreat rialála nua, foráil a dhéanamh maidir le rialachas réigiúnach agus maoirseacht rialála níos láidre, lena n-áirítear trí chumhacht cinnteoireachta ACER a neartú i gcás saincheisteanna trasteorann. D’fhéadfadh gá a bheith le comhar níos dlúithe idir na Ballstáit i gcásanna géarchéime freisin, chun slándáil an tsoláthair a mhéadú agus chun saobhadh an mhargaidh a theorannú.

(53)  Tá socruithe foirmiúla curtha ar bun don chomhordú idir oibreoirí córas tarchurtha ar an leibhéal réigiúnach ós rud é go bhfuil rannpháirtíocht na n-oibreoirí córais tarchurtha sna comhordaitheoirí slándála réigiúnach éigeantach ▌. Ba cheart go ndéanfaí forbairt bhreise ar chomhordú réigiúnach ar oibreoirí córas tarchurtha le creat institiúideach feabhsaithe trí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha a bhunú. Le bunú na lárionad comhordúcháin réigiúnach, ba cheart tionscnaimh réigiúnacha don chomhardú atá ann cheana féin nó atá beartaithe a chur san áireamh agus ba cheart tacú le córais leictreachais a oibriú ar fud an Aontais ar bhealach a éireoidh níos comhtháite, chun feidhmíocht éifeachtach shlán na gcóras sin a áirithiú. Ar an gcúis sin, is gá a áirithiú go ndéanfar comhordú ar oibreoirí córas tarchurtha trí lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar fud an Aontais. I gcás nach bhfuil comhordú déanta go fóill ar oibreoirí córas tarchurtha réigiúin ar leith ag lárionad comhordúcháin réigiúnach atá ann cheana féin nó atá beartaithe, ba cheart d’oibreoir córais tarchurtha an réigiúin sin lárionad comhordúcháin réigiúnach a bhunú nó a ainmniú.

(54)  Ba cheart go bhfágfadh raon feidhme geografach na lárionad comhordúcháin réigiúnach go mbeidh siad in ann rannchuidiú éifeachtach a dhéanamh i gcomhordú oibríochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha thar ▌ réigiúin, rud a chiallódh go mbeadh feabhas ar shlándáil córais agus éifeachtúlacht mhargaidh. Ba cheart solúbthacht a bheith ag lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha na cúraimí a dhéanamh sa réigiún sa chaoi is fearr atá in oiriúint do chineál na gcúraimí aonair a thugtar ar iontaoibh dóibh.

(55)  Ba cheart do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha cúraimí a dhéanamh i gcás ina mbíonn breisluach ann toisc go mbíonn siad ag feidhmiú ar an leibhéal réigiúnach, i gcomparáid leis na cúraimí a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta. Na cúraimí a leagfar ar lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha , ba cheart go gcuimseoidís na cúraimí sin a dhéanann comhordaitheoirí réigiúnacha slándála de bhun Rialachán (AE) 2017/1485, (17) mar aon le cúraimí eile a bhaineann le hoibriú an chórais, le hoibriú an mhargaidh, agus le riosca-ullmhacht. Na cúraimí a dhéanfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha , níor cheart oibriú fíor-ama an chórais leictreachais a áireamh.

(56)  Agus a gcúraimí á gcur i gcrích acu, ba cheart go rannchuideodh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha le gnóthú chuspóirí 2030 agus 2050 arna leagan amach sa chreat beartais maidir le haeráid agus fuinnimh.

(57)  Ba cheart do na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha feidhmiú go príomhúil chun leasa oibriú an chórais agus an mhargaidh sa réigiún ▌. Dá réir sin, ba cheart na cumhachtaí riachtanacha a chur ar iontaoibh na lárionad comhordúcháin réigiúnach chun comhordú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí nach mór d’oibreoirí córas tarchurtha an réigiúin oibríochta córais i gcás feidhmeanna áirithe agus ról comhairleach níos láidre a bheith acu i dtaca leis na feidhmeanna eile.

(58)  Níor cheart go rachadh acmhainní daonna, teicniúla, fisiciúla agus airgeadais na lárionad comhordúcháin réigiúnach thar an méid a bhfuil gá leis chun a gcúraimí a thabhairt i gcrích.

(59)  Ba cheart do ENTSO don Leictreachas a áirithiú go ndéantar gníomhaíochtaí na lárionad comhordúcháin réigiúnach a chomhardú thar theorainneacha réigiúnacha.

(60)  Chun an éifeachtúlacht a mhéadú i ngréasáin dáileacháin leictreachais san Aontas agus chun an dlúthchomhar le hoibreoirí córas tarchurtha agus le ENTSO don Leictreachas a áirithiú, ba cheart eintiteas Eorpach d’oibreoirí córais dáileacháin san Aontas (“eintiteas AE do OCDanna”) a bhunú. Ba cheart go saineofaí cúraimí eintiteas AE do OCDanna ar bhealach soiléir agus ba cheart go n-áiritheofaí lena mhodh oibre éifeachtúlacht, trédhearcacht agus ionadaitheacht i measc oibreoirí córas tarchurtha an Aontais. Ba cheart d’eintiteas AE do OCDanna dul i ndlúthchomhar le ENTSO don Leictreachas maidir leis na cóid ghréasáin a ullmhú agus a chur chun feidhme, i gcás inarb infheidhme sin, agus ba cheart dó oibriú chun treoir a thabhairt maidir le comhtháthú ar, inter alia, ghiniúint agus stóráil dháilte i ngréasáin dáileacháin nó i réimsí eile a bhaineann le bainistiú na ngréasán dáileacháin. Ina theannta sin, ba cheart go dtabharfadh eintiteas AE do OCDanna aird chuí ar na sainiúlachtaí a bhaineann go dlúth le córais dáileacháin a bhaineann le córais leictreachais iartheachtacha ar oileáin nach bhfuil nasctha trí idirnascairí le córais leictreachais eile.

(61)  Tá gá le comhar agus comhordú méadaithe idir na hoibreoirí córas tarchurtha chun cóid ghréasáin a chruthú lena soláthrófar agus lena mbainisteofar rochtain éifeachtach agus thrédhearcach ar na gréasáin tarchurtha thar theorainneacha, agus chun pleanáil atá comhordaithe agus réamhbhreathnaitheach go leor agus forás fónta teicniúil a áirithiú don chóras tarchurtha san Aontas, lena n-áirítear acmhainneachtaí idirnaisc a chruthú, ag féachaint go cuí don chomhshaol. Ba cheart go mbeadh na cóid ghréasáin sin i gcomhréir leis na creat-treoirlínte ar de chineál neamhcheangailteach iad (creat-treoirlínte) agus a d’fhorbair ACER. Ba cheart go mbeadh ról ag ACER maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin, ar athbhreithniú é a bheidh bunaithe ar ábhair fíoras, lena n-áirítear athbhreithniú i dtaobh an gcomhlíonann siad na creat-treoirlínte, agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go ndéanfadh ACER measúnú ar leasuithe a bheartaítear a dhéanamh ar na cóid ghréasáin agus ba cheart go gcumasófaí di a mholadh don Choimisiún iad a ghlacadh. Ba cheart go n-oibreodh oibreoirí córas tarchurtha a ngréasáin i gcomhréir leis na cóid ghréasáin sin.

(62)  Léirigh an taithí a fuarthas agus na cóid ghréasáin á bhforbairt agus á nglacadh gur úsáideach an rud é an nós imeachta lena bhforbraítear iad a shruthlíniú trína shoiléiriú go bhfuil an ceart ag ACER athbhreithniú a dhéanamh ar na dréachtchóid ghréasáin leictreachais sula gcuirtear faoi bhráid an Choimisiúin iad.

(63)  Chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas a áirithiú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le nósanna imeachta lena gceadaítear cinntí agus treoirlínte a ghlacadh, inter alia maidir le tairifiú agus leithdháileadh acmhainneachta ag an gCoimisiún agus rannpháirtíocht údaráis rialála a áirithiú fós sa phróiseas sin, trína gcomhlachas ar leibhéal an Aontais i gcás inarb iomchuí sin. Tá ról tábhachtach ag na húdaráis rialála, mar aon le húdaráis ábhartha eile sna Ballstáit, i ndáil le rannchuidiú le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh don leictreachas.

(64)  Tá leas ag rannpháirtithe uile an mhargaidh san obair a bhfuiltear ag súil léi ó ENTSO don Leictreachas. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go mbeadh próiseas comhairliúcháin éifeachtach ann agus go mbeadh ról tábhachtach ag na struchtúir atá ann cheana féin agus a cuireadh ar bun chun an próiseas comhairliúcháin a éascú agus a shruthlíniú, amhail trí údaráis rialála nó tríd ACER.

(65)  D'fhonn breis trédhearcachta a áirithiú maidir leis an ngréasán iomlán tarchurtha leictreachais san Aontas, ba cheart do ENTSO don Leictreachas plean forbartha gréasáin uile-Aontais neamhcheangailteach deich mbliana a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta. Ba cheart go ndéanfaí gréasáin inmharthana tarchurtha leictreachais agus na hidirnaisc réigiúnacha is gá, atá ábhartha ó thaobh tráchtála nó chinnteacht soláthair de, a chur san áireamh sa phlean forbartha gréasáin sin.

(66)  Ba cheart infheistíochtaí i mbonneagar mór nua a chur chun cinn go láidir agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a áirithiú ag an am céanna. D’fhonn an tionchar dearfach atá ag idirnascairí díolmhaithe srutha dhírigh ar iomaíocht agus ar chinnteacht soláthair a fheabhsú, ba cheart spéis an mhargaidh a thástáil le linn chéim phleanála an tionscadail agus ba cheart rialacha maidir le bainistiú ar phlódú a ghlacadh. I gcás ina mbeidh idirnascairí srutha dhírigh suite ar chríoch níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart do ACER déileáil leis an iarraidh ar dhíolúine, mar rogha deiridh, ionas go gcuirfí a himpleachtaí trasteorann san áireamh ar bhealach níos fearr agus chun an láimhseáil riaracháin a gheobhaidh sí a fheabhsú. Thairis sin, mar gheall ar phróifíl riosca neamhghnách a bhaineann leis na mórthionscadail bhonneagair dhíolmhaithe sin a thógáil, ba cheart go mbeadh gnóthais a bhfuil leasanna soláthair agus táirgthe acu in ann tairbhe a bhaint as maolú sealadach ar na rialacha maidir le díchuachadh iomlán do na tionscadail lena mbaineann. Leanfaidh na díolúintí arna ndeonú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18) d’fheidhm a bheith acu go dtí an dáta sceidealta éagtha faoi mar a cinneadh sa chinneadh chun díolúine a dheonú. Maidir le bonneagar leictreachais eischósta atá défheidhmiúil (ar a dtugtar “sócmhainní hibrideacha eischósta”) lena ndéantar cumasc idir iompar fuinnimh gaoithe eischósta chuig an gcósta agus idirnascairí, ba cheart freisin é a bheith incháilithe do dhíolúine faoi mar atá amhlaidh faoi na rialacha is infheidhme maidir le hidirnascairí srutha dhírigh nua. I gcás inar gá, ba cheart go ndéanfaí breithniú cuí leis an gcreat rialála ar staid shonrach na sócmhainní sin chun teacht thar bhacainní ar bhaint amach sócmhainní hibrideacha eischósta atá cost-éifeachtach don tsochaí.

(67)  Chun muinín sa mhargadh a fheabhsú, ní foláir do na rannpháirtithe a bheith cinnte go bhféadfar iad siúd a ghabhann do mhí-úsáid a chur faoi réir pionós atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Ba cheart go dtabharfaí an inniúlacht do na húdaráis inniúla chun líomhaintí maidir le mí-úsáid an mhargaidh a fhiosrú go héifeachtach. Chun na críche sin, is gá rochtain a bheith ag na húdaráis inniúla ar shonraí ina bhfuil faisnéis maidir le cinntí oibríochtúla a ghlacannsoláthróirí. Déanann táirgeoirí go leor cinntí ábhartha i margadh an leictreachais agus ba cheart dóibh an fhaisnéis maidir leis an cinntí sin a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla, agus rochtain éasca a bheith ag na húdaráis sin uirthi, go ceann tréimhse socraithe. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh na húdaráis inniúla faireachán go tráthrialta ar chomhlíonadh na rialacha ar thaobh na n-oibreoirí córais tarchurtha. Ba cheart go mbeadh díolúine ón oibleagáid sin ag táirgeoirí beaga nach bhfuil de chumas acu i ndáiríre an margadh a shaobhadh.

(68)  Ba cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit agus ar na húdaráis inniúla faisnéis ábhartha a sholáthar don Choimisiún. Ba cheart don Choimisiún déileáil le faisnéis den sórt sin mar fhaisnéis rúnda. I gcás inar gá, ba cheart go mbeadh deis ag an gCoimisiún faisnéis ábhartha a iarraidh go díreach ar na gnóthais lena mbaineann, ar choinníoll go gcuirtear na húdaráis inniúla ar an eolas faoi sin.

(69)  Ba cheart do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir leis na pionóis a bheidh infheidhme i gcás sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba cheart na pionóis sin a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(70)  Ba cheart do na Ballstáit, do Chomhpháirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh, agus do thríú tíortha eile a chuireann an Rialachán seo chun feidhme nó ar limistéir iad d’eangach shioncrónach Mhór-roinn na hEorpa dul i ndlúthchomhar ar chúrsaí a bhaineann le réigiún comhtháite trádála leictreachais a fhorbairt agus níor cheart dóibh aon bheart a dhéanamh a chuirfeadh comhtháthú breise na margaí leictreachais, ná cinnteacht an tsoláthair, atá ag na Ballstáit agus ag na Comhpháirtithe Conarthacha, i mbaol.

(71)  An tráth ar glacadh Rialachán (CE) Uimh. 714/2009, is beag riail a bhí ann don mhargadh inmheánach don leictreachas ar leibhéal an Aontais. Ó shin i leith, tá margadh inmheánach an Aontais tar éis éirí níos casta mar gheall ar athrú bunúsach atá ag teacht ar na margaí, go háirithe maidir le húsáid an táirgthe athraithí giniúina leictreachais in-athnuaite. Dá bhrí sin, tá na cóid ghréasáin agus na treoirlínte níos cuimsithí ná riamh agus tugtar aghaidh iontu ar shaincheisteanna teicniúla agus ginearálta araon.

(72)   Chun an leibhéal íosta comhchuibhithe atá de dhíth chun go mbeidh an margadh ag feidhmiú go cuí a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a thairmligean don Choimisiún i dtaca le gnéithe neamhriachtanacha de réimsí sonracha áirithe atá bunriachtanach don chomhtháthú margaidh. Leis na gníomhartha sin ba cheart go n-áiritheofaí glacadh agus leasú ar chóid ghréasáin áirithe agus treoirlínte i gcás ina gcomhlánaítear leo sin an Rialachán, comhar réigiúnach na n-oibritheoirí córas tarchurtha agus na n-údarás rialála, cúiteamh airgeadais idir oibritheoirí córas tarchurtha, ▌ mar aon le cur i bhfeidhm forálacha díolúine d’idirnascairí nua. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(19). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(73)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 291 CFAE a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20). Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh.

(74)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchuibhithe a sholáthar le haghaidh malartuithe trasteorann leictreachais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge nó a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(75)  Ar chúiseanna an chomhleanúnachais agus na deimhneachta dlíthiúla, níor cheart go gcuirfeadh foráil ar bith sa Rialachán seo cosc ar chur i bhfeidhm na maoluithe a eascraíonn as Airteagal 66 de Threoir (AE) 2019/...(21),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Is é is aidhm don Rialachán seo:

(a)  bunús a chur ar fáil chun spriocanna an Aontais Fuinnimh, agus go háirithe an creat aeráide agus fuinnimh le haghaidh 2030, a bhaint amach go héifeachtúil trína fhágáil gur féidir comharthaí margaidh a chur ar fáil chun go mbeidh méadú ar an éifeachtúlacht, ar sciar níos mó d'fhoinsí fuinnimh inathnuaite, ar shlándáil an tsoláthair, ar an tsolúbthacht, ar an inbhuanaitheacht, ar an dícharbónú, agus ar an nuálaíocht;

(b)  prionsabail bhunúsacha a shocrú le haghaidh margaí leictreachais comhtháite, a bheidh ag feidhmiú go maith, a fhágfaidh go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an margadh ag gach soláthraí acmhainní agus ag gach custaiméir leictreachais, a chumhachtóidh tomhaltóirí, a fheabhsóidh iomaíocht ar an margadh domhanda mar aon le freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh, a éascóidh éileamh agus soláthar dáilte a chur le chéile, ▌ agus a chumasóidh comhtháthú margaidh agus earnálach agus luach saothair margadhbhunaithe as leictreachas a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite;

(c)  rialacha córa a shocrú maidir le malartuithe trasteorann leictreachais, agus feabhas a chur, sa tslí sin, ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach sa leictreachas, agus saintréithe áirithe na margaí náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, lena n-áirítear air sin bunú sásra cúitimh do shreafaí trasteorann leictreachais, socrú prionsabal comhchuibhithe maidir le muirir tarchurtha trasteorann agus maidir le leithdháileadh acmhainneachta atá ar fáil sna hidirnaisc idir córais tarchurtha náisiúnta;

(d)  teacht chun cinn margaidh mórdhíola sa leictreachas a éascú ar margadh é a bheidh trédhearcach agus a fheidhmeoidh go maith agus a rannchuideoidh le leibhéal ard slándála soláthair leictreachais agus foráiltear ann do shásraí chun na rialacha do mhalartuithe trasteorann sa leictreachas a chomhchuibhiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘idirnascaire’ líne tarchurtha a thrasnaíonn nó a réisíonn teorainn idir Ballstáit agus a nascann córais náisiúnta tarchurtha na mBallstát.

(2)  ciallaíonn ‘údarás rialála’ údarás rialála a ainmnítear ag gach Ballstát de bhun Airteagal 57(1) de Threoir (AE) 2019/...(22);

(3)  ciallaíonn ‘sreabh trasteorann’ sreabh fisiceach leictreachais ar líonra tarchurtha Ballstáit a eascraíonn as tionchar gníomhaíochtaí na dtáirgeoirí, na gcustaiméirí, nó araon, lasmuigh den Bhallstát sin ar a ghréasán tarchurtha;

(4)  ciallaíonn ‘plódú’ staid a fhágann nach féidir freastal ar gach iarratas ó rannpháirtithe sa mhargadh chun trádáil a dhéanamh idir limistéir gréasáin toisc go n-imreodh siad tionchar suntasach ar na sreafaí fisiciúla ar eilimintí den ghréasán nach féidir leo freastal ar na sreabha sin;

(5)  ciallaíonn ‘idirnascaire nua’ idirnascaire nár críochnaíodh faoin 4 Lúnasa 2003;

(6)  ciallaíonn ‘plódú struchtúrach’ plódú sa chóras tarchurtha ar féidir é a shainiú go neamh-dhébhríoch, atá intuartha, a mbaineann cobhsaíocht gheografach leis le himeacht ama, agus a bhíonn ag atarlú go minic faoi ghnáthdhálaí na gcóras leictreachais cumhachta;

(7)  ciallaíonn ‘oibreoir margaidh’ eintiteas a sholáthraíonn seirbhís faoina ndéantar na tairiscintí chun leictreachas a dhíol a mheaitseáil le tairiscintí chun leictreachas a cheannach;

(8)  ciallaíonn ‘oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais’ (OAML) oibreoir margaidh arna ainmniú ag an údarás inniúil chun cúraimí a bhaineann le cúpláil amháin lá roimh ré nó cúpláil amháin ionlae a dhéanamh;

(9)  ciallaíonn ‘an luach atá ar chailliúint lóid’ meastachán, in euro/MWh, ar an bpraghas uasta leictreachais a mbíonn custaiméirí sásta a íoc chun éaradh a sheachaint;

(10)  ciallaíonn ‘cothromú’ gach gníomhaíocht agus próiseas, i ngach amlíne, faoina n-áirithíonn oibreoirí córais tarchurtha, ar bhealach leanúnach, go gcoinnítear minicíocht an chórais laistigh de raon cobhsaíochta réamhshainithe agus go gcomhlíontar le méid na gcúlchistí atá de dhíth i ndáil leis an gcáilíocht is gá;

(11)  ciallaíonn ‘fuinneamh don chothromú’ fuinneamh a úsáideann na hoibreoirí córais tarchurtha chun cothromú a dhéanamh;

(12)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí cothromaithe’ rannpháirtí sa mhargadh a sholáthraíonn fuinneamh don chothromú nó acmhainneacht don chothromú, nó an dá rud, le hoibreoirí córas tarchurtha;

(13)  ciallaíonn ‘acmhainneacht don chothromú’ méid acmhainneachta ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí a choinneáil ar bun agus ar chomhaontaigh an soláthraí seirbhísí cothromaithe tairiscintí do mhéid comhfhreagrach d’fhuinneamh don chothromú a sheoladh chuig an oibreoir córais tarchurtha feadh ré an chonartha;

(14)  ciallaíonn ‘páirtí atá freagrach as cothromú’ rannpháirtí sa mhargadh nó an t-ionadaí atá roghnaithe aige atá freagrach as a míchothromaíochtaí i margadh an leictreachais;

(15)  ciallaíonn ‘tréimhse réiteach míchothromaíochtaí’ an t-aonad ama lena ndéantar míchothromaíocht na bpáirtithe atá freagrach as cothromú a ríomh;

(16)  ciallaíonn ‘praghas na míchothromaíochta’ an praghas, bíodh sé dearfach, nialasach nó diúltach, i ngach tréimhse réiteach míchothromaíochtaí atá ar mhíchothromaíocht i ngach treo;

(17)  ciallaíonn ‘limistéar phraghas na míchothromaíochta’ an limistéar a ndéantar praghas míchothromaíochta a ríomh ina leith;

(18)  ciallaíonn ‘próiseas réamhcháiliúcháin’ an próiseas chun fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh soláthraí acmhainneachta don chothromú leis na ceanglais arna leagan síos ag oibreoirí córais tarchurtha;

(19)  ciallaíonn ‘acmhainneacht chúltaca' méid na gcúltacaí coinneála minicíochta, cúltacaí athsholáthair minicíochta nó cúltacaí athchuir is gá a bheith ar fáil don oibreoir córais tarchurtha;

(20)  ciallaíonn ‘seoladh tosaíochta’, i dtaca leis an múnla féinseolta seoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar chritéir atá éagsúil ó ord eacnamaíochta na dtairiscintí agus, i dtaca leis an múnla seolta lárnach, le seoladh na ngléasraí cumhachta bunaithe ar chritéir atá éagsúil ó ord eacnamaíochta agus ó shrianta gréasáin, a thugann tosaíocht do sheoladh teicneolaíochtaí giniúna ar leith;

(21)  ciallaíonn ‘réigiún um ríomh acmhainneachta’ an réigiún geografach ina gcuirtear an ríomh don acmhainneacht chomhordaithe i bhfeidhm;

(22)  ciallaíonn ‘sásra acmhainneachta’ beart sealadach chun a áirithiú go mbainfear amach an leibhéal riachtanach de leormhaitheas acmhainní trí luach saothair a thabhairt ar acmhainní as iad a bheith ar fáil gan bearta a bhaineann le seirbhísí coimhdeacha agus bainistiú ar phlódú a chur san áireamh;

(23)  ciallaíonn ‘comhghiniúint ardéifeachtach’ comhghiniúint a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23);

(24)  ciallaíonn ‘tionscadal taispeána’ tionscadal a thaispeánann teicneolaíocht mar theicneolaíocht arb í an chéad cheann dá cineál í agus ar nuálaíocht shuntasach atá i gceist léi atá i bhfad chun cinn ar an teicneolaíocht úrscothach;

(25)  ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leictreachas, freagairt don éileamh nó seirbhísí stórála á nginiúint, á gceannach nó á ndíol aige, lena n-áirítear orduithe a chur chun trádáil a dhéanamh, i gceann amháin nó níos mó de na margaí lena n-áirítear na margaí don chothromú;

(26)  ciallaíonn ‘athsheoladh’ beart, lena n-áirítear ciorrúchán, arna chur i ngníomh ag oibreoirí córais tarchurtha amháin nó níos mó, ná oibreoir córais dáiliúcháin amháin nó níos mó lena n-athraítear patrún na giniúna nó an lói, nó araon, d d’fhonn athrú a dhéanamh ar shreafaí fisiciúla sa chóras leictreachais agus plódú fisiceach a fhuascailt nó slándáil an chórais a áirithiú ar bhealach eile;

(27)  ciallaíonn ‘fritrádáil’ malartú traschreasach arna thionscnamh ag dhá oibreoir córais idir dhá chrios tairisceana chun plódú fisiciúil a fhuascailt;

(28)  ciallaíonn ‘saoráid giniúna cumhachta’ saoráid a thiontaíonn go fuinneamh leictreach fuinneamh príomhúil agus arb é atá ann ceann amháin nó níos mó de mhodúil giniúna cumhachta agus iad nasctha le gréasán;

(29)  ciallaíonn ‘múnla seolta lárnach’ múnla sceidealúcháin agus seolta, ina gcinneann oibreoir córais tarchurtha, laistigh den phróiseas comhtháite sceidealúcháin, na sceidil ghiniúna agus na sceidil tomhaltais mar aon le seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus na saoráidí éilimh, i dtaca le saoráidí inseolta;

(30)  ciallaíonn ‘múnla féinseolta ’ múnla sceidealúcháin agus seolta, ina gcinneann oibreoir córais tarchurtha, laistigh den phróiseas comhtháite sceidealúcháin, na sceidil ghiniúna agus na sceidil tomhaltais mar aon le seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus na saoráidí éilimh;

(31)  ciallaíonn ‘táirge caighdeánach don chothromú’ táirge comhchuibhithe don chothromú arna shainiú ag gach oibreoirí córais tarchurtha chun seirbhísí don chothromú a mhalartú;

(32)  ciallaíonn 'táirge sainiúil don chothromú' táirge comhchuibhithe nach ionann agus táirge comhchuibhithe caighdeánach éagsúil;

(33)  ciallaíonn ‘oibreoir tarmligthe’ eintiteas dár tarmligeadh cúraimí nó oibleagáidí sonracha a cuireadh ar iontaoibh oibreoir córais tarchurtha nó oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais faoin Rialachán seo nó faoi aon ghníomhartha eile de chuid an Aontais ag an oibreoir córas tarchurtha nó ag oibreoir ainmnithe sa mhargadh leictreachais nó a sannadh ag Ballstát nó ag Údaráis Rialála.

(34)  ciallaíonn 'custaiméir' custaiméir mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...(24);

(35)  ciallaíonn 'custaiméir deiridh' custaiméir deiridh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(36)  ciallaíonn ‘custaiméir mórdhíola’ custaiméir mórdhíola mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(37)  ciallaíonn ‘custaiméir teaghlaigh ’ custaiméir teaghlaigh mar a shainmhínítear i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(38)  ciallaíonn ‘fiontar beag ’ fiontar beag mar a shainmhínítear i bpointe (7) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(39)  ciallaíonn ‘custaiméir gníomhach ’ custaiméir gníomhach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(40)  ciallaíonn ‘margaidh leictreachais ’ margaidh leictrachais mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(41)  ciallaíonn ‘soláthair ’ soláthair mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(42)  ciallaíonn ‘conradh soláthair leictreachais’ conradh soláthair leictreachais mar a shainmhínítear i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019/...+;

(43)  ciallaíonn ‘comhiomlánú’ comhiomlánú mar a shainmhínítear i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(44)  ciallaíonn ‘freagairt don éileamh’ freagairt don éileamh mar a shainmhínítear i bpointe (20) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(45)  ciallaíonn ‘córas méadrúcháin cliste’ córas méadrúcháin cliste mar a shainmhínítear i bpointe (23) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(46)  ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(47)  ciallaíonn ‘dáileachán’ dáileachán mar a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(48)  ciallaíonn ‘oibreoir córas dáileacháin’ oibreoir córas dáileacháin mar a shainmhínítear i bpointe (28) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(49)  ciallaíonn ‘tíosac ar fhuinneamh’ tíosac ar fhuinneamh mar a shainmhínítear i bpointe (29) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(50)  ciallaíonn ‘fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite’ nó ‘fuinneamh inathnuaite’ fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite mar a shainmhínítear i bpointe (30) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(51)  ciallaíonn ‘giniúint dháilte’ giniúint dháilte mar a shainmhínítear i bpointe (31) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(52)  ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur mar a shainmhínítear i bpointe (33) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(53)  ciallaíonn ‘oirbreoir córas tarchurtha’ oirbreoir córas tarchurtha mar a shainmhínítear i bpointe (34) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...(25);

(54)  ciallaíonn ‘úsáideoir córais’ úsáideoir córais mar a shainmhínítear i bpointe (35) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(55)  ciallaíonn ‘giniúint’ giniúint mar a shainmhínítear i bpointe (36) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(56)  ciallaíonn ‘táirgeoir’ táirgeoir mar a shainmhínítear i bpointe (37) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(57)  ciallaíonn ‘córas idirnasctha’ córas idirnasctha mar a shainmhínítear i bpointe (39) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(58)  ciallaíonn ‘córas beag scoite’ córas beag scoite mar a shainmhínítear i bpointe (41) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(59)  ciallaíonn ‘córas beag nasctha’ córas beag nasctha mar a shainmhínítear i bpointe (42) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /+;

(60)  ciallaíonn ‘seirbhís coimhdeach’ seirbhís coimhdeach mar a shainmhínítear í i bpointe (43) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /+;

(61)  ciallaíonn ‘seirbhís coimhdeach neamh-mhinicíocht’ seirbhís coimhdeacha neamh-mhinicíocht mar a shainmhínítear í i bpointe (44) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(62)  ciallaíonn ‘stóráil fuinnimh’ stóráil fuinnimh mar a shainmhínítear í i bpointe (54) d’Airteagal 2 de Threoir (AE) 2019 /...+;

(63)  ciallaíonn ‘lárionad comhordúcháin réigiúnach’ lárionad comhordúcháin réigiúnach mar a shainmhínítear é in Airteagal 35 den Rialachán seo

(64)  ciallaíonn ‘margadh mórdhíola fuinnimh’ margadh mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (6) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26);

(65)  ciallaíonn ‘croiseanna tairisceanna’ an limistéir geografach is mó inar féidir rannpháirithe sa mhargadh fuinneamh a aistriú gan leithdháileadh acmhainneachta;

(66)  ciallaíonn ‘leithdháileadh acmhainneachta’ sannadh acmhainneachta thraschreasach ;

(67)  ciallaíonn ‘limistéir rialaithe’ cuid chomhleanúnach den chóras idirnasctha arna oibriú ag oibreoir córais aonair, agus áireofar ualaí fisiceacha nasctha agus/nó aonaid ghiniúna, más ann dóibh;

(68)  ciallaíonn ‘glanacmhainn tarchurtha comhordaithe’ modh chun acmhainneacht a ríomh ata bunaithe ar prionsabal aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana comharsana a mheasúnú agus a sainmhíniú ex ante ;

(69)  ciallaíonn ‘eilimint chriticiúil líonraeilimint chriticiúil i gcrios tairiscean ná idir criosanna tairisceana a gcuirtear san áireamh sa phróiseas ríofa acmhainneachtaí, lena teorannaítear méid na cumhachta a d'fhéadfaí aistriú;

(70)  ciallaíonn ‘acmhainneacht thraschreasach’ cumas an chórais idirnasctha aistriú fuinnimh idir criosanna tairisceana a éascú;

(71)  ciallaíonn ‘aonad giniúna’ gineadóir leictreachais aonair a bhaineann le haonadtáirgthe

Caibidil II

Rialacha ginearálta don mhargadh leictreachais

Airteagal 3

Prionsabail i ndáil le hoibriú mhargaí an leictreachais

1.  Áiritheoidh Ballstáit, údaráis rialála, oibreoirí córas tarchurtha, oibreoirí córas dáileacháin, ▌ oibreoirí margaidh agus oibreoirí tarmligthe go ndéanfar margaí leictreachais a oibriú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)  bunófar praghsanna ar bhonn éilimh agus soláthair;

(b)  le rialacha margaidh, spreagfar praghasmhúnlú saor agus seachnófar gníomhaíochtaí lena gcuirtear cosc ar phraghasmhúnlú ar bhonn éilimh agus soláthair ;

(c)  le rialacha margaidh, éascófar forbairt giniúna níos solúbtha, giniúna ísealcharbóin, nó éilimh níos solúbtha;

(d)  cuirfear ar chumas custaiméirí tairbhe a bhaint as deiseanna margaidh agus as méadú san iomaíocht ar na margaí miondíola agus cumhachtófar iad le gníomhú mar rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh agus san aistriú fuinnimh;

(e)  cumasófar rannpháirtíocht custaiméirí deiridh agus gnólachtaí beaga sa mhargadh trí chomhiomlánú ar ghiniúint ó níos mó ná saoráid ghiniúna amháin nó ar lód ó níos mó ná saoráid éilimh amháin chun comhthairiscintí a sholáthar ar an margadh leictreachais agus a bheith ag feidhmiú go comhpháirteach sa chóras leictreachais, i gcomhréir le dlí iomaíochta and Aontais;

(f)  le rialacha margaidh, cumasófar dícharbónú an chórais leictreachais agus dá bhrí sin, dícharbónú an gheilleagair lena n-áirítear trí chomhtháthú ar leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite a chumasú agus trí dhreasachtaí a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh;

(g)  le rialacha margaidh, soláthrófar dreasachtaí iomchuí don ghiniúint, go háirithe infheistíochtaí fadtéarmacha i gcóras leictreachais dícharbónaithe agus inbhuanaithe, do stóráil fuinnimh, d’éifeachtúlacht fuinnimh, don fhreagairt don éileamh chun freastal ar riachtanais an mhargaidh, agus chun iomaíocht chóir a éascú, agus slándáil an tsoláthair a áirithiú dá réir sin;

(h)  cuirfear deireadh de réir a chéile le bacainní roimh shreafaí leictreachais trasteorann idir criosanna tairisceana nó Ballstáit agus roimh idirbhearta trasteorann ar mhargaí an leictreachais agus ar mhargaí na seirbhísí gaolmhara;

(i)  déanfar foráil maidir le comhar réigiúnach sna rialacha margaidh nuair is éifeachtach sin;

(j)   tabharfar don ghiniúint, stóráil fuinnimh, agus freagairt don éileamh a bheidh slán agus inbhuanaithe ▌ rannpháirt chomhionann ar an margadh, de réir na gceanglas dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais;

(k)  beidh gach táirgeoir freagrach go díreach nó go hindíreach as an leictreachas a ghineann sé;

(l)  le rialacha margaidh, ceadófar forbairt tionscadal taispeána chun go mbeidh siad ina bhfoinsí, ina dteicneolaíochtaí nó ina gcórais fuinnimh a bheidh inbhuanaithe, slán agus ísealcharbóin, agus iad sin a fhíorú agus a úsáid chun leasa na sochaí;

(m)  cumasóidh rialacha margaidh seoladh éifeachtach ar acmhainní giniúna, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh;

(n)  fágfaidh rialacha margaidh gur féidir le gnóthais giniúna leictreachais, stórála fuinnimh agus soláthair leictreachais dul isteach sa mhargadh agus dul amach as bunaithe ar measúnú na ngnóthas sin a dhéanfaidh siad ar inmharthanacht eacnamaíoch agus airgeadais a gcuid oibríochtaí;

(o)  chun an deis a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh cosaint a bheith acu ar luaineacht praghsanna ar bhonn margaidh, agus maolú a dhéanamh ar neamhchinnteacht i dtaca leis an bhfáltas ar infheistíocht amach anseo, beidh táirgí fadtéarmacha ar fhálú intrádáilte ar mhalartuithe ar mhodh trédhearcach agus beidh conarthaí fadtéarmacha leictreachais soláthair soshannta thar an gcuntar, faoi réir chomhlíonadh dhlí iomaíochta an Aontais

(p)  Le rialacha margaidh, éascófar trádáil earraí ar fud an Aontais, agus hathruithe rialála, cuirfear san áireamh éifeachtaí ar réamh-mhargaí agus ar mhargaí amach anseo go gearrthéarmach agus go fadtéarmach agus ar tháirgí;

(q)  beidh de cheart ag rannpháirtithe sa mhargadh rochtain a fháil ar na greasáin tarchurtha agus dáileacháin ar théarmaí oibiachtúla, trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 4

Aistriú cóir

Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit a chuirfidh straitéis náisiúnta ar bun chun laghdú forásach a dhéanamh ar acmhainneacht shuiteáilte giniúna agus mianadóireachta don ghual agus do bhreoslaí iontaise soladacha eile trí na modhanna uile atá ar fáil chun “aistriú cóir” a chumasú i réigiúin a ndéanfar difear dóibh le hathrú struchtúrach. Cuideoidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun dul i ngleic le tionchair shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe i dtreo fuinneamh glan.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhpháirtíocht le geallshealbhóirí na réigiún ar mór a lorg guail agus carbóin, éascóidh sé rochtain ar chistí agus cláir atá ar fáil, tabharfaidh sé spreagadh i dtaca le dea-chleachtais a mhalartú, lena n-áirítear plé a dhéanamh maidir le treochláir thionsclaíocha agus riachtanais athoiliúna.

Airteagal 5

Freagracht as an gcothromú

1.  Beidh gach rannpháirtí ▌ sa mhargadh ▌ freagrach as na míchothromaíochtaí a chruthóidh siad sa chóras (‘cothromú freagrachta’). Chuige sin, beidh rannpháirtithe sa mhargadh ina bpáirtithe a bhfuil freagracht orthu as cothromú nó déanfaidh siad an fhreagracht a tharmligean go conarthach chuig a rogha páirtí féin ar a mbeidh freagracht as an gcothromú. Beidh freagracht airgeadais as a chuid míchothromaíochtaí féin ar gach páirtí a mbeidh freagracht air as cothromú, agus féachfaidh sé leis an gcothromaíocht a bhaint amach nó cuidiú a thabhairt don chóras leictreachais a bhaint amach.

2.  Ní fhéadfaidh na Ballstáit maoluithe a sholáthar ar an bhfreagracht as cothromú ach sna cásanna seo a leanas:

(a)  tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, faoi réir a bhformheasta ag an údarás rialála, ar choinníoll go bhfuil na maoluithe teoranta don am agus don mhéid atá riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach;

(b)  saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite ▌a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW acu;

(c)  suiteálacha a bhaineann tairbhe as tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair de bhun Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, agus a coimisiúnaíodh roimh an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, dreasachtaí a sholáthair do rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil díolúine iomlán nó i bpáirt acu ó fhreagracht as cothromú, chun glacadh le freagracht iomlán as cothromú ▌.

3.  I gcás ina ndeánann an Ballstát foráil maolú a chur ar fáil i gcomhréir le mír 2, áiritheoidh sé go bhfuil na freagrachtaí airgeadais maidir le míchothromaíochtaí á gcomhlíonadh ag rannpháirtí sa mhargadh eile.

4.  I gcás saoráidí giniúna cumhachta a choimisiúnófar ón 1 Eanáir 2026, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 2 ach amháin i leith saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh in-athnuaite ▌ a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte de níos lú ná 200 kW acu.

Airteagal 6

An margadh don chothromú

1.  Eagrófar margaí don chothromú, lena n-áirítear próisis réamhcháiliúcháin, ar bhealach a fhágfaidh:

(a)  go n-áiritheofar neamh-idirdhealú éifeachtach idir rannpháirtithe sa mhargadh, agus riachtanais éagsúla theicniúla an chórais leictreachais agus acmhainneachtaí éagsúla teicniúla foinsí giniúna, na stórála fuinnimh agus na freagartha don éileamh á gcur san áireamh;

(b)  go n-áiritheofar sainmhíniú ar sheirbhísí i modh atá trédhearcach agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de ar sheirbhísí agus ar sholáthar trédhearcach margadhbhunaithe na seirbhísí sin;

(c)  go n-áiritheofar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar gach rannpháirtí sa mhargadh, bíodh sé ina rochtain aonair nó trí chomhbhailiú, lena n-áirítear leictreachas a ghintear ó fhoinsí inathnuaite inathraitheacha fuinnimh, freagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh;

(d)  go n-urramófar an gá le freastal ar sciartha méadaitheacha de ghiniúint athraitheach mar aon le freagairt mhéadaithe don éileamh agus teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua.

2.  Ní réamhchinnfear praghas an fhuinnimh don chothromú i gconradh acmhainneachta don chothromú. Próisis thrédhearcacha a bheidh sna próisis soláthair i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir (AE) 2019/…(27), lena n-urramófar rúndacht ag an am céanna.

3.  Áiritheoidh margaí don chothromú slándáil oibríochtúil agus ag an am céanna fágfaidh siad go mbeifear in ann úsáid uasta a bhaint as acmhainneacht thraslimistéir, agus í a leithdháileadh go héifeachtúil thar chreataí ama i gcomhréir le hAirteagal 17.

4.  I gcás táirgí caighdeánacha don chothromú agus sonracha don chothromú, bunófar ▌socrú an fhuinnimh don chothromú ar phraghsáil imeallchostais (íoc-mar-imréitithe) mura rud é go bhfuil modh malartach praghsála formheasta ag na húdaráis rialála náisiúnta uile ar bhonn togra comhpháirteach ó na hoibreoirí córais tarchurtha uile tar éis anailís lena léireofar go bhfuil modh malartach praghsála níos éifeachtúla.

Beidh rannpháirtithe sa mhargadh in ann tairiscintí a dhéanamh chomh gar don fhíor-am agus is féidir, agus ní bheidh amanna dúnta an gheata fuinnimh don chothromú ann roimh am dúnta an gheata traslimistéir ionlae▌.

Oibreoirí córais tarchurtha a chuireann múnla seolta lárnach i bhfeidhm, féadfaidh sé rialacha breise a bhunú i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le cothromú leictreachais arna ghlacadh de bhun Airteagal 6(11) de Rialachán (AE) 2017/2195.

5.  Socrófar na míchothromaíochtaí ag praghas a léiríonn luach fíor-ama an fhuinnimh.

6.  Beidh limistéar praghsanna míchothromaíochta comhionann le crios tairisceana, seachas i gcás múnla seolta lárnach ina bhféadfadh limistéar praghsanna míchothromaíochta a bheith ina chuid de chrios tairisceana.

7.  Is iad na hoibreoirí córais tarchurtha a dhéanfaidh toisiú ar an acmhainneacht chúltaca agus éascófar é ar an leibhéal réigiúnach.

8.  Is iad na hoibreoirí córas tarchurtha a dhéanfaidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú agus d'fhéadfaí é a éascú ar an leibhéal réigiúnach. Féadfaidh forchoimeád na hacmhainneachta trasteorann chun na críche sin a bheith teoranta. Is bunaithe ar an margadh a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú agus eagrófar é sa chaoi go mbeidh sé neamh-idirdhealaitheach idir rannpháirtithe margaidh sa phróiseas réamhcháiliúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Threoir (AE) 2019/(28), bíodh na rannpháirtithe margaidh rannpháirteach ina n-aonar nó trí chomhiomlánú.

Is bunaithe ar mhargadh príomhúil a bheidh soláthar na hacmhainneachta don chothromú mura rud é agus sa mhéid go bhfuil úsáid cineálacha eile soláthair mhargadh-bhunaithe formheasta ag an údarás rialála ar na forais go bhfuil easpa iomaíochta ann sa mhargadh do sheirbhísí cothromúcháin. Déanfar maoluithe ó úsáid margaí príomhúla a athbhreithniú gach trí bliana.

9.  Is ar leithligh a dhéanfar soláthar na hacmhainneachta ardaithí don chothromú agus soláthar na hacmhainneachta íslithí don chothromú, mura rud é go bhformheasfaidh an t-údarás rialála náisiúnta díolmhú ón bprionsabal sin ar an mbonn go léireodh an t-oibreoir córais tarcurtha trí bhithín mheasúnú go mbeadh éifeachtúlacht eacnamaíoch níos airde mar thoradh air sin. Déanfar conraitheoireacht na hacmhainneachta don chothromú ar feadh tréimhse nach faide ná aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus aon lá amháin ar a mhéad a bheidh sa tréimhse chonarthach, mura rud é agus sa mhéid go bhfuil conraitheoireacht níos luaithe nó tréimhsí conarthacha níos faide formheasta ag an údarás rialála náisiúnta chun slándáil an tsoláthair a áirithiú nó éifeachtúlacht eacnamaíoch a fheabhsú.

I gcás ina ndeonaítear maolú, beidh 40% ar a laghad de na táirgí caighdeánacha don chothromú agus 30% ar a laghad de na táirgí uile a úsáidtear le haghaidh na hacmhainneachta don chothromú, cuirfear conarthaí maidir leis na hacmhainneachta don chothromú i gcrích aon lá amháin roimh sholáthar na hacmhainneachta don chothromú agus ní níos faide ná aon lá amháin ar a mhéad a bheidh an tréimhse chonarthach. Déanfar conraitheoireacht na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú ar feadh uastréimhse míosa sula soláthrófar an acmhainneacht don chothromú agus bainfidh uastréimhse míosa le tréimhse chonarthach na coda atá fágtha den acmhainneacht don chothromú.

10.  Arna iarraidh sin don oibreoir córas tarchurtha, féadfaidh an t-údarás rialála a chinneadh tréimhse chonarthach na coda a bheidh fágtha den acmhainneacht don chothromú dá dtagraítear i mír 9 a shíneadh go huastréimhse dhá mhí déag ar choinníoll go mbeidh teorainn ama ag baint le cinneadh den chineál sin, agus gur mó an buntáiste a bhainfidh leis an gcostas a bheadh ar chustaiméirí deiridh a ísliú ná an drochthionchar a bheadh ar an margadh. Áireofar an méid seo a leanas san iarraidh:

(a)  an tréimhse sonrach ina mbeadh feidhm ag an díolúine a shainiú;

(b)  sainiú ar mhéid na hacmhainneachta don chothromú a mbeadh feidhm ag an díolúine maidir leis;

(c)  anailís ar thionchar díolúine den chineál sin ar rannpháirtíocht acmhainní cothromúcháin; agus

(d)  bonn cirt leis an díolúine lena léireofar go mbeadh costais níos ísle ann do thomhaltóirí mar thoradh ar dhíolúine den chineál sin.

11.  D’aineoinn mhír 10, ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, ní mharfaidh na tréimhsí conthartha níos faide ná sé mhí.

12.  Faoin 1 Eanáir 2028, tuairisceoidh na húdaráis rialála don Choimisiún agus do ACER maidir leis an acmhainneacht iomlán a chumhdaítear le conarthaí ag a bhfuil tréimhse nó tréimhse soláthair is faide ná aon lá amháin acu.

13.  Foilseoidh na hoibreoirí córais tarchurtha nó a n-oibreoirí tarmligthe chomh gar don fhíor-am agus is féidir ach ní le moill 30 nóiméad nó níos mó tar éis a seachadta , cothromú reatha córais a limistéar sceidealaithe, faoi na praghsanna éagothroime measta agus faoi phraghasanna measta an fhuinnimh don chothromú.

14.  I gcás nach leor táirgí caighdeánacha don chothromú chun slándáil oibríochtúil a áirithiú nó nach féidir le roinnt acmhainní cothromúcháin a bheith rannpháirteach sa mhargadh don chothromú trí tháirgí caighdeánacha don chothromú, féadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha , agus féadfaidh na húdarais rialála maolaithe ó mhíreanna 2 agus 4 a fhormheas gcás táirgí sonracha don chothromú a ghníomhachtaítear go háitiúil gan iad a mhalartú le hoibreoirí córais tarchurtha eile.

Áireofar sna tograí le haghaidh maoluithe tuairisc ar bhearta a bhfuil sé beartaithe leo laghdú a dhéanamh ar úsáid táirgí sonracha faoi réir éifeachtúlacht eacnamaíoch, léiriú nach gcruthaíonn na táirgí sonracha neamhéifeachtúlachtaí suntsacha ná saobhadh suntasach sa mhargadh don chothromú laistigh den limistéar sceidealaithe nó lasmuigh de agus, i gcás inarb infheidhme, na rialacha agus an fhaisnéis maidir leis an bpróiseas chun na tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí sonracha a thiontú ina dtairiscintí d'fhuinneamh don chothromú ó tháirgí caighdeánacha don chothromú.

Airteagal 7

Margaí lá roimh ré agus ionlae

1.  Déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna bainistiú na margaí comhtháite lá roimh ré agus ionlae a eagrú go comhpháirteach bunaithe ar chúpláil margaidh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/1222. Comhoibreoidh na hoibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna le chéile ar leibhéal an Aontais nó, i gcás inarb iomchuí, ar an leibheal réigiúnach chun éifeachtúlacht agus éifeachtacht thrádáil leictreachais lá roimh ré agus ionlae an Aontais a uasmhéadú. Beidh an oibleagáid dul i mbun comhair gan dochar do dhlí iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm. Sna feidhmeanna atá acu a bhaineann le trádáil leictreachais, beidh oibreoirí córais tarchurtha agus OAMLanna faoi réir formhaoirseacht rialála ag na húdaráis rialála agus ag ACER de bhun Airteagal 59 de Threoir (AE) 2019/…(29) agus ag ACER de bhun Airteagail 4 agus 8 de Rialachán (AE) 2019/…(30).

2.  I dtaca le margaí lá roimh ré nó ionlae:

(a)  eagrófar iad ar bhealach a fhágfaidh go mbeidh siad neamh-idirdhealaitheach;

(b)  uasmhéadóidh siad an cumas atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a míchothromaíochtaí a bhainistiú;

(c)  déanfaidh siad uasmhéadú ar na deiseanna atá ag na rannpháirtithe uile sa mhargadh a bheith rannpháirteach i dtrádáil traschreasach chomh gar agus is féidir don fhíor-am thar gach crios tairisceana;

(d)  soláthróidh siad praghsanna a bheidh ina léiriú ar bhunphrionsabail an mhargaidh, lena n-áirítear luach fíor-ama an fhuinnimh, agus ar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh dul ar a n-iontaoibh agus táirgí fálaithe níos fadtéarmaí á gcomhaontú acu;

(e)  áiritheoidh siad slándáil oibríochtúil agus, ag an am céanna, fágfaidh siad gur féidir an úsáid is mó is féidir a bhaint as an acmhainneacht tarchurtha;

(f)  beidh siad trédhearcach agus, ag an am céanna, caomhnóidh siad rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de agus áiritheoidh siad go ndéanfar trádáil ar bhealach anaithnid;

(g)  ní dhéanfaidh siad aon idirdhealú idir trádálacha a dhéantar laistigh de chrios tairisceana agus thar chriosanna tairisceana; agus

(h)   eagrófar iad sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh gach rannpháirtí sa mhargadh in ann rochtain a fháil ar an margadh ina aonar nó trí chomhiomlánú.

Airteagal 8

Trádáil ar mhargaí lá roimh ré agus ionlae

1.  Ceadóidh OAMLanna do na rannpháirtithe sa mhargadh fuinneamh a thrádáil chomh gar don fhíor-am agus is féidir agus ar a laghad go dtí am dúnta an gheata traschreasach ionlae▌.

2.  Tabharfaidh OAMLanna an deis do na rannpháirtithe sa mhargadh trádáil a dhéanamh i bhfuinneamh in eatraimh ama atá ar a laghad chomh gearr leis an tréimhse um réiteach míchothromaíochtaí sna margaí lá roimh ré agus ionlae araon.

3.  Soláthróidh OAMLanna táirgí lena dtrádáil i margaí lá roimh ré agus ionlae atá beag go leor ó thaobh méide, le méideanna íosta tairisceana de 500 kW nó níos lú, chun go mbeidh freagairt don éileamh, stóráil fuinnimh agus táirgeadh in-athnuaite ar scála beag rannpháirteach go héifeachtach, lena n-áirítear rannpháirtíocht dhíreach ó na custaiméirí.

4.  Faoin 1 Eanáir 2021, is é 15 nóiméad a bheidh sa tréimhse réitigh míchothromaíochtaí i ngach réimse sceidealaithe mura rud é go bhfuil maolú nó díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála. Ní fhéadfaí maoluithe a dheonú ach go dtí an 31 Nollaig 2024.

Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, ní bheidhan tréimhse shocraíochta éagothroime níos faide ná 30 nóiméad, i gcás ina mbeidh díolúine deonaithe ag na húdaráis rialála náisiúnta uile de limistéar sioncronach,

Airteagal 9

Réamh-mhargaí

1.  I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719, eiseoidh oibreoirí córais tarchurtha cearta tarchurtha fadtéarmacha nó beidh bearta comhionanna i bhfeidhm acu chun foráil a dhéanamh go ndéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, rioscaí ó thaobh praghsanna de a fhálú thar theorainneacha limistéar tairisceana, mura rud é go léireofar i measúnú ar an réamh-mhargadh arna dhéanamh ag na húdaráis rialála inniúla ar theorainneacha na gcriosanna tairisceana go bhfuil deiseanna leordhóthanacha ar fhálú sna criosanna tairisceana lena mbaineann.

2.  Leithdháilfear cearta tarchurtha fadtéarmacha ar mhodh trédhearcach, marghadbhunaithe agus neamh-idirdhealaitheach trí aon ardán amháin um leithdháileadh. ▌

3.  Faoi réir comhréireacht dhlí iomaíochta an Aontais, beidh saoirse ag oibreoirí margaidh táirgí fálaithe todhchaíochta a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí fálaithe todhchaíochta fadtéarmacha, chun deiseanna iomchuí a sholáthar do rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear úinéirí saoráidí giniúna fuinnimh ina n-úsáidtear foinsí fuinnimh in-athnuaite, chun rioscaí airgeadais a eascraíonn as luaineachtaí ar phraghsanna a fhálú. Ní éileoidh na Ballstáit gníomhaíochtaí fálaithe den sórt sin teorannta do thrádálacha laistigh de Bhallstát nó laistigh de chrios tairisceana.

Airteagal 10

Teorainneacha teicniúla ar thairiscintí

1.  Ní bheidh aon teorainn uasta teorainn íosta ar an bpraghas leictreachais mórdhíola ▌. Beidh feidhm ag an bhforáil sin, inter alia, maidir le tairiscint agus imréiteach i ngach creat ama agus beidh praghsanna don fhuinneamh don chothromú agus praghsanna do mhíchothromaíochtaí san áireamh inti. Tá an méid sin gan dochar do na teorainneacha teicniúla ar phraghsanna a fhéadfar a chur i bhfeidhm sa chreat ama don chothromú agus sna creataí ama lá roimh ré agus ionlae i gcomhréir le mír 2.

2.  Féadfaidh OAMLanna teorainneacha comhchuibhithe a chur i bhfeidhm ar na praghsanna uasta agus íosta imréitigh do na creataí ama lá roimh ré agus ionlae ▌. Beidh na teorainneacha sin ard a ndóthain i riocht is nach ndéanfar an trádáil a shrianadh go neamhriachtanach, beidh siad comhchuibhithe don mhargadh inmhéanach agus cuirfear san áireamh leo an luach uasta atá ar chailliúint lóid. I gcás ina bhfuiltear ag súil leis go mbainfear amach na teorainneacha socraithe, déanfaidh OAMLanna sásra trédhearcach a chur i bhfeidhm chun na teorainneacha teicniúla ar thairiscintí a choigeartú go huathoibríoch in am trátha. Leanfaidh na teorainneacha coigeartaithe níos airde de bheith infheidhme go dtí go mbeidh gá le tuilleadh méadaithe faoin sásra sin.

3.  Ní ghlacfaidh oibreoirí córas tarchurtha aon bhearta a mbeidh sé d'aidhm leo na praghsanna mórdhíola a athrú. ▌

4.  Aithneoidh na húdaráis rialála, nó i gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúla eile chun na críche sin, údaráis inniúla arna ainmniú den chineál sin, beartais agus bearta arna gcur i bhfeidhm laistigh dá gcríoch a d'fhéadfadh rannchuidiú le bunú praghsanna mórdhíola a shrianadh go neamhdhíreach, lena n-áirítear teorainn a chur le tairiscintí a bhaineann le fuinneamh don chothromú a chur i ngníomh, le sásraí acmhainneachta, le bearta a dhéanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha, le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar thorthaí an mhargaidh nó mí-úsáid ceannasachta nó criosanna tairisceana atá sainithe go neamh-éifeachtach a chosc.

5.  Nuair a bheidh beartas nó beart, a d'fhéadfadh bunú praghsanna a shrianadh, sainaitheanta ag údarás rialála nó ag údarás inniúil arna, déanfaidh an t-údarás rialála gach gníomhaíocht iomchuí chun an tionchar an bheartais nó an bhirt a dhíothú nó, mura féidir sin, a mhaolú. Déanfaidh na Ballstáit tuarascáil a sholáthar don Choimisiún faoin ... [sé mhí tar éis an teacht i bhfeidhm] ina mbeidh tuairisc mhionsonraithe ar na bearta agus gníomhaíochtaí atá glactha acu nó atá beartaithe acu a ghlacadh.

Airteagal 11

Luach lóid chaillte

1.  Faoin ... [aon bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], i gcás ina gceanglaítear an méid sin chun caighdeán iontaofachta a leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 25, i gcás ina n-ainmníonn Ballstát údarás inniúla eile chun na críche sin, cinnfidh údaráis inniúla arna ainmniú den chineál sin meastachán aonair ar Luach an Lóid Chaillte (VoLL) dá gcríoch ▌. Cuirfear an meastachán sin ar fáil ▌go poiblí. Féadfaidh na húdaráis rialála nó údaráis inniúla eile arna n-ainmniú ag na Ballstáit meastacháin éagsúla in aghaidh an limistéir tairisceana a bhunú má tá níos mó ná limistéir tairisceana amháin ar a gcríoch. I gcás ina bhfuil críocha as níos mó ná Ballstát amháin i gcrios tairisceana, socróidh na húdaráis lena mbaineann nó údaráis inniúla ainmnithe eile meastachán ar an luach atá ar chailliúint lóid don chrios tairisceana sin. Agus an luach atá ar chailliúint lóid á chinneadh acu, déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta nó údaráis inniúla eile arna n-ainmiú ag na Ballstáit an mhodheolaíocht arna forbairt dá dtagraítear in Airteagal 23(6) a chur i bhfeidhm.

2.  Déanfaidh údaráis rialála agus údaráis inniúla arna n-ainmiú a meastachán ar an luach atá ar chailliúint lóid a thabhairt cothrom le dáta gach cúig bliana ar a laghad nó níos luaithe ná sin tráth a fheictear athrú suntasach.

Airteagal 12

Giniúint agus freagairt don éileamh a sheoladh

1.  Beidh seoladh na saoráidí giniúna cumhachta agus freagartha don éileamh neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach agus, mura bhforáiltear dá mhalairt faoi Airteagal 12(2) go (6), margadh-bhunaithe ▌.

2.  Gan dochar d’Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh oibreoirí córais, agus suiteálacha giniúna leictreachais á seoladh acu, tosaíocht a thabhairt do shuiteálacha giniúna a úsáideann foinsí inathnuaite fuinnimh a mhéid a cheadófar sin de réir oibriú slán an chórais leictreachais náisiúnta agus bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha agus faoi réir na dteorainneacha seo a leanas:

(a)  saoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite ▌a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici; nó

(b)  tionscadail taispeána le haghaidh teicneolaíochtaí nuálacha, ar choinníoll go bhfuil formheasta ag an údarás rialála a bheidh teoranta don am agus don mhéid a bheidh an maolú riachtanach chun cuspóirí na taispeána a bhaint amach.

3.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh gan seoladh tosaíochta a chur i bhfeidhm maidir le saoráidí breise giniúna cumhachta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 a thosóidh ar bheith ag feidhmiú ar a laghad sé mhí tar éis an chinnidh, nó tairseach acmhainneachta íosta a chur i bhfeidhm is ísle ná í sin a leagtar amach i bpointe (a) de mhír (2), ar choinníoll:

(a)  go bhfuil rochtain iomlán ag gach rannpháirtí sa mhargadh ar a margadh ionlae, a margadh mórdhíola agus a margadh don chothromú, atá ag feidhmiú go maith, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;

(b)  go bhfuil rialacha maidir le comhroinnt agus bainistiú ar phlódú trédhearcach do gach rannpháirtí sa mhargadh;

(c)  go bhfuil ranníocaíocht náisiúnta an Bhallstáit i leith sprioc cheangailteach fhoriomlán an Aontais maidir le sciar an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite faoi Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCómhairle(31) agus faoi phointe (a)(2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) comhionann ar a laghad le toradh comhfhreagrach na foirmle a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1999 agus nach bhfuil sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí inathnuaite níos ísle ná a phointí tagartha faoi phointe (a)(2) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1999; nó, mar mhalairt air sin, go bhfuil sciar an Bhallstáit d’fhuinneamh ó fhoinsí in olltomhaltas deiridh leictreachais cothrom le 50% ar a laghad;

(d)  go bhfuil fógra faoin maolú atá beartaithe tugtha ag an mBallstát don Choimisiún ina leagtar amach go mionsonraithe an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi phointí (a), (b) agus (c); agus

(e)  go bhfuil an maolú atá beartaithe, lena n-áirítear an réasúnú mionsonraithe, foilsithe ag an mBallstát, agus aird chuí tugtha aige, i gcás inar gá, ar chosaint faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de.

Seachnófar, le maolú ar bith, athruithe cúlghabhálacha i gcás suiteálacha giniúna a bhaineann tairbhe cheana féin as seoladh tosaíochta, d’ainneoin aon chonartha idir Ballstát agus suiteáil giniúna ar bhonn deonach.

Gan dochar d’Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí a thabhairt do shuiteálacha atá incháilithe do sheoladh tosaíochta an seoladh tosaíochta a thabhairt suas dá ndeoin féin.

4.  Gan dochar d’Airteagail 107, 108 agus 109 CFAE, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do sheoladh tosaíochta i gcás fuinneamh a ghintear i saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as comhghiniúint ardéifeachtach a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 400 kW aici.

5.  I gcás saoráidí giniúna cumhachta a choimisiúnófar amhail ón 1 Eanáir 2026, ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 2 ach amháin maidir le saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite ▌a bhfuil acmhainneacht leictreachais suiteáilte is lú ná 200 kW acu ▌.

6.  Gan dochar do chonarthaí a bheidh tugtha i gcrích roimh an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], maidir le saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí inathnuaite fuinnimh nó comhghiniúint ardéifeachtach agus a coimisiúnaíodh roimh an ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus a bhí , nuair a coimisiúnaíodh iad, faoi réir seoladh tosaíochta faoi Airteagal 15(5) de Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Airteagal 16(2) de Threoir 2009/28/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33), leanfaidh siad de bheith ag tairbhiú de sheoladh tosaíochta. Ní bheidh feidhm ag seoladh tosaíochta do shaoráidí giniúna cumhachta den chineál sin a thuilleadh ón dáta óna mbeidh an tsaoráid giniúna cumhachta faoi réir modhnuithe suntasacha, rud a bheidh amhlaidh, ar a laghad, i gcás ina mbeidh gá le comhaontú do nasc nua nó i gcás ina méadaítear acmhainneacht ghiniúna an saoráidí giniúna cumhachta.

7.  Ní chuirfear oibriú slán an chórais leictreachais i mbaol le seoladh tosaíochta, ní bhainfear úsáid as mar bhonn cirt le ciorrú ar an acmhainneacht traschreasach thar an méid dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus beidh sé bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.

Airteagal 13

Athsheoladh ▌

1.  ▌Is bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bheidh ciorrú nó athsheoladh giniúna agus athsheoladh freagartha don éileamh. Beidh sé oscailte do gach teicneolaíocht ghiniúna, an stóráil fuinnimh ar fad agus freagairt don éileamh, lena n-áirítear iad siúd atá lonnaithe i mBallstáit eile, mura rud é nach bhfuil sé sin indéanta go teicniúil.

2.  Roghnófar na hacmhainní ▌arna n-athsheoladh as measc na saoráidí giniúna, stórála fuinnimh nó éilimh ▌trí shásraí margadhbhunaithe a úsáid agus tabharfar cúiteamh airgeadais astu. Ní dhéanfar praghas an fhuinnimh don chothromú a shocrú le tairiscintí d'fhuinneamh don chothromú a úsáidtear d’athsheoladh.

3.  Ní fhéadfar úsáid a bhaint as athsheoladh giniúna, stórála fuinnimh ná freagartha don éileamh nach bhfuil bunaithe ar an margadh ▌ach sna cásanna seo a leanas:

(a)   i gcás nach bhfuil rogha mhalartach mhargadhbhunaithe ar fáil,

(b)   i gcás inar úsáideadh gach acmhainn mhargadhbhunaithe atá ar fáil;

(c)   i gcás ina bhfuil líon na saoráidí giniúna, stórála fuinnimhfreagartha don éileamh atá ar fáil sa limistéar ina bhfuil saoráidí oiriúnacha giniúna, stórála fuinnimhfreagartha don éileamh le haghaidh soláthar na seirbhíse lonnaithe, ró-íseal chun iomaíocht éifeachtach a áirithiú;

(d)  i gcás ina mbeadh plódú ar bhealach rialta agus intuartha ann de bharr staid reatha na n-eangach lena bhfágfaí de thoradh ar athsheoladh margadh-bhunaithe go mbeadh tairiscintí rialta straitéiseacha ann lena méadófaí leibhéal an phlódaithe inmheánaigh agus ina mbeadh plean gníomhaíochta glactha ag an mBallstát lena mbaineann chun aghaidh a thabhairt ar an bplódú sin nó ina n-áiritheodh sé go mbeadh acmhainneacht íosta trádála traschreasach i gcomhréir le hAirteagal 16(8).

4.  Ar a laghad uair amháin in aghaidh na bliana, cuirfidh na hoibreoirí córais agus na hoibreoirí córais dáilacháin tuarascáil faoi bhráid an údaráis rialála inniúla, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an leibhéal forbartha agus éifeachtach sásraí athsheolta mhargadhbhunaithe i gcás saoráidí giniúna cumhachta, stórála fuinnimh agus freagartha don éileamh;

(b)  na cúiseanna, na toirteanna de réir MWh agus an cineál foinse giniúna atá faoi réir athsheolta;

(c)  na bearta a glacadh chun an gá le athsheoladh íslitheach suiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach amach anseo a laghdú, lena n-áirítear infheistíochtaí i ndigitiú bhonneagar na heangaí agus i seirbhísí lena méadaítear solúbthacht.

Seolfaidh an t-údarás rialála ábhartha tuarascáil don ACER agus foilseoidh sé maidir leis na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír maille le moltaí le haghaidh feabhais i gcás inar gá.

5.  Faoi réir na gceanglas a bhaineann le cothabháil iontaofacht agus sábháilteacht na heangaí, bunaithe ar chritéir thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha arna bunú ag na húdaráis rialála, déanfaidh oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin an méid seo a leanas:

(a)  ráthú a dhéanamh ar chumas na ngréasán tarchurtha agus dáileacháin leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite nó ó ghiniúint ardéifeachtach a tharchur lena laghad ▌athsheolta agus is féidir. Ní chuirfidh sé sin cosc ar an lucht pleanála gréasán athsheoladh teoranta ▌a chur san áireamh i gcás inar féidir leis an oibreoir córais tarchurtha agus leis an oibreoir córais dáileacháin a thaispeáint, ar bhealach trédhearcach, go bhfuil éifeachtúlacht eacnamaíoch níos mó i gceist leis sin, nach dtéann sé thar 5 % den leictreachas arna ghiniúint go bliantúil i suiteálacha a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite agus atá nasctha go díreach lena n-eangach faoi seach, mura ndéanfaidh Ballstát inar fiú níos mó ná 50 % dá olltomhaltas deiridh bliantúil leictreachais an leictreachas ó shaoráid giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach é a sholáthar ar shlí eile;

(b)  bearta oibríochtúla iomchuí a bhaineann leis an eangach agus a bhaineann leis an margadh a dhéanamh chun íoslaghdú a dhéanamh ar athsheoladh íslitheach ▌ar leictreachas arna tháirgeadh ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite nó ó chomhghiniúint ardéifeachtach;

(c)  a áirithiú go mbeidh a ngréasáin sách solúbtha sa chaoi is go mbeidh siad in ann iad a bhainistiú.

6.  I gcás ina mbainfear úsáid as athsheoladh ▌íslitheach nach bhfuil bunaithe ar an margadh, beidh feidhm ag na prionsabail seo a leanas:

(a)   ní bheidh saoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite faoi réir athsheoladh íslitheach ▌ach amháin mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha shuntasacha nó rioscaí tromchúiseacha do shlándáil an ghréasáin ann mar thoradh ar réitigh eile;

(b)   ní bheidh leictreachas a ghintear i bpróiseas comhghiniúna ardéifeachtaí faoi réir athsheoladh íslitheach ▌ach amháin, seachas athsheoladh íslitheach a dhéanamh ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite, mura bhfuil aon rogha mhalartach eile ann nó más rud é go mbeadh costais dhíréireacha nó rioscaí tromchúiseacha ann do shlándáil an ghréasáin mar thoradh ar réitigh eile;

(c)  ní bheidh leictreachas féinghinte ó shuiteálacha giniúna a bhaineann úsáid as foinsí fuinnimh inathnuaite nó as comhghiniúint ardéifeachtach, nach gcuirtear isteach sa ghréasán tarchurtha ná dáileacháin faoi réir athsheoladh íslitheach ach amháin i gcás nach réiteodh aon réiteach eile saincheisteanna slándála gréasáin;

(d)  tabharfar bonn cirt cuí agus trédhearcach le hathsheoladh íslitheach ▌faoi phointí (a) go (c). Cuirfear an bonn cirt san áireamh sa tuarascáil faoi mhír 3.

7.  I gcás ina mbaintear úsáid as ▌athsheoladh nach bhfuil margadh-bhunaithe, beidh sé faoi réir ag cúiteamh airgeadais ag an oibreoir córais a iarrann ▌an t-athsheoladh chuig oibreoir na saoráide athsheolta giniúna, stórála fuinnimhfreagartha don éileamh seachas i gcás táirgeoirí a ghlacann le comhaontú do nasc nach ráthaítear seachadadh daingean fuinnimh leis. Beidh an cúiteamh airgeadais den chineál sin ar a laghad comhionann leis an gceann níos airde de na heilimintí seo a leanas nó le cumasc díobh dá mba rud é gur cúiteamh dochosanta íseal nó dochosanta ard a bheadh de thoradh ar cheann amháin de na heilimintí a chur i bhfeidhm:

(a)  an costas oibríochtúil breise arna chruthú ag an ▌athsheoladh, amhail costais bhreise bhreosla i gcás athsheoladh ardaitheach, nó soláthar teasa cúltaca i gcás athsheoladh íslitheach ar shaoráidí giniúna cumhachta a bhaineann úsáid as chomhghiniúint ardéifeachtach;

(b)  ▌ an fáltas glan ón díolachán leictreachais ar an margadh lá roimh ré a bheadh ginte ag an tsaoráid ghiniúna cumhachta, stórála fuinnimhfreagartha don éileamh gan an iarraidh ▌ar athsheoladh. I gcás ina ndéantar tacaíocht airgeadais a thabhairt do shaoráidí giniúna cumhachta, stórála fuinnimh nó freagartha don éileamh bunaithe ar an méid leictreachais arna ghiniúint nó arna ídiú, measfar an tacaíocht airgeadais a bheadh anngan iarraidh ▌ar athsheoladh a bheith ina cuid den fháltas glan.

Caibidil III

Rochtain ar ghréasán agus bainistiú ar phlódú

Roinn 1

Leithdháileadh acmhainneachta

Airteagal 14

Athbhreithnú ar an gcrios tairisceana

1.  Glacfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar phlódú. Beidh teorainneacha na gcriosanna tairisceana bunaithe ar phlódú fadtéarmach struchtúrach sa ghréasán tarchurtha ▌. Ní bheidh plódú struchtúrtha den chineál sin sna criosanna tairisceana mura rud é nach bhfuil tionchar ar bith acu ar chriosanna tairisceana chomharsanachta, nó, mar bheart sealadach, go ndéantar a dtionchar ar chriosanna tairisceana comharsanacha a mhaolú trí leas a bhaint as gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus nach mbíonn laghdú ar an acmhainneacht trádála traschreasach de thoradh ar na plódaithe struchtúracha, i gcomhréir le ceanglais Airteagal 16. Dearfar cumraíocht na gcriosanna tairisceana san Aontas ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar éifeachtúlacht eacnamaíochta a uasmhéadú agus chun deiseanna trádála traslimistéir a uasmhéadú de bhun Airteagal 16 agus urraim chuí á tabhairt do shlándáil an tsoláthair .

2.  Gach trí bliana, tuairisceoidh an ENTSO don Leictreachas ar phlódú struchtúrtha agus mórphlódú fisiceach eile idir chriosanna tairisceana agus laistigh díobh, lena n-áirítear suíomh agus minicíocht an phlódaithe sin i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Cuirtear leis an tuarascáil sin measúnú maidir le cé acu a shroich nó nár shroich acmhainneacht na trádála traschreasach conair líneach de bhun Airteagl 15 den Rialachán seo nó an t-acmhainneacht íosta de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo.

3.  Chun cumraíocht optamach ar chriosanna tairisceana a áirithiú, déanfar athbhreithniú ar chriosanna tairisceana. San athbhreithniú sin déanfar an plódú struchtúrach ar fad a shainaithint agus beidh anailís ann ar chumraíochtaí éagsúla na gcriosanna tairisceana ar mhodh comhordaithe ina mbeidh geallsealbhóirí a bhfuil difear á dhéanamh dóibh ó gach Ballstát ábhartha rannpháirteach, i gcomhréir leis an treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009. Déanfar na criosanna tairisceana atá ann faoi láthair a mheasúnú bunaithe ar a gcumas timpeallacht mhargaidh iontaofa a chruthú, lena n-áirítear i gcás giniúint sholúbtha agus acmhainneacht lóid, atá bunriachtanach chun scrogaill eangaí a sheachaint, éileamh agus soláthar leictreachais a chothromú agus slándáil fhadtéarmach infheistíochtaí i mbonneagar líonra a áirithiú.

4.  Chun críche an Airteagail seo agus Airteagal 15, tagraíonn na Ballstáit, na hoibreoirí córais tarchurtha nó na húdaráis rialála ábhartha do na Ballstáit, na hoibreoirí córais tarchurtha nó na húdaráis rialála a bheidh rannpháirteach san athbhreithniú ar chumraíocht na gcriosanna tairisceana agus dóibh siúd freisin sa réigiún ríofa acmhainneachta céanna de bhun na treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009.

5.  Faoin ... [trí mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha uile togra maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí a úsáidfear sa phróiseas athbhreithnithe maidir leis crioseanna tairisceana mar aon leis na cumraíochtaí malartacha ar chriosanna tairisceana arna meas a thíolacadh do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha lena fhormheas. Tiocfaidh na húdaráis rialála náisiúnta ar chinneadh d'aon toil maidir leis an togra a gcuirtear faoi bhráid laistigh de thrí mhí. I gcás nach féidir leis na húdaráis rialála teacht ar chinneadh d’aon toil maidir leis an togar laistigh den chlár ama sin, déanfaidh ACER cinneadh, laistigh de thrí mhí breise, maidir leis an modheolaíocht agus na toimhdí ▌agus na cumraíochtaí malartacha ar chriosanna tairisceana a measfar. Is ar phlódú struchtúrach nach bhfuiltear ag súil go sárófar sna trí bliana atá romhainn é, a bhunófar an mhodheolaíocht, lena gcuirfear san áireamh dul chun cinn nithiúil ar thionscadail forbartha bonneagair a bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad sna trí bliana atá romhainn.

6.   Ar bhonn na modheolaíochta agus na toimhdí arna bhformheas de bhun mhír 4, tráth nach déanaí ná 12 mhí tar éis fhormheas na modheolaíochta de bhun mhír 4, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha atá rannpháirteach san athbhreithniú ar na criosanna tairisceana togra comhpháirteach a chur faoi bhráid a n-údaráis inniúla ainmnithe na mBallstát ábhartha maidir le cé acu an ndéanfaidh siad cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil. Ballstáit eile, Comhpháirtithe Conarthacha an Phobail Fuinnimh nó tríú tíortha eile atá sa limistéar sioncronach céanna le haon Bhallstát, féadfaidh aon Bhallstat ábhartha barúlacha a thíolacadh. ▌

7.  I gcás ina mbeidh plódú struchtúrach sainaitheanta sa tuarascáil de bhun mhír 2 den Airteagal seo nó san athbhreithniú ar na criosanna tairisceana de bhun mhír 5 den Airteagal seo nó ag ceann amháin nó níos mó de na hoibreoirí córais tarchurtha ina limistéir rialaithe i dtuarascáil arna formheas ag an údarás rialála ábhartha déanfaidh an Ballstát a bhfuil plódú struchtúrach sainaitheanta aige, i gcomhar lena oibreoirí córais tarchurtha agus laistigh de shé mhí tar éis an tuarascáil a fháil, a chinneadh pleananna gníomhaíochta náisiúnta nó ilnáisiúnta a bhunú de bhun Airteagal 15, nó athbhreithniú nó leasú a dhéanamh ar chumraíocht a gcriosanna tairisceana. Tabharfar fógra láithreach don Choimisiún agus do ACER faoi na cinntí sin.

8.  I gcás na mBallstát sin ar rogha leo cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú de bhun mhír 7, tiocfaidh na Ballstáit ábhartha ar chinneadh d’aon toil laistigh de shé mhí tar éis an fógra a thabhairt de bhun mhír 7. Féadfaidh Ballstáit eile barúlacha a thíolacadh do na Ballstáit ábhartha, ar cheart dóibh na barúlacha sin a chur san áireamh agus iad ag teacht ar a gcinneadh. Beidh bonn cirt leis an gcinneadh, agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún agus do ACER. I gcás nach bhféadfaidh na Ballstáit ábhartha teacht ar chinneadh d'aon toil laistigh de na sé mhí sin, cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún láithreach. Mar rogha dheiridh, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER, cinneadh a ghlacadh maidir le cé acu an ndéanfaidh sé cumraíocht na limistéar tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit sin, faoi cheann sé mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil.

9.  Rachaidh na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha sula nglacfaidh siad cinneadh faoin Airteagal seo ▌.

10.  Sonrófar in aon chinneadh a ghlacfar faoin Airteagal seo an dáta a chuirfear athrú chun feidhme. Leis an dáta cur chun feidhme sin, aimseofar cothromaíocht idir an gá atá le cur chun feidhme a dhéanamh a luaithe agus is féidir agus ceisteanna praiticiúla, lena n-áirítear trádáil todhchaíochta leictreachais. Féadfaidh an cinneadh socruithe eatramhacha iomchuí a bhunú ▌.

11.  I gcás ina ndéantar athbhreithnithe eile ar chriosanna tairisceana a sheoladh faoin treoirlíne maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú a glacadh ar bhonn Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) 714/2009, beidh feidhm ag an Airteagal seo.

Airteagal 15

Pleananna gníomhaíochta

1.  I ndiaidh chur i bhfeidhm cinnidh de bhun Airteagail 14(7), déanfaidh an Ballstát ina bhfuil plódú structúrach sainaitheanta plean gníomhaíochta a fhorbairt i gcomhar lena údarás rialála. Áireofar sa phlean gníomhaíochta sin clár ama docht chun bearta a ghlacadh chun laghdú a dhéanamh ar an bplódú struchtúrach arna shainaithint laistigh de cheithre bliana ó ghlacadh an chinnidh sin de bhun Airteagal 14(7).

2.  Gan bean ar dhul chun cinn nithiúil an phlean gníomhaíochta, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar, gan dochar do mhaolaithe arna dheonú faoi Airteagal 16(10) nó maolaithe faoi Airteagal 16(3), na hacmhainneachtaí trádála traschreasach a mhéadú ar bhonn bliantúil go dtí go ngnófar íosta acmhainneachta dá dtagraítear in Airteagal 16(8), a ghnóthú. Bainfear an tagarmharc íosta acmhainneachta amach faoin 31 Nollaig 2025.

Is trí bhíthin conair líneach a ghnóthófar na méaduithe bliantúla sin. Is éard a bheidh i dtúsphointe na conaire sin an acmhainneacht a leithdháileadh ar an teorainn nó ar eilimintí criticiúla líonra sa bhliain roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta nó meánacmhainneacht na dtrí bliana deiridh roimh ghlacadh an phlean gníomhaíochta, cibé acu is airde. Áiritheoidh na Ballstáit, le linn chur chun feidhme bpleananna gníomhaíochta, go mbeidh an acmhainneacht a chuirfear ar fáil don trádáil traschreasach atá le bheith i gcomhréir le hAirteagal 16 (8), cothrom, ar a laghad, le luachanna na conaire línigh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí feabhais sa réigiún ríofa acmhainneachta.

3.  Is iad an Ballstát nó na Ballstáit a bhfuil na pleananna gníomhaíochta riachtanach á chur chun feidhme aige nó acu a sheasfaidh costais na ngníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá chun cloí leis an gconair nó acmhainneacht traschreasach a chur ar fáil ag na teorainneacha lena mbaineann an plean gníomhaíochta.

4.  Ar bhonn bliantúil, le linn chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta agus laistigh de shé mhí tar éis dhul in éag, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú don 12 mhí deiridh i dtaobh an bhfuil an chonair líneach bainte amachnó, ón 1 Eanáir 2026, déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú i dtaobh na acmhainneachta íosta dá dtagraítear in Airteagal 16(8) a. Tuairisceoidh siad a measúnuithe do ACER agus do na húdaráis rialála náisiúnta ábhartha. Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil deiridh a thíolac, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil a thíolac, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála lena fhormheas.

5.  I gcás na mBallstáit sin ar ina leith a léirítear sa mheasúnuithe dá dtagraítear i mír 4 nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an chonair líneach, déanfaidh na Ballstáit ábhartha a chinneadh d’aon toil, laistigh de shé mhí ón measúnú dá dtagraítear i mír 4 a fháil, maidir le cé acu an ndéanfaidh siad cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil idir na Ballstáit sin. Agus cinneadh á dhéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit ábhartha aird a thabhairt ar na barúlacha a chuirtear faoina mbráid ag na mBallstáit eile. Beidh cinneadh na mBallstát ábhartha ina chinneadh réasúnaithe agus tabharfar fógra faoi don Choimisiún agus do ACER.

Cuirfidh na Ballstáit ábhartha an Coimisiún ar an eolas láithreach i gcás nach bhféadfaidh siad teacht ar chinneadh laistigh den tréimhse ama ata leagtha síos. Laistigh de sé mhí tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, déanfaidh an Coimisiún, mar rogha dheiridh, tar éis dó dul i gcomhairle le ACER agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, cinneadh a ghlacadh maidir le cé cumraíocht na gcriosanna tairisceana a leasú nó a choinneáil sna Ballstáit sin agus idir na Ballstáit ábhartha.

6.  Sé mhí roimh dhul in éag don phlean gníomhaíochta, déanfaidh an Ballstát a bhfuil plódú struchtúrach sainaitheanta aige cinneadh cibé an ndéanfaidh sé aghaidh a thabhairt ar phlódú agus a gcrios tairisceana á leasú aige nó cibé an dtabharfaidh siad aghaidh ar an bplódú inmheánach atá gan réiteach le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a gcumhdóidh sé na costais dóibh.

7.  I gcás nár sainíodh plean gníomhaíochta laistigh de 6 mhí inar sainaithníodh plódú struchtúrach de bhun Airteagal 14(7), déanfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha ábhartha measúnú, laistigh de 12 mhí tar éis plódú struchtúrach den sórt sin a shainaithint, i dtaobh ar shroich an acmhainneacht trasteorann atá ar fáil an t-íosleibhéal acmhainneachta a leagtar amach in Airteagal 16(8) i gcás thréimhse an 12 mhí roimhe sin agus cuirfidh sé tuarascail mheasúnaithe faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus faoi bhráid ACER.

Sula ndéanfaidh sé an tuarascáil a dhréachtú, déanfaidh gach oibreoir córais tarchurtha a rannchuidiú leis an tuarascáil, lena n-áirítear na sonraí ábhartha uile, a chur chuig a údarás rialála náisiúnta lena fhormheas. I gcás ina léirítear sa mheasúnú nár chomhlíon oibreoir córais tarchurtha an íosleibhéil acmhainneachta, beidh feidhm ag an bpróiseas cinnteoireachta i mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 16

Prionsabail ghinearálta maidir le leithdháileadh acmhainneachta agus le bainistiú ar phlódú

1.  Tabharfar aghaidh ar fhadhbanna maidir le plódú gréasáin trí réitigh neamh-idirdhealaitheacha margadh-bhunaithe lena dtabharfar comharthaí eacnamaíocha éifeachtúla do na rannpháirtithe sa mhargadh agus do na hoibreoirí córais tarchurtha lena mbaineann. Réiteofar fadhbanna maidir le plódú gréasáin trí mhodhanna nach bhfuil bunaithe ar idirbheart, eadhon modhanna nach mbaineann le roghnú idir conarthaí rannpháirtithe aonair sa mhargadh. Agus bearta oibríochtúla á ndéanamh aige chun a áirithiú go bhfanfaidh a chóras tarchurtha sa ghnáth-staid, cuirfidh an t-oibreoir córais tarchurtha san áireamh an tionchar a bheadh ag na bearta sin ar limistéir rialaithe chomharsanachta agus déanfaidh sé comhordú ar bhearta den sórt sin le hoibreoirí córais tarchurtha eile a ndéanfar difear dóibh mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) Uimh. 2015/1222.

2.  Ní úsáidfear nósanna imeachta um chiorrú idirbhirt ach amháin i staideanna éigeandála, eadhon ina bhfuil ar an oibreoir córais tarchurtha gníomhú ar mhodh gasta agus nach bhfuil athsheoladh ná fritrádáil indéanta. Déanfar aon nós imeachta den sórt sin a chur i bhfeidhm ar mhodh neamh-idirdhealaitheach. Déanfar rannpháirtithe sa mhargadh dár leithdháileadh acmhainneacht a chúiteamh as aon chiorrú den chineál sin, seachas i gcásanna force majeure.

3.  Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh comhordaithe ar acmhainneacht i gcomhréir le míreanna 4 agus 8 den Airteagal seo, dá bhforáiltear i bpointe (a) d’Airteagal 37(1) agus in Airteagal 42(1).

Déanfaidh lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ríomh ar acmhainneachtaí traschreasacha, agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú acu, trí úsáid a bhaint as sonraí ó oibreoirí córais tarchurtha, lena n-áirítear sonraí ar infhaighteacht theicniúil gníomhaíochtaí ceartaitheacha, seachas lódsceitheadh. I gcás ina dtiocfaidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha ar an gconclúid nach leor iad na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile atá ar fáil sa réigiún ríofa acmhainneachta nó idir réigiúnacha ríofa acmhainneachta chun an chonair líneach da dtagraítear in Airteagal 15(2) nó na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a shroicheadh agus teorainneacha ar shlándáil oibríochtúil á n-urramú, ag an am céanna, féadfaidh siad, mar rogha dheiridh, gníomhaíochtaí comhordaithe a leagan amach lena laghdaítear na hacmhainneachtaí traschreasacha dá réir. Ní fhéadfaidh na hoibreoirí córais tarchurtha claonadh ó ghníomhaíochtaí comhordaithe ach amháin i dtaca le ríomh comhordaithe ar acmhainneacht agus le hanailís chomhordaithe ar shlándáil i gcomhréir le hAirteagal 42(2).

Faoi thrí mhí tar éis theacht i ngníomh na lárionad chomhordúcháin réigiúnach de bhun Airteagal 35(2) agus gach trí mhí ina dhiaidh sin, cuirfidh na lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha faoi bhráid na n-údarás rialála ábhartha agus don ACER maidir le haon laghdú ar acmhainneacht nó mura gcloítear leisan ghníomhaíocht chomhorduithe de bhun na dara fomíre seo agus déanfaidh siad measúnú ar na teagmhais agus moltaí, más gá, ar an gcaoi le claontaí den sórt sin a sheachaint sa todhchaí. Má thagann ACER ar an gconclúid nach ndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh nó gur de chineál struchtúrtha iad, cuirfidh ACER tuairim faoi bhráid na n-údarás rialála náisiúnta ábhartha agus faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh na húdaráis rialála inniúla gníomhaíocht iomchuí a thionscnamh in aghaidh oibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha de bhun Airteagal 59 nó Airteagal 62 de Threoir (AE) 2019/…(34) mura gclíonn na hoibreoirí córais tarchurtha nó lárionaid chomhordúcháin réigiúnacha leis na gníomhaíochtaí chomhorduithe faoin mír seo ganndearnadh na réamhriachtanais le haghaidh claonta de bhun na míre seo a chomhlíonadh.

Tabharfar aghaidh ar chlaontaí de chineál struchtúrtha sa phlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 14(7) nó i leagan nuashonraithe de phlean gníomhaíochta atá ann cheana.

4.  Déanfar leibhéal uasta acmhainneacht na n-idirnasc agus na ngréasán tarchurtha a ndéanann acmhainneacht trasteoranndifear dóibh a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh na caighdeáin sábháilteachta á gcomhlíonadh maidir le hoibriú slán gréasáin.  Bainfear úsáid as fritrádáil agus athsheoladh, lena n-áirítear athsheoladh trasteorann, chun na hacmhainneachtaí atá ar fáil a uasmhéadú chun go sroichfí na tairsí íosta acmhainneachta dá dtagraítear i mír 8. Déanfar próiseas comhordaithe agus neamh-idirdhealaitheach a chur i bhfeidhm chun é sin a chumasú, tar éis modheolaíocht maidir le comhroinnt costas athsheolta agus fritrádála a chur chun feidhme.

5.  Ní dhéanfar acmhainneacht a leithdháileadh ach amháin trí bhíthin ceantanna sainráite acmhainneachta nó ceantanna intuigthe lena n-áirítear acmhainneacht agus fuinneamh araon. Féadfaidh an dá mhodh a bheith ann ag an am céanna i ndáil leis an idirnasc céanna. I gcás trádáil ionlae úsáidfear trádáil leanúnach, a bhféadfaidh ceantanna a bheith ina gcomhlánú uirthi.

6.  I gcás plódaithe, is iad na tairiscintí a ghlacfar ná na tairiscintí bailí is airde luach ar acmhainneacht ghréasáin, bíodh siad intuigthe nó sainráite, a thairgeann an luach is airde don acmhainneacht thearc tarchurtha in aon chreat ama ar leith. Seachas i gcás idirnascairí nua a thairbheoidh de dhíolúine faoi Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003, Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó faoi Airteagal 63 den Rialachán seo, deánfar praghsanna cúltaca a bhunú i modhanna leithdháilte acmhainneachta a thoirmeasc.

7.  Beidh an acmhainneacht intrádáilte ar bhonn tánaisteach gan bhac, ar choinníoll go gcuirfear an t-oibreoir córais tarchurtha ar an eolas luath go leor roimh ré. I gcás ina ndiúltóidh oibreoir córais tarchurtha aon trádáil thánaisteach (nó idirbheart thánaisteach), déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha sin an méid sin a chur in iúl agus a mhíniú go soiléir agus go trédhearcach do na rannpháirtithe uile sa mhargadh agus cuirfear in iúl don údarás rialála é.

8.