Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 27 Márta 2019 - Strasbourg
Acmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ***I
 An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ***I
 An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) ***I
 Creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha ***I
 Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (ECSP) do Ghnólachtaí ***I
 Margaí in ionstraimí airgeadais: soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ***I
 Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe ***I
 Caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua ***I
 Laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol ***I
 Táirgí leasacháin AE ***I
 Oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó‑ghineacha ag an obair ***I
 Rialacha comhchoiteanna do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí ***I
 Forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin ***I

Acmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg ***I
PDF 117kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 maidir leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíochta don Aos Óg (COM(2019)0055 – C8-0041/2019 – 2019/0027(COD))
P8_TA(2019)0295A8-0085/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0055),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 177 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0041/2019),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Márta 2019(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus don tuairim ón gCoiste um Buiséid (A8-0085/2019),

A.  De bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar maith ann dul ar aghaidh leis an vóta sula rachaidh an tréimhse ocht seachtaine in éag mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann leis na hacmhainní don leithdháileadh sonrach don Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg

P8_TC1-COD(2019)0027


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/711....)

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ***I
PDF 694kWORD 252k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (COM(2018)0460 – C8-0275/2018 – 2018/0243(COD))
P8_TA(2019)0298A8-0173/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0460),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 209, 212 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0275/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 13 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(3),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Fhorbairt faoi Riail 55 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Coiste um Fhorbairt agus freisin ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0173/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta

P8_TC1-COD(2018)0243


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, Airteagal 212 agus Airteagal 322(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(4),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(5),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(6),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(7),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Ba cheart gurb é a bheadh mar chuspóir ginearálta ag an gClár don “Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta” (an “Ionstraim”) ná creat airgeadais a sholáthar chun tacú le luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais a chumhdach agus a chur chun cinn ar fud an domhain i gcomhréir le cuspóirí agus prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). [Leasú 1]

(2)  I gcomhréir le hAirteagal 21 CA), saothróidh an tAontas an chomhsheasmhacht idir réimsí éagsúla a ghníomhaíochta seachtraí agus idir iad sin agus a bheartais eile agus cuirfidh sé roimhe an comhar a chothú go mór i réimsí uile an chaidrimh idirnáisiúnta. Ba cheart go rannchuideodh an réimse leathan de ghníomhaíochtaí is féidir a chur i gcrích leis an Rialachán seo leis na cuspóirí a leagtar amach san Airteagal sin den CAE.

(2a)  I gcomhréir le hAirteagal 21 CAE, tá cur i bhfeidhm an Rialacháin seo le bheith faoi threoir phrionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na mbunsaoirsí, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. Tá an Rialachán seo ceaptha rannchuidiú le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a ghnóthú, lena n-áirítear beartais an Aontais a bhaineann le cearta an duine agus na cuspóirí a leagtar amach i gCreat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas. Ba cheart go mbeadh gníomhaíocht an Aontais i bhfabhar cloí leis an Dearbhú Uilechoiteann ar Chearta an Duine. [Leasú 2]

(3)  I gcomhréir le hAirteagal 8 CAE, déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le tíortha comharsanachta d’fhonn limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna ann dlúthchaidreamh síochánta atá bunaithe ar an gcomhar. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le cuspóir den sórt sin.

(3a)   I gcomhréir le hAirteagal 167 CFAE, ba ceart don Aontas agus na Ballstáit taobhú leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil i réimse an chultúir. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis na cuspóirí a leagtar amach san Airteagal sin. [Leasú 3]

(4)  Is é is cuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt, mar a leagtar síos in Airteagal 208 CFAE, an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad. Gné eile de bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt is ea cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a ghnóthú, go háirithe na cuspóirí sin a leagtar amach in Airteagal 21(2)(d) den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le tacú le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil na dtíortha i mbéal forbartha, agus é mar phríomhaidhm aige deireadh a chur leis an mbochtaineacht CAE, agus síocháin bhuan a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 21(2) CAE.

(5)  Áiritheoidh an tAontas comhchuibheas beartas le haghaidh na forbartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 208 CFAE. Ba cheart go gcuirfeadh an tAontas san áireamh na cuspóirí a bhaineann leis an gcomhar um fhorbairt sna beartais ar dócha go ndéanfaidh siad difear do na tíortha i mbéal forbartha, rud a beidh ina ghné ríthábhachtach den straitéis chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’) a shainítear i gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus a ghlac na Náisiúin Aontaithe i Meán Fómhair 2015(8). Chun a áirithiú go mbeidh comhchuibheas beartas ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe ann, mar atá i ndaingean i gClár Oibre 2030, caithfear tionchair na mbeartas uile ar an bhforbairt inbhuanaithe ag gach leibhéal a chur san áireamh — ar an leibhéal náisiúnta, laistigh den Aontas, i dtíortha eile agus ar an leibhéal domhanda. Ba cheart go ndéanfadh beartais an Aontais agus na mBallstát maidir le comhar um fhorbairt a chéile a chomhlánú agus a neartú. [Leasú 5]

(6)  Foráiltear leis an Ionstraim seo do ghníomhaíochtaí chun tacú leis na cuspóirí sin agus na beartais ghníomhaíochtaí seachtracha agus cuirtear leis na gníomhaíochtaí dar tugadh tacaíocht roimhe seo faoi Rialachán (AE) Uimh, 233/2014(9); An Comhaontú Inmheánach(10) agus an Rialachán Cur Chun Feidhme(11) a bhaineann leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF); Rialachán (AE) Uimh. 232/2014(12); Rialachán (AE) Uimh. 230/2014(13); Rialachán (AE) Uimh. 235/2014(14); Rialachán (AE) Uimh. 234/2014(15); Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 237/2014(16); Rialachán (AE) Uimh. 236/2014(17); Cinneadh Uimh. 466/2014/AE; Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009(18) agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1601(19).

(7)  Is é an comhthéacs domhanda le haghaidh gníomhú go saothrófar ord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus luachanna ina mbeidh an t‑iltaobhachas mar chroíphrionsabal agus na Náisiúin Aontaithe ag feidhmiú ina chroílár. Clár Oibre 2030, mar aon le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide(20) (“Comhaontú Pháras”) agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa(21) agus freagairt an phobail idirnáisiúnta do na dúshláin agus na treochtaí domhanda i ndáil leis an bhforbairt inbhuanaithe. Creat polaitiúil bunathraitheach é Clár Oibre 2030, a bhfuil na spriocanna forbartha inbhuanaithe ina chroílár, arb é is aidhm dó deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus an fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach ar fud an domhain agus sochaithe síochánta, córa agus cuimsitheacha a chur chun cinn, agus ag an am céanna dul i ngleic le hathrú aeráide agus saothrú chun aigéin agus foraoiseacha a chaomhnú. Tá raon feidhme uilíoch aige lena bhforáiltear do chreat gníomhaíochta comhroinnte cuimsitheach atá infheidhme maidir leis an Aontas, lena Bhallstáit agus lena chomhpháirtithe. Tá cothromaíocht ann idir gnéithe eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, oideachasúla agus comhshaoil na forbartha inbhuanaithe ina n-aithnítear na hidirnaisc ríthábhachtacha idir a chuspóirí agus a spriocanna. Is é is aidhm do Chlár 2030 gan aon duine a fhágáil chun deiridh agus féachann sé le dul chomh fada leo siúd is faide chun deiridh ar dtús. Déanfar cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 a chomhordú go cúramach le ceangaltais idirnáisiúnta ábhartha eile. Gníomhaíochtaí a dhéantar leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeidís faoi threoir ag na prionsabail agus cuspóirí a leagtar amach i gClár Oibre 2030, i gComhaontú Pháras agus i gClár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa agus ba cheart go rannchuideoidís le gnóthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus aird ar leith á thabhairt ar na hidirnaisc eatarthu agus ar ghníomhaíochtaí lánpháirtithe lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus lenar féidir cuspóirí iolracha a chomhlíonadh ar bhealach comhsheasmhach gan an bonn a bhaint de na cuspóirí. [Leasú 6]

(8)  Ba cheart cur chun feidhme go mbeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a threorú leis na bunaithe ar cúig phrionsabal a bhunaítear leis an Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh (an ‘Straitéis Dhomhanda’)(22), a tíolacadh an 19 Meitheamh 2016, arb ionann í agus fís agus creat an Aontais Eorpaigh le haghaidh rannpháirtíocht sheachtrach a bheidh aontaithe agus freagrach i gcomhpháirtíocht le páirtithe eile chun a luachanna agus a leasanna a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas comhpháirtíochtaí a fheabhsú, idirphlé maidir le beartais a chur chun cinn agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile. Ba cheart go dtacódh a ghníomhaíocht le leasanna bunúsacha, prionsabail agus luachanna an Aontais ina ghnéithe uile, lena n‑áirítear cur chun cinn an daonlathais agus chearta an duine, rannchuidiú le díothú na bochtaineachta, an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc, coinbhleachtaí a chosc, idirghabháil a dhéanamh i gcás coinbhleachtaí agus atógáil iarchoinbhleachta a bhfuil na mná curtha sna áireamh sna céimeanna uile de sin, sábháilteacht núicléach a áirithiú, an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, dul i ngleic le aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais agus cabhrú le pobail, tíortha agus réigiúin a bhfuil orthu dul i ngleic le tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine, na dálaí a shuíomh ionas go bhféadfar creat dlíthiúil idirnáisiúnta a chruthú le haghaidh cosaint do dhaoine atá easáitithe mar gheall ar athrú aeráide, oideachas cáilíochta uilechuimsitheach a chothú, tacú le beartas trádála atá cothrom, inbhuanaithe agus bunaithe ar rialacha agus luachanna mar uirlis don fhorbairt agus chun feabhsúcháin a dhéanamh i réimsí an smachta reachta agus chearta an duine, an taidhleoireacht eacnamaíoch agus chultúrtha agus comhar eacnamaíoch, nuálaíocht agus réitigh agus teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn, cosaint a thabhairt don oidhreacht chultúrtha go háirithe i limistéir choinbhleachta, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda don tsláinte phoiblí agus an ghné idirnáisiúnta de bheartais an Aontais a chothú. Agus é ag cur a leasanna bunúsacha, prionsabail agus luachanna chun cinn, ba cheart go gcomhlíonfadh an tAontas na prionsabail maidir leis an urraim d’ardchaighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil lena n-áirítear i leith athrú aeráide, don smacht reachta, don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear urraim don dlí dhaonnúil agus idirnáisiúnta i réimse chearta an duine, agus ba cheart dó na prionsabail sin chur chun cinn. [Leasú 7]

(9)  Foráiltear leis Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe freisin ar an gComhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt (‘An Comhdhearcadh’)(23), a síníodh an 7 Meitheamh 2017, a sholáthraíonn an creat le haghaidh cur chuige coiteann maidir le comhar an Aontais agus a Bhallstát um fhorbairt chun Clár 2030 agus Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa a chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh deireadh a chur le gach gné den bhochtaineacht, dul i ngleic leis an idirdhealú agus neamhionannais, gan aon duine a fhágáil ar leataobh agus an athléimneacht a neartú – sin é atá i gcroílár bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt chun deiridh, cosaint don chomhshaol agus dul i ngleic leis an athrú aeráide, chomh maith leis an athléimneacht a neartú ina bhonn taca do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. [Leasú 8]

(9a)  Sa bhreis ar Chlár Oibre 2030 ó na Náisiúin Aontaithe, Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa, Straitéis Dhomhanda AE, an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt agus Beartas Comharsanachta na hEorpa, atá ar an bpríomhchreat beartais, ba cheart go mbeadh na doiciméid seo a leanas agus aon athbhreithnithe orthu amach anseo ina dtreoir freisin do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo:

   Creat Straitéiseach agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus an Daonlathas;
   treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Duine;
   Chur Chuige Comhtháite an Aontais i ndáil le Coinbhleachtaí agus Géarchéimeanna Seachtracha agus cur chuige cuimsitheach an Aontais i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna seachtracha ón mbliain 2013;
   an Cur Chuige Cuimsitheach maidir le cur chun feidhme san Aontas Eorpach ar Rúin 1325 agus 1820 ó na Náisiúin Aontaithe maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil;
   Clár an Aontais um Chosc ar Choinbhleachtaí Foréigneacha;
   na Conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2011 maidir le coinbhleachtaí a chosc;
   an Coincheap maidir le hIdirghabháil AE agus Acmhainneachtaí Idirphlé AE a Neartú;
   Creat Straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála (SSR);
   Straitéis de chuid an Aontais i gcoinne airm thine, mionairm agus armáin éadroma (SALW) aindleathacha agus a n-armlón;
   Coincheap AE maidir le Tacaíocht a thabhairt do Dhí-armáil, Díshlógadh agus Athimeascadh (DDR);
   na Conclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2007 maidir le freagairt an Aontais do staideanna soghontachta agus na Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstáit, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, dar dáta freisin an 19 Samhain 2008, maidir le slándáil agus forbairt;
   an Dearbhú ón gComhairle Eorpach an 25 Márta 2004 maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac, Straitéis Frithsceimhlitheoireachta an Aontais Eorpaigh, an 30 Samhain 2005, agus na Conclúidí ón gComhairle an 23 Bealtaine 2011 maidir leis na naisc a fheabhsú idir gnéithe inmheánacha agus seachtracha na frithsceimhlitheoireachta;
   treoirlínte OECD maidir le Fiontair Ilnáisiúnta;
   prionsabail threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine;
   Clár Oibre nua Uirbeach na Náisiún Aontaithe;
   Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas;
   an Coinbhinsiún i dtaobh Dídeanaithe;
   an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú;
   torthaí Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus Chlár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (ICPD);
   Treochlár UNCTAD ionsar Athstruchtúrú Inbhuanaithe ar Fhiacha Ceannasacha (Aibreán 2015);
   Treoirphrionsabail maidir le Fiacha Ceannais agus Cearta an Duine arna dtarraingt suas ag Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Cearta an Duine;
   an Comhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe;
   an Comhshocrú Domhanda maidir le hImirce Shábháilte, Rianúil agus Rialta, arna ghlacadh in Marrakech an 10 Nollaig 2018;
   Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. [Leasú 9]

(10)  D’fhonn an creat idirnáisiúnta nua a bhunaítear le Clár 2030, an Straitéis Dhomhanda agus leis an gComhdhearcadh a chur chun feidhme, ba cheart gurbh aidhm don Rialachán seo comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a mhéadú agus a éifeachtacht a áirithiú trína iarrachtaí a dhíriú trí ionstraim chuíchóirithe chun cur chun feidhme bheartais dhifriúla na gníomhaíochta seachtraí a fheabhsú.

(11)  I gcomhréir leis an Straitéis Dhomhanda agus le Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí (2015-2030) mar a glacadh an 18 Márta 2015(24), ba cheart aitheantas a thabhairt don ghá atá le himeacht ón bhfreagairt do ghéarchéimeanna agus iad a shrianadh agus cur chuige fadtéarmach atá níos struchtúrtha agus níos coiscthí a úsáid ina ionad sin, lena dtabharfar aghaidh ar chásanna leochaileacha, tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine, agus ar ghéarchéimeanna fada ar bhonn níos éifeachtaí. Is gá béim níos mó a leagan ar rioscaí a laghdú, a chosc, a mhaolú agus ullmhú dóibh agus is gá cineálacha cur chuige comhchoiteanna; agus is gá iarrachtaí breise chun feabhas a chur ar fhreagairt mhear agus ar théarnamh marthanach. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo leis an athléimneacht a neartú agus an chabhair dhaonnúil agus an ghníomhaíocht um fhorbairt a nascadh le chéile go háirithe trí ghníomhaíochtaí mearfhreagartha comh maith le cláir ábhartha gheografacha agus théamacha, agus fós intuarthacht, trédhearcacht agus cuntasacht iomchuí a áirithiú, mar aon le comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht le cúnamh daonnúil agus lánchomhlíonadh an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta agus gan bac a chur ar chúnamh daonnúil a sheachadadh i gcomhréir le prionsabail na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais i gcomhthéacsanna éigeandála agus iaréigeandála. [Leasú 10]

(12)  I gcomhréir le ceangaltais idirnáisiúnta an Aontais maidir le héifeachtacht na forbartha mar a glacadh in Busan in 2011 agus a rinneadh a athnuachan ag Fóram Ardleibhéal Nairobi in 2016 agus a meabhraíodh sa Chomhdhearcadh, ba cheart don Aontas, i gcomhthéacs a chúnaimh forbartha oifigiúil agus ar fud na modúlachtaí cúnaimh uile, prionsabail maidir le héifeachtacht na forbartha a chur i bhfeidhm, eadhon úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag na tíortha atá i mbéal forbartha, díriú ar thorthaí, comhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt mar aon le trédhearcacht agus cuntasacht frithpháirteach, sa bhreis ar phrionsabail an ailínithe agus an chomhchuibhithe. [Leasú 11]

(13)  De bhun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar bhonn treisithe a dhíreofar ar thorthaí, lena gcumhdófar aschur, torthaí agus tionchair i dtíortha comhpháirtíochta a thairbhíonn de chúnamh airgeadais seachtrach an Aontais. Go háirithe, mar a comhaontaíodh sa Chomhdhearcadh, ba cheart go ndéanfadh gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo 20 % ar a laghad den Chúnamh Forbartha Oifigiúil a chistítear faoin Rialachán seo a rannchuidiú i leith cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna, agus aird ar leith ar bhunseirbhísí sóisialta, amhail sláinte, oideachas, cothú, uisce, sláintíocht agus sláinteachas, agus cosaint shóisialta, go háirithe dóibh siúd is mó atá ar an imeall, á chur san áireamh leis sin comhionannas inscne, cumhachtú na mban agus cearta leanaí mar shaincheisteanna cothrománacha. [Leasú 12]

(14)  Aon uair a bheidh sé indéanta agus iomchuí, Chun feabhas a chur ar chuntasacht agus trédhearcacht éifeachtach i leith bhuiséad an Aontais, ba cheart don Choimisiún sásraí soiléire faireacháin agus meastóireachta a chur ar bun chun measúnú éifeachtach ar an dul chun cinn ionsar ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart faireachán agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais ar bhonn táscairí réamhshainithe trédhearcacha a bhaineann go sonrach le tír ar leith agus atá intomhaiste, agus iad curtha in oiriúint do shonraíochtaí agus do chuspóirí na hIonstraime lena mbaineann agus atá bunaithe ar chreat torthaí na tíre comhpháirtíochta más féidir. Ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar a chuid gníomhaíochtaí agus athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn, ag cur na dtorthaí ar fáil go poiblí, go háirithe i bhfoirm tuarascála bliantúla chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.[Leasú 13]

(15)  Ba cheart go rannchuideofaí le cuspóir comhchoiteann an Aontais, sa Rialachán seo, chun 0.7 % d’Ollioncam Náisiúnta a sholáthar ina Chúnamh Forbartha Oifigiúil faoi cheann theorainn ama Chlár 2030. Ba cheart go mbeadh an gealltanas sin bunaithe ar threochlár soiléir don Aontas agus dá Bhallstáit ina leagfaí amach sprioc-amanna agus modúlachtaí chun é a ghnóthú. I ndáil leis an méid sin, ba cheart go rannchuideodh ar a laghad 92 % 95 %den chistiúchán faoin Rialachán seo le gníomhaíochtaí a dhéantar a dhearadh ar shlí go gcomhlíonfaidh siad na critéir maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil arna leagan síos ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta. [Leasú 14]

(16)  Chun a áirithiú go soláthrófar acmhainní sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo, go háirithe do na Tíortha is Lú Forbairt agus do na tíortha i staideanna leochaileachta agus coinbhleachta, ba cheart go rannchuideofaí sa Rialachán seo le sprioc chomhchoiteann an Aontais a ghnóthú chun 0.20 % d’Ollioncam Náisiúnta a sholáthar do na Tíortha is Lú Forbairt faoi cheann theorainn ama Chlár 2030. Ba cheart go mbeadh an gealltanas sin bunaithe ar threochlár soiléir don Aontas agus dá Bhallstáit ina leagfaí amach sprioc-amanna agus modúlachtaí chun é a ghnóthú. [Leasú 15]

(16a)  I gcomhréir le gealltanais reatha i bPlean Gníomhaíochta Inscne II AE, ba cheart go mbeadh comhionannas inscne mar phrionsabal nó cuspóir suntasach, faoi mar atá sainithe ag DAC OECD, ag 85% ar a laghad de na cláir a fhaigheann cistiú ón gCúnamh Oifigiúil um Fhorbairt. Ba cheart go n-áiritheofaí le hathbhreithniú éigeantach ar chaiteachas go bhfuil comhionannas inscne chomh maith le cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phríomhchuspóir ag cuid shuntasach de na cláir sin. [Leasú 16]

(16b)  Ba cheart go mbeadh aird ar leith ag an Rialachán seo ar leanaí agus ar dhaoine óga mar dhream a rannchuidíonn le baint amach Chlár Oibre 2030. I ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais faoin Rialachán seo, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a riachtanais agus ar a gcumhachtú agus rannchuideofar le réadú a gcumas féideartha mar ghníomhaithe lárnacha don athrú trí infheistiú i bhforbairt dhaonna agus i gcuimsiú sóisialta. [Leasú 17]

(16c)   Is déagóirí agus daoine óga is mó atá mar chónaitheoirí sna tíortha san Afraic Fho-Shahárach. Ba cheart do gach tír a bheartas déimeagrafach féin a chinneadh. Ba cheart, áfach, an dul i ngleic leis an dinimic dhéimeagrafach ar mhodh domhanda chun an áirithiú go mbeidh na glúnta reatha agus na glúnta a bheidh ann sa todhchaí in ann a lán-acmhainn a bhaint amach ar mhodh inbhuanaithe. [Leasú 18]

(17)  Ba cheart go léireofaí sa Rialachán seo an gá atá le díriú ar thosaíochtaí straitéiseacha, go geografach – Comharsanacht na hEorpa agus an Afraic, agus ar bhonn na dtíortha atá leochaileach agus na tíortha is mó atá ar an anás, go háirithe na Tíortha is Lú Forbairt, ach freisin go téamúil – forbairt inbhuanaithe, díothú na bochtaineachta, an daonlathas agus cearta an duine, an smacht reachta, dea-rialachas, an tslándáil, imirce shábháilte, rianúil agus rialta, laghdú éagothromaíochtaí, comhionannas inscne, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú an chomhshaoil agus athrú aeráide agus cearta daonna bagairtí domhanda don tsláinte phoiblí. [Leasú 19]

(17a)  Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le hathléimneacht Stáit agus sochaí a chruthú i réimse na sláinte poiblí domhanda trí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda don tsláinte phoiblí, trí chórais sláinte a neartú, trí chlúdach sláinte uilíoch a ghnóthú, trí ghalair theagmhálacha a chosc agus a chomhrac agus trí chabhrú le cógais leighis agus vacsaíní a bheith ar fáil do chách. [Leasú 20]

(18)  An chaidreamh speisialta atá forbartha le tíortha comharsanacha an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 8 CAE, ba cheart é a chaomhnú agus a fheabhsú trí chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le hathléimneacht na Stát agus na sochaithe a neartú i gcomharsanacht an Aontais, ag leanúint as an bpáirteachas atá déanta sa Straitéis Dhomhanda. Ba cheart go dtacódh freisin le cur chun feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, arna athbhreithniú in 2015, agus le cur chun feidhme chreata an chomhair réigiúnaigh, amhail an comhar trasteorann agus gnéithe seachtracha a bhaineann le straitéisí agus beartais ábhartha mhacrairéigiúnacha agus imchuach farraige i gcomharsanacht an oirthir agus an deiscirt, lena n-áirítear comhar réigiúnach a mhéid a bhaineann le Diminsean an Tuaiscirt agus leis an Muir Dhubh. Tairgeann na tionscnaimh sin creata polaitiúla forlíontacha chun caidreamh a dhoimhniú leis na tíortha comhpháirtíochta agus eatarthu, bunaithe ar phrionsabail na cuntasachta frithpháirtí, na comhúinéireachta agus na comhfhreagrachta. [Leasú 21]

(19)  Is é is aidhm atá le Beartas Comharsanachta na hEorpa, mar a athbhreithníodh in 2015(25), ná an daonlathas a dhoimhniú, cearta an duine a chur chun cinn agus an smacht reachta a choimeád, tíortha comharsanachta a chobhsú agus an athléimneacht a neartú, go háirithe trí athchóirithe polaitiúla eacnamaíocha agus sóisialta a chur chun cinn, mar phríomhthosaíochtaí polaitiúla de chuid an Aontais. D’fhonn a chuspóir a ghnóthú, ba cheart go ndéanfadh cur chun feidhme Bheartas athbhreithnithe Comharsanachta na hEorpa trí bhíthin an Rialacháin seo díriú ar na réimsí tosaíochta seo a leanas: dea-rialachas, daonlathas, smacht reachta agus cearta daonna, agus fócas ar leith ar thuilleadh caidrimh leis an tsochaí shibhialta; forbairt shocheacnamaíoch, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh dífhostaíocht i measc na n-óg, chomh maith le hoideachas agus inbhuanaitheacht chomhshaoil; slándáil; imirce agus soghluaisteacht, lena n-áirítear dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce mírialta agus an easáitithe éigeantaigh agus tacú le pobail, le tíortha agus le réigiúin a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar bhrú imirce méadaithe. Ba cheart go dtacódh an Rialachán seo le cur chun feidhme chomhaontuithe comhair an Aontais agus le comhaontuithe saorthrádála agus domhain agus cuimsitheach le tíortha sa chomharsanacht. Is saintréithe de chuid Bheartas Comharsanachta na hEorpa iad an difreáil agus an úinéireacht fhrithpháirteach, lena n-aithnítear leibhéil éagsúla páirteachais, agus lena léirítear leasanna gach tíre maidir le cineál agus fócas a comhpháirtíochta leis an Aontas. Tá an cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht ar cheann de phríomh-bhunphrionsabail Bheartas Comharsanachta na hEorpa. Sa chás go dtarlaíonn díghrádú tromchúiseach nó seasta ar an daonlathas i gceann de na tíortha comhpháirtíochta, ba cheart an tacaíocht a chur ar fionraí. Is luamhán lárnach atá i maoiniú comharsanachta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna, amhail imirce neamhrialta agus athrú aeráide, chomh maith le rathúnas a scaipeadh, slándáil agus cobhsaíocht trí fhorbairt eacnamaíoch agus rialachas níos fearr. Ba cheart an infheictheacht a bhíonn ag cúnamh ó Aontas i réimse na comharsanachta a fheabhsú. [Leasú 22]

(20)  Ba cheart don Rialachán seo tacú le cur chun feidhme a dhéanamh ar chomhaontú comhlachais nuachóirithe le tíortha Ghrúpa na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus deis a thabhairt don Aontas Eorpach agus a chomhpháirtithe ACC comhaontais láidre bhreise a fhorbairt i dtaca le dúshláin dhomhanda lárnacha agus chomhroinnte. Go háirithe, ba cheart go dtacódh an Rialachán seo le leanúint den chomhar atá i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach i gcomhréir le Straitéis Chomhpháirteach an Aontais Eorpaigh agus na hAfraice, lena n-áirítear an páirteachas ón Afraic agus ó AE chun cearta leanaí chomh maith le cumhachtú ógra na hEorpa agus na hAfraice a chur chun cinn, agus cur le comhaontú amach anseo idir an tAontas Eorpach agus tíortha ACC tar éis 2020, lena n-áirítear cur chuige ilchríochach i leith na hAfraice, agus comhpháirtíocht thairbhiúil fhrithpháirteach de chomhpháirtithe comhionanna idir AE agus an Afraic. [Leasú 23]

(20a)   Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo freisin le gnéithe de chaidreamh seachtrach an Aontais a bhaineann le trádáil, amhail comhar le tríú tíortha ar dhícheall cuí sa slabhra soláthair le haghaidh stáin, tantalam agus ór, Próiseas Kimberley, an Comhshocrú Inbhuanaitheachta, cur chun feidhme na ngealltanas faoi Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26) (Rialachán GSP), comhar faoi Fhorfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) agus tionscnaimh um Chúnamh don Trádáil chun comhleanúnachas agus tacaíocht fhrithpháirteach a áirithiú idir beartas trádála agus spriocanna agus gníomhaíochtaí forbartha an Aontais. [Leasú 24]

(21)  Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtúla a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil d’fhonn an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart an méid sin a ghnóthú trí chomhchuibheas, comhleanúnachas agus comhlántacht in ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, go sonrach san Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III(27), an Ionstraim maidir le Cabhair Dhaonnúil(28), an Cinneadh maidir le Tíortha agus Críocha Thar Lear(29), an Ionstraim Eorpach um Chomhar maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ar bhonn Chonradh Euratom(30), an comhbheartas eachtrach agus slándála agus an tSaoráid um Shíocháin san Eoraip atá beartaithe le déanaí(31) agus atá maoinithe lasmuigh de bhuiséad an Aontais, mar aon le sineirgíochtaí le beartais agus Cláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh a chruthú , lena n-áirítear Cistí Iontaobhais chomh maith le beartais agus cláir Bhallstáit AE. Áirítear ar an méid sin comhchuibheas agus comhlántacht maidir le cúnamh macra-airgeadais, i gcás inarb ábhartha. D’fhonn an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir coiteann a ghnóthú, ba cheart go mbeadh an deis sa Rialachán cistiúchán a chomhcheangal le Cláir eile de chuid an Aontais, a fhad agus nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna. [Leasú 25]

(22)  Ba cheart cistiúchán ón Rialachán seo a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghnéithe idirnáisiúnta Erasmus agus Eoraip na Cruthaitheachta, ar i gcomhréir le Rialachán Erasmus(32) ba cheart a gcur chun feidhme a chur i gcrích agus le Rialachán Eoraip na Cruthaitheachta(33). [Leasú 26]

(22a)   Ba cheart cur leis an ngné idirnáisiúnta de Chlár Erasmus Plus agus arb é is aidhm dó deiseanna soghluaisteachta agus comhair a mhéadú do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ó thíortha i mbéal forbartha - ag tabhairt tacaíocht d’fhorbairt acmhainní i dtríú tíortha, d’fhorbairt scileanna, do mhalartuithe daoine le daoine, agus ag an am céanna líon níos mó deiseanna le haghaidh comhair agus soghluaisteachta le tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha a chur ar fáil.. [Leasú 27]

(22b)  I bhfianaise a ábhartha atá sé aghaidh a thabhairt ar an oideachas agus ar chultúr i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus le straitéis AE maidir le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta, ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo le hoideachas ardchaighdeáin cuimsitheach agus cothrom a áirithiú, le deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil do chách a chur chun cinn, le caidreamh cultúrtha idirnáisiúnta a chothú, agus le haitheantas a thabhairt do ról an chultúir i luachanna Eorpacha a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí tiomanta agus spriocdhírithe atá deartha ar shlí go mbeidh tionchar soiléir acu ar ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda. [Leasú 28]

(23)  Ba cheart gur trí chláir gheografacha a bhainfí úsáid as an gcur chuige is mó i leith gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, chun an tionchar a bheidh ag cabhair an Aontais a uasmhéadú agus chun gníomhaíocht an Aontais a thabhairt níos gaire do thíortha agus pobail chomhpháirtíochta, agus fós tacú le tosaíochtaí téamacha amhail cearta an duine, an tsochaí shibhialta agus inbhuanaitheacht. Ba cheart go mbeadh na cuspóirí faoi na cláir gheografacha agus théamacha comhleanúnach agus chomhsheasmhach lena chéile agus ba cheart go ndéanfaí iad a chomhlánú le cláir théamacha agus le gníomhaíochtaí mearfhreagartha, i gcás inarb ábhartha. Ba cheart comhlántacht éifeachtach idir na cláir agus gníomhaíochtaí geografacha, téamacha agus mearfhreagartha a áirithiú. Chun na sonraíochtaí a ghabhann le gach clár a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh trí straitéis an Aontais, na réimsí tosaíochtaí, cuspóirí mionsonraithe, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta sonracha agus leithdháileadh airgeadais sonrach le haghaidh gach cláir a leagan amach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 29]

(24)  I gcomhréir leis an gComhdhearcadh, ba cheart don Aontas agus na Ballstáit clársceidealú comhpháirteach a fheabhsú chun an tionchar comhchoiteann a bheidh acu a mhéadú trína n‑acmhainní agus a n‑acmhainneachtaí a thabhairt le chéile. Ba cheart go gcuirfí le caidreamh, leithreasú agus úinéireacht na dtíortha comhpháirtíochta sa chlársceidealú comhpháirteach. Ba cheart don Aontas agus na Ballstáit féachaint le tacaíocht a chur ar fáil do na tíortha comhpháirtíochta freisin trí chur chun feidhme i bhfeidhm comhpháirteach i gcás ar bith inarb iomchuí sin. Ba cheart don chur i bhfeidhm comhpháirteach a bheith cuimsitheach agus oscailte do chomhpháirtithe uile an Aontais a aontaíonn leis agus atá in ann rannchuidiú leis an bhfís chomhchoiteann, lena n-áirítear gníomhaireachtaí na mBallstát agus a gcuid institiúidí airgeadais forbartha, údaráis áitiúla, an earnáil phríobháideach, an tsochaí shibhialta agus lucht léinn. [Leasú 30]

(24a)  Sa chás go dtarlaíonn díghrádú tromchúiseach nó seasta ar an daonlathas, ar chearta an duine agus ar an smacht reachta i gceann de na tíortha comhpháirtíochta, d’fhéadfaí an tacaíocht, trí bhíthin gníomh tarmligthe, a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán. I ndéanamh a chinntí dó, ba cheart don Choimisiún aird chuí a thabhairt ar na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 31]

(24b)  Ba cheart don Rialachán seo sábháilteacht núicléach a athdhearbhú mar chuid thábhachtach de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus ba cheart dó na cuspóirí comhair a shonraítear i Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán EINS’) a éascú. Dá bhrí sin, i gcás ina mainníonn tír chomhpháirtíochta go seasta urraim a thabhairt do chaighdeáin bhunúsacha na sábháilteachta núicléichí, amhail forálacha na gCoinbhinsiún idirnáisiúnta ábhartha laistigh de Chreat IAEA, Coinbhinsiúin Espoo agus Aarhus agus a leasuithe iardain, an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach agus na Prótacail a ghabhann leis, na gealltanais i leith chur chun feidhme na dtástálacha struis agus bearta gaolmhara, agus na cuspóirí comhair a shonraítear i Rialachán EINS, ba cheart an cúnamh faoin Rialachán seo don tír i dtrácht a athbhreithniú agus d’fhéadfaí é a chur ar fionraí nó a chur ar fionraí go páirteach. [Leasú 32]

(25)  Cé gur cheart daonlathas agus cearta daonna, , cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n‑áirítear cosaint do leanaí, do mhionlaigh, do dhaoine faoi mhíchumas agus do daoine LGBTI, chomh maith le comhionannas inscne agus , cumhachtú ban, na mban agus na gcailínía léiriú go comhleanúnach agus a phríomhshruthú trí chur chun feidhme i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart go mbeadh ról comhlántach sainiúil breise ag cúnamh an Aontais faoi na cláir théamacha le haghaidh cearta daonna agus daonlathas agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta de bhrí go bhfuil gné dhomhanda ag baint leis agus go bhfuil neamhspleáchas gníomhaíochta aige ó thoiliú rialtais agus údaráis phoiblí na dtríú tíortha lena mbaineann. Ina dhéanamh sin dó, ba cheart go mbeadh aird ar leith ag an Aontas ar thíortha agus ar staideanna práinne inar mó atá cearta an duine agus saoirsí bunúsacha i mbaol agus ar áiteanna ina bhfuil an neamhurraim do na cearta agus saoirsí sin thar a bheith mór agus córasach, chomh maith le staideanna ina bhfuil an spás don tsochaí shibhialta i mbaol. Ba cheart go ndéanfaí cúnamh an Aontais faoin Rialachán seo a dhearadh ar shlí a fhágfaidh gur féidir tacú leis an tsochaí shibhialta ar shaincheisteanna íogair agus ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas, agus gur féidir le comhar agus comhpháirtíocht ina leith sin a bheith ann, rud a thugann solúbthacht agus an fhrithghníomhaíocht is gá chun freagairt d’imthosca atá ag athrú, do riachtanais na dtairbhithe, nó do thréimhsí géarchéime, agus nuair is gá, do rannchuidiú le forbairt acmhainneachta na sochaí sibhialta. I gcásanna den sórt sin, ba cheart gurb é a bheadh sna tosaíochtaí polaitiúla ná urraim don dlí idirnáisiúnta a chur chun cinn agus modh gníomhaíochta a sholáthar don tsochaí shibhialta áitiúil agus do gheallsealbhóirí ábhartha chearta an duine chun rannchuidiú leis an obair a dhéantar in imthosca atá an-deacair. Ba cheart do bhfágfadh an Rialachán seo freisin go mbeadh sé indéanta ag eagraíochtaí den tsochaí shibhialta deontais bheaga a fháil ar mhodh tapa agus éifeachtúil nuair is gá, go háirithe sna dálaí is deacra atá ann, amhail dálaí a bhaineann le leochaileacht, géarchéim agus teannas idir pobail. [Leasú 33]

(25a)  I gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 21 CAE agus le hAirteagal 8 CFAE, ba cheart go mbeadh cur chun feidhme an Rialacháin seo faoi threoir phrionsabail an chomhionannais inscne, chumhachtú na mban agus na gcailíní, agus ba cheart go bhféachfadh sé le cosaint a thabhairt go chearta na mban, agus na cearta sin a chur chun cinn, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Inscne II, na Conclúidí ón gComhairle maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil an 10 Nollaig 2018, Coinbhinsiún Istanbul Chomhairle na hEorpa agus Sprioc 5 de Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. [Leasú 34]

(25b)  Ba cheart go dtabharfadh an Rialachán seo aghaidh ar chearta na mban agus comhionannas inscne ar bhonn domhanda, agus go ndéanfadh sé an méid sin a phríomhshruthú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacú le heagraíochtaí a bhíonn ag saothrú chun sláinte agus cearta gnéis agus atáirgeachta a chur chun cinn (rochtain ar fhaisnéis, oideachas agus seirbhísí ardcháilíochta agus inrochtana) agus a bhíonn ag dul i ngleic le foréigean agus idirdhealú bhunaithe ar inscne, chomh maith le bheith ag tabhairt aitheantais do agus ag tabhairt aghaidh ar na dlúthnaisc atá idir shaincheisteanna a bhaineann le síocháin, slándáil, forbairt agus comhionannas inscne. Ba cheart go mbeadh an obair seo comhleanúnach leis na prionsabail agus coinbhinsiúin ábhartha idirnáisiúnta agus Eorpacha, agus go ndéanfadh sí iad sin a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. [Leasú 35]

(26)  Ba cheart d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta dul i mbun caidrimh le raon leathan de ghníomhaithe a bhfuil róil agus sainorduithe iolracha acu lena n-áirítear struchtúir neamhstáit, neamhbhrabúsacha agus neamhfhoréigneacha, trína n-eagraítear daoine chun cuspóirí agus idéil chomhroinnte a ghnóthú, bíodh na cuspóirí nó na hidéil sin polaitiúil, cultúrtha, sóisialta, reiligiúnda, bunaithe ar an gcomhshaol, eacnamaíoch nó ar mhaithe le húdaráis a thabhairt chun cuntais. Agus iad ag feidhmiú ón leibhéal áitiúil go dtí na leibhéil náisiúnta, réigiúnacha nó idirnáisiúnta, cuimsíonn siad eagraíochtaí uirbeacha agus eagraíochtaí tuaithe, eagraíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla. Comhlachtaí nó gníomhaithe eile nach bhfuil eisiata go sonrach leis an Rialachán seo, ba cheart go mbeidís in ann maoiniú a fháil nuair is gá sin chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú. [Leasú 36]

(26a)  I gcomhréir leis an gComhdhearcadh maidir le Forbairt, ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí den tsochaí shibhialta (CSOnna) agus na n-údarás áitiúil (LAnna) a chothú ó thaobh rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe agus cur chun feidhme na SDGanna, inter alia in earnálacha an daonlathais, an smachta reachta, na saoirsí bunúsacha agus chearta an duine, an cheartais shóisialta agus mar sholáthraithe seirbhísí sóisialta bunúsacha do na pobail is mó atá i ngá. Ba cheart go dtabharfaidís aitheantas do na róil iolracha atá ag CSOnna agus LAnna, agus na LAnna mar an dream a chuireann cur chuige críochach i leith na forbartha chun cinn, lena n-áirítear próisis, rannpháirtíocht, formhaoirseacht agus cuntasacht i leith an díláraithe. Ba cheart don Aontas agus dá Bhallstáit spás oibríochta agus timpeallacht cumasúcháin a chur chun cinn do na CSOnna, agus cur lena dtacaíocht d’fhorbairt acmhainneachta na CSOnna agus LAnna chun a nguth a neartú sa phróiseas forbartha inbhuanaithe agus in idirphlé ardréime polaitiúil, sóisialta agus eacnamaíoch, lena n-áirítear trí chláir saoráidí na sochaí sibhialta. [Leasú 37]

(26b)   Ba cheart don Aontas tacú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus bainteacht straitéiseach níos mó acu sna hionstraimí agus cláir sheachtracha uile a chur chun cinn, lena n-áirítear cláir gheografacha agus gníomhaíochtaí mearfhreagartha faoin Rialachán seo, ag teacht le conclúidí na Comhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 maidir le ‘Fréamhacha an daonlathais agus na forbartha inbhuanaithe: Páirteachas na hEorpa leis an tsochaí shibhialta i gcaidrimh sheachtracha’. [Leasú 38]

(27)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Ionstraim seo, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(34).

(28)  Mar léiriú ar an tábhacht atá ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide, le cosaint an chomhshaoil agus leis an gcomhrac in aghaidh caillteanas bithéagsúlachta, i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras, an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, ba cheart go rannchuideofaí sa Rialachán seo le príomhshruthú na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide agus an chomhshaoil i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán a ghnóthú i dtaobh chaiteachas bhuiséad an Aontais a thacaíonn le cuspóirí aeráide agus gníomhaíochtaí tacaíochta a bhfuil comhthairbhí soiléire agus inaitheanta acu ar fud na n-earnálacha. Meastar go rannchuideoidh gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo le 25% 45 % dá imchlúdach airgeadais foriomlán ar chuspóirí aeráide, bainistiú agus cosaint chomhshaoil, bithéagsúlacht agus comhrac an fhairsingithe fásaigh, ar cheart 25% 30% den imchlúdach airgeadais foriomlán a thiomnú do mhaolú agus oiriúnú don athrú aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón rialachán seo mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha. Ba cheart go mbeadh gníomhaíocht ón Aontas sna réimsí sin fabhrach le cloí le Comhaontú Pháras agus le Coinbhinsiúin Rio, agus nach rannchuideoidís le díghrádú comhshaoil ná díobháil a dhéanamh don chomhshaoil nó don aeráid. Gníomhaíochtaí agus bearta a rannchuidíonn leis an sprioc i leith na haeráide a chomhlíonadh, ba cheart go gcuirfidís béim speisialta ar thacaíocht a thabhairt don oiriúnú don athrú aeráide i dtíortha bochta atá an-soghonta, agus ba cheart dóibh an caidreamh idir an aeráid, síocháin agus slándáil, cumhachtú na mban agus an comhrac in aghaidh na bochtaineachta a chur san áireamh. Ba cheart don Rialachán seo rannchuidiú le bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus mianadóireacht, bainistiú foraoisí agus talmhaíocht atá inbhuanaithe agus slán a chur chun cinn. [Leasú 39]

(29)  Tá sé ríthábhachtach dlús a chur leis Is féidir leis an gcomhar um imirce le tíortha comhpháirtíochta chun leas a bhaint as an a bheith ina chionsiocair le tairbhiú frithpháirteach ó imirce atá dea-bhainistithe agus atá rialta atá rianúil, sábháilte agus freagrach agus is féidir leis aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantais. Ba cheart go rannchuideodh an comhar sin le bealaí sábháilte agus dlíthiúla don imirce agus don tearmann a éascú, rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a áirithiú, aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantais, dul i mbun caidrimh leis an diaspóra, feabhas a chur ar bhainistiú teorainneacha agus gabháil don dícheall chun aghaidh a thabhairt ar imirce neamhrialta, ar gháinneáil ar dhaoine agus ar smuigleáil imirceach, agus obair a dhéanamh ar mhaithe le filleadh, athligean isteach agus athimeascadh ar mhodh sábháilte, faoi dhínit agus inbhuanaithe i gcás inarb ábhartha, ar bhonn na cuntasachta frithpháirtí, agus le lánurraim do na hoibleagáidí daonnúla agus do na hoibleagáidí maidir le cearta daonna faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais. Tá tábhacht le comhchuibheas idir an beartas imirce agus an beartas um chomhar forbraíochta chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht sa chúnamh forbartha do thíortha comhpháirtíochta chun comhrac in aghaidh na bochtaineachta agus héagothromaíochtaí, chun cearta agus saoirsí a chur chun cinn, comh maith le rannchuidiú le bainistiú imirce atá rianúil, sábháilte agus freagrach. Ba cheart go rannchuideofaí sa Rialachán seo le cur chuige comhordaithe, iomlánaíoch agus struchtúrtha i leith na himirce, lena mbainfear an leas is mó is féidir as na sineirgíochtaí agus ag a mbeidh tionchar dearfach i leith na himirce agus na soghluaisteachta i gcúrsaí forbartha. [Leasú 40]

(30)  Ba cheart go gcuirfí ar chumas an Aontais leis an Rialachán seo freagairt do na dúshláin, na riachtanais agus na deiseanna a bhaineann leis an imirce, ar bhonn comhlántach le beartais imirce agus forbraíochta an Aontais. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, chun rannchuidiú na himirce leis an bhforbairt a uasmhéadú, agus gan dochar do dhúshláin atá ag teacht chun cinn nó do riachtanais nua, meastar go ndéanfar uasmhéid de 10 % dá imchlúdach airgeadais a thiomnú chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantais agus chun tacú le páirteachas neartaithe i leith imirce atá sábháilte, rianúil, rialta agus freagrach a éascú agus le cur chun feidhme beartas agus rialachas imirce atá pleanáilte agus dea-bhainistithe, lena n-áirítear cosaint do chearta dídeanaithe agus imirceach bunaithe ar an dlí idirnáisiúnta agus ar dhlí an Aontais laistigh de chuspóirí an Rialacháin seo. Ba cheart go rannchuideodh an Rialachán seo freisin le haghaidh a thabhairt ar an bhfeiniméan go mbíonn daoine oilte ag dul ar imirce agus chun cabhrú le riachtanais daoine easáitithe agus pobail óstacha, go háirithe trí rochtain ar sheirbhísí bunúsacha agus ar dheiseanna ar shlí bheatha a sholáthar. [Leasú 41]

(30a)   Tá sé cruthaithe gur cumasóirí i bhforbairt inbhuanaithe agus i bhfás cuimsitheach atá i dteicneolaíochtaí agus seirbhísí faisnéise agus cumarsáide (TFC). Is féidir leo a bheith lárnach i bhfeabhas a chur ar shaol na saoránach, fiú sna tíortha is boichte, go háirithe trí mhná agus cailíní a chumhachtú, trí fheabhas a chur ar rialachas agus trédhearcacht dhaonlathach agus trí bhorradh a chur faoi tháirgiúlacht agus cruthú poist. Mar sin féin, is fadhb i gcónaí an lúdracht agus inacmhainneacht idir réigiúin agus laistigh de réigiúin ós rud é go bhfuil éagsúlachtaí móra idir tíortha ardioncaim agus ísealioncaim agus idir cathracha agus ceantair thuaithe. Ba cheart don rialachán seo, dá bhrí sin, cabhrú leis an Aontas digiteáil a phríomhshruthú tuilleadh isteach i mbeartais forbraíochta an Aontais. [Leasú 42]

(30b)  I gClár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, arna ghlacadh le Rún ó Chomhthionól na Náisiún Aontaithe ar an 25 Meán Fómhair 2015, cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le sochaithe síochánta cuimsitheacha a chur chun cinn mar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SFI) 16 agus chun torthaí eile ar bheartas forbartha a bhaint amach. I SFI 16.a iarrtar go sonrach “Go ndéanfaí institiúidí ábhartha náisiúnta a neartú, lena n-áirítear trí bhíthin comhar idirnáisiúnta, d'fhonn acmhainní a fhothú ar gach leibhéal, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha, chun an foréigean a chosc agus chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht a chomhrac”. [Leasú 43]

(30c)  I Ráiteas an 19 Feabhra 2016 ón gCruinniú Ardleibhéil, rinne Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) na treoracha tuairiscithe i ndáil le Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt i réimse na síochána agus na slándála a nuashonrú. Is Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt é an maoiniú a dhéantar ar na gníomhaíochtaí a dhéantar i gcomhréir leis an Rialachán seo nuair a chomhlíonann sé na critéir a leagtar amach sna treoracha tuairiscithe sin nó in aon treoracha tuairiscithe ina dhiaidh sin a mbeidh an Coiste Cúnaimh Forbartha in ann teacht ar chomhaontú ina leith. [Leasú 44]

(30d)  An forbairt acmhainneachta chun tacú le forbairt agus le slándáil don fhorbairt, níor cheart í a úsáid ach amháin i gcásanna eisceachtúla sa chás nach féidir cuspóirí an Rialacháin a chomhlíonadh trí ghníomhaíochtaí eile um chomhar forbraíochta. Is den riachtanas é tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe san earnáil slándála i dtríú tíortha, lena n-áirítear, in imthosca eisceachtúla, an t-arm, i gcomhthéacs coinbhleachtaí a chosc, géarchéimeanna a bhainistiú nó cobhsaíocht a chothú chun a áirithiú go mbeidh na coinníollacha iomchuí ann chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht ar fad agus chun an fhorbairt a spreagadh. Saintréithe riachtanacha de chuid Stáit dhea-fheidhmiúil, gan beann ar an gcomhthéacs, is ea an dea-rialachas, an rialú daonlathach éifeachtach agus an fhormhaoirseacht shibhialtach ar an gcóras slándála, lena n-áirítear ar an arm, mar aon le comhlíonadh chearta an duine agus phrionsabail an smachta reachta, agus ba cheart na saintréithe sin a chur chun cinn trí thacú le tríú tíortha maidir le hathchóiriú níos leithne ar an earnáil slándála. [Leasú 45]

(30e)  Ba cheart don Rialachán seo tógáil ar chonclúidí na meastóireachta ag an gCoimisiún atá iarrtha do Mheitheamh 2020, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí fadréimseach le go leor geallsealbhóirí, measúnú ar a mhéid atá forbairt acmhainneachta sa tacaíocht don fhorbairt agus do shlándáil don fhorbairt laistigh den nasc idir slándáil agus forbairt atá á mhaoiniú ag an Aontas agus a chuid Ballstát comhleanúnach leis an Straitéis Dhomhanda agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. [Leasú 46]

(30f)  Ba cheart don Aontas freisin cur chuige atá íogair do choinbhleacht agus íogair d’inscne a chur chun cinn ina chuid gníomhaíochtaí agus clár go léir faoin Rialachán seo, agus é mar aidhm leis tionchair dhiúltacha a sheachaint agus na tionchair dhearfacha a uasmhéadú. [Leasú 47]

(31)  Ba cheart feidhm maidir leis an Rialachán seo a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha le Rialachán (AE Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(35) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, trí chúnamh airgeadais, trí thacaíocht bhuiséadach, trí chistí iontaobhais, trí ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha, agus déantar foráil iontu i gcomhair seiceálacha ar fhreagracht ghníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, toisc go bhfuil an urraim don smacht reachta ina réamhchoinníoll riachtanach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach AE.

(32)  Ba cheart na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur i bhfheidhm faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar riachtanais na gcomhpháirtithe, sainroghanna agus comhthéacs sonrach, a n-ábharthacht, a n-inbhuanaitheacht agus a gcumas i dtaobh na prionsabail éifeachtachta forbartha a chomhlíonadh, ar a gcumas cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a ghnóthú agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheidh ann. Ba cheart smaoineamh ar úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costas aonaid a chur san áireamh leis sin, chomh maith le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/10461a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Rialachán Airgeadais’). An ról atá ag an Dearlaic Eorpach i gcomhair Daonlathais (EED) mar fhondúireacht a bhfuil sainordú aige trí na hinstitiúidí Eorpacha le haghaidh tacaíocht a thabhairt don daonlathas, don tsochaí shibhialta agus do chearta an duine ar fud an domhain, ba cheart é a neartú agus a mhéadú faoin Rialachán seo. Ba cheart an tsolúbthacht riaracháin agus na deiseanna airgeadais chun deontais spriocdhírithe a íoc le gníomhaithe den tsochaí shibhialta sa Chomharsanacht Eorpach atá ag seasamh le cur chun feidhme Bheartas Comharsanachta na hEorpa, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairt an daonlathais, cearta an duine, saorthoghcháin agus an smacht reachta, a thabhairt do EED. [Leasú 48]

(33)  Ba cheart go gcuimseofaí leis an gCiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (‘CEFI+’), atá ag tógáil ar a réamhtheachtaí CEFI(36), ina phacáiste airgeadais lánpháirtithe a sholáthraíonn acmhainneacht mhaoiniúcháin i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais ar fud an domhain. Ba cheart go dtabharfadh CEFI+ tacaíocht don Phlean Infheistíochta Seachtraí agus go meascfadh sé oibríochtaí cumaiscthe agus oibríochtaí ráthaíochtaí buiséadacha a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, lena n-áirítear na rioscaí ceannasacha sin a bhaineann le hoibríochtaí lena bhfaightear iasachtaí, a bhíodh á ndéanamh roimhe seo faoi shainordú seachtrach oibríochtaí iasachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I ngeall ar an ról atá ag an mBanc Eorpach Infheistíochta faoi na Conarthaí agus ar an taithí atá aige leis na deichbhlianta anuas sa tacaíocht do bheartais an Aontais, ba cheart go bhfanfadh sé ina chomhpháirtí nádúrtha ag an gCoimisiún chun oibríochtaí faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme i bhfeidhm. Tá Bainc Forbartha Iltaobhacha (MBDanna) eile nó Bainc Forbartha Náisiúnta (NDBanna) eile de chuid AE ann a bhfuil na scileanna agus an caipiteal acu freisin atá in ann luach suntasach breise a chur le tionchar bheartas forbraíochta an Aontais agus ba cheart dá bhrí sin go ndéanfaí a rannpháirtíocht faoi CEFI + a chur chun cinn go láidir trí bhíthin an Rialacháin seo. [Leasú 49]

(34)  Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm le CEFI+ tacú le hinfheistíochtaí mar mhodh chun rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghnóthú trí bhíthin forbairt eacnamaíoch, cultúrtha agus shóisialta atá inbhuanaithe agus cuimsitheach a chothú, agus athléimneacht shocheacnamaíoch tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, le fócas ar leith ar an mbochtaineacht a dhíothú, ar choinbhleacht a chosc agus sochaithe síochánta, córa agus cuimsitheacha a chur chun cinn, ar dhul chun cinn eacnamaíoch atá cuimsitheach agus cothrom a chur chun cinn, ar dhul i ngleic leis an athrú aeráide trí mhaolú agus oiriúnú, ar dhíghrádú comhshaoil, ar phoist cuibhiúla a chruthú i gcomhlíonadh na gcaighdeán ábhartha ILO agus ar dheiseanna eacnamaíocha, go háirithe do mhná, do dhaoine óga agus do dhaoine soghonta. Ba cheart béim a chur ar oideachas ardcháilíochta agus cuimsitheach agus cothromasach a sholáthar, agus freisin ar scileanna agus fiontraíocht a fhorbairt trí struchtúir oideachais agus chultúrtha a neartú, le n-áirítear do leanaí in éigeandálacha daonnúla agus i gcásanna d’easáitiú éigeantais. Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm aige freisin tacú le timpeallacht chobhsaí infheistíochta, le tionsclú, leis na hearnálacha socheacnamaíocha, le comharchumainn, le fiontair shóisialta, le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine a neartú, arb iad a n-easpa sin is minic atá mar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha leis an imirce neamhrialta agus le heasáitiú éigeantais, i gcomhréir leis na doiciméid ábhartha tháscacha clársceidealaithe. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar thíortha a shainaithnítear ina dtíortha i staideanna leochaileachta nó coinbhleachta, ina dTíortha is Lú Forbairt agus ina dtíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu. Ba cheart fócas speisialta a chur freisin ar fheabhas a chur ar thabhairt i gcrích seirbhísí bunúsacha poiblí atá fíor-riachtanach, slándáil bia, agus feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil i bpobail uirbeacha atá ag fás go tapa, lena n-áirítear trí thithíocht atá leormhaith, sábháilte agus inacmhainne. Ba cheart do CEFI+ spreagadh a thabhairt do chomhpháirtíochtaí le haghaidh brabúis/neamhbhrabúis mar mhodh chun infheistíochtaí ón earnáil phríobháideach a threorú i dtreo na forbartha inbhuanaithe agus dhíothú na bochtaineachta. Ba cheart rannpháirtíocht straitéiseach eagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus Toscaireachtaí Aontais i dtíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn freisin ag gach céim de thimthriall tionscadail ar mhaithe le réitigh sainoiriúnaithe a fháil le haghaidh forbairt shocheacnamaíoch na bpobal a chur chun cinn, le poist a chruthú agus le deiseanna nua gnó a chruthú. Ba cheart go mbeadh infheistíochtaí bunaithe ar anailís coinbhleachta, agus ba cheart dóibh díriú ar na bunchúiseanna atá le coinbhleacht, leochaileacht agus éagobhsaíocht, agus an leas is fearr a bhaint as an bhféidearthacht atá ann chun síocháin a chothú agus na rioscaí go ndéanfaí coinbhleachtaí a ghéarú a íoslaghdú. [Leasú 50]

(35)  Ba cheart do CEFI+ uasmhéadú a dhéanamh ar bhreisíocht chistiúcháin, aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh agus ar staideanna infheistíochta fo-optamacha, táirgí nuálacha a chur ar fáil agus cistí san earnáil phoiblí a phlódú isteach chun a mhéid a rannchuidíonn airgeadas príobháideach le forbairt inbhuanaithe áitiúil a optamú. Le rannpháirtíocht na hearnála príobháidí i gcomhar an Aontais le tíortha comhpháirtíochta trí CEFI+, ba cheart tionchar forbartha intomhaiste agus breise a bheith ann i lánurraim don chomhshaol agus do chearta agus slite maireachtála na bpobal áitiúil agus gan an margadh áitiúil a shaobhadh agus gan dul san iomaíocht go neamhchóir le gníomhaithe an gheilleagair áitiúil. Ba cheart a bheith costéifeachtach, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar chionroinnt rioscaí agus costas. Ba cheart do CEFI+, agus é bunaithe ar chritéir chuntasachta agus trédhearcachta atá leormhaith, feidhmiú mar “ionad ilfhreastail” a fhaigheann tograí maoiniúcháin ó institiúidí airgeadais agus ó infheisteoirí poiblí nó príobháideacha agus a sholáthraíonn raon leathan tacaíochta airgeadais d’infheistíochtaí incháilithe. [Leasú 51]

(35a)  Beidh ráthaíocht AE do na hoibríochtaí infheistíochta ceannasacha san earnáil phoiblí mar chuid de CEFI+. Ní leathnófar ráthaíocht AE sin chuig oibríochtaí infheistíochta ceannasacha lena mbaineann lean-iasachtú san earnáil phríobháideach nó iasachtú in eintitis fhocheannasacha, nó chun a leasa, ar féidir leo maoiniú focheannasach a rochtain gan ráthaíochtaí ceannasacha. Chun cabhrú le pleanáil acmhainneachta ag BEI, leithdháilfear ar BEI méid íosta ráthaithe d’oibríochtaí infheistíochtaí ceannasacha den sórt sin. [Leasú 52]

(36)  Ba cheart Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunú, lena gcuirfear le Ráthaíocht CEFI atá ann cheana féin agus leis an gCiste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha. Ba cheart tacú sa Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le hoibríochtaí CEFI+ a chumhdófar le ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh macra-airgeadais agus iasachtaí le haghaidh tríú tíortha ar bhonn an Chinnidh 77/270/Euratom ón gComhairle(37). Ba cheart tacú leis na hoibríochtaí sin ó leithreasuithe an Rialacháin seo, mar aon leis na cinn sin faoi Rialachán (AE) Uimh. .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38) (Rialachán ICR III) agus Rialachán EINS, ar cheart dóibh an soláthar agus na dliteanais a thiocfaidh as iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais agus iasachtaí le haghaidh tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS, faoi seach. Agus oibríochtaí EFSD+ á maoiniú, ba cheart tús áite a thabhairt dóibhsean a bhfuil mórthionchar acu ar chruthú post cuibhiúil agus slite maireachtála agus a méadódh a gcóimheas costais le sochar inbhuanaitheacht na hinfheistíochta agus a sholáthródh na ráthaíochtaí is airde d’inbhuanaitheacht agus de thionchar fadtéarmach na forbartha ar fud na húinéireachta áitiúla. Na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ba cheart go mbeadh measúnú ex ante domhain ar ghnéithe comhshaoil, airgeadais agus sóisialta, lena n-áirítear an tionchar ar chearta an duine agus ar shlite maireachtála sna pobail a ndéantar difear dóibh agus an tionchar ar neamhionannais agus bealaí a shainaithint chun dul i ngleic leo, ag gabháil leo i gcomhréir leis na ceanglais maidir le rialáil níos fearr agus aird chuí á tabhairt ar an bprionsabal go bhfaighfear toiliú feasach go saorálach agus roimh ré (FPIC) ó na pobail bhainteacha in infheistíochtaí a bhaineann le talamh. Níor cheart úsáid a bhaint as an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun seirbhísí poiblí a sholáthar, ar seirbhísí iad a fhanann faoi fhreagracht an rialtais. Ba cheart go ndéanfaí measúnuithe tionchair ex post freisin chun tionchar forbartha oibríochtaí CEFI + a thomhas. [Leasú 53]

(37)  Chun solúbthacht a chur ar fáil, méadú a dhéanamh ar a tharraingtí atá na hinfheistíochtaí don earnáil phríobháideach, iomaíocht chothrom a chur chun cinn agus tionchar na n-infheistíochtaí a uasmhéadú, ba cheart foráil a dhéanamh do mhaolú ar na rialacha a bhaineann le modhanna cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, mar a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, a mhéid a bhaineann leis na contrapháirtithe incháilithe. D’fhéadfadh na contrapháirtithe incháilithe sin a bheith ina gcomhlachtaí freisin nach bhfuil cur chun feidhme comhpháirtíochta poiblí-príobháidí curtha ar a n-iontaoibh agus d’fhéadfaidís freisin a bheith ina gcomhlachtaí a rialaítear leis an dlí príobháideach i dtír comhpháirtíochta. [Leasú 54]

(38)  Chun méadú a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, ba cheart do na Ballstáit agus do pháirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith in ann ranníocaíochtaí a sholáthar i bhfoirm ráthaíochta nó airgid. Níor cheart an ranníocaíocht i bhfoirm ráthaíochta a bheith níos mó ná 50 % de mhéid na n‑oibríochtaí arna rathú ag an Aontas. Níor cheart na dliteanais airgeadais a eascraíonn as an ráthaíocht seo a sholáthar agus ba cheart an maolán leachtacha a sholáthar leis an gciste don soláthar coiteann.

(39)  Is minic a dhéantar gníomhaíochtaí seachtracha a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht an-ghuagach lenar gá oiriúnú leanúnach agus tapa do riachtanais athraitheacha chomhpháirtithe an Aontais agus do dhúshláin dhomhanda atá roimh chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an daonlathas agus dea-rialachas, slándáil agus cobhsaíocht, athrú aeráide agus an comhshaol, na haigéin, agus imirce, lena n-áirítear a bunchúiseanna amhail bochtaineacht agus éagothromaíocht, agus an tionchar ar líon méadaitheach de dhaoine easáitithe, go speisialta i dtíortha i mbéal forbartha. D’fhonn prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór cur i bhfeidhm airgeadais na gclár a oiriúnú. Chun cur le cumas AE freagairt do riachtanais nach bhfuil clúdaithe ag cláir ná ag doiciméid chlársceidealaithe, agus ag cur le taithí rathúil an Chiste Eorpaigh Forbraíochta (CEF), ba cheart méid réamhshainithe a fhágáil gan leithdháileadh mar chúlchiste le haghaidh dúshláin agus tosaíochtaí a thiocfadh chun cinn. Ba cheart é a shlógadh i gcásanna cuí-réasúnaithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a bhunaítear leis an Rialachán seo. [Leasú 55]

(40)  Dá bhrí sin, agus urraim á tabhairt don phrionsabal go leagtar amach buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a fhorchoimeád sa Rialachán seo chun an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm, lenar féidir leis an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le beartais eile cheana féin, mar atá cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtíortha comhpháirtíochta araon, agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais, dá réir sin, le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais.

(41)  De bhun Airteagal 83 de Chinneadh .../... (tíortha agus críocha thar lear), ba cheart daoine agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear a bheith incháilithe cistiú a fháil faoin Rialachán seo, faoi réir a rialacha agus a chuspóirí agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát atá nasctha leis an tír nó leis an gcríoch ábhartha thar lear. Ina theannta sin, ba cheart an comhar idir na tíortha comhpháirtíochta agus na tíortha agus na críocha thar lear mar aon leis na réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais faoi Airteagal 349 CFAE a spreagadh sna réimsí leasa choitinn.

(42)  Chun feabhas a chur ar an úinéireacht náisiúnta atá ag na tíortha comhpháirtíochta ar a bpróisis fhorbartha agus ar inbhuanaitheacht na cabhrach seachtraí, ba cheart don Aontas, i gcás inarb ábhartha, a bheith fabhrach i leith institiúidí, acmhainní, saineolas córas agus nósanna imeachta dílse na dtíortha comhpháirtíochta a úsáid i ngach gné de thimthriall na dtionscadal le haghaidh comhair agus fós acmhainní agus saineolas áitiúil a áirithiú chomh maith le rannpháirtíocht iomlán na rialtas áitiúil agus na sochaí sibhialta. Ba cheart don Aontas freisin cláir oiliúna i dtaobh an chaoi le cur isteach ar mhaoiniú ón Aontas a sholáthar do sheirbhísigh shibhialta na n-údarás áitiúil agus d’eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, agus é mar aidhm leis sin cabhrú leo feabhas a chur ar incháilitheacht agus éifeachtúlacht a dtionscadal. Ba cheart na cláir sin a dhéanamh sna tíortha lena mbaineann agus iad a bheith ar fáil i dteanga na tíre sin agus ba cheart dóibh a bheith ina gcomhlánú ar aon chlár cianfhoghlama a bheadh bunaithe freisin, chun oiliúint spriocdhírithe atá ag freagairt do riachtanais na tíre sin a áirithiú.. [Leasú 56

(43)  Is ionann cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais agus pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla agus bearta dá dtagraítear in Airteagal 19. Is é atá i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad.

(44)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39), Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle(40), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(41) agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle(42), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta éifeachtacha comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois, a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371(43) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha; ar an gcúis sin, ba cheart go mbeadh forálacha sna comhaontuithe le tríú tíortha agus críocha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, agus in aon chonradh nó in aon chomhaontú a eascróidh ón Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena gcumhachtófar go sainráite an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF chun iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach agus lena n‑áiritheofar go mbeidh na cearta coibhéiseacha ag aon tríú páirtithe atá páirteach i gcur chun feidhme dheontais chistiúcháin an Aontais.

(44a)  Chun rannchuidiú leis an gcomhrac idirnáisiúnta in aghaidh na calaoise cánach, imghabháil cánach, calaoise, éillithe agus sciúradh airgid, ba cheart gach maoiniúchán tríd an Rialachán seo a sholáthar ar bhealach atá go huile is go hiomlán trédhearcach. Thairis sin, níor cheart do chontrapháirtithe incháilithe tacú le haon ghníomhaíochtaí a dhéantar chun críocha neamhdhleathacha ná rannpháirt a ghlacadh in aon oibríocht mhaoiniúcháin nó infheistíochta trí mheán atá lonnaithe i ndlínse neamhchomhoibríoch nó atá i dtearmann cánach. Ba cheart do chontrapháirtithe staonadh freisin ó aon úsáid a bhaint as scéimeanna seachanta cánach nó scéimeanna i dtaca le pleanáil ionsaitheach cánach. [Leasú 57]

(45)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(44) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. [Leasú 58]

(46)  Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le straitéis an Aontais a shocrú suas, na réimsí tosaíochta, na cuspóirí mionsonraithe, na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo, táscairí feidhmíochta sonracha agus leithdháileadh airgeadais sonrach agus modúlachtaí comhair le haghaidh gach clár geografach agus téamach, chomh maith le pleananna gníomhaíochta agus bearta nach bhfuil bunaithe ar dhoiciméid chlársceidealaithe lena mbunaítear creat oibríochta um chearta an duine, lena mbunaítear creat bainistithe riosca, lena gcinntear na riachtanais nach bhfuil clúdaithe ag na cláir nó ag na doiciméid chlársceidealaithe, lena gcinntear fionraí an chúnaimh, lena mbunaítear creat do chur chuige bunaithe ar fheidhmíocht, lena mbunaítear rátaí soláthair, lena mbunaítear creat faireacháin agus meastóireachta agus lena leathnaítear raon feidhme na ngníomhaíochtaí go dtí tíortha agus críocha nach bhfuil cuimsithe leis an Rialachán seo. Chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis na réimsí comhair agus idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinní II, III agus IV, na réimsí tosaíochta a bhaineann le hoibríochtaí CEFI+ agus na hionuithe infheistíochta a liostaítear in Iarscríbhinn V, chomh maith leis na táscairí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú. [Leasú 59]

(47)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 den chomhaontú Idirinstitiúideach do Reachtóireacht Níos Fearr dar dáta an 13 Aibreán 2016(45), ní mór an Clár seo a mheas ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais shonracha faireacháin, agus rórialáil agus ualaí riaracháin á seachaint, go háirithe i leith na mBallstát. Ba cheart do na ceanglais sin táscairí intomhaiste a áireamh, mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Rialacháin ar an láthair. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear le geallsealbhóirí ábhartha amhail an tsochaí shibhialta agus saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 60]

(48)  Ba cheart na tagairtí d’ionstraimí an Aontais in Airteagal 9 de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle(46), a gcuirtear I ngeall ar nádúr agus raon feidhme leathan an Rialachán seo ina n‑ionad, a léamh ina dtagairtí don agus chun comhleanúnachas a áirithiú idir na prionsabail, na cuspóirí agus an caiteachas faoin Rialachán seo agus faoi ionstraimí airgeadais seachtracha eile, amhail Rialachán (AE) .../... (EINS), nó Ionstraimí atá nasctha go dlúth le beartais sheachtracha, amhail Rialachán (AE) .../... (IPA III), ba cheart go mbeadh grúpa stiúrtha cothrománach a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus SEGS agus a bheidh faoi chathaoirleacht Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ard-ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) nó ionadaí ón oifig sin freagrach as stiúradh, comhordú agus bainistiú na mbeartas, na gclár, na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí faoin Rialachán seo chun comhsheasmhacht, éifeachtach, trédhearcacht agus cuntasacht airgeadas eachtrach an Aontais a áirithiú. Déanfaidh VP/HR comhordú polaitiúil foriomlán ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. I gcás na ngníomhaíochtaí uile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mearfhreagartha agus bearta cúnaimh eisceachtúla, agus i rith thimthriall an chlársceidealaithe, na pleanála agus chur i bhfeidhm na hionstraime, ba cheart don Ard-Ionadaí agus do SEGS oibriú le comhaltaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, arna sainaithint ar bhonn chineál agus cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, agus ag tógáil ar an saineolas atá acu. Ba cheart gach togra le haghaidh cinneadh a ullmhú de réir nósanna imeachta an Choimisiúin agus ba cheart iad a thíolacadh don Choimisiún i gcomhair a nglactha. [Leasú 61]

(48a)  Ba cheart go mbeadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inarb ábhartha, comhlántach le bearta arna nglacadh ag an Aontas i saothrú chuspóirí an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála faoi chuimsiú Chaibidil a Dó de Theideal V CAE agus le bearta a ghlactar faoi chuimsiú Chuid a Cúig CFAE, agus ba cheart don chur i bhfeidhm sin a bheith i gcomhréir leo. [Leasú 62]

(49)  Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí atá beartaithe mar a fhoráiltear thíos ag cloí go docht leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach le bearta sriantacha an Aontais, [Leasú 63]

(49a)  Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa páirteach go hiomlán i gcéimeanna dearaidh, chlársceidealaithe, faireacháin agus meastóireachta na n-ionstraimí chun rialú polaitiúil agus grinnscrúdú daonlathach a ráthú chomh maith le cuntasacht ar mhaoiniú an Aontais i réimse na gníomhaíochtaí seachtraí. Ba cheart idirphlé feabhsaithe idir na hinstitiúidí a bhunú chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa i riocht rialú polaitiúil a fheidhmiú le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar mhodh córasach agus réidh agus ar an gcaoi sin go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht agus dlisteanacht, [Leasú 64]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear an Clár “An Ionstraim maidir le Comharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta” (an ‘Ionstraim’).

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Bunaítear leis freisin an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+), agus Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “clár tíre” clár táscach a chumhdaíonn tír amháin;

(2)  ciallaíonn “clár iltíortha” clár táscach a chumhdaíonn níos mó ná tír amháin;

(3)  ciallaíonn “comhar trasteorann” comhar idir Ballstát amháin nó níos mó agus ceann amháin nó níos mó de thríú tíortha agus críocha atá taobh le teorainneacha seachtracha an Aontais.

(4)  ciallaíonn “clár réigiúnach” clár iltíortha táscach a chumhdaíonn tríú tír amháin nó níos mó laistigh den limistéar geografach a leagtar síos in Airteagal 4(2);

(5)  ciallaíonn “clár trasréigiúnach” clár iltíortha táscach a chumhdaíonn níos mó ná tríú tír amháin i limistéir cé is moite den limistéar geografach a leagtar síos in Airteagal 4(2);

(6)  ciallaíonn “eintiteas dlíthiúil” aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(6a)  ciallaíonn “eagraíochtaí den tsochaí shibhialta” gach struchtúr neamh-Stáit, neamhbhrabúis agus neamhfhoréigneach trína gcuireann daoine iad féin in eagar ar mhaithe le cuspóirí agus idéil chomhroinnte a shaothrú, bídís sin polaitiúil, cultúrtha, sóisialta, eacnamaíoch, reiligiúnda, bunaithe ar an gcomhshaol, nó ar mhaithe le húdaráis a thabhairt chun cuntais, agus a oibríonn ar leibhéal áitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó idirnáisiúnta agus a bhféadfadh eagraíochtaí uirbeacha agus tuaithe chomh maith le heagraíochtaí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla a bheith ar áireamh iontu; i gcomhthéacs an chláir théamaigh ar chearta an duine agus ar an daonlathas, áirítear leis an “tsochaí shibhialta” daoine aonair nó grúpaí atá neamhspleách ar an Stát agus a gcuidíonn a gcuid gníomhaíochtaí le cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine faoi mar a shainmhínítear i nDearbhú na Náisiún Aontaithe ar Cheart agus ar Fhreagracht Daoine Aonair; [Leasú 65]

(6b)  ciallaíonn “údaráis áitiúla” brainsí den rialtas nó de na húdaráis phoiblí, a oibríonn ar leibhéal fonáisiúnta (e.g. leibhéal bardasach, pobail, ceantair, contae, cúige nó réigiúnach); [Leasú 66]

(7)  ciallaíonn “fuinneog infheistíochta” réimse spriocdhírithe ina n‑úsáidtear Ráthaíocht CEFI+ chun tacaíocht a thabhairt do phunanna infheistíochtaí i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha nó in earnálacha sonracha;

(8)  ciallaíonn “ranníocóir” Ballstát, institiúid idirnáisiúnta airgeadais nó institiúid phoiblí de chuid Ballstáit, gníomhaireacht phoiblí nó eintitis phoiblí nó phríobháideacha eile a sholáthraíonn ranníocaíochtaí i bhfoirm airgid nó ráthaíochtaí don chiste don soláthar coiteann; [Leasú 67]

(8a)  ciallaíonn “breisíocht” an prionsabal lena n-áirithítear go rannchuidíonn tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le forbairt inbhuanaithe trí oibríochtaí nach bhféadfaí a dhéanamh gan í, nó lena ngnóthaítear torthaí dearfacha atá an oiread sin sa bhreis ar a bhféadfaí a bhaint amach gan an tacaíocht sin, chomh maith le plódú isteach a dhéanamh ar mhaoiniú ón earnáil phríobháideach agus aghaidh a thabhairt ar chlistí sa mhargadh nó dálaí infheistíochtaí fo-optamacha mar aon le feabhsú ar cháilíocht, inbhuanaitheacht, tionchar nó scála infheistíochta. Áirithítear leis an bprionsabal freisin nach ndéantar oibríochtaí infheistíochta agus maoiniúcháin a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur in ionad tacaíocht ó Bhallstát, in ionad maoiniú príobháideach ná in ionad aon idirghabháil airgeadais ón Aontas nó idirnáisiúnta, agus go seachnaítear plódú amach infheistíochtaí poiblí nó príobháideacha eile leis. De ghnáth, bíonn próifíl níos airde ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ná an phunann infheistíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na contrapháirtithe incháilithe faoina ngnáthbheartais infheistíochta gan an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha; [Leasú 68]

(8b)  ciallaíonn “tíortha tionsclaithe” tríú tíortha seachas tíortha i mbéal forbartha atá sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Oifigiúil um Fhorbairt (“COF”) de chuid Choiste Cúnaimh Forbartha OECD (“OECD-DAC”); [Leasú 69]

(8c)  ciallaíonn “bochtaineacht” na dálaí ina bhfuil daoine ar an ngannchuid agus go meastar iad a bheith éagumasaithe i sochaithe éagsúla agus i gcomhthéacsanna áitiúla; ar chroíghnéithe na bochtaineachta, áirítear acmhainneachtaí eacnamaíocha, daonnúla, polaitiúla, soch-chultúrtha agus cosantacha; [Leasú 70]

(8d)   ciallaíonn “íogair ó thaobh inscne” gníomh a dhéanamh agus é mar aidhm leis sin a bheith tuisceanach d’imthosca sochaí agus cultúrtha a ghabhann le heisiamh agus idirdhealú bunaithe ar inscne i ngach uile réim den saol poiblí agus príobháideach, agus na himthosca sin a chur san áireamh; [Leasú 71]

(8e)   ciallaíonn “íogair ó taobh coinbhleachta” gníomh a dhéanamh agus é mar aidhm leis sin a bheith tuisceanach don fhíoras go mbeidh aon tionscnamh a sheoltar i dtimpeallacht ina bhfuil coinbhleacht ag idirghníomhú leis an gcoinbhleacht sin agus go mbeidh iarmhairtí ag an idirghníomhú sin a bhféadfadh éifeachtaí dearfacha nó diúltacha a bheith ag gabháil leo; ciallaíonn íogair ó thaobh coinbhleachta freisin a áirithiú, a mhéad atá ar chumas an Aontais, go seachnóidh gníomhaíochtaí an Aontais (polaitiúil, beartas, cúnamh seachtrach) aon tionchar diúltach a bheith ag gabháil leo agus go ndéanfaí siad an tionchar dearfach ar dhinimic choinbhleachta a uasmhéadú, agus ar an tslí sin go rannchuideoidh siad le cosc coinbhleachta, le cobhsaíocht struchtúrtha agus le cothú na síochána. [Leasú 72]

I gcás ina ndéantar tagairt do chearta an duine, tuigtear leis sin go bhfuil saoirsí bunúsacha ar áireamh ann freisin; [Leasú 73]

I gcomhthéacs Airteagal 15, d’fhéadfadh na tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ar áireamh freisin sa nath “tíortha is mó atá i ngátar. [Leasú 74]

Airteagal 3

Cuspóirí

1.  Is é cuspóir ginearálta an Rialacháin seo ná creat airgeadais a leagan síos a chuirfidh ar chumas an Aontais a luachanna, prionsabail agus leasanna bhunúsacha a choimeád i réim a agus a chur chun cinn ar fud an domhain, i gcomhréir le cuspóirí agus phrionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, mar a leagtar síos in Airteagail 3(5), Airteagal 8 agus Airteagal 21 CAE. [Leasú 75]

2.  I gcomhréir le mír 1, is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an Rialachán seo:

(a)  tacú le dialóg agus comhar le tríú tíortha agus le réigiúin sa Chomharsanacht, san Afraic fho-Shahárach, san Áise agus san Aigéan Ciúin, i gCríocha Mheiriceá agus i Muir Chairib agus an dialóg agus an comhar sin a chothú;

(aa)  rannchuidiú le gnóthú na ngealltanas agus cuspóirí idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas tar éis comhaontú leo, go háirithe Clár Oibre 2030, na SDGanna agus Comhaontú Pháras; [Leasú 76]

(ab)  caidreamh treisithe speisialta a fhorbairt leis na tíortha i gcomharsanacht thoir agus theas an Aontais, arna bhunú ar chomhar, síocháin agus slándáil, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas comhroinnte i leith luachanna uilíocha an daonlathais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, ar imeascadh soch-eacnamaíoch agus ar chosaint an chomhshaoil agus gníomhú ar son na haeráide; [Leasú 77]

(ac)  laghdú agus, san fhadtéarma, díothú na bochtaineachta a shaothrú, go háirithe i dtíortha is lú forbairt (LDCanna); forbairt shochaíoch agus eacnamaíoch inbhuanaithe a chumasú; [Leasú 78]

(b)  ar an leibhéal domhanda, tacú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus le húdaráis áitiúla, cobhsaíocht agus síocháin a chur chun cinn, coinbhleacht a chosc agus sochaithe córa agus cuimsitheacha a chur chun cinn, iltaobhachas, ceartas idirnáisiúnta agus cuntasacht a bhogadh ar aghaidh, agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus réigiúnacha eile, lena n-áirítear athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil chomh maith le riachtanais agus tosaíochta sa bheartas eachtrach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, lena n-áirítear forbairt muiníne agus dea-chaidreamh comharsanach a chur chun cinn; [Leasú 79]

(ba)  cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, chomh maith le comhionannas inscne agus sochaíoch, a chosaint, a chur chun cinn agus a bhogadh ar aghaidh, lena n-áirítear sna himthosca is deacra agus sna cásanna is práinní, i gcomhpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine ar fud an domhain; [Leasú 80]

(c)  freagairt go luath: do chásanna géarchéime, éagobhsaíochta agus coinbhleachta; do dhúshláin athléimneachta, agus cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt á nascadh le chéile; agus do riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh. [Leasú 81]

Tomhaisfear an méid a baineadh na cuspóirí sin amach le táscairí ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 31.

3.  Comhlíonfaidh 92 % 95 % den chaiteachas faoin Rialachán seo, comhlíonfar leis na critéir maidir le Cúnamh Forbartha Oifigiúil, arna leagan síos ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Comhar agus Forbairt Eacnamaíochta. Rannchuideoidh an Rialachán seo leis an sprioc chomhchoiteann a bhaint amach go ndéanfar 0,2% d’Ollioncam Náisiúnta an Aontais a sholáthar do Thíortha is Lú Forbairt agus 0,7% d’Ollioncam Náisiúnta an Aontais a sholáthar ina Chúnamh Forbartha Oifigiúil laistigh de theorainn ama Chlár Oibre 2030. [Leasú 82]

3a.  I gcás ar a laghad 20% den Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt a dhéantar a mhaoiniú faoin Rialachán seo, ar fud na gclár go léir, idir gheografacha agus théamacha agus a dhéantar go bhliantúil nó thar ré a ghníomhaíochtaí, déanfar iad a imfhálú le haghaidh cuimsiú sóisialta agus forbairt dhaonna, chun tacú le soláthar seirbhísí bunúsacha sóisialta agus iad a neartú, arb in seirbhísí amhail sláinte, oideachas, cothú agus coimirce shóisialta, go háirithe do na daoine is imeallaithe, agus béim ar mhná agus leanaí. [Leasú 83]

3b.  I gcás ar a laghad 85% de na cláir a mhaoinítear faoin Rialachán seo le Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt, idir gheografacha agus théamacha, beidh comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar phrionsabal nó mar chuspóir suntasach acu, faoi mar atá sainithe ag OECD DAC. Beidh comhionannas inscne agus cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní mar cuspóir príomha ag cuid shuntasach de na cláir sin. [Leasú 84]

Airteagal 4

Raon feidhme agus struchtúr

1.  Déanfar tacaíocht an Aontais faoin Rialachán seo a chlársceidealú chur i bhfeidhm tríd an méid seo a leanas: [Leasú 85]

(a)  cláir gheografacha;

(b)  cláir théamacha;

(c)  gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

2.  Cumhdóidh na cláir gheografacha comhar le tír agus comhar le hiltíortha sna limistéir seo a leanas:

(a)  an Chomharsanacht;

(b)  an Afraic fho-Shahárach;

(c)  an Áise agus an tAigéan Ciúin;

(d)  Críocha Mheiriceá agus an Mhuir Chairib.

Féadfar na tríú tíortha uile, cé is moite de thíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí féideartha mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. …/…(47) a chumhdach le cláir gheografacha. (ICR) agus tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gCinneadh …/… (AE). Féadfar cláir gheografacha a bhfuil raon feidhme ilchríochach nó trasréigiúnach acu a bhunú freisin, go háirithe clár uile-Afracach a chlúdaíonn na tíortha Afracacha faoi phointí (a) agus (b) agus clár a chlúdaíonn tíortha na hAfraice, na Cairibe agus an Aigéin Chiúin faoi phointí (b), (c) agus (d). [Leasú 86]

Féadfar aon tír dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chumhdach le hIarscríbhinn I.

Chun na cuspóirí a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 3, beidh na cláir gheografacha bunaithe ar na limistéir chomhair a liostaítear in Iarscríbhinn II.

3.  Cumhdóidh na cláir théamacha gníomhaíochtaí atá nasctha leis an iarracht Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach ar an leibhéal domhanda sna réimsí seo a leanas:

(a)  Cearta an duine agus an Daonlathas;

(b)  Eagraíochtaí den tSochaí Sibhialta agus Údaráis Áitiúla; [Leasú 87]

(c)  An Chobhsaíocht agus an tSíocháin

(d)  Dúshláin Dhomhanda.

(da)  Riachtanais agus Tosaíochtaí sa Bheartas Eachtrach. [Leasú 88]

Féadfaidh cláir théamacha na tríú tíortha uile a chumhdach. Beidh lánrochtain ag tíortha agus críocha thar lear ar chláir théamacha, faoi mar a leagtar síos i gCinneadh .../... (AE) ón gComhairle. Déanfar a rannpháirtíocht éifeachtach a áirithiú, agus aird á tabhairt ar a gcuid saintréithe sonracha agus ar na dúshláin ar leith ag gcaithfidh siad aghaidh a thabhairt orthu. [Leasú 89]

Chun na cuspóirí a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 3, beidh na cláir théamacha bunaithe ar na limistéir idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn III.

4.  Leis na gníomhaíochtaí mearfhreagartha beifear in ann gníomhú go luath chun:

(a)  rannchuidiú le síocháin, cobhsaíocht agus cosc coinbhleachta i staideanna práinne, géarchéime a bheidh ag teacht chun cinn, géarchéime agus iar-ghéarchéime. [Leasú 90]

(b)  rannchuidiú le neartú athléimneacht stát, lena n-áirítear údaráis áitiúla, sochaithe, pobail agus daoine aonair agus le cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt a nascadh le chéile; [Leasú 91]

(c)  aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh. [Leasú 92]

Féadfar na tríú tíortha uile chomh maith le tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gComhairle …/… (AE) a chumhdach le gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

Chun na cuspóirí a bhaint amach a leagtar síos in Airteagal 3, beidh na gníomhaíochtaí mearfhreagartha bunaithe ar na limistéir idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn IV.

5.  Is le cláir gheografacha go príomha a dhéanfar gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo a chur i bhfeidhm. [Leasú 93]

Gníomhaíochtaí a chuirtear i bhfeidhm le cláir théamacha, beidh siad comhlántach le gníomhaíochtaí a chistítear faoi chláir gheografacha agus tacóidh siad le tionscnaimh dhomhanda agus thrasréigiúnacha a bhfuil sé mar aidhm leo spriocanna a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a ghnóthú amhail dá dtagraítear i bpointe (aa) d’Airteagal 3(2), chomh maith le cosaint a thabhairt d’earraí poiblí domhanda nó aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda. Féadfar freisin gníomhaíochtaí le cláir théamacha a dhéanamh go neamhspleách, lena n-áirítear i gcás nach bhfuil aon chlár geografach ann, nó i gcás ina mbíonn sé curtha ar fionraí, nó mura bhfuil aon chomhaontú ann maidir leis an ngníomhaíocht leis an tír is comhpháirtí, nó mura féidir an ghníomhaíocht a dhéanamh go leormhaith le cláir gheografacha. [Leasú 94]

Beidh gníomhaíochtaí mearfhreagartha comhlántach le cláir gheografacha agus théamacha agus freisin le gníomhaíochtaí a chistítear trí Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 [an Rialachán um Chabhair Dhaonnúil]. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun gur féidir, i gcás inarb ábhartha, iad a choinneáil ar bun faoi chláir gheografacha nó théamacha. [Leasú 95]

6.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a fhorlíonadh nó a leasú.

Airteagal 5

Comhleanúnachas, comhsheasmhacht agus comhlántacht

1.  Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas, comhsheasmhacht, sineirgíochtaí agus comhlántacht idir gach réimse de ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, lena n-áirítear ionstraimí maoinithe seachtracha eile, Rialachán (AE) .../... [Rialachán IPA III] go háirithe, chomh maith le bearta arna nglacadh faoi Chaibidil a Dó de Theideal V CAE agus faoi Chuid a Cúig CFAE, agus beartais agus Cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, agus go mbeidh comhsheasmhacht beartas ann ó thaobh forbartha de. Tabharfaidh an tAontas aird ar chuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé i bhfeidhm ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha atá i mbéal forbartha. [Leasú 96]

1a.   Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a gcláir tacaíochta faoi seach a chomhordú agus é mar aidhm leis sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht a seachadta a mhéadú agus forluí maoinithe a chosc. [Leasú 97]

1b.  I gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, beidh aird chuí ag an gCoimisiún agus ag SEGS ar sheasaimh Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 98]

2.  Gníomhaíochtaí atá faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1257/96, ní chisteofar iad faoin Rialachán seo.

3.  I gcás inarb iomchuí, is féidir Cláir eile de chuid an Aontais a úsáid chun cur le gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun leis an Rialachán seo, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Chomh maith leis sin, is féidir an Rialachán seo a úsáid chun cur le bearta a cuireadh ar bun faoi Chláir eile de chuid an Aontais, ar acht nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Sna cásanna sin, beidh sé leagtha síos sa chlár oibre lena gcumhdaítear na gníomhaíochtaí sin cén tacar rialacha is infheidhme.

Airteagal 6

Buiséad

1.  Is é EUR 89 200 milliún 82 451 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 93 154 milliún i bpraghsanna reatha) [100%] a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme i bhfeidhm an Rialacháin don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 99]

2.  Beidh an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1 comhdhéanta mar seo a leanas:

(a)  EUR 68 000 63 687 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 71 954 milliún i bpraghsanna reatha) 77,24%] le haghaidh cláir gheografacha: [Leasú 100]

–  an Chomharsanacht – EUR 22 000 20 572 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 23 243 milliún i bpraghsanna reatha) [24,95%], [Leasú 101]

–  an Afraic fho-Shahárach – EUR 32 000 30 723 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 34 711 milliún i bpraghsanna reatha) [37,26%] milliún ar a laghad, [Leasú 102]

–  an Áise agus an tAigéan Ciúin – EUR 10 000 8 851 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 10 000 milliún i bpraghsanna reatha) [10,73%], lena n-áirítear EUR 620 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 700 milliún i bpraghsanna reatha) don Aigéan Ciúin, [Leasú 103]

–  an Áise agus an tAigéan Ciúin – EUR 4 000 3 540 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 4 000 milliún i bpraghsanna reatha) [4,29 %], lena n-áirítear EUR 1 062 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 1 200 milliún i bpraghsanna reatha) do Mhuir Chairib, [Leasú 104]

(b)  EUR 7 000 9 471 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 10 700 milliún i bpraghsanna reatha) 11,49%] le haghaidh cláir théamacha: [Leasú 105]

–  Cearta an Duine agus an Daonlathas – ar a laghad EUR 1 500 1 770 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 2 000 milliún i bpraghsanna reatha) [2,15%], le suas go dtí 25% den chlár le caitheamh ar mhaoiniú do Mhisin Breathnadóireachta Toghcháin ó AE, [Leasú 106]

–  Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta (CSOnna) agus Údaráis Áitiúla (Lanna) – EUR 1 500 2 5390 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 2 700 milliún i bpraghsanna reatha) [2,90%], a bhfuil EUR 1 947 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 2 200 milliún i bpraghsanna reatha) [2.36%] ag gabháil do CSOnna agus EUR 443 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha) [0.54%] ag gabháil do LAnna, [Leasú 107]

–  an Chobhsaíocht agus an tSíocháin – EUR 1 000 885 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 1 000 milliún i bpraghsanna reatha) [1,07%], milliún ar a laghad, [Leasú 108]

–  Dúshláin Dhomhanda – EUR 3 000 3 983 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 4 500 milliún i bpraghsanna reatha) [4,83%], [Leasú 109]

–  Riachtanais agus Tosaíochtaí sa Bheartas Eachtrach – EUR 443 mhilliún i bpraghsanna 2018 (EUR 500 milliún i bpraghsanna reatha) [0,54%], [Leasú 110]

(c)  gníomhaíochtaí mearfhreagartha – EUR 4 000 milliún 3 098 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 3 500 milliún i bpraghsanna reatha) [3,76%] le haghaidh gníomhaíochtaí mearfhreagartha.

–  Cobhsaíocht agus cosc coinbhleachta i staideanna práinne, géarchéime a bheidh ag teacht chun cinn, géarchéime agus iar-ghéarchéime – EUR 1 770 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 2 000 milliún i bpraghsanna reatha) [2,15%],

–  Neartú athléimneacht stát, sochaithe, pobal agus daoine aonair agus cabhair dhaonnúil agus gníomhaíocht um fhorbairt a nascadh le chéile – EUR 1 328 milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 1 500 milliún i bpraghsanna reatha) [1,61%],, [Leasú 111]

3.  Leis an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ina mbeidh EUR 10 200 6 196  milliún i bpraghsanna 2018 (EUR 7 000 milliún i bpraghsanna reatha) [7,51%], déanfar na méideanna dá dtagraítear i mír 2 a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 15.. [Leasú 112]

4.  Comhfhreagróidh an t‑imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 2(a) do 75 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais dá dtagraítear i mír 1.

4a.  Déanfar na gníomhaíochtaí faoi Airteagal 9 a mhaoiniú go dtí suas le méid de EUR 270 milliún. [Leasú 113]

4b.  Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla a údarú laistigh de theorainneacha an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le linn an nós imeachta buiséadaigh, tar éis do na tosaíochtaí a bheith comhaontaithe ag na hInstitiúidí. [Leasú 114]

Airteagal 7

Creat beartais

Is é a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ná na comhaontaithe comhlachais, comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair, comhaontuithe trádála agus comhaontuithe eile lena mbunaítear caidreamh le tíortha comhpháirtíochta atá ceangailteach de réir dlí, moltaí agus gníomhartha atá glactha ag comhlachtaí atá curtha ar bun leis na comhaontuithe sin, chomh maith le comhaontuithe iltaobhacha, gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais, conclúidí ón gComhairle Eorpach, conclúidí ón gComhairle, dearbhuithe ó chruinnithe mullaigh agus dearbhuithe idirnáisiúnta eile agus conclúidí ó chruinnithe ardleibhéil le tíortha comhpháirtíochta, rúin agus seasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún agus ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Coinbhinsiúin agus rúin ó na Náisiúin Aontaithe atá ábhartha. [Leasú 115]

Airteagal 8

Prionsabail ghinearálta

1.  Féachfaidh an tAontas le prionsabail an daonlathais, an smacht reachta, urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha ar a bhfuil sé bunaithe trí idirphlé agus comhar le tíortha agus réigiúin chomhpháirtíochta, trí ghníomhaíocht sna Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim idirnáisiúnta eile agus trína chomhar le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, le húdaráis áitiúla agus le gníomhaithe príobháideacha, na prionsabail ar a bhfuil sé fothaithe, eadhon an daonlathas, an smacht reachta, dea-rialachas, uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, urraim do dhínit an duine, prionsabail an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus urraim do phrionsabail Chairt na Náisiúnta Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta, a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chomhdhlúthú. Beidh maoiniú faoin Rialachán seo ag comhlíonadh na bprionsabal sin, agus freisin tiomantais an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta. [Leasú 116]

1a.  Ag teacht le hAirteagail 2 agus 21 CAE, beidh rannchuidiú an Aontais i leith an daonlathais agus an smachta reachta agus i leith chur chun cinn agus chosaint chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha fréamhaithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, sa dlí idirnáisiúnta ar cheart an duine agus sa dlí idirnáisiúnta i gcúrsaí daonnúla. [Leasú 117]

2.  Cuirfear cur chuige i bhfeidhm atá bunaithe ar chearta lena gcuimseofar cearta uile an duine, bídís sin ina gcearta sibhialta agus polaitiúla nó ina gcearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha, chun prionsabail chearta an duine a chomhtháthú, chun tacú le sealbhóirí na gceart agus iad ag éileamh a gceart agus béim ar ghrúpaí imeallaithe agus soghonta, lena n-áirítear mionlaigh, mná, leanaí agus daoine óga, daoine scothaosta, pobail dhúchasacha, daoine LGBTI agus daoine faoi mhíchumas, agus ar chearta saothair agus imeascadh sóisialta, agus chun cúnamh a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta i gcur chun feidhme a gcuid oibleagáidí idirnáisiúnta i leith chearta an duine. Leis an Rialachán seo, déanfar comhionannas inscne agus cumhachtú na mban, an óige agus na leanaí, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le sláinte agus cearta gnéasach agus atáirgeachta, a chur chun cinn. [Leasú 118]

3.  Tacóidh an tAontas, mar is iomchuí, le cur chun feidhme an chomhair agus an idirphlé dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus iltaobhaigh, comhaontuithe comhpháirtíochta agus an chomhair thriantánaigh.

Déanfaidh an tAontas cur chuige iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus luachanna a chur chun cinn i leith earraí agus dúshláin phoiblí dhomhanda agus oibreoidh sé i gcomhar leis na Ballstáit, le tíortha comhpháirtíochta, le heagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí, cistí agus cláir de chuid na Náisiún Aontaithe, agus le deontóirí eile i ndáil leis sin. [Leasú 119]

Cothóidh an tAontas comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus le deontóirí eile. [Leasú 120]

Maidir lena chaidreamh le tíortha comhpháirtíochta, cuirfear san áireamh a ndea-theist i leith gealltanais, comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe Comhaontú Pháras, agus caidreamh conarthach leis an Aontas, go háirithe comhaontuithe comhlachais, comhaontuithe comhpháirtíochta agus comhair agus comhaontuithe trádála. [Leasú 121]

4.  Beidh an comhar idir an tAontas agus na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus le tíortha comhpháirtíochta, ar an taobh eile, bunaithe ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha ar fud na modúlachtaí uile, agus cuirfidh sé chun cinn iad, i gcás inarb infheidhme, mar atá: úinéireacht na dtosaíochtaí forbartha a bheith ag tíortha comhpháirtíochta, díriú ar thorthaí, ar chomhpháirtíochtaí cuimsitheacha don fhorbairt, ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht fhrithpháirteach, agus ar ailíniú chuig tosaíochtaí na dtíortha comhpháirtíochta. Déanfaidh an tAontas slógadh agus úsáid éifeachtach agus éifeachtúil ar acmhainní a chur chun cinn. [Leasú 122]

I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, i gcás inarb iomchuí, áiritheoidh an Coimisiún go rachfar i gcomhairle go hiomchuí le páirtithe leasmhara ábhartha tíortha comhpháirtíochta, lena n‑áirítear eagraíochtaí de chuid sa sochaí sibhialta agus údaráis áitiúla agus go mbeidh rochtain thabpa acu ar fhaisnéis ábhartha sa chaoi gur féidir leo ról fóntach a bheith acu le linn ceapadh, cur chun feidhme i bhfeidhm agus próisis faireacháin bhainteacha clár. [Leasú 123]

I gcomhréir le prionsabal na húinéireachta, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tús áite d’úsáid córas tíortha comhpháirtíochta chun cláir a chur chun feidhme i bhfeidhm. [Leasú 124]

5.  Chun comhlántacht agus éifeachtúlacht a ngníomhaíochta a chur chun cinn, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile faoina gcláir chúnaimh, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

6.  Maidir le cláir agus na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, déanfaidh siad príomhshruthú ar an athrú aeráide, ar chosaint an chomhshaoil i gcomhréir le hAirteagal 11 CFAE, ar laghdú riosca agus ullmhacht i gcás tubaistí, ar fhorbairt dhaonna, ar chosc coinbhleachta agus cothú na síochána, ar chomhionannas inscne agus ar chumhachtú na mban, na leanaí agus an óige, ar neamh-idirdhealú, ar oideachas agus cultúr, agus ar dhigiteáil agus tabharfaidh siad aghaidh ar idirnaisc idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí a chruthú agus ilchuspóirí a chomhlíonadh ar bhealach comhleanúnach. Beidh na cláir agus na gníomhaíochtaí sin bunaithe ar anailís ar acmhainneachtaí, rioscaí agus soghontachtaí, comhtháthófar leo cur chuige athléimneachta a bheidh dírithe ar dhaoine agus ar phobail agus beidh siad íogair ó thaobh coinbhleachta de. Beidh siad á dtreorú ag na prionsabail nár cheart aon duine a fhágáil chun deiridh agus ‘Ná Déan Díobháil’. [Leasú 125]

7.  Gan dochar do chuspóirí eile ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, déanfar cur chuige níos comhordaithe, níos iomlánaíche agus níos struchtúrtha i leith na himirce a shaothrú le comhpháirtithe agus measfar a éifeachtacht go tráthrialta, gan leithdháileadh na cabhrach forbartha chuig tríú tíortha a chur faoi choinníoll go mbeadh comhar ann i dtaobh bhainistiú imirce agus i lán-urraim do chearta an duine, lena n-áirítear an ceart atá ag gach duine aonair a thír nó a tír dhúchais a fhágáil. [Leasú 126]

7a.  Áiritheoidh an Coimisiún i dtaca le gníomhaíochtaí a ghlactar faoin Rialachán seo i ndáil le slándáil, cobhsaíocht agus síocháin, go háirithe i ndáil le forbairt acmhainneachta ag gníomhaithe míleata chun tacú le forbairt agus slándáil don fhorbairt, leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe agus le cibearchoiriúlacht, go ndéanfar iad i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta ar chearta an duine agus ar chúrsaí daonnúla. Féadfaidh an Coimisiún treochláir a fhorbairt go comhpháirteach le comhpháirtithe tairbheacha chun feabhas a chur ar a mhéid a dhéanann gníomhaithe míleata trédhearcacht agus caighdeáin chearta an duine a chomhlíonadh ar bhonn institiúideach agus oibríochtúil. Déanfaidh an Coimisiún faireachán, meastóireacht agus tuairisciú go cáiréiseach ar chur i bhfeidhm na ngníomhaíochtaí sin i gcás gach cuspóir ábhartha de bhun Airteagal 31 chun a áirithiú go gcomhlíontar na hoibleagáidí i leith chearta an duine. Le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin, beidh cur chuige ag an gCoimisiún a bheidh íogair ó thaobh coinbhleachta de, lena n-áirítear anailís coinbhleachta ex ante a bheidh docht agus córasach a mbeidh anailís inscne lánpháirtithe go hiomlán ann, sa bhreis ar na forálacha maidir le bainistiú rioscaí faoi Airteagal 8(8)b. Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 lena ndéantar forlíonadh ar an Rialachán seo trí chreat oibríochtúil a bhunú a bheidh bunaithe ar an treoraíocht atá ann cheana chun a áirithiú go gcuirfear cearta an duine san áireamh i gceapadh agus i gcur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear san Airteagal seo, go háirithe maidir le cosc ar chéasadh agus ar chóir eile atá cruálach, mídhaonna nó táireach agus maidir le hurraim don phróis chuí, lena n-áirítear toimhde na neamhchiontachta, an cheart chun triail chóir agus cearta na cosanta. [Leasú 127]

8.  Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas agus malartóidh sé tuairimí léi go tráthrialta go tráthrialta agus beidh idirphléití beartais aige léi, ar a thionscnamh féin agus nuair a iarrann Parlaimint na hEorpa an méid sin. [Leasú 128]

8a.  Déanfaidh an Coimisiún malartuithe faisnéise rialta leis an tsochaí shibhialta agus leis na húdaráis áitiúla. [Leasú 129]

8b.  Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí chreat bainistithe riosca iomchuí a bhunú, lena n-áirítear measúnú agus bearta maolaithe i gcás gach ceann de chuspóirí ábhartha an Rialacháin. [Leasú 130]

8c.  Beidh trédhearcacht agus cuntasacht, le fócas láidir ar thuairisciú agus ar ghrinnscrúdú, ina bhonn taca don ionstraim ina hiomláine. Beidh córas rialaithe trédhearcach ar áireamh sa mhéid sin, lena n-áirítear tuairisciú ar fhaisnéis i dtaobh fhaighteoirí na gcistí agus cibé a ndearnadh na híocaíochtaí in Leasú [Leasú 131]

Airteagal 9

Fothú acmhainní na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt

1.  I gcomhréir le hAirteagal 412 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní úsáidfear Cistiú ón Aontas faoin Rialachán, ní bhainfear úsáid as chun maoiniú a chur ar fáil ar mhaithe le hairm nó armlón a fháil, nó chun oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta i gceist leo a mhaoiniú. Aon trealamh, seirbhís nó teicneolaíocht a dhéantar a sholáthar faoin Rialachán seo, beidh siad faoi réir rialuithe déine i dtaobh aistriú faoi mar a leagtar amach i gComhsheasamh 944/2008/CBES, sa Rialachán Dé-Úsáide agus in aon bheart sriantach eile de chuid an Aontais atá i bhfeidhm. I gcomhréir le Rialachán (AE) .../... [Rialachán AE maidir le Táirgí a úsáidtear le haghaidh Pionós an Bháis agus Céastóireacht], ní dhéanfar an Rialachán seo a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar aon chineál trealaimh a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh céastóireachta, le haghaidh drochíde nó le haghaidh aon sárú eile ar chearta an duine. [Leasú 132]

2.  Chun rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe a bhfuil sochaithe cobhsaí síochánta cuimsitheacha a bhaint amach ag teastáil lena haghaidh, féadfar cúnamh ón Aontais faoin Rialachán seo a úsáid i gcomhthéacs athbhreithniú níos leithne ar an earnáil slándála chun acmhainn na ngníomhaithe míleata i dtíortha comhpháirtíochta a fhothú,faoi na dálaí eisceachtúla a leagtar amach i mír 4, chun gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar, i gcomhréir leis an gcuspóir uileghabhálach go ndéanfar forbairt inbhuanaithe a bhaint amach. [Leasú 133]

3.  Maidir leis an gcúnamh de bhun an Airteagail seo, féadfar a chumhdach leis, go háirithe, soláthar clár maidir le fothú acmhainní chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt, lena n‑áirítear oiliúint, meantóireacht agus comhairle, mar aon le soláthar trealaimh, feabhsuithe ar an mbonneagar agus seirbhísí a bhaineann go díreach leis an gcúnamh sin.

4.  Is sna cásanna seo amháin a thabharfar cúnamh:

(a)  i gcás nach féidir ceanglais a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh gníomhaithe neamh-mhíleata chun cuspóirí an Aontais faoin Rialachán seo a bhaint amach agus go bhfuil feidhmiú na n‑institiúidí stáit faoi bhagairt, nó go bhfuil cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha faoi bhagairt agus nach féidir leis na hinstitiúidí stáit déileáil leis an mbagairt sin a thuilleadh; agus

(b)  i gcás ina mbeidh comhdhearcadh ann idir an tír chomhpháirtíochta lena mbaineann agus an tAontas go bhfuil gníomhaithe míleata lárnach maidir leis na dálaí atá ríthábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe a chaomhnú, a bhunú nó a athbhunú agus nach bhfuil lámh ag na gníomhaithe míleata sin i sáruithe ar chearta an duine agus nach bhfuil siad ina mbagairt ar fheidhmiú institiúidí Stáit, lena n-áirítear i ngéarchéimeanna nó i gcomhthéacsanna agus staideanna leochaileacha nó díchobhsaithe. [Leasú 134]

5.  Ní úsáidfear cúnamh an Aontais de bhun an Airteagail seo chun fothú acmhainní do ghníomhaithe míleata a mhaoiniú chun críocha seachas gníomhaíochtaí forbartha agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha a sholáthar. Go háirithe, ní úsáidfear cúnamh an Aontais chun an méid seo a leanas a mhaoiniú:

(a)  caiteachas míleata a thagann chun cinn go tráthrialta;

(b)  soláthar arm agus armlón, ná aon trealamh eile a cheaptar chun fórsa marfach a thabhairt;

(c)  oiliúint atá ceaptha go sonrach chun cur le hacmhainn troda na bhfórsaí armtha.

6.  Nuair atá bearta á gceapadh agus á gcur chun feidhme i bhfeidhm de bhun an Airteagail seo, déanfaidh an Coimisiún úinéireacht na tíre comhpháirtíochta ar na bearta sin a chur chun cinn. Forbróidh sé freisin na heilimintí riachtanacha agus na dea-chleachtais is gá chun inbhuanaitheacht agus cuntasacht sa mheántéarma agus san fhadtéarma a áirithiú agus cuirfidh sé an smacht reachta agus prionsabail sheanbhunaithe an dlí idirnáisiúnta chun cinn. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfaidh na bearta sin tairbhí slándála daonna díreacha a chruthú don daonra, go bhfuil siad lánpháirtithe i mbeartas athchóirithe níos leithne ar an earnáil slándála ina gcuimsítear eilimintí láidre formhaoirseachta agus cuntasachta ó thaobh an daonlathais agus na parlaiminte de, lena n-áirítear ó taobh soláthar feabhsaithe seirbhíse slándála, agus go bhfuil siad ag luí isteach le straitéisí fadtéarmacha síochána agus forbartha atá ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna coinbhleachta. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go rannchuideoidh gníomhaíochtaí atá dírithe ar fhórsaí míleata a athchóiriú lena ndéanamh níos trédhearcaí, níos cuntasaí agus níos comhlíontaí do chearta an duine atá ag na daoine a thagann faoina ndlínse. Le haghaidh bearta atá dírithe ar threalamh a sholáthar d’fhórsaí míleata comhpháirteacha, sonróidh an Coimisiún an cineál trealaimh atá le soláthar i gcomhthéacs gach birt. Déanfaidh an Coimisiún na forálacha a shonraítear faoi Airteagal 8 – mír 8 b (nua) a chur i bhfeidhm chun a áirithiú gurb iad na tairbhithe beartaithe amháin a úsáidfidh an trealamh sin. [Leasú 135]

7.  Cuirfidh an Coimisiún, laistigh den mheastóireacht de bhun Airteagal 32, agus go háirithe i ndáil le meastóireacht lártéarma, meastóireachtaí comhpháirteacha in éineacht leis na Ballstáit. Beidh na torthaí ó na meastóireachtaí sin ina mbonn faisnéise do dhearadh clár agus do leithdháileadh acmhainní, agus déanfaidh siad comhsheasmhacht agus comhlántacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a fheabhsú tuilleadh. [Leasú 136]

TEIDEAL II

AN RIALACHÁN SEO A CHUR CHUN FEIDHME I BHFEIDHM [Leasú 137]

Caibidil I

Clársceidealú

Airteagal 9a

Raon feidhme na gclár Geografach

1.  Gníomhaíochtaí comhair an Aontais faoin Airteagal seo, déanfar iad a chur i bhfeidhm i ndáil le gníomhaíochtaí de chineál áitiúil, de chineál náisiúnta, de chineál réigiúnach, de chineál tras-réigiúnach agus de chineál ilchríochach.

2.  Chun na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 a bhaint amach, déanfar cláir gheografacha a tharraingt suas as na réimsí comhair seo a leanas:

(a)  dea-rialachas, daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus an tsochaí shibhialta;

(b)  deireadh a chur leis an mbochtaineacht, comhrac i gcoinne an neamh-chomhionannais, agus forbairt dhaonna;

(c)  imirce agus soghluaisteacht;

(d)  an comhshaol agus an t-athrú aeráide;

(e)  forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach agus fostaíocht chuibhiúil;

(f)  an tslándáil, an chobhsaíocht agus an tsíocháin;

(g)  comhpháirtíocht;

3.  In Iarscríbhinn II, leagtar amach mionsonraí breise de na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 2. [Leasú 138]

Airteagal 9b

Raon feidhme na gclár téamach

1.  Cuimseoidh na cláir théamacha na réimsí idirghabhála seo a leanas:

(a)  Cearta an duine, Saoirsí Bunúsacha agus an Daonlathas:

–  cearta an duine agus cosantóirí chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn i dtíortha agus i staideanna éigeandála ina bhfuil cearta an duine agus saoirsí bunúsacha is mó i mbaol, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais chosanta phráinneacha do chosantóirí chearta an duine ar shlí atá solúbtha agus cuimsitheach.

–  cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chaomhnú do chách, agus ar an tslí sin rannchuidiú le sochaithe a mhúnlú ina bhfuil rannpháirtíocht, neamh-idirdhealú, comhionannas, ceartas sóisialta agus cuntasacht i réim.

–  comhdhlúthú a dhéanamh ar an daonlathas agus tacú leis an daonlathas, aghaidh a thabhairt ar gach gné den rialachas daonlathach, lena n-áirítear iolrachas daonlathach a threisiú, rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí breathnóireachta toghcháin de chuid na saoránach mar aon lena ngréasáin réigiúnacha ar fud an domhain, timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a chruthú agus tacú le próisis thoghchánacha atá inchreidte, cuimsitheach agus trédhearcach ar fud na trimthrialla tochánaí ina hiomláine, go háirithe trí bhíthin Misin Bhreathnóireachta Toghcháin AE (MBTanna AE).

–  iltaobhachas éifeachtach agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn, rud a rannchuidíonn leis na hacmhainneachtaí atá ag creataí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta a threisiú agus gníomhaithe áitiúla a chumhachtú a mhéid a bhaineann le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint.

–  sineirgíochtaí agus gréasánú trasréigiúnacha nua a chothú i measc sochaithe sibhialta áitiúla agus idir an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí agus sásraí ábhartha eile ar son chearta an duine ionas go ndéanfar uasmhéadú ar chomhroinnt na ndea-chleachtas ar chearta an duine agus ar an daonlathas agus dinimicí dearfacha a chruthú.

(b)  Eagraíochtaí den tSochaí Shibhialta agus Údaráis Áitiúla:

–  tacú le sochaí shibhialta atá cuimsitheach, rannpháirtitheach, cumhachtaithe agus neamhspleách sna tíortha comhpháirtíochta;

–  idirphlé le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus idirphlé eatarthu a chur chun cinn;

–  tacú le forbairt acmhainneachta na n-údarás áitiúla agus a gcuid saineolais a shlógadh ar mhaithe le cur chuige críochach i leith na forbartha a chur chun cinn;

–  feasacht, eolas agus páirteachas shaoránaigh an Aontais i dtaobh na gcuspóirí a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo a mhéadú;

–  tacú leis an tsochaí shibhialta a bheith rannpháirteach i gcur chun cinn an bheartais phoiblí agus in idirphlé le rialtais agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;

–  tacú leis an tsochaí shibhialta chun tomhaltóirí agus saoránaigh a chur ar an airdeall agus a bhfeasacht a ardú i dtaobh táirgeadh agus tomhaltas atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus a thagann ó thrádáil chóir, chun iad a spreagadh le hiompraíocht níos inbhuanaithe a bheith acu;

(c)  An Chobhsaíocht agus an tSíocháin

–  cúnamh le haghaidh cosc coinbhleachtaí, cothú na síochána agus ullmhacht do ghéarchéimeanna;

–  cúnamh in aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn;

(d)  Dúshláin dhomhanda

–  sláinte,

–  oideachas,

–  comhionannas inscne,

–  leanaí agus an óige,

–  imirce agus easáitiú éigeantais,

–  obair chuibhiúil, cosaint shóisialta agus neamh-chomhionannas,

–  cultúr,

–  comhshaol folláin a áirithiú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide,

–  fuinneamh inbhuanaithe,

–  fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist chuibhiúla agus páirteachas na hearnála príobháidí,

–  bia agus cothú,

–  sochaithe cuimsitheachta, dea-rialachas eacnamaíoch agus bainistiú trédhearcach an airgeadais phoiblí a chur chun cinn,

–  rochtain ar uisce shábháilte, ar shláintíocht agus ar shláinteachas,

(e)  Riachtanais agus Tosaíochtaí sa Bheartas Eachtrach

–  tacaíocht a thabhairt le haghaidh straitéisí comhair déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais, idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus cur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a fhorbairt i leith dúshláin atá ann don domhan uile;

–  tacaíocht a thabhairt le haghaidh bheartas trádála an Aontais;

–  rannchuidiú le cur chun feidhme na gné idirnáisiúnta de bheartais inmheánacha an Aontais agus tuiscint fhorleathan agus infheictheacht an Aontais a chur chun cinn chomh maith lena ról ar an ardán domhanda;

2.  In Iarscríbhinn III, leagtar amach mionsonraí breise de na réimsí comhair dá dtagraítear i mír 3. [Leasú 139]

Airteagal 10

Cur chuige ginearálta um chlársceidealú

1.  Clársceidealófar comhar agus idirghabháil faoin Rialachán seo, cé is moite de ghníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4).

2.  Ar bhonn Airteagal 7, beidh aon chlársceidealú a dhéanfar faoin Rialachán seo bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)  sna doiciméid chlársceidealaithe beidh creat comhleanúnach le haghaidh comhar idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, ar creat é a bheidh comhsheasmhach leis an gcuspóir foriomlán agus leis an raon feidhme, na cuspóirí agus na prionsabail a leagtar amach faoin Rialachán seo, agus a bheidh bunaithe ar straitéis an Aontais i leith tíre comhpháirtíochta nó réigiúin comhpháirtíochta nó a bheith bunaithe ar straitéisí théamacha an Aontais; [Leasú 140]

(b)  rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhairle le chéile go luath sa phróiseas clársceidealaithe, agus lena linn, chun comhtháthú, comhlántacht agus comhsheasmhacht a chur chun cinn idir a ngníomhaíochtaí comhair. is é an clársceidealú coitianta an cur chuige tosaíochta a úsáidfear le haghaidh clársceidealú tíortha. beidh an clársceidealú le fáil ag deontóirí eile i gcás inarb ábhartha;

(c)  rachaidh déanfaidh an tAontas i gcomhairle ag céim luath sa phróiseas clársceidealaithe, agus i rith an phróisis sin, idirphlé rialta, le hilgheallsealbhóirí agus a bheidh cuimsitheach, a spreagadh le deontóirí agus gníomhaithe eile de chuid an Aontais agus leo sin nach de chuid an Aontais iad, lena n-áirítear ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ó údaráis áitiúla, agus freisin le fondúireachtaí príobháideacha agus polaitiúla. Déanfar Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas i dtaobh thoradh na gcomhairliúchán sin. [Leasú 141]

(d)  leis na cláir théamacha um Chearta an Duine agus an Daonlathas, um Eagraíochtaí den tSochaí Shibhialta agus Údaráis Áitiúla, agus um Chobhsaíocht agus Síocháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3) (a), (b) agus (c), tabharfar cúnamh go neamhspleách ar thoiliú rialtais agus údaráis phoiblí eile na dtríú tíortha lena mbaineann. Beidh na cláir théamacha um Chearta an Duine agus an Daonlathas, agus um Eagraíochtaí den tSochaí Shibhialta agus Údaráis Áitiúla go príomha ina dtacaíocht don tsochaí shibhialta, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine agus iriseoirí atá faoi bhrú. [Leasú 142]

Airteagal 11

Prionsabail um chlársceidealú le haghaidh cláir geografacha le haghaidh cláir geografacha [Leasú 143]

-1.  Maidir le clársceidealú faoin Rialachán seo, tabharfar aird chuí ann ar chearta an duine, saoirsí bunúsacha, dea-rialachas agus an daonlathas i dtíortha comhpháirtíochta. [Leasú 144]

-1a.  Le hullmhú, cur i bhfeidhm agus athbhreithniú na ndoiciméad uile don chlársceidealú faoin Airteagal seo, comhlíonfar prionsabail na comhsheasmhachta beartais le haghaidh na forbartha agus na prionsabail le haghaidh éifeachtúlacht an chúnaimh. [Leasú 145]

-1b.  Beidh na cláir gheografacha agus théamacha comhlántach agus comhleanúnach le chéile, agus cruthóidh siad breisluach. [Leasú 146]

1.  Beidh clársceidealú clár geografach bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)  gan dochar do mhír 4, beidh gníomhaíochtaí bunaithe ar idirphlé cuimsitheach idir institiúidí an Aontais, na Ballstáit agus na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus áitiúla agus réigiúnacha, agus glacfaidh eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, na parlaimintí réigiúnacha, náisiúnta agus áitiúla, pobail agus geallsealbhóirí eile páirt iontu chun úinéireacht dhaonlathach sa phróiseas a mhéadú agus chun tacaíocht a chothú do straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha; [Leasú 147]

(b)  i gcás inarb iomchuí, aon uair is indéanta sin, déanfar an chlárthréimhse a shioncroiniú le timthriallta straitéiseacha na dtíortha comhpháirtíochta; [Leasú 148]

(c)  mar chuid den chlársceidealú féadfar gníomhaíochtaí comhair a bheartú a chisteofar as leithdháilte éagsúla a liostaítear in Airteagal 6(2) agus ó Chláir eile de chuid an Aontais de réir a ngníomhartha bunúsacha.

2.  Mar chuid de chlársceidealú Gan dochar do mhír 1, déanfaidh clársceidealú na gclár geografach creat comhair sonrach, saincheaptha a sholáthar a bheidh bunaithe ar na nithe seo a leanas: [Leasú 149]

(a)  riachtanais na gcomhpháirtithe, arna suíomh ar bhonn critéir shonracha agus anailís chríochnúil, agus an daonra, bochtaineacht, neamhionannas, forbairt an duine, staid chearta an duine, saoirsí bunúsacha, an daonlathas agus comhionannas inscne, spás cathartha, soghontacht eacnamaíoch agus comhshaoil agus athléimneacht an stáit agus na sochaí á gcur san áireamh; [Leasú 150]

(b)  acmhainneachtaí na gcomhpháirtithe i leith acmhainní airgeadais a ghiniúint agus rochtain a fháil orthu acmhainní intíre a shlógadh agus a úsáid go héifeachtúil chun tacú le tosaíochtaí forbartha náisiúnta, agus a n‑acmhainneachtaí ionsúcháin; agus [Leasú 151]

(c)  gealltanais na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear iad sin a dhéantar a chomhaontú go comhpháirteach leis an Aontas, agus dícheall na gcomhpháirtithe, arna suíomh ar bhonn critéir amhail athchóiriú polaitiúil, dul chun cinn sa smacht reachta, sa dea-rialachas, i gcearta an duine agus sa chomhrac in aghaidh an éillithe, forbairt eacnamaíochta agus sochaí, inbhuanaitheacht chomhshaoil, agus úsáid éifeachtach na cabhrach; [Leasú 152]

(d)  an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cistiú ón Aontas i dtíortha comhpháirtíochta;

(e)  acmhainneacht agus tiomantas na gcomhpháirtithe i leith luachanna, prionsabail, agus leasanna bunúsacha coiteanna a chur chun cinn agus tacú le spriocanna coiteanna agus le comhghuaillíochtaí iltaobhacha, chomh maith le cur chun cinn thosaíochtaí an Aontais. [Leasú 153]

3.  Tabharfar tosaíocht do na tíortha a mbeidh an gá is mó acu le cúnamh, go háirithe na tíortha is lú forbairt, tíortha ísealioncaim agus tíortha ina mbeidh géarchéim, tíortha iar-ghéarchéime nó tíortha a bheidh i staideanna leochaileacha agus soghonta, lena n‑áirítear oileáin bheaga agus tíortha i mbéal forbartha, sa phróiseas leithdháilte acmhainní.

4.  Beidh an comhar le tíortha tionsclaíochta dírithe ar chur chun cinn leasanna an Aontais agus leasanna coiteanna, agus freisin ar leasanna agus luachanna bunúsacha coiteanna, ar chuspóirí atá aontaithe go coiteann agus ar iltaobhachas. Beidh an comhar sin, i gcás inarb ábhartha, bunaithe ar idirphlé idir an tAontas, lena n-áirítear Parlaimint na hEorpa, agus na Ballstáit, agus beidh an tsochaí shibhialta páirteach ann. [Leasú 154]

5.  Beidh doiciméid clársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha bunaithe ar thorthaí agus cuirfear san áireamh iontu dírithe ar thorthaí a bhaint amach agus, in aon chás inarb indéanta sin, beidh spriocanna agus táscairí iontu chun dul chun cinn agus tionchar an chúnaimh ón Aontas a thomhas. Féadfaidh na táscairí, i gcás inarb iomchuí, spriocanna agus táscairí a bheith bunaithe ar chaighdeáin atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, go háirithe iad siúd a leagtar amach le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, comh maith le creata torthaí ar leibhéal tíre, chun an méid a chuir an tAontas le torthaí a mheas, ar leibhéil na n‑aschur, na bhfothorthaí agus an tionchair. [Leasú 155]

6.  Agus na doiciméid chlásceidealaithe á dtarraingt suas do thíortha agus réigiúin atá ag staideanna géarchéime, iar-ghéarchéime, leochaileachta agus soghontachta, beidh aird chuí ar riachtanais agus dálaí speisialta na dtíortha nó na réigiún lena mbaineann, agus beidh aird chuí freisin ar shoghontachtaí, rioscaí agus acmhainneachtaí ar mhaithe leis an athléimneacht a mhéadú. Tabharfar aird freisin ar chosc coinbhleachtaí, ar fhorbairt Stáit agus síochána, ar athshlánú iarchoinbhleachta agus bearta atógála, ar ullmhacht do thubaistí agus freisin ar ról na mban agus cearta leanaí sna próisis sin. Déanfar cur chuige a bheidh bunaithe ar chearta an duine agus a bheidh daoine-lárnaithe a chur i bhfeidhm..

I gcás ina mbeidh baint dhíreach ag tíortha nó réigiúin chomhpháirtíochta le staideanna géarchéime, iar-ghéarchéime nó leochaileachta, nó ina ndéanfaidh na staideanna sin difear dóibh, leagfar béim ar leith ar bhorradh a chur faoi chomhordú i measc na ngníomhaithe ábhartha uile chun cuidiú le cosc an fhoréigin agus leis an aistriú ó staid éigeandála go dtí céim na forbartha. [Leasú 156]

7.  Leis an Rialachán seo, déanfar rannchuidiú ó na cláir arna mbunú faoi Airteagal 4(2) den Rialachán seo le gníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán Erasmus. Ba cheart méid táscach de EUR 2 000 000 000 ó na cláir gheografacha a leithdháileadh chuig gníomhaíochtaí atá tiomanta do shoghluaisteacht, do chomhar agus d’idirphlé polaitiúil leis na húdaráis, institiúidí agus eagraíochtaí sna tíortha comhpháirtíochta. Tarraingeofar suas aon doiciméad clársceidealaithe amháin ón Rialachán seo le haghaidh seacht mbliana, agus beidh cistí ó Rialachán IPA III ina gcuid den chlársceidealú sin. Beidh feidhm ag Rialachán Erasmus maidir le húsáid na gcistí sin, agus ag an am céanna áiritheofar go mbeidh sé i gcomhréir le Rialachán IPA III. [Leasú 157]

7a.   Leis an Rialachán seo, rannchuideofar le gníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán Eoraip na Cruthaitheachta. Tarraingeofar suas aon doiciméad clársceidealaithe amháin ón Rialachán seo le haghaidh seacht mbliana, agus beidh cistí ó RialachánIPA III ina gcuid den chlársceidealú sin. Beidh feidhm ag Rialachán Eoraip na Cruthaitheachta maidir le húsáid na gcistí sin.. [Leasú 158]

Airteagal 12

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha

-1.  Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh trí chreataí a bhunú le haghaidh gach cláir ilbhliantúil tíre agus iltíre ar leith. Sna creatfhorálacha sin, déanfar:

(a)  na réimsí tosaíochta as measc na réimsí a shainítear in Airteagail 9a agus 15b a shonrú;

(b)  cuspóirí sonracha mionsonraithe agus intomhaiste do gach clár a leagan síos;

(c)  torthaí ionchasacha le spriocanna intomhaiste a shocrú, chomh maith le táscairí feidhmíochta soiléire agus sonracha a bheidh nasctha leis na cuspóirí;

(d)  leithdháileadh airgeadais táscach, idir leithdháileadh foriomlán agus leithdháileadh in aghaidh gach réimse tosaíochta, a leagan amach;

(e)  modúlachtaí comhair a bhunú, lena n-áirítear rannchuidithe leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. [Leasú 159]

1.  Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcás cláir gheografacha le cláir thíre agus iltíortha ilbhliantúla tháscacha. [Leasú 160]

2.  Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha na limistéir thosaíochta arna roghnú le haghaidh maoiniú ón Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta soiléire sonracha agus na leithdháiltí táscacha airgeadais, go foriomlán agus in aghaidh an limistéir tosaíochta araon. [Leasú 161]

3.  Beidh na cláir ilbhliantúla tháscacha a fhorbairt ar na nithe seo a leanas: [Leasú 162]

(-a)  tuarascáil ina mbeidh anailís i gcomhréir le hAirteagal 11(2) ar riachtanais, acmhainneachtaí, gealltanais agus feidhmíocht na tíre comhpháirtíochta nó na dtíortha comhpháirtíochta i dtrácht agus an tionchar féideartha atá ag maoiniú ón Aontas, chomh maith le ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: [Leasú 163]

(a)  straitéis náisiúnta nó réigiúnach i bhfoirm plean forbartha náisiúnta nó doiciméid den chineál sin a bheidh bunaithe ar chomhairliúchán fónta leis an bpobal áitiúil agus leis an tsochaí shibhialta agus a mbeidh glacadh leis ag an gCoimisiún mar bhonn don chlár ilbhliantúil táscach comhfhreagrach, tráth a ghlacfar an doiciméad deireanach sin a luadh; [Leasú 164]

(b)  creat-doiciméad ina leagfar síos an beartas de chuid an Aontais i leith an chomhpháirtí nó na gcomhpháirtithe lena mbaineann, lena n‑áirítear doiciméad comhpháirteach idir an tAontas agus Ballstáit; [Leasú 165]

(c)  doiciméad comhpháirteach idir an tAontas agus an comhpháirtí nó na comhpháirtithe lena mbaineann ina leagfar amach tosaíochtaí coiteanna.

4.  Chun tionchar an chomhair chomhpháirtigh san Aontas a mhéadú, i gcás inar féidir, beidh doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach ann a ghabhfaidh ionad dhoiciméid chomhpháirteacha an Aontais agus na mBallstát. Féadfaidh doiciméad clársceidealaithe comhpháirteach teacht in ionad chlár ilbhliantúil táscach an Aontais, ar choinníoll go ndéantar é a fhormheas i ngníomh a ghlactar i gcomhréir le hAirteagal 14 agus go gcomhlíonann sé Airteagail 10 agus 11, go bhfuil na heilimintí ann a liostaítear i mír 2 den Airteagal seo agus go leagtar amach ann roinnt an tsaothair idir an tAontas agus na Ballstáit. [Leasú 166]

4a.  Sna cláir ilbhliantúla, féadfar foráil do mhéid cistí, nach mó ná 5% den mhéid iomlán, nach leithdháiltear ar réimse tosaíochta ná ar thír chomhpháirtíochta ná ar ghrúpa de thíortha comhpháirtíochta. Déanfar na cistí sin a ghealladh i gcomhréir le hAirteagal 21. [Leasú 167]

Airteagal 13

Doiciméid chlársceidealaithe le haghaidh cláir théamacha

-1.  Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh trí chreataí a bhunú le haghaidh gach cláir ilbhliantúil téamach ar leith. Sna creatfhorálacha sin, déanfar:

(a)  na réimsí tosaíochta as measc na réimsí a shainítear in Airteagail 9b a shonrú;

(b)  cuspóirí sonracha mionsonraithe agus intomhaiste do gach clár a leagan síos;

(c)  torthaí ionchasacha le spriocanna intomhaiste a shocrú, chomh maith le táscairí feidhmíochta soiléire agus sonracha a bheidh nasctha leis na cuspóirí;

(d)  leithdháileadh airgeadais táscach, idir leithdháileadh foriomlán agus leithdháileadh in aghaidh gach réimse tosaíochta, a leagan amach;

(e)  modúlachtaí comhair a bhunú. [Leasú 168]

1.  Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme i gcás cláir théamacha le cláir thíre agus iltíortha ilbhliantúla tháscacha. [Leasú 169]

2.  Leagfar amach sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh na gclár téamach straitéis an Aontais, na tosaíochtaí arna roghnú lena maoiniú ag an Aontas, na cuspóirí sonracha, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, táscairí feidhmíochta soiléire sonracha, an staid idirnáisiúnta agus gníomhaíochtaí na bpríomh-chomhpháirtithe i leith an téama lena mbaineann. [Leasú 170]

I gcás inarb infheidhme, leagfar síos acmhainní agus tosaíochtaí maidir le hidirghabháil don rannpháirtíocht i dtionscnaimh dhomhanda.

Leagfar amach an leithdháileadh airgeadais táscach, go foriomlán, de réir réimse comhair agus de réir tosaíochta sna cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir théamacha . I gcás inarb iomchuí, féadfar an leithdháileadh táscach airgeadais sin a léiriú i bhfoirm raoin. [Leasú 171]

Na creatfhorálacha dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 13, déanfar iad a fhorbairt ar thuarascáil ina mbeidh anailís ar an staid idirnáisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí na bpríomhpháirtithe don téama i dtrácht agus ina léirítear na torthaí a meastar a thiocfaidh ón gclár. [Leasú 172]

2a.   Sna cláir ilbhliantúla, féadfar foráil do mhéid cistí, nach mó ná 5% den mhéid iomlán, nach leithdháiltear ar réimse tosaíochta ná ar thír chomhpháirtíochta ná ar ghrúpa de thíortha comhpháirtíochta. Déanfar na cistí sin a ghealladh i gcomhréir le hAirteagal 21. [Leasú 173]

Airteagal 14

Cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh agus a leasú [Leasú 174]

1.  Glacfaidh an Coimisiún páipéir straitéise Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh trí chreataí a bhunú le haghaidh na gclár ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34. Beidh feidhm ag an nós imeachta seo freisin maidir leis na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5 den Airteagal seo, a bhfuil sé d’éifeacht acu go modhnaíonn siad go suntasach ábhar an chláir ilbhliantúil tháscaigh. [Leasú 175]

2.  Nuair a bheidh na doiciméid don chlársceidealú ilbhliantúil comhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 12 á nglacadh, ní bheidh feidhm ag an ngníomh tarmligthe ach maidir le rannchuidiú an Aontais leis an doiciméad don chlársceidealú ilbhliantúil comhpháirteach. [Leasú 176]

3.  Féadfar cláir ilbhliantúla tháscacha le haghaidh cláir gheografacha a athbhreithniú i gcás inar gá ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach, go háirithe nuair a bheidh athruithe substaintiúla ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 7 nó tar éis cás géarchéime nó iar-ghéarchéime. [Leasú 177]

4.  Féadfar cláir Na cláir ilbhliantúla geografacha agus théamacha, rachaidh siad in éag an 30 Meitheamh 2025 ar a dhéanaí. Faoin 30 Meitheamh 2025, déanfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla nua a ghlacadh a bheidh bunaithe ar na torthaí, fionnachtana agus conclúidí ón meastóireacht lártéarma dá dtagraítear in Airteagal 7 32.. [Leasú 178]

5.  Ar mhórchúiseanna práinne a bhfuil údar iomchuí leo, amhail géarchéimeanna nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13 den Rialachán seo le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 35(4). [Leasú 179]

Airteagal 15

An cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn

1.  An méid dá dtagraítear in Airteagal 6(3), déanfar é a úsáid inter alia i gcásanna cuí-réasúnaithe, le tosaíocht á tabhairt do na tíortha is mó atá i ngátar, agus le comhlántacht agus comhsheasmhacht iomlán leis na gníomhartha a ghlactar faoin Rialachán seo: [Leasú 180]

(a)  chun a áirithiú go bhfreagróidh an tAontas go hiomchuí i gcás riachtanais gan choinne nach bhfuil clúdaithe ag cláir ná ag doiciméid chlársceidealaithe; [Leasú 181]

(b)  chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais nua nó ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, amhail iad siúd ag teorainneacha an Aontais nó a chomharsan nó iad siúd i dtríú tíortha atá nasctha le staideanna géarchéime, bíodh sin ina ghéarchéim nádúrtha nó ina ghéarchéim de dhéantús an duine, agus iar-ghéarchéime nó brú imirce le feiniméin imirce, go háirithe easáitiú éigeantais; [Leasú 182]

(c)  chun tionscnaimh nó tosaíochtaí nua faoi stiúir an Aontais a chur chun cinn nó freagairt dóibh. [Leasú 183]

2.  Socrófar úsáid na gcistí sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 14 agus Airteagal 21.

Airteagal 15a

Cúnamh a chur ar fionraí

1.  Gan dochar do na forálacha maidir le cúnamh a chur ar fionraí a bheidh i gcomhaontuithe le tíortha agus réigiúin chomhpháirtíochta, más rud é go mainníonn tír chomhpháirtíochta go leanúnach déanamh de réir phrionsabail an daonlathais, an smachta reachta, an dea-rialachais, na hurraime do chearta an duine agus do chearta bunúsacha, nó na gcaighdeán sábháilteachta núicléiche, cumhachtófar don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 34, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh trína leasaítear Iarscríbhinn VII-a, trí thír chomhpháirtíochta a chur leis an liosta de thíortha comhpháirtíochta a bhfuil cúnamh ón Aontas curtha ar fionraí ina leith nó curtha ar fionraí go páirteach ina leith. I gcás fionraí pháirteach, sonrófar na cláir a mbeidh feidhm ag an bhfionraí maidir leo..

2.  I gcás ina bhfaigheann an Coimisiún nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt do chúnamh a chur ar fionraí, cumhachtófar dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 34, chun Iarscríbhinn VII-a leasú chun cúnamh ón Aontas a athbhunú.

3.  I gcásanna d’fhionraí pháirteach, bainfear úsáid as cúnamh ón Aontas go príomha chun tacú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe neamhstáit i ndáil le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus tacú le próisis daonlathaithe agus idirphlé i dtíortha comhpháirtíochta..

4.  I ndéanamh a chinntí dó, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 184]

Caibidil II

Forálacha sonracha maidir leis an gComharsanacht

Airteagal 15b

Cuspóirí sonracha don limistéar comharsanachta

1.  I gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4, beidh na cuspóirí seo a leanas ag gabháil leis an tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo a thabharfar sa limistéar Comharsanachta:

(a)  feabhas a chur ar chomhar agus úinéireacht pholaitiúil Bheartas Comharsanachta na hEorpa ag an Aontas agus ag a thíortha comhpháirtíochta;

(b)  tacú le comhaontuithe comhlachais, nó comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus cláir oibre chomhlachais agus tosaíochtaí comhpháirtíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha a chur chun feidhme;

(c)  daonlathas, forbairt stáit, dea-rialachas, an smacht reachta agus cearta an duine a neartú agus a chomhdhlúthú, chomh maith le cur chun cinn a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí chun athchóirithe atá comhaontaithe i bhformáidí frithpháirteacha a chur chun feidhme;

(d)  an chomharsanacht a chobhsú ó thaobh polaitíochta, eacnamaíochta agus slándála de;

(e)  comhar réigiúnach a fheabhsú, go háirithe faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Aontais don Réigiún Meánmhuirí, agus comhoibriú ar fud limistéar na Comharsanachta Eorpaí mar aon le comhar trasteorann;

(f)  cur chun cinn a dhéanamh ar chothú muiníne, dea-chaidreamh comharsanúil agus bearta eile a rannchuidíonn leis an tslándáil faoin uile chló agus ar chosc agus réiteach coinbhleachtaí, lena n-áirítear coinbhleachtaí atá ar siúl le fada, ar thacaíocht a thabhairt do phobail a bhfuil na coinbhleachtaí ag cur isteach orthu agus don atógáil, agus ar urraim don iltaobhachas agus don dlí idirnáisiúnta;

(g)  comhpháirtíocht neartaithe le sochaithe a chur chun cinn idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear soghluaisteacht fheabhsaithe agus teagmháil idir daoine, go háirithe i dtaca le gníomhaíochtaí cultúrtha, oideachasúla, gairmiúla agus spóirt;

(h)  borradh a chur faoin gcomhar a mhéid a bhaineann le himirce rialta agus le himirce neamhrialta;

(i)  lánpháirtiú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais a bhaint amach mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála, lena n-áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena n-áirítear trí limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, trí fhorbairt institiúidí gaolmhara agus trí infheistíochtaí;

(j)  tacú le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta atá inbhuanaithe, cuimsitheach agus tairbheach ar bhonn sóisialta do chách trí chruthú post agus infhostaitheacht a chur chun cinn, go háirithe do dhaoine óga;

(k)  rannchuidiú le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras trí chomhar a neartú maidir le slándáil fuinnimh agus trí chuspóirí le haghaidh fuinneamh inathnuaite, fuinneamh inbhuanaithe agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn;

(l)  spreagadh a thabhairt i dtaobh creata téamacha a bhunú le tíortha comharsanacha de chuid na dtíortha comhpháirtíochta comharsanacha chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá i gcoiteann acu, amhail imirce, fuinneamh, slándáil agus sláinte. [Leasú 185]

Airteagal 16

Doiciméid chlársceidealaithe agus critéir leithdháilte

1.  I gcás tíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I, is as na limistéir atá luaite i ndoiciméid dá dtagraítear in Airteagal 12(3)(c), i gcomhréir le limistéir chomhair an limistéir Comharsanachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a roghnófar na limistéir thosaíochta i leith cistiú ón Aontas den chuid is mó.

2.  De mhaolú ar Airteagal 11(2), tabharfar tacaíocht ón Aontas faoi chláir gheografacha sa limistéar Comharsanachta a i bhfoirmeacha agus suimeanna éagsúla, agus na heilimintí seo a leanas a chur san áireamh lena léirítear, i gcás na tíre comhpháirtíochta:

(a)  a riachtanais, amhail daonra agus an leibhéal forbartha;

(b)  a tiomantas agus dul chun cinn i leith cuspóirí polaitiúla, eacnamaíocha, comhshaoil agus athchóirithe sóisialta atá comhaontaithe go comhpháirteach a chur chun feidhme; [Leasú 186]

(c)  a tiomantas agus dul chun cinn i leith daonlathas domhain agus inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear cearta an duine, dea-rialachas, cloí leis an smacht reachta agus an comhrac in aghaidh an éillithe a chur chun cinn; [Leasú 187]

(ca)  a tiomantas i leith an iltaobhachais; [Leasú 188]

(d)  a comhpháirtíocht leis an Aontas, lena n‑áirítear leibhéal uaillmhéine na comhpháirtíochta sin;

(e)  a hacmhainn ionsúcháin agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an tacaíocht ón Aontas faoin Rialachán seo uirthi.

3.  Léireofar an tacaíocht dá dtagraítear i mír 2 sna doiciméid ilbhliantúla chlársceidealaithe dá dtagraítear in Airteagal 12.

3a.  Maidir le tacaíocht ón Aontas do thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I, déanfar é a chur i bhfeidhm i gcomhlíonadh an phrionsabail cómhaoiniúcháin a leagtar amach in Airteagal 190 den Rialachán Airgeadais. [Leasú 189]

Airteagal 17

Cur chuige ar bhonn feidhmíochta

1.  Go táscach, déanfar I gcás 10 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais a leagtar amach in Airteagal 4(2)(a) 6(2)(a) an chéad fhleasc, chun na leithdháiltí tíre dá dtagraítear in Airteagal 12 a fhorlíonadh, déanfar é a leithdháileadh ar thíortha comhpháirtíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I chun an cur chuige ar bhonn feidhmíochta a chur chun feidhme i bhfeidhm. Déanfar na leithdháiltí ar bhonn feidhmíochta a chinneadh de réir a ndul chun cinn i dtreo an daonlathais, chearta an duine, an smachta reachta, an dea-rialachais, an chomhair i leith imirce shábháilte, rianúil agus rialta, an rialachais eacnamaíoch agus chur chun feidhme na n-athchóirithe atá comhaontaithe. Déanfar dul chun cinn tíortha comhpháirtíochta a mheasúnú go bliantúil, mar aon le bainteacht ghníomhach na sochaí sibhialta, go háirithe trí bhíthin tuarascála ar dhul chun cinn de réir tíre ina n-áirítear treochtaí i gcomparáid le blianta roimhe sin. [Leasú 190]

1a.  Maidir le cur i bhfeidhm an chur chuige feidhmíocht-bhunaithe faoin Rialachán seo, beidh sé faoi réir malartuithe tráthrialta tuairimí i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. [Leasú 191]

2.  Ní bheidh feidhm ag an gcur chuige ar bhonn feidhmíochta maidir le tacaíocht don tsochaí shibhialta, teagmhálacha duine le duine, lena n‑áirítear comhar idir na h-údaráis áitiúla, tacaíocht chun feabhas a chur ar chearta an duine ná bearta tacaíochta a bhaineann le géarchéim. I gcás meath tromchúiseach nó leantach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta, féadfar déanfar an tacaíocht do na gníomhaíochtaí sin a mhéadú, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 192]

2a.  Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS athbhreithniú ar an tacaíocht fheidhmíocht-bhunaithe i gcás ina dtiocfaidh meath tromchúiseach nó leantach ar an daonlathas, ar chearta an duine nó ar an smacht reachta. [Leasú 193]

2b.  Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chreat modheolaíochta an chur chuige feidhmíocht-bhunaithe a bhunú. [Leasú 194]

Airteagal 18

Comhar trasteorann

1.  Cumhdóidh comhar trasteorann, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3), comhar ag teorannacha cóngaracha talún agus mara, comhar trasnáisiúnta thar chríocha trasnáisiúnta níos mó, comhar muirí thart ar imchuacha farraige, chomh maith le comhar idir-réigiúnach. Beidh sé mar aidhm sa chomhar trasteorann a bheith comhleanúnach le cuspóirí na straitéisí macra-réigiúnacha agus na bpróiseas lánpháirtithe réigiúnacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo. [Leasú 195]

2.  Ranníocfaidh an limistéar Comharsanachta le cláir comhair trasteorann dá dtagraítear i mír a 1, a chomhaoiníonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa faoi chuimsiú Rialacháin (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(48) (‘Rialachán CCE). Leithdáilfear 4 % den imchlúdach airgeadais go táscach don limistéar Comharsanachta chun tacaíocht a thabhairt do na cláir sin.

3.  Déanfar ranníocaíochtaí le cláir comhair trasteorann a shocrú agus a úsáid de bhun Airteagal 10(3) den Rialachán CCE.

4.  Ní bheidh ráta athmhaoiniúcháin os cionn 90 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann. Is é 100 % an ráta cómhaoiniúcháin a bheidh ann le haghaidh cúnamh teicniúil.

5.  Socrófar réamh-mhaoiniú le haghaidh cláir comhair trasteorann sa chlár oibre de réir riachtanais dtríú tíortha rannpháirteacha agus na gcríoch rannpháirteach agus féadfar é a shocrú os cionn an chéatadáin dá dtagraítear in Airteagal 49 den Rialachán CCE.

6.  Déanfar doiciméad ilbhliantúil táscach straitéise le haghaidh comhar trasteorann ina leagfar amach na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 12(2) den Rialachán seo, déanfar é a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10(1) den Rialachán CCE.

7.  I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán CCE, féadfar aon tacaíocht ón limistéar Comharsanachta don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun aon ghníomhaíocht eile faoin limistéar Comharsanachta a mhaoiniú.

Caibidil III

Pleananna gníomhaíochta, bearta agus modhanna cur chun feidhme Forghníomhú[Leasú 196]

Airteagal 19

Pleananna gníomhaíochta agus bearta

1.  Déanfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta nó bearta bliantúla nó ilbhliantúla a ghlacadh. Féadfaidh na bearta a bheith i bhfoirm bearta aonair, bearta speisialta, bearta tacaíochta nó bearta cúnaimh eisceachtúil. Sna pleananna gníomhaíochta agus sna bearta sin, sonrófar le haghaidh gach gníomhaíochta na cuspóirí atá á saothrú, na torthaí agus na príomhghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag dréim leo, na modhanna cur chun feidhme i bhfeidhm, an buiséad agus aon chaiteachais tacaíochta gaolmhara.. [Leasú 197]

2.  Beidh pleananna gníomhaíochta bunaithe ar chláir chlársceidealaithe, ach amháin i gcásanna dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.

I gcás inar gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sula nglacfar na cláir ghníomhaíochta nó tar a éis sin. Beidh bearta aonair bunaithe ar chláir chlársceidealaithe, ach amháin i gcásanna dá dtagraítear i mír 3 agus i gcásanna eile a bhfuil údar iomchuí leo.

I gcás riachtanais nó imthosca gan choinne, agus nuair nach féidir cistiú a fháil ó fhoinsí atá níos iomchuí, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 lena leagtar síos bearta speisialta nach bhforáiltear maidir leo bhfuil bunaithe ar na doiciméid clársceidealaithe. [Leasú 198]

3.  Féadfar pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus bearta aonair a úsáid chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(b) agus (c) a chur chun feidhme a fhorghníomhú. [Leasú 199]

4.  Féadfaidh an Coimisiún bearta cúnaimh eisceachtúil a ghlacadh le haghaidh bearta mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(a).

Féadfaidh beart eisceachtúil um chúnamh maireachtáil suas le 18 mí agus féadfar sé mhí sa bhreis, suas le huastréimhse iomlán 30 mí, a chur leis dhá uair i gcás bacainní oibiachtúla gan choinne ar a chur chun feidhme, ar choinníoll nach dtiocfaidh méadú ar an tsuim airgeadais a bhaineann leis an mbeart. [Leasú 200]

I gcásanna géarchéime agus coinbhleachta fada, féadfaidh an Coimisiún an dara beart eisceachtúil um chúnamh a ghlacadh de thréimhse suas le 18 mí. I gcásanna a bhfuil údar iomchuí leo féadfaidh bearta a ghlacadh i gcás inar gá gníomhaíocht an Aontais a bheith leanúnach agus nach féidir í a áirithiú le modhanna eile. [Leasú 201]

4a.  Bearta a dhéantar faoi Airteagal 19 (3) agus (4), féadfaidh ré de suas go dtí 18 mí a bheith ag gabháil leo, agus féadfar an ré sin a fhadú faoi dhó ar feadh tréimhse suas go dtí sé mhí, go dtí uastréimhse iomlán 30 mí, i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne a bheith ann don fhorghníomhú, ar choinníoll nach dtiocfaidh aon mhéadú ar an méid airgeadais a bhaineann leis an mbeart.

I gcásanna de géarchéim agus coinbhleacht atá ann le fada, féadfaidh an Coimisiún an dara beart um chúnamh eisceachtúil a ghlacadh le haghaidh ré de suas le 18 mí. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar bearta breise a ghlacadh i gcás inar bunriachtanach leanúnachas ghníomhaíocht an Aontais faoin mír seo agus nach féidir í a áirithiú ar bhealaí eile. [Leasú 202]

Airteagal 20

Bearta tacaíochta

1.  Sa mhaoiniú ón Aontas, féadfar caiteachas tacaíochta le haghaidh fhorghníomhú na hionstraime agus bhaint amach a cuspóirí a chumhdach, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, leantacha, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta atá riachtanach le haghaidh an fhorghníomhaithe sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin is gá le haghaidh an chláir agus chun na hoibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus chumarsáide, agus córais teicneolaíochta faisnéise corparáidí a bhainistiú. [Leasú 203]

2.  Nuair nach mbeidh caiteachas tacaíochta ina chuid de na pleananna gníomhaíochta ná na bearta dá dtagraítear in Airteagal 21, glacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, bearta tacaíochta. Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach faoi bhearta tacaíochta:

(a)  staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá chun gníomhaíochtaí a chlársceidealú agus a bhainistiú, lena n‑áirítear saineolaithe seachtracha a íoctar;

(b)  gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus a scaipeadh;

(c)  caiteachais a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n‑áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt mar aon le cumarsáid chorparáideach agus infheictheacht thosaíochtaí polaitiúla an Aontais.

Airteagal 21

Pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh

1.  Glacfar Déanfar pleananna gníomhaíochta agus bearta trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ghlacadh trí bhíthin cinneadh ón gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(2) Rialachán Airgeadais. [Leasú 204]

2.  Ní gá an nós imeachta dá dtagraítear i mír 1 a úsáid i gcás:

(a)  pleananna gníomhaíochta, bearta aonair agus bearta tacaíochta nach mó ná EUR 10 milliún an maoiniú ón Aontas lena n‑aghaidh;

(b)  bearta speisialta agus pleananna gníomhaíochta agus bearta a glacadh chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha a chun chun feidhme nach mó ná EUR 20 milliún an maoiniú ón Aontas lena n‑aghaidh;

(c)  ar choinníoll nach mbeidh éifeacht mhór ag na leasuithe sin ar chuspóirí an bhirt lena mbaineann.

(i)  athrú ar an modh cur chun feidhme;

(ii)  athshannadh cistí idir gníomhaíochtaí atá i gclár gníomhaíochta;

(iii)  méaduithe nó laghduithe nach mó ná 20 % den bhuiséad tosaigh agus nach mó ná EUR 10 milliún ar bhuiséad beart agus clár gníomhaíochta;

I gcás pleananna agus bearta gníomhaíochta ilbhliantúil, is infheidhme na tairseacha dá dtagraítear i mír (2)(a), (b) agus (c)(iii) ar bhonn bliantúil.

I gcás ina nglacfar iad i gcomhréir leis an mír seo, cuirfear pleananna gus bearta gníomhaíochta, cé is moite de bhearta cúnaimh eisceachtúil, agus leasuithe teicniúla in iúl faoi cheann mí amháin ó ghlacfar iad do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 35. [Leasú 205]

3.  Sula nglacfar bearta cúnaimh eisceachtúil nach mó ná EUR 20 milliún, nó sula gcuirfear síneadh leo, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoina gcineál agus faoina gcuspóirí agus faoi na suimeanna airgeadais atá beartaithe. Cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas sula ndéanfaidh sé athruithe substainteacha ar bhearta cúnaimh eisceachtúil a glacadh cheana. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa maidir le pleanáil na mbeart sin, agus maidir lena gcur i bhfeidhm ina dhiaidh sin, ar mhaithe le comhchuibheas ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais. [Leasú 206]

Cuirfidh Déanfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach faoi phleanáil na mbeart de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear na suimeanna airgeadais a mheastar a bheidh i gceist, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin nuair a bheidh athruithe suntasacha nó fadaithe á dhéanamh aige ar an gcúnamh sin. A luaithe is féidir i ndiaidh beart a ghlacadh nó a mhodhnú go substainteach, agus in aon chás laistigh d’aon mhí amháin tar éis a dhéanta, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus tabharfaidh sé forléargas ar chineál agus ar réasúnaíocht an bhirt a glacadh, a ré, a bhuiséad agus a chomhthéacs, lena n-áirítear comhlántacht an bhirt sin le cúnamh eile ón Aontas, bíodh an cúnamh sin á thabhairt cheana nó é a bheith pleanáilte. Maidir le bearta le haghaidh cúnamh eisceachtúil, tabharfaidh an Coimisiún le fios freisin cé acu a áiritheoidh sé nó nach n-áiritheoidh sé, a mhéid a áiritheoidh sé, agus cén chaoi a n-áiritheoidh sé, leanúnachas an bheartais arna fhorghníomhú tríd an gcúnamh eisceachtúil trí bhíthin cúnamh meántéarmach agus fadtéarmach faoin Rialachán seo.. [Leasú 207]

3a.  Sula ndéanfaidh sé pleananna gníomhaíochta agus bearta nach bhfuil bunaithe ar dhoiciméid chlársceidealaithe a ghlacadh de bhun Airteagal 19(2), cé is moite de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 19 (3) agus (4), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína leagan síos cad iad na cuspóirí sonracha a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo, na hionstraimí a bheidh le húsáid, na príomhghníomhaíochtaí agus leithdháiltí táscacha airgeadais na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart sin. [Leasú 208]

4.  i gcás mórchúiseanna práinne a mbeidh údar iomchuí leo, amhail tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine nó bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, féadfaidh an Coimisiún pleananna gus bearta gníomhaíochta a ghlacadh, lena n‑áirítear leasuithe ar na cláir agus na pleananna gníomhaíochta atá ann cheana, mar gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme láithreach, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(4). [Leasú 209]

5.  Déanfar scagadh iomchuí ó thaobh chearta an duine, ó thaobh gnéithe sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil, lena n-áirítear i gcás thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir leis na gníomhartha reachtacha is infheidhme de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(49) agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle(50), arb éard a bheidh iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol le haghaidh tionscadal atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe le haghaidh mór-bhonneagar nua. [Leasú 210]

Sa bhreis air sin, déanfar measúnuithe tionchair ex ante ó thaobh chearta an duine, ó taobh inscne, ó thaobh gnéithe sóisialta agus ó thaobh saothair, mar aon le hanailís ar choinbhleachtaí agus measúnú riosca. [Leasú 211]

I gcás inarb ábhartha, déanfar measúnuithe straitéiseacha ó thaobh chearta an duine, ó thaobh gnéithe sóisialta agus ó thaobh an chomhshaoil a úsáid i bhforghníomhú na gclár earnála. Áiritheofar bainteacht geallsealbhóirí leasmhara leis na measúnuithe sin mar aon le rochtain phoiblí ar thorthaí na measúnuithe sin. [Leasú 212]

Airteagal 21a

Cláir chúnaimh ó Pharlaimint na hEorpa

Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfidh sé san áireamh tuairimí Pharlaimint na hEorpa i dtaobh réimsí ina bhfuil an Pharlaimint ag rith cláir chúnaimh dá cuid féin, amhail forbairt acmhainneachta agus breathnóireacht toghcháin. [Leasú 213]

Airteagal 22

Modhanna comhair

1.  Is é an Coimisiún a chuirfidh chun feidhme maoiniú na hIonstraime seo, de réir mar a fhoráiltear san Rialachán Airgeadais, bíodh sin go díreach le toscaireachtaí de chuid an Aontais agus le gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, nó go neamhdhíreach, le haon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 62 (1) (c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar maoiniú faoin Rialachán seo a sholáthar trí bhíthin ranníocaíochtaí isteach i gcistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí a bhunaigh nó a bhainistíonn BEI, Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta nó deontóirí eile.

3.  Déanfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais agus in Airteagal 29(1) den Rialachán seo a n‑oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 155 den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh go bliantúil. Leagtar síos na hoibleagáidí tuairiscithe d’aon cheann de na heintitis sin sa chomhaontú réime airgeadais, sa chomhaontú ranníocaíochta, sa chomhaontú maidir le ráthaíocht bhuiséadach nó sa chomhaontú maoiniúcháin.

4.  Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoi na hIonstraimí a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó cómhaoiniú comhpháirteach.

5.  I gcás cómhaoiniú comhthreomhar, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon eilimintí inaitheanta agus déanann na comhpháirtithe éagsúla a chuireann cómhaoiniú ar fáil iad sin a mhaoiniú ar bhealach a fhágann gur féidir úsáid dheiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí.

6.  I gcás cómhaoiniú chomhpháirteach, déantar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a chuireann an cómhaoiniú ar fáil agus comhthiomsaítear na hacmhainní ar bhealach a fhágann nach féidir an fhoinse maoinithe a shainaithint a thuilleadh le haghaidh aon ghníomhaíochta faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht.

7.  Féadfaidh an tAontas agus a chuid comhpháirtithe a bheith ag obair i gcomhar le chéile sna caíonna seo a leanas, inter alia:

(a)  socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chistiú cúnaimh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;

(b)  bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna n‑údaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;

(c)  ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phoiblí-príobháideach a chur ar bun agus a riar lena n-áirítear tacaíocht do rannpháirtíocht leathan trí chomhlacht tríú páirtí neamhspleách as Eagraíocht den tSochaí Shibhialta a chur ar bun chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chur ar bun comhpháirtíochtaí poiblí-príobháideacha; [Leasú 214]

(d)  cláir thacaíochta le haghaidh beartais earnála, lena gcuirfidh an tAontas tacaíocht ar fáil do chlár earnála tíre comhpháirtíochta;

(e)  ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíocht na tíre i gcláir agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais a chuireann chun feidhme gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, chomh maith le comhlachtaí agus daoine ar a bhfuil sé de chúram gníomhaíochtaí sonracha a chur chun feidhme atá sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála de bhun Theideal V CAE;

(f)  fóirdheontais rátaí úis.

Airteagal 23

Cineálacha cistithe ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme i bhfeidhm [Leasú 215]

1.  Féadfar cistiú ón Aontais a chur ar fáil trí bhíthin na gcineálacha maoinithe a bheartaítear sa Rialachán Airgeadais, agus trí bhíthin an méid a leanas go háirithe:

(a)  deontais;

(b)  conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;

(c)  tacaíocht bhuiséadach;

(d)  ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais a chuir an Coimisiún ar bun, i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais;

(e)  ionstraimí airgeadais;

(f)  ráthaíochtaí buiséadacha

(g)  cumasc;

(h)  faoiseamh ó fhiachais, i gcomhthéacs clár faoisimh ó fhiachais;

(i)  cúnamh airgeadais;

(j)  Saineolaithe seachtracha a íoctar.

2.  Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí as tíortha comhpháirtíochta, beidh aird ag an gCoimisiún ar a sonraíochtaí, lena n-áirítear a riachtanais agus an comhthéacs is ábhartha, nuair a bheidh na modúlachtaí airgeadais, an cineál ranníocaíochta, na modúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin chun deontais a bhainistiú á sainiú aige d’fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de na geallsealbhóirí sin agus freagairt dóibh ar an dóigh is fearr. Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh na coinníollacha faoina bhféadfaidh gach geallsealbhóir, go háirithe an tsochaí shibhialta áitiúil, a bheith rannpháirteach agus bainteach ar bhealach fónta. Ba cheart modúlachtaí sonracha a spreagadh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe tacaíochta airgeadais do thríú páirtithe, glaonna ar thairiscintí dámhachtana dírí nó atá srianta ó thaobh incháilitheachta de, cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú ráta comhréidh, chomh maithe le maoiniú nach bhfuil nasctha le costais mar a fhoráiltear dó in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Trí na modúlachtaí éagsúla sin, áiritheofar trédhearcacht, inrianaitheacht agus nuálaíocht. Déanfar comhar idir Eagraíochtaí Neamhrialtasacha áitiúla agus idirnáisiúnta a spreagadh chun acmhainneachtaí na sochaí sibhialta áitiúla a threisiú d’fhonn a ranpháirtíocht iomlán i gcláir forbartha a bhaint amach. [Leasú 216]

3.  Le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, féadfar an nós imeachta dámhachtana dírí a úsáid le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)  deontais ar luach íseal do chosantóirí chearta an duine agus do shásraí le haghaidh cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol, chun gníomhaíochtaí práinneacha cosanta a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí gan gá a bheith le cómhaoiniú, agus d’eadránaithe agus do ghníomhaithe eile den tsochaí shibhialta a bhfuil lámh acu in idirphlé i dtaca le staideanna géarchéime agus le coinbhleacht armtha, i réiteach coinbhleachtaí, in athmhuintearas agus i gcothú na síochána; [Leasú 217]

(b)  deontais, i gcás inarb iomchuí gan gá a bheith le cómhaoiniú, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi na dálaí is deacra i gcás nárbh iomchuí glao ar thograí a fhoilsiú, lena n-áirítear staideanna ina bhfuil easpa thromchúiseach saoirsí bunúsacha, bagairtí ar institiúidí daonlathacha, géarchéimeanna a bheith ag dul in olcas, coinbhleacht armtha inar mó an baol do shlándáil an duine nó ina bhfuil eagraíochtaí agus cosantóirí chearta an duine, eadránaithe agus gníomhaithe eile den tsochaí shibhialta atá bainteach le hidirphlé i dtaca le staideanna géarchéime agus le coinbhleacht armtha, le hathmhuintearas agus le cothú na síochána ag oibriú faoi na dálaí is deacra; Ní rachaidh na deontais sin thar EUR 1 000 000 agus beidh ré de suas le 18 mhí ag gabháil leo, agus féadfar an ré sin a fhadú 12 mhí eile i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne a bheith ar a gcur chun feidhme i bhfeidhm; [Leasú 218]

(c)  deontais d’Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus don Champas Domhanda, don Lárionad Idir-Ollscoileanna Eorpacha um Chearta an Duine agus um Dhaonlathú, lena soláthraítear Céim Mháistir Eorpach i gCearta an Duine agus sa Daonlathú, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina mbronntar dioplómaí iarchéime i gcearta an duine, lena n-áirítear scoláireachtaí do mhic léinn, do thaighdeoirí, do mhúinteoirí agus do chosantóirí chearta an duine ó thríú tíortha. [Leasú 219]

(ca)   Tionscadail bheaga faoi mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 23a. [Leasú 220]

An tacaíocht bhuiséadach dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, lena n-áirítear trí chonarthaí feidhmíochta athchóirithe earnála, beidh sí bunaithe ar úinéireacht tíre, ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar ghealltanais chomhroinnte i leith luachanna uilíocha, an daonlathais, chearta an duine, an chomhionannais inscne, an chuimsithe shóisialta agus na forbartha daonna, agus an smachta reachta, agus é mair aidhm leis an tacaíocht sin comhpháirtíochtaí conarthacha a neartú idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta. Beidh ar áireamh sa tacaíocht sin idirphlé daingnithe faoi bheartais, forbairt acmhainneachtaí agus rialachas feabhsaithe, lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe níos mó a bhailiú agus caiteachas a dhéanamh ar bhealach níos fearr chun tacú le forbairt shoch-eacnamaíoch a théann chun tairbhe do chách, le poist chuibhiúla a chruthú, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga, le laghdú na n-éagothromaíochtaí agus le deireadh a chur leis an mbochtaineacht le haird chuí ar gheilleagair áitiúla, ar chearta comhshaoil agus ar chearta sóisialta. [Leasú 221]

Aon chinneadh chun tacaíocht bhuiséadach a sholáthar, beidh sé bunaithe ar na beartais tacaíochta buiséadaí a bheidh comhaontaithe ag an Aontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí. Ar cheann de na príomhchinntithigh don chinneadh sin, beidh measúnú ar ghealltanas, ar dhea-theist agus ar dhul chun cinn na dtíortha comhpháirtíochta maidir leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta. [Leasú 222]

4.  Beidh tacaíocht bhuiséadach éagsúil chun gur féidir freagairt ar bhealach níos fearr do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

Agus an tacaíocht bhuiséadach á cur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún sainiú soiléir agus faireachán ar chritéir i dtaca le coinníollacht, lena n-áirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh, d’acmhainneachtaí iniúchta náisiúnta, do rannpháirtíocht CSO san fhaireachán agus do thrédhearcacht agus rochtain phoiblí mhéadaithe i leith faisnéise chomh maith le forbairt ar chórais láidre soláthair phoiblí a tacaíonn le forbairt eacnamaíoch áitiúil agus le gnólachtaí áitiúla. [Leasú 223]

5.  Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí a léireoidh dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí a comhaontaíodh leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

6.  Féadfaidh ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo a bheith i bhfoirmeacha amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó samhail chothromais, infheistíochtaí nó rannpháirteachais agus, in aon chás inar féidir agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha nó faoi cheannaireacht institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, agus is féidir go mbeidh siad comhthiomsaithe le foirmeacha eile tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit nó ó thríú páirtithe.

Féadfaidh Ballstáit nó aon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo.

7.  Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur chun feidhme i bhfeidhm agus tuairiscithe. [Leasú 224]

7a.   Ní dhéanfaidh an Coimisiún ná SEGS oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta. [Leasú 225]

8.  Ní ghinfidh an cistiú ón Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.

9.  Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Rialachán seo.

Airteagal  23a

Small projects funds

1.  Féadfar maoiniú faoin Rialachán seo a sholáthar do chistí do thionscadail bheaga atá dírithe ar roghnú agus cur chun feidhme tionscadal a bhfuil toirt airgeadais theoranta acu.

2.  Is eagraíochtaí den tsochaí shibhialta a bheidh sna tairbhithe ó chiste do thionscadal beag.

3.  Na faighteoirí deiridh laistigh de chiste do thionscadal beag, gheobhaidh siad tacaíocht faoin Rialachán seo, trí thairbhí, agus déanfaidh siad na tionscadail bheaga a chur chun feidhme laistigh den chiste sin do thionscadal beag (‘tionscadal beag’).

4.  I gcás nach dtéann an ranníocaíocht phoiblí chuig tionscadal beag thar EUR 50 000, beidh an ranníocaíocht sin i bhfoirm costais aonaid nó cnapshuimeanna nó beidh rátaí comhréidhe ar áireamh leo. [Leasú 226]

Airteagal 24

Daoine agus eintitis incháilithe

1.  I dtaca leis an deis a bheith páirteach i nósanna imeachta maidir le soláthar, deonú agus dámhachtain deontas le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chláir gheografacha agus faoi Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta agus cláir um Dhúshláin Dhomhanda, beidh an deis sin ag gach eagraíochtaí idirnáisiúnta uile agus ag gach eintitis dhlíthiúla eile ar náisiúnaigh iad agus, i gcás daoine dlítheanacha, atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha nó sna críocha seo a leanas:

(a)  na Ballstáit, tairbhithe Rialachán IPA III, agus páirtithe conarthacha sa Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)  tíortha Comharsanachta comhpháirtíochta agus Cónaidhm na Rúise i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs na gclár dá dtagraítear in Iarscríbhinn I ina mbeidh siad páirteach;

(c)  tíortha agus críocha i mbéal forbartha, atá sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil arna fhoilsiú ag Coiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta nach comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha thar lear mar a shainmhínítear i gCinneadh …/… (AE) ón gComhairle;

(d)  tíortha i mbéal forbartha a atá sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil, ar comhaltaí iad de ghrúpa G-20, agus tíortha agus críocha eile, i gcás ina mbeidh an nós imeachta ábhartha ar siúl i gcomhthéacs gníomhaíocht a mhaoiníonn an tAontas faoin Rialachán seo ina mbeidh siad páirteach;

(e)  tíortha a mbeidh rochtain chómhalartach ar mhaoiniú seachtrach curtha ar bun ag an gCoimisiún lena n‑aghaidh. Féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse theoranta aon bhliana amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach agus lena fhad a mhairfidh sí tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann;

(f)  tíortha is comhaltaí den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, i gcás conarthaí a chuirfear chun feidhme chuirtear i bhfeidhm i dTír is Lú Forbartha nó i dTír Bhocht ag a bhfuil Fiachais Ollmhóra, de réir mar a áirítear sa liosta d’fhaighteoirí Cúnaimh Forbartha Oifigiúil. [Leasú 227]

2.  Gan dochar do theorainneacha ar gné dhílis iad de chineál agus de chuspóirí na gníomhaíochta beidh rannpháirtíocht i ndámhachtain conarthaí nó deontas soláthair le haghaidh gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoi chláir um Chearta an Duine agus um Dhaonlathas agus Cobhsaíocht agus Síocháin chomh maith le gníomhaíochtaí mearfhreagartha, beidh an rannpháirtíocht sin ar oscailt gan teorainneacha.

3.  Aon soláthairtí nó ábhair a mhaoineofar faoin Rialachán seo, féadfaidh siad a bheith de thionscnamh aon tíre.

4.  Ní infheidhme na rialacha a leagtar síos san Airteagal seo maidir le daoine nádúrtha atá fostaithe nó atá ar conradh go dleathach ar bhealach eile ag conraitheoir incháilithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag fochonraitheoir incháilithe, agus ní chruthófar leis na rialacha srianta náisiúntachta le haghaidh na ndaoine nádúrtha sin.

5.  I gcás gníomhaíochtaí a chómhaoineoidh eintiteas go comhpháirteach nó a chuirfear chun feidhme chuirtear i bhfeidhm faoi bhainistíocht dhíreach nó neamhdhíreach amhail dá dtagraítear i bpointe (c) (ii) go (viii) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais, beidh feidhm ag rialacha incháilitheachta na n-eintiteas sin. [Leasú 228]

6.  I gcás ina soláthróidh deontóirí maoiniú do chiste iontaobhais arna bhunú ag an gCoimisiún nó le hioncaim sheachtracha ainmnithe, is infheidhme na rialacha incháilitheachta i ngníomhaíocht bunaithe an chiste iontaobhais nó sa chomhaontú leis an deontóir i gcás ioncaim sheachtracha ainmnithe.

7.  I gcás gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin Rialachán seo agus le clár eile de chuid an Aontais, má bhíonn eintitis incháilithe faoi aon cheann de na cláir sin, measfar go bhfuil sé incháilithe.

8.  I gcás gníomhaíochtaí iltíortha, féadfar a mheas go bhfuil eintitis dhlíthiúla ar náisiúnaigh iad agus, i gcás eintitis atá lonnaithe go bunúsach sna tíortha agus sna críocha a chumhdaíonn an gníomhaíocht, féadfar a mheas go bhfuil siad incháilithe.

9.  Féadfar rialacha incháilitheachta an Airteagail seo a shrianadh de réir náisiúntacht, shuíomh geografach nó chineál na n‑iarratasóirí, i gcás ina gceanglófar na srianta sin de bharr chineál sonrach agus chuspóirí na gníomhaíochta agus inar gá iad chun í a chur chun feidhme i bhfeidhm go héifeachtach. Ní bheidh feidhm ag srianta náisiúntachta maidir le heagraíochtaí idirnáisiúnta. [Leasú 229]

10.  Féadfar glacadh le táirgeoirí, le hiarratasóirí agus le hiarrthóirí ó thíortha neamh-incháilithe i gcás práinne nó i gcás nach mbeidh seirbhísí ar fáil i margaí na dtíortha nó na gcríoch lena mbaineann, nó i gcásanna eile a mbeidh bonn cirt iomchuí leo ina ndéanfadh cur i bhfeidhm na rialacha incháilitheachta réadú tionscadail, cláir nó gníomhaíochta dodhéanta nó thar a bheith deacair.

11.  Chun acmhainneachtaí, margaí agus ceannacháin áitiúla a chur chun cinn, tabharfar tosaíocht do chonraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha, ach fós aird á tabhairt ar a ndea-theist in inbhuanaitheacht chomhshaoil nó i dtrádáil chóir, nuair a fhoráiltear leis an Rialachán Airgeadais do dhámhachtain ar bhonn tairisceana aonair. I ngach cás eile, déanfar rannpháirtíocht conraitheoirí áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn i gcomhréir le forálacha ábhartha an Rialacháin sin. Sna cásanna uile, déanfar critéir inbhuanaitheachta agus díchill chuí a fheidhmiú. [Leasú 230]

12.  Faoin gclár um Dhaonlathas agus Cearta an Duine, beidh aon eintiteas nach mbeidh cumhdaithe faoin sainmhíniú ar eintiteas dlíthiúil in Airteagal 2(6) incháilithe nuair is gá sin chun réimsí idirghabhála an chláir sin a shaothrú.

12a.  Ní thabharfar aon tacaíocht ón Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta do ghníomhaíochtaí atá, de réir an scagtha ó thaobh an chomhshaoil de dá dtagraítear in Airteagal 21, ina gcúis díobhála don chomhshaoil nó don aeráid. Beidh na leithdháiltí go hiomlán i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus ar an iomlán beidh maoiniú Eorpach a bheidh tiomnaithe do ghníomhaíocht sheachtrach ag rannchuidiú le cuspóirí fadtéarmacha chomhaontú Pháras. Go háirithe, ní tabharfar aon tacaíocht ón ionstraim do na nithe seo a leanas:

(a)  gníomhaíochtaí nach bhfuil ar comhréir le Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta atá ag na tíortha is faighteoirí faoi Chomhaontú Pháras;

(b)  infheistíocht i mbreoslaí iontaise ag na céimeanna réamhtheachtacha, meánteachtacha agus iartheachtacha. [Leasú 231]

Airteagal 25

Cistí a thabhairt anonn, tráthchodanna, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, aisíocaíochtaí agus ioncam a ghineann ionstraimí airgeadais

1.  Le cois Airteagal 12(2) den Rialachán Airgeadais, ní dhéanfar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí nár úsáideadh a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh go dtí 31 Nollaig na bliana tar a éis sin. Is é an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais tar a éis sin.

I gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le leithreasaí a tugadh anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear na méideanna atá i gceist, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 232]

2.  Le cois na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do mhéid na gealltanais shaortha a rinneadh de bharr neamh-chur chun feidhme iomláin nó pháirtigh gníomhaíochta faoin Rialachán seo, cuirfear ar fáil iad arís le leas na líne buiséid tionscnamh.

Tuigfear, chun críche an Rialacháin seo, go bhfuil tagairt don Rialachán seo sna tagairtí d’Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais in Airteagal 12(1)(b) lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil.

3.  Féadfar gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta i gcomhréir le hAirteagal 112(2)den Rialachán Airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí ilbhliantúla sin. Mura bhforálfar maidir lena mhalairt sna rialacha is infheidhme, maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do ghníomhaíocht nár úsáideadh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, chun críche réamh-mhaoiniúcháin nó chun íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nár thíolaic an t‑eintiteas ar cuireadh de chúram air aon ráiteas deimhnithe caiteachais nó aon iarraidh ar íocaíocht, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a tharraingt siar.

Beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir le tráthchodanna bliantúla freisin.

4.  De mhaolú ar Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí agus ioncaim a ghin ionstraim airgeadais a shannadh don líne bhuiséid thionscnaimh mar ioncam inmheánach sannta tar éis costais agus táillí bainistíochta a bhaint astu. Gach cúig bliana, breathnóidh an Coimisiún ar an méid atá déanta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtaí atá na hionstraimí airgeadais atá ann faoi láthair.

Caibidil IV

CEFI+, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais do thríú tíortha

Airteagal 26

Raon feidhme agus maoiniú

1.  Is as an imchlúdach airgeadais dá dtagraítear in Airteagal (6)(2)(a) a mhaoineofar Déanfar an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a mhaoiniú trí na himchlúdaigh airgeadais i gcomhair cláir gheografacha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 6(2) (a), agus fós áiritheofar nach mbeidh an maoiniú sin ina chinntitheach i gcomhair gníomhaíochtaí eile a fhaigheann tacaíocht faoi chláir gheografacha. [Leasú 233]

Is é an cuspóir a bheidh le CEFI+ mar phacáiste airgeadais comhtháite lena soláthraítear acmhainneacht airgeadais leis na modhanna cur chun feidhme a chuirtear ar bun le i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais eile faoi mar a leagtar amach in Airteagal 23(1), ná tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí agus an rochtain ar mhaoiniú a mhéadú, agus fós an leas is fearr a bhaint as breisíocht, táirgí nuálacha a sheachadadh agus plódú isteach i gcás na hearnála phríobháidí, chun forbairt eacnamaíoch, comhshaoil agus shóisialta atá inbhuanaithe agus cuimsitheach, tionsclú agus timpeallacht infheistíochta chobhsaí a chothú, ar mhaithe le hathléimneacht shocheacnamaíoch agus comhshaoil i dtíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn le fócas ar leith ar dheireadh a chur leis an mbochtaineacht, ar fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach, ar oiriúnú don athrú aeráide agus é a mhaolú, ar chosaint agus bainistiú comhshaoil, ar chruthú post cuibhiúil de réir chaighdeáin ábhartha ILO, go háirithe do ghrúpaí soghonta, lena n-áirítear mná agus daoine óga, ar dheiseanna eacnamaíocha, scileanna agus fiontraíocht, ar earnálacha socheacnamaíocha, le fócas ar fhiontair agus comharchumainn shóisialta ag féachaint dá gcumas an bhochtaineacht ar laghdú, ar éagothromaíochtaí, ar chearta an duine agus slite beatha a chur chun cinn, ar thacaíocht a thabhairt do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide mar aon le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha socheacnamaíocha atá leis an imirce neamhrialta agus le heasáitiú éigeantais, agus ar rannchuidiú le himircigh a fhilleann a ath-imeascadh ar mhodh inbhuanaithe ina dtíortha tionscnaimh, i gcomhréir leis na doiciméid clársceidealaithe tháscacha ábhartha. Déanfar 45 % den mhaoiniú a leithdháileadh chuig infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide, bainistiú agus cosaint chomhshaoil, bithéagsúlacht agus comhrac an fhairsingithe fásaigh, a mbeidh 30% den imchlúdach airgeadais foriomlán á thiomnú do mhaolú agus oiriúnú don athrú aeráide. Tabharfar aird ar leith, agus tacaíocht bhreise le haghaidh forbairt acmhainneachta institiúidí, rialachas eacnamaíoch agus cúnamh teicniúil, ar thíortha ar sainaithníodh go bhfuil siad i ngleic le leochaileacht nó coimhlint, ar na Tíortha is Lú Forbairt agus ar thíortha bochta ag a bhfuil fiachais ollmhóra. Déanfar an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a úsáid sa bhreis ar infheistíocht an rialtais i seirbhisí poiblí bunriachtanacha, ach go bhfanfaidh na seirbhísí sin mar freagracht de chuid an rialtais i gcónaí. [Leasú 234]

2.  Leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tabharfar tacaíocht d’oibríochtaí de chuid CEFI+ atá cumhdaithe ag ráthaíochtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 27, Airteagal 28 agus Airteagal 29 den Rialachán seo, do chúnamh miocrairgeadais agus d’iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS.

3.  Faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, féadfaidh an tAontas oibríochtaí a ráthú a síníodh idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027 suas le EUR 60 000 000 000. Déanfar an uasteorainn sin a athbhreithniú i gcomhthéacs an tuarascála meastóireachta lártéarma de bhun Airteagal 32.[Leasú 235]

4.  Beidh an ráta soláthair idir 9 % agus 50 % de réir chineál na n‑oibríochtaí. Déanfar uasmhéid de EUR 10 billiún a sholáthar ó bhuiséad AE trí líne bhuiséid shonrach faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil nó trí aistriú buiséid. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an t-uasmhéid sin a leasú más gá sin. [Leasú 236]

Is é 9 % a bheidh i ráta soláthair na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh an chúnaimh macrairgeadais ón Aontas do ráthaíochtaí buiséadacha a chumhdaíonn rioscaí ceannasach a bhaineann le hoibríochtaí iasachta.

Déanfar na rátaí soláthair a athbhreithniú gach dhá bhliain ag tosú ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 40. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun na rátaí sin, agus na méideanna airgeadais atá i gceist, a fhorlíonadh nó a leasú. [Leasú 237]

5.  Measfar gur ráthaíocht aonair sa chiste don soláthar coiteann a bhunaítear le hAirteagal 212 den Rialachán airgeadais í an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

6.  Féadfar tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta i dtíortha comhpháirtíochta sna limistéir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 4(2) le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Maoineofar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha as buiséad na gclár geografach ábhartha a bhunaítear le hAirteagal 6(2)(a) agus aistreofar é isteach sa chiste do sholáthar coiteann. Maidir le dáileadh geografach oibríochtaí CEFI+, beidh siad freisin, a mhéid is féidir, ina léiriú ar ualú coibhneasta na leithdháiltí airgeadais do na réigiúin éagsúla a bhfuil cuntas orthu i bpointe (a) d’Airteagal 6(2). Féadfar freisin, le CEFI+ agus leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, tacaíocht a thabhairt d’oibríochtaí i dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán IPA III. An cistiú do na hoibríochtaí sin faoi CEFI+ agus do sholáthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, déanfar é a mhaoiniú as Rialachán IPA. Déanfar soláthar na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh iasachtaí do thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán EINS a mhaoiniú as Rialachán EINS. [Leasú 238]

7.  Déanfar an soláthar dá dtagraítear in Airteagal 211(2) den Rialachán Airgeadais a shocrú ar bhonn dliteanais iomlána an Aontais a tháinig as gach oibríocht, lena n‑áirítear oibríochtaí a síníodh roimh 2021 agus a ráthaigh an tAontas. Féadfar méid bliantúil an tsoláthair is gá a bhailiú le linn tréimhse suas le seacht mbliana.

8.  Déanfar comhardú na sócmhainní faoi 31 Nollaig 2020 i gCiste Ráthaíochta CEFI agus sa chiste Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a bhunaítear le Rialachán AE 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Rialachán (CE, Eurotom) Uimh. 480/2009 faoi seach, déanfar é a aistriú isteach sa chiste do sholáthar coiteann chun a chuid oibríochtaí féin a sholáthar sa ráthaíocht aonair chéanna dá bhforáiltear i mír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 26a

Cuspóirí CEFI +

1.  Is é an cuspóir a bheidh ag oibríochtaí CEFI+ atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ná rannchuidiú leis na réimsí tosaíochta seo a leanas:

(a)  maoiniú agus tacaíocht a sholáthar d’fhorbairt na hearnála príobháidí, comharchumann agus sóisialta chun rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe ina gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil agus fócas ar leith ar dhíothú na bochtaineachta agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus ar na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán IPA III;

(b)  aghaidh a thabhairt ar scrogaill in infheistíochtaí príobháideacha, go háirithe trí shlándáil dhlíthiúil infheistíochtaí a áirithiú;

(c)  maoiniú na hearnála príobháidí a ghiaráil, le fócas ar leith ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide;

(d)  earnálacha agus réimsí socheacnamaíocha, mar aon leis an mbonneagar gaolmhar poiblí agus príobháideach agus lúdracht inbhuanaithe agus táirgeadh inbhuanaithe, a neartú agus é mar chuspóir leis sin forbairt shocheacnamaíoch atá cuimsitheach agus inbhuanaithe a chur chun cinn ina dtugtar urraim do chearta an duine agus don chomhshaol;

(e)  rannchuidiú leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus le cosaint agus bainistiú an chomhshaoil;

(f)  trí fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna sonracha na himirce, lena n-áirítear imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantais, agus rannchuidiú le himirce agus soghluaisteacht atá sábháilte, rianúil agus rialta. [Leasú 239]

Airteagal 27

Incháilitheacht agus roghnú oibríochtaí agus contrapháirtithe

1.  Na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, beidh siad comhsheasmhach agus ailínithe le beartais an Aontais, go háirithe a bheartas forbraíochta agus Beartas Comharsanachta na hEorpa, agus freisin le straitéisí agus beartais na dtíortha comhpháirtíochta agus tabharfaidh siad aghaidh ar aon chliseadh sa mhargadh áitiúil nó ar oibríochtaí infheistíochta fo-optamacha gan dul in iomaíocht ar bhealach míchothrom le gníomhaithe eacnamaíocha áitiúla. Go háirithe tabharfaidh siad tacaíocht do chuspóirí, prionsabail ginearálta agus creat beartais an Rialacháin seo agus na ndoiciméad clársceidealaithe táscach ábhartha, agus aird chuí á tabhairt ar na réimsí tosaíochta a leagtar síos in Airteagal 26 a agus a bhfuil tuairisc bhreise orthu in Iarscríbhinn V. [Leasú 240]

1a.  Beidh deonú na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi réir chomhaontuithe ráthaíochta CEFI faoi seach a thabhairt i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an contrapháirtí incháilithe. [Leasú 241]

2.  Tacóidh an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta lena dtugtar aghaidh ar chlistí sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha. Beidh oibríochtaí comhlíontach freisin leis na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (a) go (d) d’Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais agus: [Leasú 242]

(-aa)   soláthróidh siad breisíocht airgeadais agus forbartha; [Leasú 243]

(-ab)   rachaidh siad faoi mheasúnú tionchair páirteachais ex ante ó thaobh chearta an duine, gnéithe sóisialta, gnéithe saothair agus an chomhshaoil de, ar measúnú é a bheidh ar fáil go poiblí, ina sainaithneofar rioscaí sna réimsí sin, agus ina dtabharfar aghaidh orthu, agus aird chuí á tabhairt ar an bprionsabal go bhfaighfí toiliú feasach go deonach agus roimh ré (FPIC) ó na pobail a ndéanann sé difear dóibh atá lonnaithe ar na tailte lena mbaineann na hinfheistíochtaí; [Leasú 244]

(a)  a áirithíonn comhlíontacht le tionscnaimh eile;

(b)  atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta agus an airgeadais de, agus aird iomhchuí á tabhairt don tacaíocht agus don chómhaoiniú is féidir a gheofar ó comhpháirtithe príobháideacha agus poiblí sa tionscnamh, agus timpeallacht agus acmhainneachtaí oibríochta sonracha tíortha ar sainaithníodh go raibh siad i ngleic le leochaileacht nó le coinbhleacht, na dTíortha is Lú Forbairt agus na dtíortha bochta bochta ag a bhfuil fiachais ollmhóra ar féidir go bhfaighidh siad téarmaí lamháltais.

(c)  beidh siad inmharthana ó thaobh na teicniúlachta de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí socheacnamaíochta de. [Leasú 245]

(ca)  spriocdhíreoidh siad ar earnálacha agus saincheisteanna i gcás ina bhfuil mainneachtainí soiléire ó thaobh an mhargaidh nó ó thaobh institiúide ann a chuireann bac ar mhaoiniú ón earnáil phríobháideach; [Leasú 246]

(cb)  beidh siad struchtúrtha ar shlí a rannchuidíonn le borradh a chur faoi fhorbairt an mhargaidh agus le hacmhainní ón earnáil phríobháideach a shlógadh i dtreo bearnaí in infheistíocht; [Leasú 247]

(cc)  díreoidh siad isteach ar thionscadail a bhfuil rioscaí níos mó ag gabháil leo thar mar a bheadh iasachtóirí príobháideacha réidh le tabhairt fúthu ar bhonn tráchtála amháin; [Leasú 248]

(cd)  ní dhéanfaidh siad aon saobhadh ar mhargaí i dtíortha agus réigiúin chomhpháirtíochta; [Leasú 249]

(ce)  déanfaidh siad uasmhéadú, i gcás inar féidir, ar chaipiteal ón earnáil phríobháideach a shlógadh; [Leasú 250]

(cf)  urramóidh siad prionsabail éifeachtacht na forbartha mar a leagtar amach i gComhpháirtíocht Busan um Chomhar Forbartha Éifeachtach agus a athdhearbhaíodh i Nairobi in 2016, lena n-áirítear úinéireacht, ailíniú, fócas ar thorthaí, trédhearcacht agus cuntasacht fhrithpháirteach, chomh maith leis an gcuspóir maidir le cabhair a neamhcheangal; [Leasú 251]

(cg)  beidh siad deartha chun na critéir le haghaidh CFO atá bunaithe ag ECFE-CCF a chomhlíonadh, agus sainiúlachtaí fhorbairt na hearnála príobháidí á gcur san áireamh, cé is moite d’oibríochtaí i dtíortha tionsclaithe nach bhfuil incháilithe do CFO; [Leasú 252]

(ch)  cuirtear i bhfeidhm iad agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus do threoirlínte, prionsabail agus coinbhinsiúin atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Prionsabail Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (EBT) na Náisiún Aontaithe um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bia, agus coinbhinsiúin agus caighdeáin de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le gach cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Prionsabail Maastricht maidir le hOibleagáidí Seach-Chríochacha na Stát i réimse na gCeart Eacnamaíoch, Sóisialta agus Cultúrtha agus Treoirlínte Saorálacha EBT maidir le Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún, Iascaigh agus Foraoisí i gcomhthéacs Shlándáil Náisiúnta an tSoláthair Bhia. [Leasú 253]

3.  Úsáidfear an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun rioscaí a chumhdach i gcás na n‑ionstraimí seo a leanas:

(a)  iasachtaí, lena n‑áirítear iasachtaí san airgeadra áitiúil agus iasachtaí cúnaimh macrairgeadais;

(b)  ráthaíochtaí;

(c)  frithráthaíochtaí;

(d)  ionstraimí margaidh caipitil;

(e)  aon chineál eile cistithe nó feabhsaithe creidmheasa, árachais, agus ranníocaíochtaí cothromais nó cuasachothromais.

4.  Na contrapháirtithe a sainaithnítear in Airteagal 208(4) den Rialachán Airgeadais, lena n-áirítear na contrapháirtithe as tríú tíortha a ranníocann leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, is iad sin na contrapháirtithe incháilithe chon críocha na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, faoi réir fhormheas an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo mar aon le tuairim ó mbord straitéiseach. Sa bhreis air sin, agus de mhaolú ar Airteagal 62(2)(c) den Rialachán Airgeadais, beidh comhlachtaí a rialáiltear le dlí príobháideach Ballstáit nó tríú tír agus a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 28 agus a chruthaigh go leormhaith go bhfuil an acmhainneacht airgeadais is gá acu incháilithe chun críocha na Ráthaíochta. [Leasú 254]

4a.  Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, inter alia:

(a)  beidh sé páirteach, in éineacht le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha eile, i mbainistiú rioscaí CEFI+, agus aird chuí á tabhairt ar an ngá chun coinbhleachtaí leasa féideartha a sheachaint;

(b)  déanfaidh sé cur chun feidhme eisiach ar chuid den ionú infheistíochta a chlúdaíonn iasachtú ceannasach a bhfuil EUR 1 000 000 000 ar a laghad le soláthar di ó imchlúdaigh airgeadais na gclár geografach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar amach i gCaibidlí 1 agus 3 den teideal seo;

(c)  beidh sé ina chontrapháirtí incháilithe de ghníomhaíochtaí cur chun feidhme faoi ionuithe infheistíochta eile. [Leasú 255]

5.  Cloífidh contrapháirtithe incháilithe leis na rialacha agus leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 62(2)(c) den Rialachán Airgeadais. I gcás comhlachtaí a rialaítear leis an dlí príobháideach i mBallstát nó i dtríú tír agus a ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, tabharfar tús áite do na comhlachtaí sin díobh a nochtann faisnéis a bhaineann le critéir chomhshaoil, shóisialta, cánach agus rialachais chorparáidigh.. [Leasú 256]

Áiritheoidh an Coimisiún úsáid éifeachtach, éifeachtúil agus chóir acmhainní idir contrapháirtithe incháilithe, agus comhar eatarthu á chur chun cinn aige.

Áiritheoidh an Coimisiún cóir chothrom agus rochtain chomhionann chuig an maoiniú do na contrapháirtithe incháilithe uile agus áiritheoidh sé go seachnófar coinbhleachtaí leasa le linn thréimhse chur chun feidhme i bhfeidhm CEFI+. Chun comhlántacht a áirithiú, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha a iarraidh ó chontrapháirtithe incháilithe faoi na hoibríochtaí a dhéanann siad nach dtagann faoi CEFI+. [Leasú 257]

5a.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle cuireadh a thabhairt do chontrapháirtithe incháilithe, do CSOnna agus do phobail áitiúla malartú tuairimí a dhéanamh maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo.. [Leasú 258]

6.  Roghnóidh an Coimisiún na contrapháirtithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 154 den Rialachán Airgeadais, agus na nithe seo a leanas á gcur san áireamh aige:

(a)  comhairle agus treoir na mbord oibríochta straitéisí agus réigiúnaí, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI;

(b)  cuspóirí na fuinneoige infheistíochta;

(c)  taithí agus acmhainneacht bainistithe riosca an chontrapháirtí incháilithe;

(d)  an méid dá acmhainní dílse chomh maith le cómhaoiniú ón earnáil phríobháideach atá an contrapháirtí incháilithe réidh le cur in úsáid don fhuinneog infheistíochta.

(da)   prionsabail na nósanna imeachta tairisceana atá cothrom agus oscailte. [Leasú 259]

7.  Cuirfidh an Coimisiún fuinneoga infheistíochta ar bun do réigiúin, do thíortha comhpháirtíochta sonracha nó don dá cheann díobh sin, atá le maoiniú leis an Rialachán seo atá le cumhdach leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha suas le méid seasta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi conas a chomhlíonann na fuinneoga infheistíochta leis an Airteagal seo agus tabharfaidh sé miontuairisc di ar a dtosaíochtaí. Is faoi bhráid an Choimisiúin a chuirfear gach iarraidh ar thacaíocht airgeadais laistigh d’fhuinneoga infheistíochta.

Tabharfar údar iomchuí do rogha na bhfuinneog infheistíochta le hanailís ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha. Déanfaidh an Coimisiún an anailís sin i gcomhar le contrapháirtithe nó le páirtithe leasmhara a d’fhéadfadh a bheith incháilithe.

Féadfaidh contrapháirtithe incháilithe na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil faoi fhuinneog infheistíochta nó i dtionscadail aonair arna riar ag contrapháirtí incháilithe. Féadfar na hionstraimí a chur ar fáil ar mhaithe le tíortha comhpháirtíochta, lena n‑áirítear tíortha atá i ngleic le leochaileach nó coinbhleacht nó tíortha a bhfuil dúshláin rompu ó thaobh atógáil agus téarnamh iarchoinbhleachta, agus chun cuidiú le hinstitiúidí na dtíortha comhpháirtíochta sin, lena n‑áirítear a mbainc phoiblí náisiúnta agus phríobháideacha áitiúla agus a n‑institiúidí poiblí náisiúnta agus príobháideacha áitiúla airgeadais, mar aon le heintitis in earnáil phríobháideach na dtíortha comhpháirtíochta sin. [Leasú 260]

8.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i dtaca leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, ag tarraingt, i gcás inar féidir é, ar na córais atá ag na contrapháirtithe incháilithe cheana chun torthaí a thomhas. Bunóidh an Coimisiún scórchlár de tháscairí le bheith mar threoir do roghnú na dtionscadal. Déanfaidh na comhpháirtithe cur chun feidhme an scórchlár a chomhlánú le haghaidh na n-oibríochtaí uile faoi CEFI+. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na hoibríochtaí uile a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíocht bunaithe ar na critéir incháilitheachta a liostaítear in Airteagal 27 agus bainfidh sé úsáid as an scórchlár chun seiceáil cháilíochta neamhspleách a dhéanamh ar an dícheall cuí agus ar an measúnú a rinne na comhpháirtithe cur chun feidhme ar leibhéal an tionscadail. Más gá, iarrfaidh an Coimisiún ar na comhpháirtithe cur chun feidhme soiléirithe a thabhairt nó modhnuithe a dhéanamh. Foilseoidh an Coimisiún an scórchlár do na tionscadail uile tar éis don Choimisiún agus do na comhpháirtithe cur chun feidhme úsáid na ráthaíochta a fhormheas, agus foilseoidh sé freisin torthaí gach uirlise ráthaíochta agus gach tionscadal aonair faoina mheasúnú le haghaidh gach ionú infheistíochta ar bhonn bliantúil. [Leasú 261]

9.  Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun na réimsí tosaíochta agus na hionuithe infheistíochta a thugtar in Iarscríbhinn V agus rialáil CEFI+ a fhorlíonadh nó a leasú. Nuair a bheidh forlíonadh nó leasú á dhéanamh ar ionuithe infheistíochta le haghaidh réigiúin shonracha, le haghaidh tíortha comhpháirtíochta sonracha, nó an dá cheann díobh sin, le haghaidh earnálacha sonracha, nó le haghaidh tionscadail shonracha, catagóirí sonracha na dtairbhithe deiridh, nó an dá cheann díobh sin, agus go bhfuil siad sin le maoiniú leis an Rialachán seo agus go bhfuil siad le cumhdach leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha suas le méid seasta, beidh aird chuí ag an gCoimisiún ar an gcomhairle a bheidh curtha ar fáil ag an mbord straitéiseach agus rachaidh sé i gcomhairle leis na boird oibríochtúla.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin gcaoi a gcomhlíonann na hionuithe infheistíochta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 26 a agus san Airteagal seo agus tabharfaidh sé miontuairisc dóibh ar a dtosaíochtaí maoinithe. Is faoi bhráid an Choimisiúin a chuirfear gach iarraidh ar thacaíocht airgeadais laistigh de na hionuithe infheistíochta..

Maidir le rogha na n-ionuithe infheistíochta, beidh bonn cirt tugtha dóibh sin trí anailís ar chliseadh sa mhargadh nó ar staideanna infheistíochta fo-optamacha. Déanfaidh an Coimisiún an anailís sin i gcomhar le contrapháirtithe nó le geallsealbhóirí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe.

Féadfaidh contrapháirtithe incháilithe na hionstraimí dá dtagraítear i mír 3 a chur ar fáil faoi ionú infheistíochta nó i dtionscadail aonair arna riar ag contrapháirtí incháilithe. Féadfar na hionstraimí a chur ar fáil ar mhaithe le tíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear tíortha atá leochaileach nó ina bhfuil coinbhleacht nó tíortha a bhfuil dúshláin rompu ó thaobh atógáil agus téarnamh iarchoinbhleachta, agus chun tairbhe institiúidí na dtíortha comhpháirtíochta sin, lena n-áirítear a mbainc agus institiúidí airgeadais, idir cinn phoiblí náisiúnta agus cinn phríobháideacha áitiúla, mar aon le bheith chun tairbhe eintiteas in earnáil phríobháideach na dtíortha comhpháirtíochta sin. I dtíortha a bhfuil leochaileacht agus coinbhleacht iontu, agus i dtíortha eile nuair atá údar cuí leis, féadfar tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí san earnáil phoiblí a bhfuil tionchar ábhartha acu ar fhorbairt na hearnála príobháidí.. [Leasú 262]

Airteagal 27a

Rialachas agus struchtúr CEFI+

1.  Beidh CEFI+ comhdhéanta d’ardáin réigiúnacha infheistíochta arna mbunú ar bhonn mhodhanna oibre, nósanna imeachta agus struchtúir na saoráidí cumaisc seachtracha atá ann cheana san Aontas, agus d’fhéadfaidís a n-oibríochtaí cumaisc agus oibríochtaí faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ a chomhcheangal.

2.  Beidh an Coimisiún freagrach as bainistiú foriomlán CEFI+ agus na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Thairis sin, ní fhéachfaidh an Coimisiún le dul i mbun oibríochtaí ginearálta baincéireachta. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta chun na caighdeáin is airde ó thaobh trédhearcachta agus cuntasacht airgeadais de a áirithiú.

3.  Maidir le bainistiú CEFI+, cuirfidh bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún, ach amháin i gcás na n-oibríochtaí a chumhdaítear le beartas an Aontais um méadú agus a mhaoinítear le IPA III, agus sa chás sin is bord straitéiseach de chuid Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar (CIBT) a chuirfidh comhairle ar an gCoimisiún. Oibreoidh an Coimisiún freisin i ndlúthchomhar le gach contrapháirtí incháilithe, a mhéid a bhaineann le bainistiú oibríochtúil na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. Chuige sin, bunófar meitheal theicniúil, a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ón gCoimisiún agus ó chontrapháirtithe incháilithe, chun an riosca agus an phraghsáil ghaolmhar a mheasúnú..

4.  Cuirfidh an bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún maidir le claoanadh straitéiseach agus tosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh infheistíochtaí de chuid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ agus rannchuideodh sé lena n-ailíniú le treoirphrionsabail agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, leis an mbeartas forbartha agus le Beartas Comharsanachta na hEorpa, chomh maith le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 agus le cuspóir CEFI+ mar a leagtar amach in Airteagal 26. Tacóidh sé freisin leis an gCoimisiún a mhéid a bhaineann le spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos i dtaca le húsáid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus déanfaidh sé faireachán ar chumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe d’ionuithe infheistíochta, agus aird ar leith á tabhairt ar thíortha a shainaithnítear go bhfuil deacrachtaí leochaileachta nó coinbhleachta acu, agus a shainaithnítear mar Thíortha is Lú Forbairt (TLFanna) agus mar thíortha bochta a bhfuil fiachais ollmhóra acu..

5.  Tacóidh an bord straitéiseach freisin leis an gcomhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas foriomlán idir na hardáin infheistíochta réigiúnacha, idir na trí cholún den Phlean Eorpach Infheistíochta, idir an Plean Eorpach Infheistíochta agus iarrachtaí eile an Aontais maidir le himirce agus maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, chomh maith le cláir eile a leagtar amach sa Rialachán seo, le hionstraimí maoinithe eile de chuid an Aontais agus le Cistí Iontaobhais.

6.  Beidh an bord straitéiseach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, ó na Ballstáit ar fad agus ón mBanc Eorpach Infheistíochta. Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do ranníocóirí, do chontrapháirtithe incháilithe, do thíortha comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus do gheallsealbhóirí eile, i gcás inarb iomchuí. Rachfar i gcomhairle leis an mbord straitéiseach sula nglacfar le haon bhreathnóir nua. Beidh an bord straitéiseach faoi chomhchathaoirleacht an Choimisiúin agus an Ardionadaí.

7.  Tiocfaidh an bord straitéiseach le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, nuair is féidir, déanfaidh sé tuairimí a ghlacadh trí chomhthoil. Féadfaidh an cathaoirleach cruinnithe breise a eagrú aon tráth nó féadfar iad a eagrú arna iarraidh sin ag aon trian de chomhaltaí an bhoird. I gcás nach féidir an chomhthoil a bhaint amach, beidh feidhm ag na cearta vótála a bheidh comhaontaithe ag an gcéad chruinniú den bhord straitéiseach agus mar a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. Tabharfar aird chuí sna cearta vótála sin ar na foinsí maoiniúcháin. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta an creat maidir le ról na mbreathnóirí. Déanfar miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe an bhoird straitéisigh a chur ar fáil don phobal tar éis a nglactha.

8.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an bhoird straitéisigh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur i bhfeidhm CEFI+. Cuirfidh bord straitéiseach CIBT tuarascáil ar fáil maidir leis an dul chun cinn a dhéanfar i gcur i bhfeidhm na hionstraime ráthaíochta don réigiún um méadú chun go mbeadh sé mar chomhlánú ar an tuairisciú thuasluaite. Déanfaidh an bord straitéiseach comhairliúchán leis na geallsealbhóirí ábhartha a eagrú go tráthrialta maidir le claonadh straitéiseach agus cur i bhfeidhm CEFI+.

9.  Bíodh agus go bhfuil an dá bhord straitéiseacha ann, ní bheidh tionchar aige sin ar an ngá a bheidh le creat bainistithe rioscaí CEFI+ aontaithe aonair a chur i bhfeidhm.

10.  Le linn thréimhse chur i bhfeidhm CEFI+, déanfaidh an bord straitéiseach, a luaithe agus is féidir, treoirlínte a ghlacadh agus a fhoilsiú ina leagfar amach conas a áiritheofar comhréireacht oibríochtaí CEFI+ leis na cuspóirí agus leis na critéir incháilitheachta a leagtar amach in Airteagail 26 a agus 27.

11.  Ina threoir straitéiseach, tabharfaidh an bord straitéiseach aird chuí ar na rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus ar na cinntí ábhartha agus ar na conclúidí ábhartha ón gComhairle..

12.  Tacóidh boird oibríochtúla na n-ardán infheistíochta réigiúnacha leis an gCoimisiún ar leibhéal an chur i bhfeidhm maidir le spriocanna infheistíochta réigiúnacha agus earnála a shainiú, mar aon le hionuithe infheistíochta réigiúnacha, earnála agus téamacha, agus ceapfaidh siad tuairimí maidir leis na hoibríochtaí cumaisc agus maidir leis an úsáid a bhainfear as an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena gcumhdaítear oibríochtaí CEFI+. [Leasú 263]

Airteagal 28

Ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha

1.  Féadfaidh Ballstáit, tríú tíortha agus tríú páirtithe eile ranníoc leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha.

De mhaolú ar an dara fomhír d’Airteagal 218(2) den Rialachán Airgeadais, féadfaidh na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach ranníoc le ráthaíochtaí nó le hairgead.

Is i bhfoirm airgid a bheidh an ranníocaíocht ó thríú tíortha cé is moite de na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach agus ó thríú páirtithe eile agus beidh an ranníocaíocht sin faoi réir tuairim ón mBord Straitéiseach agus fhormheas an Choimisiúin. [Leasú 264]

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas gan mhoill faoi na ranníocaíochtaí arna ndeimhniú.

Arna iarraidh sin do na Ballstáit, féadfar na ranníocaíochtaí arna ndéanamh acu a chur in áirithe ansin chun gníomhaíochtaí a thionscnamh i réigiúin shonracha, i dtíortha sonracha, in earnálacha sonracha nó i bhfuinneoga infheistíochta sonracha atá ann cheana. [Leasú 265]

2.  Níor bheidh ranníocaíochtaí i bhfoirm ráthaíochta os cionn 50 % de mhéid na n‑oibríochtaí dá dtagraítear in Airteagal 26(2) den Rialachán seo.

Maidir leis na ranníocaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus na páirtithe conarthacha sa Chomhaontú ar an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach i bhfoirm ráthaíochta, ní fhéadfar glao orthu chun glaonna ráthaíochta a íoc go dtí go mbeidh an cistiú as buiséad ginearálta an Aontais, agus aon ranníocaíochtaí eile airgid, úsáidte chun glaonna ráthaíochta a íoc.

Féadfar aon ranníocaíocht a úsáid chun glaonna ráthaíochta , is cuma cad dó a bhfuil sí curtha in áirithe a chumhdach. [Leasú 266]

Tabharfar comhaontú ranníocaíochta i gcrích idir an Coimisiún, ag gníomhú dó thar ceann an Aontais, agus an ranníocóir, agus beidh forálacha a bhaineann leis na coinníollacha íocaíochta, go háirithe, sa chomhaontú sin.

Airteagal 29

Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a chur chun feidhme i bhfeidhm [Leasú 267]

1.  Déanfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, Comhaontuithe maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a thabhairt i gcrích leis na contrapháirtithe incháilithe a roghnófar de bhun Airteagal 27. Beidh na comhaontuithe sin neamhchoinníollach, neamh-inchúlghairthe, ar an gcéad éileamh, agus i bhfabhar na gcontrapháirtithe a bheidh roghnaithe. Féadfar comhaontuithe a thabhairt i gcrích le cuibhreannas ina bhfuil dhá chontrapháirtí incháilithe nó níos mó.[Leasú 268]

2.  Tabharfar comhaontú maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha amháin nó níos mó i gcrích do gach fuinneog infheistíochta idir an Coimisiún agus an contrapháirtí nó na contrapháirtithe incháilithe a roghnaíodh. Sa bhreis air sin, chun freastal ar riachtanais shonracha, féadfar an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a dheonú le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin nó infheistíochta aonair.

Cuirfear gach comhaontú maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle arna iarraidh sin, agus cosaint faisnéise atá rúnda agus íogair ó thaobh na tráchtála de á cur san áireamh. [Leasú 269]

3.  Ina gcuid de chomhaontuithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha beidh, go háirithe:

(a)  rialacha mionsonraithe maidir leis an gcumhdach, leis na ceanglais, le hincháilitheacht, leis na contrapháirtithe incháilithe agus leis na nósanna imeachta;

(b)  rialacha mionsonraithe maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a sholáthar, lena n‑áirítear socruithe na Ráthaíochta maidir le cumhdach agus cumhdach sainithe na Ráthaíochta i dtaca le punanna agus le tionscadail de chineálacha sonracha ionstraimí, chomh maith le hanailís rioscaí a dhéanamh ar thionscadail agus ar phunanna tionscadail, lena n‑áirítear ar leibhéil earnálacha, réigiúnacha agus náisiúnta;

(c)  lua de spriocanna agus cuspóir an Rialacháin seo, measúnú ar riachtanais agus léiriú ar na torthaí a mheastar a bheidh ann, agus aird á tabhairt ar chur chun cinn na freagrachta sóisialta corparáidí agus ar an ngá atá le hiompar freagrach gnó a áirithiú, lena n-áirítear, go háirithe, trí na treoirlínte, na prionsabail agus na hionstraimí dlí arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta agus dá dtagraítear i bpointe (c h) d’Airteagal 27(2) a urramú; [Leasú 270]

(d)  luach saothair na ráthaíochta, a bheidh mar léiriú cruinn ar leibhéal an riosca, agus an fhéidearthacht go ndéanfar an luach saothair a fhóirdheonú go páirteach chun téarmaí níos fearr lamháltais a chur ar fáil i gcásanna ina bhfuil údar cuí leis sin, agus go háirithe i gcás tíortha a bhfuil leochaileacht agus coinbhleacht iontu, TLFanna agus tíortha a bhfuil fiachas ollmhór acu; [Leasú 271]

(e)  ceanglais maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a úsáid, lena n‑áirítear coinníollacha íocaíochta, amhail tréimhsí ama sonracha, an t‑ús a íocfar ar mhéideanna atá dlite, speansais agus costais aisghabhála agus socruithe leachtacha ar féidir go mbeidh gá leo;

(f)  nósanna imeachta maidir le héilimh, lena n‑áirítear eachtraí gníomachtúcháin agus tréimhsí feithimh ach ina mbeidh nithe eile chomh maith, agus nósanna imeachta maidir le héilimh a aisghabháil;

(g)  oibleagáidí trédhearcacha i leith faireacháin, tuairisciú agus meastóireachta; [Leasú 272]

(h)  nósanna imeachta gearáin soiléire agus inrochtana do thríú páirtithe a bhféadfadh tionchar a bheith ag cur chun feidhme i bhfeidhm tionscadal a fhaigheann tacaíocht ón Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha orthu. [Leasú 273]

4.  Formheasfaidh an contrapháirtí incháilithe oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta agus a rialacha agus a nósanna imeachta féin á leanúint aige agus i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe na Ráthaíochta do Ranníocaíochtaí Seachtracha.

5.  Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha:

(a)  i gcás ionstraimí fiachais, an phríomhshuim agus an t‑ús agus na méideanna uile atá dlite don chontrapháirtí incháilithe arna roghnú, ach nach bhfuarthas i gcomhréir le téarmaí na n‑oibríochtaí maoiniúcháin tar éis mainneachtain a bheith ann;

(b)  i gcás infheistíochtaí cothromais, na méideanna arna n‑infheistiú agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(c)  i gcás oibríochtaí eile maoiniúcháin agus infheistíochta dá dtagraítear in Airteagal 27(2), na méideanna arna n‑úsáid agus na costais chistiúcháin a bhaineann leo;

(d)  gach speansas agus gach costas aisghabhála ábhartha a bhaineann le mainneachtain, ach amháin i gcás inar asbhaineadh na speansais agus na costais sin as fáltais aisghabhála.

5a.  Agus comhaontuithe faoin Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha á dtabhairt i gcrích ag an gCoimisiún le contrapháirtithe incháilithe, tabharfaidh sé aird chuí ar na nithe seo a leanas:

(a)  comhairle agus treoir na mbord oibríochtúla straitéiseach agus réigiúnach;

(b)  cuspóirí na n-ionuithe infheistíochta;

(c)  taithí agus cumas oibríochtúil, airgeadais agus bainistithe riosca an chontrapháirtí incháilithe;

(d)  an méid dá acmhainní dílse, chomh maith le cómhaoiniú ón earnáil phríobháideach, atá an contrapháirtí incháilithe réidh le slógadh don ionú infheistíochta. [Leasú 274]

6.  Chun críocha chuntasaíocht an Choimisiúin, a thuairiscithe ar na rioscaí a chumhdaítear le Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, agus i gcomhréir le hAirteagal 209(4) den Rialachán Airgeadais, tabharfaidh na contrapháirtithe incháilithe lenar tugadh i gcrích comhaontú maidir leis an Ráthaíochtaí do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tuarascálacha airgeadais faoi bhráid an Choimisiúin agus na Cúirte Iniúchóirí gach bliain maidir leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n‑iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách agus ina mbeidh faisnéis maidir leis na nithe seo, inter alia:

(a)  an measúnú riosca ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe, lena n‑áirítear faisnéis faoi dhliteanais an Aontais arna dtomhas i gcomhréir le rialacha cuntasaíochta an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 80 den Rialachán Airgeadais agus in IPSAS.

(b)  an oibleagáid airgeadais atá gan íoc ag an Aontas a eascraíonn as oibríochtaí CEFI+ arna soláthar le haghaidh na gcontrapháirtithe incháilithe agus a n‑oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, arna miondealú de réir oibríochtaí aonair.

7.  Arna iarraidh sin orthu, soláthróidh na contrapháirtithe incháilithe don Choimisiún aon fhaisnéis bhreise is gá chun oibleagáidí an Choimisiúin a chomhlíonadh maidir leis an Rialachán seo, go háirithe i dtaca le cur chun feidhme moltaí ón measúnú tionchair ex ante i dtaobh chearta an duine, gnéithe sóisialta, gnéithe saothair agus an chomhshaoil agus i dtaca le critéir roghnúcháin eile a liostaítear in Airteagal 27.. [Leasú 275]

8.  Tuairisceoidh an Coimisiún maidir le hionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha agus cúnamh airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 241 agus Airteagal 250 den Rialachán Airgeadais. Chun na críche sin, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe an fhaisnéis is gá ar fáil go bliantúil chun gur féidir leis an gCoimisiún na hoibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi mar a leagtar amach in Airteagal 32(6 a). [Leasú 276]

8a.  Tabharfaidh an Coimisiún nó na contrapháirtithe incháilithe fógra láithreach do OLAF más rud é, ag tráth ar bith d’ullmhú, de chur chun feidhme nó de dhúnadh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Rialachán, go bhfuil forais ann i dtaobh amhras gurb ann do chalaois, éilliú, sciúradh airgid nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna airgeadais an Aontais. Soláthróidh an Coimisiún nó na contrapháirtithe incháilithe gach faisnéis is gá do OLAF chun é a chur ar a chumas imscrúdú iomlán agus críochnúil a dhéanamh.. [Leasú 277]

Airteagal 29a

Sásra casaoide agus sásaimh

I bhfianaise na gcasaoidí a d’fhéadfadh a bheith ag tríú páirtithe i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear ag pobail agus ag daoine aonair a mbeadh tionchar ag tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó CEFI+ agus ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha orthu, foilseoidh an Coimisiún agus Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh ar a suíomhanna gréasáin tagairtí díreacha do shásraí gearáin na gcontrapháirtithe ábhartha a bhfuil comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún freisin sásra casaoide lárnach AE a bhunú le haghaidh na dtionscadal uile de bhun Chaibidil IV den Rialachán seo chun an fhéidearthacht a thabhairt gearáin a fháil go díreach maidir leis an mbealach a ndéileálann na contrapháirtithe incháilithe le casaoidí. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin san áireamh i bhfianaise an chomhair a bheidh ann amach anseo leis na contrapháirtithe sin.. [Leasú 278]

Airteagal 29b

Gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí neamh-chomhoibríocha

1.  Ní thabharfar tacaíocht ón Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha le haghaidh oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta:

(a)  atá nasctha leis an earnáil mhíleata nó slándála stáit;

(b)  a thacaíonn le forbairt an fhuinnimh núicléach, cé is moite d’iasachtaí a thugtar i gcomhréir le Rialachán EINS, agus breoslaí iontaise agus a dhéanann gaibhniú carbóin na ngeilleagar agus na sochaithe a chur chun cinn tuilleadh;

(c)  a bhfuil costais shuntasacha sheachtracha comhshaoil ag gabháil leo, amhail na costais sin as a leanann díghrádú ar limistéir faoi chosaint, ar ghnáthóga chriticiúla agus ar láithreacha oidhreachta, agus nach bhfuil aon phlean don fhorbairt agus bainistíocht inbhuanaithe déanta ina leith;

(d)  a mbeadh sárú ar chearta an duine i dtíortha comhpháirtíochta mar thoradh orthu, amhail a gceart rochtana agus rialaithe ar acmhainní nádúrtha mar thalamh a choinneáil ó phobail, rannchuidiú le pobail a easáitiú faoi éigean, nó a mbeadh saothar éigeantais nó saothar leanaí i gceist leo.

2.  Ina n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe reachtaíocht an Aontais is infheidhme agus caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta agus Aontais a chomhlíonadh agus, dá bhrí sin, ní thacóidh siad le tionscadail faoin Rialachán seo a rannchuidíonn le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint cánach, calaois chánach agus imghabháil cánach. Sa bhreis air sin, ní dhéanfaidh na contrapháirtithe incháilithe oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a liostaítear faoi bheartas ábhartha an Aontais maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó nach gcomhlíonann go héifeachtach na caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta. Ní fhéadfaidh na contrapháirtithe incháilithe maolú ón bprionsabal sin ach amháin má dhéantar an tionscadal a chur chun feidhme go fisiciúil i gceann de na dlínsí sin, agus nach léir go dtiteann an oibríocht ábhartha faoi aon cheann de na catagóirí a liostaítear sa chéad fhomhír den mhír seo. Nuair a bheidh comhaontuithe á dtabhairt i gcrích le hidirghabhálaithe airgeadais, déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo a thrasuí sna comhaontuithe ábhartha agus iarrfaidh siad ar na hidirghabhálaithe airgeadais tuairisciú a dhéanamh maidir lena n-urramú.

3.  Ina oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta, déanfaidh an contrapháirtí incháilithe na prionsabail agus na caighdeáin a leagtar amach i ndlí an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críche sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoirí agus go háirithe iad sin a leagtar amach i Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus i dTreoir (AE) 2015/849. Déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe cistiú díreach agus cistiú trí idirghabhálaithe araon faoin Rialachán seo, ag brath ar fhaisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh i gcomhréir le Treoir (AE) Uimh. 2015/849 agus déanfaidh siad sonraí maidir le tuairisciú tír-ar-thír a fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 89(1) de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. [Leasú 279]

Airteagal 30

Rannpháirtíocht chaipitil i mbanc forbartha

Féadfar an t‑imchlúdach le haghaidh cláir gheografacha dá dtagraítear in Airteagal 6(2)(a) a úsáid chun ranníoc le deonú caipitil institiúidí airgeadais forbartha Eorpacha agus nstitiúidí airgeadais forbartha eile.

Caibidil V

Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht

Airteagal 31

Faireachán agus tuairisciú

-1.  Maidir le gnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, déanfar é a thomhas trí chóras faireacháin, tuairiscithe agus meastóireachta a bheidh leormhaith, trédhearcach agus cuntasach, trína ndéanfar bainteacht chuí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a áirithiú, chomh maith le feabhas a chur ar rannpháirtíocht chomhpháirtithe uile an Aontais, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, i bhfeidhmiú na gclár. [Leasú 280]

1.  Na táscairí chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn faoin Rialachán seo maidir le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 (2), tá siad leagtha amach in Iarscríbhinn VII, i gcomhréir leis na táscairí i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Úsáidfear luachanna na dtáscairí mar a bheidh siad an 1 Eanáir 2021 mar bhonn don mheasúnú ar a mhéid a baineadh amach na cuspóirí. [Leasú 281]

2.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán go tráthrialta ar a chuid gníomhaíochtaí agus athbhreithneoidh sé an dul chun cinn a bheidh déanta i leith sheachadadh na spriocanna a bhunaítear in Airteagal 3, chomh maith leis na torthaí a mbeifear ag súil lena mbaint amach, agus sa mhéid sin clúdófar aschuir agus torthaí. [Leasú 282]

An dul chun cinn i leith na dtorthaí a bhfuiltear ag dréim leo, déanfar faireachán air ar bhonn táscairí soiléire, trédhearcacha agus intomhaiste a leagtar amach in Iarscríbhinn VII agus sa chreat faireacháin agus meastóireachta arna ghlacadh de bhun mhír 9, chomh maith lena bheith i gcomhréir le forálacha fhorghníomhú buiséadach an Aontais. Fanfar i muinín líon teoranta táscairí ionas go n-éascófar tuairisciú tráthúil agus, mar íosmhéid, beidh an tuairisciú imdhealaithe de réir gnéis agus aoise.. [Leasú 283]

3.  Úsáidfear creata torthaí comhpháirteacha a bheidh i ndoiciméid chlársceidealaithe a chomhlíonfaidh na critéir a leagtar amach in Airteagal 12(4) mar bhonn le haghaidh an fhaireacháin chomhpháirtigh a dhéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit ar chur chun feidhme i bhfeidhm a dtacaíochta comhchoitinne do thír chomhpháirtíochta. [Leasú 284]

Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme i bhfeidhm agus torthaí an chláir a bhailiú go héifeachtúil, go héifeachtach agus go tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas. [Leasú 285]

4.  Scrúdóidh an Coimisiún an dul chun cinn a bheidh déanta i leith chur chun feidhme i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ó 2022 ar aghaidh, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil bhliantúil ar ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo, agus a dhéanfar trí bhíthin táscairí, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do na táscairí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, agus freisin ar fhorghníomhú buiséadach an Aontais, ar thomhas na dtorthaí a fuarthas agus ar éifeachtúlacht an Rialacháin seo. Cuirfear an tuarascáil sin faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Shóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún chomh maith. [Leasú 286]

5.  Sa tuarascáil bhliantúil beidh faisnéis a bhaineann leis an mbliain roimhe sin faoi na bearta a maoiníodh, faoi thorthaí na gcleachtaí faireacháin agus meastóireachta, faoi bhainteacht agus leibhéal comhair na gcomhpháirtithe ábhartha, agus faoi chur chun feidhme chur i bhfeidhm na ngealltanas buiséadach agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí, arna miondealú de réir tíre, réigiúin agus earnáil chomhair. Beidh inti freisin measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh ionsar na dtorthaí a rabhthas ag súil leo agus maidir le corprú na saincheisteanna trasearnála amhail a luaitear in Airteagal 8(6). Déanfar measúnú inti ar thorthaí na tacaíochta ón Aontas trí úsáid a bhaint as táscairí sonracha agus intomhaiste maidir lena ról i mbaint amach chuspóirí an Rialacháin seo. I gcás an chomhair um fhorbairt, déanfar measúnú sa tuarascáil chomh maith ar cibé ar cloíodh le prionsabail éifeachtacht na forbartha, lena n-áirítear forbairt ionstraimí nuálacha airgeadais. [Leasú 287]

6.  Sa tuarascáil bhliantúil a ullmhófar in 2021, beidh faisnéis chomhdhlúite ó thuarascálacha bliantúla a bhaineann leis an tréimhse ó 2014 go 2020 maidir leis an gcistiú ar fad a rinneadh faoi na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 39(2), lena n-áirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus beidh miondealú inti ar chaiteachas de réir tíre, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí. Léireofar sa tuarascáil na príomhcheachtanna a bheidh foghlamtha agus an obair leantach a rinneadh ar na moltaí ó na cleachtaí meastóireachta seachtracha a rinneadh sna blianta roimhe sin. Áireofar inti measúnú ar an leibhéal acmhainneachta foirne ar leibhéal na gceannáras agus ar leibhéal thoscaireachtaí an Aontais le haghaidh seachadadh na gcuspóirí uile a chlúdaítear sa Rialachán seo.. [Leasú 288]

6a.  Mar chuid den tuarascáil bhliantúil, tíolacfaidh an Coimisiún tuairisciú mionsonraithe ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus ar fheidhmíocht CEFI+ , chomh laith lena bhainistiú agus a rannchuidiú éifeachtach lena chuspóirí. Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an gcuid sin den tuarascáil bhliantúil. Beidh na heilimintí seo a leanas inti::

(a)  measúnú ar na torthaí lena rannchuidítear le cuspóir agus spriocanna CEFI+, mar a leagtar amach sa Rialachán seo;

(b)  measúnú ar na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta reatha agus a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ar leibhéil earnála, tíre agus réigiúnacha agus a mhéid atá an Rialachán seo á chomhlíonadh acu, lena n-áirítear na bearta riosca agus a dtionchar ar chobhsaíocht airgeadais agus eacnamaíoch na gcomhpháirtithe;

(c)  measúnú ar an mbreisíocht agus ar an mbreisluach, ar shlógadh acmhainní ón earnáil phríobháideach, ar an aschur measta agus iarbhír agus ar thorthaí agus tionchar na n-oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha ar bhonn comhiomlánaithe, lena n-áirítear an tionchar ar chruthú post cuibhiúil agus an cumas pá cuí maireachtála a sholáthar, ar dhíothú na bochtaineachta agus ar laghdú an neamhionannais; áireofar sa mheasúnú sin anailís inscne ar na hoibríochtaí a chumhdaítear bunaithe ar fhianaise agus sonraí miondealaithe de réir inscne, i gcás inar féidir agus anailís ar an gcineál eintiteas den earnáil phríobháideach a dtugtar tacaíocht dóibh, lena n-áirítear comharchumainn agus fiontair shóisialta;

(d)  measúnú ar chomhlíonadh na gceanglas maidir le húsáid na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus ar ghnóthú na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna mbunú le haghaidh gach togra arna thíolacadh;

(e)  measúnú ar an éifeacht ghiarála a baineadh amach leis na hoibríochtaí a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus le CEFI+;

(f)  an tsuim airgeadais a aistríodh chuig tairbhithe agus measúnú ar oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta gach contrapháirtí incháilithe ar bhonn comhiomlánaithe;

(g)  measúnú ar bhreisíocht agus ar bhreisluach oibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe agus ar an riosca comhiomlán a bhaineann leis na hoibríochtaí sin;

(h)  faisnéis mhionsonraithe maidir le glaonna ar Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, le caillteanais, le fáltais, le méideanna arna n-aisghabháil agus le haon íocaíochtaí eile arna bhfáil agus leis an riosca foriomlán neamhchosanta;

(i)  na tuarascálacha airgeadais maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta na gcontrapháirtithe incháilithe a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna n-iniúchadh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;

(j)  measúnú ar shineirgí agus ar chomhlántacht idir oibríochtaí dá gcumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha agus an dara colún agus an tríú colún de PIS bunaithe ar thuarascálacha ábhartha atá ann cheana, le haird ar leith ar an dul chun cinn maidir le dea-rialachas, lena n-áirítear sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus i gcoinne sreabha aindleathacha airgeadais, urraim do chearta an duine, an smacht reatha agus beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, chomh maith le borradh a chur faoin bhfiontraíocht, faoi thimpeallacht na ngnólachtaí áitiúla agus faoi na margaí airgeadais áitiúla;

(k)  measúnú ar phrionsabail éifeachtacht na forbartha arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a bheith á gcomhlíonadh ag oibríochtaí na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha;

(l)  measúnú ar luach saothair na ráthaíochtaí;

(m)  measúnú ar chur chun feidhme na bhforálacha a bhaineann le gníomhaíochtaí eisiata agus dlínsí neamh-chomhoibríocha. [Leasú 289]

7.  Déanfar meastachán bliantúil ar an gcaiteachas foriomlán a bhaineann leis gníomhaíocht ar son na haeráide agus leis an mbithéagsúlacht na spriocanna a leagtar síos leis an Rialachán seo ar bhonn dhoiciméid an chlársceidealaithe tháscaigh a glacadh. Beidh an cistiú a leithdháilfear faoin Rialachán seo faoi réir córas rianaithe bliantúil bunaithe ar mhodheolaíocht na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta lena n-áirítear ‘marcóirí Rio’, gan úsáid modheolaíochtaí níos cruinne a chur as an áireamh i gcás ina mbeidh siad le fáil, a bheidh comhtháite sa mhodheolaíocht reatha i leith bhainistiú feidhmíochta chláir an Aontais, chun caiteachas a bhaineann le gníomhaíocht ar son na haeráide, leis an mbithéagsúlacht agus an comhshaol, le forbairt dhaonna agus cuimsiú sóisialta, le comhionannas inscne agus le Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt, a chainníochtú ar leibhéal na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 19, agus a thaifeadfar sna meastóireachtaí agus sa tuarascáil bhliantúil. Déanfaidh an Coimisiún an meastachán a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa mar chuid den tuarascáil bhliantúil. [Leasú 290]

8.  Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi chomhar forbartha ar fáil de réir caighdeáin idirnáisiúnta aitheanta, lena n-áirítear trí chaighdeáin sin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, agus é ag úsáid an chreata le haghaidh caighdeán coiteann atá forbartha ag an Tionscnamh Trédhearcachta maidir le Cabhair Idirnáisiúnta.. [Leasú 291]

9.  Chun measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Rialacháin seo i leith ghnóthú a chuspóirí a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 34, chun Iarscríbhinn VII a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a chomhlánú i gcás ina measfar gur gá sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe lártéarma de bhun Airteagal 32, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú, a bhféadfadh táscairí feidhmíochta breise is infheidhme maidir le gach ceann de chuspóirí sonracha an Rialacháin seo a bheith ar áireamh iontu. [Leasú 292]

Airteagal 32

Athbhreithniú lártéarma agus meastóireacht [Leasú 293]

1.  Déanfar Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireacht eatramhach ar lártéarma ar chur i bhfeidhm an Rialachán seo ach a mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina chur chun feidhme, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme na hionstraime. Cumhdófar leis an tuarascáil meastóireachta lártéarma an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go 31 Nollaig 2023 agus scrúdófar ann rannchuidiú an Aontais i leith ghnóthú chuspóirí an Rialacháin seo trí bhíthin táscairí lena dtomhaistear na torthaí a seachadadh, agus aon fhionnachtana agus conclúidí i dtaca le tionchar an Rialacháin seo, lena n-áirítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus agus an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha. [Leasú 294]

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ionchur a bheith aici sa mheastóireacht sin. Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS comhairliúchán a eagrú leis na geallsealbhóirí agus tairbhithe lárnacha, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta. Beidh aird ar leith ag an gCoimisiún agus SEGS ar a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht orthu siúd is mó atá ar an imeall. [Leasú 295]

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar thionchar agus éifeachtacht a chuid gníomhaíochtaí in aghaidh an réimse idirghabhála, agus ar éifeachtacht an chlársceidealaithe, trí bhíthin meastóireachtaí seachtracha. Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS moltaí agus tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha a chur san áireamh. I gcás inarb iomchuí infheidhme úsáidfear sna meastóireachtaí prionsabail dea-chleachtais Choiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, chun a dhéanamh amach ar baineadh amach na cuspóirí agus chun moltaí a cheapadh i leith gníomhaíochtaí a fheabhsú don am atá le teacht. Sa mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar conas mar a d’fheidhmigh an tAontas i dtaobh spriocanna arna mbunú leis an Rialachán seo. [Leasú 296]

2.  I ndeireadh chur chun feidhme an Rialacháin, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún Sa tuarascáil meastóireacht deiridh ar an Rialacháin. Sa mheastóireacht féachfar ar a mhéid a chuir an tAontas le baint amach lártéarma tabharfar aghaidh freisin ar éifeachtúlacht, breisluach agus feidhmiú an struchtúir maoiniúcháin sheachtraigh shimplithe agus shruthlínithe, ar chomhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, agus ar ábharthacht leanúnach chuspóirí an Rialacháin seo, agus táscairí lena dtomhaistear na torthaí a fuarthas agus aon , ar an gcomhlántacht agus na sineirgíochtaí idir na gníomhaíochtaí a mhaoinítear, ar rannchuidiú na mbeart sin le gníomhaíocht sheachtrach chomhleanúnach de chuid an Aontais, agus ar a mhéid a bhfuil cur amach ag an bpobal i dtíortha is faighteoirí ar thacaíocht airgeadais an Aontais, i gcás inarb infheidhme, agus áireofar sa tuarascáil freisin gach a bhfuarthas sna tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 31(4). [Leasú 297]

Lena chois sin, tabharfar aghaidh ar éifeachtúlacht, ar an mbreisluach, ar dheiseanna simpliúcháin, ar chomhleanúnachas inmheánach agus seachtrach agus ar ábharthacht leanúnach chuspóirí an Rialacháin seo sa tuarascáil mheastóireachta deiridh. [Leasú 298]

Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis an tuarascáil meastóireachta lártéarma ná feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an chistithe ón Aontas. Beidh an tuarascáil sin ina bonn faisnéise do chinntithe faoi athnuachan, modhnú nó cur ar fionraí na gcineálacha gníomhaíochta a chuirfear chun feidhme faoin Rialachán.. [Leasú 299]

Sa tuarascáil mheastóireacht deiridh lártéarma freisin, beidh faisnéis chomhdhlúite as tuarascálacha bliantúla ábhartha faoi chistiú arna rialú leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ioncaim sheachtracha shannta agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus miondealú ar chaiteachas de réir tíre is faighteoir, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí, chomh maith le miondealú de réir cláir gheografaigh agus théamaigh agus de réir gníomhaíochta mearfhreagartha, lena n-áirítear cistí a rinneadh a shlógadh as an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn..[Leasú 300]

Cuirfidh an Coimisiún conclúidí na meastóireachtaí maille lena thuairimí chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig na Ballstáit tríd an gcoiste ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 35. Féadfar meastóireachtaí sonracha a phlé sa choiste sin arna iarraidh sin do na Ballstáit. Cuirfear torthaí na meastóireachtaí sin san áireamh nuair a bheidh cláir á gceapadh agus nuair a bheidh acmhainní á gcionroinnt. [Leasú 301]

Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile agus tairbhithe ábhartha uile, lena n-áirítear CSOnna, a chomhlachú sa phróiseas meastóireachta de chistiú ón Aontas a dhéanfar a sholáthar faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit agus leis na comhpháirtithe forbraíochta i ndlúthbhainteacht leis na tíortha comhpháirtíochta. [Leasú 302]

2a.  Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta lártéarma dá dtagraítear i mír 2 a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Más iomchuí, beidh tograí reachtacha ina leagtar amach leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil. [Leasú 303]

2b.  Ag deireadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach ar an Rialachán faoi na téarmaí céanna leis an meastóireacht lártéarma dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. [Leasú 304]

3.  I gcomhréir leis na forálacha tuairiscithe sonracha sa Rialachán Airgeadais agus déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2025 agus gach trí bliana tar a éis sin, meastóireacht ar úsáid agus feidhmiú na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtraí. Cuirfidh an Coimisiún a thuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Beidh tuairim ón gCúirt Iniúchóirí ag gabháil leis an tuarascáil mheastóireachta sin.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 33

Rannpháirtíocht tíre nó críche nach gcumhdaítear leis an Rialachán seo

1.  I gcásanna ina mbeidh údar iomchuí leo agus ina mbeidh an ghníomhaíocht atá le cur chun feidhme i bhfeidhm ina gníomhaíocht dhomhanda, thrasréigiúnach nó réigiúnach, féadfaidh an , cumhachtófar don Choimisiún a chinneadh. laistigh de na cláir ilbhliantúla tháscacha ábhartha nó laistigh de na cláir ghníomhaíochta ábhartha nó na bearta chun raon gníomhaíochtaí a leathnú chuig gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí tíortha agus críocha nach gcumhdaítear leis críocha a chur leo sin atá clúdaithe leis an Rialachán seo de bhun Airteagal 4 chun a áirithiú go mbeidh maoiniú ón Aontas comhleanúnach éifeachtach nó chun comhar réigiúnach nó trasréigiúnach a chothú chun críocha na ngníomhaíochtaí sin. [Leasú 305]

2.  Féadfaidh an Coimisiún leithdháileadh airgeadais sonrach a thabhairt isteach chun cuidiú le tíortha comhpháirtíochta agus le réigiúin chomhpháirtíochta a gcomhar leis na réigiúin chomharsanachta is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear a neartú a chumhdaítear leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le tíortha agus críocha thar lear. Chuige sin, féadfaidh an Rialachán seo a bheith ina rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta maidir le leibhéal an chistithe ón gCinneadh maidir le tíortha agus críocha thar lear agus/nó ó Rialachán CCE, leis na gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag tír chomhpháirtíochta nó réigiún comhpháirtíochta nó aon eintiteas eile faoin Rialachán beartaithe seo, ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoin gCinneadh ó maidir le tíortha agus críocha thar lear nó ag réigiúin is forimeallaí de chuid AE faoi chláir oibríochtúla chomhpháirteacha nó le cláir nó bearta idir-réigiúnacha i ndáil le comhar a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoi Rialachán CCE. [Leasú 306]

Airteagal 33a

Comhar tíortha agus réigiúin chomhpháirtíochta leis na réigiúin chomharsanacha is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear

1.  Féadfaidh an Coimisiún leithdháileadh airgeadais sonrach a thabhairt isteach chun cuidiú le tíortha agus réigiúin chomhpháirtíochta a gcomhar leis na réigiúin chomharsanacha is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear, a chumhdaítear le Cinneadh OCT ón gComhairle, a neartú. Chuige sin, féadfaidh an Rialachán seo a bheith ina rannchuidiú, i gcás inarb iomchuí agus ar bhonn cómhalartachta agus comhréireachta a mhéid a bhaineann le leibhéal an chistithe ó Chinneadh OCT agus/nó ó Rialachán ETC, leis na gníomhaíochtaí arna gcur i bhfeidhm ag tír nó réigiún comhpháirtíochta nó ag aon eintiteas eile faoin Rialachán seo, ag tír, críoch nó aon eintiteas eile faoi Chinneadh OCT nó ag réigiún is forimeallaí de chuid an Aontais faoi chuimsiú cláir oibríochtúla chomhpháirteacha nó le cláir nó bearta idir-réigiúnacha i ndáil le comhar a bhunaítear agus a chuirtear i bhfeidhm faoi Rialachán ECT.

2.  Ní bheidh ráta cómhaoiniúcháin an Aontais níos airde ná 90 % den chaiteachas incháilithe a ghabhann le clár nó beart. Is é 100 % an ráta cómhaoiniúcháin a bheidh ann le haghaidh cúnamh teicniúil. [Leasú 307]

Airteagal 34

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(6), Airteagal 8(7a), Airteagal 8(8b), Airteagal 14(1), Airteagal 15(a), Airteagal 17(4), Airteagal 21(3a), Airteagal 26(4), Airteagal 27(9), Airteagal 31(9) agus Airteagal 33(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh thréimhse bhailíochta an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh chomh luath agus is féidir. Déanfar, áfach, na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 8(7a), Airteagal 8(8b), Airteagal 17(4) agus Airteagal 31(9) a ghlacadh faoin ... [6 mhí i ndiaidh dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 308]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(6), Airteagal 8(7a), Airteagal 8(8b), Airteagal 14(1), Airteagal 15a, Airteagal 17(4), Airteagal 21(3a), Airteagal 26(4), Airteagal 27(9), Airteagal 31(9) agus Airteagal 33(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 309]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(6), Airteagal 26(3), 8(7a), Airteagal 8(8b), Airteagal 14(1), Airteagal 15a, Airteagal 17(4), Airteagal 21(3a), Airteagal 26(4), Airteagal 27(9) agus Airteagal 31(9) agus Airteagal 33(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfadh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 310]

Airteagal 34a

Nós imeachta práinne

1.  Más rud é, i gcás tubaistí nádúrtha nó tubaistí de dhéantús an duine nó i gcás bagairtí láithreacha don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine nó do shaoirsí bunúsacha, go n-éilítear amhlaidh ar mhórfhorais práinne, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.

2.  Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar agóid i gcomhréir le mír 3. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomhartha tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 34(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt don Choimisiún maidir leis an gcinneadh chun agóid a dhéanamh. [Leasú 311]

Airteagal 34b

Cuntasacht dhaonlathach

1.  Chun feabhas a chur ar an idirphlé idir institiúidí agus seirbhísí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus SEGS, agus chun trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe a áirithiú, chomh maith le glacadh mear ar ghníomhartha agus bearta ag an gCoimisiún, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS teacht ina láthair chun plé a dhéanamh ar na claontaí agus na treoirlínte straitéiseacha don chlársceidealú faoin Rialachán seo. Ba ceart go gcothódh an t-idirphlé sin comhleanúnachas foriomlán na nIonstraimí Maoinithe Seachtracha uile i gcomhréir le hAirteagal 5. D’fhéadfadh an t-idirphlé sin tarlú sula ndéanfadh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus an dréachtbhuiséad bliantúil a ghlacadh. D’fhéadfadh an t-idirphlé sin tarlú freisin ar bhonn ad hoc ag féachaint do mhórfhorbairtí polaitiúla, agus arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gCoimisiún Eorpach nó ag SEGS.

2.  Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS gach doiciméad ábhartha ina leith sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa ar a laghad aon mhí amháin roimh an idirphlé. Le haghaidh an idirphlé a bhaineann leis an mbuiséad bliantúil, déanfaidh an Coimisiún agus SEGS faisnéis chomhdhlúite maidir leis na pleananna gníomhaíochta agus bearta go léir arna nglacadh nó arna mbeartú i gcomhréir le hAirteagal 21, faisnéis maidir le comhar de réir na tíre, an réigiúin agus an limistéir théamaigh, faisnéis maidir le húsáid gníomhaíochtaí mearfhreagartha, maidir leis an gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus maidir leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha a sholáthar.

3.  Tabharfaidh an Coimisiún agus SEGS lánaird ar an seasamh a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa a chur in iúl. I gcás nach dtabharfaidh an Coimisiún ná SEGS aird ar sheasaimh Pharlaimint na hEorpa, tabharfaidh siad údar cuí ina leith sin.

4.  Beidh an Coimisiún agus SEGS, go háirithe tríd an ngrúpa stiúrtha de bhun Airteagal 38, freagrach as Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas i dtaobh na staide ag a mbeidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i dtaobh bearta atá ar siúl, gníomhaíochtaí agus torthaí. [Leasú 312]

Airteagal 35

An coiste

1.  Tabharfaidh an coiste um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil le nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, faoi cheann na teorann ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

4.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

5.  Fanfaidh an cinneadh a ghlacfar i bhfeidhm ar feadh ré an doiciméid, an chláir ghníomhaíochta nó an bhirt a ghlacfar nó a leasófar.

6.  Glacfaidh breathnóir ón mBanc Eorpach Infheistíochta páirt in imeachtaí an choiste maidir le ceisteanna a bhaineann leis an mBanc Eorpach Infheistíochta. [Leasú 313]

Airteagal 36

Faisnéis Trédhearcacht, cumarsáid agus poiblíocht nochtadh poiblí faisnéise [Leasú 314]

1.  Déanfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas foinse an chistithe ón Aontas a admháil agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe sin, go háirithe nuair a bheidh na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. Is é an Coimisiún a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin ag na faighteoirí. [Leasú 315]

2.  Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Rialachán seo, lena gníomhaíochtaí agus lena torthaí, a chur i bhfeidhm. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Rialachán seo, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin go díreach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. [Leasú 316]

2a.  Déanfaidh an Coimisiún bearta chun cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí a neartú le haghaidh luachanna an Aontais agus breisluach an Aontais a chraobhscaoileadh. [Leasú 317]

2b.  Bunóidh an Coimisiún taisclann leictreonach agus lárnach aonair, a bheidh cuimsitheach agus poiblí, ina gclárófar na gníomhaíochtaí uile a mhaoinítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear na critéir a úsáidtear chun riachtanais na gcomhpháirtithe sa phróiseas leithdháilte acmhainní a shuíomh, agus áiritheoidh sé go ndéanfar é a nuashonrú go tráthrialta, ach amháin i gcás na ngníomhaíochtaí sin a meastar ina dtaobh go n-ardóidís saincheisteanna slándála nó íogaireachtaí polaitiúla áitiúla de bhun Airteagal 37. [Leasú 318]

2c.  Beidh ar áireamh sa taisclann freisin faisnéis faoi na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta go léir, lena n-áirítear ar leibhéal aonair agus ar leibhéal tionscadail chomh maith leis na heilimintí bunriachtanacha a ghabhann le comhaontuithe ráthaíochta uile CEFI+, lena n-áirítear faisnéis faoi chéannacht dhlítheanach na gcontrapháirtithe incháilithe, na tairbhí forbartha ionchasacha agus nósanna imeachta gearáin, agus aird á tabhairt ar chosaint faisnéise rúnda agus faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de. [Leasú 319]

2d.  I gcomhréir lena mbeartais trédhearcachta agus le rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí agus maidir le rochtain ar dhoiciméid agus ar fhaisnéis, cuirfidh na contrapháirtithe incháilithe CEFI+ ar fáil go poiblí ar a suíomhanna gréasáin ar bhonn réamhghníomhach agus córasach faisnéis a bhaineann leis na hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta uile a chumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoin Rialachán seo, agus a bhaineann go háirithe leis an gcaoi a rannchuidíonn na hoibríochtaí sin le gnóthú chuspóirí agus cheanglais an Rialacháin seo. Déanfar an fhaisnéis sin a mhiondealú ar leibhéal na dtionscadal. Cuirfidh an fhaisnéis sin cosaint faisnéise rúnda agus faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de san áireamh i gcónaí. Déanfaidh na contrapháirtithe incháilithe tacaíocht ón Aontas a phoibliú freisin i ngach faisnéis a fhoilseoidh siad maidir le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta dá gcumhdaítear leis an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha i gcomhréir leis an Rialachán seo. [Leasú 320]

Airteagal 37

Maolú ar cheanglais trédhearcachta

De bharr ceisteanna slándála nó íogaireachtaí polaitiúla áitiúla, is féidir gur fearr nó gur gá gníomhaíochtaí cumarsáide agus trédhearcachta a theorannú i dtíortha nó limistéir áirithe nó le linn tréimhsí áirithe. Sna cásanna sin, socrófar cén spriocphobal agus cé na huirlisí, na táirgí agus na cainéil trédhearcachta atá le húsáid chun gníomhaíocht áirithe a chur chun cinn, socrófar sin de réir an cháis, i gcomhairle agus i gcomhaontú leis an Aontas. I gcás ina mbeidh gá le hidirghabháil mhear mar fhreagairt ar ghéarchéim thobann, ní gá plean cumarsáide agus trédhearcachta a chur ar fáil láithreach. Sna cásanna sin, áfach, léireofar fós cén tacaíocht atá a fháil ón Aontas ón tús.

Airteagal 38

An clásal maidir le SEGS

Beidh feidhm ag an Rialachán seo i gcomhréir le Cinneadh 2010/427/AE. [Leasú 321]

Airteagal 38a

Rialachas

Beidh grúpa stiúrtha cothrománach, a bheidh comhdhéanta de na seirbhísí ábhartha uile as an gCoimisiún agus SEGS agus faoi chathaoirleacht VP/HR nó ionadaí ón oifig sin, freagrach as stiúradh, comhordú agus bainistiú na hionstraime seo i rith na timthrialla bainistithe chun comhleanúnachas, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht an mhaoinithe sheachtraigh uile ón Aontas a áirithiú. Déanfaidh VP/HR comhordú polaitiúil foriomlán ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. I gcás na ngníomhaíochtaí uile, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mearfhreagartha agus bearta cúnaimh eisceachtúla, agus i rith thimthriall an chlársceidealaithe, na pleanála agus chur i bhfeidhm na hionstraime, beidh an tArd-Ionadaí agus SEGS ag obair le comhaltaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, arna sainaithint ar bhonn chineál agus cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, agus ag tógáil ar an saineolas atá acu. Déanfar gach togra le haghaidh cinneadh a ullmhú de réir nósanna imeachta an Choimisiúin agus déanfar iad a thíolacadh don Choimisiún i gcomhair a nglactha.

Beidh Parlaimint na hEorpa bainteach go hiomlán i gcéimeanna dearaidh, chlársceidealaithe, faireacháin agus meastóireachta na n-ionstraimí chun rialú polaitiúil agus grinnscrúdú daonlathach a ráthú chomh maith le cuntasacht ar mhaoiniú an Aontais i réimse na gníomhaíochtaí seachtraí. [Leasú 322]

Airteagal 39

Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1.  Déantar Cinneadh Uimh. 466/2014/AE, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1601 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Rialacháin seo na caiteachais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir an Rialachán seo agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaithe an Rialacháin seo, a áirithiú. Rialachán (AE) Uimh. 233/2014; Rialachán (AE) Uimh. 232/2014; Rialachán (AE) Uimh. 230/2014; Rialachán (AE) Uimh. 235/2014; Rialachán (AE) Uimh. 234/2014, Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014, Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, Cinneadh Uimh. 466/2014/AE, Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 agus Rialachán (AE) 2017/1601.

3.  Féadfar caiteachais a bhaineann le hullmhú aon Rialacháin atá le teacht ionad an Rialacháin seo a chumhdach le himchlúdach airgeadais an Rialacháin seo.

4.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na caiteachais dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) a chumhdach, chun go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 323]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

LIOSTA DE THÍORTHA AGUS DE CHRÍOCHA ATÁ SA LIMISTÉAR COMHARSANACHTA

An Ailgéir

An Airméin

An Asarbaiseáin

An Bhealarúis

An Éigipt

An tSeoirsia

Iosrael

An Iordáin

An Liobáin

An Libia

Poblacht na Moldóive

Maracó

Críoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil

An tSiria

Túinéis

An Úcráin

Féadfar tacaíocht ón Aontas faoin réimse seo a úsáid freisin chun a chur ar chumas Chónaidhm na Rúise páirt a ghlacadh i gcláir comhair thrasteorann ina mbeidh an tAontas rannpháirteach agus i gcláir ábhartha ilnáisiúnta eile, lena n-áirítear comhar san oideachas, go háirithe malartuithe mac léinn. [Leasú 324]

IARSCRIBHINN II

RÉIMSÍ COMHAIR le hAGHAIDH NA gCLÁR GEOGRAFACH

A.  Le haghaidh réigiúin gheografacha

POBAIL

1.  An dea-rialachas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine

(a)  An daonlathas agus próisis dhaonlathacha cuimsitheacha, rialachas agus formhaoirseacht, lena n-áirítear córas breithiúnach neamhspleách, an smacht reachta agus próisis thoghchánacha thrédhearcacha, shíochánta agus inchreidte, a neartú; [Leasú 325]

(b)  Cosaint Cur chun cinn agus chearta an duine agus saoirsí bunúsacha mar atá fógartha i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine a neartú mar aon leis na hionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara a chomhall, tacaíocht agus cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine, rannchuidiú le comhshocruithe agus creataí domhanda agus réigiúnacha a chur chun feidhme, acmhainneachtaí na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán a mhéadú, agus an dúshraith a leagan síos le haghaidh creat dlíthiúil le haghaidh cosaint do dhaoine atá easáitithe mar gheall ar an athrú aeráid; [Leasú 326]

(c)  An comhrac i gcoinne idirdhealú de gach cineál a chur chun cinn, mar aon le prionsabal an chomhionannais, go háirithe comhionannas inscne, cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní, cearta leanaí agus daoine óga, cearta daoine faoi mhíchumas, cearta daoine ar de mhionlaigh iad, cearta daoine LGBTI agus cearta na bpobal dúchasach; [Leasú 327]

(d)  Tacú le sochaí shibhialta a bhfuil rath uirthi agus tacú leis an ról atá ag an tsochaí sin in aistrithe polaitiúla, i bpróisis athchóirithe agus i gclaochluithe daonlathacha a neartú, agus spás cumasúcháin don tsochaí shibhialta agus páirteachas na saoránach sa saol polaitiúil agus i ngrinnscrúdú na cinnteoireachta a chur chun cinn; [Leasú 328]

(e)  An t‑iolrachas, an neamhspleáchas agus an ghairmiúlacht atá ag meáin shaora neamhspleácha a fheabhsú;

(f)  Tógáil ar athléimneacht stát, sochaithe, pobal agus daoine aonair maidir chun iad a ullmhú ionas go mbeidh siad in ann seasamh in aghaidh suaití comhshaoil agus eacnamaíocha, tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéantús an duine, mar aon le coinbhleachtaí, géarchéimeanna sláinte agus slándáil bia, agus ionas go mbeidh siad in ann oiriúnú do na nithe sin agus teacht aniar uathu; [Leasú 329]

(g)  Forbairt institiúidí poiblí daonlathacha ar na leibhéil idirnáisiúnta, náisiúnta agus fho-náisiúnta, lena n-áirítear córas breithiúnach atá neamhspleách, éifeachtach, éifeachtúil agus cuntasach, an smacht reatha a chur chun cinn, mar aon le ceartas idirnáisiúnta, cuntasacht agus rochtain ar an gceartas do chách; [Leasú 330]

(h)  Tacú le próisis athchóirithe riaracháin, lena n-áirítear úsáid a bhaint as cineálacha cur chuige i leith ríomhrialtais atá bunaithe ar na saoránaigh, lena neartaítear creata dlí agus an córas institiúideach, córais staidrimh náisiúnta, acmhainneachtaí, bainistíocht fhónta airgeadais, agus rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, seachaint cánach, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach; [Leasú 331]

(i)  Beartais chríochacha agus uirbeacha atá cuimsitheach cothrom comhtháite a chur chun cinn trí institiúidí agus comhlachtaí poiblí a neartú ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal fo-náisiúnta agus tacú le próisis éifeachtúla maidir le dílárú agus athstruchtúrú stáit;

(j)  Trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí poiblí a mhéadú, soláthar poiblí a neartú, lena n-áirítear forbairt critéar (comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch) agus spriocanna inbhuanaithe a spreagadh, agus bainistíocht airgeadais phoiblí a neartú, ríomhrialtas a fhorbairt agus soláthar seirbhísí a neartú; [Leasú 332]

(k)  Tacú le bainistiú inbhuanaithe, cuntasach agus trédhearcach a dhéanamh ar earnálacha acmhainní nádúrtha agus ar ioncaim a bhaineann le hábhar, agus ar athchóirithe chun beartais chánach chothroma chóra inbhuanaithe a áirithiú.

(ka)   an daonlathas parlaiminteach a chur chun cinn. [Leasú 333]

2.  Deireadh a chur leis an mbochtaineacht, comhrac i gcoinne an neamh-chomhionannais, agus forbairt dhaonna

(a)  Deireadh a chur leis an mbochtaineacht ina gnéithe ar fad, dul i ngleic leis an idirdhealú agus le neamh-chomhionannais, gan aon duine a fhágáil chun deiridh; agus freastal ar na daoine is faide chun deiridh, trí thosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i seirbhísí poiblí i réimsí na sláinte, an chothaithe, an oideachais agus na cosanta sóisialta; [Leasú 334]

(b)  Feabhas a chur ar an dícheall chun beartais agus infheistíocht iomchuí a ghlacadh chun cearta na mban, cearta daoine óga agus leanaí agus cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhall, ar mhaithe le éascú a dhéanamh ar a bpáirteachas agus a rannpháirtíocht fhónta sa saol sóisialta, cathartha agus eacnamaíoch, agus chun a áirithiú go rannchuideoidh siad go hiomlán leis an bhfás cuimsitheach agus leis an bhforbairt inbhuanaithe; [Leasú 335]

(c)  Cosaint agus comhlíonadh chearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha, saothair agus sóisialta, cearta talún agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, agus foréigean gnéasbhunaithe agus inscnebhunaithe de gach cineál a chosc agus iad a chosaint air sin; áirítear air sin an rochtain do chách ar fhaisnéis chuimsitheach i leith sláinte ghnéis agus atáirgthe agus oideachas cuimsitheach gnéis a chur chun cinn; comhar sa taighde agus sa nuálaíocht le haghaidh uirlisí nua agus feabhsaithe i gcomhair cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear pleanáil teaghlaigh, go háirithe i gcomhthéacsanna ina bhfuiltear ar bheagán acmhainní, a chur chun cinn; [Leasú 336]

(d)  Aird ar leith a thabhairt dóibh sin atá faoi mhíbhuntáiste, soghonta agus imeallaithe, inter alia leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine LGBTI agus pobail dhúchasacha. Áirítear air sin an t-aistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn, bídís sin ina leanaí faoi mhíchumas nó ina leanaí nach bhfuil faoi mhíchumas; [Leasú 337]

(e)  Cur chuige lánpháirtithe a chur chun cinn i leith tacú le pobail, go háirithe na pobail is boichte agus is deacra a shroicheadh, trí rochtain uilíoch ar riachtanais agus seirbhísí bunúsacha a fheabhsú, go háirithe sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte, faisnéis agus soláthairtí i réimse an tsláinte gnéis agus atáirgthe, oideachas, cothú agus cosaint sóisialta; [Leasú 338]

(f)  An tús is fearr sa saol a thabhairt do leanaí, go háirithe na leanaí is mó atá ar an imeall, trí infheistiú i bhforbairt luathóige agus trína áirithiú go mbíonn rochtain ar sheirbhísí bunúsacha amhail sláinte, cothú, oideachas agus cosaint shóisialta ag leanaí a bhfuil an bhochtaineacht nó neamhionannas ag cur isteach orthu; tacú le timpeallacht shábháilte agus chothaitheach a chur ar fáil do leanaí mar ghné thábhachtach lena gcothófar glúin óg shláintiúil de dhaoine óga a bheidh in ann barr a gcumais a bhaint amach, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais na gcailíní; [Leasú 339]

(g)  Tacú le rochtain uilíoch ar bhia leordhóthanach, inacmhainne, sábháilte agus cothaitheach, go háirithe dóibh sin atá sna cásanna is soghonta, inter alia leanaí faoi chúig bliana d’aois, déagóirí, idir chailíní agus bhuachaillí, agus mná, go háirithe le linn toirchis agus nuair a bhíonn siad ag cothú linbh ar an gcíoch, agus slándáil bia agus cothú a neartú, go háirithe sna tíortha sin ar fada nó ar minic i ngéarchéim iad; cuir chuigí ilearnálacha agus atá íogair don chothú i leith na talmhaíochta a chothú; [Leasú 340]

(h)  Tacú le rochtain uilíoch ar uisce óil atá sábháilte agus leordhóthanach, ar shláinteachas agus ar shláintíocht, agus tacú le bainistíocht uisce inbhuanaithe agus lánpháirtithe mar phríomhchinntithigh sláinte, oideachais, cothaithe, athléimneachta don athrú aeráide agus chomhionannais inscne; [Leasú 341]

(i)  Clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach, lena bhfaighfear rochtain chothromasach ar sheirbhísí sláinte ardcháilíochta agus inacmhainne, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, agus trí thacú le córais sláinte cuimsitheacha, láidre, ardcháilíochta agus athléimneacha a thógáil atá inrochtana do chách, agus lena bhfeabhsófar an acmhainneacht le haghaidh luathrabhadh, laghdú riosca, bainistiú agus téarnamh; comhlánú a dhéanamh ar ghníomhaíocht trí Chlár Réime an Aontais um Thaighde agus um Nuálaíocht chun dul i ngleic le bagairtí sláinte domhanda, chun vacsaíní agus cóireálacha sábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne a fhorbairt chun dul i ngleic le galair atá bainteach leis an mbochtaineacht agus galair a bhfuil siléig déanta iontu, agus feabhas a chur ar fhreagairtí do dhúshláin sláinte lena n-áirítear galair theagmhálacha, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach agus galair agus epidéimí atá ag teacht chun cinn; [Leasú 342]

(j)  Tacú le cosaint shóisialta uilíoch chothrom agus bearta sábháilteachta sóisialta a neartú chun ioncam bunúsach a ráthú, lena áirithiú nach bhfágfar beo bocht arís iad siúd a tháinig ón mbochtaineacht, agus ar mhaithe leis an athléimneacht a chothú;

(ja)  Athléimneacht daoine agus pobail a neartú, lena n-áirítear trí infheistíocht mhéadaithe i laghdú rioscaí tubaiste (DRR) faoi threoir an phobail agus i dtionscadail ullmhachta; [Leasú 343]

(jb)  Tacú le rialtais agus riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun an bonneagar is gá a chruthú, inter alia acmhainní fisiceacha, teicneolaíochta agus daonna, agus úsáid a bhaint as na forbairtí teicneolaíochta agus riaracháin is déanaí chun go bhféadfar gach clárú sibhialta (ó bhreith go bás) a chlárú go beacht, agus doiciméid i ndúblach atá aitheanta go hoifigiúil a fhoilsiú nuair is gá chun a áirithiú go bhfuil taifead oifigiúil ar na saoránaigh uile agus go bhfuil siad in ann a gcuid cearta bunúsacha a rochtain; [Leasú 344]

(k)  Forbairt uirbeach inbhuanaithe chuimsitheach a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an neamh-chomhionannas uirbeach, fócasú orthu siúd is mó i ngátar agus cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de a ghlacadh. [Leasú 345]

(l)  Tacú le húdaráis áitiúla chun soláthar seirbhísí bunúsacha agus rochtain chothrom ar shlándáil bia, tithíocht inrochtana chuibhiúil inacmhainne agus caighdeán beatha a fheabhsú ar leibhéal na cathrach, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla nó i slumaí. [Leasú 346]

(m)  Spriocanna san oideachas atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta a chur chun chinn agus a ghnóthú le fócas ar leith ar chórais oideachais phoiblí atá saor in aisce, trí oideachas foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil atá cuimsitheach cothromasach, agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách, ar gach leibhéal agus lena n-áirítear forbairt luathóige, oiliúint theicniúil agus gairmoiliúint, i gcásanna éigeandála agus i ngéarchéimeanna freisin, agus trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chomh maith chun feabhas a chur ar an múineadh agus ar an bhfoghlaim; [Leasú 347]

(ma)  Tacú le conairí oideachais chun a áirithiú gur féidir le mic léinn ó thíortha ina bhfuil cogaí staidéar a dhéanamh in ollscoileanna san Aontas; [Leasú 348]

(n)  Tacú le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta, soghluaisteachta foghlama, forbartha acmhainneachta agus comhair cultúrtha chuig, ó nó idir tíortha comhpháirtíochta, chomh maith le comhar agus hidirphlé beartais le hinstitiúidí, eagraíochtaí, comhlachtaí agus údaráis cur chun feidhme áitiúla, as na tíortha sin; [Leasú 349]

(na)   Forbairt acmhainneachta agus comhar a chur chun cinn i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde, go háirithe aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann leis an mbochtaineacht agus ar dhúshláin den tsochaí a dhéanann difear go míchionmhar do thíortha comhpháirtíochta agus do réimsí taighde agus nuálaíochta a bhfuil faillí déanta iontu agus a bhfuil teorainn leis na hinfheistíochtaí ón earnáil phríobháideach iontu, chomh maith le sonraí oscailte a chur chun cinn agus nuálaíocht shóisialta a chothú; [Leasú 350]

(o)  Forbairt acmhainneachta agus comhar a chur chun cinn i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus taighde, na sonraí oscailte, na mórshonraí, na hintleachta saorga agus na nuálaíochta, i gcomhordú le creatchlár an Aontais um thaighde agus nuálaíocht, chun feiniméan na himirce daoine oilte a chomhrac; [Leasú 351]

(p)  Béim ar leith a leagan ar bhorradh a chur faoi chomhordú idir na gníomhaithe ábhartha uile chun cuidiú leis an aistriú ó chás éigeandála chuig céim na forbartha;

(q)  Idirphlé idirchultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha de gach cineál a chur chun cinn, agus oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn, agus leas iomlán a bhaint as na tionscail hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe shóisialta eacnamaíoch; [Leasú 352]

(qa)  Tacú le gníomhaíochtaí, agus comhar a chur chun cinn, i réimse an spóirt chun rannchuidiú le cumhachtú na mban, daoine óga, daoine aonair agus pobal mar aon le cuspóirí sláinte, oideachais agus cuimsithe sóisialta Chlár Oibre 2030; [Leasú 353]

(r)  Dínit agus athléimneacht daoine atá easáitithe go héigeantach agus go fadtéarmach a chothú agus iad a chuimsiú sa saol eacnamaíoch agus sóisialta i dtíortha óstacha agus i bpobail óstacha.

3.  An imirce agus, soghluaisteacht agus easáitiú éigeantais; [Leasú 354]

(-a)  Tacú le beartais imirce éifeachtach agus atá bunaithe ar chearta an duine, ag gach leibhéal, lena n-áirítear cláir chosanta, ar mhaithe le himirce shábháilte, rianúil agus rialta a éascú; [Leasú 355]

(a)  Rannchuidiú le comhpháirtíochtaí déthaobhacha, réigiúnacha, lena n-áirítear Theas-Theas, agus idirnáisiúnta maidir leis an imirce agus an tsoghluaisteacht atá bunaithe ar chur chuige lánpháirtithe agus cóimheáite, lena gcumhdaítear gach gné den imirce agus cúnamh chun comhaontuithe agus socruithe déthaobhacha nó réigiúnacha cur chun feidhme , agus i gcomhlíonadh an dlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí soghluaisteachta mar aon le hoibleagáidí chearta an duine; [Leasú 356]

(aa)  Cúnamh a thabhairt le haghaidh comhaontuithe agus comhshocruithe déthaobhacha nó réigiúnacha an Aontais le tríú tíortha a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí soghluaisteachta, agus conairí sábháilte agus dlíthiúla a chruthú, lena n-áirítear trí comhaontuithe maidir le héascú víosaí agus le hathlonnú a fhorbairt agus ar bhonn na cuntasachta frithphárití agus lánurraim d’oibleagáidí daonnúla agus chearta an duine; [Leasú 357]

(b)  Tacú le hath-imeascadh socheacnamaíochta inbhuanaithe agus rathúil imirceach atá ag filleadh; [Leasú 358]

(c)  Aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna maolaitheacha atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach;

(d)  Dul i ngleic leis Soghontachtaí san imirce a laghdú, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhair ar an imirce neamhrialta, agus an fhreagairt thrasnáisiúnta ar gáinneáil ar neacha daonna, agus smuigleáil imirceach, béim ar leith a leagan ar bhorradh a chur faoin gcomhar maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha a neartú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais; [Leasú 359]

(e)  Acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúideach a neartú chun an imirce a bhainistiú, lena n-áirítear trí sonraí beachta agus imdhealaithe a bhailiú agus a úsáid mar bhonn do bheartais fianaisebhunaithe chun imirce shábháilte, rianúil agus fhreagrach a éascú;[Leasú 360]

(f)  Tacú le beartais imirce atá bunaithe ar chearta daonna éifeachtacha atá bunaithe, lena n‑áirítear cláir chosanta; [Leasú 361]

(g)  Na dálaí chun imirce dhleathach agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe a chur chun cinn, mar aon le teagmháil idir daoine, uasmhéadú a dhéanamh ar an tionchar forbartha a bheidh ag am lena n-áirítear faisnéis bheacht agus thráthúil a sholáthar ag gach céim denimirce; [Leasú 362]

(ga)  Tionchar forbartha na himirce a uasmhéadú agus feabhas a chur ar chomhthuiscint faoin nasc idir imirce agus forbairt; [Leasú 363]

(h)  Cosaint imirceach agus daoine atá easáitithe éigeantais a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí soghonta agus cur chuige bunaithe ar chearta a chur i bhfeidhm chomh maith le haitheantas agus cinneadh stádais daoine a bhfuil cosaint idirnáisúnta ag teastáil uathu a áirithiú i measc na sreabh imirce; [Leasú 364]

(i)  Tacú le réitigh atá bunaithe ar an bhforbairt le haghaidh daoine atá easáitithe éigeantais agus dá bpobail óstacha, lena n-áirítear trí rochtain ar oideachas agus ar phoist chuibhiúla, dínit, athléimneacht agus féintuilleamaí daoine easáitithe a chur chun cinn chomh maith lena n-imeascadh sa saol eacnamaíoch agus sóisialta sna tíortha óstacha; [Leasú 365]

(j)  Tacú le páirteachas an diaspóra i dtíortha tionscnaimh, ar mhaithe le rannchuidiú go hiomlán le forbairt inbhuanaithe; [Leasú 366]

(k)  Aistrithe seoltán atá níos gasta, níos saoire agus níos sábháilte i dtíortha tionscnaimh agus i dtíortha is faighteoirí a chur chun cinn, lena mbainfear leas as an acmhainneacht forbartha.

(ka)  Rannchuidiú le himircigh agus sochaithe a chumhachtú ionas go mbainfidh siad lán-imeascadh agus comhtháthú sóisialta amach. [Leasú 367]

Déanfar an comhar sa réimse seo a bhainistiú i gcomhréir leis an [gCiste Tearmainn agus Imirce], agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal an chomhtháthaithe beartais le haghaidh forbartha. [Leasú 368]

AN PLÁINÉAD

4.  An comhshaol agus an t‑athrú aeráide

(a)  Acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúideach a neartú i dtaca le bainistiú na haeráide agus an chomhshaoil, príomhshruthú agus faireachán; rialachas aeráide réigiúnach agus náisiúnta a neartú.

(b)  Tacú le hoiriúnú don athrú aeráide, le béim ar leith ar Stáit agus pobail atá thar a bheith soghonta agus nach bhfuil na hacmhainní acu chun na bearta is gá a dhéanamh; rannchuidiú le dícheall na gcomhpháirtithe chun a ngealltanais i leith athrú aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a shaothrú, lena n-áirítear Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) agus pleananna gníomhaíochta maidir le maolú agus oiriúnú, lena n-áirítear sineirgíochtaí idir oiriúnú agus maolú, chomh maith lena ngealltanas faoi chomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile, amhail an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe chun an Gaineamhlú a Chomhrac; [Leasú 369]

(c)  Fás glas agus gorm inbhuanaithe i ngach earnáil eacnamaíoch a fhorbairt agus/nó a neartú;

(d)  Rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe i dtíortha i mbéal forbartha a chur chun cinn, d’fhonn seasamh le gealltanas 2012 an Aontais go ndéanfar an rochtain sin a sholáthar do 500 milliún duine breise faoi 2030, tosaíocht a thabhairt do réitigh ar bheagscála, réitigh mhioneangacha agus réitigh as-eangacha a bhfuil luach ard comhshaoil agus forbartha ag gabháil leo. An comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe a neartú. An comhar maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid foinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn agus a mhéadú; rochtain ar sheirbhísí fuinnimh atá iontaofa, slán, inacmhainne, glan agus inbhuanaithe a chur chun cinn, go háirithe réitigh áitiúla agus dílárnaithe a áirithíonn rochtain fuinnimh do dhaoine atá ina gcónaí faoi bhochtaineacht agus i réigiúin iargúlta; [Leasú 370]

(da)  Acmhainneacht a fhorbairt chun cuspóirí comhshaoil, inbhuanaitheachta agus athraithe aeráide a phríomhshruthú, agus fás glas a shaothrú i straitéisí forbartha náisiúnta agus áitiúla, lena n-áirítear tacú le critéir inbhuanaitheachta sa soláthar poiblí; [Leasú 371]

(db)  Freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn, mar aon le dícheall cuí sna slabhraí soláthair agus feidhmiú comhleanúnach ar an “gcur chuige réamhchúraim” agus ar an bprionsabal “gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as”; [Leasú 372]

(dc)   Cleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, lena n-áirítear agra-éiceolaíocht, a bhfuil sé cruthaithe ina dtaobh go rannchuidíonn siad le cosaint éiceachóras agus bithéagsúlachta, agus athléimneacht chomhshaoil agus shóisialta i leith an athraithe aeráide san fhadtéarma a fheabhsú; [Leasú 373]

(e)  Feabhas a chur ar ghréasáin agus seirbhísí iompair ilmhódacha áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus ilchríochacha chun cur le tuilleadh deiseanna maidir le forbairt eacnamaíoch aeráidseasmhach agus cruthú post, i bhfianaise forbairt ísealcharbóin aeráidseasmhach. éascú agus léirscaoileadh iompair a neartú, inbhuanaitheacht, sábháilteacht ar bhóithre agus athléimneacht réimsí iompair a fheabhsú;

(f)  Neartú ar bhainteacht na bpobal áitiúil agus na bpobal dúchasach i bhfreagairtí don athrú aeráide, sa chomhrac in aghaidh chaillteanas na bithéagsúlachta agus na coireachta fiadhúlra, i gcaomhnú éiceachóras agus i rialachas acmhainní nádúrtha, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar tionacht talún agus ar bhainistiú acmhainní uisce. Forbairt uirbeach inbhuanaithe agus athléimneacht i limistéir uirbeacha a chur chun cinn; [Leasú 374]

(fa)  Deireadh a chur leis an trádáil i mianraí coinbhleachta chomh maith le mhí-úsáid mianadóirí, agus tacú le pobail áitiúla a fhorbairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/821 a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an díchill chuí sa slabhra soláthair agus bearta gaolmhara, chomh maith le cur chuige den sórt sin a cheapadh le haghaidh mianraí nach bhfuil cuimsithe fós sa reachtaíocht; [Leasú 375]

(fb)   Oideachas le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe (OFI) a chur chun cinn chun daoine a chumhachtú chun an tsochaí a athrú agus todhchaí inbhuanaithe a chruthú; [Leasú 376]

(g)  Cur chun cinn a dhéanamh ar chaomhantas, ar bhainistiú agus úsáid inbhuanaithe, agus ar athshlánú acmhainní nádúrtha agus éiceachóras folláin, agus stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, agus an fiadhúlra a chosaint, lena n-áirítear comhrac in aghaidh na póitseála agus na gáinneála ar fhiabheatha; [Leasú 377]

(ga)  Aghaidh a thabhairt ar chaillteanas na bithéagsúlachta, tionscnaimh idirnáisúnta ón Aontas chun é sin a réiteach a chur chun feidhme, go háirithe trí chur chun cinn a dhéanamh ar chaomhantas, ar úsáid inbhuanaithe agus bainistiú na gcóras talún agus muirí agus ar an mbithéagsúlacht ghaolmhar; [Leasú 378]

(h)  Bainistiú acmhainní uisce ar bhealach lánpháirtithe agus inbhuanaithe agus comhar uisce trasteorann a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; [Leasú 379]

(i)  Caomhantas agus feabhsúchán stoc carbóin a chur chun cinn trí úsáid talún, athrú ar úsáid talún, agus foraoiseacht a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe agus díghrádú comhshaoil, fairsingiú fásaigh agus díghrádú talún agus foraoise, agus triomach a chomhrac; [Leasú 380]

(j)  Dífhoraoisiú a theorannú agus forfheidhmiú an dlí, rialachas agus trádáil i dtaca le foraoisí (FELGT) a chur chun cinn, agus an lománaíocht neamhdhleathach, trádáil in adhmad neamhdhleathach agus a tháirgí adhmaid a chomhrac. Tacú le rialachas feabhsaithe agus forbairt acmhainneachta le haghaidh acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe; tacú le Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha a chaibidliú agus a chur chun feidhme; [Leasú 381]

(k)  Tacú le rialachas na n-aigéan, lena n-áirítear cosaint, athshlánú agus caomhnú i gcás limistéar cósta agus muirí de gach cineál, lena n-áirítear éiceachórais, an comhrac in aghaidh bruscar muirí, an comhrac in aghaidh an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe, neamhrialáilte agus cosaint na bithéagsúlachta muirí, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); [Leasú 382]

(l)  Laghdú rioscaí tubaistí (DRR) réigiúnacha a neartú, mar aon le hullmhacht agus athléimneacht ina leith sin, trí bhíthin chur chuige a bheidh bunaithe ar an bpobal agus ar dhaoine, i sineirgíocht le beartais agus gníomhaíochtaí maidir le hoiriúnú don athrú aeráide; [Leasú 383]

(m)  Éifeachtúlacht acmhainní agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe (lena n-áirítear ar fud an tslabhra soláthair ina iomláine) a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ghearradh siar ar úsáid acmhainní nádúrtha lena maoinítear coinbhleachtaí, agus trí thacú le geallseabhóirí i gcomhlíonadh tionscnamh amhail Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley; dul i ngleic leis an truailliú agus bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl; [Leasú 384]

(n)  Tacú le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar éagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe, iomaíochas, comhroinnt luacha sna slabhraí soláthair agus trádáil chóir, ar fhorbairt na hearnála príobháidí lena ndíreofar ar fhás ísealcharbóin aeráidseasmhach glas, ar mhicrifhiontair, ar fhiontair shóisialta agus FBManna agus comharchumainn, ag baint buntáiste as na tairbhí forbartha atá ag roinnt le comhaontuithe trádála atá ann cheana leis an Aontas Eorpach; [Leasú 385]

(na)  Baint amach na gealltanas idirnáisiúnta i ndáil le caomhnú na bithéagsúlachta atá i gconarthaí amhail an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD), an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES), an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (CMS) agus conarthaí eile a bhaineann leis an mbithéagsúlacht; [Leasú 386]

(nb)   Lánpháirtíocht agus príomhshruthú na gcuspóirí maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol i gcomhar an Aontais um fhorbairt a ardú trí thacaíocht d’obair mhodheolaíochta agus taighde maidir le tíortha atá i mbéal forbartha, a dhéantar sna tíortha atá i mbéal forbartha agus a dhéanann na tíortha sin, lena n-áirítear sásraí faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, mapáil, measúnú agus luacháil ar éiceachórais, saineolas comhshaoil a fheabhsú agus gníomhaíochtaí nuálacha agus comhtháthú beartas a mhéadú; [Leasú 387]

(nc)   Aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí domhanda agus trasréigiúnacha an athraithe aeráide a d’fhéadfadh tionchar díchobhsaitheach a bheith acu ar an bhforbairt, ar an tsíocháin agus ar an tslándáil. [Leasú 388]

RATHÚNAS

5.  Forbairt eacnamaíoch atá inbhuanaithe agus cuimsitheach agus fostaíocht chuibhiúil

(a)  Tacú le fiontraíocht, lena n-áirítear trí mhicreamhaoiniú, le fostaíocht chuibhiúil agus le hinfhostaitheacht trí scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt, lena n-áirítear oideachas, feabhsú ar lánfheidhmiú chaighdeáin saothair EDS lena n-áirítear idirphlé sóisialta agus an comhrac in aghaidh saothar leanaí, dálaí oibre i dtimpeallacht shláintiúil, pá cuí maireachtála agus cruthú deiseanna go háirithe don aos óg; [Leasú 389]

(b)  Tacú le conairí forbartha náisiúnta a bhaineann an leas is mó is féidir as torthaí agus tionchair dhearfacha shóisialta,cánachas éifeachtach agus inbhuanaithe mar aon le beartais phoiblí athdháiliúcháin a chur chun cinn, agus córais cosanta sóisialta agus scéimeanna árachais sóisialta atá inbhuanaithe a chur ar bun agus a neartú; tacú leis an dícheall ar na leibhéil náisiúnta agus idirnáisiúnta chun imghabháil cánach agus tearmainn chánach a chomhrac; [Leasú 390]

(c)  Feabhas a chur ar an timpeallacht freagrach ghnó agus infheistíochta, timpeallacht rialála chumasúcháin a chruthú le haghaidh forbairt eacnamaíoch agus tacú le cuideachtaí, go háirithe MFBManna, comharchumainn agus fiontair shóisialta chun a ngnó a leathnú agus poist a chruthú, tacú le forbairt ar gheilleagar dlúthpháirtíochta agus borradh a chur faoi chuntasacht san earnáil phríobháideach; [Leasú 391]

(ca)  Cuntasacht chorparáideach agus sásraí sásaimh a chur chun cinn le haghaidh sáruithe ar chearta an duine a bhaineann le gníomhaíochtaí san earnáil phríobháideach; tacú leis an dícheall ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus domhanda chun comhlíontacht chorparáideach le caighdeáin chearta an duine agus forbairtí rialála a áirithiú, lena n-áirítear dícheall cuí sainordaitheach agus ionstraim cheangailteach idirnáisiúnta maidir le gnó agus cearta an duine ar an leibhéal domhanda; [Leasú 392]

(d)  Inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil a neartú, mar aon le freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar gnó freagrach trí na slabhraí breisluacha ina n-iomláine, comhroinnt luachanna, praghsanna cothroma agus dálaí trádála cór a áirithiú; [Leasú 393]

(e)  Éifeachtacht agus inbhuanaitheacht caiteachais phoiblí a mhéadú, lena n-áirítear trí sholáthar poiblí inbhuanaithe a chur chun cinn; agus úsáid níos straitéisí airgeadais phoiblí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ionstraimí a chumasc chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach bhreise a phlódú; [Leasú 394]

(f)  Borradh a chur faoi acmhainneacht cathracha chun a bheith ina moil le haghaidh fás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus nuálaíochta;

(g)  Comhtháthú inmheánach eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, naisc níos láidre a chothú idir limistéir uirbeacha agus thuaithe agus forbairt ar na tionscail chruthaitheacha agus ar an earnáil turasóireachta araon a éascú mar ghiaráil le haghaidh forbairt inbhuanaithe; [Leasú 395]

(h)  Borradh a chur faoi shlabhraí luacha talmhaíochta agus bia atá inbhuanaithe agus cuimsitheach, slándáil bia agus éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn, mar aon le breisiú luacha, lánpháirtiú réigiúnach, iomaíochas agus trádáil chóir, agus nuálaíochtaí inbhuanaithe, ísealcharbóin agus atá seasmhach i gcoinne an athraithe aeráide a neartú; [Leasú 396]

(ha)   Díriú isteach ar dhiansaothrú talmaíochta éiceolaíoch agus éifeachtach d’fheirmeoirí gabháltais, agus go háirithe do mhná, trí thacaíocht a thabhairt le haghaidh beartais, straitéisí agus creataí dlíthiúla náisiúnta atá éifeachtach agus inbhuanaithe, agus le haghaidh rochtain chothromasach agus inbhuanaithe ar acmhainní, lena n-áirítear talamh, uisce, (micri-)chreidmheas agus ionchuir talmhaíochta eile; [Leasú 397]

(hb)   Tacú go gníomhach le rannpháirtíocht níos mó ag an tsochaí shibhialta agus ag eagraíochtaí feirmeoireachta i ndéanamh beartais agus i gcláir thaighde agus a mbainteacht i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na gclár rialtais a mhéadú; [Leasú 398]

(i)  Tacú le bainistíocht iascaigh inbhuanaithe agus dobharshaothrú inbhuanaithe;

(j)  Rochtain uilíoch ar fhuinneamh sábháilte, inacmhainne agus inbhuanaithe a chothú, geilleagar ciorclach ísealcharbóin, aeráidseasmhach agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a chur chun cinn i gcomhréir le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide; [Leasú 399]

(k)  An tsoghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán a chur chun cinn, mar aon le feabhas a chur ar nascacht iompair leis an Aontas;

(l)  Lúdracht dhigiteach chuimsitheach, iontaofa agus shlán a chur chun cinn agus an geilleagar digiteach a neartú; litearthacht agus scileanna digiteacha a chur chun cinn; fionraíocht dhigiteach agus cruthú post sa réimse digiteach a chothú; úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn mar chumasóir don fhorbairt inbhuanaithe; aghaidh a thabhairt ar chibearshlándáil, ar phríobháideacht sonraí agus ar shaincheisteanna rialála eile atá nasctha leis an digiteáil; [Leasú 400]

(m)  Margaí agus earnálacha a fhorbairt agus a neartú ar shlí a chuirfeadh borradh faoin bhfás cuimsitheach agus inbhuanaithe, mar aon le trádáil chóir; [Leasú 401]

(n)  Tacú leis an gclár oibre maidir le lánpháirtiú réigiúnach agus beartais trádála optamacha mar thaca leis an bhforbairt chuimsitheach agus inbhuanaithe, agus tacú le comhaontuithe trádála córa idir an tAontas agus a chomhpháirtithe a chomhdhlúthú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhaontuithe iomlánaíocha agus aisiméadaracha le tíortha comharsanacha atá i mbéal forbartha; iltaobhachas, comhar eacnamaíoch inbhuanaithe, chomh maith le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), a chur chun cinn agus a neartú; [Leasú 402]

(o)  Comhar i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde, digiteáil, sonraí oscailte, mórshonraí, intleacht shaorga agus nuálaíocht, lena n-áirítear forbairt na taidhleoireachta eolaíche, a chur chun cinn; [Leasú 403]

(p)  Idirphlé idirchultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha de gach cineál a chur chun cinn, ceardaíocht áitiúil chomh maith leis na healaíona comhaimseartha agus léirithe cultúir a fhorbairt agus an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú a chur chun cinn; [Leasú 404]

(q)  Mná a chumhachtú chun tabhairt faoi ról níos mó sa gheilleagar agus sa chinnteoireacht;

(r)  Feabhas a chur ar rochtain ar obair chuibhiúil do chách i dtimpeallacht fholláin, agus margaí saothair atá níos cuimsithí agus atá ag feidhmiú go héifeachtach a chruthú, mar aon le beartais fostaíochta atá dírithe ar obair chuibhiúil, urraim do chearta an duine agus do chearta saothair, lena n-áirítear pá cuí maireachtála do chách, go háirithe mná agus an t-aos óg; [Leasú 405]

(ra)   A áirithiú go bhfuil an rochtain ar na hearnálacha miandóireachta cothrom agus inbhuanaithe ach fós nach rannchuidíonn siad le choinbhleachtaí nó éilliú; [Leasú 406]

(s)  Rochtain chóir, inbhuanaithe agus gan saobhadh ar na earnálacha miandóireachta a chur chun cinn; trédhearcacht, dícheall cuí agus freagracht infheisteora ar bhonn méadaithe a áirithiú, agus fós cuntasacht na hearnála príobháidí a chur chun cinn; bearta a chur i bhfeidhm a bheidh ag gabháil le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca. [Leasú 407]

AN tSÍOCHÁIN

6.  An tslándáil, an chobhsaíocht agus an tsíocháin Síocháin, slándáil agus cobhsaíocht [Leasú 408]

(a)  Rannchuidiú leis an tsíocháin, le cosc coinbhleachtaí agus dá bhrí sin leis an gcobhsaíocht trí chur le hathléimneacht stát, sochaithe, phobal agus daoine aonair maidir le brú agus suaití polaitiúla, eacnamaíocha, comhshaoil, déimeagrafacha agus sochaíocha, lena n-áirítear tacú le measúnuithe athléimneachta atá deartha chun acmhainneachtaí dúchasacha a shainaithint laistigh de shochaithe sa mhéid go bhféadfadh siad seasamh in aghaidh an bhrú agus na suaití sin, oiriúnú dóibh agus téarnamh go sciobtha uathu; [Leasú 409]

(aa)  Cultúr neamhfhoréigin a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’oideachas síochána foirmiúil agus neamhfhoirmiúil; [Leasú 410]

(b)  Tacú le cosc coinbhleachta, luathrabhadh agus cothú síochána trí idirghabháil, bainistiú géarchéime agus cobhsú agus tacú le hatógáil iarchoinbhleachta, lena n-áirítear trí ról feabhsaithe do mhná ag gach ceann de na céimeanna sin; acmhainneacht i bhforbairt muiníne, in idirghabháil, in idirphlé agus athmhuintearas, dea-chaidreamh comharsanachtúil agus bearta eile a rannchuidíonn le cosc agus socrú coinbhleachtaí a chur chun cinn, a éascú agus a fhorbairt, le haird ar leith ar theannais idir pobail atá ag teacht chun cinn chomh maith le bearta idir-réitigh idir codanna de shochaithe agus i gcás coinbhleachtaí agus géarchéimeanna atá ann le fada; [Leasú 411]

(ba)  Tacú le hathshlánú agus ath-imeascadh íospartach i gcoinbhleachtaí armtha, chomh maith le dí-armáil agus díshlógadh a dhéanamh i gcás iarchomhraiceoirí agus a dteaghlaigh, agus iad a athimeascadh isteach sa tsochaí shibhialta, lena n-áirítear freastal ar riachtanais shainiúla na mban; [Leasú 412]

(bb)  Feabhas a chur ar ról na mban agus daoine óga i gcothú na síochán agus i gcosc coinbhleachtaí, agus iad a lánpháirtiú, rannpháirtíocht shibhialta agus pholaitiúil fhónta a bheith acu agus aithint shóisialta a thabhairt dóibh; tacú le UNSCR 1325 a chur chun feidhme, go háirithe i staideanna agus tíortha leochaileacha, atá i gcoinbhleacht nó atá i staid iar-choinbhleachta; [Leasú 413]

(c)  Tacú le hathchóiriú atá íogair ó thaobh coinbhleachta de i gcás na hearnála slándála trína ndéantar slándáil atá níos éifeachtaí, níos daonlathaí agus níos cuntasaí le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus síocháin a chur ar fáil de réir a chéile do dhaoine aonair agus don stát; [Leasú 414]

(d)  Tacú le fothú acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt; [Leasú 415]

(da)   tacú le tionscnaimh dhí-armála réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus le córais agus sásraí chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú arm; [Leasú 416]

(e)  Tacú le tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha agus idirnáisiúnta lena rannchuidítear le slándáil, cobhsaíocht agus síocháin, chomh maith leis na tionscnaimh éagsúla sin a nascadh le chéile; [Leasú 417]

(f)  Radacú as a leanann antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac trí bhíthin cláir agus gníomhaíochtaí atá sonrach don chomhthéacs, íogair ó thaobh coinbhleachta agus inscne de agus atá dírithe ar dhaoine; [Leasú 418]

(fa)  Aghaidh a thabhairt ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh talún frithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialta, lena n-áirítear riachtanais na mban; [Leasú 419]

(fb)  Aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí sóisialta atá ag fórsaí armtha nó ar athstruchtúrú na bhfórsaí armtha, lena n-áirítear riachtanais na mban; [Leasú 420]

(fc)  Tacú le binsí, coimisiúin um fhírinne agus um athmhuintearas agus sásraí a chuirtear ar bun go háitiúil, náisiúnta, réigiúnach nó idirnáisiúnta ar bhonn ad hoc; [Leasú 421]

(g)  Comhrac i gcoinne foréigean, éilliú agus coireacht eagraithe agus sciúradh airgid d’aon chineál;

(h)  Comhar trasteorann maidir le hacmhainní nádúrtha comhroinnte a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe a chur chun cinn i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus le dlí an Aontais; [Leasú 422]

(i)  Comhoibriú le tríú tíortha in úsáid shíochánta fuinnimh núicléach, go sonrach trí fhorbairt acmhainneachta agus forbairt bonneagair i dtríú tíortha sna réimsí sláinte, talmhaíochta agus sábháilteachta bia; mar aon le tacú le gníomhuithe sóisialta a thugann aghaidh ar na hiarmhairtí a bhíonn ag aon timpiste raideolaíoch don chuid is soghonta den phobal agus atá dírithe ar na dálaí maireachtála atá acu a fheabhsú; bainistiú eolais, oiliúint agus oideachas i réimsí núicléacha a chur chun cinn. Déanfar na gníomhaíochtaí sin a fhorbairt in éineacht leis na gníomhaíochtaí sin a thagann faoin Ionstraim Eorpach maidir le Sábháilteacht Núicléach arna bunú le Rialachán AE .../... [Rialachán EINS]; [Leasú 423]

(j)  Slándáil agus sábháilteacht mhuirí a fheabhsú chun aigéin shábháilte, shlána, ghlana agus a bhainistítear go hinbhuanaithe a bheith ann; [Leasú 424]

(k)  Tacú le fothú acmhainneachta sa chibearshlándáil, líonraí digiteacha athléimneacha, cosaint sonraí agus príobháideachas.

COMHPHÁIRTÍOCHT

7.  Comhpháirtíocht

(a)  Úinéireacht, comhpháirtíocht agus idirphlé, a fheabhsú i measc na dtíortha chun rannchuidiú le gach gné den chomhar um fhorbairt feidhmiú níos éifeachtaí (agus aird ar leith á tabhairt do na dúshláin shonracha atá roimh na Tíortha is Lú Forbairt agus roimh na tíortha atá thíos le coinbhleacht, mar aon le dúshláin shealadacha shonracha atá roimh thíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh);

(b)  Idirphlé polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta, comhshaoil agus cultúrtha a dhéanamh ar bhonn níos doimhne idir an tAontas agus tríú tíortha agus eagraíochtaí réigiúnacha, agus tacú le gealltanais idirnáisiúnta agus déthaobhacha a chur chun feidhme;

(c)  Dea-chaidrimh chomharsanachta, lánpháirtiú réigiúnach, nascacht fheabhsaithe, comhar agus idirphlé a spreagadh;

(ca)  tacú le comhar méadaithe ó thíortha agus réigiúin chomhpháirteacha leis na réigiúin chomharsanacha is forimeallaí san Aontas agus le tíortha agus críocha thar lear a chuimsítear le Cinneadh [...] an [...] ón gComhairle maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach; [Leasú 425]

_________________________

1 Cinneadh ón gComhairle .../... an ... maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach ...(IO ...)

(d)  Timpeallacht chumasúcháin le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn, lena n‑áirítear fondúireachtaí, lena bhfeabhsófar a rannpháirtíocht fhónta struchtúrtha i mbeartais intíre agus ar a n-acmhainneacht chun a róil a fheidhmiú mar ghníomhaithe neamhspleácha forbartha agus rialachais; agus bealaí nua a neartú chun dul i mbun comhpháirtíochta le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, idirphlé substaintiúil agus struchtúrtha a chur chun cinn leis an Aontas agus úsáid éifeachtach a bhaint as treochláir náisiúnta le haghaidh páirteachas an Aontais leis an tsochaí shibhialta, mar aon le cur chun feidhme na dtreochlár sin; [Leasú 426]

(e)  Dul i mbun caidrimh le húdaráis áitiúla agus tacú lena ról mar lucht déanta beartas agus lucht déanta cinntí chun borradh a chur faoin bhforbairt áitiúil agus faoin rialachas feabhsaithe;

(f)  Dul i mbun caidrimh ar bhonn níos éifeachtaí le saoránaigh agus cosantóirí chearta an duine i dtríú tíortha, lena n-áirítear úsáid iomlán a bhaint as taidhleoireacht eacnamaíoch, chultúrtha, spóirt agus phoiblí; [Leasú 427]

(g)  Dul i mbun caidrimh le tíortha tionsclaíocha agus le tíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh maidir le Clár Oibre 2030, leasanna agus dúshláin phoiblí dhomhanda a chur chun feidhme, lena n‑áirítear i réimse an chomhair Theas-Theas agus an chomhair thriantánaigh;

(h)  Lánpháirtiú agus comhar réigiúnach a spreagadh ar bhealach a ndíreofar ar thorthaí trí thacaíocht a thabhairt don lánpháirtiú réigiúnach agus don idirphlé réigiúnach;

B.   Réimsí ar leith maidir leis an limistéar Comharsanachta

(a)  Comhar polaitiúil feabhsaithe a chur chun cinn;

(b)  Tacú le comhaontuithe comhlachais, comhaontuithe eile atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, agus cláir oibre chomhlachais agus tosaíochtaí comhpháirtíochta atá comhaontaithe ar bhonn comhpháirteach nó doiciméid choibhéiseacha a chur chun feidhme;

(c)  Comhpháirtíocht neartaithe le sochaithe a chur chun cinn idir an tAontas agus na tíortha comhpháirtíochta, lena n‑áirítear teagmháil idir daoine;

(d)  Comhar réigiúnach a fheabhsú, go háirithe faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir, an Aontais don Réigiún Meánmhuirí, agus comhoibriú ar fud limistéar na Comharsanachta Eorpaí mar aon le comhar trasteorann;

(e)  Lánpháirtiú comhleanúnach i margadh inmheánach an Aontais a bhaint amach mar aon le comhar feabhsaithe earnála agus trasearnála, lena n‑áirítear trí chomhfhogasú reachtach agus cóineasú rialála i dtreo chaighdeáin an Aontais agus i dtreo caighdeán idirnáisiúnta ábhartha eile agus feabhas a chur ar rochtain ar an margadh lena n‑áirítear limistéir shaorthrádála dhoimhne agus chuimsitheacha, institiúidí agus infheistíochtaí gaolmhara a fhorbairt. [Leasú 428]

IARSCRÍBHINN III

RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA FAOI CHLÁIR THÉAMACHA

1.  RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH CEARTA DAONNA AGUS AN DAONLATHAIS

—  Rannchuidiú leis na luachanna bunúsacha a bhaineann leis an daonlathas, an smacht reachta, uilíochas agus doroinnteacht chearta an duine, an meas ar dhínit an duine, prionsabail an neamh-idirdhealaithe, an chomhionannais agus na dlúthpháirtíochta, agus an meas ar phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. [Leasú 429]

—  An deis a chur ar fáil le haghaidh comhair agus comhpháirtíochta leis an tsochaí shibhialta maidir le saincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathas, lena n‑áirítear i gcásanna íogaire agus práinneacha. Forbrófar straitéis chomhleanúnach iomlánach ar gach leibhéal chun na cuspóirí thíos a ghnóthú. [Leasú 430]

—  Cearta daonna agus saoirsí bunúsacha a chaomhnú do chách, lena rannchuideofar le sochaithe a chruthú ina bhfuil an rannpháirtíocht, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas agus an chuntasacht, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas i réim. Déanfar faireachán ar an urraim a thabharfar do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha do chách agus déanfar iad a chosaint i gcomhréir le prionsabail uilíochas, doroinnteacht agus idirspleáchas chearta an duine. Áireofar ar raon feidhme an chláir cearta sibhialta, polaitiúla, eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha. Tabharfar aghaidh ar na dúshláin atá i gcearta an duine agus, san am céanna, cuirfear beocht sa tsochaí shibhialta agus tabharfar cumhacht do chosantóirí chearta an duine, lena gcuirfear san áireamh na deiseanna atá ag éirí níos lú do na gníomhaíochtaí atá acu. [Leasú 431]

—  An daonlathas a fhorbairt, a fheabhsú agus a chosaint, aghaidh a thabhairt ar gach gné den rialachas daonlathach ar bhonn cuimsitheach, lena ndéanfar iolrachas an daonlathais a threisiú, rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú, agus tacú le próisis thoghchánacha atá inchreidte cuimsitheach trédhearcach. Neartófar an daonlathas trí na crainn taca is tábhachtaí de chórais an daonlathais a chosaint, lena n‑áirítear an smacht reachta, noirm agus luachanna an daonlathais, meáin neamhspleácha, institiúidí chuntasacha agus cuimsitheacha, agus páirtithe polaitiúla agus parlaimintí san áireamh, agus an comhrac in aghaidh an éillithe. Is tábhachtach an ní ar fad é an bhreathnóireacht toghcháin chun go mbeidh tacaíocht leathan ann do na próisis dhaonlathacha. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh breathnóireacht thoghcháin an Aontais Eorpaigh de bheith ina chomhpháirt thábhachtach den chlár agus an obair leantach ar na moltaí ó mhisin bhreathnóireachta thoghcháin an Aontais Eorpaigh chomh maith leis sin. [Leasú 432]

—  Iltaobhachas éifeachtach agus comhpháirtíocht straitéiseach a chur chun cinn, rannchuidiú le hacmhainneachtaí creataí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta maidir le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint. Cuirfear borradh faoi chomhpháirtíochtaí straitéiseacha, agus aird ar leith á tabhairt ar Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine, an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus sásraí ábhartha réigiúnacha agus náisiúnta um chearta an duine. Lena chois sin, cuirfear oideachas agus taighde faoi chearta an duine agus faoin daonlathas chun cinn sa chlár, lena n‑áirítear an Campas Domhanda um Chearta an Duine agus um an Daonlathas. [Leasú 433]

Faoin gclár seo, tabharfaidh an tAontas cúnamh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda, réigiúnacha, náisiúnta agus áitiúla a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathú i gcomhpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta laistigh de na réimsí straitéiseacha idirghabhála seo a leanas:

1a.  Cearta an duine agus cosantóirí chearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn i dtíortha agus i staideanna éigeandála ina bhfuil cearta an duine agus saoirsí bunúsacha is mó i mbaol, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais cosanta práinneacha do chosantóirí chearta an duine ar shlí atá solúbtha agus cuimsitheach.

Tá an fócas ar shaincheisteanna a bhaineann le cearta an duine agus leis an daonlathú, ar saincheisteanna iad nach féidir aghaidh a thabhairt orthu trí chláir gheografacha nó trí chláir théamacha eile mar gheall ar a gcarachtar íogair nó a nádúr éigeandála. Sna cásanna sin, beidh sé mar thosaíocht an urraim don dlí idirnáisiúnta ábhartha a chur chun cinn agus tacaíocht phraiticiúil agus modh gníomhaíochta a thabhairt don tsochaí shibhialta áitiúil a bheidh ag gníomhú in imthosca an-deacra. Beidh aird ar leith freisin ar shásra cosanta sonrach do chosantóirí cheart an duine a neartú.

1b.  Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chaomhnú do chách, agus rannchuidiú le sochaithe a mhúnlú ina bhfuil rannpháirtíocht, neamh-idirdhealú, comhionannas, ceartas sóisialta, ceartas idirnáisiúnta agus cuntasacht i réim.

Beidh an cúnamh ón Aontas in ann aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna polaitiúla is íogaire atá ann, amhail pionós na bháis, céastóireacht, saoirse cainte i gcomhthéacsanna sriantacha, idirdhealú in aghaidh grúpaí soghonta, chomh maith le cosaint a thabhairt do chearta an linbh (e.g. saothar leanaí, gáinneáil ar leanaí, striapachas leanaí agus saighdiúirí linbh) agus na cearta sin a chur chun cinn, agus freagróidh sé do dhúshláin atá ag teacht chun cinn agus atá casta, amhail cosaint do dhaoine atá easáitithe mar gheall ar an athrú aeráide, ós rud é go mbeidh an cúnamh sin neamhspleách ar ghníomhaíocht agus go mbeidh sé an-solúbtha ó thaobh modúlachtaí comhair de.

1c.  Comhdhlúthú a dhéanamh ar an daonlathas agus tacú leis an daonlathas, aghaidh a thabhairt ar gach gné den rialachas daonlathach, lena n-áirítear iolrachas daonlathach a threisiú, rannpháirtíocht na saoránach a fheabhsú, timpeallacht chumasúcháin don tsochaí shibhialta a chruthú agus tacú le próisis thoghchánacha atá inchreidte, cuimsitheach agus trédhearcach, go háirithe trí bhíthin MBTanna AE.

Neartófar an daonlathas trí na crainn taca is tábhachtaí de chórais an daonlathais a chosaint, lena n-áirítear an smacht reachta, noirm agus luachanna an daonlathais, meáin neamhspleácha, institiúidí chuntasacha agus chuimsitheacha, lena n-áirítear páirtithe polaitiúla agus parlaimintí, chomh maith le hearnáil slándála cuntasach, agus an comhrac in aghaidh an éillithe. Beidh sé mar thosaíocht tacaíocht phraiticiúil agus modh gníomhaíochta a thabhairt go na gníomhaithe polaitiúla a bheidh ag déanamh a gcuid gníomhaíochtaí in imthosca an-deacra. Tá páirt iomlán ag breathnóireacht toghcháin sa tacaíocht leathan a thugtar do phróisis dhaonlathacha. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh breathnóireacht thoghcháin AE de bheith ina chomhpháirt thábhachtach den chlár, agus an obair leantach ar na moltaí ó MBTanna AE chomh maith leis sin.. Beidh fócas eile ann trí thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí breathnóireachta toghcháin de chuid na saoránach mar aon lena ngréasáin réigiúnacha ar fud an domhain.

Déanfar acmhainneacht agus infheictheacht eagraíochtaí breathnóireachta toghcháin de chuid na saoránach i gComharsanacht Thoir agus Theas na hEorpa, mar aon lena n-eagraíochtaí faoi seach ar an ardán réigiúnach, a neartú, go háirithe trí chlár inbhuanaithe piarfhoghlama le haghaidh eagraíochtaí breathnóireachta toghcháin de chuid na saoránach, atá neamhspleách agus neamhpháirtíneach, a chur chun cinn. Féachfaidh an tAontas le feabhas a chur ar acmhainneachtaí eagraíochtaí breathnóireachta toghcháin de chuid na saoránach ar an leibhéal intíre, chomh maith le hoideachas vótóirí, litearthacht meán agus cláir le haghaidh faireachán ar chur chun feidhme moltaí ó mhisin breathnóireachta toghchán intíre agus idirnáisiúnta a sholáthar, agus tabharfaidh sé cosaint d’inchreidteacht agus iontaobh na bhforas toghchánaíochta agus breathnóireacht toghchán.

1d.  Iltaobhachas éifeachtach agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha a chur chun cinn, rannchuidiú leis na hacmhainneachtaí atá ag creataí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus náisiúnta a threisiú agus gníomhaithe áitiúla a chumhachtú a mhéid a bhaineann le cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a chosaint.

Comhpháirtíochtaí le haghaidh cearta an duine, a dhíreoidh isteach ar an struchtúr náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine a neartú, lena n-áirítear tacaíocht don iltaobhachas, ós rud é gur bunriachtanach é neamhspleáchas agus éifeachtúlacht Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine (OHCHR), na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) agus na sásraí ábhartha réigiúnacha maidir le cearta an duine. Leanfar den tacú le hoideachas agus taighde ar chearta an duine agus ar an daonlathas, chomh maith le cur chun cinn na saoirse acadúla, lena n-áirítear trí thacú leis an gCampas Domhanda um Chearta an Duine agus um an Daonlathas..

1e.  Sineirgíochtaí agus gréasánú trasréigiúnacha nua a chothú i measc sochaithe sibhialta áitiúla agus idir an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí agus sásraí ábhartha eile ar son chearta an duine ionas go ndéanfar uasmhéadú ar chomhroinnt na ndea-chleachtas ar chearta an duine agus ar an daonlathas agus dinimicí dearfacha a chruthú.

Díreofar isteach ar chosaint agus cur chun cinn phrionsabal na huilíochta agus ar shainaithint agus comhroinnt dea-chleachtais i dtaobh chearta an duine ina n-iomláine, bídís sin sibhialta agus polaitiúil nó eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha, agus i dtaobh saoirsí bunúsacha, i.e. nuair a bhíonn aghaidh á tabhairt ar mhórdhúshláin, lena n-áirítear slándáil inbhuanaithe, an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, imirce neamhrialta agus an laghdú atá ag teacht ar an spás do ENGanna. Éileoidh an méid sin dícheall feabhsaithe chun raon leathan de gheallsealbhóirí a bhíonn ag déileáil le cearta an duine a thabhairt le chéile (e.g. Gníomhaithe áitiúla sa tsochaí shibhialta a bhíonn ag déileáil le cearta an duine, dlíodóirí, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus um chearta na mban, sindeacáití) ó thíortha agus ilchríocha éagsúla ar féidir leo, in éineacht, cás-scéal dearfach i dtaobh chearta an duine a chruthú a mbeidh éifeacht iolrach aige.

1f.  Déanfaidh an tAontas, ina chaidreamh le tríú tíortha faoin ionstraim seo, an dícheall idirnáisiúnta ionsar chomhaontú iltaobhach chun cosc a chur ar thrádáil earraí a úsáidtear don chéastóireacht agus do phionós an bháis a chur chun cinn tuilleadh. [Leasú 434]

2.  RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH EAGRAÍOCHTAÍ NA SOCHAÍ SIBHIALTA AGUS NA N-ÚDARÁS ÁITIÚIL [Leasú 435]

1.  Spás sibhialta don Sochaí shibhialta agus údaráis áitiúla atá cuimsitheach, bunaithe ar an rannpháirtíocht, cumhachtaithe agus neamhspleách sna tíortha comhpháirtíochta [Leasú 436]

(a)  Timpeallacht chumasúcháin a chruthú le haghaidh rannpháirtíocht na saoránach agus ghníomhaíocht na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí thacú le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta in idirphlé beartais agus trí bhíthin fondúireachtaí. [Leasú 437]

(b)  Acmhainneacht eagraíochtaí den tsochaí sibhialta a thacú agus a fhorbairt, lena n-áirítear fondúireachtaí, chun feidhmiú mar ghníomhaithe forbartha agus rialachais. [Leasú 438]

(c)  Acmhainneacht líonraí, ardán agus comhghuaillíochta de chuid na sochaí sibhialta sna tíortha comhpháirtíochta a mhéadú.

(ca)  Forbairt acmhainneachta, comhordú agus neartú institiúideach do CSOnna agus d’údaráis áitiúla - lena n-áirítear líonraí an Deiscirt de CSOnna agus údaráis áitiúla agus scátheagraíochtaí chun dul i bpáirteachas lena gcuid eagraíochtaí agus idir cineálacha éagsúla geallsealbhóirí atá gníomhach sa díospóireacht phoiblí maidir le forbairt, agus chun idirphlé a dhéanamh le rialtais i dtaobh an bheartais phoiblí agus a bheith rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas forbartha. [Leasú 439]

2.  Idirphlé le heagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus idirphlé eatarthu faoi bheartas forbartha [Leasú 440]

(a)  Fóraim idirphlé chuimsitheacha ina bhfuil a lán geallsealbhóirí agus neartú institiúideach ar líonraí na sochaithe sibhialta agus na n-údarás áitiúil a chur chun cinn, lena n-áirítear idirghníomhaíocht agus comhordú idir saoránaigh, eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, údaráis áitiúla, Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus príomhgheallsealbhóirí eile a bhaineann leis an bhforbairt; [Leasú 441]

(b)  An deis a chur ar fáil do ghníomhaithe de chuid na sochaí sibhialta chun dul i gcomhar le chéile agus an taithí atá acu a mhalartú le chéile;

(c)  Idirphlé substainteach struchtúrtha leanúnach agus comhpháirtíochtaí leis an Aontas Eorpach a áirithiú.

3.  Feasacht, eolas agus rannpháirtíocht shaoránaigh na hEorpa maidir le saincheisteanna na forbartha

(a)  Daoine a chumhachtú chun cur lena rannpháirtíocht;

(b)  Tacaíocht phoiblí a shlógadh san Aontas, i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha le haghaidh laghdú na bochtaineachta agus straitéisí forbartha inbhuanaithe cuimsitheacha i dtíortha comhpháirtíochta; [Leasú 442]

(ba)   Feasacht a mhúscailt faoi thomhaltas agus táirgeacht inbhuanaithe agus faoi na slabhraí soláthair agus na héifeachtaí tá ag cumhacht cheannaigh shaoránaigh an Aontais i dtaobh forbairt inbhuanaithe a chumasú. [Leasú 443]

3a.  Seirbhísí bunúsacha sóisialta arna seachadadh do phobail atá i ngátar a sholáthar

Idirghabhálacha i dtíortha comhpháirtíochta a thacaíonn le grúpaí soghonta agus imeallaithe trí sheirbhísí bunúsacha sóisialta a sholáthar, amhail sláinte - lena n-áirítear cothú, oideachas, cosaint shóisialta agus rochtain ar uisce shábháilte, ar shláinteachas agus ar shláintíocht, a ndéantar na seirbhísí sin a sheachadadh trí eagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus trí údaráis áitiúla. [Leasú 444]

3b.  Ról na nÚdarás Áitiúil mar ghníomhaithe forbartha a neartú tríd an méid seo a leanas:

(a)  acmhainneacht an Aontais a mhéadú agus líonraí, ardáin agus comhghuailleachtaí na n-údarás áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta a fhorbairt chun a áirithiú gur ann d’idirphlé beartais atá substaintiúla agus leanúnach, mar aon le rannpháirtíocht éifeachtach, i réimse na forbartha agus chun rialachas daonlathach a chur chun cinn, go háirithe trí an gCur Chuige Críochach i leith Forbairt Áitiúil;

(b)  idirghníomhaíochtaí a mhéadú le saoránaigh an Aontais i ndáil le saincheisteanna forbartha (múscailt feasachta, comhroinnt eolais, páirteachas, lena n-áirítear trí chritéir inbhuanaitheachta sa soláthar poiblí a ghlacadh), go háirithe i dtaca leo sin a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena n-áirítear san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha;

(c)  úinéireacht agus ionsú cabhrach a mhéadú trí chláir oiliúna laistigh den tír do sheirbhísigh shibhialta na n-údarás áitiúil maidir leis an gcaoi chun maoiniú ón Aontas a chur i bhfeidhm. [Leasú 445]

3.  RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH NA COTHÚ SÍOCHÁNA, COSC COINBHLEACHTAÍ COBHSAÍOCHTA AGUS NA SÍOCHÁNA [Leasú 446]

1.  Cúnamh maidir le coinbhleachtaí a chosc, maidir le cothú na síochána agus maidir le hullmhacht i gcomhair géarchéimeanna

Soláthróidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais ina gcumhdófar tacaíocht do bhearta lena ndírítear ar acmhainneacht an Aontais agus a chomhpháirtithe a fhorbairt agus a neartú maidir le coinbhleachtaí a chosc, le cothú na síochána agus le dul i ngleic le riachtanais réamh-ghéarchéime agus iar-ghéarchéime i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha eile, agus le gníomhaithe Stáit agus na sochaí sibhialta, a mhéid a bhaineann lena ndícheall go príomha sna réimsí seo a leanas, lena n-áirítear aird ar leith a thabhairt ar chomhionannas inscne, ar chumhachtú na mban agus ar rannpháirtíocht na mban na hóige: [Leasú 447]

(a)  luathrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta; bearta maidir le cothú muiníne, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas de a bheith ann i gceapadh beartais agus i gcur chun feidhme beartais; [Leasú 448]

(aa)  acmhainneacht i bhforbairt muiníne, in idirghabháil, in idirphlé agus i mbearta athmhuintearais a éascú agus a fhorbairt, le haird ar leith ar theannais idir pobail atá ag teacht chun cinn, go háirithe cinedhíothú agus coireanna in aghaidh na daonnachta a chosc; [Leasú 449]

(ab)  acmhainneachtaí a neartú le haghaidh rannpháirtíocht agus imlonnú i misin chobhsaíochta shibhialtach; acmhainneachtaí an Aontais, na sochaí sibhialta agus chomhpháirtithe an Aontais a neartú le haghaidh rannpháirtíocht agus imlonnú misean sibhialtacha i síochánaíocht agus i gcothú na síochána; malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le síochánaíocht, anailís choinbhleachta, luathrabhadh nó seachadadh oiliúna agus seirbhíse; [Leasú 450]

(b)  tacú le téarnamh iar-choinbhleachta, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar cheist na ndaoine atá ar iarraidh i staideanna iar-choinbhleachta, agus lena n-áirítear tacú le cur chun feidhme na gcomhaontuithe iltaobhacha ábhartha lena dtugtar aghaidh ar mhianaigh thalún agus ar fhuílligh phléascacha chogaidh chomh maith le tacú le téarnamh iarthubaiste atá ábhartha don staid pholaitiúil agus slándála; [Leasú 451]

(c)  tacú le gníomhaíochtaí i gcothú na síochána agus bhforbairt stáit, lena n-áirítear eagraíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta den tsochaí shibhialta, stáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta; agus forbairt a dhéanamh ar idirphlé struchtúrtha ina measc ar leibhéil éagsúla, idir an tsochaí shibhialta áitiúl agus tíortha comhpháirtíochta, agus leis an Aontas; [Leasú 452]

(d)  cosc coinbhleachta agus freagairt do ghéarchéimeanna;

(da)  gearradh siar ar an úsáid a bhaintear as acmhainní nádúrtha chun coinbhleachtaí a mhaoiniú agus tacú le comhlíontacht na ngeallsealbhóirí le tionscnaimh amhail Scéim Deimhniúcháin Phróiseas Kimberley, agus lena n-áirítear iad sin a bhaineann le Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d’ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca(51), go háirithe a mhéid a bhaineann le rialuithe éifeachtacha intíre a chur chun feidhme maidir le táirgeadh agus trádáil acmhainní nádúrtha; [Leasú 453]

(e)  Fothú Acmhainneachta maidir leis an tSlándáil agus na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt.. [Leasú 454]

(ea)  Tacú le gníomhaíochtaí a dhéanann comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn, go háirithe trí UNSCR 1325 agus 2250 a chur chun feidhme chomh maith le rannpháirtíocht agus ionadaíocht mná agus daoine óga i bpróisis síochána foirmiúla agus neamhfhoirmiúla; [Leasú 455]

(eb)  Tacú le gníomhaíochtaí lena gcuirtear chun cinn cultúr neamhfhoréigin, lena n-áirítear oideachas síochána foirmiúil, neamhfhoirmiúil agus seachfhoirmiúil; [Leasú 456]

(ec)  Tacú le gníomhaíochtaí a neartaíonn athléimneacht stát, sochaithe, phobal agus daoine aonair, lena n-áirítear measúnuithe athléimneachta atá deartha chun acmhainneachtaí inginúla a shainaithint laistigh de shochaithe sa mhéid go bhféadfadh siad seasamh in aghaidh an bhrú agus na suaití sin, oiriúnú dóibh agus téarnamh go sciobtha uathu; [Leasú 457]

(ed)   tacú le binsí coiriúla idirnáisiúnta agus binsí ad hoc náisiúnta, le coimisiúin fírinne agus athmhuintearais, le córais cheartas idirthréimhseacha agus le sásraí eile chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh maidir le cearta an duine agus chun ceart maoine a dhearbhú agus a bhreithniú, a bhunaítear i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse chearta an duine agus réimse an smachta reachta; [Leasú 458]

(ee)   tacú le bearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom, agus an rochtain atá orthu, a chomhrac; [Leasú 459]

Maidir le bearta sa réimse seo:

(a)  áireofar orthu aistriú feasa gnó, malartú faisnéise agus dea-chleachtas, measúnú riosca nó measúnú ar an mbagairt, taighde agus anailís, córais réamhrabhaidh, oiliúint, agus seachadadh seirbhísí;

(b)  rannchuideoidh siad le hidirphlé struchtúrach maidir le saincheisteanna cothaithe na síochána a fhorbairt tuilleadh;

(c)  féadfar a bheith san áireamh leo cúnamh teicniúil agus airgeadais chun gníomhaíochtaí tacaíochta do chothú na síochána agus d’fhorbairt Stáit a chur i bhfeidhm. [Leasú 460]

2.  Cúnamh maidir le tabhairt faoi bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus faoi bhagairtí atá ag teacht chun cinn

Soláthróidh an tAontas cúnamh teicniúil agus airgeadais chun tacú le dícheall na gcomhpháirtithe agus le gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí domhanda agus trasréigiúnacha agus ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn sna réimsí seo a leanas: [Leasú 461]

(a)  bagairtí ar an dlí agus ord, agus ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine aonair, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht, antoisceachas foréigneach, coireacht eagraithe, cibearchoireacht, bagairtí hibrideacha, gáinneáil aindleathach agus trádáil agus iompar neamhdhleathach, go háirithe neartú a dhéanamh ar acmhainneacht fhorghníomhú an dlí agus na n-údarás breithiúnach agus sibhialta a bhíonn bainteach leis an gcomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe, lena n-áirítear cibearchoireacht, agus gach cineál gáinneála agus i rialú éifeachtúil ar an trádáil agus iompar neamhdhleathach;

Tabharfar tosaíocht do chomhar trasréigiúnach a bhfuil baint ag dhá cheann nó níos mó de thríú tíortha leis a bhfuil toil shoiléir polaitíochta léirithe acu chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna atá ag teacht chun cinn.

Leagfaidh na bearta béim faoi leith ar dhea-rialachas agus beidh siad i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta. Féadfar comhar sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta a dhéanamh freisin le tíortha aonair, réigiúin aonair nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus fo-réigiúnacha.

Maidir le cúnamh d’údaráis atá bainteach leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, tabharfar tosaíocht do bhearta tacaithe a bhaineann le forbairt agus le neartú na ndlíthe frithsceimhlitheoireachta, le cur chun feidhme agus le cleachtadh an dlí airgeadais, an dlí custaim agus an dlí inimirce, le forbairt na nósanna imeachta um fhorfheidhmiú an dlí atá ar chomhréim leis na caighdeáin idirnáisiúnta is airde agus lena gcomhlíontar an dlí idirnáisiúnta, neartú an rialaithe dhaonlathaigh agus na sásraí formhaoirseachta institiúideacha, agus le cosc a chur ar radacachas foréigneach.

Maidir le cúnamh a bhaineann le fadhb na ndrugaí, tabharfar an aird chuí ar chomhar idirnáisiúnta a dhírítear ar dhea-chleachtais a chur chun cinn, ar cleachtais iad a bhaineann le héileamh, le táirgeadh agus le díobháil a laghdú. [Leasú 462]

(b)  bagairtí ar spásanna poiblí, ar an mbonneagar criticiúil, lena n-áirítear iompar idirnáisúnta, lena n-áirítear trácht paisinéirí agus lastais, oibríochtaí fuinnimh agus dáileadh fuinnimh, ar an gcibearshlándáil, ar an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear eipidéimí tobanna a bhfuil tionchar trasnáisiúnta féideartha ag gabháil leo, nó ar chobhsaíocht an chomhshaoil, bagairtí i gcoinne na slándála muirí, bagairtí domhanda agus tras-réigiúnacha a thagann ó thionchair an athraithe aeráide agus a d’fhéadfadh tionchar díchobhsaíochta a bheith acu ar an tsíocháin agus ar an tslándáil; [Leasú 463]

(c)  maolú rioscaí, bídís ina rioscaí toiliúla, taismeacha nó nádúrtha, a bhaineann le hábhair nó le hoibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha agus rioscaí do shuiteálacha nó do shuíomhanna gaolmhara, go háirithe sna réimsí seo a leanas;

(1)  tacú le gníomhaíochtaí taighde sibhialta, agus iad a chur chun cinn, mar mhalairt ar thaighde a bhaineann le cosaint;

(2)  feabhas a chur ar chleachtais sábháilteachta a bhaineann le saoráidí sibhialta ina ndéantar ábhair nó oibreáin íogaire cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha a stóráil nó a láimhseáil i gcomhthéacs na gclár taighde sibhialta;

(3)  faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí, tacú le bonneagar sibhialta agus staidéir shibhialta ábhartha a bhunú atá riachtanach chun saoráidí agus láithreacha a bhaineann le hairm a dhíchóimeáil, a leasú agus a athchóiriú i gcás ina ndearbhaítear nach cuid de chlár cosanta iad sin a thuilleadh;

(4)  cumas na n-údarás inniúil sibhialta a neartú a bhfuil baint acu le forbairt agus le forfheidhmiú ar rialú éifeachtach na gáinneála aindleathaí ar ábhair nó ar oibreáin cheimiceacha, bhitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha (lena n-áirítear an trealamh chun iad a tháirgeadh nó a sheachadadh);

(5)  forbairt a dhéanamh ar chreat dlíthiúil agus ar acmhainneachtaí institiúideacha chun rialuithe onnmhairiúcháin éifeachtacha a bhunú agus a fhorfheidhmiú, go háirithe maidir le hearraí dé-úsáide, lena n-áirítear bearta comhair réigiúnacha agus a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme fhorálacha an Chonartha Trádála Arm agus cloí leis an gconradh sin a chur chun cinn;

(6)  forbairt a dhéanamh ar ullmhacht éifeachtach i gcomhair tubaistí sibhialta, ar phleanáil éigeandála, ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna, agus ar an gcumas bearta glantacháin a dhéanamh.

Ionstraim Eorpach maidir le Sábháilteacht Núicléach arna bunú le Rialachán EINS. [Leasú 464]

(d)  Fothú Acmhainneachta maidir leis an tSlándáil agus an Fhorbairt Forbairt acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt. [Leasú 465]

4.  RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH DÚSHLÁIN DHOMHANDA

A.  POBAIL

1.  Sláinte

(a)  Gnéithe ríthábhachtacha de chóras sláinte éifeachtach agus cuimsitheach a fhorbairt ar fearr aghaidh a thabhairt orthu ar an leibhéal fornáisiúnta chun rochtain chothromasach, inacmhainne, cuimsitheach agus uilíoch ar sheirbhísí sláinte agus ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe; [Leasú 466]

(aa)  Seirbhísí bunriachtanacha agus seirbhísí tacaíochta síceolaíochta d'íospartaigh foréigin, go háirithe mná agus daoine a éigníodh ina leanaí, a chur chun cinn, a sholáthar agus a leathnú; [Leasú 467]

(b)  Tionscnaimh dhomhanda a threisiú atá ina bpríomhchuspóirí chun clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach trí cheannaireacht dhomhanda a léiriú i gcur chuige i leith an tsláinte a phlé i ngach beartas lena n‑áireofar leanúntas cúraim sláinte, an tsláinte a chur chun cinn ó chúram sláinte coisctheach go hiarchóireáil;

(c)  Aghaidh a thabhairt ar an tslándáil dhomhanda sláinte trí thaighde a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha, lena n-áirítear galair atá bainteach leis an mbochtaineacht agus galair a bhfuil siléig déanta iontu - agus iad a rialú, trí na galair sin agus cóireálacha leighis bhréige a chomhrac, úsáid a bhaint as eolas chun táirgí agus beartais shábháilte, inrochtana agus inacmhainne a cheapadh a rachaidh i ngleic le himdhíonadh, speictream leathan an ualaigh an ghalair atá ag athrú i rith an ama sheasta ar infhabhtuithe, galair agus eipidéimí atá ag teacht chun cinn agus ag teacht chun cinn an athuair agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach (galair neamhtheagmhálacha, míchothú de gach cineál agus fachtóirí riosca comhshaoil), agus a mhúnlaíonn margaí domhanda chun feabhas a chur ar an rochtain ar thráchtearraí sláinte agus seirbhísí cúraim shláinte ríthábhachtacha, go háirithe don tsláinte ghnéis agus atáirgthe. [Leasú 468]

(ca)  Tacú le tionscnaimh chun dlús a chur le rochtain ar chóireálacha leighis atá sábháilte, éifeachtúil agus inacmhainne (lena n-áirítear cóireálacha leighis cineálacha), diagnóisic agus teicneolaíochtaí sláintebhainteacha agus gach uirlis atá ar fáil chun praghas drugaí agus diagnóisc tarrthála saoil a úsáid. [Leasú 469]

(cb)  Dea-shláinte a chothú agus comhrac in aghaidh galair theagmhálacha trí chórais sláinte a neartú agus an Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a ghnóthú, lena n-áirítear trí fhócas méadaithe ar chosc agus ar dhul i ngleic le galair is féidir a chosc le vacsaín; [Leasú 470]

2.  Oideachas

(a)  Gnóthú spriocanna atá comhaontuithe go hidirnáisiúnta san oideachas a chur chun cinn agus bochtaineacht oideachasúil a chomhrac trí dhícheall domhanda comhpháirteach don oideachas ardcháilíochta atá cuimsitheach agus cothromasach ar gach leibhéal, le haghaidh gach aoise, lena n-áirítear forbairt luathóige,i gcásanna éigeandála agus i ngéarchéimeanna a chur chun cinn agus tosaíocht ar leith á tabhairt chórais oideachais phoiblí saor in aisce a neartú; [Leasú 471]

(b)  Eolas, taighde agus nuálaíocht, scileanna agus luachanna a threisiú trí chomhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí, ar mhaithe le saoránacht ghníomhach agus sochaithe táirgiúla, oideachasúla, daonlathacha, cuimsitheacha agus athléimneacha; [Leasú 472]

(c)  Tacú le gníomhú domhanda maidir le gach gné den idirdhealú agus den neamh-chomhionannas a laghdú, amhail na bearnaí idir cailíní/mná agus buachaillí/fir, chun a áirithiú go mbeidh comhionannas deiseanna ag gach duine páirt a ghlacadh sa saol eacnamaíoch, polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha; [Leasú 473]

(ca)   Tacú le dícheall gníomhaithe den tsochaí shibhialta, agus feabhas a chur ar na dea-chleachtais a ghlacann siad, chun oideachas cuimsitheach agus ardcháilíochta a áirithiú i dtimpeallachtaí leochaileacha ina bhfuil na struchtúir rialtais lag; [Leasú 474]

(cb)  Tacú le gníomhaíochtaí, agus comhar a chur chun cinn, i réimse an spóirt chun rannchuidiú le cumhachtú na mban agus daoine óga, daoine aonair agus pobal mar aon le cuspóirí sláinte, oideachais agus cuimsithe sóisialta Chlár Oibre 2030; [Leasú 475]

3.  Mná agus leanaí [Leasú 476]

(a)  Ceannasaíocht agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh áitiúla, náisiúnta agus réigiúnacha agus d’iarrachtaí, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí domhanda maidir le cearta na mban mar a leagtar amach iad i gCoinbhinsiún NA maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú agus sa Phrótacal Roghnach a ghabhann leis chun gach saghas foréigin, cleachtais dhíobhálacha agus gach cineál idirdhealaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní a dhíothú; áirítear orthu sin foréigean fisiciúil, síceolaíoch, gnéasach, eacnamaíoch, polaitiúil agus cineálacha eile foréigin agus idirdhealaithe, lena n-áirítear an t-eisiamh a fhulaingíonn mná sna réimsí éagsúla dá saol príobháideach agus poiblí; [Leasú 477]

(aa)  Aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an neamhionannais inscne mar bhealach chun tacú le cosc coinbhleachtaí agus le cothú síochána; cumhachtú na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear ina róil mar ghníomhaithe forbartha agus cothaitheoirí síochána; mná agus cailíní a chumhachtú ó thaobh a gcumas gníomhú, a nguth agus a rannpháirtíocht sa saol sóisialta, eacnamaíoch, polaitiúil agus cathartha; [Leasú 478]

(ab)  Cosaint agus comhlíonadh chearta na mban agus na gcailíní a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha, saothair, sóisialta agus polaitiúla, mar aon le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear seirbhísí, oideachas agus soláthairtí i réimse na sláinte gnéis agus atáirgthe. [Leasú 479]

(b)  Tionscnaimh nua a chur chun cinn chun córais níos láidre maidir le cosaint leanaí i dtríú tíortha a cheapadh, a áiritheoidh go ndéanfar leanaí a chosaint ar an bhforéigean, ar an mí-úsáid agus ar an bhfaillí i ngach réimse, lena n‑áirítear tríd an t‑aistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn. [Leasú 480]

3a.  Leanaí agus an óige

(a)  Tionscnaimh nua a chur chun cinn chun córais níos láidre maidir le cosaint leanaí i dtríú tíortha a fhorbairt, a áiritheoidh go mbeidh an tús is fearr sa saol ag leanaí agus go ndéantar iad a chosaint ar an bhforéigean, ar an mí-úsáid agus ar an bhfaillí i ngach réimse, lena n-áirítear tríd an t-aistriú ó chúram institiúideach do leanaí go cúram pobalbhunaithe do leanaí a chur chun cinn.

(b)  Rochtain ar bhunseirbhísí sóisialta do leanaí agus don óige a chur chun cinn, lena n-áirítear dóibh siúd is mó atá ar an imeall, le fócas ar shláinte, cothú, oideachas forbairt luathóige agus cosaint shóisialta, agus lena n-áirítear seirbhísí, oideachas agus soláthairtí i réimse na sláinte gnéis agus atáirgthe, seirbhísí tiomnaithe atá oiriúnach don óige agus oideachas cuimsitheacht ar ghnéasúlacht, cothú, oideachas agus cosaint shóisialta;

(c)  Rochtain don óige ar scileanna agus ar phoist chuibhiúla agus ardcháilíochta a chur chun cinn trí oideachas, gairmoiliúint agus oiliúint theicniúil, agus rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha; tacú le fiontraíocht don óige agus cruthú post inbhuanaithe le dálaí oibre cuibhiúla a chur chun cinn;

(d)  Tionscnaimh a chur chun cinn trína gcumhachtaítear daoine óga agus leanaí, agus tacú le beartais agus gníomhaíochtaí trína ráthaítear a gcuimsiú, a rannpháirtíocht fhiúntach sa saol sibhialta agus polaitiúil agus a n-aitheantas sóisialta, aitheantas a thabhairt don fhíormhianach atá iontu a bheith ina ngníomhaithe dearfacha don athrú i réimsí amhail an tsíocháin, an tslándáil, an fhorbairt inbhuanaithe, an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus laghdú na bochtaineachta. [Leasú 481]

4.  Imirce, soghluaisteacht agus easáitiú éigeantach [Leasú 482]

(a)  Ceannaireacht leanúnach AE a áirithiú chun an clár oibre domhanda maidir le gach gné den rialachas a bhaineann leis an imirce agus an easáitiú éigeantais a mhúnlú, agus imirce shábháilte, rianúil agus rialta a éascú; [Leasú 483]

(b)  Idirphlé faoi bheartais dhomhanda agus thrasréigiúnacha a stiúradh agus tacú leis sin, lena n-áirítear ar an imirce Theas-Theas agus malartú eolais agus comhar maidir leis an imirce agus an easáitiú éigeantais; [Leasú 484]

(c)  Tacú le gealltanais idirnáisiúnta agus gealltanais an Aontais Eorpaigh maidir leis an imirce agus an easáitiú éigeantach a chur chun feidhme, lena n‑áirítear obair leantach ar an gComhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce agus ar an gComhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe;

(d)  An bonn fianaise domhanda a fheabhsú, lena n‑áirítear an nasc idir earnáil na himirce agus na forbartha, agus gníomhuithe píolótacha a thionscnamh chun cineálacha cur chuige nuálacha oibríochtúla a cheapadh i réimse na himirce agus an easáitithe éigeantaigh.

(da)  I dtaca leis an gcomhar sa réimse seo, déanfar é le cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine agus beifear á bhainistiú i gcomhréir leis an [gCiste Tearmainn agus Imirce], agus lánurraim á tabhairt do dhínit an duine agus do phrionsabal an chomhtháthaithe beartais le haghaidh forbartha. [Leasú 485]

5.  Obair chuibhiúil, cosaint shóisialta agus neamh-chomhionannas

(a)  An clár oibre domhanda a mhúnlú agus tacú le tionscnaimh maidir le colún daingean de chothromas agus ceartas sóisialta a lánpháirtiú i gcomhréir le luachanna an Aontais Eorpaigh;

(b)  Rannchuidiú leis an gclár oibre domhanda maidir le hobair chuibhiúil do chách laistigh de thimpeallacht shláintiúil, ar bhonn bhunchaighdeáin saothair EIS, lena n-áirítear idirphlé sóisialta, pá cuí maireachtála agus an comhrac in aghaidh saothar leanaí, go háirithe ó thaobh slabhraí luacha domhanda a dhéanamh inbhuanaithe agus freagrach, bunaithe ar oibleagáidí cothrománacha díchill chuí, agus eolas a fheabhsú faoi bheartais éifeachtacha fostaíochta a fhreagraíonn do riachtanais mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil; [Leasú 486]

(ba)   Tacú le tionscnaimh dhomhanda maidir le gnó agus cearta an duine, lena n-áirítear cuntasacht chorparáideach as sáruithe ar chearta agus rochtain ar leighis; [Leasú 487]

(c)  Tacú le tionscnaimh dhomhanda maidir le cosaint shóisialta uilíoch atá de réir phrionsabail na héifeachtúlachta, na hinbhuanaitheachta agus an chothromais, lena n-áirítear tacú le haghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas agus an comhtháthú sóisialta a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le córais cosanta sóisialta atá inbhuanaithe a chur ar bun agus a neartú, mar aon le scéimeanna árachas sóisialta, agus a mhéid a bhaineann le hathchóiriú fioscach, atreisiú acmhainneacht na gcóras cánach agus an comhrac in aghaidh calaois, imghabháil cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach; [Leasú 488]

(d)  Taighde agus forbairt dhomhanda a chur i gcrích i rith an ama tríd an nuálaíocht shóisialta lena bhfeabhsófar cuimsiú sóisialta agus lena dtabharfar aghaidh ar na riachtanais atá ag na grúpaí is leochailí den tsochaí.

6.  Cultúr

(a)  Tionscnaimh maidir le héagsúlacht chultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha agus idir-reiligiúnach le haghaidh caidrimh shíochánta idir pobail a chur chun cinn; [Leasú 489]

(b)  Tacú leis an gcultúr agus le léiriú cruthaitheach agus ealaíonta agus mar uirlis chun forbairt shóisialta agus eacnamaíoch atá inbhuanaithe a spreagadh, agus an comhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha agus na healaíona comhaimseartha agus léirithe cultúrtha eile a threisiú, chomh maith leis na nithe sin a chaomhnú; [Leasú 490]

(ba)  Ceirdeanna áitiúla a fhorbairt mar bhealach chun an oidhreacht chultúrtha áitiúil a chaomhnú; [Leasú 491]

(bb)  Atreisiú ar an gcomhar chun an cultúr oidhreachta a choimirciú, a chaomhnú agus a fheabhsú, lena n-áirítear caomhnú na hoidhreachta cultúrtha atá thar a bheith soghonta, go háirithe i gcás mionlach agus pobail iargúlta chomh mhaith le pobail dhúchasacha; [Leasú 492]

(bc)   Tacú le tionscnaimh chun maoin chultúrtha fhilleadh go dtí na tíortha tionscnaimh nó iad a aiseag más rud é go ndearnadh iad a leithghabháil go haindleathach; [Leasú 493]

(bd)  Tacú le comhar cultúrtha leis an Aontas, lena n-áirítear trí mhalartuithe, comhpháirtíochta agus tionscnaimh eile agus aitheantas a thabhairt do ghairmiúlacht údar, ealaíontóirí agus oibreoirí cultúrtha agus cruthaitheacha; [Leasú 494]

(be)  Tacú le comhar agus comhpháirtíochtaí i measc eagraíochtaí spóirt. [Leasú 495]

B.  PLÁINÉAD

1.  Comhshaol folláin a áirithiú agus dul i ngleic leis an athrú aeráide

(a)  Rialachas aeráide agus comhshaoil dhomhanda a threisiú, Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, Coinbhinsiúin Rio agus comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil eile;

(b)  Rannchuidiú le teilgean seachtrach bheartais an Aontais maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide le lánurraim do phrionsabal an chomhleanúnachais beartais don fhorbairt; [Leasú 496]

(c)  Cuspóirí maidir leis an gcomhshaol, athrú aeráide agus laghdú rioscaí tubaiste a lánpháirtiú i mbeartais, pleananna agus infheistíochtaí trí eolas agus faisnéis fheabhsaithe, lena n-áirítear i gcláir comhair idir-réigiúnacha nó i mbearta idir tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin, ar láimh amháin, agus na réigiúin comharsanacha is forimeallaí agus tíortha agus críocha thar lear atá cumhdaithe ag Cinneadh OCT ar an láimh eile; [Leasú 497]

(d)  Tionscnaimh idirnáisiúnta agus AE a chur chun feidhme chun oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide agus forbairt aeráidseasmhach ísealcharbóin a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chur chun feidhme na Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (NDCanna) agus straitéisí ísealcharbóin aeráidseasmhacha, laghdú rioscaí tubaiste a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus cosc a chur ar chailliúint na bithéagsúlachta, caomhnú agus úsáid agus bainistiú inbhuanaithe na n-éiceachóras talún agus muirí chomh maith le hacmhainní nádúrtha inathnuaite -lena n-áirítear talamh, uisce, aigéin, iascach agus foraoisí, aghaidh a thabhairt ar dífhoraoisiú, fairsingiú fásaigh, díghrádú talún, lománaíocht neamhdhleathach agus gáinneáil ar fhiadhúlra, dul i ngleic le truailliú agus comhshaol folláin a áirithiú, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna aeráide agus comhshaoil atá ag teacht chun cinn, éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn mar aon le tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe, bainistiú comhtháite ar acmhainní uisce agus bainistiú fónta ar cheimiceáin agus ar dhramhaíl agus tacú leis an aistriú chuig geilleagair chiorclacha agus ghlasa íseal-astaíochtaí agus aeráidseasmhacha. [Leasú 498]

(da)  Cleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn, lena n-áirítear agra-éiceolaíocht, chun éiceachórais agus bithéagsúlacht a chosaint agus feabhas a chur ar an athléimneacht chomhshaoil agus shóisialta i leith an athraithe aeráide, le fócas ar leith ar thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí gabháltais, d’oibreoirí agus do cheardaithe; [Leasú 499]

(db)  Tionscnaimh idirnáisúnta agus Aontais a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanas bithéagsúlachta, agus chun caomhantas, úsáid agus bainistiú inbhuanaithe na éiceachóras talún agus muirí, mar aon leis an mbithéagsúlacht ghaolmhar, a chur chun cinn. [Leasú 500]

2.  Fuinneamh inbhuanaithe

(a)  Tacú le hiarrachtaí, gealltanais, comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí domhanda, lena n‑áirítear go fíorshonrach an t‑aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe; [Leasú 501]

(aa)  Slándáil fuinnimh a chur chun cinn do thíortha comhpháirtíochta agus do phobail áitiúla trí, mar shampla, fhoinsí fuinnimh agus bealaí fuinnimh a éagsúlú, á chur san áireamh leis sin saincheisteanna maidir le luaineacht praghsanna, an fhéidearthacht astaíochtaí a laghdú, margaí a fheabhsú agus idirnaisc agus trádáil fuinnimh, agus go háirithe leictreachais, a chothú; [Leasú 502]

(b)  Rialtais chomhpháirtíochta a spreagadh le lánleas a bhaint as beartas na hearnála fuinnimh agus as athchóirithe margaidh ionas go mbunófar timpeallacht atá fabhrach don fhás cuimsitheach agus d’infheistíochtaí a mhéadóidh an rochtain ar sheirbhísí fuinnimh atá oiriúnach don aeráid, inacmhainne, nua-aimseartha, iontaofa agus inbhuanaithe, agus a chuireann fócas láidir ar a thugann tosaíocht d’fhuinneamh inathnuaite agus d’éifeachtúlacht fuinnimh; [Leasú 503]

(c)  Samhlacha gnó atá inbhuanaithe ó thaobh an airgeadais de agus atá inscálaithe agus inmhacasamhlaithe a fhiosrú, a shainaithint, a phríomhshruthú ar bhonn domhanda agus tacú leis na samhlacha gnó sin, lena soláthrófar teicneolaíochtaí nuálacha digiteacha trí thaighde nuálach a áiritheoidh éifeachtúlacht mhéadaithe, go háirithe do chineálacha cur chuige díláraithe lena soláthrófar rochtain ar fhuinneamh trí fhuinneamh inathnuaite, lena n‑áirítear sna réimsí sin a bhfuil acmhainneacht an mhargaidh áitiúil teoranta.

C.  RATHÚNAS

1.  Fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, poist chuibhiúla agus rannpháirtíocht na hearnála príobháidí

(a)  Infheistíocht phríobháideach inbhuanaithe a chur chun cinn trí shásraí nuálacha maoinithe agus roinnt rioscaí lena n-áirítear le haghaidh LDCanna agus stáit leochaileacha nach mbeadh in ann infheistíocht den sórt sin a mhealladh ar shlí eile agus ar féidir breisíocht a chruthú ina leith; [Leasú 504]

(b)  Earnáil phríobháideach atá freagrach go sóisialach agus go héiceolaíoch a fhorbairt, an timpeallacht do ghnó agus d’infheistíocht a fheabhsú, tacú le hidirphlé feabhsaithe idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, agus acmhainneachtaí, iomaíochas agus athléimneacht Micrifhiontar, Fiontar Beag agus Meánmhéide, chomh maith le comharchumainn agus fiontair shóisialta, ar an leibhéal áitiúil a fhorbairt, mar aon lena lánpháirtiú isteach sa gheilleagar áitiúil, réigiúnach agus domhanda; [Leasú 505]

(ba)  Cuimsiú airgeadais a chur chun cinn trí rochtain do mhicrifhiontair agus FBManna agus do theaghlaigh, go háirithe grúpaí faoi míbhuntáiste agus grúpaí soghonta, ar sheirbhísí airgeadais, amhail micrichreidmheas agus coigilteas, micrea-árachas agus aistriú íocaíochta, a chur chun cinn mar aon le húsáid na seirbhísí sin acu; [Leasú 506]

(c)  Tacú le cur chun feidhme bheartas trádála agus comhaontuithe trádála an Aontais atá dírithe ar fhorbairt inbhuanaithe; agus rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú chomh maith le deiseanna infheistíochta agus gnó sa trádáil chóir agus atá freagrach agus cuntasach a fheabhsú do chuideachtaí ón Aontas fad a dhéantar bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a dhíothú, chomh maith le díriú ar rochtain ar theicneolaíochtaí agus maoiniú intleachtúil nach bhfuil díobhálacha don aeráid a éascú, ach fós a áirithiú gur ann don mhéid is féidir de chomhroinnt luachanna agus de dhícheall cuí ó thaobh cheart an duine de sna slabhraí soláthair, agus i lánurraim don chomhleanúnachas beartais don fhorbairt, sa chás gur tíortha i mbéal forbartha atá i gceist; [Leasú 507]

(d)  Meascán éifeachtach de bheartais a chur chun cinn a thacóidh le héagsúlú eacnamaíoch, breisiú luacha, agus lánpháirtiú réigiúnach agus geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe;

(e)  Rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha a éascú, lena n‑áirítear rochtain ar airgeadas agus cuimsiú airgeadais a chur chun cinn;

(f)  Tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí agus cleachtais nuálacha a chur chun cinn le haghaidh geilleagar ciorclach ísealcharbóin atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de.

2.  Slándáil bia agus cothaithe

(a)  Tacú le straitéisí, eagraíochtaí, sásraí agus gníomhaithe idirnáisiúnta a dhéanann saincheisteanna beartais agus creata móra domhanda maidir le slándáil inbhuanaithe bia agus cothaithe a leathnú amach, agus tionchar a imirt orthu sin, agus rannchuidiú leis an gcuntasacht i dtaobh gealltanas idirnáisiúnta maidir le slándáil bia, cothú agus talmhaíocht inbhuanaithe lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras; [Leasú 508]

(b)  Rochtain chothromasach ar bhia a áirithiú, lena n-áirítear trí chúnamh a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna mhaoinithe le haghaidh cothú; earraí poiblí domhanda a fhéachann le deireadh a chur leis an ocras agus le míchothú a fheabhsú; feabhsaíonn uirlisí amhail an Líonra Domhanda maidir le Géarchéimeanna Bia an acmhainneacht chun freagairt go leormhaith do ghéarchéimeanna bia agus cothaithe i gcomhthéacs an naisc idir an chabhair dhaonnúil, an fhorbairt agus an tsíocháin (a chuideoidh dá réir sin le hacmhainní Cholún 3 a shlógadh); [Leasú 509]

(ba)   Feabhas a chur, ar bhealach comhordaithe agus luathaithe, ar iarrachtaí trasearnála chun acmhainneacht a mhéadú le haghaidh táirgeadh bia ar mhodh éagsúlaithe ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, chun slándáil bia agus cothaithe a áirithiú, agus chun teacht aniar na ndaoine sin is mó atá soghonta a fheabhsú, go háirithe sna tíortha sin ar fada nó ar minic i ngéarchéim iad;; [Leasú 510]

(c)  Athdhearbhú ar an leibhéal domhanda ar an ról lárnach atá ag talmhaíocht agus iascach agus dobharshaothrú inbhuanaithe, lena n-áirítear talmhaíocht gabháltais, tógáil beostoic agus tréadachas, le haghaidh slándáil bia mhéadaithe, deireadh a chur leis an mbochtaineacht, cruthú post, rochtain chothromasach agus inbhuanaithe ar acmhainní, lena n-áirítear talamh agus cearta talún, uisce, (micri-)chreidmheas, síolta foinse oscailte agus ionchuir talmhaíochta eile, chomh maith le bainistiú na n-acmhainní sin, maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú dó, athléimneacht agus éiceachórais fholláine; [Leasú 511]

(d)  Nuálaíochtaí a chur ar fáil trí thaighde idirnáisiúnta agus eolas agus saineolas ar bhonn domhanda a threisiú, cur chun cinn agus atreisiú a dhéanamh i gcás straitéisí oiriúnúcháin áitiúla agus neamhspleácha, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide, le hagrai-bhithéagsúlacht, le slabhraí luacha domhanda cuimsitheacha, le trádáil chóir, le sábháilteacht bia, le hinfheistíochtaí freagracha agus le rialachas tionachta talún agus acmhainní nádúrtha. [Leasú 512]

(da)   Tacú go gníomhach le rannpháirtíocht mhéadaithe ag an tsochaí shibhialta agus ag eagraíochtaí feirmeoireachta i ndéanamh beartais agus i gcláir thaighde agus a mbainteacht i gcur chun feidhme agus i meastóireacht na gclár rialtais a mhéadú. [Leasú 513]

D.  COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ

1.  Ról na nÚdarás Áitiúil mar ghníomhaithe forbartha a neartú tríd an méid seo:

(a)  Acmhainneacht líonraí, ardán agus comhghuaillíochtaí de chuid údaráis áitiúla na hEorpa agus an Deiscirt a mhéadú chun idirphlé beartais a bheidh substainteach agus leantach a áirithiú i réimse na forbartha agus chun rialachas daonlathach a chur chun cinn, go sonrach tríd an gCur Chuige Críochach i leith Forbairt Áitiúil;

(b)  Idirghníomhaíochtaí le saoránaigh an Aontais a mhéadú maidir le saincheisteanna na forbartha (múscailt feasachta, comhroinnt eolais, rannpháirtíocht), go sonrach maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, lena n‑áirítear san Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha.

2.  Sochaithe cuimsitheacha, an dea-rialachas eacnamaíoch, lena n-áirítear slógadh ioncaim intíre atá cothrom agus cuimsitheach agus an comhrac in aghaidh seachaint cánach, bainistiú trédhearcach airgeadais phoiblí agus caiteachas poiblí éifeachtach cuimsitheach a chur chun cinn. [Leasú 514]

4a.  RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH RIACHTANAIS AGUS TOSAÍOCHTAÍ SAN BHEARTAS EACHTRACH

Maidir le gníomhaíochtaí chun tacú leis na cuspóirí a leagtar amach i bpointe (d a) d’Airteagal 4(3), beidh siad ina dtacaíocht do bheartas eachtrach an Aontais ar fud na saincheisteanna polaitiúla, forbartha, eacnamaíocha agus slándála. Cuirfidh na gníomhaíochtaí sin ar chumas an Aontais gníomhú i gcás ina mbeidh leas beartais eachtraigh ann, nó i gcás ina mbeidh ionú ann a chuspóirí a ghnóthú, agus ar deacair aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile. D'fhéadfaidís na nithe seo a leanas a chumhdach:

(a)  tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhar, idirphlé beartais a chur chun cinn agus cineálacha cur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna i leith dúshláin atá ann don domhan uile a chur chun cinn, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le himirce, forbairt, an t-athrú aeráide agus slándáil agus sábháilteacht, go háirithe sna réimsí seo a leanas:

–  tacú le Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair, pleananna gníomhaíochta agus ionstraimí déthaobhach comhchosúla a chur chun feidhme;

–  an t-idirphlé polaitiúil agus eacnamaíoch le tríú tíortha a bhfuil ábharthacht ar leith acu i ngnóthaí domhanda, lena n-áirítear i mbeartas eachtrach, a dhoimhniú;

–  tacú le páirteachas le tríú tíortha ábhartha maidir le saincheisteanna déthaobhacha agus domhanda ar ábhar leasa coitinn iad;

–  gníomhaíocht iardain nó cur chun feidhm comhordaithe a chur chun cinn i leith aon chonclúidí a dtagtar orthu agus aon ghealltanais a dhéantar sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha;

(b)  tacú le beartas trádála an Aontais:

–  tacú le beartas trádála an Aontais agus le caibidliú, cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhaontuithe trádála, le lánurraim don chomhleanúnachas beartais don fhorbairt, sa chás gur tíortha i mbéal forbartha atá i gceist, agus le lán-ailíniú ar shaothrú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;

–  tacú le feabhas a chur ar an rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta agus borradh a chur faoi dheiseanna trádála, infheistíochta agus gnó do chuideachtaí ón Aontas, go háirithe FBManna, agus fós bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a dhíothú chomh maith le cosaint a thabhairt do chearta maoine intleachtúla, trí bhíthin taidhleoireacht eacnamaíoch agus comhar i gcúrsaí gnó agus rialála, leis na hoiriúnuithe is gá á ndéanamh i ndáil le tíortha comhpháirtíochta i mbéal forbartha;

(c)  rannchuidithe le cur chun feidhme na gné idirnáisiúnta de bheartais inmheánacha an Aontais:

–  rannchuidithe le cur chun feidhme na gné idirnáisiúnta de bheartais inmheánacha an Aontais amhail, inter alia, an comhshaol, an t-athrú aeráide, fuinneamh, eolaíocht agus oideachas agus comhar ar bhainistiú agus rialachas na n-aigéan;

–  beartais inmheánacha an Aontais le tíortha comhpháirtíochta lárnacha a chur chun cinn agus tacú le cóineasú rialála i ndáil leis sin;

(d)  tuiscint fhorleathan ar an Aontas agus a infheicthe atá sé, chomh maith lena ról ar an ardán domhanda, a chur chun cinn:

–  tuiscint fhorleathan ar an Aontas agus a infheicthe atá sé, chomh maith lena ról ar an ardán domhanda a chur chun cinn trí bhíthin cumarsáid straitéiseach, taidhleoireacht phoiblí, theagmhálacha idir daoine, taidhleoireacht chultúrtha, comhar i gcúrsaí oideachais agus acadúla, agus gníomhaíochtaí for-rochtana chun luachanna agus leasanna an Aontais a chur chun cinn;

–  soghluaisteacht mac léinn agus foirne acadúla a fheabhsú, as a leanfaidh cruthú comhpháirtíochtaí lena ndírítear ar fheabhas a chur ar cháilíocht an ardoideachais agus chomhchéimeanna as a leanann aitheantas acadúil (‘Clár Erasmus+’).

Déanfaidh na gníomhaíochtaí sin beartais nó tionscnaimh nuálacha a chur i bhfeidhm, a bheidh ag freagairt do riachtanais, deiseanna agus tosaíochtaí gearrthéarmacha nó meántéarmacha atá ann faoi láthair nó atá ag athrú, lena n-áirítear beartais nó tionscnaimh lenar féidir bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo faoi chláir gheografacha nó théamacha. Beidh siad ag díriú isteach ar neartú chaidreamh an Aontais le tíortha lárnacha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas leo, chomh maith le neartú an idirphlé leis na tíortha sin agus le comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí a fhorbairt leo, go háirithe sna tíortha sin a bhfuil an geilleagar ag teacht chun cinn iontu agus sna tíortha méan-ioncaim a bhfuil ról tábhachtach méadaitheach acu i gcúrsaí domhanda, i rialachas domhanda, i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta, agus i bhfóraim iltaobhacha.. [Leasú 515]

IARSCRÍBHINN IV

RÉIMSÍ IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH GNÍOMHUITHE MEARFHREAGARTHA

1.  Gníomhaíochtaí chun rannchuidiú le síocháin, cobhsaíocht agus cosc coinbhleachta i staideanna práinne, géarchéime a bheidh ag teacht chun cinn, géarchéime agus iar-ghéarchéime. [Leasú 516]

Déanfar gníomhuithe mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe a) d’Airteagal 4(4) a dhearadh chun go dtabharfaidh an tAontas Eorpach freagairt éifeachtach do na cásanna eisceachtúla gan choinne a leanas:

(a)  staid práinne, géarchéime, géarchéime atá ag teacht chun cinn nó tubaistí nádúrtha, i gcás inarb ábhartha iad do chobhsaíocht, don tsíocháin agus don tslándáil; [Leasú 517]

(b)  staid atá ina bagairt ar an tsíocháin, an daonlathas, dlí agus ord, cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó ar shlándáil nó sábháilteacht daoine aonair, go háirithe na daoine sin atá faoi lé foréigin inscne-bhunaithe i staideanna éagobhsaíochta; [Leasú 518]

(c)  cás ina bhfuil an baol ann go n‑eascróidh coinbhleacht armtha as nó go ndéanfaidh an tríú tír nó tíortha lena mbaineann a dhíchobhsú go holc.

1a.  Leis an gcúnamh teicniúil agus airgeadais dá dtagraítear i mír 1, féadfar an méid seo a leanas a chumhdach:

(a)  tacaíocht, trí chúnamh teicniúil agus lóistíochta a sholáthar, do na hiarrachtaí a dhéanann eagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus a dhéanann gníomhaithe Stáit agus den tsochaí shibhialta ar mhaithe le cur chun cinn a dhéanamh ar chothú muiníne, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas, ceartas idirthréimhseach agus cumhachtú na mban agus na hóige, go háirithe a mhéid a bhaineann le teannais i bpobail agus le choinbhleachtaí atá ar siúl le fada;

(b)  tacaíocht do chur chun feidhme rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, le haird ar leith ar na rúin sin maidir le mná, síocháin agus slándáil agus an óige, síocháin agus slándáil, go háirithe i dtíortha leochaileacha, atá i gcoinbhleacht nó atá i staid iarchoinbhleachta;

(c)  tacaíocht do bhunú agus d'fheidhmiú na riarachán eatramhach arna sainordú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

(d)  tacaíocht d’forbairt institiúidí stáit atá daonlathach agus iolraíoch, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna hinstitiúidí sin, do riarachán sibhialtach éifeachtach agus d’formhaoirseacht shibhialtach a dhéanamh ar an gcóras slándála, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do bhearta chun acmhainneacht na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach atá bainteach leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus gach cineál gáinneála aindleathaí a neartú;

(e)  tacaíocht do bhinsí coiriúla idirnáisiúnta agus binsí ad hoc náisiúnta, le coimisiúin fírinne agus athmhuintearais, le córais cheartas idirthréimhseacha agus le sásraí eile chun socrú dlíthiúil a dhéanamh ar éilimh maidir le cearta an duine agus chun ceart maoine a dhearbhú agus a bhreithniú, a bhunaítear i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta i réimse chearta an duine agus réimse an smachta reachta;

(f)  tacaíocht d’atreisiú na hacmhainneachta Stáit - atá i ngleic le brú suntasach chun a chuid croífheidhmeanna a fhorbairt, a choimeád nó a athbhunú go mear, agus don chomhtháthú bunúsach sóisialta agus polaitiúil;

(g)  tacaíocht do bhearta atá riachtanach chun tús a chur le hathshlánú agus le hatógáil bonneagair lárnaigh, tithíochta, foirgneamh poiblí agus sócmhainní eacnamaíocha, maille le cumas táirgthe riachtanach, chomh maith le tacaíocht do bhearta eile chun gníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, fostaíocht a chruthú agus chun na híoschoinníollacha a bhunú atá riachtanach chun forbairt shóisialta inbhuanaithe a bheith ann;

(h)  tacaíocht do bhearta sibhialtach a bhaineann le díshlógadh agus le hathimeascadh iarchomhraiceoirí agus a dteaghlaigh sa tsochaí shibhialta, agus i gcás inarb iomchuí lena n-aisdúichiú, chomh maith le tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar chás na saighdiúirí linbh agus na gcomhraiceoirí mná;

(i)  tacaíocht do bhearta chun na héifeachtaí sóisialta a bhíonn ag athstruchtúrú na bhfórsaí armtha a mhaolú;

(j)  tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí, ar an tionchar socheacnamaíoch a bhíonn ag mianaigh talún frithphearsanra, ag ordanás neamhphléasctha nó ag iarsmaí pléascacha cogaidh ar an bpobal sibhialtach. Maidir le gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, féadfaidh siad, inter alia, oideachas rioscaí, brath agus imréiteach mianach agus, i gcomhar leis an méid sin, scrios na stoc-charn a chlúdach;

(k)  tacaíocht do bhearta chun úsáid aindleathach arm tine, mionarm agus arm éadrom, agus an rochtain atá orthu, a chomhrac, faoi chuimsiú bheartais chomhair an Aontais agus a gcuspóirí;

(l)  tacaíocht do bhearta chun a áirithiú go gcomhlíontar ar bhealach leormhaith na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí i ngéarchéimeanna agus i staideanna coinbhleachta;

(m)  tacaíocht d'athshlánú agus d'athimeascadh na n-íospartach coinbhleachta armtha, lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt na riachtanais shonracha a bhíonn ag mná agus ag leanaí;

(n)  tacaíocht do bhearta chun urramú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an daonlathas agus an smacht reachta, agus na hionstraimí idirnáisiúnta gaolmhara, a chur chun cinn agus a chosaint;

(o)  tacaíocht do bhearta socheacnamaíocha chun rochtain chothromasach agus bainistiú trédhearcach ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn i staid géarchéime nó i staid géarchéime atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

(p)  tacaíocht do bhearta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gluaiseachtaí tobanna daonra atá ábhartha don staid pholaitiúil agus slándála, lena n-áirítear bearta lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na bpobal óstach i staid géarchéime nó i staid géarchéime atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear cothú na síochána;

(q)  tacaíocht do bhearta chun forbairt agus eagrú na sochaí sibhialta a chur chun cinn mar aon lena rannpháirtíocht sa phróiseas polaitiúil, lena n-áirítear bearta chun feabhas a chur ar ról na mban sna próisis sin agus tacaíocht do bearta chun meáin chumarsáide neamhspleácha, iolraíocha agus ghairmiúla a chur chun cinn;

(r)  forbairt acmhainneachta na ngníomhaithe míleata chun tacú leis an bhforbairt agus leis an tslándáil don fhorbairt. [Leasú 519]

2.  Gníomhuithe chun cur le hathléimneacht a neartú agus an chabhair dhaonnúil agus an gníomhaíocht forbartha a nascadh le chéile

Na gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4(4), déanfar iad a dhearadh chun go neartófar athléimneacht go héifeachtach agus go nascfar an chabhair dhaonnúil le gníomhaíochtaí forbartha nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go mear trí chláir gheografacha agus théamacha agus chun comhleanúnachas, chomhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú le cabhair dhaonnúil faoi mar a sonraítear in Airteagal 5. [Leasú 520]

Féadfar a áireamh ar na gníomhuithe sin an méid seo a leanas:

(a)  athléimneacht a neartú trí thacú le daoine aonair, pobail, institiúidí agus tíortha chun ullmhú níos fearr do bhrú agus suaitheadh, idir pholaitiúil, eacnamaíoch agus shochaíoch, do thubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine, do coinbhleachtaí agus do bhagairtí domhanda, agus chun iad sin a sheasamh, dul in oiriúint dóibh agus teacht slán uatha go sciobtha; lena n-áirítear trí acmhainneacht - in aghaidh brú mór chun a chroífheidhmeanna a thógáil go sciobtha, iad a choinneáil agus a athbhunú, agus comhtháthú bunúsach sóisialta agus polaitiúil agus comhtháthú na sochaithe, na bpobal agus na ndaoine aonair a mhéid a bhaineann le bainistiú deiseanna agus rioscaí ar bhonn cobhsaí atá síochánta íogair don choinbhleachtaí a atreisiú agus slite beatha a fhorbairt, a choinneáil nó a athbhunú in ainneoin mórbhrú a bheith orthu, agus tacú le daoine aonair, le pobail agus le sochaithe chun go sainaithneoidh siad agus go neartóidh siad na hacmhainneachtaí dúchasacha atá ann cheana chun an brú agus na suaití sin, lena n-áirítear brú agus suaitheadh a bhféadfadh géarú ar an bhforéigean leanúint astu, a sheasamh, oiriúnú dóibh agus teacht slán uathu go sciobtha; [Leasú 521]

(b)  tionchair dhiúltacha ghearrthéarma a thagann as suaití eisginiúla, lena gcruthaítear neamhchobhsaíocht mhaicreacnamaíoch, a mhaolú agus lena ndíreofar ar athchóirithe socheacnamaíocha agus caiteachas poiblí tosaíochta le haghaidh forbairt socheacnamaíoch agus laghdú bochtaineachta;

(c)  téarnamh agus atógáil ghearrthéarma a chur i gcrích chun a chur ar chumas íospartach de dheasca tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine, coinbhleachtaí agus bagairtí domhanda leas a bhaint as méid beag áirithe de lánpháirtiú socheacnamaíoch agus, chomh luath agus is féidir, na dálaí a chruthú agus tús a chur arís leis an bhforbairt ar bhonn cuspóirí fadtéarma a leagfaidh amach na tíortha agus na réigiúin lena mbaineann; Áirítear air sin aghaidh a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha agus láithreacha a thagann as easáitiú daoine (dídeanaithe, daoine easáitithe agus fillí) éigeantais tar éis tubaistí nádúrtha nó de dhéanamh an duine; agus [Leasú 522]

(d)  cabhrú leis an Stát, réigiún, údaráis áitiúla nó eagraíochtaí neamhrialtasacha áirithe chun sásraí coiscthe agus ullmhachta gearrthéarmacha i gcás tubaistí a chur ar bun, lena n-áirítear tuar agus luathrabhadh, d’fhonn iarmhairtí tubaistí a laghdú. [Leasú 523]

3.  Gníomhuithe a thugann aghaidh ar riachtanais agus tosaíochtaí beartais eachtraigh.

Le gníomhuithe mearfhreagartha dá dtagraítear i bpointe c) d’Airteagal 4(4) tacófar le beartas eachtrach an Aontais sna saincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála. Cuirfear ar chumas an Aontais gníomhú i gcás ina mbeidh leas beartais eachtraigh práinneach nó riachtanach, nó i gcás ina mbeidh ionú ann a chuspóirí a ghnóthú, lena n‑éilítear mearfhreagairt agus i gcás gur deacair aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach eile.

Féadfar a áireamh ar na gníomhuithe sin an méid seo a leanas:

(a)  tacú le straitéisí déthaobhacha, réigiúnacha agus idir-réigiúnacha an Aontais i dtaca le comhar, trí idirphlé maidir le beartas a chur chun cinn agus trí chur chuige comhchoiteann agus freagairtí comhchoiteanna a cheapadh ar dhúshláin atá ann don domhan uile, lena n‑áirítear saincheisteanna a bhaineann le himirce agus slándáil, agus lena mbainfear leas as an ionú maidir leis sin.

(b)  tacaíocht do bheartas trádála agus comhaontuithe trádála an Aontais agus dá gcur chun feidhme; agus rochtain ar mhargaí tíortha comhpháirtíochta a fheabhsú agus deiseanna trádála, infheistíochta agus gnó a fheabhsú do chuideachtaí ón Aontas, go háirithe FBManna, agus bacainní ar rochtain ar an margadh agus ar infheistíocht a bhaint, trí bhíthin taidhleoireacht i ndáil leis an ngeilleagar agus trí chomhar gnó agus rialála.

(c)  rannchuidiú leis an ngné idirnáisiúnta de bheartais inmheánacha an Aontais a chur chun feidhme amhail inter alia comhshaol, athrú aeráide, fuinneamh, agus comhar ar bhainistiú agus rialachas na n‑aigéan;

(d)  tuiscint fhorleathan maidir leis an Aontas agus a infheicthe atá sé agus a ról ar an ardán domhanda a chur chun cinn trí thaidhleoireacht phoiblí, trí theagmháil idir daoine, trí thaidhleoireacht chultúrtha, trí chomhar i gcúrsaí oideachais agus acadúla, agus trí ghníomhaíochtaí for-rochtana chun leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn.

Leis na gníomhaíochtaí sin cuirfear beartais nó tionscnaimh nuálacha chun feidhme, a chomhfhreagróidh do riachtanais, deiseanna agus tosaíochtaí gearrthéarma nó meántéarma atá ann faoi láthair nó atá ag athrú, lenar féidir bonn eolais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí amach anseo faoi chláir gheografacha nó théamacha. Leis na gníomhaíochtaí sin díreofar ar chaidreamh an Aontais a neartú le tíortha, an tAontas dul i mbun idirphlé leo agus comhghuaillíochtaí a chothú leis na tíortha a bhfuil leas straitéiseach ag an Aontas leo, go háirithe sna tíortha sin a bhfuil an geilleagar ag teacht chun cinn iontu agus sna tíortha sin nach bhfuil á dtuilleamh iontu ach ioncaim nach ard, ar tíortha iad a bhfuil ról tábhachtach méadaithe acu i gcúrsaí domhanda, i rialachas domhanda, i mbeartas eachtrach, sa gheilleagar idirnáisiúnta, agus i bhfóraim iltaobhacha. [Leasú 524]

IARSCRÍBHINN V

RÉIMSÍ TOSAÍOCHTA IN OIBRÍOCHTAÍ CEFI+ A CHUIMSÍTEAR LEIS AN RÁTHAÍOCHT DO GHNÍOMHAÍOCHTAÍ SEACHTRACHA

Is é an cuspóir a bheidh ag Rannchuideoidh oibríochtaí CEFI+ atá incháilithe do thacaíocht tríd an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha díriú go háirithe ar na réimsí tosaíochta seo a leanas: [Leasú 525]

(a)  maoiniú agus tacaíocht a sholáthar d’fhorbairt na hearnála príobháidí, fiontraíochta sóisialta agus comharchumann a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 209(2) den Rialachán Airgeadais, chun rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe ina gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, agus le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, Chomhaontú Pháras agus, i gcás inarb iomchuí, Bheartas Comharsanachta na hEorpa mar aon leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán IPA III, le díothú na bochtaineachta, le scileanna agus fiontraíocht a chur chun cinn, le comhionannas inscne agus le cumhachtú na mban agus na ndaoine óga, fad a dhéantar an smacht reachta, dea-rialachas agus cearta an duine a saothrú agus a neartú, agus fócas ar leith ar chuideachtaí áitiúla, ar fhiontair shóisialta agus ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide, ar poist chuibhiúla a chruthú i gcomhlíonadh chaighdeáin ábhartha ESI, ar phá cuí maireachtála, ar dheisceanna eacnamaíochta, agus rannchuidiú na gcuideachtaí Eorpacha le cuspóirí CEFI+ a spreagadh; [Leasú 526]

(b)  aghaidh a thabhairt ar scrogaill atá roimh infheistíochtaí príobháideacha trí ionstraimí airgeadais a chur ar fáil, ar ionstraimí iad a fhéadfar a bheith ainmnithe in airgeadra áitiúil na tíre comhpháirtíochta lena mbaineann, lena n‑áirítear ráthaíochtaí céadchaillteanais do phunanna, ráthaíochtaí do thionscadail earnála príobháidí amhail ráthaíochtaí iasachta d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ráthaíochtaí lena gcumhdaítear rioscaí sonracha i dtionscadail bhonneagair agus caipiteal eile riosca;

(c)  maoiniú na hearnála príobháidí a ghiaráil, agus béim ar leith á leagan ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide, trí aghaidh a thabhairt ar scrogaill agus ar chonstaicí don infheistíocht;

(d)  earnálacha socheacnamaíocha agus limistéir shocheacnamaíocha agus bonneagar poiblí agus príobháideach gaolmhar agus nascacht inbhuanaithe a neartú, lena n‑áirítear fuinneamh inathnuaite agus inbhuanaithe, bainistiú uisce agus dramhaíola, iompar, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, chomh maith leis an gcomhshaol, úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, talmhaíocht inbhuanaithe agus geilleagar gorm, bonneagar sóisialta, sláinte, agus caipiteal daonna d’fhonn feabhas a chur ar an timpeallacht shocheacnamaíoch;

(e)  rannchuidiú le gníomhaíocht ar son na haeráide agus le cosaint agus bainistiú an chomhshaoil, agus ar an tslí sin comhthairbhí aeráide agus comhshaoil a tháirgeadh, 45% den mhaoiniú a leithdháileadh ar infheistíochtaí a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide, bainistiú agus cosaint chomhshaoil, bithéagsúlacht agus comhrac an fhairsingithe fásaigh, ar cheart 30% den imchlúdach airgeadais foriomlán a thiomnú do mhaolú agus oiriúnú don athrú aeráide;; [Leasú 527]

(f)  rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht agus éagothromaíocht mar chionsiocair na himirce, lena n-áirítear imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantais, agus rannchuidiú le himirce shábháilte, rianúil agus rialta, trí sheasmhacht na bpobal trasdula agus óstach a chothú, agus rannchuidiú le hath-imeascadh inbhuanaithe na n-imirceach atá ag filleadh ar a dtíortha tionscnaimh, agus aird chuí á tabhairt ar an smacht reachta, dea-rialachas, comhionannas inscne, ceartas sóisialta agus cearta an duine a neartú.. [Leasú 528]

Déanfar na hionuithe infheistíochta seo a leanas a chruthú:

–  Fuinneamh Inbhuanaithe agus Lúdracht Inbhuanaithe

–  Maoiniú do Mhicrifhiontair agus d'Fhiontair Bheaga agus Meánmhéide (MSMEnna)

–  Talmhaíocht inbhuanaithe, fiontraithe tuaithe, lena n-áirítear feirmeoireacht leorchothaitheach agus gabháltais, feirmeoirí tréadachais agus agraithionscal atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

–  Cathracha inbhuanaithe

–  Digiteáil don Fhorbairt Inbhuanaithe

–  Forbairt Dhaonna [Leasú 529]

IARSCRÍBHINN VI

RIALACHAS CEFI+

1.  Struchtúr CEFI+

1.  Beidh CEFI+ comhdhéanta d’ardáin réigiúnacha infheistíochta arna mbunú ar bhonn mhodhanna oibre, nósanna imeachta agus struchtúir na saoráidí cumaisc seachtracha atá ann cheana san Aontas, agus déanfaidh siad a n‑oibríochtaí cumaisc agus oibríochtaí Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha faoi CEFI+ a chomhcheangal.

2.  Is é an Coimisiún a áiritheoidh bainistiú CEFI+.

2.  Bord straitéiseach CEFI+

1.  Maidir le bainistiú CEFI+, cuirfidh bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún, ach amháin i gcás na n‑oibríochtaí a chumhdaítear le beartas an Aontais Eorpaigh um méadú agus a mhaoinítear le [IPA III], lena n‑áiritheofar bord straitéiseach ina leith sin faoi Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar.

2.  Cuirfidh an bord straitéiseach comhairle ar an gCoimisiún maidir le treoshuíomh straitéiseach agus tosaíochtaí straitéiseacha infheistíochtaí Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha CEFI+ agus rannchuideodh sé lena n‑ailíniú le treoirphrionsabail agus le cuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, leis an mbeartas forbartha agus le Beartas Comharsanachta na hEorpa, chomh maith le cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 den Rialachán seo agus le cuspóir CEFI+ mar a leagtar amach in Airteagal 26. Tacóidh sé leis an gCoimisiún freisin le spriocanna foriomlána infheistíochta a leagan síos i dtaca le húsáid Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha chun tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus déanfaidh sé faireachán ar chumhdach geografach agus téamach atá iomchuí agus éagsúlaithe d’ionú infheistíochta.

3.  Tacóidh an bord straitéiseach freisin leis an gcomhordú foriomlán, leis an gcomhlántacht fhoriomlán agus leis an gcomhleanúnachas foriomlán idir na hardáin infheistíochta réigiúnacha, idir trí cholún den Phlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí, idir an Plean Eorpach Infheistíochta Seachtraí agus iarrachtaí eile an Aontais maidir le himirce agus maidir le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030, agus mar aon le cláir eile a leagtar amach sa Rialachán seo.

4.  Beidh an bord straitéiseach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, agus de na Ballstáit ar fad agus den Bhanc Eorpach Infheistíochta. Beidh stádas breathnóra ag Parlaimint na hEorpa. Féadfar stádas breathnóra a thabhairt do rannchuiditheoirí, do chontrapháirtithe incháilithe, do thíortha comhpháirtíochta, d’eagraíochtaí réigiúnacha ábhartha agus do pháirtithe leasmhara eile, i gcás inarb iomchuí. Rachfar i gcomhairle leis an mbord straitéiseach sula nglacfar le haon bhreathnóir nua. Beidh an bord straitéiseach faoi chomhchathaoirleacht an Choimisiúin agus an Ardionadaí.

5.  Tiocfaidh an bord straitéiseach le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad agus, nuair is féidir, déanfaidh sé tuairimí a ghlacadh trí chomhthoil. Féadfaidh an cathaoirleach cruinnithe breise a eagrú aon tráth nó féadfar iad a eagrú arna iarraidh sin d’aon trian de chomhaltaí an bhoird. I gcás nach féidir an chomhthoil a bhaint amach, beidh feidhm ag na cearta vótála a comhaontaíodh ag an gcéad chruinniú den bhord straitéiseach agus mar a leagtar síos ina rialacha nós imeachta. Tabharfar aird chuí sna cearta vótála sin ar na foinsí maoiniúcháin. Leagfar síos sna rialacha nós imeachta an creat maidir le ról na mbreathnóirí. Déanfar miontuairiscí agus cláir oibre chruinnithe an bhoird straitéisigh a chur ar fáil don phobal tar éis a nglactha.

6.  Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an bhoird straitéisigh maidir leis an dul chun cinn atá déanta i dtaca le cur chun feidhme CEFI+. Cuirfidh an bord straitéiseach de Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar tuarascáil ar fáil maidir le dul chun cinn a dhéanfar san ionstraim ráthaíochta don réigiún um méadú chun an tuairisciú thuasluaite a chomhlánú. Déanfaidh an bord straitéiseach comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha a eagrú go rialta maidir le treoshuíomh straitéiseach agus cur chun feidhme CEFI+.

7.  Ós rud é go bhfuil an dá bhord straitéiseacha ann, ní bheidh tionchar aige sin ar an ngá a bheidh le creat bainistithe rioscaí CEFI+ aontaithe aonair a chur i bhfeidhm.

3.  Boird oibríochtúla réigiúnacha

Tacóidh boird oibríochtúla réigiúnacha na n‑ardán infheistíochta leis an gCoimisiún ar an leibhéal cur chun feidhme agus spriocanna réigiúnacha agus earnála infheistíochta agus ionuithe réigiúnacha, earnála agus téamacha infheistíochta á sainiú agus ceapfaidh boird oibríochtúla réigiúnacha na n‑ardán infheistíochta tuairimí maidir leis na hoibríochtaí cumaisc agus maidir leis an úsáid a bhainfear as an Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha lena gcumhdaítear oibríochtaí CEFI+. [Leasú 530]

IARSCRÍBHINN VII

LIOSTA PRÍOMHTHÁSCAIRÍ FEIDHMÍOCHTA

I gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, úsáidfear an liosta seo de phríomhtháscairí feidhmíochta a leanas le gur féidir rannchuidiú an Aontais a thomhas le cuspóirí sonracha a ghnóthú.

(1)  Innéacs an smachta reachta

(2)  Sciar den daonra atá faoi bhun thairseach idirnáisiúnta na bochtaineachta

(3)  Líon na mban in aois atáirgthe, cailíní sna déaga, agus leanaí faoi bhun 5 a tháinig faoi thionchar clár cothaithe dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(4)  Líon na leanaí atá bliain d’aois agus atá imdhíonaithe go hiomlán dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(5)  An líon daltaí a bhfuil oideachas bunleibhéil agus/nó meánleibhéil críochnaithe acu agus a bhfuil na scileanna íosta i léamh agus matamaitic sealbhaithe acu, agus oiliúint le tacaíocht ón Aontas [Leasú 531]

(6)  Astaíochtaí gas ceaptha teasa arna laghdú nó arna seachaint (Ktona CO2eq) dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(7)  Limistéir éiceachóras muirí, talún agus fionnuisce atá á gcosaint agus/nó á mbainistiú ar bhonn inbhuanaithe dá dtugtar tacaíocht ón Aontas Eorpach

(8)  Giaráil infheistíochtaí agus éifeacht iolraitheora a ghnóthaítear

(9)  Táscaire maidir leis an gcobhsaíocht pholaitiúil agus éagmais an fhoréigin bunaithe ar mheasúnú bunlíne [Leasú 532]

(10)  Líon na bpróiseas a bhaineann le cleachtais tíortha comhpháirtíochta maidir le trádáil, infheistíocht agus gnó, nó an ghné sheachtrach de bheartais inmheánacha an Aontais Eorpaigh ar ar imríodh tionchar a chur chun cinn

Déanfar na táscairí go léir táscaire (4) a imdhealú de réir gnéis i gcás inarb ábhartha, agus déanfar táscairí (2), (3) agus (5) a imdhealú de réir gnéis agus aoise. [Leasú 533]

Iarscríbhinn VIIa

Tíortha comhpháirtíochta a bhfuil cúnamh ón Aontas fionraithe ina leith.

[Le leagan síos ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15a.] [Leasú 534]

(1) IO C 45, 4.2.2019, lch. 1.
(2) IO L 110, 22.3.2019, lch. 163
(3) IO L 86, 7.3.2019, lch. 295
(4)OJ C 45, 4.2.2019, p. 1.
(5)OJ C 110, 22.3.2019, p. 163.
(6)OJ C 86, 7.3.2019, p. 295.
(7) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019.
(8)“I mbun athraithe: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe”, arna ghlacadh ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Forbairt Inbhuanaithe an 25 Meán Fómhair 2015 (A/RES/70/1).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44.)
(10)Comhaontú inmheánach idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le cúnamh ón Aontas Eorpach a mhaoiniú faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Compháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cúnamh airgeadais a leithdháileadh do na Tíortha agus Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair den Chomhaontú ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leo (IO L 210/1, 6.8.2013).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 2015/322 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta a chur chun feidhme (IO L 58/1, 3.3.2015).
(12)Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27.)
(13)Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (IO L 77, 15.3.2014, lch. 1.)
(14)Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain (IO L 77, 15.3.2014, lch. 85.)
(15)Rialachán (AE) Uimh. 234/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chomhpháirtíocht le haghaidh comhair le tríú tíortha (IO L 77, 15.3.2014, lch. 77.)
(16)Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Comhair maidir le Sábháilteacht Núicléach (IO L 77, 15.3.2014, lch. 109).
(17)Rialachán (AE) 236/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna le haghaidh chur chun feidhme ionstraimí an Aontais chun an ghníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú (IO L 77, 15.3.2014, lch. 95)
(18)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2009 lena mbunaítear Ciste Ráthaíochta do ghníomhaíochtaí seachtracha (IO L 145, 10.6.2009, lch. 10)
(19)Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI.
(20)Arna shíniú i Nua-Eabhrac an 22 Aibreán 2016.
(21)“Clár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta”, a glacadh an 16 Meitheamh 2015 agus a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 27 Iúil 2015 (A/RES/69/313).
(22)“Fís chomhroinnte, comhghníomhaíochtaí: Eoraip níos láidre. Straitéis dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh”, Meitheamh 2016.
(23)“An Comhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt (‘An Comhdhearcadh’) ‘Ár Saol, Ár nDínit, Ár dTodhchaí’” sa Chomhráiteas ón gComhairle agus ó Ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach, an 8 Meitheamh 2017.
(24)“Creat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaistí”, a glacadh an 18 Márta 2015 agus a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 3 Meitheamh 2015 (A/RES/69/283).
(25)Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, “Athbhreithniú ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa”, 18 Samhain 2015.
(26) Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, 31.10.2012, lch. 1).
(27)COM(2018)0465 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)
(28)Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 an 20 Meitheamh 1996 ón gComhairle maidir leis an gcabhair dhaonnúil (IO L 163, 2.7.1996, lch. 1).
(29)COM(2018)0461 Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n‑áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach ar thaobh amháin agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge ar an taobh eile (‘Cinneadh maidir le Comhlachas na dTíortha Thar Lear’).
(30)COM(2018)0462 Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Eorpach maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta ar bhonn Chonradh Euratom.
(31)COM(2018)3800 Togra ó Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach um Shíocháin.
(32)COM(2018)0367 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 1288/2013
(33) COM(2018)0366, Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2021 go 2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013.
(34)IO L 373, 20.12.2013, lch. 1
(35) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(36)Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2017 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI), Ráthaíocht CEFI agus Ciste Ráthaíochta CEFI.
(37)Cinneadh 77/270/EURATOM ón gComhairle an 29 Márta 1977 ag cumhachtú don Choimisiún iasachtaí Euratom a eisiúint chun rannchuidiú le stáisiúin núicléacha a mhaoiniú (IO L 88, 6.4.1977, lch. 9).
(38) Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le ... (IO...).
(39)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1)
(40)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.95, lch. 1).
(41)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2)
(42)IO L 283, 31.10.2017, lch. 1.
(43)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 198, 28.7.2017, lch. 29)
(44)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13)
(45)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016; IO L 123, 12.5.2016, lgh. 1-14
(46)Cinneadh 2010/427/AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).
(47)Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IO L).
(48)COM(2018)0374 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) lena dtacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh..
(49)Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(50)Treoir an 27 Meitheamh 1985 ón gComhairle maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe i ndáil leis an gcomhshaol (IO L 175, 05.07.1985, lch. 0040 – 0048).
(51) IO L 130, 19.5.2017, lch. 1.


An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) ***I
PDF 421kWORD 113k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(COM(2018)0465 – C8-0274/2018 – 2018/0247(COD))
P8_TA(2019)0299A8-0174/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0465),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0274/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0174/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)

P8_TC1-COD(2018)0247


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Rachaidh Rialachán (AE) Uimh. 231/2014(6) in éag an 31 Nollaig 2020. Chun éifeachtacht an Aontais a chothabháil i ngníomhaíochtaí seachtracha, ba cheart creat um pleanáil agus um sholáthar cúnaimh sheachtraigh a chothabháil.

(2)  Is mór idir cuspóirí ionstraime um réamhaontachais agus cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar gurb é is aidhm leis an ionstraim na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I le haghaidh bhallraíocht an Aontais amach anseo a ullmhú agus tacú lena bpróiseas aontachais. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach ionstraim shaincheaptha a bheith ann a thacaíonn leis an méadú, agus san am céanna ionstraim a dhéanann a chomhlántacht le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) Is é is cuspóir d’ionstraim um réamhaontachais ná na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I (“tairbhithe”) a ullmhú le haghaidh ballraíocht san Aontas amach anseo agus tacú lena bpróiseas aontachais, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta atá le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha agus do phrionsabail bhunúsacha maille le cosaint agus cur chun cinn chearta an duine, an daonlathais agus an smachta reachta mar a leagtar síos in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). Siúd is go n-éilítear, mar gheall ar a shuaithinsí atá an próiseas aontachais, go mbeadh ionstraim shaincheaptha ann lena dtacaítear leis an méadú, ba cheart go mbeadh cuspóirí agus feidhmiú na hionstraime sin comhsheasmhach le cuspóirí ginearálta ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus leis an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) go háirithe, agus comhlántach leo. [Leasú 1]

(3)  Déantar foráil in Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go bhféadfaidh aon stát Eorpach a urramaíonn luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, lena n‑áirítear na cearta atá ag daoine ar de mhionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh ar bheith ina chomhalta den Aontas. Ní fhéadfaidh Stát Eorpach a chuir iarratas isteach ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bhunaigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan i Meitheamh 1993 ('critéir Chóbanhávan') agus ar choinníoll go mbeidh ar chumas an Aontais an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n‑institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus meas ar na mionlaigh agus cosaint na mionlach, agus geilleagar margaidh atá feidhmiúil, chomh maith leis an acmhainn chun déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas, agus an acmhainn na cearta agus na hoibleagáidí faoi na Conarthaí a ghlacadh, lena n‑áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta Déantar foráil le hAirteagal 49 CAE go bhféadfaidh aon Stát Eorpach a urramaíonn luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, agus a thugann gealltanas na luachanna sin a chur chun cinn, iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht a ghlacadh san Aontas. Is comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an neamh-idirdhealú, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an comhionannas idir mná agus fir i réim. [Leasú 2]

(4)  Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus ar choinníollacht dhian. Déantar gach tairbhí a mheasúnú ar bhonn a fhiúntas féin. Is é is aidhm leis an measúnú ar an dul chun cinn atá bainte amach, agus aon easnamh a shainaithint, dreasachtaí agus treoir a chur ar fáil do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun tabhairt faoi na hathchóirithe forleithne. Le gur féidir leis an gcuspóir um méadú teacht in inmhe, tá sé ríthábhachtach cloí go docht leis an ngealltanas maidir le ‘bunphrionsabail i dtoscach’ Tá an próiseas um méadú bunaithe ar chritéir sheanbhunaithe agus ar choinníollacht chothrom agus dhian. Déantar gach tairbhí a mheasúnú ar bhonn a fhiúntais féin. Is é is aidhm don measúnú ar an dul chun cinn arna bhaint amach agus do shainaithint easnamh ná dreasachtaí agus treoir a thabhairt do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I chun dul i mbun na n-athchóirithe forleathana is gá. Chun gur féidir an méadú a bhaint amach, tá tiomantas daingean don phrionsabal um ‘bhunphrionsabal i dtosach’(7). Tá an ghluaiseacht i dtreo an aontachais ag brath ar a mhéid a urramaíonn gach iarrthóir luachanna an Aontais agus a mhéid is féidir leo na hathchóirithe riachtanacha a ghabháil ar láimh d’fhonn a chórais pholaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin agus eacnamaíocha a chur ar chomhréim le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais bunriachtanach i gcónaí. Tá dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach bunaithe ar réiteach cinntitheach, cuimsitheach agus ceangailteach díospóidí déthaobhacha ina ngnéithe bunriachtanacha den phróiseas um méadú agus ríthábhachtach do shlándáil agus chobhsaíocht an Aontais ina iomláine. Tá an dul chun cinn i dtreo an aontachais ag brath ar urraim gach iarrthóra do luachanna an Aontais agus ar a n-acmhainneacht chun na hathchóirithe is gá a ghabháil ar láimh agus a chur chun feidhme chun a gcórais pholaitiúla, institiúideacha, dhlíthiúla, shóisialta, riaracháin agus eacnamaíocha a chur i gcomhréir leis na rialacha, na caighdeáin, na beartais agus na cleachtais san Aontas. Sa Chreat Caibidlíochta, leagtar amach ceanglais ar ina n-aghaidh a dhéantar an dul chun cinn san idirbheartaíocht aontachais le gach tír is iarrthóir a mheasúnú. [Leasú 3]

(4a)  Ní féidir le Stát Eorpach a bhfuil iarratas déanta aige ar dhul isteach san Aontas a bheith ina chomhalta go dtí go mbeidh sé deimhnithe go gcomhlíonann sé na critéir bhallraíochta a bunaíodh ag an gComhairle Eorpach i gCóbanhávan i mí an Mheithimh 1993 ('critéir Chóbanhávan') agus ar choinníoll go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Aontas an comhalta nua a lánpháirtiú. Baineann critéir Chóbanhávan le cobhsaíocht na n-institiúidí ina ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine, urraim do mhionlaigh agus a gcosaint, geilleagar margaidh atá feidhmiúil a bheith ann, chomh maith leis an acmhainneacht chun brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas a sheasamh, agus an cumas go nglacfaí ní hamháin na cearta faoi na Conarthaí, ach, freisin, na hoibleagáidí fúthu, lena n-áirítear aidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chomhlíonadh. [Leasú 4]

(5)  Infheistíocht sa tsíochán, i slándáil agus sa chobhsaíocht san Eoraip is ea beartas an Aontais um méadú. Cuireann sé deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar fáil a rachaidh chun sochair fhrithpháirteach don Aontas agus do na stáit ar mian leo teacht isteach san Aontas. Tá tionchar cumhachtach claochlaitheach ar stát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm Tá an beartas um méadú ina chuid dhílis de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus rannchuidítear tríd le síocháin, slándáil, rathúnas agus cobhsaíocht laistigh de theorainneacha an Aontais agus lastall díobh. Tríd an mbeartas sin, soláthraítear deiseanna breise eacnamaíocha agus trádála ar comhleas don Aontas agus do na stáit ar mian leo teacht isteach san Aontas, agus an prionsabal um lánpháirtíocht fhorásach á áirithiú chun claochlú rianúil na dtairbhithe a áirithiú. Bíonn tionchar cumhachtach claochlaitheach ar Bhallstát nuair a thuigtear dó go mbainfear ballraíocht den Aontas amach, rud a chuireann athruithe dearfacha daonlathacha, polaitiúla, eacnamaíocha agus sochaíocha i bhfeidhm. [Leasú 5]

(6)  D’athdheimhnigh an Coimisiún Eorpach an t‑ionchas daingean do bhallraíocht den Aontas Eorpch do na Balcáin Thiar bunaithe ar fhiúntais an ionchais sin, ina Theachtaireacht uaidh, 'Peirspictíocht inchreidte faoi mhéadú le haghaidh na mBalcán Thiar agus rannpháirtíocht fheabhsaithe AE leis na Balcáin Thiar'(8). Teachtaireacht láidir spreagúil do na Balcáin Thiar ar fad is ea é agus is léiriú é ar ghealltanas an Aontais Eorpaigh don todhchaí Eorpach seo acu.

(7)  Ba cheart cúnamh a sholáthar freisin i gcomhlíonadh na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Ba cheart an cúnamh sin a dhíriú go príomha ar chúnamh a thabhairt do na 'tairbhithe' a liostaítear in Iarscríbhinn I chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha agus comhionannas inscne a urramú, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn. Ba cheart go dtabharfadh an cúnamh tacaíocht do na prionsabail agus do na cearta ríthábhachtacha arna sainiú i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta Ba cheart cúnamh a thabhairt freisin i gcomhréir leis na comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, lena n-áirítear leis na tairbhithe. Leis an gcúnamh, ba cheart go ndíreofaí go príomha ar chúnamh a thabhairt do na tairbhithe chun institiúidí daonlathacha agus an smacht reachta a neartú, an bhreithiúnacht agus an riarachán poiblí a athchóiriú, cearta bunúsacha a urramú, lena n-áirítear iad siúd atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus comhionannas inscne, caoinfhulaingt, cuimsiú sóisialta, urraim do chaighdeáin idirnáisiúnta saothair maidir le cearta oibrithe agus neamh-idirdhealú grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear leanaí agus daoine atá faoi mhíchumas. Leis an gcúnamh, ba cheart go dtacófaí freisin leis na tairbhithe a bheith ag cloí leis na príomhphrionsabail agus na príomhchearta mar a shainmhínítear iad i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta(9). Maidir leis an gcúnamh, ba cheart leanúint de na hiarrachtaí chun an comhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann agus an fhorbairt chríochach a chur chun cinn leis, lena n‑áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha an Aontais a chur chun feidhme. Ba cheart dó freisin a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus rialachas eacnamaíoch a fheabhsú, rud a thabharfaidh buntaca do chlár oibre maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach trí fhorbairt réigiúnach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, beartais shóisialta agus fostaíochta agus forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an dtionscnamh suaitheanta an Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar freisin agus leis an ngeilleagar sóisialta margaidh agus leis an gcóineasú ionsar an acquis sóisialta. Leis an gcúnamh, ba cheart go leanfaí de thacaíocht a thabhairt dá n-iarrachtaí ar chomhar réigiúnach, macrairéigiúnach agus trasteorann, mar aon le forbairt chríochach, a chur chun cinn, lena n-áirítear trí straitéisí macrairéigiúnacha de chuid an Aontais a chur chun feidhme, agus é mar aidhm leis sin dea-chaidreamh comharsanachta a fhorbairt agus athmhuintearas a fheabhsú. Ina theannta sin, ba cheart, leis an gcúnamh, struchtúir earnála réigiúnacha comhair a chur chun cinn agus feabhas a chur ar a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta agus ar a rialachas eacnamaíoch, lánpháirtíocht eacnamaíoch le margadh aonair an Aontais a chothú, lena n-áirítear comhar custaim, agus trádáil oscailte agus cóir a chur chun cinn, rud a thabharfaidh buntaca do chlár oibre maidir leis an bhfás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear trí fhorbairt réigiúnach, comhtháthú agus cuimsiú, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, beartais shóisialta agus fostaíochta agus forbairt an gheilleagair dhigitigh agus na sochaí digití a chur chun feidhme, i gcomhréir freisin leis an tionscnamh suaitheanta dar teideal Clár Oibre Digiteach do na Balcáin Thiar. [Leasú 6]

(7a)   Agus cineál claochlaitheach an phróisis athchóirithe le linn an phróisis um méadú sna tíortha is iarrthóirí á chur san áireamh, ba cheart don Aontas treisiú lena iarrachtaí ar thosaíocht a thabhairt do phríomhréimsí do chistiú ón Aontas, amhail institiúidí agus slándáil a neartú, agus níos mó tacaíochta a thabhairt do thíortha is iarrthóirí agus tionscadail á gcur chun feidhme aige d’fhonn na tíortha is iarrthóirí sin a chosaint ar thionchair lasmuigh den Aontas. [Leasú 7]

(7b)   Ba cheart iarrachtaí na mBallstát ar thacú leis an dul chun cinn ó thaobh athchóirithe de i dtíortha is iarrthóirí trí chistiú IPA a chraobhscaoileadh i bhfad is i ngearr i dtíortha is iarrthóirí, agus sna Ballstáit. I dtaca leis sin, ba cheart don Aontas treisiú le hiarrachtaí cumarsáide agus feachtais chun infheictheacht chistiú IPA, agus í ar an bpríomhionstraim um shíocháin agus um chobhsaíocht sa limistéar méadaithe atá ag an Aontas, a áirithiú. [Leasú 8]

(7c)   Aithnítear a thábhachtaí is atá éascú agus cur chun feidhme an bhuiséid a mhéid a bhaineann le forbairt institiúidí, a chabhróidh, dá réir sin, le fadhbanna slándála a d’fhéadfadh a bheith ann a réamhthuar, agus le sreafaí imirce neamhdhleathacha a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo chun na mBallstát a chosc. [Leasú 9]

(8)  Ba cheart don Aontas tacú leis an trasdul i dtreo an aontachais ar mhaithe le leas na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar an taithí atá ag na Ballstáit. Ba cheart don chomhar seo díriú go háirithe ar an taithí atá faighte ag na Ballstáit sa phróiseas athchóirithe a roinnt.

(9)  Is ríthábhachtach go mbeidh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le slándáil chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála agus sceimhlitheoireachta go héifeachtach agus go héifeachtúil Tá sé ríthábhachtach go mbeadh comhar straitéiseach agus oibríochtúil ann idir an tAontas agus na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir le slándáil agus le hathchóiriú na hearnála cosanta chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí slándála, ar bhagairtí na coireachta eagraithe agus ar bhagairtí na sceimhlitheoireachta go héifeachtach agus go héifeachtúil. [Leasú 10]

(9a)  Le gníomhaíochtaí faoin ionstraim arna bunú leis an Rialachán seo, ba cheart go rannchuideofaí freisin le cúnamh a thabhairt do na tairbhithe san ailíniú forásach leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), agus le bearta sriantacha a chur chun feidhme chomh maith le beartais sheachtracha ghinearálta an Aontais in institiúidí idirnáisiúnta agus i bhfóraim iltaobhacha. Ba cheart don Choimisiún na tairbhithe a spreagadh chun ord domhanda atá bunaithe ar rialacha agus ar luachanna a choimeád i réim agus chun oibriú i gcomhar le chéile i ndáil le hiltaobhachas a chur chun cinn agus le tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar an gcóras trádála idirnáisiúnta, lena n-áirítear athchóirithe WTO. [Leasú 11]

(10)  Tá sé ríthábhachtach dlús a chur le comhar maidir le himirce lena n‑áirítear bainistiú teorann, lena n‑áirithítear rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, faisnéis ábhartha a roinnt, na buntáistí a bhaineann le himirce a neartú, imirce dhleathach agus saothair a éascú, rialú teorann a fheabhsú agus ár n‑iarrachtaí sa troid in aghaidh imirce mhídhleathach, gáinneáil ar neacha daonna agus smugláil imirceoirí Gné thábhachtach den chomhar idir an tAontas agus na tairbhithe is ea comhar maidir le himirce, lena n-áirítear bainistiú agus rialú teorann, lena n-áirithítear go mbeidh rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go ndéanfar faisnéis ábhartha a chomhroinnt, go neartófar tairbhí forbartha na himirce, go n-éascófar an imirce dhleathach agus saothair, go bhfeabhsófar an rialú teorann agus na hiarrachtaí chun an imirce mhídhleathach agus an t-easáitiú éigeantach a chosc agus a dhíspreagadh, agus chun comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine agus na smuigleála daoine. [Leasú 12]

(11)  Na príomhdhúshláin atá ann don chuid is mó de na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I an smacht reachta, lena n‑áirítear an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, a neartú agus an dea-rialachas a neartú, lena n‑áirítear an riarachán poiblí a athchóiriú, agus tá sin bunriachtanach chun go ndruidfeadh tairbhithe i dtreo an Aontais agus chun na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an Aontais a ghlacadh chucu féin ina n‑iomláine dá éis sin. I bhfianaise go mbeidh na hathchóirithe atá le baint amach sna réimsí sin níos fadtéarmaí agus i bhfianaise an ghá atá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart don chúnamh airgeadais faoin Rialachán seo aghaidh a thabhairt ar na ceanglais a chuirtear ar na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I sa réimse sin a luaithe is féidir Tá an smacht reachta, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, an comhrac in aghaidh an éillithe, an sciúrtha airgid agus na coireachta eagraithe, agus an dea-rialachas, lena n-áirítear athchóiriú ar an riarachán poiblí, tacaíocht a sholáthar do chosantóirí chearta an duine, ailíniú leanúnach i ndáil le trédhearcacht, le soláthar poiblí, le hiomaíocht, le stáchabhair, le maoin intleachtúil agus le hinfheistíocht choigríoch fós ina bpríomhdhúshláin agus tá sé bunriachtanach go ndéanfaí iad a neartú chun go ndruidfeadh na tairbhithe níos neasa don Aontas agus go agus go n-ullmhóidís leis na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht an Aontais a ghlacadh chucu féin ina n-iomláine. I bhfianaise go mbeidh na hathchóirithe atá le baint amach sna réimsí sin níos fadtéarmaí agus go bhfuil gá le cuntais teiste a fhorbairt, ba cheart an cúnamh airgeadais faoin Rialachán seo a chláreagrú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin a luaithe is féidir. [Leasú 13]

(12)  I gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh, ba cheart don Choimisiún formhaoirsiú parlaiminteach a spreagadh i ngach tairbhí a liostaítear in Iarscríbhinn I Tá an ghné pharlaiminteach bunriachtanach i gcónaí sa phróiseas aontachais. Dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal an daonlathais rannpháirtigh, ba cheart don Choimisiún neartú acmhainneachtaí parlaiminteacha, formhaoirsiú parlaiminteach, nósanna imeachta daonlathacha agus ionadaíocht chothrom a spreagadh i ngach tairbhí de na tairbhithe. [Leasú 14]

(13)  Is gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith ullmhaithe níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t‑athrú aeráide, agus iad féin a ailíniú le hiarrachtaí an Aontais chun tabhairt faoi na saincheisteanna sin. Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é gur cheart go rannchuideodh an Clár seo chun na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá ann 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, meastar go gcaithfear 16 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir ar chuspóirí aeráide. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus cur chun feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón rialachán seo mar chuid de na meastóireachtaí agus na próisis athbhreithnithe ábhartha Is gá do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith níos ullmhaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, amhail an fhorbairt inbhuanaithe agus an t-athrú aeráide, agus iad féin a chur i gcomhréir le hiarrachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a chur chun feidhme, leis an gClár seo, ba cheart go rannchuideofaí leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá ann 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Le gníomhaíochtaí faoin gClár seo, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm go ndéanfaí 16 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chláir a chaitheamh ar chuspóirí aeráide, agus tréaniarracht á déanamh go mbainfear amach an sprioc go sroichfidh an caiteachas a bhaineann leis an aeráid 30 % de chaiteachas CAI faoi 2027. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail chomhshaoil lena dtugtar aghaidh ar thruailliú trasteorann. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn an Rialachán seo a ullmhú agus a fhorghníomhú, agus ba cheart go mbeadh an rannchuidiú foriomlán ón gClár seo ina chuid de mheastóireachtaí agus próisis athbhreithnithe ábhartha. [Leasú 15]

(14)  Aon ghníomhaíocht faoin Ionstraim seo, ba cheart di tacú le cur chun feidhme Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, mar chlár oibre uilíoch, a bhfuil gealltanas daingean tugtha ag an Aontas Eorpach agus ag chuid Ballstát ina leith agus a ndearna na tairbhithe ar fad a liostaítear in Iarscríbhinn I a fhormhuiniú.

(15)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don tréimhse ina gcuirtear i bhfeidhm é arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le tabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí de réir an chomhaontaithe idirinstitiúide nua: pointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(10)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(16)  Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhchuibheas, agus comhlántacht a gcúnaimh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú, lena n‑áirítear trí chomhairliúcháin rialta, le deontóirí eile. Ba cheart an ról atá ag an tsochaí shibhialta a fheabhsú sna cláir a chuirfear chun feidhme trí chomhlachtaí rialtais agus mar thairbhí díreach den chúnamh ón Aontas Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit comhlíonadh, comhchuibheas, comhsheasmhacht agus comhlántacht cúnaimh maoinithe sheachtraigh a áirithiú, go háirithe trí chomhairliúcháin rialta agus trí mhalartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh. Ba cheart na bearta is gá a dhéanamh chun comhordú agus comhlántacht níos fearr a áirithiú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin rialta, le deontóirí eile. Ba cheart go mbeadh ról fónta sa phróiseas ag eagraíochtaí neamhspleácha éagsúla den tsochaí shibhialta agus ag cineálacha agus leibhéil dhifriúla údarás áitiúil. I gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta cuimsithí, ba cheart go mbeadh lámh ag eagraíochtaí den tsochaí shibhialta i gceapadh, cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht na gclár a fhorghníomhófar trí chomhlachtaí rialtais agus ina dtairbhithe díreacha de chúnamh ón Aontas. [Leasú 16]

(17)  Na tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta chun cuspóirí sna réimsí ábhartha beartais a bhaint amach, a dtacófar leo faoin Rialachán seo, ba cheart iad a shainiú i gcreat clársceideálaithe a bhunóidh an Coimisiún do ré Chreat Airgeadais Ilbhliantúil an Aontais don tréimhse ó 2021 go 2027, i gcomhpháirt leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, bunaithe ar an gclár oibre um méadú agus ar a riachtanais shonracha, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear sa Rialachán seo, agus aird chuí á tabhairt ar na straitéisí ábhartha náisiúnta. Ba cheart don chreat clársceideálaithe na réimsí a dtabharfar tacaíocht dóibh a shainaithint trí leithdháileadh táscach a thabhairt mar chúnamh in aghaidh na réimse tacaíochta, lena n‑áirítear meastúchán maidir leis na speansais a bhaineann leis an aeráid Ba cheart cuspóirí sonracha agus intomhaiste sna réimsí beartais ábhartha a shainiú do gach tairbhí, agus ina dhiaidh sin tosaíochtaí le haghaidh gníomhaíochta i leith na gcuspóirí sin a bhaint amach i gcreat cláreagraithe arna bhunú ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Ba cheart an creat cláreagraithe a bhunú i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe, bunaithe ar an gclár oibre um méadú agus ar a riachtanais shonracha, i gcomhréir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha a shainítear sa Rialachán seo, agus le prionsabail ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus straitéisí ábhartha náisiúnta agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh go cuí. Ba cheart, de réir mar is iomchuí, údaráis inniúla, maille le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, a áireamh sa chomhpháirtíocht sin. Ba cheart go spreagfadh an Coimisiún comhar i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha agus comhordú deontas. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat cláreagraithe i ndiaidh na meastóireachta meántéarmaí. Leis an gcreat cláreagraithe, ba cheart go sainaithneofaí na réimsí a mbeidh tacaíocht le tabhairt dóibh trí leithdháileadh táscach a thabhairt mar chúnamh in aghaidh an réimse tacaíochta, lena n-áirítear meastachán ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid. [Leasú 17]

(18)  Is é leas an Aontais é cuidiú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I ina n‑iarrachtaí maidir le hathchóiriú chun ballraíocht Aontais a bhaint amach. Ba cheart cúnamh a bhainistiú le fócas láidir ar thorthaí agus le dreasachtaí dóibh siúd a léiríonn a dtiomantas don athchóiriú tríd an gcúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil agus trí dhul chun cinn a dhéanamh chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh Is chun leasa choitinn an Aontais agus na dtairbhithe é cúnamh a thabhairt dona tairbhithe agus iarrachtaí á ndéanamh acu chun a gcórais pholaitiúla, dhlíthiúla agus eacnamaíocha a athchóiriú d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ba cheart an cúnamh a bhainistiú i gcomhréir le cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht agus i riocht is go mbeidh dreasachtaí suntasacha ann d’úsáid níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla a bheith á baint as cistí acu siúd a léiríonn a dtiomantas don athchóiriú trí chúnamh réamhaontachais a chur chun feidhme go héifeachtúil agus trí dhul chun cinn a dhéanamh ionsar na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh. Ba cheart an cúnamh a leithdháileadh i gcomhréir le prionsabal an ‘chion chothroim’ agus iarmhairtí soiléire ann i gcásanna ina rachadh an urraim do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus do chearta an duine ar gcúl go tromchúiseach agus ina mbeadh dul chun cinn ina leith sin in easnamh. [Leasú 18]

(18a)   Ba cheart don Choimisiún sásraí soiléire faireacháin agus meastóireachta a chur ar bun chun a áirithiú go leanfaidh na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí i dtaca le tairbhithe éagsúla de bheith ábhartha agus indéanta agus chun dul chun cinn a thomhas go rialta. Chuige sin, ba cheart go mbeadh táscaire feidhmíochta amháin nó níos mó, lena ndéantar measúnú ar na tairbhithe athchóirithe a ghlacadh agus ar a gcur chun feidhme nithiúil. [Leasú 19]

(19)  Ba cheart don trasdul ó bhainistiú díreach na gcistí réamhaontachais ag an gCoimisiún go bainistiú indíreach ag na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a bheith forásach agus i gcomhréir le cumas na dtairbhithe sin faoi seach. Ba cheart go leanfadh an cúnamh d'úsáid a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh fiúntas leo sa phróiseas réamhaontachais Ba cheart don aistriú ó bhainistiú díreach na gcistí réamhaontachais arna dhéanamh ag an gCoimisiún go bainistiú indíreach arna dhéanamh ag na tairbhithe a bheith forásach agus i gcomhréir le hacmhainneachtaí na dtairbhithe sin faoi seach. Ba cheart an t-aistriú sin a fhreaschur nó a chur ar fionraí i réimsí beartais nó cláir ar leith i gcás ina mainníonn na tairbhithe oibleagáidí ábhartha a chomhlíonadh nó na cistí ón Aontas a riar i gcomhréir leis na rialacha, na prionsabail agus na hoibleagáidí seanbhunaithe. Le cinneadh den sórt sin, ba cheart aird chuí a thabhairt ar aon iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart go leanfadh an cúnamh d'fheidhm a bhaint as na struchtúir agus as na hionstraimí a chruthaigh go raibh fiúntas leo sa phróiseas réamhaontachais. [Leasú 20]

(20)  Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is fearr is féidir a bheith ar a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach trí chomhtháthú agus trí chomhlántacht idir ionstraimí maoinithe seachtracha an Aontais, chomh maith le sineirgíochtaí chruthú idir beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Áirítear ar an méid sin, i gcás inarb iomchuí, comhtháthú agus comhlántacht maidir le chúnamh macra-airgeadais Ba cheart go bhféachfadh an tAontas leis an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar is mó is féidir a bheith ag a ghníomhaíocht sheachtrach. Ba cheart é sin a bhaint amach, chun forluí le hionstraimí maoinithe sheachtraigh eile atá ann a sheachaint, trí chomhtháthú, trí chomhsheasmhacht agus trí chomhlántacht i measc ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, chomh maith le sineirgí a chruthú le beartais agus cláir eile de chuid an Aontais. Áirítear ar an méid sin, i gcás inarb ábhartha, comhtháthú agus comhlántacht le cúnamh macra-airgeadais. [Leasú 21]

(21)  Chun an leas is mó is féidir a bhaint as an tionchar a bheidh ag na hidirghabhálacha le chéile chun cuspóir comhchoiteann a ghnóthú, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo in ann rannchuidiú le gníomhaíochtaí faoi chláir eile de chuid an Aontais, a fhad agus nach gcumhdóidh na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

(21a)   Gan dochar don nós imeachta buiséadach ná do na forálacha maidir le cúnamh a chur ar fionraí arna mbunú i gcomhaontuithe idirnáisiúnta le tairbhithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun cúnamh ón Aontas a chur ar fionraí nó a chur ar fionraí go páirteach. Ba cheart an chumhacht sin a úsáid i gcásanna ina bhfuiltear ag dul siar go seasta ar chritéar amháin nó níos mó de chritéir Chóbanhávan nó i gcás ina mainníonn an tairbhí prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú nó ina sáraíonn sé na gealltanais a tugadh sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas. I gcás ina suífidh an Coimisiún nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna lenar tugadh údar leis an gcúnamh a chur ar fionraí, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht aige gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I a leasú chun cúnamh ón Aontas a athbhunú. [Leasú 22]

(22)  Ba cheart cistiúchán ón Rialachán seo a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi ghnéithe idirnáisiúnta Erasmus, ar i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... (“Rialachán Erasmus”) ba cheart a gcur chun feidhme a chur i gcrích(11).

(23)  Ba cheart feidhm maidir leis an Rialachán seo a bheith ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE. Leagtar síos na rialacha sin le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) (“an Rialachán Airgeadais”) agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, trí sholáthar, trí dhuaiseanna, trí chur chun feidhme indíreach, trí chúnamh airgeadais, trí thacaíocht bhuiséid, trí chistí iontaobhais, trí ionstraimí airgeadais agus trí ráthaíochtaí buiséid agus déantar foráil iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnamh ginearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, toisc go bhfuil an urraim don smacht reachta ríthábhachtach maidir le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach an Aontais Eorpaigh.

(24)  Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart cuimhneamh ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus as costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais Maidir leis na cineálacha maoinithe agus na modhanna forghníomhaithe faoin Rialachán seo, is ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach, agus ar bhonn a gcumais torthaí a ghnóthú, ba cheart iad a roghnú, agus costais na rialuithe, an t-ualach riaracháin, agus an riosca neamhchomhlíonta a mheastar a bheith ann á gcur san áireamh go háirithe. Ba cheart a bheith san áireamh leis sin breithniú i dtaobh úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais amhail dá dtagraítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. [Leasú 23]

(25)  Ba cheart don Aontas leanúint de ag cur rialacha coiteanna i bhfeidhm maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí seacahtracha. Leagfar síos rialacha agus nósanna imeachta coiteanna maidir le cur chun feidhme ionstraimí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) Uimh. [NDICI] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart forálacha mionsonraithe breise a leagan síos chun tabhairt faoi na cásanna sonracha go háirithe le haghaidh comhar trasteorann, talmhaíocht agus an réimse beartais a bhaineann le forbairt tuaithe Ba cheart don Aontas leanúint de rialacha comhchoiteanna a chur i bhfeidhm i gcomhair chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí seachtracha. Leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta i dtaobh chur i bhfeidhm ionstraimí sin an Aontais le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach a mhaoiniú i Rialachán (AE) .../...(“Rialachán NDICI”) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart forálacha mionsonraithe breise a leagan síos chun aghaidh a thabhairt ar na cásanna sonracha go háirithe do chomhar trasteorann, don talmhaíocht agus don réimse beartais um fhorbairt tuaithe. [Leasú 24]

(26)  Is minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach lenar gá oiriúnú leanúnach tapa do riachtanais chomhpháirtithe an Aontais atá ag teacht chun cinn agus do dhúshláin dhomhanda amhail cearta daonna, an daonlathas agus an dea-rialachas, an tslándáil agus an chobhsaíocht, athrú aeráide agus an comhshaol, agus imirce mhídhleathach agus na bunchúiseanna léi. Chun prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór cur chun feidhme airgeadais na gclár a oiriúnú dá bharr sin. Chun cur le cumas an Aontais freagairt do riachtanais neamhthuartha, agus urraim á tabhairt don phrionsabal go leagtar amach buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a fhorchoimeád sa Rialachán seo chun an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm, lenar féidir leis an Rialachán Airgeadais a chur i bhfeidhm maidir le beartais eile cheana féin, mar atá cistí a thabhairt anonn agus a athghealladh cistí a gealladh roimhe, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I araon, agus chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh, dá réir sin, le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh Is minic a chuirtear gníomhaíochtaí seachtracha chun feidhme i dtimpeallacht an-ghuagach, rud a fhágann gur gá oiriúnú go leanúnach agus go tapa do riachtanais chomhpháirtithe an Aontais atá ag teacht chun cinn agus do dhúshláin dhomhanda amhail cearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas, slándáil, cosaint agus cobhsaíocht, an t-athrú aeráide agus an comhshaol, caomhnaitheacht eacnamaíoch, an imirce neamhrialta agus easáitiú éigeantach agus na bunchúiseanna atá leis Chun prionsabal na hintuarthachta agus an gá atá le freagairt go mear do riachtanais nua a thabhairt le chéile, ní mór, uime sin, forghníomhú airgeadais na gclár a oiriúnú. Chun cur le cumas an Aontais freagairt do riachtanais gan choinne, agus urraim a thabhairt, ag an am céanna, don phrionsabal go socraítear buiséad an Aontais gach bliain, ba cheart an deis a fhorchoimeád sa Rialachán seo chun na solúbthachtaí a chur i bhfeidhm, rud is féidir a dhéanamh cheana leis an Rialachán Airgeadais maidir le beartais eile, eadhon cistí a thabhairt anonn agus athghealladh cistí a gealladh roimhe, agus na spriocanna agus na cuspóirí a leagtar síos sa Rialachán seo á gcomhlíonadh, chun a áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtúil as cistí an Aontais le haghaidh shaoránaigh an Aontais agus na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I araon, agus dá réir sin chun an leas is mó is féidir a bhaint as cistí an Aontais Eorpaigh atá ar fáil le haghaidh idirghabhálacha ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart cineálacha breise solúbthachta a cheadú, amhail athdháileadh i measc tosaíochtaí, tionscadail chéimnithe agus róchonraitheoireacht. [Leasú 25]

(27)  Leis an gCiste Eorpach nua um Fhorbairt Inbhuanaithe (CEFI+), ag cur leis an gciste a tháinig roimhe, ba cheart go gcuimseofaí ann pacáiste airgeadais comhtháthaithe, lena dtabharfar acmhainneacht mhaoiniúcháin i bhfoirm deontas, ráthaíochtaí buiséadacha agus ionstraimí airgeadais eile ar fud an domhain, lena n‑áirítear do na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. An rialachas le haghaidh na n‑oibríochtaí a dhéantar faoin Rialachán seo, ba cheart do Chreat Infheistíochta na mBalcán Thiar leanúint dá n‑áirithiú.

(28)  Ba cheart don Ráthaíocht do Ghníomhaíochtaí Seachtracha tacú le hoibríochtaí CEFI+ agus ba cheart do IPA III rannchuidiú le soláthar do riachtanais i ndáil le hoibríochtaí a rachaidh chun sochair do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, lena n‑áirítear an soláthar agus na dliteanais a eascraíonn as iasachtaí cúnaimh mhacra-airgeadais.

(29)  Is tábhachtach a áirithiú go ndéantar cláir comhair trasteorann a chur chun feidhme i gcomhréir leis an gcreat arna bhunú sna cláir gníomhaíochtaí seachtracha agus sa rialachán maidir le comhar críochach. Ba cheart forálacha comhmhaoinithe sonracha a leagan síos sa Rialachán seo.

(29a)   Is iad cláir um chomhar trasteorann na cláir is feiceálaí den Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais, agus is aithnidiúil do shaoránaigh iad. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh cláir um chomhar trasteorann feabhas suntasach a chur ar infheictheacht na gclár arna gcistiú ag AE sna stáit is iarrthóirí. [Leasú 26]

(30)  Is ionann cláir oibre faoin Rialachán Airgeadais agus pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla agus bearta dá dtagraítear in Airteagal 8. Is é atá i gceist le pleananna gníomhaíochta bliantúla agus ilbhliantúla sraith de bhearta a chuirtear le chéile in aon doiciméad.

(31)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95(14) ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96(15) ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939(16) ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta éifeachtacha agus comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus an chalaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú a mbíonn éifeacht acu ar leas airgeadais an Aontais mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, agus i gcás inarb iomchuí do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, ba cheart dóibh na mírialtachtaí a thuairisciú gan mhoill don Choimisiún, lena n‑áirítear calaois arb iad ab ábhar do thorthaí príomha riaracháin nó torthaí breithiúnacha, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin nó dlí. Ba cheart an tuairisciú sin a dhéanamh go leictreonach, agus é mar chuspóir an tuairisiciú a chur i gcomhréir le dea-chleachtais sna Ballstáit, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí a úsáid arna bhunú ag an gCoimisiún.

(31a)   Ba cheart gach leithdháileadh cistiúcháin faoin Rialachán seo a dhéanamh ar bhealach trédhearcach, éifeachtach, cuntasach, dípholaitithe agus neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear trí bhíthin dáileadh cothrom atá ina léiriú ar riachtanais na réigiún agus ar riachtanais na mbardas áitiúil. Ba cheart don Choimisiún, do Leas-Uachtarán/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), agus do thoscaireachtaí ón Aontas go háirithe, dlúthfhaireachán a dhéanamh féachaint go gcomhlíonfar na critéir sin agus go n-urramófar prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta agus an neamh-idirdhealaithe agus na cistí á leithdháileadh. [Leasú 27]

(31b)   Ba cheart don Choimisiún, don Leas-Uachtarán/Ard-ionadaí, agus go háirithe do thoscaireachtaí ón Aontas agus do na tairbhithe, feabhas a chur ar infheictheacht an chúnaimh réamhaontachais ón Aontas chun an breisluach a ghabhann le tacaíocht an Aontais a chur in iúl. Ba cheart d’fhaighteoirí cistiúcháin ón Aontas aitheantas a thabhairt d’fhoinse chistiúchán an Aontais agus a infheictheacht chuí a áirithiú. Le IPA, ba cheart go rannchuideofaí le gníomhaíochtaí cumarsáide a mhaoiniú le haghaidh thorthaí chúnamh an Aontais a chur chun cinn i measc sainghrúpaí iomadúla i dtíortha na dtairbhithe. [Leasú 28]

(32)  Chun athruithe sa chreat beartais um méadú nó forbairtí móra maidir leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnaimh a choigeartú agus a thabhairt cothrom le dáta a liostaítear in Iarscríbhinn II agus in Iarscríbhinn III. Tá sé tábhachtach, go háirithe, don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(33)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo go háirithe maidir le coinníollacha sonracha agus struchtúir shonracha le haghaidh bainistíocht indíreach leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus maidir le cur chun feidhme cúnamh forbartha tuaithe, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(19) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Agus na coinníollacha aonfhoirmeacha á mbunú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú agus ó chur chun feidhme an chúnaimh réamhaontachais roimhe sin a chur san áireamh. Ba cheart na coinníollacha aonfhoirmeacha sin a leasú más gá. [Leasú 29]

(34)  Ba cheart don choiste a bhunófar faoin Rialachán seo a bheith inniúil freisin i leith gníomhartha dlí agus ghealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006(20), faoi Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 agus i leith chur chun feidhme Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh 389/2006(21) ón gComhairle. [Leasú 30]

(34a)   Ba cheart go mbeadh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach go hiomlán i gcéimeanna ceaptha, cláreagraithe, faireacháin agus meastóireachta na n-ionstraimí chun rialú polaitiúil agus grinnscrúdú daonlathach a ráthú chomh maith le cuntasacht as cistiú an Aontais i réimse na gníomhaíochtaí seachtraí. Ba cheart idirphlé feabhsaithe idir na hinstitiúidí a bhunú chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa in ann rialú polaitiúil a fheidhmiú le linn chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar mhodh córasach agus réidh, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus ar dhlisteanacht araon. [Leasú 31]

(35)  Chun gur féidir na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go prapúil, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo an Clár ‘Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais’ (‘IPA III’).

Leagtar síos leis a chuspóirí, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cúnaimh ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcúnamh sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  Ciallaíonn ‘comhar trasteorann’ comhar idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh a liostaítear in Iarscríbhinn I, idir dhá thairbhí nó níos mó a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó idir tairbhithe a liostaítear san Iarscríbhinn sin agus tíortha agus críocha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán ICFCI dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 3 (1) de Rialachán (AE) .../... (“Rialachán ETC”)(22).

(b)  Ciallaíonn ‘prionsabal na comhroinnte córa cúnaimh’ an cur chuige bunaithe ar fheidhmíocht a chomhlánú le sásra um leithdháileadh ceartaitheach, i gcásanna ina mbeadh an cúnamh a thabharfaí don tairbhí go díréireach íseal nó ard murach sin i gcomórtas leis na tairbhithe eile, agus riachtanais an phobail atá buailte agus an dul chun cinn coibhneasta i dtaobh athchóirithe a bhaineann le tús a chur le hidirbheartaíocht aontachais nó an dul chun cinn ina leith á gcur san áireamh. [Leasú 32]

Airteagal 3

Cuspóirí IPA III

1.  Is é an aidhm a bheidh leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘IPA III’) tacú leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I i nglacadh agus i gcur chun feidhme na n‑athchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin, cloí le luachanna an Aontais agus chun iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais d’fhonn ballraíocht a ghlacadh san Aontas, agus trína bhíthin sin cur lena gcobhsaíocht, lena slándáil agus lena rathúnas Is é an cuspóir ginearálta a bheidh leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (‘IPA III’) tacú leis na tairbhithe na hathchóirithe polaitiúla, institiúideacha, dlí, riaracháin, sóisialta agus eacnamaíocha a theastaíonn ó na tairbhithe sin chun cloí le luachanna agus acquis an Aontais agus chun iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais an Aontais, a ghlacadh agus a chur chun feidhme d’fhonn ballraíocht san Aontas a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú leis an tsíocháin, leis an gcobhsaíocht, leis an tslándáil agus leis an rathúnas agus le leasanna straitéiseacha an Aontais. [Leasú 33]

2.  Beidh na cuspóirí sonracha seo a leanas ag IPA III:

(a)  An smacht reachta, daonlathas, urraim do chearta an duine, cearta bunúsacha agus an dlí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta agus an tslándáil a neartú chomh maith le bainistiú imirce a fheabhsú lena n‑áirítear bainistiú teorann an smacht reachta, an daonlathas, an urraim do chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus ag leanaí, an comhionannas inscne, cearta bunúsacha agus an dlí idirnáisiúnta, an tsochaí shibhialta, an tsaoirse acadúil, an tsíocháin agus an tslándáil, an urraim don éagsúlacht chultúrtha, an neamh-idirdhealú agus an chaoinfhulaingt a neartú; [Leasú 34]

(aa)   aghaidh a thabhairt ar an easáitiú éigeantach agus ar an imirce neamhrialta, féachaint chuige go dtéitear ar imirce ar bhealach sábháilte, rianúil agus rialta, agus an rochtain ar chosaint idirnáisiúnta a choimirciú; [Leasú 35]

(b)  Éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le hathchóirithe struchtúracha agus le dea-rialachas ar gach leibhéal éifeachtacht an riaracháin phoiblí a threisiú agus tacú le trédhearcacht, le hathchóirithe struchtúracha, le neamhspleáchas na mbreithiúna, leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe agus le dea-rialachas ar gach leibhéal, lena n-áirítear i réimse an tsoláthair phoiblí, i réimse na státchabhrach, i réimse na hiomaíochta, i réimse na hinfheistíochta coigríche agus i réimse na maoine intleachtúla; [Leasú 36]

(c)  Na rialacha, na caighdeáin, na beartais agus cleachtais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhúnlú i gcomhréir leo siúd de chuid an Choimisiúin agus athmhuintearas agus dea-chaidrimh a threisiú idir comharsanaigh, chomh maith le teagmhálacha agus cumarsáid idir daoine rialacha, caighdeáin, beartais agus cleachtais na dtairbhithe a mhúnlú i gcomhréir leo siúd de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear maidir le CBES, an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach a threisiú agus athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachtainmheánach agus seachtrach a threisiú, chomh maith le cothú na síochána agus cosc coinbhleachtaí, lena n-áirítear trí forbairt muiníne agus idirghabháil, oideachas cuimsitheach agus comhtháite teagmhálacha idir daoine, saoirse na meán agus cumarsáid; [Leasú 37]

(d)  Forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a neartú lena n‑áirítear trí idirnascacht mhéadaithe agus forbairt réigiúnach, forbairt talmhaíochta agus tuaithe agus beartais shóisialta agus fostaíochta, chun cosaint comhshaoil a threisiú, buanseasmhacht a mhéadú in aghaidh an athraithe aeráide, dlús a chur leis an athrú i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a fhorbairt forbairt agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú lena n-áirítear trí idirnascacht mhéadaithe agus forbairt réigiúnach, forbairt talmhaíochta agus tuaithe agus beartais shóisialta agus fostaíochta, bochtaineacht agus míchothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú, cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn trí struchtúir comhair réigiúnaigh státleibhéil, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus acmhainneachtaí tionscnamh pobalbhunaithe a neartú, trí thacú le hinfheistíocht i gceantair thuaithe agus tríd an timpeallacht ghnó agus infheistíochta a fheabhsú; [Leasú 38]

(da)  cosaint an chomhshaoil a threisiú, buanseasmhacht a mhéadú in aghaidh an athraithe aeráide, dlús a chur leis an athrú i dtreo geilleagar ísealcharbóin agus an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a fhorbairt, agus deiseanna fostaíochta a chruthú ar an gcuma sin, go háirithe don ógra; [Leasú 39]

(e)  Tacú le comhar críochach agus trasteorann tacú le comhar críochach agus trasteorann, lena n-áirítear thar theorainneacha muirí agus feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála agus eacnamaíoch trí chomhaontuithe atá ann cheana leis an Aontas a chur chun feidhme ina n-iomláine agus trí mhíchothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú. [Leasú 40]

3.  I gcomhréir leis na cuspóirí sonracha, leagtar amach in Iarscríbhinn II tosaíochtaí téamacha le haghaidh cúnamh a thabhairt de réir riachtanas agus cumais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Leagtar amach in Iarscríbinn III tosaíochtaí téamacha le haghaidh comhar trasteorann idir tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I. Féadfaidh gach ceann de na tosaíochtaí sin rannchuidiú le níos mó ná cuspóir sonrach amháin a bhaint amach.

Airteagal 4

An buiséad

1.  Is é EUR 14 500 000 000 13 009 976 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 14 663 401 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme IPA III don tréimhse 2021 – 2027. [Leasú 41]

2.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin do chur chun feidhme an Chláir, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta lena n‑áirítear córais chorparáideacha na teicneolaíochta faisnéise agus aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú an chláir a thiocfaidh i gcomharba air le haghaidh cúnamh réamhaontachais, i gcomhréir le hAirteeagal 20 de [Rialachán ICFCI] Déanfar céatadán socraithe den mhéid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin d’fhorghníomhú an Chláir, ar a n-áireofar gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta, tacaíocht do neartú institiúideach agus d’fhorbairt acmhainneachta riaracháin lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha agus aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le hullmhú an chláir a thiocfaidh ina dhiaidh le haghaidh cúnamh réamhaontachais. [Leasú 42]

Airteagal 5

Forálacha traschláir

1.  Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheofar go mbeidh comhleanúnachas, sineirgíochtaí agus comhlántachtaí ann ó thaobh réimsí eile gníomhaíochta de chuid an Aontais de agus ó thaobh beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de agus go mbeidh comhsheasmhacht beartas ann ó thaobh forbartha de Agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm, áiritheofar comhleanúnachas, sineirgí agus comhlántachtaí le réimsí eile gníomhaíochta de chuid an Aontais agus le beartais agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, chomh maith le comhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt. [Leasú 43]

2.  Beidh feidhm ag [Rialachán ICFCI] maidir le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo i gcás ina dtagraítear dó sa Rialachán seo Beidh feidhm ag [Rialachán ICFCI] maidir le gníomhaíochtaí a fhorghníomhófar faoin Rialachán seo i gcás ina dtagraítear dó sa Rialachán seo. [Leasú 44]

3.  Rannchuideoidh IPA III le gníomhaíochtaí arna mbunú faoi Rialachán Erasmus. Beidh feidhm ag Rialachán Erasmus maidir le húsáid na gcistí sin. Chuige sin, cuirfear rannchuidiú IPA III san áireamh sa doiciméad clársceideálaithe táscach aonair da dtagraítear i mír 7 d’Airteagal 11 de Rialachán ICFCI agus arna ghlacadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna leagan síos sa Rialachán sin.

4.  Féadfar cúnamh faoi IPA III a thabhairt do na cineálacha gníomhaíochta dá bhforáiltear faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus faoin gCiste Comhtháthaithe(23), faoi Chiste Sóisialta na hEorpa +(24), agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe(25) agus faoin gCiste um Cheartas, Chearta agus Luachanna, ar an leibhéal náisiúnta agus i gcomhthéacs trasteorann, trasnáisiúnta, idir-réigiúnach nó macrairéigiúnach. [Leasú 45]

4a.   Déanfaidh an Coimisiún céatadán d’acmhainní IPA III a leithdháileadh chun na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ullmhú faoi choinne na rannphairtíochta i gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE). [Leasú 46]

5.  Tabharfaidh Faoi CFRE, ranníocaíocht do chláir nó do bhearta a bhunófar faoin Rialachán seo le haghaidh comhair thrasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit. Glacfaidh an Coimisiún na cláir agus na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 16. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó IPA-CBC de bhun Airteagal 10(3) de [Rialachán ETC]. Bainisteofar cláir IPA-Comhar Trasteorann i gcomhréir le [Rialachán ETC] déanfar ranníocaíocht le cláir nó le bearta a bhunófar faoin Rialachán seo le haghaidh comhar trasteorann idir na tairbhithe agus Ballstát amháin nó níos mó. Glacfaidh an Coimisiún na cláir agus na bearta sin i gcomhréir le hAirteagal 16. Cinnfear méid na ranníocaíochta ó IPA-CBC de bhun Airteagal 10(3) de Rialachán ETC, agus déanfar uastairseach do ranníocaíocht ó IPA III a shocrú ag 85 %. Bainisteofar cláir IPA-Comhar Trasteorann i gcomhréir le Rialachán ETC. [Leasú 47]

6.  Féadfaidh ICR III rannchuidiú le cláir nó bearta maidir le comhar trasnáisiúnta nó idir-réigiúnach a bhunófar agus a chuirfear chun feidhme faoi Rialachán ETC agus a nglacfaidh na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I páirt ann.

7.  I gcás inarb iomchuí, is féidir cláir eile de chuid an Aontais a úsáid chun cur le gníomhaíochtaí a cuireadh ar bun leis an Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 8, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Chomh maith leis sin, is féidir an Rialachán seo a úsáid chun cur le bearta a cuireadh ar bun faoi chláir eile de chuid an Aontais, ar acht nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Sna cásanna sin, beidh sé leagtha síos sa chlár oibre lena gcuimhdaítear na gníomhaíochtaí sin cén tacar rialacha is infheidhme.

8.  I gcúinsí a bhfuil bonn cirt cuí leo agus d'fhonn comhchuibheas agus éifeachtacht mhaoiniú an Aontais a áirithiú nó comhar réigiúnach a chothú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh ar incháilitheacht na gclár gníomhaíochta agus na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a leathnú chuig tíortha, críocha agus réigiúin nach dtagraítear dóibh in Iarscríbhinn I, i gcás ina mbeidh an clár nó an beart a bheidh le cur chun feidhme i bhfeidhm de chineál domhanda, réigiúnach nó trasteorann. [Leasú 48]

CAIBIDIL II

PLEANÁIL STRAITÉISEACH

Airteagal 6

Creat beartais agus prionsabail ghinearálta

1.  An creat beartais um méadú arna sainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, na comhaontuithe lena leagtar síos caidreamh atá ceangailteach de réir dlí leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, chomh maith le rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún nó Teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, siúd uile a bheidh sa chreat beartais foriomlán le haghaidh cur chun feidhme an rialacháin seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas idir an cúnamh agus an creat beartais um méadú An creat beartais um méadú arna shainiú ag an gComhairle Eorpach agus ag an gComhairle, na comhaontuithe lena leagtar síos caidreamh atá ceangailteach de réir dlí leis na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, chomh maith le rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa, teachtaireachtaí ón gCoimisiún nó Teachtaireachtaí comhpháirteacha ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, is iad siúd uile a bheidh sa chreat beartais cuimsitheach foriomlán le haghaidh chur i bhfeidhm an rialacháin seo. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhleanúnachas ann idir an cúnamh agus an creat beartais foriomlán um méadú

Áiritheoidh an Coimisiún comhordú idir gníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus an beartas um méadú faoi chuimsiú chreat na gcuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal 3.

Comhordóidh an Coimisiún an cláreagrú faoin Rialachán seo le rannpháirtíocht iomchuí SEGS.

Is é an creat beartais um méadú an bunús ar a ndéanfar cúnamh a thabhairt. [Leasú 49]

2.  Leis na cláir agus na gníomhaíochtaí faoin gclár seo, príomhshruthófar an t‑athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil agus an chomhionannais inscne agus tabharfar aghaidh ar idirnaisc, i gcás is infheidhme, idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe(26), chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí agus ilchuspóirí a chruthú ar bhealach comhleanúnach Leis na cláir agus na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo, príomhshruthófar an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, cearta an duine, cosc agus réiteach coinbhleachtaí, imirce agus easáitiú éigeantach, slándáil, comhtháthú sóisialta agus réigiúnach, laghdú na bochtaineachta agus an comhionannas inscne agus, i gcás inarb infheidhme, tabharfar aghaidh ar idirnaisc idir Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe34, chun gníomhaíochtaí comhtháite a chur chun cinn lenar féidir comhthairbhí agus ilchuspóirí a chruthú ar bhealach comhleanúnach. Beidh sé mar aidhm acu go ndéanfar trína mbíthin 16 % ar a laghad den imchlúdach airgeadais iomlán a rannchuidiú ar chuspóirí aeráide. [Leasú 50]

3.  Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun comhsheasmhacht a áirithiú agus féachfaidh siad le dúbailt oibre a sheachaint idir an cúnamh a thugtar faoi IPA III agus cúnamh eile a thugann an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i gcomhréir le prionsabail fadbhunaithe le haghaidh comhar oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus le haghaidh beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na [prionsabail idirnáisiúnta maidir le éifeachtúlacht na forbartha. Is éard a bheidh i gceist le comhordú comhairliúcháin rialta agus malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla thimthriall an chúnaimh, agus ag cruinnithe atá oscailte do gach duine arb é is aidhm leo an cúnamh a chomhordú, agus beidh na comhairliúcháin sin ina gcéim thábhachtach i bpróisis clársceidealaithe de chuid an Aontais agus na mBallstát Comhoibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile chun comhsheasmhacht a áirithiú agus seachnóidh siad dúbailt oibre idir an cúnamh a thugtar faoi IPA III agus cúnamh eile a thugann an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta, i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe le haghaidh comhordú oibríochtúil a neartú i réimse an chúnaimh sheachtraigh, agus le haghaidh beartais agus nósanna imeachta a chomhchuibhiú, go háirithe na prionsabail idirnáisiúnta maidir le héifeachtacht na forbartha(27). Mar chuid den chomhordú beidh comhairliúcháin rialta, malartuithe minice faisnéise le linn chéimeanna éagsúla an timthrialla cúnaimh agus cruinnithe cuimsitheacha arb é is aidhm leo an cúnamh a chomhordú agus céim thábhachtach a bheidh sa chomhordú sin i bpróisis cláreagraithe an Aontais agus na mBallstát. Beidh sé mar aidhm leis an gcúnamh ailíniú a áirithiú le straitéis an Aontais le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach agus cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na gcistí, socruithe le haghaidh phrionsabal na comhpháirtíochta agus cur chuige comhtháite i leith forbairt chríochach. [Leasú 51]

3a.  Gníomhóidh an Coimisiún i gcomhpháirtíocht leis na tairbhithe. Mar chuid den chomhpháirtíocht, beidh, de réir mar is iomchuí, údaráis inniúla áitiúla agus údaráis inniúla náisiúnta, chomh maith le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta, rud a fhágfaidh go mbeidh siad in ann ról fónta a bheith acu le linn na gcéimeanna ceaptha, cur chun feidhme agus faireacháin.

Spreagfaidh an Coimisiún comhar i measc na ngeallsealbhóirí ábhartha. Le cúnamh IPA III, neartófar acmhainneachtaí eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, mar thairbhithe díreacha cúnaimh. [Leasú 52]

4.  Glacfaidh an Coimisiún na céimeanna is gá, i gcomhar leis na Ballstáit, chun comhordú agus comhlántacht le heagraíochtaí agus le heintitis réigiúnacha a áirithiú, amhail eagraíochtaí idirnáisiúnta agus institiúidí airgeadais, gníomhairí agus deontóirí neamh-Aontais.

CAIBIDIL III

CUR CHUN FEIDHME AN CREAT CLÁREAGRAITHE AGUS FORGHNÍOMHÚ [Leasú 53]

Airteagal 7

Creat clársceidealaithe IPA

1.  Beidh an cúnamh faoi IPA III bunaithe ar chreat clársceidealaithe IPA le haghaidh cuspóirí sonracha a thabhaiert i gcrích dá dtagraítear in Airteagal 3. Is é an Coimisiún a bhunóidh an creat clársceidealaithe IPA don tréimhse a bhaineann le creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais Forlíonfar an Rialachán seo le creat cláreagraithe de chuid IPA lena mbunaítear forálacha breise maidir le conas a dhéanfar na cuspóirí sonracha dá dtagraítear in Airteagal 3 a shaothrú. Déanfaidh an Coimisiún creat cláreagraithe IPA a bhunú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo.

Déanfaidh an Coimisiún na cáipéisí ábhartha cláreagraithe a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa in am trátha roimh thosach thréimhse an chláreagraithe. Sna cáipéisí sin, leagfar síos na leithdháiltí táscacha in aghaidh an ionú théamaigh agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, in aghaidh na tíre/an réigiúin, lena gcumhdófar torthaí ionchais agus rogha na socruithe cúnaimh. [Leasú 54]

1a.  Údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasaí bliantúla faoi chuimsiú theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse ó 2021 go 2027. [Leasú 55]

2.  An creat clársceidealaithe IPA, cuirfidh sé straitéisí náisiúnta ábhartha agus beartais earnála san áireamh de réir mar is cóir Le creat clárgeagraithe IPA, déanfar rúin agus seasaimh ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa agus straitéisí náisiúnta ábhartha agus beartais earnála ábhartha a chur san áireamh go cuí. [Leasú 56]

Díreofar an cúnamh ar chás sonrach na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus déanfar é a choigeartú do na cásanna sin, agus aird á tabhairt ar na hiarrachtaí breise a mbeidh gá leo chun na critéir bhallraíochta a chomhlíonadh chomh maith le cumais na dtairbhithe sin. Déanfar an cúnamh a dhifreáil maidir le raon feidhme agus déine i gcomhréir le riachtanais, le tiomantas d’athchóirithe agus leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis na hathchóirithe sin a chur chun feidhme.

3.  Gan dochar do mhír 4, déanfaidh an Coimisiún an creat clárscerideálaithe ICR a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le nós imeachta scrúdúcháin an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 16 Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, glacfaidhan Coimisiún creat cláreagraithe IPA, lena n-áirítear na socruithe chun prionsabal an ‘chion chothroim’ a achtú, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14. Rachaidh creat cláreagraithe IPA in éag faoin 30 Meitheamh 2025. Déanfaidh an Coimisiún creat nua cláreagraithe de chuid IPA a ghlacadh faoin 30 Meitheamh 2025, bunaithe ar an meastóireacht mheántéarma a bheith i gcomhréir leis na hionstraimí maoinithe sheachtraigh eile, agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh aige. I gcás inar gá, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach chreat cláreagraithe IPA, go háirithe i gcás ina bhfuil athruithe substainteacha ar an gcreat beartais dá dtagraítear in Airteagal 6 agus rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh aige. [Leasú 57]

4.  Glacfaidh an Coimisiún an creat clársceidealaithe le haghaidh comhar trasteorann leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 10 (1) de Rialachán ETC.

5.  Áireofar ar an gcreat clársceidealaithe IPA táscairí le measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn ag féachaint do na spriocanna a leagfar amach iontu a bhaint amach. Beidh creat cláreagraithe IPA bunaithe ar tháscairí soiléire agus infhíoraithe feidhmíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn IV le haghaidh measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh na spriocanna a leagfar amach ann a bhaint amach, inter alia, dul chun cinn agus torthaí sna réimsí seo a leanas:

(a)  an daonlathas, an smacht reachta agus córas ceartais neamhspleách agus éifeachtúil;

(b)  cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh agus de ghrúpaí leochaileacha iad;

(c)  an comhionannas inscne agus cearta na mban;

(d)  an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe;

(e)  an t-athmhuintearas, cothú na síochána, dea-chaidreamh comharsanachta;

(f)  saoirse na meán;

(g)  ag dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gComhaontú Pháras.

Áireoidh an Coimisiún dul chun cinn i leith na dtáscairí sin ina thuarascálacha bliantúla.

Beidh an cur chuige feidhmíochtbhunaithe faoin Rialachán seo faoi réir malartuithe tráthrialta tuairimí i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. [Leasú 123]

Airteagal 7a

Athbhreithniú agus meastóireacht mheántéarma

1.  Glacfaidh an Coimisiún creat nua clárgeagraithe de chuid IPA bunaithe ar an meastóireacht mheántéarma. Tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh 2024, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta meántéarma ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil meastóireachta meántéarma, cumhdófar an tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollag 2023 agus scrúdófar rannchuidiú an Aontais le cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú, trí bhíthin táscairí lena ndéantar tomhas ar na torthaí a bhainfear amach agus ar aon tátal nó aon chonclúid i dtaca le tionchar an Rialacháin seo.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ionchur a sholáthar sa mheastóireacht sin. Eagróidh an Coimisiún agus SEGS comhairliúchán le geallsealbhóirí príomha agus tairbhithe príomha, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta. Tabharfaidh an Coimisiún agus SEGS aird ar leith ar a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht orthu siúd is mó atá ar an imeall.

Fairis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus ar éifeachtacht a chuid gníomhaíochtaí in aghaidh an réimse idirghabhála, agus ar éifeachtacht an chláreagraithe, trí bhíthin meastóireachtaí seachtracha. Déanfaidh an Coimisiún agus SEGS moltaí agus tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meastóireachtaí seachtracha neamhspleácha a chur san áireamh. Sa mheastóireacht eatramhach, déanfar measúnú ar conas a d’fheidhmigh an tAontas i dtaobh spriocanna arna mbunú leis an Rialachán seo.

2.  Sa tuarascáil meastóireachta meántéarma, tabharfar aghaidh freisin ar éifeachtúlacht, ar bhreisluach agus ar fheidhmiú an struchtúir maoiniúcháin sheachtraigh shimplithe agus shruthlínithe, ar chomhsheasmhacht inmheánach agus sheachtrach, agus ar ábharthacht leanúnach chuspóirí an Rialacháin seo, ar an gcomhlántacht agus na sinéirgí idir na gníomhaíochtaí a mhaoinítear, ar rannchuidiú na mbeart sin le gníomhaíocht sheachtrach chomhleanúnach de chuid an Aontais, agus ar a mhéid is atá an pobal i dtíortha is faighteoirí ar an eolas faoi thacaíocht airgeadais ón Aontas, i gcás inarb iomchuí.

3.  Is é an cuspóir sonrach a bheidh leis an tuarascáil meastóireachta meántéarma a dhéanamh ná cur i bhfeidhm an chistithe ón Aontas a fheabhsú. Beidh sí ina bonn faisnéise do chinntí faoi athnuachan, modhnú nó cur ar fionraí na gcineálacha gníomhaíochta a chuirfear chun feidhme faoin Rialachán seo.

4.  Beidh sa tuarascáil meastóireachta meántéarma freisin faisnéis chomhdhlúite as tuarascálacha bliantúla ábhartha faoin gcistiú uile arna rialú leis an Rialachán seo, lena n-áirítear ioncam sannta seachtrach agus ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais agus miondealú ar chaiteachas de réir na tíre is tairbhí, úsáid ionstraimí airgeadais, gealltanas agus íocaíochtaí.

5.  Déanfaidh an Coimisiún tátail na meastóireachtaí, maille lena bharúlacha féin, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, agus do na Ballstáit. Beifear in ann leas a bhaint as na torthaí agus cláir á gceapadh agus acmhainní á leithdháileadh.

6.  Déanfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta, a chomhlachú sa phróiseas meastóireachta den chistiú sin ón Aontas a sholátharófar faoin Rialachán seo, agus féadfaidh sé, i gcás inarb iomchuí, féachaint le meastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh in éineacht leis na Ballstáit agus i ndlúthchomhar leis na tíortha is tairbhithe.

7.  Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil meastóireachta meántéarma dá dtagraítear san Airteagal seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, i dteannta, más iomchuí, tograí reachtacha ina leagfar amach leasuithe riachtanacha ar an Rialachán seo.

8.  Ag deireadh thréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ach tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht chríochnaitheach ar an Rialachán faoi na téarmaí céanna leis an meastóireacht mheántéarma dá dtagraítear san Airteagal seo. [Leasú 124]

Airteagal 7b

Cúnamh a chur ar fionraí

1.  I gcás ina mainníonn tairbhí prionsabal an daonlathais, an smacht reachta, an dea-rialachas, an urraim do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, nó caighdeáin sábháilteachta núicléiche a urramú, nó ina sáraíonn sé na gealltanais a tugadh sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas nó ina bhfuil sé ag dul siar go seasta ar chritéar amháin nó níos mó de chritéir Chóbanhávan, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 14, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú nó cúnamh ón Aontas a chur ar fionraí nó a chur ar fionraí go páirteach. I gcás fionraí páirteach, sonrófar na cláir a mbeidh feidhm ag an bhfionraí maidir leo.

2.  I gcás ina suífidh an Coimisiún nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúiseanna lena dtugtar bonn cirt do chúnamh a chur ar fionraí, tabharfar de chumhacht dó gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 14, chun Iarscríbhinn I a leasú chun cúnamh ón Aontas a athbhunú.

3.  I gcás fionraí páirteach, bainfear úsáid as cúnamh ón Aontas go príomha chun tacú le heagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe neamhstáit i ndáil le bearta a bhfuil sé mar aidhm leo cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus tacú le próisis daonlathaithe agus idirphlé i dtíortha comhpháirtíochta.

4.  Le linn a chinnteoireachta, tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar rúin ábhartha ó Pharlaimint na hEorpa. [Leasú 125]

Airteagal 7c

Rialachas

Beidh grúpa stiúrtha cothrománach, a bheidh comhdhéanta de sheirbhísí ábhartha uile an Choimisiúin agus SEGS agus a mbeidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí nó ionadaí ón oifig sin ina chathaoirleach air, freagrach as stiúradh, comhordú agus bainistiú na hionstraime seo i rith na timthrialla bainistithe chun comhleanúnachas, éifeachtúlacht, trédhearcacht agus cuntasacht an mhaoinithe sheachtraigh uile ón Aontas a áirithiú. Déanfaidh an tArdionadaí/Leas-Uachtarán comhordú polaitiúil foriomlán ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais a áirithiú. I rith thimthriall an chláreagraithe, na pleanála agus chur i bhfeidhm na hionstraime, oibreoidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí agus SEGS le comhaltaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin, arna sainaithint ar bhonn chineál agus chuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, agus ag cur leis an saineolas atá acu. Déanfaidh an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí, SEGS agus an Coimisiún gach togra le haghaidh cinneadh a ullmhú i gcomhréir le nósanna imeachta an Choimisiún agus iad a thíolacadh i gcomhair a nglactha.

Beidh Parlaimint na hEorpa rannpháirteach go hiomlán i gcéimeanna ceaptha, chláreagraithe, faireacháin agus meastóireachta na n-ionstraimí maoinithe sheachtraigh chun rialú polaitiúil agus grinnscrúdú daonlathach a ráthú chomh maith le cuntasacht as cistiú sin an Aontais i réimse na gníomhaíochtaí seachtraí. [Leasú 126]

Airteagal 8

Bearta agus modhanna cur chun feidhme forghníomhaithe [Leasú 62]

1.  Cuirfear cúnamh faoi IPA III chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir leis an Rialchán Airgeadais trí phleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus trí bhearta dá dtagraítear i gCaibidil III de Theideal II de [Rialachán ICFCI]. Beidh feidhm ag Caibidil III de Theideal II de [Rialachán ICFCI] maidir leis an Rialachán seo seachas mír 1 d’Airteagal 24 [daoine incháilithe agus eintitis] Déanfar cúnamh faoi IPA III a fhorghníomhú faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht indíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais trí bhíthin pleananna gníomhaíochta pleananna gníomhaíochta agus bearta bliantúla nó ilbhliantúla amhail dá dtagraítear i gCaibidil IIIa. [Leasú 63]

1a.  Féadfar an bhainistíocht indíreach a fhreaschur mura bhfuil an tairbhí in ann nó mura bhfuil sé toilteanach na cistí arna mbronnadh a riar i gcomhréir leis na rialacha, na prionsabail agus na hoibleagáidí seanbhunaithe faoin Rialachán seo. I gcás ina mainníonn tairbhí prionsabail an daonlathais, an smachta reachta, chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a urramú nó i gcás sárú ar na gealltanais a tugadh sna comhaontuithe ábhartha a tugadh i gcrích leis an Aontas, féadfaidh an Coimisiún, i réimsí nó cláir bheartais ar leith, scor den bhainistíocht indíreach leis an tairbhí sin agus filleadh ar an mbainistíocht indíreach arna déanamh ag eintiteas amháin nó níos mó ar cuireadh cúraimí orthu seachas tairbhí nó ar bhainistíocht dhíreach. [Leasú 64]

1b.  Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé le Parlaimint na hEorpa, agus cuirfidh sé san áireamh tuairimí Pharlaimint na hEorpa i dtaobh réimsí ina bhfuil cláir chúnaimh dá cuid féin ar bun aici, amhail fothú acmhainneachta agus breathnóireacht toghcháin. [Leasú 65]

2.  Faoin Rialachán seo, féadfar pleananna gníomhaíochta a ghlacadh ar feadh tréimhse nach faide ná seacht mbliana.

2a.  Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa go hiomlán rannpháirteach i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le beartú agus cur chun feidhme beart de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear aon athruithe nó leithdháiltí substainteacha a bheidh beartaithe. [Leasú 66]

2b.  Beidh de choinníoll ag gabháil le heisíocaíocht na tacaíochta buiséadaí ginearálta nó na tacaíochta buiséadaí earnála go ndéanfar dul chun cinn sásúil ionsar na cuspóirí arna gcomhaontú le tairbhí a bhaint amach.

Déanfaidh an Coimisiún na critéir coinníollachta um thacaíocht bhuiséadach a leagtar amach in Airteagal 23(4) de Rialachán ICFCI a chur i bhfeidhm. Déanfaidh sé bearta chun cistiú ón Aontas a laghdú nó a chur ar fionraí trí thacaíocht bhuiséadach i gcás neamhrialtachtaí sistéamacha sna córais bhainistithe agus rialaithe nó dhul chun cinn míshásúil a bheith á dhéanamh ionsar na cuspóirí arna gcomhaontú leis an tairbhí a bhaint amach.

Maidir le cúnamh a bheith á thabhairt isteach athuair ag an gCoimisiún i ndiaidh na fionraí dá dtagraítear san Airteagal seo, beidh ag gabháil leis cúnamh spriocdhírithe d’údaráis náisiúnta iniúchóireachta. [Leasú 67]

Caibidil IIIa

Forghníomhú [Leasú 68]

Airteagal 8a

Pleananna gníomhaíochta agus bearta

1.  Glacfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla nó bearta bliantúla nó ilbhliantúla. Féadfaidh na bearta a bheith ina mbearta aonair, ina mbearta speisialta, ina mbearta tacaíochta nó ina mbearta cúnaimh eisceachtúil. I bpleananna agus bearta gníomhaíochta, sonrófar le haghaidh gach gníomhaíochta na cuspóirí atá á saothrú, na torthaí agus na príomhghníomhaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo, na modhanna cur i bhfeidhm, an buiséad agus aon chaiteachais tacaíochta ghaolmhara.

2.  Beidh pleananna gníomhaíochta bunaithe ar chláir chláreagraithe, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.

Nuair is gá, féadfar gníomhaíocht a ghlacadh mar bheart aonair sula nglacfar pleananna gníomhaíochta nó dá éis sin. Beidh bearta aonair bunaithe ar cháipéisí cláreagraithe, cé is moite de na cásanna dá dtagraítear i mír 3 agus i gcásanna eile a bhfuil bonn cirt cuí leo.

I gcás riachtanais nó imthosca gan choinne, agus nuair nach féidir cistiú a fháil ó fhoinsí atá níos iomchuí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán ICFCI lena leagtar síos bearta speisialta nach bhfuil bunaithe ar cháipéisí cláreagraithe.

3.  Féadfar pleananna gníomhaíochta bliantúla nó ilbhliantúla agus bearta aonair a úsáid chun gníomhaíochtaí mearfhreagartha dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(b) de Rialachán ICFCI a fhorghníomhú.

4.  Féadfaidh an Coimisiún bearta cúnaimh eisceachtúil a ghlacadh i gcomhair gníomhaíochtaí mearfhreagartha amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(4)(a) de Rialachán ICFCI.

5.  Maidir le bearta a dhéanfar faoi Airteagal 19 (3) agus (4), féadfaidh ré suas le 18 mí a bheith ag gabháil leo, agus féadfar an ré sin a fhadú faoi dhó go ceann tréimhse suas le sé mhí, suas le huastréimhse iomlán 30 mí, i gcás bacainní oibiachtúla agus gan choinne a bheith ann ar an bhforghníomhú, ar choinníoll nach dtiocfaidh aon mhéadú ar shuim airgeadais an bhirt.

I gcás géarchéim agus coinbhleacht fhadtréimhseach, féadfaidh an Coimisiún an dara beart um chúnamh eisceachtúil, ar tréimhse suas le 10 mí a fhad, a ghlacadh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfar bearta breise a ghlacadh i gcás inar bunriachtanach leanúnachas ghníomhaíocht an Aontais faoin mír seo agus nach féidir í a áirithiú ar bhealaí eile. [Leasú 69]

Airteagal 8b

Bearta tacaíochta

1.  Leis an maoiniú ón Aontas, féadfar caiteachas chun tacú le forghníomhú na hionstraime agus le gnóthú a cuspóirí a chumhdach, lena n-áirítear tacaíocht riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ullmhúcháin, leantacha, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta atá riachtanach le haghaidh an fhorghníomhaithe sin, mar aon le caiteachas ag an gceannáras agus ag toscaireachtaí an Aontais ar an tacaíocht riaracháin is gá le haghaidh an chláir, agus chun oibríochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, agus córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, a bhainistiú.

2.  Nuair nach mbeidh caiteachas tacaíochta ar áireamh sna pleananna gníomhaíochta ná sna bearta dá dtagraítear in Airteagal 21, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb infheidhme, bearta tacaíochta a ghlacadh. Féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach faoi bhearta tacaíochta:

(a)  staidéir, cruinnithe, faisnéis, múscailt feasachta, oiliúint, ullmhúchán agus malartú ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtas, gníomhaíochtaí foilsithe agus aon chaiteachas eile ar riarachán nó ar chúnamh teicniúil is gá le haghaidh gníomhaíochtaí a chláreagrú agus a bhainistiú, lena n-áirítear saineolaithe seachtracha a íoctar;

(b)  gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus staidéir ar shaincheisteanna iomchuí agus a scaipeadh;

(c)  caiteachas a bhaineann le soláthar faisnéise agus gníomhaíochtaí cumarsáide, lena n-áirítear straitéisí cumarsáide a fhorbairt agus cumarsáid chorparáideach agus infheictheacht thosaíochtaí polaitiúla an Aontais. [Leasú 70]

Airteagal 8c

Pleananna gníomhaíochta agus bearta a ghlacadh

1.  Glacfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta agus bearta trí bhíthin cinneadh ón gComhairle i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2.  Cuirfidh an Coimisiún san áireamh cur chuige ábhartha beartais na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa maidir le beartú, agus cur i bhfeidhm dá éis sin, na bpleananna gníomhaíochta agus beart sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach faoi bheartú pleananna gníomhaíochta agus beart de bhun an Airteagail seo, lena n-áirítear na suimeanna airgeadais a bheidh beartaithe, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas freisin agus athruithe nó síntí suntasacha ar an gcúnamh sin á ndéanamh aige. A luaithe is féidir i ndiaidh beart a ghlacadh nó a mhodhnú go substainteach, agus ar aon chuma laistigh de mhí amháin tar éis a dhéanta, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus tabharfaidh sé forbhreathnú ar chineál agus ar réasúnaíocht an bhirt a glacadh, lena n-áirítear comhlántacht an bhirt sin le cúnamh eile ón Aontas, bíodh sé á thabhairt nó beartaithe lena thabhairt. I gcás bearta cúnaimh eisceachtúil, tabharfaidh an Coimisiún le fios freisin cé acu a áiritheoidh sé nó nach áiritheoidh sé, a mhéid a áiritheoidh sé, agus cén chaoi a n-áiritheoidh sé, leanúnachas an bheartais arna fhorghníomhú tríd an gcúnamh eisceachtúil trí bhíthin cúnamh meántéarmach agus fadtéarmach faoin Rialachán seo.

3.  Sula ndéanfaidh sé pleananna gníomhaíochta agus bearta nach bhfuil bunaithe ar cháipéisí clárgeagraithe a ghlacadh de bhun Airteagal 8a (3) agus (4), glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 14 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a leagan amach: na cuspóirí sonracha a bheidh le saothrú, na torthaí a bhfuiltear ag súil leo, na hionstraimí a mbeidh feidhm le baint astu, príomhghníomhaíochtaí agus leithdháiltí táscacha airgeadais na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart sin.

4.  Tabharfar faoi scagadh iomchuí um chearta an duine, agus um ghnéithe a bhaineann leis an tsochaí agus leis an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcás thionchair an athraithe aeráide agus na bithéagsúlachta, ar leibhéal na ngníomhaíochtaí, i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla is infheidhme de chuid an Aontais, lena n-áirítear Treoir 2011/92/AE(28) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir 85/337/CEE ón gComhairle(29), arb éard a bheidh iontu, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol i gcás gníomhaíochtaí atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de, go háirithe i gcás mórbhonneagar nua.

Fairis sin, déanfar measúnuithe tionchair ex ante um chearta an duine, um inscne, um an tsochaí agus um shaothar, mar aon le hainilís ar choinbhleachtaí agus measúnú riosca.

I gcás inarb ábhartha, bainfear leas as measúnuithe straitéiseacha um chearta an duine, um an tsochaí agus um an gcomhshaol agus cláir earnála á bhforghníomhú. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh geallsealbhóirí leasmhara rannpháirteach sna measúnuithe sin agus go mbeidh teacht ag an bpobal ar thorthaí na measúnuithe sin. [Leasú 127]

Airteagal 8d

Modhanna comhair

1.  Is é an Coimisiún a dhéanfaidh maoiniú faoin Ionstraim seo a chur chun feidhme, amhail dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais, bíodh sin á dhéanamh go díreach ag an gCoimisiún féin, ag toscaireachtaí de chuid an Aontais agus ag gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, nó go hindíreach trí aon cheann de na heintitis a liostaítear in Airteagal 62 (1) (c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar maoiniú faoin Rialachán seo a sholáthar freisin trí bhíthin ranníocaíochtaí le cistí idirnáisiúnta, réigiúnacha nó náisiúnta, amhail na cistí a bhunaigh nó a bhainistíonn BEI, na Ballstáit, tíortha comhpháirtíochta agus réigiúin chomhpháirtíochta nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó deontóirí eile.

3.  Déanfaidh na heintitis a liostaítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais agus in Airteagal 29(1) de Rialachán ICFCI a n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 155 den Rialachán Airgeadais a chomhlíonadh go bliantúil. Déantar na hoibleagáidí tuairiscithe d’aon cheann de na heintitis sin a leagan síos sa chomhaontú comhpháirtíochta maidir leis an gcreat airgeadais, sa chomhaontú ranníocaíochta, sa chomhaontú maidir le ráthaíochtaí bhuiséadach nó sa chomhaontú maoiniúcháin.

4.  Féadfar gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoi na hIonstraimí a chur chun feidhme trí bhíthin cómhaoiniú comhthreomhar nó cómhaoiniú comhpháirteach.

5.  I gcás cómhaoiniú comhthreomhar, déantar gníomhaíocht a dheighilt ina líon comhchodanna in-sainaitheanta a ndéanann na comhpháirtithe éagsúla a sholáthraíonn cómhaoiniú gach ceann díobh a mhaoiniú sa chaoi is gur féidir úsáid deiridh an mhaoinithe a shainaithint i gcónaí.

6.  I gcás cómhaoiniú comhpháirteach, déantar costas iomlán gníomhaíochta a chomhroinnt idir na comhpháirtithe a sholáthraíonn an cómhaoiniú agus comhthiomsaítear na hacmhainní sa chaoi nach féidir foinse an mhaoinithe d’aon ghníomhaíocht faoi leith a dhéantar mar chuid den ghníomhaíocht a shainaithint a thuilleadh.

7.  Féadfaidh an tAontas agus a chomhpháirtithe oibriú i gcomhar le chéile ar na bealaí seo a leanas, inter alia:

(a)  socruithe triantánacha trína ndéanann an tAontas a chistiú cúnaimh do thír chomhpháirtíochta nó do réigiún comhpháirtíochta a chomhordú le tríú tíortha;

(b)  bearta comhair riaracháin amhail nascadh idir institiúidí poiblí, údaráis áitiúla, comhlachtaí náisiúnta poiblí nó eintitis phríobháideacha dlí a gcuirfear de chúram orthu cúraimí seirbhíse poiblí Ballstáit agus cúraimí seirbhíse poiblí tíre comhpháirtíochta nó réigiúin chomhpháirtíochta, mar aon le bearta comhair a mbeidh baint ag saineolaithe ón earnáil phoiblí a sheolfar ó na Ballstáit agus óna n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla leo;

(c)  ranníocaíochtaí leis na costais is gá chun comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a chur ar bun agus a riar lena n-áirítear tacaíocht do rannpháirtíocht leathan trí chomhlacht tríú páirtí neamhspleách den tsochaí shibhialta a chur ar bun chun measúnú agus faireachán a dhéanamh ar chur ar bun comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí;

(d)  cláir tacaíochta um beartas earnála trína dtugann an tAontas tacaíocht do chlár earnála tíre comhpháirtíochta

(e)  ranníocaíochtaí le costas rannpháirtíocht na dtíortha i gcláir agus i ngníomhaíochtaí de chuid an Aontais arna gcur chun feidhme ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí de chuid an Aontais, mar aon le comhlachtaí agus daoine ar a bhfuil sé de chúram gníomhaíochtaí sonracha sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála a chur chun feidhme de bhun Theideal V CAE;

(f)  fóirdheontais rátaí úis. [Leasú 72]

Airteagal 8e

Cineálacha cistithe ón Aontas agus modhanna cur i feidhm

1.  Féadfar an cistiú ón Aontais a sholáthar trí na cineálacha maoinithe a bheartaítear sa Rialachán Airgeadais, agus tríd an méid seo a leanas go háirithe:

(a)  deontais;

(b)  conarthaí soláthair le haghaidh seirbhísí, soláthairtí nó oibreacha;

(c)  tacaíocht bhuiséadach;

(d)  ranníocaíochtaí le cistí iontaobhais arna gcur ar bun ag an gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais;

(e)  ionstraimí airgeadais;

(f)  ráthaíochtaí buiséadacha;

(g)  cumasc;

(h)  faoiseamh fiachais i gcomhthéacs clár um fhaoiseamh fiachais arna chomhaontú go hidirnáisiúnta;

(i)  cúnamh airgeadais;

(j)  saineolaithe seachtracha a íoctar.

2.  Agus é i mbun oibre le geallsealbhóirí tíortha comhpháirtíochta, cuirfidh an Coimisiún a sonraíochtaí san áireamh, lena n-áirítear a riachtanais agus an comhthéacs is ábhartha, nuair a bheidh na módúlachtaí airgeadais, an cineál ranníocaíochta, na módúlachtaí dámhachtana agus na forálacha riaracháin le haghaidh deontais a bhainistiú á sainiú aige, d’fhonn dul i dteagmháil leis an réimse is mó is féidir de na páirtithe leasmhara sin agus d’fhonn freagairt dóibh ar an dóigh is fearr. Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh na coinníollacha na coinníollacha faoina bhféadfaidh gach geallsealbhóir, go háirithe an tsochaí shibhialta áitiúil, a bheith rannpháirteach ar bhealach fónta. Déanfar módúlachtaí sonracha a spreagadh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, amhail comhaontuithe comhpháirtíochta, údaruithe ar thacaíocht airgeadais do thriú páirtithe, glaonna ar thograí le haghaidh dámhachtanaí díreacha nó glaonna ar thograí faoi choinníollacha atá srianta ó thaobh incháilitheachta de, nó cnapshuimeanna, costais aonaid agus maoiniú cothromráta maille le maoiniú nach mbaineann le costais mar a bheartaítear in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Trí na modúlachtaí éagsúla sin, áiritheofar trédhearcacht, inrianaitheacht agus nuálaíocht. Déanfar comhar idir Eagraíochtaí Neamhrialtasacha áitiúla agus idirnáisiúnta a spreagadh chun acmhainneachtaí na sochaí sibhialta a threisiú d’fhonn a rannpháirtíocht iomlán i gcláir forbartha a bhaint amach.

3.  Le cois na gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais, féadfar nós imeachta na dámhachtana dírí a úsáid i ndáil leis na nithe seo a leanas:

(a)  deontais ar luach íseal do chosantóirí chearta an duine agus do shásraí le haghaidh cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol, chun gníomhaíochtaí práinneacha cosanta a mhaoiniú, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú, agus d’eadránaithe agus do ghníomhaithe eile den tsochaí shibhialta a bhfuil lámh acu in idirphlé i dtaca le staideanna géarchéime agus le coinbhleacht armtha, i réiteach coinbhleachtaí, in athmhuintearas agus i gcothú na síochána;

(b)  deontais, i gcás inarb iomchuí gan an gá le cómhaoiniú, chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú faoi na dálaí is deacra i gcás nárbh iomchuí glao ar thograí a fhoilsiú, lena n-áirítear cásanna ina bhfuil uireasa thromchúiseach saoirsí bunúsacha, bagairtí ar institiúidí daonlathacha, géarchéimeanna a bheith ag dul in olcas, coinbhleacht armtha inar mó an baol do shlándáil an duine nó ina bhfuil eadránaithe agus gníomhaithe eile den tsochaí shibhialta a bhfuil lámh acu in idirphlé i dtaca le staideanna géarchéime agus le coinbhleacht armtha, i réiteach coinbhleachtaí, in athmhuintearas agus i gcothú na síochána ag obair ag faoi na dálaí is deacra; Ní bheidh na deontais sin os cionn EUR 1 000 000 agus mairfidh siad suas le 18 mhí, tréimhse a bhféadfar síneadh 12 mhí a chur léi i gcás bacainní oibiachtúla, gan choinne a bheith ann ar a gcur i bhfeidhm;

(c)  deontais d’Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus don Champas Domhanda, don Lárionad Idir-Ollscoileanna Eorpacha um Chearta an Duine agus um Dhaonlathú, lena soláthraítear Céim Mháistir Eorpach i gCearta an Duine agus sa Daonlathú, agus a líonra gaolmhar ollscoileanna ina mbronntar dioplómaí iarchéime i gcearta an duine, lena n-áirítear scoláireachtaí do mhic léinn, do thaighdeoirí, do mhúinteoirí agus do chosantóirí chearta an duine ó thríú tíortha.

(d)  Tionscadail bheaga mar a thuairiscítear in Airteagal 23a de Rialachán ICFCI.

Beidh an tacaíocht bhuiséadach amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, lena n-áirítear trí chonarthaí feidhmíochta maidir le hathchóiriú earnála, bunaithe ar chuntasacht fhrithpháirteach agus ar thiomantas comhroinnte do luachanna uilíocha, don daonlathas, do chearta an duine, don chomhionannais inscne, don chuimsiú sóisialta, d’fhorbairt an duine agus don smacht reachta, agus is é is aidhm di comhpháirtíochtaí a neartú idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta. Mar chuid den tacaíocht sin, beidh idirphlé treisithe beartais, forbairt acmhainneachtaí, agus rialachas feabhsaithe, lena gcomhlánófar iarrachtaí na gcomhpháirtithe ar níos mó a bhailiú agus ar chaiteachas a dhéanamh ar bhealach níos fearr chun tacú le forbairt shoch-eacnamaíoch inbhuanaithe agus chuimsitheach a théann chun tairbhe do chách, le poist chuibhiúla a chruthú, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga, le laghdú éagothromaíochtaí agus le dísciú na bochtaineachta agus aird chuí ar gheilleagair áitiúla, ar chearta comhshaoil agus ar chearta sóisialta.

Aon chinneadh chun tacaíocht bhuiséadach a sholáthar, beidh sé bunaithe ar bheartais tacaíochta buiséadaí a bheidh comhaontaithe ag an Aontas, ar shraith shoiléir de chritéir incháilitheachta agus ar mheasúnú cúramach ar na rioscaí agus ar na tairbhí. Ar cheann de na príomhchinntithigh den chinneadh sin, beidh measúnú ar ghealltanas, ar chuntas teiste agus ar dhul chun cinn na dtíortha comhpháirtíochta maidir leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta.

4.  Déanfar an tacaíocht bhuiséadach a dhifreáil sa chaoi gur fearr a fhreagrófar do chomhthéacs polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta na tíre comhpháirtíochta, agus cásanna leochaileachta á gcur san áireamh.

Agus tacaíocht bhuiséadach á soláthar aige i gcomhréir le hAirteagal 236 den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún sainiú soiléir agus faireachán ar chritéir choinníollachta um thacaíocht bhuiséadach, lena n-áirítear dul chun cinn i leith athchóirithe agus trédhearcachta, agus tabharfaidh sé tacaíocht d’fhorbairt an rialaithe pharlaimintigh, d’acmhainneachtaí iniúchta náisiúnta, do rannpháirtíocht CSO san fhaireachán agus do thrédhearcacht mhéadaithe agus rochtain phoiblí mhéadaithe ar fhaisnéis agus d’fhorbairt ar chórais láidre soláthair phoiblí a thacaíonn leis an bhforbairt eacnamaíoch áitiúil agus le gnólachtaí áitiúla.

5.  Beidh eisíoc na tacaíochta buiséadaí bunaithe ar tháscairí lena léireofar dul chun cinn sásúil i dtreo na cuspóirí arna gcomhaontú leis an tír chomhpháirtíochta a bhaint amach.

6.  Féadfaidh ionstraimí airgeadais faoin Rialachán seo a bheith i bhfoirmeacha amhail iasachtaí, ráthaíochtaí, cothromas nó cuasachothromas, infheistíochtaí nó rannpháirtíochtaí, agus ionstraimí roinnte riosca, nuair is féidir agus i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 209(1) den Rialachán Airgeadais faoi cheannaireacht BEI, institiúid Eorpach iltaobhach airgeadais, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, nó institiúid Eorpach dhéthaobhach airgeadais, amhail bainc forbartha déthaobhacha, agus d'fhéadfadh sé go mbeidís comhthiomsaithe le foirmeacha eile breise tacaíochta airgeadais, ó Bhallstáit agus ó thríú páirtithe araon.

Féadfaidh na Ballstáit mar aon le haon eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 62(1)(c) den Rialachán Airgeadais ranníocaíochtaí a dhéanamh le hionstraimí airgeadais de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.

7.  Féadfar na hionstraimí airgeadais sin a ghrúpáil ina saoráidí chun críocha cur i bhfeidhm agus tuairiscithe.

8.  Ní dhéanfaidh an Coimisiún ná SEGS oibríochtaí nua nó athnuaite le heintitis atá ionchorpraithe nó bunaithe i ndlínsí a shainítear faoi bheartas ábhartha an Aontais mar dhlínsí neamhchomhoibríocha, nó a shainaithnítear mar thríú tíortha ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30), nó nach gcomhlíonann go héifeachtach caighdeáin chánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag an Aontas nó a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta.

9.  Ní ghinfidh an cistiú ón Aontais bailiú cánacha sonracha, dleachtanna sonracha nó muirir shonracha ná ní chuirfidh sé i ngníomh iad.

10.  Féadfaidh cánacha, dleachtanna agus muirir a fhorchuirfidh tíortha comhpháirtíochta a bheith incháilithe do mhaoiniú faoin Rialachán seo. [Leasú 73]

Airteagal 8f

Cistí a thabhairt anonn, tráthchodanna bliantúla, leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, aisíocaíochtaí agus ioncam a ghintear le hionstraimí airgeadais

1.  Le cois Airteagal 12(2) den Rialachán Airgeadais, déanfar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí nár úsáideadh a thabhairt anonn go huathoibríoch agus féadfar iad a ghealladh go dtí 31 Nollaig na bliana airgeadais ina dhiaidh sin. Is í an tsuim a tugadh anonn is túisce a úsáidfear sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin.

I gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Coimisiún faisnéis maidir le leithreasuithe a tugadh anonn go huathoibríoch, lena n-áirítear na suimeanna atá i gceist, a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

2.  Le cois na rialacha a leagtar síos in Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais maidir le leithreasuithe a chur ar fáil arís, cuirfear leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chomhfhreagraíonn do shuim na ngealltanas saortha a rinneadh toisc nár cuireadh chun feidhme gníomhaíocht faoin Rialachán seo go hiomlán ná go páirteach, cuirfear ar fáil iad arís chun leasa na líne buiséid tionscnaimh.

Tuigfear, chun críche an Rialacháin seo, go bhfuil tagairt don mhír seo sna tagairtí d’Airteagal 15 den Rialachán Airgeadais in Airteagal 12(1)(b) den Rialachán lena leagtar síos an Creat Airgeadais Ilbhliantúil.

3.  Féadfar gealltanais bhuiséadacha i gcomhair gníomhaíochtaí ar faide iad ná aon bhliain airgeadais amháin a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta, i gcomhréir le hAirteagal 112(2)den Rialachán Airgeadais.

Ní bheidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 114(2) den Rialachán Airgeadais maidir leis na gníomhaíochtaí ilbhliantúla sin. Maidir le haon chuid de ghealltanas buiséadach do ghníomhaíocht nach mbeidh, faoin 31 Nollaig den chúigiú bliain tar éis bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, úsáidte chun críche réamh-mhaoiniúcháin nó chun críche íocaíochtaí eatramhacha a dhéanamh nó nach mbeidh aon ráiteas deimhnithe caiteachais ná aon iarraidh ar íocaíocht tíolactha ina leith, déanfaidh an Coimisiún an chuid sin a shaoradh go huathoibríoch.

Beidh feidhm ag mír 2 den Airteagal seo maidir le tráthchodanna bliantúla freisin.

4.  De mhaolú ar Airteagal 209(3) den Rialachán Airgeadais, déanfar aisíocaíochtaí agus ioncaim arna nginiúint le hionstraim airgeadais a shannadh don líne bhuiséid thionscnaimh mar ioncam inmheánach sannta tar éis costais agus táillí bainistíochta a asbhaint.. Gach cúig bliana, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach, agus ar a éifeachtacht na n-ionstraimí airgeadais atá ann cheana. [Leasú 74]

Airteagal 9

Comhar trasteorann

1.  Leithdháilfear go táscach suas le 3 % den imchlúdach airgeadais ar chláir chomhair thrasteorann idir na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na Ballstáit, ar aon dul lena gcuid riachtanas agus tosaíochtaí.

2.  Ní bheidh ráta athmhaoiniúcháin ar leibhéal gach tosaíochta os cionn 85 % de chaiteachas incháilithe cláir comhair trasteorann. Is é 100 % ráta cómhaoiniúcháin an Aontais a bheidh ann le haghaidh cúnamh teicniúil.

3.  Socrófar leibhéal an réamh-mhaoinithe le haghaidh comhar trasteorann leis na Ballstáit sa chlár oibre de réir riachtanais na dtairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na gcríoch rannpháirteach agus féadfar é a shocrú os cionn an chéatadáin dá dtagraítear in Airteagal 49 de Rialachán ETC.

4.  I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de [Rialachán ETC], féadfar aon tacaíocht ón Rialachán seo don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun aon ghníomhaíochtaí eile a mhaoiniú faoin Rialachán seo I gcás ina scoirfear de chláir comhair trasteorann i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán ETC, féadfar aon tacaíocht ón Rialachán seo don chlár ar scoireadh de a bheidh ar fáil fós a úsáid chun aon ghníomhaíochtaí eile atá incháilithe faoin Rialachán seo a mhaoiniú. Sa chás sin, mura bhfuil aon ghníomhaíochtaí incháilithe ann le maoiniú sa bhliain reatha, féadfar leithreasuithe a thabhairt anonn go dtí an bhliain dár gcionn. [Leasú 75]

CAIBIDIL IV

INCHÁILÍOCHT AGUS FORÁLACHA SONRACHA EILE

Airteagal 10

Incháilíocht le haghaidh cistiúcháin faoi IPA III

1.  Beidh táirgeoirí, iarratasóirí agus iarrthóirí ó na tíortha seo a leanas incháilithe le haghaidh cistiúcháin faoi ICR III:

(a)  Na Ballstáit, na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, comhhpáirtithe conartha an Chomhaontaithe maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus na tíortha faoi chuimsiú Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán ICFCI, agus

(b)  tíortha a mbunóidh an Coimisiún rochtain chómhalartach ar chúnamh seachtrach ina leith. Féadfar rochtain chómhalartach a dheonú, le haghaidh tréimhse teoranta d'aon bhliain amháin ar a laghad, nuair a dhéanfaidh tír incháilitheacht a dheonú ar choinníollacha comhionanna le heintitis ón Aontas agus ó thíortha incháilithe faoin Rialachán seo. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an rochtain chómhalartach tar éis dó dul i gcomhairle leis an tír is faighteoir nó leis na tíortha is faighteoirí lena mbaineann;

CAIBIDIL V

CEFI+ AGUS RÁTHAÍOCHTAÍ BUISÉADACHA

Airteagal 11

Ionstraimí airgeadais agus ráthaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha

1.  Na tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I, beidh siad incháilithe maidir leis an gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus (CEFI+) agus maidir leis an Ráthaíocht um Ghníomhaíocht Sheachtrach dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Theideal II de Rialachán ICFCI. Chuige sin, rannchuideoidh IPA III le soláthar a bhaineann leis an ráthaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 26 de Rialachán ICFCI i comhréir leis na hinfheistíochtaí a dhéantar agus a théann chun sochair do thairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

CAIBIDIL VI

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ, AGUS MEASTÓIREACHT AGUS CUMARSÁID [Leasú 76]

Airteagal 12

Faireachán, iniúchadh, meastóireacht agus cosaint leasanna airgeadais an Aontais

1.  Beidh feidhm ag Caibidil V de Theideal II de Rialachán ICFCI i ndáil le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht maidir leis an Rialachán seo.

2.  Leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar dhul chun cinn IPA III i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3 fhorghníomhú agus ar dhul chun cinn IPA III i dtreo bhaint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 3. [Leasú 77]

3.  I dtaca le comhar trasteorann leis na Ballstáit, is iad na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán ETC a úsáidfear.

4.  Le cois na dtáscairí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, cuirfear na tuairiscí um méadú déanfar na tuairiscí um méadú agus na measúnuithe ón gCoimisiún ar na Cláir Athchóirithe Eacnamaíocha a chur san áireamh i gcreat torthaí chúnamh IPA III. [Leasú 78]

4a.   Déanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha meastóireachta eatramhacha agus na tuarascálacha meastóireachta deiridh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán ICFCI a thíolacadh agus a chur i láthair do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Deanfaidh an Coimisiún na tuarascálacha sin a chur ar fáil don phobal. [Leasú 79]

5.  I dteannta Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, faoi bhainistíocht indíreach, déanfaidh tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I aon mhírialtachtaí a thuairisciú lena n‑áirítear calaois, arb iad ab ábhar do thorthaí príomha riaracháin nó torthaí breithiúnacha, agus an Coimisiún a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin nó dlí. Déanfar an tuairisciú sin go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí a úsáid, arna bhunú ag an gCoimisiún I dteannta Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, faoi bhainistíocht indíreach, déanfaidh tairbhithe na mírialtachtaí, lena n-áirítear calaois, arb iad ab ábhar do thorthaí príomha riaracháin nó torthaí breithiúnacha, a thuairisciú don Coimisiún gan mhoill agus é a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn nós imeachta riaracháin agus dlí. Déanfar an tuairisciú sin go leictreonach, tríd an gCóras Bainistíochta Mírialtachtaí, arna bhunú ag an gCoimisiún, a úsáid. Tacóidh an Coimisiún leis an bhforbairt ar acmhainneachtaí um rialú parlaiminteach agus um iniúchóireacht na dtairbhithe agus le trédhearcacht mhéadaithe agus le rochtain mhéadaithe ag an bpobal ar fhaisnéis. Áiritheoidh an Coimisiún, an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí agus go háirithe toscaireachtaí sin an Aontais chuig na tairbhithe go ndéanfar gach leithdháileadh cistiúcháin faoi bhainistíocht indíreach ar bhealach trédhearacach, éifeachtach, cuntasach, dípholaitithe agus neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear trí bhíthin dáileadh cothrom, lena léirítear riachtanais na réigiún agus riachtanais na mbardas áitiúil. [Leasú 80]

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 13

Tarmligean cumhachtaí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14 chun Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 14

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 13 a thabhairt don Choimisiún amhail dá dtagraítear in Airteagal 7(3), Airteagal 7b (1) agus (2), Airteagal 8c (3) agus Airteagail 13 agus 15 a thabhairt don Choimisiún. [Leasú 128]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

5.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 13 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 14a

Cuntasacht dhaonlathach

1.  Chun feabhas a chur ar an idirphlé idir institiúidí agus seirbhísí an Aontais, go háirithe Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus SEGS, chun comhleanúnachas foriomlán na nIonstraimí Maoinithe Sheachtraigh uile a chothú, agus chun trédhearcacht mhéadaithe agus cuntasacht mhéadaithe a áirithiú, maidir leis an gCoimisiún gníomhartha agus bearta a ghlacadh go mear, féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS teacht os a comhair chun plé a dhéanamh ar na treoshuíomhanna agus na treoirlínte beartais don chláreagrú faoin Rialachán seo. Féadfar gabháil don idirphlé sin sula nglacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus an dréachtbhuiséad bliantúil nó, ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gCoimisiún agus ó SEGS, ar bhonn ad hoc i bhfianaise mórfhorbairtí polaitiúla.

2.  I gcás ina bhfuil idirphlé dá dtagraítear i mír 1 le bheith ar siúl, déanfaidh an Coimisiún agus SEGS na cáipéisí ábhartha uile i dtaca leis an idirphlé sin a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa. I gcás ina mbaineann idirphlé leis an mbuiséad bliantúil, déanfar faisnéis chomhdhlúite maidir leis na pleananna gníomhaíochta agus bearta go léir arna nglacadh nó arna mbeartú i gcomhréir le hAirteagal 8 c, faisnéis maidir le comhar in aghaidh na tíre, an réigiúin agus an limistéir théamaigh, agus le húsáid gníomhaíochtaí mearfhreagartha agus na Ráthaíochta do Ghníomhaíochtaí Seachtracha, a sholáthar.

3.  Tabharfaidh an Coimisiún agus SEGS lánaird ar sheasamh Pharlaimint na hEorpa. I gcás nach ndéanfaidh an Coimisiún ná SEGS seasaimh Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh, tabharfaidh siad údar cuí ina leith sin.

4.  Beidh an Coimisiún agus SEGS, go háirithe tríd an ngrúpa stiúrtha de bhun Airteagal 38, freagrach as Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas i dtaobh na staide ag a mbeidh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe i dtaobh bearta atá ar siúl, gníomhaíochtaí agus torthaí. [Leasú 82]

Airteagal 15

Rialacha breise cur chun feidhme a ghlacadh [Leasú 83]

1.  Glacfar rialacha sonracha lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo go háirithe i dtaca leis na struchtúir a bhunófar mar ullmhúchán don aontachas agus i dtaca le cúnamh forbartha tuaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 Déanfar rialacha sonracha i dtaca leis na struchtúir a bheidh le cur ar bun mar ullmhúchán don aontachas agus i dtaca le cúnamh forbartha tuaithe a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. [Leasú 84]

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 Glacfaidh an Coimisiún pleananna gníomhaíochta agus bearta le cinneadh i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. [Leasú 85]

Airteagal 16

Coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún (‘Coiste um an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais’). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

3.  Glacfaidh breathnóir ó BEI páirt in imeachtaí an Choiste maidir le ceisteanna a bhaineann le BEI.

4.  Tabharfaidh Coiste ICR III cúnamh don Choimisiún agus beidh sé inniúil freisin maidir le gníomhartha dlí agus gealltanais faoi Rialachán (CE) Uimh 1085/2006, faoi Rialachán 231/2014 agus maidir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh 389/2006 a chur chun feidhme.

5.  Ní bheidh Coiste IPA III inniúil le haghaidh na ranníocíochta le Erasmus + arna sainiú in Airteagal 5(3). [Leasú 86]

Airteagal 17

Faisnéis, cumarsáid, infheictheacht agus poiblíocht [Leasú 87]

1.  Beidh feidhm ag Airteagal 36 agus ag Airteagal 37 de [Rialachán ICFCI] Agus cúnamh airgeadais á sholáthar faoin Rialachán seo aige, déanfaidh an Coimisiún, an Leas-Uachtarán/an tArdionadaí agus go háirithe toscaireachtaí sin an Aontais i dtíortha na dtairbhithe na bearta uile is gá chun infheictheacht na tacaíochta airgeadais ón Aontas a áirithiú, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar na faighteoirí na ceanglais sin a chomhlíonadh. Beidh gníomhaíochtaí arna maoiniú le IPA faoi réir na gceanglas a leagtar amach sa Lámhleabhar um Gníomhaíochtaí Cumarsáide agus Infheictheachta le haghaidh Ghníomhaíochtaí Seachtracha an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún treoir le haghaidh tionscadal arna gcistiú ag an Aontas maidir le gníomhaíochtaí infheictheachta agus cumarsáide le haghaidh gach tairbhí. [Leasú 88]

1a.  Déanfaidh an Coimisiún bearta chun cumarsáid straitéiseach agus taidhleoireacht phoiblí a neartú le haghaidh luachanna an Aontais a chraobhscaoileadh agus le haghaidh béim a leagan ar an mbreisluach a ghabhann leis an tacaíocht ón Aontas. [Leasú 89]

1b.  Tabharfaidh faighteoirí an chistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad a infheictheacht a áirithiú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  ráiteas a thabhairt ina leagtar béim, ar bhealach infheicthe, ar an tacaíocht a fuarthas ón Aontas maidir le cáipéisí agus le hábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na gcistí, lena n-áirítear ar shuíomh gréasáin oifigiúil, i gcás inarb ann do shuíomh gréasáin den sórt sin; agus

(b)  na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí a chur chun cinn trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an Rialachán seo, agus leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach leis agus na torthaí arna mbaint amach, a chur chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an Rialachán seo, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, sa mhéid go mbaineann na tosaíochtaí sin go díreach leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus in Iarscríbhinní II agus III. [Leasú 90]

Airteagal 18

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu, faoi Rialachán 231/2014 (ICR II) agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 (ICR), a mbeidh feidhm aige maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu. Beidh feidhm ag Caibidil III de Theideal II de Rialachán ICFCI, faoi Rialachán 236/2014 roimhe seo, maidir leis na gníomhaíochtaí sin seachas mír 1 d’Airteagal 24.

2.  Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais le haghaidh ICR III na speansais theicniúla agus riaracháin a chumhdach is gá chun an t‑aistriú idir ICR III agus na bearta a glacadh faoi réamhtheachtaí ICR II a áirithiú.

3.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích a bhainistiú.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 91]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

an Albáin

an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

an Íoslainn

an Chosaiv(31)

Montainéagró

an tSeirbia

an Tuirc

Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine Thuaidh: [Leasú 129]

IARSCRIBHINN II

Tosaíochtaí téamacha don chúnamh

Féadfaidh cúnamh aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)  Feidhmiú ceart na n‑institiúidí is gá a bhunú agus a chur chun cinn go luath chun an smacht reachta a chinntiú. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a chur ar bun, lena n‑áirítear córais maidir le hardú céime, le meastóireacht agus le hearcaíocht a bheidh trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus comhar breithiúnach a chur chun cinn agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra; lena áirithiú go mbunófar córais stóinseacha chun na teorainneacha a chosaint, sreabha imirce a bhainistiú agus tearmann a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil sin uathu; uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun coireacht eagraithe, gáinneáil ar neacha daonna, smuigleáil imirceoirí, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta agus éilliú a chosc agus a throid; cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad lena n‑áirítear na Romaigh, mar aon le daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha agus na saoirsí bunúsacha, mar aon le saoirse na meán agus cosaint sonraí Feidhmiú cuí na n-institiúidí is gá a bhunú agus a chur chun cinn go luath chun an smacht reachta a chinntiú. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: scaradh cumhachtaí, córais bhreithiúnacha atá neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a bhunú, lena n-áirítear earcaíocht atá trédhearcach agus bunaithe ar fhiúntas agus córais maidir le comhar breithiúnach, le meastóireacht agus le hardú céime agus nósanna imeachta éifeachtacha araíonachta i gcás éagóra a chur chun cinn; a áirithiú go mbunófar córais leormhaithe chun na teorainneacha a chosaint, sreafaí imirce a bhainistiú agus tearmann a thabhairt dóibh siúd atá ina ghátar; uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun coireacht eagraithe, gáinneáil ar dhaoine, smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta agus éilliú a chosc agus a chomhrac; cearta an duine, lena n-áirítear cearta an linbh, comhionannas inscne, cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad lena n-áirítear na Romaigh, mar aon le saoirsí bunúsacha daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, lena n-áirítear saoirse na meán agus cosaint sonraí, a chur chun cinn agus a chosaint; [Leasú 92]

(b)  Riaracháin phoibliú a athchóiriú i gcomhréir le Prionsabail an Riaracháin Phoiblí. Díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: creata athchóirithe riaracháin phoiblí a neartú; pleanáil straitéiseach agus forbairt beartais agus reachtaíochta bunaithe ar fhianaise a fheabhsú; an tseirbhís phoiblí a dhéanamh níos gairmiúla agus a dhípholaitiú trí phrionsabail atá bunaithe ar fhiúntas a chothú; trédhearcacht agus cuntasacht a chur chun cinn; cáilíocht agus seachadadh seirbhísí a fheabhsú, lena n‑áirítear nósanna imeachta leordhóthanacha agus r-Rialtas dírithe ar shaoránaigh a úsáid; bainistíocht airgeadais phoiblí a neartú agus staitisticí iontaofa a tháirgeadh;

(c)  Rialachas eacnamaíoch a neartú: Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha tacú le rannpháirtíocht i bpróiseas an chláir choigeartaithe eacnamaíoch agus le comhar córasach le hinstitiúidí airgeadais maidir le bunphrionsabail beartais eacnamaíoch. An acmhainneacht chun cobhsaíocht mhacraeacnamaíoch a fheabhsú agus tacú le dul chun cinn i dtreo geilleagar margaidh lánfheidhmeach a mbeidh sé d’acmhainn aige dul i ngleic le brúanna iomaíochais agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas Rialachas eacnamaíoch a neartú: Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha ná tacú le rannpháirtíocht i bpróiseas an chláir athchóirithe eacnamaíoch (ERP) agus le comhar sistéimeach le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta maidir le bunphrionsabail an bheartais eacnamaíoch agus institiúidí eacnamaíocha iltaobhacha a neartú. Feabhas a chur ar an acmhainneacht chun cobhsaíocht mhacraeacnamaíoch agus comhtháthú sóisialta a neartú agus tacú leis an dul chun cinn i dtreo forbairt inbhuanaithe agus ionsar gheilleagar lánfheidhmeach a bhaint amach a mbeidh sé d’acmhainn aige brú iomaíoch agus fórsaí margaidh laistigh den Aontas a sheasamh; [Leasú 93]

(d)  Acmhainneacht an Aontas agus a chuid comhpháirtithe a neartú chun coinbhleacht a chosc lena n‑áirítear trí luathrabhadh agus anailís riosca íogair ó thaobh coinbhleachta de; líonrú idir daoine, athmhuintearas, tógáil na síochana agus bearta tógála muiníne a chur chun cinn, lena dtacaítear le fothú acmhainneachta chun tacú leis an tslándáil agus an fhorbairt (CBSD) Neartú a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais agus a chuid comhpháirtithe coinbhleacht a chosc, síocháin agus dea-chaidreamh comharsanachta a chothú agus aghaidh a thabhairt ar staideanna réamhghéarchéime agus ar staideanna iar-ghéarchéime lena n-áirítear trí luathrabhadh agus anailís riosca atá íogair ó thaobh coinbhleachta; líonrú idir daoine, athmhuintearas, cuntasacht, ceartas idirnáisiúnta, cothú na síochána agus bearta tógála muiníne a chur chun cinn, lena n-áirítear an coimisiún Réigiúnach a chur ar bun le haghaidh fíorais a fhionnadh faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine a rinneadh san Iar-Iúgslaiv (RECOM), maille le tacaíocht a thabhairt d’fhothú acmhainneachta mar thacaíocht do ghníomhaíochtaí slándála agus forbartha (CBSD), neartú a dhéanamh ar chumas na cibearchosaint agus na cumarsáide straitéisí bréagfhaisnéis a nochtadh ar bhonn córasach; [Leasú 94]

(e)  An cumas atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta a neartú, lena n‑áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe a liostaítear in Iarscríbhinn I agus chun líonrú a spreagadh i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus iadsan atá ag tairbhithe a liostaítear i Iarscríbhinn I ar gach leibhéal, le go mbeidís in ann a bheith páirteach in idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha Neartú a dhéanamh ar acmhainneachtaí, neamhspleáchas agus iolrachas eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear comhlachais ghairmiúla, maidir le tairbhithe agus líonrú a spreagadh ar gach leibhéal i measc eagraíochtaí atá lonnaithe san Aontas agus iadsan atá ag tairbhithe, chun go mbeidís in ann gabháil d’idirphlé éifeachtach le gníomhaithe poiblí agus príobháideacha. Féachfar chuige go mbeidh rochtain ar chúnamh ag an líon is mó is féidir d’eagraíochtaí éagsúla tairbhíocha; [Leasú 95]

(f)  An próiseas chun rialacha tíortha comhpháirtíochta, caighdeáin, beartais agus cleachtais a chur i gcomhréir le rialacha atá ag an Aontas a chur chun cinn, lena n‑áirítear rialacha maidir le cúnamh stáit Ailíniú rialacha, chaighdeáin, bheartais agus chleachtais tíortha comhpháirtíochta le rialacha an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear CBES, soláthar poiblí agus rialacha maidir le státchabhair; [Leasú 96]

(g)  Cáilíocht oideachais, oiliúna agus foghlamtha ar feadh an tsaoil a neartú agus rochtain a thabhairt air ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: rochtain chothrom ar oideachas luath-óige agus cúram ar ardchaighdeán, ar oideachas bunscolaíochta agus ar scolaíocht dara leibhéil a chur chun cinn, lena ndéanfar soláthar bunscileanna a fheabhsú; leibhéil oideachasúla níos airde a bhaint amach, fágáil luath na scoile a laghdú agus oiliúint múinteoirí a threisiú. Córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt agus córais foghlamtha bunaithe ar obair chun an t‑aistriú chuig an margadh saothair; caighdeán agus ábharthacht an ardoideachais a fheabhsú; Gníomhaíochtaí alumni a spreagadh; rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú, agus tacú le hinfheistíochtaí i mbonneagar an oideachais agus na hoiliúna; go háirithe chun éagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus chun oideachas neamhscartha a chothú, lena n‑áirítear trí theicneolaíochta digiteacha a úsáid Rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a gcáilíocht sin, a neartú ar gach leibhéal, agus tacaíocht a thabhairt d’earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha agus don spórt. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: rochtain chomhionann ar oideachas agus cúram luathóige ar ardcháilíocht, cuimsitheach agus pobalbhunaithe, agus ar bhunoideachas agus ar mheánoideachas, a chur chun cinn, soláthar bunscileanna a fheabhsú; leibhéal oideachais níos airde a bhaint amach, fágáil luath na scoile a laghdú agus oiliúint múinteoirí a threisiú; leanaí agus an t-ógra a chumhachtú agus é a chur ar a gcumas lán a n-acmhainneachta a bhaint amach. Córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna a fhorbairt, agus córais foghlama obairbhunaithe a chur cinn chun an t-aistriú chuig an margadh saothair a éascú; cáilíocht agus ábharthacht an ardoideachais a fheabhsú; gníomhaíochtaí i dtaca le alumni a spreagadh; rochtain ar an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar ghníomhaíocht fhisiciúil a fheabhsú, agus tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí i mbonneagar oideachais agus oiliúna; go háirithe d’fhonn éagothromaíochtaí críochacha a laghdú agus oideachas neamhscartha a chothú, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí digiteacha a úsáid; [Leasú 97]

(h)  Fostaíocht d’ardchaighdeán a chothú agus rochtain ar an margadh saothair. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: dul i ngleic le dífhostaíocht ard agus le neamhghníomhaíocht trí thacú le lánpháirtiú inbhuanaithe sa mhargadh saothair go háirithe i dtaca le daoine óga (go háirithe daoine nach bhfuil fostaithe, in oideachas nó in oiliúint (NEET), mná, daoine dífhostaithe go fadtéarmach agus gach grúpa faoi ghannionadaíocht. Déanfaidh bearta fostaíocht d’ardchaighdeán a chruthú agus tacóidh siad le forfheidhmiú éifeachtach rialacha agus caighdeáin margaidh saothair ar fud na críche ar fad. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann tacú le comhionannas inscne, infhostaitheacht agus táirgeacht a chur chun cinn, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint don athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun mar aon le hinstitiúidí mhargadh an tsaothair a nuachóiriú agus a neartú, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus cigireachtaí saothair Fostaíocht ar ardcháilíocht agus rochtain ar an margadh saothair a chothú. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: dul i ngleic le dífhostaíocht ard agus le neamhghníomhaíocht trí thacú le himeascadh inbhuanaithe sa mhargadh saothair go háirithe imeascadh daoine óga (go háirithe iad siúd nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna (NEET)), imeascadh ban, imeascadh daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus imeascadh gach grúpa faoi ghannionadaíocht. Leis na bearta, déanfar fostaíocht d’ardcháilíocht a spreagadh agus tacófar le rialacha agus caighdeáin arna gcomhaontú go hidirnáisiúnta a fhorfheidhmiú go héifeachtach ar fud na críche ar fad lena n-áirítear trí chomhlíonadh na bpríomhphrionsabal agus na bpríomcheart amhail dá dtagraítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta a chothú. Príomhréimsí idirghabhála eile a bheidh ann ná tacú le comhionannas inscne, infhostaitheacht agus táirgeacht a chur chun cinn, oibrithe agus fiontair a chur in oiriúint d’athrú, idirphlé sóisialta inbhuanaithe a chur ar bun agus institiúidí i margadh an tsaothair, amhail seirbhísí fostaíochta poiblí agus cigireachtaí saothair, a nuachóiriú agus a neartú; [Leasú 98]

(i)  Cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha sa réimse seo córais chosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint éifeachtach, éifeachtúil agus leordhóthanach a chur ar fáil ag gach céim de shaol duine, cuimsiú sóisialta a chothú, comhionannas deiseanna a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar éagothroime agus ar an bhochtaineacht. Sa réimse seo, díreoidh idirghabhálacha ar na haidhmeanna seo a leanas: ar lánpháirtiú pobal imeallaithe amhail na Romaigh; ar chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar bhonn gnéis, bunaidh chiníoch nó eitnigh, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise nó claonta ghnéasaigh; rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe ar ardchaighdeán a fheabhsú, amhail oideachas luath-óige agus cúram, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta ríthábhachtacha agus cúram fadtéarma, lena n‑áirítear trí chórais chosanta sóisialta a nuachóiriú Cosaint agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac. Is é an aidhm a bheidh le hidirghabhálacha sa réimse sin ná córais cosanta sóisialta a nuachóiriú chun cosaint éifeachtach, éifeachtúil agus leormhaith a thabhairt ag gach céim de shaol duine, cuimsiú sóisialta a chothú, comhdheiseanna a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais agus ar an mbochtaineacht, agus an t-aistriú ón gcúram institiúideach go cúram atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal a chur chun cinn. Le hidirghabhálacha sa réimse sin, díreofar ar an méid seo a leanas: pobail imeallaithe, amhail na Romaigh, a lánpháirtiú; idirdhealú atá bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh a chomhrac; feabhas a chur ar an rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal, amhail oideachas agus cúram luathóige atá cuimsitheach agus neamhscartha, tithíocht, cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta bunriachtanacha agus cúram fadtéarmach, lena n-áirítear trí chórais cosanta sóisialta a nuachóiriú. Ní thacófar le gníomhaíochtaí atá ina gcúis le hidirdheighilt nó le heisiamh sóisialta d’aon chineál; [Leasú 99]

(j)  Iompar cliste, inbhuanaithe, cuimsithitheach, slán a chur chun cinn agus scroigeanna tráchta a fhuascailt i bonneagar ríthábhachtacha líonraí trí infheistiú i dtionscadail a bhfuil breisluach Eorpach faoi leith ag baint leo. Ba cheart infheistíochtaí a chur in ord tosaíochta de réir a ábhartha atá siad maidir le naisc TEN-T leis an Aontas Eorpach, a rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe, astaíochtaí laghdaithe, tionchar ar an gcomhshaol, soghluaisteacht shlán, i sineirgíocht le hathchóirithe arna gcur chun cinn ag an gConradh um Chomhphobal Iompair Iompar cliste, inbhuanaithe, cuimsitheach, slán a chur chun cinn agus scroigeanna tráchta a fhuascailt i bpríomhbhonneagair líonraí trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail a bhfuil breisluach ard Eorpach ag baint leo. Ba cheart na hinfheistíochtaí a chur in ord tosaíochta de réir a ábhartha atá siad do naisc TEN-T leis an Aontas Eorpach, do naisc thrasteorann, agus do chruthú post, a rannchuidiú le soghluaisteacht inbhuanaithe, astaíochtaí laghdaithe, tionchar ar an gcomhshaol, soghluaisteacht shlán, i sineirgíocht le hathchóirithe arna gcur chun cinn leis an gConradh um Chomhphobal Iompair; [Leasú 100]

(k)  Timpeallacht na hearnála príobháidí a fheabhsú mar aon le hiomaíochas na bhfiontar, lena n‑áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don lánpháirtiú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail a fheabhsaíonn an timpeallacht ghnó Feabhas a chur ar thimpeallacht na hearnála príobháidí agus ar iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, lena n-áirítear speisialtóireacht chliste, mar phríomhspreagthaí don fhás, do phoist a chruthú agus don chomhtháthú. Tabharfar tosaíocht do thionscadail inbhuanaithe lena bhfeabhsaítear an timpeallacht ghnó; [Leasú 101]

(l)  Rochtain ar theicneolaíochtaí agus ar sheirbhísí digiteacha agus taighde, forbairt theicneolaíoch agus nuálaíocht a neartú trí infheistiú i nascacht dhigiteach, i muinín a chur i gcúrsaí digiteacha agus an tslándáil dhigiteach, i scileanna digiteacha agus fiontraíocht chomh maith le bonneagar taighde agus i gcomhshaol fabhrach agus líonrú agus obair i gcomhar le chéile a chur chun cinn;

(m)  Cuidiú leis an tslándáil agus leis an tsábháilteacht maidir le soláthar an bhia agus córais fheirmeoireachta inmharthana agus éagsúla a choimeád ar bun i bpobail bheoga thuaithe agus amuigh faoin tuath Rannchuidiú le slándáil agus sábháilteacht an tsoláthair bia agus uisce agus córais éagsúlaithe agus inmharthana fheirmeoireachta a choimeád ar bun i bpobail bheoga thuaithe agus faoin tuath; [Leasú 102]

(n)  Cáilíocht an chomhshaoil a chosaint agus a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú comhshaoil agus cosc a chur ar chailliúint bithéagsúlachta, bainistíocht inbhuanaithe éiceachórais talún agus muirí agus acmhainní nádúrtha inathnuaite a chur chun cinn agus a chaomhnú, tíosacht acmhainní a chur chun cinn, tomhaltachas agus táirgeacht inbhuanaithe agus tacú leis an aistriú chuig geilleagair ghlasa agus chiorclacha, cur le hastaíochtaí gás ceapa teasa a laghdú, teacht aniar a mhéadú in aghaidh an athraithe aeráide agus rialachas maidir le gníomhaíocht ar son na haeráide a chur chun cinn agus éifeachtúlacht faisnéise agus fuinnimh. Cuirfidh IPA III beartais chun cinn chun tacú leis an aistriú i dtreo geilleagar tíosach ar acmhainní, slán agus geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin agus teacht aniar i gcás tubaiste a neartú chomh maith le tubaistí a chosc, ullmhacht agus freagairt. Déanfaidh sé leibhéal ard sábháilteachta núicléiche, cosaint radaíochta agus cur i bhfeidhm coimircí éifeachtúla agus éifeachtacha ábhair núicléach i dtríú tíortha a chur chun cinn chomh maith le creata agus modheolaíochtaí a bhunú le haghaidh coimircí éifeachtúla agus éifeachtacha a chur i bhfeidhm maidir le hábhar núicléach;

(o)  Na caighdeáin shábháilteachta núicléacha is airde is féidir a chur chun cinn, lena n‑áirítear cúltúr na sábháilteachta núicléiche, ullmhacht i gcás éigeandála, bainistíocht fhreagrach agus shlán ar bhreosla agus ar dhramhaíl radaighníomhach, suíomhanna agus gléasra iar-núicléacha a dhíchoimisiúnú agus a chur chun feabhsúcháin; cosaint ar radaíocht agus cuntasacht agus rialú ábhair núicléacha;

(p)  Feabhas a chur ar an gcumas atá ag an earnáil agraibhia agus an earnáil iascaigh déileáil le brú iomaíochais agus le fórsaí an mhargaidh mar aon le bheith ag teacht de réir a chéile le rialacha agus le caighdeáin an Aontais, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil á saothrú ag an am céanna maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe agus i gceantair cois cósta Feabhas a chur ar an gcumas atá ag an earnáil agraibhia agus an earnáil iascaigh brú iomaíochais agus fórsaí an mhargaidh a sheasamh agus iad féin a chur i gcomhréir de réir a chéile le rialacha agus caighdeáin an Aontais d’fhonn an acmhainneacht chun onnmhairiú a dhéanamh chuig margadh an Aontais a mhéadú, agus spriocanna eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil a shaothrú, ag an am céanna, maidir le forbairt chothrom chríochach i gceantair thuaithe agus i gceantair chósta; [Leasú 103]

(pa)   gníomhaíochtaí a chur chun cinn agus feabhas a chur ar straitéisí agus beartais fhadtéarmacha a bhfuil sé mar aidhm leo radacú agus antoisceachas an fhoréigin a chosc agus cur ina choinne. [Leasú 104]

IARSCRÍBHINN III

Tosaíochtaí téamacha don chúnamh don chomhar trasteorann

Féadfaidh cúnamh don chomhar trasteorann aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí téamacha a leanas, i gcás inarb iomchuí:

(a)  an fhostaíocht a chur chun cinn mar aon le soghluaisteacht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha thar teorainneacha tríd an méid seo, inter alia: margaí trasteorann saothair a lánpháirtiú, lena n‑áirítear soghluaisteacht thrasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; an comhionannas inscne; comhdheiseanna; pobail na n‑imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht i seirbhísí poiblí sláinte agus sóisialta an fhostaíocht, soghluaisteacht an lucht saothair agus cuimsiú sóisialta agus cultúrtha a chur chun cinn thar theorainneacha tríd an méid seo a leanas, inter alia: margaí trasteorann saothair a chomhtháthú, lena n-áirítear soghluaisteacht thrasteorann; comhthionscnaimh áitiúla don fhostaíocht; seirbhísí faisnéise agus comhairliúcháin agus comhoiliúint; an comhionannas inscne; comhdheiseanna; pobail na n-imirceach agus grúpaí leochaileacha a lánpháirtiú; infheistíocht i seirbhísí poiblí fostaíochta; agus tacú le hinfheistíocht sa tsláinte phoiblí maille leis an aistriú go seirbhísí sóisialta atá bunaithe ar an teaghlach agus ar an bpobal; [Leasú 105]

(b)  an comhshaol a chosaint agus oiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide a chur chun cinn, cosc ar rioscaí agus bainistíocht ar rioscaí, trí, inter alia; comhghníomhaíochtaí chun an comhshaol a chosaint; úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní nádúrtha a chur chun cinn, an phleanáil chomhordaithe spásúil mhuirí, éifeachtúlacht acmhainne agus an geilleagar ciorclach, foinsí fuinnimh in-athnuaite agus an ghluaiseacht chun geilleagar inbhuanaithe ísealcharbóin slán agus glas a bhaint amach; infheistíochtaí a chur chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha, teacht aniar ó thubaistí agus tubaistí a chosc, ullmhacht agus freagairt a áirithiú;

(c)  iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus bonneagair phoiblí a fheabhsú trí, inter alia, imeallú a laghdú trí rochtain níos fearr ar líonraí agus ar sheirbhísí iompair, líonraí agus seirbhísí digiteacha agus infheistiú i gcórais agus i saoráidí trasteorann maidir le huisce, le dramhaíl, agus le fuinneamh;

(d)  an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach a chur chun cinn trí inter alia nascacht dhigiteach, forbairt seirbhísí r-Rialtas, muinín a chur i gcúrsaí digiteacha agus sa tslándáil dhigiteach chomh maith le scileanna digiteacha agus fiontraíocht a úsáid;

(da)   díchur bacainní neamhriachtanacha ar thrádáil, lena n-áirítear constaicí maorlathacha, bacainní taraifí agus neamhtharaifí, a chur chun cinn;[Leasú 106]

(e)  an turasóireacht, spórt, agus an oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha a spreagadh; [Leasú 107]

(f)  infheistiú san aos óg, san oideachas agus i scileanna trí, inter alia, comhoideachas a fhorbairt agus a chur chun feidhme, mar aon le gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óg infheistíocht a dhéanamh san aos óg, i spórt, san oideachas agus i scileanna trí bhíthin, inter alia, aitheantas do scileanna agus do cáilíochtaí a áirithiú, comhoideachas, gairmoiliúint, scéimeanna oiliúna agus bonneagar a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena dtacófar le gníomhaíochtaí don aos óg; [Leasú 108]

(g)  rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn agus pleanáil agus cumas riaracháin na n‑údarás áitiúil agus na n‑údarás réigiúnach a fheabhsú rialachas áitiúil agus réigiúnach a chur chun cinn lena n-áirítear comhar trasteorann idir riaracháin d’fhonn an t-athmhuintearas agus cothú na síochána a spreagadh, acmhainneacht pleanála agus riaracháin údarás áitiúil agus réigiúnach a fheabhsú; [Leasú 109]

(ga)   infheistíocht a dhéanamh i bhfothú acmhainneachta eagraíochtaí den tsochaí shibhialta; [Leasú 110]

(gb)  comhar trasteorann idir riaracháin a chur chun cinn d’fhonn an t-athmhuintearas agus cothú na síochána a spreagadh, lena n-áirítear an coimisiún Réigiúnach a chur ar bun le haghaidh fíorais a fhionnadh faoi choireanna cogaidh agus faoi sháruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine a rinneadh san Iar-Iúgslaiv (RECOM); [Leasú 111]

(h)  an t‑iomaíochas, an timpeallacht ghnó agus forbairt na bhfiontar beag agus meánmhéide, an trádáil agus an infheistíocht a fheabhsú trí, inter alia, fiontraíocht a chur chun cinn agus tacú léi, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus margaí áitiúla trasteorann a fhorbairt agus idirnáisiúnú;

(i)  an taighde a neartú, mar aon le forbairt theicneolaíoch, nuálaíocht agus teicneolaíochtaí digiteacha trí, inter alia roinnt na n‑acmhainní daonna agus na saoráidí don taighde agus don fhorbairt teicneolaíochta a chur chun cinn;

(ia)   feabhas a chur ar chomhar trasteorann póilíneachta agus breithiúnach agus ar mhalartú faisnéise chun imscrúdú agus ionchúiseamh coireachta eagraithe trasteorann agus cásanna gaolmhara coireachta eacnamaíoch agus airgeadais, éillithe, gáinneála agus smuigleála a éascú. [Leasú 112]

IARSCRÍBHINN IV

Liosta Príomhtháscairí Feidhmíochta

Úsáidfear an liosta seo de phríomhtháscairí feidhmíochta a leanas le gur féidir rannchuidiú an Aontais a thomhas le cuspóirí sonracha a ghnóthú na príomhtháscairí feidhmíochta seo a leanas, agus a bhforás bliantúil, chun cabhrú le tomhas a dhéanamh ar rannchuidiú an Aontais lena chuspóirí sonracha a ghnóthú agus ar an dul chun cinn a bheidh déanta ag na tairbhithe. [Leasú 113]

1.  Táscaire ilchodach(32) maidir le tíortha is iarrthóirí a bheith ullamh maidir le réimsí bunúsacha a bhaineann le critéir aontachais pholaitiúla (lena n‑áirítear an Daonlathas, an Smacht Reachta (na Breithiúna, an Troid in aghaidh éillithe agus an Troid ina aghaidh na coireachta eagraithe) agus Cearta an Duine) (foinse: an Coimisiún Eorpach);

1a.  Táscaire ilchodach maidir le hiarrachtaí na gcomhpháirtithe i dtaca le hathmhuintearas, le cothú na síochána, le dea-chaidreamh comharsanachta agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta, le comhionannas inscne agus le cearta ban; [Leasú 114]

1b.  Táscaire maidir le huireasa an fhoréigin i gcomhar le laghduithe ar bhunchúiseanna na coinbhleachta (e.g eisiamh polaitiúil nó eacnamaíoch) i gcoinne measúnú bunlíne; [Leasú 115]

1c.  Sciar na saoránach i dtír an tairbhí ar dóigh leo go bhfuil siad go maith ar an eolas faoin gcúnamh ón Aontas faoin Rialachán seo (foinse: an Coimisiún Eorpach); [Leasú 116]

2.  Tíortha is iarrthóirí a bheith ullamh maidir le hathchóiriú riaracháin (foinse: an Coimisiún Eorpach);

3.  Táscaire ilchodach maidir le hullmhacht tíortha is iarrthóirí agus tíortha ionchasacha maidir le aquis an Aontais Eorpaigh (foinse: an Coimisiún Eorpach);

3a.  Ráta agus forás bliantúil an ailínithe le cinntí agus bearta CBES (foinse: SEGS);[Leasú 117]

4.  Táscaire ilchodach maidir le hullmhacht tíortha is iarrthóirí agus tíortha ionchasacha maidir le réimsí bunúsacha a bhaineann le critéir eacnamaíocha (geilleagar margaidh feidhmeach agus iomaíochas) (foinse: an Coimisiún Eorpach);

5.  Caiteachas na slándála sóisialta poiblí (céatadán de OTI) (foinse: EIS) nó Ráta Fostaíochta (foinse: staitisticí náisiúnta) mar atá léirithe ag EIS, caiteachas sláinte, éagothromaíocht ioncaim, ráta bochtaineachta, ráta fostaíochta agus ráta dífhostaíochta, mar a léirítear sa staidreamh náisiúnta oifigiúil;[Leasú 118]

5a.  Athruithe ar chomhéifeacht GINI tairbhí le himeacht aimsire; [Leasú 119]

6.  Bearna dhigiteach idir na tairbhithe agus meán an Aontais Eorpaigh (foinse: Innéacs DESI an Choimisiúin Eorpaigh);

7.  Achar go dtí an teorainn (Gnó a Dhéanamh) scór (foinse: an Banc Domhanda);

8.  Déine fuinnimh á tomhas i dtéarmaí fuinnimh phríomhúil agus OTI (foinse: EUROSTAT);

9.  Astaíochtaí gas ceaptha teasa arna laghdú nó arna seachaint (Ktona CO2eq) i gcomhar le tacaíocht ón Aontas Eorpach;

10.  Líon na gclár comhair trasteorann arna dtabhairt i gcrích i measc tairbhithe IPA agus i measc Bhallstáit IPA / an Aontais Eorpaigh (foinse: an Coimisiún Eorpach) agus arna gcur chun feidhme i measc tairbhithe IPA agus i measc Bhallstáit IPA/AE, mar atá léirithe ag an gCoimisiún Eorpach;[Leasú 120]

10a.  Líon na n-eagraíochtaí nua agus iad rannpháirteach i ngníomhaíochtaí agus i gcláir le himeacht aimsire; [Leasú 121]

Déanfar táscairí a imdhealú de réir gnéis, i gcás inarb iomchuí I gcás inarb ábhartha, déanfar táscairí a imdhealú ag an aois íosta agus ar leibhéal na hinscne. [Leasú 122]

(1)IO L 110, 22.3.2019, lch. 156.
(2)IO L 86, 7.3.2019, lch. 8.
(3)IO C 110, 22.3.2019, lch. 156
(4)IO C 86, 7.3.2019, lch. 8
(5)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019.
(6)Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR II) (IO L77, 15.3.2014, lch.11).
(7)Cruthaítear nasc leis an gcur chuige maidir le ‘bunphrionsabail i dtosach’ idir an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus an dá réimse ríthábhachtacha eile lena gcumhdaítear an próiseas um méadú: Rialachas eacnamaíoch – fócas neartaithe ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar iomaíochas feabhsaithe – agus institiúidí daonlathacha a neartú agus athchóiriú ar an riarn poiblí. Tá gach ceann de na tríú bhunphrionsabail ríthabhachtach don phróiseas athchóirithe sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí agus aghaidh a thabhairt ar imnithe ríthabhachtacha na saoránach Tríd an gcur chuige maidir le ‘bunphrionsabail i dtosach’, cruthaítear nasc idir an smacht reachta agus cearta bunúsacha agus an dá réimse ríthábhachtacha eile den phróiseas um méadú: rialachas eacnamaíoch – béim níos mó ar fhorbairt eacnamaíoch agus ar iomaíochas feabhsaithe – agus institiúidí daonlathacha agus an t-athchóiriú ar an riarachán poiblí a neartú. Tá gach ceann de na trí bhunphrionsabal ríthabhachtach do na próisis athchóirithe sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tugtar aghaidh leo ar mhórábhair imní atá ag na saoránaigh.
(8)COM(2018)0065.
(9)Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt go solúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag an gCruinniú Mullaigh speisialta Sóisialta Göteborg do phoist chóra agus d'fhás an 17 Samhain 2017 Colún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt go sollúnta ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg do Phoist Chóra agus d'Fhás, Göteborg, an 17 Samhain 2017.
(10)IO L 373, 20.12.2013, lch. 1.
(11)Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO ...).
(12)Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
(13)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(14)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 an 18 Nollaig 1995 ón gComhairle maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch.1).
(15)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(16)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(17)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(18)An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(19)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(20)Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle an 17 Iúil 2006 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR), (IO L 210, 31.7.2006, lch. 82).
(21)Rialachán (CE) Uimh. 389/2006 ón gComhairle an 27 Feabhra 2006 lena mbunaítear ionstraim tacaíochta airgeadais chun forbairt eacnamaíoch chomhphobal na gCipireach Turcach a spreagadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2667/2000 ón gComhairle maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú (O L 65, 7.3.2006, lch. 5).
(22)COM(2018)0374 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) lena dtacaíonn Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoiniúcháin sheachtraigh
(23)COM(2018)0372 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe.
(24)COM(2018)0382 Togra ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa + (ESF+)
(25)An togra COM(2018)0392 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(26)https://ec.europa.eu/europeaid/policies/sustainable-development-goals_en
(27)https://ec.europa.eu/europeaid/policies/eu-approach-aid-effectiveness_en
(28)Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (códú) (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(29)Treoir 85/337CEE ón gComhairle an 27 Meitheamh 1985 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí atá ag tionscadail phoiblí agus phríobháideacha áirithe ar an gcomhshaol (IO L 175, 5.07.1985, lch. 40).
(30)Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(31)*Ní dochar an t‑ainmniú seo do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
(32)Ullmhaíonn an Coimisiún Eorpach na trí tháscaire ilchodacha bunaithe ar thuarascálacha maidir le Méadú, táscairí a bhaineann úsáid as iliomad foinsí neamhspleácha freisin.


Creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha ***I
PDF 540kWORD 162k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh contrapháirtithe lárnacha a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1095/2010, (AE) Uimh. 648/2012, agus (AE) 2015/2365 (COM(2016)0856 – C8-0484/2016 – 2016/0365(COD))
P8_TA(2019)0300A8-0015/2018

(Gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2016)0856),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0484/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na hIodáile, Parlaimint na Spáinne agus Seanad na Rómáine, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 20 Meán Fómhair 2017(1),

–  ag féachaint don tuairim ó choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Márta 2017(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0015/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) 2015/2365

P8_TC1-COD(2016)0365


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach(3),

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(4),

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(5),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Tá na margaí airgeadais ríthábhachtach le haghaidh fheidhmiú na ngeilleagar comhaimseartha. Dá chomhtháite atá na margaí sin is ea is mó a n-acmhainneacht le haghaidh leithdháileadh éifeachtúil na n-acmhainní eacnamaíocha, rud a d’fheadfadh dul chun tairbhe don fheidhmíocht eacnamaíoch. Chun feabhas a chur ar fheidhmiú mhargadh aonair na seirbhísí airgeadais áfach, tá sé tábhachtach nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun deileáil le clistí margaidh agus lena áirithiú, i gcás ina mbeidh anás airgeadais ar institiúid airgeadais nó ar bhonneagar margaidh airgeadais atá gníomhach sa mhargadh nó i gcás ina mbeidh institiúid nó bonneagar den sórt sin i mbéal cliseadh, nach ndéanfaidh sé sin an margadh airgeadais ina iomláine a dhíchobhsú agus nach ndéanfaidh sé díobháil don fhás sa gheilleagar i gcoitinne. Príomhghné de na margaí airgeadais is ea na contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) a idirghabhann idir rannpháirtithe i gcáil ceannaitheora i leith gach díoltóra agus i gcáil díoltóra i leith gach ceannaitheora, agus a bhfuil ról lárnach acu i bpróiseáil idirbheart airgeadais agus i mbainistiú na neamhchosaintí ar na rioscaí éagsúla a bhaineann leis na hidirbhearta sin. Déanann CPLanna láimhseáil idirbhearta agus shuíomhanna na gcontrapháirtithe a lárú, agus comhallann siad na hoibleagáidí a chruthaítear leis na hidirbhearta agus faigheann siad comhthaobhacht leormhaith óna gcomhaltaí mar chorrlach agus mar ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana.

(2)  Príomhghné de na margaí airgeadais domhanda is ea na contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) a idirghabhann idir rannpháirtithe i gcáil ceannaitheora i leith gach díoltóra agus i gcáil díoltóra i leith gach ceannaitheora, agus a bhfuil ról lárnach acu i bpróiseáil idirbheart airgeadais agus i mbainistiú na neamhchosaintí ar na rioscaí éagsúla a bhaineann leis na hidirbhearta sin. Déanann CPLanna láimhseáil idirbhearta agus shuíomhanna na gcontrapháirtithe a lárú, agus comhallann siad na hoibleagáidí a chruthaítear leis na hidirbhearta agus ní mór l comhthaobhacht leormhaith óna gcomhaltaí a bheith ag gabháil leo mar chorrlach agus mar ranníocaíochtaí le cistí mainneachtana.

(3)  De thoradh chomhtháthú mhargaí airgeadais an Aontais, tá forbairt tagtha ar CPLanna agus anois, seachas a bheith ag freastal go príomha ar riachtanais bhaile agus ar na margaí baile, is nóid chriticiúla iad i margaí airgeadais an Aontais i gcoitinne. Imréitíonn na CPLanna atá údaraithe san Aontas sa lá inniu roinnt aicmí táirgí, ó dhíorthacha airgeadais agus díorthacha tráchtearraí atá liostaithe agus thar an gcuntar (TAC) go gnáthscaireanna, bannaí agus táirgí eile amhail comhaontuithe athcheannaigh. Soláthraíonn siad a seirbhísí thar theorainneacha náisiúnta do réimse fairsing institiúidí airgeadais agus institiúidí eile ar fud an Aontais. Tá CPLanna áirithe atá údaraithe san Aontas dírithe fós ar mhargadh a dtíre féin, ach baineann tábhacht shistéamach leo uile, ina margaí baile ar a laghad.

(4)  Cuid mhaith den riosca airgeadais atá ag córas airgeadais an Aontais, is i CPLanna a dhéantar é a phróiseáil agus a chomhdhlúthú thar ceann comhaltaí imréitigh agus a gcliant, agus, ar an ábhar sin, tá sé bunriachtanach rialáil éifeachtach agus maoirseacht stóinseach a dhéanamh ar CPLanna. Le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), atá i bhfeidhm ó mhí Lúnasa 2012, cuirtear de cheangal ar CPLanna cloí le hardchaighdeáin stuamachta, eagrúcháin agus seolta gnó. Tá sé de chúram ar na húdaráis inniúla maoirsiú iomlán a dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí, ag obair i gcomhar le coláistí maoirseachta ina ngrúpáiltear na húdaráis atá ábhartha maidir leis na sainchúraimí a leagtar orthu. I gcomhréir leis na gealltanas atá tugtha ag ceannairí G20 ó tharla an ghéarchéim airgeadais, leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nach mór díorthacha TAC caighdeánaithe a imréiteach go lárnach trí CPL. Nuair a thiocfaidh an oibleagáid i bhfeidhm díorthacha TAC a imréiteach go lárnach, is dócha go dtiocfaidh méadú ar mhéid agus ar raon an ghnó a bheidh á dhéanamh ag CPLanna, agus dá réir sin d’fhéadfadh sé go mbeadh tuilleadh dúshlán le sárú le straitéisí bainistithe riosca na CPLanna.

(5)  Chuir Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le stóinseacht na CPLanna agus na margaí airgeadais i gcoitinne i gcoinne an réimse leathain rioscaí a phróiseáiltear agus a chomhdhlúthaítear i CPLanna. Mar sin féin, is cuma an córas rialacha agus cleachtas a bheadh i bhfeidhm, d’fhéadfadh sé nár leor na hacmhainní a bheadh ann chun na rioscaí arna dtabhú ag an CPL a bhainistiú, lena n-áirítear mainneachtain amháin nó níos mó a bheith déanta ag na comhaltaí imréitigh. I gcás anás géar nó garbhagairt chliste, ba cheart go leanfadh institiúidí airgeadais, i bprionsabal, de bheith faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. Mar a léirigh an ghéarchéim airgeadais áfach, de dheasca na n-imeachtaí sin, go háirithe le linn tréimhse fhada éagobhsaíochta agus éiginnteachta eacnamaíche, is féidir cur isteach ar fheidhmeanna atá criticiúil don gheilleagar, rud a chuireann an chobhsaíocht airgeadais i mbaol. Ní i gcónaí gur leor luas na hidirghabhála a dhéanfaí leis na gnáthnósanna imeachta maidir le dócmhainneacht chorparáideach, ná ní i gcónaí gur leor an tosaíocht a thugtar do bhuaine fheidhmeanna criticiúla na n-institiúidí airgeadais d'fhonn an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú. Chun cosc a chur leis na hiarmhairtí diúltacha sin a bhaineann leis na gnáthimeachtaí dócmhainneachta, is gá creat réitigh speisialta a chruthú le haghaidh CPLanna.

(6)  Léirigh an ghéarchéim freisin nach raibh uirlisí iomchuí ann chun na feidhmeanna criticiúla sin a bhí á soláthar ag institiúidí a raibh ag cliseadh orthu a chaomhnú. Ina theannta sin, léiríodh nach raibh creata ann faoinarbh fhéidir comhar agus comhordú a chur ar bun idir na húdaráis, go háirithe idir na húdaráis i mBallstáit éagsúla nó i ndlínsí éagsúla, chun a áirithiú go ndéanfaí gníomhaíocht ghasta dhiongbháilte a chur chun feidhme. Cheal na n-uirlisí sin agus na gcreat comhair agus comhordaithe sin, bhí ar Bhallstáit institiúidí airgeadais a shábháil le hairgead na gcáiníocóirí chun an tógálacht a chosc agus an scaoll a laghdú. Cé nach bhfuair CPLanna tacaíocht airgeadais phoiblí go díreach le linn na géarchéime, bhain siad tairbhe indíreach as na bearta tarrthála a rinneadh i ndáil leis na bainc agus cosnaíodh iad ar na héifeachtaí a d'imreofaí orthu de thoradh chliseadh na mbanc ina n-oibleagáidí murach na bearta sin. Dá bhrí sin, tá gá le creat téarnaimh agus réitigh le haghaidh CPLanna ionas nach mbeifear i dtuilleamaí airgead na gcáiníocóirí má chliseann orthu. Leis an gcreat sin, ba cheart aghaidh a thabhairt freisin ar an bhféidearthacht go ndéanfadh CPLanna rún ar chúiseanna seachas mainneachtain ag ceann amháin dá gcomhaltaí imréitigh nó ag roinnt acu.

(7)  Is éard is cuspóir do chreat inchreidte téarnaimh agus réitigh ná a áirithiú, an oiread is féidir, go leagfaidh CPLanna bearta amach le haghaidh téarnamh i ndiaidh anás airgeadais, chun feidhmeanna criticiúla CPL a bhfuil ag cliseadh air nó ar dócha go gclisfidh air a choinneáil agus gníomhaíochtaí eile an CPL sin á dtabhairt chun críche trí ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú ach ag an am céanna, costas chliseadh an CPL ar chliaint deiridh agus ar an gcáiníocóir a íoslaghdú. Neartóidh an creat téarnaimh agus réitigh a thuilleadh ullmhacht na CPLanna agus na n-údarás chun strus airgeadais a mhaolú agus chun tuilleadh léargais a thabhairt do na húdaráis maidir le hullmhúcháin na CPLanna le haghaidh cásanna struis. Ina theannta sin, tabharfaidh sé cumhachtaí do na húdaráis chun ullmhú le haghaidh réiteach féideartha CPL agus chun déileáil le meathlú CPL ar dhóigh chomhordaithe, rud a chuirfidh le feidhmiú rianúil na margaí airgeadais.

(8)  Faoi láthair, níl aon fhorálacha comhchuibhithe ann maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ar fud an Aontais. Tá athruithe reachtacha rite ag Ballstáit áirithe cheana lena gcuirtear ceangal ar CPLanna pleananna téarnaimh a tharraingt suas agus lena dtugtar isteach sásra chun CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach. Thairis sin, tá difríochtaí substainteacha agus difríochtaí nós imeachta nach beag idir na Ballstáit maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin lena rialaítear dócmhainneacht CPLanna. Is dócha go bhfuil an easpa coinníollacha, cumhachtaí agus próisis choiteanna maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna ina bac ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh agus is dócha go gcuireann sé isteach ar an gcomhar idir na húdaráis náisiúnta agus iad ag déileáil le cliseadh CPL agus ag cur sásra iomchuí leithdháilte caillteanais i bhfeidhm ar chomhaltaí an CPL sin, san Aontas agus ar fud an domhain araon. Is amhlaidh a bhíonn, go háirithe, i gcásanna ina bhfágann éagsúlacht sa chur chuige nach bhfuil an leibhéal céanna smachta ag údaráis náisiúnta nó nach bhfuil an cumas céanna acu chun CPLanna a réiteach. D’fhéadfadh na difríochtaí sin sna córais téarnaimh agus réitigh tionchar éagsúil a imirt ar CPLanna agus ar a gcomhaltaí sna Ballstáit éagsúla, rud a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh ar fud an mhargaidh inmheánaigh. An easpa rialacha coiteanna agus uirlisí coiteanna maidir le conas anás nó cliseadh CPL a láimhseáil, d’fhéadfadh an easpa sin difear a dhéanamh do rogha na rannpháirtithe úsáid a bhaint as imréiteach agus do rogha na CPLanna maidir lena n-áit bhunaíochta, rud a chuirfeadh cosc ar CPLanna tairbhe a bhaint as a mbunsaoirsí sa mhargadh aonair. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé sin bheith ina chonstaic ar rannpháirtithe leas a bhaint as CPLanna lastall de na teorainneacha laistigh den mhargadh inmheánach agus bac a chur ar thuilleadh comhtháthaithe i margaí caipitil na hEorpa. Dá bhrí sin, is gá rialacha coiteanna téarnaimh agus réitigh a bheith ann sna Ballstáit uile chun a áirithiú nach gcuirfidh cumas airgeadais na mBallstát agus údaráis na mBallstát cliseadh CPLanna a bhainistiú, nach gcuirfidh sé sin srian le CPLanna a saoirsí sa mhargadh inmheánach a fheidhmiú.

(9)  De thoradh an athbhreithnithe ar an gcreat rialála is infheidhme maidir le bainc agus institiúidí eile airgeadais a rinneadh i ndiaidh na géarchéime, agus go háirithe neartú mhaoláin chaipitil agus leachtachta na mbanc, uirlisí níos fearr le haghaidh beartais mhacrastuamachta agus rialacha cuimsitheach maidir le téarnamh agus réiteach banc, tá laghdú tagtha ar a dhealraithí atá sé go dtarlóidh géarchéimeanna amach anseo agus tá feabhas tagtha ar stóinseacht na n-institiúidí airgeadais agus na mbonneagar margaidh uile, CPLanna san áireamh, i gcoinne strus eacnamaíoch, cibé acu suaitheadh sistéamach nó eachtraí a bhaineann le hinstitiúidí ar leith is cúis leis an strus sin. Ó bhí an 1 Eanáir 2015 ann, tá feidhm ag córas téarnaimh agus réitigh le haghaidh banc sna Ballstáit uile de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7).

(10)  Mar fhorbairt ar an gcur chuige maidir le téarnamh agus réiteach na mbanc, ba cheart d’údaráis inniúla agus d’údaráis réitigh a bheith ullamh agus ba cheart uirlisí iomchuí téarnaimh agus réitigh a bheith le fáil acu chun déileáil le cásanna a bhfuil baint ag cliseadh CPL leo. De thoradh na bhfeidhmeanna agus na samhlacha gnó éagsúla atá acu áfach, ní hionann na rioscaí a bhaineann le bainc agus le CPLanna. Dá bhrí sin, tá gá le huirlisí agus cumhachtaí sonracha le haghaidh cásanna ina gcliseann ar CPL de dheasca chliseadh comhaltaí imréitigh an CPL nó de dheasca teagmhais neamh-mhainneachtana.

(11)  Is gá rialachán a úsáid chun comhlánú agus forbairt a dhéanamh ar an gcur chuige a leagadh síos le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina bhforáiltear do cheanglais stuamachta aonfhoirmeacha is infheidhme maidir le CPLanna. Dá leagfaí síos ceanglais téarnaimh agus réitigh i dtreoir, d’fhéadfadh sé go gcruthófaí neamhréir de dheasca dlíthe náisiúnta, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil le chéile, a ghlacadh i réimse a rialaítear ar gach bealach eile trí dhlíthe de chuid an Aontais atá infheidhme go díreach, agus ar réimse é ina bhfuil ag méadú ar sholáthar seirbhísí CPLanna ar bhonn trasteorann. Dá bhrí sin, is iomchuí rialacha aonfhoirmeacha is infheidhme go díreach a ghlacadh maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna freisin.

(12)  Chun comhsheasmhacht leis an reachtaíocht atá ag an Aontas cheana i réimse na seirbhísí airgeadais a áirithiú, agus chun an oiread cobhsaíochta airgeadais agus is féidir a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras téarnaimh agus réitigh maidir le gach CPL atá faoi réir na gceanglas stuamachta a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, gan beann ar cheadúnas baincéireachta a bheith acu. Cé go bhféadfadh difríochtaí a bheith ann sa phróifíl riosca a bhaineann le struchtúir chorparáideacha, láimhseáiltear le CPLanna leis an Rialachán seo mar eintitis neamhspleácha faoi aon ghrúpa nó faoi aon struchtúr margaidh agus áirithítear leis gur plean ann féin a bheadh i bplean téarnaimh agus réitigh CPL, gan beann ar struchtúr ghrúpa an CPL. Baineann sé sin go háirithe leis na ceanglais chun acmhainní leordhóthanacha airgeadais a bheith i seilbh acu ar leibhéal eintitis chun cás mainneachtana nó cás neamh-mhainneachtana a bhainistiú.

(13)  Chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíochtaí réitigh go héifeachtúil agus go héifeachtach, agus i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh, ba cheart do na Ballstáit údaráis riaracháin phoiblí nó údaráis dá dtugtar cumhachtaí riaracháin phoiblí a cheapadh chun feidhmeanna agus cúraimí a chur i gcrích i ndáil le réiteach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go leithdháilfear acmhainní iomchuí ar na húdaráis réitigh sin. I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát an t-údarás a bheidh freagrach as maoirseacht stuamachta na CPLanna i gcáil údarás réitigh, ba cheart neamhspleáchas an phróisis cinnteoireachta a áirithiú agus na socruithe struchtúracha uile is gá a chur i bhfeidhm chun na feidhmeanna maoirseachta agus réitigh a scaradh ó chéile ionas go seachnófar aon choinbhleachtaí leasa agus boige rialála.

(14)  I bhfianaise na n-iarmhairtí do chóras airgeadais agus do gheilleagar an Bhallstáit is féidir teacht as cliseadh CPL agus as na gníomhaíochtaí a leanann é, agus toisc go bhféadfadh sé go mbeadh gá le cistí poiblí mar rogha dheiridh sa deireadh thiar chun deireadh a chur leis an ngéarchéim, ba cheart dlúthbhaint a bheith ag aireachtaí airgeadais nó ag aireachtaí ábhartha eile na mBallstát, ag céim luath, leis an bpróiseas téarnaimh agus réitigh.

(15)  Toisc gur minic a sholáthraíonn CPLanna seirbhísí ar fud an Aontais, ar mhaithe le téarnamh agus réiteach éifeachtach teastaíonn comhar idir na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh laistigh de choláistí maoirseachta agus réitigh, go háirithe ag céimeanna ullmhúcháin an téarnaimh agus an réitigh. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar na pleananna téarnaimh arna dtarraingt suas ag an CPL, an measúnú ar phleananna réitigh arna n-ullmhú ag údarás réitigh an CPL, agus aghaidh a thabhairt ar aon bhaic ar an inréititheacht.

(16)  Agus CPLanna á réiteach, ba cheart cothromaíocht a aimsiú idir an gá, ar thaobh amháin, le nósanna imeachta lena gcuirtear san áireamh práinn an cháis agus lenar féidir réiteach a chur i gcrích go héifeachtach tráthúil cóir agus, ar an taobh eile, an gá atá leis an gcobhsaíocht airgeadais a chosaint sna Ballstáit uile ina soláthraíonn an CPL i gceist seirbhísí. Na húdaráis a mbainfeadh cliseadh CPL lena réimsí inniúlachta, ba cheart dóibh a dtuairimí a roinnt sa choláiste réitigh chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Ar an dóigh chéanna, chun malartú tráthrialta tuairimí agus comhordú leis na húdaráis tríú tíortha ábhartha a áirithiú, ba cheart a iarraidh ar na húdaráis sin a bheith rannpháirteach sna coláistí réitigh mar bhreathnóirí más gá sin. Ba cheart do na húdaráis tionchar a gcinntí ar an gcobhsaíocht airgeadais sna Ballstáit ina bhfuil oibríochtaí an CPL criticiúil nó tábhachtach le haghaidh na margaí airgeadais áitiúla a chur san áireamh, lena n-áirítear an áit a bhfuil na comhaltaí imréitigh lonnaithe agus an áit a bhfuil na hionaid trádála nasctha agus na bonneagair mhargaidh airgeadais nasctha bunaithe.

(16a)  I bhfianaise cineál domhanda trasteorann oibríochtaí CPL áirithe, féadfaidh cinntí údarás réitigh éifeachtaí eacnamaíocha agus fioscacha a bheith acu i ndlínsí eile. A mhéid is féidir le réasún, ba cheart aird a thabhairt ar na himpleachtaí trasteorann sin i gcásanna téarnaimh agus réitigh, agus ceannasacht na n-údarás fioscach i ndlínsí eile á cur san áireamh freisin.

(17)  Chun cinntí ÚEUM i ndáil leis na cúraimí atá sannta dó a ullmhú agus chun a áirithiú go mbeidh ÚBE agus a chomhaltaí rannpháirteach go cuimsitheach in ullmhú na gcinntí sin, ba cheart do ÚEUM coiste réitigh inmheánaigh a chur ar bun agus iarraidh ar na húdaráis inniúla ábhartha de chuid ÚBE bheith rannpháirteach ann mar bhreathnóirí.

(18)  Chun dul i ngleic ar dhóigh éifeachtach agus comhréireach le cliseadh féideartha CPL, ba cheart do na húdaráis roinnt cúinsí a chur san áireamh agus a gcumhachtaí téarnaimh agus réitigh á bhfeidhmiú acu amhail cineál ghnó an CPL, an struchtúr dlíthiúil agus eagrúcháin, an phróifíl riosca, an mhéid, an stádas dlíthiúil agus an idirnascthacht leis an gcóras airgeadais. Ba cheart do na húdaráis a chur san áireamh freisin, maidir le cliseadh an CPL agus an foirceannadh a dhéanfaí air ina dhiaidh sin de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, an dócha go mbeadh tionchar diúltach suntasach aige sin ar na margaí airgeadais, ar institiúidí airgeadais eile nó ar an ngeilleagar i gcoitinne.

(19)  Chun déileáil go héifeachtúil le CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis bearta ullmhúcháin a fhorchur ar CPLanna. Ba cheart íoschaigdeán a leagan síos maidir leis an inneachar agus an fhaisnéis atá le cuimsiú i bpleananna téarnaimh chun a áirithiú go mbeidh pleananna sách mionsonraithe le haghaidh téarnaimh ag gach CPL san Aontas má thagann anás airgeadais orthu. Leis na pleananna sin, ba cheart breathnú a dhéanamh ar réimse iomchuí de chásanna féideartha ina mbeartaítear idir strus córasach agus strus a bhaineann go sonrach leis an CPL. Sna cásanna sin, ba cheart breathnú a dhéanamh ar chásanna struis a bheadh níos measa ná na cinn sin a úsáidtear le haghaidh tástáil struis rialta faoi Chaibidil XII de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153 /2013 ón gCoimisiún, ach ar cásanna iad a leanann de bheith inchreidte, amhail cliseadh níos mó ná dhá cheann de na comhaltaí imréitigh is mó ar a bhfuil an CPL neamhchosanta, agus CPL amháin eile nó roinnt CPLanna eile. Ba cheart an plean téarnaimh a bheith ina chuid de rialacha oibríochta an CPL arna gcomhaontú go conarthach leis na comhaltaí imréitigh. Thairis sin, ba cheart forálacha a bheith sna rialacha oibríochta sin lena n-áiritheofar infhorghníomhaitheacht na mbeart téarnaimh sa phlean i ngach cás. Níor cheart glacadh leis sna pleananna téarnaimh go mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí le fáil ná níor cheart dóibh cáiníocóirí a nochtadh do riosca caillteanais.

(19a)  Ba cheart a áirithiú le pleananna téarnaimh go mbeidh dreasachtaí cuí ann chun nach ligfeadh CPLanna, comhaltaí imréitigh agus cliaint don staid dul in olcas tuilleadh agus chun go ndéanfaí iompar comhair a dhreasú. Chun go mbeidh an struchtúr dreasachta sin inchreidte, ba cheart go mbeadh diallais ón bplean téarnaimh faoi réir a fhormheasta ag an údarás inniúil.

(20)  Ba cheart do CPLanna a bpleananna téarnaimh a ullmhú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta. ▌Ba cheart tús a chur, sa chomhthéacs sin, leis an gcéim téarnaimh nuair a thagann meathlú suntasach ar chás airgeadais an CPL nó nuair is ann do riosca go sárófar na ceanglais stuamachta atá air faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart é sin a léiriú os coinne creat de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla arna gcuimsiú sa phlean téarnaimh.

(20a)  Ba cheart a áirithiú le pleananna téarnaimh go ndéanfar seicheamhú ar úsáid na n-uirlisí téarnaimh sa chaoi go ndéanfar leithdháileadh caillteanas idir CPLanna, comhaltaí imréitigh agus a gcliaint a chothromú go cuí. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart caillteanais a leithdháileadh idir CPLanna, comhaltaí imréitigh agus a gcliaint de réir an chumais atá acu na rioscaí a rialú. Is é is aidhm leis an méid sin dreasachtaí fónta a chruthú ex-ante agus leithdháileadh cothrom caillteanais a áirithiú freisin agus, ar an mbonn sin, ba cheart leithdháileadh caillteanais maidir le caillteanais neamh-mhainneachtana a bheith i gcomhréir le leibhéal freagrachta gach geallsealbhóra lena mbaineann. Ba cheart go n-áiritheofaí le pleananna téarnaimh go rachfaí i muinín chaipitil an CPL chun na chéad chaillteanais a iompar i gcásanna mainneachtana agus níos mó fós i gcásanna neamh-mhainneachtana. Ba cheart foráil a dhéanamh d’ionsú caillteanais shubstaintiúil ag comhaltaí imréitigh sula mbainfear úsáid as aon uirlisí lena leithdháiltear caillteanais ar chliaint.

(21)  Ba cheart don CPL a phlean téarnaimh a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil agus an choláiste maoirseachta, arna bhunú de faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, le haghaidh measúnú iomlán a ndéanfaidh an coláiste cinneadh comhpháirteach faoi. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú sin an bhfuil an plean cuimsitheach agus an bhféadfadh sé dáiríre inmharthanacht an CPL a athshlánú, ar dhóigh thráthúil, lena n-áirítear le linn tréimhsí dian-anáis airgeadais.

(22)  Ba cheart go leagfaí amach go cuimsitheach sna pleananna téarnaimh na gníomhaíochtaí a dhéanfadh an CPL chun déileáil le haon oibleagáidí gan íoc gan chomhoiriúnú, caillteanas neamhchumhdaithe, easnamh leachtachta, neamh-leordhóthanacht caipitil, chomh maith leis na gníomhaíochtaí chun athshlánú a dhéanamh ar acmhainní airgeadais réamh-mhaoinithe atá ídithe agus na socruithe leachtachta chun inmharthanacht an CPL a athshlánú agus ar mhaithe lena chumas leanúnach na ceanglais údaraithe atá air a chomhlíonadh agus ní mór acmhainn leordhóthanach ionsúcháin caillteanais a áireamh iontu chun na críche sin. Ba cheart na huirlisí atá beartaithe a bheith cuimsitheach. Ba cheart gach uirlis a bheith iontaofa, tráthúil, agus bonn dlíthiúil fónta a bheith mar bhonn taca léi. Ba cheart go gcruthóidís dreasachtaí iomchuí do scairshealbhóirí, comhaltaí agus cliaint an CPL chun an riosca a thugann siad chuig an gcóras nó a thabhaíonn siad ann a rialú, chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí glactha riosca agus bainistithe riosca an CPL, agus chun bheith rannpháirteach sa phróiseas bainistithe.

(22a)  Ba cheart go leagfaí amach go sainráite i bpleananna téarnaimh gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an CPL má bhíonn cibearionsaithe ann i gcás ina bhféadfaidís a bheith ina gcúis le meathlú suntasach ar a staid airgeadais nó i gcás ina bhféadfadh baol a bheith ann go sáróidís na ceanglais stuamachta atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(23)  Ba cheart do na CPLanna a áirithiú go bhfuil na pleananna neamh-idirdhealaitheach agus cothrom ó thaobh a dtionchair agus na ndreasachtaí a chruthaíonn siad de. Níor cheart dóibh comhaltaí imréitigh ná cliaint a chur faoi mhíbhuntáiste díréireach. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ba cheart do CPLanna a áirithiú go bhfuil neamhchosaintí na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL teoranta. Ba cheart do CPLanna a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí rannpháirteach i dtarraingt suas an phlean téarnaimh trína rannpháirtíocht i gcoiste riosca an CPL, de réir mar a bheidh, agus trí dhul i gcomhairle go hiomchuí leo. Ós rud é go bhféadfaí a bheith ag súil le tuairimí éagsúla i measc geallsealbhóirí, ba cheart do CPLanna próiseas soiléir a bhunú chun éagsúlacht thuairimí na ngeallsealbhóirí a bhainistiú, mar aon le haon choinbhleacht leasa idir na geallsealbhóirí sin agus an CPL.

(23a)  Ba cheart do CPLanna a áirithiú go ndéanfaí cliaint de chuid comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a chúiteamh go hiomchuí i gcás ina mbainfear úsáid as a sócmhainní le linn an phróisis téarnaimh.

(24)  I bhfianaise chineál domhanda na margaí a bhfreastalaíonn CPLanna orthu, is gá, chun a áirithiú go mbeidh CPL in ann roghanna an phlean téarnaimh a chur i bhfeidhm, i gcás inar gá, maidir le conarthaí nó sócmhainní arna rialú ag dlí tríú tír nó ar eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha. Ba cheart, dá bhrí sin, go n-áireofaí i rialacha oibríochta an CPL forálacha conarthacha lena n-áiritheofaí an cumas sin.

(25)  I gcás nach gcuirfidh CPL plean téarnaimh iomchuí faoina mbráid, ba cheart na húdaráis inniúla a bheith in ann ceangal a chur ar an CPL na bearta a dhéanamh is gá chun easnaimh ábhartha an phlean a leigheas chun gnó an CPL a neartú agus chun a áirithiú gur féidir leis an CPL a chaipiteal a athshlánú nó a leabhar a chomhoiriúnú i gcás cliseadh. Ba cheart go gcuirfeadh an chumhacht sin ar a gcumas do na húdaráis inniúla gníomhaíocht choisctheach a dhéanamh a mhéid is gá chun déileáil le haon easnaimh agus, dá bhrí sin, cuspóirí na cobhsaíochta airgeadais a chomhlíonadh.

(25a)  I gcás ina bhfuil uirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais, a théann níos faide ná an mhainneachtain i bhfoirm cascáide i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, curtha i bhfeidhm ag CPL atá faoi théarnamh maidir le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus a gcliaint, agus nach bhfuil sé i mbun réitigh dá thoradh sin, ba cheart an t-údarás inniúil a bheith in ann, a luaithe a bheidh leabhar comhoiriúnaithe athbhunaithe, neachtar acu ceangal a chur ar an CPL na rannpháirtithe a chúiteamh as a gcaillteanas trí íocaíochtaí in airgead tirim nó, i gcás inarb iomchuí, ceangal a chur ar an CPL ionstraimí úinéireachta a eisiúint i mbrabúis an CPL amach anseo.

(26)  Cuid bhunriachtanach den réiteach éifeachtach is ea an phleanáil réitigh. Ba cheart d’údarás réitigh an CPL na pleananna a tharraingt suas agus ba cheart iad a bheith comhaontaithe go comhpháirteach ag údaráis ábhartha an choláiste réitigh. Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith ag na húdaráis chun buaine feidhmeanna criticiúla a shainaithint agus a áirithiú. Ba cheart go mbeadh forálacha chun infhorghníomhaitheacht beart réitigh a áirithiú i rialacha oibriúcháin an CPL arna gcomhaontú go conarthach le comhaltaí imréitigh, lena n-áirítear glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh.

(27)  Ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe ar an inréititheacht, athruithe a éileamh ar struchtúr agus ar eagrú dlíthiúil CPLanna go díreach nó go hindíreach tríd an údarás inniúil, bearta a dhéanamh atá riachtanach agus comhréireach chun baic ábhartha ar úsáid uirlisí réitigh a laghdú nó a bhaint agus inréititheacht na n-eintiteas lena mbaineann a áirithiú.

(28)  Réimsí is ea na pleananna réitigh agus na measúnuithe inréititheachta ina mbaineann tábhacht níos mó le gníomhaíochtaí gasta athstruchtúraithe a chur i gcrích agus a áirithiú ná a bhaineann le ceisteanna gnáthmhaoirseachta, chun feidhmeanna criticiúla an CPL a chinntiú agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint. I gcás easaontú idir comhaltaí éagsúla an choláiste réitigh maidir le cinntí atá le déanamh i ndáil le plean téarnaimh an CPL, leis an measúnú ar inréititheacht an CPL agus leis an gcinneadh deireadh a chur le haon bhac air sin, ba cheart do ÚEUM ról idirghabhála a imirt i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Mar sin féin, an idirghabháil cheangailteach sin a dhéanfaidh ÚEUM, ba cheart í a chur in oiriúint le bheith curtha faoi bhráid coiste inmheánach de chuid ÚEUM, i bhfianaise inniúlachtaí chomhaltaí ÚEUM chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú agus na comhaltaí imréitigh i roinnt Ballstát a mhaoirsiú. Ba cheart a iarraidh ar údaráis inniúla áirithe de réir Rialachán ÚBE bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí sa choiste inmheánach sin de chuid ÚEUM toisc go bhféadfadh sé go mbeadh cúraimí comhchosúla ar na húdaráis sin faoi Threoir 2014/59/AE. Níor cheart leis an idirghabháil cheangailteach sin cosc a chur le hidirghabháil neamhcheangailteach i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 i gcásanna eile.

(29)  ▌Ag brath ar struchtúr an ghrúpa ar cuid de an CPL, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach go leagfaí amach i bplean téarnaimh an CPL na coinníollacha ar a bhféadfar caidreamh ceangailteach de chineál conarthach nó eile arna chomhaontú go deonach amhail ráthaíochtaí tuismitheoireachta nó comhaontuithe maidir le rialú agus brabús agus caillteanas a aistriú nó cineálacha eile tacaíochta oibríochtúla ó mháthairghnóthas nó ó ghrúpeintiteas eile a sholáthar do CPL laistigh den ghrúpa céanna. Le trédhearcacht i ndáil le socruithe den sórt sin, mhaolófaí na rioscaí do leachtacht agus do shócmhainneacht an ghrúpeintitis a bheadh ag soláthar na tacaíochta don CPL a bhfuil anás airgeadais ag bagairt air. Aon athrú ar na socruithe sin, ba cheart é a mheas mar athrú ábhartha agus an plean téarnaimh á athbhreithniú.

(30)  I bhfianaise íogaireacht na faisnéise atá sna pleananna téarnaimh agus réitigh, ba cheart forálacha iomchuí rúndachta a bheith i bhfeidhm maidir leis na pleananna sin.

(31)  Ba cheart do na húdaráis inniúla na pleananna téarnaimh agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis réitigh ábhartha, agus ba cheart do na húdaráis réitigh sin na pleananna réitigh agus aon athruithe orthu a tharchur chuig na húdaráis inniúla, sa dóigh go mbeidh gach údarás ábhartha go hiomlán ar an eolas i gcónaí.

(32)  Chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, is gá na húdaráis inniúla a bheith in ann meathlú chás airgeadais agus eacnamaíoch an CPL a leigheas sula dtiocfaidh an CPL chuig pointe nach mbeidh an dara rogha ag na húdaráis ach é a réiteach nó ordú a thabhairt don CPL cúrsa a athrú i gcás ina bhféadfadh a ghníomhaíochtaí díobháil a dhéanamh don chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart cumhachtaí luath-idirghabhála a thabhairt do na húdaráis inniúla chun éifeachtaí díobhálacha ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint nó a íoslaghdú a d’fhéadfadh a eascairt ó bhearta áirithe a bheith á gcur chun feidhme ag an CPL, nó na cumhachtaí sin a thabhairt chun leasa cliant. Ba cheart na cumhachtaí luath-idirghabhála sin a thabhairt do na húdaráis inniúla sa bhreis ar na cumhachtaí dá gcuid dá bhforáiltear i ndlí náisiúnta na mBallstát nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh cúinsí nach cúinsí a mheastar mar luath-idirghabháil iad. Áireofar ar chearta luath-idirghabhála an chumhacht aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas a shrianadh nó a thoirmeasc a oiread is féidir gan glanmhainneachtain a ghníomhachtú, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannaigh ag an CPL, agus féadfaidh sé aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach amhail i dTreoir 2013/36/AE agus i dTreoirlínte ÚBE/GL/2015/22 de shochair phinsin lánroghnacha nó de phacáistí téarfa do bhainistíocht a shrianadh, a thoirmeasc nó a chalcadh.

(33)  I rith chéimeanna an téarnaimh agus na luath-idirghabhála, ba cheart na scairshealbhóirí a gcearta ar fad a choinneáil. Cailleann siad na cearta sin tráth a chuirtear an CPL faoi réiteach. Maidir le haon luach saothair cothromais agus aon ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannaigh ag an CBL, ba cheart iad a shrianadh nó a thoirmeasc, a mhéid is féidir, i gcás téarnaimh.

(34)  Ba cheart foráil a dhéanamh sa chreat réitigh maidir leis an CPL a chur faoi réiteach go tráthúil sula mbíonn sé dócmhainneach. Ba cheart a mheas go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó gur dócha go gclisfidh air i gcás ina bhfuil sé ag sárú nó inar dócha go mbeidh sé ag sárú sula i bhfad na gceanglas nach mór a chomhlíonadh chun leanúint de bheith údaraithe, i gcás ina bhfuil teipthe ar an téarnamh inmharthanacht an CPL a athshlánú, i gcás inar lú sócmhainní an CPL ná a dhliteanais nó inar dócha go mbeidh siad níos lú ná iad sula i bhfad, i gcás nach bhfuil an CPL in ann nó inar dócha nach mbeidh sé in ann sula i bhfad a fhiacha a íoc de réir mar a bheidh siad dlite, nó i gcás ina dteastóidh tacaíocht airgeadais phoiblí ón CPL. Níor cheart, áfach, CPL a chur faoi réiteach ar an ábhar nach gcomhlíonann sé na ceanglais uile le haghaidh údarú, agus ar an ábhar sin amháin. Chun go bhféadfar teacht go tráthúil ar réiteach, maidir leis an gcinneadh arna ghlacadh ag údarás réitigh chun dlús a chur le haistriú ó théarnamh go réiteach, ní fhéadfar agóid a dhéanamh ina aghaidh ach amháin ar fhoras substainteach ar an mbonn go raibh an cinneadh sin treallach agus míréasúnach tráth an chinnidh, bunaithe ar an eolais a bhí ar fáil go héasca ag an am sin.

(35)  Soláthar cúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais – más ann do shaoráid den sórt sin – níor cheart gur chúinse é a léiríonn nach bhfuil an CPL in ann, nó nach mbeidh sé in ann sula i bhfad, a dhliteanais a íoc de réir mar a bheidh siad dlite. Chun an chobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás ganntanas sistéamach leachtachta, níor cheart, ar choinníoll go gcomhlíonfar roinnt coinníollacha, an creat réitigh a chur i ngníomh de bhun ráthaíochtaí Stáit ar na saoráidí leachtachta a chuireann bainc cheannais ar fáil ná de bhun ráthaíochtaí Stáit ar dhliteanais nua-eisithe arb é is aidhm dóibh suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas.

(36)  I gcás ina gcomhlíonfaidh CPL na coinníollacha téarnaimh, ba cheart fáil a bheith ag údarás réitigh an CPL ar shraith comhchuibhithe d’uirlisí agus de chumhachtaí réitigh. Ba cheart feidhmiú na nithe sin a beith faoi réir coinníollacha coiteanna, cuspóirí coiteanna agus prionsabail ghinearálta choiteanna. Ba cheart úsáid uirlisí agus cumhachtaí breise ag na húdaráis réitigh a bheith i gcomhréir le prionsabail agus le cuspóirí an réitigh. Go háirithe, níor cheart go gcuirfeadh úsáid na n-uirlisí nó na gcumhachtaí sin isteach ar réiteach éifeachtach ar ghrúpa trasteorann. I bhfianaise an chuspóra úsáid cistí poiblí a chosc a mhéid is féidir, agus an deacracht á cur san áireamh maidir le cineál aon dian-ghéarchéime a mbeadh ar an údarás réitigh gníomhaíocht a dhéanamh ina leith a thuar, níor cheart aon uirlisí réitigh a eisiamh ex ante. Chun aghaidh a thabhairt ar ghuais mhorálta agus chun cáiníocóirí a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí, ba cheart do na húdaráis inniúla bearta soiléire agus cuimsitheacha a leagan síos roimh ré chun na cistí sin a aisghabháil a mhéid is féidir ó rannpháirtithe imréitigh.

(37)  Is iad na nithe ba cheart a bheith ina bpríomhchuspóirí ag an réiteach buaine na bhfeidhmeanna criticiúla a áirithiú, éifeachtaí díobhálacha ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus cistí poiblí a chosaint▌.

(38)  Ba cheart feidhmeanna criticiúla an CPL a bhfuil ag cliseadh air a choinneáil, bíodh go mbeidh siad athstruchtúraithe agus athruithe déanta ar an mbainistíocht i gcás inarb iomchuí, ag úsáid uirlisí réitigh i gcáil gnóthas leantach a úsáid, a mhéid is féidir, cistí príobháideacha. D’fhéadfaí an cuspóir sin a bhaint amach tríd an CPL a dhíol le tríú páirtí sócmhainneach nó a chumasc leis, nó trí chonarthaí agus dliteanais an CPL a athstruchtúrú nó a dhíluacháil trí chaillteanais a leithdháileadh agus suíomhanna a aistriú ón gcomhalta mainneachtana go comhaltaí neamh-mhainneachtana, nó trí athchaipitliú an CPL a chur i gcrích trína scaireanna a dhíluacháil nó trína fhiachas a dhíluacháil go cothromas. I gcomhréir leis an gcuspóir chun feidhmeanna criticiúla an CPL a choinneáil ar bun agus sula ndéanfar na bearta a ndéantar cur síos orthu thuas, ba cheart don údarás réitigh breithniú a dhéanamh ar aon oibleagáidí conarthacha atá ar an CPL cheana agus atá gan comhlíonadh a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear go háirithe aon oibleagáidí conarthacha ag comhaltaí imréitigh glaonna ar airgead tirim a chomhlíonadh nó seasaimh comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana a ghlacadh, bíodh sé sin trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL, chomh maith le haon oibleagáid chonarthach atá ann agus atá gan chomhlíonadh lena gcuirtear de cheangal ar pháirtithe seachas comhaltaí imréitigh aon chineál tacaíochta airgeadais. Ba cheart don údarás réitigh oibleagáidí conarthacha a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an gcaoi a nglaofaí isteach iad de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(39)  Is gá gníomhaíocht ghasta dhiongbháilte chun muinín an mhargaidh a chaomhnú agus an tógálacht a íoslaghdú. Nuair a bheidh na coinníollacha réitigh comhlíonta, ba cheart d’údarás réitigh an CPL gníomhaíocht réitigh atá iomchuí agus comhordaithe a dhéanamh gan mhoill ar mhaithe le leas an phobail. D’fhéadfadh sé go clisfeadh ar an CPL i gcúinsí a d’éileodh go ndéanfadh an t-údarás réitigh ábhartha bearta láithreach bonn. Ba cheart a ligean don údarás sin, dá bhrí sin, gníomhaíocht réitigh a dhéanamh d'ainneoin an CPL bearta téarnaimh a fheidhmiú nó gan oibleagáid a fhorchur úsáid a bhaint as na cumhachtaí luath-idirghabhála i dtosach.

(40)  Agus gníomhaíochtaí réitigh á ndéanamh aige, ba cheart d’údarás réitigh an CPL na bearta dá bhforáiltear sna pleananna réitigh arna bhforbairt laistigh den choláiste réitigh a chur san áireamh agus a leanúint, ach amháin má mheasann an t-údarás réitigh, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, gurb éifeachtaír a bhainfear amach na cuspóirí réitigh trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh nach bhforáiltear maidir leo sna pleananna réitigh. Ba cheart don údarás réitigh an coláiste réitigh a chur ar an eolas go pras maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh atá beartaithe acu, go háirithe i gcás ina mbeidh na gníomhaíochtaí sin ar diall ón bplean.

(41)  Ba cheart aon chur isteach ar chearta maoine a bheith i gcomhréir leis an riosca don chobhsaíocht airgeadais. Dá bhrí sin, níor cheart uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm ach maidir leis na CPLanna sin a chomhlíonann na coinníollacha réitigh, agus go sonrach, i gcás inar gá é chun cuspóir na cobhsaíochta airgeadais a bhaint amach ar mhaithe le leas an phobail. Toisc go bhféadfadh uirlisí agus cumhachtaí réitigh cur isteach ar chearta scairshealbhóirí, comhaltaí imréitigh, a gcliant agus creidiúnaithe i gcoitinne, níor cheart gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ach amháin i gcás inar gá ar mhaithe le leas an phobail agus ba cheart aon chur isteach ar na cearta sin a bheith i gcomhréir leis an gCairt. Go háirithe, i gcás ina gcaithfear go héagsúil ó thaobh gníomhaíocht réitigh de le creidiúnaithe den aicme chéanna, ba cheart údar cuí a bheith leis an dealú sin ar mhaithe le leas an phobail, ba cheart é a bheith i gcomhréir leis na rioscaí a bhfuiltear ag dul i ngleic leo agus níor cheart é a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhoras na náisiúntachta.

(42)  Níor cheart go dtabhódh na scairshealbhóirí, na comhaltaí imréitigh ná na creidiúnaithe lena mbaineann an réiteach caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís mura ndéanfadh an t-údaráis réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile sna rialacha oibríochta nó dá bhfoirceannfaí an CPL de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta. I gcás páirtaistriú sócmhainní CPL atá faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig CPL idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den CPL atá faoi réiteach a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta.

(43)  Chun cearta na scairshealbhóirí, na gcreidiúnaithe, na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliant a chosaint, ba cheart oibleagáidí soiléire a leagan síos maidir le luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL agus maidir le luacháil na cóireála a bheadh faighte ag na páirtithe sin mura ndéanfadh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh. Ba cheart go bhféadfaí tús a chur le luacháil le linn chéim an téarnaimh féin. Sula ndéanfaí aon ghníomhaíocht réitigh, ba cheart luacháil chóir réalaíoch a dhéanamh ar shócmhainní agus ar dhliteanais an CPL lena n-áirítear an praghas ar a rachfaí i mbun aon fhoirceannadh conarthaí sa CPL ar cheart go n-áireofaí leis luaineacht agus leachtacht sa mhargadh a chur san áireamh tráth an réitigh. Níor cheart an luacháil sin a bheith faoi réir ceart achomhairc ach amháin in éineacht leis an gcinneadh réitigh. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, i ndiaidh úsáid uirlisí réitigh, ba cheart comparáid ex post a dhéanamh idir an chóireáil iarbhír a tugadh do na scairshealbhóirí, do na creidiúnaithe, do na comhaltaí imréitigh agus dá gcliaint, agus an chóireáil a mbeadh tugtha dóibh mura ndéanfadh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile sna rialacha oibríochta nó faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus aird chuí á tabhairt ar aon éifeachtaí díobhálacha a bhféadfaí a chreidiúint go mbeidís ag éagobhsaíocht chórasach agus ag suaitheadh sa mhargadh. Maidir leis na scairshealbhóirí, na creidiúnaithe, na comhaltaí imréitigh agus a gcliaint, más rud é go bhfaighidh siad, chun a n-éilimh a íoc nó a chúiteamh, níos lú ná an méid a bheadh faighte acu mura ndéanfadh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile sna rialacha oibríochta nó faoi réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta, ba cheart iad a bheith, i gcásanna áirithe, i dteideal an difríocht a bheith íoctha leo, agus aird chuí á tabhairt ar aon éifeachtaí díobhálacha a bhféadfaí a chreidiúint go mbeidís ag éagobhsaíocht chórasach agus ag suaitheadh sa mhargadh. Agus an méid a bheadh faighte acu á ríomh, níor cheart go nglacfaí leis go mbeadh tacaíocht airgeadais phoiblí á soláthar. Murab ionann agus an luacháil roimh an ngníomhaíocht réitigh, ba cheart go bhféadfaí agóid a dhéanamh i gcoinne na comparáide sin ar leithligh ón gcinneadh réitigh. Ba cheart saoirse a bheith ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir leis an nós imeachta le haon difríocht cóireála a chinnfear a íoc leis na sciarshealbhóirí, leis na creidiúnaithe agus leis na comhaltaí imréitigh agus a gcliaint.

(44)  Chun réiteach éifeachtach a áirithiú, aon chaillteanais nach mór a leithdháileadh ionas gur féidir leis an CPL a leabhar oibleagáidí gan íoc a chomhoiriúnú arís agus a oibleagáidí íocaíochta reatha a chomhlíonadh, ba chearta iad a chinneadh a bheaichte is féidir sa phróiseas luachála. Ba cheart luacháil shócmhainní agus dhliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a bheith bunaithe ar thoimhdí atá cóir, stuama agus réalaíoch an tráth a úsáidtear na huirlisí réitigh. Níor cheart, áfach, staid airgeadais an CPL difear a dhéanamh do luach na ndliteanas sa luacháil. Ba cheart na húdaráis réitigh a bheith in ann, ar chúiseanna práinne, luacháil ghasta a dhéanamh ar shócmhainní nó ar dhliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an luacháil sin a bheith sealadach agus ba cheart feidhm a bheith aici go dtí go gcuirfí luacháil neamhspleách i gcrích.

(45)  Nuair a chuirfear faoi réiteach é, ba cheart don údarás réitigh a áirithiú, maidir le haon oibleagáidí conarthacha gan chomhlíonadh de chuid an CPL, de chuid na gcomhaltaí imréitigh agus de chuid na gcontrapháirtithe eile a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL, lena n-áirítear bearta téarnaimh nach bhfuil thart, go ndéanfar iad a chomhall ach amháin i gcás ina bhfuil sé níos iomchuí cumhacht nó uirlis eile réitigh a fheidhmiú chun éifeachtaí díobhálacha don chobhsaíocht airgeadais a mhaolú nó chun feidhmeanna criticiúla an CPL a chinntiú ar mhodh tráthúil. Ba cheart na caillteanais a iompar le hionstraimí caipitil rialála agus a leithdháileadh ar na scairshealbhóirí trí ionstraimí úinéireachta a chealú nó a aistriú nó trí dhianchaolú, agus aon chaillteanais atá le hiompar trí fhorfheidhmiú aon oibleagáide gan chomhlíonadh i leith an CPL á gcur san áireamh. I gcás nach leor na hionstraimí sin, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh fiachas neamhurraithe agus dliteanais neamhurraithe a dhíluacháil, a oiread is gá, gan an chobhsaíocht airgeadais i gcoitinne a chur i mbaol, i gcomhréir lena n-aicmiú faoin dlí náisiúnta dócmhainneachta is infheidhme.

(46)  I gcás nár éirigh leis an CPL, trí fheidhmiú a bheart téarnaimh, cosc a chur le caillteanais, filleadh ar staid chomhardaithe ina mbeadh a leabhar suíomhanna gan íoc comhoiriúnaithe ná acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú go cuimsitheach, nó i gcás inar chinn an t-údarás réitigh go ndéanfaí díobháil don chobhsaíocht airgeadais dá bhfeidhmeodh an CPL na bearta sin, is éard ba cheart a bheith mar aidhm le feidhmiú na gcumhachtaí leithdháilte caillteanais agus suímh ag an údarás na caillteanais gan íoc a leithdháileadh, filleadh an CPL ar staid chomhardaithe a áirithiú agus na hacmhainní réamh-mhaoinithe ceangailteacha a athshlánú trí leanúint d'fheidhmiú na n-uirlisí i rialacha oibríochta an CPL nó trí ghníomhaíochtaí eile.

(47)  Ba cheart do na húdaráis réitigh a áirithiú freisin go n-íoslaghdófar costais an réitigh ar an CPL agus go gcaithfear go cothromasach le creidiúnaithe den aicme chéanna. I gcás ina gcaithfear go héagsúil ó thaobh gníomhaíocht réitigh de le creidiúnaithe den aicme chéanna, ba cheart údar cuí a bheith leis an dealú sin ar mhaithe le leas an phobail agus níor cheart é a bheith idirdhealaitheach, go díreach ná go hindíreach, ar fhoras na náisiúntachta.

(48)  Ba cheart na huirlisí téarnaimh agus réitigh a úsáid an oiread is féidir roimh aon instealladh caipitil ón earnáil phoiblí nó a choibhéis de thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách le haghaidh CPL. Agus tacaíocht airgeadais phoiblí á húsáid chun cúnamh a thabhairt le réiteach institiúidí a bhfuil ag cliseadh orthu, ba cheart cloí leis na forálacha ábhartha maidir le Státchabhair agus ba cheart caitheamh leo mar uirlis na dála deiridh ar fad.

(49)  Le córas éifeachtach réitigh, ba cheart íoslaghdú a dhéanamh ar na costais a bhíonn le hiompar ag na cáiníocóirí de dheasca réiteach an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart a áirithiú leis gur féidir CPLanna a réiteach gan an chobhsaíocht airgeadais a chur i mbaol. Ba cheart an cuspóir sin a bhaint amach leis na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh trína áirithiú go mbainfidh caillteanais iomchuí do na scairshealbhóirí agus do na contrapháirtithe atá i measc creidiúnaithe an CPL a bhfuil ag cliseadh air agus go n-iompróidh siad sciar iomchuí de na costais a eascraíonn ó chliseadh an CPL. Dá bhrí sin, leis na huirlisí caillteanais agus suímh, ba cheart go méadófaí ar dhreasú scairshealbhóirí agus chontrapháirtithe an CPL chun faireachán a dhéanamh ar shláinte an CPL sna gnáthchúinsí i gcomhréir le moltaí an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais21.

(50)  Chun a áirithiú go bhfuil an tsolúbthacht is gá ag na húdaráis réitigh chun caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh ar chontrapháirtithe i raon cúinsí, is iomchuí na húdaráis sin a bheith in ann ar dtús na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh a chur i bhfeidhm i gcás inarb é an cuspóir na seirbhísí criticiúla réitigh laistigh den CPL atá faoi réiteach a choinneáil agus, ina dhiaidh sin, i gcás inar ghá, na seirbhísí criticiúla sin a aistriú chuig CPL idirlinne nó chuig tríú páirtí agus a fhágáil go stadfaidh an chuid iarmharach den CPL de bheith ag oibriú agus go bhfoirceannfar í.

(51)  I gcás ina gcuirfear na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh i bhfeidhm leis an gcuspóir inmharthanacht an CPL a bhfuil ag cliseadh air a athshlánú ionas go mbeidh sé in ann leanúint de bheith ag oibriú mar ghnóthas leantach, maille leis an réiteach ba cheart an lucht bainistíocht a athrú, ▌agus ba cheart athstruchtúrú a dhéanamh ar an CPL agus ar a ghníomhaíochtaí ina dhiaidh sin ar shlí a rachadh i ngleic le cúiseanna an chliste. Ba cheart an t-athstruchtúrú sin a bhaint amach trí phlean atheagrucháin gnó a chur chun feidhme ▌.

(52)  Ba cheart na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh a fheidhmiú d'fhonn leabhar an CPL a ath-chomhoiriúnú, aon chaillteanais eile a chosc agus acmhainní breise a fháil chun cuidiú le hathchaipitliú an CPL agus a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú. Chun a áirithiú go bhfuil siad éifeachtach agus go mbainfidh siad a gcuspóir amach, ba cheart iad a bheith infheidhme maidir le raon chomh leathan agus is féidir de chonarthaí óna n-eascraíonn dliteanais neamhurraithe nó lena bhfágtar gan chomhoiriúnú leabhar an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart dóibh foráil a dhéanamh do shuíomhanna mainnitheoirí a dhíol ar ceant leis na comhaltaí imréitigh atá fágtha, íocaíochtaí corrlaigh athrúcháin amuigh a bhearradh do na comhaltaí sin agus dá gcliaint, aon ghlaonna ar airgead tirim nach bhfuil thart a leagtar amach sna pleananna téarnaimh a fheidhmiú, glaonna breise réitigh ar airgead a bheidh curtha in áirithe go sonrach i rialacha oibríochta an CPL don údarás réitigh a fheidhmiú agus díluacháil caipitil agus ionstraimí fiachais a d’eisigh an contrapháirtí lárnach nó dliteanas eile neamhurraithe agus aon ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe a thiontú ina scaireanna. Má mheastar go bhfuil gá leis chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach go tráthúil, agus rioscaí do chobhsaíocht airgeadais á seachaint agus úsáid cistí poiblí á seachaint, ba cheart go mbeadh na húdaráis réitigh in ann conarthaí na gcomhaltaí imréitigh a mhainnigh, conarthaí na línte táirgí agus conarthaí an CPL a chaitheamh amach go hiomlán nó i bpáirt.

(53)  Agus urraim chuí á tabhairt acu don tionchar ar an gcobhsaíocht airgeadais agus mar rogha dheiridh, níor cheart d’údaráis réitigh a bhreithniú, maidir le conarthaí ó leithdháileadh caillteanais, nach ndéanfaidís iad a chur san áireamh ach go páirteach i roinnt imthosca. I gcás nach ndéanfar na huirlisí sin a fheidhmiú ach go páirteach, féadfar leibhéal an chaillteanais nó na neamhchosanta a chuirfear i bhfeidhm ar chonarthaí eile a mhodhnú faoi réir urramú an phrionsabail ‘ gan creidiúnaí ar bith níos measa as’.

(54)  I gcás inar úsáideadh na huirlisí réitigh chun feidhmeanna criticiúla nó gnó inmharthana CPL a aistriú chuig eintiteas fónta amhail ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó CPL idirlinne, ba cheart an chuid iarmharach den CPL a leachtú laistigh d'achar iomchuí ama ag féachaint d'aon ghá go soláthródh an CPL a bhfuil ag cliseadh air seirbhísí nó tacaíocht le go mbeadh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne in ann na gníomhaíochtaí a dhéanamh nó na seirbhísí a sholáthar a leagadh air de bhua an aistrithe sin.

(55)  Leis an uirlis díolta gnó, ba cheart na húdaráis a bheith in ann an CPL nó codanna dá ghnó a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó gan toiliú na scairshealbhóirí. Agus an uirlis díolta gnó á cur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis socruithe a dhéanamh maidir leis an CPL sin nó an chuid sin dá ghnó a mhargú trí phróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus é mar aidhm aige an praghas díola a uasmhéadú.

(56)  Aon ghlanfháltais ó aistriú sócmhainní nó dliteanas an CPL faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm ba cheart iad a dhul chun tairbhe don eintiteas a bheidh fágtha sna himeachtaí foirceanta. Aon ghlanfháltais ó aistriú ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nuair a chuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm ba cheart iad a dhul chun tairbhe do na scairshealbhóirí. Ba cheart na fáltais a ríomh glan lúide na costais a d'eascair ó chliseadh an CPL agus ón bpróiseas réitigh.

(57)  Chun díolachán an ghnó a chur i gcrích go tráthúil agus an chobhsaíocht airgeadais a chosaint, ba cheart an measúnú ar an gceannaitheoir a gheobhaidh sealúchas cáilitheach a dhéanamh ar mhodh tráthúil nach gcuirfidh moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó.

(58)  Is dócha go mbeidh tábhacht shistéamach leis an bhfaisnéis maidir le margú an CPL a bhfuil ag cliseadh air agus maidir leis na caibidlíochtaí le faighteoirí féideartha sula gcuirfear an uirlis díolta gnó i bhfeidhm. Chun an chobhsaíocht airgeadais a áirithiú, tá sé tábhachtach go bhféadfar nochtadh poiblí na faisnéise sin a cheanglaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8) a chur siar ar feadh an ama is gá chun réiteach an CPL a phleanáil agus a struchtúrú i gcomhréir leis na tréimhsí ama a cheadaítear faoin gcóras maidir le drochúsáid mhargaidh.

(59)  Ós CPL é atá, ina iomláine nó i bpáirt, faoi úinéireacht údaráis phoiblí amháin nó níos mó nó faoi rialú an údaráis réitigh, ba cheart é a bheith mar phríomhchuspóir ag an CPL idirlinne a áirithiú go leanfar de na seirbhísí airgeadais bunriachtanacha a sholáthar do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint an CPL a cuireadh faoi réiteach agus go leanfar de na gníomhaíochtaí airgeadais bunriachtanacha a dhéanamh. Ba cheart an CPL idirlinne a oibriú mar eintiteas ar gnóthas leantach inmharthana é agus ba cheart é a chur ar ais ar an margadh nuair is iomchuí na dálaí nó é a fhoirceannadh nuair nach mbíonn sé inmharthana a thuilleadh.

(60)  I gcás nach mbeadh fáil go praiticiúil ar aon roghanna eile nó inar féidir a léiriú nár leor iad chun an chobhsaíocht airgeadais a chosaint, ba cheart rannpháirtíocht rialtais a bheith ceadmhach, trí thacaíocht gnáthscaireanna nó úinéireacht phoiblí shealadach, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, lena n-áirítear athstruchtúrú oibríochtaí an CPL, agus ba cheart go bhféadfaí na cistí a imlonnaíodh a aisghabháil le himeacht ama ó na rannpháirtithe imréitigh a bhaineann leas as an tacaíocht airgeadais. Úsáidtear uirlisí cobhsaithe rialtais d’ainneoin ról aon bhanc ceannais leachtacht a sholáthar don chóras airgeadais fiú le linn tréimhsí struis, atá faoi réir a lánrogha, agus níor cheart glacadh leis gur dócha go ndéanfar amhlaidh. Ba cheart go mbeadh sé de chineál sealadach. Dá bhrí sin, ba cheart socruithe cuimsitheacha agus inchreidte a bhunú lena bhféadfar na cistí poiblí a chuirtear ar fáil a fhorchúiteamh thar thréimhse chuí ama.

(61)  Chun an áirithiú go mbeidh údarás réitigh in ann na huirlisí leithdháilte caillteanais agus suímh a chur i bhfeidhm ar chonarthaí le heintitis atá bunaithe i dtríú tíortha, ba cheart an deis sin a aithint i rialacha oibríochta an CPL.

(62)  Na cumhachtaí dlíthiúla uile is gá a d’fhéadfaí a fheidhmiú, arna gcomhcheangal ar mhodhanna éagsúla, agus na huirlisí réitigh á n-úsáid, ba cheart iad a bheith ag na húdaráis réitigh. Ba cheart go n-áireofaí ar na cumhachtaí sin an chumhacht ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a aistriú chuig eintiteas eile amhail CPL eile nó CPL idirlinne, an chumhacht ionstraimí úinéireachta a dhíluacháil nó a chealú, nó dliteanais an CPL a bhfuil ag cliseadh air a dhíluacháil nó a chomhshó, an chumhacht an corrlach athrúcháin a dhíluacháil, an chumhacht forghníomhú a dhéanamh ar aon oibleagáidí gan íoc de chuid an tríú páirtí i ndáil leis an CPL lena n-áirítear glaonna ar airgead tirim i gcomhair téarnaimh agus réitigh lena n-áirítear iad sin a leagtar síos i Rialachán oibríochta an CPL agus leithdháiltí suímh, an chumhacht conarthaí an CPL a chaitheamh amach i bpáirt agus ina n-iomláine, an chumhacht an lucht bainistíochta a athrú agus an chumhacht moratóir sealadach a fhorchur ar éilimh a íoc. Ba cheart an CPL agus comhaltaí a bhoird agus a lucht bainistíochta sinsearaí leanúint de bheith dliteanach, faoi réir dhlí an Bhallstáit, de réir an dlí shibhialta nó choiriúil i ndáil lena bhfreagracht as cliseadh an CPL.

(63)  Ba cheart ceanglais nós imeachta a bheith ar áireamh sa chreat réitigh lena n-áiritheofar go dtabharfar fógra iomchuí maidir le gníomhaíochtaí réitigh agus go bpoibleofar iad. De bhrí gur dócha faisnéis a gheobhaidh na húdaráis réitigh agus a gcomhairleoirí gairmiúla le linn an phróisis réitigh a bheith íogair, sula bpoibleofar an cinneadh réitigh, ba cheart í a bheith faoi réir córas éifeachtach rúndachta. Is gá a chur san áireamh go bhféadfaí éifeachtaí forleathana a bheith ann de bharr faisnéis maidir le hinneachar agus sonraí pleananna téarnaimh agus réitigh agus de bharr toradh aon mheasúnaithe ar na pleananna sin, go háirithe ar na gnóthais lena mbaineann. Aon fhaisnéis a sholáthrófar maidir le cinneadh sula ndéanfar an cinneadh sin, bíodh sé i dtaobh na coinníollacha réitigh a bheith comhlíonta, i dtaobh uirlis shonrach a úsáid nó i dtaobh aon ghníomhaíocht a úsáid i rith na n-imeachtaí, ní mór a thoimhdiú go mbeidh éifeachtaí dá barr ar na leasanna poiblí agus príobháideacha a mbaineann an ghníomhaíocht leo. D’fhéadfadh sé, áfach, gur leor an fhaisnéis go bhfuil an t-údarás réitigh ag scrúdú CPL áirithe le go mbainfeadh éifeachtaí diúltacha don CPL sin. Dá bhrí sin, is gá a áirithiú go mbeidh sásraí iomchuí ann chun rúndacht na faisnéise sin a chaomhnú, amhail inneachar agus sonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar sa chomhthéacs sin.

(64)  Ba cheart cumhachtaí coimhdeacha a bheith ag na húdaráis réitigh chun a áirithiú gurb éifeachtach aistriú na n-ionstraimí úinéireachta nó na n-ionstraimí fiachais agus na sócmhainní, na gceart agus na ndliteanas. Faoi réir na gcoimircí, ba cheart go n-áireofaí ar na cumhachtaí sin an chumhacht cearta tríú páirtí a bhaint de na hionstraimí nó de na sócmhainní arna n-aistriú agus an chumhacht conarthaí a fhorghníomhú agus foráil a dhéanamh maidir le buaine na socruithe maidir le fáil na sócmhainní agus na n-ionstraimí úinéireachta arna n-aistriú. Níor cheart difear a dhéanamh do chearta na bhfostaithe conradh fostaíochta a fhoirceannadh, áfach. Níor cheart difear a dhéanamh ach oiread don cheart atá ag páirtí conradh leis an CPL faoi réiteach, nó le grúpeintiteas de, a fhoirceannadh ar chúiseanna nach mbaineann le réiteach an CPL a bhfuil ag cliseadh air. Ba cheart an chumhacht choimhdeach a bheith ag na húdaráis réitigh ceangal a chur ar an CPL iarmharach atáthar a fhoirceannadh de réir na ngnáthimeachtaí dócmhainneachta seirbhísí a sholáthar a bhfuil gá leo le gur féidir leis an CPL ar aistríodh sócmhainní, conarthaí nó ionstraimí airgeadais chuige de bhua chur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó, nó le gur féidir leis an CPL idirlinne a ghnó a sheoladh.

(65)  I gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, tá an ceart chun próise cuí ag na páirtithe lena mbaineann agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil i gcoinne na mbeart a dhéanann difear dóibh. Dá bhrí sin, ba cheart na cinntí a dhéanfaidh na húdaráis réitigh a bheith faoi réir ceart achomhairc ar fhorais shubstainteacha más rud é go raibh an cinneadh treallach agus míréasúnach tráth a tógadh é, i bhfianaise na faisnéise a bhí ar fáil ag an am sin.

(66)  D’fhéadfadh sé go dteastódh measúnuithe eacnamaíocha agus mórchorrlach lánroghnach le haghaidh na gníomhaíochta réitigh a dhéanfadh na húdaráis réitigh náisiúnta. Tá ag na húdaráis réitigh náisiúnta, go sonrach, an saineolas is gá chun na measúnuithe sin a dhéanamh agus chun úsáid iomchuí an chorrlaigh lánroghnaigh a chinneadh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh na cúirteanna náisiúnta na measúnuithe eacnamaíocha arna ndéanamh ag na húdaráis réitigh náisiúnta sa chomhthéacs sin a úsáid mar bhonn agus iad ag breithniú na mbeart bainistithe géarchéime lena mbaineann.

(67)  Chun cásanna fíorphráinne a chumhdach, agus ós rud é go bhféadfadh sé go gcuirfí bac ar bhuaine na bhfeidhmeanna criticiúla dá gcuirfí aon chinneadh de chuid na n-údarás réitigh ar fionraí, is gá foráil a dhéanamh nach gcuirfear, de thoradh achomharc a bheith curtha isteach, éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne ar fionraí go huathfheidhmeach agus gur cheart cinneadh an údaráis réitigh a bheith in-fhorghníomhaithe láithreach.

(68)  Ina theannta sin, más gá chun tríú páirtithe a chosaint a bhfuil sócmhainní, conarthaí, cearta agus dliteanais an CPL faoi réiteach faighte acu de mheon macánta de bhua fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag na húdaráis agus chun cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú, níor cheart an ceart achomhairc difear a dhéanamh d’aon ghníomh riaracháin ná d'aon idirbheart arna dtabhairt i gcrích ar bhonn cinneadh a cuireadh ar neamhní. I gcásanna den sórt sin, ba cheart, dá bhrí sin, na leigheasanna ar chinneadh éagórach a bheith teoranta do chúiteamh a bhronnadh as an díobháil a d’fhulaing na daoine lena mbaineann.

(69)  Ós rud é go bhféadfadh sé gur ghá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh go práinneach de thoradh rioscaí tromchúiseacha don chobhsaíocht airgeadais sa Bhallstát agus san Aontas, aon nós imeachta faoin dlí náisiúnta i ndáil leis an iarratas ar fhaomhadh breithiúnach ex ante ar bheart bainistithe géarchéime agus breithniú na cúirte ar an iarratas sin, ba cheart é a dhéanamh go mear. Tá an méid sin gan dochar don cheart a d’fhéadfadh a bheith ag na páirtithe leasmhara maidir le hiarratas a dhéanamh leis an gcúirt an cinneadh a chur i leataobh ar feadh tréimhse theoranta tar éis don údarás réitigh an beart bainistithe géarchéime a dhéanamh.

(70)  Chun go ndéanfar réiteach éifeachtúil, agus chun coinbhleachtaí dlínse a sheachaint, is fearr gan aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir leis an CPL a bhfuil ag cliseadh air a oscailt ná leanúint d'aon ghnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir leis le linn don údarás réitigh a chumhachtaí réitigh a fheidhmiú nó na huirlisí réitigh a úsáid, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó ar thoiliú chuige dó. Is fónta agus is gá, oibleagáidí conarthacha áirithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse theoranta chun go mbeidh an t-am ag an údarás réitigh chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm. Níor cheart, áfach, feidhm a bheith aige sin maidir le hoibleagáidí an CPL a bhfuil ag cliseadh air i leith na gcóras arna n-ainmniú faoi Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23, lena n-áirítear oibleagáidí na gcontrapháirtithe lárnach eile agus na mbanc ceannais. Le Treoir 98/26/CE, laghdaítear an riosca a bhaineann le bheith rannpháirteach i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús, go háirithe tríd an suaitheadh a laghdú i gcás dócmhainneacht rannpháirtí i gcóras den chineál sin. Chun a áirithiú go mbeidh feidhm iomchuí ag na cosaintí sin i gcás géarchéime, agus deimhneacht iomchuí á coimeád d'oibreoirí córas íocaíochta agus urrús agus rannpháirtithe margaidh eile, níor cheart a mheas go bhfuil beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh ina n-imeachtaí dócmhainneachta de réir bhrí Threoir 98/26/CE, ar choinníoll go leanfar de na hoibleagáidí substainteacha faoin gconradh a chur i gcrích. Níor cheart an bonn a bhaint ó oibriú córais arna ainmniú faoi Threoir 98/26/CE ná ón gceart ar urrús comhthaobhach a ráthaítear sa Treoir sin.

(71)  Chun a áirithiú go mbeidh ag na húdaráis réitigh, agus sócmhainní agus dliteanais á n-aistriú acu chuig ceannaitheoir ón earnáil phríobháideach nó chuig CPL idirlinne, tréimhse iomchuí le haghaidh shainaithint na gconarthaí is gá a aistriú, d’fhéadfadh sé gurb iomchuí srianta comhréireacha a chur ar chearta na gcontrapháirtithe clabhsúr a chur ar chonarthaí airgeadais, nó iad a luathú nó a fhoirceannadh ar bhealach eile, sula ndéanfar an t-aistriú. Bheadh srianta den sórt sin riachtanach le go bhféadfadh na húdaráis léargas fírinneach a fháil ar chlár chomhardaithe an CPL a bhfuil ag cliseadh air, gan na hathruithe ar luach agus scóip a thiocfadh le feidhmiú fairsing na gceart chun foirceannta. Chun nach gcuirfear isteach ar chearta conarthacha na gcontrapháirtithe ach an t-íosmhéid is gá, níor cheart feidhm a bheith ag na srianta ar na cearta chun foirceannta ach maidir leis an mbeart coiscthe géarchéime nó maidir leis an ngníomhaíocht réitigh, lena n-áirítear aon teagmhas a tharlódh a bheadh bainteach go díreach le cur i bhfeidhm birt den sórt sin, agus ba cheart go leanfaí de na cearta chun foirceannta a eascraíonn ó aon mhainneachtain eile, lena n-áirítear mainneachtain íocaíocht a dhéanamh nó corrlach a sholáthar.

(72)  Chun socruithe margaidh caipitil dlisteanacha a chaomhnú i gcás ina n-aistreofar roinnt, seachas an t-iomlán, de na sócmhainní, na conarthaí, na cearta agus na dliteanais atá ag CPL a bhfuil ag cliseadh air, is iomchuí coimircí a chur san áireamh chun cosc a chur ar scaradh dliteanas, ceart agus conarthaí atá nasctha, de réir mar is iomchuí. An srian sin ar chleachtais áirithe maidir le conarthaí nasctha agus an chomhthaobhacht ghaolmhar, ba cheart go gcuimseofaí leis freisin conarthaí leis an gcontrapháirtí céanna a chumhdaítear le socruithe urrúis, socruithe comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil, socruithe fritháirimh, comhaontuithe glanluachála clabhsúir, agus socruithe airgeadais struchtúrtha. I gcás ina mbeidh feidhm ag an gcoimirce, ba cheart do na húdaráis réitigh iarracht a dhéanamh na conarthaí nasctha uile a bhaineann le socrú atá faoi chosaint a aistriú, nó iad uile a choinneáil sa CPL a bhfuil ag cliseadh air. Leis na coimircí sin, ba cheart a áirithiú go gcuirfear isteach a laghad is féidir ar an gcóireáil caipitil rialála ar neamhchosaintí arna gcumhdach le comhaontú glanluachála chun críocha Threoir 2013/36/AE.

(73)  Soláthraíonn CPLanna an Aontais Eorpaigh seirbhísí do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint atá lonnaithe i dtríú tíortha agus soláthraíonn CPLanna tríú tíortha seirbhísí do chomhaltaí imréitigh agus do chliaint atá lonnaithe san Aontas Eorpach. Le réiteach éifeachtach a dhéanamh ar CPLanna atá gníomhach go hidirnáisiúnta, is gá comhar idir údaráis na mBallstát agus údaráis tríú tír. Chun na críche sin, ba cheart do ÚEUM treoir a thabhairt maidir leis an inneachar ábhartha sna socruithe comhair atá le tabhairt i gcríoch le húdaráis tríú tíortha. Ba cheart a áirithiú leis na socruithe comhair sin go ndéanfar pleanáil éifeachtach, cinnteoireacht éifeachtach agus comhordú éifeachtach i ndáil le CPLanna atá gníomhach go hidirnáisiúnta. Ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta imeachtaí réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú i gcúinsí áirithe. Ba cheart comhar a dhéanamh freisin maidir le fochuideachtaí CPLanna de chuid an Aontais nó de chuid an tríú tír agus maidir lena gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint.

(74)  Chun comhchuibhiú comhsheasmhach agus cosaint iomchuí a áirithiú le haghaidh na rannpháirtithe margaidh ar fud an Aontais, ba cheart don Choimisiún dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚEUM a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh a shonrú, agus chun inneachar na bpleananna réitigh agus eilimintí atá ábhartha maidir le seoladh luachálacha a shonrú.

(75)  Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann aon oibleagáidí imréitigh arna mbunú de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chur ar fionraí, arna iarraidh sin d'údarás imréitigh CPL atá faoi réiteach nó d'údarás inniúil comhalta imréitigh de chuid CPL atá faoi réiteach, agus tar éis do ÚEUM tuairim neamhcheangailteach a thabhairt, i gcás aicmí sonracha de dhíorthacha thar an gcuntar arna n-imréiteach ag CPL atá faoi réiteach. An cinneadh maidir le fionraí, níor cheart é a ghlacadh ach amháin más gá é chun an chobhsaíocht airgeadais agus muinín an mhargaidh a chaomhnú, go háirithe chun éifeachtaí gabhála a sheachaint agus chun cosc a chur le neamhchosaintí móra agus éiginnte i leith CPL a bheith ag contrapháirtithe agus ag infheisteoirí. Chun an cinneadh a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún na cuspóirí réitigh a chur san áireamh mar aon leis na critéir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le haghaidh díorthacha thar an gcuntar a chur faoi réir na hoibleagáide imréitigh maidir leis na díorthacha thar an gcuntar sin a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith. Fionraí de chineál sealadach ba cheart a bheith ann, leis an deis é a athnuachan. Ar an dóigh chéanna, ba cheart ról choiste riosca an CPL, a leagtar amach in Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, a mhéadú chun an CPL a spreagadh a thuilleadh lena rioscaí a bhainistiú go stuama agus a stóinseacht a fheabhsú. Ba cheart comhaltaí an choiste riosca a bheith in ann an t-údarás inniúil a chur ar an eolas nuair nach leanfaidh an CPL comhairle an choiste riosca, ba cheart ionadaithe na gcomhaltaí imréitigh agus na gcliant ar an gcoiste riosca a bheith in ann an fhaisnéis arna soláthar a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a neamhchosaintí i leith an CPL, i gcomhréir leis na coimircí rúndachta. Ar deireadh, ba cheart rochtain a bheith ag údaráis réitigh na CPLanna ar an bhfaisnéis uile is gá atá i stórtha trádála. Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 2365/2015 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) a leasú dá réir sin.

(76)  Chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar údaráis réitigh na CPLanna sna fóraim ábhartha uile, chun a áirithiú go mbeidh ag ÚEUM an saineolas uile is gá chun na cúraimí a chur i gcrích a bhaineann le téarnamh agus réiteach CPLanna, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 a leasú chun údaráis réitigh náisiúnta na CPLanna a chuimsiú le coincheap na n-údarás inniúil a leagtar síos sa Rialachán sin.

(77)  Chun cinntí ÚEUM a ullmhú i ndáil leis na cúraimí a shanntar dó a bhaineann le dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt maidir le luachálacha ex ante agus ex post agus maidir leis na coláistí réitigh agus na pleananna réitigh, agus a bhaineann le treoirlínte a fhorbairt maidir leis na coinníollacha réitigh, agus maidir le hidirghabháil cheangailteach, agus chun a áirithiú go mbeidh ÚBE agus a chomhaltaí rannpháirteach go cuimsitheach in ullmhú na gcinntí sin, ba cheart do ÚEUM coiste réitigh inmheánach a chruthú a n-iarrfar ar na húdaráis inniúla ábhartha de chuid ÚBE a bheith rannpháirteach ann mar bhreathnóirí.

(78)  Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus comhlíontar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, agus go háirithe an ceart chun maoine, an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, agus an ceart chun cosanta.

(79)  Agus cinntí nó gníomhaíochtaí á ndéanamh faoin Rialachán seo, ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh aird chuí a thabhairt i gcónaí ar thionchar a gcinntí agus a ngníomhaíochtaí ar an gcobhsaíocht airgeadais sna dlínsí eile agus ar an gcás eacnamaíoch sna dlínsí eile agus ba cheart dóibh aird a thabhairt ar thábhacht aon chomhalta imréitigh i leith earnáil airgeadais agus gheilleagar na ndlínsí ina bhfuil an comhalta imréitigh sin bunaithe.

(80)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, mar atá comhchuibhiú na rialacha agus na bpróiseas maidir le CPLanna a réiteach, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr na n-éifeachtaí a leanfadh cliseadh aon CPL ar an Aontas ina iomláine, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(81)  Chun neamhréireachtaí a sheachaint idir na forálacha a bhaineann le téarnamh agus le réiteach CPLanna agus an creat dlíthiúil lena rialaítear téarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, is iomchuí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar go dtí an dáta óna mbeidh na bearta lena dtrasuífear [Oifig na bhFoilseachan: Cuir isteach tagairt don Treoir lena leasaítear Treoir 2014/59/AE] le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha (CPLanna) arna n-údarú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus rialacha maidir leis na socruithe le tríú tíortha sa réimse téarnaimh agus réitigh CPLanna.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘CPL’ contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(2)  ciallaíonn ‘coláiste réitigh’ an coláiste arna bhunú de bhun Airteagal 4;

(3)  ciallaíonn ‘údarás réitigh’ údarás arna ainmniú ▌i gcomhréir le hAirteagal 3;

(4)  ciallaíonn ‘uirlis réitigh’ uirlis réitigh dá dtagraítear in Airteagal 27(1);

(5)  ciallaíonn ‘cumhachtaí réitigh’ na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 48;

(6)  ciallaíonn ‘cuspóirí réitigh’ na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21;

(7)  ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás arna ainmniú ▌ i gcomhréir le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(7a)  ciallaíonn ‘teagmhas mainneachtana’ cás ina mainníonn comhalta imréitigh amháin nó níos mó a n-oibleagáidí airgeadais i leith an CPL a chomhlíonadh;

(7b)  ciallaíonn teagmhas ‘neamh-mhainneachtana’ cás ina dtabhaíonn CPL caillteanais ar chúis ar bith seachas mainneachtain ag comhalta imréitigh, amhail clistí gnó, coimeádta, dlíthiúla nó oibríochtúla nó caolais, lena n-áirítear clistí mar thoradh ar chibearionsaithe nó ar easnaimh leachtachta neamhchumhdaithe;

(8)  ciallaíonn ‘plean réitigh’ plean réitigh le haghaidh CPL arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 13;

(9)  ciallaíonn ‘gníomhaíocht réitigh’ uirlis réitigh a chur i bhfeidhm, nó cumhacht réitigh amháin nó níos mó a fheidhmiú a luaithe a chomhlíontar na coinníollacha maidir le réiteach a leagtar amach in Airteagal 22;

(10)  ciallaíonn ‘comhalta imréitigh’ comhalta imréitigh mar a shainmhínítear i bpointe (14) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(11)  ciallaíonn ‘máthairghnóthas’ máthairghnóthas mar a shainmhínítear i bpointe (15)(a) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(12)  ciallaíonn ‘CPL tríú tír’ CPL a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtír eile;

(13)  ciallaíonn ‘socrú fritháirimh’ socrú faoinar féidir dhá éileamh nó níos mó nó dhá oibleagáid nó níos mó atá dlite idir an CPL atá faoi réiteach agus contrapháirtí a fhritháireamh i gcoinne a chéile;

(14)  ciallaíonn ‘bonneagar margaidh airgeadais’ (BMA) contrapháirtí lárnach, taisclann lárnach urrús, stór trádála, córas íocaíochta nó córas eile arna shainmhíniú agus arna ainmniú ag Ballstát faoi Airteagal 2(a) de Threoir 98/26/CE;

(15)  ciallaíonn ‘cliant’ cliant mar a shainmhínítear i bpointe (15) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(15a)  ciallaíonn ‘OSII’ institiúidí eile a bhfuil tábhacht shistéamach leo amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/CE;

(16)  ciallaíonn ‘CPL idir-inoibritheacha’ CPL a bhfuil socrú idir-inoibritheachta déanta aige de bhun Theideal V de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(18)  ciallaíonn ‘plean téarnaimh’ plean téarnaimh arna tharraingt suas agus arna choinneáil ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 9;

(19)  ciallaíonn ‘bord’ an bord riaracháin nó maoirseachta, nó an dá rud, a cuireadh ar bun de bhun dhlí náisiúnta na gcuideachtaí i gcomhréir le hAirteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(20)  ciallaíonn ‘coláiste maoirseachta’ an coláiste dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ina bhfuil an Bord Réitigh Aonair (BRA) rannpháirteach;

(21)  ciallaíonn ‘caipiteal’ caipiteal mar a shainmhínítear i bpointe (25) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(22)  ciallaíonn ‘mainneachtain i bhfoirm cascáide’ mainneachtain i bhfoirm cascáide i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(23)  ciallaíonn ‘feidhmeanna criticiúla’ gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí a sholáthraítear do thríú páirtithe atá lasmuigh den CPL arb é ba dhócha a thiocfadh as dá scoirfí díobh go gcuirfí isteach ar sheirbhísí atá bunriachtanach don fhíorgheilleagar nó go gcuirfí isteach ar chobhsaíocht airgeadais i mBallstát amháin nó ní ba mhó de thoradh mhéid, sciar margaidh, nascacht inmheánach agus sheachtrach, chastacht nó ghníomhaíochtaí trasteorann an CPL nó an ghrúpa, ag féachaint go háirithe d'inionadaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na n-oibríochtaí sin;

(24)  ciallaíonn ‘grúpa’ grúpa mar a shainítear é i bpointe 16 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(25)  ciallaíonn ‘BMA nasctha’ CPL idir-inoibritheach nó BMA nó CPL eile a bhfuil socruithe conarthacha ag an CPL leis;

(26)  ciallaíonn ‘tacaíocht airgeadais phoiblí’ ▌státchabhair de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE, nó aon tacaíocht airgeadais phoiblí ar an leibhéal fornáisiúnta a bheadh ina Státchabhair dá mba ar an leibhéal náisiúnta a dheonfaí í, a sholáthrófar chun inmharthanacht, leachtacht nó sócmhainneacht a chaomhnú nó a athbhunú do CPL nó do ghrúpa ar cuid de an CPL sin;

(27)  ciallaíonn ‘conarthaí airgeadais’ conarthaí agus socruithe mar a leagtar amach i bpointe (100) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE;

(28)  ciallaíonn ‘gnáthimeachtaí dócmhainneachta’ comh-imeachtaí dócmhainneachta arb é atá i gceist leo féichiúnaí a dhífheistiú i bpáirt nó ina iomláine agus leachtaitheoir nó riarthóir a cheapadh agus arb imeachtaí iad is infheidhme de ghnáth maidir le CPLanna faoin dlí náisiúnta agus a bhaineann go sonrach leis na hinstitiúidí sin nó is infheidhme i gcoitinne maidir le haon duine nádúrtha nó dlítheanach;

(29)  ciallaíonn ‘ionstraimí úinéireachta’ scaireanna, ionstraimí eile a thugann úinéireacht, ionstraimí atá in-chomhshóite ina scaireanna nó a thugann an ceart scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile a fháil, agus ionstraimí a léiríonn leasanna i scaireanna nó in ionstraimí úinéireachta eile;

(30)  ciallaíonn ‘údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe’ an t-údarás a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a sheoladh dá dtagraítear i Moladh B1 de Mholtaí an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (BERS) an 22 Nollaig 2011 maidir le sainordú macrastuamachta na n-údarás náisiúnta (BERS/2011/3);

(31)  ciallaíonn ‘ciste mainneachtana’ ciste mainneachtana atá ag CPL i gcomhréir le hAirteagal 42 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(32)  ciallaíonn ‘acmhainní réamh-mhaoinithe’ acmhainní atá ag an duine dlítheanach ábhartha agus ar fáil gan srian dó;

(33)  ciallaíonn ‘lucht bainistíochta sinsearaí’ an duine nó na daoine a bhainistíonn dáiríre gnó an CPL, agus comhalta nó comhaltaí feidhmiúcháin an bhoird.

(34)  ciallaíonn ‘stór trádála’ stór trádála mar a shainmhínítear i bpointe (2) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Rialacháin (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10);

(35)  ciallaíonn ‘creat Státchabhrach an Aontais’ an creat a bhunaítear le hAirteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n-áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, arna ndéanamh nó arna nglacadh de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;

(36)  ciallaíonn ‘ionstraimí fiachais’ bannaí agus cineálacha eile fiachais inaistrithe neamhurraithe, ionstraimí lena gcruthaítear nó lena n-aithnítear fiachas, agus ionstraimí lena dtugtar cearta chun ionstraimí fiachais a fháil;

(37)  ciallaíonn ‘glao ar airgead tirim i gcomhair réitigh’ iarraidh ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid tirim a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar chumhachtaí reachtúla atá ar fáil don údarás réitigh i gcomhréir le hAirteagal 31 agus mar a leagtar síos i rialacha oibríochta an CPL;

(38)  ciallaíonn ‘glaonna ar airgead tirim i gcomhar téarnaimh’ iarrataí ar chomhaltaí imréitigh acmhainní airgid a sholáthar don CPL, de bhreis ar acmhainní réamh-mhaoinithe, bunaithe ar na socruithe conarthacha a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL;

(39)  ciallaíonn ‘cumhachtaí aistrithe’ na cumhachtaí a shonraítear i bpointe (c) nó i bpointe (d) d’Airteagal 48(1) chun scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, ionstraimí fiachais, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó aon mheascán de na hítimí sin, a aistriú ón CPL atá faoi réiteach chuig an bhfaighteoir;

(40)  ciallaíonn ‘díorthach’ díorthach mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(41)  ciallaíonn ‘socrú glanluachála’ socrú faoinar féidir roinnt éileamh nó oibleagáidí a thiontú ina nglanéileamh aonair, lena n-áirítear socruithe glanluachála clabhsúir faoina ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh forghníomhú (pé cineál nó áit a bheidh i gceist), oibleagáidí na bpáirtithe a luathú sa dóigh go mbeidh siad dlite láithreach bonn nó go bhfoirceannfar iad, agus i gceachtar den dá chás, go ndéanfar iad a thiontú ina nglanéileamh aonair nó go ndéanfar glanéileamh aonair a chur ina n-ionad, lena n-áirítear ‘forálacha maidir le glanluacháil clabhsúir’ mar a shainmhínítear i bpointe (n)(i) d'Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) agus ‘glanluacháil’ mar a shainmhínítear i bpointe (k) d’Airteagal 2 de Threoir 98/26/CE;

(42)  ciallaíonn ‘beart coiscthe géarchéime’ feidhmiú cumhachtaí chun ceangal a chur ar CPL bearta a dhéanamh chun easnaimh ar a bplean téarnaimh a leigheas faoi Airteagal 10(8) agus (9), feidhmiú cumhachtaí chun dul i ngleic nó deireadh a chur le baic ar inréititheacht faoi Airteagal 17, nó cur i bhfeidhm birt luath-idirghabhála faoi Airteagal 19;

(43)  ciallaíonn ‘ceart chun foirceannta’ an ceart chun conradh a fhoirceannadh, an ceart chun oibleagáidí a luathú, a fhritháireamh nó a ghlanluacháil nó chun clabhsúr a chur ar oibleagáidí, nó aon fhoráil chomhchosúil lena ndéantar oibleagáid páirtí i gconradh a chur ar fionraí, a mhodhnú nó a chur ar ceal, nó aon fhoráil lena gcuirtear cosc le teacht chun cinn oibleagáide faoin gconradh a thiocfadh chun cinn murach an fhoráil sin;

(44)  ciallaíonn ‘socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil’ socrú comhthaobhachta airgeadais aistrithe teidil mar a shainmhínítear i bpointe (b) d’Airteagal 2(1) de Threoir 2002/47/CE.

(45)  ciallaíonn ‘banna faoi chumhdach’ ionstraim dá dtagraítear in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12);

(46)  ciallaíonn ‘imeachtaí réitigh tríú tír’ gníomhaíocht faoi dhlí tríú tír chun bainistiú a dhéanamh ar chliseadh CPL tríú tír atá inchurtha, ó thaobh na gcuspóirí agus na dtorthaí tuartha de, le gníomhaíochtaí réitigh faoin Rialachán seo;

(47)  ciallaíonn ‘údaráis náisiúnta ábhartha’ na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó na haireachtaí inniúla arna n-ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán seo nó de bhun Airteagal 3 de Threoir 2014/59/AE nó údaráis eile sna Ballstáit a bhfuil cumhachtaí acu i ndáil le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPLanna tríú tír agus a sholáthraíonn seirbhísí imréitigh ina ndlínse féin;

(48)  ciallaíonn ‘údarás ábhartha tríú tír’ údarás tríú tír atá freagrach as feidhmeanna a dhéanamh atá inchurtha leis na feidhmeanna sin atá ag údaráis réitigh nó ag údaráis inniúla de bhun an Rialacháin seo.

TEIDEAL II

ÚDARAIS, COLÁISTE RÉITIGH AGUS NÓSANNA IMEACHTA

Roinn 1

Údaráis réitigh, coláistí réitigh agus rannpháirtíocht Údarás Maoirseachta Eorpach

Airteagal 3

Údaráis réitigh agus aireachtaí inniúla a ainmniú

1.  Déanfaidh Ballstáit ina bhfuil CBL bunaithe údarás réitigh amháin a ainmniú a mbeidh sé de chumhacht aige na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a leagtar amach sa Rialachán seo a fheidhmiú agus féadfaidh Ballstáit nach bhfuil CBL bunaithe iontu déanamh amhlaidh.

Is iad na bainc cheannais náisiúnta, na haireachtaí inniúla, na húdaráis riaracháin phoiblí nó údaráis eile a bhfuil cumhachtaí riaracháin phoiblí tugtha dóibh a bheidh sna húdaráis réitigh.

2.  Beidh ag na húdaráis réitigh an saineolas, na hacmhainní agus an cumas oibríochtúil is gá chun bearta réitigh a chur i bhfeidhm agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú leis an luas agus leis an tsolúbthacht is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

3.  I gcás ina gcuirfear feidhmeanna eile de chúram ar údarás réitigh arna ainmniú de bhun mhír 1, áireofar an neamhspleáchas éifeachtach oibríochta, lena n-áirítear maidir le baill foirne ar leithligh, línte tuairiscithe agus próiseas cinnteoireachta an údaráis réitigh sin, go háirithe ón údarás inniúil arna ainmniú faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) den Rialachán sin, agus déanfar na socruithe uile is gá a chur i bhfeidhm agus a léiriú chun sástacht ÚEUM chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint idir na feidhmeanna arna gcur de chúram ar an údarás réitigh de bhun an Rialacháin seo agus na feidhmeanna eile uile arna gcur de chúram ar an údarás céanna.

Ní bheidh na ceanglais a léirítear sa chéad mhír ina mbac ar na línte tuairiscithe a chóineasú ar an leibhéal is airde in eagraíocht a chuimsíonn údaráis éagsúla, ná ar an deis a bheith ag ball foirne, faoi choinníollacha réamhshainithe, a thabhairt ar iasacht ó údarás amháin go húdarás eile chun ualach oibre atá ard ar feadh tréimhse shealadach a chomhlíonadh.

4.  ▌Glacfaidh an t-údarás réitigh, agus poibleoidh sé, na rialacha inmheánacha lena n-áiritheofar an scaradh struchtúrach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, lena n-áirítear rialacha maidir leis an rúndacht ghairmiúil agus malartú faisnéise idir na réimsí feidhme éagsúla.

5.  Ainmneoidh gach Ballstát aon aireacht amháin a bheidh freagrach as feidhmiú na bhfeidhmeanna arna gcur de chúram ar an aireacht inniúil de bhun an Rialacháin seo.

6.  ▌Déanfaidh an t-údarás réitigh an aireacht inniúil a chur ar an eolas go tráthúil faoi na cinntí a dhéanfar de bhun an Rialacháin seo.

7.  I gcás ina mbeidh tionchar fioscach díreach ▌ag na cinntí dá dtagraítear i mír 6, gheobhaidh an t-údarás réitigh an faomhadh is gá amhail dá bhforálfar sa dlí ▌.

8.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) faoi na húdaráis réitigh arna n-ainmniú de bhun mhír 1.

9.  ▌

10.  Foilseoidh ÚEUM liosta de na húdaráis réitigh agus de na húdaráis teagmhála a dtabharfar fógra fúthu de bhun mhír 8.

Airteagal 4

Coláistí réitigh

1.  Déanfaidh údarás réitigh an CPL coláiste réitigh a bhunú agus a bhainistiú, agus déanfaidh sé cathaoirleacht air, a dhéanfaidh na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 13, 16 agus 17, agus a áiritheoidh comhar agus comhordú le húdaráis réitigh tríú tír.

Soláthróidh na coláistí réitigh creat faoina ndéanfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha eile na cúraimí seo a leanas:

(a)  faisnéis a mhalartú is ábhartha maidir le forbairt pleananna réitigh, chun measúnú a dhéanamh ar idirnascthacht an CPL agus ar idirnascthacht a rannpháirtithe, chomh maith le bainc cheannais eile ar díol spéise iad, maidir le cur i bhfeidhm beart ullmhúcháin agus coisctheach, agus maidir le réiteach;

(b)  measúnú a dhéanamh ar phleananna réitigh de bhun Airteagal 13;

(c)  measúnú a dhéanamh ar inréititheacht CPLanna de bhun Airteagal 16;

(d)  baic ar inréititheacht CPLanna a shainaithint, dul i ngleic leo agus deireadh a chur leo, de bhun Airteagal 17;

(e)  comhordú a dhéanamh ar an gcumarsáid phoiblí maidir le straitéisí agus scéimeanna réitigh;

(ea)  pleananna téarnaimh agus réitigh comhaltaí imréitigh a mhalartú agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann agus ar an idirnascthacht a d’fhéadfadh a bheith ann leis an CPL;

2.  Is iad seo a leanas a bheidh ina gcomhaltaí den choláiste réitigh:

(a)  údarás réitigh an CPL;

(b)  údarás inniúil an CPL;

(c)  údaráis inniúla agus údaráis réitigh na gcomhaltaí imréitigh dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)  na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(e)  údaráis inniúla agus údaráis réitigh na CPLanna dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(f)  na húdaráis inniúla dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(g)  comhaltaí CEBC dá dtagraítear i bpointe g) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(h)  na bainc cheannais eisiúna dá dtagraítear i bpointe (h) d’Airteagal 18(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(i)  údaráis inniúla an mháthairghnóthais, i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 11(1);

(ia)  na húdaráis inniúla a leagtar de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar O-SIInna dá dtagraítear in Airteagal 3 de Threoir 2013/36/CE;

(j)  an aireacht inniúil, i gcás nach é an t-údarás réitigh dá dtagraítear i bpointe (a) an aireacht inniúil;

(k)  ÚEUM;

(l)  an tÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

3.  Ní bheidh cearta vótála ag ÚEUM ag ÚBE ná ag na húdaráis inniúla a leagtar de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar O-SIInna sna coláistí réitigh.

4.  Údaráis inniúla agus údaráis réitigh comhaltaí imréitigh atá bunaithe i dtríú tíortha agus údaráis inniúla agus údaráis réitigh CPLanna tríú tír a bhfuil socruithe idir-inoibritheachta curtha ar bun ag an CPL leo, féadfar iarraidh orthu a bheith rannpháirteach sa choláiste réitigh mar bhreathnóirí. Féadfaidh siad freastal ar an gcoláiste ar choinníoll go mbeidh ceanglais rúndachta orthu a bheidh coibhéiseach, i dtuairim chathaoirleach an choláiste réitigh, leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 71.

D’fheadfadh rannpháirtíocht údarás tríú tír sa choláiste réitigh a bheith teoranta do shaincheisteanna ar leith maidir le forghníomhú trasteorann a phlé, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:

(a)  forghníomhú éifeachtach agus comhordaithe ar ghníomhaíochtaí réitigh, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 53 agus le hAirteagal 75;

(b)  sainaithint agus díothú na mbac a d’fhéadfadh cosc a chur le gníomhaíocht éifeachtach réitigh, ar baic iad a d’fhéadfadh eascairt ó éagsúlacht sna dlíthe lena rialaítear comhthaobhacht, socruithe glanluachála agus fritháirimh, agus ó chumhachtaí nó straitéisí difriúla maidir le téarnamh agus réiteach;

(c)  sainaithint agus comhordú aon ghá le ceanglais nua maidir le ceadúnú, aitheantas nó údarú, ag cur san áireamh gur gá gníomhaíochtaí réitigh a chur i gcrích go pras;

(d)  fionraí féideartha aon oibleagáide imréitigh i gcás na n-aicmí sócmhainní a ndéanfar difear dóibh de thoradh réiteach an CPL de bhun Airteagal 6a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó de bhun aon fhoráil choibhéiseach i ndlí náisiúnta an tríú tír lena mbaineann;

(e)  an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag amchriosanna éagsúla ar na huaireanta scoir gnó is infheidhme maidir le trádáil a chríochnú.

5.  Beidh cathaoirleach an choláiste réitigh freagrach as na cúraimí seo a leanas:

(a)  socruithe agus nósanna imeachta a bhunú i scríbhinn maidir le feidhmiú an choláiste réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle le comhaltaí eile an choláiste réitigh;

(b)  gníomhaíochtaí uile an choláiste réitigh a chomhordú;

(c)  cruinnithe uile an choláiste réitigh a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu;

(d)  comhaltaí uile an choláiste réitigh a choinneáil go hiomlán ar an eolas sula n-eagrófar na cruinnithe, maidir leis na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé sna cruinnithe sin agus maidir leis na nithe a mheasfar chun críocha an phlé sin;

(e)  cinneadh a dhéanamh an iarrfar ar údaráis tríú tír, agus cé na húdaráis tríú tír a n-iarrfar orthu, freastal ar chruinnithe áirithe den choláiste réitigh i gcomhréir le mír 4,

(f)  comhordú a dhéanamh ar mhalartú tráthúil na faisnéise ábhartha uile idir comhaltaí an choláiste réitigh;

(g)  comhaltaí uile an choláiste a choinneáil ar an eolas, ar mhodh tráthúil, faoi chinntí agus faoi thorthaí na gcruinnithe sin;

(ga)  a chinntiú go ndéanfaidh comhaltaí an choláiste an fhaisnéis iomchuí go léir a mhalartú go tráthúil chun a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a fheidhmiú.

6.  Chun feidhmiú comhsheasmhach agus comhleanúnach na gcoláistí réitigh ar fud an Aontais a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar inneachar na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh dá dtagraítear i mír 1.

Chun na caighdeáin rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ullmhú, cuirfidh ÚEUM san áireamh na forálacha ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 876/2013 ón gCoimisiún(13), i Roinn 1 de Chaibidil 6 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. –/2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE maidir le caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ar bhonn Airteagal 88(7) de Threoir 2014/59/AE(14).

Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta mar atá 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 5

Coiste Réitigh ÚEUM

1.  Cruthóidh ÚEUM coiste réitigh de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun na cinntí a ullmhú a chuirtear de cúram ar ÚEUM faoin Rialachán seo, cé is moite de na cinntí a bheidh le glacadh de bhun Airteagal 12 den Rialachán seo.

Déanfaidh an coiste réitigh forbairt agus comhordú pleananna réitigh a chur chun cinn freisin, mar aon le straitéisí deartha le haghaidh CPLanna a bhfuil ag cliseadh orthu a réiteach.

2.  Beidh an coiste réitigh comhdhéanta de na húdaráis arna n-ainmniú de bhun Airteagal 3(1) den Rialachán seo.

Iarrfar ar na húdaráis dá dtagraítear i bpointe (i) agus i bpointe (iv) d’Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus ar na húdaráis inniúla a leagtar de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar O-SIInna a bheith rannpháirteach sa choiste réitigh mar bhreathnóirí.

2a.  Déanfaidh ÚEUM measúnú ar shocruithe téarnaimh agus réitigh CLP ar fud an Aontais, ó thaobh a n-éifeachtaí comhiomlána ar chobhsaíocht airgeadais an Aontais, trí thástáil rialta struis agus cleachtaí rialta ionsamhlúcháin géarchéime i ndáil le teagmhais struis a d’fhéadfadh tarlú ar fud an chórais. Agus an ról sin á fheidhmiú aige, áiritheoidh ÚEUM comhsheasmhacht le measúnuithe ar athléimneacht na CLPanna aonair a dhéanfar de bhun Chaibidil XII de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún maidir le minicíocht agus dearadh na dtástálacha agus comhoibreoidh siad go dlúth leis na coláistí maoirseachta arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, le BERS agus le húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Airteagal 4 de Threoir 2013/36/AE, lena n-áirítear BCE, agus a chuid cúraimí á comhlíonadh aige laistigh de shásra maoirseachta aonair faoi Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus aon údarás náisiúnta inniúil a leagtar de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar CPLanna. I réimsí ina measfar, mar thoradh ar na tástálacha struis cuimsitheacha sin, go bhfuil na socruithe sin neamhdhóthanach, beidh ar an institiúid nó na hinstitiúidí atá freagrach aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh agus a shocruithe nó a socruithe a thíolacadh arís chun go gcuirfí faoi shraith eile tástálacha struis iad laistigh de 6 mhí ó na tástálacha struis roimhe sin.

3.  Chun críocha an Rialacháin seo, comhoibreoidh ÚEUM leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) agus le ÚBE faoi chuimsiú Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach arna bhunú in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4.  Chun críocha an Rialacháin seo, áiritheoidh ÚEUM go bhfuil scaradh struchtúrach idir an coiste réitigh agus na feidhmeanna eile dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 6

Comhar idir na húdaráis

1.  Oibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh agus ÚEUM le chéile i ndlúthchomhar agus cinntí réitigh á n-ullmhú, á bpleanáil agus, a mhéid is féidir, agus iad á gcur i bhfeidhm. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh agus do na húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear ÚEUM, na húdaráis réitigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE agus údaráis inniúla agus údaráis BMAnna nasctha, comhoibriú go héifeachtach agus cumarsáid éifeachtacha dhéanamh maidir le téarnamh chun go mbeidh an t-údarás réitigh in ann gníomhú go tráthúil.

2.  Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh le ÚEUM chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Soláthróidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh gan mhoill do ÚEUM an fhaisnéis uile is gá chun a chuid dualgas a chur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Roinn II

Cinnteoireacht agus nósanna imeachta

Airteagal 7

Bunphrionsabail maidir leis an gcinnteoireacht

Cuirfidh na húdaráis inniúla, na húdaráis réitigh agus ÚEUM na prionsabail agus gnéithe uile a leanas san áireamh nuair a bheidh cinntí agus gníomhaíochta á ndéanamh acu de bhun an Rialacháin seo:

(a)  go n-áiritheofar éifeachtacht agus comhréireacht aon chinnidh nó aon ghníomhaíochta i ndáil le CPL ar leith, agus na himthosca seo a leanas ar a laghad á gcur san áireamh:

(i)  úinéireacht agus struchtúr dhlíthiúil agus eagrúcháin an CPL, lena n-áirítear an cuid é de ghrúpa mór de BMAnna nó d’institiúidí eile airgeadais;

(ii)  cineál, méid agus castacht ghnó an CPL;

(iii)  cineál agus éagsúlacht struchtúir imréitigh an CPL lena n-áirítear comhaltaí imréitigh, a gcliaint agus contrapháirtithe eile a ndéanann na comhaltaí imréitigh agus cliaint sin seirbhísí imréitigh a sholáthar dóibh faoin CPL sin, i gcás inar féidir iad sin a aithint go héasca agus gan moill mhíchuí;

▌(v) idirnascthacht an CPL le bonneagair eile de chuid an mhargaidh airgeadais, le hinstitiúidí airgeadais eile agus leis an gcóras airgeadais i gcoitinne;

(va)  an nglanfaidh an CPL aon chonradh díorthacha TAC a bhaineann le haicme díorthach TAC a dearbhaíodh a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(vb)  infhaighteacht CPLanna eile a d'fhéadfadh a bheith ar bhealach inchreidte agus dealraitheach, mar ionadaí malartach ar fheidhmeanna criticiúla an CPL;

(vi)  iarmhairtí iarbhír nó féideartha na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 19(1) agus in Airteagal 22(2).

(b)  go bhféachfar don riachtanas an chinnteoireacht a bheith éifeachtach agus na costais a bheith chomh híseal agus is féidir, agus míshocracht sa mhargadh á cosc, nuair a bheidh luath-idirghabháil nó gníomhaíocht réitigh á ndéanamh, chun úsáid cistí poiblí a sheachaint;

(c)  go ndéanfar cinntí agus gníomhaíocht go tráthúil agus faoi phráinn chuí nuair is gá sin;

(d)  go gcomhoibreoidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla agus údaráis eile le chéile chun a áirithiú go ndéanfar cinntí agus gníomhaíocht ar dhóigh chomhordaithe éifeachtúil;

(e)  go saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí na n-údarás ábhartha laistigh de gach Ballstát;

(f)  go dtabharfar aird chuí ar leas na mBallstát mar a soláthróidh an CPL seirbhísí agus mar a mbeidh a chomhaltaí imréitigh, cliaint na gcomhaltaí sin, nó aon CPLanna nasctha, bunaithe agus go háirithe go dtabharfar aird chuí ar thionchar aon chinnidh nó aon ghníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta ar chobhsaíocht airgeadais nó ar acmhainní fioscacha na mBallstát sin agus an Aontais ina iomláine;

(g)  go dtabharfar aird chuí ar na cuspóirí freastal ar leas na gcomhaltaí imréitigh éagsúla, a gcliant, na gcreidiúnaithe i gcoitinne agus gheallsealbhóirí an CPL sna Ballstáit lena mbaineann agus gan dochar éagórach a dhéanamh do leas gníomhaithe ar leith i mBallstáit áirithe ná cosaint éagórach a thabhairt dóibh, lena n-áirítear leithdháileadh éagórach ualaigh i measc na mBallstát a sheachaint;

(ga)  go ndéanfar an tacaíocht airgeadais phoiblí sin a sheachaint a mhéid is féidir agus nach n-úsáidfear í ach mar rogha dheiridh agus de réir coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 45, agus nach bhfuil ionchas ann go gcruthófar tacaíocht airgeadais phoiblí;

(h)  gurb é a thuigfear, ar a laghad, as aon oibleagáid faoin Rialachán seo dul i gcomhairle le húdarás sula ndéanfar aon chinneadh nó aon ghníomhaíocht, an oibleagáid dul i gcomhairle leis maidir leis na heilimintí sin den chinneadh beartaithe nó den ghníomhaíocht bheartaithe a raibh nó ar dócha go mbeidh acu:

(i)  éifeacht ar na comhaltaí imréitigh, na cliaint nó BMAnna nasctha;

(ii)  tionchar ar chobhsaíocht airgeadais na mBallstát ina bhfuil na comhaltaí imréitigh, na cliaint nó na BMAnna nasctha, bunaithe nó suite;

(i)  go gcloífear leis na pleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 13, ach amháin más gá diall ó na pleananna sin chun gur fearr a bhainfear amach na cuspóirí réitigh;

(j)  go n-áiritheofar an trédhearcacht i leith na n-údarás ábhartha in aon chás inar féidir, go háirithe i gcás inar dócha go mbeidh impleachtaí do chobhsaíocht airgeadais nó d’acmhainní fioscacha, agus i leith aon dlínse eile, nó aon pháirtithe eile i gcás inar féidir le réasún.

(k)  go gcomhordóidh siad agus go gcomhoibreoidh siad a dhlúithe is féidir, leis an aidhm freisin costas foriomlán an réitigh a laghdú;

(l)  go maolófar éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta aon chinnidh sna Ballstáit uile agus sna tríú tíortha uile ina soláthraíonn an CPL seirbhísí, lena n-áirítear tionchair dhiúltacha ar an gcobhsaíocht airgeadais.

Airteagal 8

Malartú faisnéise

1.  Déanfaidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla agus ÚEUM, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin, an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le feidhmiú a gcúraim faoin Rialachán seo a chur ar fáil dá chéile go tráthúil.

2.  Ní nochtfaidh na húdaráis réitigh faisnéis rúnda arna soláthar ag údarás tríú tír ach amháin i gcás ina dtoileoidh an t-údarás sin leis roimh ré.

Cuirfidh na húdaráis réitigh ar fáil do na haireachtaí inniúla an fhaisnéis uile i ndáil le cinntí nó bearta nach mór fógra a thabhairt don aireacht sin fúthu, dul i gcomhairle leis an aireacht sin fúthu nó toiliú na haireachta sin a fháil ina leith.

TEIDEAL III

ULLMHÚCHÁN

CAIBIDIL I

Pleanáil téarnaimh agus réitigh

Roinn 1

Pleanáil téarnaimh

Airteagal 9

Pleananna téarnaimh

1.  Déanfaidh na CPLanna plean téarnaimh cuimsitheach agus éifeachtach a tharraingt suas agus a chothabháil ina leagfar síos na bearta a bheidh le déanamh i gcás teagmhais mhainneachtana, teagmhais neamh-mhainneachtana agus i gcás teagmhais den dá chineál sin, chun a staid airgeadais a athshlánú gan aon tacaíocht airgeadais phoiblí a bheith ann, chun a chur ar a gcumas leanúint de sheirbhísí imréitigh a sholáthar i ndiaidh do mheathlú suntasach teacht ar a gcás airgeadais nó más ann do bhaol go sáróidh siad na ceanglais stuamachta atá orthu faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

1a.  Déanfar idirdhealú go soiléir sa phlean téarnaimh, go háirithe nuair is praiticiúil sin, trí bhíthin ailt ar leithligh, idir cásanna bunaithe ar an méid seo a leanas:

(a)  teagmhais mhainneachtana;

(b)  teagmhais neamh-mhainneachtana;

Áireofar sa phlean téarnaimh socruithe maidir leis an gcaoi a ndéanfar na forálacha atá tuartha i dtaobh cásanna faoi phointí (a) agus (b) a chur le chéile sa chás go dtarlóidh an dá chás ag an am céanna.

2.  Beidh ar áireamh sa phlean téarnaimh creat táscairí, bunaithe ar phróifíl riosca an CPL, lena sainaithneofar na cúinsí ina ndéanfar na bearta a leagfar síos sa phlean, agus cásanna éagsúla á gcur san áireamh. Féadfaidh táscairí de chineál cáilíochtúil nó cainníochtúil a bheith iontu maidir le staid airgeadais an CPL.

Cuirfidh na CPLanna socruithe iomchuí i bhfeidhm, lena n-áirítear dlúthchomhar idir na húdaráis ábhartha, chun faireachán rialta a dhéanamh ar na táscairí sin. Tabharfaidh na CPLanna tuarascáil do ÚEUM agus d’údaráis inniúla ar thoradh an fhaireacháin sin.

2a.  Déanfaidh ÚEUM, i gcomhar le BERS, faoin ... [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun íosliosta de tháscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo a shainiú.

3.  Áireoidh CPLanna ina rialacha oibriúcháin forálacha lena léireofar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint acu más rud é, chun spriocanna an phróisis aisghabhála a bhaint amach, go bhfuil beartaithe acu na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(a)  bearta a dhéanamh dá bhforáiltear ina bpleananna téarnaimh, cé go bhfuil na táscairí ábhartha comhlíonta; nó

(b)  gan bearta a dhéanamh dá bhforáiltear ina bplean téarnaimh, cé go bhfuil na táscairí ábhartha comhlíonta.

3a.  Maidir le haon bheart atá le déanamh de bhun mhír 3, is gá formheas ina leith a fháil ón údarás inniúil.

4.  ▌ I gcás ina mbeidh sé beartaithe ag CPL a phlean téarnaimh a chur i ngníomh, cuirfidh sé an t-údarás inniúil agus ÚEUM ar an eolas faoi chineál agus faoi mhéid na bhfadhbanna a bheidh sainaitheanta aige, ag leagan amach na gcúinsí ábhartha uile agus ag sonrú na mbeart téarnaimh nó na mbeart eile a bheidh beartaithe aige chun dul i ngleic leis an staid.

I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhféadfaidh beart téarnaimh a bheidh beartaithe ag an CPL díobháil shuntasach a dhéanamh don chóras airgeadais, nach dócha go mbeidh sé éifeachtach nó go bhféadfaidh éifeacht dhíréireach a bheith aige ar chliaint na gcomhaltaí imréitigh, féadfaidh sé, tar éis dó ÚEUM a chur ar an eolas faoin méid sin, ceangal a chur ar an CPL gan an beart sin a dhéanamh.

5.  Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas go pras faoi aon fhógra arna fháil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 4 agus faoi aon treoir a thabharfaidh an t-údarás inniúil ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 4.

I gcás ina ndéanfar údarás inniúil a chur ar an eolas i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh sé aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas a shrianadh nó a thoirmeasc a oiread is féidir gan glanmhainneachtain a ghníomhachtú, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannaigh ag an CPL agus féadfaidh sé aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach de bhun Threoir 2013/36/AE agus Threoirlínte ÚBE/GL/2015/22 de shochair phinsin lánroghnacha nó de phacáistí téarfa do bhainistíocht a shrianadh, a thoirmeasc nó a chalcadh.

6.  Déanfaidh na CPLanna, i gcás inar gá, a bpleananna téarnaimh a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil ar a laghad agus i ndiaidh aon athrú ar a struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil nó ar a staid ghnó nó airgeadais a d’fhéadfadh difear ábhartha a dhéanamh do na pleananna sin nó a d'éileodh ar bhealach eile go n-athrófaí na pleananna. Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar na CPLanna a bpleananna téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta níos minice.

7.  Le pleananna téarnaimh:

(a)  ní thoimhdeofar aon rochtain ar thacaíocht airgeadais phoiblí, ar chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais ná ar chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais arna sholáthar faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, aibíocht agus ús, ná ní thoimhdeofar go bhfaighfear í;

(b)  breithniú a dhéanamh ar leasanna na ngeallsealbhóirí uile ar dócha go ndéanfaidh an plean sin difear dóibh, go sonrach i ndáil le comhaltaí imréitigh agus a gcliaint, idir dhíreach agus indíreach; agus

(c)  a áirithiú nach mbeidh neamhchosaintí gan teorainn ag na gcomhaltaí imréitigh i leith an CPL.

7a.  Le huirlisí téarnaimh beifear in ann:

(a)  aghaidh a thabhairt ar chaillteanais ó theagmhais neamh-mhainneachtana;

(b)  aghaidh a thabhairt ar chaillteanais ó theagmhais mhainneachtana;

(c)  leabhar comhoiriúnaithe a athbhunú tar éis teagmhas mainneachtana;

(d)  aghaidh a thabhairt ar easnaimh leachtachta neamhchumhdaithe; agus

(e)  acmhainní airgeadais an CPL, lena n-áirítear a chistí dílse, a athshlánú, suas le leibhéal is leordhóthanach chun go gcomhlíonfaidh an CPL a oibleagáidí faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus chun tacú le feidhmiú leanúnach agus tráthúil fheidhmeanna criticiúla an CPL.

7b.  Sna pleananna téarnaimh, ba cheart breathnú a dhéanamh ar réimse géarchásanna, lena n-áirítear mainneachtain comhaltaí imréitigh seachas an dá chomhalta imréitigh is mó agus na CPLanna eile, ar géarchásanna iad is ábhartha do choinníollacha sonracha an CPL, lena n-áirítear a mheascadh táirigí, a shamhail ghnó agus a chreat leachtachta agus rialachais riosca. Áireofar ar an réimse cásanna sin idir theagmhais struis ar fud an chórais agus teagmhais struis a bhaineann go sonrach leis an CPL, agus aird á tabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tógálacht baile agus trasteorann maidir le géarchéimeanna, chomh maith le géarchéimeanna comhuaineacha i roinnt margaí suntasacha.

7c.  Déanfaidh ÚEUM, i gcomhar le BERS, faoi ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ina sonrófar tuilleadh an réimse cásanna a bheidh le breathnú chun críocha mhír 1. Agus na treoirlínte sin á n-eisiúint aige, beidh aird á tabhairt ag ÚEUM, i gcás inarb iomchuí, ar an obair ábhartha idirnáisiúnta a dhéantar i réimse na tástála struis maoirseachta CPL agus an téarnaimh CPL. Féachfaidh sé le leas a bhaint, i gcás inar féidir, as sineirgí idir tástáil struis maoirseachta agus samhaltú maidir le cásanna téarnaimh.

7d.  I gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL agus inar cuid den phlean téarnaimh iad socruithe conarthacha maidir le tacaíocht tuismitheoireachta, lena n-áirítear maoiniú ceanglas caipitil an CPL arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 trí ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag a mháthairghnóthais, déanfar breathnú sa phlean téarnaimh ar chásanna nach féidir na socruithe sin a urramú.

7e.  Áireofar na hítimí seo a leanas sa phlean téarnaimh:

(a)  achoimre ar phríomheilimintí an phlean agus achoimre ar an gcumas téarnaimh foriomlán;

(b)  achoimre ar na hathruithe ábhartha a rinneadh ar an CPL ó comhdaíodh an plean téarnaimh is déanaí;

(c)  plean cumarsáide agus nochta ina leagfar amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe ag an CPL aon fhreagairtí diúltacha ón margadh a láimhseáil, agus é ag gníomhú ar bhealach chomh trédhearcach agus is féidir;

(d)  raon cuimsitheach de ghníomhaíochtaí caipitil, de ghníomhaíochtaí leithdháilte caillteanais agus de ghníomhaíochtaí leachtachta atá riachtanach chun inmharthanacht agus staid airgeadais an CPL a chothabháil nó a athshlánú, lena n-áirítear chun a leabhar comhoiriúnaithe agus a chaipiteal a athshlánú, agus chun acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú atá riachtanach don CPL ionas go leanfaidh sé de bheith ina ghnóthas leantach inmharthana agus de bheith ag cur a sheirbhísí criticiúla ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 152/2013 ón gCoimisiún agus le hAirteagal 32(2) agus le hAirteagal 32(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 153/2013 ón gCoimisiún;

(e)  coinníollacha agus nósanna imeachta iomchuí lena n-áiritheofar cur chun feidhme tráthúil na mbeart téarnaimh mar aon le raon leathan de roghanna ón bplean réitigh, lena n-áireofar meastachán ar an tréimhse ama is gá chun gach gné ábhartha den phlean a chur i gcrích;

(f)  tuairisc mhionsonraithe ar aon bhac ábhartha ar chur i gcrích éifeachtach thráthúil an phlean agus cuirfear san áireamh sa tuairisc sin freisin an tionchar a bheidh aige sin ar na comhaltaí imréitigh agus na cliaint, lena n-áireofar cásanna inar dócha go ndéanfaidh comhaltaí imréitigh bearta i gcomhréir lena bpleananna téarnaimh dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 7 de Threoir 2014/59/AE agus, i gcás inarb iomchuí, an tionchar a bheidh aige sin ar an gcuid eile den ghrúpa;

(g)  sainaithint na bhfeidhmeanna criticiúla;

(h)  tuairisc mhionsonraithe ar na próisis chun luach agus indíoltacht chroílínte gnó, oibríochtaí agus shócmhainní an CPL a chinneadh;

(i)  tuairisc mhionsonraithe ar an gcaoi a ndéanfar an phleanáil réitigh a chomhtháthú le struchtúr rialachais chorparáidigh an CPL, faoin gcaoi ar cuid de rialacha oibríochta an CPL í, rialacha ar chomhaontaigh na comhaltaí imréitigh orthu, mar aon le beartais agus nósanna imeachta lena rialófar faomhadh an phlean réitigh agus sainaithint na ndaoine sin san eagraíocht a bhfuil sé de chúram orthu an plean a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(j)  socruithe agus bearta lena dtabharfar dreasachtaí do chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana tairiscintí iomaíocha a dhéanamh ar cheantanna ar shuíomhanna comhalta a mhainnigh;

(k)  socruithe agus bearta lena n-áiritheofar rochtain leordhóthanach a bheith ag an CPL ar fhoinsí cistiúcháin theagmhasaigh, lena n-áireofar foinsí féideartha leachtachta, measúnú ar a bhfuil ar fáil de chomhthaobhacht agus measúnú ar an bhféidearthacht acmhainní nó leachtacht a aistriú ó líne ghnó go chéile, chun a áirithiú gur féidir leis leanúint dá oibríochtaí a chur i gcrích agus de na hoibleagáidí atá air a íoc nuair a bheidh siad dlite;

(l)  socruithe agus bearta faoi choinne na nithe seo a leanas:

(i)  riosca a laghdú;

(ii)  conarthaí, cearta, sócmhainní agus dliteanais a athstruchtúrú, lena n-áirítear:

(a)  conarthaí a fhoirceannadh go páirteach nó go hiomlán

(b)  laghdú a dhéanamh ar luach aon ghnóthachan a bheidh le híoc ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus lana gcliaint

(iii)  línte gnó a athstruchtúrú;

(iv)  deimhin a dhéanamh de go ndéanfar rochtain leanúnach ar bhonneagair de chuid an mhargaidh airgeadais a chothabháil;

(v)  deimhin a dhéanamh de go ndéanfar feidhmiú leanúnach phróisis oibríochtúla an CPL a chothabháil, lena n-áireofar a bhonneagar agus a sheirbhísí TF;

(vi)  cur síos ar ghníomhaíochtaí bainistíochta nó straitéisí bainistíochta eile chun fóntacht airgeadais a athshlánú agus iarmhairt airgeadais na ngníomhaíochtaí nó na straitéisí sin a bhfuiltear ag súil léi;

(vii)  réamhbhearta atá déanta ag an CPL nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun cur chun feidhme an phlean téarnaimh a éascú, lena n-áireofar iad sin is gá chun athchaipitliú tráthúil an CPL a éascú, a leabhar comhoiriúnaithe a athshlánú agus a acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú mar aon le hin-fhorfheidhmitheacht an phlean sin ar bhonn trasteorann a áirithiú; áireofar leis sin socruithe maidir le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana íosíocaíocht in airgead tirim a dhéanamh leis an CPL suas le suim is ionann agus a n-íocaíocht le ciste mainneachtana an CPL.

(viii)  creat táscairí lena sainaithneofar na pointí ag a bhféadfar na gníomhaíochtaí iomchuí dá dtagraítear sa phlean a dhéanamh.

(ix)  i gcás inarb infheidhme, anailís ar an gcaoi a bhféadfaidh an CPL iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid mar aon le hanailís ar cathain a fhéadfaidh an CPL é sin a dhéanamh, agus na hacmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint faoi théarmaí shaoráid an bhainc ceannais;

(x)  agus forálacha Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur san áireamh, raon dianchásanna struis is ábhartha do choinníollacha sonracha an CPL, lena n-áirítear teagmhais shistéamacha agus strus a bhaineann go sonrach leis an eintiteas dlíthiúil agus le haon ghrúpa lena mbaineann sé, agus le comhaltaí imréitigh an CPL, nó i gcás inarb iomchuí, le BMA nasctha;

(xi)  agus forálacha Airteagal 34 agus Airteagal 49(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur san áireamh, cásanna ar toradh iad ar strus nó mainneachtain ceann amháin nó níos mó dá chomhaltaí agus ar toradh iad ar nithe eile lena n-áirítear caillteanais de dhroim ghníomhaíochtaí infheistíochta an CPL nó fadhbanna oibríochtúla (lena n-áirítear mórbhagairtí seachtracha ar oibríochtaí CPL i ngeall ar chur isteach seachtrach, suaitheadh seachtrach nó eachtra sheachtrach chibearchoiriúil);

7f.  Tar éis teagmhas mainneachtana, úsáidfidh CPL méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe arb ionann é agus an méid a cheanglaítear a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sula n-úsáidfear na huirlisí dá dtagraítear i mír 7e(l) den Airteagal seo. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil na rioscaí as ar tháinig an caillteanas faoi rialú an CPL, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL méid níos airde d’acmhainní dílse tiomnaithe a úsáid, ar méid é a bheidh le sainiú ag an údarás inniúil.

7g.  Tar éis teagmhas neamh-mhainneachtana, úsáidfidh CPL méid breise d’acmhainní dílse tiomnaithe arb ionann é agus trí oiread an mhéid a cheanglaítear a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 45(4) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, sula n-úsáidfear na huirlisí dá dtagraítear i mír 7e(l) den Airteagal seo agus, chun próiseas arna dhreasú go docht a choinneáil ar siúl, ní úsáidfidh CPLanna an ciste mainneachtana agus an mhainneachtain i bhfoirm cascáide. I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go raibh na rioscaí as ar tháinig an caillteanas laistigh de rialú an CPL, féadfaidh sé a cheadú don CPL méid níos ísle d’acmhainní dílse tiomnaithe a úsáid, ar méid é a bheidh le sainiú ag an údarás inniúil.

7h.  Le comhaontú an údaráis inniúil, ní úsáidfidh CCP na huirlisí dá dtagraítear i mír 7e (l)(ii) ach amháin tar éis do ghlaonna ar airgead tirim ar íosmhéid arb ionann é agus méid chiste mainneachtana an CPL a bheith déanta faoi na coinníollacha dá dtagraítear i mír 7e(l)(vii).

7i.  Féadfaidh na húdaráis inniúla ceangal a chur ar CPLanna faisnéis bhreise a chur lena bpleananna téarnaimh.

8.  Déanfaidh bord an CPL an plean téarnaimh a mheas, agus comhairle an choiste riosca á cur san áireamh aige i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, agus a fhaomhadh sula gcuirfidh sé faoi bhráid an údaráis inniúil agus ÚEUM é.

9.  Measfar gur cuid de rialacha oibríochta na CPLanna iad na pleananna téarnaimh agus áiritheoidh na CPLanna, agus a gcomhaltaí imréitigh i gcás forálacha a bhaineann lena gcliaint, go mbeidh na bearta a leagfar amach sna pleananna téarnaimh in-fhorghníomhaithe i gcónaí.

9a.  Déanfaidh na CPLanna na hítimí a liostaítear i bpointí (a) go (g) de mhír 7e a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart go mbeadh na hítimí a liostaítear i bpointí (h) go (l) den mhír sin ar fáil go poiblí a mhéid a bhaineann leas an phobail le trédhearcacht na n-ítimí sin. Áiritheoidh comhaltaí imréitigh go ndéanfar aon fhorálacha a dhéanfaidh difear dá gcliaint a chur in iúl dóibh go leordhóthanach.

9b.  Rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta i dtaca le hin-neamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhaitheacht gníomhartha dlí a dhéanfadh díobháil do chreidiúnaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le bearta arna ndéanamh ag CPL i gcomhréir lena phlean téarnaimh arna bhunú faoin Rialachán seo.

Airteagal 10

Measúnú ar phleananna téarnaimh

1.  Déanfaidh CPLanna ▌a bpleananna téarnaimh a chur faoi bhráid an údaráis inniúil ▌.

2.  Tarchuirfidh an t-údarás inniúil gach plean chuig an gcoláiste maoirseachta agus chuig an údarás réitigh gan moill mhíchuí.

Laistigh de sé mhí ón uair a chuirfear an plean faoina bhráid, agus i gcomhar leis an gcoláiste maoirseachta i gcomhréir leis na nósanna imeachta in Airteagal 12, athbhreithneoidh an t-údarás inniúil an plean téarnaimh agus déanfaidh sé measúnú ar a mhéid a chomhlíonann sé na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 9.

3.  Agus an plean téarnaimh á mheas aige, rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le BERS agus cuirfidh sé san áireamh struchtúr caipitil an CPL, a mhainneachtain i bhfoirm cascáide, leibhéal castachta an struchtúir eagraíochtúil agus próifíl riosca an CPL, lena n-áirítear i dtéarmaí rioscaí airgeadais, oibríochtúla agus cibearshlándála, inionadaitheacht a gcuid gníomhaíochtaí, agus an tionchar a d’imreodh cur chun feidhme an phlean réitigh ar na comhaltaí imréitigh, ar na margaí airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL orthu agus ar an gcóras airgeadais ina iomláine. Cuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh go cuí an áiritheofar leis an bplean téarnaimh go mbeidh dreasachtaí iomchuí ann d’úinéirí agus do chomhaltaí imréitigh an CPL agus dá gcliaint chun méid an riosca a thugann siad leo nó a thabhaíonn siad sa chóras a rialú. Spreagfaidh an t-údarás inniúil faireachán ar ghníomhaíochtaí glactha riosca agus bainistithe riosca a bhaineann leis an CPL, agus spreagfaidh sé a oiread rannpháirtíochta agus is féidir i bpróiseas bainistithe mainneachtana an CPL.

3a.  Agus an plean téarnaimh á mheas aige, ní chuirfidh an t-údarás inniúil san áireamh ach comhaontuithe tacaíochta tuismitheoireachta mar chodanna bailí den phlean téarnaimh ina mbeidh na comhaontuithe sin ceangailteach de réir conartha.

4.  Scrúdóidh an t-údarás réitigh an plean téarnaimh chun aon bhearta a shainaithint a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh d’inréititheacht an CPL. I gcás ina sainaithneofar aon nithe den sórt sin, déanfaidh an t-údarás réitigh aird an údaráis inniúil a tharraingt orthu agus déanfaidh sé moltaí don údarás inniúil maidir leis na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar thionchar diúltach na mbeart sin ar inréititheacht an CPL.

5.  I gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil gan gníomhú de réir mholtaí an údaráis réitigh de bhun mhír 4, léireoidh sé ina iomláine don údarás réitigh an t-údar atá leis an gcinneadh sin.

6.  I gcás ina n-aontóidh an t-údarás inniúil le moltaí an údaráis réitigh, nó go measfaidh sé ar bhealach eile go bhfuil easnaimh ábhartha ar an bplean téarnaimh nó baic ábhartha ar chur i bhfeidhm an phlean, tabharfaidh sé fógra don CPL nó dá mháthairghnóthas agus tabharfaidh sé deis don CPL a thuairimí a chur faoina bhráid.

7.  Féadfaidh an t-údarás inniúil, agus tuairimí an CPL á gcur san áireamh, ceangal a chur ar an CPL nó ar an máthairghnóthas plean athbhreithnithe a chur faoina bhráid laistigh de dhá mhí, tréimhse ar féidir síneadh aon mhíosa a chur léi le faomhadh an údaráis inniúil, ina léireofar an chaoi a bhfuiltear ag dul i ngleic leis na heasnaimh nó leis na baic sin. Déanfar measúnú ar an bplean athbhreithnithe i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 2.

8.  I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nár leor mar a chuathas i ngleic sa phlean athbhreithnithe leis na heasnaimh agus na baic, nó i gcás nach gcuirfidh an CPL nó an máthairghnóthas plean athbhreithnithe faoina bhráid, cuirfidh sé ceangal ar an CPL nó ar an matháirghnóthas athruithe sonracha a dhéanamh ar an bplean.

9.  I gcás nach féidir na heasnaimh nó na baic sin a leigheas go hiomchuí le hathruithe sonracha ar an bplean, cuirfidh an t-údarás inniúil ceangal ar an CPL nó ar an máthairghnóthas aon athruithe a shainaithint, laistigh d’achar réasúnta ama, a bheidh le déanamh ar a ghnó chun dul i ngleic leis na heasnaimh nó na baic ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh.

I gcás nach sainaithneoidh an CPL nó an máthairghnóthas na hathruithe sin laistigh den achar ama a leagfaidh an t-údarás inniúil síos, nó i gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil nach leor mar a rachfaí i ngleic trí na gníomhaíochtaí arna moladh leis na heasnaimh nó na baic ar chur chun feidhme an phlean téarnaimh, ná nach gcuirfí feabhas ar inréititheacht an CPL, cuirfidh an t-údarás inniúil ceangal ar an CPL nó ar an máthairghnóthas, laistigh de thréimhse réasúnta ama a shonróidh an t-údarás inniúil, aon cheann de na bearta seo a leanas a dhéanamh, ag cur san áireamh a thromchúisí atá na heasnaimh agus na baic, an éifeacht a bheidh ag na bearta ar ghnó an CPL agus cumas an CPL leanúint de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh.

(a)  próifíl riosca an CPL a laghdú;

(b)  feabhas a chur ar chumas an CPL dul faoi athchaipitliú ar mhodh tráthúil chun na ceanglais stuamachta atá air a chomhlíonadh;

(c)  straitéis agus struchtúr an CPL a athbhreithniú;

(d)  athruithe a dhéanamh ar an mainneachtain i bhfoirm cascáide, ar na bearta téarnaimh agus ar shocruithe leithdháilte eile caillteanais chun an inréititheacht agus stóinseacht na bhfeidhmeanna criticiúla a fheabhsú;

(e)  athruithe a dhéanamh ar struchtúr rialachais an CPL.

10.  An iarraidh dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 9, beidh sé réasúnaithe agus tabharfar fógra fúithi i scríbhinn don CPL.

10a.  Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar na critéir íosta a bheidh le measúnú ag an údarás inniúil chun críocha an mheasúnaithe ar mhír 2 den Airteagal seo agus ar Airteagal 11(1).

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Pleananna téarnaimh le haghaidh CPLanna ar cuid de ghrúpa iad

1.  Máthairghnóthas an ghrúpa ar cuid de an CPL, i gcás inarb institiúid é mar a shainmhínítear i bpointe 23 d’Airteagal 2(1) de Threoir 2014/59/AE nó eintiteas dá dtagraítear i bpointe (c) nó (d) d’Airteagal 1(1) den Treoir sin, déanfaidh an t-údarás inniúil, dá dtagraítear i bpointe (21) d’Airteagal 2(1) den Treoir sin, ceangal a chur ar an máthairghnóthas plean téarnaimh a chur faoina bhráid le haghaidh an ghrúpa i gcomhréir leis an Treoir sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil an plean téarnaimh le haghaidh an ghrúpa faoi bhráid údaráis inniúil an CPL.

Máthairghnóthas an ghrúpa ar cuid de an CPL, i gcás inarb institiúid nó eintiteas é dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus i gcás inar gá chun gnéithe uile Roinn A den Iarscríbhinn a chomhlíonadh, féadfaidh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 den Rialachán seo, a cheangal ar an CPL plean a chur faoina mbráid le haghaidh théarnamh an CPL agus na gnéithe ábhartha uile a bhaineann le struchtúr an ghrúpa á gcur san áireamh. Beidh an iarraidh sin réasúnaithe agus tabharfar fógra fúithi i scríbhinn don CPL agus dá mháthairghnóthas.

2.  I gcás inarb é an máthairghnóthas a chuirfidh an plean téarnaimh isteach i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír 1, cuid ar leith den phlean téarnaimh sin a bheidh sna forálacha maidir le téarnamh an CPL agus comhlíonfaidh siad ceanglais an Rialacháin seo agus ní gá go mbeadh sé de cheangal ar an CPL plean téarnaimh ar leith a ullmhú.

3.  Déanfaidh údarás inniúil an CPL, i gcomhréir le hAirteagal 10, measúnú ar na forálacha maidir le téarnamh an CPL agus, i gcás inarb ábhartha, rachaidh sé i gcomhairle le húdarás inniúil an ghrúpa.

Airteagal 12

Nós imeachta maidir le comhordú i gcás pleananna téarnaimh

1.  Déanfaidh an coláiste maoirseachta cinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna seo uile a leanas:

(a)  athbhreithniú agus measúnú an phlean téarnaimh;

(b)  cur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 9(6), (7), (8) agus (9);

(c)  an bhfuil plean téarnaimh le tarraingt suas ag máthairghnóthais i gcomhréir le hAirteagal 11(1).

2.  Tiocfaidh an coláiste ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) laistigh de cheithre mhí ón dáta a tharchuirfidh an t-údarás inniúil an plean téarnaimh.

Tiocfaidh an coláiste ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (c) laistigh de cheithre mhí ón dáta a chinnfidh an t-údarás inniúil iarraidh ar an máthairghnóthas plean grúpa a ullmhú.

Féadfaidh ÚEUM cúnamh a thabhairt don choláiste, arna iarraidh sin d’údarás inniúil laistigh den choláiste maoirseachta, teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.  I gcás nach n-éireoidh leis an gcoláiste, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an plean téarnaimh, teacht ar chinneadh comhpháirteach maidir leis na saincheisteanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, déanfaidh údarás inniúil an CPL a chinneadh féin.

Déanfaidh údarás inniúil an CPL an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus tuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí á gcur san áireamh. Tabharfaidh údarás inniúil an CPL fógra faoin gcinneadh sin i scríbhinn don CPL, dá mháthairghnóthas, i gcás inarb ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste.

4.  I gcás ina mbeidh, faoi dheireadh na tréimhse ceithre mhí sin, ábhar i ndáil le measúnú na bpleananna téarnaimh agus chur chun feidhme na mbeart de bhun phointí (a), (b) agus (d) d’Airteagal 10(9) den Rialachán seo curtha ar aghaidh ag aon ghrúpa comhaltaí den choláiste maoirseachta a dhéanann ionadaíocht ar thromlach simplí den choláiste sin chuig ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, fanfaidh údarás inniúil an CPL leis an gcinneadh a dhéanfaidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus déanfaidh sé cinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM.

5.  Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM a chinneadh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚEUM má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtiocfaidh ÚEUM ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh údarás inniúil an CPL.

Roinn 2

Pleanáil réitigh

Airteagal 13

Pleananna réitigh

1.  Déanfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus ÚEUM agus i gcomhar leis an gcoláiste réitigh, plean réitigh a tharraingt suas le haghaidh gach CPL i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 15.

2.  Déanfar foráil sa phlean réitigh maidir leis na gníomhaíochtaí réitigh a fhéadfaidh an t-údarás réitigh a dhéanamh i gcás ina gcomhlíonfaidh an CPL na coinníollacha maidir le réiteach dá dtagraítear in Airteagal 22.

3.  Cuirfear an méid seo a leanas ar a laghad san áireamh sa phlean réitigh:

(a)  cliseadh an CPL i ngeall ar na nithe seo:

i.   mainneachtain;

ii.   neamh-mhainneachtain;

iii.  éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha;

(b)  an tionchar a d’imreodh cur chun feidhme an phlean réitigh ar na comhaltaí imréitigh agus ar a gcliaint, lena n-áirítear cásanna inar dóigh do chomhaltaí imréitigh a bheith faoi réir bearta téarnaimh nó gníomhaíochtaí réitigh i gcomhréir le Treoir 2014/59/AE, ar aon BMAnna nasctha, ar mhargaí airgeadais a bhfreastalaíonn an CPL orthu agus ar an gcóras airgeadais ina iomláine.

(c)  an chaoi agus na cúinsí faoina bhféadfaidh CPL iarratas a dhéanamh chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid agus sainaithint na sócmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht.

4.  Ní thoimhdeofar sa phlean réitigh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  tacaíocht airgeadais phoiblí;

(b)  cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)  cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

4a.  Sa phlean réitigh déanfar toimhdí stuama maidir leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil mar uirlisí réitigh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus maidir leis na hacmhainní a mheasfar a bheith ar fáil i gcomhréir le rialacha agus socruithe na CPLanna tráth a dhéantar réiteach. Beidh na toimhdí stuama sin bunaithe ar thorthaí na dtástálacha struis is déanaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 5(2a) agus beidh siad fós bailí i gcásanna ina bhfuil diandálaí margaidh ann is measa fós mar thoradh ar théarnamh nó réiteach CPL amháin nó níos mó ná sin, lena n-áirítear mainneachtain ceann amháin nó níos mó de chomhaltaí imréitigh breise lasmuigh den dá chomhalta imréitigh a bhfuil na neamhchosaintí is mó ag an CPL ina leith.

5.  Déanfaidh na húdaráis réitigh na pleananna réitigh a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, tabharfaidh siad cothrom le dáta iad ar a laghad uair sa bhliain agus, i gcás ar bith, i ndiaidh aon athruithe ar struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil an CPL, ar a staid ghnó nó airgeadais nó aon athrú eile a dhéanann difear ábhartha d’éifeachtacht an phlean.

Cuirfidh na CPLanna agus na húdaráis inniúla na húdaráis réitigh ar an eolas go pras faoi aon athrú den sórt sin.

5a.  Déanfar idirdhealú soiléir sa phlean réitigh, go háirithe i gcás ina mbeidh sé indéanta, trí bhíthin ranna ar leithligh, idir cásanna bunaithe ar na himthosca dá dtagraítear, faoi seach, i bpointí (i), (ii) agus (iii) de phointe (a) de mhír 3.

6.  Sonrófar sa phlean réitigh na cúinsí agus na cásanna éagsúla ina mbeidh úsáid á baint as na huirlisí réitigh agus ina mbeidh na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú. Áireofar na nithe seo a leanas sa phlean réitigh, agus iad cainníochtaithe nuair is iomchuí agus nuair is féidir:

(a)  achoimre ar phríomheilimintí an phlean lena ndéantar idirdhealú idir teagmhais mhainneachtana, teagmhais neamh-mhainneachtana agus teaglaim den dá cheann;

(b)  achoimre ar na hathruithe ábhartha ar an CPL a tharla ó tugadh an plean réitigh cothrom le dáta go deireanach;

(c)  léiriú ar conas a d’fhéadfaí feidhmeanna criticiúla an CPL a dheighilt go dlíthiúil agus go heacnamaíoch, a mhéid is gá, óna fheidhmeanna eile chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla sin a áirithiú ar chliseadh an CPL;

(d)  meastachán ar an tréimhse ama is gá chun gach gné ábhartha den phlean a chur i gcrích, lena n-áirítear chun acmhainní airgeadais an CPL a athshlánú;

(e)  tuairisc mhionsonraithe ar an measúnú ar inréititheacht arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16;

(f)  tuairisc ar aon bhearta a cheanglaítear de bhun Airteagal 17 chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréititheacht arna sainaithint mar thoradh ar an measúnú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 16 nó chun na baic sin a bhaint;

(g)  tuairisc ar na próisis chun luach agus indíoltacht fheidhmeanna criticiúla agus shócmhainní an CPL a chinneadh;

(h)  tuairisc mhionsonraithe ar na socruithe lena n-áiritheofar go bhfuil an fhaisnéis a cheanglaítear de bhun Airteagal 14 cothrom le dáta agus ar fáil i gcónaí do na húdaráis réitigh;

(i)  míniú maidir leis an gcaoi a bhféadfaí gníomhaíochtaí réitigh a mhaoiniú gan toimhdiú i ndáil leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 4;

(j)  tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí réitigh éagsúla a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm de réir na gcásanna éagsúla a d’fhéadfadh bheith ann agus na dtréimhsí ama lena mbaineann;

(k)  tuairisc ar idirthuilleamaíochtaí criticiúla idir an CPL agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, lena n-áirítear idirthuilleamaíochtaí inghrúpa, socruithe idir-inoibritheachta agus naisc le BMAnna eile, mar aon leis na bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na hidirthuilleamaíochtaí sin;

(l)  tuairisc ar na roghanna éagsúla lena n-áiritheofar na nithe seo a leanas:

i.  rochtain ar íocaíochtaí agus ar sheirbhísí imréitigh agus ar bhonneagair eile;

ii.  oibleagáidí i leith comhaltaí imréitigh agus a gcliaint agus aon BMAnna nasctha a shocrú go tráthúil;

iii.  rochtain na gcomhaltaí imréitigh agus a gcliaint ar urrúis nó cuntais airgid arna soláthar ag an CPL agus urrúis nó comhthaobhacht in airgead tirim arna mbreacadh chuig an CPL nó ina sheilbh atá dlite do na rannpháirtithe sin ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

iv.  leanúnachas maidir le feidhmiú na nasc idir an CPL agus BMAnna eile;

v.  iniomparthacht na sócmhainní agus suíomhanna chliaint agus chliaint indíreacha na gcomhaltaí imréitigh, mar a leagtar amach in Airteagal 39 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

vi.  ceadúnais CPL a chaomhnú mar aon lena údaruithe, a aitheantais agus a ainmniúcháin dlíthiúla i gcás inar gá d’fheidhmiú leanúnach a fheidhmeanna criticiúla lena n-áirítear a aitheantas chun críocha na rialacha ábhartha maidir le críochnaitheacht socraíochta a chur i bhfeidhm agus chun críocha a rannpháirtíochta i BMAnna nó a naisc leo;

(la)  tuairisc ar an gcur chuige atá beartaithe ag an údarás réitigh a leanúint chun raon feidhme agus luach aon chonarthaí atá le foirceannadh a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 29;

(m)  anailís ar thionchar an phlean ar fhostaithe an CPL, lena n-áirítear measúnú ar aon chostais ghaolmhara, agus tuairisc ar na nósanna imeachta atá beartaithe chun dul i gcomhairle leis an bhfoireann le linn an phróisis réitigh, agus na rialacha náisiúnta agus na córais náisiúnta le haghaidh comhphlé leis na comhpháirtithe sóisialta á gcur san áireamh;

(n)  plean chun cumarsáid a dhéanamh leis na meáin agus leis an bpobal ionas go bhféadfar a bheith chomh trédhearcach agus is féidir;

(o)  tuairisc ar oibríochtaí agus ar chórais atá fíor-riachtanach chun feidhmiú leanúnach phróisis oibríochta an CPL a chothabháil.

(oa)  tuairisc ar na socruithe chun faisnéis a mhalartú laistigh den choláiste réitigh roimh réiteach agus le linn réitigh, i gcomhréir leis na socruithe agus na nósanna imeachta i scríbhinn maidir le feidhmiú na gcoláistí réitigh dá dtagraítear i mír 1 d’Airteagal 4.

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 6 a nochtadh don CPL lena mbaineann. Féadfaidh an CPL a thuairim faoin bplean réitigh a chur in iúl don údarás réitigh i scríbhinn. Áireofar an tuairim sin sa phlean.

7.  Féadfaidh na húdaráis réitigh ceangal a chur ar CPLanna taifid mhionsonraithe a sholáthar dóibh ar na conarthaí dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhfuil siad ina bpáirtí iontu. Féadfaidh na húdaráis réitigh teorainn ama a shonrú maidir leis na taifid sin a chur ar fáil maille le teorainneacha ama éagsúla a shonrú i gcás cineálacha éagsúla conarthaí.

7a.  Comhoibreoidh Údarás Réitigh an CPL go dlúth le hÚdaráis Réitigh Chomhalta Imréitigh an CPL chun a áirithiú nach bhfuil aon bhaic ann ó thaobh réitigh de.

8.  Déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, agus na forálacha ábhartha i Rialachán Tarmligthe (AE) –/-2016 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE maidir le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ar bhonn Airteagal 10(9) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh aige, agus prionsabal na comhréireachta á urramú aige, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a cheapadh lena sonrófar inneachar an phlean réitigh a thuilleadh i gcomhréir le mír 6.

Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh go cuí leibhéal an idirdhealaithe idir creataí dlíthiúla náisiúnta, go háirithe i réimse an dlí dócmhainneachta, ar fud an Aontais, chomh maith le méideanna agus cineálacha éagsúla na CPLanna atá bunaithe san Aontas.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [PO: cuirtear isteach an dáta: [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 14

Dualgas na CPLanna comhoibriú agus faisnéis a sholáthar

De réir mar is gá, comhoibreoidh na CPLanna le dréachtú na bpleananna réitigh agus soláthróidh siad do na húdaráis réitigh, bíodh sin ar bhonn díreach nó trí bhíthin údarás inniúil, an fhaisnéis uile is gá chun na pleananna sin a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an anailís a shonraítear i Roinn B den Iarscríbhinn.

Aon fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír atá ar fáil cheana do na húdaráis inniúla, soláthróidh na húdaráis sin í do na húdaráis réitigh.

Déanfaidh CPL faisnéis a mhalartú go tráthúil le húdaráis inniúla agus le ÚEUM chun éascú a dhéanamh ar an measúnú ar phróifílí riosca an CPL agus ar an idirnascthacht le bonneagair eile an mhargaidh airgeadais, le hinstitiúidí eile airgeadais agus leis an gcóras airgeadais i gcoitinne, mar a shainmhínítear in Airteagail 9 agus 10 den Rialachán seo.

Airteagal 15

Nós imeachta maidir le comhordú i gcás pleananna réitigh

1.  Déanfaidh an coláiste réitigh cinneadh comhpháirteach faoin bplean réitigh agus faoi aon athruithe air laistigh de cheithre mhí ón dáta a tharchuirfidh an t-údarás réitigh an plean sin dá dtagraítear i mír 2.

2.  Tarchuirfidh an t-údarás réitigh chuig an gcoláiste réitigh dréacht den phlean réitigh, an fhaisnéis arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 14 agus aon fhaisnéis bhreise is ábhartha don choláiste réitigh.

Áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéanfar an fhaisnéis uile a sholáthar do ÚEUM is ábhartha do ról ÚEUM i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.  Féadfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh páirt a thabhairt d’údaráis tríú tír i dtaca leis an bplean réitigh a tharraingt suas agus athbhreithniú a dhéanamh air, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais rúndachta a leagtar síos in Airteagal 71 agus gur ó dhlínsí iad ina bhfuil aon cheann de na heintitis seo a leanas bunaithe:

i.  máthairghnóthas an CPL, i gcás inarb iomchuí;

ii.  comhaltaí imréitigh a bhfuil neamhchosaint shuntasach ag an CPL ina leith;

iii.  fochuideachtaí an CPL, i gcás inarb iomchuí;

iv.  soláthraithe seirbhísí criticiúla don CPL;

iva.  CPL ag a bhfuil na socruithe idir-inoibritheacha céanna leis an CPL.

4.  Féadfaidh ÚEUM, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis an gcoláiste réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

5.  I gcás nach dtiocfaidh leis an gcoláiste réitigh, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an plean réitigh, teacht ar chinneadh comhpháirteach, déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh féin maidir leis an bplean réitigh. Déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh agus tuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste réitigh arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí a gcur san áireamh. Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL, dá mháthairghnóthas, i gcás inarb ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.

6.  Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon ghrúpa comhaltaí den choláiste maoirseachta a dhéanann ionadaíocht do thromlach simplí den choláiste sin, ábhar a bhaineann leis an bplean réitigh faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 fanfaidh údarás réitigh an CPL ar aon chinneadh a ghlacfaidh ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin, agus glacfaidh sé a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM a chinneadh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚEUM má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ÚEUM ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.

7.  I gcás ina ndéanfar cinneadh comhpháirteach de bhun mhír 1 agus ina measfaidh aon údarás réitigh faoi mhír 6 go gcuirfidh ábhar an easaontais isteach ar fhreagrachtaí fioscacha an Bhallstáit ina bhfuil sé, tionscnóidh údarás réitigh an CPL athmheasúnú ar an bplean réitigh.

CAIBIDIL II

Inréititheacht

Airteagal 16

Measúnú ar inréiteacht

1.  Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an gcoláiste réitigh i gcomhréir le hAirteagal 17, measúnú ar a mhéid is féidir CPL a réiteach gan toimhdiú i ndáil le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  ▌tacaíocht airgeadais phoiblí;

(b)  cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;

(c)  cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús.

2.  Measfar CPL a bheith inréitithe i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh é a bheith indéanta agus inchreidte an CPL sin a leachtú faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta nó é a réiteach trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus trí chumhachtaí réitigh a fheidhmiú agus, ag an am céanna, leanúnachas a áirithiú i dtaca le feidhmeanna criticiúla an CPL agus, aon úsáid cistí poiblí a sheachaint agus, a mhéid is mó is féidir, aon iarmhairt dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais a sheachaint.

Áireofar ar na hiarmhairtí díobhálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír éagobhsaíocht airgeadais níos leithne nó teagmhais shistéamacha in aon Bhallstát.

Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra d’ÚEUM go tráthúil i gcás ina measfaidh sé nach mbeidh CPL inréitithe.

3.  Arna iarraidh sin don údarás réitigh, léireoidh CPL an méid seo a leanas:

(a)  nach ann d’aon ní a chuirfeadh bac ar luach ionstraimí úinéireachta a laghdú tar éis fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh, is cuma socruithe conarthacha gan chomhlíonadh nó bearta eile i bplean réitigh an CPL a bheith ídithe go hiomlán nó gan a bheith;

(b)  ní chuireann conarthaí an CPL le comhaltaí réitigh nó le tríú páirtithe ar chumas na gcomhaltaí réitigh nó na dtríú páirtithe sin agóid a dhéanamh go rathúil i leith fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh ag údarás réitigh ná ní shaorann iad ó bheith faoi réir na gcumhachtaí sin.

4.  Chun críocha an mheasúnaithe ar inréititheacht dá dtagraítear i mír 1, scrúdóidh an t-údarás réitigh, nuair is ábhartha, na nithe a shonraítear i Roinn C den Iarscríbhinn.

4a.  Glacfaidh ÚEUM treoirlínte chun cóineasú cleachtas maoirseachta agus réitigh a chur chun cinn i dtaca le cur i bhfeidhm roinn C den Iarscríbhinn faoin... [18 mí tar éis dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

5.  Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an gcoláiste réitigh, an measúnú ar inréititheacht le linn dó an plean réitigh a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 13.

Airteagal 17

Dul i ngleic le baic ar inréititheacht nó deireadh a chur leo

1.  I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás réitigh agus an coláiste réitigh, tar éis an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 16 agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcoláiste réitigh, ar an tátal go bhfuil baic shubstaintiúla ar inréititheacht CPL ann, ullmhóidh an t-údarás réitigh, i gcomhar leis an údarás inniúil, tuarascáil a chuirfidh sé faoi bhráid an CPL agus an choláiste réitigh.

Sa tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír déanfar anailís ar na baic ▌ar úsáid éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus ar fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh i ndáil leis an CPL, measfar inti tionchar na mbac sin ar shamhail ghnó an CPL agus molfar bearta spriocdhírithe lena ndéanfar iad sin a bhaint ▌i gcás inar féidir.

2.  Déanfar an ceanglas ar choláistí réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach faoi na pleananna réitigh a leagtar síos in Airteagal 15, déanfar an ceanglas sin a fhionraí tar éis tharchur na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 go dtí go nglacfaidh an t-údarás réitigh de bhun mhír 3 den Airteagal seo leis na bearta lena ndéanfar na baic shubstaintiúla ar inréititheacht a bhaint nó go dtí go gcinnfear ar bhearta malartacha de bhun mhír 4 den Airteagal seo.

3.  Laistigh de cheithre mhí tar éis an dáta a gheofar an tuarascáil a cuireadh isteach i gcomhréir le mír 1, molfaidh an CPL bearta féideartha don údarás réitigh chun dul i ngleic leis na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó chun iad a bhaint. Cuirfidh an t-údarás réitigh aon bheart arna mholadh ag an CPL in iúl don choláiste réitigh. Déanfaidh an t-údarás réitigh agus an coláiste réitigh a mheas, i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 18(1), an dtéann na bearta sin i ngleic go héifeachtach leis na baic sin nó an ndéanann siad iad a bhaint.

4.  I gcás ina dtiocfaidh an t-údarás réitigh, agus tuairim an choláiste réitigh á cur san áireamh aige, ar an tátal nach laghdófar go héifeachtach, de bharr na mbeart arna moladh ag an CPL i gcomhréir le mír 3, na baic a shainaithnítear sa tuarascáil nó nach ndéanfar iad a bhaint dá mbarr, sainaithneoidh an t-údarás réitigh bearta malartacha a chuirfidh sé in iúl don choláiste réitigh chun gur féidir leo cinneadh comhpháirteach a dhéanamh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18.

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna bearta malartacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)  an bhagairt ar chobhsaíocht airgeadais atá i gceist leis na baic sin ar inréititheacht CPL;

(b)  tionchar na mbeart malartach ar an CPL i gceist, ar a chomhaltaí imréitigh agus ar a chliaint, ar aon BMA nasctha agus ar an margadh inmheánach;

(ba)  éifeachtaí ar sholáthar seirbhísí imréitigh comhtháite le haghaidh táirgí éagsúla agus éarlaisiú punainne thar aicmí sócmhainne.

Chun críocha phointe (b) den dara fomhír, rachaidh an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil, leis an gcoláiste maoirseachta agus leis an gcoláiste réitigh agus, i gcás inarb iomchuí, le BERS.

5.  Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn, i gcomhréir le hAirteagal 18, bíodh sin ar bhonn díreach nó go hindíreach tríd an údarás inniúil, faoi na bearta malartacha atá le déanamh ionas gur féidir na baic ar inréititheacht a bhaint. Tabharfaidh an t-údarás réitigh údar cuí leis an bhfáth nach bhféadfaí, leis na bearta a mhol an CPL, na baic ar inréititheacht a bhaint agus leis an bhfáth a mbeadh na bearta malartacha éifeachtach chun sin a dhéanamh.

6.  Molfaidh an CPL laistigh d’aon mhí amháin plean faoin gcaoi a bhfuil sé i gceist aige na bearta malartacha a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama arna leagan síos ag an údarás réitigh.

7.  Chun críocha mhír 4 agus chun na gcríoch sin amháin, féadfaidh an t-údarás réitigh i gcomhairle leis an údarás inniúil an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  ceangal a chur ar an CPL comhaontuithe seirbhíse a athbhreithniú nó a tharraingt suas, bíodh sin laistigh de ghrúpaí nó le tríú páirtithe, chun soláthar feidhmeanna criticiúla a áirithiú;

(b)  ceangal a chur ar an CPL a neamhchosaintí neamhchumhdaithe uasta aonair agus comhiomlána a theorannú;

(c)  ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar an gcaoi a mbailíonn sé corrlach agus a gcoinníonn sé é de bhun Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)  ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar chomhdhéanamh a chistí mainneachtana dá dtagraítear in Airteagal 42 de Rialachán Uimh. 648/2012 agus ar líon na gcistí sin;

(e)  ceanglais faisnéise bhreise de chineál sonrach nó rialta a fhorchur ar an CPL;

(f)  ceangal a chur ar an CPL sócmhainní sonracha a dhífheistiú uaidh féin;

(g)  ceangal a chur ar an CPL gníomhaíochtaí sonracha atá ann cheana nó atá beartaithe a theorannú nó scor díobh;

(h)  ceangal a chur ar an CPL athruithe a dhéanamh ar a phlean téarnaimh, rialacha oibríochtúla agus socruithe conarthacha eile;

(i)  forbairt línte gnó nua nó línte gnó atá ann cheana nó soláthar seirbhísí nua nó seirbhísí atá ann cheana a shrianadh nó cosc a chur leo;

(j)  athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL nó ar aon ghrúpeintiteas, atá á rialú aige go díreach nó go hindíreach, a cheangal chun a áirithiú go bhféadfar na feidhmeanna criticiúla a dheighilt go dlíthiúil agus go hoibríochtúil ó fheidhmeanna eile trí uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm;

(k)  ceangal a chur ar an CPL máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais i mBallstát nó máthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais a bhunú;

(l)  ceangal a chur ar an CPL ▌dliteanais a eisiúint is féidir a dhíluacháil nó a chomhshó, nó acmhainní eile a chur i leataobh chun a chumas iompair caillteanais, a chumas athchaipitliúcháin agus a chumas athshlánúcháin acmhainní réamh-mhaoinithe a mhéadú;

(m)  ceangal a chur ar an CPL ▌céimeanna eile a thabhairt ionas gur féidir le caipiteal, le dliteanais eile agus le conarthaí eile caillteanais a iompar, athchaipitliú a dhéanamh ar an CPL agus acmhainní réamh-mhaoinithe a athshlánú. I measc na ngníomhuithe ar a ndéanfar breithniú, d’fhéadfaí a bheith san áireamh go háirithe iarracht a dhéanamh ar aon dliteanas atá eisithe ag an CPL a chaibidliú an athuair, nó téarmaí conarthacha a athbhreithniú, d’fhonn a áirithiú go mbeadh éifeacht le cinneadh ar bith ón údarás réitigh an dliteanas, an ionstraim nó an conradh sin a dhíluacháil, a chomhshó nó a athstruchtúrú faoi dhlí na dlínse lena rialaítear an dliteanas nó an ionstraim sin;

(n)  ▌

(na)  naisc idir-inoibritheachta an CPL a shrianadh nó a chur ar fionraí i gcás inar gá an srian sin nó an fhionraí sin chun cosc a chur ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag na huirlisí téarnaimh a chur i bhfeidhm agus ag feidhmiú na gcumhachtaí réitigh ar CPLanna idir-inoibritheacha.

Airteagal 18

Nós imeachta maidir le comhordú chun dul i ngleic le baic ar inréititheacht agus chun iad a bhaint

1.  Déanfaidh an coláiste réitigh cinneadh comhpháirteach faoin méid seo a leanas:

(a)  sainaithint na mbac ábhartha ar inréititheacht de bhun Airteagal 16(1);

(b)  measúnú a dhéanamh ar na bearta arna moladh ag an CPL de bhun Airteagal 17(3), de réir mar is gá;

(c)  na bearta malartacha a cheanglaítear de bhun Airteagal 17(4).

2.  Glacfar an cinneadh comhpháirteach faoi shainaithint na mbac ábhartha ar inréititheacht dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1, glacfar é laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 17(1) faoi bhráid an choláiste réitigh.

Glacfar an cinneadh comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 laistigh de cheithre mhí ón tráth a chuirfear isteach na bearta arna moladh ag an CPL chun deireadh na baic ar inréititheacht a bhaint.

Beidh na cinntí comhpháirteacha dá dtagraítear i mír 1 réasúnaithe agus cuirfidh an t-údarás réitigh fógra ina leith i scríbhinn chuig an CPL agus, i gcás inarb ábhartha, chuig a mháthairghnóthas.

Féadfaidh ÚEUM, ar iarratas ón údarás réitigh, cuidiú leis an gcoláiste réitigh cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

3.  I gcás nach n-éireoidh leis an gcoláiste réitigh, tar éis ceithre mhí ón dáta a tharchuirfear an tuarascáil dá bhforáiltear in Airteagal 17(1), nach n-éireoidh leis cinneadh comhpháirteach a ghlacadh, déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh féin maidir leis na bearta iomchuí is gá a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 17(5). Déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh agus tuairimí na gcomhaltaí eile den choláiste réitigh arna gcur in iúl le linn na tréimhse ceithre mhí á gcur san áireamh.

Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra i scríbhinn faoin gcinneadh don CPL, dá mháthairghnóthas, i gcás inarb ábhartha, agus do chomhaltaí eile an choláiste réitigh.

4.  Más rud é, ag deireadh na tréimhse ceithre mhí, gur chuir aon ghrúpa comhaltaí den choláiste réitigh a dhéanann ionadaíocht ar thromlach simplí den choláiste sin, ábhar dá dtagraítear i bpointe (j), i bpointe (k) nó i bpointe (n) d’Airteagal 17(7) faoi bhráid ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cuirfidh údarás réitigh an CPL a chinneadh siar agus fanfaidh sé ar aon chinneadh a fhéadfaidh ÚEUM a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) den Rialachán sin. Sa chás sin, déanfaidh an t-údarás réitigh a chinneadh i gcomhréir le cinneadh ÚEUM.

Measfar gurb é an tréimhse ceithre mhí an chéim idir-réitigh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfaidh ÚEUM a chinneadh laistigh d’aon mhí amháin ón tráth a chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuige. Ní chuirfear an t-ábhar ar aghaidh chuig ÚEUM má tá an tréimhse ceithre mhí thart nó má thángthas ar chinneadh comhpháirteach. Mura dtagann ÚEUM ar chinneadh laistigh d’aon mhí amháin, beidh feidhm ag cinneadh an údaráis réitigh.

TEIDEAL IV

LUATH-IDIRGHABHÁIL

Airteagal 19

Bearta luath-idirghabhála

1.  I gcás ina bhfuil ceanglais stuamachta Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á sárú ag CPL nó ar dócha go mbeidh siad á sárú aige, nó i gcás ina mbaineann leis riosca do chobhsaíocht airgeadais an chórais airgeadais dhomhanda, do chobhsaíocht airgeadais chóras airgeadais an Aontais, nó do chodanna díobh, nó i gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil gur cosúil ar dhóigheanna eile go bhfuil forbairtí ann a bhféadfadh tionchar bheith acu ar oibríochtaí an CPL, féadfaidh na húdaráis inniúla an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  ceangal a chur ar an CPL an plean téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 9, i gcás nach ionann na cúinsí ba shiocair leis an luath-idirghabháil a dhéanamh agus na toimhdí a leagadh amach sa phlean téarnaimh tosaigh;

(b)  ceangal a chur ar an CPL ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme laistigh d’achar sonrach ama. I gcás ina dtabharfar an plean cothrom le dáta de bhun phointe (a), áireofar sna socruithe nó sna bearta sin aon socruithe nó bearta uasdátaithe;

(c)  ceangal a chur ar an CPL na cúiseanna atá leis an sárú nó leis an sárú dóchúil a luaitear i mír 1 a shainaithint agus clár gníomhaíochta a tharraingt suas, lena n-áirítear bearta agus tréimhsí ama iomchuí;

(d)  ceangal a chur ar an CPL cruinniú dá scairshealbhóirí a chomóradh nó, i gcás ina dteipfidh ar an CPL an ceanglas sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh na húdaráis inniúla an cruinniú sin a chomóradh. Sa dá chás, is é an t-údarás inniúil a shocróidh an clár, lena n-áirítear na cinntí a bheidh á meas lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;

(e)  a cheangal go ndéanfar comhalta amháin nó níos mó den bhord nó bainisteoirí sinsearacha a chur as oifig nó daoine eile a chur ina n-ionad i gcás ina measfar iad a bheith neamhinniúil ar a ndualgais a chomhlíonadh de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(f)  a cheangal go ndéanfar athruithe ar straitéis ghnó an CPL;

(g)  a cheangal go ndéanfar athruithe ar struchtúir dhlíthiúla nó oibríochtúla an CPL;

(h)  an fhaisnéis uile a chur ar fáil don údarás réitigh is gá le plean réitigh an CPL a thabhairt cothrom le dáta ionas go bhféadfar ullmhúchán a dhéanamh i gcomhair réiteach féideartha an CPL agus luacháil a shócmhainní agus a dhliteanas i gcomhréir le hAirteagal 24, lena n-áirítear aon fhaisnéis atá riachtanach trí chigireachtaí ar an láthair;

(i)  a cheangal go ndéanfar, nuair is gá sin agus i gcomhréir le mír 4, bearta téarnaimh an CPL a chur chun feidhme;

(j)  ceangal a chur ar an CPL staonadh ó bhearta téarnaimh áirithe a chur chun feidhme i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith ag na bearta sin ar chobhsaíocht airgeadais nó go ndéanfaidís dochar míchuí do leasanna na gcliant;

(k)  ceangal a chur ar an CPL a acmhainní airgeadais a athshlánú go tráthúil;

(ka)  ar bhonn eisceachtúil agus ar bhonn aonuaire, cead a thabhairt do chliaint comhaltaí imréitigh a bheith rannpháirteach go díreach i gceantanna, agus ceanglais stuamachta de bhun Chaibidil 3 de Theideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á dtarscaoileadh cé is moite de cheanglais éarlaise a leagtar amach in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i gcás na gcliant sin. Cuirfidh comhaltaí imréitigh na gcliant in iúl do chliaint go cuimsitheach faoin gceant agus éascóidh siad an próiseas tairisceana do chliaint. Déanfar na híocaíochta éarlaise a éilíonn na cliaint a rith trí bhíthin comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana;

(kb)  aon luach saothair cothromais agus ionstraimí a láimhseáiltear mar chothromas a shrianadh nó a thoirmeasc a oiread is féidir gan glanmhainneachtain a ghníomhachtú, lena n-áirítear íocaíochtaí díbhinne agus aischeannaigh ag an CPL, agus féadfaidh sé aon íocaíochtaí a thabharfar mar luach saothair athraitheach faoi Threoir 2013/36/AE agus faoi Threoirlínte ÚBE/GL/2015/22 de shochair phinsin lánroghnacha nó de phacáistí téarfa do bhainistíocht a shrianadh, a thoirmeasc nó a chalcadh.

2.  I gcás gach birt díobh sin, leagfaidh an t-údarás inniúil síos spriocdháta iomchuí agus déanfaidh sé meastóireacht ar éifeachtacht na mbeart sin a luaithe a bheidh siad curtha i gcrích.

2a.  Rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta i dtaca le hin-neamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhaitheacht gníomhartha dlí a dhéanfadh díobháil do chreidiúnaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le bearta luath-idirghabhála arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo.

3.  Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil na bearta dá bhforáiltear i bpointe (a) go pointe (k) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina mbeidh tionchar na mbeart sin ar na Ballstáit eile ina mbíonn an CPL ag feidhmiú nó ag soláthar seirbhísí curtha san áireamh, go háirithe i gcás ina mbeidh oibríochtaí an CPL cinntitheach nó tábhachtach do na margaí airgeadais áitiúla, lena n-áirítear na háiteanna ina bhfuil ionaid trádála agus BMAnna bunaithe atá nasctha le comhaltaí imréitigh.

4.  Ní fhéadfaidh an t-údarás inniúil an beart dá bhforáiltear i bpointe (i) de mhír 1 a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil an beart sin chun leasa an phobail é agus inar gá é chun aon cheann de na cuspóirí seo a leanas a bhaint amach:

(a)  cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chothú;

(b)  leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an CPL a choinneáil ar bhonn trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach;

(c)  stóinseacht airgeadais an CPL a chothú agus a threisiú.

Ní chuirfidh an t-údarás inniúil an beart dá bhforáiltear i bpointe (i) de mhír 1 i bhfeidhm maidir le bearta a bhaineann le haistriú maoine, ceart nó dliteanas de chuid CPL eile.

5.  I gcás ina ndéanfaidh CPL a mhainneachtain i bhfoirm cascáide a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, cuirfidh sé an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh ar an eolas ina thaobh gan moill mhíchuí agus míneoidh sé an laigí nó fadhbanna de chuid an CPL sin is cionsiocair leis an gcás sin.

6.  I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ÚEUM agus don údarás réitigh ina leith agus rachaidh sé i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta.

Tar éis dó na fógraí sin a thabhairt agus dul i gcomhairle leis an gcoláiste maoirseachta, cinnfidh an t-údarás inniúil an gcuirfidh sé aon cheann de na bearta dá bhforáiltear i mír 1 i bhfeidhm. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don choláiste maoirseachta, don údarás réitigh agus do ÚEUM i leith an chinnidh faoi na bearta atá le déanamh.

7.  Maidir leis an údarás réitigh, tar éis dó fógra a fháil faoin gcéad fhomhír de mhír 6, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL teagmháil a dhéanamh le ceannaitheoirí ionchasacha ionas gur féidir leis ullmhúchán a dhéanamh le haghaidh a réitigh féin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 41 agus na bhforálacha rúndachta a leagtar síos in Airteagal 71 agus chomh maith leis sin faoi réir an chreata maidir le sondálacha margaidh a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus i reachtaíocht ábhartha tharmligthe agus cur chun feidhme.

Airteagal 20

Bainisteoirí sinsearacha agus comhaltaí den bhord a chur as oifig

I gcás ina mbeidh meath suntasach ar staid airgeadais CPL nó i gcás ina mbeidh an CPL ag sárú na gceanglas dlíthiúil atá air, lena n-áirítear a rialacha oibríochta, agus i gcás nach leor na bearta eile a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an meath sin a chur ina cheart, féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go gcuirfear lucht na bainistíochta sinsearaí uile agus comhaltaí uile bhord an CPL as oifig nó cuid díobh.

Déanfar bainisteoirí sinsearacha nua nó comhaltaí nua den bhord a cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus déanfar sin faoi réir fhormheas agus thoiliú an údaráis inniúil.

Teideal IVa

Caillteanais a fhorchúiteamh

Airteagal 20a

Eisiúint ionstraimí úinéireachta i mbrabúis amach anseo do chomhaltaí imréitigh agus cliaint ar éirigh caillteanais dóibh

1.  I gcás ina bhfuil curtha i bhfeidhm ag CPL atá i mbun Téarnaimh, mar thoradh ar neamh-mhainneachtain, na socruithe agus na bearta chun luach na ngnóthachan is iníoctha ag an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus lena gcliaint a laghdú, mar a leagtar amach ina phlean téarnaimh de bhun phointe (l)(ii)(b) d’Airteagal 9(7b), agus a théann níos faide ná an mhainneachtain i bhfoirm cascáide a leagtar amach in Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus a gcliaint, féadfaidh Údarás Inniúil an CPL, a luaithe a bheidh leabhar comhoiriúnaithe athbhunaithe, ceangal a chur ar an CPL na rannpháirtithe a chúiteamh as a gcaillteanas, bíodh sin trí íocaíochtaí in airgead tirim nó, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé ceangal a chur ar an CPL ionstraimí úinéireachta a eisiúint i mbrabúis an CPL amach anseo.

Maidir le luach na n-ionstraimí úinéireachta i mbrabúis an CPL amach anseo arna n-éisiúint do gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana lena mbaineann, agus nach foláir a chur ar aghaidh do chliaint i bhfoirm oiriúnach, beidh sé i gcomhréir lena chaillteanas agus beidh sé bunaithe ar luacháil a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 24(3). Leis na hionstraimí úinéireachta sin, beidh an sealbhóir i dteideal íocaíochtaí a fháil ón CPL ar bhonn bliantúil go dtí go ndéanfar an caillteanas a fhorchúiteamh ina iomláine suas le líon uasta iomchuí blianta ó dháta na heisiúna. Déanfar sciar uasta iomchuí de bhrabúis bhliantúla an CPL a úsáid ar mhaithe le híocaíochtaí a bhaineann leis na hionstraimí úinéireachta sin.

2.  Ní laghdaítear leis an Airteagal seo ar fhreagracht comhaltaí imréitigh glacadh le caillteanais a théann níos faide ná an mhainneachtain i bhfoirm cascáide.

3.  Déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar an t-ord ina gcaithfear cúiteamh a íoc, an t-uasmhéid blianta iomchuí agus an sciar uasta iomchuí de bhrabúis bhliantúla an CPL dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [XXX tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tugtar de chumhacht don Choimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

TEIDEAL V

RÉITEACH

CAIBIDIL I

Cuspóirí, coinníollacha agus prionsabail ghinearálta

Airteagal 21

Cuspóirí réitigh

1.  Agus na huirlisí réitigh á n-úsáid ag an údarás réitigh agus na cumhachtaí réitigh á bhfeidhmiú aige, beidh aird aige ar na cuspóirí réitigh seo a leanas agus coimeádfaidh sé ar mheá chothrom iad de réir mar is iomchuí ag féachaint do chineál agus d’imthosca gach cáis:

(a)  leanúnachas a áirithiú i dtaca le feidhmeanna criticiúla an CPL, go háirithe:

(i)  oibleagáidí an CPL i leith a chomhaltaí imréitigh agus a gcliaint a shocrú go tráthúil;

(ii)  rochtain leanúnach na gcomhaltaí imréitigh ar urrúis nó cuntais airgid arna soláthar ag an CPL agus urrúis nó comhthaobhacht in airgead tirim atá ina sheilbh aige thar ceann na gcomhaltaí imréitigh sin;

(b)  leanúnachas na nasc sin leis na BMAnna a áirithiú a mbeadh drochthionchar ábhartha acu ar chobhsaíocht airgeadais nó ar chur i gcrích tráthúil na bhfeidhmeanna íocaíochtaí, imréitigh, socraíochta agus coinneála taifead dá gcuirfí isteach ar na naisc sin;

(c)  éifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcóras airgeadais a sheachaint, go háirithe trí chosc a chur le tógálacht anáis airgeadais go comhaltaí imréitigh an CPL, a gcliaint nó go dtí an córas airgeadais i gcoitinne, lena n-áirítear BMAnna eile, agus trí mhuinín an mhargaidh agus an pobal a chothabháil;

(d)  cistí poiblí a chosaint trí spleáchas ar an tacaíocht airgeadais phoiblí agus caillteanais ionchasacha do cháiníocóirí a laghdú a oiread is féidir;

(e)  an costas réitigh ar na creidiúnaithe uile dá ndéantar difear a laghdú a oiread is féidir agus scriosadh luach an CPL a sheachaint, ach amháin i gcás ina bhfuil gá leis an scriosadh sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

2.  Soláthróidh bord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL faoi réiteach don údarás réitigh an cúnamh go léir is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach.

Airteagal 22

Coinníollacha maidir le toiliú

1.  Déanfaidh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le CPL ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó ar dócha go gclisfidh air, arna chinneadh sin ag aon cheann díobh seo a leanas:

i)  an t-údarás inniúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh;

ii)  an t-údarás réitigh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, i gcás ina mbeidh na huirlisí is gá ag an údarás réitigh chun teacht ar an tátal sin;

(b)  nach bhfuil aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bhearta malartacha ón earnáil phríobháideach nó aon ghníomh maoirseachta, lena n-áirítear bearta luath-idirghabhála, go gcuirfidís cosc le cliseadh an CPL laistigh de thréimhse ama réasúnach, ag féachaint do na himthosca ábhartha uile; agus

(c)  go bhfuil gá le gníomh réitigh ar mhaithe le leas an phobail chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus socruithe conarthacha an CPL maidir le leithdháileadh caillteanais á gcur chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil na socruithe sin cuimsitheach agus nár leor de bheart chun na cuspóirí sin a bhaint amach an oiread céanna an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Chun críocha phointe (a)(ii), soláthróidh an t-údarás inniúil don údarás réitigh gan mhoill agus ar a thionscnamh féin le haon fhaisnéis lena bhféadfaí léiriú a thabhairt go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfidh air. Soláthróidh an t-údarás inniúil freisin don údarás réitigh, arna iarraidh sin, aon fhaisnéis eile is gá chun a mheasúnú a dhéanamh.

2.  Chun críocha phointe (a) de mhír 1, measfar go bhfuil ag cliseadh ar an CPL nó gur dócha go gclisfear air má bhaineann ceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas le hábhar:

(a)  go bhfuil na ceanglais údarúcháin atá ar CPL á sárú aige ar chaoi a thabharfadh údar lena údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 20 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó ar dócha go mbeidh siad á sárú ar an gcaoi sin aige;

(b)  nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, feidhm chriticiúil a fheidhmiú;

(c)  nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, a inmharthanacht a athbhunú trí chur chun feidhme a bheart téarnaimh;

(d)  nach bhfuil an CPL ábalta, nó ar dócha nach mbeidh sé ábalta, a fhiacha nó dliteanais eile a íoc nuair a bheidh siad dlite;

(e)  go bhfuil tacaíocht airgeadais phoiblí ▌ag teastáil ón CPL.

Chun críocha phointe (e) ní mheasfar gur tacaíocht airgeadais phoiblí beart tacaíochta i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(i)  gurb é atá ann ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag banc ceannais i gcomhréir le coinníollacha an bhainc ceannais nó ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;

(ia)  nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c) nó (d) den mhír seo tráth a dheonaítear an tacaíocht airgeadais phoiblí;

(ib)  go bhfuil gá leis na ráthaíochtaí Stáit dá dtagraítear i bpointe (i) chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;

(ii)  go bhfuil na ráthaíochtaí Stáit dá dtagraítear i bpointe (i) teoranta do CPLanna sócmhainneacha faoi réir coinníoll formheasa críochnaitheach faoi chreat Státchabhrach an Aontais, go bhfuil siad de chineál réamhchúramach agus sealadach, go bhfuil siad comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh dá dtagraítear i mír ib) a leigheas agus nach n-úsáidtear iad chun caillteanais atá tabhaithe ag an CPL, nó ar dócha go dtabhóidh sé iad amach anseo, a chúiteamh;

3.  Féadfaidh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh freisin i gcás ina measfaidh sé go bhfuil bearta téarnaimh á gcur i bhfeidhm ag an CPL nó go bhfuil sé ar intinn aige a dhéanamh, bearta lena bhféadfaí cosc a chur le cliseadh an CPL ach go mbeidh éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais acu.

3a.  Maidir leis an gcinneadh arna ghlacadh ag údarás réitigh lena meastar go bhfuil CPL atá i mbéal cliseadh nó ar dóigh dó cliseadh, ní fhéadfar agóid a dhéanamh ina aghaidh ach amháin ar an mbonn go raibh an cinneadh sin treallach agus míréasúnach tráth an chinnidh, ar bhonn an eolais a bhí ann ag an am sin.

4.  Déanfaidh ÚEUM treoirlínte a eisiúint maidir le cóineasú na gcleachtas maoirseachta agus réitigh a chur chun cinn a fhad a bhaineann leis na himthosca faoina measfar go bhfuil ag cliseadh ar CPL nó ar dóigh dó cliseadh [PO: cuir isteach dáta: laistigh de 12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], más iomchuí agus i gcás inarb iomchuí méideanna agus cineálacha éagsúla na CPLanna bunaithe san Aontas á gcur san áireamh.

Agus na treoirlínte sin á nglacadh, cuirfidh ÚEUM san áireamh na treoirlínte arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 32(6) de Threoir 2014/59/AE.

Airteagal 23

Prionsabail ghinearálta a bhaineann le réiteach

Déanfaidh an t-údarás réitigh na bearta ar fad is iomchuí chun na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 27 a úsáid agus chun na cumhachtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 48 a fheidhmiú i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a)  go ndéanfar na hoibleagáidí conarthacha uile agus na socruithe eile uile i bplean téarnaimh an CPL a fhorfheidhmiú ▌, sa mhéid nár ídíodh iad, sula gcuirfear tús le próiseas an réitigh, mura rud é, in imthosca eisceachtúla go gcinnfidh an t-údarás réitigh gurb iomchuí uirlisí réitigh a úsáid nó cumhachtaí réitigh a fheidhmiú chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach go tráthúil;

(b)  gurb iad scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach a iompróidh na chéad chaillteanais a bheidh ann de thoradh na n-oibleagáidí agus na socruithe dá dtagraítear i bpointe (a) a fhorfheidhmiú i gcomhréir leis an bpointe sin;

(c)  gurb iad creidiúnaithe an CPL faoi réiteach a iompróidh na caillteanais a bheidh ann i ndiaidh na scairshealbhóirí i gcomhréir le hord tosaíochta a n-éileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, ach amháin mar a fhoráiltear dá mhalairt go sainráite sa Rialachán seo;

(d)  go gcaithfear go cothrom le creidiúnaithe an CPL ar den aicme chéanna iad;

(e)  maidir le scairshealbhóirí an CPL, a chreidiúnaithe, a chomhaltaí imréitigh, nó cliaint na gcomhaltaí sin, nach dtabhóidh aon cheann díobh caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a thabhóidís i gcomhréir le hAirteagal 60;

(f)  go gcuirfear bord agus lucht bainistíochta sinsearaí an CPL a bheidh faoi réiteach faoi bhainistíocht eile, seachas sna cásanna sin ina measfaidh an t-údarás réitigh é a bheith riachtanach an bord agus lucht bainistíochta sinsearaí a choinneáil, go hiomlán nó go páirteach, chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(g)  go gcuirfidh na húdaráis réitigh ionadaithe na bhfostaithe ar an eolas agus go rachaidh siad i gcomhairle leo i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta nó lena gcleachtas náisiúnta;

(h)  i gcás inar cuid de ghrúpa é an CPL, cuirfidh na húdaráis réitigh san áireamh an tionchar a bheidh aige sin ar ghrúpeintitis eile agus ar an ngrúpa ina iomláine.

CAIBIDIL II

Luacháil

Airteagal 24

Cuspóirí na luachála

1.  I dtaca le gníomhaíochtaí réitigh a bheidh le déanamh, áiritheoidh na húdaráis réitigh gur ar bhonn luacháil lena n-áiritheofar measúnú cothrom, stuama agus réadúil ar shócmhainní, ar dhliteanais, ar chearta agus ar oibleagáidí an CPL a dhéanfar iad.

2.  Sula gcuirfidh an t-údarás réitigh CPL faoi réiteach, áiritheoidh sé go ndéanfar luacháil tosaigh chun a chinneadh ar comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach faoi Airteagal 22(1).

3.  Tar éis don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh CPL a chur faoi réiteach áiritheoidh sé go ndéanfar an dara luacháil chun na gcríoch seo a leanas:

(a)  faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoin ngníomhaíocht réitigh iomchuí atá le déanamh;

(b)  a áirithiú go n-aithneofar go hiomlán aon chaillteanais ar shócmhainní agus ar chearta an CPL tráth a chuirfear na huirlisí réitigh i bhfeidhm;

(c)  faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid an chealaithe nó an chaolaithe i dtaca le hionstraimí úinéireachta, agus le haghaidh an chinnidh faoi luach agus líon na n-ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint nó arna n-aistriú de thoradh fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh;

(d)  faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na díluachála nó an chomhshó i dtaca le haon dliteanais neamhurraithe, lena n-áirítear ionstraimí fiachais;

(e)  i gcás ina mbainfear feidhm as na huirlisí dáileacháin caillteanais agus suíomhanna, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi mhéid na gcaillteanas a bheidh le cur i bhfeidhm in aghaidh éilimh na gcreidiúnaithe dá ndéantar difear, in aghaidh oibleagáidí gan íoc nó in aghaidh suíomhanna i ndáil leis an CPL agus faoi mhéid an ghlao ar airgead i gcomhair réitigh agus an gá a bheidh leis;

(f)  i gcás ina mbainfear feidhm as an uirlis CPL idirlinne, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí nó na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an CPL idirlinne agus le haghaidh an chinnidh faoi luach aon chomaoine a fhéadfar a íoc leis an CPL faoi réiteach nó, i gcás inarb ábhartha, le húinéirí na n-ionstraimí úinéireachta;

(g)  i gcás ina mbainfear feidhm as an uirlis díolacháin ghnó, faisnéis a bhailiú le haghaidh an chinnidh faoi na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais nó faoi na hionstraimí úinéireachta a fhéadfar a aistriú chuig an tríú páirtí is ceannaitheoir agus faisnéis a bhailiú a chuirfidh bonn eolais faoi thuiscint an údaráis réitigh ar a bhfuil i gceist le téarmaí tráchtála chun críocha Airteagal 40.

(ga)  an praghas a bheidh ar aon fhoirceannadh conarthaí ag an údarás réitigh a bhunú, a mhéid is féidir, ar phraghas cothrom margaidh arna chinneadh ar bhonn rialacha agus socruithe an CPL, agus é sin a chur in ionad modh praghas-aimsithe eile má mheasann an t-údarás réitigh é a bheith riachtanach.

Chun críocha phointe (d), cuirfear san áireamh sa luacháil aon chaillteanais a dhéanfaí a iompar ach na hoibleagáidí gan íoc atá ar na comhaltaí imréitigh nó ar thríú páirtithe eile agus atá dlite don CPL a fhorfheidhmiú agus cuirfear san áireamh leibhéal an chomhshó atá le cur i bhfeidhm ar na hionstraimí fiachais.

4.  Ní fhéadfaidh na luachálacha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 bheith faoi réir achomharc i gcomhréir le hAirteagal 72 ach amháin in éineacht leis an gcinneadh faoi uirlis réitigh a úsáid nó faoi chumhacht réitigh a fheidhmiú.

Airteagal 25

Ceanglais maidir le luacháil

1.  Maidir leis na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24, áiritheoidh an t-údarás réitigh:

(a)  go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí agus ar CPL iad;

(b)  go ndéanfaidh údarás réitigh iad, i gcás nach féidir le duine dá dtagraítear i bpointe (a) iad a dhéanamh.

2.  Measfar na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 a bheith cinntitheach i gcás ina ndéanfaidh duine dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 iad agus ina gcomhlíonfar na ceanglais uile a leagtar síos san Airteagal seo.

3.  Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, beidh luacháil chinntitheach bunaithe ar thoimhdí stuama agus ní thoimhdeofar sa luacháil aon tacaíocht airgeadais phoiblí ▌a d’fhéadfadh a bheith ann, nó aon chúnamh leachtachta éigeandála ó bhanc ceannais, nó aon chúnamh leachtachta ó bhanc ceannais a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht agus le hús do CPL ón tráth a dhéanfar gníomhaíocht réitigh. Lena chois sin, cuirfear san áireamh sa luacháil gnóthú aon speansas réasúnach a thabhóidh an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 27(9).

4.  Forlíonfar luacháil chinntitheach leis an bhfaisnéis seo a leanas arna sealbhú ag an CPL:

(a)  clár comhardaithe atá cothrom le dáta agus tuarascáil ar staid airgeadais an CPL, lena n-áirítear acmhainní réamh-mhaoinithe eile atá ar fáil agus ceangaltais airgeadais atá gan íoc;

(b)  taifid na gconarthaí imréitithe dá dtagraítear in Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(c)  aon fhaisnéis faoin margadh agus faoi luachanna cuntasaíochta a shócmhainní, dliteanas agus suíomhanna, lena n-áirítear éilimh ábhartha agus oibleagáidí atá gan chomhlíonadh agus atá dlite don CPL nó atá ag dul dó.

5.  Tabharfar le fios i luacháil chinntitheach foroinnt na gcreidiúnaithe in aicmí i gcomhréir lena leibhéal tosaíochta faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme. Áireofar sa luacháil chomh maith meastachán ar an gcaoi a mbeifí ag súil go ndéanfaí gach aicme scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a láimhseáil agus an prionsabal a shonraítear i bpointe (e) d’Airteagal 23 á chur i bhfeidhm.

Ní dhéanfaidh an meastachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír dochar don luacháil dá dtagraítear in Airteagal 61.

6.  Agus aon chaighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 36(14) agus (15) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar:

(a)  na himthosca ina measfar go bhfuil duine neamhspleách ar an údarás réitigh agus ar an CPL araon chun críocha mhír 1 den Airteagal seo;

(b)  an mhodheolaíocht a úsáidfear chun measúnú a dhéanamh ar luach shócmhainní agus dhliteanais an CPL;

(c)  an chaoi a ndéanfar na luachálacha a scaradh faoi Airteagal 24 agus Airteagal 61.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [OP: cuirtear isteach an dáta: laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 26

Luacháil shealadach

1.  Measfar gur luachálacha sealadacha iad na luachálacha dá dtagraítear in Airteagal 24 nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 25(2).

Áireofar sna luachálacha sealadacha maolán i leith caillteanas breise mar aon le húdar iomchuí leis an maolán sin.

2.  I gcás ina ndéanfaidh údaráis réitigh gníomhaíocht réitigh ar bhonn luacháil shealadach, áiritheoidh siad go ndéanfar luacháil chinntitheach a luaithe is indéanta.

Maidir leis an luacháil chinntitheach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh an t-údarás réitigh:

(a)  gur féidir aitheantas iomlán a thabhairt d’aon chaillteanais de chuid an CPL ina leabhair;

(b)  go gcuirfidh sí bonn eolais faoi chinneadh éilimh ó chreidiúnaithe a aisiompú nó luach na comaoine íoctha a mhéadú, i gcomhréir le mír 3.

3.  I gcás ina mbeidh meastachán na luachála cinntithí ar ghlanluach sócmhainní an CPL níos airde ná meastachán na luachála sealadaí ar ghlanluach sócmhainní an CPL, féadfaidh an t-údarás réitigh:

(a)  an luach atá ar éilimh na gcreidiúnaithe lena mbaineann agus a bhfuil díluacháil nó athstruchtúrú déanta orthu a mhéadú;

(b)  ceangal a chur ar CPL idirlinne íocaíocht bhreise comaoine i ndáil leis na sócmhainní, na dliteanais, na cearta agus na hoibleagáidí a dhéanamh leis an CPL faoi réiteach nó, de réir mar a bheidh, i ndáil leis na hionstraimí úinéireachta, an íocaíocht a dhéanamh le húinéirí na n-ionstraimí sin.

4.  Agus aon chaighdeáin theicniúla rialála arna ndréachtú i gcomhréir le hAirteagal 36(15) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar, chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an maolán maidir le caillteanais bhreise atá le háireamh i luachálacha sealadacha a ríomh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [OP: cuirtear isteach an dáta: laistigh de 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

CAIBIDIL III

Uirlisí réitigh

Roinn 1

Prionsabail Ghinearálta

Airteagal 27

Forálacha ginearálta maidir le huirlisí réitigh

1.  Déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 trí úsáid a bhaint as aon cheann de na huirlisí réitigh seo a leanas ina n-aonar nó i gcomhcheangal ar bith:

(a)  an uirlis leithdháilte suíomhanna agus an uirlis leithdháilte caillteanais;

(b)  an uirlis díluachála agus comhshó;

(c)  an uirlis díola gnó;

(d)  an uirlis CPL idirlinne;

(e)  aon uirlis réitigh eile atá i gcomhréir le hAirteagal 21 agus le hAirteagal 23.

2.  I gcás géarchéim shistéamach, féadfaidh an t-údarás réitigh tacaíocht airgeadais phoiblí ▌a chur ar fáil freisin trí úsáid a bhaint as uirlisí cobhsaíochta rialtais i gcomhréir le hAirteagail 45, 46 agus 47 ar choinníoll go bhfaighfear formheas chuige sin roimh ré agus formheas críochnaitheach dá éis sin faoi chreat Státchabhrach an Aontais agus go ceapfar socruithe cuimsitheacha inchreidte chun na cistí arna soláthar thar thréimhse chuí ama a aisghabháil.

3.  Sula mbainfear úsáid as na huirlisí dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a fhorghníomhú:

(a)  aon chearta atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh de chuid an CPL, lena n-áirítear oibleagáidí conarthacha ag comhaltaí imréitigh glaonna ar airgead a shásamh, acmhainní breise a sholáthar don CPL, nó suíomhanna comhaltaí imréitigh mainneachtana a ghlacadh, bíodh sé trí cheant nó trí mhodh comhaontaithe eile i rialacha oibríochta an CPL;

(b)  aon oibleagáid chonarthach atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh a chuirfidh ceangal ar pháirtithe cé is moite de chomhaltaí imréitigh aon chineál tacaíochta airgeadais a sholáthar.

Féadfaidh an t-údarás réitigh na hoibleagáidí conarthacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) a fhorghníomhú i bpáirt i gcás nach féidir na hoibleagáidí conarthacha sin a fhorghníomhú ina n-iomláine laistigh d’achar réasúnta ama.

4.  De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an t-údarás réitigh gan na hoibleagáidí ábhartha atá ann cheana agus atá gan chomhlíonadh a fhorghníomhú i bpáirt nó ina n-iomláine chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais nó tógálacht fhorleathan a sheachaint, nó i gcás inarb oiriúnaí úsáid a bhaint as na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 chun cuspóirí réitigh a bhaint amach in am trátha.

▌6. I gcás ina mbeidh caillteanais le seasamh ag comhaltaí imréitigh de thoradh na húsáide a bhaintear as uirlis réitigh seachas an uirlis díluachála agus chomhshó, feidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht chun ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus a chomhshó díreach sula mbainfear úsáid as an uirlis réitigh nó go comhuaineach lena húsáid.

7.  I gcás ina gcuirfear i bhfeidhm na huirlisí réitigh dá dtagraítear i bpointe (c) nó pointe (d) de mhír 1, agus nach n-aistreofar ach cuid de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL faoi réiteach i gcomhréir le hAirteagal 40 agus Airteagal 42, déanfar cuid iarmharach an CPL sin a fhoirceannadh i gcomhréir le gnáthimeachtaí dócmhainneachta.

8.  Ní bheidh feidhm ag rialacha an dlí dócmhainneachta náisiúnta i dtaca le hin-neamhnitheacht nó neamh-infhorghníomhaitheacht gníomhartha dlí a dhéanfadh díobháil do chreidiúnaithe, ní bheidh feidhm acu maidir le haistrithe sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas ó CPL ar ina leith a bhaintear úsáid as uirlisí réitigh nó as uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais.

9.  Déanfaidh an t-údarás réitigh thar thréimhse chuí ama aon speansais réasúnacha, lena n-áirítear biseach riosca iomchuí, arna dtabhú i dtaca le húsáid na n-uirlisí nó cumhachtaí réitigh nó i dtaca le húsáid uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais a aisghabháil in aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)  ón CPL faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(b)  ó aon chomaoin a íocann ceannaitheoir i gcás inar úsáideadh an uirlis díola gnó;

(c)  ó aon fháltais a ghintear de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(ca)  ó aon chomhalta imréitigh, a mhéid nach dtabhóidh comhalta imréitigh caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a bheadh tabhaithe aige mura ndéanfadh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan chomhlíonadh de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile ina rialacha oibríochtúla nó go bhfoirceannfaí an CPL faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta;

(cb)  ó aon ioncam ó úsáid uirlisí cobhsaíochta an rialtais, lena n-áirítear na fáltais ó dhíol na n-ionstraimí úinéireachta dá dtagraítear in Airteagal 46 agus ó dhíol CPL atá faoi réir úinéireacht phoiblí shealadach dá dtagraítear in Airteagal 47.

9a.  Agus na méideanna atá le forchúiteamh de bhun na míre roimhe seo á gcinneadh aige, cuirfidh an t-údarás réitigh san áireamh an méid a bheadh de cheangal seachas sin ar chliaint agus ar chomhaltaí an CPL a ranníoc, faoi rialacha agus socruithe an CPL agus i gcás réitigh araon, dá mba rud é nach raibh tacaíocht phoiblí deonaithe ag na húdaráis.

10.  Agus na huirlisí réitigh á n-úsáid, áiritheoidh na húdaráis réitigh, ar bhonn luacháil a chomhlíonann Airteagal 25, leithdháileadh iomlán na gcaillteanas, athbhunú an leabhair chomhoiriúnaithe, athshlánú acmhainní réamh-mhaoinithe an CPL nó an CPL idirlinne, agus athchaipitliú an CPL nó an CPL idirlinne.

Airteagal 27a

Ní bheidh feidhm ag an bhféidearthacht rannpháirtithe CPL a chúiteamh maidir lena gcaillteanais chonarthacha faoi cheanglas i gcás na gcéimeanna bainistithe mainneachtana nó athshlánaithe.

Roinn 2

Uirlisí leithdháilte suíomhanna agus leithdháilte caillteanais

Airteagal 28

Cuspóir agus raon feidhme na n-uirlisí leithdháilte suíomhanna agus caillteanais

1.  Bainfidh údaráis réitigh úsáid as an uirlis leithdháilte suíomhanna i gcomhréir le hAirteagal 29 agus na huirlisí leithdháilte caillteanais i gcomhréir le hAirteagal 30 agus Airteagal 31.

2.  Féadfar úsáid a bhaint as na huirlisí dá dtagraítear i mír 1 i ndáil leis na conarthaí uile a bhaineann le seirbhísí imréitigh agus leis an gcomhthaobhacht a bhaineann leis na seirbhísí sin arna breacadh le CPL.

3.  Bainfidh údaráis réitigh úsáid as an uirlis leithdháilte suíomhanna dá dtagraítear in Airteagal 29 chun leabhar an CPL nó, i gcás inarb ábhartha, an CPL idirlinne a ath-chomhoiriúnú.

Bainfidh údaráis réitigh úsáid as na huirlisí leithdháilte caillteanais dá dtagraítear in Airteagal 30 agus Airteagal 31 chun críocha aon cheann de na cuspóirí seo a leanas:

(a)  chun caillteanais an CPL arna measúnú i gcomhréir le hAirteagal 27(10) a chumhdach;

(b)  chun cur ar chumas an CPL an athuair oibleagáidí íocaíochta a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite;

(ba)  chun athbhunú leabhair chomhoiriúnaithe a éascú;

(c)  chun athbhunú leabhair chomhoiriúnaithe a éascú trí chistí a sholáthar don CPL chun tairiscint ceantála a íoc lena gcuirtear ar chumas an CPL suíomhanna an mhainnitheora a leithdháileadh nó íocaíochtaí a dhéanamh ar na conarthaí a foirceannadh de bhun Airteagal 29;

(d)  chun an toradh dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) maidir le CPL idirlinne a bhaint amach;

(e)  chun tacú le haistriú ghnó an CPL chuig tríú páirtí sócmhainneach trí uirlis díola gnó.

Airteagal 29

Foirceannadh conarthaí – i bpáirt nó go hiomlán

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh cuid de na conarthaí seo a leanas nó iad ar fad a fhoirceannadh:

(a)  conarthaí an chomhalta imréitigh ar mainneachtain;

(b)  conarthaí na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní lena mbaineann;

(c)  conarthaí an CPL atá faoi réiteach.

1a.  Agus an chumhacht faoi mhír 1 á feidhmiú aige, déanfaidh an t-údarás réitigh conarthaí dá dtagraítear faoi phointí (a), (b) agus (c) den mhír sin a fhoirceannadh ar bhealach comhchosúil, gan idirdhealú a dhéanamh idir contrapháirtithe conarthacha sin, cé is moite de na hoibleagáidí conarthacha sin nach féidir a fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse ama réasúnach.

2.  Ní fhéadfaidh an t-údarás réitigh na conarthaí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 a fhoirceannadh ach amháin i gcás nach ndearnadh aistriú na sócmhainní agus na suíomhanna de thoradh na gconarthaí sin de réir bhrí Airteagal 48(5) agus (6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

3.  Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do na comhaltaí imréitigh ábhartha uile faoin dáta a dhéantar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh.

4.  Sula ndéanfar aon chonradh dá dtagraítear i mír 1 a fhoirceannadh, glacfaidh an t-údarás réitigh na céimeanna seo a leanas:

(a)  cuirfidh sé ceangal ar an CPL faoi réiteach gach conradh a luacháil agus iarmhéideanna cuntais gach comhalta imréitigh a nuashonrú;

(b)  cinnfidh sé an ghlansuim atá iníoctha ag gach comhalta imréitigh nó atá iníoctha leis, agus aon chorrlach athrúcháin atá dlite ach atá gan íoc a chur san áireamh, lena n-áirítear corrlach athrúcháin atá dlite de thoradh na luachálacha conartha dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)  cuirfidh sé na glansuimeanna cinnte in iúl do gach comhalta imréitigh agus baileoidh sé iad dá réir.

A luaithe a fhoirceannfar an conradh, cuirfidh an t-údarás réitigh in iúl don údarás inniúil, go tráthúil, maidir le haon chliant arna ainmniú mar O-SII ar foirceannadh a chonradh.

4a.  Déanfar an praghas a bheidh ar aon chonarthaí a fhoirceannadh ag an údarás réitigh a bhunú ar phraghas cothrom margaidh arna chinneadh ar bhonn rialacha agus socruithe an CPL, nó, más rud é go measfaidh an t-údarás réitigh modh malartach a bheith riachtanach, déanfar an praghas sin a chinneadh trí aon mhodh praghas-aimsithe eile.

5.  I gcás nach mbeidh comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ábalta an ghlansuim a chinntear i gcomhréir le mír 4 a íoc, féadfaidh an t-údarás imréitigh ceangal a chur ar an CPL an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana a chur ar mainneachtain agus úsáid a bhaint as a chorrlach tosaigh agus a ranníocaíocht i leith an chiste mainneachtana i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

6.  I gcás ina mbeidh conradh amháin nó níos mó de na cineálacha conartha dá dtagraítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c) de mhír 1 foirceanta ag údarás réitigh, cuirfidh an t-údarás réitigh cosc sealadach ar an CPL imréiteach a dhéanamh ar aon chonradh nua den chineál céanna leis an gconradh a foirceannadh.

Ní fhéadfaidh an t-údarás réitigh cead a thabhairt don CPL tosú ar imréiteach na gcineálacha conartha sin an athuair ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  comhlíonann an CPL ceanglais Rialachán (AE) Uimh 648/2012;

(b)  eisíonn agus foilsíonn an t-údarás réitigh fógra ina chuirtear sin in iúl trí úsáid a bhaint as na modhanna dá dtagraítear in Airteagal 70(3).

Airteagal 30

Laghdú ar luach na ngnóthachan atá iníoctha ag CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus a gcliaint

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh méid luacha oibleagáidí íocaíochta an CPL le comhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana agus a gcliaint a laghdú i gcás ina dtiocfaidh na hoibleagáidí sin ó ghnóthachain atá dlite i gcomhréir le próisis an CPL chun corrlach athrúcháin nó íocaíocht atá coibhéiseach go heacnamaíoch a íoc. Cuirfidh comhaltaí imréitigh a gcliaint ar an eolas gan mhoill maidir le húsáid na huirlise réitigh agus maidir leis an gcaoi a ndéanann an úsáid sin difear dóibh.

2.  Ríomhfaidh an t-údarás réitigh aon laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as sásra leithdháileacháin cothromasach a chinntear sa luacháil a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 24(3) agus a chuirtear in iúl do na comhaltaí imréitigh a luaithe agus a bhaintear úsáid as an uirlis réitigh. Beidh na gnóthachain ghlana iomlána atá le laghdú i gcomhair gach comhalta imréitigh i gcomhréir leis na méideanna atá dlite ón CPL.

3.  Beidh feidhm ag an laghdú i luach na ngnóthachan atá iníoctha agus beidh sé ina cheangal láithreach ar an CPL agus ar chomhaltaí imréitigh lena mbaineann ón uair a dhéanfaidh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh.

3a.  Déanfar aon úsáid a bhaintear as na cumhachtaí dá dtagraítear san Airteagal seo agus a dhéanann difear do shuíomhanna cliaint arna ainmniú mar O-SII a chur in iúl d’údarás inniúil an chliaint sin go tráthúil.

4.  Ní bheidh aon éileamh ag comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana in aon imeachtaí ina dhiaidh sin in aghaidh an CPL, nó in aghaidh an eintitis a thiocfaidh i gcomharbacht air, a thiocfaidh as laghdú ar oibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1.

5.  I gcás nach laghdóidh an t-údarás réitigh luach na ngnóthachan atá iníoctha ach i bpáirt, leanfaidh an méid iarmharach is iníoctha atá gan íoc de bheith dlite don chomhalta imréitigh neamh-mhainneachtana.

5a.  Áireoidh an CPL ina rialacha oibríochtúla tagairt don chumhacht chun na hoibleagáidí íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 a laghdú sa bhreis ar aon socruithe comhchosúla dá bhforáiltear sna rialacha oibriochtúla sin tráth an téarnaimh. Áiritheoidh an CPL go dtabharfar na socruithe conarthacha chun críche ionas go bhféadfaidh an tÚdarás Réitigh a chumhachtaí a fheidhmiú faoin Airteagal seo.

Airteagal 31

Glao ar airgead i gcomhair réitigh

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ranníocaíochtaí in airgead tirim a dhéanamh leis an CPL. Déanfaidh an t-údarás réitigh méid na ranníocaíochtaí in airgead tirim sin a chinneadh chun na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21(1) a ghnóthú ar an mbealach is fearr.

I gcás ina bhfeidhmeoidh an CPL ilchistí mainneachtana, comhfhreagróidh méid na ranníocaíochta in airgead tirim dá dtagraítear sa chéad fhomhír do ranníocaíocht an chomhalta imréitigh leis an gciste mainneachtana nó le cistí mainneachtana na seirbhíse imréitigh nó na haicme sócmhainní lena mbaineann.

Féadfaidh an t-údarás an glao ar airgead i gcomhair réitigh a fheidhmiú, bíodh triail bainte as na hoibleagáidí conarthacha uile lena n-éilítear ranníocaíochtaí airgid thirim ó chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana nó ná bíodh.

Cinnfidh an t-údarás réitigh méid ranníocaíocht airgid thirim gach comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana i gcomhréir le ranníocaíocht an chomhalta imréitigh leis an gciste mainneachtana.

2.  Mura n-íocann comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana an méid atá ceangailteach, féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL an comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana sin a chur ar mainneachtain agus úsáid a bhaint as corrlach tosaigh agus ranníocaíocht i leith chiste mainneachtana an chomhalta imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2a.  Áireoidh an CPL tagairt don ghlao ar airgead i gcomhair réitigh sa bhreis ar na glaonna ar airgead i gcomhair téarnaimh ina rialacha oibríochtúla agus áiritheoidh sé go dtabharfar na socruithe conarthacha chun críche ionas go bhféadfaidh an t-údarás réitigh a chumhachtaí a fheidhmiú faoin Airteagal seo.

2b.  Saineoidh an t-údarás réitigh méid an ghlao ar airgead i gcomhair réitigh a bheidh le háireamh sna rialacha oibríochtúla, agus beidh sé sin coibhéiseach ar a laghad le ranníocaíocht an chomhalta imréitigh leis an gciste mainneachtana.

2c.  Saineoidh an t-údarás réitigh méid an ghlao ar airgead i gcomhair réitigh a bheidh le háireamh sna rialacha oibríochtúla.

Roinn 3

Ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó

Airteagal 32

Ceanglas maidir le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil nó a chomhshó

1.  Bainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i gcomhréir le hAirteagal 33 i ndáil le hionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an CPL faoi réiteach nó dliteanais neamhurraithe eile chun caillteanais a iompar, chun an CPL sin nó CPL idirlinne a athchaipitliú, nó chun tacú le húsáid na huirlise díola gnó.

▌2. Bunaithe ar an luacháil a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 24(3), cinnfidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas:

(a)  an méid ar dá réir nach mór ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a dhíluacháil agus aon chaillteanais atá le hiompar trí aon oibleagáidí de na comhaltaí imréitigh nó tríú páirtithe eile atá gan chomhlíonadh agus atá dlite don CPL a fhorghníomhú;

(b)  an méid ar de réir nach mór ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó ina n-ionstraimí úinéireachta chun ceanglais stuamachta an CPL nó an CPL idirlinne a athshlánú.

Airteagal 33

Forálacha lena rialaítear díluacháil nó comhshó ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile

1.  Bainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh is infheidhme faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

2.  Sula ndéanfar príomhshuim na n-ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú nó a chomhshó, laghdóidh an t-údarás réitigh luach barúlach na n-ionstraimí úinéireachta i gcomhréir leis na caillteanais agus suas go dtí a luach iomlán, i gcás inar gá.

Más rud é, i gcomhréir leis an luacháil a rinneadh de bhun Airteagal 24(3), go gcoimeádfaidh an CPL glanluach deimhneach i ndiaidh luach na hionstraimí úinéireachta a laghdú, cuirfidh an t-údarás réitigh na hionstraimí úinéireachta sin ar ceal, nó, de réir mar a bheidh, déanfaidh sé iad a mhaolú.

3.  Déanfaidh an t-údarás réitigh príomhshuim na n-ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a laghdú, a chomhshó, nó an dá rud, a mhéid is gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, agus suas go dtí luach iomlán na n-ionstraimí nó na ndliteanas sin, i gcás inar gá.

4.  Ní bhainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an uirlis díluachála agus comhshó i ndáil leis na dliteanais seo a leanas:

(a)  dliteanais i leith fostaithe, maidir le tuarastal fabhraithe, sochair phinsin nó luach saothair socraithe eile, seachas comhpháirt athraitheach an luacha saothair nach bhfuil rialáilte le comhaontú cómhargála;

(b)  dliteanais i leith creidiúnaithe tráchtála nó trádála a eascraíonn as earraí nó seirbhísí a sholáthar don CPL, arb earraí agus seirbhísí iad atá fíor-riachtanach d’fheidhmiú laethúil a oibríochtaí, lena n-áirítear seirbhísí TF, fóntais agus cíos, seirbhísiú agus cothabháil an áitribh;

(c)  dliteanais i leith údaráis chánach agus údaráis slándála sóisialta, ar choinníoll gur dliteanais tosaíochta iad na dliteanais sin faoin dlí dócmhainneachta is infheidhme;

(d)  dliteanais atá dlite do chórais nó d’oibreoirí córas atá ainmnithe i gcomhréir le Treoir 98/26/CE.

5.  I gcás ina laghdófar méid barúlach ionstraime úinéireachta nó príomhshuim na hionstraime fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile, beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a)  laghdú buan a bheidh ann;

(b)  ní bheidh éileamh ag sealbhóir na hionstraime maidir leis an laghdú sin, cé is moite d’aon dliteanas atá fabhraithe cheana, aon dliteanas i leith damáistí a d’fhéadfadh teacht chun cinn de thoradh achomharc ina ndéantar agóid in aghaidh dhlíthiúlacht an laghdaithe sin agus aon éileamh bunaithe ar ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint nó arna n-aistriú de bhun mhír 6;

(c)  i gcás nach mbeidh ann ach laghdú páirteach, leanfaidh an comhaontú lenar cruthaíodh an dliteanas tosaigh d’fheidhm a bheith aige i dtaca leis an méid iarmharach atá faoi réir leasuithe riachtanacha ar théarmaí an chomhaontaithe sin mar gheall ar an laghdú.

Ní chuirfidh pointe (a) cosc ar údaráis réitigh sásra uasluachála a úsáid chun sealbhóirí ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile a chúiteamh agus, ina dhiaidh sin, sealbhóirí ionstraimí úinéireachta, i gcás ina bhfaighfear amach go sáraíonn an leibhéal díluachála atá bunaithe ar luacháil shealadach méideanna riachtanacha nuair a dhéantar measúnú air sin i gcoinne na luachála cinntithí dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

6.  Agus ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile á gcomhshó de bhun mhír 3, féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar CPLanna nó ar a máthairghnóthais ionstraimí úinéireachta a eisiúint do shealbhóirí ionstraimí fiachais nó dliteanas neamhurraithe eile nó iad a aistriú chucu.

7.  Ní dhéanfaidh an t-údarás réitigh ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó de bhun mhír 3 ach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá comhaontú údarás inniúil an mháthairghnóthais faighte ag an údarás réitigh i gcás ina mbeidh ceangal ar an máthairghnóthas na hionstraimí úinéireachta a eisiúint;

(b)  eisítear na hionstraimí úinéireachta sula n-eiseoidh an CPL aon ionstraimí úinéireachta chun go gcuirfidh an Stát nó eintiteas rialtais cistí dílse ar fáil;

(c)  is cúiteamh iomchuí do shealbhóirí fiachais lena mbaineann an ráta comhshó, ar aon dul leis an gcaoi a láimhsítear iad faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

I gcás ina ndéanfar ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile a chomhshó go hionstraimí úinéireachta, déanfar na hionstraimí úinéireachta a shuibscríobh nó a aistriú gan mhoill i ndiaidh an chomhshó.

8.  Chun críocha mhír 7, áiritheoidh an t-údarás réitigh, i gcomhthéacs fhorbairt agus chaomhnú phlean réitigh an CPL agus mar chuid de na cumhachtaí baic ar inréititheacht an CPL a bhaint, go bhféadfaidh an CPL an líon ionstraimí úinéireachta is gá a eisiúint i gcónaí.

Airteagal 34

Tionchar díluachála agus comhshó

Cuirfidh an t-údarás réitigh na cúraimí uile riaracháin agus nós imeachta is gá i gcrích nó déanfaidh sé a cheangal iad a chur i gcrích chun éifeacht a thabhairt d’úsáid na huirlise díluachála agus comhshó, lena n-áirítear:

(a)  gach clár ábhartha a leasú;

(b)  ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais a dhíliostú ó thrádáil nó iad a bhaint ó thrádáil;

(c)  ionstraimí úinéireachta nua a liostú nó a ligean isteach chun a dtrádála;

(d)  aon ionstraimí fiachais a bhfuil díluacháil déanta orthu a athliostú nó a athligean isteach chun a dtrádála, gan an ceanglas maidir le réamheolaire a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15).

Airteagal 35

Deireadh a chur le constaicí nós imeachta maidir le díluacháil agus comhshó

I gcás ina gcuirfear an dara fomhír d’Airteagal 32(1) i bhfeidhm, cuirfidh an t-údarás inniúil ceangal ar CPLanna, nó ar a máthairghnóthais, líon leordhóthanach ionstraimí úinéireachta a chaomhnú i gcónaí chun a áirithiú go bhféadfaidh na CPLanna sin nó a máthairghnóthais ionstraimí úinéireachta nua leordhóthanacha a eisiúint agus go bhféadfaí eisiúint ionstraimí úinéireachta nó an comhshó in ionstraimí úinéireachta a chur i bhfeidhm go héifeachtach.

Úsáidfidh an t-údarás réitigh an uirlis díluachála agus comhshó beag beann ar aon fhorálacha in ionstraimí corpraithe nó i reachtanna an CPL, agus gan beann ar chearta réamhcheannaigh i gcomhair scairshealbhóirí nó ceanglais le haghaidh thoiliú na scairshealbhóirí an caipiteal a mhéadú.

Airteagal 36

Plean atheagrúcháin gnó a chur isteach

1.  Laistigh d’aon mhí amháin tar éis na huirlisí dá dtagraítear in Airteagal 32 a úsáid, déanfaidh CPLanna athbhreithniú ar na cúiseanna a bhí lena mhainneachtain, agus cuirfidh siad faoi bhráid an údaráis réitigh é taobh le plean atheagrúcháin gnó i gcomhréir le hAirteagal 37. I gcás ina mbeidh creat Státchabhrach an Aontais infheidhme, beidh an plean sin comhoiriúnach leis an bplean athstruchtúraithe a cheanglaítear ar an CPL a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an gcreat sin.

I gcás inar gá chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach, féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh suas go dhá mhí ar a mhéad a chur leis an tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  I gcás ina n-éileofar fógra a thabhairt i leith plean athstruchtúraithe laistigh de chreat Státchabhrach an Aontais, beidh cur isteach an phlean atheagrúcháin gnó gan dochar don spriocdháta a leagtar síos i gcomhair chur isteach an phlean athstruchtúraithe sin i gcreat Státchabhrach an Aontais.

3.  Cuirfidh an t-údarás réitigh an t-athbhreithniú agus an plean atheagrúcháin gnó, agus aon leasú a dhéantar air i gcomhréir le hAirteagal 38, faoi bhráid an údaráis inniúil agus an choláiste réitigh.

Airteagal 37

Ábhar an phlean atheagrúcháin gnó

1.  Leis an bplean atheagrúcháin gnó dá dtagraítear in Airteagal 36, leagfar amach bearta arb é is aidhm dóibh inmharthanacht fhadtéarmach an CPL nó codanna dá ghnó a athshlánú laistigh d’achar ama réasúnach. Bunófar na bearta sin ar thoimhdí réalaíocha i dtaca le dálaí na margaí eacnamaíocha agus airgeadais faoina bhfeidhmeoidh an CPL.

Sa phlean atheagrúcháin gnó cuirfear san áireamh staid na margaí airgeadais faoi láthair gona staid ionchasach agus léireofar na toimhdí maidir leis an gcás is measa chomh maith leis an gcás is fearr, lena n-áirítear teaglaim imeachtaí chun príomhleochaileachtaí an CPL a aithint. Cuirfear na toimhdí i gcomparáid le tagarmharcanna uile-earnála iomchuí.

2.  Áireofar na gnéithe seo a leanas ar a laghad sa phlean atheagrúcháin gnó:

(a)  anailís mhionsonraithe ar na fachtóirí agus na dálaí ba údar le cliseadh an CPL nó lena chliseadh dóchúil;

(b)  tuairisc ar na bearta le glacadh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athshlánú;

(c)  clár ama le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin.

3.  Ar na bearta arb é is aidhm dóibh inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athshlánú, féadfar na cinn seo a áireamh:

(a)  atheagrúchán agus athstruchtúrú ghníomhaíochtaí an CPL;

(b)  athruithe ar chórais oibríochtúla agus ar bhonneagar an CPL;

(c)  sócmhainní nó línte gnó a dhíol.

3a.  I gcás ina ndéanfar creat an Aontais maidir le Státchabhair a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus (2), ba cheart don údarás réitigh, don údarás inniúil agus don Choimisiún comhordú a dhéanamh ar mheasúnú na mbeart a soláthraíodh chun inmharthanacht fhadtéarmach an CPL a athbhunú, ar aon iarraidh ar atíolacadh plean leasaithe ag an CPL agus ar ghlacadh críochnaitheach an phlean atheagrúcháin gnó nó an phlean athstruchtúraithe.

3b.  Déanfaidh ÚEUM faoin ... [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun go sonrófar tuilleadh na gnéithe íosta is ceart a áireamh i bplean atheagrúcháin gnó de bhun mhír 2.

3c.  Agus, i gcás inarb iomchuí, taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 3a á gcur san áireamh, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar tuilleadh na gnéithe íosta is ceart a áireamh i bplean atheagrúcháin gnó de bhun mhír 2.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 38

An plean atheagrúcháin gnó a mheasúnú agus a ghlacadh

1.  Laistigh de mhí amháin ón dáta a chuireann an CPL an plean atheagrúcháin gnó isteach de bhun Airteagal 36(1), déanfaidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil measúnú féachaint an athshlánódh na bearta dá bhforáiltear sa phlean sin inmharthanacht fhadtéarmach an CPL ar bhealach ar féidir brath air.

I gcás ina mbeidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil sásta go n-athshlánódh an plean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, faomhfaidh an t-údarás réitigh an plean.

2.  I gcás nach mbeidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil sásta go n-athshlánódh na bearta dá bhforáiltear sa phlean inmharthanacht fhadtéarmach an CPL, tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don CPL i leith an ábhair imní atá air agus cuirfidh sé ceangal air plean leasaithe ina dtugtar aghaidh ar na hábhair imní sin a chur isteach arís laistigh de dhá sheachtain ón uair a thabharfar an fógra.

3.  Déanfaidh an t-údarás réitigh agus an t-údarás inniúil measúnú ar an bplean arna chur isteach arís agus tabharfaidh siad fógra don CPL laistigh de sheachtain amháin ón dáta a fhaigheann siad an plean sin ar tugadh aghaidh ar na hábhair imní ar bhealach iomchuí nó an gá tuilleadh leasuithe.

3a.  Déanfaidh ÚEUM faoin ... [18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 chun go sonrófar tuilleadh na critéir a bheidh le comhlíonadh ag plean atheagrúcháin gnó lena bhformheas de bhun mhír 1.

3b.  Agus, i gcás inarb iomchuí, taithí a fuarthas le linn chur i bhfeidhm na dtreoirlínte dá dtagraítear i mír 3a, féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun go sonrófar tuilleadh na critéir íosta a bheidh le comhlíonadh ag plean atheagrúcháin gnó lena bhformheas de bhun mhír 1s.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 39

An plean atheagrúcháin gnó a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air

1.  Cuirfidh an CPL an plean atheagrúcháin gnó chun feidhme agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid an údaráis réitigh agus an údaráis inniúil faoi mar a iarradh agus, ar a laghad, uair amháin in aghaidh gach sé mhí maidir leis an dul chun cinn atá déanta aige an plean a chur chun feidhme.

2.  Féadfaidh an t-údarás réitigh, le comhaontú an údaráis inniúil, ceangal a chur ar an CPL an plean a athbhreithniú i gcás inar gá chun an aidhm dá dtagraítear in Airteagal 37(1) a bhaint amach.

Cuirfidh an CPL an leagan leasaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an údaráis réitigh lena mheasúnú i gcomhréir le hAirteagal 38(3). Déanfaidh an t-údarás réitigh, i gcás ina bhfuil feidhm ag creat Státchabhrach an Aontais, an measúnú sin a chomhordú leis an gCoimisiún.

Roinn 4

An uirlis díolta gnó

Airteagal 40

An uirlis díolta gnó

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig ceannaitheoir nach CPL idirlinne é:

(a)  ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach;

(b)  aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann le CPL faoi réiteach.

Déanfar an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL nó aon tríú páirtí cé is moite den cheannaitheoir agus gan aon cheanglais nós imeachta faoi dhlí na gcuideachtaí nó faoi dhlí na n-urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 41.

2.  Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, ag féachaint do na himthosca agus i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, glacfaidh an t-údarás réitigh gach céim réasúnach chun téarmaí tráchtála a bhaint amach atá i gcomhréir leis an luacháil a dhéantar faoi Airteagal 24(3).

3.  Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, beidh aon chomaoin a íocann ceannaitheoir ina sochar ag:

(a)  úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL a aistriú ó shealbhóirí na n-ionstraimí sin chuig an gceannaitheoir;

(b)  an CPL, i gcás ina ndearnadh an gnó a dhíol trí shócmhainní nó trí dhliteanais an CPL ar fad nó cuid díobh a aistriú chuig an gceannaitheoir;

(c)  aon chomhaltaí imréitigh neamh-mhainneachtana ar éirigh caillteanais dóibh roimh an réiteach.

Déanfar leithdháileadh aon chomaoine arna híoc ag ceannaitheoir i gcomhréir le mainneachtain i bhfoirm cascáide an CPL mar a leagtar amach in Airteagal 43 agus Airteagal 45 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus i gcomhréir le tosaíocht na n-éileamh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

4.  Féadfaidh an t-údarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag an CPL nó, de réir mar a bheidh, de shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a dhéanamh.

5.  Féadfaidh an t-údarás réitigh, le toiliú an cheannaitheora, na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistríodh chuig an gceannaitheoir a aistriú ar ais chuig an CPL, nó na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na daoine ar leo iad i dtosach.

I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tógfaidh an CPL nó na húinéirí ar leo iad i dtosach, tógfaidh siad ar ais aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais, nó ionstraimí úinéireachta den sórt sin.

6.  Cuirfear i gcrích aon aistriú a dhéantar de bhun mhír 1, bíodh údarú ag an gceannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích de thoradh na héadála nó ná bíodh.

I gcás nach n-údarófar don cheannaitheoir na seirbhísí a sholáthar agus na gníomhaíochtaí a chur i gcrích de thoradh na héadála, cuirfidh an t-údarás réitigh, i gcomhairle leis an údarás inniúil, dícheall cuí i bhfeidhm ar an gceannaitheoir agus áiritheoidh sé go ndéanfaidh an ceannaitheoir iarratas ar údarú a luaithe is indéanta agus, ar a dhéanaí, laistigh de mhí amháin ón uair a úsáidtear an uirlis díola gnó. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go ndéanfar aon iarratas den sórt sin ar údarú a mheas ar bhealach brostaithe.

7.  I gcás ina dtiocfaidh éadáil sealúchais cháilithigh nó méadú ar shealúchas cáilitheach dá dtagraítear in Airteagal 31(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 as aistriú na n-ionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an t-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear san Airteagal sin laistigh de thréimhse ama nach gcuireann moill ar chur i bhfeidhm na huirlise díola gnó ná nach gcuireann cosc leis an ngníomhaíocht réitigh na cuspóirí réitigh ábhartha a bhaint amach.

8.  I gcás nach gcríochnóidh an t-údarás inniúil an measúnú dá dtagraítear i mír 7 faoin dáta a bheidh feidhm le haistriú na n-ionstraimí úinéireachta, beidh feidhm leis an méid seo a leanas:

(a)  beidh éifeacht dlí láithreach ag aistriú na n-ionstraimí úinéireachta ón dáta a aistrítear iad;

(b)  le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), cuirfear ar fionraí cearta vótála an cheannaitheora a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta sin agus is san údarás réitigh amháin a dhílseofar iad, agus ní bheidh aon oibleagáid ar an údarás réitigh na cearta sin a fheidhmiú agus ní bheidh sé faoi dhliteanas iad a fheidhmiú nó staonadh ó iad a fheidhmiú;

(c)  le linn na tréimhse measúnaithe agus le linn aon tréimhse dífheistithe dá bhforáiltear i bpointe (f), ní bheidh feidhm maidir leis an aistriú sin ag aon phionóis ná bearta i leith na gceanglas a shárú maidir le héadálacha nó diúscairtí sealúchas cáilitheach a bheartaítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)  tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra i scríbhinn don údarás réitigh agus don cheannaitheoir i leith thoradh a mheasúnaithe i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 go pras tar éis dó a mheasúnú a chur i gcrích;

(e)  i gcás nach gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne an aistrithe, measfar na cearta vótála a ghabhann leis na hionstraimí úinéireachta a bheith dílsithe ina n-iomláine sa cheannaitheoir ón lá a thabharfar an fógra dá dtagraítear i bpointe (d);

(f)  i gcás ina gcuirfidh an t-údarás inniúil i gcoinne aistriú na n-ionstraimí úinéireachta, leanfaidh pointe (b) d’fheidhm a bheith aige agus féadfaidh an t-údarás réitigh, tar éis dó na dálaí margaidh a chur san áireamh, tréimhse dífheistithe a chur ar bun ina ndéanfaidh an ceannaitheoir na hionstraimí úinéireachta sin a dhífheistiú.

9.  Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar an ceannaitheoir a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart den sórt sin a fheidhmiú a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

10.  Ní chuirfear cosc ar an gceannaitheoir dá dtagraítear i mír 1 cearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais íocaíochta agus socraíochta nó ar aon bhonneagar eile margaidh airgeadais ar choinníoll go gcomhlíonann an ceannaitheoir na critéir le haghaidh ballraíochta nó rannpháirtíochta sna córais agus bonneagair sin.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an ceannaitheoir na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an ceannaitheoir leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais agus ar na bonneagair sin faoi réir a fhormheasta ag údarás réitigh. Ní dheonófar an formheas sin ach amháin ar feadh tréimhse ama nach faide ná 12 mhí.

11.  Ar feadh tréimhse 12 mhí, ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta ná ar aon bhonneagar eile margaidh airgeadais don cheannaitheoir ar an bhforas nach bhfuil rátáil chreidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa ag an gceannaitheoir, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó ar na bonneagair sin.

12.  Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, maidir leis na scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh agus cliaint an CPL faoi réiteach agus tríú páirtithe eile nach n-aistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu, ní bheidh aon chearta acu ar na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna n-aistriú, ná i ndáil leo.

Airteagal 41

An uirlis díolta gnó ceanglais nós imeachta

1.  I gcás ina mbainfidh sé úsáid as an uirlis díola gnó maidir le CPL, fógróidh an t-údarás réitigh go bhfuil fáil ar na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais, nó ar na hionstraimí úinéireachta a bheartaítear a aistriú, nó déanfaidh sé socruithe maidir lena margú. Féadfar comhthiomsuithe cearta, sócmhainní, oibleagáidí agus dliteanas a mhargú astu féin.

2.  Gan dochar do chreat Státchabhrach an Aontais, i gcás inarb infheidhme, déanfar an mhargaíocht dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a)  beidh sí chomh trédhearcach agus is féidir agus ní thabharfaidh sí bréagléiriú suntasach ar shócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais, ná ionstraimí úinéireachta an CPL, ag féachaint do na himthosca agus, go háirithe, don ghá le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;

(b)  ní thabharfaidh sí buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann ná ní dhéanfaidh sí idirdhealú eatarthu;

(c)  beidh sí saor ó aon choinbhleacht leasa;

(d)  cuirfidh sí san áireamh an gá atá le gníomhaíocht réitigh thapa a dhéanamh;

(e)  beidh sé d’aidhm aici an praghas díola i gcomhair ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann a uasmhéadú a oiread agus is féidir.

Ní chuirfidh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír cosc ar an údarás réitigh ceannaitheoirí áirithe a d’fhéadfadh a bheith ann a lorg.

3.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an t-údarás réitigh na sócmhainní, cearta, oibleagáidí, dliteanais nó na hionstraimí úinéireachta a mhargú gan na critéir dá dtagraítear i mír 2 a chomhlíonadh i gcás inar dócha go mbainfeadh comhlíonadh na gcritéar sin an bonn de cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh.

Roinn 5

An uirlis CPL idirlinne

Airteagal 42

An uirlis CPL idirlinne

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas a aistriú chuig CPL idirlinne:

(a)  na hionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach;

(b)  aon sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a bhaineann leis an CPL faoi réiteach.

Féadfar an t-aistriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh in éagmais thoiliú scairshealbhóirí an CPL faoi réiteach nó aon tríú páirtí cé is moite den CPL idirlinne agus gan aon cheanglais nós imeachta faoin dlí cuideachtaí nó faoin dlí urrús a chomhlíonadh cé is moite díobh sin dá bhforáiltear in Airteagal 43.

2.  Is é a bheidh sa CPL idirlinne duine dlítheanach a chomhlíonann na ceanglais uile seo a leanas:

(a)  rialaíonn an t-údarás réitigh é agus is faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó é a bhféadfadh an t-údarás réitigh a bheith mar cheann díobh;

(b)  cruthaítear é chun na hionstraimí úinéireachta ar fad nó cuid díobh arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach a fháil agus a shealbhú nó sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais an CPL ar fad nó cuid díobh a fháil agus a shealbhú d’fhonn feidhmeanna criticiúla an CPL a chaomhnú agus chun an CPL a dhíol ina dhiaidh sin.

3.  Agus an uirlis CPL idirlinne á cur i bhfeidhm, áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mó luach iomlán na ndliteanas agus na n-oibleagáidí arna n-aistriú chuig an CPL idirlinne ná luach iomlán na gceart agus na sócmhainní arna n-aistriú ón CPL faoi réiteach.

4.  Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, tairbheoidh iad seo a leanas d'aon chomaoin a íocann an CPL idirlinne:

(a)  úinéirí na n-ionstraimí úinéireachta, i gcás ina ndearnadh an t-aistriú chuig an CPL idirlinne trí ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach a aistriú ó shealbhóirí na n-ionstraimí sin chuig an CPL idirlinne;

(b)  an CPL faoi réiteach, i gcás ina ndearnadh an t-aistriú chuig an CPL idirlinne trí shócmhainní nó trí dhliteanais uile an CPL sin nó cuid díobh a aistriú chuig an CPL idirlinne.

5.  Féadfaidh an t-údarás réitigh an chumhacht aistrithe dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú níos mó ná uair amháin chun aistrithe breise d’ionstraimí úinéireachta arna n-eisiúint ag CPL nó dá shócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a dhéanamh.

6.  Féadfaidh an t-údarás réitigh na cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais a aistríodh chuig an CPL idirlinne a aistriú ar ais chuig an CPL faoi réiteach, nó féadfaidh sé na hionstraimí úinéireachta a aistriú ar ais chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach i gcás ina bhforálfar don aistriú sin go sainráite san ionstraim lena ndéantar an t-aistriú dá dtagraítear i mír 1.

I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as an gcumhacht aistrithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh sé d’oibleagáid ar an CPL faoi réiteach nó ar na húinéirí ar leo iad i dtosach na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais sin a thógáil ar ais, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha sa chéad fhomhír den mhír seo nó i mír 7.

7.  I gcás nach dtiocfaidh ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais áirithe faoi aicmí ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanas nó i gcás nach gcomhlíonfaidh siad na coinníollacha maidir le haistriú a shonraítear san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú, féadfaidh an t-údarás réitigh iad a aistriú ón CPL idirlinne ar ais chuig an CPL faoi réiteach nó chuig na húinéirí ar leo iad i dtosach.

8.  Féadfar aistriú dá dtagraítear i mír 6 agus mír 7 a dhéanamh tráth ar bith, agus comhlíonfaidh sé aon choinníollacha eile a luaitear san ionstraim lena ndearnadh an t-aistriú chun na críche ábhartha.

9.  Féadfaidh an t-údarás réitigh ionstraimí úinéireachta nó sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistriú ón CPL idirlinne chuig tríú páirtí.

10.  Chun críocha a chearta a fheidhmiú i leith seirbhísí a chur ar fáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach agus féadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

Chun aon chríocha eile, féadfaidh údaráis réitigh a éileamh go measfar CPL idirlinne a bheith leantach ar CPL faoi réiteach, agus go bhféadfaidh sé leanúint d’aon cheart a fheidhmiú agus a d’fheidhmigh an CPL faoi réiteach i ndáil leis na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais a aistrítear.

11.  Ní chuirfear cosc ar an CPL idirlinne cearta ballraíochta a fheidhmiú ná rochtain a fháil ar chórais íocaíochta agus socraíochta agus BMAnna eile an CPL faoi réiteach, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na critéir le haghaidh ballraíochta agus rannpháirtíochta sna córais agus bonneagair sin.

I gcás nach gcomhlíonfaidh an CPL idirlinne na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an CPL idirlinne leanúint de chearta ballraíochta an CPL a fheidhmiú agus rochtain a fháil ar na córais agus ar na bonneagair sin ar feadh tréimhse ama a shainíonn an t-údarás réitigh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 12 mhí.

12.  Ní dhiúltófar rochtain ar chórais íocaíochta agus socraíochta nó ar aon BMA eile do CPL idirlinne ar an bhforas nach bhfuil rátáil creidmheasa ó ghníomhaireacht rátála creidmheasa aige, nó go bhfuil an rátáil sin faoi bhun na leibhéal rátála a éilítear ionas go ndeonófar rochtain ar na córais nó ar na bonneagair sin.

13.  Maidir le scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an CPL faoi réiteach agus tríú páirtithe eile nach n-aistrítear na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá acu chuig an CPL idirlinne, ní bheidh aon éileamh acu ar na sócmhainní ar na cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna n-aistriú chuig an CPL idirlinne, ná i ndail leo, nó in aghaidh bhord nó lucht bainistíochta sinsearaí an CPL idirlinne.

14.  Ní bheidh dualgas nó freagracht ar an CPL idirlinne i leith scairshealbhóirí nó creidiúnaithe an CPL faoi réiteach, agus ní bheidh bord nó lucht bainistíochta sinsearaí an CPL idirlinne faoi dhliteanas i leith na scairshealbhóirí nó na gcreidiúnaithe sin as gníomhartha agus neamhghníomhartha i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ach amháin más de thoradh mórfhaillí nó mí-iompar tromchúiseach an gníomh nó an neamhghníomh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 43

CLP Idirlinne: ceanglais nós imeachta

1.  Comhlíonfaidh an CPL idirlinne na ceanglais uile seo a leanas:

(a)  iarrfaidh an CPL idirlinne faomhadh an údaráis réitigh i gcomhair na nithe uile seo a leanas:

(i)  rialacha corpraithe an CPL idirlinne;

(ii)  comhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach mbeidh na comhaltaí sin ceaptha go díreach ag an údarás réitigh;

(iii)  freagrachtaí agus luach saothair chomhaltaí bhord an CPL idirlinne, i gcás nach gcinnfidh an t-údarás réitigh an luach saothair agus na freagrachtaí;

(iv)  straitéis agus próifíl riosca an CPL idirlinne;

(b)  glacfaidh an CPL idirlinne ar láimh údaruithe an CPL atá faoi réiteach chun na seirbhísí a sholáthar nó na gníomhaíochtaí a chur i gcrích a bheidh de thoradh an aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

I gcás nach mbeidh an CPL idirlinne údaraithe mar a cheanglaítear de bhun phointe (b) de mhír 1, iarrfaidh an t-údarás réitigh faomhadh an údaráis inniúil i gcomhair an aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 42(1) a chur i gcrích. I gcás ina dtabharfaidh an t-údarás inniúil faomhadh don aistriú sin, cuirfidh sé in iúl an tréimhse a tharscaoiltear an oibleagáid ar an CPL idirlinne ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh.

Na ceanglais stuamachta faoi Chaibidil 3 de Theideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 , ní dhéanfar iad a tharscaoileadh ach ar feadh tréimhse trí mhí ar a mhéad, agus is féidir forálacha eile uile an Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a tharscaoileadh ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí.

2.  Faoi réir aon srianta arna bhforchur i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais nó rialacha iomaíochta náisiúnta, is é lucht bainistíochta an CPL idirlinne a rithfidh an CPL idirlinne agus é mar chuspóir acu rochtain ag geallsealbhóirí ar fheidhmeanna criticiúla an CPL idirlinne a chaomhnú agus an CPL idirlinne nó aon chuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí agus dliteanais atá aige a dhíol le ceannaitheoir amháin nó níos mó ón earnáil phríobháideach. Déanfar an díolachán sin nuair is iomchuí na dálaí margaidh, agus laistigh den tréimhse a shonraítear i mír 5 agus, i gcás inarb infheidhme, i mír 6 den Airteagal seo.

3.  Déanfaidh an t-údarás réitigh an CPL idirlinne a fhoirceannadh in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  tá na cuspóirí réitigh comhlíonta;

(b)  cumascann an CPL idirlinne le heintiteas eile;

(c)  ní chomhlíonann an CPL idirlinne na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 42(2) a thuilleadh;

(d)  díoladh an CPL idirlinne nó díoladh na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais nach mór ar fad atá aige i gcomhréir le mír 4;

(e)  téann an tréimhse a shonraítear i mír 5 in éag;

(f)  socraíodh na conarthaí a d’imréitigh an CPL idirlinne, chuaigh siad in éag nó cuireadh clabhsúr orthu agus tá cearta agus oibleagáidí an CPL maidir leis na conarthaí sin glanta ina n-iomláine dá réir.

4.  Sula ndíolfar an CPL idirlinne nó na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais atá aige, fógróidh an t-údarás réitigh na gnéithe atá ar fáil a bhfuil sé i gceist a dhíol, agus áiritheoidh sé go margófar go hoscailte agus go trédhearcach iad, agus nach dtabharfar bréagléiriú suntasach orthu.

Cuirfidh an t-údarás réitigh an díolachán dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích ar théarmaí tráchtála agus ní thabharfaidh sé buntáiste míchuí do cheannaitheoirí a d’fhéadfadh a bheith ann ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú eatarthu.

5.  Déanfaidh an t-údarás réitigh oibríocht an CPL idirlinne a fhoirceannadh dhá bhliain tar éis an dáta ar a ndéanfar an t-aistriú deireanach ón CPL faoi réiteach.

I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh oibríocht an CPL idirlinne a fhoirceannadh, iarrfaidh sé ar an údarás inniúil údarú an CPL idirlinne a tharraingt siar.

6.  Féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5 le haghaidh tréimhse bliana bhreise amháin nó níos mó i gcás inar gá an síneadh chun an CPL idirlinne a fhoirceannadh amhail dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) de mhír 3.

An cinneadh chun síneadh a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 5, beidh sé réasúnaithe agus beidh measúnú mionsonraithe ar staid an CPL idirlinne maidir le dálaí agus dearcadh ábhartha an mhargaidh ann.

7.  Nuair a dhéantar CPL idirlinne a fhoirceannadh sna cúinsí dá dtagraítear i bpointe (d) nó pointe (e) de mhír 3, foirceannfar an CPL idirlinne faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, rachaidh aon fháltais arna nginiúint de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne chun sochair dá scairshealbhóirí.

I gcás ina mbainfear úsáid as CPL idirlinne chun sócmhainní agus dliteanais níos mó ná aon CPL faoi réiteach amháin a aistriú, sannfar na fáltais dá dtagraítear sa dara fomhír trí thagairt do na sócmhainní agus na dliteanais ó gach ceann de na CPLanna faoi réiteach.

Roinn 6

Socruithe airgeadais breise

Airteagal 44

Acmhainní cistiúcháin malartacha

Féadfaidh an t-údarás réitigh conarthaí a dhéanamh chun cineálacha eile tacaíochta airgeadais a fháil ar iasacht nó chun teacht a bheith aige orthu, lena n-áirítear acmhainní réamh-mhaoinithe atá ar fáil in aon chistí mainneachtana neamhídithe sa CPL faoi réiteach, i gcás inar gá lena áirithiú go mbainfear úsáid éifeachtach as na huirlisí réitigh.

Roinn 7

Uirlisí Cobhsaíochta Rialtais

Airteagal 45

Uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais

1.  Ní fhéadfaidh an t-údarás réitigh úsáid a bhaint as na huirlisí cobhsaíochta rialtais i gcomhréir le hAirteagal 46 agus Airteagal 47 chun críche CPL a réiteach ach amháin i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  is gá an tacaíocht airgeadais chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach;

(b)  baintear úsáid as an tacaíocht airgeadais mar rogha dheiridh tar éis measúnú a dhéanamh ar na huirlisí réitigh eile agus leas a bhaint astu a mhéid is mó is infheidhme fad a chaomhnaítear an chobhsaíocht airgeadais, de réir mar a chinneann an aireacht inniúil nó an rialtas tar éis dul i gcomhairle leis an údarás réitigh;

(c)  comhlíonann an tacaíocht airgeadais creat Státchabhrach an Aontais;

(ca)  go n-úsáidtear an tacaíocht airgeadais ar feadh tréimhse theoranta ama;

(d)  ▌

(d a)  go ndéanfaidh an t-údarás réitigh, roimh ré, socruithe atá cuimsitheach agus inchreidte a shainiú chun iad a aisghabháil, thar thréimhse chuí ama, na cistí poiblí arna n-imscaradh ó rannpháirtithe a thairbhíonn den tacaíocht phoiblí, mura rud é go mbeidh na cistí sin aisghafa cheana féin trí dhíol le ceannaitheoir príobháideach de bhun Airteagal 46(3) nó Airteagal 47(2).

2.  Chun éifeacht a thabhairt do na huirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais, beidh na cumhachtaí réitigh ábhartha a shonraítear in Airteagal 48 go hAirteagal 59 ag na haireachtaí nó rialtais inniúla agus áiritheoidh siad go gcomhlíonfar Airteagal 52, Airteagal 54 agus Airteagal 70.

3.  Measfar go mbainfear úsáid as uirlisí cobhsaíochta airgeadais rialtais mar rogha dheiridh chun críocha phointe (b) de mhír 1, i gcás ina gcomhlíonfar, ar a laghad, aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an t-údarás réitigh, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an mbanc ceannais agus leis an údarás inniúil, nár leor úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh chun díobháil shuntasach don chóras airgeadais a sheachaint;

(b)  cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil agus an t-údarás réitigh nár leor úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar thug an banc ceannais cúnamh leachtachta urghnách don CPL roimhe sin;

(c)  maidir leis an uirlis úinéireachta poiblí sealadaí, cinneann an aireacht nó an rialtas inniúil, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an údarás inniúil agus leis an údarás réitigh, nár leor úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh chun leas an phobail a chosaint, i gcás inar tugadh tacaíocht gnáthscaireanna poiblí tríd an uirlis tacaíochta gnáthscaireanna don CPL roimhe sin.

Airteagal 46

Uirlis tacaíochta gnáthscaireanna poiblí

1.  Féadfar tacaíocht airgeadais a sholáthar chun CPL a athchaipitliú mar mhalairt ar ionstraimí úinéireachta.

2.  Bainisteofar CPLanna atá faoi réir uirlis tacaíochta gnáthscaireanna poiblí ar bhonn tráchtála agus gairmiúil.

3.  Díolfar na hionstraimí úinéireachta dá dtagraítear i mír 1 le ceannaitheoir príobháideach a luaithe a bheidh na cúinsí cearta tráchtála agus airgeadais ann.

Airteagal 47

Uirlis úinéireachta poiblí sealadaí

1.  Féadfar úinéireacht phoiblí shealadach a ghlacadh ar CPL trí ordú aistrithe amháin nó níos mó d’ionstraimí úinéireachta arna ndéanamh ag Ballstát chuig aistrí arb é ceann amháin díobh seo a leanas é:

(a)  ainmnitheach an Bhallstáit;

(b)  comhlacht atá faoi úinéireacht iomlán an Bhallstáit.

2.  Bainisteofar CPLanna atá faoi réir uirlis úinéireachta poiblí sealadaí ar bhonn tráchtála agus gairmiúil agus díolfar iad le ceannaitheoir príobháideach a luaithe a bheidh na cúinsí cearta tráchtála agus airgeadais ann, agus go ndéanfar breithniú freisin ar an bhféidearthacht costas an réitigh a aisghabháil.

CAIBIDIL IV

Cumhachtaí réitigh

Airteagal 48

Cumhachtaí ginearálta

1.  Beidh na cumhachtaí ar fad is gá ag an údarás réitigh chun úsáid a bhaint as na huirlisí réitigh go héifeachtach, lena n-áirítear na cumhachtaí ar fad seo a leanas:

(a)  an chumhacht ceangal a chur ar dhuine ar bith aon fhaisnéis is gá a chur ar fáil don údarás réitigh chun gníomhaíocht réitigh a chinneadh agus a ullmhú, lena n-áirítear nuashonruithe agus faisnéis bhreise i dteannta na faisnéise sin a chuirtear ar fáil sa phlean réitigh nó atá riachtanach trí chigireachtaí ar an láthair;

(b)  an chumhacht stiúir a ghlacadh ar CPL faoi réiteach agus na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú a tugadh do shealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus do bhord an CPL;

(ba)  an chumhacht rialacha oibríochta an CPL a mhodhnú nó a leasú, lena n-áirítear maidir lena théarmaí rannpháirtíochta, i gcás inar gá athruithe den sórt sin chun baic ar inréititheacht a bhaint;

(bb)  an chumhacht staonadh ó oibleagáidí conarthacha áirithe faoi rialacha agus socruithe conarthacha an CPL a fhorfheidhmiú nó imeacht ar shlí eile ó rialacha agus socruithe an CPL i gcás inar gá sin chun na cuspóirí réitigh a bhaint amach agus chun éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar an gcóras airgeadais a sheachaint;

(c)  an chumhacht ionstraimí úinéireachta a aistriú arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach;

(d)  an chumhacht cearta, sócmhainní, oibleagáidí nó dliteanais an CPL a aistriú chuig eintiteas eile le toiliú uaidh;

(e)  an chumhacht príomhshuim CPL nó méid gan íoc atá dlite i ndáil le hionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile CPL faoi  réiteach a laghdú, lena n-áirítear é a laghdú go nialas;

(f)  an chumhacht ionstraimí fiachais nó dliteanais neamhurraithe eile CPL faoi réiteach a chomhshó ina n-ionstraimí úinéireachta den CPL sin nó CPL idirlinne ar aistríodh sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach chuige;

(g)  an chumhacht ionstraimí fiachais a chealú arna n-eisiúint ag CPL faoi réiteach;

(h)  an chumhacht chun méid ainmniúil ionstraimí úinéireachta CPL faoi réiteach a laghdú, lena n-áirítear é a laghdú go nialas, agus na hionstraimí úinéireachta sin a chealú;

(i)  an chumhacht ceangal a chur ar CPL faoi réiteach ▌ionstraimí nua úinéireachta a eisiúint, lena n-áirítear scaireanna tosaíochta agus ionstraimí in-chomhshóite teagmhasacha;

(j)  i dtaca le hionstraimí fiachais agus dliteanais eile den CPL, an chumhacht a n-aibíocht a leasú nó a athrú, an méid úis is iníoctha a leasú, nó an dáta ar a mbeidh an t-ús iníoctha a leasú, lena n-áirítear an íocaíocht a fhionraí ar feadh tréimhse shealadach;

(k)  an chumhacht conarthaí airgeadais a fhritháireamh agus a fhoirceannadh;

(l)  an chumhacht bord agus lucht bainistíochta sinsearaí de CPL faoi réiteach a scor nó bord eile a chur ina ionad;

(m)  an chumhacht ceangal a chur ar an údarás inniúil ceannaitheoir sealúchais cháilithigh a mheasúnú go tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(n)  an chumhacht an méid caolchorrlaigh a laghdú atá dlite do chomhalta imréitigh CPL faoi réiteach, lena n-áirítear é a laghdú go nialas, nó do chliant lena mbaineann an comhalta imréitigh, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 30;

(o)  an chumhacht suíomhanna oscailte agus aon sócmhainní gaolmhara, lena n-áirítear socruithe comhthaobhachta aistrithe teidil agus airgeadais urrúis ábhartha, socruithe fritháirimh, agus socruithe glanluachála, a aistriú ón gcuntas comhalta imréitigh mhainneachtana chuig comhalta imréitigh neamh-mhainneachtana ar bhealach atá comhsheasmhach le hAirteagal 48 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(p)  an chumhacht aon oibleagáidí conarthacha de chuid rannpháirtithe an CPL faoi réiteach atá ann cheana agus atá gan comhlíonadh a fhorghníomhú;

(q)  an chumhacht aon oibleagáidí conarthacha de chuid mháthairghnóthas an CPL faoi réiteach atá ann cheana agus atá gan comhlíonadh a fhorghníomhú, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais a sholáthar don CPL trí ráthaíochtaí nó línte creidmheasa;

(r)  an chumhacht ceangal ar chomhaltaí imréitigh ranníocaíochtaí breise in airgead tirim a sholáthar.

Féadfaidh na húdaráis réitigh na cumhachtaí a fheidhmiú dá dtagraítear sa chéad fhomhír ina n-aonar nó in aon chomhcheangal díobh sin.

2.  Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo agus i gcreat Státchabhrach an Aontais, ní bheidh an t-údarás imréitigh faoi réir aon chuid de na ceanglais seo a leanas i gcás ina bhfeidhmeoidh sé na cumhachtaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)  ceanglas maidir le faomhadh nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach;

(b)  ceanglais maidir le hionstraimí airgeadais, cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais CPL faoi réiteach nó CPL idirlinne a aistriú;

(c)  ceanglas maidir le fógra a thabhairt d’aon duine poiblí nó príobháideach;

(d)  ceanglas maidir le haon fhógra nó réamheolaire a fhoilsiú;

(e)  ceanglas le haon doiciméad a chomhdú nó a chlárú le haon údarás eile.

Airteagal 49

Cumhachtaí coimhdeacha

1.  I gcás ina bhfeidhmeofar cumhacht dá dtagraítear in Airteagal 48(1), féadfaidh an t-údarás imréitigh aon cheann de na cumhachtaí coimhdeacha seo a leanas a fheidhmiú freisin:

(a)  faoi réir Airteagal 65, foráil d'aistriú a theacht i bhfeidhm atá saor ó aon dliteanas nó ualú a dhéanann difear do na hionstraimí airgeadais, cearta, oibleagáidí, sócmhainní nó dliteanais arna n-aistriú;

(b)  cearta a bhaint ionstraimí úinéireachta breise a fháil;

(c)  a chur de cheangal ar an údarás ábhartha ligean isteach aon ionstraimí airgeadais lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte, nó ar an liostú oifigiúil, a scor nó a fhionraí arb ionstraimí iad arna n-eisiúint ag an CPL de bhun Threoir  2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16);

(d)  foráil a dhéanamh don cheannaitheoir nó don CPL idirlinne, de bhun Airteagal 40 agus Airteagal 42 faoi seach, go ndéileálfar leis ionann is dá mba an CPL faoi réiteach é, chun críocha aon cheart nó aon oibleagáidí, nó aon ghníomhaíochtaí a dhéanfaidh an CPL faoi réiteach, lena n-áirítear aon chearta nó oibleagáidí a bheith rannpháirteach i mbonneagar margaidh;

(e)  a chur de cheangal ar an CPL faoi réiteach nó ar an gceannaitheoir nó ar an CPL idirlinne, i gcás inarb ábhartha, faisnéis agus cúnamh a chur ar fáil don pháirtí eile;

(f)  foráil a dhéanamh don chomhalta imréitigh ar faighteoir aon suíomhanna é a dhéantar a leithdháileadh air trí na cumhachtaí i bpointe (o) agus i bpointe (p) d’Airteagal 48(1) aon chearta nó oibleagáidí a bhaineann le rannpháirtíocht sa CPL maidir leis na suíomhanna sin a ghabháil air féin;

(g)  téarmaí conartha ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí a chealú nó a mhodhnú nó ina gcuirtear an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne mar pháirtí in ionad an CPL faoi réiteach;

(h)  rialacha oibríochta an CPL faoi réiteach a mhodhnú nó a leasú ▌;

(i)  ballraíocht comhalta imréitigh a aistriú ón CPL faoi réiteach chuig ceannaitheoir an CPL nó CPL idirlinne.

Aon cheart cúitimh dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ní mheasfar gur dliteanas nó ualú é sin chun críocha phointe (a) den chéad fhomhír.

2.  Féadfaidh an t-údarás réitigh foráil a dhéanamh do na socruithe leanúnachais is gá lena áirithiú go mbeidh an ghníomhaíocht réitigh éifeachtach agus go bhféadfaidh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne an ghnólacht arna haistriú a oibriú. Féadtar a bheith ar áireamh sna socruithe leanúnachais sin:

(a)  leanúnachas conarthaí a shínigh an CPL faoi réiteach, chun go nglacfaidh an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne cearta agus dliteanais an CPL faoi réiteach a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, oibleagáid, sócmhainn nó dliteanas a aistríodh agus chun dul in ionad an CPL faoi réiteach, go sainráite nó go hintuigthe, sna doiciméid chonarthacha ábhartha ar fad;

(b)  an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne a chur in ionad an CPL faoi réiteach in aon imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le haon ionstraim airgeadais, ceart, oibleagáid, sócmhainn nó dliteanas a  aistríodh.

3.  Ní dhéanfaidh na cumhachtaí dá bhforáiltear i bpointe (d) de mhír 1 agus pointe (b) de mhír 2 difear do na nithe seo a leanas:

(a)  ceart fostaí an CPL conradh  fostaíochta a fhoirceannadh;

(b)  faoi réir Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57, cearta conarthacha conradh a fheidhmiú, lena n-áirítear é a fhoirceannadh, i gcás ina bhforáiltear i dtéarmaí an chonartha, más toradh é ar ghníomh nó neamhghníomh a rinne an CPL roimh an aistriú, nó a rinne an ceannaitheoir nó an CPL idirlinne tar éis an aistrithe.

Airteagal 50

Bainistíocht speisialta

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh bainisteoir speisialta amháin nó níos mó a cheapadh chun a chur in ionad bord CPL faoi réiteach. Is duine de dhea-cháil leordhóthanach a bheidh sa bhainisteoir speisialta agus beidh saineolas leordhóthanach ag an mbainisteoir ar sheirbhísí airgeadais, bainistíocht riosca agus seirbhísí imréitigh i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

2.  Beidh cumhachtaí ar fad na scairshealbhóirí agus bhord an CPL ag an mbainisteoir speisialta. Ní fhéadfaidh an bainisteoir speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ach amháin faoi rialú an údaráis réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh teorainn a chur le gníomhaíochtaí an bhainisteora speisialta nó toiliú a éileamh roimh ré do ghníomhartha áirithe.

Déanfaidh an t-údarás réitigh an ceapachán sin a phoibliú dá dtagraítear i mír 1 agus na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann leis an gceapachán sin.

3.  Ceapfar an bainisteoir speisialta ar feadh tréimhse nach faide ná bliain amháin. Féadfaidh an t-údarás réitigh an tréimhse sin a athnuachan i gcás inar gá chun cuspóirí an réitigh a bhaint amach.

4.  Déanfaidh an bainisteoir speisialta gach beart is gá le cuspóirí an réitigh a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí réitigh arna ndéanamh ag an údarás réitigh a chur chun feidhme. I gcás neamhréireachta nó coinbhleachta, beidh sáraíocht ag an dualgas reachtúil sin ar aon dualgas eile bainistíochta i gcomhréir le reachtanna an CPL nó an dlí náisiúnta.

5.  Cuirfidh an bainisteoir speisialta tuarascálacha le chéile don údarás réitigh ceapacháin ar eatraimh thráthrialta arna leagan síos ag an údarás réitigh agus ag tús théarma a shainordaithe agus ag deireadh théarma a shainordaithe. Beidh tuairisc mhionsonraithe sna tuarascálacha sin ar staid airgeadais an CPL agus sonrófar na cúiseanna a bheidh leis na bearta a dhéanfar.

6.  Féadfaidh an t-údarás réitigh an bainisteoir speisialta a chur as oifig am ar bith. I gcás ar bith cuirfidh sé an bainisteoir speisialta as oifig sna cásanna seo a leanas:

(a)  beidh ag cliseadh ar an mbainisteoir speisialta na dualgais a chur i gcrích i gcomhréir leis na téarmaí agus coinníollacha arna leagan amach ag an údarás réitigh;

(b)  b'fhearr a bhainfí cuspóirí an réitigh amach tríd an mbainisteoir speisialta a chur as oifig nó bainisteoir eile a chur ina ionad;

(c)  ní chomhlíontar coinníollacha an cheapacháin níos mó.

7.  I gcás ina bhforáiltear sa dlí dócmhainneachta náisiúnta go gceapfar bainistíocht dócmhainneachta, féadfar an bainisteoir speisialta a cheapfar de bhun mhír 1 a cheapadh freisin mar bhainisteoir dócmhainneachta nó a mhalairt.

Airteagal 51

An chumhacht soláthar seirbhísí agus saoráidí a éileamh

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh a chur de cheangal ar CPL faoi réiteach, nó ar aon chuid dá eintitis ghrúpa nó comhaltaí imréitigh, aon seirbhísí nó saoráidí a sholáthar is gá a chuirfidh ar chumas ceannaitheora nó CPL idirlinne an gnólacht a aistreofar chuige a oibriú go héifeachtach.

Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír beag beann ar cibé acu atá eintiteas sa ghrúpa céanna leis an CPL nó duine de chomhaltaí réitigh an CPL tar éis dul i mbun gnáthimeachtaí dócmhainneachta nó nach bhfuil nó atá féin faoi réiteach nó nach bhfuil.

2.  Féadfaidh an t-údarás réitigh oibleagáidí a fhorghníomhú arna bhforchur, de bhun mhír 1, ag údaráis réitigh i mBallstáit eile ina bhfeidhmítear na cumhachtaí sin maidir le heintitis sa ghrúpa céanna leis an CPL faoi réiteach, nó sa ghrúpa céanna le comhaltaí imréitigh an CPL sin.

3.  Ní áireofar aon chineál tacaíochta airgeadais sna seirbhísí agus sna saoráidí dá dtagraítear i mír 1.

4.  Soláthrófar na seirbhísí agus na saoráidí dá bhforáiltear de bhun mhír 1:

(a)  de réir na dtéarmaí tráchtála céanna inar soláthraíodh iad don CPL go díreach sular cuireadh an ghníomhaíocht réitigh i gcrích, i gcás inarb ann do chomhaontú chun na gcríoch sin;

(b)  de réir téarmaí tráchtála réasúnacha, i gcás nach ann do chomhaontú chun na gcríoch sin nó i gcás go ndeachaigh an comhaontú sin in éag.

Airteagal 52

An chumhacht chun gníomhaíochtaí réitigh nó bearta coiscthe géarchéime ag Ballstáit eile a fhorfheidhmiú

1.  I gcás ina mbeidh ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach lonnaithe i mBallstát, nó arna rialú faoi dhlí Ballstáit, seachas Ballstát an údaráis réitigh, beidh éifeacht ag aon aistriú nó gníomhaíocht réitigh i leith na n-ionstraimí, na sócmhainní, na gceart, na n-oibleagáidí nó na ndliteanais sin i gcomhréir le dlí an Bhallstáit eile sin.

2.  Cuirfidh údaráis na mBallstát ábhartha eile gach cúnamh is gá ar fáil d'údarás réitigh Ballstáit lena áirithiú go n-aistreofar aon ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais chuig an gceannaitheoir nó CPL idirlinne nó sula ngabhfaidh éifeacht le haon ghníomhaíocht eile réitigh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

3.  Scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe dá ndéantar difear le haistriú ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh siad i dteideal an t-aistriú sin a chosc, a cheistiú ná a chur i leataobh faoi dhlí an Bhallstáit a rialaíonn an t-aistriú sin.

4.  I gcás ina n-úsáidfidh údarás réitigh Ballstáit na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 28 nó in Airteagal 32, agus i gcás ina n-áireofar ar na conarthaí, dliteanais, ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais de chuid CPL faoi réiteach ionstraimí, conarthaí nó dliteanais arna rialú faoi dhlí Ballstáit eile, nó dliteanais atá dlite do chreidiúnaithe agus conarthaí maidir le comhaltaí imréitigh nó a gcliaint atá lonnaithe sa Bhallstát eile sin, áiritheoidh na húdaráis ábhartha sa Bhallstát eile sin go ngabhfaidh éifeacht le aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bharr na n-uirlisí réitigh sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh nó a gcliaint dá ndéanann na huirlisí réitigh sin difear, ní bheidh siad i dteideal agóid a dhéanamh i gcoinne an laghdaithe ar an bpríomhshuim nó an méid is iníoctha den ionstraim nó dliteanas nó a chomhshó nó a athstruchtúrú.

5.  Cinnfear na cearta agus na coimircí seo a leanas i gcomhréir le dlí Bhallstát an údaráis réitigh:

(a)  an ceart atá ag scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus tríú páirtithe achomharc a dhéanamh de bhun Airteagal 72 i gcoinne aistriú ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo;

(b)  an ceart atá ag creidiúnaithe dá ndearnadh difear achomharc a dhéanamh de bhun Airteagal 72 i gcoinne laghdú a dhéanamh ar an bpríomhshuim nó ar an méid is iníoctha nó ar chomhshó nó ar athstruchtúrú ionstraime, dliteanais nó conartha a chumhdaítear le mír 4 den Airteagal seo;

(c)  na coimircí i gcomhair aistrithe páirteacha, dá dtagraítear i gCaibidil V, maidir le sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 53

Cumhacht maidir le sócmhainní, conarthaí, cearta, dliteanais, oibleagáidí agus ionstraimí úinéireachta daoine atá lonnaithe i dtríú tíortha nó a rialaítear le dlí tríú tíortha

1.  I gcás ina mbainfidh gníomhaíocht réitigh le sócmhainní nó conarthaí daoine atá lonnaithe i dtríú tír nó ionstraimí úinéireachta, cearta, oibleagáidí nó dliteanais arna rialú le dlí tríú tír, féadfaidh an t-údarás ceanglas a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  déanfaidh an CPL faoi réiteach agus faighteoir na sócmhainní, na gconarthaí, na n-ionstraimí úinéireachta, na gceart, na n-oibleagáidí nó na ndliteanas sin gach beart is gá chun a áirithiú go ngabhfaidh éifeacht leis an ngníomhaíocht;

(b)  beidh na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní nó cearta ag an CPL faoi réiteach nó glanfaidh an CPL faoi réiteach na dliteanais agus na hoibleagáidí ar son an fhaighteora go dtí go bhfuil an beart éifeachtach;

(c)  déanfar costais réasúnacha an fhaighteora arna dtabhú go cuí i dtaca le haon bheart a chur i gcrích faoi phointe (a) agus (b) den mhír seo a aisíoc ar aon slí dá dtagraítear in Airteagal 27(9).

2.  Chun críocha mhír 1, féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL maidir lena áirithiú go n-áireofar foráil ina chonarthaí agus i gcomhaontuithe eile le comhaltaí imréitigh agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus ionstraimí fiachais nó dliteanais eile atá lonnaithe i dtríú tíortha nó atá faoi rialú dhlí tríú tíortha ina gcomhaontóidh siad a bheith faoi cheangal ag aon ghníomhaíocht maidir lena sócmhainní, a gconarthaí, a gcearta, a n-oibleagáidí agus a ndliteanais a dhéanfaidh an t-údarás réitigh, lena n-áirítear Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57 a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an t-údarás réitigh ceangal a chur ar an CPL tuairim dhlíthiúil a thabhairt dó maidir le hin-fhorfheidhmitheacht dlí agus éifeachtacht na bhforálacha sin.

3.  I gcás nach mbeidh éifeacht leis an ngníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1, beidh an gníomh sin neamhbhailí maidir leis na hionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais lena mbaineann.

Airteagal 54

Eisiamh téarmaí conarthacha áirithe le linn luathréitigh agus le linn réitigh

1.  Beart coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó aon teagmhas a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht sin a chur i bhfeidhm, ní mheasfar gur teagmhas forghníomhaithe nó dócmhainneachta é de réir bhrí Threoir 2002/47/CE agus Threoir 98/26/CE ar choinníoll go leanfar de bheith ag cur na n-oibleagáidí substainteacha faoin gconradh i bhfeidhm, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le híocaíocht agus seachadadh agus soláthar comhthaobhachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, imeachtaí réitigh tríú tíortha a aithnítear de bhun Airteagal 75, nó thairis sin i gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh amhlaidh, measfar gur gníomhaíocht réitigh iad sin a dhéanfar i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2.  Ní bhainfear úsáid as gníomhaíocht coiscthe géarchéime nó gníomhaíocht réitigh dá dtagraítear i mír 1 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  aon fhoirceannadh, fionraí, modhnú, glanluacháil nó cearta fritháirimh a fheidhmiú, lena n-áirítear conradh a ndeachaigh aon eintiteas den ghrúpa ar leis an CPL ina bhun lena n-áirítear forálacha nó oibleagáidí trasmhainneachtana a ráthaítear nó lena bhfuil tacaíocht ó aon eintiteas grúpa thairis sin;

(b)  maidir le haon urrús ar aon mhaoin den CPL lena mbaineann nó aon eintiteas grúpa maidir le conradh lena n-áirítear forálacha trasmhainneachtana, seilbh a fháil orthu, rialú a dhéanamh orthu nó iad a fhorghníomhú;

(c)  difear a dhéanamh d’aon chearta conarthacha atá ag an CPL lena mbaineann nó atá ag aon eintiteas grúpa maidir le conradh lena n-áirítear forálacha trasmhainneachtana.

Airteagal 55

Cumhacht chun oibleagáidí ar leith a fhionraí

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh aon oibleagáidí íocaíochta nó seachadta den dá chontrapháirtí a fhionraí i gconradh ar bith a ndeachaigh CPL faoi réiteach ina bhun ó fhoilsiú fhógra an fhionraithe i gcomhréir le hAirteagal 70 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.  I gcás ina mbeadh oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite le linn thréimhse an fhionraithe, beidh an oibleagáid íocaíochta nó seachadta dlite go díreach ar dhul in éag do thréimhse  an fhionraithe.

3.  Ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 maidir le hoibleagáidí íocaíochta agus seachadta atá dlite do chórais agus d’oibreoirí córas arna n-ainmniú chun críocha Threoir 98/26/CE, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha eile, agus bainc  cheannais.

Airteagal 56

Cumhacht chun teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorghníomhú

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh cosc a chur ar chreidiúnaithe urraithe CPL faoi réiteach leasanna urrúis a fhorghníomhú maidir le haon sócmhainní den CPL sin faoi réiteach ó fhoilsiú fhógra an tsrianta i gcomhréir le hAirteagal 70 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.  Ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 i dtaca le haon leas urrúis córas nó le hoibreoirí córas a ainmneofar chun críocha Threoir 98/26/CE, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha eile, agus bainc cheannais maidir le sócmhainní a gheallfar nó a sholáthrófar mar chorrlach nó mar chomhthaobhacht ag an CPL faoi réiteach.

Airteagal 57

Cumhacht chun cearta foirceannta a fhionraí go sealadach

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh cearta foirceannta aon pháirtí i gconradh le CPL faoi réiteach ó fhoilsiú fhógra an fhoirceannta i gcomhréir le hAirteagal 70 go deireadh an lae oibre tar éis an fhoilsithe sin, ar choinníoll go leanfar de bheith ag feidhmiú oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta.

Chun críocha na chéad fhomhíre, ciallóidh deireadh an lae oibre meán oíche i mBallstát an údaráis réitigh.

2.  Ní fheidhmeoidh an t-údarás réitigh an chumhacht dá dtagraítear i mír 1 maidir le córais agus oibreoirí córas arna n-ainmniú do chríocha Threoir 98/26/CE, lena n-áirítear contrapháirtithe lárnacha eile agus bainc cheannais.

3.  Féadfaidh páirtí i gconradh ceart foirceannta a fheidhmiú faoin gconradh sin roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfaighidh an páirtí sin fógra ón údarás réitigh nach mbeidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh:

(a)  á n-aistriú chuig eintiteas eile;

(b)  faoi réir díluachála, comhshó, nó úsáid uirlis réitigh chun caillteanais agus suíomhanna a leithdháileadh.

4.  I gcás nár tugadh an fógra dá dtagraítear i mír 3, féadfar cearta foirceannta a fheidhmiú ar dhul in éag don tréimhse fionraí, faoi réir Airteagal 54, mar a leanas:

(a)  i gcás inar aistríodh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh chuig eintiteas eile, féadfaidh contrapháirtí cearta foirceannta a fheidhmiú i gcomhréir le téarmaí an chonartha sin sa chás sin amháin inarb é an faighteoir is cúis leis an teagmhas forghníomhaithe a bheith ann nó é leanúint ar aghaidh;

(b)  i gcás ina bhfanfaidh na cearta agus na dliteanais arna gcumhdach leis an gconradh ag an CPL, beidh feidhm ag cearta foirceannta i gcomhréir leis na coinníollacha foirceannta arna leagan amach sa chonradh idir an CPL agus an contrapháirtí ábhartha sa chás sin amháin má tharlaíonn an teagmhas forghníomhaithe nó má leantar den teagmhas forghníomhaithe tar éis dhul in éag na tréimhse fionraí.

Airteagal 58

An chumhacht rialú a dhéanamh ar an CPL

1.  Féadfaidh an t-údarás réitigh rialú a dhéanamh ar an CPL faoi réiteach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  gníomhaíochtaí agus seirbhísí an CPL a bhainistiú, cumhachtaí a scairshealbhóirí agus a bhoird a fheidhmiú agus dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca;

(b)  sócmhainní agus maoin an CPL faoi réiteach a bhainistiú agus a dhiúscairt.

Féadfaidh an t-údarás réitigh an rialú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh go díreach nó féadfaidh duine nó daoine arna gceapadh ag an údarás réitigh a dhéanamh amhlaidh go hindíreach.

2.  I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh rialú ar an CPL, measfar gur cúlstiúrthóir nó stiúrthóir de facto é an t-údarás réitigh faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 59

Feidhmiú cumhachtaí ag na húdaráis réitigh

Faoi réir Airteagal 72, déanfaidh údaráis réitigh gníomhaíochtaí réitigh trí ordú feidhmiúcháin i gcomhréir le hinniúlachtaí agus nósanna imeachta riaracháin náisiúnta.

CAIBIDIL V

Coimircí

Airteagal 60

Prionsabal Gan Creidiúnaí Ar Bith Níos Measa As

I gcás ina mbainfidh an t-údarás réitigh úsáid as ceann amháin nó níos mó d’uirlisí réitigh, ba cheart é a bheith mar aidhm aige a áirithiú nach dtabhóidh scairshealbhóirí, creidiúnaithe, comhaltaí imréitigh ná a gcuid cliant caillteanais níos mó ná mar a thabhódh siad mura ndéanfadh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL tráth a mheas an t-údarás réitigh gur comhlíonadh na coinníollacha maidir le réiteach de bhun Airteagal 22(1) agus go raibh siad ina ionad sin faoi réir gach oibleagáide féideartha nár cuireadh i gcrích fós de bhun phlean téarnaimh an CPL agus gach uile shocrú conarthach eile ina rialacha oibriúcháin maidir le teagmhas mainneachtana nó neamh-mhainneachtana agus i gcás gur gnóthas foirceanta é an CPL gan luach saincheadúnais iarmharach agus go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, agus aon éifeachtaí díobhálacha sochreidte na héagobhsaíochta sistéamaí agus suaitheadh sa mhargadh á gcur san áireamh go cuí.

(a)  ▌

(b)  ▌

Ní chuirfear san áireamh éifeachtaí díobhálacha sochreidte na héagobhsaíochta sistéamaí ná suaitheadh sa mhargadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, fad agus nach ndéanann na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal 61 iad a luacháil.

A luaithe a bheidh na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 5 d’Airteagal 61 tagtha i bhfeidhm, cuirfidh na húdaráis réitigh san áireamh éifeachtaí díobhálacha sochreidte na héagobhsaíochta sistéamaí, agus suaitheadh sa mhargadh chun críche na chéad fhomhíre.

Airteagal 61

Luacháil i leith an iarratais ar an bprionsabal Gan Creidiúnaí Ar Bith Níos Measa As

1.   Chun críche geallsealbhóirí a bheidh neamhchosanta ar an CPL a chur ar an eolas, déanfaidh an CPL meastachán a sholáthar ar an gcaoi a ndéanfadh caillteanais difear do gach catagóir creidiúnaí faoi chásanna atá foircneach ach sochreidte i gcás teagmhas mainneachtana agus neamh mhainneachtana a mbeidh dócmhainneacht an CPL mar thoradh air, agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.

Léireoidh an meastachán sin go hiomlán na socruithe conarthacha a rialaíonn cascáid chaillteanais an CPL agus beidh sé i gcomhréir leis an modheolaíocht socraithe corrlaigh agus tástála struis a úsáidtear chun oibleagáidí an CPL faoi Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a chomhlíonadh.

1a.  Chun críocha comhlíonadh a mheas maidir leis an bprionsabal gan creidiúnaí ar bith níos measa as mar a leagtar síos in Airteagal 60, áiritheoidh an t-údarás réitigh go ndéanfaidh duine neamhspleách luacháil chomh luath agus is féidir tar éis na ngníomhaíochtaí réitigh a bheith curtha i gcrích.

2.  Áireofar sa luacháil dá dtagraítear i mír 1:

(a)  an chaoi a gcaithfí le scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh agus a gcuid cliant mura ndéanfadh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh maidir leis an CPL tráth a mheas an t-údarás réitigh go ndearnadh na coinníollacha i leith réitigh de bhun Airteagal 22 (1) a chomhlíonadh, agus go raibh siad ina ionad sin faoi réir oibleagáidí féideartha nár cuireadh i gcrích fós de bhun phlean téarnaimh an CPL agus socruithe conarthacha eile ina rialacha oibríochta agus go ndearnadh an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta mar ghnóthas foirceanta gan luach saincheadúnais iarmharach, agus aon éifeachtaí díobhálacha sochreidte na héagobhsaíochta sistéamaí agus suaitheadh sa mhargadh á gcur san áireamh go cuí,

(b)  an chaoi ar caitheadh iarbhír le scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh agus a gcuid cliant, i ndáil le réiteach an CPL;

(c)  an bhfuil nó nach bhfuil aon difríocht ann idir an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (a) agus an chaoi a gcaitear leo dá dtagraítear i bpointe (b).

3.  Chun críocha a láimhseáil a ríomh dá dtagraítear i mír 2(a), ní bheidh aird ag an luacháil dá dtagraítear i mír 1 ar aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a sholáthar don CPL faoi réiteach, agus tabharfar neamhaird ar mhodheolaíocht praghsála an CPL sa chás go gclisfidh ar an modheolaíocht dálaí margaidh éifeachtacha a léiriú.

4.  Beidh an luacháil dá dtagraítear i mír 1 éagsúil leis an luacháil arna déanamh faoi Airteagal 24(3).

5.  Agus aon chaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 74(4) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an mhodheolaíocht a úsáidfear chun an luacháil a dhéanamh dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear, má bhíonn sé nó nuair a bheidh sé indéanta go teicniúil, éifeachtaí díobhálacha sochreidte na héagobhsaíochta sistéamaí agus suaitheadh sa mhargadh a luacháil.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta: 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 62

Beart coimirce i gcomhair scairshealbhóirí, creidiúnaithe agus comhaltaí imréitigh agus a gcuid cliant

Más rud é, i gcomhréir leis an luacháil a dhéanfar faoi Airteagal 61, inar thabhaigh aon scairshealbhóir, creidiúnaí, comhalta imréitigh nó cliant de chomhalta imréitigh caillteanais níos mó ná mar a thaobhódh sé mura ndéanfadh an t-údarás réitigh gníomhaíocht réitigh maidir leis an CPL, agus ina mbeidís ina ionad sin faoi réir oibleagáidí féideartha nár cuireadh i gcrích fós de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile ina rialacha oibríochta nó go ndéanfaí an CPL a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, beidh an scairshealbhóir sin, an creidiúnaí sin agus an rannpháirtí imréitigh sin i dteideal íocaíocht na difríochta a fháil.

Airteagal 62a

Íocaíochtaí a fhorchúiteamh

Déanfaidh an t-údarás réitigh aon speansais réasúnacha arna dtabhú i dtaca le híocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 62 a ghnóthú in aon cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)  ón CPL faoi réiteach, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(b)  ó aon chomaoin a íocann ceannaitheoir i gcás inar úsáideadh an uirlis díola gnó;

(c)  ó aon fháltais a ghintear de thoradh fhoirceannadh an CPL idirlinne, mar chreidiúnaí fabhraithe;

(d)  ó aon chomhalta imréitigh, a mhéid nach dtabhóidh comhalta réitigh caillteanais ar mó iad ná na caillteanais a bheadh tabhaithe aige mura ndéanfadh an t-údarás réitigh an ghníomhaíocht réitigh i ndáil leis an CPL, sa dóigh go mbeidís faoi réir oibleagáidí a d’fhéadfadh a bheith gan íoc de bhun phlean téarnaimh an CPL nó socruithe eile ina rialacha oibríochtúla nó dá bhfoirceannfaí an CPL faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.

Airteagal 63

Beart coimirce do chontrapháirtithe in aistrithe páirteacha

Beidh feidhm ag na cosaintí dá bhforáiltear in Airteagal 64, in Airteagal 65 agus in Airteagal 66 sna cúinsí seo a leanas:

(a)  i gcás ina n-aistreoidh an t-údarás réitigh cuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach, nó CPL idirlinne, chuig ceannaitheoir ach nach n-aistreoidh sé iad ar fad.

(b)  i gcás ina bhfeidhmeoidh an t-údarás réitigh na cumhachtaí dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 49(1).

Airteagal 64

Comhaontuithe i dtaobh comhthaobhacht airgeadais, fritháireamh agus glanluacháil a chosaint

Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach go n-aistreofar cuid de na cearta agus de na dliteanais ach gan iad ar fad faoi shocrú comhthaobhacht airgeadais aistrithe teidil, socrú fritháirimh nó socrú glanluachála idir CPL faoi réiteach agus páirtithe eile sna socruithe, ná ar bhealach ina ndéanfar na cearta agus na dliteanais a mhodhnú nó a fhoirceannadh faoi na socruithe sin trí bhíthin cumhachtaí coimhdeacha a úsáid.

Áireofar sna socruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír aon socrú ina bhfuil na páirtithe i dteideal na cearta sin agus na dliteanais sin a fhritháireamh nó a ghlanluacháil.

Airteagal 65

Cosaint i gcomhair socruithe urrúis

Gan dochar d’úsáid uirlisí leithdháilte suíomhanna in Airteagal 29, áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach go mbeidh aon chuid de na nithe seo a leanas amhlaidh maidir le socruithe urrúis idir CPL faoi réiteach agus páirtithe eile sna socruithe sin:

(a)  aistriú sócmhainní a bhfuil an dliteanas arna urrú ina gcoinne mura ndéantar dliteanas agus sochar an urrúis a aistriú freisin;

(b)  aistriú dliteanais urraithe mura ndéantar sochar an urrúis a aistriú freisin;

(c)  aistriú shochar an urrúis mura ndéantar an dliteanas urraithe a aistriú freisin;

(d)  modhnú nó foirceannadh socrú urrúis trí úsáid cumhachtaí coimhdeacha, arb é an éifeacht a bheidh leis an modhnú sin nó leis an bhfoirceannadh sin go scoirfidh an dliteanas de bheith urraithe.

Airteagal 66

Cosaint i gcomhair socruithe airgeadais struchtúrtha agus bannaí faoi chumhdach

Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach ina mbeidh aon chuid de na nithe seo a leanas amhlaidh maidir le socruithe airgeadais struchtúrtha, lena n-áirítear bannaí faoi chumhdach:

(a)  cuid de na sócmhainní, cearta agus dliteanais ach gan iad ar fad, a chomhdhéanann nó atá mar chuid de shocrú airgeadais struchtúrtha ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina páirtí, cuid díobh sin a aistriú;

(b)  na sócmhainní, cearta agus dliteanais ar sócmhainní, cearta agus dliteanais iad a chomhdhéanann nó atá mar chuid de shocrú airgeadais struchtúrtha ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí, a fhoirceannadh nó a mhodhnú trí úsáid a bhaint as cumhachtaí coimhdeacha ;

Chun críocha na chéad fhomhíre, aireofar sna socruithe airgeadais struchtúrtha urrúsacháin agus ionstraimí a úsáidtear chun críocha fálaithe atá ina gcuid lárnach den chomhthiomsú cumhdaigh agus a ndéantar iad a urrú, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ar bhealach comhchosúil le bannaí cumhdaithe, lena gcuimsítear deonú agus sealbhú urrúis ag páirtí sa socrú nó ag iontaobhaí, gníomhaire nó ainmnitheach.

Airteagal 67

Aistrithe páirteacha: córais um thrádáil, imréiteach agus socraíocht a chosaint

1.  Áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mbainfear úsáid as uirlis réitigh ar bhealach ina ndéanfar difear d'oibriú córas agus rialacha córas arna gcumhdach le Treoir 98/26/CE, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas:

(a)  cuid de na sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL faoi réiteach, ach ní hiad ar fad, a aistriú chuig ceannaitheoir;

(b)  téarmaí conartha a chealú nó a leasú ina bhfuil an CPL faoi réiteach ina pháirtí nó ceannaitheoir nó CPL idirlinne a chur in ionad páirtí.

2.  Chun críocha mhír 1, áiritheoidh an t-údarás réitigh nach mbainfear úsáid as na huirlisí réitigh ar bhealach go mbeidh aon chuid de na torthaí seo ann:

(a)  ordú aistrithe a chúlghairm i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE;

(b)  tionchar a imirt ar fhorghníomhaitheacht orduithe aistrithe agus glanluachála mar a cheanglaítear le hAirteagal 3 agus le hAirteagal 5 de Threoir 98/26/CE;

(c)  tionchar a imirt ar úsáid cistí, urrús nó saoráidí creidmheasa mar a cheanglaítear le hAirteagal 4 de Threoir 98/26/CE;

(d)  tionchar a imirt ar chosaint urrús comhthaobhachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 9 de Threoir 98/26/CE.

CAIBIDIL VI

Oibleagáidí nós imeachta

Airteagal 68

Ceanglais maidir le fógra

1.  Tabharfaidh an CPL fógra don údarás inniúil i gcás ina measann an contrapháirtí go bhfuil ag cliseadh air nó gur dócha go gclisfear air dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

2.  Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas faoi aon fhógraí arna bhfáil faoi mhír 1 agus faoi aon téarnamh nó aon bhearta eile i gcomhréir le Teideal IV a chuireann an t-údarás inniúil de cheangal ar an CPL a dhéanamh.

Cuirfidh an t-údarás inniúil an t-údarás réitigh ar an eolas faoi aon chás éigeandála dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaineann le CPL agus faoi aon fhógra arna fháil i gcomhréir le hAirteagal 48 den Rialachán sin.

3.  I gcás ina gcinneann údarás inniúil nó údarás réitigh go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus bpointe (b) d'Airteagal 22(1) comhlíonta maidir le CPL, tabharfaidh sé fógra in am trátha do na húdaráis seo a leanas:

(a)  an t-údarás inniúil nó réitigh don CPL sin;

(b)  an t-údarás inniúil do mháthairghnóthas an CPL;

(b a)  an coláiste maoirseachta don CPL sin;

(bb)  an coláiste réitigh don CPL sin;

(c)  an banc ceannais;

(d)  an aireacht inniúil;

(e)  BERS agus an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe.

Airteagal 69

Cinneadh an údaráis inniúil

1.  Tar éis fógra a fháil ón údarás inniúil de bhun Airteagal 68(3), cinnfidh an t-údarás réitigh an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht réitigh.

2.  Sa chinneadh an ndéanfar gníomhaíocht réitigh i ndáil le CPL nó nach ndéanfar, beidh eolas ar na nithe seo a leanas:

(a)  measúnú an údaráis réitigh i dtaobh an gcomhlíonann an CPL na coinníollacha maidir le réiteach;

(b)  aon ghníomhaíocht atá sé beartaithe ag an údarás réitigh a dhéanamh, lena n-áirítear an cinneadh maidir le hiarratas a dhéanamh ar fhoirceannadh, riarthóir a cheapadh nó aon bhearta eile faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta infheidhme nó, faoi réir phointe (e) d'Airteagal 27(1), faoin dlí náisiúnta.

Airteagal 70

Oibleagáidí nós imeachta na n-údarás réiteach

1.  Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra do na húdaráis seo a leanas, a luaithe is indéanta tar éis gníomhaíocht réitigh a dhéanamh:

(a)  an CPL faoi réiteach;

(b)  an coláiste réitigh;

(c)  an t-údarás náisiúnta macrastuamachta ainmnithe agus BERS;

(d)  an Coimisiún, an Banc Ceannais Eorpach, agus ÚEÁPC;

(e)  oibreoirí na gcóras a chumhdaítear le Treoir 98/26/AE ina mbíonn an CPL atá faoi réiteach rannpháirteach.

2.  Leis an bhfógra dá dtagraítear i mír 1 beidh cóip d'aon ordú nó ionstraim trína ndéantar an ghníomhaíocht ábhartha agus luafar ann an dáta óna mbeidh feidhm ag an ngníomhaíocht réitigh.

Cuirfear in iúl san fhógra don choláiste réitigh de bhun pointe (b) de mhír (1) an ndiallann an ghníomhaíocht réitigh ón bplean réitigh agus luafar na cúiseanna le haon diall den sórt sin.

3.  Foilseofar cóip den ordú nó ionstraim faoina ndéantar an ghníomhaíocht réitigh, nó fógra ina dtugtar achoimre ar éifeachtaí na gníomhaíochta réitigh, agus, más infheidhme, na téarmaí agus an tréimhse fionraí nó srianta dá dtagraítear in Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57, foilseofar iad sna háiteanna seo uile a leanas:

(a)  suíomh gréasáin an údaráis réitigh;

(b)  suíomh gréasáin an údaráis inniúil, murab ionann é agus an t-údarás réitigh, agus suíomh gréasáin ÚEUM;

(c)  suíomh gréasáin an CPL atá faoi réiteach;

(d)  i gcás ina ligtear isteach ionstraimí úinéireachta nó ionstraimí fiachais an CPL atá faoi réiteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, an modh a úsáidtear maidir le nochtadh faisnéis rialáilte faoin CPL atá faoi réiteach de bhun Airteagal 21(1) de Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17).

4.  I gcás nach ligtear isteach na hionstraimí úinéireachta ná na hionstraimí fiachais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, áiritheoidh an t-údarás réitigh go seolfar na doiciméid lena gcuirtear cruthúnas an ordaithe dá dtagraítear i mír 3 chuig sealbhóirí ionstraimí úinéireachta agus creidiúnaithe an CPL atá faoi réiteach, sealbhóirí a bhfuil an t-údarás réitigh eolach fúthu trí chláir nó trí bhunachair sonraí an CPL atá faoi réiteach.

Airteagal 71

Rúndacht

1.  Beidh ceanglais na rúndachta gairmiúla ina gceangal i ndáil leis na daoine seo a leanas:

(a)  údaráis réitigh;

(b)  údaráis inniúla, ÚEUM agus ÚBE;

(c)  aireachtaí inniúla;

(d)  bainisteoirí speisialta nó riarthóirí sealadacha a cheaptar faoin Rialachán seo;

(e)  faighteoirí féideartha a ndéanann na húdaráis inniúla teagmháil leo nó atá iarrtha ag na húdaráis réitigh, is cuma má rinneadh an teagmháil nó sirtheoireacht mar ullmhúchán leis an uirlis díolta gnó a úsáid, agus is cuma an raibh éadáil mar thoradh ar an sirtheoireacht nó nach raibh;

(f)  iniúchóirí, cuntasóirí, comhairleoirí dlí agus gairmiúla, luachálaithe agus saineolaithe eile a fhostaítear go díreach nó go hindíreach ag na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla nó ag na faighteoirí féideartha dá dtagraítear i bpointe (e);

(g)  bainc cheannais agus údaráis eile atá rannpháirteach sa phróiseas réitigh;

(h)  CLP idirlinne;

(i)  aon daoine eile a soláthraíonn nó a sholáthraigh seirbhísí go díreach nó go hindíreach, go buan nó anois is arís, do dhaoine dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k);

(j)  bainistíocht shinsearach agus baill bhord CPL, agus fostaithe na gcomhlachtaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (k) roimh a gceapadh, lena linn nó dá éis;

(k)  baill uile eile an choláiste réitigh nach dtagraítear dóibh i bpointí (a), (b), (c) agus (g).

2.  D'fhonn a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais rúndachta a leagtar amach i mír 1 agus mír 3, áiritheoidh na daoine a luaitear i bpointí (a), (b), (c), (g), (h) agus (k) de mhír 1 go bhfuil rialacha inmheánacha i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacha chun rúndacht eolais a ráthú idir daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpróiseas réitigh.

3.  Beidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faoi thoirmeasc faisnéis rúnda a gheofar a nochtadh le linn a ngníomhaíochtaí gairmiúla nó ó údarás inniúil nó ó údarás réitigh i ndáil lena bhfeidhmeanna faoin Rialachán seo, d'aon duine nó d'aon údarás, mura rud é gur ag feidhmiú a bhfeidhmeanna a bheidh siad faoin Rialachán seo nó i bhfoirm achoimre nó chomhiomlán sa chaoi nach féidir CPLanna aonair a shainaithint nó le toiliú sainráite nó réamhthoiliú an údaráis nó an CPL a chuir an fhaisnéis ar fáil.

Sula ndéantar aon chineál faisnéise a nochtadh, déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 measúnú ar na héifeachtaí a d'fhéadfadh nochtadh na faisnéise sin a imirt ar leas an phobail maidir le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch, ar leasanna tráchtála daoine nádúrtha agus dlítheanacha, chun críche cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí.

Áiritheofar leis an nós imeachta maidir le héifeachtaí nochta faisnéise a sheiceáil go bhfuil measúnú sonrach ar éifeachtaí aon nochta ar ábhair agus ar mhionsonraí na bpleananna téarnaimh agus réitigh dá dtagraítear in Airteagal 9 agus in Airteagal 13 agus toradh aon mheasúnaithe a dhéanfar faoi Airteagal 10 agus Airteagal 16.

I gcás sárú ar an Airteagal sin, beidh aon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 faoi réir dliteanas sibhialta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

4.  De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 faisnéis rúnda a mhalartú le haon cheann acu seo a leanas, ar choinníoll go bhfuil comhaontuithe rúndachta i bhfeidhm chun críocha an mhalartaithe sin:

(a)  aon duine eile i gcás inar gá chun críocha pleanála nó gníomhaíocht réitigh a dhéanamh;

(b)  coistí fiosrúcháin parlaiminteacha ina mBallstát, cúirteanna iniúchóirí ina mBallstát agus eintiteas eile atá i gceannas ar fhiosrúcháin ina mBallstát;

(c)  údaráis náisiúnta atá freagrach as formhaoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta, na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta, na húdaráis ar cuireadh de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis earnála eile airgeadais, na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí airgeadais agus gnóthais árachais agus cigirí atá ag gníomhú thar a gceann, na húdaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a chothabháil trí rialacha macrastuamachta a úsáid, na húdaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus na daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh.

5.  Ní chuirfidh an tAirteagal seo cosc ar:

(a)  fostaithe agus saineolaithe na gcomhlachtaí nó na n-eintiteas dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) agus i bpointe (k) de mhír 1 faisnéis a roinnt eatarthu féin laistigh de gach comhlacht nó eintiteas;

(b)  údaráis réitigh agus údaráis inniúla, lena n-áiritear a bhfostaithe agus a saineolaithe, faisnéis a roinnt lena chéile agus le húdaráis réitigh eile de chuid an Aontais, údaráis inniúla eile de chuid an Aontais, aireachtaí inniúla, bainc cheannais, údaráis atá freagrach as cobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit a chothabháil trí rialacha macrastuamachta a úsáid, daoine a bhfuil sé de chúram orthu iniúchóireacht reachtúil a dhéanamh ar chuntais, ÚBE, ÚEUM, nó, faoi réir Airteagal 78, údaráis tríú tír a chomhlíonann feidhmeanna atá coibhéiseach le feidhmeanna na n-údarás réiteach, nó, faoi réir ceanglais dhiana rúndachta, le faighteoirí féideartha chun críocha gníomhaíocht réitigh a phleanáil nó a chur i gcrích.

6.  Beidh an tAirteagal seo gan dochar don dlí náisiúnta maidir le nochtadh faisnéise chun críche imeachtaí dlíthiúla i gcásanna coiriúla nó sibhialta.

CAIBIDIL VII

Ceart chun achomhairc agus eisiamh gníomhaíochtaí eile

Airteagal 72

Formheas breithiúnach ex-ante agus cearta ar achomharc

1.  ▌

2.  Cinneadh beart coiscthe géarchéime a dhéanamh nó cinneadh cumhacht a fheidhmiú, seachas gníomhaíocht réitigh, beidh ceart ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin ag gach duine a ndéanann cinneadh den chineál sin difear dó.

3.  Gach duine a ndéanann cinneadh gníomhaíocht réitigh a dhéanamh difear dó, beidh ceart ar achomharc ag an duine sin i gcoinne an chinnidh sin.

4.  Beidh an ceart ar achomharc dá dtagraítear in Airteagal 3 faoi réir na gceanglas seo a leanas:

(a)  beidh cinneadh an údaráis réitigh infhorghníomhaithe láithreach agus mar thoradh air sin beidh toimhde infhrisnéise gur i gcoinne leas an phobail a bheadh sé an forfheidhmiú a chur ar fionraí;

(b)  beidh an nós imeachta maidir leis an achomharc gasta;

(c)  bainfidh an chúirt leas as na measúnuithe eacnamaíocha a dhéanann an t-údarás réitigh ar na fíricí mar bhonn lena measúnú féin.

4a.  Maidir le cinneadh de chuid an Údaráis Réitigh caingean Réitigh a ghlacadh, beart coiscthe géarchéime nó cinneadh chun aon chumhacht a fheidhmiú, seachas gníomhaíocht Réitigh, ní dhéanfar é a neamhniú ar fhorais shubstainteacha ach amháin má bhí sé treallach agus míréasúnach tráth an chinnidh, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil go héasca ansin.

4b.  Maidir le hachomharc a dhéanamh, ní bheidh aon fhionraí uathoibríoch ar éifeachtaí an chinnidh a bhfuiltear ag agóid ina choinne.

5.  I gcás inar gá chun cosaint leasanna tríú páirtithe atá ag gníomhú de mheon macánta a bhfuil ionstraimí úinéireachta, sócmhainní, cearta, oibleagáidí nó dliteanais CPL atá faoi réiteach faighte acu de bhun gníomhaíocht réitigh, ní bheidh feidhm ag neamhniú cinneadh údaráis réitigh ar ghníomhartha nó idirbhearta riaracháin ina dhiaidh sin a chuirtear i gcrích ag an údarás réitigh lena mbaineann a bhí bunaithe ar an gcinneadh neamhnithe.

Chun chríocha na chéad fhomhíre, beidh na leigheasanna atá ar fáil don iarrthóir nuair a dhéantar cinneadh de chuid an údaráis réitigh a neamhniú teoranta do chúiteamh ar aon chaillteanas a tharla mar gheall ar an gcinneadh sin.

Airteagal 73

Srianta ar imeachtaí eile

1.  Ní thosófar gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le CPL, ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh nó le toiliú uaidh i gcomhréir le mír 3.

2.  Tabharfar fógra do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis réitigh gan mhoill maidir le haon iarratas ar ghnáthimeachtaí dócmhainneachta a thionscnamh maidir le CPL, is cuma má tá an CPL faoi réiteach nó más rud é gur poiblíodh cinneadh i gcomhréir le hAirteagal 70(3).

3.  Ní fhéadfaidh na húdaráis atá freagrach as gnáthimeachtaí dócmhainneachta na himeachtaí sin a thionscnamh ach amháin tar éis don údarás réitigh fógra a thabhairt dóibh faoina chinneadh gan gníomhaíocht réitigh a dhéanamh maidir leis an CPL nó i gcás nach bhfaightear aon fhógra laistigh de sheacht lá den fhógra dá dtagraítear i mír 2.

I gcás inar gá sin chun úsáid éifeachtach a bhaint as uirlisí réitigh agus cumhachtaí réitigh, féadfaidh údaráis réitigh iarraidh ar an gcúirt bac a chur i bhfeidhm ar feadh tréimhse iomchuí i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú, ar aon ghníomhaíocht bhreithiúnach nó imeacht ina bhfuil CPL faoi réiteach ina pháirtí nó ina bhféadfaidh sé bheith ina pháirtí.

TEIDEAL VI

CAIDREAMH LE TRÍÚ TÍORTHA

Airteagal 74

Comhaontuithe le tríú tíortha

1.  I gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, féadfaidh an Coimisiún moltaí a thíolacadh don Chomhairle maidir le comhaontuithe a chaibidliú le haon tríú tír amháin nó níos mó i dtaca leis na modhanna comhair idir na húdaráis réitigh agus na húdaráis ábhartha tríú tír i ndáil le pleanáil téarnaimh agus réitigh maidir le CPLanna agus CPLanna tríú tír, maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)  soláthraíonn CPL tríú tír seirbhísí nó a bhfuil fochuideachtaí aige i gceann amháin nó níos mó de na  Ballstáit;

(b)  soláthraíonn CPL atá bunaithe i mBallstát seirbhísí nó tá fochuideachta amháin nó níos mó aige i dtríú tír.

(ba)  tá líon suntasach comhaltaí imréitigh CPL bunaithe sa tríú tír sin;

(bb)  tá líon suntasach comhaltaí imréitigh ag CPL tríú tír atá bunaithe san Aontas.

2.  Féachfar leis na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 1, go háirithe, le próisis agus socruithe a áirithiú ar mhaithe le comhar maidir le cur i gcrích na gcúraimí agus feidhmiú na gcumhachtaí a luaitear in Airteagal 77, lena n-áirítear malartú na faisnéise is gá chun na gcríoch sin.

Airteagal 75

Nósanna imeachta réitigh tríú tír a aithint agus a fhorghníomhú

1.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le himeachtaí réitigh tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha sa mhéid is nach bhfuil aithint agus forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.  Tabharfaidh údaráis náisiúnta ábhartha aitheantas d'imeachtaí réitigh tríú tír a bhaineann le CPL tríú tír in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  soláthraíonn an CPL tríú tír seirbhísí i mBallstát amháin nó níos mó nó tá fochuideachtaí bunaithe aige i mBallstát amháin nó níos mó;

(b)  tá sócmhainní, cearta nó dliteanais ag an CPL tríú tír, atá lonnaithe i mBallstát amháin nó níos mó nó tá siad á rialú le dlí na mBallstát sin.

Áiritheoidh údaráis ábhartha náisiúnta forfheidhmiú na n-imeachtaí réitigh tríú tír aitheanta i gcomhréir lena ndlí náisiúnta.

3.  Beidh an chumhacht na nithe seo ar a laghad a dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta ábhartha:

(a)  na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)  sócmhainní CPL tríú tír atá lonnaithe ina mBallstát nó á rialú le dlí a mBallstáit;

(ii)  cearta nó dliteanais CPL tríú tír atá cláraithe ina mBallstát nó á rialú le dlí a mBallstáit, nó i gcás ina bhfuil éilithe i ndáil le cearta agus dliteanais den sórt sin infhorfheidhmithe ina mBallstát;

(b)  aistriú ionstraimí úinéireachta i bhfochuideachta atá bunaithe sa Bhallstát ainmniúcháin a fhoirfiú, lena n-áirítear ceangal ar dhuine eile an t-aistriú a fhoirfiú;

(c)  na cumhachtaí in Airteagal 55, Airteagal 56 agus Airteagal 57 a fheidhmiú maidir le cearta aon pháirtí conradh a bheith aige le heintiteas dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcás gur gá cumhachtaí den sórt sin chun imeachtaí réitigh tríú tír a fhorfeidhmiú;

(d)  bail neamh-infheidhmithe a chur ar aon cheart conarthaí a fhoirceannadh, a leachtú nó a luathú, nó difear a dhéanamh do chearta conarthacha eintitis dá dtagraítear i mír 2 agus grúpeintitis eile, i gcás ina dtagann ceart den sórt sin ó ghníomhaíocht réitigh a rinneadh maidir le CPL tríú tír, cibé acu ón údarás réitigh tríú tír féin nó de bhun ceanglais dlí nó rialála maidir le socruithe réitigh sa tír sin, ar choinníoll go leantar de bheith ag feidhmiú oibleagáidí substainteacha faoin gconradh, lena n-áirítear oibleagáidí íocaíochta agus seachadta agus soláthar comhthaobhachta.

4.  Beidh aitheantas agus forghníomhú imeachtaí dócmhainneachta tríú tír gan dochar do ghnáthimeachtaí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 76

Ceart aithint agus forghníomhú nósanna imeachta réitigh tríú tír a dhiúltú

De mhaolú ar Airteagal 75(2), féadfaidh na húdaráis ábhartha náisiúnta diúltú aitheantas a thabhairt d'imeachtaí réitigh tríú tír nó diúltú na himeachtaí sin a fhorfheidhmiú in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  bheadh éifeachtaí dhíobhálacha ag na himeachtaí réitigh tríú tír ar chobhsaíocht airgeadais ina  mBallstát;

(b)  ní chuirfí, faoi imeachtaí réitigh baile an tríú tír, an chóir chéanna ar chreidiúnaithe ná comhaltaí imréitigh nó cliaint na gcomhaltaí imréitigh sin atá lonnaithe ina mBallstát agus a chuirfí ar chreidiúnaithe nó comhaltaí imréitigh tríú tír nó ar chliaint na gcomhaltaí imréitigh sin a bhfuil cearta dlíthiúla comhchosúla acu;

(c)  bheadh impleachtaí fioscacha ábhartha ar an mBallstát ag aithint agus ag forghníomhú imeachtaí réitigh tríú tír;

(d)  bheadh an aithint nó an forghníomhú contrártha leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 77

Comhar le húdaráis tríú tír

1.  Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le comhar le tríú tír mura rud é go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(1) tagtha i bhfeidhm leis an tríú tír ábhartha agus go dtí go dtarlóidh sin. Beidh feidhm aige freisin tar éis do chomhaontú idirnáisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 74(1) a theacht i bhfeidhm le tríú tír ábhartha sa mhéid is nach bhfuil ábhar an Airteagail seo á rialú ag an gcomhaontú sin.

2.  I gcás inarb iomchuí, déanfaidh údaráis inniúla nó údaráis réitigh socruithe comhair a chur i gcrích leis na húdaráis ábhartha tríú tír seo a leanas, agus socruithe comhair atá ann cheana a bunaíodh de bhun Airteagal 25(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á gcur san áireamh:

(a)  i gcás ina soláthraíonn CPL tríú tír seirbhísí nó ina bhfuil fochuideachtaí aige i mBallstát amháin nó níos mó, údaráis ábhartha an tríú tír ina bhfuil an CPL bunaithe;

(b)  i gcás ina soláthraíonn CPL seirbhísí i dtríú tír nó i gcás ina bhfuil fochuideachta amháin nó níos mó aige, údaráis ábhartha na dtríú tíortha ina soláthraítear na seirbhísí sin nó ina bunaítear na fochuideachtaí.

3.  Leis na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 2 bunófar próisis agus socruithe idir na húdaráis rannpháirteacha d'fhonn an fhaisnéis riachtanach chun na tascanna seo a leanas a dhéanamh a sheoladh agus le haghaidh comhoibriú chun na cúraimí seo a leanas a dhéanamh, agus chun na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú maidir le CPLanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 2 nó maidir le grúpaí lena n-áirítear CPLanna den sórt sin:

(a)  forbairt pleananna réitigh i gcomhréir le hAirteagal 13 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(b)  measúnú ar inréititheacht institiúidí agus grúpaí den sórt sin, i gcomhréir le hAirteagal 16 agus ceanglais chomhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(c)  cur i bhfeidhm na gcumhachtaí chun dul i ngleic le hinréititheacht nó baic léi a bhaint de bhun Airteagal 17 agus aon chumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú  tíortha ábhartha;

(d)  cur i bhfeidhm bearta luath-idirghabhála de bhun Airteagal 19 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú tíortha ábhartha;

(e)  úsáid uirlisí réitigh agus feidhmiú cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a tugadh do na húdaráis ábhartha tríú tír.

4.  Sna socruithe comhair a chuirtear i gcrích idir údaráis réitigh agus údaráis inniúla na mBallstát agus na dtríú tíortha de bhun mhír 2 féadfaidh forálacha do na nithe  seo a leanas a bheith san áireamh:

(a)  an malartú faisnéise atá riachtanach d'fhonn phleananna réitigh a ullmhú agus a chothabháil;

(b)  comhairliúchán agus comhar i bhforbairt pleananna réitigh, lena n-áirítear prionsabail maidir le feidhmiú cumhachtaí faoi Airteagal 75 agus cumhachtaí comhchosúla faoi dhlí na dtríú dtíortha ábhartha;

(c)  an malartú faisnéise atá de dhíth chun na huirlisí réitigh a úsáid agus cumhachtaí réitigh agus cumhachtaí comhchosúla a fheidhmiú faoi dhlí na dtríú  tíortha ábhartha;

(d)  luathrabhadh do pháirtithe sa socrú comhair agus comhairliúcháin leo sula ndéanfar aon bheart faoin Rialachán seo nó faoi dhlí ábhartha tríú tír a dhéanann difear don CPL nó don ghrúpa lena mbaineann an socrú;

(e)  comhordú na cumarsáide poiblí i gcás gníomhaíochtaí comhpháirteacha réitigh:

(f)  nósanna imeachta agus socruithe maidir le malartú faisnéise agus comhar faoi phointe (a) go pointe (e), lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí ghrúpaí bainistithe géarchéime a chur ar bun agus a fheidhmiú.

Chun a áirithiú go gcuirfear mír 3 i bhfeidhm ar bhealach coiteann aonfhoirmeach comhsheasmhach, eiseoidh ÚEUM treoirlínte ar chineáil agus ábhar na bhforálacha dá dtagraítear i mír 4 faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin].

5.  Tabharfaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla fógra d'ÚEUM maidir le haon chomhaontuithe comhair atá curtha i gcrích i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 78

Malartú faisnéise rúnda

1.  Ní dhéanfaidh údaráis réitigh, údaráis inniúla, aireachtaí inniúla, agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis ábhartha náisiúnta eile faisnéis rúnda a mhalartú, lena n-áirítear pleananna téarnaimh, le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  tá na húdaráis tríú tír sin faoi réir cheanglais agus chaighdeáin rúndachta gairmiúla a mheastar a bheith ar a laghad coibhéiseach leo sin a fhorchuirtear le hAirteagal 71, i dtuairim na n-údarás ar fad lena mbaineann;

(b)  tá gá leis an bhfaisnéis le haghaidh chur i gcrích fheidhmeanna na n-údarás ábhartha tríú tír faoi dhlí náisiúnta atá inchomparáide leo sin faoin Rialachán seo agus ní úsáidtear an fhaisnéis chun aon chríche eile.

2.  A mhéid a bhaineann an malartú faisnéise le sonraí pearsanta, beidh láimhseáil agus tarchur sonraí pearsanta den sórt sin faoi rialú dhlí an Aontais is infheidhme agus dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

3.  I gcás ina dtagann faisnéis rúnda ó Bhallstát eile, ní nochtfaidh údaráis réitigh, údaráis inniúla ná aireachtaí inniúla an fhaisnéis sin le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin mura gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  glacann údarás ábhartha an Bhallstáit ónar tháinig an fhaisnéis leis an nochtadh sin;

(b)  ní nochtar an fhaisnéis ach amháin chun na gcríoch a cheadaítear leis an údarás dá dtagraítear i bpointe (a).

4.  Chun críocha an Airteagail seo, meastar faisnéis a bheith faoi rún má tá sí faoi réir ceanglais rúndachta faoi dhlí an Aontais.

Airteagal 78a

Pionós riaracháin agus bearta eile riaracháin

1.  Gan dochar do cheart na mBallstát foráil do phionóis coiriúla agus iad a fhorchur, leagfaidh Ballstáit síos rialacha lena mbunófar pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a bheidh infheidhme i gcás nár comhlíonadh forálacha an Rialacháin seo, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear iad chun feidhme. I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit gan rialacha a leagan síos le haghaidh pionóis riaracháin maidir le sáruithe atá faoi réir an dlí choiriúil náisiúnta, cuirfidh siad forálacha ábhartha an dlí choiriúil in iúl don Choimisiún. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta eile riaracháin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí dá dtagraítear sa chéad mhír maidir le CPLanna, comhaltaí imréitigh CPLanna nó máthairghnóthais, i gcás sárú, féadfar pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm, faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos sa dlí náisiúnta, maidir le comhaltaí bhord an CPL agus le daoine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.

3.  Déanfar na cumhachtaí pionóis riaracháin a fhorchur dá bhforáiltear sa Rialachán a shannadh d'údaráis réitigh nó, i gcás nach ionann iad, d'údaráis inniúla, de réir chineál an tsáraithe atá ann. Beidh na cumhachtaí uile bailithe sonraí agus imscrúdúcháin is gá ag údaráis réitigh agus údaráis inniúla chun a bhfeidhmeanna faoi seach a dhéanamh. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí chun pionóis a fhorchur, rachaidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla i ndlúthchomhar le chéile chun a áirithiú go mbeidh an toradh inmhianaithe ar na pionóis riaracháin sin nó ar bhearta eile riaracháin agus déanfaidh siad a ngníomhaíocht a chomhordú agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann.

4.  Feidhmeoidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla a gcumhachtaí riaracháin chun pionóis a fhorchur i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an dlí náisiúnta i gcomhréir leis na bealaí seo a leanas:

(a)  go díreach;

(b)  i gcomhar le húdaráis eile;

(c)  trína bhfhreagracht a tharmligean d'údaráis den chineál sin;

(d)  trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

Airteagal 78b

Forálacha sonracha

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil i leith pionós agus bearta eile riaracháin ar a laghad lena bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin i leith na gcásanna seo a leanas:

(a)  mar shárú ar Airteagal 9, mainneachtain pleananna téarnaimh a tharraingt suas, a chothabháil agus a nuashonrú

(b)  mar shárú ar Airteagal 14, mainneachtain an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun pleananna réitigh a fhorbairt;

(c)  mar shárú ar Airteagal 68(1), mainneachtain bhord an CPL fógra a thabhairt don údarás inniúil nuair a bheidh an CPL ag cliseadh nó nuair is dócha go gclisfear air.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, go n-áireoidh na pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin is féidir a chur i bhfeidhm an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  ráiteas poiblí lena léirítear an duine nádúrtha, institiúid, máthairghnóthas an Aontais, CPL, nó aon duine dlítheanach atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(b)  ordú ina gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin an athuair;

(c)  toirmeasc sealadach ar chomhaltaí bhainistíocht shinsearach an CPL nó ar aon duine nádúrtha eile, a chinntear a bheith freagrach, feidhmeanna a fheidhmiú i CPLanna;

(d)  i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dlítheanaigh sin sa bhliain ghnó roimhe sin; I gcás gur fochuideachta máthairghnóthais é an duine dlítheanach, is éard a bheidh sa láimhdeachas ábhartha an láimhdeachas ag teacht as cuntas comhdhlúite an mháthairghnóthais deiridh sa bhliain ghnó roimhe sin;

(e)  i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin suas le EUR 5 000 000, nó sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfheagrach san airgeadra náisiúnta ar [dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo];

(f)  fíneálacha riaracháin suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh.

Airteagal 78c

Foilsiú na bpionós riaracháin

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla ar a suíomh gréasáin oifigiúil, ar a laghad aon phionóis riaracháin a bheidh forchurtha acu ar shárú na bhforálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, i gcás nach raibh na pionóis sin faoi réir achomhairc nó i gcás ina mbeidh an ceart achomhairc ídithe. Déanfar an foilsiú sin gan moill mhíchuí tar éis an duine nádúrtha nó dlítheanach a chur ar an eolas faoin bpionós sin, lena n-áirítear faisnéis faoi shaghas agus chineál an tsáraithe agus faoi chéannacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar a bhfuil an pionós á fhorchur.

I gcás ina gceadóidh Ballstáit pionóis a bhfuil achomhairc ina gcoinne a fhoilsiú, foilseoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ar a láithreáin gréasáin oifigiúla, gan moill mhíchuí, faisnéis maidir le stádas an achomhairc sin agus lena thoradh.

2.  Déanfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla na pionóis a fhorchuireann siad a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, ar bhealach atá i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)  i gcás ina ngearrfar an pionós ar dhuine nádúrtha, agus nuair a thaispeánfar go bhfuil foilsiú na sonraí pearsanta díréireach mar thoradh ar réamh-mheastachán éigeantach ar chomhréireacht foilsiúcháin den sórt sin;

(b)  i gcás ina gcuirfeadh foilsiú cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdú coiriúil atá fós ar siúl i gcontúirt;

(c)  i gcás ina mbeadh an foilsiú ina chúis, a mhéid is féidir a dhéanamh amach, le damáiste díréireach don CLP nó do na daoine dlítheanacha atá i gceist.

Mar rogha air sin, féadfar sna cásanna sin, foilsiú na sonraí atá i gceist a chur siar go ceann tréimhse réasúnach ama, más dóigh go dtiocfaidh deireadh leis na cúiseanna a ndéanfaí an foilsiú le linn na tréimhse sin.

3.  Áiritheoidh údaráis réitigh agus údaráis inniúla go bhfanfaidh aon fhoilseachán atá i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar a suíomh gréasáin oifigiúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad. Ní dhéanfar sonraí pearsanta atá san fhoilseachán a choinneáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil an údaráis réitigh nó an údaráis inniúil ach amháin ar feadh na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

4.  Faoin ... [OF: cuirtear isteach an dáta: 18 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh ÚEUM tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an bhfoilsiúchán ag na Ballstáit, ar bhonn anaithnid faoi mar a fhoráiltear faoi mhír 2, maidir le pionóis i gcás neamhchomhlíonadh na bhforálacha a leagtar síos sa Rialachán seo, agus go háirithe cibé ar tharla dibhéirseachtaí suntasacha idir na Ballstáit ina leith sin. Tabharfar aghaidh sa tuarascáil sin freisin ar aon dibhéirseachtaí suntasacha le linn dó na pionóis a fhoilsiú faoin dlí náisiúnta sna Ballstáit maidir le pionóis a fhoilsiú.

Airteagal 78d

An bunachar sonraí láir a chothabháil ag ÚEUM

1.  Faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil dá dtagraítear in Airteagal 71, cuirfidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas faoi na pionóis riaracháin uile a d'fhorfheidhmigh siad faoi Airteagal 78a maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta a leagtar síos san Airteagal seo agus faoi stádas an achomhairc sin agus an toradh a bhí air.

2.  Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach de na pionóis a chuirtear in iúl dóibh chun críche faisnéis a mhalartú idir údaráis réitigh nach mbeidh rochtain uirthi ach amháin ag údaráis réitigh agus a dhéanfar a nuashonrú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis réitigh.

3.  Coimeádfaidh ÚEUM bunachar sonraí lárnach de na pionóis a chuirtear in iúl dóibh chun críche faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla nach mbeidh rochtain uirthi ach amháin ag údaráis inniúla agus a dhéanfar a nuashonrú ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na húdaráis inniúla.

4.  Coimeádfaidh ÚEUM leathanach gréasáin ina mbeidh naisc chuig na pionóis a fhoilsíonn gach údarás réitigh agus chuig na pionóis a fhoilsíonn gach údarás inniúil faoi Airteagal 78c agus léireoidh siad an tréimhse dá bhfoilsíonn gach Ballstát pionóis.

Airteagal 78e

Pionóis a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus feidhmiú cumhachtaí maidir le pionóis a fhorfheidhmiú ag údaráis inniúla agus ag údaráis réitigh

Áiritheoidh na Ballstáit, agus iad ag déanamh cinneadh maidir le cineál pionós riaracháin nó bearta eile riaracháin agus maidir le leibhéal na bhfíneálacha riaracháin, go gcuirfidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena n-áirítear i gcás inarb iomchuí:

(a)  tromchúis agus fad an tsáraithe;

(b)  méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach;

(c)  neart airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach, mar shampla, arna léiriú ag láimhdeachas iomlán an duine dhlítheanaigh atá freagrach nó ag ioncam bliantúil an duine nádúrtha atá freagrach;

(d)  méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(e)  na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a dhéanamh amach;

(f)  an leibhéal comhair leis an údarás inniúil agus leis an údarás réitigh atá ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach;

(g)  sáruithe roimhe sin ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach;

(h)  aon iarmhairtí sistéamacha de thoradh an tsáraithe.

TEIDEAL VII

LEASUITHE AR RIALACHÁN (AE) UIMH. 1095/2010, RIALACHÁN (AE) UIMH. 648/2012, AGUS RIALACHÁN (AE) UIMH. 2015/2365

Airteagal 79

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 mar a leanas:

(22)  Cuirtear an pointe (iv) seo a leanas le hAirteagal 4(3):"

'(iv) maidir le hAirteagal (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], údarás réitigh mar a shainmhínítear i bpointe 3 d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna].';

"

(23)  Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 40(5):"

Chun gníomhú faoi réim raon feidhme Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], féadfaidh ionadaí thar ceann an údaráis réitigh i ngach Ballstát a bheith in éineacht leis an gcomhalta den Bhord Maoirseoirí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, i gcás inarb iomchuí sin, agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin.’.

"

Airteagal 80

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 mar a leanas:

(1)  Cuirtear isteach Airteagal 6a seo a leanas:"

'Airteagal 6a

Fionraí na hoibleagáide imréitigh atá faoi réiteach

1.  I gcás ina gcomhlíonann CPL na coinníollacha faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], féadfaidh údarás réitigh an CPL a ainmnítear faoi Airteagal 3(1) den Rialachán sin ▌ féadfaidh sé iarraidh ar an gCoimisiún an oibleagáid imréitigh a leagtar síos in Airteagal 4(1) a chur ar fionraí go sealadach d'aicmí sonracha díorthach thar an gcuntar i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

   (a) údaraítear don CPL atá faoi réiteach faoi Airteagal 14 na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar atá faoi réir imréitigh a imréiteach de bhun Airteagal 4(1) a bhfuiltear ag iarraidh fionraí ina leith;
   (b) tá gá le fionraí na hoibleagáide imréitigh a leagtar síos in Airteagal 4 do na haicmí sonracha díorthach thar an gcuntar sin chun bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas i dtaca le réiteach an CPL a sheachaint, go háirithe i gcás ina gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:
   (i) is ann do theagmhais dhochracha nó forbairtí dochracha atá ina mbagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais;
   (ii) tá gá leis an mbeart chun dul i ngleic leis an mbagairt sin agus nach mbeidh éifeacht dhochrach aige ar an gcobhsaíocht airgeadais lena n-áirítear iarmhairtí comhthimthriallacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn agus atá díréireach maidir leis na sochair a ghabhann leis ar chobhsaíocht airgeadais.
   (iia) níl aon CPLanna malartacha ar fáil chun an tseirbhís imréitigh a thairiscint do rannpháirtithe imréitigh an CPL atá faoi réiteach, nó ní féidir le comhaltaí imréitigh agus na cliaint, gach ceanglas dlí nó oibríochtúil de chuid na CPLanna malartacha sin a chomhlíonadh go hoibríochtúil agus go teicniúil laistigh de thréimhse ama réasúnta.

Beidh fianaise go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír ag gabháil leis an iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Tabharfaidh an t-údarás réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a iarraidh réasúnaithe do ÚEUM agus do BERS, an tráth céanna a thugtar an iarraidh don Choimisiún.

2.  Laistigh de 24 uair an chloig tar éis fógra a thabhairt faoin iarraidh dá dtagraítear i mír 1, agus tar éis dul i gcomhairle le BERS, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint maidir leis an bhfionraí atá beartaithe agus an gá le bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas a sheachaint á chur san áireamh, maidir leis na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], agus maidir leis na critéir a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 5 den Rialachán seo.

3.  Ní chuirfear an tuairim dá dtagraítear i mír 2 ar fáil don phobal.

4.  Laistigh de 48 uair an chloig tar éis na hiarrata dá dtagraítear i mír 1 agus i gcomhréir le mír 6, glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena bhfionrófar go sealadach an oibleagáid imréitigh d'aicmí sonracha de dhíorthaigh thar an gcuntar nó lena ndiúltaítear an fionraí iarrtha.

5.  Cuirfear cinneadh an Choimisiúin chuig an údarás a d'iarr an fionraí agus chuig ÚEUM agus foilseofar ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin é. I gcás ina gcinneann an Coimisiún oibleagáid imréitigh a chur ar fionraí, foilseofar sin ar an gclár poiblí dá dtagraítear in Airteagal 6.

6.  Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an oibleagáid imréitigh dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fionraí go sealadach don aicme shonraigh de dhíorthaigh thar an gcuntar ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i bpointe (a) agus pointe (b) de mhír 1. Agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an tuairim a d'eisigh ÚEUM dá dtagraítear i mír 2, na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], na critéir a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 5 maidir leis na haicmí sin de dhíorthaigh thar an gcuntar agus an gá leis an bhfionraí le bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais a sheachaint.

7.  Beidh fionraí oibleagáide imréitigh de bhun mhír 4 bailí ar feadh tréimhse tosaigh nach faide ná aon mhí amháin ó dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

8.  Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás Réitigh, le ÚEUM agus le BERS, an fionraí dá dtagraítear i mír 7 a athnuachan ar feadh tréimhse amháin nó níos mó nach faide go carnach ná sé mhí ó dheireadh na tréimhse fionraí tosaigh i gcás ina leanfaidh gá le fionraí de bheith i bhfeidhm.

9.  Mura ndéantar an fionraí a athnuachan faoi dheireadh na tréimhse tosaigh nó aon tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, rachaidh sé in éag go huathoibríoch.

10.  Tabharfaidh an Coimisiún fógra do ÚEUM go bhfuil sé ar intinn aige fionraí na hoibleagáide imréitigh a athnuachan.

Laistigh de 48 uair an chloig tar éis fógra ón gCoimisiún go bhfuil sé ar intinn aige fionraí na hoibleagáide imréitigh a athnuachan, déanfaidh ÚEUM tuairim a eisiúint maidir le hathnuachan an fhionraí agus an gá le bagairt thromchúiseach ar an gcobhsaíocht airgeadais san Aontas a sheachaint, na cuspóirí réitigh a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna], agus na critéir a leagtar amach i mír 4 agus mír 5 d'Airteagal 5 den Rialachán seo á gcur san áireamh.';

"

(2)  in Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"

'3. Cuirfidh an coiste riosca comhairle ar an mbord faoi aon socruithe a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhainistiú riosca an CPL, amhail athrú suntasach ar a shamhail riosca, na nósanna imeachta mainneachtana, na critéir maidir le comhaltaí imréitigh a ghlacadh nó imréiteach aicmí nua ionstraimí nó d'eisfhoinsiú feidhmeanna. Cuirfidh an coiste riosca aon riosca nua a d'fhéadfadh difear a dhéanamh d'athléimneacht an CPL in iúl don bhord go tráthúil. Ní theastaíonn comhairle an choiste riosca d'oibríochtaí laethúla an CPL. Ba cheart iarrachtaí réasúnacha a dhéanamh dul i gcomhairle leis an gcoiste riosca maidir le forbairtí a mbeidh tionchar acu ar bhainistíocht riosca an CPL i staideanna éigeandála, lena n-áirítear forbairtí a bhaineann le neamhchosaintí chomhaltaí imréitigh ar an CPL agus idirthuilleamaíochtaí le CPLanna eile, gan dochar do na srianta ar fhaisnéis a mhalartú a leagtar amach i ndlí na hiomaíochta.

"

(3)  In Airteagal 28, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"

'5. Cuirfidh CPL an t-údarás inniúil agus an coiste riosca ar an eolas go pras faoi aon chinneadh ina gcinneann an bord gan comhairle an choiste riosca a leanúint agus míneoidh sé cinneadh den sórt sin. Féadfaidh an coiste riosca nó aon bhall den choiste riosca an t-údarás inniúil ar an eolas faoi aon réimse ina measann sé nár leanadh comhairle de chuid an choiste riosca.';

"

(4)  in Airteagal 38, cuirtear isteach an mhír 6 seo a leanas:"

'Cuirfidh comhaltaí imréitigh an CPL a gcuid cliant reatha nó féideartha ar an eolas go soiléir faoi na caillteanais féideartha sonracha nó costais fhéideartha eile a d’fhéadfaidís a iompar mar thoradh ar chur i bhfeidhm an phróisis bainistithe mainneachtana agus socruithe leithdháilte caillteanais a leagtar amach i rialacha oibríochta an CPL, lena n-áirítear an cineál cúitimh a d'fhéadfaidís a fháil, agus Airteagal 48(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 á chur san áireamh. Tabharfar faisnéis leordhóthanach do chliaint d'fhonn a áirithiú go dtuigeann siad na caillteanais is measa nó costais eile a d'fhéadfadh a bheith ann i gcás go ndéanfadh CPL bearta téarnaimh.';

"

(5)  Cuirtear an pointe (q) seo a leanas le hAirteagal 81(3):"

'(q) na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna].'.

"

Airteagal 81

Leasú ar Rialachán (AE) 2015/2365

Cuirtear an pointe (n) seo a leanas le hAirteagal 12(2):"

'(n) na húdaráis réitigh a ainmnítear faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. [maidir le téarnamh agus réiteach CPLanna].'.

"

TEIDEAL VIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 82

Athbhreithniú

Ar a dhéanaí [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus níos luaithe ná sin más iomchuí i bhfianaise reachtaíocht eile a glacadh, déanfaidh ÚEUM measúnú ar na riachtanais foirne agus acmhainní a eascraíonn as a chumhachtaí agus a dhualgas a ghlacadh de láimh i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus déanfaidh sé tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Faoi... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó ar reachtaíocht ábhartha eile a ghlacadh], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus ar a chur chun feidhme agus déanfaidh sé measúnú ar éifeachtacht na socruithe rialachais i dtaca le téarnamh agus réiteach CPLanna san Aontas agus déanfaidh sé tuarascáil faoi sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Beidh sa tuarascáil seo go háirithe:

(a)  measúnú an mbeadh bunú údaráis réitigh aonair do CPLanna an Aontais tairbhiúil, tráthúil agus comhsheasmhach leis na forbairtí maidir leis an struchtúr maoirseachta do CPLanna san Aontas agus an staid maidir le hailtireacht mhaoirseachta den sórt sin a chomhtháthú; agus

(b)  athbhreithniú a dhéanamh ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais a d’fhéadfadh dualgais údarás réitigh amháin do CPLanna an Aontais a ghlacadh agus a oiriúnaí atá siad a mheas.

Más rud é go bhfuil maoirseoir aonair bunaithe le haghaidh CPL an Aontais tráth na tuarascála seo nó má thagann an tuarascáil ar an tátal go bhfuil an ailtireacht mhaoirseachta do CPLanna an Aontais chomhtháthaithe a dhóthain go leor chun go mbeidh údarás réitigh aonair do CPLanna comhsheasmhach leis, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun an Rialachán seo a leasú chun údarás réitigh aonair do CPLanna a chruthú nó, de réir mar a bheidh, chun réiteach CPLanna an Aontais a chur de chúram ar aon institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais atá oiriúnach.

Airteagal 83

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta a leagtar amach sa dara fomhír d'Airteagal 9(1) den Treoir lena leasaítear Treoir 2014/59/AE ].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa..., an …

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Roinn A

Ceanglais maidir le pleananna téarnaimh

1.  I dtaca leis an bplean téarnaimh:

(1)  ní thoimhdeofar ann go mbeidh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách le fáil;

(2)  cuirtear san áireamh ann leasanna na scairshealbhóirí uile ar dócha go ndéanfaidh an plean sin difear dóibh;

(3)  a áirithiú nach mbeidh neamhchosaintí gan teorainn ag na comhaltaí imréitigh i leith an CPL.

Déanfaidh an CPL sásraí leordhóthanacha a fhorbairt chun páirt i ndréachtú an phlean a thabhairt do na BMAnna nasctha agus do na scairshealbhóirí sin a d'iompródh caillteanais, a thabhódh costais agus a dhéanfadh ranníocaíocht chun easnaimh leachtachta a chumhdach i gcás ina gcuirfí an plean téarnaimh chun feidhme.

ROINN B

Faisnéis a d’fhéadfadh na húdaráis réitigh a iarraidh ar CPLanna a sholáthar chun críocha pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chothabháil

Féadfaidh na húdaráis réitigh a iarraidh ar institiúidí an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a sholáthar chun críocha pleananna réitigh a tharraingt suas agus a chothabháil:

(2)  tuairisc mhionsonraithe ar struchtúr eagraíochtúil an CPL lena n-áirítear liosta de na daoine  dlítheanacha uile;

(3)  sainaithint na sealbhóirí díreacha agus céatadán na gceart vótála agus na gceart eile atá ag gach duine dlítheanach;

(4)  suíomh an uile dhuine dhlítheanaigh, a dhlínse chorpraithe, a cheadúnú agus an phríomhfhoireann bhainistíochta a bhaineann leis;

(5)  mapáil oibríochtaí criticiúla an CPL agus a chroílínte gnó chuig na daoine dlítheanacha lena mbaineann, lena n-áirítear mionsonraí chlár comhardaithe na n-oibríochtaí agus na línte gnó sin;

(6)  tuairisc mhionsonraithe ar chomhpháirteanna an CPL agus ar ghníomhaíochtaí gnó a eintiteas'  dlíthiúil uile, á ndeighilt ó chéile, de réir na gcatagóirí seo a leanas ar a laghad: cineálacha seirbhísí, suimeanna na méideanna imréitithe, leas oscailte, corrlach tosaigh, sreabhadh an chorrlaigh athrúcháin agus aon chearta measúnúcháin gaolmhara nó gníomhaíochta eile téarnaimh a bhaineann leis na línte gnó sin;

(7)  mionsonraí faoi ionstraimí caipitil agus ionstraimí fiachais arna n-eisiúint ag an CPL agus ag a eintitis dhlíthiúla;

(8)  sainaithint na nithe seo a leanas: na foinsí óna bhfuair an CPL comhthaobhacht agus an fhoirm ina bhfuil sí (aistriú teidil nó leas urrúis), cé dó ar gheall sé comhthaobhacht agus an fhoirm ina bhfuil sí maille leis an té ag a bhfuil an chomhthaobhacht, agus, sa dá chás, an dlínse ina bhfuil an chomhthaobhacht  lonnaithe;

(9)  tuairisc ar neamhchosaintí an CPL agus a eintiteas dlíthiúil lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear mapáil chuig a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(10)  fáluithe ábhartha an CPL lena n-áirítear mapáil chuig a dhaoine dlítheanacha;

(11)  sainaithint neamhchosaintí agus thábhacht chomhaltaí imréitigh an CPL faoi seach mar aon le hanailís ar an tionchar a bheadh ag cliseadh na bpríomhchomhaltaí imréitigh ar an CPL;

(12)  gach córas ina ndéanann an CPL líon ábhartha idirbheart nó méid luacha idirbheart, lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(13)  gach córas íocaíochta, córas imréitigh nó córas socraíochta a bhfuil an CPL ina chomhalta de, cibé acu comhalta díreach nó indíreach é, lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(14)  fardal mionsonraithe de na príomhchórais faisnéise bainistíochta maille le tuairisc orthu, iad sin a bhaineann le bainistíocht riosca, le cuntasaíocht, agus le tuairisciú airgeadais agus rialála arna n-úsáid ag an CPL san áireamh, lena n-áirítear mapáil chuig daoine dlítheanacha an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(15)  sainaithint úinéirí na gcóras a shainaithnítear faoi phointe (13); comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse a bhaineann leo, agus gach bogearra, córas nó ceadúnas, lena n-áirítear mapáil chuig eintitis dhlíthiúla an CPL, a oibríochtaí criticiúla agus a chroílínte gnó;

(16)  sainaithint agus mapáil na ndaoine dlítheanacha mar aon le hidirnaisc agus idirthuilleamaíochtaí na ndaoine dlítheanacha éagsúla amhail:

–  pearsanra, saoráidí nó córais chomhchoiteanna nó chomhroinnte;

–  socruithe caipitil, cistiúcháin nó leachtachta;

–  neamhchosaintí ar chreidmheas atá ann cheana nó a d'fhéadfadh bheith ann;

–  comhaontuithe trasráthaíochta, socruithe maidir le comhthaobhacht fhrithpháirteach, forálacha trasmhainneachtana agus socruithe glanluachála idir fochuideachtaí;

–  aistrithe riosca agus socruithe maidir le trádáil ‘droim le droim’; comhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse;

(17)  an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh do gach duine dlítheanach, i gcás nach ionann iad agus na húdaráis a ainmnítear faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 agus faoi Airteagal 3 den Rialachán seo;

(18)  comhalta an bhoird atá freagrach as an bhfaisnéis is gá a sholáthar chun plean téarnaimh an CPL a ullmhú mar aon leo sin atá freagrach, i gcás nach ionann iad agus an comhalta réamhráite, as na daoine dlítheanacha éagsúla, na feidhmeanna criticiúla agus na croílínte gnó;

(19)  tuairisc ar na socruithe atá curtha ar bun ag an CPL chun a áirithiú, i gcás réitigh, go mbeidh teacht ag an údarás réitigh ar an bhfaisnéis uile is gá, arna chinneadh sin ag an údarás réitigh, chun na huirlisí réitigh a chur i bhfeidhm agus na cumhachtaí réitigh a fheidhmiú;

(20)  na comhaontuithe uile a rinne an CPL agus a n-eintitis dhlíthiúla le tríú páirtithe, ar féidir iad a fhoirceannadh le cinneadh ó na húdaráis uirlis réitigh a chur i bhfeidhm nó i gcás ina ndéanfaidh iarmhairtí an fhoirceannta sin difear do chur i bhfeidhm na huirlise réitigh;

(21)  tuairisc ar fhoinsí féideartha leachtachta lena dtacófar leis an réiteach;

(22)  faisnéis faoi ualú sócmhainní, sócmhainní leachtacha, gníomhaíochta lasmuigh den chlár comhardaithe, straitéisí fálúcháin agus cleachtais chlárúcháin.

ROINN C

Ábhair nach mór don údarás réitigh a mheas agus measúnú á dhéanamh ar inréititheacht CPL

Nuair a bheidh inréititheacht CPL á meas aige, déanfaidh an t-údarás réitigh na nithe seo a leanas  a chur san áireamh:

(23)  a mhéid is féidir le CPL na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla a mhapáil chuig na daoine dlítheanacha;

(24)  a mhéid a bheidh na struchtúir dhlíthiúla agus chorparáideacha ag teacht leis na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla;

(25)  a mhéid a bheidh socruithe i bhfeidhm lena bhforálfar don phearsanra, don bhonneagar, don chistiú, don leachtacht agus don chaipiteal is gá chun tacú leis na croílínte gnó agus na hoibríochtaí criticiúla agus chun iad a chothabháil;

(26)  a mhéid a bheidh na comhaontuithe seirbhíse arna ndéanamh ag an CPL infhorfheidhmithe go hiomlán i gcás ina ndéanfar an CPL a réiteach;

(27)  a mhéid a bheidh struchtúr rialachais an CPL leordhóthanach chun bainistiú a dhéanamh ar chomhlíonadh bheartais inmheánacha an CPL i leith a chomhaontuithe ar leibhéal  na seirbhísí agus chun an comhlíonadh sin a áirithiú;

(28)  a mhéid a bheidh próiseas curtha ar bun ag an CPL chun na seirbhísí arna gcur ar fáil faoi chomhaontuithe maidir le leibhéal na seirbhíse a aistriú go tríú páirtithe i gcás ina ndéanfar na feidhmeanna criticiúla nó na croílínte gnó a dheighilt ó fheidhmeanna agus línte eile;

(29)  a mhéid a bheidh pleananna teagmhasacha nó bearta teagmhasacha i bhfeidhm chun rochtain leanúnach ar chórais íocaíochta agus socraíochta a áirithiú;

(30)  leordhóthanacht na gcóras faisnéise bainistíochta chun a áirithiú go mbeidh na húdaráis réitigh i gcumas faisnéis bheacht iomlán a bhailiú a bhaineann leis na croílínte gnó agus leis na hoibríochtaí criticiúla d’fhonn cinnteoireacht phras a éascú;

(31)  cumas na gcóras faisnéise bainistíochta chun an fhaisnéis a chur ar fáil i gcónaí atá riachtanach do réiteach éifeachtach an CPL fiú amháin nuair a bheidh mearathruithe  ag dul ar na dálaí lena mbaineann;

(32)  a mhéid a bheidh tástáil déanta ag an CPL ar a chórais faisnéise bainistíochta faoi na cásanna struis mar atá sainithe ag an údarás réitigh;

(33)  a mhéid is féidir leis an CPL leanúnachas a chóras faisnéise bainistíochta a áirithiú don CPL dá ndéanfar difear agus don CPL nua araon i gcás ina ndéanfar na feidhmeanna criticiúla agus na croílínte gnó a dheighilt ón gcuid eile de na hoibríochtaí agus na línte eile gnó;

(34)  i gcás ina dtairbheoidh CPL de ráthaíochtaí inghrúpa nó ina mbeidh sé neamhchosanta orthu, a mhéid a chuirfear na ráthaíochtaí sin ar fáil faoi dhálaí an mhargaidh agus a láidre a bheidh na córais faisnéise bainistíochta a bhaineann leis na ráthaíochtaí sin;

(35)  i gcás ina ndéanfaidh CPL idirbhearta ‘droim le droim’, a mhéid a dhéanfar na hidirbhearta sin faoi dhálaí an mhargaidh agus a láidre a bheidh na córais faisnéise bainistíochta a bhaineann leis na hidirbhearta sin;

(36)  a mhéid a mhéadófar an éifeacht ghabhála ar fud an ghrúpa de thoradh ráthaíochtaí inghrúpa nó idirbhearta clárúcháin ‘droim le droim’ a úsáid;

(37)  a mhéid a choiscfidh struchtúr dlíthiúil an CPL cur i bhfeidhm na n-uirlisí réitigh mar thoradh ar líon na n-eintiteas dlíthiúil, ar a chasta atá struchtúr an ghrúpa nó ar a dheacra atá sé línte gnó a ailíniú le grúpeintitis;

(38)  a mhéid a d'fhéadfadh drochthionchar a bheith ag réiteach an CPL ar aon chuid dá ghrúpa, i gcás inarb infheidhme;

(39)  gur ann do chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse agus gur comhaontuithe láidre iad;

(40)  an mbeidh na huirlisí réitigh ag údaráis tríú tír is gá chun tacú le gníomhaíochtaí réitigh a dhéanfaidh údaráis réitigh an Aontais, agus na féidearthachtaí a bheidh ann don Aontas agus d'údaráis tríú tír gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhar le chéile;

(41)  a indéanta atá sé uirlisí réitigh a úsáid ar chaoi a cheadóidh cuspóirí an réitigh a chur i gcrích, agus a bhfuil ar fáil d'uirlisí agus struchtúr an CPL féin á chur san áireamh;

(42)  aon cheanglais shonracha is gá chun ionstraimí úinéireachta nua dá dtagraítear in Airteagal 33(1) a eisiúint;

(43)  na socruithe agus na modhanna lena bhféadfaí cur isteach ar phróiseas an réitigh i gcás CPL ag a bhfuil comhaltaí imréitigh nó socruithe comhthaobhachta atá bunaithe i ndlínsí éagsúla;

(44)  a inchreidte atá sé uirlisí réitigh a úsáid ar chaoi a cheadóidh cuspóirí an réitigh a chur i gcrích, agus an tionchar a d'fhéadfaí a bheith acu ar rannpháirtithe imréitigh, ar chontrapháirtithe eile agus ar fhostaithe á chur san áireamh mar aon le gníomhaíochtaí eile is féidir leis na húdaráis tríú tír a dhéanamh;

(45)  a mhéid is féidir measúnú leordhóthanach a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag réiteach an CPL ar an gcóras airgeadais agus ar mhuinín an mhargaidh airgeadais;

(46)  a mhéid is féidir éifeacht shuntasach dhíobhálach, cibé acu éifeacht dhíreach nó indíreach í sin, a bheith ag réiteach an CPL ar an gcóras airgeadais, ar mhuinín an mhargaidh agus ar an ngeilleagar;

(47)  a mhéid is féidir srian a chur le héifeacht ghabhála ar CPLanna eile nó ar mhargaí airgeadais eile trí uirlisí réitigh nó cumhachtaí réitigh a chur i bhfeidhm;

(48)  a mhéid a fhéadfaidh éifeacht shuntasach a bheith ag réiteach an CPL ar fheidhmiú na gcóras íocaíochta agus socraíochta.

(1) IO C 372, 1.11.2017, lch. 6.
(2) IO C 209, 30.6.2017, lch. 28.
(3) IO C , , lch. .
(4) IO C 209, 30.6.2017, lch. 28.
(5) IO C 372, 1.11.2017, lch. 6.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).
(7) Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
(8) Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(10) Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1).
(11) Treoir 2002/47/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meitheamh 2002 maidir le socruithe comhthaobhachta airgeadais (IO L 168, 27.6.2002, lch. 43).
(12) Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUI) (IO L 302, 17.11.2009, lch. 32).
(13) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 876/2013 ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála ar choláistí le haghaidh contrapháirtithe lárnach (IO L 244, 13.9.2013, lch. 19).
(14) Rialachán Tarmligthe (AE) … ón gCoimisiún an 23 Márta 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear inneachar pleananna téarnaimh, pleananna réitigh agus pleananna réitigh grúpa, na híoschritéir nach mór don údarás inniúil a mheasúnú maidir le pleananna téarnaimh agus pleananna téarnaimh grúpa, na coinníollacha ar thacaíocht airgeadais grúpa, na ceanglais ar luachálaithe neamhspleácha, an aithint chonarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó, nósanna imeachta agus inneachar na gceanglas maidir le fógra a thabhairt agus na bhfógraí maidir le fionraí agus feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí réitigh, C(2016) 1691 final [Nóta chuig oifig na bhFoilseachán – Cuir isteach Uimh. an Rialacháin Tarmligthe]
(15) Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire a bheidh le foilsiú nuair a tháirgfear urrúis don phobal nó nuair a ligfear isteach iad sa trádáil agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 345, 31.12.2003, lch. 64).
(16) Treoir 2001/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le hurrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin agus maidir le faisnéis a fhoilseofar faoi na hurrúis sin (IO L 184, 6.7.2001, lch. 1).
(17) Treoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear isteach a gcuid urrús chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte agus lena leasaítear Treoir 2001/34/CE (IO L 390, 31.12.2004, lch. 38).


Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (ECSP) do Ghnólachtaí ***I
PDF 274kWORD 92k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (ECSP) do Ghnólachtaí (COM(2018)0113 – C8-0103/2018 – 2018/0048(COD))
P8_TA(2019)0301A8-0364/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0113),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C‑80156/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0364/2018),

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) ... /... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Soláthraithe Eorpacha Seirbhísí Sluachistiúcháin (ECSP) do Ghnólachtaí

P8_TC1-COD(2018)0048


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,(2)

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,(3)

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá méadú ag teacht ar an úsáid atá á baint as an sluachistiúchán mar fhoirm bhunaithe maoiniúcháin mhalartaigh do ghnólachtaí nuathionscanta, agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chomh maith ag céim luath i bhfás na gcuideachtaí, a bhíonn ag brath go hiondúil ar infheistíochtaí beaga. Is cineál idirghabhála an sluachistiúchán a bhfuil a thábhacht ag méadú, idirghabháil ina n-oibríonn an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ardán digiteach atá ar oscailt don phobal chun infheisteoirí nó iasachtóirí ionchasacha a mheaitseáil, nó chun an mheaitseáil a éascú, le gnólachtaí atá ag iarraidh cistiú, is cuma cén méid a thagann as an gcistiú sin, bíodh sé ina chomhaontú iasachta, ina bhun cothromais nó ina bhun urrús bhunaithe inaistrithe, gan aon riosca dílis á ghlacadh ag an soláthraí seirbhisí sluachistiúcháin. Dá bharr sin, is iomchuí an sluachistiúchán iasachtbhunaithe agus an sluachistiúchán infheistíochtbhunaithe a thabhairt faoi raon feidhme an Rialacháin seo▌.

(2)  Leis an sluachistiúchán, féadtar rannchuidiú le rochtain a fháil ar mhaoiniú do FBManna agus▌ le hAontas na Margaí Caipitil (CMU) a thabhairt i gcrích. Is minic nach mbíonn na cuideachtaí sin in ann rochtain a fháil ar mhaoiniú agus is fadhb dóibh é sin fiú sna Ballstáit inar lean an rochtain ar mhaoiniú ó na bainc de bheith cobhsaí fad a bhí an ghéarchéim airgeadais ar siúl. Is cleachtas bunaithe anois an sluachistiúchán chun tionscadal nó gnólacht a chistiú, go hiondúil cistiú a dhéanann líon mór daoine nó eagraíochtaí, trí bhíthin ardáin ar líne ar a gcruinníonn daoine aonair, eagraíochtaí agus gnólachtaí príobháideacha, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, suimeanna airgid atá measartha beag.

(3)  Go ginearálta is ar thrí chineál gníomhaí a bhíonn soláthar seirbhísí sluachistiúcháin ag brath: úinéir an tionscadail, a mholann an tionscadal nó na hiasachtaí gnó atá le cistiú, infheisteoirí a chistíonn an tionscadal atá beartaithe, go ginearálta trí bhíthin infheistíochtaí teoranta nó iasachtaí, agus eagraíocht idirghabhálach i bhfoirm soláthraí seirbhísí a thugann le chéile úinéirí tionscadail agus infheisteoirí nó iasachtóirí trí ardán ar líne.

(4)  Chomh maith le foinse mhalartach airgeadais a sholáthar, lena n-áirítear caipiteal fiontair, leis an sluachistiúchán, féadtar tairbhí eile a thairiscint do ghnólachtaí. Leis an sluachistiúchán, féadtar bailíochtú idé agus coincheapa a thabhairt don tionscadal nó don ghnólacht, rochtain a thabhairt do líon mór daoine agus léargas agus faisnéis a chur ar fáil don fhiontraí agus féadann sé a bheith ina uirlis mhargaíochta. ▌

(5)  Tá córais shaincheaptha inmheánacha i leith sluachistiúcháin tugtha isteach ag roinnt Ballstát cheana. Tá na córais curtha in oiriúint do shaintréithe agus riachtanais na margaí agus na n-infheisteoirí áitiúla. Dá bharr sin, tá difríochtaí idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana i dtaca leis na coinníollacha maidir le hardáin sluachistiúcháin a oibriú, raon feidhme na ngníomhaíochtaí a cheadaítear agus ceanglais maidir le ceadúnú.

(6)  Is é a dhéanann na difríochtaí idir na rialacha náisiúnta atá ann cheana bac a chur ar sheirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar ar bhonn trasteorann agus ar an gcaoi sin bíonn éifeacht dhíreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do na seirbhísí sin. Go háirithe, de bhrí go bhfuil an creat dlí ilroinnte ar bhonn teorainneacha náisiúnta, cruthaítear costais chomhlíonta shubstaintiúla d’infheisteoirí miondíola ar minic a bhíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí atá díréireach le méid a n-infheistíochta agus na rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann á gcinneadh acu. Dá bharr sin, is minic a dhíspreagtar na hinfheisteoirí sin le hinfheistíocht trasteorann a dhéanamh trí bhíthin ardáin sluachistiúcháin. Ar an ábhar sin, díspreagtar soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a oibríonn na hardáin sin ó sheirbhísí a thairiscint i mBallstát cé is moite den Bhallstát ina bhfuil siad bunaithe. Mar thoradh air sin, is ar bhonn náisiúnta a bhí gníomhaíochtaí sluachistiúcháin á ndéanamh go dtí seo, rud a rinne dochar do mhargadh sluachistiúcháin ar fud an Aontais agus ar an gcaoi sin fágadh gnólachtaí gan rochtain ar sheirbhísí sluachistiúcháin, go háirithe i gcásanna ina n-oibríonn an gnólacht i mBallstát nach bhfuil rochtain aige ar shlua mar gheall ar a dhaonra a bheith níos lú ná daonra Ballstát eile.

(7)  D’fhonn gníomhaíochtaí sluachistiúcháin trasteorann a chothú agus d’fhonn feidhmiú na saoirse a éascú chun na seirbhísí sin a sholáthar agus a ghlacadh sa mhargadh inmheánach do sholáthraithe sluachistiúcháin is gá, dá bharr sin, aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann cheana ar fheidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí sluachistiúcháin. Leis sin, foráiltear do shraith aonair rialacha maidir le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin lena dtugtar de rogha do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin iarratas a dhéanamh ar údarú aonair ar fud an Aontais chun a ngníomhaíocht a fheidhmiú faoi na rialacha sin. Is chéadchéim iomchuí é sin maidir le gníomhaíochtaí sluachistiúcháin trasteorann a chothú agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair.

(8)  Trí aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí sluachistiúcháin, is é aidhm don Rialachán seo cistiú gnó trasteorann a chothú. Ba cheart nach dtiocfadh seirbhísí sluachistiúcháin i dtaca le hiasachtaí a thabhairt do thomhaltóirí, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4), faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(9)  Chun nach mbeidh an ghníomhaíocht chéanna faoi réir údaráis éagsúla laistigh den Aontas, ba cheart seirbhís sluachistiúcháin a sholáthraíonn daoine á údaraíodh faoi Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) nó a sholáthraítear i gcomhréir leis an dlí náisiúnta a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(10)  I ndáil le sluachistiúchán iasachtbhunaithe, ba cheart an deis a bheith ann deonú iasachtaí, lena n-áirítear seirbhísí amhail tairiscintí sluachistiúcháin a chur faoi bhráid cliant nó rátáil a dhéanamh ar acmhainneacht creidmheasa úinéara tionscadail, a éascú trí shamhlacha gnó difriúla a chuimsiú ann agus ar an gcaoi sin comhaontú iasachta a thabhairt i gcrích idir cliant amháin nó níos mó agus úinéir tionscadail amháin nó níos mó trí bhíthin ardán sluachistiúcháin.

(11)  I ndáil le sluachistiúchán infheistíochtbhunaithe, is coimirce thábhachtach d’infheisteoirí inaistritheacht urrúis lenar féidir leo scor óna n-infheistíocht de bharr go dtugtar deis dhleathach dóibh leis a n-ús a dhiúscairt ar na margaí caipitil. Dá bharr sin, ní chumhdaítear agus ní cheadaítear leis an Rialachán seo ach sluachistiúchán infheistíochtbhunaithe i ndáil le hurrúis inaistrithe. Ba cheart ionstraimí airgeadais cé is moite d’urrúis inaistrithe a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo toisc go bhfuil rioscaí sna hurrúis d’infheisteoirí nach féidir a bhainistiú go hiomchuí faoin gcreat dlí seo.

(11a)  Tá difríocht suntasach idir saintréithe tairiscintí tosaigh monaí (ICOnna) agus sluachistiúchán a rialaítear sa Rialachán seo. I measc nithe eile, le ICOnna, ní hiondúil go mbaintear úsáid as idirghabhálaithe, amhail ardáin sluachistiúcháin, agus is minic a thiomsaítear leo cistí de bhreis ar EUR 1 000 000. Ní rachfaí i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le ICOnna trí chéile trí ICOnna a áireamh sa Rialachán seo.

(12)  I bhfianaise na rioscaí a bhaineann le hinfheistíocht sluachistiúcháin, ar mhaithe le hinfheisteoirí a chosaint go héifeachtach agus le soláthar sásra um smacht margaidh, is iomchuí tairseach comaoine uasta a fhorchur maidir le gach tairiscint sluachistiúcháin. Ba cheart an tairseach sin a shocrú ag EUR 8 000 000, arb é an tairseach uasta le haghaidh tairiscintí urrús don phobal is féidir leis na Ballstáit a dhíolmhú ón oibleagáid maidir le réamheolaire a fhoilsiú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). D’ainneoin an ardleibhéil cosanta d’infheisteoirí a theastaíonn, ba cheart an tairseach sin a shocrú i gcomhréir le cleachtais ar na margaí náisiúnta chun ardán an Aontais a dhéanamh tarraingteach do chistiú gnó trasteorann.

(12a)  Leis an Rialachán seo, leagtar síos inneachar bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí atá beartaithe a sholáthar do’infheisteoirí ionchasacha le haghaidh gach tairiscint um shluachistiúchán. Ós rud é go bhfuil an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí ceaptha le bheith curtha in oiriúint do ghnéithe sonracha maidir le tairiscint sluachistiúcháin agus le riachtanais faisnéis infheisteoirí, ba cheart í a chur in ionad an réamheolaire a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2017/1129 nuair a thairgtear urrúis don phobal. Dá bhrí sin, ba cheart tairiscintí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (AE) 2017/1129 agus ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir.

(13)  Chun arbatráiste rialála a sheachaint agus maoirseacht éifeachtach ar na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a áirithiú, ba cheart cosc a chur ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin taiscí nó cistí inaisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal, mura mbeidh siad údaraithe mar institiúid chreidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7).

(14)  Chun an cuspóir sin a chomhlíonadh, ba cheart an rogha a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údarú aonair a bheadh bailí ar fud an Aontais a iarraidh agus a ngníomhaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais aonfhoirmeacha sin. Mar sin féin, chun go mbeidh na tairiscintí sluachistiúcháin arna ndíriú go heisiach ar mhargaí náisiúnta ar fáil ar bhonn níos leithne, i gcás ina roghnófar soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a seirbhísí a sholáthar faoin dlí náisiúnta is infheidhme, ba cheart an deis a bheith acu sin a dhéanamh fós. Dá réir sin, ba cheart na ceanglais aonfhoirmeacha a leagtar síos sa Rialachán seo a bheith roghnach agus dá bharr sin níor cheart iad a chur i bhfeidhm maidir leis na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a chineann gníomhú ar bhonn náisiúnta amháin.

(15)  Chun ardleibhéal cosanta d’infheisteoirí a choinneáil, chun na rioscaí a bhaineann le sluachistiúchán a laghdú agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na cliaint uile, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin beartas a chur ar bun a bheidh ceaptha chun a áirithiú go ndéanfar tionscadail a roghnú ar bhealach gairmiúil cothrom trédhearcach agus go soláthrófar seirbhísí sluachistiúcháin ar an mbealach céanna.

(15a)  Ar na cúiseanna céanna, ba cheart soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bhaineann úsáid as ICOnna ar a n-árdán a eisiamh ón Rialachán seo. Chun rialú éifeachtúil a ghnóthú maidir le teicneolaíocht ICO atá ag teacht chun cinn, féadfaidh an Coimisiún creat reachtach cuimsitheach ar leibhéal an Aontais a bheidh bunaithe ar mheasúnú tionchar críochnúil a mholadh amach anseo.

(15b)  Tá acmhainneacht ag ionstraimí infheistíochta malartacha, amhail ICOnna, maidir le FBManna, gnólachtaí nuálacha nuathionscanta agus gnólachtaí nuálacha atá i mbun fáis a chistiú, agus féadann siad dlús a chur le haistriú teicneolaíochta, agus féadann siad a bheith ina gcuid ríthábhachtach d’aontas na margaí caipitil. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le creat reachtach ar leithligh de chuid an Aontais do ICOnna a mholadh. D’fhéadfadh deimhneacht dhlíthiúil mhéadaithe ar bhonn uilechoiteann a bheith ríthábhachtach maidir le cosaint infheisteoirí agus tomhaltóirí a mhéadú agus rioscaí a eascraíonn as faisnéis neamhshiméadrach, iompar calaoiseach agus gníomhaíochtaí mídhleathacha a laghdú.

(16)  Chun feabhas a chur ar na seirbhísí a sholáthraíonn siad dá gcliaint, cliaint ar féidir leo a bheith ina n-infheisteoirí ionchasacha nó ina n-infheisteoirí iarbhír nó ina n-úinéirí tionscadail, ba cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann lánrogha a fheidhmiú thar ceann a gcliant i dtaca le paraiméadair orduithe na gcliant, ar choinníoll go dtabharfaidh siad gach céim is gá chun an toradh is fearr is féidir a bhaint amach dá gcliaint agus go nochtfaidh siad modh agus paraiméadair na lánrogha go beacht. Chun a áirithiú go dtabharfar deiseanna infheistíochta d’infheisteoirí ionchasacha ar bhonn neodrach, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon luach saothair, lascaine ná tairbhe neamhairgeadaíochta a íoc ná a ghlacadh as orduithe infheisteora a stiúradh chuig tairiscint ar leith atá ar a n-ardán acu nó chuig tairiscint ar leith a bheidh le fáil ar ardán tríú páirtí.

(17)  Is é is aidhm don Rialachán seo infheistíocht dhíreach a éascú agus cruthú deiseanna arbatráiste rialála d’idirghabhálaithe airgeadais atá á rialáil faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais a sheachaint, go háirithe rialacha an Aontais lena rialaítear bainisteoirí sócmhainní. Maidir leis an úsáid a bhaintear as struchtúir dhlíthiúla, lena n-áirítear meáin shainchuspóireacha, chun idirghabháil a dhéanamh idir an tionscadal nó gnólacht sluachistiúcháin agus na hinfheisteoirí, dá bhrí sin, ba cheart í a rialú go dian agus níor cheart sin a cheadú ach amháin do chontrapháirtithe incháilithe nó d’infheisteoirí proifisiúnta roghnacha mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE.

(18)  Is gá córas éifeachtach rialachais a áirithiú chun bainistiú riosca iomchuí a dhéanamh agus chun aon choinbhleacht leasa a chosc. Ba cheart socruithe rialachais a dhéanamh do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lena n-áiritheofar go ndéanfar bainistiú éifeachtach stuama agus ba cheart dea-cháil a bheith ar an lucht bainistíochta agus eolas agus taithí leordhóthanach a bheith acu. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin nósanna imeachta a bhunú chun gearáin óna gcliaint a ghlacadh agus a láimhseáil.

(19)  Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin feidhmiú mar idirghabhálaithe neodracha idir a gcuid cliant ar a n-ardán sluachistiúcháin féin. Chun coinbhleachtaí leasa a chosc, ba cheart ceanglais áirithe a leagan síos i dtaca le soláthraithe, bainisteoirí agus fostaithe seirbhísí sluachistiúcháin nó le haon duine a stiúrann iad go díreach nó go neamhdhíreach. Muna nochtar leasanna airgeadais i dtionscadail nó i dtairiscintí roimh ré ar a suíomh gréasáin, ba cheart cosc a bheith ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon rannpháirtíocht airgeadais a bheith acu sna tairiscintí sluachistiúcháin ar a n-ardáin sluachistiúcháin féin. Leis sin, ceadófar do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a leasanna a ailíniú le leasanna na n-infheisteoirí. Anuas air sin, maidir le scairshealbhóirí a bhfuil breis agus 20% nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála ina seilbh acu, agus bainisteoirí▌, nó aon duine a rialaíonn ardáin sluachistiúcháin go díreach▌, níor cheart dóibh gníomhú mar chliaint, i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear ar an ardán sluachistiúcháin sin.

(20)  Ar mhaithe le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar go héifeachtach rianúil, ba cheart ceadú do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon fheidhm oibríochtúil a chur de chúram, go hiomlán nó i bpáirt, ar sholáthraithe seirbhísí eile ar choinníoll nach ndéanfaidh an seachfhoinsiú aon díobháil ábhartha do cháilíocht rialuithe inmheánacha na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná don mhaoirseacht éifeachtach orthu. Os a choinne sin, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith lánfhreagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo.

(21)  Is gá údarú mar sholáthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir(AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cistí cliant a choinneáil agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar(8). Ní féidir an ceanglas údarúcháin éigeantach sin a chomhlíonadh le húdarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, is iomchuí a shoiléiriú nach mór soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a údarú mar sheirbhís íocaíochta freisin i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366, i gcás ina gcuirfidh sé na seirbhísí íocaíochta sin ar fáil i ndáil lena sheirbhísí sluachistiúcháin. Ionas gur féidir maoirseacht iomchuí a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí sin, ba cheart a chur in iúl don údarás inniúil náisiúnta cé acu atá nó nach bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar, agus an t-údarú iomchuí aige, nó an tseirbhís a sheachfhoinsiú chuig tríú páirtí údaraithe.

(22)  Tá scála leordhóthanach agus muinín an phobail i seirbhísí sluachistiúcháin trasteorann ag teastáil le haghaidh fhás agus fheidhmiú rianúil na seirbhísí sin. Dá bharr sin, ní mór ceanglais aonfhoirmeacha chomhréireacha is infheidhme go díreach maidir le húdarú agus pointe aonair maoirseachta a leagan síos.

(23)  Le hardleibhéal muiníne infheisteoirí, rannchuidítear le fás na seirbhísí sluachistiúcháin. Dá bhrí sin, le seirbhísí sluachistiúcháin, ba cheart go n-éascaítear soláthar trasteorann na seirbhísí sin, go laghdaítear rioscaí oibríochtúla agus go n-áirithítear ardleibhéal trédhearcachta agus cosanta infheisteoirí.

(24)  Féadann seirbhísí sluachistiúcháin a bheith neamhchosanta ar sciúradh airgid agus ar rioscaí i leith maoiniú sceimhlitheoireachta, mar a léirítear go soiléir sa tuarascáil ón gCoimisiún ar an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le cásanna trasteorann(9). Dá bharr sin, ba cheart coimircí a bheartú agus coinníollacha maidir le húdarú á gcomhlíonadh, dea-cháil an lucht bainistíochta á measúnú, seirbhísí íocaíochta á soláthar trí eintitis cheadúnaithe agus tríothu sin amháin faoi réir ceanglais maidir le frithsciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. D’fhonn cobhsaíocht airgeadais a áirithiú tuilleadh trí rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus uastairseach na gcistí is féidir a thiomsú le tairiscint sluachistiúcháin i gcomhréir leis an Rialachán seo á cur san áireamh, ba cheart don Coimisiún measúnú a dhéanamh ar an riachtanas agus ar an gcomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, arna n-údarú faoin Rialachán seo a chur faoi réir roinnt de na n-oibleagáidí nó iad uile le haghaidh forálacha náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na n-eintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha Threoir (AE) 2015/849.

(25)  Ionas go mbeidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann oibriú ar bhonn trasteorann gan aghaidh a thabhairt ar rialacha éagsúla agus, ar an gcaoi sin, cistiú tionscadal ar fud an Aontais a éascú d’infheisteoirí ó Bhallstáit eile, níor cheart cead a thabhairt do na Ballstáit ceanglais bhreise a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá údaraithe faoin Rialachán seo.

(26)  Leis an bpróiseas údarúcháin, ba cheart an deis a thabhairt don údarás inniúil náisiúnta a bheith curtha ar an eolas maidir leis na seirbhísí atá beartaithe ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ionchasacha a sholáthar agus na hardáin sluachistiúcháin atá beartaithe acu a oibriú, measúnú a dhéanamh ar cháilíocht a lucht bainistíochta, agus measúnú a dhéanamh ar eagraíocht agus nósanna imeachta inmheánacha a bheidh curtha ar bun ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ionchasacha chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais arna leagan amach sa Rialachán seo.

(27)  Chun trédhearcacht maidir le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a éascú d’infheisteoirí miondíola, ba cheart do ESMA clár poiblí atá cothrom le dáta a bhunú de na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin údaraithe go léir a bhfuil ardáin sluachistiúcháin á bhfeidhmiú acu san Aontas i gcomhréir leis an Rialachán seo.

(28)  Ba cheart an t-údarú a aistarraingt sa chás nach bhfuil na coinníollacha faoinar eisíodh é á gcomhlíonadh a thuilleadh. Go háirithe, ba cheart an deis a bheith ag an údarás inniúil náisiúnta a mheas an ndearnadh dochar do dhea-cháil an lucht bainistíochta nó ar cliseadh go tubaisteach ar na nósanna imeachta agus na córais inmheánacha. Chun cuidiú leis an údarás inniúil náisiúnta a mheasúnú ar cheart údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a aistarraingt, ba cheart an t-údarás inniúla náisiúnta a chur ar an eolas i gcás inar chaill soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, nó tríú páirtí a bhí ag gníomhú thar a cheann, a údarú mar sheirbhís íocaíochta, nó inar fionnadh go ndearna sé sárú ar Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).

(29)  Chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag infheisteoirí ionchasacha ar chineál na rioscaí lena mbaineann agus ar na costais agus na muirir a bhaineann le seirbhís sluachistiúcháin, ba cheart do soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis shoiléir agus imdhealaithe a chur ar fáil dá chliaint.

(30)  Níl an infheistíocht i dtáirgí a ndéantar iad a mhargú ar ardáin sluachistiúcháin inchomparáide le táirgí infheistíochta traidisiúnta nó le táirgí coigiltis agus níor cheart na táirgí sin a mhargú ar an mbonn sin. Mar sin féin, chun go mbeidh tuiscint shoiléir ag infheisteoirí ionchasacha ar leibhéal na rioscaí a bhaineann le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin, tá sé éigeantach do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin triail eolais iontrála a dhéanamh ar a n-infheisteoirí ionchasacha chun an tuiscint atá acu ar chúrsaí infheistíochta a dheimhniú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rabhadh sainráite a thabhairt d’infheisteoirí ionchasacha uair ar bith a meastar na seirbhísí sluachistiúcháin sin a bheith míchuí dóibh.

(31)  Ionas go mbeidh infheisteoirí in ann cinneadh infheistíochta stuama a dhéanamh ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a sholáthar d’infheisteoirí ionchasacha. Ba cheart rabhadh a thabhairt d’infheisteoirí ionchasacha sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí maidir leis an timpeallacht infheistíochta ina bhfuil siad, go bhfuil rioscaí i gceist leis an timpeallacht sin agus nach cumhdaítear í leis an scéim um chúiteamh taiscí, ná leis na ráthaíochtaí cúitimh d’infheisteoirí.

(32)  Ba cheart saintréithe sonracha agus na rioscaí a bhaineann le cuideachtaí atá ar chéim luathfhorbartha a chur san áireamh sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí agus ba cheart díriú inti ar fhaisnéis ábhartha faoi na húinéirí tionscadail, faoi chearta infheisteoirí agus faoi na táillí a ghearrfar orthu agus na cineálacha urrús agus comhaontuithe iasachta a thairgfear. Toisc gurb é an t-úinéir tionscadail is fearr atá in ann an fhaisnéis sin a sholáthar, ba cheart gurb é an t-úinéir tionscadail sin a tharraingeodh suas an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí. Mar sin féin, ós rud é gurb iad na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá freagrach as a n-infheisteoirí ionchasacha a chur ar an eolas, tá siad freagrach as iomláine na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí▌.

(33)  Chun go mbeidh rochtain rianúil chaoithiúil ar mhargaí caipitil ag gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chun a gcostais mhaoiniúcháin a laghdú agus chun go mbeidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in ann moill agus costais a sheachaint, níor cheart d’údarás inniúil an doiciméad faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhormheas.

(34)  Chun costais agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leo ar sholáthar seirbhísí trasteorann a sheachaint, ba cheart gan cumarsáidí margaíochta a bheith faoi réir na gceanglas aistriúcháin▌.

(35)  Níor cheart cead a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon mheaitseáil lánroghnach nó neamh-lánroghnach a dhéanamh ar leasanna ceannaithe agus díola toisc go mbeadh údarú mar chuideachta infheistíochta de dhíth don ghníomhaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2014/65/AE nó mar mhargadh rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 44 den Treoir sin. Ba cheart go gceadófaí do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ligean d’infheisteoirí a rinne infheistíocht ar a n-ardán dul i dteagmháil le chéile agus idirbhearta a dhéanamh ar a n-ardán i ndáil leis an infheistíocht a rinneadh den chéad uair ar a n-ardán. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur in iúl dá gcliaint nach bhfuil córas trádála á oibriú acu agus gur dá rogha féin a dhéanfaidh na cliaint aon ghníomhaíocht ceannaithe nó díola ar an ardán agus gurb iad na cliaint féin a bheidh freagrach as an gníomhaíocht sin.

(36)  Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na taifid uile is iomchuí a bhaineann lena seirbhísí agus a n-idirbhearta a choinneáil chun an trédhearcacht a éascú agus chun an chumarsáid leis an gcliant a dhoiciméadú go hiomchuí.

(37)  Chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom agus go neamh-idirdhealaitheach le hinfheisteoirí agus le húinéirí tionscadail, níor cheart do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus a seirbhísí á gcur chun cinn acu aon tionscadal ar leith a láimhseáil ar bhealach níos fabhraí ná aon tionscadail eile a thairgfear ar a n-ardán, mura bhfuil cúis oibiachtúil leis sin a dhéanamh amhail ceanglais shonracha an infheisteora nó i bhfianaise phróifíl riosca réamhshocraithe an infheisteora. Mar sin féin, níor cheart cosc a chur ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin tagairt a dhéanamh do thairiscintí a tugadh chun críche go rathúil nuair nach féidir infheistiú a thuilleadh sna tairiscintí sin ar an ardán agus spreagtar iad le hinchomparáideacht fheidhmíocht a dtionscadal dúnta a chur san áireamh.

(38)  Chun cinnteacht dhlíthiúil níos mó a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin atá ag oibriú ar fud an Aontais agus chun rochtain níos fusa ar an margadh a áirithiú, ba cheart faisnéis iomlán maidir leis na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is infheidhme sna Ballstáit a fhoilsiú go leictreonach, agus achoimre orthu, a bhaineann go sonrach leis na socruithe lena rialaítear cumarsáidí margaíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin▌. Chuige sin, ba cheart go gcoinneodh na húdaráis inniúla agus ESMA bunachair shonraí lárnacha.

(39)  Chun teacht ar thuiscint níos fearr ar mhéid na n-éagsúlachtaí rialála atá idir na Ballstáit sna ceanglais is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil gach bliain do ESMA maidir lena ngníomhaíochtaí forfheidhmithe sa réimse sin.

(39a)  Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach údaruithe na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar fud an Aontais agus na ceanglais ina leith a áirithiú, ba cheart do ESMA caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

(40)  Tá sé ríthábhachtach comhlíonadh na gceanglas a áirithiú go héifeachtach agus go héifeachtúil maidir le húdarú agus soláthar seirbhísí sluachistiúcháin ar bhonn trasteorann i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart don údarás inniúil náisiúnta▌údarú a dheonú agus maoirseacht a dhéanamh. Ba cheart an chumhacht a bheith ag an údarás inniúil náisiúnta chun faisnéis a iarraidh, imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, fógraí agus rabhaidh phoiblí a eisiúint agus smachtbhannaí a fhorchur. Ba cheart don údarás inniúil náisiúnta úsáid a bhaint as a inniúlachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí ar bhealach comhréireach.

(42)  Ba cheart don údarás inniúil náisiúnta táillí a ghearradh ar eintitis ar a ndéanann sé maoirseacht dhíreach chun a chuid costas a chumhdach, lena n-áirítear forchostais. Ba cheart leibhéal na táille a bheith comhréireach le méid an eintitis a bhfuil maoirseacht dhíreach á déanamh air ó tharla gur ar chéim na luathfhorbartha atá an tionscal sluachistiúcháin.

(43)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon aghaidh a thabhairt ar ilroinnt an chreata is infheidhme maidir le seirbhísí sluachistiúcháin chun feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus, san am céanna, cosaint d’infheisteoirí agus éifeachtúlacht an mhargaidh a fheabhsú, agus rannchuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a bhunú, a ghnóthú go leordhóthanach, ach gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(44)  Ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar chun é a chur ar aon dul leis na rialacha náisiúnta lenar trasuíodh Treoir XXX/XXXX/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena ndíolmhaítear soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ó chur i bhfeidhm Threoir 2014/65/AE.

(45)  Urramaítear sa Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán seo a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus prionsabail sin.

(46)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Ábhar, raon feidhme agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a oibriú agus a eagrú;

(b)  soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu;

(c)  an trédhearcacht agus cumarsáidí margaíochta i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le daoine dlítheanacha a roghnaíonn údarú a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 10 agus maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údaraítear i gcomhréir leis an Airteagal sin, i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin. Beidh bunaíocht éifeachtach agus chobhsaí i mBallstát ag na daoine dlítheanacha sin ionas go mbeidh siad incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar údarú.

2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraítear d’úinéirí tionscadail ar tomhaltóirí iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3(a) de Threoir 2008/48/CE;

(b)  seirbhisí sluachistiúcháin a sholáthraíonn daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha a údaraíodh mar ghnólacht infheistíochta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Threoir 2014/65/AE;

(c)  seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn daoine nádúrtha nó dlítheanacha i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;

(d)  tairiscintí sluachistiúcháin ina bhfuil comaoin is mó ná EUR 8 000 000 in aghaidh na tairisceana sluachistiúcháin a ríomhfar thar thréimhse 12 mhí maidir le tionscadal sluachistiúcháin ar leith.

2a.  Le dlíthe náisiúnta maidir le ceanglais cheadúnaithe a bhaineann le húinéirí tionscadail nó infheisteoirí, ní chuirfear cosc ar na húinéirí tionscadail nó infheisteoirí sin seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a úsáid de bhun an Rialacháin seo agus arna n-údarú leis.

Airteagal 3

Sainmhínithe

1.  Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘seirbhís sluachistiúcháin’ soláthar ardáin sluachistiúcháin a lena gcumasaítear ceann amháin de na nithe ▌seo a leanas:

(i)  seirbhís sluachistiúcháin dhíreach, lena gcuimsítear éascú a dhéanamh ar infheisteoir sonrach a mheaitseáil le húinéir tionscadail sonrach agus úinéir tionscadail sonrach a mheaitseáil le hinfheisteoir sonrach,

(ii)  seirbhís sluachistiúcháin idirghabhála, lena gcuimsítear éascú a dhéanamh ar infheisteoir a mheaitseáil le húinéir tionscadail agus praghsáil agus pacáistíocht na dtairiscintí a chinneadh ina leith, nó éascú a dhéanamh ar úinéir tionscadail a mheaitseáil le hinfheisteoir agus praghsáil na dtairiscintí a chinneadh ina leith, nó an dá rud;

(b)  ciallaíonn ‘ardán sluachistiúcháin’ córas▌ leictreonach arna oibriú nó arna bhainistiú ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)  ciallaíonn ‘soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin’ duine dlítheanach a sholáthraíonn seirbhís sluachistiúcháin amháin nó níos mó agus ar údaraigh an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha chun na críche sin é i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo;

(d)  ciallaíonn ‘tairiscint sluachistiúcháin’ aon chumarsáid ó sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ina bhfuil faisnéis lena gcuirtear ar chumas infheisteoirí ionchasacha cinneadh a dhéanamh faoin bhfiúntas a bhaineann le hidirbheart sluachistiúcháin a dhéanamh;

(e)  ciallaíonn ‘cliant’ aon infheisteoir ionchasach nó iarbhír dá soláthraíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí sluachistiúcháin dó nó dá bhféadfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na seirbhísí sin a sholáthar dó;

(f)  ciallaíonn ‘úinéir tionscadail’ aon duine a fhéachann cistiú a fháil trí ardán sluachistiúcháin;

(g)  ciallaíonn ‘infheisteoir’ aon duine a dheonaíonn iasachtaí trí ardán sluachistiúcháin nó a fhaigheann urrúis inaistrithe tríd sin;

(h)  ciallaíonn ‘tionscadal sluachistiúcháin’ an cuspóir a gcistíonn úinéir tionscadail ina leith nó a fhéachann sé cistí a thiomsú ina leith tríd an tairiscint sluachistiúcháin;

(i)  ciallaíonn ‘urrúis inaistrithe’ urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/65/AE;

(j)  ciallaíonn ‘cumarsáidí margaíochta’ aon fhaisnéis nó cumarsáid ó sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin chuig infheisteoir ionchasach nó úinéir tionscadail ionchasach maidir le seirbhísí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, seachas na nochtuithe infheisteoirí a cheanglaítear faoin Rialachán seo;

(k)  ciallaíonn ‘meán marthanach’ ionstraim lena bhféadfar faisnéis a stóráil sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí agus go ceann tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;

(l)  ciallaíonn ‘meán sainchuspóireach’ nó ‘MSC’ eintiteas arna chruthú le haghaidh, nó arb é an t-aon chuspóir amháin atá leis urrúsú a dhéanamh de réir bhrí Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1075/2013 ón mBanc Ceannais Eorpach(12);

(la)  ciallaíonn ‘iasacht’ comhaontú lena gcuirtear d’oibleagáid ar infheisteoir suim airgid chomhaontaithe a chur ar fáil d’úinéir tionscadail ar feadh tréimhse chomhaontaithe ama agus faoina bhfuil sé d’oibleagáid ar an úinéir tionscadail an méid sin a aisíoc laistigh den am comhaontaithe;

(lb)  ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ nó ‘NCA’, an t-údarás inniúil naisiúnta nó na húdaráis inniúla náisiúnta, arna ainmniú nó arna n-aimniú ag Ballstát agus ag a bhfuil na cumhachtaí riachtanacha aige nó acu agus na freagrachtaí leithdháilte air nó orthu chun na cúraimí a bhaineann le húdarú agus maoirseacht na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur i gcrích laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.

Caibidil II

Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin agus na ceanglais eagraíochtúla agus oibríochtúla atá ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

Airteagal 4

Soláthar seirbhísí sluachistiúcháin

1.  Ní sholáthróidh ach amháin daoine dlítheanacha seirbhísí sluachistiúcháin ar daoine dlítheanacha iad ag a bhfuil bunaíocht éifeachtach chobhsaí i mBallstát den Aontas agus a údaraíodh mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 10 den Rialachán seo.

Ní fhéadann daoine dlíthiúla i dtríú tír iarratas a dhéanamh ar údarú mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo.

2.  Gníomhóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ar bhealach macánta, cothrom agus gairmiúil chun leas a gcliant agus a gcliant ionchasach.

3.  Ní dhéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin aon luach saothair, lascaine ná sochar neamhairgeadaíochta a íoc ná ní ghlacfaidh sé le haon cheann díobh sin as orduithe infheisteoirí a sheoladh chuig tairiscint sluachistiúcháin ar leith arna déanamh ar a n-ardán nó chuig tairiscint sluachistiúcháin ar leith arna soláthar ag ardán tríú páirtí.

4.  Féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lánrogha a fheidhmiú thar ceann a gcliant i leith pharaiméadair orduithe na gcliant ina ndéanfaidh siad modh beacht agus paraiméadair na lánrogha sin a nochtadh dá gcliaint agus gach beart is gá chun an toradh is fearr is féidir a fháil dá gcliaint.

5.  Maidir le húsáid meán sainchuspóireach le haghaidh soláthar seirbhísí sluachistiúcháin le haghaidh infheisteoirí nach contrapháirtithe incháilithe iad mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE, ní bheidh sé de cheart ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ach sócmhainn amháin a aistriú chuig an meán sainchuspóireach chun a chur ar chumas infheisteoirí neamhchosaint ar an tsócmhainn sin a ghlacadh trí urrúis a fháil. Is faoi infheisteoirí, agus infheisteoirí amháin, a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le neamhchosaint ar an tsócmhainn bhunúsach sin a ghlacadh.

Airteagal 4a

Seirbhís sluachistiúcháin idirghabhála

Chun críocha an Rialacháin seo, measfar go gcuimseofar an méid seo a leanas le seirbhísí sluachistiúcháin idirghafa:

(a)  urrúis inaistrithe nó éascú iasachtaí arna n-eisiúint ag úinéirí tionscadail a láithriú gan bhonn gealltanas daingean, dá dtagraítear i bpointe (7) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(b)  comhairle infheistíochta a thairiscint, dá dtagraítear i bpointe (5) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, maidir le hurrúis inaistrithe nó éascú iasachtaí arna n-eisiúint ag úinéirí tionscadail; agus

(c)  orduithe cliaint a ghlacadh agus a tharchur, dá dtagraítear i bpointe (1) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE, maidir le hurrúis inaistrithe nó éascú iasachtaí arna n-eisiúint ag úinéirí tionscadail.

Airteagal 5

Bainistíocht éifeachtach agus stuama

Bunóidh lucht bainistíochta na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cur chun feidhme beartais agus nósanna imeachta leordhóthanacha agus déanfaidh sé maoirseacht orthu chun bainistíocht éifeachtach agus stuama a áirithiú, lena n-áirítear leithscaradh dualgas, leanúnachas gnó agus seachaint coinbhleachtaí leasa, ar mhodh lena gcuirtear sláine an mhargaidh agus leas a gcliant chun cinn. Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thairgeann na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (iia) d’Airteagal 3(1) go bhfuil córais agus rialuithe i bhfeidhm acu le haghaidh bainistíocht riosca agus samhaltú airgeadais don tairiscint seirbhísí sin.

Airteagal 5a

Ceanglais díchill chuí

1a.  Glacfaidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin íosleibhéal díchill chuí ar a laghad i leith úinéirí tionscadail, ar úinéirí iad a chuireann a dtionscadal ar aghaidh chun cistiú a fháil ó ardán sluachistiúcháin de chuid sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

2a.  Beidh na nithe seo a leanas go léir san áireamh ar an íosleibhéal díchill chuí dá dtagraítear i mír 1:

(a)  fianaise nach bhfuil taifead coiriúil ag úinéir an tionscadail maidir le sáruithe ar na dlíthe seo a leanas: an dlí tráchtála náisiúnta, an dlí dócmhainneachta náisiúnta, an dlí náisiúnta maidir le seirbhísí airgeadais, an dlí maidir le frith-sciúradh airgid, an dlínáisiúnta calaoise nó oibleagáidí náisiúnta maidir le dliteanais ghairmiúil.

(b)  fianaise go bhféachann úinéir an tionscadail cistiú a fháil trí ardán sluachistiúcháin;

(i)  fianaise nár bunaíodh é i ndlínse neamhchomhoibríoch, mar a aithnítear i mbeartas ábhartha an Aontais, nó i dtríú tír ardriosca de bhun Airteagal 9(2) de Threoir (AE) 2015/849; nó

(ii)  comhlíonadh éifeachtach caighdeán cánach maidir le trédhearcacht agus malartú faisnéise atá ag AE nó atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta.

Airteagal 6

Gearáin a láimhseáil

1.  Beidh tuairiscí i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus foilseoidh siad tuairiscí maidir le nósanna imeachta éifeachtacha agus trédhearcacha chun gearáin a fhaightear ó chliaint a láimhseáil go pras, go cothrom agus go comhsheasmhach.

2.  Áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go mbeidh cliaint in ann gearáin ina n-aghaidh a dhéanamh saor in aisce.

3.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin teimpléad caighdeánach do ghearáin a fhorbairt agus a chur ar fail do chliaint agus déanfaidh siad taifead ar na gearáin go léir a fhaightear agus na bearta a dhéantar.

3a.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin imscrúdú ar na gearáin go léir agus cuirfidh siad toradh an imscrúdaithe in iúl don ghearánaí laistigh de thréimse réasúnach ama.

4.  Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na ceanglais, na formáidí caighdeánacha agus na nósanna imeachta a shonrú maidir le gearáin a láimhseáil.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [XXX m(h)í ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7

Coinbhleachtaí leasa

1.  Ní bheidh aon rannpháirtíocht airgeadais ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in aon tairiscint sluachistiúcháin ar a n-ardáin sluachistiúcháin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rannpháirtíocht airgeadais a bheith i seilbh acu i dtairiscint sluachistiúcháin ar a n-ardán sluachistiúcháin nuair a chuirfear faisnéis maidir leis an rannpháirtíocht sin ar fáil go soiléir do chliaint trí nósanna imeachta roghnúcháin atá soiléir agus trédhearcach a fhoilsiú.

2.  Ní ghlacfaidh soláthraithe seirbhísí cistiúcháin mar chliant aon duine dá scairshealbhóirí a bhfuil 20% nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála ina seilbh, aon duine dá mbainisteoirí▌, nó aon duine atá nasctha go díreach▌ leis na scairshealbhóirí agus leis na bainisteoirí▌ trí rialú mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(35)(b) de Threoir 2014/65/AE.

3.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rialacha inmheánacha éifeachtacha a choinneáil agus a oibriú chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus déanfaidh siad a áirithiú nach bhféadfaidh tionchar a bheith ag a bhfostaithe go díreach ná go hindíreach ar thionscadail, ar tionscadail iad nach bhfuil rannpháirtíocht airgeadais ag na fostaithe iontu.

4.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach beart iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin féin, a scairshealbhóirí, a mbainisteoirí agus a bhfostaithe, nó aon duine atá nasctha go díreach nó hindíreach le rialú leo mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(35)(b) de Threoir 2014/65/AE, agus a gcliaint, nó idir cliant amháin agus cliant eile.

5.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an cineál ginearálta agus na foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh dá gcliaint▌ agus na bearta a dhéanann siad chun na rioscaí sin a mhaolú.

6.  Maidir leis an nochtadh dá dtagraítear i mír 5:

(a)  is i meán marthanach a dhéanfar é;

(b)  áireofar mionsonraí leordhóthanacha ann, agus cuirfear cineál gach cliaint san áireamh, chun a chumasú do gach cliant cinneadh eolasach a dhéanamh faoin tseirbhís as a n-eascraíonn an choinbhleacht leasa.

7.  Déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)  na ceanglais maidir le nósanna imeachta roghnúcháin um rannpháirtíocht airgeadais agus rialacha inmheánacha a choinneáil nó a oibriú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3;

(b)  na bearta dá dtagraítear i mír 4;

(c)  na socruithe don nochtadh dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [XXX m(h)í ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh a tharmligean chuig an gCoimisiún i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 7a

Leasanna an ardáin sluachistiúcháin a ailíniú leis na hinfheisteoirí

1.  Chun a áirithiú go n-ailíneoidh ardáin sluachistiúcháin a ndreasachtaí le dreasachtaí na n-infheisteoirí, spreagfar sásraí dreasachtaí.

2.  Féadfaidh ardáin sluachistiúcháin rannpháirt a ghlacadh i dtionscadail a chistiú. Ní rachaidh an rannpháirtíocht sin thar 2% den chaipiteal carntha don tionscadal.

3.  Féadfar táille ratha a dheonú don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nuair a imeoidh tionscadal go rathúil ón ardán sluachistiúcháin.

4.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cur síos do ESMA ar ailíniú an bheartais leasa a bhfuil sé beartaithe acu é a úsáid roimh an údarú agus iarrfaidh siad a fhaomhadh uaidh.

5.  Féadfaidh ardáin sluachistiúcháin ailíniú an bheartais leasa a mhodhnú gach trí bliana. Tá aon mhodhnú faoi réir formheasa ag ESMA.

6.  Déanfaidh ardáin sluachistiúcháin cur síos sainráite ar ailíniú an bheartais leasa ar a suíomh gréasáin in áit fheiceálach.

Airteagal 8

Seachfhoinsiú

1.  Le linn do sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith ag brath ar thríú páirtí chun feidhmeanna oibríochtúla a chomhlíonadh, déanfaidh siad gach beart réasúnach chun riosca oibríochtúil breise a sheachaint.

2.  Trí fheidhmeanna oibríochtúla a eisfhoinsiú, ní dhéanfar díobháil▌ do cháilíocht rialú inmheánach na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná do chumas an údaráis inniúil náisiúnta faireachán a dhéanamh maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí go léir a leagtar síos sa Rialachán seo ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.  Beidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin lánfhreagrach as comhlíonadh an Rialacháin seo i leith na ngníomhaíochtaí eisfhoinsithe.

Airteagal 9

Sócmhainní cliant a choimeád slán, cistí a shealbhú agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar

1.  Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcliaint ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)  cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad seirbhísí chun seirbhísí a choimeád slán, agus na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanann siad amhlaidh, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)  cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán nó an soláthraíonn tríú páirtí iad;

(c)  cé acu a dhéanann nó nach ndéanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus cistí a shealbhú agus a choimirciú nó an ndéantar an méid sin trí sholáthraí tríú páirtí a ghníomhaíonn thar a cheann.

2.  Ní shealbhóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ná soláthraithe tríú páirtí ag gníomhú thar a gceann cistí cliant ná ní sholáthróidh siad seirbhísí íocaíochta mura rud é go bhfuil na cistí sin beartaithe le haghaidh soláthar seirbhísí íocaíochta i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin agus gur soláthraí seirbhíse íocaíochta é mar a shainmhínítear in Airteagal 4(11) de Threoir (AE) 2015/2366 an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an soláthraí tríú páirtí atá ag gníomhú thar a cheann.

3.  Déanfar na cistí dá dtagraítear i mír 2 a choimirciú i gcomhréir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuítear Treoir (AE) 2015/2366.

4.  I gcás nach ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin iad féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar ná cistí a shealbhú ná cistí a choimeád slán i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin ná nach ndéanfaidh siad amhlaidh trí thríú páirtí, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin socruithe i bhfeidhm agus coinneoidh siad iad chun a áirithiú nach nglacfaidh úinéirí tionscadail le cistiú i leith tairiscintí sluachistiúcháin ná le haon íocaíocht ach amháin trí bhíthin soláthraí seirbhísí íocaíochta nó gníomhaire a sholáthraíonn seirbhísí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(11) agus Airteagal 19 de Threoir (AE) 2015/2366.

Caibidil II

Soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus maoirseacht a dhéanamh orthu

Airteagal 10

Údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin

1.  Chunbheith ina sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoin Rialachán seo, déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin iarratas a chur isteach chuig an údarás inniúil náisiúnta sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe chun údarú a fháil maidir le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar.

2.  Beidh na nithe seo a leanas go léir san iarratas dá dtagraítear i mír 1:

(a)  seoladh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(b)  stádas dlí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(c)  airteagail chomhlachais an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(d)  clár oibríochtaí ina leagtar amach na cineálacha seirbhísí sluachistiúcháin ar mian leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a sholáthar agus an t-ardán a bhfuil sé ar intinn aige a oibriú, lena n-áirítear cá háit agus cén chaoi a bhfuil tairiscintí le margú;

(e)  tuairisc ar shocruithe rialachais agus sásraí rialaithe inmheánaigh an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, lena n-áirítear nósanna imeachta bainistíochta riosca agus cuntasaíochta;

(f)  tuairisc ar chórais, acmhainní agus nósanna imeachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh chun na córais próiseála sonraí a rialú agus a choimirciú;

(g)  tuairisc ar shocruithe leanúnachais gnó an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh, chun a áirithiú go leanfar d’haon aisíocaíochtaí agus infheistíochtaí a thabhairt do na hinfheisteoirí i gcás dhócmhainneacht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(h)  céannacht na ndaoine atá freagrach as an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a bhainistiú;

(i)  cruthúnas go bhfuil dea-chlú ar na daoine dá dtagraítear i bpointe (h) agus go bhfuil eolas agus taithí iomchuí acu chun an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a bhainistiú;

(j)  tuairisc ar rialacha inmheánacha an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh chun bac a chur ar scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20% nó níos mó den scairchaipiteal nó de na cearta vótála, a bhainisteoirí▌, nó aon duine eile atá nasctha go díreach▌ leo trí rialú, páirt a ghlacadh in idirbhearta arna dtairiscint ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh, agus ba cheart rialacha inmheánacha an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh maidir le coinbhleachtaí leasa a bhaineann le nochtadh fostaithe do thionscadail a áireamh sa tuairisc sin;

(k)  tuairisc ar shocruithe eisfhoinsiúcháin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh;

(l)  tuairisc ar nósanna imeachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasaigh maidir le gearáin ó chliaint a láimhseáil;

(m)  i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na seirbhísí íocaíochta a bhfuil sé beartaithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach a sholáthar faoi Threoir (AE) 2015/2366.

(ma)  cruthúnas go gcumhdaítear an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin go leormhaith nó go bhfuil caipiteal leordhóthanach aige i gcoinne iarmhairtí airgeadais a dhliteanais ghairmiúil i gcás nach gcomhlíonann sé lena oibleagáidí gairmiúla a leagtar amach sa Rialachán seo.

3.  Chun críocha mhír 2(i), soláthróidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin cruthúnas ar an méid seo a leanas:

(a)  nach ann do thaifead coiriúil i leith ciontuithe ná pionóis maidir le rialacha náisiúnta atá i bhfeidhm sna réimsí seo a leanas: an dlí tráchtála, an dlí dócmhainneachta, an reachtaíocht maidir le seirbhísí airgeadais, an reachtaíocht maidir le frithsciúradh airgid, an chalaois nó dliteanas gairmiúil le haghaidh na ndaoine go léir a bhfuil baint acu leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú;

(b)  maidir leis na daoine a bhfuil comhbhaint acu leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú, cruthúnas go bhfuil eolas, scileanna agus taithí leordhóthanach acu chun an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a bhainistiú agus go gceanglaítear ar na daoine sin am leordhóthanach a thabhairt chun a ndualgais a chomhlíonadh.

4.  Laistigh de 30 lá oibre ón iarratas dá dtagraítear i mír 1 a fháil, measúnóidh an t-údarás inniúil náisiúnta cé acu a comhlánaíodh nó nár comhlánaíodh an t-iarratas. I gcás nach mbeidh an t-iarratas comhlánaithe, leagfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta spriocdháta síos faoina mbeidh ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an fhaisnéis a fágadh ar lár a sholáthar.

5.  I gcás ina mbeidh iarratas dá dtagraítear i mír 1 comhlánaithe, tabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta fógra láithreach don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach faoi sin.

5a.  Sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cinneadh cibé acu an ndeonóidh sé nó an ndiultóidh sé iarratas ar údarú chun seirbhís sluachistiúcháin a sholáthar, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil náisiúnta in aon Bhallstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a)  is fochuideachta é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(b)  is fochuideachta é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach den mháthairchuideachta de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(c)  tá an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlíthiúla céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(d)  tá sé ar intinn ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ionchasach tairiscintí a údarú go díreach sa Bhallstát eile sin;

5b.  I gcás ina mbeidh easaontas idir na húdaráis inniúla náisiúnta dá dtagraítear i mír 5a faoin nós imeachta nó faoin inneachar a bhaineann le gníomhaíocht nó le neamhghníomhaíocht údaráis inniúil eile, déanfar an t-easaontas sin a réiteach i gcomhréir le hAirteagal 13a.

6.  Measúnóidh an t-údarás inniúil náisiúnta, laistigh de thrí mhí ón tráth a fhaightear iarratas comhlánaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus glacfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe chun údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a dheonú nó a dhiúltú. Beidh sé de cheart ag an údarás inniúil náisiúnta údarú a dhiúltú más ann d’fhorais oibiachtúla fhollasacha chun a chreidiúint go bhféadfadh bainistíocht an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas a chur i mbaol: bainistíocht stuama fhónta éifeachtach agus leanúnachas gnó an tsoláthraí seirbhísí sin chomh maith le haird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh.

6a.  Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta ESMA ar an eolas faoi iarratas rathúil ar údarú faoin Airteagal seo. Cuirfidh ESMA an t-iarratas sin le clár na n-ardán formheasta dá bhforáiltear in Airteagal 11. Féadfaidh ESMA faisnéis a iarraidh chun a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta údaruithe faoin Airteagal seo a dheonú ar bhealach comhsheasmhach. I gcás nach n-aontóidh ESMA le cinneadh an údaráis inniúil náisiúnta maidir le hiarratas ar údarú a dheonú nó a dhiúltú faoin Airteagal seo, tabharfaidh sé na cúiseanna lena n-easaontas agus míneoidh sé agus tabharfaidh sé údar cuí d’aon diallas suntasach ón gcinneadh.

7.  Tabharfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta fógra don soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoina chinneadh laistigh de dhá lá oibre tar éis an cinneadh sin a ghlacadh.

7a.  Comhlíonfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin, arna údarú i gcomhréir leis an Airteagal seo, na coinníollacha maidir le húdarú gach tráth.

8.  Beidh an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 éifeachtach agus bailí ar fud chríoch an Aontais ina iomláine.

9.  Ní cheanglóidh na Ballstáit ar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a bheith i láthair go fisiciúil i gcríoch Ballstáit seachas na háiseanna a bheith sa Bhallstát ina bhfuil na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin bunaithe agus a bhfuil údarú faighte acu ann chun seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar ar bhonn trasteorann.

10.  Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun foirmeacha caighdeánacha, teimpléid chaighdeánacha agus nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú le haghaidh an iarratais ar údarú.

Déanfadh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a thíolacadh chuig an gCoimisiún faoin ... [XX m(h)í ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 11

Clár soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

1.  Bunóidh ESMA clár de na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go léir. Cuirfear an clár sin ar fáil don phobal ar a shuíomh gréasáin agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn rialta.

2.  Beidh na sonraí seo a leanas sa chlár dá dtagraítear i mír 1:

(a)  ainm agus foirm dlí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(b)  ainm tráchtála agus seoladh idirlín an ardáin sluachistiúcháin arna oibriú ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)  faisnéis faoi na seirbhísí a n-údaraítear an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ina leith;

(d)  smachtbhannaí arna bhforchur ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar a bhainisteoirí.

3.  Aon údarú a tharraingítear siar i gcomhréir le hAirteagal 13, foilseofar sa chlár go ceann cúig bliana é.

Airteagal 12

Maoirseacht

1.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sheirbhísí a soláthar faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil náisiúnta sa Bhallstát inar údaraíodh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

2.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na coinníollacha maidir le húdarú a leagtar amach in Airteagal 10 den Rialachán seo a chomhlíonadh gach tráth.

3.  Measúnóidh an t-údarás inniúil náisiúnta cé acu atá nó nach bhfuil na hoibleagáidí a ndéantar foráil sa Rialachán seo maidir leo á gcomhlíonadh ag na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Cinnfidh sé minicíocht agus doimhneacht an mheasúnaithe sin, ag féachaint do mhéid agus castacht ghníomhaíochtaí an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Chun críche an mheasúnaithe sin, féadfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi chigireacht ar an láthair.

4.  Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin fógra gan moill mhíchuí don údarás inniúil náisiúnta faoi aon athruithe ábhartha a dhéanfar ar na coinníollacha maidir le húdarú agus, arna iarraidh sin, tabharfaidh siad an fhaisnéis is gá chun a mheas an bhfuil an Rialachán seo á chomhlíonadh acu.

Airteagal 12a

Ainmniú an údaráis inniúil

1.   Ainmneoidh gach Ballstát an t-údarás inniúil náisiúnta a bheidh freagrach as na dualgais faoin Rialachán seo a chomhlíonadh chun soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a údarú agus chun maoirseacht a dhéanamh orthu agus cuirfidh sé ESMA ar an eolas faoin méid sin.

I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil náisiúnta amháin, cinnfidh sé na róil a bheidh ag gach údarás ar leith acu agus ainmneoidh sé údarás amháin a bheidh freagrach as comhar le húdaráis inniúla náisiúnta sna Ballstáit eile agus le ESMA i gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa Rialachán seo.

2.  Foilseoidh ESMA liosta de na húdaráis inniúla a ainmneofar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír ar a láithreán gréasáin.

3.  Beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaithe is gá ag na húdaráis inniúla náisiúnta chun a gcuid feidhmeanna a fheidhmiú.

Airteagal 13

Aistarraingt údaraithe

1.  Beidh de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta an t-údarú atá faighte ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a tharraingt siar in aon cheann de na cúinsí seo a leanas i gcás gur fíor an méid seo a leanas faoin soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin:

(a)  níor úsáid sé a údarú laistigh de 18 mí tar éis an t-údarú a dheonú dó;

(b)  thréig sé a údarú go sainráite;

(c)  níor sholáthair sé seirbhísí sluachistiúcháin ar feadh sé mhí as a chéile;

(d)  fuair sé a údarú ar mhodhanna neamhrialta, lena n-áirítear trí ráitis bhréagacha a dhéanamh ina iarratas ar údarú;

(e)  níl na coinníollacha faoinar deonaíodh an t-údarú á gcomhlíonadh aige a thuilleadh;

(f)  sháraigh sé forálacha an Rialacháin seo go tromchúiseach;

(g)  chaill sé a údarú mar institiúid íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2015/2366/AE agus dá bhun, nó chaill soláthraí tríú páirtí a bhí ag gníomhú dó thar ceann an t-údarú sin;

(h)  sháraigh sé forálacha an dlí náisiúnta lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme maidir le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, nó sháraigh a bhainisteoirí, a fhostaithe nó tríú páirtithe ag gníomhú thar a cheann na forálacha sin.

4.  Tabharfaidh an t-údaras inniúil náisiúnta fógra, gan moill mhíchuí, do ESMA faoina chinneadh an t-údarú atá faighte ag soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a tharraingt siar.

4a.  Sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil náisiúnta cinneadh maidir le hiarratas ar údarú chun seirbhís sluachistiúcháin a sholáthar a tharraingt siar, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás inniúil náisiúnta in aon Bhallstát eile sna cásanna seo a leanas:

(a)  is fochuideachta é de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(b)  is fochuideachta é den mháthairchuideachta de chuid soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(c)  tá sé á rialú ag na daoine nádúrtha nó dlíthiúla céanna a rialaíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin arna údarú sa Bhallstát eile sin;

(d)  margaíonn sé tairiscintí go díreach sa Bhallstát eile sin.

Airteagal 13a

Easaontuithe idir údaráis inniúla a réiteach

1.  I gcás ina n-easaontóidh údarás inniúil maidir leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomhaíocht nó le neamhghníomhaíocht ar thaobh údaráis inniúil Ballstáit eile maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, féadfaidh ESMA, arna iarraidh sin ag ceann amháin nó níos mó de na húdaráis inniúla lena mbaineann, cúnamh a thabhairt do na húdaráis teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4 den Airteagal seo.

I gcás inar féidir easaontú ar bhonn critéir oibiachtúla idir údaráis inniúla ó Bhallstáit éagsúla a shainaithint, féadfaidh ESMA, ar a thionscnamh féin, cuidiú a thabhairt do na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2 go mír 4.

2.  Déanfaidh ESMA teorainn ama a leagan amach don idir-réiteach idir na húdaráis inniúla, agus aon teorainneacha ama ábhartha, mar aon le castacht agus práinn an ábhair, á gcur san áireamh. Ag an tráth sin, gníomhóidh ESMA mar idirghabhálaí.

Más rud é, laistigh den chéim idir-réitigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach dtiocfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann ar chomhaontú, féadfaidh ESMA, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú fomhír agus sa cheathrú fomhír d’Airteagal 44(1)de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar orthu gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht chun an t-ábhar a réiteach, agus beidh éifeacht cheangailteach leis an gcinneadh sin ar na húdaráis inniúla lena mbaineann, chun a áirithiú go gcomhlíonfar dlí an Aontais.

3.  Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 TFEU, i gcás nach gcomhlíonfaidh údarás inniúil cinneadh ESMA, agus ar an gcaoi sin, nach n-áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin ceanglais faoin rialachán seo, féadfaidh ESMA cinneadh aonair a ghlacadh lena ndíreofar ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin agus lena gceanglófar air an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a chuid oibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor d’aon chleachtas áirithe.

4.  Beidh forlámhas ag cinntí a glacadh faoi mhír 3 ar aon chinneadh a ghlac na húdaráis inniúla roimhe sin maidir leis an ábhar céanna. Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla maidir le fíorais atá faoi réir cinneadh de bhun mhír 2 nó mhír 3 comhoiriúnach leis gcinneadh sin.

5.  Sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 50(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, leagfaidh Cathaoirleach ESMA amach cineál agus saghas na n-easaontas atá ann idir na húdaráis inniúla, na comhaontuithe ar thángthas orthu agus na cinntí a rinneadh chun na heasaontais sin a réiteach.

Caibidil IV

An trédhearcacht agus triail eolais iontrála arna déanamh ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin

Airteagal 14

Faisnéis do na saoránaigh

1.  An fhaisnéis uile, lena n-áirítear cumarsáidí margaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19, ó sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin do chliaint▌ fúthu féin, faoi na costais, na rioscaí airgeadais agus na muirir a bhaineann le seirbhísí sluachistiúcháin nó le hinfheistíochtaí, lena n-áirítear faoi rioscaí dócmhainneachta an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faoi na coinníollacha sluachistiúcháin, lena n-áirítear critéir roghnúcháin le haghaidh tionscadail sluachistiúcháin, nó faoi chineál a seirbhísí sluachistiúcháin agus faoi na rioscaí a bhaineann leo, beidh an fhaisnéis sin cothrom, soiléir, agus ní bheidh sí mí threorach.

2.  Maidir leis an faisnéis uile a bheidh le cur ar fáil do chliaint i gcomhréir le mír 1, cuirfear í ar fáil ar bhealach a bheidh gonta, beacht agus inrochtana go héasca, lena n-áirítear ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin. Cuirfear an fhaisnéis ar fail i gcás inarb iomchuí, lena n-áirítear sula ndéanfar idirbheart sluachistiúcháin.

Airteagal 14a

Nochtadh an ráta mainneachtana

1.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rátaí mainneachtana na dtionscadal sluachistiúcháin arna dtairiscint ar a n-ardán sluachistiúcháin a nochtadh thar an 24 mhí roimhe sin ar a laghad.

2.  Foilseofar na rátaí mainneachtana dá dtagraítear i mír 1 ar líne in áit fheiceálach ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.

3.  I ndlúthchomhar le ÚBE, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an mhodheolaíocht a shonrú maidir le ráta mainneachtana na dtionscadal arna dtairiscint ar ardán sluachistiúcháin a ríomh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [XX m(h)í ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 15

Triail eolais iontrála agus ionsamhlú ar an gcumas caillteanas a sheasamh

1.  Measúnóidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin▌ cé acu atá nó nach bhfuil na seirbhísí sluachistiúcháin arna dtairiscint iomchuí do na hinfheisteoirí ionchasacha agus cé na seirbhísí sluachistiúcháin atá iomchuí dóibh.

2.  Chun críocha an mheasúnaithe de bhun▌ mhír 1, iarrfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis faoi thaithí, cuspóirí infheistíochta agus staid airgeadais an infheisteora ionchasaigh agus faoin tuiscint bhunúsach atá aige ar an riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh trí chéile agus leis na cineálacha infheistíochta arna dtairiscint ar an ardán sluachistiúcháin, lena n-áirítear faisnéis faoin méid seo a leanas:

(a)  na hinfheistíochtaí a rinne an t-infheisteoir ionchasach roimhe in urrúis inaistrithe nó i gcomhaontuithe iasachta, lena n-áirítear i ngnólachtaí atá ina dtús nó i gcéim an leata;

(b)  tuiscint an infheisteora ionchasaigh ar na rioscaí a bhaineann le hiasachtaí a dheonú nó urrúis inaistrithe a fháil trí ardán sluachistiúcháin agus taithí ghairmiúil i ndáil le hinfheistíochtaí sluachistiúcháin.

▌4. I gcás▌ ina measfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar bhonn na faisnéise a fhaightear faoi mhí 2, go bhfuil tuiscint neamh-leordhóthanach ag infheisteoirí ionchasacha ar an thairiscint nó nach bhfuil an tairiscint oiriúnach do na hinfheisteoirí ionchasacha sin, cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na hinfheisteoirí ionchasacha ar an eolas go bhféadfaidh na seirbhísí arna dtairiscint ar a n-ardáin a bheith míchuí dóibh agus tabharfaidh siad rabhadh riosca dóibh. Ní chuirfear cosc ar infheisteoirí ionchasacha infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail sluachistiúcháin de dheasca na faisnéise nó an rabhaidh riosca sin. San fhaisnéis nó sa rabhadh riosca, luafar go soiléir an riosca go gcaillfear an méid iomlán den airgead a infheistíodh.

5.  Tabharfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin uile an deis d’infheisteoirí ionchasacha agus d’infheisteoirí gach tráth ionsamhlú a dhéanamh ar an gcumas atá iontu caillteanas a sheasamh, arna ríomh mar 10% dá nglanfhiúchas, bunaithe ar an bhfaisnéis seo a leanas:

(a)  ioncam rialta agus ioncam iomlán agus, i gcás inarb iomchuí, ioncam teaghlaigh, agus cé acu a thuilltear nó nach dtuilltear an t-ioncam ar bhonn buan nó sealadach;

(b)  sócmhainní, lena n-áirítear infheistíochtaí airgeadais, maoin phearsanta agus infheistíochta, cistí pinsin agus aon taiscí airgid;

(c)  gealltanais airgeadais, lena n-áirítear gealltanais rialta, reatha nó todhchaí.

Ar bhonn thorthaí an ionsamhlaithe, féadfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin bac a chur ar infheisteoirí ionchasacha agus infheisteoirí▌ infhesitíocht a dhéanamh i dtionscadail sluachistiúcháin. Mar sin féin, beidh infheisteoirí fós freagrach as an riosca iomlán a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh.

6.  I ndlúthchomhar le ÚBE, déanfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun na socruithe is gá a shonrú maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  an measúnú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;

(b)  an t-ionsamhlú dá dtagraítear i mír 5 a dhéanamh;

(c)  an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 a sholáthar.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [XX m(h)í ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 16

Bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí

-1.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thairgeann na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (i) de phointe (a) d’Airteagal 3(1) den Rialachán seo an fhaisnéis uile dá dtagraítear san Airteagal seo a chur ar fáil d’infheisteoirí ionchasacha.

1.  Soláthrófar d’infheisteoirí ionchasacha bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí arna tarraingt suas ag an úinéir tionscadail le haghaidh gach tairisceana sluachistiúcháin. Dréachtófar an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i dteanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann nó i mBéarla.

2.  Beidh an fhaisnéis uile seo a leanas sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1:

(a)  an fhaisnéis a leagtar amach san Iarscríbhinn;

(b)  an ráiteas míniúcháin seo a leanas a bheidh díreach faoi theideal na bileoige faisnéise infheistíochta bunriachtanaí:"

“Níor fhíoraigh ná níor fhormheas ESMA ná údaráis inniúla náisiúnta an tairiscint sluachistiúcháin seo.

Níor measadh oiriúnacht d’oideachais ná d’eolais sular deonaíodh rochtain ar an infheistíocht seo duit. Tríd an infheistíocht seo a dhéanamh, glacann tú leis an riosca iomlán a bhaineann leis an infheistíocht seo a dhéanamh, lena n-áirítear an riosca i leith an t-airgead arna infheistiú a chailleadh i bpáirt nó ina iomláine.”;

"

(c)  rabhadh riosca a léifear mar a leanas:"

“Baineann rioscaí le hinfheistíocht a dhéanamh sa tairiscint sluachistiúcháin seo, lena n-áirítear an riosca i leith an t-airgead arna infheistiú a chailleadh i bpáirt nó ina iomláine. Níl d’infheistíocht cumhdaithe faoi na scéimeanna ráthaíochta taiscí agus cúitimh d’infheisteoirí arna mbunú i gcomhréir le Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus le Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.**

D’fhéadfadh sé nach bhfaighfeá aon toradh ar d’infheistíocht.

Ní táirge coigilte é seo agus molaimid duit gan níos mó ná 10% de do ghlansócmhainní a infheistiú i dtionscadail sluachistiúcháin.

D’fhéadfadh sé nach mbeifeá in ann na hionstraimí infheistíochta a dhíol nuair is mian leat. Mar sin féin, má tá tú in ann iad a dhíol, féadfaidh tú a bheith faoi réir caillteanas.

_______________

* Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).

** Treoir 97/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Márta 1997 maidir le scéimeanna cúitimh d’infheisteoirí (IO L 084, 26.3.1997, lch. 22)."

"

3.  Beidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí chothrom, shoiléir agus ní bheidh sí míthreorach agus ní bheidh aon fhonótaí inti, seachas na cinn ina ndéantar tagairtí don dlí infheidhme. Léireofar í ar mheán aonair marthanach is féidir a dhealú go soiléir ó chumarsáidí margaíochta agus trí thaobh ar a mhéad i bhformáid leathanaigh A4 a bheidh inti má chuirtear i gcló í.

4.  Déanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nuashonrú ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí gach tráth agus go ceann thréimhse bhailíochta iomlán na tairisceana sluachistiúcháin.

4a.  Ní bheidh feidhm ag an gceanglas a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 3 den Airteagal seo maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thairgeann seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 3(1). Ina ionad sin, déanfaidh na soláthraithe sin bileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí maidir leis an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a tharraingt suas, ar biléog í ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin inti; a chórais agus a rialuithe le haghaidh bainistíocht riosca, samhaltú airgeadais don tairiscint sluachistiúcháin agus a fheidhmíocht stairiúil.

5.  Cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin uile nósanna imeachta leordhóthanacha ar bun agus i bhfeidhm chun iomláine, cruinneas agus soiléire na faisnéise atá sa bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí a fhíorú.

6.  Nuair a aimsíonn soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin▌ neamhghníomh, botún nó▌ míchruinneas i mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí, a d’fhéadfadh tionchar ábhartha a bheith acu ar an toradh ar infheistíocht a bhfuiltear ag súil leis, déanfar na ceartúcháin ar an mbealach seo a leanas:

(a)  déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thairgeann na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (i) de phointe (a) d’Airteagal 3(1) an neamhghníomh, an botún nó an míchruinneas a léiriú go pras d’úinéir an tionscadail, a dhéanfaidh an fhaisnéis sin a chomhlánú nó a leasú.

(b)  déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thairgeann na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 3(1) an neamhghníomh, an botún nó an míchruinneas a leasú iad féin sa bhileog faisnéise bunriachtanaí.

I gcás nach ndéanfar an fhaisnéis a chomhlánú ná a leasú, ní dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an tairiscint sluachistiúcháin ná ní chuirfidh sé an tairiscint atá ann cheana ar ceal go dtí go mbeidh an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo.

7.  Féadfaidh infheisteoir a iarraidh ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin socrú a dhéanamh go n-aistreofar an bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí i rogha teanga an infheisteora. Léireofar go dílis agus go cruinn san aistriúchán a bhfuil sa phríomhbhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

Mura soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-aistriúchán ar an mbileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí arna iarraidh, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin comhairle shoiléir ar an infheisteoir gan an infheistíocht a dhéanamh.

8.  Ní cheanglóidh údaráis inniúla náisiúnta fógra ex ante ná formheas ar bhileog faisnéise infheistíochta bunriachtanaí.

9.  Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a)  na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2 agus san Iarscríbhinn a thíolacadh agus ábhar na samhla chuige sin;

(b)  cineálacha na rioscaí atá ábhartha maidir leis an tairiscint sluachistiúcháin agus, dá bhrí sin, nach mór a nochtadh i gcomhréir le Cuid C den Iarscríbhinn;

(ba)  cóimheasa airgeadais áirithe a úsáid chun soiléireacht na faisnéise airgeadais bunriachtanaí a fheabhsú;

(c)  na coimisiúin agus táillí agus na costais idirbhirt dá dtagraítear i bpointe (a) de Chuid H den Iarscríbhinn, lena n-áirítear miondealú mionsonraithe ar na costais dhíreacha agus indíreacha a sheasfaidh an t-infheisteoir.

Agus na caighdeáin á ndréachtú, déanfaidh ESMA idirdhealú idir na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (i) de phointe (a) d’Airteagal 3(1) agus na seirbhísí dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 3(1).

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [XXX m(h)í ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 17

Clár fógraí

1.  Maidir le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a thugann cead dá n-infheisteoirí idirghníomhú go díreach le chéile chun comhaontuithe iasachta nó urrúis inaistrithe a cheannach agus a dhíol a ndearnadh iad a shluachistiú ar dtús ar a n-ardáin féin, cuirfidh siad a gcliaint ar an eolas nach n-oibríonn siad córas trádála agus gur de rogha an chliaint féin atá an ghníomhaíocht cheannaigh agus díola sin agus gur ar an gcliant féin atá an fhreagracht. Cuirfidh na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin sin a gcliaint ar an eolas nach bhfuil feidhm ag na rialacha is infheidhme faoi Threoir 2014/65/AE maidir le ionaid trádála, mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) den Treoir sin maidir lena n-ardáin.

2.  Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthraíonn praghas tagartha don díol agus don cheannach dá dtagraítear i mír 1, a gcliaint a chur ar an eolas cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an praghas tagartha ceangailteach agus tabharfaidh siad údar cuí leis an mbunús ar a ríomhtar an praghas tagartha.

2a.  Chun a chur ar chumas infheisteoirí iasachtaí a fuarthas trína n-ardán a cheannach agus a dhíol, déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin trédhearcacht d’infheisteoirí maidir lena n-ardáin a éascú trí fhaisnéis a chur ar fáil maidir le feidhmíocht na n-iasachtaí arna nginiúint.

Airteagal 18

Rochtain ar thaifid

Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas:

(a)  coimeádfaidh siad taifid a bhaineann lena seirbhísí agus lena n-idirbhearta ar mheán marthanach ar feadh cúig bliana;

(b)  áiritheoidh siad go bhfuil rochtain láithreach ag a gcliaint gach tráth ar thaifid na seirbhísí arna soláthar dóibh;

(c)  coinneoidh siad go ceann cúig bliana na comhaontuithe go léir arna ndéanamh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus a gcliaint.

Caibidil V

Cumarsáidí margaíochta

Airteagal 19

Ceanglais maidir le cumarsáidí margaíochta

1.  Maidir lena gcumarsáidí margaíochta go léir a dhéantar le hinfheisteoirí, áiritheoidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin go bhféadfar iad a aithint go soiléir mar chumarsáidí den sórt sin.

2.  Sula dtiocfaidh deireadh le cistí a thiomsú do thionscadal, ní dhíreoidh aon chumarsáid margaíochta go díréireach ar tionscadail nó tairiscintí sluachistiúcháin aonair atá pleanáilte, ar feitheamh nó atá ann faoi láthair. ▌

3.  Le haghaidh na gcumarsáidí margaíochta de chuid soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, úsáidfidh siad teanga oifigiúil amháin nó níos mó den Bhallstát ina bhfuil an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin gníomhach nó úsáidfidh siad Béarla.

4.  Ní cheanglóidh údaráis inniúla náisiúnta fógra ex ante ná formheas ar chumarsáidí margaíochta.

Airteagal 20

Forálacha náisiúnta maidir le ceanglais mhargaíochta a fhoilsiú

1.  Déanfaidh údaráis inniúla náisiúnta na forálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta ar a suíomhanna gréasáin ar forálacha iad atá infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

2.  Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ESMA faoi na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin dá dtagraítear i mír 1 agus faoi na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil ina bhfuil an fhaisnéis sin foilsithe. Soláthróidh údaráis inniúla achoimre ar na forálacha náisiúnta ábhartha sin do ESMA i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta.

3.  Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi aon athrú ar an bhfaisnéis arna soláthar de bhun mhír 2 agus tíolacfaidh siad achoimre nuashonraithe ar na forálacha náisiúnta ábhartha gan mhoill.

4.  Déanfaidh ESMA achoimre ar na forálacha náisiúnta ábhartha a fhoilsiú agus a choinneáil ar a shuíomh gréasáin i dteanga is gnách a úsáid i réimse an airgeadais idirnáisiúnta chomh maith leis na hipearnaisc chuig suíomhanna gréasáin na n-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1. Ní bheidh ESMA faoi dhliteanas i leith na faisnéise a thíolactar san achoimre.

5.  Is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh ina bpointí teagmhála aonair agus is iad a bheidh freagrach as faisnéis faoi rialacha margaíochta a sholáthar ina mBallstáit féin.

▌7. Tuairisceoidh údaráis inniúla do ESMA ar bhonn rialta, agus ar bhonn bliantúil ar a laghad, faoi na bearta forfheidhmiúcháin a ghlac siad le linn na bliana roimhe sin ar bhonn a bhforálacha náisiúnta reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is infheidhme maidir le cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin. Go háirithe, áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

(a)  líon iomlán na mbeart forfheidhmiúcháin arna dhéanamh de réir chineál an mhí-iompair, i gcás inarb infheidhme;

(b)  torthaí na mbeart forfheidhmiúcháin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, lena n-áirítear na cineálacha smachtbhannaí arna bhforchur de réir an chineáil smachtbhanna nó leigheasanna arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;

(c)  samplaí, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, den dóigh ar dhéileáil údaráis inniúla le mainneachtain soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin na forálacha náisiúnta a chomhlíonadh.

Caibidil VI

Cumhachtaí agus inniúlachtaí an údaráis inniúil náisiúnta ábhartha

Roinn I

Inniúlachtaí agus nósanna imeachta

Airteagal 21

Pribhléid dhlíthiúil

Maidir leis na cumhachtaí a thugtar don údarás inniúil náisiúnta nó d’aon oifigeach nó duine eile arna údarú ag an údarás inniúil náisiúnta, ní bhainfear úsáid astu chun a cheangal go nochtfar faisnéis atá faoi réir pribhléid dhlíthiúil.

Airteagal 25

Malartú faisnéise

Soláthróidh ESMA agus na húdaráis inniúla, gan moill mhíchuí, an fhaisnéis riachtanach dá chéile chun críocha a ndualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

Airteagal 26

Rúndacht ghairmiúil

Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear in Airteagal 76 de Threoir 2014/65/AE maidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus maidir leis na daoine go léir a oibríonn nó a d’oibrigh do na húdaráis inniúla náisiúnta nó do ESMA nó d’aon duine eile a ndearna cúraimí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe▌ ar chonarthaí.

Roinn II

PIONÓS RIARACHÁIN AGUS BEARTA RIARACHÁIN EILE

Airteagal 27a

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile

1.  Gan dochar do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh do phionóis choiriúla agus iad a fhorchur de bhun Airteagal 27c, féadfaidh na Ballstáit rialacha a leagan síos lena mbunófar smachtbhannaí riaracháin iomchuí agus bearta riaracháin eile a bheidh infheidhme ar a laghad i gcásanna nach ndearna soláthraí seirbhísí na ceanglais a leagtar síos i gCaibidlí i go V a chomhlíonadh. Beidh na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile i bhfeidhm go héifeachtach.

2.  Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an chumhacht a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta chun na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile seo a leanas ar a laghad a chur i bhfeidhm i gcás sáruithe ar Chaibidlí I go V den Rialachán seo:

(a)  ráiteas poiblí lena gcuirtear an duine atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;

(b)  ordú lena gceanglófar ar an duine scor den iompraíocht agus gan bheith i mbun na hiompraíochta sin in athuair;

(c)  cosc sealadach nó, cosc buan i gcás sáruithe tromchúiseacha arís is arís eile, lena gcuirtear cosc ar aon chomhalta den chomhlacht bainistíochta atá freagrach as an sárú, nó ar aon duine nádúrtha eile a leagtar freagracht air as an sárú ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i ngnóthais den sórt sin;

(d)  i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin airgid uasta de 5 % de láimhdeachas bliantúil an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin le linn na bliana féilire inar tharla an sárú.

(e)  fíneálacha riaracháin airgid uasta de suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a shocrú, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna i bpointe (d).

3.  I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le daoine dlítheanacha, tabharfaidh na Ballstáit an chumhacht do na húdaráis inniúla chun na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile dá bhforáiltear in i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir le comhaltaí den chomhlacht bainistíochta agus daoine aonair eile atá freagrach as an sárú faoin dlí naisiúnta, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh aon chinneadh maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile a leagtar amach i mír 2 a fhorchur réasúnaithe mar is ceart agus go mbeidh sé faoi réir cead achomhairc os comhair binse.

Airteagal 27b

Feidhmiú na cumhachta pionóis riaracháin agus bearta eile a fhorchur

1.  Feidhmeoidh údaráis inniúla a gcumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile dá dtagraítear in Airteagal 27a i gcomhréir leis an Rialachán seo agus lena gcreatí dlíthiúla náisiúnta, de réir mar is iomchuí:

(a)  go díreach;

(b)  i gcomhar le húdaráis eile;

(c)  faoina bhfreagracht trí tharmligean d’údaráis eile;

(d)  trí iarratas a chur chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla.

2.  Agus cineál agus leibhéal an phionós riaracháin nó an bhirt riaracháin a fhorchuirfear faoi Airteagal 27a á gcinneadh acu, cuirfidh údaráis inniúla san áireamh a mhéid ba d’aon ghnó nó de thoradh ar fhaillí a rinneadh an sárú maille leis na cúinsí ábhartha eile go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo a leanas:

(a)  ábharthacht, tromchúis agus ré an tsáraithe;

(b)  leibhéal freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(c)  fóntacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;

(d)  méid na mbrabús a ghnóthaigh nó na gcaillteanas a sheachain an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú, a mhéid is féidir iad sin a dhéanamh amach;

(e)  na caillteanais do thríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad sin a dhéanamh amach;

(f)  a mhéid atá an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;

(g)  sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;

Airteagal 27c

Pionóis Choiriúla

1.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta.

2.  I gcás inar roghnaigh Ballstáit, i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, pionóis choiriúla a leagan síos i gcás an tsáraithe dá dtagraítear in Airteagal 27a(1), áiritheoidh sé go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí go léir is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha, ionchúisimh, nó ceartais choiriúil laistigh dá ndlínse, chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe nó imeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i dtaca leis na sáruithe dá dtagraítear in Airteagal 27a(1) agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile agus do ESMA, chun a ndualgas maidir le comhoibriú a chomhlíonadh chun críche an Rialacháin seo.

Airteagal 27d

Dualgais fógartha

Déanfaidh na Ballstáit fógra i dtaobh na ndlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin lena gcuirtear an Chaibidil seo chun feidhme, lena n-áirítear aon fhorálacha ábhartha den dlí coiriúil, a thabhairt don Choimisiún agus do ESMA faoi cheann [aon bhliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Tabharfaidh na Ballstáit fógra gan mhoill don Choimisiún agus do ESMA gan aon mhoill mhíchuí maidir le haon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.

Airteagal 27e

Comhar idir údaráis inniúla agus ESMA

1.  Oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta agus ESMA i ndlúthchomhar lena chéile agus déanfaidh siad faisnéis a mhalartú chun a gcuid dualgas faoin Chaibidil seo a dhéanamh.

2.  Déanfaidh na húdaráis inniúla naisiúnta dlúth-chomhordú ar mhaoirseacht d’fhonn sáruithe ar an Rialacháin seo a shainaithint agus a leigheas, dea-chleachtais a fhorbairt agus a chur chun cinn, comhar a éascú, comhsheasmhacht maidir le léiriú a chothú agus measúnuithe trasdlínse a chur ar fáil i gcás aon easaontuithe.

3.  I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil amach nár gcomhlíonadh ceann amháin nó níos mó de na ceanglais faoi Chaibidlí I go V nó ina bhfuil cúis aige é sin a chreidiúint, cuirfidh sé údarás inniúil an eintitis nó na n-eintiteas atá faoi amhras maidir leis an sárú sin ar an eolas maidir lena thorthaí ar bhealach a bheidh mionsonraithe go leordhóthanach. Déanfaidh na húdaráis inniúla lena mbaineann a maoirseacht a dhlúthchomhordú chun cinntí comhsheasmhacha a áirithiú.

Airteagal 27f

Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a fhoilsiú

1.  Faoi réir mhír 4, áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla náisiúnta, ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla, gan aon mhoill iomchuí agus mar íosmhéid, aon chinneadh lena bhforchuirfear pionós riaracháin nó beart riaracháin eile nach bhfuil aon achomharc déanta ina choinne tar éis don seolaí a bheith curtha ar an eolas faoin gcinneadh sin.

2.  San fhoilseachán dá dtagraítear i mír 1, beidh faisnéis faoi shaghas agus cineál an tsáraithe agus faoi chéannacht na ndaoine atá freagrach agus faoi na pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile arna bhforchur.

3.  I gcás ina measfaidh an t-údarás inniúil go bhfuil sé neamhréireach céannacht an duine, i gcás daoine dlíthiúla, nó céannacht agus sonraí pearsanta, i gcás daoine nádúrtha, a fhoilsiú tar éis dó measúnú cás ar chás a dhéanamh, nó i gcás ina measann an t-údarás inniúil go gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais nó imscrúdaithe coiriúla leanúnacha i mbaol leis an bhfoilsiú nó más rud é go ndéanfaí, a mhéad a fhéadfar a chinneadh, díobháil neamhréireach don duine lena mbaineann mar thoradh ar an bhfoilsiú, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla ceann de na nithe seo a leanas:

(a)  foilsiú an chinnidh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a iarchur go dtí nach bhfuil ann a thuilleadh do na cúiseanna atá leis an iarchur.

(b)  an cinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta; nó

(c)  gan chinneadh lena bhforchuirtear an pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhoilsiú i gcás ina bhfuil an t-údarás inniúil den tuairim go bhfuil na roghanna a leagtar amach i bpointí(a) agus (b) neamhleordhóthanach chun na nithe seo a leanas a áirithiú:

(i)  nach gcuirfí cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt; nó

(ii)  comhréireacht i dtaca le cinntí mar sin a fhoilsiú ag féachaint do bhearta a meastar gur mionbhearta iad.

4.  I gcás cinneadh maidir le pionós riaracháin nó beart riaracháin eile a fhoilsiú ar bhonn anaithnid, féadfar foilsiú na sonraí ábhartha a chur siar. I gcás ina bhfoilseoidh údarás inniúil náisiúnta cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó pionós riarachán eile a bhfuil achomharc ina choinne os comhair na n-údarás breithiúnach ábhartha, déanfaidh údaráis inniúla an fhaisnéis sin agus aon fhaisnéis ina dhiaidh sin maidir le toradh an achomhairc sin a fhoilsiú láithreach ar a suíomh gréasáin oifigiúil. Foilseofar freisin aon chinneadh breithiúnach lena gcuirfear ar neamhní cinneadh lena bhforchuirtear pionós riaracháin nó beart riarachán eile.

5.  Áiritheoidh údaráis inniúla náisiúnta go mbeidh aon chinneadh a fhoilsítear i gcomhréir le míreanna 1 go 4 inrochtana ar a shuíomh gréasáin ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad tar éis a fhoilsithe. Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a áirítear sna cinntí sin ar shuíomh gréasáin an údaráis inniúil ach amháin go ceann na tréimhse is gá i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme.

6.  Cuirfidh údaráis inniúla náisiúnta ESMA ar an eolas faoi na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile go léir a fhorchuirfear, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon achomharc lena mbaineann agus toradh an achomhairc sin.

7.  Coimeádfaidh ESMA bunachar sonraí lárnach de phionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile a chuirfear in iúl dó. Ní bheidh an bunachar sonraí sin inrochtana ach amháin ag ESMA, ÚBE, EIOPA agus ag na húdaráis inniúla agus déanfar é a nuashonrú ar bhonn na faisnéise a chuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta ar fáil i gcomhréir le mír 6.

Airteagal 36

Cosaint sonraí

1.  Maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi chuimsiú an Rialacháin seo, déanfaidh údaráis inniúla a gcuid cúraimí chun críocha an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2.  Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag ESMA faoi chuimsiú an Rialacháin seo, comhlíonfar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 léi.

CAIBIDIL VII

Gníomhartha tarmligthe

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(2), in Airteagal 31(10) agus in Airteagal 34(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialachán seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhse comhfhaid, mura rud é go gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(2), Airteagal 6(4), Airteagal 7(7), Airteagal 10(10), Airteagal 15(6), Airteagal 16(9), Airteagal 31(10) agus Airteagal 34(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 3(2), Airteagal 6(4), Airteagal 7(7), Airteagal 10(10), Airteagal 15(6), Airteagal 16(9), Airteagal 31(10) agus Airteagal 34(3) i bhfeidhm ach mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Caibidil VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 38

Tuarascáil

1.  Roimh [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 24 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] tíolacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM, tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus beidh togra reachtach ag gabháil léi i gcás inarb iomchuí.

2.  Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas sa tuarascáil:

(a)  feidhmiú an mhargaidh le haghaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas, lena n-áirítear forbairt agus treochtaí an mhargaidh, ▌ a sciar den mhargadh agus go háirithe scrúdófar an gá na sainmhínithe agus na tairseacha a leagtar amach sa Rialachán seo a choigeartú agus cé acu atá nó nach bhfuil raon na seirbhísí a chumhdaítear leis an Rialachán seo fós iomchuí;

(b)  tionchar an Rialacháin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí sluachistiúcháin, lena n-áirítear an tionchar atá aige ar rochtain FBManna ar mhaoiniú agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí agus ar chatagóirí eile daoine a ndéantar difear dóibh de dheasca na seirbhísí sin;

(c)  cur chun feidhme na nuálaíochta teicneolaíochta in earnáil an tsluachistiúcháin, lena n-áirítear modhanna airgeadais neamhbhainc (lena n-áirítear tairiscint thosaigh monaí), na samhlacha gnó agus na teicneolaíochtaí nua nuálacha a chur i bhfeidhm;

(d)  cé acu atá nó nach bhfuil an tairseach a leagtar amach in Airteagal 2(2)(d) fós iomchuí chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a shaothrú;

(e)  na héifeachtaí atá ag na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin náisiúnta, lena rialaítear cumarsáidí margaíochta soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin, ar an tsaoirse chun seirbhísí, iomaíocht agus cosaint infheisteoirí a sholáthar;

(f)  cur i bhfeidhm na smachtbhannaí riaracháin agus go háirithe an gá atá ann na smachtbhannaí riaracháin a leagtar amach le haghaidh sárú ar an Rialachán seo a chomhchuibhiú tuilleadh;

(g)  an riachtanas agus an chomhréireacht a bhaineann le soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a chur faoi réir oibleagáidí le haghaidh forálacha náisiúnta a chomhlíonadh lena gcuirtear Treoir (AE) 2015/849 chun feidhme i ndáil le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta agus soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin den sórt sin a chur ar liosta na n-eintiteas atá faoi oibleagáid chun críocha Threoir (AE) 2015/849;

(h)  oiriúnacht raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú chuig tríú tíortha;

(i)  an comhoibriú idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus ESMA agus oiriúnacht na n-údarás inniúil náisiúnta mar mhaoirseoir ar an Rialachán seo;

(j)  an fhéidearthacht maidir le bearta ar leith sa Rialachán seo a thabhairt isteach chun tionscadail sluachistiúcháin inbhuanaithe agus nuálacha a chur chun cinn, chomh maith le húsáid cistí AE.

Airteagal 38a

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/1129

In Airteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2017/1129, cuirtear an pointe seo a leanas leis:"

(k) tairiscint sluachistiúcháin ó soláthraí Eorpach seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh .../...(13), ar choinníoll nach sáraítear an tairseach a leagtar síos in Airteagal 2(2)(d) den Rialachán sin.

"

Airteagal 39

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta 12 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 367, 10.10.2018, lch. 65.
(2)IO C , , lch. .
(3)IO C , , lch. .
(4)Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(5)Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, Lch. 349).
(6)Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/71/CE (IO L 168, 30.6.2017, Lch. 12).
(7)Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(8)Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
(9)COM(2017)0340, Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an measúnú ar na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a bhfuil éifeacht acu ar an margadh inmheánach agus a bhaineann le cásanna trasteorann.
(10)Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 8, 12.1.2001, Lch. 1).
(12) IO L 297, 7.11.2013, lch. 107.
(13)*IO: cuir isteach, le do thoil, uimhir agus mionsonraí foilseacháin don Rialachán seo.


Margaí in ionstraimí airgeadais: soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin ***I
PDF 148kWORD 42k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (COM(2018)0099 – C8-0102/2018 – 2018/0047(COD))
P8_TA(2019)0302A8-0362/2018

(An gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0099),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C8‑0102/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A8-0362/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais

P8_TC1-COD(2018)0047


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(2),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is réiteach teicneolaíochta airgeadais é sluachistiú lena soláthraítear rochtain mhalartach ar airgeadas do FBManna, agus go háirithe gnólachtaí nua-thionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, d’fhonn fiontraíocht nuálaíoch a thionscnamh san Aontas, agus ar an gcaoi sin, déantar Aontas na Margaí Caipitil a neartú. Mar thoradh air sin rannchuidítear le córas airgeadais níos éagsúlaithe agus ceann nach bhfuil ag brath chomh mór sin ar mhaoiniú ó na bainc agus dá bhrí sin, cuirtear teorainn le rioscaí sistéamacha agus comhchruinnithe. I measc na sochar eile a bhaineann le fiontraíocht nuálach a chur chun cinn trí shluachistiú, tá saoradh caipitil reoite le haghaidh infheistíochta i dtionscadail nua agus nuálacha, luasghéarú leithdháileadh éifeachtúil na n-acmhainní agus éagsúlú sócmhainní.

(2)  Faoi Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4), is féidir le daoine dlítheanacha a roghnú iarratas a chur ar an údarás inniúil náisiúnta ar údarú mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin.

(3)  Déantar foráil i Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] maidir le ceanglais aonfhoirmeacha chomhréireacha atá infheidhme go díreach le haghaidh údarúcháin agus maoirseachta mar aon le pointe maoirseachta aonair▌.

(4)  Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt faoi scóip na ndaoine agus na ngníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) XXX/XXXX agus Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), agus chun a chinntiú nach mbeidh an ghníomhaíocht chéanna faoi réir údarúcháin éagsúla laistigh den Aontas, ba cheart daoine dlítheanacha a údaraíodh mar sholáthraithe seirbhísí sluachistiúcháin faoi Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin] a eisiamh ó raon feidhme Threoir 2014/65/AE.

(5)  Ós rud é go bhfuil an leasú dá bhforáiltear sa Treoir seo nasctha go díreach le Rialachán (AE) XXX/XXXX [An Rialachán maidir le seirbhísí sluachistiúcháin san Aontas Eorpach], ba cheart an dáta óna mbeidh ar na Ballstáit na bearta náisiúnta lena dtrasuitear an leasú sin a iarchur chun go mbeidh sé i gcomhthráth leis an dáta cur i bhfeidhm a leagtar síos sa Rialachán sin.

(5a)   Úsáideann infheisteoirí miondíola airgeadraí fíorúla in áit sócmhainní eile. Murab ionann agus ionstraimí airgeadais eile, ar an iomlán ní dhéantar na hairgeadraí fíorúla a rialáil faoi láthair. Mar thoradh air sin, bíonn an easpa trédhearcachta i gceist le margaí le haghaidh airgeadraí fíorúla, d’fhéadfaidís a bheith i mbaol drochúsáid mhargaidh agus bíonn easpa cosanta don infheisteoir i gceist leo. Ba cheart don Choimisiún airgeadraí fíorúla a choinneáil faoi athbhreithniú agus ba cheart dó treoir shoiléir a thabhairt ina leagtar amach na coinníollacha faoina bhféadfaí airgeadraí fíorúla a aicmiú mar ionstraimí airgeadais agus, más gá, airgeadraí fíorúla a chur le liosta na n-ionstraimí airgeadais. Má chinneann an Coimisiún gurb iomchuí airgeadraí fíorúla a rialáil, ba cheart dó togra maidir leis an méid céanna a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 2(1) de Threoir 2014/65/AE, cuirtear an pointe (p) seo a leanas leis:"

“(p) soláthraithe seirbhíse sluachistiúcháin mar a shainítear in Airteagal 3(1)(c) de Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.agus daoine dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, fad atá siad faoi bhun thairseach Airteagal 2(d) de Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

_____________________________________________________________

* Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (IO L […], […], lch. […]).”.

"

Airteagal 2

1.  Foilseoidh agus glacfaidh na Ballstáit, faoi [Oifig na bhFoilseachán: 6 mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Sluachistiú], na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh.

Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm faoi [Oifig na bhFoilseachán: dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Sluachistiú].

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún agus do ÚEÚM.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna déanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 65.
(2) IO C […], […], lch. […].
(3) IO C […], […], lch. […].
(4) Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthraithe Eorpacha seirbhísí sluachistiúcháin (IO L […], […], lch. […]).
(5) Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349).


Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe ***I
PDF 287kWORD 101k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe (COM(2018)0372 – C8-0227/2018 – 2018/0197(COD))
P8_TA(2019)0303A8-0094/2019

(Ag gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0372),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 177, 178 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0227/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018 (1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018 (2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus freisin don tuairim ón gCoiste um Buiséid, don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Rialú Buiséadach, agus do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0094/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe

P8_TC1-COD(2018)0197


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint dóibh don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad mhír d’Airteagal 177, Airteagal 178 agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) go bhfuil ceaptha do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’) rannchuidiú leis na míchothromaíochtaí réigiúnacha is mó san Aontas a cheartú. Faoin Airteagal sin agus faoin dara mír agus faoin tríú mír d’Airteagal 174 CFAE, tá CFRE le rannchuidiú chun éagothromaíochtaí idir leibhéil fhorbartha na réigiún éagsúil a laghdú, agus iargúltacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, agus as na réigiúin sin tá aird ar leith le tabhairt ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha orthu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhe.

(2)  Is le rannchuidiú le neartú chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais, agus i gcomhtháthú chríocha an Aontais, a cuireadh an Ciste Comhtháthaithe ar bun, trí ranníocaíochtaí airgid a chur ar fáil i réimse an chomhshaoil agus na ngréasán tras-Eorpacha in earnáil na mbonneagar iompair (‘TEN-T’), faoi mar a leagtar amach iad i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6).

(3)  Rialachán (AE) 2018/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [RFC nua] (7) ina leagtar amach rialacha coiteanna infheidhme do chistí éagsúla ar a n‑áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (‘CFRE’), Ciste Sóisialta Breise na hEorpa (‘CSE+’), An Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (‘CEMI’), An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (‘CTIL’), An Ciste um Shlándáil Inmheánach (‘CSI’), agus an Ionstraim Bainistithe Teorann (‘IBT’) a fheidhmíonn faoi chreat coiteann (‘na Cistí’). [Leasú 1]

(3a)   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún an comhordú, an chomhlántacht agus an comhleanúnachas idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Comhtháthaithe (CC), Ciste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), chun go mbeidh siad in ann a bheith ina gcomhlánú ar a chéile i gcás ina rachadh sé sin chun tairbhe do chruthú tionscadal rathúil. [Leasú 2]

(4)  Chun na rialacha infheidhme don CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe araon a shimpliú don tréimhse cláraithe 2014-2020, is in aon Rialachán amháin a leagfar amach na rialacha infheidhme don dá chiste.

(5)  Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena n‑áirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh an Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ba cheart do na Ballstáit urraim a thabhairt do na ceanglais atá i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, agus ba cheart dóibh rochtain a áirithiú i gcomhréir le Airteagal 9 sa Choinbhinsiún sin, agus i gcomhréir le dlí an Aontais ina ndéantar comhchuibhiú ar na riachtanais rochtana a bhaineann le táirgí agus seirbhísí agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta á gcur san áireamh. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamh-chomhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, , an comhrac i gcoinne na bochtaineachta a chur chun cinn agus cruthú post ardcháilíochta le cearta gaolmhara a chur chun cinn agus a áirithiú go gcuirfear comhdheiseanna chun cinn do chách, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac. Ina theannta sin, ba cheart do na cistí an t-aistriú a chur chun cinn ó chúram institiúideach go cúram teaghlaigh agus pobalbhunaithe, go háirithe i gcás na ndaoine sin a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar idirdhealú iomadúil. Níor cheart do na Cistí tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le leithscaradh de chineál ar bith. Le hinfheistíochtaí faoi CFRE, i sineirge le CSE+, ba cheart rannchuidiú le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus leis an mbochtaineacht a chomhrac, agus le mianach saoil na saoránach a ardú i gcomhréir le hoibleagáidí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (UNCRC) chun rannchuidiú le cearta leanaí.cuspóirí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid den chur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal ‘an té is ciontach sa truailliú, íocadh sé féin an costas’ á chur san áireamh. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, cloífidh oibríochtaí a théann chun tairbhe do ghnóthais le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE iad. [Leasú 3]

(6)  Is gá forálacha don CFAE a chlúdach ar an tacaíocht a thugann sé do sprioc na hInfheistíochta i bpoist agus san fhás araon, agus don sprioc Eorpach i gcomhoibriú na gcríoch (Interreg) (‘ETC/Interreg’).

(7)  Chun sainaithint a dhéanamh ar an gcineál gníomhaíochtaí ar féidir leo tacaíocht a fháil ón CFAE agus ón gCiste Comhtháthaithe, ba cheart cuspóirí sonracha beartais a leagan síos i leith sholáthar tacaíochta ó na cistí sin, le háirithiú go ndéanfaidh siad rannchuidiú le ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí beartais coiteann a leagtar amach in Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/xxx [RFC nua].

(8)  Nuair atá síorfhás ar na naisc ar fud an domhain, agus i bhfianaise na dinimice inmheánaí agus seachtraí atá sa déimeagrafaíocht agus san imirce, is léir go dteastaíonn cur chuige comhchoiteann ó bheartas imirce an Aontais a bheidh ag brath ar an tsineirge agus ar an gcomhlántacht atá sna hionstraimí cistithe éagsúla. Ní mór do CFRE aird níos sonraí a thabhairt ar athrú déimeagrafach mar phríomhdhúshlán agus mar réimse tosaíochta ó thaobh cláir a cheapadh agus a chur chun feidhme. Chun tacaíocht chomhleanúnach, láidir agus chomhsheamhach a áirithiú don dlúthpháirtíocht agus don fhreagracht, mar aon le hiarrachtaí a chomhroinnt idir na Ballstáit i dtaca le bainistiú na himirce, d’fhéadfadh beartas comhtháthaithe rannchuidiú le próisis lánpháirtithe na ndídeanaithe agus na n-imirceach faoi chosaint idirnáisiúnta trí chur chuige a ghlacadh a mbeadh sé mar aidhm leis a ndínit agus a gcearta a chosaint, thar aon ní eile i bhfianaise an chaidrimh atreisithe fhrithpháirtigh idir lánpháirtiú agus fás eacnamaíoch áitiúil, go háirithe trí thacaíocht bhonneagair a chur ar fáil do chathracha agus d’údaráis áitiúla atá rannpháirteach i mbeartais lánpháirtithe a chur chun feidhme. [Leasú 4]

(9)  Chun tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí na mBallstát agus na réigiún i dtaca le héagothromaíochtaí idir leibhéil na forbartha a laghdú agus cásanna réigiúin éagsúla AE a chomhchuibhiú, chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí sóisialta agus dúshláin nua agus chun sochaithe cuimsitheacha agus ardleibhéal slándála a áirithiú, chomh maith le cosc ar imeallú agus ar radacú, agus iad ag brath ar shineirgíochtaí agus comhlántacht le beartais eile an Aontais, ba cheart d’infheistiochtaí faoi CFRE rannchuidiú i réimsí ina bhfuil gá ann spásanna poiblí sábháilte, comhaimseartha, inrochtana agus slána agus bonneagar ríthábhachtach a áirithiú, amhail cumarsáid, iompar poiblí, fuinneamh agus seirbhísí uilíocha ardcháilíochta atá bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha agus sóisialta, chun comhtháthú sóisialta agus forbairt réigiúnach a chur chun cinn agus chun fiontair agus daoine a spreagadh chun fanacht ina gceantar áitiúil. [Leasú 5]

(10)  Ina theannta sin, na hinfheistíochtaí atá faoi CERT, ba cheart dóibh rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar líonra digiteach bonneagair ardluais ar fud an Aontais, lena n-áirítear i gceantair thuaithe, áit a bhfuil sé ina áis riachtanach d’fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus le soghluaisteacht ilmhódúil atá saor ó thruailliú agus inbhuanaithe a chur chun cinn, le béim ar shiúl, rothaíocht, iompar poiblí agus soghluaisteacht chomhroinnte. [Leasú 6]

(10a)   De réir a chéile, déanann mórán de na dúshláin is mó san Eoraip difear do phobail Romacha atá imeallaithe, a chónaíonn go minic sna macrairéigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste a bhfuil easpa iontu ó thaobh uisce óil atá sábháilte agus inrochtana, séarachas agus leictreachas agus nach bhfuil deiseanna iompair, nascacht dhigiteach, córais fuinnimh inathnuaite nó athléimneacht maidir le tubaistí iontu. Dá bhrí sin, rannchuideoidh CFRE-CC le feabhas a chur ar choinníollacha maireachtála na Romach agus a bhfíor-acmhainn mar shaoránaigh AE a bhaint amach, agus déanfaidh na Ballstáit a choimirciú go mbainfidh na Romaigh tairbhe as gach ceann de chúig chuspóir beartais CFRE-CC freisin. [Leasú 7]

(11)  De bharr sprioc ghinearálta an Chiste Chomhtháthaithe de réir na forála atá ann di in CFAE, is gá na cuspóirí sonracha ar cheart don Chiste Comhtháthaithe tacú leo a leagan amach agus teorainn a chur leo.

(12)  Chun rannchuidiú le rialachas iomchuí, forfheidhmiú, comhar trasteorann agus leathnú dea-chleachtas agus nuálaíochtaí i réimse an speisialaithe chliste agus an gheilleagair chiorclaigh, chun feabhas a chur ar acmhainneacht iomlán riaracháin na n-institiúidí agus an rialachais sna Ballstáit, lena n-áirítear ar na leibhéil réigiúnacha agus áitiúla ar phrionsabail an rialachais il-leibhéil, agus chun na cláir a chur chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, is gá bearta treisithe riaracháin de chineál struchtúrach a chur chun cinn i ndáil le tacú le gach cuspóir sonrach. Agus iad bunaithe ar chuspóirí intomhaiste agus curtha in iúl do shaoránaigh agus gnólachtaí mar bhealach chun simpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin arna fhorchur ar thairbhithe agus údaráis bhainistíochta, is féidir leis na bearta sin cothromaíocht a bhaint amach idir an díriú ar thorthaí atá sa bheartas agus leibhéal na seiceálacha agus na rialuithe. [Leasú 8]

(13)  D’fhonn bearta comhoibre a spreagadh agus a chur chun bisigh, laistigh de na cláir atá á gcur chun feidhme faoin Infheistíocht i sprioc na bpost agus an fháis, is gá na bearta comhoibre idir na páirtithe a chothú laistigh de Bhallstát faoi leith, nó idir Ballstáit éagsúla, i gcoibhneas le tacaíocht a sholáthraítear faoi na cuspóirí sonracha ar fad. Is rud breise é an comhoibriú sin anuas ar an gcomhoibriú faoi ETC/Interreg, agus thar aon ní ba cheart dó tacú le comhoibriú idir páirtithe struchtúrtha chun straitéisí réigiúnacha a chur chun feidhme faoi mar a dtagraítear dóibh sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Neartú na nuálaíochta i réigiúin na hEorpa: Straitéisí don fhás cuimsitheach, inbhuanaithe, athléimneach’(8). Dá bhrí sin, féadfaidh comhpháirtithe teacht as aon réigiún san Aontas, ach féadfar a áireamh ar na réigiúin sin réigiúin trasteorann agus réigiúin a chumhdaítear leis na Grúpálacha Eorpacha um Chomhar Críochach, le straitéis mhacrairéigiúnach nó imchuach farraige nó cumasc den dá rud. [Leasú 9]

(13a)   Ní mór aird leormhaith a thabhairt sa bheartas comhtháthaithe todhchaíoch ar réigiúin an Aontais a ndéantar an difear is mó dóibh de thoradh iarmhairtí imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas, agus tacaíocht a sholáthar do na réigiúin sin, go háirithe na réigiúin a bheidh, dá thoradh sin, suite ag teorainneacha seachtracha muirí nó talún an Aontais. [Leasú 10]

(14)  Ba cheart cuspóirí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe, go sonrach an ríthábhacht a bhaineann le comhrac in aghaidh an athraithe aeráide, i gcomhréir le tiomantais an Aontais i dtaca le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme, mar aon le Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe chomh maith le cur chun cinn an Aontais den aidhm i dtaca le cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagail 11 agus 191(1) CFAE, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as á chur san áireamh mar aon le díriú ar bhochtaineacht, neamhionannas agus aistriú cóir chuig geilleagar inbhuanaithe ar bhonn sóisialta agus comhshaoil i gcur chuige rannpháirteach i gcomhar leis na húdaráis phoiblí ábhartha, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta. Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta chun rannchuidiú le maoiniú gníomhaíochtaí riachtanacha atá le déanamh ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil chun tiomantais an Aontais a chomhlíonadh i dtaca le Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus chun tacaíocht chomhtháite um chosc ar thubaistí a áirithiú a nascfaidh athléimneacht agus cosc, ullmhú agus freagairt ar rioscaí, rannchuideoidh na Cistí le gníomhaíochtaí aeráide agus cosaint na bithéagsúlachta a phríomhshruthú trí 30% de chaiteachas bhuiséad AE a spriocdhíriú ar thacú le cuspóirí aeráide. Ní mór do na Cistí rannchuidiú go mór le baint amach geilleagair chiorclaigh agus ísealcharbóin i ngach críoch de chuid an Aontais agus an ghné réigiúnach á hionchorprú go hiomlán. Ba cheart go rannchuideodh oibríochtaí faoi CFRE le 35 % ar a laghad d’imchlúdach airgeadais foriomlán CFRE do chuspóirí aeráide. Meastar go rannchuideoidh oibríochtaí faoin gCiste Comhtháthaithe 40 % d’imchlúdach airgeadais foriomlán an Chiste Chomhtháthaithe le cuspóirí aeráide. Ba cheart na céatadáin sin a urramú i rith na hidirthréimhse. Dá bhrí sin, sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme na gcistí sin, agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus na nósanna imeachta athbhreithnithe ábhartha. Tá na gníomhaíochtaí sin agus an leithdháileadh airgeadais arna choinneáil siar chun iad a chur chun feidhme le háireamh sna Pleananna Comhtháite Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide i gcomhréir le hIarscríbhinn IV de Rialachán (AE) 2018/xxxx [CPR nua] chomh maith leis an straitéis athnuachana fhadtéarmach arna bunú faoi Threoir (AE) 2018/844 maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh chun rannchuidiú le stoc foirgnimh dhícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, agus tá siad le cur i gceangal leis na Cláir. Ba cheart aird ar leith a thabhairt do cheantair ar mór a lorg carbóin a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a eascraíonn as tiomantais i ndáil le dícharbónú, d’fhonn cúnamh a thabhairt dóibh i saothrú straitéisí atá comhsheasmhach le tiomantas aeráide an Aontais agus atá leagtha síos sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus faoi Threoir 2018/410 maidir leis an gCóras Trádála Astaíochtaí agus chun cosaint a thabhairt d’oibrithe freisin trí dheiseanna oiliúna agus athoiliúna. [Leasú 11]

(15)  Ionas go mbeidh sé ar chumas CFRE tacaíocht a chur ar fáil faoi ETC/Interreg ó thaobh infheistíochtaí sa bhonneagar de agus infheistíochtaí, oiliúint agus gníomhaíochtaí comhtháthaithe gaolmhara, chun feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí riaracháin agus iad a fhorbairt, is gá foráil a dhéanamh go bhféadfaidh CFRE tacaíocht a sholáthar freisin do ghníomhaíochtaí faoi chuspóirí sonracha CSE+, arna gcur ar bun faoi Rialachán (AE) 2018/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [CSE+nua](9). [Leasú 12]

(16)  Chun úsáid acmhainní teoranta a dhíriú ar an mbealach is éifeachtúla, níor cheart an tacaíocht a thugtar le CFRE d’infheistíochtaí táirgiúla faoin gcuspóir sonrach ábhartha a dhíriú ach amháin ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (‘FBManna’) de réir bhrí Mholadh 2003/361/ECón gCoimisiúin (10), cé is moite don uair atá comhoibriú i gceist le FBM ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus ar fhiontair nach FBManna iad, gan dochar do phoist a bhaineann leis an ngníomhaíocht chéanna nó gníomhaíocht atá cosúil léi i réigiúin eile Eorpacha, de réir bhrí Airteagal 60 de Rialachán (AE)/ ../...[CPR nua]. [Leasú 190/rev]

(17)  Le CFRE, ba cheart cuidiú le príomhéagothromaíochtaí réigiúnacha atá san Aontas a leigheas agus na héagothromaíochtaí idir leibhéil na forbartha i réigiúin éagsúla a laghdú, mar aon le cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, lena n-áirítear réigiúin a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a eascraíonn as tiomantais i ndáil le dícharbónú trí thacaíocht airgeadais don idirthréimhse. Ba cheart athléimneacht a chothú leis freisin agus críocha leochaileacha a chosc ó thitim chun deiridh. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a chur i dtreo phríomhthosaíochtaí an Aontais, i gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/xxx [CPR nua]. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht CFRE a dhíriú go sonrach ar dhá chuspóir shonracha i dtaca le ‘hEoraip níos cliste trí fhorbairt agus claochlú eacnamaíoch atá nuálach, cliste agus cuimsitheach a chur chun cinn, mar aon le nascacht réigiúnach i réimse na dteicneolaíochtaí, trí fhorbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), nascacht agus riarachán éifeachtúil poiblí’ agus i dtaca le ‘hEoraip níos glaise, ísealcharbóin agus athléimneach do chách trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t-oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn’ agus aird á tabhairt ar na cuspóirí foriomlána beartais i dtaca le hEoraip níos comhtháthaithe atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht lena gcuidítear le neamhshiméadrachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha a laghdú. Ba cheart an díriú téamach sin a bhaint amach ar an leibhéal náisiúnta agus corrlaigh i dtaca le solúbthacht á gceadú ar leibhéal na gclár aonair, agus idir catagóirí éagsúla réigiún, agus leibhéil éagsúla forbartha á gcur san áireamh freisin. Ina theannta sin, an mhodheolaíocht a bheidh ann le haicmiú a dhéanamh ar na réigiúin, ba cheart í a leagan amach ar bhealach mionsonraithe, agus cás sonrach na réigiún is forimeallaí á chur san áireamh. [Leasú 14]

(17a)   Chun tábhacht straitéiseach infheistíochtaí arna gcómhaoiniú trí CFRE agus CC a áirithiú, d’fhéadfadh na Ballstáit iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh ar sholúbthacht bhreise faoi chreat reatha an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Fáis don chaiteachas poiblí nó struchtúrach comhionann. [Leasú 15]

(18)  Chun an tacaíocht a dhíriú ar phríomhthosaíochtaí an Aontais agus i gcomhréir leis na cuspóirí i dtaca le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE agus na cuspóirí beartais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/xxx [CPR nua], is iomchuí chomh maith urraim a thabhairt do cheanglais an dírithe théamaigh i rith na tréimhse clársceidealaithe, lena n-áirítear i gcás aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár amháin nó cláir éagsúla. [Leasú 16]

(18a)   Ba cheart do CFRE aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann le hinrochtaineacht margaí móra atá ag ceantair a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus a fhad is atá siad ó na margaí sin, amhail dá dtagraítear i bPrótacal Uimh. 6 maidir le forálacha speisialta do Chuspóir 6 faoi chuimsiú na gCistí Struchtúracha san Fhionlainn agus sa tSualainn a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994. Ba cheart do CFRE aghaidh a thabhairt freisin ar na deacrachtaí sonracha a bhíonn ag oileáin áirithe, ag réigiúin teorann, ag réigiúin shléibhteacha agus ag ceantair atá tearc ar dhaonra, a gcuireann a suíomh geografach moill ar a bhforbairt, d’fhonn tacú lena bhforbairt inbhuanaithe. [Leasú 17]

(19)  Leis an Rialachán seo, ba cheart go leagfaí amach na cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí arbh fhéidir tacaíocht a thabhairt do na costais a ghabhann leo trí bhíthin infheistíochtaí ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe, faoina gcuspóirí faoi seach, de réir mar a leagtar amach in CFAE iad, lena n-áirítear sluachistiúchán. Ba cheart go bhféadfadh an Ciste Comhtháthaithe tacú le hinfheistíochtaí sa chomhshaol agus in TEN-T. A mhéid a bhaineann le CFRE, ba cheart go gcuirfí san áireamh le liosta na ngníomhaíochtaí riachtanais forbartha sonraí náisiúnta agus réigiúnaí mar aon le hacmhainneacht inginiúla agus ba cheart é a shimpliú, agus ba cheart go bhféadfadh sé tacú le hinfheistíochtaí sa bhonneagar, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí taighde agus nuálaíochta, bonneagar cultúir agus oidhreachta, bonneagar turasóireachta inbhuanaithe agus trí na ceantair thurasóireachta freisin, seirbhísí go fiontair, mar aon le hinfheistíochtaí sa tithíocht, infheistíochtaí a bhaineann le rochtain ar sheirbhísí, le béim ar leith ar phobail faoi mhíbhuntáiste, imeallacha agus leithscartha, infheistíochtaí táirgiúla in FBManna, i dtrealamh, i mbogearraí agus i sócmhainní doláimhsithe, dreasachtaí le linn idirthréimhse na réigiún atá i mbun dícharbónaithe, mar aon le bearta i ndáil le faisnéis, cumarsáid, staidéir, líonrú, comhar, malartú taithí idir comhpháirtithe, agus gníomhaíochtaí a bhaineann le cnuasaigh. Chun tacú le cur chun feidhme an chláir, ba cheart go bhféadfadh an dá chiste tacú le gníomhaíochtaí um chúnamh teicniúil. Ar deireadh, chun tacaíocht a chur ar fáil do raon níos leithne idirghabhálacha do chláir Interreg, ba cheart cur leis an raon feidhme chun go gcuirfear san áireamh roinnt raon leathan áiseanna agus acmhainní daonna, mar aon le costais a bhaineann le bearta laistigh de raon feidhme CSE+. [Leasú 18]

(20)  Maidir le tionscadail an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, leanfar dá maoiniú as an gCiste Comhtháthaithe, lena n-áirítear dul i ngleic leis na naisc easnamhacha agus scrogaill, ar bhealach cothrom chomh maith le háireamh go bhfeabhsófar sábháilteacht na ndroichead agus na dtollán atá ann cheana trí bhainistiú comhroinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (‘CEF’). Ní mór do na gréasáin sin borradh a chur faoi sheirbhísí poiblí i gceantair thuaithe, go háirithe i gceantair atá tearc i ndaonra agus i gceantair ina bhfuil daonra atá ag dul in aois den chuid is mó, chun idirnascacht a chothú idir cathracha agus an tuath, forbairt tuaithe a chur chun cinn agus an bhearna dhigiteach a líonadh. [Leasú 19]

(21)  Ag an am céanna, tá sé tábhachtach sineirgíochtaí a shainaithint ar thaobh amháin agus na gníomhaíochtaí sin nach dtagann faoi raon feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe including investments to achieve the reduction of greenhouse gas emissions from activities listed in Annex I to Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council(11) a shoiléiriú, ar an taobh eile; agus é sin a dhéanamh chun éifeachtaí iolrúcháin a bhaint amach nó chun dúbailt an mhaoiniúcháin atá ar fáil a sheachaint. Ina theannta sin, maidir leis na tíortha thar sáile agus na críocha atá liostaithe in Iarscríbhinn II CFAE, is ceart a leagan amach go follasach nach bhfuil na tíortha agus na críocha sin i dteideal tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe. [Leasú 20]

(22)  Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a chur chuig an gCoimisiún go rialta faoin dul chun cinn atá déanta, agus is iad na táscairí coiteanna aschuir agus torthaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I is ceart a úsáid chuige sin. D’fhéadfaí na táscairí coiteanna aschuir agus torthaí a chomhlánú más gá sin le táscairí aschuir agus torthaí a bhaineann le cláir faoi leith. An fhaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil, sin é an bonn ba cheart a bheith faoin tuairisciú a dhéanann an Coimisiún chun cuspóirí sonracha a chur i gcrích le linn na clárthréimhse ar fad, ag úsáid croí-thacar táscairí dóibh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

(23)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn na faisnéise a bhailítear trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualaí riaracháin á seachaint. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair. [Leasú 21]

(24)  Chun an rannchuidiú le forbairt chríochach a uasmhéadú, agus chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí le dúshláin eacnamaíocha, dhéimeagrafacha, chomhshaoil agus shóisialta, mar a fhoráiltear in Airteagal 174 CFAE, i gceantair a bhfuil míbhuntáistí nádúrtha nó déimeagrafacha acu, lena n-áirítear dul in aois, fairsingiú fásaigh tuaithe agus meath déimeagrafach ach chomh maith leis sin brú déimeagrafach nó i gcás inar deacair rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha, ba cheart na gníomhaíochtaí sa réimse sin a bhunú ar chláir, aiseanna nó straitéisí críochacha comhtháite lena n-áirítear ceantair uirbeacha agus pobail tuaithe. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith mar a chéile, bunaithe ar na moil lárnacha uirbeacha agus a dtimpeallachtaí mar aon leis na moil tuaithe atá níos iargúlta. Féadfaidh na straitéisí sin tairbhiú freisin ó chur chuige ilchiste agus comhtháite, a mbeadh baint ag CFRE, CSE+, CEMI agus CETFT leis. Ba cheart sprioc íosta 5% d’acmhainní CFRE a chur ar leataobh ar an leibhéal náisiúnta i gcomhair forbairt chríochach chomhtháite. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt agus rannpháirtíocht iomchuí na n-údarás áitiúil, réigiúnach agus uirbeach á háirithiú, mar aon le rannpháirtíocht comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta agus ionadaithe na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí neamh-rialtais. [Leasú 22]

(24a)   Ba cheart aird ar leith a thabhairt do cheantair ar mór a lorg carbóin a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a eascraíonn as tiomantais i ndáil le dícharbónú, d’fhonn cúnamh a thabhairt dóibh i saothrú straitéisí a bheidh comhsheasmhach le tiomantas an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chosnaíonn oibrithe agus pobail a ndéantar difear dóibh araon. Ba cheart go mbainfeadh na ceantair sin tairbhe as tacaíocht thiomnaithe chun pleananna a ullmhú agus a chur chun feidhme i dtaca le dícharbónú a ngeilleagar, agus an gá le gairmoiliúint spriocdhírithe agus deiseanna athoiliúna don fhórsa saothair á chur san áireamh. [Leasú 23]

(25)  Faoi chuimsiú na forbartha uirbí inbhuanaithe, meastar gur gá tacú le forbairt chríochach chomhtháite chun dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtaí leis na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha, theicneolaíocha, shóisialta agus chultúrtha a dhéanann difear do cheantair uirbeacha, lena n-áirítear ceantair uirbeacha fheidhmiúla agus pobail tuaithe, agus an gá le naisc uirbeacha-thuaithe a chur chun cinn á chur san áireamh, lena n-áirítear trí cheantair pheirea-uirbeacha i gcás inarb iomchuí. Maidir leis na prionsabail atá ann chun na ceantair uirbeacha a roghnú ina mbeidh gníomhaíochtaí comhtháite le haghaidh forbairt uirbeach inbhuanaithe le cur chun feidhme, agus na suimeanna táscacha do na gníomhaíochtaí sin, ba cheart iad a leagan amach sna cláir faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis. Féadfaidh na gníomhaíochtaí sin tairbhiú freisin ó chur chuige ilchiste agus comhtháite, a mbeadh baint ag CFRE, CSE+, CEMI agus CETFT leis. Ba cheart sprioc íosta 10 % d’acmhainní CFRE a chur ar leataobh ar an leibhéal náisiúnta i gcomhair thosaíocht na forbartha uirbí inbhuanaithe. Ba cheart a shuí freisin go ndéanfaí an céatadán sin a urramú i rith na clárthréimhse ar fad i gcás aistriú idir tosaíochtaí laistigh de chlár nó idir cláir, lena n-áirítear ag an athbhreithniú meántéarma. [Leasú 24]

(26)  Chun réitigh a shainaithint nó a sholáthar a thugann aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le forbairt uirbeach inbhuanaithe ar leibhéal an Aontais, ba cheart leanúint ar aghaidh leis na Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe agus iad a fhorbairt ina dTionscnamh Uirbeach Eorpach. Leis an tionscnamh sin, ba cheart tacú leis an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach(12) , a bhfuil sé mar aidhm leis fás, cáilíocht mhaireachtála agus nuálaíocht a spreagadh agus dul i ngleic go rathúil le dúshláin shóisialta. [Leasú 25]

(27)  Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, eadhon trí bhearta a ghlacadh faoi Airteagal 349 CFAE ina ndéanfar foráil maidir le leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí i gcoinne na gcostas breise a thabhaítear sna réigiúin sin de bharr ceann amháin nó roinnt de na bacainní buana dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE, eadhon an iargúltacht, an oileándacht, easpa méide, deacrachtaí topagrafaíochta agus aeráide, spleáchas eacnamaíoch ar líon beag táirgí, an bhuaine agus meascán díobh sin a chuireann bac dáiríre ar a bhforbairt. Féadfaidh an leithdháileadh sin infheistíochtaí a chumhdach, mar aon le costais oibriúcháin agus le hoibleagáidí seirbhíse poiblí a bhfuil sé mar aidhm leo costais bhreise a shú, ar costais iad a bhíonn ann de thoradh na mbac sin. D’fhéadfadh an chabhair oibriúcháin caiteachas ar sheirbhísí iompair lastais a chumhdach, chomh maith le lóistíocht ghlas, bainistiú soghluaisteachta agus cabhair le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta do sheirbhísí iompair, mar aon le caiteachas ar oibriúcháin atá nasctha le srianta stórála, le rómhéid agus le deisiú na n-uirlisí táirgeachta, agus leis an easpa caipitil dhaonna sa mhargadh áitiúil. Ní bheidh an leithdháileadh sin faoi réir an dírithe théamaigh dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. D’fhonn sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, agus faoi mar atá i gcás na n-oibríochtaí ar fad atá á gcómhaoiniú le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, ba cheart go gcomhlíonfadh tacaíocht ar bith de chuid CFRE atá ann don mhaoiniú ar chúnamh oibríochta agus infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí na rialacha maidir le státchabhair faoi mar a leagtar amach iad in Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE. [Leasú 26]

(28)  D’fhonn cuid de na heilimintí neamhriachtanacha atá sa Rialachán seo a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le déanamh na n‑athruithe, áit a bhfuil údar leis sin, agus chuig Iarscríbhinn II ina leagtar amach liosta táscairí a úsáidtear mar bhonn le faisnéis a sholáthar don Choimisiún ar fheidhmíocht na gclár. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(13). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(29)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú trí cheartú na bpríomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas trí chur chuige atá dírithe ar na saoránaigh, a bhfuil sé mar aidhm leis tacú le forbairt faoi stiúir an phobail agus saoránacht ghníomhach a chothú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus de bharr fhairsinge na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla agus de bharr an tsriain atá le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. [Leasú 27]

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha comhchoiteanna

Airteagal 1

Ábhar

1.  Leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ó CFRE sa Rialachán seo maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) dá dtagraítear in Airteagal [4(2) de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua].

2.  Leagtar amach cuspóirí sonracha agus raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe sa Rialachán seo chomh maith maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis (‘sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis’) dá dtagraítear i [bpointe (a) d’Airteagal [4(2) de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua].

Airteagal 1a

Cúraimí CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe

Trí CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe (CC), rannchuideofar leis an gcuspóir foriomlán i dtaca le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú.

Trí CFRE, rannchuideofar le míchothromaíochtaí a laghdú idir leibhéil na forbartha i réigiúin éagsúla laistigh den Aontas, agus laghdófar cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla, lena n-áirítear dúshláin chomhshaoil, trí fhorbairt inbhuanaithe agus coigeartú struchtúrach na ngeilleagar réigiúnach.

Tríd an gCiste Comhtháthaithe, rannchuideofar le tionscadail i réimse na ngréasán tras-Eorpach agus an chomhshaoil. [Leasú 28]

Airteagal 2

Cuspóirí sonracha don CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe

1.  I gcomhréir leis na cuspóirí beartais a leagtar amach in Airteagal [4(1)] de Rialachán (AE) 2018/xxxx[RFC nua], tabharfaidh CFRE tacaíocht do na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a)  ‘Eoraip níos cliste trí fhorbairt agus claochlú eacnamaíoch atá nuálach, cliste agus cuimsitheach a chur chun cinn, mar aon le nascacht réigiúnach i réimse na dteicneolaíochtaí, trí fhorbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), nascacht agus riarachán éifeachtúil poiblí’ (‘PO 1’) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh. [Leasú 29]

(i)  cur le tacú le forbairt agus treisiú acmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta, infheistíochtaí agus bonneagair, glacadh le hardteicneolaíochtaí agus tacú leis na cnuasaigh don nuálaíocht idir gnó, taighde, lucht léinn agus údaráis phoiblí agus iad a chur chun cinn; [Leasú 30]

(ii)  nascacht dhigiteach a threisiú agus tairbhe a bhaint as an digitiú le haghaidh saoránach, bunaíochtaí eolaíocha, cuideachtaí, rialtas agus riaracháin phoiblí ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear cathracha cliste agus sráidbhailte cliste; [Leasú 31]

(iii)  fás agus iomaíochas inbhuanaithe FBManna a threisiú agus tacaíocht a sholáthar i dtaca le cruthú agus coimirciú post agus tacú le nuashonrú agus nuachóiriú teicneolaíoch; [Leasú 32]

(iv)  scileanna agus straitéisí a fhorbairt, agus acmhainneachtaí a fhothú don speisialú cliste, don aistriú cóir, don gheilleagar ciorclach, don nuálaíocht shóisialta, don fhiontraíocht, d’earnáil na turasóireachta agus aistriú chuig tionscal 4.0; [Leasú 33]

(b)  Eoraip níos glaise, ísealcharbóin agus athléimneach do chách trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t-oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn (‘PO 2’) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 34]

(i)  bearta um éifeachtúlacht fuinnimh, um choigiltis agus um bochtaineacht fuinnimh a chur chun cinn; [Leasú 35]

(ii)  fuinneamh inbhuanaithe inathnuaite a chur chun cinn; [Leasú 36]

(iii)  córais chliste fuinnimh agus greillí agus stóras a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil; [Leasú 37]

(iv)  oiriúnú don athrú aeráide, cosc ar rioscaí, bainistiú eachtraí adhaimsire agus tubaistí nádúrtha agus athléimneacht ina leith a chur chun cinn, ar eachtraí agus tubaistí iad ar a n-áirítear creathanna talún, dóiteáin foraoise, tuilte agus triomaigh, ag cur san áireamh cur chuige éiceachóras-bhunaithe; [Leasú 38]

(v)  an bainistiú inmharthana uisce a chur chun cinn; [Leasú 39]

(vi)  an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú; [Leasú 40]

(via)  tacú le próisis um chlaochlú réigiúnach ionsar dícharbónú mar aon leis an aistriú ionsar giniúint fuinnimh ísealcharbóin; [Leasú 41]

(vii)  an bhith-éagsúlacht agus an bonneagar glas a chothú sa timpeallacht uirbeach, agus truailliú a laghdú a chosaint agus a threisiú chomh maith le hoidhreacht nádúrtha, ceantair nádúrtha faoi chosaint a chaomhnú agus béim a leagan orthu mar aon le hacmhainní nádúrtha, agus laghdú a dhéanamh ar gach cineál truaillithe, amhail aerthruailliú, truailliú uisce, ithreach, torainn agus solais; [Leasú 42]

(viia)   bonneagar glas a threisiú i gceantair uirbeacha fheidhmiúla, soghluaisteacht uirbeach ilmhódúil ar mhionscála a fhorbairt mar chuid de gheilleagar astaíochtaí glan-nialasacha; [Leasú 43]

(c)  ‘Eoraip níos nasctha do chách tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú’ (‘PO 3’) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 44]

(i)  an nascacht dhigiteach a fheabhsú; [Leasú 45]

(ii)  bóithre, iarnróid agus TEN-T idirmhódúil a fhorbairt a bheidh athléimneach i gcoinne athrú aeráide, cliste, slán agus inbhuanaithe chomh maith le naisc trasteorann a dhíreoidh ar bhearta laghdaithe torainn, iompar poiblí agus gréasáin iarnróid a bheidh áisiúil don phobal; [Leasú 46]

(iii)  soghluaisteacht a fhorbairt go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe, athléimneach i gcoinne athrú aeráide, cliste agus idirmhódúil, lena n-áirítear rochtain fheabhsaithe ar TEN-T, soghluaisteacht trasteorann agus gréasáin iompair phoiblí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol; [Leasú 47]

(iv)  soghluaisteacht uirbeach ilmhódúil inbhuanaithe a chur chun cinn; [Leasú 48]

(d)  ‘Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear Colún Eorpach na gCeart Sóisialta chun feidhme’ (‘PO 4’) trí na nithe seo a leanas: [Leasú 49]

(i)  feabhas a chur ar éifeachtacht agus cuimsitheacht na margaí saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht ardchaighdeáin trí fhorbairt a dhéanamh ar nuálaíocht agus bonneagar sóisialta agus tríd an ngeilleagar sóisialta agus nuálaíocht a chur chun cinn; [Leasú 50]

(ii)  feabhas a chur ar rochtain chothrom ar sheirbhísí cuimsitheacha agus ar ardcháilíocht san oideachas, san oiliúint, agus sa léann fad saoil agus sa spórt trí fhorbairt a dhéanamh ar bhonneagar agus seirbhísí inrochtana; [Leasú 51]

(iia)   infheistíocht i dtithíocht, i gcás ina bhfuil sí faoi úinéireacht na n-údarás poiblí nó oibreoirí neamhbhrabúis lena húsáid mar thithíocht arna sannadh do theaghlaigh íseal-ioncaim nó do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu; [Leasú 52]

(iii)  cuimsiú socheacnamaíoch na bpobal imeallach agus na bpobal díothach, amhail na Romaigh agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste, a chur chun cinn, trí ghníomhaíochtaí comhtháite lena n-áirítear tithíocht agus seirbhísí sóisialta; [Leasú 53]

(iiia)   lánpháirtiú fadtéarmach soch-eacnamaíoch dídeanaithe agus imirceach faoi chosaint idirnáisiúnta a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí comhtháite lena n-áirítear tithíocht agus seirbhísí sóisialta trí thacaíocht bhonneagair a chur ar fáil do chathracha agus d’údaráis áitiúla lena mbaineann; [Leasú 54]

(iv)  rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú trí fhorbairt a dhéanamh ar bhonneagar cúraim sláinte agus sócmhainní eile, lena n-áirítear cúram sláinte príomhúil agus bearta coisctheacha agus an t-aistriú a chur chun cinn ó chúram atá institiúid-bhunaithe go cúram teaghlach-bhunaithe agus pobalbhunaithe; [Leasú 55]

(iva)   tacaíocht a chur ar fáil d’athghiniúint fhisiciúil, eacnamaíoch agus shóisialta i bpobail dhíothacha; [Leasú 56]

(e)  ‘Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta agus gach ceantair eile a chothú mar aon le tionscnaimh áitiúla’ (‘PO 5’) trí: [Leasú 57]

(i)  forbairt chomhtháite agus chuimsitheach shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil, cultúr, oidhreacht nádúrtha, turasóireacht inbhuanaithe trí na ceantair thurasóireachta freisin, spóirt agus slándáil i gceantair uirbeacha, lena n-áirítear ceantair uirbeacha fheidhmiúla; [Leasú 58]

(ii)  forbairt chomhtháite agus chuimsitheach shóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil a chothú, chomh maith le cultúr, oidhreacht nádúrtha, turasóireacht inbhuanaithe trí na ceantair thurasóireachta freisin, spóirt agus slándáil, agus iad go léir ar an leibhéal áitiúil, réigiúin tuaithe, shléibhteacha, oileánda agus chósta, ceantair iargúlta agus ceantair atá tearc i ndaonra agus gach ceantar eile ina bhfuil deacracht rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha lena n-áirítear ar leibhéal NUTS 3 freisin, trí straitéisí um fhorbairt chríochach agus áitiúil, trí na foirmeacha a leagtar amach i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/xxxx [CPR nua]. [Leasú 59]

1a.   Soghluaisteacht ilmhódach uirbeach ar mhionscála a threisiú amhail dá dtagraítear i bpointe b (vii a) den Airteagal seo, a measfar ina leith go bhfuil sí incháilithe do thacaíocht mura rachaidh ranníocaíocht CFRE don oibríocht thar EUR 10 000 000. [Leasú 60]

2.  Tabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht do PO 2 agus do chuspóirí faoi leith faoi PO 3 a leagtar amach i bpointí (ii), (iii) agus (iv) de mhír 1(c).

3.  A mhéid a bhaineann le baint amach na gcuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1, féadfaidh CFRE nó an Ciste Comhtháthaithe an méid seo a dhéanamh freisin faoi mar is iomchuí, tacú le gníomhaíochtaí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, áit a bhféadfaidh siad ceachtar de dhá rud a dhéanamh: [Leasú 61]

(a)  feabhas a chur ar acmhainní údaráis an chláir agus comhlachtaí atá nasctha le cur chun feidhme na gCistí, agus tacú le húdaráis phoiblí, riaracháin áitiúla agus réigiúnacha atá freagrach as cur chun feidhme CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, trí phleananna sonracha riaracháin um fhothú acmhainneachta a bhfuil sé mar aidhm leo logánú a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), nósanna imeachta a shimpliú agus am a thógann sé gníomhaíochtaí a chur chun feidhme a laghdú, ar choinníoll go bhfuil siad struchtúrach i nádúr agus go bhfuil cuspóirí intomhaiste ag an gclár féin; [Leasú 62]

(b)  an comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh agus lasmuigh de Bhallstát faoi leith.

Maidir le tacaíocht don fhothú acmhainneachtaí, dá dtagraítear i bpointe (a) den Airteagal seo, féadfar í a chomhlánú le tacaíocht bhreise ón gClár Tacaíochta um Athchóiriú a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2018/xxx (an Clár Tacaíochta um Athchóiriú); [Leasú 63]

Áireofar ar an gcomhar dá dtagraítear i bpointe (b) comhar le comhpháirtithe ó réigiúin trasteorann, ó réigiúin neamhthadhlacha, nó ó réigiúin atá lonnaithe sa chríoch atá cumhdaithe ag Grúpáil Eorpach um Chomhar Críochach, straitéis mhacrairéigiúnach nó straitéis imchuach farraige nó cumasc díobh sin. [Leasú 64]

Maidir le rannpháirtíocht fhónta na n-údarás réigiúnach agus áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear tairbhithe ag gach céim den ullmhúchán, den chur chun feidhme, den fhaireachán agus den mheastóireacht ar na Cláir faoi CFRE, déanfar í a áirithiú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach sa Chód Iompair Eorpach i ndáil le Comhpháirtíocht. [Leasú 65]

Airteagal 3

Díriú téamach thacaíocht CFRE

1.  Maidir leis na cláir a chuirtear chun feidhme faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, déanfar iomlán na n‑acmhainní CFRE i ngach Ballstát a dhíriú le chéile ag an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hailt 3 agus 4.

2.  Maidir le díriú téamach thacaíocht na mBallstát a bhfuil na réigiúin is forimeallaí suite iontu, is ceann ar cheann a láimhseálfar na hacmhainní CFRE a leithdháiltear go sonrach ar na réigiúin is forimeallaí, agus na hacmhainní a leithdháiltear ar réigiúin eile.

3.  Is mar seo a leanas a dhéanfar na Ballstáit réigiúin ag leibhéal NUTS 2 a aicmiú ó thaobh a n-olltáirgeachta intíre (OTI) per capita de: [Leasú 66]

(a)  iad sin ag a bhfuil OTI per capita os cionn 100 % de mheán-OTI AE-27 (‘grúpa 1’); [Leasú 67]

(b)  iad sin ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 100 % de mheán-OTI AE-27 (‘grúpa 2’); [Leasú 68]

(c)  iad sin ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-27 (‘grúpa 3’). [Leasú 69]

Chun críocha an Airteagail seo, déanfar aicmiú réigiúin faoi cheann amháin de na trí chatagóir de réigiúin a chinneadh ar bhonn an chóimheasa idir olltáirgeacht intíre per capita gach réigiúin, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh thréimhse 2014-2016, agus meán-OTI AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna. [Leasú 70]

Maidir leis na cláir atá faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis do na réigiúin is forimeallaí, is le grúpa 3 a dhéanfar iad a rangabháil.

4.  Cuirfidh na Ballstáit iad féin in oiriúint do na ceanglais seo a leanas i ndáil leis an díriú téamach:

(a)  Déanfaidh Ballstáit Do chatagóir na réigiún mórfhorbartha (ghrúpa 1) rud nach lú ná 85 % de lán na n‑acmhainní CFRE atá acu a leithdháileadh faoi thosaíochtaí nach é an cúnamh teicniúil do PO 1 agus PO 2 atá i gceist leo, agus rud nach lú ná 60 % a leithdháileadh do PO 1), déanfaidh siad an méid seo a leanas a leithdháileadh; [Leasú 71]

(i)  50 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar PO 1; agus[Leasú 72]

(ii)  30 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar PO 2. [Leasú 73]

(b)  Do chatagóir na réigiún trasdula (grúpa 2), déanfaidh siad an méid seo a leanas a leithdháileadh; [Leasú 74]

(i)  40 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar PO 1 agus [Leasú 75]

(ii)  30 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar PO 2. [Leasú 76]

(c)  Déanfaidh Ballstáit Do chatagóir na réigiún beagfhorbartha (grúpa 3) rud nach lú ná 35 % de lán na n‑acmhainní CFRE atá acu a leithdháileadh faoi thosaíochtaí nach é an cúnamh teicniúil do PO 1 atá i gceist leo, agus rud nach lú ná 30 % do PO 2 , déanfaidh siad an méid seo a leanas a leithdháileadh. [Leasú 77]

(i)  30 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar PO 1 agus[Leasú 78]

(ii)  30 % ar a laghad d’acmhainní iomlána CFRE ar an leibhéal náisiúnta ar PO 2. [Leasú 79]

4a.  I gcásanna cuí-réasúnaithe, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a iarraidh go ndéanfaí an leibhéal tiúchana d’acmhainní ar leibhéal na catagóire réigiúnaí a laghdú méid nach mó ná 5 phointe céatadáin, nó 10 bpointe céatadáin i gcás na réigiún is forimeallaí, don chuspóir téamach arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 3(4)(a)(i), Airteagal 3(4)(b)(i) agus Airteagal 3(4)(c)(i) [CFRE-Ciste Comhtháthaithe nua]. [Leasú 80]

5.  Na ceanglais don díriú téamach a leagtar amach i mír 4, beifear in oiriúint dóibh i rith na clárthréimhse ó thús go deireadh, agus i rith na huaire a aistreofar leithdháiltí CFRE idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir don athbhreithniú lár téarma i gcomhréir le hAirteagal [14] (AE) 2018/xxxx [RFC nua].

6.  I gcás ina laghdófar leithdháileadh CFRE a bhaineann le PO 1 nó PO 2, na príomhchuspóirí beartais, nó an dá rud i gclár ar leith mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal [99] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [CPR nua], nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal [98] den Rialachán sin, ní dhéanfar athmheasúnú ar chomhlíonadh an cheanglais um dhíriú téamach a leagtar amach i mír 4. [Leasú 81]

Airteagal 4

Raon feidhme na tacaíochta ó CFRE

1.  Tacóidh CFRE leis na nithe seo a leanas:

(a)  infheistíocht i mbonneagar;

(aa)  infheistíochtaí sa taighde, san fhorbairt agus sa nuálaíocht (R&D&I); [Leasuithe 83 agus 191/rev]

(b)  infheistíocht sa rochtain ar sheirbhísí;

(c)  infheistíochtaí táirgiúla agus infheistíochtaí a chuidíonn le poist atá ann cheana a choimirciú agus poist nua a chruthú in FBManna agus aon tacaíocht in FBManna i bhfoirm deontas agus ionstraimí airgeadais; [Leasuithe 84 agus 192/rev]

(d)  Trealamh, bogearraí, agus sócmhainní doláimhsithe;

(e)  Faisnéis, cumarsáid, an léann, an líonrú, comhar, malartú taithí saoil, agus gníomhaíochtaí a bhfuil cnuasaigh i gceist leo;

(f)  cúnamh teicniúil.

Ina theannta sin, is féidir tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí Féadfar tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad nuair a bhíonn baint acu le comhar le FBManna nó bonneagar gnó a théann chun tairbhe do FBManna.

Thairis sin, féadfar tacú le hinfheistíochtaí táirgiúla i bhfiontair nach FBManna iad freisin i ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena dtacaítear faoi phointe (a)(i) d’Airteagal 2(1) agus i ngníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh inathnuaite faoi phointí (b)(i) agus (ii) d’Airteagal 2(1) faoi seach, i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 59(1) agus Airteagal 60 de Rialachán (AE) .../...[CPR nua]. [Leasú 193/rev]

Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach faoi PO 1 a leagtar amach i bpointe (a) (iv) d’Airteagal 2(1), tabharfaidh CFRE tacaíocht freisin do ghníomhaíochtaí i ndáil leis an oiliúint, le meantóireacht, le léann fad saoil, le hathoiliúint agus leis an oideachas. [Leasuithe 87 agus 194/rev]

2.  Faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (Interreg), féadfaidh CFRE tacú freisin le:

(a)  roinnt na n‑áiseanna agus na n‑acmhainní daonna;

(b)  Infheistíochtaí boga tionlacain agus gníomhaíochtaí eile atá nasctha le PO 4 faoin Chiste Sóisialta Breise na hEorpa faoi mar a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/xxxx [CSE+].

Airteagal 5

Raon feidhme na tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe

1.  Tacóidh An Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:

(a)  infheistíochtaí sa chomhshaol, lena n-áirítear infheistíochtaí a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach, le forbairt inbhuanaithe agus le fuinneamh inathnuaite a théann chun tairbhe don chomhshaol; [Leasú 88]

(b)  infheistíochtaí i gcroíghréasáin agus i ngréasáin chuimsitheacha TEN-T; [Leasú 89]

(c)  cúnamh teicniúil, lena n-áirítear scileanna agus inniúlachtaí riaracháin na n-údarás áitiúil a fheabhsú agus a fhorbairt agus na cistí sin á mbainistiú. [Leasú 90]

(ca)   faisnéis, cumarsáid, staidéir, líonrú, comhar, malartú taithí, agus gníomhaíochtaí a bhfuil cnuasaigh i gceist leo; [Leasú 91]

Áiritheoidh na Ballstáit cothromaíocht iomchuí idir infheistíochtaí faoi phointí (a) agus (b), bunaithe ar infheistíochtaí agus ar cheanglais shonracha gach Ballstáit. [Leasú 92]

2.  Beidh an méid den Chiste Comhtháthaithe a aistreofar chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa23 comhréireach agus úsáidfear é i gcomhair thionscadail TEN-T(14). [Leasú 93]

Airteagal 6

Eisiamh ó raon feidhme CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe

1.  Ní thacóidh CFRE ná an Ciste Comhtháthaithe leis na nithe seo a leanas:

(a)  díchoimisiúnú nó tógáil stáisiún cumhachta núicléach;

(b)  infheistíochtaí chun an laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaint amach ó ghníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15);

(c)  monarú, próiseáil agus margú tobac agus táirgí tobac;

(d)  fiontair atá i gcruachás faoi mar a shainmhínítear i bpointe 18 d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún(16);

(e)  infheistíocht in aerfoirt réigiúnacha nua agus i mbonneagar na n‑aerfort, cé is moite do na réigiúin is forimeallaí díobh seo a leanas; [Leasú 94]

(ea)  infheistíocht a bhaineann leis na ceantair is forimeallaí; [Leasú 95]

(eb)  tacaíocht atá nasctha le croíghréasáin TEN-T; [Leasú 96]

(ec)  Infheistíocht a bhaineann le cosaint an chomhshaoil agus a bhfuil sé mar aidhm léi an tionchar diúltach ar an gcomhshaol a mhaolú nó a laghdú. [Leasú 97]

(f)  infheistíocht i ndiúscairt dramhaíola i líonadh talún, cé is moite de na réigiúin is forimeallaí agus do thacaíocht i gcomhair díchoimisiúnú nó aisiompú saoráidí atá ann cheana nó iad a dhéanamh sábháilte, agus gan dochar d’Airteagal 4(2) de Threoir (AE) 2008/98 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). [Leasú 98]

(g)  infheistíochtaí i saoráidí cóireála dramhaíola iarmharaí cé is moite de na réigiúin is forimeallaí agus i gcás réitigh athchúrsála cheannródaíocha i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus an ordlathais dramhaíola lena dtugtar lán-urraim do na spriocanna arna leagan síos in Airteagal 11(2) de Threoir (AE) 2008/98 agus ar an gcoinníoll go mbeidh a bpleananna bainistithe dramhaíola curtha ar bun ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir (AE) 2018/851. Ba cheart go dtuigfí gurb ionann dramhaíl iarmharach go príomha agus dramhaíl chathrach arna bailiú ar bhonn deighilte agus diúltuithe ón gcóireáil dramhaíola; [Leasú 99]

(h)  infheistíocht a bhaineann le táirgeadh, próiseáil, iompar, dáileadh, stóráil nó dóchán breoslaí iontaise, cé is moite den infheistíocht seo a leanas maidir le feithiclí glana faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4 de Threoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18); [Leasú 100]

(i)  infheistíocht sa bhonneagar leathanbhanda i gceantair ina bhfuil ar a laghad dhá líonra leathanbhanda i gcatagóir coibhéiseach; [Leasú 102]

(j)  maoiniú le rothstoc a cheannach a bheidh in úsáid i gcóras iompair na n‑iarnród, ach amháin má bhíonn sé ceangailte le:

(i)  comhlíonadh dualgais seirbhíse poiblí a dámhadh go poiblí faoi Rialachán 1370/2007 faoi mar atá sé leasaithe;

(ii)  seirbhísí iompair iarnróid a sholáthar ar línte atá oscailte go hiomlán don iomaíocht, nuair is iontrálaí nua incháilithe don mhaoiniú atá sa tairbhí faoi Rialachán (AE) 2018/xxxx [rialachán AE infheistiú]. [Leasuithe 103 agus 245]

(ja)  infheistíochtaí i dtógáil saoráidí cúraim institiúidigh a dhéanann leithscaradh nó a sháraíonn rogha phearsanta agus neamhspleáchas; [Leasú 104]

1a.  Beidh na heisceachtaí a luaitear i mír h teoranta do mhéid arb ionann agus suas le 1% d’acmhainní iomlána CFRE-CC ar an leibhéal náisiúnta. [Leasú 101]

2.  Ina theannta sin, ní thabharfaidh an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht d’infheistíocht i dtithíocht mura bhfuil baint aici le cur chun cinn na héifeachtúlachta fuinnimh agus acmhainní nó na húsáide fuinnimh in-athnuaite agus coinníollacha cónaithe inrochtana do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas agus aisfheistiú seismeach. [Leasú 105]

3.  Ní bheidh tíortha ná críocha thar sáile i dteideal tacaíochta ó CFRE ná ón gCiste Comhtháthaithe, ach féadfaidh siad páirt a ghlacadh i gcláir Interreg i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/xxxx [ETC (Interreg].

Airteagal 6a

Comhpháirtíocht

Áiritheoidh gach Ballstát rannpháirtíocht fhónta agus chuimsitheach na gcomhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus úsáideoirí seirbhíse i mbainistiú, clársceidealú, seachadadh, faireachán agus meastóireacht na ngníomhaíochtaí agus na mbeartas a dtacaítear leo le CFRE agus leis an gCiste Comhtháthaithe faoi bhainistiú comhroinnte, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán CPR atá beartaithe “Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún. [Leasú 106]

Airteagal 7

Táscairí

1.  Maidir le táscairí coiteanna aschuir agus toraidh, mar a leagtar amach agus a shainmhínítear in Iarscríbhinn I maidir le CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe, agus i gcás inarb ábhartha, táscairí aschuir agus toraidh atá clár-shonrach, bainfear úsáid astu i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal [12(1)] de Rialachán (AE) Uimh. 2018/xxxx [CPR nua], le pointe (d)(ii) d’Airteagal [17(3)] agus le pointe (b) d’Airteagal [37(2)] den Rialachán sin. [Leasú 107]

2.  Maidir le táscairí aschuir, socrófar na bonnlínte ag náid. Beidh na garspriocanna a shocraítear do 2024 agus na spriocanna a shocraítear do 2029 carnach.

3.  I gcomhoiriúint leis an gceanglas tuairiscithe atá ar an gCoimisiún de bhun Airteagal [38(3)(e)(i)] den Rialachán Airgeadais, cuirfidh sé faisnéis maidir le feidhmíocht i láthair Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

4.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun hIarscríbhinn I a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an liosta táscairí ba cheart do na Ballstáit a úsáid, agus le hIarscríbhinn II a leasú d’fhonn na hathruithe riachtanacha a dhéanamh ar an bhfaisnéis faoi fheidhmíocht atá le cur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

4a.  Féadfaidh na Ballstáit iarraidh chuí-réasúnaithe a dhéanamh ar sholúbthacht bhreise faoi chreat reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis don chaiteachas poiblí nó struchtúrach comhionann, lena dtacaíonn an riarachán poiblí trí bhíthin cómhaoiniú ar infheistíochtaí arna ngníomhachtú mar chuid de CFRE agus CC. Agus an coigeartú fioscach á shainmhíniú faoi ghné choisctheach nó gné cheartaitheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, déanfaidh an Coimisiún measúnú cúramach ar an iarraidh sin ar bhealach lena léirítear tábhacht straitéiseach infheistíochtaí arna gcómhaoiniú le CFRE agus CC. [Leasú 108]

CAIBIDIL II

Forálacha sonracha maidir le gnéithe críochacha leith a láimhseáil

Airteagal 8

Forbairt chríochach chomhtháite

1.  Féadfaidh Le CFRE, tabharfar tacaíocht don fhorbairt chríochach chomhtháite laistigh de chláir faoin dá sprioc dá dtagraítear in Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2018/xxxx [CPR nua] i gcomhréir le Caibidil II de Theideal III den Rialachán sin [CPR nua]. [Leasú 109]

1a.  Déanfar 5 % ar a laghad d’acmhainní CFRE atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a leithdháileadh, seachas i gcás cúnamh teicniúil, ar fhorbairt chríochach chomhtháite i gceantair neamh-uirbeacha le constaicí nó míbhuntáistí nádúrtha, geografacha nó déimeagrafacha nó ina bhfuil deacracht rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha. As an tsuim sin, leithdháilfear 17.5% ar a laghad ar cheantair agus pobail tuaithe ag cur san áireamh forálacha de Chomhshocrú Sráidbhailte Cliste chun tionscadail amhail sráidbhailte cliste a fhorbairt.[Leasú 110]

2.  Ní chuirfidh na Ballstáit forbairt chríochach chomhtháite chun feidhme, ach trí na foirmeacha a dtagraítear dóibh in Airteagal [22] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua], agus tacaíocht CFRE acu chuige sin, agus d’fhéadfaidís tairbhiú ó chur chuige ilchiste agus comhtháite lena mbeadh baint ag CFRE, CSE+, CEMI agus CETFT. [Leasú 111]

Airteagal 9

Forbairt inbhuanaithe uirbeach

1.  Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin eacnamaíocha, chomhshaoil, aeráide, dhéimeagrafacha agus shóisialta, tabharfaidh CFRE tacaíocht don fhorbairt chríochach chomhtháite bunaithe ar straitéisí críochacha i gcomhréir le hAirteagal [23] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [CPR nua], a d’fhéadfadh tairbhiú freisin ó chur chuige ilchiste agus comhtháite lena mbeadh baint ag CFRE agus CSE+ agus a chuirfidh béim ar cheantair uirbeacha fheidhmiúla (‘forbairt inbhuanaithe uirbeach’) laistigh de chláir faoin dá sprioc dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Rialachán sin. [Leasú 112]

2.  Déanfar 6 % 10 % ar a laghad d’acmhainní CFRE ar an leibhéal náisiúnta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis a leithdháileadh, seachas i gcás cúnamh teicniúil, don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe i bhfoirm clár sonrach, ais shonrach tosaíochta, forbairt áitiúil a mbeidh an pobal á stiúradh, infheistíochtaí críochacha comhtháite, nó uirlisí críochacha eile, mar a leagtar amach i bpointe (c) d’Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/xxxx (CPR nua). Tabharfar de chumhacht do na ‘húdaráis uirbeacha’ dá dtagraítear in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2018/XXXX [CPR nua] na bearta agus na tionscnaimh lena mbaineann a roghnú. Féadfaidh oibríochtaí a ndéantar faoi POnna nach PO5 iad rannchuidiú leis an tairseach íosta de 10% a bhaint amach don fhorbairt uirbeach inbhuanaithe, má tá siad comhsheasmhach. Ba cheart go n-áireofaí infheistíochtaí arna ndéanamh faoi PO5 (i) mar bheith ag rannchuidiú leis an gcur i leataobh sin de 10%, mar aon le hoibríochtaí arna ndéanamh faoi POnna eile, má tá siad comhsheasmhach le forbairt uirbeach inbhuanaithe. [Leasú 113]

An clár nó na cláir atá i gceist, leagfaidh siad amach na suimeanna atá beartaithe chun na críche seo faoi phointe (d)(vii) d’Airteagal [17(3)] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua].

3.  An céatadán atá le leithdháileadh don forbairt uirbeach inbhuanaithe faoi mhír 2, beifear in oiriúint dó i rith na clárthréimhse ar fad, le linn na huaire a bheidh leithdháiltí CFRE á n‑aistriú idir tosaíochtaí cláir nó idir cláir, agus le linn an athbhreithnithe lár téarma i gcomhréir le hAirteagal [14] (AE) 2018/xxxx [RFC nua].

4.  Sa chás go laghdófar leithdháileadh de chuid CFRE mar gheall ar shaoradh faoi Airteagal [99] de Rialachán (AE) 2018/xxxx [RFC nua], nó de bharr ceartúcháin airgeadais a dhéanfaidh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal [98] den Rialachán sin, ní dhéanfar athbhreithniú ar an oiriúint do mhír 2.

Airteagal 10

Tionscnamh Uirbeach Eorpach

1.  Tacóidh CFRE leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, rud a chuireann an Coimisiún chun feidhme sa bhainistíocht dhíreach agus indíreach.

Leis an tionscnamh sin, cumhdófar gach ceantar uirbeach feidhmiúil agus tacófar le comhpháirtíochtaí agus le costais eagraíochtúla Chlár Oibre Uirbeach an Aontais. Ba cheart go mbeadh údaráis áitiúla rannpháirteach go gníomhach i mbunú agus i gcur chun feidhme an Tionscnaimh Uirbigh Eorpaigh. [Leasú 114]

2.  Is iad an trí shnáth seo a leanas a bheidh sa Tionscnamh Uirbeach Eorpach, agus is í an fhorbairt uirbeach inbhuanaithe atá i gceist leo ar fad:

(a)  tacaíocht don fhothú acmhainneachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí malartaithe d’ionadaithe réigiúnacha agus áitiúla ar an leibhéal fonáisiúnta; [Leasú 115]

(b)  tacaíocht do ghníomhaíochtaí nuálacha, a fhéadfaidh comhchistiú breise a fháil do Rialachán (AE) 2018/xxx (an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe) agus a d’fhéadfaidh sé go soláthrófar an Gréasán Eorpach um Fhorbairt Tuaithe dóibh go comhpháirteach, go háirithe a mhéid a bhaineann le naisc agus tionscadail tuaithe agus uirbeacha lena dtacaítear le forbairt na gceantar uirbeach agus na gceantar uirbeach feidhmiúil; [Leasú 116]

(c)  tacaíocht don eolas, do mheasúnuithe tionchair chríochaigh, don fhorbairt beartais agus don chumarsáid. [Leasú 117]

Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, féadfar tacú freisin leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach le comhar idir-rialtais maidir le hábhair uirbeacha amhail an creat tagartha i dtaca le cathracha inbhuanaithe, clár oibre críochach an Aontais Eorpaigh agus coigeartú Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe chun imthosca ar an leibhéal áitiúil a chumhdach. [Leasú 118]

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa maidir le forbairtí a bhaineann leis an Tionscnamh Uirbeach Eorpach. [Leasú 119]

Airteagal 10a

Ceantair a bhfuil míbhuntáistí agus dúshláin nádúrtha nó dhéimeagrafacha iontu

I gcláir a chomhchistítear le CFRE agus a chumhdaíonn ceantair ina bhfuil míbhuntáistí agus dúshláin thromchúiseacha agus buana atá nádúrtha nó déimeagrafach, amhail na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 174 CFAE, tabharfar aird ar leith ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha na ceantar sin.

Go háirithe, maidir le ceantair de leibhéal NUTS 3 nó cnuasaigh d’aonaid riaracháin áitiúla (LAUnna) le dlús daonra faoi 12.5 cónaitheoir in aghaidh an km2 i gcomhair ceantair atá tearc i ndaonra nó faoi 8 gcónaitheoir in aghaidh an km 2 i gcomhair ceantair atá an-tearc i ndaonra, nó le meánlaghdú daonra de níos mó ná 1% idir 2007 agus 2017, beidh siad faoi réir pleananna sonracha réigiúnacha agus náisiúnta chun tarraingteacht a threisiú, infheistíocht ghnó a mhéadú agus borradh a chur faoi inrochtaineacht seirbhísí digiteacha agus poiblí, lena n-áirítear ciste sa chomhaontú comhair. Féadfar cistiú tiomnaithe a chur ar leataobh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta. [Leasú 120]

Airteagal 11

Na réigiúin is forimeallaí

1.  An Ní bheidh feidhm ag Airteagal 3 maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí. Maidir leis an leithdháileadh sonrach breise do na réigiúin is forimeallaí, úsáidfear é chun na costais bhreise a fhritháireamh, ar costais iad arna dtabhú sna réigiúin sin de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu agus a liostaítear in Airteagal 349 CFAE. [Leasú 121]

2.  An leithdháileadh a dtagraítear dó i mír 1, tabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:

(a)  na gníomhaíochtaí laistigh den raon feidhme faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4 iad;

(b)  de mhaolú ar Airteagal 4, bearta a chlúdaíonn costais oibriúcháin leis - na costais bhreise a ghlanadh a bhíonn ar na réigiúin is forimeallaí de bharr ceann nó cuid de na srianta buana forbartha atá orthu, srianta a liostaítear in Airteagal 349 CFAE.

An leithdháileadh a dtagraítear dó i mír 1, féadfaidh sé tacú chomh maith le caiteachas a cheadaítear le haghaidh chumhdach na n‑oibleagáidí seirbhíse poiblí agus conarthaí sna réigiúin is forimeallaí.

3.  An leithdháileadh a dtagraítear dó i mír 1, ní thabharfaidh sé tacaíocht do na nithe seo a leanas:

(a)  oibríochtaí a bhaineann le táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE;

(b)  cabhair le haghaidh iompair na ndaoine atá údaraithe faoi phointe (a) d’Airteagal 107(2) CFAE;

(c)  díolúintí cánach agus díolúine na muirear sóisialta

(d)  oibleagáidí seirbhíse poiblí nach bhfuil le comhlíonadh ag gnóthais, áit a ndéanann an Stát gníomh cumhachta poiblí.

3a.   De mhaolú ar Airteagal 4(1), féadfaidh CFRE tacú le hinfheistíocht tháirgiúil i bhfiontair sna réigiúin is forimeallaí, gan beann ar mhéid na bhfiontar sin. [Leasú 122]

CAIBIDIL III

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 12

Forálacha idirthréimhseacha

Rialacháin (CE) Uimh. 1300/2013 agus 1301/2013, nó aon ghníomh dá nglactar fúthu, leanfaidh an fheidhm atá leo ar chláir agus ar oibríochtaí a dtugann CFRE tacaíocht dóibh faoi chlárthréimhse 2014-2020.

Airteagal 13

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 7(4) a thabhairt don Choimisiún ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 123]

3.  An tarmligean cumhachta a dtagraítear dó in Airteagal 7(4), féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle é a chúlghairm in am ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is faide anonn a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(19).

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 7(4) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 13a

Aisghairm

Gan dochar d’Airteagal 12 den Rialachán seo, déantar Rialachán (CE) Uimh. 1301/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 1300/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021. [Leasú 124]

Airteagal 13b

Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2027, i gcomhréir le hAirteagal 177 CFAE. [Leasú 125]

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm fiche lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Táscairí aischuir agus toraidh coiteanna do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe - Airteagal 7(1)(20)

Tábla 1: Táscairí aischuir agus toraidh coiteanna do CFRE (Infheistíocht le haghaidh post agus fáis agus Interreg) agus don Chiste Comhtháthaithe**

Cuspóir beartais

Aschuir

Torthaí

(1)

(2)

(3)

1.  Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn mar aon le nascacht réigiúnach i réimse na dteicneolaíochtaí, trí fhorbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), nascacht agus riarachán éifeachtúil poiblí(‘PO 1’) trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:[Leasú 126]

RCO 01(21) - Fiontair dá dtugtar tacaíocht (agus micrifhiontair, fiontair bheaga, fiontair mheánmhéide agus fiontair mhóra ina measc)*

RCO -01a - Meánioncam réigiúnach[Leasú 127]

RCO 02 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht trí dheontais*

RCO 03 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht le hionstraimí airgeadais*

RCO 04 - Fiontair nach dtugtar tacaíocht airgeadais dóibh*

RCO 05 - Gnólachtaí nuathionscanta dá dtugtar tacaíocht*

RCO 06 - Taighdeoirí a oibríonn in áiseanna taighde a bhfuil tacaíocht acu

RCO 07 - Institiúidí taighde atá rannpháirteach i dtionscadail taighde chomhpháirteacha

RCO 08 - Luach ainmniúil trealaimh le haghaidh taighde agus nuálaíochta

RCO 10 - Fiontair a chomhoibríonn le hinstitiúidí taighde

RCO 10a - Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun a gcuid táirgí agus seirbhísí a chlaochlú i ngeilleagar ciorclach[Leasú 128]

RCO 96 - Infheistíochtaí idir-réigiúnacha i dtionscadail AE*

RCR(22)01 - Poist arna gcruthú in eintitis a bhfuil tacaíocht acu*

RCR -01 - Méadú ar chóimheas ioncaim réigiúnaigh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) [Leasú 131]

RCR 02 - Infheistíochtaí príobháideacha a thagann le tacaíocht phoiblí (astu sin: deontais, ionstraimí airgeadais)*

RCR 03 - FBManna a thugann isteach nuálaíocht ó thaobh táirgí agus próiseas de*

RCR 04 - FBManna a thugann nuálaíocht isteach ó thaobh margaíochta nó eagraíochta de*

RCR 05 - FBManna atá i mbun nuálaíocht inmheánach*

RCR 06 - Iarratais ar phaitinní arna gcur faoi bhráid Oifig Eorpach na bPaitinní*

RCR 07 - Iarratais ar thrádmharc agus ar dhearaí*

RCR 08 - Comhfhoilseacháin phoiblí phríobháideacha

RCO 12 - Fiontair dá dtugtar tacaíocht chun a gcuid táirgí agus seirbhísí a dhigitiú

RCO 13 - Seirbhísí agus táirgí digiteacha arna bhforbairt le haghaidh fiontar

RCO 14 - Institiúidí poiblí dá dtugtar tacaíocht chun seirbhísí agus iarratais dhigiteacha a fhorbairt

RCO 14a - Moil bhreise shocheacnamaíocha le rochtain leathanbhanda fíor-ardacmhainneachta [Leasú 129]

RCR 14b - Moil shocheacnamaíocha le síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneachta [Leasú 130]

RCR 11 - Úsáideoirí seirbhísí agus feidhmchlár digiteach poiblí nua*

RCR 12 - Úsáideoirí táirgí, seirbhísí agus feidhmchlár digiteach nua arna bhforbairt ag fiontair*

RCR 13 - Déine dhigiteach ard ag fiontair*

RCR 14 - Úsáideoirí seirbhísí digiteacha poiblí á n‑úsáid ag fiontair* [Leasú 132]

RCO 15 - Acmhainneacht ghoir arna cruthú*

RCR 16 - Fiontair ardfháis dá dtugtar tacaíocht*

RCR 17 - Fiontair trí bliana fós ar marthain sa mhargadh*

RCR 18 - FBManna a úsáideann seirbhísí goir bliain amháin tar éis an ghorlann a chruthú

RCR - 19 - Fiontair ag a bhfuil láimhdeachas ard

RCR 25 - Breisluach de réir fostaí in FBManna dá dtugtar tacaíocht*

RCO 16 - Páirtithe leasmhara atá rannpháirteach i bpróiseas chun fiontraíocht a aimsiú

RCO 17 - Infheistíochtaí in éiceachórais réigiúnacha/áitiúla i gcomhair forbairt scileanna

RCO 101 - FBManna a infheistíonn i bhforbairt scileanna

RCO 102 - FBManna a infheistíonn i gcórais bainistithe oiliúna*

RCR 24 - FBManna a bhaineann tairbhe as gníomhaíochtaí maidir le forbairt scileanna arna ndéanamh ag éiceachóras áitiúil nó réigiúnach

RCR 97 - Printíseachtaí dá dtugtar tacaíocht in FBManna

RCR 98 - Foireann FBManna a chuireann Gairmoiliúint agus Gairmoideachas Leanúnach i gcrích (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile)

RCR 99 - Foireann FBManna a chuireann oiliúint mhalartach i gcrích le haghaidh gníomhaíochtaí seirbhíse dlútheolais (de réir an chineáil scile: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile)

RCR 100 - Foireann FBManna a chuireann oiliúint fhoirmiúil i gcrích i gcomhair forbairt scileanna (gníomhaíochtaí seirbhíse dlútheolais) (de réir chineál na scileanna: scil theicniúil, bhainistíochta, fiontraíochta, ghlas, eile)*

2.  Eoraip níos glaise, ísealcharbóin agus athléimneach do chách trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t-oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn [Leasú 132]

RCO 18 - Teaghlaigh dá dtugtar tacaíocht chun feidhmíocht fuinnimh a n‑áite cónaithe a fheabhsú

RCO 18a - An céatadán de choigiltis fuinnimh bhliantúla don stoc foirgnimh iomlán (i gcomparáid le bunlíne) i gcomhréir leis an gcuspóir stoc foirgnimh ard-éifeachtúil agus dícharbónaithe a bhaint amach mar a áirítear sa straitéis athchóirithe fhadtéarmach náisiúnta chun tacú le hathchóiriú an stoic náisiúnta d’fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe [Leasú 134]

RCO 18b - Teaghlaigh ina bhfuil coigiltis fuinnimh 60% ar a laghad bainte amach ag feidhmíocht fheabhsaithe fuinnimh a n-áite cónaithe[Leasú 135]

RCO 18c - Teaghlaigh le feidhmíocht fheabhsaithe fuinnimh a n-áite cónaithe, a shroicheann leibhéal chaighdeán na bhFoirgneamh nach mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh (nZEB) i ndiaidh athchóirithe[Leasú 136]

RCO 19 - Foirgnimh phoiblí dá dtugtar tacaíocht chun feidhmíocht fuinnimh a fheabhsú (ar díobh sin: foirgnimh chónaithe, neamhchónaithe phríobháideacha, neamhchónaithe phoiblí) [Leasú 137]

RCO 19a - Líon na dtomhaltóirí atá buailte ag bochtaineacht fuinnimh agus leochaileacha a dtacaítear leo chun feidhmíocht fuinnimh a n-áite cónaithe a fheabhsú [Leasú 138]

RCO 20 - Línte líonraí le haghaidh téamh ceantair a tógadh nó a feabhsaíodh le déanaí

RCO 20a – Foirgnimh dá dtugtar tacaíocht chun a n-ullmhacht chliste a fheabhsú [Leasú 139]

RCR 26 - Tomhaltas fuinnimh bliantúil deiridh (as sin: tomhaltas cónaithe, neamhchónaithe príobháideach, neamhchónaithe poiblí)

RCR 27 - Teaghlaigh ina bhfuil coigiltis fuinnimh 60 % ar a laghad bainte amach ag feidhmíocht fuinnimh a n‑áite cónaithe feabhsaithe [Leasú 150]

RCR 28 - Foirgnimh ina bhfuil aicmiú fuinnimh feabhsaithe (astu sin: foirgnimh chónaithe, neamhchónaithe phríobháideacha, neamhchónaithe phoiblí)

RCR 28 a Foirgnimh le feidhmíocht fheabhsaithe fuinnimh de thoradh socruithe conarthacha lena ráthaítear coigiltis fuinnimh infhíoraithe agus éifeachtúlacht fheabhsaithe, amhail conraitheoireacht um fheidhmíocht fuinnimh mar a shainmhínítear i bpointe (27) d’Airteagal 2 de Threoir 2012/27/AE(23) [Leasú 151]

RCR 29 - Astaíochtaí gás ceaptha teasa measta*

RCR 30 - Fiontair ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh fheabhsaithe

RCR 30a – Foirgnimh le hullmhacht chliste fheabhsaithe [Leasú 152]

RCO 22 - Acmhainneacht táirgeachta bhreise le haghaidh fuinneamh in-athnuaite (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach)

RCO 22a - Tomhaltas agus ídiú fuinnimh inathnuaite deiridh iomlán in aghaidh na hearnála (téamh agus fuarú, iompar, leictreachas) [Leasú 140]

RCO 22b - Sciar an fhuinnimh inathnuaite iomláin arna tháirgeadh[Leasú 141]

RCO 22c - Laghdú ar allmhairiú bliantúil fuinnimh neamh-inathnuaite [Leasú 142]

RCO 97 - Líon na bpobal fuinnimh agus na bpobal fuinnimh in-athnuaite dá dtugtar tacaíocht*

RCO 97a - Sciar na dtomhaltóirí fuinnimh inathnuaite san acmhainneacht iomlán leictreachais shuiteáilte[Leasú 143]

RCR 31 - An fuinneamh in-athnuaite iomlán arna tháirgeadh (as sin: leictreachas, fuinneamh teirmeach)

RCR 32 - Fuinneamh in-athnuaite: An acmhainneacht nasctha leis an eangach (oibríochtúil)*

RCO 23 - Córais bainistithe dhigiteacha le haghaidh eangacha cliste

RCO 98 - Teaghlaigh dá dtugtar tacaíocht chun eangacha cliste fuinnimh a úsáid

RCO 98a - Support transitional period regions effected by decarbonisation [Leasú 144]

RCR 33 - Úsáideoirí nasctha le heangacha cliste

RCR 34 - Tosú ar thionscadail le haghaidh eangacha cliste

RCO 24 - Córais nua nó uasghrádaithe le haghaidh faireachán, ullmhacht, foláireamh agus freagairt i gcás tubaistí nádúrtha amhail creathanna talún, dóiteáin foraoise, tuilte nó triomaigh* [Leasú 145]

RCO 25 - Cosaint nuathógtha nó dhaingnithe feadh an chósta, ar bhruach abhann agus ar bhruach locha, agus ar sciorradh talún chun daoine, sócmhainní agus an timpeallacht nádúrtha a chosaint

RCO 26 - Bonneagar glas arna thógáil chun oiriúnú don athrú aeráide

RCO 27 - Straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha nó áitiúla chun aghaidh a thabhairt ar oiriúnú don athrú aeráide

RCO 28 - Limistéir arna gcumhdach le bearta cosanta i gcoinne dóiteáin foraoise, creathanna talún, tuilte nó triomach [Leasú 146]

RCR 35 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuilte

RCR 36 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint ar dhóiteáin foraoise

RCR 37 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint ar thubaistí nádúrtha i dtaca leis an aeráid (seachas tuilte agus dóiteáin foraoise)

RCR 96 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta maidir le cosaint ar rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid agus rioscaí a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine*

RCR 38 - An tréimhse ama measta chun freagairt do chásanna tubaistí*

RCO 30 - Fad píobán nua nó daingnithe le haghaidh naisc uisce teaghlaigh

RCO 31 - Fad líonraí bailithe camrais a tógadh nó a daingníodh le déanaí

RCO 32 - Acmhainneacht nua nó uasghrádaithe le haghaidh fuíolluisce a chóireáil

RCO 32a - Líon iomlán na mbreoslaí iontaise a gcuirtear foinsí fuinnimh íseal-astaíochtaí ina n-ionad [Leasú 147]

RCR 41 - An daonra nasctha le soláthar uisce feabhsaithe

RCR 42 - An daonra nasctha le cóireáil fuíolluisce atá tánaisteach ar a laghad

RCR 43 - Laghdú ar caillteanais uisce [Leasú 153]

RCR 44 - Fuíolluisce arna chóireáil mar is cuí

RCO 34 - Acmhainneacht bhreise le haghaidh cosc agus athchúrsáil uisce [Leasú 148]

RCO 34a – Líon na bpost iompaithe [Leasú 149]

RCR 46 - Áiseanna athchúrsála dramhaíola agus córais bainistithe uisce bheaga atá ar fáil don daonra

RCR -46a – Giniúint dramhaíola per capita [Leasú 154]

RCR -46b – Dramhaíl per capita arna seoladh le haghaidh diúscartha agus aisghabháil fuinnimh [Leasú 155]

RCR 47 - Dramhaíl arna hathchúrsáil

RCR -47a – Bithdhramhaíl arna hathchúrsáil [Leasú 156]

RCR 48 - Dramhaíl arna hathchúrsáil arna húsáid mar amhábhair

RCR 48a – An daonra a bhfreastalaítear orthu le saoráidí ullmhaithe le haghaidh athúsáide [Leasú 157]

RCR 48b – Ráta úsáide ábhair chiorclaigh [Leasú 158]

RCR 49 - Dramhaíl arna gnóthú arna hathúsáid [Leasú 159]

RCR 49a – Dramhaíl arna hullmhú le haghaidh athúsáide [Leasú 160]

RCO 36 - Dromchla an bhonneagair ghlais dá dtugtar tacaíocht i limistéir uirbeacha

RCO 37 - Dromchla láithreáin Natura 2000 arna chumhdach ag bearta cosanta agus athchóirithe i gcomhréir leis an gcreat gníomhaíochta tosaíochta

RCO 99 - Achar dromchla lasmuigh de láithreáin Natura 2000 arna chumhdach ag bearta cosanta agus athchóirithe

RCO 38 - Achar dromchla na talún athshlánaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 39 - Córais chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú aeir arna suiteáil

RCR 50 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta le haghaidh cháilíocht an aeir

RCR 95 - An daonra ag a bhfuil rochtain ar bhonneagar glas nua nó uasghrádaithe i limistéir uirbeacha

RCR 51 - An daonra a bhaineann tairbhe as bearta laghdaithe torainn

RCR 52 - Talamh athshlánaithe arna úsáid le haghaidh limistéir ghlasa, tithíocht shóisialta, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó pobail

3.  Eoraip níos nasctha do chách tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú [Leasú 161]

RCO 41 - Teaghlaigh bhreise ag a bhfuil rochtain leathanbhanda ardluais

RCO 42 - Teaghlaigh bhreise ag a bhfuil rochtain leathanbhanda ardluais

RCR 53 - Teaghlaigh ag a bhfuil síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneacht

RCR 54 - Fiontair ag a bhfuil síntiúis leathanbhanda le líonra fíor-ardacmhainneacht

RCO 43 - Fad na mbóithre nua dá dtugtar tacaíocht - TEN-T(24) (croíghréasáin agus gréasáin chuimsitheacha) [Leasú 162]

RCO 44 - Fad na mbóithre nua dá dtugtar tacaíocht - eile

RCO 45 - Fad na mbóithre arna n‑athdhéanamh nó arna n‑uasghrádú - TEN-T (croíghréasáin agus gréasáin chuimsitheacha) [Leasú 163]

RCO 46 - Fad na mbóithre arna n‑athdhéanamh nó arna n‑uasghrádú - eile

RCR 55 - Úsáideoirí bóithre arna nuathógáil, arna n‑athdhéanamh nó arna n‑uasghrádú

RCR -55a - Cóimheas de thabhairt i gcrích chonair TEN-T ar an gcríoch náisiúnta [Leasú 166]

RCR 56 - Sábháil ama mar gheall ar bhonneagar bóthair feabhsaithe

RCR 101 - Sábháil ama mar gheall ar bhonneagar bóthair feabhsaithe

RCO 47 - Fad an iarnróid nua dá dtugtar tacaíocht - TEN-T (croíghréasáin agus gréasáin chuimsitheacha) [Leasú 164]

RCO 48 - Fad an iarnróid nua dá dtugtar tacaíocht - eile

RCO 49 - Fad an iarnróid arna hathdhéanamh nó arna huasghrádú - TEN-T (croíghréasáin agus gréasáin chuimsitheacha) [Leasú 165]

RCO 50 - Fad an iarnróid arna hathdhéanamh nó arna huasghrádú - eile

RCO 51 - Fad na n‑uiscebhealaí nua nó uasghrádaithe - TEN-T

RCO 52 - Fad na n‑uiscebhealaí nua nó uasghrádaithe - eile

RCO 53 - Stáisiúin traenach agus áiseanna - nua nó uasghrádaithe

RCO 54 - Naisc idirmhódúla - nua nó uasghrádaithe

RCO 100 - An líon calafort dá dtugtar tacaíocht

RCR 57 - Fad na n‑iarnród atá i bhfeidhm ag a bhfuil Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid

RCR -57a - Cóimheas de thabhairt i gcrích chonair TEN-T ar an gcríoch náisiúnta [Leasú 167]

RCR 58 - Líon bliantúil na bpaisinéirí ar iarnróid dá dtugtar tacaíocht

RCR 59 - Iompar lasta iarnróid

RCR 60 - Iompar lasta ar uiscebhealaí intíre

RCO 55 - Fad na línte tram agus metro - nua

RCO 56 - Fad na línte tram agus metro - arna n‑athdhéanamh/arna n‑uasghrádú

RCO 57 - Rothstoc le haghaidh iompar poiblí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol

RCO 58 - Bonneagar rothaíochta tiomnaithe dá dtugtar tacaíocht

RCO 59 - Bonneagar breoslaí malartacha (pointí athbhreoslaithe nó athluchtaithe) dá dtugtar tacaíocht

RCO 60 - Cathracha agus bailte ag a bhfuil córais dhigiteacha iompair uirbigh nua nó uasghrádaithe

RCR 62 - Paisinéir bliantúla iompair phoiblí

RCR 63 - Úsáideoirí bliantúla línte nua nó uasgrádaithe tram agus metro

RCR 64 - Úsáideoirí bliantúla bonneagair rothaíochta thiomnaithe

4.  Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta [Leasú 168]

RCO 61 - Líon bliantúil na ndaoine dífhostaithe a ndéantar freastal orthu le háiseanna feabhsaithe i seirbhísí fostaíochta (acmhainneacht)

RCR 65 - Líon na gcuardaitheoirí poist dá dtugtar tacaíocht, is cuardaitheoirí poist a úsáideann na seirbhísí de chuid na seirbhísí fostaíochta ar bhonn bliantúil

RCO 63 - Acmhainneacht bonneagair shealadaigh glactha arna chruthú

RCO 64 - Acmhainneacht tithíochta athshlánaithe – imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

RCO 65 - Acmhainneacht tithíochta athshlánaithe - eile

RCR 66 - Áitíocht bonneagair shealadaigh glactha arna thógáil nó arna athchóiriú

RCR 67 - Áitíocht tithíochta athshlánaithe – imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

RCR 68 - Áitíocht tithíochta athshlánaithe - eile

RCR -68a - Daoine de phobail imeallacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta (seachas na Romaigh) [Leasú 169]

RCR -68b - Daoine de phobail imeallacha agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste trí ghníomhaíochtaí comhtháite, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta (Romaigh) [Leasú 170]

RCO 66 - Líon na leanaí sa rang i mbonneagar um chúram leanaí dá dtugtar tacaíocht (nua nó uasghrádaithe)

RCO 67 - Líon na leanaí sa rang i mbonneagar oideachais dá dtugtar tacaíocht (nua nó uasghrádaithe)

RCR 70 - An líon bliantúil leanaí a úsáideann bonneagar um chúram leanaí dá dtugtar tacaíocht

RCR 71 - An líon bliantúil daltaí a úsáideann bonneagar oideachais dá dtugtar tacaíocht

RCO 69 - Acmhainneacht bonneagair um chúram leanaí dá dtugtar tacaíocht

RCO 70 - Acmhainneacht bonneagair shóisialta (seachas tithíocht) dá dtugtar tacaíocht

RCR 72 - Daoine ag a bhfuil rochtain ar sheirbhísí feabhsaithe um chúram leanaí

RCR 73 - An líon bliantúil daoine a úsáideann na háiseanna um chúram leanaí dá dtugtar tacaíocht

RCR 74 - An líon bliantúil daoine a úsáideann na háiseanna cúraim shóisialta dá dtugtar tacaíocht

RCR 75 - An mheántréimhse ama atá ag teastáil chun freagairt d'éigeandálaí leighis sa limistéar dá dtugtar tacaíocht

5.  Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta agus gach ceantair eile a chothú mar aon le tionscnaimh áitiúla [Leasú 171]

RCO 74 - An daonra arna chumhdach le straitéisí le haghaidh forbairt chomhtháite uirbeach

RCO 75 - Straitéisí comhtháite le haghaidh forbairt uirbeach

RCO 76 - Tionscadail chomhoibríocha

RCO 77 - Acmhainneacht an bhonneagair cultúir agus turasóireachta dá dtugtar tacaíocht

RCR 76 - Na páirtithe leasmhara a bhfuil baint acu le hullmhú agus cur chun feidhme straitéisí maidir le forbairt uirbeach

RCR 77 - Líon na dturasóirí nó na gcuairteanna chuig láithreáin dá dtugtar tacaíocht*

RCR 78 - Tairbhe á baint ag úsáideoirí as bonneagar cultúir dá dtugtar tacaíocht

RCO 80 - Straitéisí maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail i gcomhair forbairt áitiúil

Táscairí cothrománacha - Cur chun feidhme

RCO 95 - An fhoireann a fhaigheann maoiniú ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe

RCR 91 - An mheántréimhse ama chun glaonna a sheoladh, tionscadail a roghnú agus conarthaí a shíniú*

RCR 92 - An mheántréimhse ama chun tairiscint a dhéanamh (ón soláthar a sheoladh go dtí an conradh a shíniú) *

RCR 93 - An mheántréimhse ama chun tionscadail a chur chun feidhme (ón gconradh a shíniú go dtí an íocaíocht deiridh) *

RCR 94 - Tairiscint aonair le haghaidh idirghabhálacha CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe*

** Ar chúiseanna cur i láthair, déantar táscairí a rangú faoi chuspóirí beartais ach níl siad teoranta dó. Go háirithe, faoi chuspóir beartais 5, féadfar cuspóirí sonracha ó chuspóirí beartais 1-4 a úsáid leis na táscairí ábhartha. Ina theannta sin, chun léargas iomlán a fháil ar fheidhmíocht na gclár a bhfuiltear ag súil léi agus ar an bhfeidhmíocht iarbhír, féadfar na táscairí atá marcáilte le (*) a úsáid i gcomhair cuspóirí sonracha faoi bhreis agus ceann amháin de na cuspóirí beartais 1 go 4, nuair is ábhartha.

Tábla 2: Táscairí aischuir agus toraidh coiteanna breise do CFRE agus Interreg

Táscairí Interreg-shonracha

RCO 81 - Rannpháirtithe i dtionscnaimh shoghluaisteachta trasteorann

RCO 82 - Rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha lena gcuirtear comhionannas inscne, comhionannas deiseanna agus cuimsiú sóisialta chun cinn

RCO 83 - Straitéisí comhpháirteacha nó pleananna gníomhaíochta arna bhforbairt nó arna gcur chun cinn

RCO 84 - Gníomhaíochtaí píolótacha comhpháirteacha arna gcur chun feidhme i dtionscadail

RCO 85 - Rannpháirtithe i scéimeanna oiliúna comhpháirteacha

RCO 96 - Constaicí dlí nó riaracháin arna sainaithint

RCO 86 - Comhaontuithe comhpháirteacha riaracháin nó dlí arna síniú

RCO 87 - Eagraíochtaí atá i mbun comhar thar theorainneacha

RCO 88 - Tionscadail thar theorainneacha náisiúnta le haghaidh piarfhoghlama chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí comhair

RCO 89 - Tionscadail thar theorainneacha chun rialachas il-leibhéal a fheabhsú

RCO 90 - Tionscadail thar theorainneacha náisiúnta as a dtagann líonraí nó braislí

RCR 79 - Straitéisí nó pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha arna nglacadh ag eagraíochtaí ar thionscadal a thabhairt i gcrích nó dá éis

RCR 80 - Gníomhaíochtaí píolótacha comhpháirteacha arna nglacadh nó arna méadú ag eagraíochtaí ar thionscadal a thabhairt i gcrích nó dá éis

RCR 81 - Scéimeanna oiliúna comhpháirteacha a bheith curtha i gcrích ag rannpháirtithe

RCR 82 - Constaicí dlí nó riaracháin ar tugadh aghaidh orthu nó a maolaíodh

RCR 83 - Na daoine a chumhdaítear le comhaontuithe comhpháirteacha sínithe

RCR 84 - Eagraíochtaí atá ag comhoibriú thar theorainneacha 6-12 mhí tar éis an tionscadal a chur i gcrích

RCR 85 - Rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí comhpháirteacha 6-12 mhí tar éis an tionscadal a chur i gcrích

RCR 86 - Páirtithe leasmhara nó institiúidí ag a bhfuil acmhainneacht comhair fheabhsaithe thar theorainneacha náisiúnta

IARSCRIBHINN II

Croí-thacar táscairí feidhmíochta don CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe a dtagraítear dóibh in Airteagal 7(3)(25)

Cuspóir beartais

Cuspóir sonrach

Aschuir

Torthaí

(1)

(2)

(3)

(4)

1.  Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn mar aon le nascacht réigiúnach i réimse na dteicneolaíochtaí, trí fhorbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFC), nascacht agus riarachán éifeachtúil poiblí' trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: [Leasú 172]

(i)  cur le hacmhainní taighde agus nuálaíochtaagus leis an nglacadh a bhíonn le hard-teicneolaíochtaí

CCO 01 - Fiontair a fhaigheann tacaíocht chun nuálaíochta

CCO -01a - Fiontair a dtacaítear leo i gcomhair gníomhaíocht inbhuanaithe eacnamaíoch [Leasú 173]

CCO 02 - Taighdeoirí atá ag obair in áiseanna taighde a bhfuil tacaíocht acu

CCR 01 – (Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) a bhfuil nuálaíocht táirgí, nuálaíocht próiseas, nuálaíocht margaíochta nó nuálaíocht eagrúcháin á dtabhairt isteach acu)

CCR -01a - Méadú ar chóimheas an ioncaim réigiúnaigh [Leasú 175]

(ii)  Tairbhe a bhaint as an digitiú le haghaidh saoránaigh, cuideachtaí agus rialtais

CCO 03 - Fiontair agus institiúidí poiblí a dtugtar tacaíocht dóibh le forbairt a chur ar tháirgí digiteacha, ar sheirbhísí, agus ar fheidhmchláir

CCR 02 - Úsáideoirí breise na dtáirgí digiteacha nua, agus na seirbhísí agus na bhfeidhmchlár a bhíonn á bhforbairt ag fiontair agus ag institiúidí poiblí

(iii)  Fás agus iomaíochas FBManna a fheabhsú

CCO 04 - FBManna a dtacaítear leo chun poist agus fás inbhuanaithe a chruthú [Leasú 174]

CCR 03 - Poist a cruthaíodh i FBManna a bhfuil tacaíocht acu

(iv)  Scileanna a fhorbairt don speisialú cliste, don trasghabháil tionsclaíoch agus don fhiontraíocht

CCO 05 - FBManna atá ag infheistiú i bhforbairt scileanna

CCR 04 - Foireann FBManna a bhfuil tairbhe acu ar oiliúint chun forbairt scileanna

2.  Eoraip níos glaise, ísealcharbóin agus athléimneach do chách trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t-oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn [Leasú 176]

(i)  Bearta chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn

CCO 06 – Infheistíocht sna bearta a chuirfidh feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh

CCR 05 – Tairbhithe a bhfuil rangabháil fuinnimh feabhsaithe acu

(ii)  an fuinneamh inathnuaite a chur chun cinn

CCO 07 - acmhainn táirgeachta breise don fhuinneamh inathnuaite

CCR 06 – An méid fuinnimh inathnuaite bhreise a táirgeadh

(iii)  córais chliste fuinnimh agus greillí agus stóras a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil

CCO 08 - córais bhainistíochta digiteacha agus iad forbartha le haghaidh greillí cliste

CCO 08a - Forbairt fiontar nua [Leasú 177]

CCR 07 - Úsáideoirí breise atá ceangailte do na greillí cliste

Líon na bpost arna gcruthú [Leasú  179]

(iv)  oiriúnú don athrú aeráide, toirmeasc rioscaí, agus teacht aniar ó thubaistí a chur chun cinn

CCO 09 - Faireachán tubaistí nua nó uasghrádaithe, mar aon le córais foláirimh agus freagartha

CCO 09a - Méadú ar an oiriúnú don athrú aeráide, méadú ar chosc ar riosca na dtubaistí nádúrtha agus athléimneacht níos fearr in aghaidh tubaistí agus eachtraí adhaimsire [Leasú 178]

CCR 08 - An daonra breise a bhfuil bearta cosanta in aghaidh tuilte, tinte foraoise agus tubaistí nádúrtha eile a bhaineann leis an aeráid ag dul chun sochair dóibh

(v)  An bainistiú uisce inmharthana a chur chun cinn

CCO 10 - Acmhainní nua nó uasghrádaithe le fuíolluisce a ghlanadh

CCR 09 - An daonra breise atá ceangailte ar a laghad le córas glanta fuíolluisce tánaisteach

(vi)  An trasghabháil chuig an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn

CCO 11 – Acmhainní nua nó uasghrádaithe le dramhaíl a ghlanadh

CCR 10 - Athchúrsáil bhreise ar dhramhaíl

(vii)  An bhith-éagsúlacht agus an bonneagar glas a chothú sa timpeallacht uirbeach, agus truailliú a laghdú

CCO 12 - Dromchla na limistéar uirbeach atá faoi bhonneagar glas

CCR 11 - An daonra a bhfuil bearta i gcaighdeán an aeir ag dul chun sochair dó

3.  Eoraip níos nasctha do chách tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú [Am 180]

(i)  An nascacht dhigiteach a fheabhsú

CCO 13 - Líon na dteaghlach agus na bhfiontar breise atá clúdaithe ag líonraí leathanbhanda a bhfuil acmhainn an-mhór iontu

CCR 12 - Líon na dteaghlach agus na bhfiontar breise a bhfuil síntiús acu le líonraí leathanbhanda a bhfuil acmhainn an-mhór iontu

(ii)  TEN-T a fhorbairt a bheidh inbhuanaithe, é slán cliste agus idirmhodhúil, agus seasmhacht in aghaidh na haeráide a bheith ann

CCO 14 – TEN-T na mBóithre: Bóithre agus droichid nua agus bóithre uasghrádaithe [Leasú 181]

CCR 13 - Coigilt ama de bharr feabhas ar bhonneagar na mbóithre agus na ndroichead [Leasú 182]

(iii)  Soghluaisteacht a fhorbairt go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe cliste idirmhodhúil, soghluaisteacht a mbeidh seasmhacht ann in aghaidh na haeráide, forbairt a mbeidh feabhas rochtana ar TEN-T agus soghluaisteacht trasteorann le háireamh air.

CCO 15 – TEN-T na nIarnród: Iarnróid nua agus iarnróid uasghrádaithe

CCR 14 - Líon na bpaisinéirí a bhfuil iompar iarnróid feabhsaithe ag freastal orthu

(iv)  Soghluaisteacht uirbeach ilmhodhúil inbhuanaithe a chur chun cinn

CCO 16 - Nuachóiriú ar na línte tram agus métro, agus síneadh a chur leo

CCR 15 - Líon na n‑úsáideoirí a bhfuil línte nua agus línte nuachóirithe tram agus métro ag freastal orthu in aghaidh na bliana

4.  Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta [Leasú 183]

(i)  feabhas a chur ar éifeachtacht na margaí saothair agus ar an rochtain ar fhostaíocht ardchaighdeáin trí bhonneagar a fhorbairt sa nuálaíocht shóisialta

CCO 17 - Líon na ndaoine dífhostaithe a ndéanann áiseanna feabhsaithe i seirbhísí fostaíochta freastal orthu

CCR 16 - Lucht cuardaithe post a úsáideann áiseanna feabhsaithe i seirbhísí fostaíochta gach bliain

(ii)  Forbairt a chur ar an mbonneagar le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí cuimsitheacha den scoth san oideachas, san oiliúint, agus sa léann saoil

CCO 18 - Acmhainní nua nó uasghrádaithe do chúram na leanaí agus don bhonneagar oideachais

CCR 17 - Líon na n‑úsáideoirí a bhfuil línte nua agus línte nuachóirithe tram agus métro ag freastal orthu gach bliain

(iii)  Trí bhíthin bearta comhtháite, ar a n‑áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta, méadú a chur ar lánpháirtíocht socheacnamaíoch na bpobal imeallach, na n‑imirceánach, agus na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste;

CCO 19 - An acmhainn bhreise atá sna bonneagair fáilte a cruthaíodh nó a uasghrádaíodh

CCR 18 - Líon na n‑úsáideoirí a bhfuil áiseanna fáilte agus áiseanna tithíochta nua nó feabhsaithe ag freastal orthu gach bliain

(iv)  An bonneagar a fhorbairt le rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú, an cúram príomhúil san áireamh

CCO 20 – Acmhainní nua nó uasghrádaithe do bhonneagar an chórais sláinte

CCR 19 - An daonra a bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí sláinte feabhsaithe

5.  Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite ceantar uirbeach agus gach ceantair eile a chothú aon le tionscnaimh áitiúla [Leasú 184]

(i)  An fhorbairt chomhtháite comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch, mar aon leis an oidhreacht chultúrtha agus an tslándáil, a chothú i gceantair uirbeacha

CCO 21 - An daonra atá á chlúdach ag straitéisí don fhorbairt chomhtháite eacnamaíoch

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 90.
(2) IO L 86, 7.3.2019, lch. 115.
(3)IO C 62, 15.2.2019, lch. 90.
(4)IO C 86, 7.3.2019, lch. 115.
(5) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019.
(6)Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1)
(7)[Tagairt iomlán - RFC nua].
(8)Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún, 8 Iúil 2017 - COM(2017)0376.
(9)[Tagairt iomlán - CSE+ nua].
(10)Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(11)Directive 2003/87/EC of the European Parliament and of the Council of 13 October 2003 establishing a scheme for greenhouse gas emission allowance trading within the Community and amending Council Directive 96/61/EC (OJ L 275, 25.10.2003, p. 32).
(12)Conclúidí na Comhairle ar Chlár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach an 24 Meitheamh 2016.
(13)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(14)Tagairt
(15)Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle.
(16)Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(17) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).
(18)Treoir 2009/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le feithiclí iompair ar an mbóthar atá glan agus tíosach ar fhuinneamh a chur chun cinn (IO L 120, 15.5.2009, lch. 5).
(19)IO L 123, 12.5.2016, lch 13.
(20) Bainfear úsáid astu sin i gcomhair na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis agus Interreg i gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d'Airteagal [12(1)], agus pointe (b) d'Airteagal [36(2) [tarchur sonraí] de Rialachán (AE) Uimh. [RFC nua] agus, i gcomhair na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis i gcomhréir le pointe (d)(ii) d'Airteagal [17(3)] de Rialachán (AE) [RFC nua] agus, Interreg, i gcomhréir le pointe (e)(ii) d'Airteagal 17(4) de Rialachán (AE) [Rialachán CCT nua]
(21)RCO: Táscaire Aischuir Coiteann maidir le Beartas Réigiúnach.
(22)RCR: Táscaire Toraidh Coiteann maidir le Beartas Réigiúnach.
(23) Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lch. 1).
(24)Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).
(25) Úsáidfidh an Coimisiún na táscairí seo i gcomhréir leis an gceangaltas chun tuairiscithe atá air de bhun Airteagal 38(3)(e)(i) den Rialachán Airgeadais infheidhme.


Caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua ***I
PDF 120kWORD 63k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta d’astaíochtaí do charranna nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua mar chuid de chur chuige comhtháite an Aontais chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí saothair éadroim a laghdú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 (athmhúnlú) (COM(2017)0676 – C8-0395/2017 – 2017/0293(COD))
P8_TA(2019)0304A8-0287/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0676),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0395/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Feabhra 2018(1)

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha(2),

–  ag féachaint don litir dar dáta an 3 Bealtaine 2018 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le Riail 104(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 104 agus do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0287/2018),

A.  de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1.  ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, ag áireamh mholtaí Mheitheal Oibre sheirbhís dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin(3);

2.  á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 443/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 510/2011 (athmhúnlú)

P8_TC1-COD(2017)0293


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/631.)

iARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún maidir le hAirteagal 14

Le linn an athbhreithnithe dá bhforáiltear le hAirteagal 14, agus nuair a bheidh leasú reachtach á bheartú aige, más iomchuí, ar an Rialachán seo, déanfaidh an Coimisiún na comhairliúcháin iomchuí i gcomhréir leis na Conarthaí. Rachaidh sé i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis na Ballstáit, go háirithe, chuige sin.

Mar chuid den athbhreithniú sin, scrúdóidh an Coimisiún freisin oiriúnacht na huasteorann 5% a shonraítear i bpointe 6.3 de Chuid A d’Iarscríbhinn I i bhfianaise an ghá atá ann dlús a chur le cur chun cinn feithiclí saor ó astaíochtaí agus astaíochtaí ísle sna Ballstáit lena mbaineann.

(1)IO C 227, 28.6.2018, lch. 52.
(2) IO C 77, 28.3.2002, lch. 1.
(3) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 3 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0370).


Laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol ***I
PDF 116kWORD 57k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (COM(2018)0340 – C8-0218/2018 – 2018/0172(COD))
P8_TA(2019)0305A8-0317/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0340),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0218/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 10 Deireadh Fómhair 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Eanáir 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, agus ón gCoiste um Iascach (A8-0317/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol

P8_TC1-COD(2018)0172


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/904.)

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 207.
(2) IO C 461, 21.12.2018, lch. 210.
(3)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 24 Deireadh Fómhair 2018 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0411).


Táirgí leasacháin AE ***I
PDF 120kWORD 55k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin, ar a bhfuil an comhartha CE, a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (COM(2016)0157 – C8-0123/2016 – 2016/0084(COD))
P8_TA(2019)0306A8-0270/2017
CEARTÚCHÁIN

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0157),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0123/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 12 Nollaig 2018 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, agus do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0270/2017),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha maidir le táirgí leasacháin AE a chur ar fáil ar an margadh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2003/2003

P8_TC1-COD(2016)0084


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2019/1009.)

(1)IO C 389, 21.10.2016, lch. 80.
(2)Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 24 Deireadh Fómhair 2017 (Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2017)0392).


Oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó‑ghineacha ag an obair ***I
PDF 115kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó‑ghineacha ag an obair (COM(2018)0171 – C8-0130/2018 – 2018/0081(COD))
P8_TA(2019)0307A8-0382/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0171),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 153(2)(b) agus 153(1)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0130/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0382/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair

P8_TC1-COD(2018)0081


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2019/983.)

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 145.


Rialacha comhchoiteanna do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí ***I
PDF 231kWORD 67k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/106/CEE maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (COM(2017)0648 – C8-0391/2017 – 2017/0290(COD))
P8_TA(2019)0308A8-0259/2018

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0648),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0391/2017),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Aibreán 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0259/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Treoi (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/106/CEE maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit

P8_TC1-COD(2017)0290


(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(4),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(5),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Is é aidhm fhoriomlán na Treorach seo ná gréasán iompair ilmhódach agus tíosach ar acmhainní a bhunú agus laghdú a dhéanamh ar an tionchar diúltach atá ag an iompar ar thruailliú aeir, astaíochtaí gás ceaptha teasa, timpistí, torann agus plódú , leanann sé ar aghaidh le fadhbanna a chruthú don gheilleagar agus do shláinte agus folláine shaoránaigh na hEorpa. Cé gurb é iompar de bhóthar an phríomhchúis leis na héifeachtaí diúltacha sin, meastar go méadóidh iompar lasta de bhóthar faoi 60 faoin gcéad faoin mbliain 2050 tráchta. [Leasú 1]

(2)  Ar cheann de na príomhspriocanna atá le beartas iompair an Aontais go fóill tá laghdú ar an tionchar diúltach atá ag gníomhaíochtaí iompair. Tá Treoir 92/106/CEE ón gComhairle(6), lena mbunaítear bearta chun forbairt an iompair chomhcheangailte a spreagadh, ar an aon ghníomh reachtach ón Aontas lena ndreasaítear go díreach an t-aistriú ó iompar lasta de bhóthar chuig modhanna iompair lena ngabhann astaíochtaí níos ísle, amhail iompar d’uiscebhealaí intíre, iompar muirí agus iompar d’iarnród. Chun éifeachtaí diúltacha an iompair de bhóthar a laghdú tuilleadh, ba cheart go spreagfaí comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit maidir le réitigh as a n-eascródh ródúchán níos fearr, barrfheabhsú na líonraí, méaduithe ar éifeachtúlacht ualaigh agus na féidearthachtaí i ndáil le costais sheachtracha a ghearradh, agus ba cheart go spreagfaí taighde air sin freisin. [Leasú 2]

(3)  Maidir leis an sprioc 30 % d’iompar lasta de bhóthar os cionn 300 km a aistriú chuig modhanna eile iompair amhail iompar d’iarnród nó iompar d’uiscebhealach faoi 2030 agus níos mó ná 50 % de a aistriú chuig modhanna eile iompair faoi 2050 chun feidhmíocht slabhraí lóistíochta ilmhódacha a bharrfheabhsú, lena n-áirítear trí úsáid mhéadaithe a bhaint as modhanna atá níos tíosaí ar fhuinneamh,, tá an dul chun cinn atá déanta ar an sprioc sin níos moille ná a measadh agus, de réir na réamh-mheastachán reatha, ní bhainfear amach í, tá sí le baint amach trí ghnóthachain éifeachtúlachta agus trí fheabhsuithe ar an mbonneagar in earnáil an iarnróid agus in earnáil an uisce-iompair. [Leasú 3]

(4)  Chuir Treoir 92/106/CEE le beartas an Aontais um iompar comhcheangailte a fhorbairt agus le méid suntasach lasta a aistriú ar shiúl ón mbóthar. Laghdaíodh tionchar na Treorach sin go suntasach, áfach, mar gheall ar na heasnaimh atá ann ar a cur chun feidhme, go háirithe an teanga dhébhríoch agus na forálacha atá as dáta a leagtar amach inti agus raon feidhme teoranta na mbeart tacaíochta Mar thoradh ar easnaimh i gcur chun feidhme na Treorach sin, go háirithe maidir le teanga dhébhríoch agus forálacha atá as dáta, raon feidhme teoranta a beart tacaíochta, mar aon leis na bacainní maorlathacha agus caomhnaitheachta laistigh den earnáil iarnróid, tá laghdú suntasach déantar ar a tionchar. [Leasú 4]

(4a)  Leis an Treoir seo, ba cheart go ndéanfaí an bealach a réiteach do sheirbhísí lasta idirmhódacha agus ilmhódaigh éifeachtúla, lena n-áiritheofar cothroime iomaíochta le haghaidh gach modha iompair. [Leasú 5]

(5)  Ba cheart Treoir 92/106/CEE a shimpliú agus a chur chun feidhme níos fearr trí athbhreithniú a dhéanamh ar na dreasachtaí eacnamaíocha d’iompar comhcheangailte ar mhaithe le haistriú earraí ó iompar de bhóthar chuig modhanna eile a spreagadh nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol, atá níos sábháilte agus níos tíosaí ar fhuinneamh agus nach bhfuil an leibhéal céanna plódaithe ag baint leo, agus é mar aidhm leis sin feabhas a chur ar iomaíochas iompair iarnróid agus uisce-iompair i gcomparáid le hiompar de bhóthar. [Leasú 6]

(6)  Is oibríochtaí idirmhódacha náisiúnta19,3 % den iompar idirmhódach ar fad san Aontas. Ní bhaineann oibríochtaí den sórt sin tairbhe as na bearta tacaíochta dá bhforáiltear le Treoir 92/106/CEE faoi láthair mar gheall ar raon feidhme teoranta an tsainmhínithe ar iompar comhcheangailte. Mar sin féin, tá tionchar lasmuigh de theorainneacha náisiúnta ag éifeacht dhiúltach na n-oibríochtaí náisiúnta iompair de bhóthar, mar atá astaíochtaí gás ceaptha teasa agus plódú go háirithe. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach raon feidhme Threoir 92/106/CEE a leathnú chuig oibríochtaí náisiúnta iompair chomhcheangailte (laistigh de Bhallstát) chun tacú le hiompar comhcheangailte a fhorbairt a thuilleadh san Aontas, rud a chabhróidh leis an aistriú módach ó iompar de bhóthar chuig iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre agus loingseoireacht ghearrthurais. Tá an maolú ar na rialacha cabatáiste teoranta go fóill, áfach, d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte idirnáisiúnta arna ndéanamh idir Ballstáit éagsúla. Beidh sé de cheangal ar na Ballstáit seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha sin a chomhlíonadh agus chun comhchuibhiú dálaí oibre agus sóisialta a chur chun cinn ar fud na modhanna éagsúla iompair agus na mBallstát éagsúil. [Leasú 7]

(7)  Féachfar ar oibríocht iompair chomhcheangailte mar oibríocht iompair aonair a théann san iomaíocht dhíreach le hoibríocht iompair aonmhódaigh ón bpointe imeachta chuig an gceann scríbe deiridh. Ba cheart a áirithiú le coinníollacha rialála go mbeidh coibhéis idir iompar comhcheangailte idirnáisiúnta agus iompar aonmhódach idirnáisiúnta agus idir iompar comhcheangailte náisiúnta agus iompar aonmhódach náisiúnta faoi seach.

(7a)   Chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheart go mbeadh na céimeanna bóthair d’oibríocht iompair chomhcheangailte cumhdaithe le Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009(7) agus (CE) Uimh. 1072/2009(8) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle má tá siad ina gcuid d’oibríocht iompair idirnáisiúnta nó d’oibríocht iompair intíre faoi seach. Is gá freisin cosaint shóisialta na dtiománaithe a dhéanann gníomhaíochtaí i mBallstát eile a áirithiú. Forálacha i ndáil le tiománaithe a phostú, dá bhforáiltear faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9), agus i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha sin faoi Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le tarlóirí a oibríonn ar chéimeanna bóthair d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte. Ba cheart céimeanna bóthair a mheas a bheith ina gcuid dhílis d’oibríocht iompair chomhcheangailte aonair. Go háirithe, na rialacha i ndáil le hoibríochtaí iompair idirnáisiúnta dá bhforáiltear leis na Treoracha sin, ba cheart go mbeadh feidhm acu maidir le céimeanna bóthair atá mar chuid d’oibríocht iompair chomhcheangailte idirnáisiúnta. Sa bhreis air sin, i gcás oibríochtaí cabatáiste, ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le hiompar cabatáiste a leagtar síos i Rialachán 1072/2009 i ndáil le céimeanna bóthair atá ina gcuid d’oibríocht iompair chomhcheangailte intíre. [Leasú 8]

(8)  Áirítear leis an sainmhíniú reatha ar iompar comhcheangailte fadteorainneacha difriúla do na céimeanna bóthair d’oibríocht iompair chomhcheangailte, de réir mhodh na céime neamhbhóthair agus d'éagmais fadteorainn shocraithe d’iompar comhcheangailte d’iarnróid cuirtear, ina ionad sin, an choincheap “an críochfort oiriúnach is gaire” san áireamh chun roinnt solúbthachta a thabhairt i gcúinsí sonracha. Tháinig cuid mhór difríochtaí as an sainmhíniú sin ar chur chun feidhme mar gheall ar léirmhínithe éagsúla agus deacrachtaí sonracha i dtaca leis na coinníollacha maidir le cur chun feidhme a leagan síos. B’fhiú deireadh a chur leis na débhríonna sin agus a áirithiú ag an am céanna go gcoinneofaí solúbthacht de chineál éigin i ndáil leis an sainmhíniú.

(9)  De réir an tsainmhínithe reatha ar iompar comhcheangailte, áirithítear leis an bhfad íosta 100 km don chéim neamhbhóthair d’oibríocht iompair chomhcheangailte go gcumhdaítear formhór na n-oibríochtaí iompair leis an sainmhíniú. Clúdaíonn céimeanna de loingseoireacht d’iarnród agus céimeanna de loingseoireacht ghearrthurais faid fhada chun bheith iomaíoch le hiompar de bhóthar amháin. Áirithítear leis an bhfad íosta sin freisin go n-eisiatar ó raon feidhme na Treorach oibríochtaí sonracha amhail gearrthurais farantóireachta nó iompar domhainfharraige, oibríochtaí a dhéanfaí in aon chás. De bharr teorainneacha den sórt sin, áfach, ní thagann faoin sainmhíniú ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte roinnt oibríochtaí iompair d’uiscebhealaí intíre a dhéantar timpeall ar chalafoirt agus ar cheirtleáin,oibríochtaí a chuireann go mór le plódú a laghdú i ngréasáin bhóithre atá suite i gcalafoirt farraige agus sa chúlchríoch máguaird agus le hualaí comhshaoil a laghdú i gceirtleáin. B'fhiú, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an bhfad íosta sin agus an t-eisiamh oibríochtaí áirithe a choimeád ag an am céanna, amhail oibríochtaí a bhfuil loingsithe domhainfharraige nó gearrthurais farantóireachta i gceist leo.

(9a)  Is gá a shoiléiriú go bhfuil sé ceadaithe 44 thona ollmheáchain a bheith i leantóirí agus i leathleantóirí atá intógtha le craein má tá na haonad luchtaithe aitheanta de réir chaighdeáin idirnáisiúnta ISO6346 agus EN13044. [Leasú 9]

(10)  Le méidteorainn íosta na n-aonad lóid a shonraítear faoi láthair sa sainmhíniú ar iompar comhcheangailte d'fhéadfaí bac a chur ar réitigh idirmhódacha nuálacha a fhorbairt amach anseo d'iompar uirbeach. OS a choinne sin, dá mbeifí in ann aonaid lóid a shainaithint trí chaighdeáin atá ann cheana, d’fhéadfaí dlús a chur lena láimhseáil i gcríochfoirt agus sreabhadh na n-oibríochtaí iompair chomhcheangailte a éascú chun a áirithiú go gcaithfí ar bhealach níos éasca le haonaid lóid shainithe agus chun a áirithiú go seasfaidís an aimsir.

(11)  De bhrí go n-úsáidtear stampaí ar bhealach seanchaite chun a chruthú gur cuireadh oibríocht iompair chomhcheangailte i gcrích, cuirtear cosc ar fhorfheidhmiú éifeachtach na mbeart agus fíorú na hincháilitheachta do na bearta dá bhforáiltear i dTreoir 92/106/CEE. Ba cheart soiléiriú a thabhairt maidir leis an bhfianaise atá ag teastáil chun a chruthú go bhfuil oibríocht iompair chomhcheangailte á déanamh agus maidir leis an modh ina soláthrófar fianaise den sórt sin. Ba cheart úsáid agus tarchur faisnéise leictreonaí iompair a spreagadh agus shimpleodh sin an soláthar fianaise ábhartha agus an dóigh a bpléann na húdaráis ábhartha leis an bhfianaise sin, d’fhonn úsáid doiciméad páipéir a chéimniú amach sa todhchaí. Ba cheart formáid atá iontaofa agus barántúil a úsáid. Ba cheart forbairtí ar leibhéal an Aontais a chur san áireamh sa chreat rialála agus i dtionscnaimh lena simplítear nósanna imeachta riaracháin agus digitiú na ngnéithe iompair. [Leasú 10]

(11a)   D’fhonn an t-iompar comhcheangailte a dhéanamh iomaíoch agus tarraingteach d’oibreoirí, go háirithe do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ba cheart go n-íoslaghdófaí an t-ualach riaracháin a bhaineann le hoibríocht iompair chomhcheangailte , seachas oibríocht iompair aonmhódaigh, a dhéanamh. [Leasú 11]

(12)  Tá raon feidhme na mbeart reatha tacaíochta eacnamaíche a shainítear i dTreoir 92/106/CEE an -teoranta, a gcuimsítear ann bearta fioscacha (eadhon cánacha a aisíoc nó a laghdú) nach mbaineann ach le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte d’iarnród/de bhóthar. Ba cheart bearta den sórt sin a leathnú chuig oibríochtaí iompair chomhcheangailte lena gcumhdaítear iompar d’uiscebhealaí intíre agus iompar muirí. Ba cheart tacú le cineálacha ábhartha eile beart freisin amhail bearta tacaíochta infheistíochta bonneagair agus teicneolaíocht dhigiteach nó bearta difriúla tacaíochta eacnamaíche. I ndáil le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart foráil a dhéanamh d’idirthréimhse le haghaidh dí-ábharú a dhéanamh ar dhoiciméid lena ndeimhnítear go bhfuil iompar comhcheangailte tar éis tarlú. Le linn na hidirthréimhse sin, ba cheart ionstraimí na n-údarás cigireachta a uasghrádú ó thaobh na teicneolaíochta de. Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i gcríochfoirt thrasloingsithe chun plódú tráchta ar na bóithre a laghdú, chun maolú a dhéanamh ar scoiteacht limistéar tionsclaíoch nach bhfuil bonneagar den sórt sin iontu agus chun inrochtaineacht agus nascacht dhigiteach na saoráidí láimhseála lasta a fheabhsú. [Leasú 12]

(13)  Is ar leibhéal an chríochfoirt trasloingsithe atá an príomhscrogall bonneagair lena gcuirtear bac ar an aistriú ó iompar lasta de bhóthar chuig modhanna eile iompair, agus is measa atá an scéal mar gheall ar nach bhfuil gréasán TEN-T curtha chun feidhme ar bhealach comhleanúnach. Ní leor dáileadh ná cumhdach reatha na gcríochfort trasloingsithe san Aontas – nó ní leor iad feadh an Chroíghréasáin agus an Ghréasáin Chuimsithigh reatha TEN-T ar a laghad ach dá ainneoin sin, táthar ar tí teorainn acmhainne na gcríochfort reatha trasloingsithe a shroicheadh agus beidh gá an acmhainn sin a fhorbairt chun go mbeifear in ann déileáil leis an bhfás foriomlán ar thrácht lasta. D’fhéadfaí costais fhoriomlána trasloingsithe a laghdú agus ar an gcaoi sin aistriú módach gaolmhar a spreagadh dá ndéanfaí infheistíocht in acmhainn na gcríochfort trasloingsithe, mar a léiríodh i roinnt Ballstát cheana. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit, ag gníomhú dóibh i gcomhar le Ballstáit chomharsanacha agus leis an gCoimisiún, a áirithiú go dtógfar ndéanfar, i gcás inar gá, na críochfoirt trasloingsithe atá ann cheana a leathnú agus go ndéanfar tuilleadh críochfort trasloingsithe le haghaidh iompar comhcheangailte nó go gcuirfear tuilleadh acmhainn trasloingsithe ar fáil d’oibreoirí iompair a thógáil nó a chur ar fáil d'oibreoirí iompair nó tuilleadh pointí trasloingsithe a shuiteáil sna limistéir ina bhfuil gá leo. Chuirfeadh an méid sin lena tharraingtí atá roghanna eile iompair lasta agus spreagfadh sé aistriú módach, rud a dhéanfadh oibríochtaí iompair chomhcheangailte níos iomaíche ná iompar de bhóthar amháin. Ba cheart cumhdach agus acmhainn na gcríochfort trasloingsithe a mhéadú feadh an Chroíghréasáin agus an Ghréasáin Chuimsithigh TEN-T atá ann cheana ar a laghad. Ar an meán, ba cheart críochfort trasloingsithe oiriúnach amháin ar a laghad le haghaidh iompar comhcheangailte a bheith lonnaithe fad nach mó ná 150 km ó aon láthair loingsithe san Aontas. Maidir leis na hioncaim a ghintear ón tobhach i leith muirir costas seachtrach dá bhforáiltear faoi Airteagal 2 de Threoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), ba cheart go rachaidís chun tairbhe d'iompar comhcheangailte. [Leasú 13]

(13a)   Ba cheart do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i gcríochfoirt thrasloingsithe chun scrogaill tráchta agus limistéir phlódaithe a laghdú, go háirithe na cinn atá gar do limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha, chun go mbeadh sé níos éasca constaicí nádúrtha amhail ceantair shléibhtiúla a trasnú, chun idirnaisc trasteorann a neartú, chun astaíochtaí truailleán aeir a laghdú agus chun feabhas a chur ar an rochtain ar limistéir thionsclaíocha atá ar díthbonneagar den chineál sin., agus chun feabhas a chur ar an rochtain ó na limistéir sin freisin. [Leasú 14]

(14)  Ba cheart do na Ballstáit bearta breise tacaíochta eacnamaíche a chur chun feidhme i dteannta na gceann atá ann cheana féin, agus iad dírithe ar na céimeanna éagsúla d’oibríocht iompair chomhcheangailte, chun iompar lasta de bhóthar a laghdú agus chun úsáid modhanna eile iompair amhail iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre agus iompar muirí a spreagadh, rud a laghdódh truailliú aeir, astaíochtaí gás ceaptha teasa, timpistí tráchta ar bhóithre, torann agus plódú, agus gníomhaíocht a spreagfadh chun borradh a chur faoi dhigitiú na hearnála agus an mhargaidh inmheánaigh agus chun é a chur chun feidhme. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist le bearta den sórt sin: cánacha nó táillí iompair áirithe a laghdú, deontais a sholáthar d’aonaid lóid idirmhódaigh arna n-iompar le fírinne in oibríochtaí iompair chomhcheangailte, agus costais trasloingsithe a aisíoc go páirteach, i measc bearta eile. D’fhéadfaí a áireamh le bearta den sórt sin comhtháthú córas ceangailte agus uathoibriú oibríochtaí a chothú mar aon le hinfheistíocht i lóistíocht dhigiteach, córais nuálaíocha láimhseála lasta, teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus córais iompair chliste, chun sreafaí faisnéise a éascú. D’fhéadfaí a áireamh freisin le bearta den sórt sin borradh a chur faoin bhfeidhmíocht chomhshaoil, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an iompair chomhcheangailte trí úsáid feithiclí glana nó feithiclí astaíochtaí ísle agus úsáid breoslaí ionadúla a spreagadh, trí thacú le hiarrachtaí éifeachtúlachta fuinnimh agus le húsáid fuinnimh in-athnuaite ar fud shlabhra an iompair chomhcheangailte agus trí na cineálacha éagsúlanúise a bhaineann le hiompar, lena n-áirítear torann, a laghdú. [Leasú 15]

(14a)  Ba cheart go leanfadh na cistí agus na cláir éagsúla um maoiniú taighde in AE de thacú leis na Ballstáit maidir le gnóthú aidhmeanna na Treorach seo. [Leasú 16]

(14b)  Uirlis thábhachtach eile is ea an infheistíocht sa lóistíocht chun iomaíochas an iompair chomhcheangailte a dhéanamh níos iomaíche. Dhéanfaí malartú sonraí a éascú, éifeachtúlacht agus costas oibríochtaí trasloingsithe a fheabhsú agus an t-am a thógtar lena ndéanamh a laghdú trí úsáid a bhaint as réitigh dhigiteacha ar bhonn níos córasaí, lena n-áirítear teicneolaíochtaí cumarsáide agus faisnéise nó córais chliste cheangailte. [Leasú 17]

(14c)  Ina theannta sin, neartódh infheistíocht in oiliúint an lucht saothair sa slabhra lóistíochta, go háirithe ag críochfoirt thrasloingsithe, iomaíochas an iompair chomhcheangailte. [Leasú 18]

(15)  Ba cheart bearta tacaíochta le haghaidh oibríochtaí iompair chomhcheangailte a chur chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha um Státchabhair atá sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Le státchabhair, éascaítear forbairt gníomhaíochtaí eacnamaíocha nuair nach ndéanann sí difear do dhálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann de réir bhrí Airteagal 107(3)(c) CFAE, agus is uirlis úsáideach í trína gcuirtear chun cinn tionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur i gcrích de réir bhrí Airteagal 107(3)(b) CFAE. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh, sna cásanna sin, ar na Ballstáit a dhíolmhú go páirteach ón gceanglas dá bhforáiltear in Airteagal 108(3) CFAE maidir leis an gCoimisiún a chur ar an eolas. [Leasú 19]

(16)  Chun infheistíochtaí forluiteacha a d’fhéadfadh a bheith ann idir Ballstáit atá i ndlúthghaireacht dá chéile a sheachaint, ba cheart bearta tacaíochta a chomhordú, de réir mar is gá, idir na Ballstáit agus an Coimisiún, trí dhlúthchomhar idir údaráis inniúla na mBallstát. [Leasú 20]

(17)  Ba cheart do na Ballstáit na bearta tacaíochta a athbhreithniú ar bhonn rialta freisin chun a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht a áirithiú, agus ba cheart measúnú a dhéanamh ar a dtionchar foriomlán ar earnáil iompair na hEorpa, mar a léirítear sa tStraitéis Eorpach um Shoghluaisteacht Íseal-Astaíochtaí. Ba cheart bearta ceartaitheacha a dhéanamh de réir mar is gá. Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, measúnú a dhéanamh ar na bearta éagsúla a dtugann na Ballstáit fúthu agus ar éifeachtúlacht na mbeart sin, agus ba cheart dó comhroinnt an dea-chleachtais a chur chun cinn. [Leasú 21]

(18)  Chun críocha na Treorach seo, níor cheart aon idirdhealú a dhéanamh idir iompar comhcheangailte ar fruiliú nó ar airgead agus iompar comhcheangailte féinchuntais.

(18a)  Tá an easpa staidrimh inchomparáide agus iontaofa ina constaic faoi láthair ar mheastóireacht a dhéanamh ar iompar traschórais san Aontas agus ar bhearta a ghlacadh chun an acmhainneacht atá ann a shaothrú. [Leasú 22]

(19)  Chun déileáil le héabhlóid an iompair san Aontas, agus le héabhlóid an mhargaidh iompair chomhcheangailte go háirithe, ba cheart do na Ballstáit sonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú agus a thuairisciú chuig an gCoimisiún ar bhonn rialta agus ba cheart don Choimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus údaráis inniúla na mBallstát gach ceithre bliana. [Leasú 23]

(19a)  Ba cheart go mbeadh an Coimisiún freagrach as an Treoir seo a chur chun feidhme go cuí agus as gnóthú an chuspóir maidir le hiompar traschórais a fhorbairt ar bhonn uile-Aontais faoin mbliain 2030 agus faoin mbliain 2050. Chun na críche sin, ba cheart dó, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, measúnú rialta a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le sciar an iompair traschórais i ngach Ballstát a mhéadú agus, más gá, togra a thíolacadh maidir leis an Treoir seo a leasú d’fhonn an cuspóir uile-Aontais sin a ghnóthú. [Leasú 24]

(20)  Tá trédhearcacht tábhachtach do na páirtithe leasmhara uile atá ag gabháil d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte, go háirithe iad sin a an Treoir seo difear dóibh. Chun tacú le trédhearcacht den sórt sin, agus chun tuilleadh comhair a chur chun cinn, ba cheart údaráis inniúla a shainaithint i ngach Ballstát.

(21)  Chun aird a thabhairt ar fhorbairtí margaidh agus ar dhul chun cinn teicniúil, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Treoir seo a fhorlíonadh le tuilleadh sonraí faoin bhfaisnéis faoi oibríochtaí iompair chomhcheangailte atá le tuairisciú ag na Ballstáit . Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(12). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(22)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, mar atá an t-aistriú ó iompar de bhóthar chuig modhanna iompair nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol a chur chun cinn a thuilleadh agus, ar an mbealach sin, seachtrachtaí diúltacha chóras iompair an Aontais a laghdú, iompar comhcheangailte a dhéanamh iomaíoch i gcomparáid le hiompar de bhóthar a ghnóthú go leordhóthanach agus ach, de bharr chineál trasteorann an iompair lasta chomhcheangailte agus an bhonneagair idir-nasctha, agus de bharr na bhfadhbanna a mbeartaítear aghaidh a thabhairt orthu leis an Treoir seo, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. [Leasú 25]

(23)  Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 92/106/CE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Treoir 92/106/CEE mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"

“Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí”;

"

(2)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"

"Airteagal 1

1.  Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte.

2.  Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn ‘iompar comhcheangailte’ iompar earraí trí oibríocht iompair a chuimsíonn céim bhóthair thosaigh nó céim bhóthair dheiridh den turas, nó an dá cheann díobh, agus céim neamhbhóthair den turas ina n-úsáidtear iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealach intíre nó iompar muirí:

   (a) i leantóir nó leathleantóir, a bhfuil aonad tarracóra, cabhail shoghluaiste nó coimeádán air nó nach bhfuil ceann ar bith díobh air, a shainaithnítear i gcomhréir leis an gcóras sainaitheantais a bunaíodh de bhun chaighdeáin idirnáisiúnta ISO6346 agus EN13044, i gcás ina dtrasloingsítear an t-aonad lóid idir na modhanna difriúla iompair; nó lena n-áirítear leathleantóirí atá intógtha le craein a bhfuil uasliúntas meacháin 44 thona iontu, i gcás ina dtrasloingsítear an t-aonad lóid idirmhódúil neamhthionlactha idir na modhanna difriúla iompair (oibríocht iompair chomhcheangailte neamhthionlactha); nó [Leasú 26]
   (b) le feithicil bóthair a iompraítear bhóthair atá á tionlacan ag a tiománaí agus á hiompar trí iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre nó iompar muirí don chéim neamhbhóthair den turas (oibríocht iompair chomhcheangailte thionlactha). [Leasú 27]

De mhaolú air sin, cumhdófar le pointe (a) den mhír seo freisin go dtí [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] leantóirí agus leathleantóirí nach bhfuil intógtha le craein in oibríocht iompair chomhcheangailte neamhthionlactha nach bhfuil aitheanta i gcomhréir leis an gcóras aitheantais arna bhunú de bhun chaighdeáin idirnáisiúnta ISO6346 agus EN13044. [Leasú 28]

Céimeanna neamhbhóthair ina n-úsáidtear iompar d’uiscebhealaí intíre nó iompar muirí nach bhfuil aon mhalairt choibhéiseach iompair de bhóthar orthu nó atá dosheachanta in oibríocht iompair atá inmharthana ó thaobh tráchtála de iompair de bhóthar ann atá coibhéiseach leo nó atá inmharthana ó thaobh tráchtála, ní chuirfear san áireamh iad chun críocha na n-oibríochtaí iompair chomhcheangailte. [Leasú 29]

3.  Ní sháróidh aon chéim bhóthair dá dtagraítear i mír 2 an ceann is faide de na faid seo a leanas fad 150 km i gcríoch an Aontais:

   (a) fad 150 km i bhfoirm líne díreach trasna tíre;
   (b) 20 % den fhad i bhfoirm líne díreach trasna tíre idir an pointe luchtaithe don chéim thosaigh agus an pointe díluchtaithe don chéim dheiridh, i gcás inar mó an fad sin ná an fad dá dtagraítear i bpointe (a). [Leasú 30]

Beidh feidhm ag an bhfadteorainn sin don chéim bhóthair maidir le fad iomlán gach céime bóthair, lena n-áirítear gach bailiú agus seachadadh idirmheánach. Ní bheidh feidhm aici maidir le hiompar aonaid lóid atá folamh ná le pointe bailithe na n-earraí ná ó phointe seachadta na n-earraí.

Féadfar an fhadteorainn don chéim bhóthair a shárú d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte de bhóthar/d’iarnród, i gcás ina mbeidh sé sin údaraithe ag an mBallstát nó ag na Ballstáit a gcuirtear an chéim bhóthair i gcrích ar a chríoch nó ar a gcríoch, chun an críochfort iompair is gaire a shroicheadh ina bhfuil an acmhainn trasloingsithe oibríochtúil a theastaíonn chun críocha luchtaithe nó díluchtaithe i ndáil le trealamh trasloingsithe, acmhainn críochfoirt agus seirbhísí cuí iompair lasta d’iarnród. Maidir leis an bhfadteorainn don chéim bhóthair a shonraítear sa mhír seo d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte de bhóthar/d’iarnród, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit a gcuirtear an chéim bhóthair i gcrích ar a chríoch nó ar a gcríoch cead a thabhairt í a shárú, más gá é sin chun an críochfort iompair nó an pointe trasloingsithe is gaire a shroicheadh ina bhfuil an acmhainn trasloingsithe oibríochtúil a theastaíonn chun críocha luchtaithe nó díluchtaithe i ndáil le trealamh trasloingsithe, acmhainn críochfoirt, uaireanta oscailte an chríochfoirt agus seirbhísí iomchuí iompair lasta iarnróid, in éagmais críochfort nó pointe trasloingsithe lena gcomhlíontar na coinníollacha sin laistigh den fhadteorainn. Ba cheart údar cuí a thabhairt le sárú den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal mír 2, pointe (ea). Féadfaidh na Ballstáit laghdú suas go 50% a dhéanamh ar fhad 150 km na céime de bhóthar i gcás oibríochtaí comhcheangailte iarnróid/bóthair ar chuid dá gcríoch atá sainithe go beacht ar bhonn cúiseanna comhshaoil agus ar choinníoll go bhfuil críochfort oiriúnach lonnaithe laistigh den fhadteorainn sin. [Leasú 31]

4.  Measfar go bhfuil oibríocht iompair chomhcheangailte á cur i gcrích san Aontas i gcás ina gcomhlíonann an oibríocht nó an chuid den oibríocht atá á cur i gcrích san Aontas na ceanglais a leagtar síos i míreanna 2 agus 3. Chun críche na Treorach seo, ní dhéanfar an chéim bhóthair agus/nó an chéim neamhbhóthair ná an chuid sin den chéim atá á cur i gcrích lasmuigh de chríoch an Aontais a mheas a bheith ina cuid den oibríocht iompair chomhcheangailte." [Leasú 32]

"

(3)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"

"Airteagal 3

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach measfar go bhfuil iompar de bhóthar mar chuid d’oibríocht iompair chomhcheangailte a chumhdaítear leis an Treoir seo ach amháin i gcás inar féidir leis an iompróir fianaise shoiléir faisnéis a thabhairt lena soláthraítear fianaise shoiléir gurb é atá in iompar de bhóthar den sórt sin céim bhóthair d’oibríocht iompair chomhcheangailte, lena n-áirítear aonaid lóid atá folamh a iompar roimh iompar na n-earraí agus ina dhiaidh agus go ndéanfar an fhaisnéis sin a tharchur go cuí, sula gcuirfear tús leis an oibríocht, chuig an tarlóir a chuirfidh an oibríocht i gcrích. [Leasú 33]

2.  Cuimseofar san fhianaise dá dtagraítear i mír 1 na sonraí seo a leanas do Ionas go measfar gur fianaise shoiléir atá inti, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a thíolacadh nó a tharchur san fhormáid dá dtagraítear i mír 5 agus cuimseofar inti na sonraí seo a leanas maidir le gach oibríocht iompair chomhcheangailte: [Leasú 34]

   (a) ainm, seoladh, sonraí teagmhála agus síniú an tseoltóra;[.]
   (aa) murab ionann iad agus sonraí an tseoltóra, ainm, seoladh, sonraí teagmhála agus síniú an oibreora atá freagrach as an oibríocht iompair chomhcheangailte a ródú; [Leasú 35]
   (b) an áit a dtosaítear an oibríocht iompair chomhcheangailte san Aontas agus an dáta a thosaítear í;
   (c) ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an choinsíní;
   (d) an áit a gcríochnaítear an oibríocht iompair chomhcheangailte san Aontas;
   (e) an fad i b líne dhíreach trasna tíre idir an áit a dtosaítear an oibríocht iompair chomhcheangailte agus an áit a gcríochnaítear an oibríocht iompair chomhcheangailte san Aontas;
   (ea) má tá an fad sin thar an bhfadteorainn dá dtagraítear in Airteagal 1(3), údar cuí leis sin i gcomhréir leis na critéir dá bhforáiltear san fhomhír dheiridh de; [Leasú 36]
   (f) tuairisc, a bheidh sínithe ag an seoltóir oibreoir atá freagrach as an bpleanáil, le síniú is féidir a bheith i bhfoirm leictreonach, ar ródú na hoibríochta iompair chomhcheangailte, lena n-áirítear na sonraí seo a leanas ar a laghad do gach céim, agus do gach modh iompair a úsáidtear le linn na céime neamhbhóthair, den oibríocht laistigh den Aontas: [Leasú 37]
   – (i) ord na gcéimeanna (i.e. an chéad chéim, an chéim neamhbhóthair nó an chéim dheiridh);
   – (ii) ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an iompróra (na n-iompróirí); [Leasú 38]
   – (iii) an modh iompair agus áit an mhodha iompair sin san oibríocht;
   (g) sainaithint ar an aonad lóid idirmhódaigh atá á iompar;
   (h) don chéim thosaigh iompair de bhóthar:
   – (i) áit an trasloingsithe chuig an gcéim neamhbhóthair; [Leasú 39]
   – (ii) fad na céime tosaigh iompair de bhóthar i líne dhíreach trasna tíre idir áit an loingsithe agus an chéad chríochfort idir áit an loingsithe agus an chéad chríochfort iompair nó pointe críochfoirt trasloingsithe; [Leasú 40]
   – (iii) i gcás ina bhfuil an chéim bhóthair thosaigh curtha i gcrích, síniú an iompróra tarlóra á dheimhniú gur cuireadh an oibríocht iompair ar an gcéim bhóthair i gcrích; [Leasú 41]
   (i) don chéim dheiridh iompair de bhóthar:
   – (i) an áit a dtógtar na hearraí ar láimh ón gcéim neamhbhóthair (iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre nó iompar muirí);
   – (ii) fad na céime deiridh iompair de bhóthar i líne dhíreach trasna tíre idir áit an trasloingsithe agus an áit a gcríochnaítear an oibríocht iompair chomhcheangailte san Aontas); [Leasú 42]
   (j) don chéim neamhbhóthair:
   – (i) i gcás ina bhfuil an chéim neamhbhóthair curtha i gcrích, síniú an iompróra (nó síniú na n-iompróirí, i gcás ina raibh dhá cheann nó níos mó d’oibríochtaí neamhbhóthair ann le linn na céime neamhbhóthair) á dheimhniú gur cuireadh an oibríocht iompair ar an gcéim neamhbhóthair i gcrích;
   – (ii) nuair atá sin ar fáil, síniú nó séala na n-údarás údaráis ábhartha iarnróid nó calafoirt an chomhlachta is freagrach sna críochfoirt ábhartha (stáisiún traenach nó calafort) lena mbaineann feadh na hoibríochta ar an gcéim neamhbhóthair á dheimhniú gur cuireadh an chuid ábhartha den chéim neamhbhóthair i gcrích. [Leasú 43]
   (ja) nuair a sháraítear fadteorannacha na céime de bhóthar i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 1(3) na cúiseanna is údar cuí leis sin. [Leasú 44]

3.  Ní bheidh aon doiciméad breise ag teastáil chun a chruthú go bhfuil an t-iompróir ag cur oibríocht iompair chomhcheangailte i gcrích.

4.  Déanfar an fhianaise dá dtagraítear i mír 1 a chur i láthair nó a tharchur ar iarratas ó oifigeach údaraithe cigireachta an Bhallstáit ina ndéantar an tseiceáil. I gcás seiceálacha cois bóthair, cuirfear an fhianaise i láthair le linn seiceála den sórt sin. thíolacadh nó a tharchur arna iarraidh sin ag oifigeach údaraithe cigireachta an Bhallstáit ina ndéantar an tseiceáil agus san fhormáid dá dtagraítear i mír 5. I gcás seiceálacha cois bóthair, cuirfear an fhianaise i láthair le linn seiceála den sórt sin, agus laistigh de 45 nóiméad ar a mhéad. Mura féidir iad a chur ar fáil tráth na seiceála bóthair, déanfar na sínithe dá dtagraítear i bpointe (h)(iii) agus i bpointe (j) de mhír 2 a thíolacadh nó a tharchur, laistigh de 5 lá oibre tar éis na seiceála, d’údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh an fhianaise scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit sin nó i mBéarla. Le linn seiceáil cois bóthair, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile a d’fhéadfadh tacú leis an fhianaise dá dtagraítear i mír 2 a sholáthar. [Leasú 45]

5.  Féadfar an fhianaise a sholáthar trí dhoiciméad iompair lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán Uimh. 11 ón gComhairle nó trí dhoiciméid iompair eile atá ann cheana amhail doiciméad iompair an Choinbhinsiúin maidir leis an gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) nó maidir le Rialacha Comhionanna maidir leis an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Earraí d'Iarnród (CIM) atá ann cheana amhail na nótaí coinsíneachta dá bhforáiltear faoi na coinbhinsiúin iompair idirnáisiúnta nó náisiúnta atá ann cheana, go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún foirm chaighdeánaithe a leagan síos trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. [Leasú 46]

Féadfar fianaise den sórt sin a chur i láthair nó a tharchur go leictreonach trí úsáid a bhaint as formáid struchtúrtha in-athbhreithnithe is féidir a úsáid go díreach le haghaidh nithe a stóráil agus a phróiseáil le ríomhairí, lena n-áirítear an nóta coinsíneachta leictreonach faoin gCoinbhinsiún maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar a fhorlíonadh don chéim bhóthair forlíonadh a chur leis an nóta coinsíneachta leictreonach faoin gcoinbhinsiún atá ann cheana maidir le hiompar idirnáisiúnta nó náisiúnta. Beidh sé de cheangal ar údaráis na mBallstát glacadh le faisnéis leictreonach a bhaineann leis an bhfianaise. Nuair is le huirlisí leictreonacha a dhéanfar faisnéis a mhalartú idir na húdaráis agus na hoibreoirí, is teicnící próiseála sonraí leictreonacha a úsáidfear chun an malartú sin agus stóráil na sonraí sin a dhéanamh. [Leasú 47]

Rachaidh na Ballstáit i dtreo doiciméadú a dhí-ábharú de réir a chéile, agus déanfaidh siad foráil d’idirthréimhse go dtí go mbeifear go hiomlán éirithe as an bhformáid pháipéir a úsáid. [Leasú 48]

6.  Chun críocha na seiceálacha cois bóthair, ceadófar neamhréireacht idir an oibríocht iompair agus an fhianaise atá tugtha, go háirithe i ndáil leis an bhfaisnéis ródaithe a leagtar amach i bpointe (g) bpointí (f), (h) agus (i) de mhír 2, i gcás ina bhfuil údar cuí léi agus i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil smacht ag an iompróir/na hiompróirí tarlóir nó na tarlóirí orthu a bheith mar chúis le hathruithe san oibríocht iompair chomhcheangailte. Chuige sin, ceadófar don tiománaí dul i dteagmháil leis an gceannoifig, leis an mbainisteoir iompair nó le haon duine nó eintiteas eile a d’fhéadfadh tuilleadh údair a thabhairt leis an neamhréireacht sin idir an fhianaise atá tugtha agus an oibríocht iarbhír. [Leasú 49]

"

(4)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:"

"Airteagal 5

1.  Cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, ar an gcéad ásc faoin [xx/xx/xxxx - 18 12 mí tar éis thrasuí na Treorach] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuarascáil ina dtabharfar an fhaisnéis seo a leanas a bhaineann leis na hoibríochtaí iompair chomhcheangailte a chumhdaítear leis an Treoir seo ar a gcríoch: [Leasú 50]

   (a) na naisc conairí ghréasáin iompair náisiúnta agus trasteorann a úsáidtear in oibríochtaí iompair chomhcheangailte; [Leasú 51]
   (b) an méid an toirt iomlán agus bhliantúil in aonaid choibhéise fiche troigh (TEU) agus i dtona-ciliméadair atá in oibríochtaí iompair chomhcheangailte de réir cineál oibríochta (iompar d’iarnród, iompar de bhóthar, iompar d’uiscebhealaí intíre, etc... céim bhóthair/céim neamhbhóthair, eadhon trí iompar d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus ar bhealaí muirí) agus de réir cumhdach geografach (náisiúnta agus laistigh den Aontas); [Leasú 52]
   (c) líon agus cumhdach geografach na gcríochfort lena bhfreastalaítear ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte agus líon na dtrasloingsithe a dhéantar ar na críochfoirt sin gach bliain líon na dtrasloingsithe a chuirtear i gcrích trí theicneolaíochtaí démhodhacha agus cumhdach geografach na bpointí trasloingsithe sin, mar aon le líon, láthair agus cumhdach geografach na gcríochfort lena bhfreastalaítear ar oibríochtaí iompair chomhcheangailte, le miondealú de réir chineál na n-oibríochtaí in aghaidh an chríochfoirt (céim bhóthair/céim neamhbhóthair, eadhon iompar d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus ar bhealaí muirí) agus líon na dtrasloingsithe in aghaidh na bliana agus measúnú ar an acmhainn a úsáidtear i gcríochfoirt; [Leasú 53]
   (ca) athruithe ar sciar an iompair traschórais agus ar na modhanna éagsúla iompair ar an gcríoch, [Leasú 54]
   (d) forbhreathnú ar na bearta náisiúnta tacaíochta uile a úsáidtear agus a bheartaítear, lena n-áirítear an glacadh leis na bearta faoi seach agus an tionchar measúnaithe atá acu atá leis na bearta faoi seach agus measúnú ar an tionchar atá acu ar úsáid iompair chomhcheangailte agus an difear a dhéanann siad a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil, scrogall tráchta, plódú tráchta, sábháilteacht agus éifeachtúlacht; [Leasú 55]
   (da) líon agus suíomh geografach na n-oibríochtaí a sháraíonn an fhadteorainn don chéim bhóthair dá dtagraítear in Airteagal 1(3); [Leasú 56]
   (db) pointí tionscnaimh agus cinn scríbe, ar leibhéal NUTS 3, na sreafaí lasta ar bhóithre an Ghréasáin tras-Eorpach Iompair (TEN-T) a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. [Leasú 57]

1a.  Déanfaidh an Coimisiún na sonraí arna dtarchur ag na Ballstáit a fhoilsiú i bhfoirm trína bhféadfar comparáid a dhéanamh idir na Ballstáit. [Leasú 58]

2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10a lena bhforlíontar an Treoir seo trí thuairisc a thabhairt ar ábhar agus sonraí na faisnéise faoi oibríochtaí iompair chomhcheangailte dá dtagraítear i mír 1.

3.  Bunaithe ar anailís ar na tuarascálacha náisiúnta, Ar bhonn anailís ar na tuarascálacha náisiúnta, agus ar shonraí staidrimh arna dtarraingt suas ar bhonn tásca agus modheolaíochtaí atá comhchoiteann ar fud an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, ar an gcéad ásc faoin [xx/xx/xxx - 9 mí tar éis an spriocdháta deiridh faoinar cheart do na Ballstáit tuarascáil a chur isteach] agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuarascáil a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, agus na Comhairle agus údaráis inniúla na mBallstát maidir leis na nithe seo a leanas: [Leasú 59]

   (a) forbairt eacnamaíoch an iompair chomhcheangailte thraschórais, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal uile-Aontais, go háirithe i bhfianaise éabhlóid fheidhmíocht comhshaoil na modhanna difriúla iompair; [Leasú 60]
   (b) na héifeachtaí a bhí ag cur chun feidhme na Treorach agus ag gníomhartha reachtacha gaolmhara ón Aontas sa réimse seo;
   (c) éifeachtacht agus éifeachtúlacht na mbeart tacaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 6, trí na bearta a shonrú a mheasann sé is éifeachtúla chun freastal ar bhunchuspóir na Treorach seo agus chun freastal ar dhea-chleachtas sna Ballstát; [Leasú 61]
   (ca) athruithe ar sciar an iompair chomhcheangailte i ngach Ballstát agus ar leibhéal an Aontais, d’fhonn cuspóirí iompair an Aontais a ghnóthú faoi 2030 agus 2050; [Leasú 62]
   (d) bearta féideartha eile breise, lena n-áirítear athbhreithniú ar an sainmhíniú ar iompar comhcheangailte mar a thugtar in Airteagal 1 agus athrú ar an liosta beart dá bhforáiltear in Airteagal 6 shainmhínítear in Airteagal 1, feabhsuithe ar bhailiú sonraí agus ar fhoilsiú na sonraí sin ar leibhéal an Aontais, agus oiriúnú ar an liosta beart dá bhforáiltear in Airteagal 6, lena n-áirítear leasuithe féideartha ar rialacha maidir le Státchabhair. [Leasú 63]

______________________

*. Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1).”

"

(4a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 6(1):"

“1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar na cánacha a liostaítear i mír 3 atá infheidhme maidir le feithiclí bóthair (leoraithe, tarracóirí, leantóirí , leathleantóirí, uiscebhealaí intíre, coimeádáin nó aonaid luchtaithe ilmhódacha) agus iad ródaithe in iompar comhcheangailte a laghdú nó a aisíoc, agus méid caighdeánach i gceist, nó méid atá i gcomhréir leis na turais a dtugann na feithicil sin fúthu d’iarnród nó d’iompar d’uiscebhealaí intíre, laistigh de theorainneacha agus i gcomhréir le coinníollacha agus rialacha a dhéanfaidh siad a shocrú tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.” [Leasú 64]

"

(4b)  In Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"

"Déanfaidh an Stát ina bhfuil na feithiclí cláraithe na laghduithe agus na haisíocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad mhír a dheonú ar bhonn na dturas d’iarnród nó d’uiscebhealaí intíre a ndéanfar difear dóibh laistigh den Stát sin." [Leasú 65]

"

(4c)  In Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:"

"Féadfaidh na Ballstáit, áfach, na laghduithe nó na haisíocaíochta sin a dheonú ar bhonn na dturas d’iarnród nó d’uiscebhealaí intíre a dhéantar go páirteach nó go hiomlán lasmuigh den Bhallstát ina bhfuil na feithiclí cláraithe." [Leasú 66]

"

(5)  In Airteagal 6, cuirtear na míreanna 4, 5, 6, 7 agus 8 seo a leanas isteach :"

"4. Nuair is gá chun an aidhm dá dtagraítear i mír 8 a bhaint amach, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun tacú le hinfheistíocht i gcríochfoirt iompair agus i bpointí trasloingsithe i ndáil leis na nithe seo a leanas: [Leasú 67]

   (a) críochfoirt trasloingsithe den sórt sin a thógáil d’iompar comhcheangailte agus, nuair is gá, iad a leathnú nó pointí trasloingsithe a shuiteáil, i limistéir nach bhfuil saoráidí oiriúnacha ar fáil iontu laistigh den fhadteorainn dá dtagraítear in Airteagal 1(3), d’iompar comhcheangailte, mura rud é nach bhfuil gá leis na saoráidí sin ar an ábhar nach bhfuil siad ábhartha ó thaobh an gheilleagair de nó ar chúiseanna a bhaineann le gnéithe geografacha nó nádúrtha de limistéar ar leith; [Leasú 68]
   (aa) na críochfoirt atá ann cheana a leathnú, i limistéir ina bhfuil gá le hacmhainn bhreise chríochfoirt, nó pointí trasloingsithe breise a shuiteáil agus, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar na tionchair eacnamaíocha, ar measúnú é lena léirítear nach ndéanfaí aon difear diúltach don mhargadh agus go bhfuil gá leis na críochfoirt nua, agus ar choinníoll go bhfuil na hábhair imní comhshaoil curtha san áireamh, críochfoirt nua a thógáil le haghaidh iompar comhcheangailte; [Leasú 69]
   (b) éifeachtúlacht oibríochtúil a mhéadú i gcríochfoirt atá ann cheana, lena n-áirítear trí rochtain ar na críochfoirt sin a áirithiú. [Leasú 70]

Measfar bearta tacaíochta d’iompar comhcheangailte a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach de réirbhrí Airteagal 107(3) CFAE agus déanfar iad a dhíolmhú ón gceanglas fógra in Airteagal 108(3) CFAE, ar choinníoll nárbh ionann iad agus níos mó ná 35% de na costais oibríochtaí ar fad. [Leasú 71]

Rachaidh na Ballstáit i mbun comhordaithe le Ballstáit chomharsanacha agus leis an gCoimisiún agus áiritheoidh siad, tar éis bearta den sórt sin a chur chun feidhme, go dtabharfar tosaíocht do dháileadh geografach cothromaithe agus dóthanach saoráidí oiriúnacha san Aontas a áirithiú, go háirithe ar an gCroíghréasán agus an Gréasán Cuimsitheach TEN-T, ar choinníoll nach mbeidh aon láthair san Aontas suite níos faide ná 150 km an teorainn dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1(3) ó chríochfort den sórt sin. Agus na bearta dá dtagraítear sa mhír seo á ndéanamh acu, tabharfaidh na Ballstáit aird chuí ar an ngá atá leis an méid seo a leanas:

   (a) plódú tráchta a laghdú, go háirithe gar do limistéir uirbeacha agus fho-uirbeacha nó i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha ag baint leo;
   (b) naisc thrasteorann a fheabhsú;
   (c) maolú a dhéanamh ar scoiteacht limistéar nach ann do bhonneagar iontu, agus aird á tabhairt ar riachtanais shonracha agus srianta sonracha na limistéar imeallaithe agus na limistéar is forimeallaí;
   (d) inrochtaineacht agus nascacht a fheabhsú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an mbonneagar trína dtugtar rochtain ar chríochfoirt trasloingsithe; agus
   (e) dlús a chur leis an aistriú chuig digitiú; agus
   (f) tionchar an lastais iarnróid ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte phoiblí a laghdú, mar shampla trí na nithe seo a leanas a chur chun cinn: éifeachtúlacht na bhfeithiclí, úsáid a bhaint as breoslaí malartacha agus as breoslaí níos glaine, úsáid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear i gcríochfoirt, nó trí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as gréasáin iompair trí theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a chur chun feidhme. [Leasú 72]

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na saoráidí trasloingsithe a dtabharfar tacaíocht dóibh ar fáil do gach oibreoir gan idirdhealú.

Féadfaidh na Ballstáit coinníollacha breise a leagan síos maidir le hincháilitheacht don tacaíocht. Déanfaidh siad na coinníollacha sin a chur in iúl do na páirtithe leasmhara. [Leasú 73]

5.  Féadfaidh Faoin 31 Nollaig 2021, glacfaidh na Ballstáit bearta breise a dhéanamh de chineál eacnamaíoch agus reachtach chun feabhas a chur ar a iomaíche atá oibríochtaí iompair chomhcheangailte i gcomparáid le hoibríochtaí coibhéiseacha malartacha iompair de bhóthar, go háirithe d’fhonn an méid ama agus na costais a bhaineann le hoibríochtaí trasloingsithe a laghdú. [Leasú 74]

Le bearta den sórt sin, féadfar aghaidh a thabhairt ar aon oibríocht iompair chomhcheangailte nó ar aon chuid di, amhail oibriú na céime bóthair nó na céime neamhbhóthair, lena n-áirítear an fheithicil a úsáidtear i gcéim den sórt sin, nó amhail an t-aonad lóid nó na hoibríochtaí trasloingsithe.

D’fhonn laghdú a dhéanamh ar an méid ama agus na costais a bhaineann le hoibríochtaí iompair chomhcheangailte, áireofar ar na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ceann amháin nó níos mó ar a laghad de na dreasachtaí seo a leanas:

   (a) tarlóirí a dhíolmhú ó na muirir costas seachtrach agus/nó ó na muirir plódaithe tráchta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 1999/62/CE, rud is chun tairbhe go háirithe d’fheithiclí arna gcumhachtú le breoslaí malartacha dá dtagraítear in Airteagal 2 de Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
   (b) na muirir le haghaidh úsáid bonneagair áirithe a aisíoc le gnóthais a thugann faoi oibríochtaí mar chuid d’oibríocht iompair chomhcheangailte;
   (c) tarlóirí a dhíolmhú ó na teorainneacha a fhorchuirtear faoi thoirmisc thráchta náisiúnta. [Leasú 75]

Agus bearta breise á ndéanamh acu, tabharfaidh na Ballstáit aird chuí freisin ar an ngá atá le dlús a chur leis an aistriú i dtreo earnáil an iompair chomhcheangailte a dhigitiú agus déanfaidh siad an méid seo a leanas go háirithe:

   (a) comhtháthú córas ceangailte agus uathoibriú oibríochtaí a chothú;
   (b) infheistíochtaí sa lóistíocht dhigiteach, sna teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide agus i gcórais iompair chliste a fheabhsú; agus
   (c) úsáid doiciméad páipéir a chéimniú amach sa todhchaí. [Leasú 76]

5a.   Áireofar ar bhearta breise den sórt sin dreasachtaí atá chun tairbhe d’úsáid céimeanna neamhbhóthair. Déanfaidh na Ballstáit bearta a chur san áireamh chun iomaíochas an iompair d’uiscebhealaí a neartú, bearta amhail dreasachtaí airgeadais chun úsáid a bhaint as bealaí loingis ghearrthurais farraige nó as uiscebhealaí intíre nó chun gearrnaisc nua farraige a chruthú. [Leasú 77]

6.  Tabharfaidh na Ballstáit tuairisc don Choimisiún ar na bearta arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo agus ar shonraíocht na mbeart sin.

7.  Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar an tionchar a bhí ag bearta tacaíochta den sórt sin, agus déanfaidh siad athmheastóireacht ar a riachtanais gach ceithre bliana ar a laghad agus, nuair is gá, na bearta lena mbaineann a oiriúnú.;

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé mar aidhm le bearta tacaíochta d’oibríochtaí iompair chomhcheangailte iompar lasta de bhóthar a laghdú agus úsáid modhanna eile iompair amhail iompar d’iarnród, iompar d’uiscebhealaí intíre agus iompar muirí nó feithiclí astaíochtaí ísle, nó úsáid breoslaí ionadúla astaíochtaí ísle, amhail bithbhreoslaí, leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite, gás nádúrtha nó cealla hidrigine a spreagadh, rud a laghdódh truailliú aeir, astaíochtaí gás ceaptha teasa, timpistí tráchta ar bhóithre, torann agus plódú.; [Leasú 78]

_________________

* Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le húsáid a bhaint as bonneagar breoslaí ionadúla (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).”;

"

(6)  Scriostar Airteagail 7 agus 9.

(7)  Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 9a

1.  Ainmneoidh na Ballstáit údarás inniúil amháin nó níos mó chun cur chun feidhme na Treorach seo a áirithiú agus chun gníomhú mar phríomhphointe teagmhála dá cur chun feidhme.

Cuirfidh na Ballstáit na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi na húdaráis inniúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh údaráis inniúla náisiúnta i gcomhar leis na húdaráis inniúla ó Bhallstáit eile. Chun na críche sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis inniúla dá chéile an fhaisnéis a theastaíonn le haghaidh chur i bhfeidhm na Treorach seo. Maidir leis an bhfaisnéis a mhalartófar, áiritheoidh an t-údarás glactha an leibhéal céanna rúndachta agus a áiritheoidh an t-údarás tionscnaimh.

3.  Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha a bhaineann leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 6 agus faisnéis ábhartha eile a fhoilsiú ar an idirlíon ar bhealach sorochtana saor in aisce, chun críocha chur i bhfeidhm na Treorach seo. [Leasú 79]

4.  Déanfaidh an Coimisiún an liosta d’údaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus liosta de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhoilsiú agus a nuashonrú i gcás inar gá Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, an liosta d’údaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1 agus liosta de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhoilsiú ar an idirlíon agus a nuashonrú.;" [Leasú 80]

"

(8)  Cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"

“Airteagal 10a

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe cúig bliana ama amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach (leasaithí) seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. [Leasú 81]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.*

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

___________________

* IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.; "

"

Airteagal 2

1.  Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a thabhairt i bhfeidhm faoin XXXXXX [bliain amháin tar éis ghlacadh na Treorach.] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Áireoidh siad chomh maith ráiteas go ndéanfar tagairtí i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá ann cheana maidir leis an Treoir arna haisghairm leis an Treoir seo a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí le tagairt den sórt sin a dhéanamh agus conas a dhéanfar an ráiteas sin a leagan amach.

2.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 262, 25.7.2018, lch. 52.
(2)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(3)IO C 262, 25.7.2018, lch. 52.
(4)Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
(5)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019.
(6)Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).
(7)Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar a chleachtadh agus lena n-aisghairtear Treoir 96/26/CE ón gComhairle, (IO L 300, 14.11.2009, lch. 51).
(8)Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtain ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar, (IO L 300, 14.11.2009, lch. 72).
(9)Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(10)Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) ( IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).
(11)Treoir 1999/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 1999 maidir le muirir ar úsáid bonneagar áirithe a ghearradh ar thromfheithiclí earraí (IO L 187, 20.07.1999, lch. 42).
(12)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.


Forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin ***I
PDF 1170kWORD 602k
Rún
Téacs comhdhlúite
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Márta 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (COM(2018)0375 – C8-0230/2018 – 2018/0196(COD))
P8_TA(2019)0310A8-0043/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0375),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 177, d’Airteagal 322,(1)(a) agus d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0230/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 25 Deireadh Fómhair 2018(3),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus freisin ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid, don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Rialú Buiséadach, don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0043/2019),

1.  Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(4);

2.  Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 27 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agusan Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí [Leasú 1]

P8_TC1-COD(2018)0196


TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177, Airteagal 322(1)(a) agus Airteagal 349 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(5),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(6),

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí(7),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(8),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún nó na n-oileán is mídheisiúla a laghdú, agus go bhfuil aird ar leith le tabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Baineann na réigiúin seo go háirithe tairbhe as an mbeartas comhtháthaithe. Ceanglaítear le hAirteagal 175 CFAE go bhfuil an tAontas le tacú leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí Chiste Sóisialta na hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí ionstraimí eile. Is é Airteagal 322 CFAE an bunús le rialacha airgeadais a ghlacadh lena gcinntear an nós imeachta atá le glacadh le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus le haghaidh cuntais a chur i láthair agus a iniúchadh, mar aon le seiceálacha a dhéanamh ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais. [Leasú 2]

(1a)  Tá sé tábhachtach do thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus a saoránach go bhfanfaidh an beartas comhtháthaithe mar phríomhbheartas infheistíochta an Aontais agus go bhfanfaidh a chistiúchán sa tréimhse 2021-2027 ar a laghad ar leibhéal chlárthréimhse 2014-2020. Níor cheart do chistiúchán do réimsí eile gníomhaíochta nó do chláir eile de chuid an Aontais dochar a dhéanamh do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó don Chiste Comhtháthaithe. [Leasú 3]

(2)  Le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhordú agus ar chomhchuibhiú chur chun feidhme na gcistí de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, mar atá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, bearta arna maoiniú faoi bhainistíocht comhroinnte sa Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBTV), ba cheart rialacha airgeadais bunaithe ar Airteagal 322 CFAE a leagan síos do na Cistí sin uile (‘na Cistí’), ina sonrófar go soiléir raon feidhme chur i bhfeidhm na bhforálacha éagsúla. Ina theannta sin, ba cheart forálacha coiteanna bunaithe ar Airteagal 177 CFAE a leagan síos chun rialacha maidir le beartais shonracha a chumhdach i gcás CFRE, CSE+, an Chiste Chomhtháthaithe, CEMI agus go pointe áirithe i gcás an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT). [Leasú 430]

(3)  I ngeall ar na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste, ba cheart rialacha sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) faoi CFRE a leagan síos i Rialacháin ar leithligh (‘Rialacháin Chiste-shonracha’) chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlánú.

(4)  Ba cheart go rachadh bearta sonracha agus maoiniú breise chun tairbhe na réigiún is forimeallaí agus na réigiún tuaisceartach inar tearc an daonra, de bhun Airteagal 349 CFAE agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 chun dul i ngleic leis na míbhuntáistí ar leith a bhaineann lena suíomh geografach. [Leasú 5]

(5)  Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena n-áirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus na Cistí á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na hoibleagáidí a urramú a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus an inrochtaineacht a áirithiú i gcomhréir lena airteagal 9 agus i gcomhréir leis an dlí de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta i gcás táirgí agus seirbhísí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na Cistí a chur chun feidhme ar bhealach ina gcuirfí dí-institiúidiú agus cúram pobalbhunaithe chun cinn. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamh-chomhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac. Níor cheart do na Cistí tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hidirdheighilt nó eisiamh d’aon chineál, ná níor cheart dóibh tacú le bonneagar atá neamh-inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas. Ba cheart cuspóirí na gCistí a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid den chur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ agus na gealltanais a comhaontaíodh faoi Chomhaontú Pháras á gcur san áireamh. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, cloífidh oibríochtaí a théann chun tairbhe do ghnóthais le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE iad. Is í an bhochtaineacht ceann de na dúshláin is mó atá roimh AE. Dá bhrí sin ba cheart go rannchuideodh na Cistí le díothú na bochtaineachta. Ba cheart go rannchuideoidís freisin le comhlíonadh gealltanas an Aontais agus na mBallstát na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. [Leasú 6]

(6)  Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais is ea urramú an smachta reachta.

(7)  I gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh an Coimisiún beart a dhéanamh i leith Ballstáit, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá a chur san áireamh ar bhealach prapúil éifeachtúil. Má tá na haighneachtaí ó na Ballstáit neamhiomlán nó nach gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglais na Rialachán Ciste-shonrach, sa dóigh nach féidir leis an gCoimisiún beart lánfheasach a dhéanamh, ba cheart an teorainn ama sin a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais rialála.

(8)  Chun rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais, ba cheart na Cistí a dtacaíocht a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí beartais atá i gcomhréir lena misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí. Ba cheart na cuspóirí do CTIL, CSI agus IBTV a leagan amach sna rialacháin Chistí-shonracha a bhaineann leo.

(9)  Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuidiú a bheidh sna Cistí chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 30 % de chaiteachas buiséid an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide. Ba cheart go mbeadh sásraí i dtaca le díonadh ar athrú aeráide ina gcuid lárnach den chlársceidealú agus den chur chun feidhme.. [Leasú 7]

(9a)   I bhfianaise thionchar na sreafaí imirce ó thríú tíortha, ba cheart don bheartas comhtháthaithe rannchuidiú le próisis lánpháirtithe, go háirithe trí thacaíocht bonneagair a sholáthar do bhailte agus cathracha agus d’údaráis áitiúila agus réigiúnacha sa líne thosaigh, atá níos rannpháirtí i mbeartais lánpháirtithe a chur chun feidhme. [Leasú 8]

(10)  Cuid de bhuiséad an Aontais a leithdháiltear ar na Cistí, ba cheart don Choimisiún í a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) [uimhir an Rialacháin Airgeadais nua] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (an ‘Rialachán Airgeadais’). Dá bhrí sin, agus na Cistí á gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cloí leis na prionsabail dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, amhail an bhainistíocht fhónta airgeadais, an trédhearcacht agus an neamh-idirdhealú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as na cláir sin a ullmhú agus a chur chun feidhme. Ba cheart go dtarlódh sé sin ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlí agus airgeadais, agus ag na comhlachtaí arna n-ainmniú acu chuige sin. Ba cheart do na Ballstáit staonadh ó rialacha a chur isteach a dhéanfadh úsáid na gcistí níos casta do thairbhithe. [Leasú 9]

(11)  Bunghné de chur chun feidhme na gCistí is ea prionsabal na comhpháirtíochta, ag tógáil ar chur chuige an rialachais il-leibhéal agus ag áirithiú go bhfuil údaráis réigiúnacha, áitiúla agus údaráis phoiblí eile, an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach. Chun leanúnachas a sholáthar maidir le heagrú na comhpháirtíochta, leanfar d’fheidhm a bheith ba cheart an Coimisiún a chumhachtú chun Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún(9) a leasú agus a oiriúnú. [Leasú 10]

(12)  Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh le cistiú náisiúnta agus cistiú ón Aontas, chun sin a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart leas a bhaint astu, freisin, chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, go háirithe, ó na Cistí, ón Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí agus ó InvestEU. [Leasú 11]

(13)  Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cén chaoi a ndéantar na moltaí tír-shonracha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE a chur san áireamh agus doiciméid chlársceidealaithe á n-ullmhú, i gcás ina bhfuil siad comhleanúnach le cuspóirí an chláir. Le linn chlárthréimhse 2021-2027 (‘clárthréimhse’) ba cheart do na Ballstáit an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár lena saothraítear na moltaí tír-shonracha, chomh maith le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, a chur i láthair don choiste faireacháin agus don Choimisiún. Le linn athbhreithniú lárthéarma, ba cheart do na Ballstáit, i measc nithe eile, féachaint ar an ngá le modhnuithe ar chláir chun freastal ar aon mholtaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh nó arna modhnú ó bhí tús na clárthréimhse ann.. [Leasú 12]

(14)  Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar a bhfuil ina ndréacht-Phlean Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid, plean atá le forbairt faoin Rialachán maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh(10)14, agus ar thoradh an phróisis a thugann moltaí ón Aontas maidir leis na pleananna sin, i gcomhair a gclár, lena n-áirítear le linn an athbhreithnithe meántéarma, agus i gcomhair na riachtanas airgeadais arna leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí íseal-charbóin. [Leasú 13]

(15)  An Comhaontú Comhpháirtíochta, arna ullmhú ag gach Ballstát, ba cheart é a bheith ina dhoiciméad straitéiseach a threoródh an chaibidlíocht idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir le ceapadh clár. Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, níor cheart é a bheith riachtanach Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú le linn na clárthréimhse. Chun an clársceidealú a éascú agus forluí idir inneachar na ndoiciméad clársceidealaithe a sheachaint, is féidir ba cheart go mbeadh sé indéanta Comhaontuithe Comhpháirtíochta a áireamh mar chuid de chlár. [Leasú 14]

(16)  Ba cheart D’fhéadfadh solúbthacht a bheith ann do gach Ballstát maidir lena rannchuidiú le InvestEU chun ráthaíochtaí buiséadacha a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí sa Bhallstát sin, faoi choinníollacha ar leith a shonraítear in Airteagal 10 den Rialachán seo. [Leasú 15]

(17)  Na réamhriachtanais is gá le haghaidh úsáid chuimsitheach, neamh-idirdhealaitheach, éifeachtach agus éifeachtúil na tacaíochta a thugann an tAontas tríd na Cistí, chun iad a áirithiú, ba cheart liosta teoranta de choinníollacha cumasaithe a leagan síos chomh maith le sraith ghonta agus uileghabhálach de chritéir oibiachtúla chun iad a mheas. Ba cheart na coinníollacha cumasaithe sin a bheith nasctha le cuspóir sonrach agus ba cheart iad a bheith infheidhme go huathoibríoch i gcás ina roghnófar an cuspóir sonrach sin le haghaidh tacaíochta. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha sin, an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí faoi na cuspóirí sonracha lena mbaineann, níor cheart é a áireamh in iarratais ar íocaíocht. Chun creat infheistíochta fabhrach a chaomhnú, ba cheart faireachán a dhéanamh go rialta go bhfuiltear fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí a roghnófar le haghaidh tacaíochta a chur chun feidhme de réir na straitéisí agus na ndoiciméad pleanála atá ann agus ar bunús iad leis an gcoinníoll cumasaithe a bheith comhlíonta, sa dóigh go n-áiritheofar go bhfuil gach oibríocht chómhaoinithe i gcomhréir le creat beartais an Aontais. [Leasú 16]

(18)  Ba cheart do na Ballstáit creat feidhmíochta a bhunú le haghaidh gach cláir lena gcumhdaítear na táscairí, na garspriocanna agus na spriocanna uile a bhfuil faireachán le déanamh orthu, a bhfuil tuairisc le tabhairt mar gheall orthu agus a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chláir. Ba cheart go gcumasódh sé sin roghnú agus meastóireacht tionscadail a bheidh dírithe ar thorthaí. [Leasú 17]

(19)  Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar gach clár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe. Leis an athbhreithniú sin, ba cheart coigeartú iomlán ar na cláir a chur ar fáil bunaithe ar fheidhmíocht an chláir féin, agus ag an am céanna deis a chur ar fáil chun dúshláin nua agus moltaí tír-shonracha ábhartha arna n-eisiúint in 2024 a chur san áireamh, chomh maith le dul chun cinn leis na Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart dúshláin dhéimeagrafacha a chur san áireamh freisin. Go comhthreomhar, ba cheart don Choimisiún in 2024, in éineacht le coigeartuithe teicniúla do 2025, athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile faoi sprioc “na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post” den bheartas comhtháthaithe do 2025, 2026 agus 2027, ag cur an mhodha leithdháilte a leagtar amach sa bhunghníomh ábhartha i bhfeidhm. Is éard ba cheart a theacht as an athbhreithniú sin, mar aon le toradh an athbhreithnithe lárthéarma, leasuithe cláir lena n-athrófar na leithdháiltí airgeadais do 2025, 2026 agus 2027.. [Leasú 18]

(20)  Sásraí lena áirithiú go bhfuil nasc idir beartais chistiúcháin an Aontais agus rialachas eacnamaíoch an Aontais, ba cheart iad a chóiriú a thuilleadh, ionas gur féidir leis an gCoimisiún togra a chur chuig an gComhairle maidir le cuid de na gealltanais, nó na gealltanais uile, do chlár amháin nó níos mó de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fionraí mura ndéanfaidh an Ballstát sin bearta éifeachtacha i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch. Chun cur chur chun feidhme aonfhoirmeacha a áirithiú agus i bhfianaise thábhacht éifeachtaí airgeadais na mbeart atá á bhforchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún agus ba cheart dó gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun gur fusa cinntí a ghlacadh a bhfuil gá leo chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid. [Leasuithe 425rev, 444rev, 448 agus 469]

(20a)  D’fhéadfadh na Ballstáit, i gcásanna cuí-réasúnaithe, iarraidh a dhéanamh go mbeadh solúbthacht ann laistigh de chreat reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis don chaiteachas struchtúrach poiblí nó a chomhionann, tacaithe ag an riarachán poiblí trí chómhaoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí arna ngníomhachtú mar chuid de Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (‘Cistí SIE’). Ba cheart don Choimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar an iarraidh agus é ag sainiú an choigeartaithe fhioscaigh faoin ngné choisctheach nó faoin ngné cheartaithe den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. [Leasú 20]

(21)  Is gá riachtanais choiteanna a leagan amach maidir le hinneachar na gclár ag cur san áireamh chineál sonrach gach Ciste. Féadfaidh na riachtanais choiteanna sin a chomhlánú le rialacha Ciste-shonracha. I Rialachán (AE) Uimh. [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11) (‘Rialachán CCE’) ba cheart forálacha sonracha a leagan amach maidir le hinneachar na gclár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).

(22)  Ionas go mbeidh solúbthacht i gcur chun feidhme na gclár agus ionas go laghdófar an t‑ualach riaracháin, ba cheart aistrithe airgeadais teoranta a cheadú idir tosaíochtaí an aon chláir amháin gan aon ghá le cinneadh ón gCoimisiún ag leasú an chláir. Ba cheart na táblaí airgeadais athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil faisnéis chothrom le dáta aige maidir leis na leithdháiltí airgeadais do gach tosaíocht.

(22a)  Baineann sciar suntasach de chaiteachas an Aontais le mórthionscadail agus is minic a bhíonn tábhacht straitéiseach ag baint leo a mhéid a bhaineann le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Tá údar maith ann, dá bhrí sin, go mbeidh oibríochtaí os cionn tairseacha áirithe fós faoi réir nósanna imeachta sonracha formheasa faoin Rialachán seo. Ba cheart an tairseach a bhunú maidir leis an gcostas iomlán incháilithe tar éis na glanioncaim a mbeifí ag súil leo a chur san áireamh. Chun soiléireacht a áirithiú, is iomchuí inneachar iarratais ar mhórthionscadail a shainiú chun na críche sin. Ba cheart go mbeadh san iarratas an fhaisnéis is gá chun a áirithiú nach mbeidh de thoradh ar an rannchuidiú airgeadais ó na Cistí go dtarlaíonn caillteanas substaintiúil ar phoist i suímh atá cheana ann laistigh den Aontas. Ba cheart don Bhallstát an fhaisnéis uile is gá a thíolacadh agus ba cheart don Choimisiún breithmheas a dhéanamh ar an mórthionscadal chun a chinneadh an bhfuil údar maith leis an ranníocaíocht airgeadais iarrtha. [Leasú 21]

(23)  Chun an cur chuige comhtháite forbartha críochaí a neartú, ba cheart infheistíochtaí i bhfoirm uirlisí críochacha amhail infheistíochtaí críochacha comhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (‘FÁSP’, ar a dtugtar ‘LEADER’ faoi CETFT), nó aon uirlis chríochach eile faoin gcuspóir beartais “Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh” a thacaíonn le tionscnaimh arna gceapadh ag na Ballstáit le haghaidh infheistíochtaí arna gclársceidealú do CFRE, a bheith bunaithe ar straitéisí forbartha críochacha agus áitiúla. Ba cheart an méid céanna a bheith i bhfeidhm maidir le tionscnaimh ghaolmhara amhail na Sráidbhailte Cliste. Ar mhaithe le hinfheistíochtaí críochacha comhtháite agus uirlisí críochacha arna gceapadh ag na Ballstáit, ba cheart íoscheanglais a leagan amach maidir le hinneachar na straitéisí críochacha. Ba cheart na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí ábhartha a bheith freagrach as na straitéisí críochacha sin a fhorbairt agus a fhormhuiniú. Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí ábhartha rannpháirteach i gcur chun feidhme na straitéisí críochacha, ba cheart na húdaráis sin nó na comhlachtaí sin a bheith freagrach as roghnú na n-oibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh, nó a bheith rannpháirteach sa roghnú sin. [Leasú 22]

(24)  Chun leas níos fearr a bhaint as an bpoitéinseal atá ann ar an leibhéal áitiúil, is gá forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a neartú agus a éascú. Ba cheart na riachtanais áitiúla agus an poitéinseal áitiúil a chur san áireamh freisin, chomh maith leis na saintréithe soch-chultúrtha ábhartha, agus foráil a dhéanamh maidir le hathruithe struchtúracha, acmhainneacht an phobail agus acmhainneacht riaracháin a fhorbairt agus an nuálaíocht a spreagadh. Ba cheart neartú a dhéanamh ar an dlúthchomhar agus ar an úsáid chomhtháite idir Cistí chun straitéisí forbartha áitiúla a chur i bhfeidhm. Mar phrionsabal bunúsach, an fhreagracht as straitéisí ‘forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail’ a cheapadh agus a chur chun feidhme ba cheart í a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an phobail. Chun éascaíocht a dhéanamh do thacaíocht chomhordaithe ó Chistí éagsúla chuig straitéisí ‘forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail’, ba cheart úsáid chur chuige an ‘Chiste Cheannasaigh’ a éascú. [Leasú 23]

(25)  Chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ba cheart cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Bhallstáit a chur chun feidhme ar ráta comhréidh bunaithe ar an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir. Féadfar an cúnamh teicniúil sin a chomhlánú le bearta spriocdhírithe chun an acmhainneacht riaracháin a fhothú, amhail meastóireacht ar scileanna na n-acmhainní daonna, ag úsáid modhanna aisíocaíochta nach bhfuil nasctha le costais. Féadfar gníomhaíochtaí agus táirgí insoláthartha chomh maith leis na híocaíochtaí ón Aontas a bhaineann leo a aontú i dtreochlár agus féadfar íocaíochtaí as torthaí ar an talamh a dhéanamh mar gheall orthu. [Leasú 24]

(26)  Is tráthúil a shoiléiriú gur cheart, i gcás ina molfaidh Ballstát don Choimisiún go ndéanfaí tacaíocht a thabhairt do thosaíocht de chuid cláir, nó do chuid de thosaíocht den sórt sin, trí scéim mhaoiniúcháin nach mbeadh nasctha le costais, gur cheart na gníomhaíochtaí, na táirgí insoláthartha agus na coinníollacha a d’aontófaí a bheith nasctha le hinfheistíochtaí nithiúla arna ndéanamh faoi na cláir bhainistíochta comhroinnte sa Bhallstát nó sa réigiún sin.

(27)  Chun scrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár, ba cheart don Bhallstát coistí faireacháin a chur ar bun, a bheidh comhdhéanta freisin d’ionadaithe ón tsochaí shibhialta agus de chomhpháirtithe sóisialta. Do CFRE, do CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe, ba cheart, in ionad na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, comhphlé struchtúrtha bliantúil faoi bheartas a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí agus ar shonraí faoi chur chun feidhme na gclár arna gcur ar fáil ag na Ballstáit. [Leasú 25]

(28)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016(12)16 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair. Nuair is féidir, ba cheart táscairí a fhorbairt ar bhealach atá íogair ó thaobh na hinscne de. [Leasú 26]

(29)  Chun a áirithiú go bhfuil faisnéis chuimsitheach chothrom le dáta le fáil faoi chur chun feidhme na gclár, ba cheart é a bheith ina cheangal tuairisciú leictreonach éifeachtach agus tráthúil a dhéanamh níos minice maidir le sonraí cainníochtúla. [Leasú 27]

(30)  Chun tacú le hullmhú clár gaolmhar agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid na chéad chlárthréimhse eile, ba cheart don Choimisiún measúnú lárthéarma a dhéanamh ar na Cistí. Ag deireadh na clárthréimhse, ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí siarghabhálacha a dhéanamh ar na Cistí, a bheadh dírithe ar thionchar na gCistí. Ba cheart torthaí na meastóireachtaí sin a phoibliú. [Leasú 28]

(31)  Ba cheart d’údaráis na gclár, na tairbhithe agus a ngeallsealbhóirí sna Ballstáit feasacht a mhéadú faoin méid a bhaintear amach le cistiú ón Aontas agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas dá réir sin. Tá gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun gníomhaíocht an Aontais a léiriú ar an talamh agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis atá fíor, cruinn agus cothrom le dáta. Le go mbeidh na ceanglais sin in-fhorfheidhmithe, ba cheart údaráis an chláir agus an Coimisiún a bheith in ann bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm i gcás neamh-chomhlíonadh.

(32)  Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta faisnéis struchtúrtha a fhoilsiú maidir leis na hoibríochtaí atá roghnaithe agus a dtairbhithe ar shuíomh gréasáin an chláir atá ag tacú leis an oibríocht, ag cur san áireamh ceanglais maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13).

(33)  D’fhonn úsáid na gCistí a shimpliú agus an riosca earráide a laghdú, is iomchuí idir fhoirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas leis na Ballstáit agus fhoirmeacha na tacaíochta ó na Ballstáit do na tairbhithe a shainiú.

(34)  Maidir leis na deontais a thugtar do na tairbhithe, ba cheart do na Ballstáit níos mó úsáide a bhaint as roghanna costais simplithe. An tairseach a bhaineann le húsáid éigeantach roghanna costais simplithe, ba cheart í a bheith nasctha le costais iomlána na hoibríochta chun a áirithiú go gcaithfear mar an gcéanna leis na hoibríochtaí uile atá faoi bhun na tairsí, gan beann ar an tacaíocht a bheith poiblí nó príobháideach. I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát úsáid rogha costais simplithe a mholadh, d’fhéadfadh sé dul i mbun comhairle leis an gcoiste faireacháin. [Leasú 29]

(35)  Le go mbeifear in ann rátaí comhréidhe a chur chun feidhme láithreach, aon ráta comhréidh a leagfaidh na Ballstáit síos le linn na tréimhse 2014-2020 atá bunaithe ar mhodh ríomha atá cóir cothrom infhíoraithe, ba cheart leanúint dá chur i bhfeidhm le haghaidh oibríochtaí inchurtha dá dtugtar tacaíocht faoi Rialachán seo gan modh ríomha nua a bheith ina cheangal.

(36)  Chun an glacadh le hinfheistíochtaí cómhaoinithe sa chomhshaol a optamú, ba cheart a áirithiú go bhfuil sineirgí ann leis an gclár LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide, go háirithe trí thionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail chomhshaoil straitéiseacha LIFE, chomh maith le comhlántacht le tionscadail arna gcistiú faoi chlár Fhís na hEorpa agus faoi chláir eile de chuid an Aontais Eorpaigh. [Leasú 30]

(37)  Chun soiléireacht dlí a chur ar fáil, is iomchuí an tréimhse incháilitheachta a shonrú le haghaidh caiteachas nó costas a bhaineann le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht ó na Cistí faoin Rialachán seo agus chun srian a chur leis an tacaíocht le haghaidh oibríochtaí lánchríochnaithe. An dáta óna mbeidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíocht ó na Cistí má ghlactar cláir nua nó má athraítear cláir, ba cheart an dáta sin a shoiléiriú, lena n‑áirítear an deis eisceachtúil an tréimhse incháilitheachta a shíneadh go dtí tús tubaiste nádúrtha má tá gá práinneach ann acmhainní a chur chun tairbhe chun gníomhú i ndáil leis an tubaiste sin.

(38)  Chun cuimsitheacht, éifeachtacht, cothroime agus tionchar inbhuanaithe na gCistí a áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn neamh-idirdhealaitheach agus fadtréimhseach a dhéanfar na hinfheistíochtaí i mbonneagair nó na hinfheistíochtaí táirgiúla agus go gcuirfidh siad cosc le húsáid na gCistí ar mhaithe le buntáiste mhíchuí. Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta bheith an-chúramach gan tacú le hathlonnú nuair a roghnóidh siad oibríochtaí agus caitheamh mar neamhrialtachtaí le suimeanna arna híoc go míchuí le hoibríochtaí nach gcomhlíonann ceanglas an bhuanfais. [Leasú 31]

(39)  D’fhonn comhlántachtaí a fheabhsú agus cur chun feidhme a shimpliú, ba cheart é a bheith indéanta tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ó CSE+ i gcláir chomhpháirteacha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

(40)  Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir na Cistí agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach, lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin. Leis an gcomhordú beartais sin ba cheart sásraí atá éasca le húsáid agus rialachas il-leibhéil a chur chun cinn. Ba cheart na sineirgí sin a ghnóthú le sásraí príomha, mar atá aitheantas do rátaí comhréidhe i gcomhair costais incháilithe ó Fhís Eorpach i gcomhair oibríocht inchurtha agus an deis cistiú ó ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais a chomhcheangal in aon oibríocht amháin a fhad agus nach ndéanfar maoiniú dúbailte. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha maidir le maoiniú comhlántach ó na Cistí a leagan amach sa Rialachán seo. [Leasú 32]

(41)  Níor cheart ionstraimí airgeadais a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí athmhaoiniúcháin, amhail ionadú a dhéanamh ar chomhaontuithe iasachta atá ann cheana nó foirmeacha eile maoiniúcháin le haghaidh infheistíochtaí atá lánchríochnaithe go fisiceach cheana féin nó atá lánchurtha chun feidhme ar dháta an chinnidh infheistíochta, seachas sin ba cheart iad a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí nua d’aon chineál atá ag teacht leis na cuspóirí beartais foluiteacha.

(42)  Ba cheart an cinneadh chun na bearta tacaíochta a mhaoiniú trí bhíthin ionstraimí airgeadais a chinneadh ar bhonn measúnú ex ante. Leis an Rialachán seo, ba cheart na heilimintí íosta éigeantacha de mheasúnuithe ex ante a leagan síos agus ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit úsáid a bhaint as an measúnú ex ante a rinneadh don tréimhse 2014-2020, arna thabhairt cothrom le dáta más gá, sa dóigh go seachnófar ualach riaracháin agus moilleanna agus ionstraimí airgeadais á gcur ar bun.

(42a)   Ba cheart go bhféadfadh údaráis bhainistíochta ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme trí chonradh a dhámhachtain go díreach do Ghrúpa BEI, do bhainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus d’institiúidí idirnáisiúnta airgeadais. [Leasú 33]

(43)  Chun an cur chun feidhme a éascú maidir le hionstraimí airgeadais de chineálacha áirithe i gcás ina bhfuil tacaíocht deontais choimhdigh beartaithe, na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais, is féidir iad a chur i bhfeidhm maidir le meascán den sórt sin in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin. Ba cheart coinníollacha sonracha lena gcoisctear maoiniú dúbáilte i gcásanna den sórt sin a leagan amach.

(44)  Le hurraim iomláin do na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair agus soláthar poiblí a soiléiríodh cheana le linn na clárthréimhse 2014-2020, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha is iomchuí chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme d’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na sprioc-réigiún. Sa chreat seo, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, treoir a thabhairt d’iniúchóirí, d’údaráis bhainistíochta agus do thairbhithe maidir le comhlíonadh státchabhrach a mheas agus scéimeanna státchabhrach a fhorbairt. [Leasú 34]

(45)  I gcomhréir le prionsabal agus le rialacha na comhbhainistíochta, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún bheith freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú agus gealltanas a thabhairt maidir le húsáid dhleathach rialta na gCistí. Ós ar na Ballstáit ba cheart an phríomhfhreagracht a bheith as an mbainistiú agus as an rialú sin agus ós rud é gur cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí an dlí is infheidhme, ba cheart a n‑oibleagáidí ina leith sin a shonrú. Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin maidir leis sin a leagan síos freisin.

(45a)   Chun cuntasacht agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh do chóras láimhseála gearán a bheadh inrochtana do na saoránaigh agus na geallsealbhóirí uile ag gach céim d’ullmhúchán agus de chur chun feidhme na gclár lena n-áirítear faireachán agus meastóireacht. [Leasú 35]

(46)  Chun dlús a chur le tosú chur chun feidhme an chláir, ba cheart éascaíocht a dhéanamh, i gcás inar féidir é, d’aistriú socruithe cur chun feidhme, lena n-áirítear córais riaracháin agus TF, ón gclárthréimhse roimhe seo. An córas ríomhairithe a cuireadh ar bun cheana féin don chlárthréimhse roimhe seo, ba cheart leanúint dá úsáid, arna oiriúnú de réir mar is gá, mura mbeidh gá le teicneolaíocht nua. [Leasú 36]

(47)  Chun feidhmiú bainistíochta na gclár a chuíchóiriú, ba cheart cloí le comhtháthú na bhfeidhmeanna cuntasaíochta le feidhmeanna an údaráis bainistíochta i gcás CTIL, CSI agus IBTV, agus ba cheart é a bheith ina rogha i gcás na gCistí eile.

(48)  Ós ar an údarás bainistíochta atá an phríomhfhreagracht as na Cistí a chur chun feidhme go héifeachtach éifeachtúil agus dá bhrí sin comhlíonann sé líon feidhmeanna nach beag, ba cheart a fheidhmeanna i ndáil le roghnú tionscadal, bainistiú clár agus tacaíocht don choiste faireacháin a leagan amach go mion. Ba cheart na hoibríochtaí a roghnófar a bheith i gcomhréir leis na prionsabail chothrománacha.

(48a)  Chun tacú le húsáid éifeachtach na gCistí, ba cheart tacaíocht BEI a bheith ar fáil do gach Ballstát arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart go gcumhdódh sé sin fothú acmhainneachta, tacaíocht do shainaithint, ullmhú agus cur chun feidhme tionscadail, chomh maith le comhairle maidir le hionstraimí airgeadais agus ardáin infheistíochta. [Leasú 37]

(49)  Chun na sineirgí is fearr a bhaint as na Cistí agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach, ba cheart éascaíocht a dhéanamh do sholáthar tacaíochta le haghaidh oibríochtaí a bhfuil deimhniú an tSéala Barr Feabhais faighte acu cheana féin.

(50)  Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir cur chun feidhme éifeachtach éifeachtúil na gCistí agus na costais riaracháin ghaolmhara agus na hualaí riaracháin gaolmhara, ba cheart minicíocht, scóip agus cumhdach na bhfíoruithe bainistíochta a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca lena gcuirfear san áireamh tosca amhail an cineál oibríochtaí a chuirtear chun feidhme, castacht agus líon na n-oibríochtaí, na tairbhithe agus an leibhéal riosca arna shainaithint le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí roimhe sin. Ba cheart bainistiú agus rialú na gCistí a bheith comhréireach don leibhéal riosca do bhuiséad an Aontais. [Leasú 38]

(51)  Ba cheart don údarás iniúchóireachta iniúchtaí dhéanamh agus a áirithiú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta a thabharfar don Choimisiún iontaofa. Leis an tuairim iniúchóireachta sin ba cheart trí phonc a dhearbhú don Choimisiún, mar atá dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá dearbhaithe, feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas.

(52)  Ba cheart a bheith in ann na ceanglais fíorúcháin agus iniúchóireachta a laghdú má tá sé dearbhaithe gur fheidhmigh an clár go héifeachtach don dhá bhliain is déanaí as a chéile óir léiriú é sin go bhfuil na Cistí á gcur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil thar thréimhse fhada ama.

(53)  Chun an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú mar aon leis an gcostas riaracháin dóibh, ba cheart a shonrú i gcás na gCistí go gcuirfear i bhfeidhm go nithiúil prionsabal an iniúchta aonair.

(54)  Chun an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le scéim réamh-mhaoiniúcháin shimplithe. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin ba cheart a áirithiú gur acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chur chun feidhme an chláir.

(55)  Chun an t‑ualach riaracháin ar na Ballstáit, agus ar an gCoimisiún chomh maith, a laghdú, ba cheart sceideal éigeantach d’iarratas ar íocaíocht in aghaidh na ráithe a bhunú. Ba cheart leanúint de 10 % d’íocaíochtaí an Choimisiúin a choinneáil siar go dtí go n‑íoctar comhardú bliantúil na gcuntas tráth atá an Coimisiún in ann a chinneadh go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor.

(56)  Chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, ba cheart an nós imeachta do ghlacadh bliantúil na gcuntas a shimpliú trí rialacha mionsonraithe atá inchurtha le chéile a chur ar fáil maidir le híocaíochtaí agus gnóthuithe mura bhfuil aon easaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát.

(57)  Chun leasanna airgeadais agus buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart bearta comhréireacha a bhunú agus a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát agus an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann briseadh a chur i sprioc-amanna íocaíochta, íocaíochtaí eatramhacha a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm má tá na coinníollacha ábhartha comhlíonta. Ba cheart don Choimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú trí chineál, tromchúis agus minicíocht na neamhrialtachtaí agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo do bhuiséad an Aontais a chur san áireamh.

(58)  Ina theannta sin, aon neamhrialtachtaí, lena n‑áirítear calaois arna déanamh ag tairbhithe, ba cheart do na Ballstáit iad a chosc agus a bhrath agus déileáil go héifeachtach leo. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013(14), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95(15) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96(16), féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe rialacháin a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939(17), féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371(18) maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go gcomhoibreoidh aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, go dtabharfaidh siad na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus go n‑áiritheoidh siad go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt mhionsonraithe a sholáthar don Choimisiún maidir leis na neamhrialtachtaí arna mbrath, lena n‑áirítear calaois, agus maidir lena mbearta leantacha chomh maith leis na bearta leantacha mar gheall ar imscrúduithe de cuid OLAF. Ba cheart do na Ballstáit nach nglacann páirt sa chomhar feabhsaithe le OIPE tuairisciú chuig an gCoimisiún maidir le cinntí arna nglacadh ag údaráis ionchúisimh náisiúnta i ndáil le cásanna neamhrialtachtaí a imríonn tionchar ar bhuiséad an Aontais. [Leasú 39]

(59)  Chun an smacht airgeadais a chothú, is iomchuí sainiú a dhéanamh ar na socruithe le haghaidh saoradh gealltanas buiséadach ar leibhéal an chláir.

(60)  Chun na cuspóirí de chuid CFAE maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, ba cheart don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ tacú leis na réigiúin ar fad. Chun tacaíocht chothrom agus chéimnithe a sholáthar agus chun an leibhéal forbartha eacnamaíche agus sóisialta a léiriú, ba cheart acmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE+ ar bhonn eochair leithdháilte atá bunaithe go príomha ar an olltáirgeacht intíre per capita. Ba cheart na Ballstáit ar lú a n‑ollioncam náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán an Aontais tairbhiú de thoradh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ón gCiste Comhtháthaithe.

(61)  Ba cheart critéir oibiachtúla a leagan síos chun réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó na Cistí a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus na limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 868/2014 Uimh. 2016/2066 ón gCoimisiún(20). [Leasú 40]

(62)  Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CFRE, CSE+, CEMI, agus an Chiste Comhtháthaithe, ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil a leagan amach de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post maille leis an liosta de na réigiúin incháilithe, chomh maith leis na leithdháiltí do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg). Ag cur san áireamh gur cheart leithdháiltí náisiúnta na mBallstát a leagan síos ar bhonn na sonraí staidrimh agus na réamhaisnéisí a bhfuil fáil orthu i mBealtaine 2018 agus i bhfianaise éiginnteacht na réamhaisnéise, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile in 2024 ar bhonn an staidrimh is déanaí don tráth sin agus, más ann d’éagsúlacht charnach is mó ná +/- 5 %, ba cheart dó na leithdháiltí sin a choigeartú do na blianta 2025 go 2027 ionas go léireofar torthaí an athbhreithnithe meántéarma agus an chleachtais coigeartaithe theicniúil sna leasuithe ar chláir san am céanna. [Leasú 41]

(63)  Tionscadail an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán SCE nua](21), leanfar dá maoiniú as an gCiste Comhtháthaithe trí bhainistíocht chomhroinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Ag tógáil ar an gcur chuige rathúil a bhí ann don chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart EUR 10 000 000 000 4 000 000 000 a aistriú as an gCiste Comhtháthaithe chuig SCE chun na críche sin. [Leasú 42]

(64)  Ba cheart méid áirithe de na hacmhainní ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach agus ba cheart don Choimisiún é a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh sa todhchaí ar an tacaíocht shonrach a chuirtear ar fáil do réigiúin agus pobail atá faoi mhíbhuntáiste. [Leasú 43]

(65)  D’fhonn a áirithiú go ndéanfar leithdháileadh iomchuí ar chatagóirí réigiún, mar phrionsabal, níor cheart na leithdháiltí iomlána do na Ballstáit i leith réigiúin atá tearcfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin atá níos forbartha, níor cheart iad a bheith inaistrithe idir na catagóirí. Mar sin féin, chun freastal ar riachtanais na mBallstát agus chun dul i ngleic le dúshláin shonracha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí aistriú óna leithdáiltí le haghaidh réigiúin níos forbartha nó le haghaidh réigiúin trasdula chuig réigiúin tearcfhorbartha agus ba cheart dóibh údar na rogha sin a léiriú. Chun a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann le haghaidh na réigiún tearcfhorbartha, ba cheart uasteorainn a chur le haistrithe chuig na réigiúin níos forbartha nó chuig na réigiúin trasdula. Níor cheart a bheith in ann acmhainní a aistriú idir spriocanna.

(65a)   D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh réigiúin mheánioncaim, faoi mar a bhfuil tuairisc orthu sa 7ú tuarascáil faoin gcomhtháthú(22) (fás íseal i gcomparáid le réigiúin níos forbartha ach freisin i gcomparáid le réigiúin níos lú forbartha, saincheist a chuireann isteach go háirithe ar réigiúin le holltáirgeacht intíre per capita idir 90% agus 100% den mheán-olltáirgeacht intíre AE-27), ba cheart do ‘réigiúin trasdula’ tacaíocht leordhóthanach a fháil agus ba cheart iad a shainaithint mar réigiúin a bhfuil a n-olltáirgeacht intíre per capita idir 75 % agus 100% de mheán-olltáirgeacht intíre AE-27. [Leasú 44]

(66)  I gcomhthéacs an gcúinsí uathúla sonracha arb ann dóibh ar oileán na hÉireann, a d’fhonn tacú leis an gcomhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ba cheart clár trasteorann nua ‘PEACE PLUS’ leanúint den obair a rinne na cláir Peace agus INTERREG roimhe seo, agus forbairt a dhéanamh ar an obair sin, idir contaetha na teorann in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. I bhfianaise a thábhacht phraiticiúil, ba cheart tacú leis an gclár sin le leithdháileadh sonrach chun leanúint den tacaíocht do ghníomhaíochtaí síochána agus athmhuintearais, agus ba cheart sciar iomchuí de leithdháileadh na hÉireann faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a leithdháileadh ar an gclár freisin.

(66a)  I gcomhthéacs imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas, beidh roinnt réigiún agus Ballstát níos nochtaithe d’iarmhairtí na himeachta sin ná cinn eile, mar gheall ar a suíomh geografach, agus cineál agus / nó méid a nasc trádála. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin réitigh phraiticiúla do thacaíocht a shainaithint freisin chuimsiú an bheartais chomhtháthaithe chun dul i ngleic leis na dúshláin do na réigiúin agus Ballstáit lena mbaineann a luaithe is a bheidh imeacht na Ríochta Aontaithe curtha i gcrích. Ina theannta sin, beidh sé riachtanach comhar leanúnach a bhunú, le malartuithe faisnéise agus dea-chleachtais ar leibhéal na n-údarás áitiúil agus réigiúnach agus na mBallstát is mó a n-imreofar tionchar orthu. [Leasú 45]

(67)  Is gá na huasrátaí cómhaoiniúcháin a leagan síos de réir catagóir réigiúin i réimse an bheartais comhtháthaithe chun a áirithiú go n‑urramaítear prionsabal an chómhaoinithe le leibhéal iomchuí tacaíochta náisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach. Ba cheart na rátaí sin a bheith ina léiriú ar leibhéal forbartha eacnamaíche na réigiún ó thaobh olltáirgeacht intíre per capita de i gcomparáid leis an meán do AE27, agus ag coimirciú ag an am céanna nach mbeidh níos lú fabhair i gceist mar gheall ar athruithe ina gcatagóiriú. [Leasú 46]

(68)  Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le heilimintí atá in Iarscríbhinní áirithe a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, i.e. maidir leis na diminsin agus na cóid le haghaidh an gcineálacha idirghabhála, na teimpléid le haghaidh comhaontuithe comhpháirtíochta agus le haghaidh clár, na teimpléid le haghaidh tarchur sonraí, úsáid shuaitheantas an Aontais, na heilimintí le haghaidh comhaontuithe cistiúcháin agus doiciméid straitéise, na teimpléid le haghaidh na tuairisce ar an gcóras bainistithe agus rialaithe, le haghaidh an dearbhaithe bainistíochta, le haghaidh na tuairime iniúchóireachta, le haghaidh na tuarascála bliantúla ar rialú, le haghaidh na straitéise iniúchóireachta, le haghaidh na n‑iarratas ar íocaíocht, le haghaidh na gcuntas agus le haghaidh leibhéal na gceartuithe airgeadais a chinneadh.

(69)  Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le leasú ar an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht chun an cód a oiriúnú don Rialachán seo, maidir leis na critéir a leagan síos le haghaidh cinneadh na gcásanna neamhrialtachtaí atá le tuairisciú, sainiú na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna, na rátaí comhréidhe agus an mhaoinithe nach bhfuil nasctha leis na costais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chomh maith le modheolaíochtaí samplála caighdeánaithe réamhdhéanta a leagan síos. [Leasú 47]

(70)  Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí, trédhearcacha leis na páirtithe leasmhara uile le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. [Leasú 48]

(71)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Comhaontuithe Comhpháirtíochta a ghlacadh, maidir le cláir a ghlacadh nó a leasú agus maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Na cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an bhformáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a thuairisciú, na sonraí leictreonacha atá le taifeadadh agus le stóráil agus an teimpléad le haghaidh na tuarascála deiridh ar fheidhmíocht, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23). Cé gur de chineál ginearálta iad na gníomhartha sin, ba cheard an nós imeachta comhairleach a úsáid ós rud é nach leagtar amach iontu ach gnéithe teicniúla, foirmeacha agus teimpléid. Na cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil le miondealú na leithdháiltí airgeadais do CFRE, do CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe a leagan síos, ba cheart iad a ghlacadh gan nósanna imeachta coisteolaíochta ós rud é nach bhfuil iontu ach léiriú ar chur i bhfeidhm modheolaíochta ríomha réamhshainithe.

(72)  Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) nó aon ghníomh is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na cláir agus na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a chumhdaítear faoin gclárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go meastar go mbeidh tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 fós ar siúl nuair a thosóidh an chlárthréimhse a chumhdaíonn an Rialachán seo agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme oibríochtaí áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha céimnithe a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den oibríocht chéimnithe, a fhónann don chuspóir foriomlán céanna, a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse dá bhfaigheann sé cistiú.

(73)  Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú agus rialacha airgeadais choiteanna a leagan síos do chuid de bhuiséad an Aontais arna cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, a ghnóthú go leordhóthanach, ar thaobh amháin, de bharr mhéid na n-éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na dúshláin shonracha atá roimh na réigiún is mídheisiúla chomh maith leis an teorainn le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún agus, ar an taobh eile, de bharr an ghá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ós rud é, dá bhrí sin, gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. [Leasú 49]

(74)  Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Teideal I

CUSPÓIRÍ AGUS RIALACHA GINEARÁLA MAIDIR LE TACAÍOCHT

CAIBIDIL I

Ábhar agus sainmhínithe

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  Leagtar síos leis an Rialachán seo:

(a)  rialacha airgeadais maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (IBTV) (‘na Cistí’); [Leasú 50]

(b)  forálacha coiteanna is infheidhme maidir le CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe, CEMI, agus maidir le CETFT mar a leagtar síos i mír 1a den Airteagal seo. [Leasú 431]

1a.   Beidh feidhm ag Teideal I, Caibidil I - Airteagal 2- mír 4 a, Caibidil II - Airteagal 5, Teideal III, Caibidil II - Airteagail 22 go 28 agus Teideal IV - Caibidil III - Cuid I- Airteagail 41 go 43 maidir le bearta cabhrach arna maoiniú ag CETFT agus beidh feidhm ag Teideal I- Caibidil 1 - Airteagal 2- míreanna 15 go 25 , chomh maith le Teideal V- Caibidil II - Cuid II - Airteagail 52 go 56 maidir le hionstraimí airgeadais dá bhforáiltear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) .../... [An Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT] agus dá dtacaítear faoi CETFT. [Leasú 432]

2.  Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus an tsraith Sláinte de CSE+ ná maidir leis na comhpháirteanna bainistíochta dírí ná indírí de CEMI, de CTIL, de CSI ná de IBTV, ach amháin i gcás cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.

3.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 10, Caibidil %III de Theideal II, Caibidil %II de Theideal III, agus Teideal VIII maidir le CTIL, CSI agus IBTV.

4.  Ní bheidh feidhm ag Teideal VIII maidir le CEMI.

5.  Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 de Chaibidil II agus Airteagal 15 de Chaibidil III de Theideal II, Caibidil %I de Theideal III, Airteagal 33 go hAirteagal 36 agus Airteagal 38(1) go (4) de Chaibidil I, Airteagal 39 de Chaibidil II, Airteagal 45 de Chaibidil III de Theideal IV, Airteagail 67, 71, 73 agus 74 de Chaibidil II agus Caibidil %III de Theideal VI maidir leis cláir Interreg.

6.  Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha a liostaítear thíos rialacha a leagan síos a chomhlánóidh an Rialachán seo agus nach dtiocfaidh salach ar an Rialachán seo. I gcás amhras faoin Rialachán seo nó Rialacháin Chiste-shonracha a chur i bhfeidhm, is ag an Rialachán seo a bheidh tosaíocht:

(a)  Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CFRE agus CC’)(25) ;

(b)  Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CSE+’)(26) ;

(c)  Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CCE’)(27) ;

(d)  Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CEMI’)(28) ;

(e)  Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CTIL’)(29) ;

(f)  Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CSI’)(30) ;

(g)  Rialachán (AE) Uimh. […] (‘Rialachán IBTV’)(31) .

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn “moltaí tír-shonracha ábhartha” moltaí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus Airteagal 121(4) agus le hAirteagal 148(4) CFAE a bhaineann leis na dúshláin struchtúracha arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí ilbhliantúla atá faoi raon feidhme na gCistí mar a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha, agus moltaí ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal [XX] de Rialachán (AE) [uimhir an Rialacháin nua maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; [Leasú 54]

(1a)   ciallaíonn ‘coinníoll cumasaithe’ coinníoll criticiúil atá nithiúil agus réamhshainithe go cruinn, a bhfuil nasc dílis aige le tionchar díreach ar ghnóthú éifeachtach, éifeachtúil shainchuspóir an chláir; [Leasú 55]

(2)  ciallaíonn “dlí is infheidhme” dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta i ndáil lena gcur i bhfeidhm;

(3)  ciallaíonn “oibríocht”:

(a)  tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú faoi na cláir lena mbaineann;

(b)  i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíocht ó chlár le hionstraim airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann an ionstraim airgeadais sin do na faighteoirí deiridh;

(4)  ciallaíonn “oibríocht a mbaineann tábhacht straitéiseach léi” oibríocht a dhéanann rannchuidiú príomha le gnóthú cuspóirí cláir agus a ndéantar faireachán ar leith agus bearta cumarsáide ar leith ina taobh;

(4a)  ciallaíonn ‘clár’ i gcomhthéacs CETFT, na Pleananna Straitéiseacha faoi CBT dá dtagraítear i Rialachán (AE) [...] (an Rialachán maidir le ‘Pleananna Straitéiseacha faoi CBT’); [Leasú 56]

(5)  ciallaíonn “tosaíocht”, i gcomhthéacs CTIL, CSI agus IBTV, cuspóir sonrach; i gcomhthéacs CEMI, ciallaíonn sé “cineál réimsí tacaíochta” dá dtagraítear san ainmníocht a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CEMI;

(6)  le “cuspóir sonrach” i gcomhthéacs CEMI, tuigfear “réimsí tacaíochta” dá dtagraítear in Iarscríbhinn III de Rialachán CEMI;

(7)  ciallaíonn “comhlacht idirmheánach” aon chomhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bainistíochta, nó a dhéanann feidhmeanna nó cúraimí thar ceann údaráis den sórt sin;

(8)  ciallaíonn “tairbhí”:

(a)  comhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh, eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, nó duine nádúrtha, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(b)  i gcomhthéacs comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPP), an comhlacht dlí phoiblí a bhfuil oibríocht CPP á tionscnamh aige nó an comhpháirtí príobháideach a roghnaíodh chun an oibríocht sin a chur chun feidhme;

(c)  i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, an comhlacht nó an gnóthas, de réir mar is iomchuí, a fhaigheann an chabhair, ach amháin i gcás go bhfuil an chabhair in aghaidh an ghnóthais níos lú ná EUR 200 000 , agus sa chás sin, féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a chinneadh gurb é an tairbhí an comhlacht a dheonaíonn an chabhair, gan dochar do Rialacháin (AE) Uimh. 1407/2013(32), (AE) Uimh. 1408/2013(33) agus (AE) Uimh. 717/2014(34) ón gCoimisiún; [Leasú 57]

(d)  i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an comhlacht a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil aon struchtúr ciste sealbhaíochta ann, an comhlacht a chuireann an ciste sonrach chun feidhme nó, i gcás inarb é an t‑údarás bainistíochta a bhainistíonn an ionstraim airgeadais, an t‑údarás bainistíochta;

(9)  ciallaíonn “ciste do thionscadail bheaga” oibríocht i gclár faoi Interreg a bhfuil sé mar aidhm léi tionscadail de thoirt airgeadais theoranta, lena n-áirítear tionscadail idir daoine a roghnú agus a chur chun feidhme; [Leasú 58]

(10)  ciallaíonn “sprioc” luach réamhaontaithe atá le baint amach faoi dheireadh na clárthréimhse i ndáil le táscaire a áirítear faoi chuspóir sonrach;

(11)  ciallaíonn “garsprioc” luach idirmheánach atá le bheith bainte amach ag tráth ar leith le linn na clárthréimhse i ndáil le táscaire a áirítear faoi chuspóir sonrach;

(12)  ciallaíonn “táscaire aschuir” táscaire lena dtomhaisfear táirgí insoláthartha sonracha na hidirghabhála;

(13)  ciallaíonn “táscaire toraidh” táscaire lena dtomhaisfear éifeachtaí gearrthéarmacha na n‑idirghabhálacha sin a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh, go háirithe maidir leis na seolaithe díreacha, an spriocdhaonra nó úsáideoirí an bhonneagair;

(14)  ciallaíonn “oibríocht CPP” oibríocht a chuirtear chun feidhme faoi chomhpháirtíocht idir comhlachtaí poiblí agus an earnáil phríobháideach i gcomhréir le comhaontú CPP, agus a bhfuil sé mar aidhm léi seirbhísí poiblí a sholáthar trí chomhroinnt riosca, trí shaineolas na hearnála príobháidí a chomhthiomsú nó trí fhoinsí breise caipitil;

(15)  ciallaíonn “ionstraim airgeadais” struchtúr trína gcuirtear táirgí airgeadais ar fáil;

(16)  ciallaíonn “táirge airgeadais” infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, iasachtaí agus ráthaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) [...] (‘an Rialachán Airgeadais’) iad;

(17)  ciallaíonn “faighteoir deiridh” duine dlítheanach nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais as na Cistí ó thairbhí a bhfuil ciste aige do thionscadal beag nó as ionstraim airgeadais;

(18)  ciallaíonn “ranníocaíocht chláir” an tacaíocht ó na Cistí agus an cómhaoiniú náisiúnta poiblí agus príobháideach, más ann dó sin, d’ionstraim airgeadais;

(19)  ciallaíonn “comhlacht atá ag cur ionstraim airgeadais chun feidhme” comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí nó príobháideach agus a dhéanann cúraimí ciste sealbhaíochta nó ciste shonraigh;

(20)  ciallaíonn “ciste sealbhaíochta” ciste arna bhunú ag údarás bainistíochta faoi chlár amháin nó níos mó chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme trí chiste sonrach amháin nó níos mó;

(21)  ciallaíonn “ciste sonrach” ciste arna bhunú ag údarás bainistíochta nó ag ciste sealbhaíochta lena gcuireann siad táirgí airgeadais a chur ar fáil d’fhaighteoirí deiridh; [Leasú 59]

(22)  ciallaíonn “éifeacht ghiarála” méid an mhaoinithe in-aisíoctha a chuirtear ar fáil d’fhaighteoirí deiridh roinnte ar mhéid na ranníocaíochta as na Cistí;

(23)  ciallaíonn “cóimheas iolraitheora” i gcomhthéacs ionstraimí ráthaíochta cóimheas idir luach na n‑iasachtaí, na n‑infheistíochtaí cothromais nó na n‑infheistíochtaí cuasachothromais foluiteacha nua a íocadh amach, agus an méid den ranníocaíocht ón gclár a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta chun caillteanais a bhfuil coinne leo agus nach bhfuil coinne leo as na hiasachtaí nua, na hinfheistíochtaí cothromais nua agus na hinfheistíochtaí cuasachothromais nua sin a chúiteamh;

(24)  ciallaíonn “costais bhainistíochta” costais dhíreacha nó indíreacha a aisíocadh ar bhonn fianaise ar chaiteachas a rinneadh chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme;

(25)  ciallaíonn “táillí bainistíochta” praghas i leith seirbhísí a sholáthar, mar a cinneadh sa chomhaontú cistiúcháin idir an t‑údarás bainistíochta agus an comhlacht a bhfuil ciste sealbhaíochta nó ciste sonrach á chur chun feidhme aige; agus, i gcás inarb infheidhme, idir an comhlacht a bhfuil ciste sealbhaíochta á chur chun feidhme aige agus an comhlacht a bhfuil ciste sonrach á chur chun feidhme aige;

(26)  ciallaíonn “athlonnú” aistriú na gníomhaíochta céanna nó aistriú gníomhaíochta comhchosúla, nó cuid den ghníomhaíocht sin, laistigh de bhrí Airteagal 2(61a) de Rialachán (AE) Uimh 651/2014(35) ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE;

(27)  ciallaíonn “ranníocaíocht phoiblí” aon ranníocaíocht le haghaidh maoiniú oibríochtaí arb é is foinse di buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó buiséad aon ghrúpála Eorpaí um chomhar críochach arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36), an buiséad de chuid an Aontais a chuirtear ar fáil do na Cistí, buiséad comhlachtaí dlí phoiblí nó buiséad comhlachas d’údaráis phoiblí nó de chomhlachtaí dlí phoiblí agus, chun críche an ráta cómhaoinithe do chláir CSE+ nó do thosaíochtaí a chinneadh, is féidir aon acmhainní airgeadais arna ranníoc go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe a áireamh;

(28)  ciallaíonn “bliain chuntasaíochta” an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh den chéad bhliain eile, ach amháin an chéad bhliain den tréimhse clársceidealaithe arb í an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2022 í; i gcás na bliana cuntasaíochta deiridh, ciallaíonn sé an tréimhse ón 1 Iúil 2029 go dtí an 30 Meitheamh 2030;

(29)  ciallaíonn “neamhrialtacht” aon sárú ar an dlí is infheidhme, de thoradh gníomh nó faillí a rinne oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint aige le cur chun feidhme na gCistí, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí chaiteachas gan údar a ghearradh ar an mbuiséad sin;

(30)  ciallaíonn “easnamh tromchúiseach” easnamh ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe atá ag clár a fhágann gur gá feabhsuithe móra a dhéanamh ar na córais bhainistithe agus rialaithe agus má dhéantar aon cheann de na príomhcheanglais 2, 4, 5, 9, 12, 13 agus 15 dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, nó dhá cheann nó níos mó de na príomhcheanglais eile, a mheas mar chatagóirí 3 agus 4 den Iarscríbhinn sin;

(31)  ciallaíonn “ráta earráidí iomlán” suim na n‑earráidí randamacha réamh-mheasta agus, más infheidhme, earráidí sistéamacha agus earráidí aimhrialta neamhcheartaithe, arna roinnt ar an daonra;

(32)  ciallaíonn “ráta earráidí iarmharacha” an ráta earráidí iomlán lúide na ceartúcháin airgeadais arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát atá ceaptha na rioscaí a laghdú a shainaithin an t‑údarás iniúchóireachta ina iniúchtaí ar oibríochtaí;

(33)  ciallaíonn ‘oibríocht lánchríochnaithe’ oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus a bhfuil an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach ina leith íoctha leis na tairbhithe;

(34)  ciallaíonn “aonad samplála” ceann de na haonaid, lena n‑áirítear oibríocht, tionscadal laistigh d’oibríocht nó éileamh ar íocaíocht ag tairbhí, ar a roinntear daonra chun críocha samplála;

(35)  ciallaíonn “cuntas eascró”, i gcás oibríocht CPP, cuntas bainc a chumhdaítear le comhaontú i scríbhinn idir tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach arna fhormheas ag an údarás bainistíochta nó comhlacht idirmheánach agus a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí le linn na tréimhse incháilitheachta nó tar éis na tréimhse incháilitheachta;

(36)  ciallaíonn “rannpháirtí” duine nádúrtha a bhaineann tairbhe as oibríocht ach nach bhfaigheann tacaíocht airgeadais ó na Cistí;

(36a)  ciallaíonn ‘bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh’ tús áite a thabhairt i bpleanáil, beartas agus cinntí infheistíochta fuinnimh, do bhearta a dhéanann éileamh agus soláthar fuinnimh níos éifeachtúla; [Leasú 60]

(37)  ciallaíonn ‘díonadh ar an aeráid’ próiseas lena n-áirithítear go bhfuil bonneagar seasmhach i gcoinne thionchair dhíobhálacha na haeráide i gcomhréir le caighdeáin atá aitheanta go hidirnáisiúnta nó rialacha agus treoir náisiúnta, i gcás ina bhfuil siad sin ar fáil, go n-urramaítear bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus go roghnaítear conairí sonracha maidir le laghdú astaíochtaí agus dícharbónú; [Leasú 61]

(37a)  ciallaíonn ‘BEI’ an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta nó aon fhochuideachta den Bhanc Eorpach Infheistíochta. [Leasú 62]

Airteagal 3

Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin

I gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Choimisiúin, cuirfear tús leis an tréimhse ama sin nuair a bheidh an fhaisnéis uile i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i Rialacháin Chiste-shonracha curtha isteach ag an mBallstát.

Cuirfear an teorainn ama sin ar fionraí ón lá tar éis an dáta ar a seolfaidh an Coimisiún a bharúlacha nó a iarraidh ar dhoiciméid athbhreithnithe chuig an mBallstát go dtí go dtabharfaidh an Ballstát freagra ar an gCoimisiún.

CAIBIDIL II

Cuspóirí beartais agus prionsabail maidir leis an tacaíocht ó na Cistí

Airteagal 4

Cuspóirí beartais

1.  Tacóidh CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CEMI leis na cuspóirí beartais seo a leanas:

(a)  Eoraip níos iomaíche agus níos cliste trí chur chun cinn a dhéanamh ar aistriú eacnamaíoch nuálaíoch agus cliste agus trí fhiontair bheaga agus mheánmhéide a neartú; [Leasú 63]

(b)  Eoraip sheasmhach, níos glaise, a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin agus a aistreoidh chuig geilleagar carbóin glan-nialasach, trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn; [Leasú 64]

(c)  Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht, lena n-áirítear soghluaisteacht chliste agus inbhuanaithe, agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú; [Leasú 65]

(d)  Eoraip níos sóisialta agus níos cuimsithí lena gcuirtear chun feidhme Colún Eorpach na gCeart Sóisialta; [Leasú 66]

(e)  Eoraip atá níos gaire do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite na réigiún, na limistéar agus na dtionscnamh áitiúil uile a chothú. [Leasú 67]

2.  Rannchuideoidh CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe le gníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, trí na spriocanna seo a leanas a shaothrú:

(a)  Infheistíocht le haghaidh fáis agus post i mBallstáit agus i réigiúin, lena dtacófar le tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe; agus

(b)  ‘Comhar críochach Eorpach’ (Interreg), lena dtacófar le tacaíocht ó CFRE.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit díonadh ar an athrú aeráide d’oibríochtaí ábhartha tríd an bpróiseas pleanála agus cur chun feidhme iomlán agus tabharfaidh siad faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí i ndáil leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ag úsáid modheolaíocht atá bunaithe ar chineálacha idirghabhála do gach ceann de na Cistí. Is é a bheidh sa mhodheolaíocht sin ualú sonrach a shannadh don tacaíocht arna soláthar ar leibhéal a léireoidh an méid rannchuidithe atá sa tacaíocht den sórt sin le haghaidh cuspóirí aeráide agus cuspóirí aeráide. I gcás CFRE, CSE+ agus an Chiste Chomhtháthaithe, cuirfear na hualaithe i gceangal le diminsin agus cóid le haghaidh na gcineálacha idirghabhála a leagtar síos in Iarscríbhinn I. [Leasú 68]

4.  De réir a bhfreagrachtaí faoi seach agus i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus an rialachais il-leibhéil, áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir na Cistí agus ionstraimí eile an Aontais amhail an Clár Tacaíochta um Athchóiriú, lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Déanfaidh siad sásraí comhordúcháin idir an lucht freagrachta a optamú chun dúbailt a sheachaint le linn na pleanála agus an chur chun feidhme. [Leasú 69]

4a.   Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhlíonadh rialacha státchabhrach ábhartha a áirithiú. [Leasú 70]

Airteagal 5

Bainistíocht chomhroinnte

1.  Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil, agus an Coimisiún an chuid de bhuiséad an Aontais atá leithdháilte ar na Cistí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal [63] de Rialachán (AE, Euratom) [uimhir an Rialacháin Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’). [Leasú 71]

2.  Mar sin féin, Gan dochar d’Airteagal 1(2), is é an Coimisiún a dhéanfaidh an méid tacaíochta arna aistriú ón gCiste Comhtháthaithe chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, Infheistíochtaí Nuálacha Idir-réigiúnacha, an méid tacaíochta arna aistriú ó CSE+ chuig an gcomhar trasnáisiúnta, na méideanna arna ranníoc le InvestEU37 agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir le [pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 62(1)] den Rialachán Airgeadais. [Leasú 72]

3.  Féadfaidh an Coimisiún, le comhaontú an Bhallstáit agus an réigiúin lena mbaineann, comhar na réigiún is forimeallaí mar chuid de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach. [Leasú 73]

Airteagal 6

Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil

1.  Eagróidh gach Ballstát comhpháirtíocht leis na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla. Beidh na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den chomhpháirtíocht sin:

(a)  I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus gach cláir aonair, déanfaidh gach Ballstát, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil comhpháirtíocht lánfheidhme agus éifeachtach a eagrú. Beidh na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den chomhpháirtíocht sin; [Leasú 74]

(b)  údaráis réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus údaráis phoiblí eile; [Leasú 75]

(c)  comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta, amhail comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamh-rialtasacha agus comhlachtaí atá freagrach as an gcuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, cearta daoine faoi mhíchumas, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn. [Leasú 76]

(ca)   institiúidí taighde agus ollscoileanna, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 77]

2.  I gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil agus ag leanúint cur chuige ó bhun aníos, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe sin rannpháirteach in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus i rith ullmhú, chur chun feidhme agus mheastóireacht na gclár, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht sna coistí faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 34. Sa chomhthéacs sin, déanfaidh na Ballstáit céatadán iomchuí de na hacmhainní ó na Cistí a leithdháileadh d’fhothú acmhainneacht riaracháin na gcomhpháirtithe sóisialta agus na n-eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta. Le haghaidh cláir thrasteorann, áireoidh na Ballstáit lena mbaineann comhpháirtithe ó na Ballstáit rannpháirteacha uile sa phróiseas. [Leasuithe 78 agus 459]

3.  Déanfar an chomhpháirtíocht a eagrú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún(37) . Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107, maidir le leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 240/2014, chun an Rialachán Tarmligthe sin a oiriúnú don Rialachán seo. [Leasú 79]

4.  Uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na comhpháirtithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na gclár, agus tuairisceoidh sé chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an toradh. [Leasú 80]

Airteagal  6a

Prionsabail Chothrománacha

1.  Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún urraim do chearta bunúsacha agus do chomhlíonadh an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a áirithiú i gcur chun feidhme na gCistí.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear comhionannas idir fir agus mná, príomhshruthú inscne agus comhtháthú na gné inscne san áireamh agus go gcuirfear chun cinn iad i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár, lena n-áirítear maidir le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

3.  Glacfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na céimeanna iomchuí chun aon idirdhealú atá bunaithe ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc le linn ullmhú, chur chun feidhme, fhaireachán, thuairisciú agus mheastóireacht na gclár. Go háirithe, déanfar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár.

4.  Déanfar cuspóirí na gCistí a shaothrú i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe, ag cur san áireamh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le cur chun cinn an Aontais ar an sprioc cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú agus an t-athrú aeráide a chomhrac, ag cur san áireamh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, mar a leagtar amach in Airteagal 191(1) agus (2) CFAE.

Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go gcuirfear ceanglais chosaint an chomhshaoil, éifeachtúlacht acmhainní, bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh, aistriú fuinnimh a bheidh cóir go sóisialta, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, bithéagsúlacht, athléimneacht ó thubaistí agus cosc ar rioscaí agus bainistíocht riosca chun cinn agus na Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme. Beidh sé mar sprioc acu infheistíochtaí i ndáil le táirgeadh, le próiseáil, le dáileadh, le stóráil nó le dóchán breoslaí iontaise a sheachaint. [Leasú 81]

Teideal II

CUR CHUIGE STRAITÉISEACH

CAIBIDIL I

Comhaontú Comhpháirtíochta

Airteagal 7

An Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú agus a chur isteach

1.  Ullmhóidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta ina leagfar amach socruithe d’úsáid na gCistí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. Déanfar Comhaontú Comhpháirtíochta mar sin a ullmhú i gcomhréir leis an gcód iompair arna bhunú ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún. [Leasú 82]

2.  Cuirfidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfidh sé an chéad chlár faoina bhráid, nó an tráth céanna, ach ní nach déanaí ná an 30 Aibreán 2021. [Leasú 83]

3.  Féadfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a chur isteach in éineacht leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú bliantúil ábhartha agus an Plean Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid. [Leasú 84]

4.  Déanfaidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Féadfaidh sé an Comhaontú Comhpháirtíochta a chuimsiú i gceann dá chláir.

5.  Féadfar cláir faoi Interreg a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid.

Airteagal 8

Inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta

Beidh na heilimintí seo a leanas sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:

(a)  na cuspóirí beartais atá roghnaithe ag léiriú cé na Cistí agus na cláir lena saothrófar iad agus an t‑údar atá leis sin, agus i gcás inarb ábhartha, an t‑údar atá le húsáid a bhaint as an modh seachadta faoi InvestEU, ag cur san áireamh agus ag liostú na moltaí tír-shonracha ábhartha, chomh maith le dúshláin réigiúnacha; [Leasú 85]

(b)  i gcás gach ceann de na cuspóirí beartais atá roghnaithe dá dtagraítear i bpointe (a):

(i)  achoimre ar na roghanna beartais agus na príomhthorthaí a bhfuil súil leo i gcás gach Ciste, lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, úsáid InvestEU; [Leasú 86]

(ii)  comhordú, críochú agus comhlántachtaí idir na Cistí agus, i gcás inarb iomchuí, chomhordú idir cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha, go háirithe maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear i Rialachán (AE) [...] (an ‘Rialachán maidir le Pleananna Straitéiseacha CBT’); [Leasú 87]

(iii)  comhlántachtaí agus sineirgí idir na Cistí agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail nádúir straitéiseacha faoi LIFE, agus, i gcás inarb iomchuí, tionscadail a chistítear faoi Fhís Eorpach; [Leasú 88]

(iiia)   gnóthú spriocanna, beartas agus beart faoi na Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid; [Leasú 89]

(c)  an réamh-leithdháileadh airgeadais ó gach ceann de na Cistí de réir an chuspóra beartais ar an leibhéal náisiúnta agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal réigiúnach, ag urramú na rialacha Ciste-shonracha maidir le comhdhlúthú téamach; [Leasú 90]

(d)  i gcás inarb ábhartha, miondealú na n‑acmhainní airgeadais de réir catagóir réigiún arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 102(2) agus méideanna na leithdháiltí atáthar a mholadh a aistriú idir catagóirí réigiún de bhun Airteagal 105; [Leasú 91]

(e)  na méideanna atá le ranníoc le InvestEU de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún; [Leasú 92]

(f)  an liosta de chláir atá pleanáilte faoi na Cistí maille leis na réamh-leithdháiltí airgeadais a bhaineann leo de réir Ciste agus an ranníocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach de réir catagóir réigiún;

(g)  achoimre ar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann chun a achmainneacht riaracháin a threisiú maidir le cur chun feidhme na gCistí agus maidir lena chóras bainistithe agus rialaithe; [Leasú 93]

(ga)   i gcás inarb iomchuí, cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha agus / nó riachtanais shonracha na réigiún agus na limistéar; [Leasú 94]

(gb)   straitéis infheictheachta agus chumarsáide. [Leasú 95]

Féadfaidh BEI, arna iarraidh sin ag Ballstáit, páirt a ghlacadh in ullmhú an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, agus i ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí a ullmhú, ionstraimí airgeadais agus CPPanna. [Leasú 96]

Maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), ní bheidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ach an liosta de na cláir atá pleanáilte agus na riachtanais infheistíochta tras-teorann sa Bhallstát lena mbaineann. [Leasú 97]

Airteagal 9

An Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas

1.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus an bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, na forálacha d’Airteagal 4 agus Airteagal 6, na moltaí tír-shonracha ábhartha, chomh maith leis na bearta atá nasctha le pleananna comhtháite náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid agus an bealach ina dtéitear i ngleic leo a chur san áireamh. [Leasú 98]

2.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de trí dhá mhí ón dáta a chuirfidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid. [Leasú 99]

3.  Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta ag cur bharúlacha an Choimisiúin san áireamh laistigh de mhí amháin ón dáta ar cuireadh isteach iad. [Leasú 100]

4.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an Comhaontú Comhpháirtíochta tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an chéad dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid. Ní leasófar an Comhaontú Comhpháirtíochta. [Leasú 101]

5.  Más rud é, de bhun Airteagal 7(4), go gcuimsítear an Comhaontú Comhpháirtíochta i gclár, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an clár sin tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann faoina bhráid é.

Airteagal 10

Úsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMI arna seachadadh trí InvestEU

1.  An méid ó Amhail ón 1 Eanáir 2023, féadfaidh na Ballstáit, le comhaontú an údaráis bhainistithe lena mbaineann, suas le 2% de CFRE, ó CSE+, ón gCiste den Chiste Comhtháthaithe agus ó CEMI atá le ranníoc le trí InvestEU agus le seachadadh trí ráthaíochtaí buiséadacha, féadfaidh na Ballstáit é a leithdháileadh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó san iarraidh ar leasú ar chlár. Ní bheidh an méid atá le ranníoc le InvestEU níos mó ná 5 % Féadfar leithdháileadh breise suas le 3% den leithdháileadh iomlán de gach Ciste a dhéanamh do InvestEU faoin athbhreithniú meántéarma. Beidh ranníocaíochtaí den sórt sin ar fáil d’infheistíochtaí i gcomhréir le cuspóirí an bheartais comhtháthaithe agus sa chatagóir céanna réigiún a ndírítear orthu leis an Cistí tionscnaimh. Tráth ar bith a dhéantar méid de CFRE, CSE+, Chiste Comhtháthaithe a ranníoc le InvestEU, beidh feidhm ag na coinníollacha cumasaithe faoi mar a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 11 agus in Iarscríbhínní III agus IV den Rialachán seo. Ní fhéadfar ach acmhainní blianta féilire atá le teacht a leithdháileadh. [Leasú 428]

2.  I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, féadfar acmhainní na bliana féilire reatha agus na mblianta féilire atá le teacht a leithdháileadh. I gcás iarraidh ar leasú ar chlár, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta féilire atá le teacht a leithdháileadh. [Leasú 103]

3.  Úsáidfear an méid dá dtagraítear i mír 1 chun soláthar don chuid den ráthaíocht ón Aontas atá in urrann an Bhallstáit faoi seach. [Leasú 104]

4.  Mura bhfuil comhaontú ranníocaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] de [Rialachán InvestEU], tugtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2021 2023 le haghaidh méid dá dtagraítear i mír 1 atá leithdháilte sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, cuirfidh an Ballstát iarraidh ar leasú ar chlár nó ar chláir isteach d’fhonn an méid comhfhreagrach a úsáid. [Leasú 105]

An comhaontú ranníocaíochta le haghaidh méid dá dtagraítear i mír 1 a leithdháiltear in iarraidh ar leasú ar chlár, déanfar é a thabhairt i gcrích, nó a leasú de réir mar a bheidh, an tráth céanna le glacadh an chinnidh lena leasaítear an clár. [Leasú 106]

5.  Mura mbeidh comhaontú ráthaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] de [Rialachán InvestEU] é, tugtha i gcrích laistigh de naoi mí ón tráth a fhormheasfar an comhaontú ranníocaíochta, na méideanna faoi seach arna n-íoc isteach sa chiste don soláthar coiteann mar sholáthar, déanfar iad a aistriú ar ais chuig an gclár nó chuig na cláir bhunaidh agus cuirfidh an Ballstát iarraidh chomhfhreagrach ar leasú ar chlár isteach. Sa chás ar leith sin, féadfar acmhainní ó bhlianta féilire roimhe sin a mhodhnú, ar choinníoll nach bhfuil na gealltanais curtha chun feidhme go fóill. [Leasú 107]

6.  Mura mbeidh comhaontú ráthaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] de [Rialachán InvestEU] é, curtha i gcrích ina iomláine laistigh de cheithre bliana tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta, féadfaidh an Ballstát a iarraidh go gcaithfear i gcomhréir le mír 5 le méideanna a gealladh sa chomhaontú ráthaíochta ach nach gcumhdaíonn iasachtaí foluiteacha ná ionstraimí rioscúla.

7.  Acmhainní a gineadh leis na méideanna arna ranníoc le InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, agus a seachadadh trí ráthaíochtaí buiséadacha, cuirfear ar fáil do na Ballstáit agus don údarás áitiúil nó réigiúnach lena mbaineann an ranníocaíocht iad agus úsáidfear le haghaidh tacaíochta iad faoin gcuspóir céanna nó faoi na cuspóirí céanna i bhfoirm ionstraimí airgeadais. [Leasú 108]

8.  Déanfaidh an Coimisiún athbhuiséadú ar na méideanna arna ranníoc nár úsáideadh faoi InvestEU don bhliain ina bhformheastar an leasú comhfhreagrach ar chlár. Ní fhéadfaidh an t‑athbhuiseadú sin dul níos faide ná 2027.

An teorainn ama do shaoradh an méid athbhuiséadaithe i gcomhréir le hAirteagal 99, tosóidh sé ón mbliain ina ndéantar an ranníocaíocht a athbhuiséadú.

CAIBIDIL II

Coinníollacha cumasaithe agus creat feidhmíochta

Airteagal 11

Coinníollacha cumasaithe

1.  I gcás gach cuspóra sonraí, leagtar síos sa Rialachán seo coinníollacha ar réamhriachtanais iad chun é a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil (‘coinníollacha cumasaithe’). Beidh feidhm ag coinníollacha cumasaithe a mhéid a rannchuideoidh siad le gnóthú chuspóirí sonracha an chláir. [Leasú 109]

In Iarscríbhinn III, leagtar síos coinníollacha cumasaithe cothrománacha is infheidhme maidir leis na cuspóirí sonracha uile agus na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.

In Iarscríbhinn IV, leagtar síos coinníollacha cumasaithe do CFRE, an Ciste Comhtháthaithe agus CSE+ agus na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.

2.  Nuair a bheidh an Ballstát ag ullmhú cláir nó ag tabhairt isteach cuspóir sonrach nua mar chuid de leasú ar chlár, déanfaidh sé a mheas an bhfuil na coinníollacha cumasaithe a bhaineann leis an gcuspóir sonrach atá roghnaithe comhlíonta. Tá coinníoll cumasaithe comhlíonta má tá na critéir ghaolmhara uile sásaithe. Déanfaidh an Ballstát, i ngach clár nó sa leasú ar chlár, na coinníollacha cumasaithe atá comhlíonta agus nach bhfuil comhlíonta a shainaithint agus má mheasann sé go bhfuil coinníoll cumasaithe comhlíonta, tabharfaidh sé an t-údar leis sin. Arna iarraidh sin do Bhallstát, féadfaidh BEI rannchuidiú le measúnú ar na gníomhaíochtaí is gá chun na coinníollacha cumasaithe ábhartha a chomhlíonadh. [Leasú 110]

3.  Mura bhfuil coinníoll cumasaithe comhlíonta tráth formheasta an chláir nó an leasaithe ar chlár, tabharfaidh an Ballstát tuairisc don Choimisiún a luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil an coinníoll cumasaithe comhlíonta, maille leis an údar leis sin.

4.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú, laistigh de thrí dhá mhí tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi má aontaíonn sé go bhfuil an coinníoll comhlíonta. [Leasú 111]

I gcás nach n‑aontaíonn an Coimisiún le measúnú an Bhallstáit, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh sé deis dó a bharúlacha a chur i láthair laistigh d’aon mhí amháin dhá mhí ar a mhéad. [Leasú 112]

5.  An caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí atá nasctha leis an gcuspóir sonrach, ní fhéadfar féadfar é a áireamh in iarratais ar íocaíocht go dtí go sula gcuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe de bhun mhír 4, gan dochar d’fhionraí na haisíocaíochta féin go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll. [Leasú 113]

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hoibríochtaí a rannchuidíonn le comhlíonadh an choinníll cumasaithe chomhfhreagraigh.

6.  Áiritheoidh an Ballstát go bhfuil na coinníollacha cumasaithe comhlíonta agus go gcuirfear i bhfeidhm iad i rith na clárthréimhse. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi aon mhodhnú a imreoidh tionchar ar chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe.

I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil an coinníoll cumasaithe comhlíonta a thuilleadh, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh sé deis dó a bharúlacha a chur i láthair laistigh d’aon mhí amháin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil neamh-chomhlíonadh an choinníll cumasaithe fós ag dul ar aghaidh, ní féidir, ón dáta a chuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi amach, an caiteachas a bhaineann leis an gcuspóir sonrach i gceist a áireamh in iarratais ar íocaíocht.

7.  Ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn IV maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEMI.

Airteagal 12

Creat feidhmíochta

1.  Bunóidh an Ballstát, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, creat feidhmíochta lena bhféadfar faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht cláir le linn a chur chun feidhme, agus lena gcuirfear leis an tomhas ar fheidhmíocht fhoriomlán na gCistí. [Leasú 115]

Is éard a bheidh sa chreat feidhmíochta:

(a)  na táscairí aschuir agus toraidh a bhaineann le cuspóirí sonracha a leagtar síos sna Rialacháin Chiste-shonracha;

(b)  na garspriocanna atá le gnóthú faoi dheireadh na bliana 2024 maidir le táscairí aschuir; agus

(c)  na spriocanna atá le gnóthú faoi dheireadh na bliana 2029 maidir le táscairí aschuir agus toraidh.

2.  Leagfar síos garspriocanna agus spriocanna i ndáil le gach cuspóir sonrach laistigh de chlár, diomaite den chúnamh teicniúil agus an cuspóir sonrach a dhíríonn ar an díth ábhartha a leagtar amach in Airteagal [4(c)(vii) 4(1)(xi)] de Rialachán CSE+. [Leasú 116]

3.  Cuirfidh na garspriocanna agus na spriocanna ar a gcumas don Choimisiún agus don Bhallstát an dul chun cinn i dtreo ghnóthú an chuspóra shonraigh a thomhas. Sásóidh siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal [33(3)] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 13

Modheolaíochtaí le haghaidh an creat feidhmíochta a bhunú

1.  Cuimseoidh na modheolaíochtaí le haghaidh an creat feidhmíochta a bhunú an méid seo a leanas:

(a)  na critéir a chuireann an Ballstát i bhfeidhm chun táscairí a roghnú;

(b)  na sonraí nó an fhaisnéis a úsáidtear, ráthú cáilíochta na sonraí agus an modh ríomha;

(c)  tosca a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna agus an chaoi ar cuireadh san áireamh iad.

2.  Féadfaidh an Ballstát na modheolaíochtaí sin a chur ar fáil arna iarraidh sin don Choimisiún.

Airteagal 14

Athbhreithniú meántéarma

1.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe, athbhreithneoidh an Ballstát agus na húdaráis bhainistithe ábhartha gach clár, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh: [Leasú 117]

(a)  na dúshláin nua arna sainaithint i moltaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh in 2024 agus na spriocanna arna sainaithint i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta comhtháite don fhuinneamh agus don aeráid, i gcás inarb ábhartha; [Leasú 118]

(b)  staid shoch-eacnamaíoch an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann, lena n-áirítear staid chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus riachtanais chríochacha d’fhonn éagromaíochtaí, chomh maith le neamhionannais eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú; [Leasú 119]

(c)  an dul chun cinn i dtaca leis na garspriocanna a bhaint amach;

(d)  toradh an choigeartaithe theicniúil a leagtar amach in Airteagal 104(2), i gcás inarb infheidhme;

(da)  aon mhórfhorbairtí airgeadais, eacnamaíocha nó sóisialta diúltacha a éilíonn coigeartú ar na cláir, lena n-áirítear mar thoradh ar shuaitheadh siméadrach nó neamhshiméadrach sna Ballstáit agus ina gcuid réigiún. [Leasú 120]

2.  I gcomhréir le toradh an athbhreithnithe, déanfaidh an Ballstát iarraidh ar leasú ar gach clár ar leith i gcomhréir le hAirteagal 19(1) a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025, nó cuirfidh sé in iúl nach ndearnadh aon leasú a iarraidh. Léireoidh an Ballstát an t-údar atá leis an leasú ar bhonn na n-eilimintí a leagtar amach i mír 1 nó, de réir mar is iomchuí, cúiseanna a thabhairt leis an bhfáth nach ndearnadh iarraidh ar leasú ar chlár. [Leasú 121]

Cuimseofar sa chlár athbhreithnithe:

(a)  leithdháiltí tosaigh athbhreithnithe na n-acmhainní airgeadais de réir tosaíochta lena n-áirítear na méideanna do na blianta 2026 agus 2027; [Leasú 122]

(b)  spriocanna athbhreithnithe nó nua;

(ba)   na méideanna atá le ranníoc le InvestEU de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún, i gcás inarb iomchuí; [Leasú 123]

(c)  leithdháiltí athbhreithnithe na n‑acmhainní airgeadais de thoradh an choigeartaithe theicniúil a leagtar amach in Airteagal 104(2) lena n‑áirítear na méideanna do na blianta 2025, 2026 agus 2027, i gcás inarb infheidhme.

3.  I gcás ina gcuirfear clár nua isteach, mar thoradh ar an athbhreithniú, cumhdóidh an plean maoiniúcháin faoi phointe (ii) d’Airteagal 17(3)(f) an leithreasú airgeadais iomlán do gach ceann de na Cistí don bhliain ina bhformheasfar an clár.

3a.   Déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Márta 2026, tuarascáil a ghlacadh a dhéanfaidh achoimriú ar thorthaí an athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún. [Leasú 124]

CAIBIDIL III

Bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta

Airteagal 15

Bearta lena ndéantar éifeachtúlacht na gCistí a nascadh le rialachas eacnamaíoch fónta

1.  Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, i gcás inar gá sin chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle.

Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas:

(a)  chun tacú le cur chun feidhme molta thír-shonraigh ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus molta ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann;

(b)  chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(38) ar an gcoinníoll go meastar gur gá na leasuithe seo chun cuidiú le héagothromaíochtaí macraicneamaíocha a cheartú.

2.  Maidir le hiarraidh ón gCoimisiún ar Bhallstát i gcomhréir le mír 1, beidh sí réasúnaithe ag déanamh tagairt don ghá tacú le cur chun feidhme na moltaí ábhartha agus léireofar inti na cláir nó na tosaíochtaí a mheasann an Coimisiún atá i gceist agus cineál na leasuithe a bhfuiltear ag súil leo.

3.  Déanfaidh an Ballstát a fhreagra ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach laistigh de dhá mhí tar éis dó í a fháil agus leagfaidh sé amach na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach ar na cláir ábhartha, na cúiseanna atá leis na leasuithe sin, ag sainaithint na cláir atá i gceist agus ag tabhairt cuntas ar chineál na leasuithe atá beartaithe agus na héifeachtaí a mheastar a bheidh acu ar chur chun feidhme na moltaí agus ar chur chun feidhme na gCistí. Más gá, tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de mhí amháin ón bhfreagra sin a fháil.

4.  Déanfaidh an Ballstát togra chun leasú a dhéanamh ar na cláir ábhartha a chur isteach laistigh de dhá mhí ón dáta a chuirfear isteach an freagra dá dtagraítear i mír 3.

5.  I gcás nach bhfuil barúlacha tugtha ag an gCoimisiún nó i gcás ina bhfuil sé sásta go ndearnadh aon bharúlacha a tugadh a chur san áireamh go cuí, glacfaidh sé cinneadh lena bhformheasfar na leasuithe ar na cláir ábhartha i gcomhréir le hAirteagal [19(4)].

6.  Mura ndéanfaidh an Ballstát, faoi na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4, gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagra ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí le haghaidh na gclár agus na dtosaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí ina n‑iomláine nó i bpáirt.

7.  Déanfaidh an Coimisiún togra a chur chuig an gComhairle chun na gealltanais do chlár amháin nó níos mó de chuid Ballstáit a chur ar fionraí ina n‑iomláine nó i bpáirt sna cásanna seo a leanas:

(a)  má chinneann an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) nó Airteagal 126(11) CFAE nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach glactha ag an mBallstát chun a easnamh iomarcach a cheartú;

(b)  má ghlacann an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39) ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a chur isteach;

(c)  má ghlacann an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suítear neamh-chomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;

(d)  má thagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle(40) agus go gcinninn sé, dá thoradh sin, gan aisíocaíocht an chúnaimh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a údarú;

(e)  má chinneann an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(41), nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á chomhlíonadh ag Ballstát.

Tabharfar tosaíocht d’fhionraíocht na ngealltanas; ní dhéanfar íocaíochtaí a chur ar fionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamh-chomhlíonadh suntasach. Beidh feidhm ag fionraíocht na n‑íocaíochtaí maidir le hiarratais ar íocaíocht a chuirfear isteach i ndáil leis na cláir lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh fionraíochta.

Féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais cúinsí eacnamaíocha eisceachtúla nó ar iarraidh réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann a dhíreofar chuig an gCoimisiún laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh nó an mholta dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo, moladh don Chomhairle an fhionraíocht dá dtagraítear san fhomhír chéanna a chealú.

8.  Maidir le togra ón gCoimisiún chun gealltanais a chur ar fionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh de mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh.

Beidh feidhm ag fionraíocht na ngealltanas maidir leis na gealltanais ó na Cistí don Bhallstát lena mbaineann ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh dháta an chinnidh maidir le fionraí.

Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 7 i ndáil le fionraíocht na n‑íocaíochtaí.

9.  Maidir le raon feidhme agus leibhéal na fionraíochta a fhorchuirfear ar na gealltanais nó ar na híocaíochtaí, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta, an leibhéal bochtaineachta nó an leibhéal eisiaimh shóisialta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar na fionraíochta ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Is gné shonrach atá le cur san áireamh é tionchar na bhfionraíochtaí ar chláir a bhfuil ríthábhacht leo chun dul i ngleic le dálaí neamhfhabhracha eacnamaíocha nó sóisialta.

10.  Beidh fionraíocht gealltanas faoi réir uasmhéid 25 % de na gealltanais a bhaineann leis an gcéad bhliain féilire eile do na Cistí nó 0,25 % den OTI ainmniúil pé acu is ísle, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

(a)  sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear faoi phointe (a) de mhír 7;

(b)  sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear faoi phointe (b) de mhír 7;

(c)  i gcás de neamh-chomhlíonadh an phlean gníomhaíochta ceartaithí arna mholadh de bhun nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear faoi phointe (c) de mhír 7;

(d)  sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh dá dtagraítear faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) de mhír 7.

I gcás neamh-chomhlíonadh leanúnach, féadfaidh an fhionraíocht gealltanais a bheith níos mó ná na céatadáin uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír.

11.  Cuirfidh an Chomhairle deireadh leis an bhfionraíocht gealltanas ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 8, sna cásanna seo a leanas:

(a)  má tá an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle(42) nó go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;

(b)  má tá tacú tugtha ag an gComhairle don plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;

(c)  má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002;

(d)  má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.

Tar éis don Chomhairle deireadh a chur leis an bhfionraíocht gealltanas, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais a bhí ar fionraí a athbhuiséadú i gcomhréir le hAirteagal [8] de Rialachán (AE, Euratom) [...] ón gComhairle (an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil).

Maidir le hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí, ní fhéadfar iad a athbhuiséadú níos faide amach ná 2027.

An teorainn ama do shaoradh an mhéid athbhuiséadaithe i gcomhréir le hAirteagal 99, tosóidh sé ón mbliain ina ndéantar an gealltanas a bhí ar fionraí a athbhuiséadú.

Cinneadh deireadh a chur le fionraíocht na n‑íocaíochtaí, déanfaidh an Chomhairle é ar thogra ón gCoimisiún i gcás ina bhfuil na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach sa chéad mhír comhlíonta.

12.  Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe, má tá ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 7 comhlíonta i gcás Ballstáit, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus mionsonraí a sholáthar faoi na Cistí agus na cláir a bhféadfaí a ngealltanais a chur ar fionraí.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig comhphlé struchtúrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird á tabhairt ar tharchur na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le gealltanais a chur ar fionraí nó an togra chun deireadh a chur le fionraíocht den sórt sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

13.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 12 maidir le tosaíochtaí ná cláir faoi Airteagal [4(c)(v)(ii)] de Rialachán CSE+. [Leasuithe 425/rev, 444/rev, 448 agus 469]

Teideal III

Clársceidealú

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí

Airteagal 16

Cláir a ullmhú agus a chur isteach

1.  Ullmhóidh an Ballstát i gcomhar leis na comhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 6 cláir chun na Cistí a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 140]

2.  Cuirfidh na Ballstáit cláir faoi bhráid an Choimisiúin 3 mhí ar a dhéanaí tar don Chomhaontú Comhpháirtíochta a bheith curtha faoina bhráid.

3.  Ullmhóidh na Ballstáit cláir i gcomhréir leis an teimpléad don chlár a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

I gcás CTIL, CSI agus IBTV, ullmhóidh na Ballstáit cláir i gcomhréir leis an teimpléad don chlár a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 17

Inneachar na gclár

1.  Leagfar amach i ngach clár straitéis maidir le rannchuidiú an chláir leis na cuspóirí beartais agus maidir le cumarsáid faoina thorthaí.

2.  Tosaíochtaí a bheidh i gclár. Beidh gach tosaíocht ag freagairt do chuspóir beartais amháin nó roinnt cuspóirí beartais nó do chúnamh teicniúil. Beidh cuspóir sonrach amháin nó níos mó i dtosaíocht atá ag freagairt do chuspóir beartais. Féadfaidh níos mó ná tosaíocht amháin freagairt d’aon chuspóir beartais amháin. [Leasú 141]

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, féadfaidh gach tosaíocht freagairt do chuspóir beartais amháin nó níos mó. Beidh na cuspóirí sonracha ag freagairt do réimsí tacaíochta a shainítear in Iarscríbhinn [III] a ghabhann le Rialachán CEMI.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cuspóirí sonracha a bheidh i gclár.

3.  Leagfar amach i ngach clár:

(a)  achoimre ar na príomhdhúshláin, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:

(i)  éagothromaíochtaí eacnamaíocha sóisialta agus críochacha, chomh maith le neamhionannais, ach amháin i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI; [Leasú 142]

(ii)  teipeanna margaidh, riachtanais infheistíochta agus comhlántacht agus sineirgí le foirmeacha eile tacaíochta; [Leasú 143]

(iii)  dúshláin arna sainaithint i sna moltaí tír-shonracha ábhartha agus moltaí ábhartha eile de chuid an Aontais arna ndíriú ar an mBallstát; [Leasú 144]

(iv)  dúshláin maidir leis an acmhainneacht riaracháin agus rialachas agus bearta simpliúcháin; [Leasú 145]

(iva)   cur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhéimeagrafacha, i gcás inarb ábhartha; [Leasú 146]

(v)  na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a fuarthas;

(vi)  straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige má tá na Ballstáit agus na réigiúin rannpháirteach i straitéisí den sórt sin;

(via)   dúshláin agus cuspóirí gaolmhara arna sainaithint sna Pleananna Náisiúnta Fuinnimh agus Aeráide agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta; [Leasú 147]

(vii)  i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an aquis ábhartha de chuid an Aontais agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais, chomh maith le heasnaimh shainaitheanta; [Leasú 148]

(b)  an t‑údar atá leis na cuspóirí beartais atá roghnaithe, na tosaíochtaí comhfhreagracha, cuspóirí sonracha agus na foirmeacha tacaíochta;

(c)  i gcás gach tosaíochta, diomaite den chúnamh teicniúil, cuspóirí sonracha;

(d)  i gcás gach cuspóra shonraigh:

(i)  na cineálacha gníomhaíochtaí gaolmhara, lena n-áirítear liosta agus tráthchlár táscach de na hoibríochtaí atá beartaithe lena bhfuil tábhacht straitéiseach, agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu leis na cuspóirí sin agus le straitéisí macrairéigiúnacha agus le straitéisí imchuach farraige, i gcás inarb iomchuí; [Leasú 149]

(ii)  táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na garspriocanna agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;

(iii)  na spriocghrúpaí príomha;

(iiia)   gníomhaíochtaí lena ndéantar coimiriciú ar chomhionannas, cuimsiú agus neamh-idirdhealú; [Leasú 150]

(iv)  críocha sonracha a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n‑áirítear an úsáid atá beartaithe d’infheistíocht chríochach chomhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó uirlisí críochacha eile;

(v)  na gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha, tras-teorann agus trasnáisiúnta a bhfuil a dtairbhithe lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad; [Leasú 151]

(va)   inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí; [Leasú 152]

(vi)  an úsáid atá beartaithe d’ionstraimí airgeadais;

(vii)  na cineálacha idirghabhála agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála nó an réimse tacaíochta;

(viia)   cur síos maidir le conas a saothrófar comhlántachtaí agus sineirgí le Cistí agus ionstraimí eile; [Leasú 153]

(e)  an úsáid atá beartaithe don chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 30 go hAirteagal 32 agus cineálacha idirghabhála ábhartha;

(f)  plean maoinithe a chuimseoidh an méid seo a leanas:

(i)  tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach ceann de na Cistí agus do gach catagóir réigiúin don chlárthréimhse ina hiomláine agus de réir bliana, lena n‑áirítear aon mhéideanna arna n‑aistriú de bhun Airteagal 21;

(ii)  tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach tosaíocht de réir an Chiste agus de réir na catagóire réigiúin agus an ranníocaíocht náisiúnta agus an bhfuil an ranníocaíocht sin comhdhéanta de ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha;

(iii)  i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, tábla ina sonrófar do gach réimse tacaíochta, méid na leithdháiltí airgeadais iomlána a bhaineann leis an tacaíocht ón gCiste agus an ranníocaíocht náisiúnta;

(iv)  i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána de réir an chineáil gníomhaíochta, an ranníocaíocht náisiúnta agus an ranníocaíocht phoiblí nó phríobháideach í;

(g)  na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6 a tharraingt isteach in ullmhú an chláir, agus ról na gcomhpháirtithe sin maidir le cur chun feidhme an chláir agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

(h)  i gcás gach coinníll cumasaithe, arna leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 11, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV, measúnú an bhfuil an coinníoll cumasaithe comhlíonta ar an dáta a chuirtear an chlár isteach;

(i)  an cur chuige atá beartaithe maidir le cumarsáid agus infheictheacht don chlár trí na cuspóirí, na pobail sprice, na bealaí cumarsáide, i gcás inarb iomchuí an fhor-rochtain meán sóisialta, chomh maith le buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha d’fhaireachán agus do mheastóireacht a shainiú; [Leasú 154]

(j)  an t-údarás bainistíochta, an t-údarás iniúchóireachta, an comhlacht freagrach as an bhfeidhm chuntasaíochta faoi Airteagal 70, agus an comhlacht a gheobhaidh íocaíochtaí ón gCoimisiún. [Leasú 155]

Ní bheidh feidhm pointe (c) agus pointe (d) den mhír seo maidir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal [4(c)(vii) 4(1)(xi)] de Rialachán CSE+. [Leasú 156]

Déanfar tuarascáil chomhshaoil ina mbeidh faisnéis ábhartha maidir le héifeachtaí ar an gcomhshaol i gcomhréir le Treoir 2001/42/CE a chur mar iarscríbhinn leis an gclár, ag cur san áireamh na riachtanais don mhaolú ar an athrú aeráide. [Leasú 157]

4.  De mhaolú ar phointe (d) de mhír 3, i gcás gach cuspóra shonraigh de chuid clár a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cuirfear na nithe seo a leanas ar fáil:

(a)  tuairisc ar an staid tosaigh, na dúshláin agus na freagairtí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste;

(b)  tásc ar na cuspóirí oibríochtúla;

(c)  liosta táscach de ghníomhaíochtaí agus den rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu le cuspóirí sonracha agus oibríochtúla;

(d)  i gcás inarb infheidhme, an t‑údar atá leis an tacaíocht oibríochta, gníomhaíochtaí sonracha, cúnaimh éigeandála, agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail [16 agus 17] de Rialachán CEMI;

(e)  táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na garspriocanna agus na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;

(f)  miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir cineál idirghabhála.

5.  Cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh na cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar sna Rialacháin Chiste-shonracha.

6.  I gcás cláir de chuid CFRE, CSE+ agus an Chiste Comhtháthaithe arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, cuimseoidh an tábla dá dtagraítear i mír (3)(f)(ii) na méideanna do na blianta 2021 go 2025, agus do na blianta sin amháin 2027. [Leasú 158]

7.  Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír (3)(j) nach bhfuil leasú ar chlár de dhíth orthu.

Airteagal 18

Cláir a fhormheas

1.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár agus an bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Chiste-shonracha, agus an bhfuil sé ag teacht leis an gComhaontú Comhpháirtíochta. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, na moltaí tír-shonracha ábhartha a chur san áireamh, chomh maith le dúshláin ábhartha i gcur chun feidhme na bPleananna Náisiúnta Comhtháite don Fhuinneamh agus don Aeráid agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an bealach ina dtéitear i ngleic leo. [Leasú 160]

2.  Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de thrí dhá mhí ón dáta a dhéanfaidh an Ballstát an clár a chur faoina bhráid. [Leasú 161]

3.  Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gclár ag cur bharúlacha an Choimisiúin san áireamh laistigh de dhá mhí ón dáta ar cuireadh isteach iad. [Leasú 162]

4.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an clár tráth nach déanaí ná cúig mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát an clár sin faoina bhráid a ndearna an Ballstát an clár sin a thíolacadh ar dtús. [Leasú 163]

Airteagal 19

Cláir a leasú

1.  Féadfaidh an Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur isteach ar leasú ar chlár mar aon leis an gclár leasaithe, ina leagfar amach an tionchar a bhfuiltear ag siúl leis ón leasú sin ar ghnóthú na gcuspóirí.

2.  Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an leasú agus ar a chomhlíonadh maidir leis an Rialachán seo agus na Rialacháin Chiste-shonracha, lena n‑áirítear ceanglais ar an leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt laistigh de trí dhá mhí ón dáta a cuireadh isteach an clár atáthar a leasú. [Leasú 164]

3.  Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gclár leasaithe agus cuirfidh sé barúlacha an Choimisiúin san áireamh laistigh de dhá mhí ón dáta ar cuireadh isteach iad. [Leasú 165]

4.  Formheasfaidh an Coimisiún an leasú ar chlár tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach. [Leasú 166]

5.  Féadfaidh an Ballstát suas le 5 % % den leithdháileadh tosaigh do thosaíocht, gan dul thar 3 % 5 % den bhuiséad don chlár, a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna atá ag tacú leis an gclár céanna. Agus sin á dhéanamh aige, déanfaidh an Ballstát an cód iompair arna bhunú ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún a urramú. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ó CSE+, ní bhainfidh an t-aistriú ach le leithdháiltí don chatagóir chéanna réigiúin. [Leasú 167]

Ní dhéanfaidh na haistrithe sin difear do bhlianta roimhe sin. Measfar nach aistrithe substaintiúla iad agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Mar sin féin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile. Cuirfidh an Ballstát an tábla athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointí (f)(ii), (f)(iii) nó (f)(iv) d’Airteagal 17(3), de réir mar is infheidhme, faoi bhráid an Choimisiúin.

6.  I gcomhair ceartúcháin de chineál eagarthóireachta, teicniúil nó cléireachais amháin nach ndéanann difear do chur chun feidhme an chláir, ní gá formheas an Choimisiúin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le ceartúcháin den sórt sin. [Leasú 168]

7.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ní bheidh formheas ón gCoimisiún de dhíth le haghaidh leasuithe ar na cláir a bhaineann le táscairí a thabhairt isteach.

Airteagal 20

Tacaíocht comhpháirteach ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe

1.  Féadfaidh CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht a sholáthar go comhpháirteach faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

2.  Maidir le hoibríocht nó cuid d’oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe do thacaíocht ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh CFRE agus CSE+ í a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 10 % 15 % den tacaíocht ó na Cistí sin le haghaidh gach tosaíochta de chlár, ar choinníoll go bhfuil na costais sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme. [Leasú 169]

Airteagal 21

Aistriú acmhainní

1.  Chun críche solúbthacht a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh, má aontaíonn coiste faireacháin an chláir é, go n-aistreofar suas le 5 % de leithdháiltí airgeadais cláir ó aon cheann de na Cistí chuig aon Chiste eile atá faoi bhainistíocht chomhroinnte nó chuig aon ionstraim atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach chuig Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe nó chuig an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. [Leasú 170]

2.  Cuirfear na hacmhainní arna n‑aistriú chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste nó na hionstraime ar aistríodh na hacmhainní chuige nó chuici agus, i gcás aistrithe chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, cuirfear chun feidhme chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann iad. [Leasuithe 171 agus 434]

3.  Maidir le hiarrataí faoi mhír 1, leagfar amach iontu an méid iomlán a aistreofar do gach bliain de réir an Chiste agus, i gcás inarb ábhartha, de réir na catagóire réigiúin, beidh siad cuí-réasúnaithe d’fhonn na comhlántachtaí agus an tionchair atá le gnóthú, agus beidh ag gabháil leo an clár athbhreithnithe nó na cláir athbhreithnithe ar uathu atá na hacmhainní le haistriú i gcomhréir le hAirteagal 19 ag léiriú cén Ciste eile nó cén ionstraim eile a bhfuil na méideanna le haistriú chuige nó chuici. [Leasuithe 172, 433 agus 434]

4.  Féadfaidh an Coimisiún agóid a chur in iarraidh ar aistriú sa leasú gaolmhar ar chlár i gcás ina ina mbainfeadh an t‑aistriú sin an bonn ó ghnóthú chuspóirí an chláir a bhfuil na hacmhainní le haistriú uaidh.

5.  Ní fhéadfar ach acmhainní blianta féilire atá le teacht a aistriú.

CAIBIDIL Ia

Mórthionscadail [Leasú 173]

Airteagal 21a

Ábhar

Mar chuid de chlár nó de chláir, féadfar tacaíocht a fháil ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe i leith oibríochta a chuimsíonn sraith oibreacha, gníomhaíochtaí nó seirbhísí atá beartaithe inti féin cúram doroinnte de chineál beacht eacnamaíoch nó teicniúil a chur i gcrích, ar cúram é lena ngabhann spriocanna atá sainaitheanta go soiléir agus ar mó a chostas incháilithe iomlán ná EUR 100 000 000 (an ‘mórthionscadal’). Ní mheasfar gur mórthionscadail iad ionstraimí airgeadais. [Leasú 174]

Airteagal 21 b

An fhaisnéis a bhfuil gá léi le go ndéanfar mórthionscadal a fhormheas

Sula ndéanfar mórthionscadal a fhormheas, déanfaidh an t-údarás bainistíochta an fhaisnéis seo a leanas a thíolacadh don Choimisiún:

(a)  na sonraí a bhaineann leis an gcomhlacht a bheidh freagrach as cur chun feidhme an mhórthionscadail, agus a acmhainneacht;

(b)  cur síos ar an infheistíocht agus ar a suíomh;

(c)  an costas iomlán agus an costas incháilithe iomlán;

(d)  na staidéir indéantachta a rinneadh, lena n-áirítear anailís ar na roghanna, agus na torthaí;

(e)  anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear anailís eacnamaíoch agus airgeadais, agus measúnú riosca;

(f)  anailís ar an tionchar ar an gcomhshaol, agus riachtanais maidir le maolú um athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus athléimneacht ó thubaistí, á gcur san áireamh;

(g)  míniú maidir leis an tslí ina bhfuil an mórthionscadal comhsheasmhach le tosaíochtaí ábhartha an chláir nó na gclár lena mbaineann, agus a mhéid a mheastar a chuirfidh sin le gnóthú shainchuspóirí na dtosaíochtaí sin agus an rannchuidiú ionchasach don fhorbairt shocheacnamaíoch;

(h)  an plean maoinithe ina léirítear na hacmhainní airgeadais iomlána atá beartaithe agus an tacaíocht atá beartaithe ó na Cistí, ó BEI, agus ó gach foinse maoinithe eile, mar aon le táscairí fisiciúla agus airgeadais chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn agus na rioscaí sainaitheanta á gcur san áireamh;

(i)  an tráthchlár do chur chun feidhme an mhórthionscadail agus, i gcás ina meastar go mbeidh an tréimhse cur chun feidhme níos faide ná an tréimhse chláraithe, na céimeanna a n-iarrtar tacaíocht ó na Cistí ina leith i rith na thréimhse cláraithe. [Leasú 175]

Airteagal 21c

Cinneadh maidir le mórthionscadal

1.  Tabharfaidh an Coimisiún breithmheas ar an mórthionscadal ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear in Airteagal 21b chun a chinneadh an bhfuil údar maith leis an ranníocaíocht airgeadais iarrtha don mhórthionscadal a roghnaigh an t-údarás bainistíochta. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal roghnaithe a fhormheas, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a gcuirfear isteach an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 21b.

2.  Beidh an formheas a dhéanfaidh an Coimisiún faoi mhír 1 coinníollach ar an gcéad chonradh oibreacha a bheith tugtha i gcrích, nó, i gcás oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoi struchtúir comhpháirtíochta príobháidí poiblí (CPP), ar shíniú an chomhaontaithe CPP idir an comhlacht poiblí agus an comhlacht san earnáil phríobháideach laistigh de thrí bliana ó dháta an fhormheasa.

3.  I gcás nach bhformheasann an Coimisiún an ranníocaíocht airgeadais don mhórthionscadal roghnaithe, cuirfidh sé na cúiseanna leis an diúltú in iúl ina chinneadh.

4.  Beidh mórthionscadail arna dtíolacadh lena bhformheas faoi mhír 1 sa liosta de na príomhthionscadail a bheidh i gclár.

5.  Féadfar caiteachas a bhaineann le mórthionscadal a áireamh in iarratas ar íocaíocht tar éis an aighneacht a chur isteach lena formheas amhail dá dtagraítear i mír 1. Sa chás nach bhformheasann an Coimisiún an mórthionscadal a roghnóidh an t-údarás bainistíochta, déanfar an dearbhú caiteachais a cheartú dá réir tar éis don Bhallstát an t-iarratas a tharraingt siar nó tar éis cinneadh an Choimisiúin a ghlacadh. [Leasú 176]

CAIBIDIL II

Forbairt chríochach

Airteagal 22

Forbairt chríochach chomhtháite

Tacóidh an Ballstát le forbairt chríochach chomhtháite trí straitéisí forbartha críochacha agus áitiúla in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)  infheistíochtaí críochacha comhtháite;

(b)  forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail;

(c)  uirlis chríochach eile lena dtacaítear le tionscnaimh arna gceapadh ag an mBallstát le haghaidh infheistíochtaí arna gclársceidealú do CFRE faoin gcuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(e). [Leasú 177]

Áiritheoidh an Ballstát comhleanúnachas agus comhordú sa chás ina mbíonn straitéisí forbartha áitiúla á maoiniú ag níos mó ná Ciste amháin. [Leasú 178]

Airteagal 23

Straitéisí críochacha

1.  Beidh na heilimintí seo a leanas sna straitéisí críochacha a chuirfear chun feidhme de bhun phointe (a) nó phointe (c) d’Airteagal 22:

(a)  an limistéar geografach a chumhdaítear leis an straitéis, lena n-áirítear idirnaisc eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil; [Leasú 179]

(b)  anailís ar na riachtanais forbraíochta agus ar phoitéinseal an limistéir;

(c)  tuairisc ar chur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbraíochta arna sainaithint agus ar an bpoitéinseal;

(d)  tuairisc ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcomhréir le faoi Airteagal 6 le linn ullmhú agus chur chun feidhme na straitéise. [Leasú 180]

Féadfaidh liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a bheith iontu freisin.

2.  Ullmhófar agus tacófar le straitéisí críochacha faoi chúram na n-údarás ábhartha réigiúnach, áitiúil agus údarás ábhartha poiblí eile. Féadfar doiciméid straitéiseacha atá ann cheana maidir leis na réimsí arna gcumhdach a nuashonrú agus a úsáid le haghaidh straitéisí críochacha. [Leasú 181]

3.  I gcás nach bhfuil an liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh ar áireamh sa straitéis chríochach, déanfaidh na húdaráis nó na comhlachtaí ábhartha réigiúnacha nó áitiúla, nó údaráis nó comhlachtaí críochacha eile, na hoibríochtaí a roghnú nó beidh siad páirteach i roghnú na n-oibríochtaí. [Leasú 182]

Beidh na hoibríochtaí a roghnófar i gcomhréir leis an straitéis chríochach.

3a.   Agus straitéisí críochacha á n-ullmhú acu, comhoibreoidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 2 leis na húdaráis bainistíochta ábhartha, chun raon na n-oibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh faoin gclár ábhartha a chinneadh. [Leasú 183]

4.  Má dhéanann údarás réigiúnach nó comhlacht uirbeach nó áitiúil, nó údarás poiblí nó comhlacht críochach eile, cúraimí a bhfuil an t‑údarás bainistíochta freagrach astu diomaite de roghnú na n‑oibríochtaí, sonróidh an t‑údarás bainistíochta an t‑údarás sin mar chomhlacht idirmheánach. [Leasú 184]

Féadfar tacaíocht a thabhairt do na hoibríochtaí a roghnófar faoi níos mó ná ceann amháin de thosaíochtaí an chláir chéanna. [Leasú 185]

5.  Féadfar tacaíocht a sholáthar le haghaidh ullmhú agus ceapadh straitéisí críochacha.

Airteagal 24

Infheistíocht chríochach chomhtháite

1.  I gcás straitéis arna cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 23 a mbaineann infheistíochtaí léi a fhaigheann tacaíocht ó Chiste amháin nó níos mó, ó níos mó ná clár amháin nó ó níos mó ná tosaíocht amháin de chuid aon chláir amháin, féadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar infheistíocht chríochach chomhtháite (‘ICC’). I gcás inarb iomchuí, féadfar gach ICC a chomhlánú le tacaíocht airgeadais ó CETFT. [Leasú 186]

2.  Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta gur féidir, leis an gcóras leictreonach don chlár nó do na cláir, oibríochtaí, aschuir agus torthaí a shainaithint a rannchuidíonn le hinfheistíocht chríochach chomhtháite.

2a.   I gcás nach bhfuil an liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh ar áireamh sa straitéis chríochach, beidh na húdaráis nó comhlachtaí ábhartha réigiúnacha, áitiúla, nó údaráis nó comhlachtaí poiblí eile páirteach i roghnú na n-oibríochtaí. [Leasú 187]

Airteagal 25

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.  Féadfaidh Tacóidh CFRE, CSE+ agus, CEMI tacú agus CETFT leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail. I gcomhthéacs CETFT, rangófar an fhorbairt sin mar fhorbairt áitiúil LEADER. [Leasú 188]

2.  Áiritheoidh an Ballstát maidir leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:

(a)  go bhfuil sí dírithe ar limistéir fhoréigiúnacha;

(b)  go bhfuil sí faoi stiúir grúpaí gníomhaíochta áitiúla atá comhdhéanta d’ionadaithe ar leasanna soch-eacnamaíocha áitiúla, idir phoiblí agus phríobháideach, agus nach bhfuil smacht ag aon ghrúpa sainleasa amháin, lena n-áirítear an earnáil phoiblí, ar an gcinnteoireacht; [Leasú 189]

(c)  go ndéantar í trí straitéisí comhtháite i gcomhréir le hAirteagal 26;

(d)  go dtacaíonn sí le líonrú, le cuir chuige ón mbun aníos, le hinrochtaineacht, le gnéithe nuálacha sa chomhthéacs áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, le comhar le gníomhaithe críochacha eile. [Leasú 190]

3.  Má tá tacaíocht do straitéisí dá dtagraítear i mír 2(c) le fáil ó Chiste amháin nó níos mó, eagróidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha glao comhpháirteach chun na straitéisí sin a roghnú agus bunóidh siad coiste comhpháirteach do na Cistí ar fad lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí sin. Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha ceann de na Cistí lena mbaineann a roghnú chun tacú leis na costais ullmhúcháin, bhainistíochta agus bheochana uile dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 28(1) i ndáil leis na straitéisí sin.

4.  Má bhaineann tacaíocht ó ceann amháin nó níos mó de na Cistí le cur chun feidhme straitéise den sórt sin, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta ábhartha ceann de na Cistí lena mbaineann a roghnú mar Chiste Ceannasach. Féadfar an cineál beart agus oibríochtaí atá le maoiniú le gach Ciste lena mbaineann a shonrú freisin. [Leasú 191]

5.  Beidh feidhm ag rialacha an Chiste Cheannasaigh maidir leis an straitéis sin. Braithfidh údaráis na gcistí eile ar na cinntí agus ar na fíoruithe bainistíochta a dhéanfaidh údarás inniúil an Chiste Cheannasaigh.

6.  Cuirfidh údaráis an Chiste Cheannasaigh an fhaisnéis is gá ar fáil d’údaráis na gCistí eile chun faireachán agus íocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha.

Airteagal 26

Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail

1.  Áiritheoidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha go leagtar amach na heilimintí seo a leanas i ngach straitéis dá dtagraítear in Airteagal 25(2)(c):

(a)  an limistéar geografach agus an daonra a chumhdófar faoin straitéis;

(b)  próiseas rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt na straitéise;

(c)  anailís ar riachtanais forbraíochta agus ar phoitéinseal an limistéir;

(d)  cuspóirí na straitéise, lena n-áirítear spriocanna intomhaiste maidir le torthaí, agus gníomhaíochtaí gaolmhara atá beartaithe mar fhreagairt ar riachtanais áitiúla arna sainaithint ag an bpobal áitiúil; [Leasú 192]

(e)  na socruithe bainistíochta, faireacháin agus meastóireachta, ag léiriú chumas an ghrúpa gníomhaíochta áitiúil an straitéis a chur chun feidhme;

(f)  plean airgeadais, lena n-áirítear an leithdháileadh atá beartaithe ó gach Ciste, lena n-áirítear CETFT i gcás inarb iomchuí, agus gach clár lena mbaineann. [Leasú 193]

2.  Saineoidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha critéir le haghaidh roghnú na straitéisí sin, cuirfidh siad coiste ar bun chun an roghnú sin a dhéanamh agus formheasfaidh siad na straitéisí ar roghnóidh an coiste sin.

3.  Críochnóidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha an chéad bhabhta de roghnú na straitéisí agus áiritheoidh siad gur féidir leis na grúpaí gníomhaíochta áitiúla arna roghnú a gcúraimí a dhéanamh a leagtar amach in Airteagal 27(3) laistigh de 12 mhí tar éis an dáta a fhormheasfar an clár lena mbaineann nó, i gcás straitéisí a fhaigheann tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin, laistigh de 12 mhí ó dháta formheasta an chláir dheireanach lena mbaineann.

4.  Sa chinneadh lena bhformheasfar straitéis, leagfar amach leithdháileadh gach Ciste agus gach cláir lena mbaineann agus leagfar amach na freagrachtaí a bhaineann le cúraimí bainistíochta agus rialaithe faoin gclár nó faoi na cláir. Ráthófar roimh ré na ranníocaíochtaí poiblí náisiúnta comhfhreagracha don tréimhse ar fad. [Leasú 194]

Airteagal 27

Grúpaí gníomhaíochta áitiúla

1.  Déanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla na straitéisí dá dtagraítear in Airteagal 25(2)(c) a cheapadh agus a chur chun feidhme.

2.  Áiritheoidh na húdaráis bhainistíochta gur cuimsitheach na grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus go roghnóidh siad comhpháirtí amháin laistigh den ghrúpa mar chomhpháirtí cinn i ndáil le cúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr atá bunaithe go dlíthiúil, chun cúraimí a bhaineann le straitéis forbartha áitiúil faoi stiúir an phobail a chur chun feidhme. [Leasú 195]

3.  Déanfaidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla, agus iadsan amháin, na cúraimí seo a leanas ar fad:

(a)  acmhainneacht riaracháin na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme; [Leasú 196]

(b)  próiseas roghnúcháin agus critéir roghnúcháin atá neamh-idirdhealaitheach agus thrédhearcach a tharraingt suas, lena seachnófar coinbhleachtaí leasa agus lena n‑áiritheofar nach mbeidh smacht ag aon ghrúpa sainleasa amháin ar chinntí roghnúcháin;

(c)  glaonna ar thograí a ullmhú agus a fhoilsiú;

(d)  oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a shocrú agus na tograí a chur faoi bhráid an chomhlachta atá freagrach as fíorú críochnaitheach a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a fhormheas;

(e)  faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le gnóthú chuspóirí na straitéise;

(f)  measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise.

4.  I gcás ina ndéanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla cúraimí nach gcumhdaítear faoi phointí 3 agus a bhfuil an t‑údarás bainistíochta nó an ghníomhaireacht íocaíochta freagrach astu, sonróidh an t‑údarás bainistíochta na grúpaí gníomhaíochta áitiúla sin mar chomhlachtaí idirmheánacha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.

5.  Féadfaidh an grúpa gníomhaíochta áitiúil a bheith ina thairbhí agus féadfaidh sé oibríochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis, agus scaradh na bhfeidhmeanna laistigh den ghrúpa gníomhaíochta áitiúil á spreagadh. [Leasú 197]

Airteagal 28

Tacaíocht ó Chistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

1.  D’fhonn comhlántachtaí agus sineirgí a áirithiú, áiritheoidh an Ballstát go gcumhdófar an méid seo a leanas le tacaíocht ó na Cistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail: [Leasú 198]

(a)  forbairt acmhainneachta riaracháin agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a thacóidh le ceapadh na straitéisí agus lena gcur chun feidhme amach anseo; [Leasú 199]

(b)  cur chun feidhme oibríochtaí, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí comhair agus a n‑ullmhú, arna roghnú faoin straitéis forbartha áitiúil;

(ba)   an straitéis um fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail a eagrú chun an teagmháil idir geallsealbhóirí a éascú, chun faisnéis a sholáthar dóibh agus chun tacaíocht a thabhairt do thairbhithe ionchasacha maidir lena n- iarratais a ullmhú; [Leasú 200]

(c)  bainistiú, faireachán agus meastóireacht na straitéise agus a bheochana.

2.  An tacaíocht dá dtagraítear faoi phointe (a) de mhír 1, beidh sí incháilithe gan beann ar an straitéis a bheidh roghnaithe lena cistiú ina dhiaidh sin.

An tacaíocht dá dtagraítear faoi phointe (c) de mhír, ní rachaidh sí thar 25 % den ranníocaíocht phoiblí iomlán leis an straitéis.

CAIBIDIL III

Cúnamh teicniúil

Airteagal 29

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún

1.  Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh na Cistí tacú le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, cumarsáide, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, agus infheictheachta agus le gach gníomhaíocht riaracháin agus cúnaimh theicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaíochtaí le tríú tíortha.

1a.   Féadfar an méid seo a leanas go háirithe a bheith san áireamh sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a)  cúnamh le tionscadal a ullmhú agus a bhreithmheas;

(b)  tacaíocht do neartú institiúide agus forbairt acmhainní riaracháin le haghaidh bhainistíocht éifeachtach na gCistí;

(c)  staidéir atá nasctha le tuairisciú an Choimisiúin ar na Cistí agus leis an tuarascáil faoin gcomhtháthú;

(d)  bearta a bhaineann le hanailísiú, bainistiú, faireachán, malartú faisnéise agus cur chun feidhme na gCistí, mar aon le bearta a bhaineann le cur chun feidhme na gcóras rialaithe agus le cúnamh teicniúil agus riaracháin;

(e)  meastóireachtaí, tuarascálacha saineolaithe, staitisticí agus staidéir, lena n-áirítear iad siúd de chineál ginearálta a bhaineann le feidhmiú reatha na gCistí agus lena bhfeidhmiú amach anseo;

(f)  gníomhaíochtaí chun faisnéis a scaipeadh, tacú le líonrú i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéanamh go háirithe maidir leis na torthaí agus maidir le breisluach na tacaíochta ó na Cistí, feasacht a mhúscailt agus comhar agus malartú taithí a chur chun cinn, lena n-áirítear le tríú tíortha;

(g)  córais ríomhairithe don bhainistiú, faireachán, iniúchadh, rialú agus don mheastóireacht, a shuiteáil, a oibriú agus a idirnascadh;

(h)  gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar mhodhanna meastóireachta agus ar mhalartú faisnéise maidir le cleachtais mheastóireachta;

(i)  gníomhaíochtaí a bhaineann le hiniúchóireacht;

(j)  acmhainneacht náisiúnta agus réigiúnach a neartú maidir le pleanáil infheistíochta, riachtanais chistiúcháin, ullmhú, dearadh agus cur chun feidhme na n-ionstraimí airgeadais, pleananna gníomhaíochta comhpháirteacha agus mórthionscadail;

(k)  dea-chleachtais a scaipeadh chun cabhrú le Ballstáit cumas na gcomhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus a mbrateagraíochtaí a neartú. [Leasú 201]

1b.   Tiomnóidh an Coimisiún ar a laghad 15% de na hacmhainní le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún chun tuilleadh éifeachtúlachta a bhaint amach sa chumarsáid a dhéantar leis an bpobal agus chun sineirgí níos láidre a bhaint amach idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin, tríd an mbonn feasachta maidir le torthaí a leathnú, go háirithe trí shonraí a bhailiú agus a scaipeadh ar bhealach níos éifeachtaí, trí mheastóireachtaí agus trí thuairisciú, agus go háirithe trí bhéim a leagan ar a mhéid a rannchuidíonn Cistí SIE le feabhas a chur ar shaol na saoránach, agus infheictheacht na tacaíochta ó Chistí SIE a mhéadú chomh maith leis an bhfeasacht ar thorthaí agus ar bhreisluach na tacaíochta sin a mhúscailt. I gcás inarb iomchuí, leanfar tar éis dhúnadh na gclár de bhearta faisnéise, cumarsáide agus infheictheachta maidir le torthaí agus breisluach na tacaíochta ó na Cistí, lena ndíreofar go speisialta ar oibríochtaí. Rannchuideodh na bearta sin le cumarsáid chorparáideach i ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo. [Leasú 202]

2.  Féadfaidh gníomhaíochtaí den sórt sin clárthréimhsí amach anseo nó roimhe seo agus amach anseo a chumhdach. [Leasú 203]

2a.  Chun cásanna a sheachaint ina gcuirfí íocaíochtaí ar fionraí, áiritheoidh an Coimisiún go bhfaighidh na Ballstáit agus na réigiúin a bhfuil imní orthu maidir le comhlíonadh, de dheasca easpa acmhainneacht riaracháin, cúnamh teicniúil leormhaith chun an acmhainneacht riaracháin sin a fheabhsú. [Leasú 204]

3.  Leagfaidh an Coimisiún amach a phleananna tráth a bheidh ranníocaíocht ó na Cistí beartaithe i gcomhréir le hAirteagal [110] den Rialachán Airgeadais.

4.  Ag brath ar an aidhm atá leo, is féidir na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo a mhaoiniú mar chaiteachas oibríochtúil nó mar chaiteachas riaracháin.

Airteagal 30

Cúnamh teicniúil na mBallstát

1.  Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh na Cistí tacú le gníomhaíochtaí, a fhéadfaidh a bheith bainteach le clárthréimhsí a bhí ann roimhe seo agus ina ndiaidh sin, a bhfuil gá leo le haghaidh riarachán agus úsáid éifeachtach na gCistí sin, le haghaidh fhothú acmhainneachta na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 6, agus chun feidhmeanna a áirithiú amhail ullmhú, oiliúint, bainistiú, faireachán, meastóireacht, infheictheacht agus cumarsáid. [Leasú 205]

2.  Féadfaidh gach ceann de na Cistí gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na Cistí eile a mhaoiniú.

3.  Laistigh de gach clár, beidh an cúnamh teicniúil i bhfoirm tosaíocht a bhaineann le haon Chiste amháin nó le roinnt Cistí. [Leasú 206]

Airteagal 31

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh cúnamh teicniúil do na Ballstáit

1.  Déanfar cúnamh teicniúil le gach clár a aisíoc mar ráta comhréidh trí na céatadáin a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe a chuirtear san áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht de bhun Airteagal 85(3)(a) nó (c) mar is iomchuí.

2.  Is mar seo a leanas a bheidh Ar bhonn comhaontú idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus plean airgeadais an chláir á chur san áireamh, féadfaidh an céatadán de na Cistí a aisíocfar le haghaidh cúnamh teicniúil a bheith suas le: [Leasú 207]

(a)  do thacaíocht ó CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe: 2,53 %; [Leasú 208]

(b)  do thacaíocht ó CSE+: 4 % 5 % agus do chláir faoi Airteagal 4(1)(c)(vii) 4(1)(xi) de Rialachán CSE+: 5 % 6 %; [Leasú 209]

(c)  do thacaíocht ó CEMI: 6 %;

(d)  do thacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV: 6 % 7 %. [Leasú 210]

Maidir leis na réigiúin is forimeallaí, i gcás (a), (b) agus (c) beidh an céatadán suas le 1% níos airde.[Leasú 211]

3.  Leagfar amach rialacha sonracha maidir le cúnamh teicniúil do cláir Interreg i Rialachán CCE.

Airteagal 32

Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais an chúnaimh theicniúil do na Ballstáit

Sa bhreis ar Airteagal 31, féadfaidh an Ballstát beartú gníomhaíochtaí breise cúnaimh theicniúil a dhéanamh chun an acmhainneacht institiúideach agus éifeachtúlacht na n-údarás agus na seirbhísí poiblí, na dtairbhithe agus na gcomhpháirtithe ábhartha a threisiú a bheidh riachtanach chun na Cistí a riar agus a úsáid go héifeachtach. [Leasú 212]

Déanfar an tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme trí mhaoiniú nach mbeidh nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 89. Féadfar cúnamh teicniúil a chur chun feidhme, ar cúnamh teicniúil é i bhfoirm clár roghnach sonrach, trí chistiú nach bhfuil nasctha le costais le haghaidh cúnamh teicniúil nó trí aisíoc a dhéanamh ar chostais dhíreacha. [Leasú 213]

Teideal IV

Faireachán, meastóireacht, cumarsáid agus infheictheacht

CAIBIDIL I

Faireachán

Airteagal 33

Coiste faireacháin

1.  Cuirfidh an Ballstát coiste ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir (‘coiste faireacháin’), tar éis dul i gcomhairle leis an údarás bainistíochta, laistigh de thrí mhí tar éis dháta an fhógra don Bhallstát lena mbaineann faoin gcinneadh chun an clár a fhormheas. [Leasú 214]

Féadfaidh an Ballstát coiste faireacháin aonair a bhunú chun níos mó ná clár amháin a chumhdach.

2.  Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a ghlacadh, ag cur san áireamh go bhfuil gá le trédhearcacht iomlán. [Leasú 215]

3.  Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir i dtaca lena chuspóirí a ghnóthú.

4.  Foilseoidh an Ballstát rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus na sonraí agus an fhaisnéis uile a roinntear leis an gcoiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le cláir faoi Airteagal [4(c)(vi) 4(1)(xi)] de Rialachán CSE+ agus an cúnamh teicniúil gaolmhar. [Leasú 216]

Airteagal 34

Comhdhéanamh an choiste faireacháin

1.  Cinnfidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste faireacháin agus áiritheoidh sé go mbeidh ionadaíocht chothrom ann ar údaráis ábhartha agus ar chomhlachtaí idirmheánacha an Bhallstáit agus ar ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 6 trí phróiseas trédhearcach. [Leasú 217]

Beidh vóta ag gach comhalta den choiste faireacháin.

Foilseoidh an Ballstát an liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).

2.  Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach i gcáil faireacháin agus mar chomhairleoirí in obair an choiste faireacháin. Féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó BIE a bheith rannpháirteach in obair an choiste faireacháin, mar chomhairleoirí, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 218]

2a.  I gcás CTIL, CSI agus IBTV, beidh na gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha rannpháirteach in obair an choiste faireacháin mar chomhairleoirí. [Leasú 219]

Airteagal 35

Feidhmeanna an choiste faireacháin

1.  Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú:

(a)  an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus i dtaca le gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna;

(aa)   tograí le haghaidh bearta féideartha simpliúcháin i gcomhair tairbhithe; [Leasú 220]

(b)  aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir agus na bearta arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, lena n-áirítear freisin aon mhírialtachtaí, i gcás inarb iomchuí; [Leasú 221]

(c)  rannchuidiú an chláir le dul i ngleic leis na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha;

(d)  eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal 52(3) agus an doiciméid straitéise dá dtagraítear in Airteagal 53(2);

(e)  an dul chun cinn i dtaca le meastóireachtaí a dhéanamh, sintéis meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;

(f)  cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(g)  an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo, i gcás inarb ábhartha;

(h)  comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse;

(i)  an dul chun cinn i dtaca le fothú acmhainneachta riaracháin i gcás institiúidí poiblí, comhpháirtithe agus tairbhithe, i gcás inarb ábhartha. [Leasú 222]

2.  Formheasfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas:

(a)  an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú, lena n‑áirítear aon athruithe orthu, tar éis comhairliúchán leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 67(2), gan dochar do phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 27(3);

(b)  na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ó CTI, ó CSI agus ó IBTV, agus na tuarascálacha deiridh ar fheidhmíocht i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe; [Leasú 224]

(c)  an plean meastóireachta agus aon leasú air;

(d)  aon togra ón údarás bainistíochta le haghaidh leasú ar chlár lena n‑áirítear aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 19(5) agus Airteagal 21.

(da)   athruithe ar an liosta d’oibríochtaí beartaithe a bhfuil tábhacht straitéiseach leo dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 17(3). [Leasú 225]

2a.   Féadfaidh an coiste faireacháin feidhmeanna breise idirghabhálacha a mholadh don údarás bainistíochta. [Leasú 226]

Airteagal 36

Athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht

1.  Eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil idir an Coimisiún agus gach Ballstát chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú. Beidh údaráis bhainistíochta rannpháirteach sa phróiseas sin mar is cuí. [Leasú 227]

Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil nó, má iarrann an Ballstát amhlaidh, beidh an Ballstát agus an Coimisiún ina gcomhchathaoirligh.

2.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, eagrófar an cruinniú athbhreithnithe dhá uair ar a laghad le linn na clárthréimhse.

3.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe, déanfaidh an Ballstát, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil, an fhaisnéis faoi na heilimintí a liostaítear in Airteagal 35(1) a sholáthar don Choimisiún.

I gcás na gclár faoi Airteagal [4(1)(c)(vii)] de Rialachán CSE+, beidh an fhaisnéis a bheidh le soláthar teoranta do phointí (a), (b), (e), (f) agus (h) d’Airteagal 35(1).

4.  Déanfar torthaí an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil a thaifeadadh i miontuairiscí comhaontaithe.

5.  Déanfaidh an Ballstát bearta leantacha maidir leis na saincheisteanna arna dtarraingt anuas ag an gCoimisiún agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de thrí mhí faoi na bearta arna ndéanamh.

6.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ó CTI, ó CSI agus ó IBTV, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht isteach i gcomhréir leis na Rialacháin Chiste-shonracha. [Leasú 228]

Airteagal 37

Sonraí a tharchur

1.  Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta sonraí carnacha maidir le gach clár a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir, an 31 Bealtaine, an 31 Iúil, an 30 Meán Fómhair agus an 30 Samhain de gach bliain i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.

Beidh an chéad tarchur le déanamh faoin 31 Eanáir 2022 28 Feabhra 2022 agus an ceann deireanach faoin 31 Eanáir 28 Feabhra 2030. [Leasú 229]

I gcás cláir faoi Airteagal 4(1)(c)(vii) (1)(xi) de Rialachán CSE+, tarchuirfear na sonraí gach bliain faoin 30 Samhain. [Leasú 230]

2.  Déanfar na sonraí a mhiondealú i gcás gach tosaíochta de réir cuspóir sonrach agus de réir catagóir réigiún, agus déanfar tagairt iontu don mhéid seo a leanas:

(a)  sna tarchuir sonraí a mbeifear ag súil leo faoin 31 Eanáir, 31 Márta, 31 Bealtaine, 31 Iúil, 30 Meán Fómhair agus 30 Samhain gach bliain, an líon oibríochtaí a roghnaíodh, a gcostas incháilithe iomlán, an ranníocaíocht ó na Cistí agus an caiteachas incháilithe iomlán arna dhearbhú ag na tairbhithe chuig an údarás bainistíochta, agus é sin ar fad miondealaithe de réir an chineáil idirghabhála; [Leasú 231]

(b)  sna tarchuir sonraí a mbeifear ag súil leo faoin 31 Bealtaine agus faoin 30 Samhain amháin gach bliain, luachanna na dtáscairí aschuir agus toraidh i gcás na n-oibríochtaí a roghnaíodh agus na luachanna arna ngnóthú ag na hoibríochtaí. [Leasú 232]

3.  I gcás ionstraimí airgeadais, soláthrófar sonraí faoin méid seo a leanas freisin:

(a)  an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;

(b)  méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;

(c)  de réir cineál táirge airgeadais, an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna n‑úsáid le cois na gCistí;

(d)  ús agus gnóthachain eile arna nginiúint trí thacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 54 agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó na Cistí arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 56.

4.  Beidh na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir leis an Airteagal seo iontaofa agus cothrom le dáta amhail ó dheireadh na míosa roimh an mí a chuirfear isteach iad.

5.  Foilseoidh an t‑údarás bainistíochta na sonraí uile arna dtarchur chuig an gCoimisiún ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).

6.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) chun an teimpléad a leagan síos a úsáidfear le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo.

Airteagal 38

Tuarascálacha feidhmíochta deiridh

1.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe, cuirfidh gach údarás bainistíochta tuarascáil feidhmíochta deiridh ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2031.

2.  Déanfar measúnú sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar ghnóthú chuspóirí an chláir bunaithe ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 35(1) diomaite den fhaisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 35(1)(d).

3.  Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht agus cuirfidh sé an t‑údarás bainistíochta ar an eolas faoi aon bharúlacha atá aige laistigh de chúig mhí ón dáta a fuarthas an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht. I gcás ina dtabharfar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a rinneadh. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas gur glacadh leis an tuarascáil.

4.  Foilseoidh an t‑údarás bainistíochta tuarascálacha deiridh ar fheidhmíocht ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).

5.  Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad do na tuarascálacha feidhmíochta deiridh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 108.

CAIBIDIL II

Meastóireacht

Airteagal 39

Meastóireachtaí ag na Ballstáit

1.  Déanfaidh an t-údarás bainistíochta meastóireachtaí ar an gclár. Le gach meastóireacht, déanfar measúnú ar an gclár i ndáil lena chuimsitheacht, neamh-idirdhealaitheacht éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht, infheictheacht agus breisluach AE, d’fhonn cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú. [Leasú 233]

2.  Ina theannta sin, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta meastóireacht ar gach clár lena thionchar a mheas faoin 30 Meitheamh 2029.

3.  Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta na meastóireachtaí faoi chúram saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme de.

4.  Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta nó an Ballstát na nósanna imeachta is gá chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú.

5.  Tarraingeoidh an t‑údarás bainistíochta nó an Ballstát plean meastóireachta suas. Féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach leis an bplean meastóireachta sin. I gcás CTIL, CSI agus IBTV, beidh meastóireacht mheántéarma a chríochnófar faoin 31 Márta 2024 ar áireamh sa phlean sin.

6.  Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis don chlár a bheith formheasta.

7.  Foilseoidh an t‑údarás bainistíochta na meastóireachtaí uile ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).

Airteagal 40

Meastóireacht ag an gCoimisiún

1.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le gach Ciste faoi dheireadh 2024. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal [128] den Rialachán Airgeadais.

2.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le gach Ciste, faoin 31 Nollaig 2031.

2a.   Áireofar sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 2 meastóireacht ar an tionchar socheacnamaíoch agus ar na riachtanais chistiúcháin faoi na cuspóirí beartais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), laistigh agus i measc na gclár, ag díriú ar Eoraip níos iomaíche agus níos cliste a bhaint amach trí chur chun cinn a dhéanamh ar nuálaíocht agus ar aistriú cliste agus eacnamaíoch agus ag díriú ar Eoraip níos nasctha a bhaint amach trí fheabhas a chur ar shoghluaisteacht, lena n-áirítear soghluaisteacht chliste agus inbhuanaithe agus ar nascacht TFC. Foilseoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachta sin ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé na torthaí sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 234]

CAIBIDIL III

Infheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid

Roinn I

Infheictheacht na tacaíochta ó na Cistí

Airteagal 41

Infheictheacht

Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)  infheictheacht na tacaíochta do na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus aird ar leith á tabhairt ar oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo;

(b)  cumarsáid le saoránaigh an Aontais faoi ról na gCistí agus faoina bhfuil bainte amach a bhuí leo, ar thairseach ghréasáin amháin lena dtabharfar rochtain ar na cláir uile a bhfuil baint ag an mBallstát sin leo.

Airteagal 42

Suaitheantas an Aontais

Déanfaidh na Ballstáit, na húdaráis bhainistíochta agus na tairbhithe suaitheantas an Aontais Eorpaigh a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII agus gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide á ndéanamh acu.

Airteagal 43

Oifigigh chumarsáide agus líonraí

1.  Sonróidh gach Ballstát comhordaitheoir cumarsáide le haghaidh gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide i ndáil leis an tacaíocht ó na Cistí, lena n‑áirítear cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) i gcás inarb é an Ballstát sin óstach an údaráis bhainistíochta. Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáide bearta cumarsáide agus infheictheachta a chomhordú idir cláir.

Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáide páirt a thabhairt do na comhlachtaí seo a leanas sna gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide:

(a)  Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit; chomh maith le hIonaid Eolais Europe Direct agus líonraí eile; institiúidí oideachais agus taighe;

(b)  comhpháirtithe agus comhlachtaí ábhartha eile, lena n-áirítear údaráis réigiúnacha, áitiúla agus phoiblí eile, agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta. [Leasú 235]

2.  Sonróidh gach údarás bhainistíochta oifigeach cumarsáide le haghaidh gach cláir (‘oifigeach cumarsáide an chláir’).

3.  Rithfidh an Coimisiún líonra a bheidh comhdhéanta de chomhordaitheoirí cumarsáide, oifigigh chumarsáide na gclár agus ionadaithe ón gCoimisiún chun fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide a mhalartú.

Roinn II

Trédhearcacht chur chun feidhme na gCistí agus cumarsáid faoi na cláir

Airteagal 44

Feidhmeanna na n‑údarás bainistíochta

1.  Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta gurb ann do shuíomh gréasáin, laistigh de shé mhí ón tráth a fhormheastar na cláir, ina gcuirfear faisnéis faoi na cláir atá faoina chúram ar fáil, ina gcumhdaítear cuspóirí agus gníomhaíochtaí an chláir, amchlár táscach le haghaidh glaonna ar thograí, na deiseanna cistiúcháin atá le fáil faoin gclár agus a bhfuil bainte amach. [Leasú 236]

2.  Foilseoidh an t‑údarás bainistíochta ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1, aon mhí amháin ar a dhéanaí sula n‑osclófar glao ar thograí, achoimre ghearr ar na glaonna ar thograí atá beartaithe agus atá foilsithe maille leis na sonraí seo a leanas:

(a)  an limistéar geografach a chumhdaítear leis an nglao ar thograí;

(b)  an cuspóir beartais nó an cuspóir sonrach lena mbaineann;

(c)  cineál na n‑iarratasóirí incháilithe;

(d)  méid iomlán na tacaíochta don ghlao;

(e)  dáta tosaithe agus dáta deiridh an ghlao.

3.  Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an liosta de na hoibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíocht ó na Cistí a chur ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais, ar a laghad, agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach trí mhí ar a laghad. Beidh cód uathúil ag gach oibríocht. Beidh na sonraí seo a leanas ar áireamh sa liosta:

(a)  i gcás eintitis dhlíthiúla, ainm an tairbhí agus an chonraitheora; [Leasú 237]

(b)  más duine nádúrtha é an tairbhí, an céadainm agus an sloinne;

(c)  i gcás oibríochtaí faoi CEMI a bhaineann le soitheach iascaireachta, an uimhir aitheantais i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/218 ón gCoimisiún(43);

(d)  ainm na hoibríochta;

(e)  cuspóir na hoibríochta agus a bhfuil bainte amach aici;

(f)  dáta tosaithe na hoibríochta;

(g)  an dáta deiridh a mheastar a chríochnófar an oibríocht nó an dáta iarbhír;

(h)  costas iomlán na hoibríochta;

(i)  an Ciste lena mbaineann;

(j)  an cuspóir sonrach lena mbaineann;

(k)  an ráta cómhaoinithe ón Aontas;

(l)  táscaire suímh nó geoshuíomh don oibríocht agus an tír lena mbaineann;

(m)  i gcás oibríochtaí soghluaiste nó oibríochtaí lena gcumhdaítear roinnt suíomhanna, suíomh an tairbhí ina bhfuil an tairbhí ina eintiteas dlíthiúil; nó an réigiún ar leibhéal NUTS 2 nuair is duine nádúrtha an tairbhí;

(n)  an cineál idirghabhála don oibríocht i gcomhréir le hAirteagal 67(3)(g);

I gcás sonraí dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (k) den chéad fhomhír, bainfear na sonraí dhá bhliain tar éis dháta a bhfoilsithe thosaigh ar an suíomh gréasáin.

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ní fhoilseofar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír ach amháin má tá an foilsiú sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta.

4.  Foilseofar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar an suíomh gréasáin i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44), lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid.

5.  Cuirfidh an t‑údarás bainistíochta na tairbhithe ar an eolas go bpoibleofar na sonraí sula bpoibleofar iad i gcomhréir leis an Airteagal seo.

6.  Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go ndéanfar gach ábhar cumarsáide agus infheictheachta, lena n‑áirítear ábhar ar leibhéal na dtairbhithe, a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, arna iarraidh sin, agus go ndeonófar don Aontas, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, ceadúnas saor ó ríchíos, neamheisiach agus do-chúlghairthe chun an t‑ábhar sin a úsáid maille le haon chearta a bhaineann leis cheana féin.

Airteagal 45

Freagrachtaí na dtairbhithe

1.  Déanfaidh na tairbhithe agus na comhlachtaí atá ag cur ionstraimí airgeadais chun feidhme aitheantas a thabhairt don tacaíocht, lena n‑áirítear na hacmhainní arna n‑athúsáid i gcomhréir le hAirteagal 56, ó na Cistí don oibríocht, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  tuairisc ghairid ar an oibríocht, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta, a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin gairmiúil an tairbhí agus ar a shuíomhanna meán sóisialta, i gcás inarb ann dá leithéid de shuíomhanna, lena n‑áirítear aidhmeanna agus torthaí na hoibríochta, agus an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas á haibhsiú; [Leasú 240]

(b)  ráiteas a thabhairt ag aibhsiú na tacaíochta ó na Cistí ar bhealach infheicthe ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta, a úsáidtear le haghaidh an phobail nó le haghaidh na rannpháirtithe;

(c)  plaiceanna nó cláir fógraí bhuana a chur ar taispeáint go poiblí go soiléir don phobal a luaithe a chuirtear tús le cur chun feidhme fisiceach oibríochtaí lena mbaineann infheistíocht fhisiceach nó ceannach trealaimh, maidir leis an méid seo a leanas: [Leasú 241]

(i)  oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe ar mó a gcostas iomlán ná EUR 500 000;

(ii)  oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ó CEMI, ó CSI, ó CTIL agus ó IBTV ar mó a gcostas iomlán ná EUR 100 000.

(d)  i gcás oibríochtaí nach dtagann faoi phointe (c), taispeáint chlóite nó leictreonach amháin ar a laghad a chur ar taispeáint ag suíomh atá le feiceáil go soiléir don phobal agus é ar mhéid A3 ar a laghad, agus faisnéis uirthi faoin oibríocht ag aibhsiú na tacaíochta ó na Cistí; [Leasú 243]

(e)  i gcás oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus oibríochtaí ar mó a gcostas iomlán ná EUR 10 000 000 ócáid chumarsáide a eagrú agus an Coimisiún agus an t‑údarás bainistíochta freagrach a dhéanamh rannpháirteach inti ar bhealach prapúil.

(ea)   taispeáint phoiblí agus bhuan, amhail ón nóiméad a chuirtear chun feidhme go fisiciúil é, suaitheantas an Aontais ar bhealach atá le feiceáil go soiléir don phobal agus i gcomhréir leis na saintréithe teicniúla a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII; [Leasú 244]

I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c)(vii) 4(1)(xi) de Rialachán CSE+, ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin. [Leasú 245]

2.  I gcás cistí do thionscadail bheaga, áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach i mír 1.

I gcás ionstraimí airgeadais, áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach i bpointe (c) den mhír 1.

3.  I gcás nach gcomhlíonann an tairbhí a oibleagáidí faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát ceartú airgeadais i bhfeidhm trí suas le 5 % den tacaíocht ó na Cistí don oibríocht lena mbaineann a chur ar ceal.

Teideal V

TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ

CAIBIDIL I

Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas

Airteagal 46

Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas

Féadfar ranníocaíocht an Aontais a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)  maoiniú nach bhfuil baint aige le costais na n‑oibríochtaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 89 agus ar bhonn ceachtar acu seo a leanas:

(i)  comhlíonadh na gcoinníollacha;

(ii)  gnóthú torthaí;

(b)  aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaigh na tairbhithe i ndáiríre nó an comhpháirtí príobháideach in oibríochtaí CPP agus a íocadh chun oibríochtaí a chur chun feidhme;

(c)  costais aonaid, i gcomhréir le hAirteagal 88, a chumhdaíonn catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin arna sainaithint go soiléir roimh ré le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;

(d)  cnapshuimeanna, i gcomhréir le hAirteagal 88, a chumhdaíonn catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin arna sainaithint go soiléir roimh ré le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;

(e)  maoiniú de réir ráta comhréidh, i gcomhréir le hAirteagal 88, a chumhdaíonn catagóirí sonracha de na costais incháilithe arna sainaithint go soiléir roimh ré, trí chéatadán a chur i bhfeidhm;

(f)  meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).

CAIBIDIL II

Foirmeacha na tacaíochta ag na Ballstáit

Airteagal 47

Foirmeacha tacaíochta

Úsáidfidh na Ballstáit an ranníocaíocht ó na Cistí chun tacaíocht a thabhairt do thairbhithe i bhfoirm deontas, úsáid theoranta ionstraimí airgeadais, duaiseanna nó meascán díobh sin. [Leasú 246]

Roinn I

FOIRMEACHA DEONTAS

Airteagal 48

Foirmeacha deontas

1.  Féadfaidh na deontais a thabharfaidh na Ballstáit do na tairbhithe a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a)  aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaigh an tairbhí i ndáiríre nó an comhpháirtí príobháideach in oibríochtaí CPP agus a íocadh chun oibríochtaí a chur chun feidhme, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas;

(b)  costais aonaid;

(c)  cnapshuimeanna;

(d)  maoiniú ar ráta comhréidh;

(e)  meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d), ar choinníoll go gcumhdaíonn gach foirm catagóirí éagsúla costas nó i gcás ina n‑úsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid d’oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha d’oibríocht.

Más rud é nach mó costas iomlán na hoibríochta ná EUR 200 000, beidh an ranníocaíocht a thabharfar ó CFRE, ó CSE+, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, i bhfoirm costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe, cé is moite de thionscadail inarb ionann an tacaíocht agus státchabhair. Má úsáidtear maoiniú ar ráta comhréidh, ní fhéadfar ach na catagóirí costais a bhfuil feidhm ag an ráta chomhréidh maidir leo a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír.

Thairis sin, féadfar na liúntais agus na tuarastail a íoctar le rannpháirtithe a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír.

2.  Is ar cheann de na bealaí seo a leanas a shocrófar na méideanna i gcomhair na bhfoirmeacha deontas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1:

(a)  modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe orthu seo a leanas:

(i)  sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii)  sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair;

(iii)  gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na dtairibhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b)  dréachtbhuiséad a shocraítear ar bhonn gach cáis ar leith agus a dhéanann an comhlacht atá ag roghnú na hoibríochta a chomhaontú ex‑ante, i gcás nach dtéann costas iomlán na hoibríochta thar EUR 200 000;

(c)  i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

(d)  i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

(e)  rátaí comhréidhe agus modhanna sonrach arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na Rialacháin Chiste-shonracha.

Airteagal 49

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha a bhaineann le deontais

Má úsáidtear ráta comhréidh chun costais indíreacha oibríochta a chumhdach, beidh sé bunaithe ar cheann de na nithe seo a leanas:

(a)  ráta comhréidh suas le 7 % de na costais dhíreacha incháilithe, sa chás sin ní bheidh ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(b)  ráta comhréidh suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe, sa chás sin ní bheidh ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;

(c)  ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, ar choinníoll go ríomhfar an ráta i gcomhréir le hAirteagal 48(2)(a) 48(2)(c). [Leasú 247]

Ina theannta sin, má tá ráta comhréidh arna ríomh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 67(5)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, is féidir an ráta sin a úsáid le haghaidh oibríocht den chineál céanna chun críocha phointe (c).

Airteagal 50

Costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais

1.  Féadfar costais foirne dhíreacha oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin, gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh, ar choinníoll nach n‑áirítear ar chostais dhíreacha na hoibríochta conarthaí oibreacha poiblí ná conarthaí soláthair nó seirbhíse a bhfuil luach ag baint leo a sháraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45) nó in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46).

I gcás CTIL, CSI agus IBTV, déanfar costais dhíreacha atá faoi réir soláthar poiblí agus costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin a eisiamh ón mbunús ar a ríomhtar an ráta comhréidh.

2.  Chun críocha na costais foirne dhíreacha a chinneadh, féadfar ráta in aghaidh na huaire a ríomh ar cheann de na bealaí seo a leanas:

(a)  trí na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí, chomh maith le costais bhreise a bhfuiltear ag súil leo chun tosca a chur san áireamh, amhail méadú ar tharaifí nó ar arduithe céime don fhoireann, a roinnt ar 1 720 uair an chloig i gcás daoine atá ag obair go lánaimseartha, nó ar líon pro rata de 1 720 uair an chloig i gcás daoine atá ag obair go páirtaimseartha; [Leasú 248]

(b)  trí na hollchostais mhíosúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí, chomh maith le costais bhreise a bhfuiltear ag súil leo chun tosca a chur san áireamh, amhail méadú ar tharaifí nó ar arduithe céime don fhoireann, a roinnt ar am oibre míosúil an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme dá dtagraítear sa chonradh fostaíochta. [Leasú 249]

3.  Nuair a chuirfear an ráta in aghaidh na huaire a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm, ní rachaidh líon iomlán na n‑uaireanta a dhearbhaítear in aghaidh an duine in aon bhliain amháin nó in aon mhí amháin thar líon na n‑uaireanta a úsáidtear chun an ráta sin in aghaidh na huaire a ríomh.

4.  Sa chás nach bhfuil ollchostais bhliantúla fostaíochta ar fáil, féadfar iad a ríomh ó na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe atá ar fáil nó ón gconradh fostaíochta arna choigeartú mar is cuí do thréimhse 12 mhí.

5.  Maidir leis na costais foirne a bhaineann le daoine aonair a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht, féadfar na costais foirne a ríomh mar chéatadán seasta de na hollchostais fostaíochta, i gcomhréir le céatadán seasta d’am caite ag obair ar an oibríocht in aghaidh na míosa, gan aon oibleagáid córas ar leith a chur ar bun chun an t‑am caite ag obair a chlárú. Eiseoidh an fostóir doiciméad i leith fostaithe ina leagfar amach an céatadán seasta sin.

Airteagal 51

Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais incháilithe seachas costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais

1.  Féadfar ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe a úsáid chun na costais eile incháilithe a bhaineann le hoibríocht a chumhdach. Ní chuirfear ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh.

2.  I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI, ó IBTV, ó CSE+ agus ó CFRE, measfar gur costais bhreise incháilithe nach n‑áirítear sa ráta comhréidh iad na tuarastail agus na liúntais a íoctar le rannpháirtithe.

3.  Ní chuirfear i bhfeidhm an ráta comhréidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le costais foirne a ríomhadh ar bhonn ráta comhréidh dá dtagraítear in Airteagal 50(1).

ROINN II

IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS

Airteagal 52

Ionstraimí airgeadais

1.  Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta ranníocaíocht chláir, faoi chlár amháin nó níos mó, a thabhairt d’ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an údarás bainistíochta nó faoi chúram an údaráis bainistíochta, agus a rannchuidíonn le gnóthú cuspóirí sonracha.

2.  Ní thabharfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht d’fhaighteoirí deiridh ach amháin le haghaidh infheistíochtaí nua a mheastar a bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de, amhail giniúint ioncaim agus coigiltis, agus nach bhfaigheann a ndóthain cistiúcháin ó fhoinsí margaidh. Féadfaidh an tacaíocht sin díriú ar infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe araon chomh maith le caipiteal oibre, i gcomhréir le rialacha infheidhme an Aontais maidir le Státchabhair. [Leasú 250]

3.  Beidh an tacaíocht ó na Cistí trí ionstraimí airgeadais bunaithe ar mheasúnú ex ante a mbeidh an t‑údarás bainistíochta freagrach as a tharraingt suas. Críochnófar an measúnú ex ante sula gcinnfidh na húdaráis bhainistíochta ranníocaíochtaí cláir a dhéanamh le hionstraimí airgeadais.

Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa mheasúnú ex ante:

(a)  an méid atá beartaithe mar ranníocaíocht chláir le hionstraim airgeadais agus an éifeacht ghiarála a bhfuil súil leis, lena ngabhann measúnuithe ábhartha; [Leasú 251]

(b)  na táirgí airgeadais atá sé beartaithe a thairiscint, lena n‑áirítear aon ghá le cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí;

(c)  an spriocghrúpa d’fhaighteoirí deiridh atá beartaithe;

(d)  an rannchuidiú a mheastar a dhéanfaidh an ionstraim airgeadais le gnóthú cuspóirí sonracha.

Féadfar an measúnú ex ante a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta agus féadfaidh sé cuid de chríoch nó críoch iomlán an Bhallstáit a chumhdach agus féadfaidh sé a bheith bunaithe ar mheasúnuithe ex ante atá ann cheana nó a tugadh cothrom le dáta.

4.  Féadfar an tacaíocht d’fhaighteoirí deiridh a chomhcheangal le ranníocaíocht ón Aontas in aon fhoirm, lena n‑áirítear ranníocaíocht ón gCiste céanna agus féadfar an ítim chaiteachais chéanna a chumhdach léi. Sa chás sin, ní dhéanfar an tacaíocht ionstraime airgeadais ón gCiste, ar cuid d’oibríocht ionstraime airgeadais í, a dhearbhú don Choimisiún le haghaidh tacaíocht i bhfoirm eile, ó Chiste eile ná ó ionstraim eile de chuid an Aontais.

5.  Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le tacaíocht choimhdeach do chlár i bhfoirm deontas mar oibríocht ionstraime airgeadais aonair, laistigh de chomhaontú cistiúcháin aonair, agus soláthróidh an comhlacht atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme an dá fhoirm tacaíochta ar leith. I gcás ina bhfuil méid na tacaíochta don chlár atá i bhfoirm deontais níos lú ná méid na tacaíochta don chlár atá i bhfoirm ionstraim airgeadais na rialacha is infheidhme i leith ionstraimí airgeadais, beidh feidhm acu. [Leasú 252]

6.  I gcás tacaíocht chomhcheangailte faoi mhí 4 agus faoi mhír 5, coinneofar taifid ar leith le haghaidh gach foinse tacaíochta.

7.  Ní bheidh suim na bhfoirmeacha tacaíochta comhcheangailte uile níos mó ná méid iomlán na hítime caiteachais lena mbaineann. Ní úsáidfear deontais chun tacaíocht a fuarthas ó ionstraimí airgeadais a aisíoc. Ní úsáidfear ionstraimí airgeadais chun deontais a réamh-mhaoiniú.

Airteagal 53

Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme

1.  Ní fhéadfaidh ionstraimí airgeadais atá faoi bhainistiú an údaráis bainistíochta ach iasachtaí nó ráthaíochtaí a thabhairt. Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta téarmaí agus coinníollacha na ranníocaíochta cláir leis an ionstraim airgeadais a leagan amach i ndoiciméad straitéise, lena n‑áirítear na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

2.  Ionstraimí airgeadais arna mbainistiú faoi chúram an údaráis bainistíochta, féadfar iad a chur ar bun mar ceachtar acu seo a leanas:

(a)  infheistíocht acmhainní cláir i gcaipiteal eintitis dhlíthiúil;

(b)  bloic leithleacha de chuntais mhuiníneacha nó airgeadais laistigh d’institiúid.

Roghnóidh an t-údarás bainistíochta an comhlacht a chuirfidh ionstraim airgeadais chun feidhme trí chonradh a dhámhachtain go díreach nó go hindíreach. [Leasú 253]

Féadfaidh an t-údarás bainistíochta cúraimí cur chun feidhme a chur de chúram orthu seo a leanas:

(a)  BEI;

(b)  institiúid idirnáisiúnta airgeadais ina bhfuil Ballstát ina scairshealbhóir;

(c)  banc nó institiúid atá faoi úinéireacht phoiblí, a bunaíodh mar eintiteas dlítheanach agus a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí airgeadais ar bhonn gairmiúil. [Leasú 254]

Nuair a dhéanfaidh an comhlacht a roghnaigh an t‑údarás bainistíochta ciste sealbhaíochta a chur chun feidhme, féadfaidh an comhlacht sin tuilleadh comhlachtaí eile a roghnú chun ciste sonrach a chur chun feidhme.

3.  Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le ranníocaíochtaí cláir le hionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le mír 2, leagfar amach i gcomhaontuithe cistiúcháin iad idir:

(a)  na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bainistíochta agus an chomhlachta atá ag cur ciste sealbhaíochta chun feidhme, i gcás inarb infheidhme;

(b)  na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bainistíochta, nó i gcás inarb infheidhme, an chomhlachta atá ag cur ciste sealbhaíochta chun feidhme, agus an chomhlachta atá ag cur ciste sonrach chun feidhme.

Áireofar sna comhaontuithe cistiúcháin sin na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.

4.  Ní bheidh dliteanas airgeadais an údaráis bainistíochta níos mó ná an méid a gheall an t‑údarás bainistíochta don ionstraim airgeadais faoi na comhaontuithe cistiúcháin ábhartha.

5.  Na comhlachtaí a chuirfidh na hionstraimí airgeadais lena mbaineann chun feidhme, nó i ndáil le ráthaíochtaí, an comhlacht a sholáthróidh na hiasachtaí forluiteacha, roghnóidh siad na faighteoirí deiridh, ag cur san áireamh go cuí chuspóirí an chláir agus an phoitéinsil d’inmharthanacht airgeadais na hinfheistíochta mar a bheidh léirithe sa phlean gnó nó i ndoiciméad coibhéiseach. Déanfar próiseas roghnúcháin na bhfaighteoirí deiridh ar bhealach trédhearcach, beidh cineál na gníomhaíochta ina údar leis, agus ní fhéadfaidh coinbhleacht leasa teacht as.

6.  Féadfaidh an t‑údarás bainistíochta cómhaoiniú náisiúnta do chlár a sholáthar, nó is féidir sin a dhéanamh ar leibhéal na gcistí sealbhaíochta, nó ar leibhéal na gcistí sonracha, nó ar leibhéal na n‑infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Má sholáthraítear an cómhaoiniú náisiúnta ar leibhéal na n‑infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, coinneoidh an comhlacht atá ag cur na n‑ionstraimí airgeadais chun feidhme fianaise dhoiciméadach a léireoidh incháilitheacht an chaiteachais fholuitigh.

7.  Déanfaidh an t-údarás bainistíochta, agus an ionstraim airgeadais á bainistiú aige de bhun mhír 2, nó an comhlacht atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme, agus an ionstraim airgeadais á bainistiú aige de bhun mhír 3, cuntais ar leith a choinneáil nó cód cuntasaíochta a choinneáil in aghaidh na tosaíochta agus in aghaidh gach catagóire réigiúin nó, de réir cineálacha idirghabhálacha do CETFT maidir le gach ranníocaíocht chláir agus, ar leithligh, d’acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 54 agus in Airteagal 56 faoi seach. [Leasú 255]

7a.   Maidir leis na ceanglais tuairiscithe a ghabhann le húsáid na hionstraime airgeadais chun na gcríoch a beartaíodh dóibh beidh na ceanglais sin teoranta d’údaráis bhainistíochta agus d’idirghabhálaithe airgeadais. [Leasú 256]

Airteagal 54

Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais

1.  Déanfar an tacaíocht ó na Cistí a íocfar le hionstraimí airgeadais a chur i gcuntais úsmhara in institiúidí airgeadais a bhfuil a sainchónaí sna Ballstáit agus bainisteofar i gcomhréir le bainistíocht ghníomhach cistí agus le bainistíocht fhónta airgeadais í.

2.  Ús agus gnóthachain eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí a íoctar le hionstraimí airgeadais, úsáidfear iad don chuspóir céanna nó do na cuspóirí céanna leis an tacaíocht tosaigh ó na Cistí, laistigh den ionstraim airgeadais chéanna; nó, tar éis fhoirceannadh na hionstraime airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha eile tacaíochta, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta d’infheistíochtaí breise i bhfaighteoirí deiridh; nó i gcás inarb infheidhme, chun na caillteanais de bharr ús diúltach sa mhéid ainmniúil den ranníocaíocht ó Chistí leis an ionstraim airgeadais a chumhdach, má tharlaíonn na caillteanais sin in ainneoin go ndearna comhlachtaí a chuireann na hionstraimí airgeadais chun feidhme bainistiú gníomhach cistí; go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta. [Leasú 257]

3.  Ús agus gnóthachain eile dá dtagraítear i mír 2 nach n‑úsáidfear i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfar iad a bhaint den chaiteachas incháilithe.

Airteagal 55

Cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí

1.  An tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais a infheisteofar i bhfaighteoirí deiridh chomh maith le haon chineál ioncaim arna ghiniúint leis na hinfheistíochtaí sin, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí, féadfar iad a úsáid le haghaidh cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí ag oibriú faoi phrionsabal an gheilleagair, nó do chineálacha eile tacaíochta ón Aontas, trí chomhroinnt iomchuí rioscaí agus brabús agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais á chur san áireamh. [Leasú 258]

2.  Ní bheidh leibhéal na córa difreáilte sin níos mó ná an leibhéal a bhfuil gá leis chun acmhainní príobháideacha a mhealladh, arna shocrú le próiseas iomaíoch nó le measúnú neamhspleách ex ante arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 52 den Rialachán seo. [Leasú 259]

Airteagal 56

Athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí

1.  Acmhainní a aisíocfar, roimh dheireadh na tréimhse incháilitheachta, le hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh nó ó scaoileadh acmhainní a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, lena n-áirítear aisíocaíochtaí caipitil agus aon chineál ioncaim arna ghiniúint atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí, déanfar iad a athúsáid sna hionstraimí airgeadais céanna nó in ionstraimí airgeadais eile le haghaidh tuilleadh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, faoin gcuspóir sonrach céanna nó faoi na cuspóirí sonracha céanna agus le haghaidh aon chostais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a bhaineann leis na hinfheistíochtaí breise sin, agus prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais á chur san áireamh. [Leasú 260]

Ní mheasfar coigiltí a dhéanfar trí oibríochtaí níos éifeachtúla a bheith ina ioncam chun críocha na chéad fhomhíre. Go háirithe, ní bheidh mar thoradh ar choigiltí costais a eascraíonn as bearta um éifeachtúlacht fuinnimh go mbeidh laghdú comhfhreagrach ar fhóirdheontais oibríochta ann. [Leasú 261]

2.  Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc le hionstraimí airgeadais le linn tréimhse ocht mbliana ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta, go ndéanfar iad a athúsáid i gcomhréir le cuspóirí beartais an chláir nó na gclár faoinar cuireadh ar bun iad, laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, tar éis do na hacmhainní sin imeacht as an ionstraim airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha eile tacaíochta.

CAIBIDIL III

Rialacha incháilitheachta

Airteagal 57

Incháilitheacht

1.  Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin má leagtar síos rialacha sonracha sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Chiste-shonracha, nó ar bhonn an Rialacháin seo nó na Rialachán sin.

2.  Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí má dhéanann tairbhí nó comhpháirtí príobháideach oibríochta CPP é a thabhú agus go n‑íoctar é chun oibríochtaí a chur chun feidhme, idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2021, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029 2030. [Leasú 262]

I gcás costais arna n‑aisíoc de bhun phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 48(1), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029.

3.  I gcás CFRE, an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí a chumhdaíonn níos mó ná aon chatagóir réigiún amháin a leagtar amach in Airteagal 102(2) laistigh de Bhallstát, déanfar é a leithdháileadh ar na catagóirí réigiún lena mbaineann ar bhonn pro rata, bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

I gcás CSE+, rannchuideoidh an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí le gnóthú chuspóirí sonracha an chláir sin.

4.  Féadfar oibríocht iomlán nó cuid di faoi CFRE, CSE+ nó faoin gCiste Comhtháthaithe a chur chun feidhme lasmuigh de Bhallstát, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go dtiteann an oibríocht faoi cheann amháin de na cúig chomhchuid de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) [...] (‘Rialachán ETC’) agus go rannchuidíonn sí le cuspóirí an chláir. [Leasú 263]

5.  I gcás deontais atá sna foirmeacha a luaitear faoi phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 48(1), an caiteachas a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí, beidh sé cothrom leis na méideanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 48(2).

6.  Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ó na Cistí i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta, is cuma má rinneadh na híocaíochtaí gaolmhara go léir. Ní bheidh feidhm ag an mhír seo maidir le cúiteamh CEMI le haghaidh costais bhreise sna réigiúin is forimeallaí nó maidir le caiteachas arna mhaoiniú ag leithdháiltí sonracha forlíontacha CFRE agus CSE+ do na réigiúin is forimeallaí.. [Leasú 264]

7.  An caiteachas a fhágtar incháilithe de thoradh leasú ar chlár, beidh sé incháilithe ón dáta a chuirfear an iarraidh chomhfhreagrach faoi bhráid an Choimisiúin.

I gcás CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe, beidh sin amhlaidh má chuirtear cineál nua idirghabhála leis an gclár, dá dtagraítear i dTábla 1 in Iarscríbhinn I nó, i gcás CTIL, CSI agus IBTV, dá dtagraítear sna Rialacháin Chiste-shonracha.

Má leasaítear clár chun gníomhú de thoradh tubaiste nádúrtha, féadfar a fhoráil sa chlár go mbeidh an caiteachas a bhaineann leis an leasú sin incháilithe ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha.

8.  Má fhormheastar clár nua i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 14, beidh an caiteachas incháilithe ón dáta a chuirfear an iarraidh chomhfhreagrach faoi bhráid an Choimisiúin.

9.  Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste amháin nó níos mó nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht do cheann de na Cistí, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás ceachtar acu seo a leanas:

(a)  tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais;

(b)  tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile.

Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíocht de chuid Ciste a ríomh le haghaidh gach Ciste agus le haghaidh an chláir nó na gclár lena mbaineann ar bhonn pro rata, i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

Airteagal 58

Costais nach bhfuil incháilithe

1.  Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí:

(a)  ús ar fhiachas, ach amháin maidir le deontais arna dtabhairt i bhfoirm fóirdheontas ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontas táille ráthaíochta nó i ndáil le ranníocaíocht le hionstraimí airgeadais a eascraíonn ó ús diúltach; [Leasú 265]

(b)  ceannach talún ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán don oibríocht lena mbaineann; le haghaidh láithreáin thréigthe agus láithreáin a bhíodh tráth in úsáid thionsclaíoch a bhfuil foirgnimh orthu, méadófar an teorainn sin go dtí 15 %; le haghaidh ráthaíochtaí beidh feidhm ag na céatadáin sin maidir le méid na hiasachta foluití;

(c)  cáin bhreisluacha (CBL), ach amháin i gcás oibríochtaí ar lú a gcostas iomlán ná EUR 5 000 000. [Leasú 266]

I gcás phointe (b), ní bheidh feidhm ag na teorainneacha maidir le hoibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.

Déanfar incháilitheacht le haghaidh oibríochtaí cánach breisluacha (‘CBL’) a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ach amháin d’oibríochtaí a bhfuil a gcostas iomlán níos ísle ná EUR 5 000 000, agus d’infheistíochtaí agus caiteachas ag faighteoirí deiridh. [Leasú 267]

2.  Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha costais bhreise a shonrú nach bhfuil incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó gach Ciste.

Airteagal 59

Marthanacht oibríochtaí

1.  Déanfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí le hoibríocht a chuimsigh infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil a aisíoc más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht dheiridh leis an tairbhí nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sna rialacha maidir le státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go ngabhfaidh an oibríocht faoi aon cheann de nithe seo a leanas:

(a)  scor nó aistriú gníomhaíochta táirgiúla;

(b)  athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thabharfaidh buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí;

(c)  athrú substaintiúil a dhéanfaidh difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme a mbainfí an bonn óna cuspóirí bunaidh dá dheasca.

Féadfaidh an Ballstát na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú go dtí trí bliana sna cásanna cuí-réasúnaithe dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) a bhaineann le cothabháil infheistíochtaí nó post atá cruthaithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide. [Leasú 268]

2.  Oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ní aisíocfaidh siad an tacaíocht ó CSE+ ach amháin má tá siad faoi oibleagáid maidir le cothabháil infheistíochta de réir na rialacha maidir le státchabhair.

3.  Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus mír 2 maidir le ranníocaíochtaí cláir le hionstraimí airgeadais nó ó ionstraimí airgeadais agus le hoibríocht ar bith ina ndéantar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de bharr féimheachta neamhchalaoisí. [Leasú 269]

Airteagal 60

Athlonnú

1.  Caiteachas a thacaíonn le hathlonnú mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(26), ní bheidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí.

2.  Nuair is státchabhair atá i ranníocaíocht ó na Cistí, deimhneoidh an t‑údarás bainistíochta dó féin nach bhfuil an ranníocaíocht ag tacú le hathlonnú i gcomhréir le hAirteagal 14(16) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún.

Airteagal 61

Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais

1.  Maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibreacha, earraí, seirbhísí, talamh agus réadmhaoin nach ndearnadh ina leith aon íocaíocht arna tacú le sonraisc, nó le doiciméid de luach coibhéiseach cruthúnais, féadfaidh siad a bheith incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  nach bhfuil an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an oibríocht, lena n‑áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh, ag deireadh na hoibríochta;

(b)  nach bhfuil an luach atá inchurtha i leith na ranníocaíochtaí comhchineáil níos airde ná na costais a bhfuil glacadh go ginearálta leo ar an margadh i dtrácht;

(c)  gur féidir luach agus seachadadh na ranníocaíochta a mheas agus a fhíorú go neamhspleách;

(d)  i gcás talamh nó eastát réadach a sholáthar, gur féidir íocaíocht airgid a dhéanamh chun críocha an chomhaontaithe léasa de mhéid ainmniúil in aghaidh na bliana nach mó ná aonad aonair airgeadra an Bhallstáit;

(e)  i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm obair gan íocaíocht, go ndéantar luach na hoibre sin a chinneadh tríd an am fíoraithe atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh obair choibhéiseach a chur san áireamh.

Déanfaidh saineolaí cáilithe neamhspleách nó comhlacht oifigiúil cuí-údaraithe luach na talún nó an eastáit réadaigh dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo a dheimhniú agus ní bheidh an luach sin níos airde ná an teorainn a leagtar síos in Airteagal 58(1)(b).

2.  Costais dímheasa nár ndearnadh ina leith aon íocaíocht arna tacú le sonraisc, is féidir a mheas go bhfuil siad incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go bhfuil sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir;

(b)  go bhfuil méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta de luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonrasc i gcás costais incháilithe, i gcás inar a aisíocadh na costais sin san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 48(1)(a);

(c)  go mbaineann na costais go heisiach leis an tréimhse tacaíochta don oibríocht;

(d)  nár rannchuidigh deontais phoiblí le héadáil na sócmhainní dímheasta.

Airteagal 62

Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le hionstraimí airgeadais

1.  Is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe ionstraime airgeadais méid iomlán na ranníocaíochta cláir arna híoc, nó i gcás ráthaíochtaí, arna cur i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, ag an ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta, má chomhfhreagraíonn an méid sin do na nithe seo a leanas:

(a)  íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, i gcás iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais;

(b)  acmhainní a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn cóimheas iolraitheora, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí nua foluiteacha a íocadh amach nó infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais i bhfaighteoirí deiridh;

(c)  íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, má tá ionstraimí airgeadais arna meascadh le rannchuidiú eile ón Aontas in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin i gcomhréir le hAirteagal 52(5);

(d)  íocaíochtaí táillí bainistíochta agus aisíocaíochtaí costas bainistíochta arna dtabhú ag comhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme.

2.  I gcás phointe (b) de mhír 1, socrófar an cóimheas iolraitheora le measúnú riosca stuama ex ante agus aontófar sa chomhaontú cistiúcháin ábhartha é. Féadfar an cóimheas iolraitheora a athbhreithniú, má bhíonn údar leis sin i ngeall ar athruithe ina dhiaidh sin ar dhálaí an mhargaidh. Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag athbhreithniú den sórt sin.

3.  I gcás phointe (d) de mhír 1, is ar fheidhmíocht a bheidh na táillí bainistíochta bunaithe. Don chéad dá mhí dhéag de chur chun feidhme na hionstraime airgeadais, beidh bunluach saothair incháilithe le haghaidh costais agus táillí bainistíochta. Má dhéantar comhlachtaí a chuirfidh ciste sealbhaíochta agus/nó cistí sonracha chun feidhme, de bhun Airteagal 53(2), a roghnú trí dhámhachtain dhíreach conartha, an méid costais bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach suas le 5 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais nó a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta.. [Leasú 270]

Ní infheidhme an tairseach sin I gcás ina roghnófar na comhlachtaí a chuirfidh ionstraimí airgeadais chun feidhme trí thairiscint iomaíoch i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus go léiríonn an tairiscint iomaíoch go dteastaíonn leibhéal níos airde de chostais bhainistíochta agus táillí a bheidh bunaithe ar fheidhmíocht. [Leasú 271]

4.  Má ghearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.

5.  Ní bheidh an caiteachas incháilithe arna dhearbhú i gcomhréir le mír 1 níos mó ná suim an méid iomláin tacaíochta ó na Cistí a íocadh chun críocha na míre sin agus an chómhaoinithe náisiúnta chomhfhreagraigh.

TEIDEAL VI

BAINISTIÚ AGUS RIALÚ

CAIBIDIL I

Rialacha ginearálta maidir le bainistiú agus rialú

Airteagal 63

Freagrachtaí na mBallstát

1.  Beidh córais bhainistithe agus rialaithe ag na Ballstáit le haghaidh a gcuid clár i gcomhréir leis an Teideal seo agus áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh na córais sin i gcomhréir leis an mbainistíocht fhónta airgeadais agus na ceanglais phríomha a liostaítear in Iarscríbhinn X.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit gur dlíthiúil agus gur rialta an caiteachas a áireofar sna cuntais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus déanfaidh an Ballstát na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena n-áirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus chun tuairisc a thabhairt orthu. Comhoibreoidh na Ballstáit go hiomlán le OLAF. [Leasú 272]

3.  Déanfaidh na Ballstáit, ar iarratas ón gCoimisiún, na bearta is gá chun feidhmiú éifeachtach a gcóras bainistithe agus rialaithe a áirithiú mar aon le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Más iniúchadh atá sa bheart sin, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó a n‑ionadaithe údaraithe páirt a ghlacadh ann.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht, neamhspleáchas agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí. [Leasú 273]

5.  Beidh córais agus nósanna imeachta ag na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid uile is gá le haghaidh an riain iniúchóirteachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a choinneáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 76.

6.  Beidh socruithe déanta ag na Ballstáit lena áirithiú go scrúdófar go héifeachtach gearáin a bhaineann leis na Cistí. Beidh an raon feidhme, na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na socruithe sin mar fhreagracht ar na Ballstáit i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil. Scrúdóidh siad, ar iarratas ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 64(4a), gearáin arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin atá laistigh de scóip a gclár agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí na scrúduithe sin. [Leasú 274]

Chun críocha an Airteagail seo, cumhdaíonn gearáin aon díospóid idir tairbhithe féideartha agus tairbhithe roghnaithe maidir leis an oibríocht atá beartaithe nó roghnaithe agus aon díospóid le tríú páirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir nó na n‑oibríochtaí faoin gclár, gan beann ar cháiliú na modhanna sásaimh dhlíthiúil a leagtar síos sa dlí náisiúnta.

7.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach malartú faisnéise idir na tairbhithe agus údaráis an chláir trí chórais malartaithe sonraí leictreonacha, ar córais iad a bheidh éasca le húsáid, i gcomhréir le hIarscríbhinn XII. [Leasú 275]

I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh feidhm ag an gcéad dá fhomhír ón 1 Eanáir 2023 2022 amach. [Leasú 276]

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cláir faoi Airteagal [4(1)(c)(vii) 4(1)(xi)] de Rialachán CSE+. [Leasú 277]

8.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach malartú oifigiúil faisnéise leis an gCoimisiún trí chóras malartaithe sonraí leictreonacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.

9.  Déanfaidh gach an Ballstát, tar éis fhormheas an chláir agus tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfear isteach an t‑iarratas deiridh ar íocaíocht don chéad bhliain chuntasaíochta agus faoin 30 Meitheamh 2023, tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV. Coinneoidh sé an tuairisc sin cothrom le dáta chun aon athruithe ina dhiaidh sin a léiriú.

10.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun mír 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí na critéir a leagan amach lena gcinnfear na cásanna neamhrialtachtaí atá le tuairisciú agus na sonraí atá le soláthar.

11.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an fhormáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a thuairisciú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha agus rialacha aonfhoirmeacha ann le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo. [Leasú 278]

Airteagal 64

Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin

1.  Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil ag na Ballstáit córais bhainistithe agus rialaithe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach agus go héifeachtúil i rith cur chun feidhme clár. Déanfaidh an Coimisiún straitéis iniúchóireachta agus plean iniúchóireachta a tharraingt suas le haghaidh na mBallstát ar straitéis í a bheidh bunaithe ar mheasúnú riosca. [Leasú 279]

Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta a pleananna iniúchóireachta a chomhordú.

2.  Déanfar iniúchtaí an Choimisiúin suas le trí dhá bliana féilire tar éis an dáta a ghlacfar leis na cuntais ina n‑áirítear an caiteachas lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse sin maidir le hoibríochtaí a mbaineann amhras faoi chalaois leo. [Leasú 280]

3.  Beidh ag oifigigh an Choimisiúin nó ag a n‑ionadaithe údaraithe, chun críocha a n‑iniúchtaí, rochtain ar na taifid uile, ar na doiciméid uile agus ar na meiteashonraí uile is gá, gan beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí nó le córais bhainistithe agus rialaithe agus gheobhaidh siad cóipeanna díobh san fhormáid shonrach a iarrfar.

4.  Beidh feidhm ag an méid seo a leanas freisin i gcás iniúchtaí ar an láthair:

(a)  tabharfaidh an Coimisiún fógra 12 15 lá oibre faoin iniúchadh d’údarás inniúil an chláir, diomaite de chásanna práinneacha. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí sin. [Leasú 281]

(b)  i gcás ina ndéantar, de thoradh cur i bhfeidhm forálacha den dlí náisiúnta, gníomhartha áirithe a fhorchoimeád do ghníomhairí arna n‑ainmniú go sonrach sa dlí náisiúnta, beidh rochtain ag oifigigh agus ionadaithe údaraithe an Choimisiúin ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an tslí sin gan dochar d’inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus le lán-urramú chearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann.

(c)  déanfaidh an Coimisiún na réamhthorthaí iniúchóireachta a tharchur chuig an údarás inniúil de chuid an Bhallstáit i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais agus tráth nach déanaí ná 3 2 mhí tar éis an lae dheireanaigh den iniúchadh. [Leasú 282]

(d)  déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil iniúchóireachta a tharchur i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais agus tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis an dáta a fuair sé freagra iomlán ón údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ar na réamhthorthaí iniúchóireachta. Measfar freagra an Bhallstáit a bheith ina fhreagra iomlán i gcás nach bhfuil an Coimisiún tar éis a thuairisciú laistigh de 2 mhí go bhfuil doiciméadacht fós in easnamh. [Leasú 283]

I gcásanna cuí-réasúnaithe féadfaidh an Coimisiún na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) a shíneadh trí dhá mhí eile. [Leasú 284]

4a.   Gan dochar do mhír 6 d’Airteagal 63, déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le córas láimhseála gearán a bheidh inrochtana do shaoránaigh agus do gheallsealbhóirí. [Leasú 285]

Airteagal 65

Údaráis an chláir

1.  Chun críocha Airteagal [63(3)] den Rialachán Airgeadais, sonróidh an Ballstát údarás bainistíochta agus údarás iniúchóireachta i gcás gach cláir. Má bhaineann an Ballstát úsáid as an rogha dá dtagraítear in Airteagal 66(2), sonrófar an comhlacht lena mbaineann mar údarás an chláir. Féadfaidh na húdaráis chéanna sin a bheith freagrach as níos mó ná clár amháin.

2.  Údarás poiblí nó príobháideach atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar Údarás Bainistíochta agus ar chomhlachtaí nó eintitis a ndearnadh feidhmeanna a chur ar a n-iontaoibh nó ar sannadh feidhmeanna dóibh a bheidh san údarás iniúchóireachta. [Leasú 286]

3.  Féadfaidh an t‑údarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a shonrú chun cúraimí áirithe atá faoina chúram a dhéanamh. Déanfar na socruithe idir an t‑údarás bainistíochta agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh i scríbhinn.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go n‑urramófar prionsabal na deighilte feidhmeanna idir údaráis an chláir agus laistigh díobh.

5.  An comhlacht a dhéanann comhchiste an chláir a chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal [11] de Rialachán AE (...) [Rialacha rannpháirtíochta Fís Eorpach], sainaithneoidh údarás bainistíochta an chláir ábhartha mar chomhlacht idirmheánach é, i gcomhréir le mír 3.

CAIBIDIL II

Córais bhainistithe agus rialaithe chaighdeánacha

Airteagal 66

Feidhmeanna an údaráis bainistíochta

1.  Beidh an t‑údarás bainistíochta freagrach as an gclár a bhainistiú d’fhonn cuspóirí an chláir a bhaint amach. Go háirithe, beidh na feidhmeanna seo a leanas aige:

(a)  oibríochtaí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 67;

(b)  cúraimí bainistithe cláir a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 68;

(c)  tacaíocht a thabhairt d’obair an choiste faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 69;

(d)  comhlachtaí idirmheánacha a mhaoirsiú;

(e)  na sonraí faoi gach oibríocht, is gá le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais, fíoruithe agus iniúchtaí, a thaifeadadh agus a stóráil i gcóras gcórais leictreonacha, agus slándáil, iomláine agus rúndacht sonraí agus fíordheimhniú na n‑úsáideoirí a áirithiú. [Leasú 287]

2.  Féadfaidh an Ballstát an fheidhm chuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 70 a chur faoi chúram an údaráis bainistíochta nó comhlachta eile.

3.  I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, is é an t‑údarás bainistíochta a dhéanfaidh an fheidhm chuntasaíochta, nó is faoina chúram a dhéanfar í.

4.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha ann le haghaidh na sonraí leictreonacha atá le taifeadadh agus le stóráil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2).

Airteagal 67

Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta

1.  Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an t-údarás bainistíochta critéir agus nósanna imeachta a leagan síos agus a chur i bhfeidhm a bheidh neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, lena n-áiritheofar inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne agus lena gcuirfear san áireamh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 191(1) CFAE. [Leasú 288]

Áiritheofar leis na critéir agus leis na nósanna imeachta go dtabharfar tosaíocht d’oibríochtaí a roghnófar d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar rannchuidiú an chistithe ón Aontas le gnóthnú chuspóirí an chláir.

2.  Ar iarratas ón gCoimisiún, rachaidh an t‑údarás bainistíochta i gcomhairle leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh sula gcuirfear na critéir roghnúcháin faoi bhráid an choiste faireacháin den chéad uair agus sula ndéanfar aon athruithe ar na critéir ina dhiaidh sin.

3.  Nuair a roghnóidh an t‑údarás bainistíochta oibríochtaí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

(a)  áiritheoidh sé go mbeidh na hoibríochtaí roghnaithe inbhuanaithe i gcomhréir leis an gclár, agus le straitéisí críochacha, agus go mbeidh siad ina rannchuidiú éifeachtach lena chuspóirí sonracha a ghnóthú; [Leasú 289]

(b)  áiritheoidh sé go bhfuil na hoibríochtaí roghnaithe ag teacht leis na straitéisí comhfhreagracha agus na doiciméid phleanála arna mbunú chun coinníollacha cumasaithe a chomhlíonadh;

(c)  áiritheoidh sé go mbaineann an gaol is fearr iomchuí idir méid na tacaíochta, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus gnóthú cuspóirí leis na hoibríochtaí roghnaithe; [Leasú 290]

(d)  fíoróidh sé go bhfuil na hacmhainní agus na sásraí airgeadais is gá ag an tairbhí chun costais oibríochta agus cothabhála a chumhdach;

(e)  áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí roghnaithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (47) faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó nós imeachta um scagadh, agus go gcuirfear san áireamh measúnú ar réitigh mhalartacha chomh maith le comhairliúchán poiblí cuimsitheach, ar bhonn cheanglais na Treorach sin arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (48); [Leasú 291]

(f)  fíoróidh áiritheoidh sé, i gcás inar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bhainistíochta, gur comhlíonadh an dlí is infheidhme; [Leasú 292]

(g)  áiritheoidh sé go dtagann oibríochtaí roghnaithe faoi raon feidhme an chiste lena mbaineann agus go bhfuil siad inchurtha i leith cineál idirghabhála nó réimse tacaíochta i gcás CEMI;

(h)  áiritheoidh sé nach gcuimsíonn oibríochtaí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d’oibríocht a bhí faoi réir athlonnú i gcomhréir le hAirteagal 60 nó a bheadh ina n‑aistriú gníomhaíochta táirgiúla i gcomhréir le hAirteagal 59(1)(a);

(i)  áiritheoidh sé nach ndéantar difear d’oibríochtaí de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíochta oibríochtaí i mbaol;

(j)  sular nglacfar cinntí infheistíochta, áiritheoidh sé díonadh ar an aeráid i dtaca le hinfheistíochtaí i mbonneagar a mheastar a mbeadh tréimhse cúig bliana saoil ar a laghad acu, chomh maith le cur chun feidhme an Bhunphrionsabal Éifeachtúlachta Fuinnimh. [Leasú 293]

4.  Áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go dtabharfar don tairbhí doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha uile ar an tacaíocht do gach oibríocht lena n‑áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó seirbhísí atá le soláthar, an plean maoinithe, an teorainn ama lena cur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha d’íocaíocht an deontais a chinneadh.

5.  I gcás oibríochtaí ar bronnadh deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu, nó a roghnaíodh faoi chomhchiste an chláir faoi Fhís Eorpach, féadfaidh an t‑údarás bainistíochta cinneadh a dhéanamh tacaíocht a dheonú go díreach ó CFRE nó ó CSE+, ar choinníoll go bhfuil na hoibríochtaí sin ag teacht le cuspóirí an chláir.

Beidh feidhm ag ráta cómhaoinithe na hionstraime a sholáthróidh deimhniú an tSéala Barr Feabhais nó comhchiste an chláir agus beidh sé leagtha amach sa doiciméad dá dtagraítear i mír 4.

5a.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, suas le 5 % de leithdháileadh airgeadais cláir faoi CFRE agus CSE+ a thabhairt do thionscadail shonracha laistigh den Bhallstát incháilithe faoi Fhís na hEorpa, lena n-áirítear iadsan a roghnaíodh sa dara babhta, ar choinníoll go gcuireann na tionscadail sin le cuspóirí an chláir sa Bhallstát sin. [Leasú 294]

6.  Nuair a roghnóidh an t-údarás bainistíochta oibríocht a mbaineann tábhacht straitéiseach léi, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de mhí amháin agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile faoin oibríocht don Choimisiún, lena n-áirítear anailís ar chostais is tairbhí. [Leasú 295]

Airteagal 68

Bainistiú cláir ag an údarás bainistíochta

1.  Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)  fíoruithe bainistíochta a dhéanamh chun a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe, go gcomhlíonann an oibríocht an dlí is infheidhme, an clár agus na coinníollacha maidir le tacaíocht na hoibríochta agus:

(i)  má tá costais le haisíoc de bhun Airteagal 48(1)(a), gur íocadh an méid caiteachais arna éileamh ag na tairbhithe i ndáil leis na costais sin agus go gcoinníonn na tairbhithe taifid chuntasaíochta ar leith le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann leis an oibríocht;

(ii)  má tá costais le haisíoc de bhun phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d’Airteagal 48(1), gur comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an gcaiteachas a aisíoc leis an tairbhí;

(b)  a áirithiú, faoi réir cistiú a bheith ar fáil le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe agus eatramhacha, go bhfaighidh an tairbhí an méid atá dlite dó ina iomláine do chaiteachas fíoraithe agus tráth nach déanaí ná 90 60 lá tar éis an dáta a chuir an tairbhí an t‑éileamh ar íocaíocht isteach; [Leasú 296]

(c)  bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a bheith i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;

(d)  neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;

(e)  a dhearbhú go bhfuil an caiteachas arna chur isteach sna cuntais dleathach agus rialta;

(f)  an dearbhú bainistíochta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XV;

(g)  réamhaisnéisí a sholáthar maidir leis an méid le haghaidh iarratais ar íocaíocht atá le cur isteach don bhliain féilire reatha agus do bhlianta féilire ina diaidh sin faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.

I gcás phointe (b) den chéad fhomhír, ní dhéanfar aon mhéid a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear eile comhéifeachta a laghdódh na méideanna atá dlite do thairbhithe.

I gcás oibríochtaí CPP, déanfaidh an t‑údarás bainistíochta íocaíochtaí isteach i gcuntas eascró arna chur ar bun chuige sin in ainm an tairbhí lena úsáid i gcomhréir leis an gcomhaontú CPP.

2.  Beidh an fíorú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 bunaithe ar rioscaí agus comhréireach leis na rioscaí arna sainaithint de réir mar a sainíodh i straitéis bainistithe riosca iad.

Áireofar ar fhíoruithe bainistíochta fíoruithe riaracháin i ndáil le éilimh ó thairbhithe ar íocaíocht agus fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí. Is sula n‑ullmhófar na cuntais i gcomhréir le hAirteagal 92 a dhéanfar iad, ar a dhéanaí.

3.  I gcás ina bhfuil an t‑údarás bainistíochta ina thairbhí freisin faoin gclár, áiritheoidh na socruithe le haghaidh na bhfíoruithe bainistíochta go mbeidh deighilt feidhmeanna ann.

4.  De mhaolú ar mhír 2, féadfar rialacha sonracha a leagan síos i Rialachán CCE maidir le maidir leis na fíoruithe bainistíochta is infheidhme maidir le cláir Interreg.

Airteagal 69

Tacaíocht d’obair an choiste faireacháin ón údarás bainistíochta

Déanfaidh an t‑údarás bainistíochta an méid seo a leanas:

(a)  an fhaisnéis uile is gá le cúraimí an choiste faireacháin a dhéanamh a sholáthar dó go prapúil;

(b)  a áirithiú go ndéanfar bearta leantacha ar chinntí agus ar mholtaí an choiste faireacháin.

Airteagal 70

An fheidhm chuntasaíochta

1.  Na cúraimí seo a leanas a bheidh san fheidhm chuntasaíochta:

(a)  iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 86 agus na hiniúchóireachtaí a rinneadh á gcur san áireamh, ar iniúchtaí iad a rinne an t-údarás iniúchóireachta nó a raibh an t-údarás sin freagrach astu; [Leasú 297]

(b)  na cuntais a tharraingt suas agus a chur i láthair, ina ndearbhófar iomláine, beachtas agus cruinneas, i gcomhréir le hAirteagal 92 agus taifid d’eilimintí uile na gcuntas a choinneáil i gcóras leictreonach; [Leasú 298]

(c)  na méideanna caiteachais a tabhaíodh in airgeadra eile a athrú go euro ag úsáid ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ar lena linn a cláraíodh an caiteachas i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a dhéanamh.

2.  Ní chuimseoidh an fheidhm chuntasaíochta fíoruithe ar leibhéal na dtairbhithe.

3.  De mhaolú ar phointe (c) de mhír 1, féadfar modh éagsúil a leagan síos i Rialachán CCE chun na méideanna caiteachais a tabhaíodh in airgeadra eile a athrú go euro.

Airteagal 71

Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1.  Beidh an t‑údarás iniúchóireachta freagrach as iniúchtaí córais, iniúchtaí ar oibríochtaí agus iniúchtaí ar chuntais a dhéanamh chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn córais bainistíochta agus rialaithe go héifeachtach agus go bhfuil an caiteachas a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin dleathach agus rialta.

2.  Déanfar obair iniúchóireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.

3.  Déanfaidh an t‑údarás iniúchóireachta an méid seo a leanas a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin:

(a)  tuairim iniúchóireachta bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal [63(7)] den Rialachán Airgeadais agus leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI agus atá bunaithe ar an obair iniúchóireachta ar fad a rinneadh, lena gcumhdaítear na comhchodanna seo a leanas:

(i)  iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas ;

(ii)  dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin;

(iii)  feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe.

(b)  tuarascáil bhliantúil ar rialú lena gcomhlíontar cheanglais Airteagal [63(5)(b)] den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII agus, ina dtacaítear leis an tuairim iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus ina leagtar amach achoimre ar na torthaí, lena n‑áirítear anailís ar chineál agus ar mhéid na n‑earráidí agus na n‑easnamh sna córais chomh maith leis na gníomhartha ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme, agus an ráta earráidí iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha a thagann dá bharr le haghaidh an chaiteachais arna iontráil sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.

4.  I gcás ina bhfuil cláir grúpáilte chun críocha iniúchtaí ar oibríochtaí de bhun Airteagal 73(2), féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3(b) a chur in aon tuarascáil amháin.

I gcás ina mbainfidh an t‑údarás iniúchóireachta leas as an rogha sin le haghaidh cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, tuairisceoidh an Ciste an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhí 3(b).

5.  Tarchuirfidh an t‑údarás iniúchóireachta tuarascálacha faoi iniúchadh córas don Choimisiún a luaithe agus a thabharfar an nós imeachta bréagnaitheach leis na hiniúchaithe ábhartha i gcrích.

6.  Tiocfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d’fhonn an straitéis iniúchóireachta, an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an tuairim iniúchóireachta a scrúdú, agus a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.

6a.   Déanfar an t-iniúchadh ag tagairt don chaighdeán is infheidhme tráth a dhéanfar an oibríocht arna hiniúchadh a thionól, ach amháin i gcás ina bhfuil caighdeáin nua níos fabhraí don tairbhí. [Leasú 299]

6b.   I gcás ina n-aimsítear mírialtacht, mar chuid d’iniúchadh a rinneadh ar oibríocht as ar eascair pionós airgeadais, ní fhéadtar síneadh a chur le raon feidhme an rialaithe nó na gceartúcháin airgeadais thar an caiteachas arna chumhdach ag bliain chuntasaíochta an chaiteachais a ndearnadh iniúchadh air. [Leasú 300]

Airteagal 72

Straitéis iniúchóireachta

1.  Déanfaidh an t-údarás iniúchóireachta, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás bainistíochta, straitéis iniúchóireachta a ullmhú bunaithe ar mheasúnú riosca, lena gcuirfear san áireamh an tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 63(9), lena gcumhdófar iniúchtaí córas agus iniúchtaí ar oibríochtaí. Ar áireamh sa straitéis iniúchóireachta beidh iniúchtaí córais ar údaráis bhainistíochta nua-aitheanta agus ar údaráis nua-aitheanta a bhfuil an fheidhm chuntasaíochta faoina gcúram, laistigh de naoi mí tar éis a gcéad bhliana feidhme. Déanfar an t-iniúchadh laistigh de naoi mí tar éis a gcéad bhliana feidhme. Ullmhófar an straitéis iniúchóireachta i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIII agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta gach bliain tar éis na chéad tuarascála bliantúla ar rialú agus na tuairime iniúchóireachta arna tabhairt don Choimisiún. Féadfaidh sí clár amháin nó níos mó a chumhdach. Mar chuid den straitéis iniúchóireachta, féadfaidh an t-údarás iniúchóireachta teorainn a chinneadh le haghaidh iniúchóireachtaí ar chuntais aonair. [Leasú 301]

2.  Cuirfear an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.

Airteagal 73

Iniúchtaí ar oibríochtaí

1.  Cumhdóidh iniúchtaí ar oibríochtaí caiteachas arna dhearbhú don Choimisiún le linn na bliana cuntasaíochta ar bhonn sampla. Beidh an sampla sin ionadaíoch agus beidh sé bunaithe ar mhodhanna samplála staidrimh.

2.  Nuair is lú an líon ná 300 aonad samplála, féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid ar bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta. I gcásanna den sórt sin, beidh an sampla mór go leor le gur féidir leis an údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas. Cumhdóidh an modh samplála neamhstaidrimh 10 % ar a laghad de na haonaid samplála i líon na bliana cuntasaíochta, arna roghnú go randamach.

Féadfaidh an sampla staidrimh clár amháin nó níos mó a chumhdach a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CSE+ agus, faoi réir srathú i gcás inarb iomchuí, clárthréimhse amháin nó níos mó a chumhdach de réir bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta.

Leis an sampla d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV agus ó CEMI, cumhdófar astu féin na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó gach Ciste ar leith.

3.  Ní áireofar ar iniúchtaí ar oibríochtaí fíoruithe ar an láthair ar chur chun feidhme fisiceach na n‑oibríochtaí ach amháin más gá sin mar gheall ar an gcineál oibríochta i gceist.

I gcás ina bhfuil easaontas ann idir an Coimisiún agus Ballstát maidir le torthaí na hiniúchóireachta, cuirfear i bhfeidhm nós imeachta um réiteach díospóide. [Leasú 302]

Féadfar forálacha sonracha a leagan amach i Rialachán CSE+ maidir le cláir faoi Airteagal [4(1)(c)(vii)] de Rialachán CSE+.

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhodhanna samplála caighdeánaithe réamhdhéanta agus rialach mionsonraithe samplála caighdeánaithe réamhdhéanta lena gcumhdófar clárthréimhse amháin nó níos mó.

Airteagal 74

Socruithe an iniúchta aonair

1.  Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta iniúchtaí, tabharfaidh siad aird chuí ar phrionsabail an iniúchta aonair agus na comhréireachta i ndáil le leibhéal an riosca do bhuiséad an Aontais. Seachnóidh siad dúbailt iniúchtaí ar an aon chaiteachas amháin arna dhearbhú don Choimisiún chun costas na bhfíoruithe bainistíochta agus na n‑iniúchtaí agus an t‑ualach riaracháin ar na tairbhithe a íoslaghdú.

Úsáidfidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta, i dtosach, an fhaisnéis uile agus na taifid uile atá le fáil sa chóras leictreonach sna córais leictreonacha dá dtagraítear in Airteagal 66(1)(e), lena n‑áirítear torthaí na bhfíoruithe bainistíochta faisnéise agus ní iarrfaidh siad doiciméid bhreise ná faisnéis iniúchóireachta ar na tairbhithe lena mbaineann, ná ní bhfaighidh siad uathu iad sin, ach amháin más rud é, bunaithe ar a mbreithiúnas gairmiúil, gur gá sin le gur féidir teacht ar chonclúidí iniúchóireachta láidre. [Leasú 303]

2.  I gcás cláir oibríochtúla arb é conclúid an Choimisiúin ina leith go bhfuil tuairim an údaráis iniúchóireachta iontaofa agus má tá an Ballstát lena mbaineann páirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, beidh iniúchtaí an Choimisiúin féin teoranta d’iniúchóireacht ar obair an údarás iniúchóireachta.

3.  Oibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán dóibh thar EUR 400 000 i leith CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, EUR 300 000 i leith CSE+, nó EUR 200 000 i leith CEMI, CTIL, CSI agus IBTV, ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n‑áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe.

Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina n‑áirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí faoi réir iniúchadh ag an gCoimisiún nó ag an údarás iniúchóireachta in aon bhliain má rinne an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh sa bhliain sin cheana féin, ar choinníoll gur féidir leis an údarás iniúchóireachta nó leis an gCoimisiún, chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, úsáid a bhaint as torthaí an iniúchta sin a rinne an Chúirt Iniúchóirí le haghaidh na n‑oibríochtaí sin.

4.  D’ainneoin fhorálacha mhír 3, féadfar níos mó ná aon iniúchadh amháin a dhéanamh ar aon oibríocht, más é conclúid an údaráis iniúchóireachta, bunaithe ar a bhreithiúnas gairmiúil, nach féidir tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas.

5.  Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 sna cásanna seo a leanas:

(a)  is ann do riosca sonrach neamhrialtachta nó do thásc calaoise;

(b)  is gá obair an údaráis iniúchóireachta a athdhéanamh chun dearbhú a fháil go bhfuil sé ag feidhmiú go héifeachtach;

(c)  is ann d’fhianaise go bhfuil easnamh tromchúiseach ar obair an údaráis iniúchóireachta.

Airteagal 75

Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar ionstraimí airgeadais

1.  Ní dhéanfaidh an t‑údarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 68(1) ach ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus, i gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag soláthar na n‑iasachtaí nua foluiteacha. Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, i gcás ina soláthraíonn an ionstraim airgeadais tuarascálacha maidir le rialú ag tacú leis an gcur i bhfeidhm íocaíochta, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh gan fíoruithe bainistíochta ar an láthair a dhéanamh. [Leasú 304]

2.  Ní dhéanfaidh an t‑údarás bainistíochta fíoruithe ar an láthair ar leibhéal an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát.

Mar sin féin, cuirfidh BEI nó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát tuarascálacha ar rialú ar fáil don údarás bainistíochta a thacaíonn leis na hiarratais ar íocaíochtcaíocht. [Leasú 305]

3.  Déanfaidh an t‑údarás iniúchóireachta iniúchtaí córas agus iniúchtaí ar oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 71, le hAirteagal 73 nó le hAirteagal 77 ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus, i gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag soláthar na n‑iasachtaí nua foluiteacha. Gan dochar d’fhorálacha Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais, i gcás ina soláthraíonn an ionstraim airgeadais tuarascáil maidir le hiniúchóireacht bhliantúil don údarás iniúchóireachta, ar tuarascáil í atá tarraingthe suas ag a n-iniúchóirí seachtracha, faoi dheireadh gach bliana féilire, a chuimsíonn na gnéithe go léir a áirítear in Iarscríbhinn XVII, féadfaidh an t-údaras iniúchóireachta a chinneadh gan aon iniúchadh eile a dhéanamh. [Leasú 306]

3a.   I gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ní fhéadfaidh na comhlachtaí atá freagrach as na cláir iniúchóireachta fíoruithe nó iniúchtaí a dhéanamh ar na comhlachtaí a chuireann iasachtaí foluiteacha ar fáil ach amháin i gceann amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a)  mura bhfuil doiciméid tacaíochta ar fáil, a sholáthraíonn fianaise den tacaíocht ón ionstraim airgeadais do na faighteoirí deiridh, ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann chun feidhme ionstraimí airgeadais;

(b)  má tá fianaise ann nach ionann na doiciméid atá ar fáil ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann na hionstraimí airgeadais chun feidhme agus taifead fírinneach agus beacht den tacaíocht a cuireadh ar fáil. [Leasú 307]

4.  Ní dhéanfaidh an t‑údarás iniúchóireachta iniúchtaí ar leibhéal BEI ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát, maidir le hionstraimí airgeadais a chuireann siad chun feidhme.

Mar sin féin, déanfaidh BEI nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil arna tarraingt suas ag a n‑iniúchóirí seachtracha a chur ar fáil don Choimisiún agus don údarás iniúchóireachta faoi dheireadh gach bliana féilire. Cumhdóidh an tuarascáil sin na heilimintí a áirítear in Iarscríbhinn XVII.

5.  Déanfaidh BEI nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile na doiciméid uile is gá a chur ar fáil d’údaráis an chláir le gur féidir leo a n‑oibleagáidí a chomhlíonadh.

Airteagal 76

Infhaighteacht doiciméad

1.  Gan dochar do na rialacha lena rialaítear státchabhair, áiritheoidh an t‑údarás bainistíochta go ndéanfar na doiciméid tacaíochta uile a bhaineann le hoibríocht a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a choinneáil ar an leibhéal iomchuí ar feadh tréimhse cúig bliana trí bliana ón 31 Nollaig den bhliain ina ndearna an t‑údarás bainistíochta an íocaíocht dheireanach leis an tairbhí. [Leasú 308]

2.  Déanfar briseadh a chur sa tréimhse ama sin i gcás imeachtaí dlíthiúla arna iarraidh sin don Choimisiún.

2a.   Féadfar an tréimhse do choinneáil doiciméad a laghdú, i gcomhréir leis an bpróifíl riosca agus le líon na dtairbhithe, trí chinneadh a ghlacfaidh an t-údarás bainistíochta. [Leasú 309]

CAIBIDIL III

Spleáchas ar chórais bhainistithe náisiúnta

Airteagal 77

Socruithe comhréireacha feabhsaithe

Féadfaidh na Ballstáit na socruithe comhréireacha feabhsuithe seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le córas bainistithe agus rialaithe oibríochta má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78:

(a)  de mhaolú ar Airteagal 68(1)(a) agus ar Airteagal 68(2), féadfaidh an t‑údarás bainistíochta nósanna imeachta náisiúnta, agus nósanna imeachta náisiúnta amháin, a chur i bhfeidhm chun fíoruithe bainistíochta a dhéanamh;

(b)  de mhaolú ar Airteagal 73(1) agus (3), féadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta a ghníomhaíocht iniúchóireachta a theorannú do shampla staidrimh de 30 aonad samplála don chlár nó don ghrúpa clár lena mbaineann;

(c)  déanfaidh an Coimisiún a iniúchtaí féin a theorannú d’athbhreithniú ar obair an údaráis iniúchóireachta trí athdhéanamh ar an leibhéal sin amháin, ach amháin má thugann faisnéis atá ar fáil le fios go bhfuil easnamh tromchúiseach ar obair an údaráis iniúchóireachta.

I gcás phointe (b), má tá níos lú ná 300 aonad samplála sa líon, féadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta modh samplála neamhstaidrimh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 73(2).

Airteagal 78

Coinníollacha ar chur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha feabhsaithe

1.  Féadfaidh an Ballstát na socruithe comhréireacha feabhsaithe a leagtar amach in Airteagal 77 a chur i bhfeidhm aon tráth le linn na clárthréimhse, i gcás ina bhfuil sé dearbhaithe ag an gCoimisiún, sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí atá foilsithe don dá bhliain dheireanacha roimh chinneadh an Bhallstáit forálacha an Airteagail seo a chur i bhfeidhm, go bhfuil córas bainistithe agus rialaithe an chláir ag feidhmiú go héifeachtach agus go bhfuil an ráta earráidí iomlán do gach bliain faoi bhun 2 %. Nuair a bheidh an Coimisiún ag measúnú fheidhmiú éifeachtach chóras bainistithe agus rialaithe an chláir, cuirfidh sé san áireamh rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.

Má chinneann Ballstát leas a bhaint as an rogha sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha a leagtar amach in Airteagal 77 agus beidh feidhm ag na socruithe sin ó thús na bliana cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

2.  Ag tús na clárthréimhse, féadfaidh an Ballstát na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 77 a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach mír 1 den Airteagal seo i ndáil le clár comhchosúil arna chur chun feidhme le linn 2014-2020 agus más forbairt den chuid is mó ar na socruithe don chlár roimhe sin atá sna socruithe maidir le bainistiú agus rialú do chlár 2021-2027. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na socruithe comhréireacha feabhsaithe ó thús an chláir.

3.  Déanfaidh an Ballstát an tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe agus ar an straitéis iniúchóireachta a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 63(9) agus in Airteagal 72 a leagan síos nó a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.

Airteagal 79

Coigeartú le linn na clárthréimhse

1.  Más é conclúid an Choimisiúin nó an údaráis iniúchóireachta, bunaithe ar na hiniúchtaí arna ndéanamh agus ar an tuarascáil bhliantúil ar rialú, nach bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78 a thuilleadh, iarrfaidh an Coimisiún ar an údaráis iniúchóireachta obair iniúchóireachta bhreise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 63(3) agus déanfaidh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha.

2.  Má dhearbhaítear sa tuarascáil bhliantúil ar rialú ina dhiaidh sin nach bhfuiltear ag comhlíonadh na coinníollacha fós, sa dóigh go bhfuil teorainn curtha leis an dearbhú a tugadh don Choimisiún maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás iniúchóireachta iniúchtaí córas a dhéanamh.

3.  Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thabhairt, an Ballstát a chur ar an eolas nach bhfuil feidhm a thuilleadh leis na socruithe comhréireacha feabhsaithe a leagtar amach in Airteagal 77.

TEIDEAL VII

BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A CHUR ISTEACH AGUS A SCRÚDÚ AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS

CAIBIDIL I

Bainistíocht airgeadais

Roinn I

Rialacha cuntasaíochta ginearálta

Airteagal 80

Gealltanais bhuiséadacha

1.  Beidh an cinneadh lena bhformheastar an clár i gcomhréir le hAirteagal 18 ina chinneadh maoiniúcháin de réir bhrí [Airteagal 110(3)] den Rialachán Airgeadais agus gealltanas dlíthiúil a bheidh ann nuair a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin don Bhallstát lena mbaineann.

Sonrófar leis an gcinneadh sin an ranníocaíocht ón Aontais in aghaidh an Chiste agus in aghaidh na bliana.

2.  Déanfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha ón Aontas maidir le gach clár i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027.

3.  De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, leanfaidh na gealltanais bhuiséadacha don chéad tráthchuid glacadh an chláir ag an gCoimisiún.

Airteagal 81

Úsáid an euro

Is in euro a ainmneofar aon mhéideanna a dhéanfaidh Ballstát a leagan amach i gcláir, nó a thuairisiú nó a dhearbhú don Choimisiún.

Airteagal 82

Aisíocaíocht

1.  Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le [hAirteagal 98 den Rialachán Airgeadais]. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an t‑ordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.

2.  Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.

Roinn II

Rialacha maidir le híocaíochtaí leis na Ballstáit

Airteagal 83

Cineálacha íocaíochtaí

Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéid na gcuntas don bhliain chuntasaíochta.

Airteagal 84

Réamh-mhaoiniú

1.  Íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú bunaithe ar an tacaíocht iomlán ó na Cistí a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár de bhun Airteagal 17(3)(f)(i).

2.  Déanfar an réamh-mhaoiniú i gcás gach Ciste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí atá ar fáil, mar seo a leanas: [Leasú 310]

(a)  2021: 0.5 %;

(b)  2022: 0.5 % 0,7 %; [Leasú 311]

(c)  2023: 0.5 % 1 %; [Leasú 312]

(d)  2024: 0.5 % 1,5 %; [Leasú 313]

(e)  2025: 0.5 % 2 %; [Leasú 314]

(f)  2026: 0.5 % 2 %; [Leasú 315]

Má ghlactar clár oibríochtúil tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.

3.  De mhaolú ar mhír 2, i gcás cláir Interreg, leagfar rialacha sonracha maidir leis an réamh-mhaoiniú amach i Rialachán CCE.

4.  Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

5.  Úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna leis na Cistí agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.

Airteagal 85

Iarratais ar íocaíocht

1.  Déanfaidh an Ballstát ceithre hiarratas ar íocaíocht ar a mhéad a chur isteach in aghaidh an chláir, in aghaidh an Chiste agus in aghaidh na bliana cuntasaíochta. Gach bliain, is iad an 30 Aibreán, an 31 Iúil, an 31 Deireadh Fómhair agus an 26 Nollaig na teorainneacha ama le haghaidh gach iarratais ar íocaíocht.

An t‑iarratas deiridh ar íocaíocht a chuirfear isteach faoin 31 Iúil, measfar gurb é an i-iarratas deiridh ar íocaíocht é don bhliain chuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh.

2.  Ní bheidh iarratais ar íocaíocht inghlactha murar cuireadh isteach an pacáiste dearbhaithe is déanaí atá dlite.

3.  Déanfar iarratais ar íocaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX agus áireofar iontu, do gach tosaíocht agus de réir catagóir réigiúin, an méid seo a leanas:

(a)  méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc chun oibríochtaí a chur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta;

(b)  an méid don chúnamh teicniúil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 31(2); [Leasú 316]

(c)  méid iomlán na ranníocaíochta poiblí arna híoc nó atá le híoc, mar a iontráladh é i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta;

4.  De mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

(a)  má dhéantar an ranníocaíocht ón Aontas de bhun phointe (a) d’Airteagal 46, is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na méideanna a bhfuil údar leo i bhfianaise an dul chun cinn i dtaca le comhlíonadh na gcoinníollacha, nó le gnóthú na dtorthaí, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 89(2);

(b)  má dhéantar an ranníocaíocht ón Aontas de bhun phointe (c), phointe (d) agus phointe (e) d’Airteagal 46, is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na méideanna arna gcinneadh i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 88(3);

(c)  i gcás na bhfoirmeacha deontas a liostaítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d’Airteagal 48(1), is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na costais arna ríomh ar an mbonn is infheidhme.

(ca)   i gcás státchabhrach, féadfar a áireamh sa chur chun feidhme íocaíochta réamhíocaíochtaí arna ndéanamh leis an tairbhí ag an gcomhlacht a chuir an cúnamh ar fáil, ar na coinníollacha carnacha seo a leanas: go bhfuil siad faoi réir ráthaíocht bhainc nó a comhionann, nach dtéann siad thar 40 % de mhéid iomlán an chúnaimh atá le tabhairt don tairbhí le haghaidh oibríocht ar leith, agus go bhfuil siad cumhdaithe ag caiteachas arna íoc le tairbhithe agus tacaithe le sonraisc admhaithe laistigh de 3 bliana. [Leasú 317]

4.  By way of derogation from point (a) of paragraph 3, the following shall apply:

(a)  where the Union contribution is made pursuant to point (a) of Article 46, the amounts included in a payment application shall be the amounts justified by the progress in the fulfilment of conditions, or achievement of results, in accordance with the decision referred to in Article 89(2);

(b)  where the Union contribution is made pursuant to points (c), (d) and (e) of Article 46, the amounts included in an payment application shall be the amounts determined in accordance with the decision referred to in Article 88(3);

(c)  for the forms of grants listed in points (b), (c) and (d) of Article 48(1), the amounts included in a payment application shall be the costs calculated on the applicable basis.

5.  Dé mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás scéimeanna cúnaimh faoi Airteagal 107 CFAE, an ranníocaíocht phoiblí a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht, beidh sí íoctha cheana leis na tairbhithe ag an gcomhlacht a dheonaíonn an cúnamh.

Airteagal 86

Eilimintí sonracha le haghaidh ionstraimí airgeadais in iarratais ar íocaíocht

1.  I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le Airteagal 53(2) 53(1), áireofar in iarratais ar íocaíocht arna gcur isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn XIX na méideanna iomlána arna n‑íoc amach, nó i gcás ráthaíochtaí na méideanna arna gcur i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, ag an údarás bainistíochta le faighteoirí deiridh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 62(1). [Leasú 318]

2.  I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 53(3) 53(2), is i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas a chuirfear isteach iarratais ar íocaíocht a chuimsíonn caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais: [Leasú 319]

(a)  an méid a áirítear sa chéad iarratas ar íocaíocht a bheith íoctha cheana leis an ionstraim airgeadais agus is féidir suas le 25 % de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir leis na hionstraimí airgeadais faoin gconradh cistiúcháin ábhartha a bheith ann, i gcomhréir leis an tosaíocht ábhartha agus leis an gcatagóir réigiúin ábhartha, más infheidhme;

(b)  an méid a áirítear in iarratais ar íocaíocht ina dhiaidh sin a chuirfear isteach le linn na tréimhse incháilitheachta, áireofar iontu an caiteachas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 62(1).

3.  Imréiteofar an méid a áirítear sa chéad iarratas ar íocaíocht, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.

Nochtfar ar leithligh é in iarratais ar íocaíocht.

Airteagal 87

Rialacha coiteanna maidir le híocaíochtaí

1.  Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, Déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an dáta gheobhaidh an Coimisiún iarratas ar íocaíocht. [Leasú 320]

2.  Cuirfear gach íocaíocht i leith an ghealltanais bhuiséadaigh is túisce a bheidh oscailte den Chiste agus den chatagóir réigiúin lena mbaineann. Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90 % de na méideanna a áirítear san iarratas ar íocaíocht, ar toradh é ar chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach tosaíochta ar an gcaiteachas incháilithe iomlán nó ar an ranníocaíocht phoiblí de réir mar is iomchuí. Cinnfidh an Coimisiún na méideanna eile atá le haisíoc nó le gnóthú nuair a ríomhfar iarmhéid na gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 94.

3.  An tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht i bhfoirm íocaíochtaí eatramhacha, ní bheidh sí níos airde ná méid na tacaíochta ó na Cistí don tosaíocht a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár.

4.  Má tá an ranníocaíocht ón Aontas san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 46 nó má tá na deontais san fhoirm a liostaítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 48(1), ní íocfaidh an Coimisiún níos mó ná an méid arna iarraidh ag an mBallstát.

5.  Ina theannta sin, an tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht mar íocaíocht an iarmhéid don bhliain chuntasaíochta deiridh, ní bheidh sí níos mó ná aon cheann de na méideanna seo a leanas:

(a)  an ranníocaíocht phoiblí arna dearbhú in iarratais ar íocaíocht;

(b)  an tacaíocht ó na Cistí arna híoc le tairbhithe;

(c)  an méid arna iarraidh ag an mBallstát.

6.  Ar iarratas ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú 10 % os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht do na Cistí, má chomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas tar éis an [dáta ghlacadh an Rialacháin seo]:

(a)  fuair an Ballstát iasacht ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle;

(b)  fuair an Ballstát cúnamh airgeadais meántéarma faoi SCE mar a bhunaítear sa Chonradh lena mbunaítear SCE an 2 Feabhra 2012 nó dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002(49) ar choinníoll go gcuirfí chun feidhme clár coigeartaithe maicreacnamaíoch;

(c)  cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát lena mbaineann ar choinníoll go gcuirfí chun feidhme clár coigeartaithe maicreacnamaíoch mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(50).

Ní féidir leis an ráta méadaithe a bheith níos mó ná 100 % agus beidh feidhm aige maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí go dtí deireadh na bliana féilire ina dtiocfaidh an cúnamh airgeadais gaolmhar chun deiridh.

7.  Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le cláir Interreg.

Airteagal 88

Aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

1.  An ranníocaíocht ón Aontas le clár, féadfaidh an Coimisiún í a aisíoc ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe le haghaidh aisíocaíocht na ranníocaíochta ón Aontas le clár.

2.  Chun úsáid a bhaint as ranníocaíocht ón Aontas leis an gclár ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe dá dtagraítear in Airteagal 46, cuirfidh na Ballstáit togra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn VI, mar chuid den chlár nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár.

Na méideanna agus na rátaí a mholfaidh an Ballstát, bunófar iad ar bhonn an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 nó ar bhonn an méid seo a leanas:

(a)  modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe ar aon cheann acu seo a leanas:

(i)  sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii)  sonraí stairiúla fíoraithe;

(iii)  gnáthchleachtais na cuntasaíochta costais a chur i bhfeidhm;

(b)  dréachtbhuiséad;

(c)  na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha agus cnapshuimeanna is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna;

(d)  na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha agus cnapshuimeanna arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna.

3.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar an clár nó leasú ar an gclár, leagfar amach na cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear leis an aisíocaíocht bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, sainiú na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe, agus na méideanna a chumhdaíonn siad agus na modhanna chun na méideanna a choigeartú.

Úsáidfidh na Ballstáit ceann de na foirmeacha deontas dá dtagraítear in Airteagal 48(1) chun tacú le hoibríochtaí a n‑aisíocfaidh an Coimisiún an caiteachas ina leith ar bhonn an Airteagail seo.

Is ar a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún, agus air sin amháin, a bheidh iniúchtaí an Choimisiúin nó na mBallstát dírithe.

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí chostais aonaid, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe, a méideanna agus na modhanna coigeartaithe a shainiú ar na bealaí dá dtagraítear sa dara fhomhír de mhír 2.

Airteagal 89

Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

1.  Chun úsáid a bhaint as ranníocaíocht ón Aontas le tosaíocht ina hiomláine nó le codanna di ar bhonn maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, cuirfidh an Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn VI, mar chuid den chlár nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa togra:

(a)  sonrú na tosaíochta lena mbaineann agus an méid foriomlán arna chumhdach ag maoiniú nach bhfuil nasctha le costais; tuairisc ar an gcuid den chlár agus ar an gcineál oibríochtaí arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais;

(b)  tuairisc ar na coinníollacha atá le comhlíonadh nó ar na torthaí atá le baint amach agus amlíne;

(c)  táirgí insoláthartha idirmheánacha a spreagfaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún;

(d)  aonad tomhais;

(e)  an sceideal don aisíocaíocht ón gCoimisiún agus na méideanna gaolmhara atá nasctha leis an dul chun cinn i dtaca le coinníollacha a chomhlíonadh nó torthaí a bhaint amach;

(f)  na socruithe le haghaidh fíorú na dtáirgí insoláthartha idirmheánacha agus lena fhíorú gur comhlíonadh coinníollacha agus gur baineadh amach torthaí;

(g)  na modhanna chun na méideanna a choigeartú, i gcás inarb infheidhme;

(h)  na socruithe chun an rian iniúchóireachta a áirithiú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a léiríonn go bhfuil coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach.

2.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar an clár nó an iarraidh ar leasú an chláir, leagfar amach na heilimintí a liostaítear i mír 1.

3.  Úsáidfidh na Ballstáit ceann de na foirmeacha deontas dá dtagraítear in Airteagal 48(1) chun tacú le hoibríochtaí a n‑aisíocfaidh an Coimisiún an caiteachas ina leith ar bhonn an Airteagail seo.

Is ar a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún nó gur baineadh amach na torthaí, agus air sin amháin, a bheidh iniúchtaí an Choimisiúin nó na mBallstát dírithe.

4.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhéideanna leagan síos le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais de réir an chineáil oibríochta, trí na modhanna a leagan síos le haghaidh na méideanna sin a choigeartú agus trí na coinníollacha atá le comhlíonadh nó na torthaí atá le baint amach a leagan síos.

Roinn III

Briseadh agus fionraí

Airteagal 90

Briseadh a chur sa sprioc-am íocaíochta

1.  Féadfaidh an Coimisiún briseadh a chur sa sprioc-am íocaíochta le haghaidh íocaíochtaí, ach amháin i gcás réamh-mhaoiniú, ar feadh uastréimhse sé mhí i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go bhfuil fianaise ann a thugann le fios gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus nach ndearnadh bearta ceartaitheacha ina leith; [Leasú 321]

(b)  go bhfuil ar an gCoimisiún fíoruithe breise a dhéanamh tar éis dó faisnéis a fháil go bhféadfadh caiteachas a chuimsítear in iarratas ar íocaíocht a bheith bainteach le neamhrialtacht.

2.  Féadfaidh an Ballstát aontú tréimhse an bhriste a shíneadh trí mhí.

3.  Déanfaidh an Coimisiún an briseadh a theorannú don chuid sin den chaiteachas dá ndéanann na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 difear, ach amháin murar féidir an chuid sin den chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an Coimisiún an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl i scríbhinn don Bhallstát agus iarrfaidh sé air an cás a leigheas. Cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an mbriseadh a luaithe a dhéanfar na bearta lena leigheasfar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1.

4.  Sna rialacha Chiste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le briseadh a chur in íocaíochtaí i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.

Airteagal 91

Íocaíochtaí a chur ar fionraí

1.  Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí a chur ar fionraí ina n‑iomláine nó i bpáirt tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a bharúlacha a chur i láthair, má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an cás a leigheas, rud ba chúis le briseadh de réir Airteagal 90;

(b)  gurb ann d’easnamh tromchúiseach;

(c)  go bhfuil an caiteachas in iarratas ar íocaíocht bainteach le neamhrialtacht nach bhfuil ceartaithe;

(d)  gurb ann do thuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais i mbaol

(e)  gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht riachtanach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(6). [Leasú 322]

2.  Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraíocht íocaíochtaí ina n‑iomláine nó i bpáirt nuair a bheidh na bearta lena leigheastar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 déanta ag an mBallstát.

3.  Sna rialacha Chiste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a chur ar fionraí i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.

CAIBIDIL II

Cuntais a chur isteach agus a scrúdú

Airteagal 92

Inneachar cuntas agus iad a chur isteach

1.  I gcás gach bliana cuntasaíochta ar cuireadh iarratais ar íocaíocht isteach ina leith, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Feabhra, na doiciméid seo a leanas (‘an pacáiste dearbhaithe’) lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta roimhe sin mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2(28):

(a)  na cuntais i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XX;

(b)  an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(1)(f) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XV;

(c)  an tuairim iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 71(3)(a) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI;

(d)  an tuarascáil bhliantúil ar rialú dá dtagraítear in Airteagal 71(3)(b) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII.

2.  In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.

3.  Beidh an méid seo a leanas ar áireamh sna cuntais, ar leibhéal gach tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ciste agus catagóire réigiúin:

(a)  méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta a cuireadh san áireamh san iarratas deiridh ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta agus méid iomlán na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí atá íoctha nó atá le híoc;

(b)  na méideanna arna n‑aistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta;

(c)  méideanna na ranníocaíochta poiblí arna híoc le gach ionstraim airgeadais;

(d)  i gcás gach tosaíochta, míniú ar aon difríochtaí idir na méideanna arna ndearbhú de bhun phointe (a) agus na méideanna arna ndearbhú in iarratais ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta chéanna.

4.  Ní bheidh na cuntais inghlactha mura bhfuil na ceartuithe is gá déanta ag na Ballstáit chun an riosca iarmharach do dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a áirítear sna cuntais a laghdú go dtí níos lú ná 2 %.

5.  Go háirithe, bainfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas as na cuntais:

(a)  an caiteachas neamhrialta a ndearnadh ceartú airgeadais air i gcomhréir le hAirteagal 97;

(b)  an caiteachas atá faoi réir measúnú leanúnach ar a dhlíthiúlacht agus rialtacht;

(c)  méideanna eile de réir mar is gá chun an ráta earráidí iarmharacha a laghdú go 2 % den chaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais.

Féadfaidh na Ballstáit caiteachas faoi phointe (b) den chéad fhomhír a áireamh in iarratas ar íocaíocht i mbliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin fad agus a dheimhneofar a dhlíthiúlacht agus rialtacht.

6.  Na méideanna neamhrialta a bhraithfidh an Ballstát tar éis dó na cuntais a chur isteach, féadfaidh sé iad a ionadú trí na coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina mbraitear an neamhrialtacht, gan dochar d’Airteagal 98.

7.  Mar chuid den phacáiste dearbhaithe, déanfaidh an Ballstát an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 38, nó an tuarascáil bhliantúil deiridh ar chur chun feidhme i gcás CEMI, CTIL, CSI agus IBTV a chur isteach don bhliain chuntasaíochta deiridh.

Airteagal 93

Na cuntais a scrúdú

Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na cuntais lánchríochnaithe, cruinn agus fíor faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta mura bhfuil feidhm ag Airteagal 96.

Airteagal 94

An t‑iarmhéid a ríomh

1.  Nuair a chinneann an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta agus na coigeartuithe dá réir sin i ndáil leis na híocaíochtaí leis an mBallstát, cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh:

(a)  na méideanna sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 95(2) a bhfuil an ráta cómhaoinithe le gach tosaíochta le cur i bhfeidhm maidir leo;

(b)  méid iomlán na n‑íocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta.

2.  I gcás ina bhfuil méid atá inghnóthaithe ón mBallstát, beidh sé faoi réir ordú inghnóthaithe a eiseoidh an Coimisiún agus a chuirfear i gcrích trí é a fhritháireamh, más féidir, i gcoinne méideanna atá dlite don Bhallstát in íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár céanna. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é gnóthú den sórt sin ná ní laghdóidh sé an tacaíocht a fhaigheann an clár ó na Cistí. Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [177(3)] den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 95

An nós imeachta maidir le cuntas a scrúdú

1.  Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 96 i gceachtar de na cásanna seo a leanas:

(a)  tá tuairim iniúchóireachta cháilithe nó chodarsnach tugtha ag an údarás iniúchóireachta ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas;

(b)  tá fianaise ag an gCoimisiún a chaitheann amhras ar iontaofacht tuairime iniúchóireachta neamhcháilithe.

2.  I ngach cás eile, ríomhfaidh an Coimisiún na méideanna is inmhuirir i leith na gCistí i gcomhréir le hAirteagal 94 agus déanfaidh sé na híocaíochtaí nó na gnóthuithe faoi seach faoin 1 Iúil. Glacfar leis na cuntais de thairbhe na híocaíochta nó an ghnóthaithe sin.

Airteagal 96

An nós imeachta bréagnaitheach maidir le cuntas a scrúdú

1.  Má thugann an t‑údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta atá cáilithe ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát na cuntais a athbhreithniú agus an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chur faoina bhráid arís laistigh d’aon mhí amháin.

Más rud é, faoin teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír:

(a)  go bhfuil an tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe, beidh feidhm ag Airteagal 94 agus íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise nó rachaidh sé i mbun gnóthú laistigh de dhá mhí;

(b)  go bhfuil an tuairim iniúchóireachta fós cáilithe nó nár chuir an Ballstát doiciméid isteach arís, beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4.

2.  Má tá an tuairim iniúchóireachta fós cáilithe ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas nó má tá an tuairim iniúchóireachta fós neamh-iontaofa, cuirfidh sé an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoin méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta.

3.  I gcás ina n‑aontóidh an Ballstát leis an méid sin laistigh d’aon mhí amháin, íocfaidh an Coimisiún méid eile atá dlite nó rachaidh sé i mbun gnóthú i gcomhréir le hAirteagal 94 laistigh de dhá mhí.

4.  I gcás nach n‑aontóidh an Ballstát leis an méid dá dtagraítear i mír 2, leagfaidh an Coimisiún síos an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é beart den sórt sin ná ní laghdóidh sé an tacaíocht a fhaigheann an clár ó na Cistí. Íocfaidh an Coimisiún méid eile atá dlite nó rachaidh sé i mbun gnóthú i gcomhréir le hAirteagal 94 laistigh de dhá mhí.

5.  Maidir leis an mbliain bhliain chuntasaíochta deiridh, déanfaidh an Coimisiún iarmhéid bhliantúil na gcuntas a íoc nó a ghnóthú i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta a ghlacfar leis an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 38.

CAIBIDIL III

Ceartuithe airgeadais

Airteagal 97

Ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit

1.  Déanfaidh na Ballstáit buiséad an Aontais a chosaint agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm tríd an tacaíocht ó na Cistí d’oibríocht nó do chlár a chur ar ceal ina hiomláine nó i bpáirt nuair a gheofar amach go bhfuil caiteachas arna dhearbhú don Choimisiún neamhrialta.

2.  Déanfar ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina gcinnfear an cealú.

3.  Féadfaidh an Ballstát an tacaíocht ó na Cistí arna cealú a athúsáid laistigh den chlár lena mbaineann ach amháin le haghaidh aon oibríocht a ndearnadh an ceartú sin air nó, má dhéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtacht shistéamach, le haghaidh aon oibríocht a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

4.  Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta.

5.  De mhaolú ar mhír 1 go mír 3, in oibríochtaí a chuimsíonn ionstraimí airgeadais, an ranníocaíocht a chuirfear ar ceal i gcomhréir leis an Airteagal seo, de thoradh neamhrialtacht aonair, féadfar í a athúsáid laistigh den oibríocht chéanna ar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  más ar leibhéal an fhaighteora deiridh a bhraitear an neamhrialtacht is cúis le cealú na ranníocaíochta: le haghaidh faighteoirí deiridh eile laistigh den ionstraim airgeadais chéanna, agus le haghaidh na bhfaighteoirí deiridh sin amháin;

(b)  más ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sonrach chun feidhme a bhraitear an neamhrialtacht is cúis le cealú na ranníocaíochta, más trí struchtúr a bhfuil ciste sealbhaíochta aige a chuirtear an ionstraim airgeadais chun feidhme: le haghaidh comhlachtaí eile a chuireann cistí sonracha chun feidhme agus le haghaidh na gcomhlachtaí sin amháin.

Más ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme a bhraitear an neamhrialtacht sin is cúis le cealú na ranníocaíochta, nó ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sonrach chun feidhme i gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme trí struchtúr nach bhfuil ciste sealbhaíochta aige, ní dhéanfar an ranníocaíocht arna cealú a athúsáid laistigh den oibríocht chéanna.

Má dhéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtacht shistéamach, ní dhéanfar an ranníocaíocht arna cealú a athúsáid le haghaidh aon oibríocht a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.

6.  Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, déanfaidh siad ranníocaíochtaí cláir a ndearna neamhrialtachtaí difear dóibh a aisíoc leis na Ballstáit, maille le hús agus aon ghnóthachain eile arna nginiúint ag na ranníocaíochtaí sin.

Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, ní dhéanfaidh siad na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aisíoc leis na Ballstáit ar choinníoll go léireoidh na comhlachtaí sin i gcás neamhrialtacht áirithe go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)  gur ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh a tharla an neamhrialtacht ní, i gcás ciste sealbhaíochta, gur ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann cistí sonracha chun feidhme nó na bhfaighteoirí deiridh a tharla sí;

(b)  gur chomhlíon na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme a n‑oibleagáidí, i ndáil leis na ranníocaíochtaí cláir a ndearna an neamhrialtacht difear dóibh, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus gur ghníomhaigh siad leis an gcúram gairmiúil, an trédhearcacht agus an dúthracht a éilítear ar an gcomhlacht gairmiúil a bhfuil taithí aige ar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme;

(c)  nárbh fhéidir na méideanna a ndearna an neamhrialtacht difear dóibh a ghnóthú d’ainneoin go ndearna na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme na bearta conarthacha agus dlíthiúla uile b’infheidhme, le dícheall cuí.

Airteagal 98

Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún

1.  Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais tríd an tacaíocht ó na Cistí do chlár a laghdú, i gcás ina gcinnfidh sé:

(a)  gurb ann d’easnamh tromchúiseach a chuir i mbaol an tacaíocht ó na Cistí atá íoctha cheana féin leis an gclár;

(b)  go bhfuil caiteachas atá i gcuntais ar glacadh leo neamhrialta agus nár bhraith ná nár thuairiscigh an Ballstát é;

(c)  nach bhfuil a oibleagáidí faoi Airteagal 91comhlíonta ag an mBallstát roimh don Choimisiún an nós imeachta maidir le ceartú airgeadais a oscailt.

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartuithe airgeadais eachtarshuite i bhfeidhm, déanfar sin i gcomhréir le hIarscríbhinn XXI.

2.  Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoina chonclúidí agus tabharfaidh sé an deis don Bhallstát a bharúlacha a chur i láthair laistigh de dhá mhí.

3.  I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil le bheith mar bhunús le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.

4.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis na héisteachta nó tar éis an dáta a chuirfear faisnéis bhreise isteach de réir éileamh ón gCoimisiún.

Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis uile agus na barúlacha uile arna gcur faoina bhráid.

I gcás ina n‑aontóidh Ballstát leis an gceartú airgeadais i gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Ballstát na méideanna lena mbaineann a athúsáid. Ní bheidh feidhm ag an deis sin maidir le ceartú airgeadais i gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.

5.  Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta.

CAIBIDIL IV

Saoradh

Airteagal 99

Prionsabail agus rialacha maidir le saoradh

1.  Saorfaidh an Coimisiún aon mhéid i gclár nár úsáideadh le haghaidh réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 84 nó nár cuireadh iarratas ar íocaíocht faoina bhráid ina leith i gcomhréir le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 86 faoin 26 Nollaig den dara 31 Nollaig den tríú bliain féilire tar éis bhliain na ngealltanas buiséadach do na blianta 2021 go 2026. [Leasú 323]

2.  An méid atá le cumhdach le réamh-mhaoiniú nó le hiarratais ar íocaíocht faoin teorainn ama a leagtar síos i mír 1 i ndáil leis an ngealltanas buiséadach do 2021, 60 % den ghealltanas sin a bheidh ann. Déanfar 10 % den ghealltanas buiséadach do 2021 a chur le gach gealltanas buiséadach do na blianta 2022 go 2025 chun críocha na méideanna atá le cumhdach a ríomh. [Leasú 324]

3.  An chuid de na gealltanais a bheidh fós ar oscailt an 31 Nollaig 2029 2030, déanfar í a shaoradh mura gcuirfear an pacáiste dearbhaithe agus an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht do chláir a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 38(1). [Leasú 325]

Airteagal 100

Eisceachtaí ó na rialacha maidir le saoradh

1.  Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú na méideanna atá coibhéiseach leis an gcuid sin den ghealltanas buiséadach ar ina leith:

(a)  a cuireadh na hoibríochtaí ar fionraí trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó

(b)  nach rabhthas in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.

(ba)  nárbh fhéidir iarratas ar íocaíocht thráthúil a chur isteach de bharr moilleanna ar leibhéal an Aontais maidir leis an gcreat dlíthiúil agus riaracháin a cheapadh do na cistí don tréimhse 2021-2027. [Leasú 326]

Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.

2.  Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 i dtaobh an méid atá le dearbhú faoin 26 Nollaig.

Airteagal 101

Nós imeachta maidir le saoradh

1.  Ar bhonn na faisnéise atá faighte aige faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát méid an tsaortha ar toradh na faisnéise sin é.

2.  Beidh dhá mhí ag an mBallstát chun aontú leis an méid a bheidh le saoradh nó chun a bharúlacha a chur isteach. [Leasú 327]

3.  Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar, don bhliain féilire lena mbaineann, méid laghdaithe na tacaíochta thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin, laghdófar an méid tacaíochta de réir an Chiste i gcomhréir leis na méideanna a mbaineann an saoradh leo nár úsáideadh le linn na bliana féilire lena mbaineann.

Mura gcuirfear é sin faoin bhráid, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó na Cistí a laghdú don bhliain féilire lena mbaineann. Déanfar an laghdú a leithdháileadh idir gach tosaíocht i gcomhréir leis na méideanna a mbaineann an saoradh leo nár úsáideadh le linn na bliana féilire lena mbaineann.

4.  Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh lena bhformheastar an clár a leasú tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair.

TEIDEAL VIII

Creat airgeadais

Airteagal 102

Cumhdach geografach na tacaíochta do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post

1.  Tacóidh CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i ngach réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (‘réigiúin leibhéal NUTS 2’) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, arna leasú ag Rialachán Uimh. 868/2014 Uimh. 2016/2066 ón gCoimisiún. [Leasú 328]

2.  Déanfar acmhainní ó CFRE agus ó CSE+ do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh ar na trí chatagóir seo a leanas de réigiúin leibhéal NUTS 2:

(a)  réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-27 (‘réigiúin bheagfhorbartha’);

(b)  réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 100 % de mheán-OTI AE-27 (‘réigiúin trasdula’);

(c)  réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita os cionn 100 % de mheán-OTI AE-27 (‘réigiúin níos forbartha’).

Déanfar aicmiú na réigiún faoi cheann amháin de na trí chatagóir réigiún a chinneadh ar bhonn na caoi a mbaineann OTI per capita gach réigiúin, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2014-2016, le meán-OTI AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna.

3.  Na Ballstáit sin ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir CCC agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2014-2016, ná 90 % de mheán-OIN per capita AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo.

4.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an liosta de na réigiúin a chomhlíonann critéir ceann amháin de na trí chatagóir réigiún agus de na Ballstáit a chomhlíonann critéir mhír 3. Beidh an liosta sin bailí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 103

Acmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

1.  Is EUR 330 624 388 630 378 097 000 000, i bpraghsanna 2018, a bheidh sna hacmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2021-2027. [Leasú 329]

Chun críocha an clársceidealaithe agus an chuimsithe ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, beidh an méid sin innéacsaithe ag 2 % in aghaidh na bliana.

2.  Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, in aghaidh na catagóire réigiún, mar aon le liosta na réigiún incháilithe, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn XXII. Beidh an leithdháileadh foriomlán íosta ó na Cistí, ar an leibhéal náisiúnta, ionann le 76% den bhuiséad arna leithdháileadh ar gach Ballstát nó réigiún thar an tréimhse 2014-2020. [Leasú 330]

Leagfar amach sa chinneadh sin freisin an miondealú bliantúil ar na hacmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).

Gan dochar do na leithdháiltí náisiúnta ar na Ballstáit, déanfar an cistiú le haghaidh na réigiún, atá íosghrádaithe sa chatagóir don tréimhse 2021-2027, a choinneáil ag leibhéal leithdháiltí 2014-2020. [Leasú 429]

I bhfianaise go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cistiú comhtháthaithe don chomhar trasteorann agus trasnáisiúnta, agus do na réigiúin is forimeallaí, níor cheart go mbeadh níos lú fabhar ag baint leis na critéar incháilitheachta do na cistí sin ná mar a bhain don tréimhse 2014-2020, agus ba cheart a áirithiú go mbeadh an leanúnachas is fearr agus is féidir ann le cláir reatha. [Leasú 331]

3.  Déanfar 0,35 % de na hacmhainní foriomlána, tar éis an tacaíocht chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 104(4) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.

Airteagal 104

Acmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg)

1.  Is é a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 97,5 % 97 % de na hacmhainní foriomlána (i.e. EUR 322 194 388 630 366 754 000 000 ar an iomlán i bpraghsanna 2018). Den méid sin, déanfar, EUR 5 900, 000 000 a leithdháileadh ar an scéim um Ráthaíocht do Leanaí ó na hacmhainní faoi CSE+. Déanfar an t-imchlúdach atá fágtha, de EUR 360 854 000 000 (i bpraghsanna 2018) a leithdháileadh mar seo a leanas: [Leasú 332]

(a)  61.6 % (i.e. EUR 198 621 593 157 222 453 894 000 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha; [Leasú 333]

(b)  14.3 % (i.e. EUR 45 934 516 595 51 446 129 000 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula; [Leasú 334

(c)  10.8 % (i.e. EUR 34 842 689 000 39 023 410 000 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha; [Leasú 335]

(d)  12.8 % (i.e. EUR 41 348 556 877 46 309 907 000 ar an iomlán) le haghaidh na mBallstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe; [Leasú 336]

(e)  0.4 % (i.e. EUR 1 447 034 001 1 620 660 000 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994. [Leasú 337]

2.  In 2024, déanfaidh an Coimisiún, ina choigeartú teicniúil don bhliain 2025 i gcomhréir le hAirteagal [6] de Rialachán (AE, Euratom) [[...] (an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil)], athbhreithniú ar na leithdháiltí iomlána faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post do gach Ballstát don tréimhse 2025 go 2027.

Déanfaidh an Coimisiún, ina athbhreithniú, an modh leithdháilte a leagtar amach in Iarscríbhinn XXII a chur i bhfeidhm ar bhonn an staidrimh is déanaí a mbeidh faill air an uair sin.

Tar éis an choigeartaithe theicniúil, leasóidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme chun miondealú bliantúil athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 103(2) a leagan amach.

3.  28,8 % de na hacmhainní faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a bheidh sa mhéid acmhainní a bheidh ar fáil do CSE+ (i.e., EUR 105 686 000 000 i bpraghsanna 2018). Leis sin, ní áirítear an t-imchlúdach airgeadais don tsraith ‘Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta’ nó don tsraith ‘Sláinte’. [Leasú 338]

EUR 376 928 934 a bheidh i Beidh méid an chistithe bhreise do na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear i bpointe (e) i mír 1 arna leithdháileadh ar CSE+ comhfhreagrach le 0,4 % de na hacmhainní dá dtagraítear sa chéad fhomhír (i.e., EUR 424 296 054 i bpraghsanna 2018). [Leasú 339]

4.  EUR 10 000 000 000 4 000 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh sa mhéid tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe atá le haistriú chuig CSE. Caithfear ar thionscadail bhonneagair iompair é, ag cur san áireamh riachtanais bhonneagair na mBallstát agus na réigiún, trí ghlaonna sonracha a sheoladh i gcomhréir le Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua] go heisiach sna Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháite. [Leasú 340]

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe chuig SCE, ar méid é a chinnfear ar bonn pro rata i leith na tréimhse iomláine.

Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin.

Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa amhail ó chleachtadh buiséid 2021.

30 % de na hacmhainní a aistreofar chuig SCE, beidh sé le fáil díreach tar éis an aistrithe ag na Ballstáit uile incháilithe le haghaidh cistiú ón gCoiste Comhtháthaithe chun tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua]. [Leasú 341]

Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme don earnáil iompair faoi Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua] maidir leis na glaonna sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Go dtí an 31 Nollaig 2023, nuair a roghnófar na agus tionscadail a bheidh incháilithe don mhaoiniú déanfar na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú maidir le 70 % de na hacmhainní a aistreofar chuig SCE. [Leasú 342]

Amhail ón 1 Eanáir 2024, déanfar acmhainní arna n‑aistriú chuig SCE nach mbeidh geallta do thionscadal bonneagair iompair a chur ar fáil do na Ballstáit go léir atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCoiste Comhtháthaithe chun na tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua].

5.  Déanfar EUR 500 000 000 560 000 000 i bpraghsanna 2018 d’acmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ag an gCoimisiún. [Leasú 343]

6.  Déanfar EUR 175 000 000 196 000 000 i bpraghsanna 2018 d’acmhainní CSE+ do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh le haghaidh comhar trasnáisiúnta a thacaíonn le réitigh nuálacha faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. [Leasú 344]

7.  Is 2.5 % 3 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2021-2027 (i.e. EUR 11 343 000 000 i bpraghsanna 2018) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg). [Leasú 345]

Airteagal 105

Inaistritheacht acmhainní

1.  Féadfaidh an Coimisiún glacadh le togra ó Bhallstát agus an Comhaontú Comhpháirtíochta á chur isteach nó i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma, maidir le haistriú:

(a)  nach mó ná 15 % 5 % de na leithdháiltí iomlána do réigiúin bheagfhorbartha, a dhéanamh chuig réigiúin trasdula nó réigiúin níos forbartha agus ó réigiúin trasdula chuig réigiúin níos forbartha; [Leasú 346]

(b)  ó na leithdháiltí do réigiúin níos forbartha nó réigiúin trasdula chuig réigiúin bheagfhorbartha.

2.  Ní bheidh na leithdháiltí iomlána ar gach Ballstát maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) inaistrithe idir na spriocanna sin.

Airteagal 106

Rátaí cómhaoinithe a chinneadh

1.  Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí le haghaidh gach tosaíochta.

2.  I gcás gach tosaíochta, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh na tosaíochta i bhfeidhm maidir le ceachtar acu seo a leanas:

(a)  ranníocaíocht iomlán, lena n‑áirítear ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach;

(b)  ranníocaíocht phoiblí.

3.  An ráta cómhaoinithe do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ar leibhéal gach tosaíochta, ní bheidh sé níos airde ná:

(a)  70 % 85 % le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha; [Leasú 347]

(b)  55 % 65 % le haghaidh réigiúin trasdula; [Leasú 348]

(c)  40 % 50 % le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha. [Leasuithe 349 agus 447]

Beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe a leagtar amach faoi phointe (a) maidir leis na réigiúin is forimeallaí freisin agus maidir leis an leithdháileadh breise do na réigiúin is forimeallaí. [Leasú 350]

An ráta cómhaoinithe don Chiste Comhtháthaithe ar leibhéal gach tosaíochta, ní bheidh sé níos airde ná 70 % 85 %. [Leasú 351]

I Rialachán CSE+, i gcásanna cuí-réasúnaithe féadfar rátaí cómhaoinithe de suas le 90 %, a leagan síos le haghaidh tosaíochtaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí nuálacha i gcomhréir le hAirteagal [14 13] agus le hAirteagal [4 (1) (x)] agus (xi)] den Rialachán sin agus le haghaidh clár ar cláir iad a théann i ngleic leis an díth ábhartha i gcomhréir le hAirteagal [9], le dífhostaíocht i measc na hóige i gcomhréir le hAirteagal [10], ag tacú leis an scéim um Ráthaíocht Eorpach don Leanbh i gcomhréir le hAirteagal [10a] agus leis an gcomhar trasnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal [11b]. [Leasú 352]

4.  Ní bheidh an ráta cómhaoinithe do chláir Interreg níos airde ná 70 % 85 %. [Leasú 353]

Féadfar rátaí cómhaoinithe níos airde a leagan síos i Rialachán CCE le haghaidh cláir do chomhar trasteorann seachtrach faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).

4a.  Féadfaidh na Ballstáit, i gcás cuí-réasúnaithe, iarraidh a dhéanamh go mbeadh breis solúbthachta ann laistigh de chreat reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis don chaiteachas struchtúrach poiblí nó comhionann, tacaithe ag an riarachán poiblí trí chómhaoiniú a dhéanamh ar infheistíochtaí mar chuid de Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa. Déanfaidh an Coimisiún ansin measúnú ar an iarraidh faoi seach agus é ag sainiú an choigeartaithe fhioscaigh faoi ngné choisctheach nó faoin ngné cheartaithe den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis ar bhealach a léireoidh tábhacht straitéiseach na n-infheistíochtaí. [Leasú 453]

5.  Féadfar bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %.

TEIDEAL IX

TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH

CAIBIDIL I

Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme

Airteagal 107

Tarmligean cumhachtaí

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 108 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun oiriúnú a dhéanamh d’athruithe a tharlóidh le linn na clárthréimhse i gcás eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo, diomaite d’Iarscríbhinní III, IV, X agus XXII. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 108 chun Rialachán Tarmligthe (AE) 204/2014, dá dtagraítear in Airteagal 6(3), a leasú agus a oiriúnú don Rialachán seo. [Leasú 354]

Airteagal 108

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail Airteagail 6(3), 63(10), 73(4), 88(4) 89(4) agus 107 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo go dtí an 31 Nollaig 2027. [Leasú 355]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 63(10), 73(4), 88(4), 89(4) agus 89(1) 107 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 356]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6(3), 63(10), 73(4), 88(4), 89(4) agus 107 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 357]

Airteagal 109

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

CAIBIDIL II

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 110

Forálacha idirthréimhseacha

Rialachán (CE) Uimh, 1303/2013 nó aon ghníomh eile is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI faoin tréimhse sin.

Airteagal 111

Coinníollacha ar oibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe

1.  Féadfaidh an t‑údarás bainistíochta dul ar aghaidh le roghnú oibríochta arb í an dara céim í d’oibríocht a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta agus a tosaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:

(a)  go bhfuil ag an oibríocht, a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013, dhá chéim atá inaitheanta ó thaobh an airgeadais de a bhfuil rianta iniúchóireachta ar leith acu;

(b)  go bhfuil costas iomlán na hoibríochta os cionn EUR 10 milliún;

(c)  nach bhfuil caiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht i ndáil leis an gcéad chéim ar áireamh in aon iarratas ar íocaíocht i ndáil leis an dara céim;

(d)  go bhfuil an dara céim den oibríocht i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus go bhfuil sí incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi fhorálacha an Rialacháin seo nó na Rialachán Ciste-shonracha;

(e)  go ngabhann an Ballstát air féin an dara céim, arb í an chéim dheiridh í, a lánchríochú le linn na clárthréimhse agus a dhéanamh oibríochtúil, sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013.

2.  Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis an dara céim den oibríocht.

Airteagal 112

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Diminsin agus cóid do na cineálacha idirghabhála do CFRE, CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe - Airteagal 17(5)

TÁBLA 1: CÓID DO DHIMINSEAN AN RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

 

RÉIMSE IDIRGHABHÁLA

Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

Comhéifeacht chun an tacaíocht do na cuspóirí comhshaoil a ríomh

Cuspóir beartais 1: Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn

001

Infheistíocht i sócmhainní seasta i micrifhiontair a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nó atá nasctha le hiomaíochas [Leasú 359]

0 %

0 %

002

Infheistíocht i sócmhainní seasta i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (lárionaid taighde príobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nó atá nasctha le hiomaíochas [Leasú 360]

0 %

0 %

003

Infheistíocht i sócmhainní seasta i lárionaid taighde poiblí agus in ardoideachas phoiblí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0 %

0 %

004

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (lárionaid taighde príobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nó atá nasctha le hiomaíochas [Leasú 361]

0 %

0 %

005

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (lárionaid taighde príobháideacha san áireamh) a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta nó atá nasctha le hiomaíochas [Leasú 362]

0 %

0 %

006

Infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe i lárionaid taighde phoiblí agus in ardoideachas poiblí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta

0 %

0 %

007

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i micrifhiontair, líonrú san áireamh (taighde thionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta)

0 %

0 %

008

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, líonrú san áireamh

0 %

0 %

009

Gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta i lárionaid taighde phoiblí, san ardoideachas poiblí agus i lárionaid inniúlachta phoiblí, líonrú san áireamh (taighde thionsclaíoch, forbairt thurgnamhach, staidéir indéantachta)

0 %

0 %

010

FBManna digitithe (lena n‑áirítear ríomhthráchtáil, ríomhghnó agus próisis ghnó líonraithe, mol nuálaíochta digití, saotharlanna bheo, fiontraithe gréasáin agus gnólachtaí nuathionscanta TFC, gnólacht le gnólacht)

0 %

0 %

011

Réitigh TFC, ríomhsheirbhísí, feidhmchláir rialtais

0 %

0 %

012

Seirbhísí agus feidhmchláir ríomhaireachta le haghaidh scileanna digiteach agus cuimsiú digiteach

0 %

0 %

013

Ríomhsheirbhísí sláinte agus feidhmchláir sláinte (lena n‑áirítear ríomh-Chúram, Idirlíon na Rudaí Nithiúla le haghaidh gníomhaíocht fhisiciúil agus maireachtáil chuidithe chomhthimpeallach)

0 %

0 %

014

Bonneagar gnó le haghaidh FBManna (lena n‑áirítear páirceanna agus láithreáin thionsclaíocha)

0 %

0 %

015

Forbairt gnó agus idirnáisiúnta FBManna

0 %

0 %

016

Scileanna a fhorbairt don speisialú cliste, don trasdul tionsclaíoch agus don fhiontraíocht

0 %

0 %

017

Ardseirbhísí tacaíochta le haghaidh FBManna agus grúpaí FBManna (lena n‑áirítear seirbhísí bainistíochta, margaíochta agus dearaidh)

0 %

0 %

018

Goradh, tacaíocht do sheach-chuideachtaí agus mac-chuideachtaí agus gnólachtaí nua-thionscanta

0 %

0 %

019

Tacaíocht do bhraislí nuálaíochta agus líonraí gnó a théann chun leasa FBManna go príomha

0 %

0 %

020

Próisis nuálaíochta i FBManna (nuálaíocht próiseas, eagraíochtúil, margaíochta, chomhchruthaithe, úsáideoirí agus bunaithe ar éileamh)

0 %

0 %

021

Aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair, lárionaid taighde agus an earnáil ardoideachais

0 %

0 %

022

Próisis taighde agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair a bhíonn ag díriú ar an ngeilleagar ísealcharbóin, buanseasmhacht agus oiriúnú don athrú aeráide

100 %

40 %

023

Próisis taighde agus nuálaíochta, aistriú teicneolaíochta agus comhar idir fiontair a bhíonn ag díriú ar an ngeilleagar ísealcharbóin

40 %

100 %

Cuspóir beartais 2: Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t‑oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn

024

Éifeachtúlacht fuinnimh agus tionscadail taispeána in FBManna agus bearta tacaíochta

100 %

40 %

025

Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil ar an stoc tithíochta atá ann cheana, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta

100 %

40 %

026

Athchóiriú fuinneamh-éifeachtúil ar bhonneagar poiblí, tionscadail taispeána agus bearta tacaíochta

100 %

40 %

027

Tacaíocht d’fhiontair a sholáthraíonn seirbhísí a chuidíonn leis an ngeilleagar ísealcharbóin agus leis athléimneacht i gcoinne athrú na haeráide

100 %

40 %

028

Fuinneamh in-athnuaite: gaoth

100 %

40 %

029

Fuinneamh in-athnuaite: gréine

100 %

40 %

030

Fuinneamh in-athnuaite: bithmhais

100 %

40 %

031

Fuinneamh in-athnuaite: muirí

100 %

40 %

032

Fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite eile (fuinneamh geoiteirmeach san áireamh)

100 %

40 %

033

Córais um Dháileadh Cliste Fuinnimh ag meánleibhéal agus leibhéal íseal voltais (eangaí cliste agus córais TFC chliste san áireamh) agus stóráil ghaolmhar

100 %

40 %

034

Comhghiniúint ardéifeachtachta, téamh ceantair agus fuarú ceantair

100 %

40 %

035

Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: tuillte agus sciorrthaí talún (ardú feasachta, córais agus bonneagair cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí san áireamh) [Leasú 363]

100 %

100 %

036

Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: dóiteáin (ardú feasachta, córais agus bonneagair cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí san áireamh)

100 %

100 %

037

Bearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid a chosc agus a bhainistiú: eile, m.sh. stoirmeacha agus triomach (ardú feasachta, córais agus bonneagair cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí san áireamh)

100 %

100 %

038

Rioscaí a chosc agus a bhainistiú i ndáil le rioscaí nádúrtha nach mbaineann leis an aeráid (i.e. creathanna talún) agus rioscaí atá nasctha le gníomhaíochtaí an duine (e.g. tubaistí teicneolaíocha), ardú feasachta, córais agus bonneagair cosanta sibhialta agus bainistithe tubaistí san áireamh

0 %

100 %

039

Soláthar uisce lena chaitheamh ag an duine (bonneagar eastósctha, cóireála, stórála agus dáilte, bearta éifeachtúlachta, soláthar uisce óil)

0 %

100 %

040

Bainistiú uisce agus caomhnú acmhainní uisce (bainistiú abhantracha, bearta sonracha don oiriúnú don athrú aeráide, athúsáid, laghdú ar sceitheadh san áireamh)

40 %

100 %

041

Bailiú agus cóireáil dramhuisce

0 %

100 %

042

Bainistiú dramhaíola tí: bearta don chosc, íoslaghdú, sórtáil, athchúrsáil

0 %

100 %

043

Bainistiú dramhaíola tí: cóireáil bhitheolaíoch mheicniúil, cóireáil theirmeach

0 %

100 % [Leasú 364]

044

Bainistiú dramhaíola tráchtála, tionsclaíche nó guaisí

0 %

100 %

045

Úsáid ábhair athchúrsáilte mar amhábhair a chur chun cinn

0 %

100 %

046

Athshlánú ar láithreáin thionsclaíocha agus ar shuíomhanna fabhtaithe

0 %

100 %

047

Tacaíocht le haghaidh próisis táirgeachta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus éifeachtúlacht acmhainní in FBManna

40 %

40 %

048

Bearta cháilíocht an aeir agus laghdaithe torainn

40 %

100 %

049

Cosaint, athchóiriú agus úsáid inbhuanaithe láithreáin Natura 2000

40 %

100 %

050

Cosaint an dúlra agus na bithéagsúlachta, bonneagar glas

40 %

100 %

Cuspóir beartais 3: Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú

051

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (an líonra cnámh droma/aisiompair)

0 %

0 %

052

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh áitribh ilteaghaisí)

0 %

0 %

053

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an pointe dáileacháin le haghaidh tithe agus áitribh ghnó)

0 %

0 %

054

TFC: An líonra leathanbhanda an-ardtoillte (rochtain/lúb logánta a bhfuil feidhmíocht aige atá comhionann le suiteáil snáithín optúil go dtí an stáisiún bunáite le haghaidh cumarsáid gan sreang ardleibhéil)

0 %

0 %

055

TFC: Bonneagar TFC de chineálacha eile (acmhainní/trealamh mórscála ríomhaireachta , áiseanna taighde ríomh-bhonneagair, lárionaid taighde, braiteoirí agus trealamh gan sreang eile san áireamh

0 %

0 %

056

Mótarbhealaí, droichid agus bóithre nuathógtha - croíghréasán TEN-T [Leasú 365]

0 %

0 %

057

Mótarbhealaí, droichid agus bóithre nuathógtha - gréasán cuimsitheach TEN-T [Leasú 366]

0 %

0 %

058

Bóithre tánaisteacha nuathógtha a nascann le gréasán bóithre agus nóid TEN-T

0 %

0 %

059

Bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus rochtana áitiúla nuathógtha eile

0 %

0 %

060

Mótarbhealaí, droichid agus bóithre atógtha nó feabhsaithe - croíghréasán TEN-T [Leasú 367]

0 %

0 %

061

Mótarbhealaí, droichid agus bóithre atógtha nó fheabhsaithe - gréasán cuimsitheach TEN-T [Leasú 368]

0 %

0 %

062

Bóithre atógtha nó feabhsaithe eile (mótarbhealaí, bóithre náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla)

0 %

0 %

063

Iompar a dhigitiú: bóithre

40 %

0 %

064

Iarnróid nuathógtha - croíghréasán TEN-T

100 %

40 %

065

Iarnróid nuathógtha - gréasán cuimsitheach TEN-T

100 %

40 %

066

Iarnróid nuathógtha eile

100 %

40 %

067

Iarnróid atógtha nó fheabhsaithe - croíghréasán TEN-T

0 %

40 %

068

Iarnróid atógtha nó fheabhsaithe - gréasán cuimsitheach TEN-T

0 %

40 %

069

Iarnróid atógtha nó fheabhsaithe eile

0 %

40 %

070

Iompar a dhigitiú: iarnród

40 %

0 %

071

An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS)

0 %

40 %

072

Sócmhainní soghluaiste iarnróid

40 %

40 %

073

Bonneagar don iompar uirbeach glan

100 %

40 %

074

Rothstoc don iompar uirbeach glan

100 %

40 %

075

Bonneagar rothaíochta

100 %

100 %

076

Iompar uirbeach a dhigitiú

40 %

0 %

077

Bonneagar breoslaí ionadúla

100 %

40 %

078

Iompar ilmhódach (TEN-T)

40 %

40 %

079

Iompar ilmhódach (neamh-uirbeach)

40 %

40 %

080

Calafoirt (TEN-T)

40 %

0 %

081

Calafoirt eile

40 %

0 %

082

Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (TEN-T)

40 %

0 %

083

Uiscebhealaí intíre agus calafoirt (réigiúnacha agus áitiúla)

40 %

0 %

084

Iompar a dhigitiú: móid iompair eile

40 %

0 %

Cuspóir beartais 4: Eoraip níos sóisialta trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme

085

Bonneagar d'oideachas agus cúram na luathóige

0 %

0 %

086

Bonneagar don oideachas bunscoile agus meánscoile

0 %

0 %

087

Bonneagar don oideachas treasach

0 %

0 %

088

Bonneagar don ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus don oideachas aosach

0 %

0 %

089

Bonneagar tithíochta le haghaidh imirceach, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

0 %

0 %

090

Bonneagar tithíochta (seachas le haghaidh imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu)

0 %

0 %

091

Bonneagar sóisialta eile a chuidíonn le cuimsiú sóisialta sa phobal

0 %

0 %

092

Bonneagar sláinte

0 %

0 %

093

Trealamh sláinte

0 %

0 %

094

Sócmhainní soghluaiste sláinte

0 %

0 %

095

Digitiú sa chúram sláinte

0 %

0 %

096

Bonneagar fáiltithe sealadach le haghaidh imircigh, dídeanaithe agus daoine atá faoi chosaint idirnáisiúnta nó a bhfuil iarratas uirthi á cur isteach acu

0 %

0 %

097

Bearta chun an rochtain ar fhostaíocht a fheabhsú

0 %

0 %

098

Bearta chun rochtain ar fhostaíocht daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach a chur chun cinn

0 %

0 %

099

Tacaíocht shonrach don fhostaíocht don aos óg agus do lánpháirtiú socheacnamaíoch daoine óga

0 %

0 %

100

Tacaíocht don fhéinfhostaíocht agus chun gnó a chur ar bun

0 %

0 %

101

Tacaíocht don gheilleagar sóisialta agus d'fhiontair shóisialta

0 %

0 %

102

Bearta chun institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú agus a neartú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus a dhéanamh amach roimh ré agus chun cúnamh tráthúil agus saincheaptha a áirithiú

0 %

0 %

103

Tacaíocht do chomhoiriúnú i margadh an tsaothair agus d’aistrithe

0 %

0 %

104

Tacaíocht do shoghluaisteacht an lucht saothair

0 %

0 %

105

Tacaíocht chun rannpháirtíocht sna mban a mhargadh saothair a chur chun cinn agus idirdheighilt inscnebhunaithe a laghdú sa mhargadh saothair

0 %

0 %

106

Bearta chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn, lena n‑áirítear rochtain ar chúram leanaí agus cúraim do chleithiúnaithe

0 %

0 %

107

Bearta le haghaidh timpeallacht oibre shláintiúil atá dea-oiriúnaithe ina dtugtar aghaidh ar rioscaí sláinte, lena n‑áirítear an ghníomhaíocht fhisiciúil a chur chun cinn

0 %

0 %

108

Tacaíocht chun scileanna digiteacha a fhorbairt

0 %

0 %

109

Tacaíocht d’inoiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d'athrú

0 %

0 %

110

Bearta chun aosú gníomh agus aosú folláin a spreagadh

0 %

0 %

111

Tacaíocht d’oideachas agus cúram na luathóige (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

112

Tacaíocht don oideachas bunscoile go meánscoile (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

113

Tacaíocht don oideachas treasach (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

114

Tacaíocht don oideachas aosach (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

115

Bearta chun comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí a chur chun cinn

0 %

0 %

116

Conairí chuig an lánpháirtiú agus athiontráil san fhostaíocht le haghaidh daoine faoi mhíbhuntáiste

0 %

0 %

117

Bearta chun rochtain daoine imeallaithe amhail na Romaigh ar oideachas agus ar fhostaíocht a fheabhsú agus chun a gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn

0 %

0 %

118

Tacaíocht don tsochaí shibhialta a bhíonn ag obair le pobal imeallaithe amhail na Romaigh

0 %

0 %

119

Bearta sonracha chun rannpháirtíocht náisiúnach tríú tír san fhostaíocht a mhéadú

0 %

0 %

120

Bearta le haghaidh lánpháirtiú sóisialta náisiúnach tríú tíortha

0 %

0 %

121

Bearta chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne

0 %

0 %

122

Bearta chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí cúraim teaghlaigh agus seirbhísí cúraim pobalbhunaithe

0 %

0 %

123

Bearta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

124

Bearta chun feabhas a chur le rochtain ar chúram fadtéarmach (gan bonneagar san áireamh)

0 %

0 %

125

Bearta chun córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n‑áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn

0 %

0 %

126

lánpháirtiú sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh

0 %

0 %

127

Dul i ngleic leis an díth ábhartha trí chúnamh bia agus/nó ábhartha do na daoine is díothaí, bearta tionlacain san áireamh

0 %

0 %

Cuspóir beartais 5: Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta a chothú agus tionscnaimh áitiúla(51)

128

Sócmhainní turasóireachta poiblí agus seirbhísí turasóireachta gaolmhara a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn [Leasú 369]

0 %

0 %

129

An oidhreacht chultúrtha agus seirbhísí cultúrtha a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn

0 %

0 %

130

An oidhreacht nádúrtha agus an éiceathurasóireacht, seachas láithreáin Natura 2000 a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn [Leasú 370]

0 %

100 %

131

Athghiniúint fhisiciúil agus slándáil fhisiciúil spásanna poiblí

0 %

0 %

Cóid eile a bhaineann le cuspóirí beartais 1-5

132

Feabhas a chur ar acmhainneacht údaráis agus comhlachtaí an chláir atá nasctha le cur chun feidhme na gCistí

0 %

0 %

133

Comhar le comhpháirtithe a fheabhsú laistigh agus lasmuigh den Bhallstát

0 %

0 %

134

Trasmhaoiniú faoi CFRE (tacaíocht do gníomhaíochtaí de chineál CSE atá riachtanach chun an chuid CFRE den oibríocht, agus atá nasctha go díreach léi, a chur chun feidhme)

0 %

0 %

135

Feabhas a chur ar acmhainneacht institiúid údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara tionscadail agus tionscnaimh comhair críochaigh a chur chun feidhme i gcomhthéacs trasteorann, trasnáisiúnta, muirí agus idir-réigiúnach

0 %

0 %

136

Na réigiúin is forimeallaí: cúiteamh ar aon chostais bhreise de bharr easpa inrochtaineachta agus ilroinnt chríochach

0 %

0 %

137

Na réigiúin is forimeallaí: gníomhaíocht shonrach le cúiteamh a thabhairt ar chostais bhreise i ngeall ar fhachtóirí mhéid an mhargaidh

0 %

0 %

138

Na réigiúin is forimeallaí: tacaíocht chun costais bhreise i ngeall ar dhálaí aeráide agus deacrachtaí ó thaobh éagsúlachtaí san airde

40 %

40 %

139

Na réigiúin is forimeallaí: aerfoirt

0 %

0 %

Cúnamh teicniúil

140

Faisnéis agus cumarsáid

0 %

0 %

141

Ullmhú, cur chun feidhme, faireachán agus rialú

0 %

0 %

142

Meastóireacht agus staidéir, bailiú sonraí

0 %

0 %

143

Atreisiú ar acmhainneacht údaráis, tairbhithe agus comhpháirtithe ábhartha na mBallstát

0 %

0 %

TÁBLA 2: CÓID DO GHNÉ AN CHINEÁIL MAOINITHE

AN CINEÁL MAOINITHE

01

Deontas

02

Tacaíocht ó ionstraimí airgeadais: caipiteal cothromais nó cuasachothromais

03

Tacaíocht ó ionstraimí airgeadais: iasacht

04

Tacaíocht ó ionstraimí airgeadais: ráthaíocht

05

Tacaíocht ó ionstraimí airgeadais: tacaíocht choimhdeach

06

Duais

TÁBLA 3: CÓID DO DHIMINSEAN AN tSÁSRA SOLÁTHAIR CHRÍOCHAIGH AGUS NA BÉIME CRÍOCHAÍ

AN SÁSRA SOLÁTHAIR CHRÍOCHAIGH AGUS AN BHÉIM CHRÍOCHACH

Infheistíocht chríochach chomhtháite (ICC)

Infheistíocht chríochach chomhtháite dírithe ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe

11

Comharsanachtaí uirbeacha

x

12

Cathracha, bailte, bruachbhailte agus ceantair thuaithe nasctha [Leasú 371]

x

13

Ceantair uirbeacha fheidhmiúla

x

14

Ceantair shléibhe

 

15

Oileáin agus ceantair chósta

 

16

Ceantair thuaithe agus ceantair inar tearc an daonra [Leasú 372]

 

17

Críocha de chineálacha eile a dhírítear orthu

 

Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail

Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail dírithe ar fhorbairt uirbeach inbhuanaithe

21

Comharsanachtaí uirbeacha

x

22

Cathracha, bailte agus, bruachbhailte Ceantair thuaithe agus ceantair inar tearc an daonra [Leasú 373]

x

23

Ceantair uirbeacha fheidhmiúla

x

24

Ceantair shléibhe

 

25

Oileáin agus ceantair chósta

 

26

Ceantair thuaithe agus ceantair inar tearc an daonra [Leasú 374]

 

27

Críocha de chineálacha eile a dhírítear orthu

 

Uirlis chríochach de chineál eile faoi Chuspóir Beartais 5

Uirlis chríochach de chineál eile atá dírithe ar fhorbairt inbhuanaithe uirbeach

31

Comharsanachtaí uirbeacha

x

32

Cathracha, bailte agus, bruachbhailte agus ceantair thuaithe nasctha [Leasú 375]

x

33

Ceantair uirbeacha fheidhmiúla

x

34

Ceantair shléibhe

 

35

Oileáin agus ceantair chósta

 

36

Ceantair thuaithe agus ceantair inar tearc an daonra [Leasú 376]

 

37

Críocha de chineálacha eile a dhírítear orthu

 

Cineálacha eile cur chuige(52)

41

Comharsanachtaí uirbeacha

42

Cathracha, bailte agus bruachbhailte

43

Ceantair uirbeacha fheidhmiúla

44

Ceantair shléibhe

45

Oileáin agus ceantair chósta

46

Ceantair inar tearc an daonra

47

Críocha de chineálacha eile a dhírítear orthu

48

Gan spriocdhíriú críochach

TÁBLA 4: CÓID DO DHIMINSEAN NA GNÍOMHAÍOCHTA EACNAMAÍCHE

GNÍOMHAÍOCHT EACNAMAÍOCH

01

Talmhaíocht agus foraoiseacht

02

Iascach

03

Dobharshaothrú

04

Earnálacha eile den gheilleagar gorm

05

Monarú táirgí bia agus deochanna

06

Monarú teicstílí agus táirgí teicstílí

07

Monarú trealaimh iompair

08

Monarú táirgí ríomhaireachta, leictreonacha agus optúla

09

Tionscail mhonaraithe neamhshonraithe eile

10

Tógáil

11

Mianadóireacht agus cairéalacht

12

Leictreachas, gás, gal, uisce te agus aerchóiriú

13

Soláthar uisce, séarachas, bainistiú dramhaíola agus gníomhaíochtaí feabhsúcháin

14

Iompar agus stóráil

15

Gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear teileachumarsáid

16

Trádáil mhórdhíola agus mhiondíola

17

Turasóireacht, gníomhaíochtaí seirbhísí cóiríochta agus bia [Leasú 377]

18

Gníomhaíochtaí airgeadais agus árachais

19

Gníomhaíochtaí seirbhísí eastáit réadaigh, ligean ar cíos, agus gnó

20

Riarachán poiblí

21

Oideachas

22

Gníomhaíochtaí sláinte daonna

23

Gníomhaíochtaí seirbhísí oibre sóisialta, pobail, sóisialta agus pearsanta

24

Gníomhaíochtaí atá bainteach leis an gcomhshaol

25

Ealaíona, siamsaíocht, tionscail na cruthaitheachta agus áineas

26

Seirbhísí neamhshonraithe eile

TÁBLA 5: CÓID DO DIMINSEAN AN tSUÍMH

SUÍOMH

Cód

Suíomh

 

Cód réigiúin nó limistéar ina bhfuil an oibríocht lonnaithe/á déanamh, mar atá leagtha amach in aicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(53), arna leasú go deireanach le Rialachán (AE) Uimh. 868/2014 ón gCoimisiún

TÁBLA 6: CÓID DO THÉAMAÍ TÁNAISTEACHA CSE

TÉAMA TÁNAISTEACH CSE

Comhéifeacht chun an tacaíocht do chuspóirí an athraithe aeráide a ríomh

01

Rannchuidiú le scileanna agus poist ghlasa agus leis an ngeilleagar glas

100 %

02

Scileanna agus poist dhigiteacha a fhorbairt

0 %

03

Infheistiú sa taighde agus nuálaíochta agus sa speisialú cliste

0 %

04

Infheistiú i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a fheabhsú

0 %

05

Neamh-idirdhealú

0 %

06

Comhionannas inscne

0 %

07

Fothú acmhainní na gcomhpháirtithe sóisialta

0 %

08

Fothú acmhainní eagraíochtaí na sochaí sibhialta

0 %

09

Neamhbhainteach

0 %

TÁBLA 7: CÓID DO STRAITÉISÍ NA MACRAIRÉIGIÚN AGUS NA nIMCHUACHA FARRAIGE

STRAITÉISÍ NA MACRAIRÉIGIÚN AGUS NA nIMCHUACHA FARRAIGE

11

An Straitéis don Réigiún Aidriadach agus Iónach

12

An Straitéis don Réigiún Alpach

13

An Straitéis do Réigiún Mhuir Bhailt

14

An Straitéis do Réigiún na Danóibe

21

An tAigéan Artach

22

An Straitéis Atlantach

23

An Mhuir Dhubh

24

An Mheánmhuir

25

An Mhuir Thuaidh

26

An Straitéis do Réigiún na Meánmhara Thiar

30

Gan aon rannchuidiú le straitéisí macrairéigiúnacha ná imchuacha farraige

IARSCRÍBHINN II

An teimpléad don Chomhaontú Comhpháirtíochta - Airteagal 7(4)

CCI

[15 charachtar]

Teideal

[255]

Leagan

 

An chéad bhliain

[4]

An bhliain dheireanach

[4]

Uimhir chinneadh an Choimisiúin

 

Dáta chinneadh an Choimisiúin

 

1.  Roghnú na gcuspóirí beartais

Tagairt: Airteagal 8(a), CFR (Rialachán na bhForálacha Coiteanna), Airteagal 3 de Rialacháin CTIL, CSI, IBTV

Tábla 1: Roghnú an chuspóir beartais, le réasúnú

Cuspóir beartais roghnaithe

Clár

Ciste

An réasúnú chun an cuspóir beartais a roghnú

 

 

 

[3 500 do gach CB]

2.  Roghanna beartais, comhordú agus comhlántacht

Tagairt: Airteagal 8(b)(i)-(iii), RFC

Réimse téacs [60 000]

3.  Ranníocaíocht leis an ráthaíocht bhuiséadach faoi InvestEU maille le réasúnú

Tagairt: Airteagal 8(e), RFC Airteagal 10(a), RFC;

Tábla 2: Aistriú chuig InvestEU

 

Catagóir réigiún*

Ionú 1

Ionú 2

Ionú 3

Ionú 4

Ionú 5

Méid

 

 

(a)

(b)

(c)

(d)

(e)

(f)=(a)+(b)+(c)+(d)+(e))

CFRE

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

CSE+

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

CC

 

 

 

 

 

 

 

CEMI

 

 

 

 

 

 

 

CTIL

 

 

 

 

 

 

 

CSI

 

 

 

 

 

 

 

IBTV

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

Réimse téacs [3 500] (réasúnú)

4.  Aistriú idir catagóirí réigiúin maille le réasúnú

Tagairt: Airteagal 8(d), Airteagal 105, RFC;

Tábla 3. Aistriú idir catagóirí réigiúin

Catagóir réigiúin

Leithdháileadh de réir catagóire réigiúin*

Aistriú chuig:

Méid an aistrithe

Sciar den leithdháileadh tosaigh a aistríodh

Leithdháileadh de réir catagóire réigiúin i ndiaidh an aistrithe

(a)

(b)

(c)

(d)

(g)=(d)/(b)

(h)=(b)-(d)

Beagforbartha

 

Níos forbartha

 

 

 

Trasdul

 

 

 

Níos forbartha

 

Beagforbartha

 

 

 

Trasdul

 

Beagforbartha

 

 

 

* An leithdháileadh tosaigh de réir catagóire réigiúin mar a cuireadh in iúl é don Choimisiún tar éis aistrithe dá dtagraítear i dtábla 2 go tábla 4, is infheidhme maidir le CFRE agus CSE+ amháin.

Réimse téacs [3 500] (réasúnú)

5.  An réamh-leithdháileadh airgeadais de réir cuspóir beartais

Tagairt: Airteagal 8(c), RFC;

Tábla 4: An réamh-leithdháileadh airgeadais ó CFRE, CC, CSE+, CEMI de réir cuspóir beartais

Cuspóirí beartais

CFRE

An Ciste Comhtháthaithe

CSE+

CEMI

Iomlán

Cuspóir beartais 1

 

 

 

 

 

Cuspóir beartais 2

 

 

 

 

 

Cuspóir beartais 3

 

 

 

 

 

Cuspóir beartais 4

 

 

 

 

 

Cuspóir beartais 5

 

 

 

 

 

Cúnamh teicniúil

 

 

 

 

 

Leithdháileadh do 2026-2027

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

*Cuspóir beartais i gcomhréir le hAirteagal 4(1), RFC I gcás CFRE, CC agus CSE+, do na blianta 2021-2025; i gcás CEMI, do 2021-2027.

Réimse téacs [3 500] (réasúnú)

Tábla 5: An réamh-leithdháileadh airgeadais ó CTIL, CSI agus IBTV de réir cuspóir beartais

Cuspóir beartais

Leithdháileadh

Cuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3 de [Rialachán CTIL]

 

Cuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3 de [Rialachán CSI]

 

Cuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 3 de [Rialachán IBTV]

 

Cúnamh teicniúil

 

Iomlán

 

* Cuspóirí beartais de réir rialacháin chiste-shonracha do CEMI, CTIL, CSI agus IBTV; leithdháileadh do na blianta 2021-2027

6.  Liosta na gclár

Tagairt: Airteagal 8(f), RFC; Airteagal 104

Tábla 6. Liosta na gclár a bhfuil réamh-leithdháiltí airgeadais acu*

Teideal [255]

Ciste

Catagóir réigiún

Ranníocaíocht AE

Ranníocaíocht náisiúnta**

Iomlán

Clár 1

CFRE

Níos forbartha

 

 

 

Trasdul

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

Clár 1

CC

 

 

 

 

Clár 1

CSE+

Níos forbartha

 

 

 

Trasdul

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

Iomlán

CFRE, CC, CSE+

 

 

 

 

Clár 2

CEMI

 

 

 

 

Clár 3

CTIL

 

 

 

 

Clár 4

CSI

 

 

 

 

Clár 5

IBTV

 

 

 

 

Iomlán

Gach ciste

 

 

 

 

*Cuspóir beartais i gcomhréir le hAirteagal 4(1), RFC I gcás CFRE, CC agus CSE+, do na blianta 2021-2025; i gcás CEMI, do 2021-2027.

**I gcomhréir le hAirteagal 106(2) maidir le rátaí cómhaoinithe a chinneadh.

Tagairt: Airteagal 8, RFC

Tábla 7: Liosta na gclár Interreg

Clár 1

Teideal 1 [255]

Clár 2

Teideal 1 [255]

7.  Achoimre ar na bearta atá le déanamh chun an acmhainneacht riaracháin a atreisiú

Tagairt: Airteagal 8(g), RFC

Réimse téacs [4 500]

IARSCRÍBHINN III

Coinníollacha cumasaithe cothrománacha – Airteagal 11(1)

Infheidhme i leith gach cuspóir sonrach

Ainm an gcoinníollacha cumasaithe

Critéir don chomhlíonadh

Sásraí faireacháin éifeachtacha ar an margadh soláthair phoiblí

Tá sásraí faireacháin i bhfeidhm a chumhdaíonn gach nós imeachta faoin reachtaíocht soláthair náisiúnta, agus cumhdaíonn siad:

1.  Socruithe chun a áirithiú go dtiomsófar sonraí agus táscairí éifeachtacha iontaofa uileghabhálacha laistigh d’aon chóras ríomhaireachta amháin nó laistigh de líonra de chórais idir-inoibritheacha, d’fhonn “prionsabal na haonuaire” a chur chun feidhme agus oibleagáidí tuairiscithe, faoi Airteagal 83(3) de Threoir 2014/24/AE, i gcomhréir leis na ceanglais um ríomhsholáthar, agus faoi Airteagal 84 de Threoir 2014/24/AE chomh maith, a éascú. Cumhdaíonn na sonraí agus na táscairí na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

a.  Cáilíocht agus déine na hiomaíochta: ainmneacha na tairgeoirí buaiteacha maidir le na tairgeoirí tosaigh, líon na dtairgeoirí tosaigh, líon na dtairgeoirí a roghnaíodh, an praghas conarthach – i gcoinne an leithdháilte bhuiséadaigh tosaigh agus, aon uair is féidir, trí chláir chonarthacha, an praghas deiridh nuair atá an próiseas críochnaithe.

b.  Rannpháirtíocht FBManna mar thairgeoirí díreacha;

c.  Achomhairc a tionscnaíodh i gcoinne chinntí na n‑údarás conarthach, lena n‑áirítear ar a laghad líon na n‑achomharc, an méid ama a bhí ag teastáil chun cinneadh céadchéime a dhéanamh, agus líon na gcinntí a cuireadh ar aghaidh chuig an dara céim;

d.  Liosta de gach conradh arna dhámhachtain de bhun rialacha maidir le heisiamh ó na rialacha soláthair phoiblí, agus an tsainfhoráil a úsáideadh luaite.

2.  Socruithe chun acmhainneacht leordhóthanach a áirithiú chun go ndéanfadh náisiúnta inniúla náisiúnta faireachán agus anailísiú ar na sonraí.

3.  Socruithe chun na sonraí agus táscairí, maille le toradh na hanailíse, a chur ar fáil go poiblí trí shonraí oscailte atá éasca don úsáideoir.

4.  Socruithe chun a áirithiú go ndéanfar gach faisnéis a thabharfadh cásanna de rigeáil tairiscintí amhrasach le fios a chur in iúil do na comhlachtaí iomaíochta náisiúnta inniúla go córasach.

Uirlisí agus acmhainneacht chun rialacha maidir leis an státchabhair a chur i bhfeidhm go héifeachtach

Tá na huirlisí agus an acmhainneacht an na húdaráis bainistíochta chun comhlíonadh na rialacha maidir le státchabhair a fhíorú trí:

1.  Rochtain éasca chuimsitheach ar fhaisnéis arna nuashonrú an t‑am ar fad maidir le gnóthais atá i dtrioblóid agus faoi cheanglas um ghnóthú.

2.  Rochtain ar shainchomhairle agus ar shainthreoracha maidir le cúrsaí státchabhrach, arna soláthar ag lárionad saineolaithe áitiúil nó náisiúnta, á chomhordú ag na húdaráis náisiúnta státchabhrach, le socruithe oibre chun a áirithiú go ndéanfar comhairliúchán éifeachtach le páirtithe leasmhara chun an saineolas a bhailiú.

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme go héifeachtach

Tá sásraí éifeachtacha i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á chomhlíonadh, a chuimsíonn:

1.  Socruithe chun fíorú go bhfuil na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a áirithiú.

2.  Socruithe a thuairisciú don choiste faireacháin maidir leis na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a bheith i gcomhréir leis an gCairt

Cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm éifeachtach Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta daoine atá faoi mhíchumas (UNCRPD) i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle

Tá creat náisiúnta i bhfeidhm chun UNCRPD a chur chun feidhme a chuimsíonn:

1.  Cuspóirí a bhfuil spriocanna intomhaiste ag gabháil leo, bailiú sonraí agus sásra faireacháin, is infheidhme ar fud na gcuspóirí beartais go léir.

2.  Socruithe chun a áirithiú go dtugtar léiriú ceart ar an mbeartas inrochtaineachta, an reachtaíocht agus na caighdeáin agus na cláir á n-ullmhú agus á gcur chun feidhme i gcomhréir le forálacha UNCRPD agus a áirítear i gcritéir roghnúcháin agus oibleagáidí tionscadail.

2a.  Socruithe a thuairisciú don choiste faireacháin maidir le comhlíonadh na n-oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht. [Leasú 378]

Cur chun feidhme phrionsabail agus chearta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a rannchuidíonn le fíorchóineasú agus fíorchomhtháthú san Aontas Eorpach.

Socruithe ar an leibhéal náisiúnta chun a áirithiú go ndéantar cur chun feidhme ceart ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a rannchuidíonn le cóineasú agus comhtháthú aníos in AE, go háirithe na prionsabail sin atá ann chun cosc a chur le hiomaíocht éagórach sa mhargadh inmheánach. [Leasú 379]

Cur i bhfeidhm éifeachtach ar phrionsabal na comhpháirtíochta

Tá creat i bhfeidhm le haghaidh na gcomhpháirtithe go léir chun ról iomlán a ghlacadh in ullmhú, i gcur chun feidhme, i bhfaireachán agus i meastóireacht na gclár, a áiríonn

1.  Socruithe chun nósanna imeachta trédhearacha a áirithiú le haghaidh rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe

2.  Socruithe do scaipeadh agus nochtadh na faisnéise is ábhartha do chomhpháirtithe ionas go mbeidh siad in ann cruinnithe a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh ina leith

3.  Tacaíocht chun cumhacht a thabhairt do chomhpháirtithe agus d’fhothú acmhainneachta ina measc [Leasú 380]

IARSCRÍBHINN IV

Coinníollacha cumasaithe is infheidhme maidir le CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe – Airteagal 11(1)

Cuspóir beartais

Cuspóir sonrach

Ainm an choinníll chumasaithe

Critéar do chomhlíonadh an choinníll chumasaithe

1.  Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn

CFRE:

Gach cuspóir sonrach faoin gcuspóir beartais seo

Dea-rialachas straitéisí náisiúnta nó réigiúnacha um speisialtóireacht chliste

Tacófar le straitéis(í) um speisialtóireacht chliste le:

1.  Anailís chothrom le dáta ar bhaic roimh scaipeadh nuálaíochta, digitiú san áireamh

2.  Institiúid nó comhlacht inniúil réigiúnach/náisiúnta a bheith ann, atá freagrach as an straitéis um speisialtóireacht chliste a bhainistiú

3.  Uirlisí faireacháin agus meastóireachta chun feidhmíocht i dtreo chuspóirí na straitéise a thomhas

4.  Feidhmiú éifeachtach an phróisis fionnachtana fiontraíochta

5.  Gníomhaíochta atá riachtanach chun córais taighde agus nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha a fheabhsú:

6.  Gníomhaíochtaí chun trasdul tionsclaíoch a bhainistiú

7.  Bearta don chomhar idirnáisiúnta

2.  Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an t‑oiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.1  Bearta chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn

Creat um beartas straitéiseach chun tacú le hathchóiriú fuinneamhéifeachtúil ar fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe

1.  Tá straitéis athchóirithe fhadtéarmach náisiúnta chun tacú le hathchóiriú ar an stoc náisiúnta de fhoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe glactha, i gcomhréir le ceanglais Threoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, straitéis:

a.  A bhfuil garspriocanna táscacha le haghaidh 2030, 2040 agus 2050 i gceist leis

b.  A thugann imlíne tháscach de na hacmhainní buiséadacha chun tacú le cur chun feidhme na straitéise

c.  a shainmhíníonn sásraí éifeachtacha chun infheistíochtaí a chur chun cinn san athchóiriú foirgneamh

2.  Bearta feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh chun an caomhnú fuinnimh is gá a bhaint amach

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.1  Bearta chun an éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn

2.2  Fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn trí infheistiú san acmhainneacht ghiniúna

Rialachas ar earnáil an fhuinnimh

Tá an Plean Náisiúnta don Fhuinnimh agus don Aeráid i gcomhréir leis an gcuspóir i gComhaontú Pháras a bhaineann le téamh domhanda a theorannú ag 1.5°C, agus tá siad glactha agus cuimsíonn siad:

1.  Gach eilimint a cheanglaítear faoin teimpléad in Iarscríbhinn I den Rialachán maidir le Rialachas ar an Aontas Fuinnimh(54)

2.  Imlíne tháscach de na hacmhainní maoinithe agus sásraí atá beartaithe do bhearta a chuireann fuinneamh ísealcharbóin chun chinn [Leasú 381]

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.2  Fuinnimh in-athnuaite a chur chun cinn trí infheistiú san acmhainneacht ghiniúna

Cur chun cinn éifeachtach ar úsáide an fhuinnimh in-athnuaite thar earnálacha agus ar fud an Aontais Eorpaigh

Tá bearta i bhfeidhm chun na nithe seo a áirithiú:

1.  An sprioc cheangailteach náisiúnta d’fhoinsí in-athnuaite fuinnimh agus an bonnlíne seo a chomhlíonadh suas go 2030 i gcomhréir leis an athmhúnlú ar Threoir 2009/28/CE(55);

2.  Méadú ar sciar na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh san earnáil téimh agus fuaraithe de 1 pointe céatadáin ina aghaidh na bliana suas go 2030

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.4  Oiriúnú don athrú aeráide agus struchtúrach, cosc ar rioscaí agus teacht aniar ó thubaistí a chur chun cinn [Leasú 382]

Creat éifeachtach bainistithe rioscaí ó thubaistí.

Tá Plean Bainistithe Rioscaí ó Thubaistí náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm, atá ag teacht leis na straitéisí oiriúnaithe don athrú aeráide atá i bhfeidhm cheana féin, agus cuimsítear ann:

1.  Tuairisc ar na príomhrioscaí, arna measúnú i gcomhréir le forálacha Airteagal 6(a) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, a léiríonn bagairtí reatha agus bagairtí fadtéarmacha (25-35 bliana). I dtaca le rioscaí a bhaineann leis an aeráid, tógfaidh an measúnú ar réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide agus cásanna féideartha maidir leis an athrú aeráide

2.  Tuairisc ar na bearta um chosc tubaistí, ullmhacht do thubaistí agus freagartha chun dul i ngleic leis na príomhrioscaí a aithníodh. Tabharfar tosaíocht do na bearta i gcomparáid leis na rioscaí agus leis an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leo, bearnaí ó thaobh acmhainneachta de(56), éifeachtacht agus éifeachtúlacht, agus roghanna malartacha á gcur san áireamh

3.  Faisnéis maidir le hacmhainní agus sásraí buiséadacha agus maoinithe atá ar fáil chun íoc as costas na n‑oibríochtaí agus na costais chothabhála a bhaineann le cosc, ullmhacht agus freagairt

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.5  Éifeachtúlacht uisce a chur chun cinn

Clár oibre nuashonraithe le haghaidh infheistíochtaí is gá in earnáil an uisce agus in earnáil an fhuíolluisce

Tá plean náisiúnta infheistíochta ann agus cuimsíonn sé na nithe seo a leanas:

1.  Measúnú ar an staid reatha ó thaobh cur chun feidhme na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh 91/271/CEE agus na Treorach maidir le hUisce Óil 98/83/CE

2.  Sainaithint agus pleanáil ar aon infheistíochtaí poiblí, lena n‑áirítear meastachán airgeadais táscach

a.  Atá de dhíthe chun comhlíonadh na Treorach maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh a bhaint amach, lena n‑áirítear tosaíochtaí i ndáil le méid na gceirtleán agus an tionchar ar an gcomhshaol, agus miondealú ar na hinfheistíochtaí do gach ceirtleán fuíolluisce

b.  Atá de dhíth chun an Treoir maidir le huisce óil 98/83/CE a chur chun feidhme

c.  Atá de dhíth chun freagairt do na riachtanais a eascraíonn as an athmhúnlú atá beartaithe (COM(2017)0753), go háirithe i ndáil leis na paraiméadair cháilíochta leasaithe a leagtar amach in Iarscríbhinn I

3.  Meastachán ar infheistíochtaí is gá chun athnuachan a dhéanamh ar an mbonneagar fuíolluisce agus soláthair uisce atá ann faoi láthair, na gréasáin san áireamh, bunaithe ar a n‑aois agus ar na pleananna dímheasa

4.  Eolas táscach faoi fhoinsí féideartha don mhaoiniú poiblí, nuair a bhíonn gá leo mar chomhlánú ar mhuirir ar úsáideoirí

 

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.6  (An t‑aistriú chuig) an (n)geilleagar ciorclach a fhorbairt, trí infheistíocht san earnáil dramhaíola agus éifeachtúlacht acmhainní

Clár oibre nuashonraithe don bhainistíocht dramhaíola

Tá plean(anna) bainistíochta dramhaíola i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 28 de Threoir 2008/98/CE arna leasú le Treoir AE 2018/xxxx, a chumhdaíonn críoch iomlán an Bhallstáit, agus na nithe seo a leanas san áireamh ann/iontu:

1.  Anailís ar staid reatha an bhainistithe dramhaíola sa limistéar geografach lena mbaineann, lena n‑áirítear cineál, cáilíocht agus foinse na dramhaíola a ghintear agus meastóireacht ar an bhforbairt orthu sin amach anseo, ag cur san áireamh an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta a leagtar amach sa Chlár/sna Cláir um Chosc ar Dhramhaíl arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 2008/98/CE arna leasú le Treoir AE 2018/xx/AE

2.  Measúnú ar na scéimeanna bailithe dramhaíola atá ann cheana féin, lena n‑áirítear an t‑ábhar agus an clúdach críochach don bhailiúchán deighilte agus bearta chun feidhmiú an bhailiúcháin deighilte sin a fheabhsú, chomh maith leis an ngá atá le scéimeanna nua bailithe

3.  Measúnú ar an mbearna san infheistíocht a fhágann go bhfuil gá le bonneagar dramhaíola breise nó uasghrádaithe, maille le faisnéis faoi na foinsí ioncaim atá ar fáil le híoc as na costais oibríochtúla agus chothabhála

4.  Faisnéis faoi na critéir ó thaobh an tsuímh de chun suíomhanna a shainaithint agus maidir leis an toilleadh a bheidh ag suiteálacha cóireála dramhaíola amach anseo

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

2.6  Bonneagar glas a chur chun cinn sa timpeallacht uirbeach agus truailliú a laghdú

Creat gníomhaíochta tosaíochta do na bearta caomhnaithe riachtanacha a bhfuil cómhaoiniú ón Aontas i gceist leo

Tá creat gníomhaíochta tosaíochta de bhun Airteagal 8 de Threoir 92/43CEE i bhfeidhm agus cuimsíonn sé na nithe seo a leanas:

1.  Gach eilimint a cheanglaítear faoin teimpléad don chreat gníomhaíochta tosaíochta le haghaidh 2021-2027 a chomhaontaigh an Coimisiún agus na Ballstáit lena n-áirítear na bearta tosaíochta agus meastachán ar na riachtanais don mhaoiniú

2.  Sainaithint na mbeart tosaíochta agus meastachán ar na riachtanais don mhaoiniú [Leasú 383]

3.  Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú

CFRE:

3.1  Nascacht dhigiteach a fheabhsú

Plean leathanbhanda náisiúnta nó réigiúnach

Tá plean náisiúnta nó réigiúnach i bhfeidhm ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.  Measúnú ar an mbearna san infheistíocht is gá aghaidh a thabhairt ar chun cuspóirí AE don nascacht ghigighiotáin (57) a bhaint amach, atá bunaithe ar:

o mapáil a rinneadh le déanaí(58) ar an mbonneagar príobháideach agus poiblí atá ann cheana féin agus ar cháilíocht na seirbhíse ag úsáid táscairí caighdeánacha don mhapáil leathanbhanda

o comhairliúchán maidir le hinfheistíochtaí atá beartaithe

2.  An réasúnú don idirghabháil phoiblí atá beartaithe ar bhonn samhlacha infheistíochta inbhuanaithe:

o a fheabhsaíonn inacmhainneacht agus rochtain ar bhonneagar agus seirbhísí atá oscailte, ar ardchaighdeán agus slán i bhfad na haimsire

o a chuir na cineálacha cúnaimh airgeadais in oiriúint do na teipeanna margaidh arna sainaithint

o a fhágann gur féidir úsáid chomhlántach a bhaint as foirmeacha éagsúla maoinithe ó fhoinsí AE, náisiúnta nó réigiúnacha

3.  Bearta chun tacú le héileamh agus úsáid líonraí An-Ardtoillte (VHC), lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun a chur in úsáid a éascú, go háirithe trí chur chun feidhme éifeachtach na Treorach maidir le costas leathanbhanda a laghdú(59)

4.  Sásraí don chúnamh teicniúil, lena n‑áirítear Oifigí Inniúlachta Leathanbhanda chun acmhainneacht na bpáirtithe leasmhara a atreisiú agus chun comhairle a chur ar thionscnóirí tionscnamh

5.  Sásra faireacháin bunaithe ar táscairí caighdeánacha don mhapáil leathanbhanda

CRFE agus an Ciste Comhtháthaithe:

3.2  TEN-T a fhorbairt a bheidh inbhuanaithe, slán sábháilte, cliste, idirmhódúil agus athléimneach i gcoinne athrú na haeráide [Leasú 384]

Pleanáil chuimsitheach iompair ar an leibhéal iomchuí

Tá mapáil ilmhódach ar an mbonneagar atá ann cheana agus atá beartaithe go dtí 2030 i bhfeidhm:

-1a.  Éilíonn sé go ndéanfaí comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a áirithiú, agus, ar bhonn níos leithne, naisc atá in easnamh a chomhlánú agus scrogaill ar ghréasán TEN-T a bhaint, rud a chiallaíonn, sa bhreis air sin, infheistíocht i mbonneagar crua [Leasú 385]

1.  A chuimsíonn údar eacnamaíoch do na hinfheistíochtaí atá beartaithe, agus anailísiú láidir ar an éileamh agus samhaltú tráchta mar thaca leis sin, agus ba cheart an tionchar a mheastar a bheidh ag léirscaoileadh iarnróid oscailt na margaí seirbhísí iarnróid a chur san áireamh iontu [Leasú 386]

2.  A léiríonn na pleananna do cáilíocht an aeir, agus pleananna náisiúnta don dícharbónú straitéisí um astaíochtaí a laghdú don earnáil iompair á gcur san áireamh go háirithe [Leasú 387]

3.  A chuimsíonn infheistíochtaí sna croíchonairí TEN-T, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 1316/2013 iad, i gcomhréir leis na pleananna oibre TEN-T faoi seach chomh maith le codanna réamhshainithe ar an ngréasán cuimsitheach [Leasú 388]

4.  Le haghaidh infheistíochtaí lasmuigh den chroí-ghréasán TEN-T, a áirithíonn comhlántacht trí nascacht idir na gréasáin uirbeacha, na réigiúin agus na pobail áitiúla le croí-ghréasáin TEN-T agus a nóid [Leasú 389]

5.  A áirithíonn idir-inoibritheacht an ghréasáin iarnróid, trí ERTMS atá comhoiriúnach do bonnlíne-3 a chur in úsáid, a chumhdaíonn an Plean Eorpach don Chur in Úsáid ar a laghad

6.  A chuireann an t‑ilmhódachas chun cinn, trí riachtanais a shainaithint don lastas ilmhódach nó trasloingsithe agus do chríochfoirt paisinéirí agus móid ghníomhacha

7.  A chuimsíonn bearta arb é is aidhm dóibh breoslaí ionadúla a chur chun cinn, i gcomhréir le creataí beartais ábhartha náisiúnta

8.  A chuimsíonn measúnú ar rioscaí don tsábháilteacht ar bhóithre i gcomhréir le straitéisí náisiúnta don tsábháilteacht ar bhóithre atá ann cheana féin, maille le mapáil ar na bóithre agus codanna de bhóithre a ndéanfar difear dóibh, maille le hord tosaíochta do na hinfheistíochtaí comhfhreagracha

9.  A thugann faisnéis faoi na hacmhainní buiséadacha agus maoinithe a fhreagraíonn do na hinfheistíochtaí atá beartaithe agus atá ag teastáil chun costais oibríochtúla agus chothabhála na mbonneagar atá ann cheana féin agus atá beartaithe a chumhdach

9a.  Cuireann sé chun cinn tionscnaimh inbhuanaithe réigiúnacha agus trasteorann turasóireachta as a n-eascraíonn réitigh, ar réitigh iad atá chun leasa na dturasóirí agus na n-áitritheoirí araon, amhail idirnascadh a dhéanamh ar ghréasán EuroVelo agus ar ghréasán TRAN d’Iarnróid Eorpacha [Leasú 390]

3.3  Soghluaisteacht a fhorbairt go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil a bheidh inbhuanaithe, slán, cliste, idirmhódúil agus athléimneach i gcoinne athrú na haeráide, a chuimsíonn rochtain fheabhsaithe ar TEN-T agus ar shoghluaisteacht trasteorann

4.  Eoraip níos sóisialta trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme

CFRE:

4.1  feabhas a chur ar éifeachtacht margaí saothair agus ar rochtain ar fhostaíocht ar ardcháilíocht trí bhonneagar a fhorbairt

CSE:

4.1.1  an fhostaíocht a dhéanamh níos inrochtana do gach cuardaitheoir poist, go háirithe do dhaoine óga atá dífhostaithe agus daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, agus do dhaoine neamhghníomhacha, agus an fhéinfhostaíocht agus an geilleagar sóisialta a chur chun cinn;

4.1.2  Institiúidí agus seirbhísí an mhargaidh saothair a nuachóiriú chun riachtanais scileanna a mheasúnú agus iad a dhéanamh amach roimh ré agus chun cúnamh agus tacaíocht thráthúil shaincheaptha a áirithiú don chomhoiriúnú sa mhargadh saothair, d’aistrithe agus do shoghluaisteacht; [Leasú 391]

Creat um beartais straitéiseacha le haghaidh beartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair

Tá creat um beartais straitéiseacha le haghaidh beartais gníomhacha maidir leis an margadh saothair i bhfianaise na dTreoirlínte fostaíochta i bhfeidhm agus na nithe seo a leanas san áireamh ann:

1.  Socruithe chun próifíliú cuardaitheoirí poist agus measúnú ar a riachtanais a dhéanamh, le haghaidh conairí fiontraíochta san áireamh

2.  Eolas maidir le folúntais nua post agus deiseanna fostaíochta agus riachtanais na margaí saothair á gcur san áireamh.

3.  Socruithe lena áirithiú go bhfuil sé á cheapadh agus á chur chun feidhme, agus go ndéantar faireachán agus athbhreithniú air, i ndlúthchomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha

4.  Socruithe chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais ghníomhacha maidir leis an margadh saothair

5.  I gcás idirghabhálacha fostaíochta le haghaidh daoine óga, conairí spriocdhírithe atá bunaithe ar fhianaise le haghaidh daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, bearta for-rochtana san áireamh, agus bunaithe ar cheanglais cháilíochta a chuireann san áireamh critéir le haghaidh printíseachtaí agus socrúcháin oibre ar ardchaighdeán, go háirithe i gcomhthéacs chur chun feidhme na scéimeanna Ráthaíochta don Aos Óg

CFRE:

4.1  feabhas a chur ar éifeachtacht margaí saothair agus ar rochtain ar fhostaíocht ar ardcháilíocht trí bhonneagar a fhorbairt

CSE:

4.1.3  Rannpháirtíocht na mban sa mhargadh saothair, cothromaíocht níos fearr saoil agus oibre agus rochtain ar chúram leanaí san áireamh, timpeallacht oibre shláintiúil dhea-oiriúnaithe ina gcuirtear rioscaí sláinte san áireamh, oiriúnú oibrithe, fiontar agus fiontraithe d’athruithe agus an t-aosú gníomhach folláin a chur chun cinn; [Leasú 392]

Creat straitéiseach náisiúnta don chomhionannas idir fir agus mná

Tá creat náisiúnta um beartais straitéiseacha don chomhionannas idir fir agus mná i bhfeidhm a chuimsíonn na nithe seo a leanas:

1.  Dúshláin roimh chomhionannas idir fir agus mná a shainaithint bunaithe ar fhianaise

2.  Bearta chun dul i ngleic le bearnaí idir na hinscní san fhostaíocht, sa phá, sa tslándáil shóisialta agus sna pinsin, agus cothromaíocht oibre agus saoil a chur chun cinn, lena n-áirítear trí rochtain ar oideachas agus cúram na luath-óige a fheabhsú, maille le spriocanna [Leasú 393]

3.  Socruithe chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat um beartais straitéiseacha agus ar mhodhanna bailithe sonraí

4.  Socruithe lena áirithiú go bhfuil sé á cheapadh agus á chur chun feidhme, agus go ndéantar faireachán agus athbhreithniú air, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta.

CFRE:

4.2  feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí ionchuimsitheacha ar ardchaighdeán san oideachas, san oiliúint, agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil trí fhorbairt an bonneagair;

CSE:

4.2.1.  Feabhas a chur ar chórais oideachais agus oiliúna ó thaobh cáilíochta, cuimsitheachta agus éifeachtachta agus ábharthachta don mhargadh saothair chun tacú le sealbhú na gcroí-inniúlachtaí lena n-áirítear scileanna digiteacha agus chun éascú a dhéanamh ar an aistriú idir oideachas agus obair;

4.2.2.  Deiseanna don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, go háirithe uas-sciliú agus athsciliú solúbtha do chách, agus foghlaim neamhfhoirmiúil agus fhoirmiúil, a chur chun cinn, lena n-áirítear trí aistrithe gairme beatha a éascú agus an tsoghluaisteacht ghairmiúil a chur chun cinn;

4.2.3  Rochtain chomhionann ar oideachas agus oiliúint ardcháilíochta chuimsitheach, agus críochnú oideachais agus oiliúna den saghas sin, a chur chun cinn, go háirithe do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste, ó chéim an oideachais agus an chúraim luath-óige go dtí céim an oideachais ghinearálta agus an ghairmoideachais go dtí céim an oideachais tríú leibhéal agus an oideachais agus na foghlama d’aosaigh, éascú soghluaisteachta foghlama do chách san áireamh; [Leasú 394]

Creat um beartais straitéiseacha don chóras oideachais agus oiliúna ar gach leibhéal.

Tá creat náisiúnta agus/nó réigiúnach um beartais straitéiseacha don chóras oideachais agus oiliúna i bhfeidhm, a chuimsíonn na nithe seo a leanas:

1.  Córais atá bunaithe ar fhianaise chun scileanna a thuar chomh maith le sásraí rianaithe iardain agus seirbhísí chun comhairle ardcháilíochta agus éifeachtach a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí de gach aois lena n-áirítear cineálacha cur chuige atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir [Leasú 395]

2.  Bearta chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ar oideachas agus oiliúint inacmhainne, ábhartha, neamhscartha agus ionchuimsitheach ar ardcháilíocht, go mbeifear rannpháirteach iontu sin agus go ndéanfar iad a chríochnú agus go bhfaighfear bun-inniúlachtaí ar gach leibhéal, an t-oideachas treasach san áireamh [Leasú 396]

3.  Sásra comhordúcháin thar gach leibhéal oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear oideachas treasach agus soláthraithe foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus sannadh soiléir freagrachtaí idir na comhlachtaí ábhartha náisiúnta agus/nó réigiúnacha [Leasú 397]

4.  Socruithe chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat um beartais straitéiseacha

5.  Bearta chun díriú ar dhaoine fásta atá ar bheagán scileanna agus ar bheagán cáilíochtaí agus orthu sin a bhfuil cúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste acu, agus ar chonairí uas-scilithe

6.  Bearta chun tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí, oiliúnóirí agus baill foirne in institiúidí acadúla i ndáil le modhanna foghlama iomchuí agus measúnú agus bailíochtú a dhéanamh ar bhun-inniúlachtaí

7.  Bearta chun soghluaisteacht foghlaimeoirí agus ball foirne, agus comhar trasnáisiúnta soláthraithe oideachais agus oiliúna, a chur chun cinn, lena n‑áirítear trí thorthaí foghlama agus cáilíochtaí a aithint

CFRE:

4.3  lánpháirtiú socheacnamaíoch na bpobal imeallach, na ndídeanaithe agus na n-imirceach atá faoi chosaint idirnáisiúnta, agus na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste a mhéadú, trí bhíthin bearta comhtháite, lena n-áirítear seirbhísí tithíochta agus sóisialta;

CSE: [Leasú 398]

4.3.1.  Cuimsiú gníomhach lena n‑áirítear d'fhonn comhdheiseanna agus rannpháirtíocht ghníomhach a chur chun cinn a chothú agus infhostaitheacht a fheabhsú; [Leasú 399]

4.3.1a.   Imeascadh sóisialta daoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta a chur chun cinn, na daoine is díothaí agus leanaí san áireamh [Leasú 400]

Creat náisiúnta um beartais straitéiseacha don chuimsiú sóisialta agus do laghdú na bochtaineachta

Tá creat náisiúnta agus plean gníomhaíochta um beartais straitéiseacha don chuimsiú sóisialta do laghdú na bochtaineachta i bhfeidhm a chuimsíonn na nithe seo a leanas:

1.  fáthmheas atá bunaithe ar fhianaise ar bhochtaineacht agus ar an eisiamh sóisialta, lena n‑áirítear bochtaineacht leanaí, easpa dídine, idirdheighilt spásúil agus oideachasúil, rochtain theoranta ar sheirbhísí bunriachtanacha agus bonneagar bunriachtanach, agus riachtanais shonracha daoine leochaileacha

2.  Bearta chun idirdheighilt a chosc agus a chomhrac i ngach réimse, lena n-áirítear trí thacaíocht ioncaim leordhóthanach, cosaint shóisialta, margaí saothair uilechuimsitheacha agus rochtain ar sheirbhísí d’ardchaighdeán do dhaoine leordhóthanacha, imircigh agus dídeanaithe san áireamh, a sholáthar.

3.  Bearta don athrú aistriú ó chúram institiúideach go cúram teaghlachbhunaithe agus pobalbhunaithe atá bunaithe ar straitéis náisiúnta dí-institiúidithe agus ar phlean gníomhaíochta

4.  Socruithe lena áirithiú go bhfuil sé á cheapadh agus á chur chun feidhme, agus go ndéantar faireachán agus athbhreithniú air, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta agus le heagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta [Leasú 401]

CSE:

4.3.2.  Imeascadh socheacnamaíoch náisiúnach tríú tíortha agus pobal imeallaithe, amhail na Romaigh, a chur chun cinn; [Leasú 402]

An Straitéis Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach

Tá an Straitéis Náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach i bhfeidhm a chuimsíonn na nithe seo a leanas:

1.  Bearta chun borradh a chur faoi lánpháirtiú na Romach, idirdheighilt a chosc agus fáil réidh le haon idirdheighilt atá ann, agus gné inscne agus staid na Romach óga á gcur san áireamh, agus bonnlíne agus garspriocanna agus spriocanna intomhaiste a shocrú

2.  Socruithe chun faireachán, meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta ar son lánpháirtiú na Romach

3.  Socruithe chun cuimsiú na Romach a phríomhshruthú ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil

4.  Socruithe lena áirithiú go bhfuil sé á cheapadh agus á chur chun feidhme, agus go ndéantar faireachán agus athbhreithniú air, i ndlúthchomhar le sochaí shibhialta na Romach agus le gach páirtí leasmhar ábhartha eile, agus sin ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil freisin

CFRE:

4.4  An bonneagar a fhorbairt le rochtain chothrom ar chúram sláinte a áirithiú, cúram sláinte príomhúil san áireamh

CSE:

4.3.4.  Feabhas a chur ar rochtain chomhionann thráthúil ar sheirbhísí ardcháilíochta, inbhuanaithe agus inacmhainne; córais cosanta sóisialta a nuachóiriú, lena n-áirítear rochtain ar chosaint shóisialta a chur chun cinn; feabhas a chur ar inrochtaineacht, ar éifeachtacht agus ar athléimneacht córas sláinte; rochtain ar sheirbhísí cúraim fhadtéarmaigh a fheabhsú [Leasú 403]

Creat um beartais straitéiseacha don tsláinte.

Tá creat náisiúnta nó réigiúnach um beartais straitéiseacha don tsláinte i bhfeidhm ina bhfuil na nithe seo a leanas:

1.  Riachtanais sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh a mhapáil, i dtéarmaí baill foirne leighis san áireamh, chun bearta inbhuanaithe agus comhordaithe a áirithiú

2.  Bearta chun éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht seirbhísí sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh a áirithiú, lena n‑áirítear béim ar leith ar dhaoine atá fágtha ar lár ó na córais sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh agus ar na daoine arb iad is deacra teacht orthu

3.  Bearta chun seirbhísí pobalbhunaithe a chur chun cinn, lena n‑áirítear cosc agus cúram sláinte príomhúil, cúram baile agus seirbhísí pobalbhunaithe, agus an t-aistriú ó chúram institiúideach go dtí cúram atá teaghlach-bhunaithe agus pobalbhunaithe

3a.   Bearta chun éifeachtúlacht, inbhuanaitheacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht na gcóras cosanta sóisialta a áirithiú [Leasú 404]

IARSCRÍBHINN V

Teimpléad le haghaidh cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis), ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI – Airteagal 16(3)

CCI

 

Teideal i mBéarla

[255 charachtar(60)]

Teideal sa teanga/sna teangacha náisiúnta

[255]

Leagan

 

An chéad bhliain

[4]

An bhliain dheireanach

[4]

Incháilithe ó

 

Incháilithe go dtí

 

Uimhir chinneadh an Choimisiúin

 

Dáta chinneadh an Choimisiúin

 

Uimhir chinneadh leasaitheach an Bhallstáit

 

Dáta theacht i bhfeidhm chinneadh leasaitheach an Bhallstáit

 

Aistriú nach bhfuil suntasach (Airt. 19.5)

Tá/Níl

Réigiúin NUTS arna gcumhdach ag an gclár (neamhbhainteach i gcás CEMI)

 

An Ciste lena mbaineann

[ ] CFRE

[ ] An Ciste Comhtháthaithe

[ ] CSE+

[ ] CEMI

1.  Straitéis an chláir: na príomhdhúshláin forbartha agus na príomhfhreagairtí beartais

Tagairt: Airteagal 17(3)(a)(i)-(vii) agus Airteagal 17(3)(b)

Réimse téacs [30 000]

I gcás sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis:

Tábla 1

Cuspóir beartais

Cuspóir shonrach nó tosaíocht thiomnaithe*

Réasúnú (achoimre)

 

 

[2 000 do gach cuspóir sonrach nó tosaíocht thiomnaithe]

*Tosaíochtaí tiomnaithe i gcomhréir le Rialachán CSE+

I gcás CEMI:

Tábla 1A

Cuspóir beartais

Tosaíocht

Anailís LLDB (do gach tosaíocht)

Réasúnú (achoimre)

 

 

Láidreachtaí

[10 000 in aghaidh na tosaíochta]

[20 000 in aghaidh na tosaíochta]

Laigí

[10 000 in aghaidh na tosaíochta]

Deiseanna

[10 000 in aghaidh na tosaíochta]

Bagairtí

[10 000 in aghaidh na tosaíochta]

Sainaithint riachtanas ar bhonn na hanailíse LLDB agus ag cur san áireamh na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 6(6) de Rialachán CEMI

[10 000 in aghaidh na tosaíochta]

2.  Tosaíochtaí seachas cúnamh teicniúil

Tagairt: Airteagal 17(2) agus Airteagal 17(3)(c)

Tábla 1 T: Struchtúr an chláir*

ID

Teideal [300]

CT

An bunús don ríomh

Ciste

Catagóir réigiúin lena dtacaítear

Cuspóir Sonrach atá roghnaithe

1

Tosaíocht 1

Níl

 

CFRE

Níos forbartha

CS 1

Trasdul

Beagforbartha

CS 2

Is forimeallaí agus is teirce daonra

Níos forbartha

CS 3

2

Tosaíocht 2

Níl

 

CSE+

Níos forbartha

CS 4

Trasdul

Beagforbartha

CS 5

Is forimeallaí

3

Tosaíocht 3

Níl

 

CC

N/B

 

3

Cúnamh teicniúil tosaíochta

Is ea

 

 

 

N/B

..

Tosaíocht thiomnaithe Fostaíocht don aos óg

Níl

 

CSE+

 

 

 

Tosaíocht thiomnaithe – Ráthaíocht do Leanaí

Níl

 

CSE+

 

 

..

Tosaíocht thiomnaithe Moltaí tír-shonracha

Níl

 

CSE+

 

 

..

Tosaíocht thiomnaithe Gníomhaíochtaí nuálaíochta

Níl

 

CSE+

 

CS 8

 

Tosaíocht thiomnaithe Díth ábhartha

Níl

 

CSE+

 

CS 9

* Bainfear feidhm as an bhfaisnéis sa tábla seo mar ionchur teicniúil chun na réimsí agus táblaí eile sa teimpléad a réamhlíonadh i bhfoirm leictreonach. Neamhbhainteach i gcás CEMI. . [Leasú 405]

2.1  Teideal na tosaíochta [300] (ceann ar leith do gach tosaíocht)

[ ] Is tosaíocht í seo atá tiomnaithe do mholadh tír-shonrach ábhartha

[ ] Is tosaíocht í seo atá tiomnaithe don fhostaíocht le haghaidh daoine óga

[ ] Is tosaíocht í seo atá tiomnaithe don Ráthaíocht do Leanaí

[ ] Is tosaíocht í seo atá tiomnaithe do ghníomhaíochtaí nuálaíochta

[ ] Is tosaíocht í seo atá tiomnaithe don díth ábhartha

*Tábla is infheidhme maidir le tosaíochtaí CSE+.

** Má tá an marc seo leis, gach chuig roinn 2.1.2 [Leasú 406]

2.1.1.  Cuspóir sonrach(61) (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó Réimse tacaíochta (CEMI) – ceann ar leith le haghaidh gach cuspóir sonrach nó réimse tacaíochta atá roghnaithe, i gcás na dtosaíochtaí seachas cúnamh teicniúil [Leasú 407]

2.1.1.1  Idirghabhálacha na gCistí

Tagairt: Airteagal 17(3)(d)(i)(iii)(iv)(v)(vi);

Na cineálacha gníomhaíochtaí gaolmhara – Airteagal 17(3)(d)(i):

Réimse téacs [8 000]

Liosta de na hoibríochtaí atá beartaithe a mbaineann tábhacht straitéiseach leo – Airteagal 17(3)(d)(i):

Réimse téacs [2 000]

Na spriocghrúpaí príomha – Airteagal 17(3)(d)(iii):

Réimse téacs [1 000]

Críocha sonracha a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n‑áirítear an úsáid atá beartaithe d'infheistíocht chríochach chomhtháite – Airteagal 17(3)(d)(iv)

Réimse téacs [2 000]

Na gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta – Airteagal 17(3)(d)(v)

Réimse téacs [2 000]

An úsáid atá beartaithe d'ionstraimí airgeadais – Airteagal 17(3)(d)(vi)

Réimse téacs [1 000]

2.1.1.2  Táscairí(62) [Leasú 408]

Tagairt: Airteagal 17(3)(d)(ii)

Tábla 2: Táscairí aschuir

Tosaíocht

Cuspóir sonrach (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI)

Ciste

Catagóir réigiúin

ID [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc (2029)

Tábla 3: Táscaire toraidh

Tosaíocht

Cuspóir sonrach (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI)

Ciste

Catagóir réigiúin

ID [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Bonnlíne nó luach tagartha

An bhliain tagartha

Sprioc (2029)

Foinse na sonraí [200]

Barúlacha [200]

2.1.1.3  Miondealú táscach ar acmhainní an chláir (AE) de réir cineáil idirghabhála(63)(neamhbhainteach i gcás CEMI) [Leasú 409]

Tagairt: Airteagal 17(3)(d)(vii)

Tábla 4: Diminsean 1 – an réimse idirghabhála

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Catagóir réigiúin

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

Tábla 5: Diminsean 2 – an cineál maoinithe

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Catagóir réigiúin

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

Tábla 6: Diminsean 3 – an sásra soláthair chríochaigh agus an bhéim chríochach

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Catagóir réigiúin

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

Tábla 7: Diminsean 6 – Téamaí tánaisteacha CSE+

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Catagóir réigiúin

Cuspóir sonrach

Cód

Méid (EUR)

2.1.2  An cuspóir sonrach a dhíríonn ar an díth ábhartha

Tagairt: Airteagal 17(3); RFC

Cineálacha tacaíochta

Réimse téacs [2 000]

Na spriocghrúpaí príomha

Réimse téacs [2 000]

Tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha tacaíochta

Réimse téacs [2 000]

Critéir le haghaidh roghnú na n‑oibríochtaí(64)

Réimse téacs [4 000]

2.T. Tosaíocht an chúnaimh theicniúil

Tagairt: Airteagal 17(3)(i); Airteagal 29, Airteagal 30, Airteagal 31, Airteagal 89, RFC;

Tuairisc ar chúnamh teicniúil faoi íocaíochtaí ráta comhréidh – Airteagal 30

Réimse téacs [5 000]

Tuairisc ar chúnamh teicniúil faoi íocaíochtaí nach bhfuil nasctha le costais – Airteagal 31

Réimse téacs [3 000]

Tábla 8: Diminsean 1 – an réimse idirghabhála

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Catagóir réigiúin

Cód

Méid (EUR)

Tábla 9: Diminsean 5 – Téamaí tánaisteacha CSE+

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Catagóir réigiúin

Cód

Méid (EUR)

3.  Plean airgeadais

Tagairt: Airteagal 17(3)(f)(i)-(iii); Airteagal 106(1)-(3), Airteagal 10; Airteagal 21; RFC,

3.A Aistrithe agus ranníocaíochtaí(65)

Tagairt: Airteagal 10; Airteagal 21; RFC

[ ] Leasú ar chlár a bhaineann le hAirteagal 10, RFC (ranníocaíocht le InvestEU)

[ ] Leasú ar chlár a bhaineann le hAirteagal 21, RFC (aistrithe chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach nó idir cistí atá faoi bainistíocht chomhroinnte)

Tábla 15: Ranníocaíocht le InvestEU*

 

Catagóir réigiún

Ionú 1

Ionú 2

Ionú 3

Ionú 4

Ionú 5

méid

 

 

(a)

(b)

(c)

(d)

(e)

(f)=(a)+(b)+(c)+(d)+(e))

CFRE

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

CSE+

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

CC

 

 

 

 

 

 

 

CEMI

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

*Méideanna carnacha le haghaidh gach ranníocaíocht i rith na clárthréimhse.

Tábla 16: Aistrithe chuig ionstraimí atá faoi bainistíocht dhíreach nó indíreach*

Ciste

Catagóir réigiún

Ionstraim 1

Ionstraim 2

Ionstraim 3

Ionstraim 4

Ionstraim 5

Méid an aistrithe

 

 

(a)

(b)

(c)

(d)

(e)

(f)=(a)+(b)+(c)+(d)+(e)

CFRE

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

CSE+

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

CC

 

 

 

 

 

 

 

CEMI

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

*Méideanna carnacha le haghaidh gach aistriú i rith na clárthréimhse. [Leasú 411]

Tábla 17: Aistrithe idir cistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte

 

CFRE

CSE+

CC

CEMI

CTIL

CSI

IBTV

Iomlán

Níos forbartha

Trasdul

Beagforbartha

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

Níos forbartha

Trasdul

Beagforbartha

Is forimeallaí

CFRE

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CSE+

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CC

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CEMI

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

*Méideanna carnacha le haghaidh gach aistriú i rith na clárthréimhse.

3.1  Leithreasuithe airgeadais de réir bliana

Tagairt: Airteagal 17(3)(f)(i)

Tábla 10: Leithreasuithe airgeadais de réir bliana

Ciste

Catagóir réigiúin

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

CFRE

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

CSE+

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Ciste Comhtháthaithe

N/B

 

 

 

 

 

 

 

 

CEMI

N/B

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

3.2  Leithreasuithe airgeadais iomlána de réir ciste agus cómhaoiniú náisiúnta(66) [Leasú 412]

Tagairt: Airteagal 17(3)(f)(ii), Airteagal 17(6)

I gcás sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis:

Tábla 11: Leithreasuithe airgeadais iomlána de réir ciste agus cómhaoiniú náisiúnta

Uimh. an chuspóra

beartais nó CT

Tosaíocht

An bonn chun tacaíocht AE (iomlán nó phoiblí) a ríomh

Ciste

Catagóir réigiúin*

Ranníocaíocht AE

Ranníocaíocht náisiúnta

Miondealú táscach ar an ranníocaíocht náisiúnta

Iomlán

Ráta cómhaoinithe

poiblí

príobháideach

 

 

 

 

(a)

(b)=(c)+(d)

(c)

(d)

(e)=(a)+(b)**

(f)=(a)/(e)**

 

Tosaíocht 1

Poib./Iom.

CFRE

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Leithdháileadh speisialta le haghaidh na réigiúin is forimeallaí agus thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

 

Tosaíocht 2

 

CSE+

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

 

Tosaíocht 3

 

CC

 

 

 

 

 

 

 

CT

CT Airt. 29 RFC

 

CFRE nó CSE+ nó CC

 

 

 

 

 

 

 

 

CT Airt. 30 RFC

 

CFRE nó CSE+ nó CC

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán CFRE

 

 

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Leithdháileadh speisialta le haghaidh na réigiúin is forimeallaí agus thuaisceartacha is teirce daonra

 

 

 

 

 

 

Iomlán CSE+

 

 

Níos forbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Trasdul

 

 

 

 

 

 

 

 

Beagforbartha

 

 

 

 

 

 

 

 

Is forimeallaí

 

 

 

 

 

 

Iomlán CC

 

N/B

 

 

 

 

 

 

 

Móriomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

 

* Do CFRE: réigiúin bheagfhorbartha, trasdula, níos forbartha, agus, i gcás inarb infheidhme leithdháileadh speisialta le haghaidh na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra. I gcás ESF+: réigiúin bheagfhorbartha, trasdula, níos forbartha, agus, i gcás inarb infheidhme, leithdháileadh breise le haghaidh na réigiúin is forimeallaí. I gcás CC: neamhbhainteach. I gcás cúnamh teicniúil, is ar an gciste a roghnaítear a bhíonn cur i bhfeidhm na gcatagóirí réigiún ag brath.

** I gcás inarb ábhartha do gach catagóir réigiún.

I gcás CEMI:

Tagairt: Airteagal 17(3)(f)(iii)

Tábla 11 A

Tosaíocht

An cineál réimse tacaíochta (ainmníocht leagtha amach sa Rialachán CEMI)

An bunús chun an

tacaíocht AE a ríomh

Ranníocaíocht AE

Poiblí náisiúnta

Iomlán

Ráta cómhaoinithe

Tosaíocht 1

1.1

Poiblí

 

 

 

 

1.2

Poiblí

 

 

 

 

1.3

Poiblí

 

 

 

 

1.4

Poiblí

 

 

 

 

1.5

Poiblí

 

 

 

 

Tosaíocht 2

2.1

Poiblí

 

 

 

 

Tosaíocht 3

3.1

Poiblí

 

 

 

 

Tosaíocht 4

4.1

Poiblí

 

 

 

 

Cúnamh teicniúil

5.1

Poiblí

 

 

 

 

4.  Coinníollacha cumasaithe

Tagairt: Airteagal 19(3)(h)

Tábla 12: Coinníollacha cumasaithe

Coinníollacha cumasaithe

Ciste

Cuspóir sonrach

(N/B i gcás CEMI)

Comhlíonadh an chritéir chumasaithe

Na critéir

Comhlíonadh na gcritéar

Tagairt do dhoiciméadú ábhartha

Réasúnú

 

 

 

Tá/Níl

Critéar 1

Tá/Níl

[500]

[1 000]

 

 

 

 

Critéar 2

Tá/Níl

 

 

5.  Údaráis an chláir

Tagairt: Airteagal 17(3)(j); Airteagal 65, Airteagal 78, RFC

Tábla 13: Údaráis an chláir

Údaráis an chláir

Ainm na hinstitiúide[500]

Ainm teagmhála [200]

Ríomhphost [200]

An t‑údarás bainistíochta

 

 

 

An t‑údarás iniúchóireachta

 

 

 

An comhlacht a fhaigheann íocaíochtaí ón gCoimisiún

 

 

 

6.  Comhpháirtíocht

Tagairt: Airteagal 17(3)(g)

Réimse téacs [10 000]

7.  Cumarsáid agus infheictheacht

Tagairt: Airteagal 17(3)(i) RFC, Airteagal 42(2) RFC

Réimse téacs [4 500]

8.  Úsáid a bhaint as costais aonaid, rátaí comhréidhe agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Tagairt: Airteagal 88 agus Airteagal 89, RFC

Tábla 14: Úsáid a bhaint as costais aonaid, rátaí comhréidhe agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Tabhairt le fios go mbainfear úsáid as Airteagal 88 agus Airteagal 89:*

Tosaíocht Uimh.

Ciste

Cuspóir sonrach (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI)

Úsáid a bhaint as aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe faoin tosaíocht i gcomhréir le hAirteagal 88, RFC

Tosaíocht 1

CFRE

CS 1

CS 2

Tosaíocht 2

CSE+

CS 3

CS 4

Tosaíocht 3

CC

CS 5

CS 6

Úsáid a bhaint as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 89, RFC

Tosaíocht 1

CFRE

CS 7

CS 8

Tosaíocht 2

CSE+

CS 9

CS 10

Tosaíocht 3

CC

CS 11

CS 12

* Déanfar an fhaisnéis iomlán a sholáthar i gcomhréir leis na samhlacha sna haguisíní a ghabhann le RFC.

AGUISÍNÍ

—  Aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe (Airteagal 88, RFC)

—  Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais (Airteagal 89, RFC)

—  Plean gníomhaíochta CEMI don iascaireacht chósta ar mhionscála

—  Plean gníomhaíochta CEMI do gach réigiún is forimeallaí

Aguisín 1: Aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe ón gCoimisiún chuig an mBallstát bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún

(Airteagal 88)

An dáta a cuireadh isteach an togra

 

An leagan reatha

 

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Cuspóir sonrach (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI)

Catagóir réigiúin

Cion measta de leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear an rogha costais shimplithe i bhfeidhm ina leith i % (meastachán)

Cineál(acha) oibríochta

Ainm an táscaire chomhfhreagraigh/ainmneacha na dtáscairí comhfhreagracha

Aonad tomhais don táscaire

An cineál RCS (costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe)

Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe comhfhreagracha

(san airgeadra náisiúnta)

 

 

 

 

 

Cód

Tuairisc

Cód

Tuairisc

 

 

 

B.  Sonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

An bhfuair an t‑údarás bainistíochta tacaíocht ó chuideachta sheachtrach chun na costais shimplithe thíos a leagan amach?

Má fuair, sonraigh cén chuideachta seachtrach Fuair/Ní bhfuair – Ainm na cuideachtaí seachtraí

Cineálacha oibríochta

1.1.  Tuairisc ar an gcineál oibríochta

 

1.2  Tosaíocht/cuspóir(í) sonrach(a) (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI) lena mbaineann

 

1.3  Ainm an táscaire(67)

 

1.4  An t‑aonad tomhais don táscaire

 

1.5  Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

 

1.6  Méid

 

Catagóirí na gcostas arna gcumhdach ag costas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

 

1.8  An bhfuil gach caiteachas incháilithe don oibríocht á gcumhdach faoi na catagóirí costais seo? (Tá/Níl)

 

1.9  Modh(anna) coigeartaithe

 

1.10  Fíorú gur baineadh amach an t‑aonad tomhais

—  cén doiciméad/cé na doiciméid a úsáidfear le fíorú gur baineadh amach an t‑aonad tomhais?

—  déan cur síos ar a seiceálfar le linn fíoruithe bainistíochta (fíoruithe ar an láthair san áireamh), agus cé a dhéanfaidh sin.

—  cé na socruithe chun na sonraí/na doiciméid a bhailiú agus a stóráil a ndéantar cur síos orthu?

 

1.11  Dreasachtaí saobha nó fadhbanna féideartha arna gcruthú ag an táscaire seo, cén chaoi a bhféadfaí iad a mhaolú, agus cad é an leibhéal measta riosca

 

1.12  An méid iomlán (náisiúnta agus AE) a bhfuiltear ag súil leis a aisíocfar

 

C.  Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh

1.   Foinse na sonraí a úsáideadh chun scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh (cé a rinne na sonraí a tháirgeadh, a bhailiú agus a thaifeadadh; cá bhfuil na sonraí stóráilte; scoithdhátaí; bailíochtú, etc.)

2.   Sonraigh cén fáth go bhfuil an modh agus ríomh atá bearta ábhartha don chineál oibríochta.

3.   Sonraigh an chaoi a ndearnadh na ríomhanna, ag cur san áireamh go háirithe aon toimhdí a rinneadh ó thaobh cáilíochta nó cainníochtaí de. I gcás inarb ábhartha, ba cheart fianaise agus tagarmharcanna staidrimh a úsáid agus iad a chur i gceangal leis an iarscríbhinn seo i bhformáid is féidir leis an gCoimisiún a úsáid.

4.  Mínigh an chaoi ar áirithigh tú nár cuireadh ach caiteachas incháilithe san áireamh agus scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh á ríomh.

5.  Measúnú ón údarás/ó na húdaráis iniúchóireachta ar an modheolaíocht don ríomh agus na méideanna agus ar na socruithe chun fíorú, cáilíocht, bailiú agus stóráil na sonraí a áirithiú.

Aguisín 2: Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún

(Airteagal 89)

An dáta a cuireadh isteach an togra

 

An leagan reatha

 

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Cuspóir sonrach (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI)

Catagóir réigiúin

Na méideanna arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Cineál(acha) oibríochta

Coinníollacha atá le comhlíonadh/torthaí atá le baint amach

Ainm an táscaire chomhfhreagraigh/ainmneacha na dtáscairí comhfhreagracha

Aonad tomhais don táscaire

 

 

 

 

 

 

 

Cód

Tuairisc

 

An méid foriomlán arna chumhdach

 

 

 

 

 

 

 

 

 

B.  Sonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

Cineálacha oibríochta

1.1.  Tuairisc ar an gcineál oibríochta

 

1.2  Tosaíocht/cuspóir(í) sonrach(a) (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI) lena mbaineann

 

1.3  Coinníollacha atá le comhlíonadh nó torthaí atá le baint amach

 

1.4  Spriocdháta chun na coinníollacha a chomhlíonadh nó do na torthaí atá le baint amach

 

1.5  Sainmhíniú ar tháscaire na dtáirgí insoláthartha

 

1.6  An t‑aonad tomhais do tháscaire na dtáirgí insoláthartha

 

1.7  Táirgí insoláthartha idirmheánacha (más infheidhme) a spreagfaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún maille le sceideal do na haisíocaíochtaí

Táirgí insoláthartha idirmheánacha

Dáta

Méideanna

1.8  Méid iomlán (maoiniú AE agus maoiniú náisiúnta san áireamh)

 

1.9  Modh(anna) coigeartaithe

 

1.10  Fíorú gur baineadh amach an toradh nó an coinníoll (agus, i gcás inarb ábhartha, na táirgí insoláthartha idirmheánacha)

—  déan cur síos ar cén doiciméad/cé na doiciméid a úsáidfear le fíorú gur baineadh amach an toradh nó an coinníoll

—  déan cur síos ar a seiceálfar le linn fíoruithe bainistíochta (fíoruithe ar an láthair san áireamh), agus cé a dhéanfaidh sin.

—  déan cur síos ar na socruithe atá ann chun na sonraí/na doiciméid a bhailiú agus a stóráil

 

1.11  Socruithe chun an rian iniúchóireachta a áirithiú

Liostaigh an comhlacht/na comhlachtaí atá freagrach as na socruithe sin

 

Aguisín 3: Plean gníomhaíochta CEMI don iascaireacht chósta ar mhionscála

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún

An dáta a cuireadh isteach an togra

 

An leagan reatha

 

1.  Tuairisc ar an gcabhlach cois cósta ar mhionscála

Réimse téacs [5 000]

2.  Tuairisc ghinearálta ar an straitéis chun iascaireacht chósta ar mhionscála bhrabúsach inbhuanaithe a fhorbairt

Réimse téacs [5 000] agus méid táscach foriomlán CEMI arna sannadh

3.  Tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha faoin straitéis chun iascaireacht chósta ar mhionscála bhrabúsach inbhuanaithe a fhorbairt

Tuairisc ar na príomhghníomhaíochtáí

Méid táscach CEMI arna leithdháileadh (EUR)

An acmhainneacht iascaireachta a choigeartú agus a bhainistiú

Réimse téacs [10 000]

 

Cleachtais iascaireachta inbhuanaithe ísealcharbóin atá athléimneach i gcoinne athrú na haeráide agus a dhéanann an damáiste is lú is féidir don chomhshaol a chur chun cinn Réimse téacs [10 000]

 

Atreisiú ar slabhra breisluacha na hearnála agus straitéisí margaíochta a chur chun cinn

Réimse téacs [10 000]

 

Scileanna, eolas, nuálaíocht agus fothú acmhainní a chur chun cinn

Réimse téacs [10 000]

 

Sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre ar bord soithí iascaireachta a fheabhsú

Réimse téacs [10 000]

 

Comhlíonadh níos fearr le ceanglais maidir le bailiú sonraí, inrianaitheacht, faireachán, rialú agus faireachas

Réimse téacs [10 000]

 

Rannpháirtíocht oibreoirí ar mhionscála i mbainistiú rannpháirteach an limistéir mhara, Limistéar Muirí faoi Chosaint agus limistéir Natura 2000 san áireamh

Réimse téacs [10 000]

 

Éagsúlú gníomhaíochtaí sa gheilleagar gorm inbhuanaithe níos leithne

Réimse téacs [10 000]

 

Comheagrú agus rannpháirtíocht oibreoirí ar mhionscála sa próiseas cinnteoireachta agus sa phróiseas comhairleach

Réimse téacs [10 000]

 

4.  I gcás inarb iomchuí, treoirlínte deonacha na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta a chur chun feidhm chun an t‑iascach ar mhionscála a chinntiú

Réimse téacs [10 000]

5.  I gcás inarb iomchuí, an plean réigiúnach le haghaidh iascach ar mhionscála ón gCoimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir a chur chun feidhme

Réimse téacs [10 000]

6.  Táscairí

Tábla 1: Táscairí aschuir

Teideal an táscaire aschuir

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc (2029)

Tábla 2: Táscaire toraidh

Teideal an táscaire toraidh

Aonad tomhais

Bonnlíne

An bhliain tagartha

Sprioc (2029)

Aguisín 4: Plean gníomhaíochta CEMI do gach réigiún is forimeallaí

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún

An dáta a cuireadh isteach an togra

 

An leagan reatha

 

1.  Tuairisc ar an straitéis le haghaidh saothrú inbhuanaithe iascach agus forbairt ar an ngeilleagar gorm inbhuanaithe

Réimse téacs [30 000]

2.  Tuairisc ar na príomhghníomhaíochtaí atá beartaithe agus na hacmhainní airgeadais comhfhreagracha

Tuairisc ar na príomhghníomhaíochtáí

Méid CEMI arna leithdháileadh (EUR)

Tacaíocht struchtúrtha don earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe faoi CEMI

Réimse téacs [10 000]

 

Cúiteamh as na costais bhreise faoi Airteagal 21 de CEMI

Réimse téacs [10 000]

 

Infheistíochtaí eile sa gheilleagar gorm inbhuanaithe is gá chun forbairt inbhuanaithe cois cósta a bhaint amach

Réimse téacs [10 000]

 

3.  Tuairisc ar na sineirgíochtaí le foinsí eile cistithe ón Aontas

Réimse téacs [10 000]

4.  Tuairisc ar na sineirgíochtaí leis an bplean gníomhaíochta don iascaireacht chósta ar mhionscála

Réimse téacs [10 000]

IARSCRÍBHINN VI

Teimpléad do chlár faoi CTIL, faoi CSI agus faoi IBTV – Airteagal 16(3)

Uimhir CCI

 

Teideal i mBéarla

[255 charachtar(68)]

Teideal sa teanga náisiúnta

[255]

Leagan

 

An Chéad Bhliain

[4]

An Bhliain Dheireanach

[4]

Incháilithe ó

 

Incháilithe go dtí

 

Uimhir Chinneadh an Choimisiúin

 

Dáta Chinneadh an Choimisiúin

 

Uimhir chinneadh leasaitheach an Bhallstáit

 

Dáta theacht i bhfeidhm chinneadh leasaitheach an Bhallstáit

 

1.  Straitéis an chláir: na príomhdhúshláin agus na príomhfhreagairtí beartais

Tagairt: Airteagal 17(3)(a)(i)-(v) agus (vii) agus Airteagal 17(3)(b)

Sa roinn seo tugtar míniú ar an gcaoi a rachaidh an clár i ngleic leis na príomhdhúshláin a aithníodh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, tugtar achoimre ar na dúshláin a aithníodh ar an leibhéal náisiúnta bunaithe ar mheasúnuithe ar riachtanais agus/nó straitéisí áitiúla, réigiúnach agus náisiúnta. Tugtar forléargas ann ar staid an chur chun feidhme ar acquis AE ábhartha agus ar an dul chun cinn a rinneadh i dtaca le pleananna gníomhaíochtaí AE, agus déantar cur síos ann ar an gcaoi a dtacóidh an Ciste lena bhforbairt feadh na clárthréimhse.

Réimse téacs [15 000]

2.  Cuspóirí sonracha (ceann ar leith do gach cuspóir sonrach seachas cúnamh teicniúil)

Tagairt: Airteagal 17(2) agus Airteagal 17(4)

2.1.  Teideal an chuspóir shonraigh [300]

2.1.1.  Tuairisc ar chuspóir sonrach

Sa roinn seo déantar cur síos, le haghaidh gach cuspóir sonrach, ar an staid tosaigh agus na príomhdhúshláin agus moltar freagairtí a dtacófar leo leis an gCiste. Tá cur síos ann ar cé na cuspóirí oibríochtúla a dtugtar aghaidh orthu le tacaíocht ón gCiste; tugtar liosta táscach gníomhaíochtaí ann laistigh de raon feidhm Airteagal 3 agus Airteagal 4 de na Rialacháin CTIL, CSI nó IBTV.

Go háirithe: I gcás tacaíocht oibríochtúil, tugtar réasúnú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán CSI, Airteagal 17 agus Airteagal 18 de Rialachán IBTV nó Airteagal 20 de Rialachán CTIL. Tá liosta táscach ann de na tairbhithe maille lena bhfreagrachtaí reachtúla, na príomhchúraimí a gheobhaidh tacaíocht agus líon táscach ball foirne a gheobhaidh tacaíocht do gach tairbhí agus do gach cúraim. I gcás CSI, tá cur síos le déanamh ar thacaíocht oibríochtúil faoi phointe 4 den teimpléad.

I gcás gníomhaíochtaí sonracha, déantar cur síos ann ar an gcaoi a ndéanfar an ghníomhaíocht agus tugtar réasúnú ann don mhéid arna leithdháileadh. Ina theannta sin, i gcás gníomhaíochtaí sonracha comhpháirteacha, tugann an Ballstát ceannais liosta de na Ballstáit rannpháirteacha, lena n‑áirítear a ról agus, más infheidhme, a ranníocaíocht airgeadais.

I gcás cúnamh éigeandála, déantar cur síos ann ar an gcaoi a ndéanfar an ghníomhaíocht agus tugtar réasúnú ann don mhéid arna leithdháileadh.

Úsáid bhearta na n‑ionstraimí airgeadais, más infheidhme.

CTIL amháin: cuirfear athlonnú agus dlúthpháirtíocht i láthair ar leithligh.

Réimse téacs [16 000 carachtar]

2.1.2  Táscairí

Tábla 1: Táscairí aschuir

Cuspóir sonrach

ID [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc (2029)

Tábla 2: Táscaire toraidh

Cuspóir sonrach

ID [5]

Táscaire [255]

Aonad tomhais

Bonnlíne nó luach tagartha

An bhliain tagartha

Sprioc (2029)

Foinse na sonraí [200]

Barúlacha [200]

2.1.3  Miondealú táscach ar acmhainní an chláir (AE) de réir cineáil idirghabhála

Tagairt: Airteagal 17(5) agus Airteagal 10(16) de Rialachán IBTV nó Airteagal 10(9) de Rialachán CSI nó Airteagal 10(8) de Rialachán CTIL

Tábla 3

Cuspóir sonrach

Cineál idirghabhála

Cód

Méid táscach (Euro)

1.1.  Tacaíocht oibríochtúil (CSI amháin)

Níl an roinn seo infheidhme ach maidir le cláir a fhaigheann tacaíocht ó CSI agus tugann sé údar dá úsáid i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán CSI. Tá liosta táscach ann de na tairbhithe maille lena bhfreagrachtaí reachtúla, na príomhchúraimí a gheobhaidh tacaíocht agus líon táscach ball foirne a gheobhaidh tacaíocht do gach tairbhí agus do gach cúraim. Féach freisin pointe 2.1.1 thuas

Réimse téacs [5 000]

Tábla 4

Cineál idirghabhála

Cód

Méid táscach (Euro)

1.2.  Cúnamh teicniúil

Tagairt: Airteagal 17(3)(i); Airteagal 30, RFC; Airteagal 31, RFC; Airteagal 89, RFC;

Réimse téacs [5 000] (Cúnamh teicniúil faoi íocaíochtaí ráta comhréidh)

Réimse téacs [3 000] (Cúnamh teicniúil faoi íocaíochtaí nach bhfuil nasctha le costais)

Tábla 5

Cineál idirghabhála

Cód

Méid táscach (Euro)

3.  Plean airgeadais

Tagairt: Airteagal 17(3)(f)

3.1.  Leithreasuithe airgeadais de réir bliana

Tábla 6

Ciste

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

3.2  Leithreasuithe airgeadais iomlána ón gCiste agus cómhaoiniú náisiúnta

Tagairt: Airteagal 17(3)(f)(i)-(ii);

Tábla 7

Cuspóir sonrach

An cineál gníomhaíochta

An bonn chun tacaíocht AE (iomlán nó phoiblí) a ríomh

Ranníocaíocht AE (a)

Ranníocaíocht náisiúnta (b)=(c)+(d)

Miondealú táscach ar an ranníocaíocht náisiúnta

Iomlán

e=(a)+(b)

An ráta cómhaoinithe (f)=(a)/(e)

poiblí (c)

príobháideach (d)

Cuspóir sonrach 1

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán do CS 1

 

 

 

 

 

 

 

 

CS 2

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán do CS 2

 

 

 

 

 

 

 

 

CS 3

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán do CS 3

 

 

 

 

 

 

 

 

CT (Airt. 30 RFC)

 

 

 

 

 

 

 

 

CT (Airt. 31 RFC)

 

 

 

 

 

 

 

 

Móriomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

Tábla 8 [CTIL amháin]

Líon na ndaoine sa bhliain

Catagóir

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Athlonnú

 

 

 

 

 

 

 

Ligean isteach ar fhoras daonnúil

 

 

 

 

 

 

 

[catagóirí eile]

 

 

 

 

 

 

 

4.  Coinníollacha cumasaithe

Tagairt: Airteagal 17(3)(h)

Tábla 9

An coinníoll cumasaithe

Comhlíonadh an chritéir chumasaithe

Na critéir

Comhlíonadh na gcritéar

Tagairt do dhoiciméadú ábhartha

Réasúnú

 

 

Critéar 1

Tá/Níl

[500]

[1000]

 

 

Critéar 2

 

 

 

5.  Údaráis an chláir

Tagairt: Airteagal 17(3)(j); Airteagal 65 agus Airteagal 78, RFC

Tábla 10

Ainm na hinstitiúide[500]

Ainm teagmhála agus post [200]

Ríomhphost [200]

An t‑údarás bainistíochta

 

 

 

An t‑údarás iniúchóireachta

 

 

 

Comhlacht a fhaigheann íocaíochtaí ón gCoimisiún

 

 

 

6.  Comhpháirtíocht

Tagairt: Airteagal 17(3)(g);

réimse téacs [10 000]

7.  Cumarsáid agus infheictheacht

Tagairt: Airteagal 17(3)(i) RFC, Airteagal 42(2)

Réimse téacs [4 500]

8.  Úsáid a bhaint as costais aonaid, rátaí comhréidhe agus maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Tagairt: Airteagal 88 agus Airteagal 89, RFC

Tabhairt le fios go mbainfear úsáid as Airteagal 88 agus Airteagal 89*:

Cuspóir sonrach

Úsáid a bhaint as aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe faoin tosaíocht i gcomhréir le hAirteagal 88, RFC

 

Úsáid a bhaint as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 89, RFC

 

* Déanfar an fhaisnéis iomlán a sholáthar i gcomhréir leis na samhlacha sna haguisíní.

AGUISÍNÍ

—  Aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe (Airteagal 88, RFC)

—  Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais (Airteagal 89, RFC)

Aguisín 1: Aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe ón gCoimisiún chuig an mBallstát bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún

(Airteagal 88)

An dáta a cuireadh isteach an togra

 

An leagan reatha

 

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Cion measta de leithdháileadh airgeadais iomlán laistigh den tosaíocht a gcuirfear an rogha costais shimplithe i bhfeidhm ina leith i % (meastachán)

Cineál(acha) oibríochta

Ainm an táscaire chomhfhreagraigh/ainmneacha na dtáscairí comhfhreagracha

Aonad tomhais don táscaire

An cineál RCS (costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe)

Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe comhfhreagracha

 

 

 

Cód

Tuairisc

Cód

Tuairisc

 

 

 

B.  Sonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

An bhfuair an t‑údarás bainistíochta tacaíocht ó chuideachta sheachtrach chun na costais shimplithe thíos a leagan amach?

Má fuair, sonraigh cén chuideachta seachtrach Fuair/Ní bhfuair – Ainm na cuideachtaí seachtraí

Cineálacha oibríochta

1.1.  Tuairisc ar an gcineál oibríochta

 

1.2  Tosaíocht/cuspóir(í) sonrach(a) (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis) nó réimse tacaíochta (CEMI) lena mbaineann

 

1.3  Ainm an táscaire(69)

 

1.4  An t‑aonad tomhais don táscaire

 

1.5  Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

 

1.6  Méid

 

Catagóirí na gcostas arna gcumhdach ag costas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh

 

1.8  An bhfuil gach caiteachas incháilithe don oibríocht á gcumhdach faoi na catagóirí costais seo? (Tá/Níl)

 

1.9  Modh(anna) coigeartaithe

 

1.10  Fíorú gur baineadh amach an t‑aonad tomhais

—  déan cur síos ar cén doiciméad/cé na doiciméid a úsáidfear le fíorú gur baineadh amach an t‑aonad tomhais

—  déan cur síos ar a seiceálfar le linn fíoruithe bainistíochta (fíoruithe ar an láthair san áireamh), agus cé a dhéanfaidh sin

—  déan cur síos ar na socruithe atá ann chun na sonraí/na doiciméid a bhailiú agus a stóráil

 

1.11  Dreasachtaí saobha nó fadhbanna féideartha arna gcruthú ag an táscaire seo, cén chaoi a bhféadfaí iad a mhaolú, agus cad é an leibhéal measta riosca

 

1.12  An méid iomlán (náisiúnta agus AE) a bhfuiltear ag súil leis a aisíocfar

 

C.  Scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh

1.   Foinse na sonraí a úsáideadh chun scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe a ríomh (cé a rinne na sonraí a tháirgeadh, a bhailiú agus a thaifeadadh; cá bhfuil na sonraí stóráilte; scoithdhátaí; bailíochtú, etc.)

2.   Sonraigh cén fáth go bhfuil an modh agus ríomh atá bearta ábhartha don chineál oibríochta:

3.   Sonraigh an chaoi a ndearnadh na ríomhanna, ag cur san áireamh go háirithe aon toimhdí a rinneadh ó thaobh cáilíochta nó cainníochtaí de. I gcás inarb ábhartha, ba cheart fianaise agus tagarmharcanna staidrimh a úsáid agus iad a chur i gceangal leis an iarscríbhinn seo i bhformáid is féidir leis an gCoimisiún a úsáid.

4.  Mínigh an chaoi ar áirithigh tú nár cuireadh ach caiteachas incháilithe san áireamh agus scála caighdeánach na gcostas aonaid, cnapshuim nó ráta comhréidh á ríomh.

5.  Measúnú ón údarás/ó na húdaráis iniúchóireachta ar an modheolaíocht don ríomh agus na méideanna agus ar na socruithe chun fíorú, cáilíocht, bailiú agus stóráil na sonraí a áirithiú.

Aguisín 2: Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Teimpléad chun sonraí a chur isteach lena meas ag an gCoimisiún

(Airteagal 89)

An dáta a cuireadh isteach an togra

 

An leagan reatha

 

A.   Achoimre ar na príomheilimintí

Tosaíocht

Ciste

Na méideanna arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais

Cineál(acha) oibríochta

Coinníollacha atá le comhlíonadh/torthaí atá le baint amach

Ainm an táscaire chomhfhreagraigh/ainmneacha na dtáscairí comhfhreagracha

Aonad tomhais don táscaire

 

 

 

 

 

Cód

Tuairisc

 

An méid foriomlán arna chumhdach

 

 

 

 

 

 

 

B.  Sonraí de réir cineál oibríochta (le comhlánú le haghaidh gach cineáil oibríochta)

Cineálacha oibríochta

1.1.  Tuairisc ar an gcineál oibríochta

 

1.2  Tosaíocht/cuspóir(í) sonrach(a) lena mbaineann

 

1.3  Coinníollacha atá le comhlíonadh nó torthaí atá le baint amach

 

1.4  Spriocdháta chun na coinníollacha a chomhlíonadh nó do na torthaí atá le baint amach

 

1.5  Sainmhíniú ar tháscaire na dtáirgí insoláthartha

 

1.6  An t‑aonad tomhais do tháscaire na dtáirgí insoláthartha

 

1.7  Táirgí insoláthartha idirmheánacha (más infheidhme) a spreagfaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún maille le sceideal do na haisíocaíochtaí

Táirgí insoláthartha idirmheánacha

Dáta

Méideanna

1.8  Méid iomlán (maoiniú AE agus maoiniú náisiúnta san áireamh)

 

1.9  Modh(anna) coigeartaithe

 

1.10  Fíorú gur baineadh amach an toradh nó an coinníoll (agus, i gcás inarb ábhartha, na táirgí insoláthartha idirmheánacha)

—  cén doiciméad/cé na doiciméid a úsáidfear le fíorú gur baineadh amach an toradh nó an coinníoll

—  déan cur síos ar a seiceálfar le linn fíoruithe bainistíochta (fíoruithe ar an láthair san áireamh), agus cé a dhéanfaidh sin.

—  cé na socruithe chun na sonraí/na doiciméid a bhailiú agus a stóráil a ndéantar cur síos orthu?

 

1.11  Socruithe chun an rian iniúchóireachta a áirithiú

Liostaigh an comhlacht/na comhlachtaí atá freagrach as na socruithe sin

 

IARSCRÍBHINN VII

Teimpléad le haghaidh tarchur sonraí – Airteagal 37 agus Airteagal 68(1)(g)(70)

TÁBLA 1: Faisnéis airgeadais ar leibhéal na tosaíochta agus ar leibhéal an chláir (Airteagal 37(2)(a))

1.  

2.  

3.  

4.  

5.  

6.  

7.  

8.  

9.  

10.  

11.  

12.  

13.  

Leithreasuithe airgeadais na tosaíochta bunaithe ar an gclár

Sonraí carnach faoi dhul chun cinn airgeadais an chláir

Tosaíocht

Cuspóir sonrach

Ciste

Catagóir réigiúin

An bonn chun ranníocaíocht an Aontais a ríomh*

(Ranníocaíocht iomlán nó ranníocaíocht phoiblí)

An leithreasú iomlán

(EUR)

Ráta cómhaoinithe

(%)

Costais incháilithe iomlán na n‑oibríochtaí arna roghnú don tacaíocht (EUR)

An ranníocaíocht ó na cistí le hoibríochtaí arna roghnú le tacaíocht a fháil (EUR)

Cion den leithdháileadh iomlán arna chumhdach leis na hoibríochtaí roghnaithe

[colún 7/colún 5x 100]

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Cion den leithdháileadh iomlán arna chumhdach agus caiteachas incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme (%)

[colún 10/colún 5x100]

Líon na n‑oibríochtaí arna roghnú

 

 

 

Ríomh

 

Ríomh

 

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='N’ input='G'>

<type='P’ input='G'>

<type='Cu' input='M'>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input='M'>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input='M'>

Tosaíocht 1

CS 1

CFRE

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tosaíocht 2

CS 2

CSE+

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Tosaíocht 3

CS 3

An Ciste Comhtháthaithe

N/B

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

CFRE

Beagforbartha

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CFRE

Trasdul

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CFRE

Níos forbartha

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CFRE

Leithdháileadh speisialta le haghaidh na réigiúin is forimeallaí nó na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CSE

Beagforbartha

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CSE

Trasdul

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CSE

Níos forbartha

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

CSE

Leithdháileadh speisialta do na réigiúin is forimeallaí

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Iomlán

 

An Ciste Comhtháthaithe

N/B

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='Cu' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='Cu' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

Móriomlán

 

Gach Ciste

 

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='N' input=' G '>

 

<type='P' input=' G '>

<type='N' input=' G '>

<type='P’ input='G'>

<type='N' input=' G '>

TÁBLA 2: Miondealú ar na sonraí airgeadais carnacha de réir cineáil idirghabhála (Airteagal 37(2)(a))

Tosaíocht

Cuspóir sonrach

Tréithe den chaiteachas

Catagóiriú de réir diminsin

Sonraí airgeadais

 

 

Ciste

Catagóir réigiúin

1

Réimse idirghabhála

2

Cineál maoinithe

3

An diminsean ‘soláthar críochach’

4

An diminsean ‘gníomhaíocht eacnamaíoch’

5

Diminsean an tsuímh

6

Téama Tánaisteach CSE+

7

Diminsean na macrairéigiún agus na n‑imchuacha farraige

Costais incháilithe iomlán na n‑oibríochtaí arna roghnú don tacaíocht (EUR)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Líon na n‑oibríochtaí arna roghnú

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='S’ input='S'>

<type='Cu' input='M'>

<type='Cu' input=M'>

<type='N' input=M'>

TÁBLA 3: Táscairí aschuir coiteanna agus clár-shonracha i gcás CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe (Airteagal 37(2)(b))

1.

2.

3.

4.

5.

6.

7.

8.

9.

10.

11.

12.

13.

14.

Sonraí maidir le táscairí aschuir ón gclár oibríochtúil

[bainte as Tábla 2 den chlár oibríochtúil]

Dul chun cinn i dtaobh na dtáscairí aschuir go dtí seo

Tosaíocht

Cuspóir sonrach

Ciste

Catagóir réigiúin

ID

Ainm an táscaire

Miondealú an táscaire(71)

(agus den mhéid sin:)

Aonad tomhais

Garsprioc (2024)

Sprioc 2029

Réamhaisnéis go dtí seo

[ll/mm/bb]

Bainte amach go dtí seo

[ll/mm/bb]

Bunaithe ar na treoirlínte ón gCoimisiún (Tá/Níl)

Barúlacha

<type='S’ input='G'>(72)

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='N’ input='G'>

<type='N' input='M'>

<type='N' input='M'>

<type='C' input='S'>

<type='S' input='M'>

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

TÁBLA 4: Tuarastail na mball foirne arna maoiniú ag CFRE agus ag an gCiste Comhtháthaithe ar leibhéal an chláir (Airteagal 37(2)(b))

Ciste

ID

Ainm an táscaire

Aonad tomhais

Luach bliantúil atá bainte amach go dtí seo [ll/mm/bb]

Bunaithe ar na treoirlínte ón gCoimisiún (Tá/Níl)

Barúlacha

2021

2029

<type='S' input='M'>

<type='S' input='G'>

<type='S' input='G'>

<type='S' input='G'>

<type='N' input='M'>

<type='N' input='M'>

<type='N' input='M'>

<type='C' input='S'>

<type='S' input='M'>

 

RCO xx

Baill foirne arna maoiniú ag an gCiste

FTE

 

 

 

 

 

TÁBLA 5: Iltacaíocht le fiontair i gcás CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe ar leibhéal an chláir (Airteagal 37(2)(b))

ID

Ainm an táscaire

Miondealú an táscaire

(agus den mhéid sin:)

Líon na bhfiontar gan an iltacaíocht ó

[ll/mm/bb]

Bunaithe ar na treoirlínte ón gCoimisiún (Tá/Níl)

Barúlacha

<type='S' input='G'>

<type='S' input='G'>

<type='S' input='G'>

<type='N' input='M'>

<type='C' input='S'>

<type='S' input='M'>

RCO 01

Fiontair a dtacaítear leo

Micrifhiontair

 

 

 

RCO 01

Fiontair a dtacaítear leo

Beaga

 

 

 

RCO 01

Fiontair a dtacaítear leo

Meánmhéide

 

 

 

RCO 01

Fiontair a dtacaítear leo

Móra

 

 

 

RCO 01

Fiontair a dtacaítear leo

Iomlán

<type='N' input='G'>

 

 

TÁBLA 6: Táscairí toraidh coiteanna agus clár-shonracha i gcás CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe (Airteagal 37(2)(b))

1.

2.

3.

4.

5.

6.

7.

8.

9.

10.

11.

12.

13.

14.

15.

16.

Sonraí faoi na táscairí toraidh ón gclár oibríochtúil [bainte as Tábla 3 den chlár oibríochtúil]

Dul chun cinn ó thaobh na dtáscairí toraidh go dtí seo

Tosaíocht

Cuspóir sonrach

Ciste

Catagóir réigiúin

ID

Ainm an táscaire

Miondealú an táscaire(73)

(agus den mhéid sin:)

Aonad tomhais

Bonnlíne sa chlár

Sprioc 2029

Bonnlíne nuashonraithe [ll/mm/bb]

Luach go dtí seo [ll/mm/bb]

Bunaithe ar na treoirlínte ón gCoimisiún (Tá/Níl)

Barúlacha

Réamhaisnéis

Críochnaithe

Réamhaisnéis

Bainte amach

<type='S’ input='G'>(74)

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='S’ input='G'>

<type='N’ input='G'>

<type='N’ input='G'>

<type='N' input='M'>

<type='N' input='M'>

<type='N' input='M'>

<type='N' input='M'>

<type='C' input='S'>

<type='S' input='M'>

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

TÁBLA 7: Réamh-mheastachán ar an méid a mbeidh sé beartaithe ag an mBallstát iarratais ar íocaíocht a chur isteach ina leith, le haghaidh na bliana féilire reatha agus na bliana féilire ina dhiaidh sin (Airteagal 68(1)(g))

Do gach clár, le líonadh isteach de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún, i gcás inarb iomchuí

Ciste

Catagóir réigiúin

Ranníocaíocht an Aontais

[an bhliain féilire reatha]

[an bhliain airgeadais ina dhiaidh sin]

Eanáir – Deireadh Fómhair

Samhain – Nollaig

Eanáir – Nollaig

CFRE

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra(75)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

CCE

 

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

CSE

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Na réigiúin is forimeallaí(76)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

An Ciste Comhtháthaithe

 

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

CEMI

 

 

 

 

CTIL

 

 

 

 

CSI

 

 

 

 

IBTV

 

 

 

 

TÁBLA 8: Sonraí faoi ionstraimí airgeadais (Airteagal 37(3))

Tosaíocht

Tréithe den chaiteachas

Caiteachas incháilithe de réir táirge

An méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna n‑úsáid le cois na gCistí

Méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe

Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó na Cistí d'ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 54

Acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó na Cistí arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 56

 

Ciste

Cuspóir sonrach

Catagóir réigiúin

Iasachtaí

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Ráthaíocht

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Caipiteal cothromais nó cuasachothromais (cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Tacaíocht choimhdeach curtha le chéile laistigh de IA

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Iasachtaí

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Ráthaíocht

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Caipiteal cothromais nó cuasachothromais

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Tacaíocht choimhdeach curtha le chéile laistigh de IA

(cód an chineáil maoinithe le haghaidh IA)

Ionchur = roghnú

Ionchur = roghnú

Ionchur = roghnú

Ionchur = roghnú

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

Ionchur = de láimh

IARSCRÍBHINN VIII

Cumarsáid agus infheictheacht – Airteagal 42 agus Airteagal 44

1.  Úsáid agus tréithe teicniúla shuaitheantas an Aontais

1.1.  Beidh suaitheantas an Aontais Eorpaigh le feiceáil go soiléir ar an ábhar cumarsáide uile, amhail táirgí clóite nó digiteacha, suíomhanna gréasáin agus na leaganacha móibíleacha díobh, a bhaineann le cur chun feidhme oibríochta agus a úsáidtear don phobal nó do rannpháirtithe.

1.2.  Beidh an ráiteas “Maoinithe ag an Aontas Eorpach” nó “Cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach” litrithe amach ina iomláine i gcónaí agus curtha in aice leis an suaitheantas.

1.3.  Féadfar aon cheann de na clófhoirne seo a leanas a bheith i gceist don chló-aghaidh a úsáidtear in éineacht le suaitheantas an Aontais: Arial, Auto, Calibri, Garamond, Trebuchet, Tahoma, Verdana, Ubuntu. Ní úsáidfear cló iodálach, leaganacha a bhfuil líne fúthu ná maisíochtaí clófhoirne.

1.4.  An áit a suitear an téacs i gcoibhneas le suaitheantas an Aontais, ní chuirfidh sin isteach ar shuaitheantas an Aontais ar dhóigh ar bith.

1.5.  Beidh méid an chló a úsáidfear i gcomhréir le méid an tsuaitheantais.

1.6.  Is iad reflex blue, dubh nó bán a úsáidfear le haghaidh dath na clófhoirne ag brath ar an gcúlra.

1.7.  Ní dhéanfar suaitheantas an Aontais Eorpaigh a mhodhnú ná a chumasc le haon mhír ghrafach ná le haon téacs eile. Má thaispeántar lógónna eile chomh maith le suaitheantas an Aontais, beidh suaitheantas an Aontais ar a laghad chomh mór céanna leis an lógó is mó de na lógónna eile. Seachas suaitheantas an Aontais, ní cheadaítear aon amharc-aithne ná lógó eile a úsáid chun béim a leagan ar an tacaíocht ón Aontas.

1.8.  I gcás ina bhfuil roinnt oibríochtaí ar siúl ar an láthair chéanna, a fhaigheann tacaíocht ó na hionstraimí cistiúcháin céanna nó ó cinn éagsúla, nó i gcás ina gcuirtear cistiú breise ar fáil don oibríocht chéanna tráth níos déanaí, ní thaispeánfar ach aon phlaic nó aon chlár fógraí amháin.

1.9.  Caighdeáin ghrafaice le haghaidh suaitheantas an Aontais agus an sainmhíniú ar na dathanna caighdeánacha:

A)  CUR SÍOS SIOMBALACH

Ar chúlra na spéire goirme, tá ciorcal dhá réalta órga déag, a léiríonn aontacht na bpobal Eorpach. Tá líon na réaltaí socair, óir is é a dó dhéag siombail na foirfeachta is na haontachta.

B)  CUR SÍOS ARALTACH

Ar ghort gormghlas ciorcal de dhá mhilléad órga déag, gan a bpointí ag tadhall.

C)  CUR SÍOS CÉIMSEATÚIL

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000002.png

Is i bhfoirm bhratach ghorm dhronuilleogach, a bhfuil a leithead an oiread go leith chomh fada leis an ardaitheoir atá an suaitheantas. Dhá réalta órga déag atá ag eatraimh chothroma ó chiorcal dofheicthe, ar lár dó pointe trasnaithe thrasnán na dronuilleoige. Is ionann ga an chiorcail agus trian d’airde an ardaitheora. Tá cúig phointe ag gach réalta atá ar imlíne ciorcail dofheicthe arb ionann a gha agus an 18ú cuid d’airde an ardaitheora. Tá gach réalta ina seasamh, i.e. le pointe amháin go hingearach agus dhá phointe i líne dhíreach go dronuilleach don chrann. Socraítear an ciorcal sa chaoi nach mór do na réaltaí a bheith in ionad na n‑uaireanta an chloig ar aghaidh cloig. Tá a líon do-athraitheach.

D)  NA DATHANNA OIFIGIÚLA

Sna dathanna seo a leanas atá an suaitheantas: PANTONE REFLEX BLUE do dhromchla na dronuilleoige; PANTONE YELLOW do na réaltaí

E)  AN PRÓISEAS CEITHRE-DHATH

Má úsáidtear an próiseas ceithre-dhath, athchruthaigh an dá dhath chaighdeánacha trí úsáid a bhaint as ceithre dhath an phróisis cheithre-dhatha.

Faightear PANTONE YELLOW trí ‘Process Yellow’ 100 % a úsáid.

Faightear Pantone Reflex Blue trí ‘Process Cyan’ 100 % agus ‘Process Magenta’ 80 % a mheascadh.

AN tIDIRLÍON

Tá PANTONE REFLEX BLUE ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 0/51/153 (heicsidheachúil: 003399). Tá PANTONE YELLOW ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 255/204/0 (heicsidheachúil: FFCC00).

AN PRÓISEAS DON ATÁIRGEADH AONDATHACH

Agus dubh á úsáid, imlínítear an dronuilleog i ndath dubh agus priontáiltear na réaltaí i ndath dubh ar chúlra bán.

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000003.png

Agus gorm á úsáid (Reflex Blue), úsáidtear leibhéal 100 % don dronuilleog agus fágtar na réaltaí i ndath bán (diúltach).

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000004.png

ATÁIRGEADH AR CHÚLRA DAITE

Mura bhfuil aon slí chun cúlra ildaite a sheachaint, cuirtear imeall bán timpeall na dronuilleoige, le leithead cothrom le 1/25ú d’airde na dronuilleoige.

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000005.png

Tá na prionsabail maidir le húsáid shuaitheantas an Aontais de chuid tríú páirtithe leagtha amach i gcomhaontú riaracháin le Comhairle na hEorpa.(77)

2.  Bronnann an ceadúnas maidir le cearta maoine intleachtúla dá dtagraítear in Airteagal 44(6):

2.1.  úsáid inmheánach i.e. an ceart a bhronnadh ar institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh agus Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, agus ar a bhfostaithe, chun na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a atáirgeadh, a chóipeáil agus a chur ar fáil;

2.2.  atáirgeadh na n‑ábhar cumarsáide agus infheictheachta trí aon mhodh agus in aon fhoirm, ina n‑iomláine nó i bpáirt;

2.3.  na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a chur in iúl don phobal trí úsáid a bhaint as na modhanna cumarsáide go léir;

2.4.  na hábhair chumarsáide agus infheictheachta (nó cóipeanna díobh) a dháileadh ar an bpobal i bhfoirm ar bith;

2.5.  na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a stóráil agus a chartlannú;

2.6.  na cearta do na hábhair chumarsáide agus infheictheachta a fho-cheadúnú do thríú páirtithe;

2.7.  Féadfar cearta breise a bhronnadh ar an Aontas Eorpach.

IARSCRÍBHINN IX

Na heilimintí le haghaidh comhaontuithe cistiúcháin agus doiciméid straitéise – Airteagal 53

1.  Na heilimintí den chomhaontú cistiúcháin le haghaidh ionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme faoi Airteagal 53(3)

(a)  an straitéis infheistíochta nó an beart lena n‑áirítear socruithe cur chun feidhme, táirgí airgeadais a bheidh le tairiscint, na faighteoirí deiridh atá mar spriocghrúpa agus an comhcheangal dóchúil le tacaíocht deontais (más iomchuí);

(b)  plean gnó nó doiciméid choibhéiseacha don ionstraim airgeadais atá le cur chun feidhme lena n‑áirítear an éifeacht ghiarála dhóchúil dá dtagraítear bpointe (a) d’Airteagal 52(3);

(c)  torthaí na gcuspóirí a bhfuiltear ag súil go mbainfidh an ionstraim airgeadais amach chun rannchuidiú le cuspóirí sonracha agus le torthaí na tosaíochta ábhartha;

(d)  forálacha maidir le faireachán ar chur chun feidhme na n‑infheistíochtaí agus ar shreabhadh na gcomhaontuithe lena n‑áirítear tuairisciú ag an ionstraim airgeadais don chiste sealbhaíochta agus don údarás bainistíochta d'fhonn comhlíonadh Airteagal 37 a dheimhniú;

(e)  ceanglais iniúchóireachta, amhail ceanglais íosta don doiciméadú a bheidh le coimeád ar leibhéal na hionstraime airgeadais (agus ar leibhéal an chiste sealbhaíochta nuair is iomchuí), agus ceanglais maidir le taifid ar leith a choimeád ar na cineálacha éagsúla tacaíochta i gcomhréir le hAirteagal 52 (más infheidhme), lena n‑áirítear forálacha agus ceanglais maidir le rochtain ar dhoiciméid ag údaráis iniúchóireachta de chuid na mBallstát, ag iniúchóirí an Choimisiúin agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun deimhniú go mbeidh rian soiléir iniúchóireachta ann, i gcomhréir le hAirteagal 76;

(f)  ceanglais agus nósanna imeachta chun an ranníocaíocht arna soláthar ag an gclár a bhainistiú i gcomhréir le hAirteagal 86, agus don réamhfhaisnéis ar shreabhadh na gcomhaontuithe, lena n‑áirítear ceanglais um chuntasaíocht mhuiníneach/leithleach mar a leagtar amach in Airteagal 53 iad;

(g)  ceanglais agus nósanna imeachta maidir le hús agus fáltais eile a bhainistiú mar a thagraítear dóibh in Airteagal 54, lena n‑áirítear oibríochtaí/infheistíochtaí inghlactha don státchiste agus freagrachtaí agus cúraimí na bpáirtithe a bheidh i gceist;

(h)  forálacha maidir le ríomh agus íoc na gcostas bainistithe a thabhaítear nó ríomh agus íoc tháillí bainistithe na hionstraime airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 62;

(i)  forálacha maidir le hathúsáid na n‑acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí i gcomhréir le hAirteagal 56 agus beartas scoir don ranníocaíocht ó na Cistí as an ionstraim airgeadais;

(j)  coinníollacha maidir le haistarraingt iomlán nó pháirteach a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le ranníocaíochtaí cláir ó chláir d'ionstraimí airgeadais, lena n‑áirítear an ciste de chistí i gcás inarb infheidhme;

(k)  forálacha chun a áirithiú go ndéanfaidh na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme bainistiú ar na hionstraimí airgeadais ar bhonn neamhspleách agus i gcomhréir leis na caighdeáin ghairmiúla ábhartha, go ngníomhóidh siad i gcomhréir le leas iomlán na bpáirtithe a dhéanfaidh ranníocaíochtaí don ionstraim airgeadais;

(l)  forálacha maidir leis an ionstraim airgeadais a fhoirceannadh;

(m)  téarmaí agus coinníollacha eile a bhaineann le ranníocaíochtaí a dhéanamh ón gclár don ionstraim airgeadais;

(n)  na hionstraimí airgeadais chun feidhme a bhreithmheas agus a roghnú, lena n‑áirítear glaonna ar thograí nó nósanna imeachta um sholáthar poiblí (i gcás ina n‑eagraítear na hionstraimí airgeadais trí chiste sealbhaíochta, agus sa chás sin amháin).

2.  Eilimintí den doiciméid straitéise/de na doiciméid straitéise dá dtagraítear in Airteagal 53(1)

(a)  an straitéis infheistíochta nó an beart maidir leis an ionstraim airgeadais, na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le táirgí fiachais réamhthuartha, spriocfhaighteoirí agus gníomhaíochtaí a bheidh le tacú;

(b)  plean gnó nó doiciméid choibhéiseacha don ionstraim airgeadais atá le cur chun feidhme lena n‑áirítear an éifeacht ghiarála dhóchúil dá dtagraítear in Airteagal 52;

(c)  úsáid agus athúsáid acmhainní atá inchurtha do thacaíocht ó na Cistí i gcomhréir le hAirteagal 54 agus le hAirteagal 56;

(d)  faireachán agus tuairisciú ar chur chun feidhme na hionstraime airgeadais d'fhonn comhlíonadh Airteagal 37 a áirithiú;

IARSCRÍBHINN X

Príomhcheanglais na gcóras bainistithe agus rialaithe agus a n‑aicmiú – Airteagal 63(1)

Tábla 1 - Príomhcheanglais an chórais bainistithe agus rialaithe

Comhlachtaí/údarás lena mbaineann

1

Deighilt iomchuí feidhmeanna agus socruithe i scríbhinn don tuairisciú, maoirsiú agus faireachán ar chúraimí arna dtarmligean do chomhlacht idirmheánach

An t‑údarás bainistíochta

2

Critéir agus nósanna imeachta iomchuí le haghaidh roghnú na n‑oibríochtaí

An t‑údarás bainistíochta

3

Faisnéis iomchuí do thairbhithe maidir leis na coinníollacha is infheidhme don tacaíocht do na hoibríochtaí roghnaithe

An t‑údarás bainistíochta

4

Fíoruithe bainistíochta iomchuí, lena n‑áirítear nósanna imeachtaí iomchuí chun comhlíonadh na gcoinníollacha don mhaoiniú nach bhfuil nasctha le costais agus do na roghanna costas simplithe a sheiceáil

An t‑údarás bainistíochta

5

Córas éifeachtach chun a áirithiú go gcoimeádtar gach doiciméad atá riachtanach don rian iniúchóireachta

An t‑údarás bainistíochta

6

Córas iontaofa leictreonach (lena n‑áirítear naisc le córais mhalartaithe sonraí leictreonacha le tairbhithe) chun sonraí le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais, fíoruithe agus iniúchtaí a thaifeadadh agus a stóráil, lena n‑áirítear próisis iomchuí chun slándáil, iomláine agus rúndacht na sonraí agus fíordheimhniú na n‑úsáideoirí a áirithiú

An t‑údarás bainistíochta

7

Bearta frith-chalaoise a chur chun feidhme go héifeachtach

An t‑údarás bainistíochta

8

Nósanna imeachta iomchuí chun an dearbhú bainistíochta a ullmhú

An t‑údarás bainistíochta

9

Nósanna imeachta iomchuí chun a dhearbhú go bhfuil an caiteachas arna chur isteach sna cuntais dleathach agus rialta

An t‑údarás bainistíochta

10

Nósanna imeachta iomchuí chun iarratais ar íocaíochtaí eatramhacha agus cuntais a ullmhú agus a chur isteach

An t‑údarás bainistíochta/an comhlacht a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta

11

Deighilt iomchuí feidhmeanna agus neamhspleáchas feidhmiúil idir an t‑údarás iniúchóireachta (agus comhlachtaí iniúchóireachta nó rialaithe eile a mbíonn an t‑údarás iniúchóireachta ar iontaoibh orthu nó a ndéanann sé maoirseacht orthu, más infheidhme) agus na húdaráis chláir eile agus obair iniúchóireachta á déanamh i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta

An t‑údarás iniúchóireachta

12

Iniúchtaí iomchuí ar an gcóras

An t‑údarás iniúchóireachta

13

Iniúchtaí iomchuí ar oibríochtaí

An t‑údarás iniúchóireachta

14

Iniúchtaí iomchuí ar chuntais

An t‑údarás iniúchóireachta

15

Nósanna imeachta iomchuí chun tuairim iniúchóireachta iontaofa a sholáthar agus chun an tuarascáil bhliantúil ar rialú a ullmhú

An t‑údarás iniúchóireachta

Tábla 2 – Aicmiú na gcóras bainistithe agus rialaithe i ndáil lena bhfeidhmiú éifeachtach

Catagóir 1

Oibríonn sé go maith. Níl gá le feabhsú, nó níl gá ach le mionfheabhsú.

Catagóir 2

Oibríonn sé. Feabhsú áirithe ag teastáil.

Catagóir 3

Oibríonn sé i bpáirt. Tá feabhsú suntasach ag teastáil.

Catagóir 4

Go bunúsach ní oibríonn sé.

IARSCRÍBHINN XI

Eilimintí don rian iniúchóireachta – Airteagal 63(5)

I.   Eilimintí éigeantacha den rian iniúchóireachta le haghaidh deontas:

1.  doiciméadacht a fhágann gur féidir leis an údarás bainistíochta fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcritéar roghnúcháin, chomh maith le doiciméadacht a bhaineann leis an nós imeachta foriomlán roghnúcháin agus le formheas na n‑oibríochtaí;

2.  doiciméad (comhaontú deontais nó a chomhionann) ina leagtar amach na coinníollacha don tacaíocht atá sínithe ag an tairbhí agus an t‑údarás bainistíochta/comhlacht idirmheánach;

3.  taifid chuntasaíochta ar éilimh ar íocaíocht arna gcur isteach ar an tairbhí, mar a taifeadadh iad i gcóras leictreonach an údaráis bhainistíochta/an chomhlachta idirmheánaigh;

4.  doiciméadacht ar fhíoruithe a théann i ngleic leis na ceanglais maidir le neamh-athlonnú agus buanfais a leagtar amach in Airteagal 59, Airteagal 60(2) agus Airteagal 67(3)(h);

5.  cruthúnas gur íocadh an ranníocaíocht phoiblí don tairbhí agus cruthúnas ar an dáta a rinneadh an íocaíocht;

6.  doiciméad a thugann fianaise ar na seiceálacha riaracháin agus, i gcás inarb infheidhme, ar an láthair a rinne an t‑údarás bainistíochta/an comhlacht idirmheánacha;

7.  faisnéis maidir le hiniúchtaí a rinneadh;

8.  doiciméadacht a bhaineann le bearta leantacha a rinne an t‑údarás iniúchóireachta/an t‑údarás idirmheánach chun críocha fíoruithe bainistíochta agus torthaí iniúchóireachta;

9.  doiciméadacht a fhágann gur féidir fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh an dlí is infheidhme;

11.  sonraí maidir le táscairí aschuir agus toraidh a fhágann gur féidir iad a réiteach leis na spriocanna agus garspriocanna comhfhreagracha arna dtuairisciú;

12.  doiciméadacht a bhaineann le ceartuithe agus asbhaintí airgeadais de bhun Airteagal 92(5) a rinne an t‑údarás bainistíochta/an t‑údarás idirmheánach ar an gcaiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún;

13.  i gcás na ndeontas atá san fhoirm a leagtar amach in Airteagal 48(1)(a), na sonraisc (nó doiciméid a bhfuil an luach fianaiseach céanna leo) agus cruthúnas gur íoc an tairbhí iad, maille le taifid chuntasaíochta an tairbhí a bhaineann leis an caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún;

14.  i gcás na ndeontas atá san fhoirm a leagtar amach in Airteagal 48(1)(b), (c) agus (d) agus de réir mar is infheidhme, doiciméad a thugann údar don modh chun na costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe a bhunú; catagóirí na gcostas atá mar bhonn don ríomh; doiciméid a thugann fianaise ar chostais arna ndearbhú faoi chatagóirí eile costais a bhfuil feidhm ag ráta comhréidh maidir leo; an comhaontú sainráite ón údarás bainistíochta maidir leis an dréachtbhuiséad sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta; doiciméadacht maidir leis na costais chomhlána fostaíochta agus maidir leis an ráta in aghaidh na huaire a ríomh; i gcásanna ina n‑úsáidtear roghanna costas simplithe bunaithe ar mhodhanna atá ann cheana, doiciméadacht lena ndearbhaítear go bhfuiltear ag cloí le cineálacha cosúla oibríochtaí agus leis an doiciméadacht a cheanglaítear faoin modh atá ann cheana, más ann di.

II.   Eilimintí éigeantacha don rian iniúchóireachta le haghaidh ionstraimí airgeadais:

1.  doiciméad maidir le bunú na hionstraime airgeadais, amhail comhaontuithe cistithe, srl.;

2.  doiciméid lena sainaithneofar na méideanna arna ranníoc ag gach clár agus faoi gach tosaíocht leis an ionstraim airgeadais, an caiteachas atá incháilithe faoi gach clár agus an t‑ús agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó na Cistí agus athúsáid acmhainní arna gcur i leith na gCistí i gcomhréir le hAirteagal 54 agus Airteagal 56;

3.  doiciméid maidir le feidhmiú na hionstraime airgeadais, lena n‑áirítear na doiciméid a bhaineann le faireachán, tuairisciú agus fíoruithe;

4.  doiciméid a bhaineann le himeacht ranníocaíochtaí cláir agus le foirceannadh na hionstraime airgeadais;

5.  doiciméid maidir leis na costais agus táillí bainistíochta;

6.  foirmeacha iarratais, nó a gcomhionann, arna gcur isteach ag na faighteoirí deiridh, lena n‑áirítear pleananna gnó agus, nuair is ábhartha, cuntais bhliantúla roimhe sin;

7.  seicliostaí agus tuarascálacha ó na comhlachtaí a chuireann an ionstraim airgeadais chun feidhme;

8.  dearbhuithe arna ndéanamh i ndáil le cabhair de minimis;

9.  comhaontaithe a síníodh i ndáil leis an tacaíocht arna soláthar ag an ionstraim airgeadais, lena n‑áirítear comhaontuithe le haghaidh cothromas, iasachtaí, ráthaíochtaí nó cineálacha eile infheistíochta arna soláthar do na faighteoirí deiridh;

10.  fianaise go bhfuil an tacaíocht arna soláthar tríd an ionstraim airgeadais le húsáid/gur úsáideadh í don chuspóir atá beartaithe di;

11.  taifead ar na sreafaí airgeadais idir an t‑údarás bainistíochta agus an ionstraim airgeadais, agus laistigh den ionstraim airgeadais ar gach leibhéal, síos go dtí na faighteoirí deiridh, agus, i gcás ráthaíochtaí, cruthúnas gur íocadh amach na bun-iasachtaí;

12.  taifid nó cóid chuntasaíochta ar leithligh le haghaidh ranníocaíocht chláir a d’íoc an ionstraim airgeadais, nó ráthaíocht a gheall sí, chun leasa an fhaighteora deiridh.

Forálacha don rian iniúchóireachta le haghaidh aisíoc na tacaíochta ó na Cistí ag an gCoimisiún chuig an gclár ar bhonn na roghanna costas simplithe nó airgeadais nach bhfuil nasctha le costais

III.  Eilimintí éigeantacha den rian iniúchóireachta le haghaidh roghanna costas simplithe atá le coimeád ag leibhéal an údaráis bhainistíochta/an chomhlacht idirmheánaigh:

1.  doiciméid a thugann fianaise ar chostais arna ndearbhú faoi chatagóirí eile costais a bhfuil feidhm ag ráta comhréidh maidir leo;

2.  na catagóirí costas agus na costais atá mar bhonn don ríomh;

3.  doiciméid ina bhfuil fianaise ar choigeartú na méideanna, i gcás inarb ábhartha;

4.  doiciméid ina bhfuil fianaise ar an modh ríofa má chuirtear Airteagal 48(2)(a) i bhfeidhm.

IV.  Eilimintí éigeantacha den rian iniúchóireachta le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais atá le coimeád ag leibhéal an údaráis bhainistíochta/an chomhlacht idirmheánaigh:

1.  doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta atá sínithe ag an tairbhí agus ag an údarás bainistíochta/comhlacht idirmheánach ina sonraítear an cineál deontais a thabharfar do thairbhithe;

2.  doiciméad ina bhfuil fianaise ar chomhaontú ex-ante an Choimisiúin maidir leis na coinníollacha atá le comhlíonadh nó na torthaí atá le baint amach agus na méideanna comhfhreagracha (formheas nó leasú ar an gclár);

3.  doiciméad ina bhfuil fianaise ar chomhlíonadh coinníollacha nó baint amach torthaí ag gach céim má dhéantar i gcéimeanna é, agus sula ndéantar an caiteachas deiridh a dhearbhú don Choimisiún chomh maith;

4.  doiciméadacht a bhaineann le roghnú agus formheas na n‑oibríochtaí arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais.

Iarscríbhinn XII

Ríomh-chomhtháthú: córais mhalartaithe sonraí leictreonacha idir údaráis chláir agus tairbhithe – Airteagal 63(7)

1.  Freagrachtaí údarás cláir i ndáil le feidhmiú na gcóras malartaithe sonraí leictreonacha

1.1.  Slándáil sonraí, sláine sonraí, rúndacht sonraí, fíordheimhniú an tseoltóra a áirithiú i gcomhréir le hAirteagail 63(5), 63(7), 66(4) agus 76 den Rialachán seo.

1.2  Infhaighteacht agus feidhmiú a áirithiú le linn agus lasmuigh d’uaireanta caighdeánacha oifige (ach amháin le linn cothabháil theicniúil)

1.3  Úsáid feidhmiúlachtaí sa chóras le haghaidh na nithe seo a leanas:

(a)  foirmeacha idirghníomhacha agus/nó foirmeacha atá réamhlíonta ag an gcóras ar bhonn na sonraí a stóráiltear ag céimeanna leantacha na nósanna imeachta;

(b)  ríomhanna uathoibríocha, i gcás inarb infheidhme;

(c)  rialuithe uathoibríocha leabaithe a laghdaíonn malartuithe doiciméad nó faisnéise arís agus arís eile;

(d)  foláirimh arna gcruthú ag an gcóras chun an tairbhí a chur ar an eolas gur féidir bearta áirithe a dhéanamh;

(e)  rianú stádais ar líne a fhágann gur féidir leis an tairbhí stádas reatha an tionscail a leanúint;

(f)  na sonraí agus na doiciméid uile a bhí ar fáil cheana arna bpróiseáil ag an gcóras um malartú sonraí leictreonacha.

1.4  Coimeád taifead agus stóráil sonraí sa chóras a áirithiú a fhágann gur féidir fíoruithe riaracháin ar éilimh ar íocaíocht arna gcur isteach ag tairbhithe i gcomhréir le hAirteagal 68(2), agus iniúchtaí, araon, a dhéanamh

2.  Freagrachtaí údarás cláir i ndáil leis na modheolaíochtaí chun doiciméid agus sonraí a tharchur le haghaidh gach malartú

2.1  Úsáid sínithe leictreonaigh atá comhoiriúnach le ceann amháin de na trí chineál sínithe leictreonaigh arna sainmhíniú le Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa(78) a áirithiú

2.2  Dearbhú go stóráiltear dáta tarchuir doiciméad agus sonraí ón tairbhí chuig údaráis chláir agus vice versa

2.3  Inrochtaineacht a áirithiú go díreach trí chomhéadan úsáideora idirghníomhach (feidhmchlár gréasáin) nó trí chomhéadan teicniúil a fhágann gur féidir sioncronú agus tarchur uathoibríoch sonraí a dhéanamh idir córais na dtairbhithe agus córais na mBallstát.

2.4  Cosaint príobháideacht sonraí pearsanta i gcás daoine aonair agus rúndacht tráchtála i gcás eintitis dhlíthiúla a áirithiú i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(79), Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(80) agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(81)

IARSCRÍBHINN XIII

SFC2021: an córas malartaithe sonraí leictreonacha idir na Ballstáit agus an Coimisiún – Airteagal 63(8)

1.  Freagrachtaí an Choimisiúin

1.1  Feidhmiú córais malartaithe sonraí leictreonacha (‘SFC2021’) le haghaidh gach malartú oifigiúil faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún a áirithiú. In SFC2021 beidh ar a laghad an fhaisnéis a shonraítear sna teimpléid arna mbunú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

1.2  Na tréithe seo a leanas de SFC2021 a áirithiú:

(a)  foirmeacha idirghníomhacha agus/nó foirmeacha atá réamhlíonta ag an gcóras ar bhonn na sonraí atá taifeadta sa chóras roimhe seo;

(b)  ríomhanna uathoibríocha, i gcásanna ina laghdaíonn siad an dua ar úsáideoirí iad a ionchódú;

(c)  rialuithe uathoibríocha leabaithe chun comhsheasmhacht inmheánach na sonraí arna dtarchur agus comhsheasmhacht na sonraí sin leis na rialacha is infheidhme a fhíorú;

(d)  foláirimh arna gcruthú ag an gcóras rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí SFC2021 gur féidir nó nach féidir bearta áirithe a dhéanamh;

(e)  rianú stádais ar líne ar phróiseáil na sonraí arna n‑iontráil sa chóras;

(f)  sonraí stairiúla a bheith ar fáil i ndáil leis an bhfaisnéis uile a iontráiltear le haghaidh clár oibríochtúil.

(g)  síniú éigeantach leictreonach de réir bhrí Threoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ar fáil a aithneofar mar fhianaise in imeachtaí dlí.

1.3.  Beartas slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú le haghaidh SFC20201 is infheidhme maidir leis an bpearsanra a úsáideann an córas i gcomhréir le rialach ábhartha an Aontais, go háirithe Cinneadh C(2006) 3602 ón gCoimisiún(82) agus a rialacha cur chun feidhme.

1.4  Duine nó daoine a ainmniú a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm ceart an bheartais slándála i leith SFC2021 a shainmhíniú, a chothabháil agus a áirithiú.

2.  Freagrachtaí na mBallstát

2.1  A áirithiú go n‑iontrálfaidh údaráis chláir na mBallstát arna sainaithint i gcomhréir le hAirteagal 65(1), chomh maith leis na comhlachtaí arna sainaithint chun cúraimí áirithe a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 65(3) den Rialachán seo, an fhaisnéis a bhfuil freagracht orthu í a tharchur, agus aon nuashonruithe ar an bhfaisnéis sin, a iontráil i SFC2021.

2.2  Fíorú na faisnéis arna cur isteach ag duine nach é an duine a iontráladh na sonraí don tarchur sin a áirithiú.

2.3  Socruithe a dhéanamh le haghaidh deighilt na gcúraimí thuasluaite trí chórais bhainistithe agus rialaithe na mBallstát atá ceangailte go huathoibríoch le SFC2021.

2.4  Duine nó daoine a cheapadh a bheidh freagrach as cearta rochtana chun na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích a bhainistiú:

(a)  úsáideoirí a iarrann rochtain a shainaithint, deimhin a dhéanamh de go bhfuil na húsáideoirí sin fostaithe ag an eagraíocht;

(b)  úsáideoirí a chur ar an eolas maidir lena n‑oibleagáidí slándáil an chórais a chaomhnú;

(c)  fíorú a dhéanamh go bhfuil úsáideoirí i dteideal an leibhéal pribhléide a theastaíonn i ndáil lena gcúraimí agus lena bpost san ordlathas;

(d)  iarraidh go gcuirfear deireadh le cearta rochtana nuair nach dteastaíonn na cearta rochtana sin a thuilleadh nó nach bhfuil údar leo a thuilleadh;

(e)  aon rud amhrasach a d’fhéadfadh slándáil an chórais a chur i mbaol a thuairisciú go pras;

(f)  cruinneas sonraí aitheantais úsáideoirí a áirithiú ar bhonn leanúnach trí aon athruithe orthu a thuairisciú;

(g)  na réamhchúraimí is gá i dtaca le cosaint sonraí agus rúndacht tráchtála a dhéanamh i gcomhréir le rialach an Aontais agus rialacha náisiúnta;

(h)  An Coimisiún a chur ar an eolas faoi aon athruithe a dhéanann difear do chumas údaráis na mBallstát nó úsáideoirí SFC2021 na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh nó dá gcumas pearsanta na freagrachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (g) a dhéanamh.

2.5  Socruithe a dhéanamh le go ndéanfar urramú ar chosaint príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta i gcás daoine aonair agus cosaint rúndachta tráchtála i gcás eintitis dhlíthiúla i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(83), Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(84), Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 1995/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(85) agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

2.6  Beartais slándála faisnéise náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a ghlacadh maidir le rochtain ar SFC2021 bunaithe ar mheasúnú riosca is infheidhme maidir le gach údarás a úsáideann SFC2021 agus a théann i ngleic leis na gnéithe seo a leanas:

(a)  na gnéithe slándála ríomhaireachta den obair a dhéanann an duine nó na daoine atá freagrach as bainistiú na gceart rochtana dá dtagraítear i bpointe 3 de roinn II i gcás úsáid dhíreach;

(b)  i gcás córais ríomhairí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúla atá nasctha le SFC2021, trí chomhéadan teicniúil dá dtagraítear i bpointe 1, na bearta slándála do na córais sin a fhágann gur féidir iad a ailíniú le riachtanais slándála SFC2021 agus a chumhdaíonn na nithe seo a leanas:

(i)  slándáil fhisiciúil;

(ii)  rialú ar mheáin sonraí agus rialú ar rochtain;

(iii)  rialú ar stóráil;

(iv)  rialú ar rochtain agus ar phasfhocail;

(v)  faireachán;

(vi)  idirnascacht le SFC2021;

(vii)  bonneagar cumarsáide;

(viii)  bainistiú acmhainní daonna roimh fhostú, le linn an chonartha agus ina dhiaidh sin;

(ix)  bainistiú teagmhas.

2.7  An doiciméad dá dtagraítear i bpointe 2.6 a chur ar fáil don Choimisiún ar iarratas

2.8  Duine nó daoine a cheapadh a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm na mbeartas slándála ríomhaireachta náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a áirithiú agus feidhmiú mar phointe teagmhála don duine nó daoine atá ainmnithe ag an gCoimisiún dá dtagraítear i bpointe 1.4

3.  Freagrachtaí comhpháirteacha an Choimisiúin agus na mBallstát

3.1  Inrochtaineacht a áirithiú, bíodh sin go díreach trí chomhéadan úsáideora idirghníomhach (i.e. feidhmchlár gréasáin) nó trí chomhéadan teicniúil a úsáid prótacail réamhshainithe a úsáid, a fhágann gur féidir sioncronú agus tarchur uathoibríoch sonraí a dhéanamh idir córais faisnéise na mBallstát agus SFC2021.

3.2  Socrú a dhéanamh chun dáta tharchur leictreonach na faisnéise ón mBallstát chuig an gCoimisiún agus vice versa sa chóras malartaithe sonraí leictreonacha, arb é an dáta cur isteach an doiciméid lena mbaineann é

3.3  A áirithiú go ndéanfar sonraí oifigiúla a mhalartú trí SFC2021 amháin (ach amháin má bhíonn cás force majeure ann) agus nach ndéantar an fhaisnéis arna sholáthar sna foirmeacha leictreonacha atá leabaithe in SFC2021 (dá ngairfear ‘sonraí struchtúrtha’ anseo feasta) a ionadú le sonraí neamh-struchtúrtha agus go mbeidh tús áite ag sonraí struchtúrtha thar sonraí neamhstruchtúrtha i gás neamhréireachtaí.

I gcás force majeure, mífheidhmiú SFC2021 nó easpa naisc le SFC2021 a mhaireann níos mó ná aon lá oibre amháin sa tseachtain dheireanach roimh sprioc-am rialála chun an fhaisnéis a chur isteach nó sa tréimhse idir an 18 agus an 26 Nollaig, nó cúig lá oibre ag amanna eile, féadfar an malartú faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún a dhéanamh i bhfoirm páipéir ag úsáid na teimpléid a leagtar amach san Rialachán seo agus sa chás sin is é an dáta cur isteach an dáta a chuirtear an doiciméad lena mbaineann isteach. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcúis a bhí leis an force majeure iontrálfaidh an páirtí lena mbaineann an fhaisnéis a tugadh cheana féin i bhfoirm páipéir in SFC2021 gan mhoill.

3.4  Comhlíonadh na dtéarmaí agus coinníollacha slándála ríomhaireachta arna bhfoilsiú ar thairseach SFC2021 a áirithiú, agus a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta arna gcur chun feidhme in SFC2021 ag an gCoimisiún chun tarchur na sonraí a dhaingniú, go háirithe i ndáil le húsáid an chomhéadain theicniúil dá dtagraítear i bpointe 1.

3.5  Éifeachtacht na mbeart slándála, arna nglacadh chun na sonraí a stóráiltear agus a tharchuirtear trí SFC2021 a chosaint, a chur chun feidhme agus a áirithiú

3.6  Nuashonrú agus athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar bheartas slándála ríomhaireachta SFC agus na mbeartas ábhartha slándála ríomhaireachta náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla sa chás go dtiteann athruithe amach sa teicneolaíocht, go ndéantar bagairtí nua a shainaithint nó go dtiteann forbairtí ábhartha eile amach.

IARSCRÍBHINN XIV

Teimpléad don tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe – Airteagal 63(9)

1.  GINEARÁLTA

1.1.  Faisnéis arna cur isteach ag:

–  Ballstát:

–  Teideal an chláir/na gclár agus uimhir/uimhreacha CCI: (gach clár atá cumhdaithe ag an údarás bainistíochta i gcás ina bhfuil comhchóras bainistithe agus rialaithe ann):

–  Ainm agus ríomhphost an príomhphointe teagmhála: (an comhlacht atá freagrach as an tuairisc):

1.2.  An fhaisnéis arna soláthar, déanann sé cur síos ar an staid amhail an: (ll/mm/bb)

1.3.  Struchtúr an chórais (faisnéis ghinearálta agus sreabhchairt a thaispeánann an gaol eagraíochtúil idir na húdaráis/comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an gcóras bainistithe agus rialaithe)

1.3.1.  An t‑údarás bainistíochta (Ainm, seoladh agus pointe teagmhála san údarás bainistíochta):

1.3.2.  Comhlachtaí idirmheánacha (Ainm, seoladh agus pointí teagmhála sna comhlachtaí idirmheánacha).

1.3.3.  An comhlacht a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta (Ainm, seoladh agus pointí teagmhála san údarás bainistíochta nó san údarás cláir a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta)

1.3.4.  Tabhair le fios conas a dhéantar prionsabal na deighilte feidhmeanna idir údaráis an chláir agus laistigh díobh a urramú.

2.  AN tÚDARÁS BAINISTÍOCHTA

2.1.  An t‑údarás bainistíochta agus a phríomhfheidhmeanna

2.1.1.  Stádas an údaráis bainistíochta (comhlacht náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht príobháideach) agus an chomhlachta ar cuid de é.

2.1.2.  Sonrú ar na feidhmeanna agus cúraimí arna ndéanamh go díreach ag an údarás bainistíochta.

2.1.3.  I gcás inarb infheidhme, sonrú de réir comhlacht idirmheánach ar gach ceann de na feidhmeanna(86) agus cúraimí arna dtarmligean ag an údarás bainistíochta, sainaithint na gcomhlachtaí idirmheánacha agus fhoirm an tarmligin. Ba cheart tagairt a dhéanamh do dhoiciméid ábhartha (comhaontuithe i scríbhinn).

2.1.4  Nósanna imeachta le haghaidh maoirseacht ar na feidhmeanna agus cúraimí arna dtarmligean ag an údarás bainistíochta.

2.1.5.  Creat chun a áirithiú go ndéanfar beart cuí maidir le bainistiú riosca nuair is gá sin agus, go háirithe, i gcás athruithe móra ar gcóras bainistithe agus rialaithe.

2.2.  Tuairisc ar an eagraíocht agus ar na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmeanna agus cúraimí an údaráis bainistíochta(87)

2.2.1  Tuairisc ar na feidhmeanna, an fheidhm chuntasaíochta san áireamh, agus ar na cúraimí arna ndéanamh ag an údarás bainistíochta:

2.2.2  Tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar an obair faoi na feidhmeanna difriúla, an fheidhm chuntasaíochta san áireamh, a eagrú, cé na nósanna imeachta a bheidh i bheidh, cé na feidhmeanna a tharmligfear, má dhéantar sin, conas a ndéanfar maoirseacht air sin srl.

2.2.3  Cairt eagrúcháin an údaráis bainistíochta agus faisnéis maidir lena ghaol le haon chomhlacht nó rannóg eile (inmheánach nó seachtrach) a dhéanann na feidhmeanna agus cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 66 go hAirteagal 69.

2.2.4.  Eolas táscach faoi na hacmhainní beartaithe a leithdháilfear i ndáil le feidhmeanna difriúla an údaráis bainistíochta (faisnéis maidir le seachfhoinsiú ar bith atá beartaithe agus a raon feidhme san áireamh, i gcás inarb iomchuí).

3.  AN COMHLACHT A DHÉANANN AN FHEIDHM CHUNTASAÍOCHTA

3.1  Stádas agus tuairisc ar an eagraíocht agus ar na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmeanna an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta

3.1.1  Stádas an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta (comhlacht náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht príobháideach) agus an chomhlachta ar cuid de é, i gcás inarb ábhartha.

3.1.2  Tuairisc ar na feidhmeanna agus cúraimí arna ndéanamh ag an gcomhlacht a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta mar a leagtar amach in Airteagal 70.

3.1.3  Tuairisc ar an gcaoi a dhéantar an obair a eagrú (sreafaí oibre, próisis, rannóga inmheánacha), na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus cá huair a mbíonn feidhm leo, conas a dhéantar maoirseacht orthu sin, srl.

3.1.4  Lua faoi na hacmhainní beartaithe a leithdháilfear i ndáil leis na cúraimí cuntasaíochta difriúla.

4.  AN CÓRAS LEICTREONACH

4.1.  Tuairisc ar an gcóras leictreonach nó ar na córais leictreonacha a chuimsíonn sreabhchairt (córas ar líonra comónta nó lárnach nó córas díláraithe le naisc idir na córais) le haghaidh na nithe seo a leanas:

4.1.1.  Sonraí a thaifeadadh agus a stóráil, i bhfoirm ríomhairithe, faoi gach oibríocht, lena n‑áirítear, nuair is iomchuí, sonraí faoi rannpháirtithe aonair agus miondealú ar shonraí faoi tháscairí nuair a fhoráiltear dó sin sa Rialachán.

4.1.2.  A áirithiú go ndéantar taifid chuntasaíochta do gach oibríocht a thaifeadadh agus a stóráil, agus go dtacaíonn na taifid sin leis na sonraí is gá chun iarratais ar íocaíocht a ullmhú agus na cuntais a ullmhú;

4.1.3.  Taifid chuntasaíochta a choimeád maidir le caiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún agus maidir leis an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach a íocadh le tairbhithe;

4.1.4.  Taifeadadh a dhéanamh ar gach méid arna asbhaint ó iarratais ar íocaíocht agus ó na cuntais, mar a leagtar amach in Airteagal 92(5), agus ar na cúiseanna a bhí leis na hasbhaintí sin;

4.1.5.  Tabhairt le fios cibé an bhfuil na córais ag feidhmiú go héifeachtach nó nach bhfuil agus an féidir leo na sonraí atá luaite ar an dáta a ndéanfar an tuairisc seo a thiomsú a thaifeadadh go hiontaofa mar a leagtar amach i bPointe 1.2 thuas.

4.1.6.  Tuairisc a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun slándáil, sláine agus rúndacht na gcóras leictreonach a áirithiú.

IARSCRÍBHINN XV

Teimpléad don dearbhú bainistíochta – Airteagal 68(1)(f)

Dearbhaím/Dearbhaímid, a bhfuil mo shonraí/ár sonraí (ainm(neacha), céadainmn(neacha), teideal/teidil nó feidhm(eanna)) leis seo thíos, Ceann an údaráis bainistíochta don chlár (ainm an chláir oibríochtúil, CCI)

bunaithe ar chur chun feidhme (ainm an chláir) le linn na bliana cuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh (bliain), bunaithe ar mo bhreithiúnas féin/ár mbreithiúnas féin agus ar gach eolas atá ar fáil dom/dúinn ar an dáta a cuireadh na cuntais faoi bhráid an Choimisiúin, lena n‑áirítear na torthaí ó na fíoruithe bainistíochta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. xx/xx agus ó na hiniúchtaí i ndáil leis an gcaiteachas atá san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin i ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh ... (bliain),

agus m’oibleagáidí/ár n‑oibleagáidí faoi Rialachán (AE) xx/xx á gcur san áireamh,

leis seo:

(a)  go bhfuil an fhaisnéis sna cuntais curtha i láthair i gceart, iomlán agus cruinn i gcomhréir le hAirteagal 92 de Rialachán (AE) Uimh. XX,

(b)  go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais an dlí is infheidhme agus gur úsáideadh é don chuspóir a bhí beartaithe dó,

Dearbhaím/Dearbhaímid gur caitheadh go hiomchuí sna cuntais le neamhrialtachtaí a aithníodh sna tuarascálacha deiridh iniúchóireachta agus rialaithe i ndáil leis an mbliain chuntasaíochta, go háirithe chun Airteagal 92 a chomhlíonadh maidir le cuntais a chur isteach a dtugann dearbhú go bhfuil na neamhrialtachtaí níos lú ná an leibhéal ábharthachta 2%.

Dearbhaím/Dearbhaímid freisin gur ndearna caiteachas atá faoi réir measúnú leanúnach maidir lena dlíthiúlacht agus rialtacht a eisiamh ó na cuntais go dtí go mbeidh an measúnú curtha i gcrích, lena bhféadfaí iad a chur san áireamh in iarratas ar íocaíochtaí eatramhacha i mbliain cuntasaíochta ina dhiaidh sin.

Ina theannta sin, dearbhaím/dearbhaímid iontaofacht na sonraí a bhaineann le táscairí, garspriocanna agus dul chun cinn an chláir.

Dearbhaím/Dearbhaímid freisin go bhfuil bearta éifeachtacha comhréireacha frith-chalaoise i bhfeidhm agus go gcuirtear san áireamh sna bearta na rioscaí a aithníodh ina leith sin.

Ar deireadh, dearbhaím/dearbhaímid nach bhfuil mé/muid ar an eolas faoi aon ábhar nár nochtadh a bhaineann le cur chun feidhme an chláir oibríochtúil a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chlú an bheartais chomhtháthaithe.

IARSCRÍBHINN XVI

Teimpléad don tuairim iniúchóireachta – Airteagal 71(3)(a)

Chuig an gCoimisiún Eorpach, an tArd-Stiúrthóir

1.   RÉAMHRÁ

Tá iniúchadh déanta agamsa, a bhfuil m'ainm leis seo thíos, thar ceann [ainm an údaráis iniúchóireachta], atá neamhspleách i gciall Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) Uimh. […],

i)  ar na cuntais don bhliain chuntasaíochta dar tús an 1 Iúil … [bliain] agus dar críoch an 30 Meitheamh … [bliain] (1) agus dar dáta … [dáta na gcuntas arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin] (‘na cuntais’ anseo feasta),

ii)  ar dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais ar iarradh aisíocaíocht ón gCoimisiún ina leith i ndáil leis an mbliain chuntasaíochta (agus atá san áireamh sna cuntais), agus

iii)  ar fheidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe, agus tá fíorú déanta agam ar an ndearbhú bainistíochta i ndáil leis an gclár [ainm an chláir, uimhir CCI] (‘an clár’ anseo feasta),

d'fhonn tuairim iniúchóireachta a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 71(3).

2.   FREAGRACHTAÍ AN ÚDARÁIS BAINISTÍOCHTA

Tá [ainm an údaráis bainistíochta], a aithnítear mar údarás bainistíochta an chláir, freagrach as dea-fheidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe a áirithiú i ndáil leis na feidhmeanna agus cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 66 go hAirteagail 70.

Ina theannta sin, tá [ainm an údaráis bainistíochta nó an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta i gcás inarb ábhartha] freagrach as iomláine, cruinneas agus fíreannacht na gcuntas a áirithiú agus a dhearbhú, mar a cheanglaítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE) Uimh. […].

Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 68 de Rialachán (AE) Uimh. […], is é an t‑údarás bainistíochta atá freagrach as deimhniú go bhfuil an caiteachas a iontráladh sna cuntais dlíthiúil agus rialta agus go gcomhlíonann sé an dlí is infheidhme.

3.   FREAGRACHTAÍ AN ÚDARÁIS INIÚCHÓIREACHTA

Mar a bunaítear faoi Airteagal 71 de Rialachán (AE) Uimh. […], is é an fhreagracht atá ormsa tuairim a chur in iúl go neamhspleách maidir le hiomláine, fírinneacht agus cruinneas na gcuntas, cibé an bhfuil caiteachas ar iarradh aisíocaíocht ón gCoimisiún ina leith agus atá dearbhaithe sna cuntais dlíthiúil agus rialta agus rialta nó nach bhfuil, agus cibé an bhfuil an córas bainistithe agus rialaithe a cuireadh i bhfeidhm ag feidhmiú i gceart nó nach bhfuil.

Tá freagracht orm freisin ráiteas a chur san áireamh sa tuairim maidir le cibé an gcaitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta.

Rinneadh na hiniúchtaí i ndáil leis an gclár i gcomhréir leis an straitéis iniúchóireachta agus chomhlíon siad caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Ceanglaítear faoi na caighdeáin sin go gcomhlíonfaidh an t‑údarás iniúchóireachta ceanglais eitice agus go ndéanfaidh sé an obair iniúchóireachta a phleanáil agus a dhéanamh d’fhonn leibhéal muiníne réasúnta a fháil chun críocha na tuairime iniúchóireachta.

Is é atá i gceist le hiniúchadh nósanna imeachta a dhéanamh chun fianaise leordhóthanach iomchuí a fháil chun tacú leis an tuairim a leagtar amach thíos. Bíonn na nósanna imeachta a dhéantar ag brath ar bhreithiúnas gairmiúil an iniúchóra, lena n‑áirítear measúnú ar an riosca neamh-chomhlíonadh ábhartha, bíodh calaois nó earráid mar chúis leis sin. Is iad na nósanna imeachta a rinneadh na cinn a chreidim a bheith iomchuí sna cúinsí agus tá siad i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. […].

Creidim go bhfuil fianaise an iniúchta a bailíodh leordhóthanach iomchuí le bonn a thabhairt do mo thuairim, [sa chás go bhfuil aon teorainn ar an raon ann:] seachas í sin a luaite san alt ‘Teorainn ar an raon’.

Tá tuairisciú ar an achoimre ar na torthaí arna dtarraingt ó na hiniúchtaí i ndáil leis an gclár sa tuarascáil bhliantúil ar rialú iniata i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 71(3) de Rialachán (AE) Uimh. […].

4.   TEORAINN AR AN RAON

É seo

Ní raibh aon teorainn ar raon an iniúchta.

Nó é seo

Bhí raon an iniúchta teoranta ag na fachtóirí seo a leanas:

(a)

(b)

(c)

….

[Cuir aon teorainn ar raon an iniúchta(88) in iúl, mar shampla aon doiciméadacht tacaíochta a bheith ar lár, cásanna a bhfuil imeachtaí dlí ar siúl ina leith, agus tabhair meastachán faoi ‘Tuairim choinníollach’ thíos, ar na méideanna den chaiteachas agus den ranníocaíocht tacaíochta ón na Cistí a ndéantar difear dó agus tionchar na teorann ar an raon ar an tuairim iniúchóireachta. Tabharfar tuilleadh mínithe ar an ábhar seo sa thuarascáil bhliantúil ar rialú, de réir mar is iomchuí.]

5.   TUAIRIM

É seo

(Tuairim gan agús)

I mo thuairim, agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinneadh:

(i)

tugann na cuntais seasamh fíor agus cothrom;

(ii)

tá an caiteachas atá san áireamh sna cuntais dleathach agus rialta(89),

(iii)

tá an córas bainistithe agus rialaithe ag feidhmiú i gceart.

Ní chaitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta.

Nó é seo

(Tuairim choinníollach)

I mo thuairim, agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinneadh,

1)   Na cuntais

—  tugann na cuntais seasamh fíor agus cothrom [i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll maidir leis na cuntais, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:] ach amháin maidir leis na gnéithe ábhartha seo a leanas:…….

2)   Dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais arna dheimhniú sna cuntais

—  tá an caiteachas arna dheimhniú sna cuntais dleathach agus rialta [i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll maidir leis na cuntais, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:] ach amháin maidir leis na gnéithe seo a leanas: ….

Tá tionchar an choinníll teoranta [nó suntasach] agus freagraíonn sé do ... (méid in EUR den mhéid iomlán caiteachais arna dheimhniú)

3)   An córas bainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm amhail dáta na tuairim iniúchóireachta seo

—  tá an córas bhainistíochta agus rialaithe a cuireadh i bhfeidhm ag obair i gceart [i gcás ina bhfuil feidhm ag an gcoinníoll maidir leis an gcóras bainistithe agus rialaithe, cuirtear an téacs seo a leanas isteach:] ach amháin maidir leis na gnéithe seo a leanas: ….

Tá tionchar an choinníll teoranta [nó suntasach] agus freagraíonn sé do ... (méid in EUR den mhéid iomlán caiteachais arna dheimhniú)

Caitheann/ní chaitheann [scrios de réir mar is iomchuí] an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta.

[I gcás ina gcaitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta, nochtfaidh an t‑údarás iniúchóireachta san alt seo na gnéithe a bhí mar bhunús le teacht ar an gconclúid sin].

Nó é seo

(Tuairim neamhfhabhrach)

I mo thuairim, agus bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinneadh:

(i)

tugann/ thugann [scrios de réir mar is iomchuí] na cuntais seasamh fíor agus cothrom; agus/nó

(ii)

is/ [scrios de réir mar is iomchuí] caiteachas dlíthiúil dleathach é an caiteachas sna cuntais ar iarradh aisíocaíocht ón gCoimisiún ina leith; agus/nó

(iii)

feidhmíonn/  fheidhmíonn [scrios de réir mar is iomchuí] an córas bainistithe agus rialaithe a cuireadh i bhfeidhm.

Tá an tuairim neamhfhabhrach seo bunaithe ar na gnéithe seo a leanas:

i ndáil le hábhair ábhartha a bhaineann leis na cuntais:

agus/nó [scrios de réir mar is cuí]

i ndáil le hábhair ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais sna cuntais ar iarradh aisíocaíocht ón gCoimisiún ina leith:

agus/nó [scrios de réir mar is cuí]

i ndáil le hábhair ábhartha a bhaineann le feidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe: (6)

Caitheann an obair iniúchóireachta a rinneadh amhras ar na dearbhuithe a rinneadh sa dearbhú bainistíochta i ndáil leis na gnéithe seo a leanas:

[Féadfaidh an t‑údarás iniúchóireachta béim ar ábhar a chur san áireamh freisin, nach n‑imreoidh tionchar ar thuairim, mar a fhoráiltear sna caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta. Is féidir séanadh tuairime a bheith ann i gcásanna eisceachtúla (7).]

Dáta:

Síniú:

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000006.png

(4)   Le cur san áireamh i gcás chláir Interreg.

(5)   Sa chás go ndéantar difear don chórais bhainistithe agus rialaithe, aithneofar sa tuairim an comhlacht nó comhlachtaí agus an ghné/na gnéithe dá gcórais nár chomhlíon na ceanglais agus/nó nár fheidhmigh i gceart, ach amháin i gcásanna inar nochtadh an fhaisnéis sin go soiléir sa tuarascáil bhliantúil ar rialú agus go ndéantar tagairt sa alt den tuairim don na ranna sonracha den tuarascáil sin ina ndéantar an fhaisnéis a nochtadh.

(6)   An nóta céanna agus atá san fhonóta roimhe.

(7)  Na cásanna eisceachtúla sin, ba cheart baint a bheith acu le fachtóirí seachtracha nach féidir a thuar atá lasmuigh de shainchúram an údaráis iniúchóireachta.

IARSCRÍBHINN XVII

Teimpléad don tuarascáil bliantúil ar rialú – Airteagal 71(3)(b)

1.  Réamhrá

1.1  Sainaithint an údaráis iniúchóireachta agus na gcomhlachtaí eile a raibh baint acu le hullmhú na tuarascála.

1.2  An tréimhse thagartha (i.e. an bhliain chuntasaíochta)

1.3  Tréimhse an iniúchta (ina ndearnadh an obair iniúchóireachta).

1.4  Sainaithint an chláir/na gclár arna chumhdach/arna gcumhdach ag an tuarascáil agus sainaithint an údaráis bainistíochta/na n‑údarás bainistíochta atá aige/acu. I gcás ina gcumhdaíonn an tuarascáil níos mó ná clár nó Ciste amháin, déanfar an fhaisnéis a mhiondealú de réir cláir agus de réir Ciste, agus sainaithneofar i ngach Roinn an fhaisnéis a bhaineann go sonrach leis an gclár agus/nó Ciste sin.

1.5  Tuairisc ar na céimeanna a rinneadh chun an tuarascáil a ullmhú agus an tuarascáil iniúchóireachta chomhfhreagrach ullmhú. Sa Roinn seo ba cheart faisnéis a chlúdach freisin maidir leis na seiceálacha comhsheasmhachta ón údarás iniúchóireachta faoin ndearbhú bainistíochta.

Tá Roinn 1.5 le cur in oiriúint do chláir Interreg d’fhonn cur síos a dhéanamh ar na céimeanna a tugadh chun an tuarascáil a ullmhú bunaithe ar na rialacha sonracha maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

2.  Athruithe suntasacha ar chóra(i)s b(h)ainistithe agus rialaithe

2.1  Sonraí maidir le haon athruithe móra ar na córais bhainistithe agus rialaithe a bhaineann le freagrachtaí an údaráis bainistíochta, go háirithe i ndáil le tarmligean feidhmeanna le comhlachtaí idirmheánacha, agus dearbhú go gcomhlíonann siad Airteagal 66 go hAirteagal 70 agus Airteagal 75 bunaithe ar an obair iniúchóireachta a rinne an t‑údarás iniúchóireachta.

2.2  Faisnéis maidir le cur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha feabhsaithe de bhun Airteagal 77 go hAirteagal 79.

3.  Athruithe ar an straitéis iniúchóireachta

3.1  Sonraí maidir le haon athruithe a rinneadh ar an straitéis iniúchóireachta agus mínithe a ghabhann leo. Go háirithe, tabhair le fios aon athrú ar an modh samplála a úsáideadh don iniúchadh ar oibríochtaí (féach Roinn 5 thíos) agus cibé an raibh an straitéis faoi réir athruithe i ndáil le cur i bhfeidhm socruithe comhréireacha feabhsaithe de bhun Airteagal 77 go hAirteagal 79 den Rialachán seo.

3.2  Tá Roinn 1 thuas le cur in oiriúint do chláir Interreg d’fhonn cur síos a dhéanamh ar na hathruithe ar an straitéis iniúchóireachta bunaithe ar na rialacha sonracha maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

4.  Iniúchtaí ar an gcóras (i gcás inarb infheidhme)

Tá feidhm ag an Roinn seo maidir le húdaráis iniúchóireachta nach gcuireann na socruithe comhréireacha feabhsaithe i bhfeidhm don bhliain chuntasaíochta atá i gceist:

4.1  Sonraí faoi na comhlachtaí (an t‑údarás iniúchóireachta san áireamh) a rinneadh iniúchtaí ar dhea-fheidhmiú chóras bainistithe agus rialaithe an chláir – ‘iniúchtaí ar an gcóras’ anseo feasta.

4.2  Tuairisc ar an mbonn a bhí leis na hiniúchtaí a rinneadh, lena n‑áirítear tagairt don straitéis iniúchóireachta is infheidhme agus, go háirithe, don modheolaíocht don mheasúnú riosca agus na torthaí a bunaíodh an plean iniúchóireachta le haghaidh iniúchtaí ar an gcóras dá bharr. Más rud é go ndearnadh nuashonrú ar an measúnú riosca, ba cheart cur síos a dhéanamh air sin i Roinn 3 sula gclúdófar na hathruithe ar an straitéis iniúchóireachta.

4.3  I ndáil leis an tábla i Roinn 9.1 thíos, tuairisc ar na príomhthorthaí agus na príomhthorthaí a baineadh as na hiniúchtaí ar an gcóras, lena n‑áirítear na hiniúchtaí a bhí dírithe ar réimsí téamacha ar leith.

4.4  Tabhairt le fios maidir le cibé ar measadh go raibh tréithe sistéamacha ag roinnt le haon neamhrialtachtaí a aithníodh, sonraí faoi na bearta a rinneadh, lena n‑áirítear cainníochtú ar an gcaiteachas neamhrialta agus aon cheartuithe airgeadais a rinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 71(3)(b) agus Airteagal 97 den Rialachán.

4.5  Faisnéis faoi na bearta leantacha ar an moltaí iniúchóireachta ó iniúchtaí ar an gcóras a rinneadh i mblianta cuntasaíochta roimhe seo.

4.6  Tuairisc ar na neamhrialtachtaí nó easnaimh a bhaineann go sonrach le hionstraimí airgeadais nó le cineálacha eile caiteachais nó costais arna gcumhdach ag rialacha ar leith (e.g. Státchabhair, soláthair phoiblí, roghanna costas simplithe, maoiniú nach bhfuil nasctha le costais) a braitheadh le linn na n‑iniúchtaí ar an gcóras agus ar na bearta leantacha a rinne an t‑údarás bainistíochta chun na neamhrialtachtaí nó easnaimh a leigheas.

4.7  An leibhéal muiníne a fuarthas i ndiaidh na hiniúchtaí ar an gcóras (íseal/méanleibhéal/ard) agus réasúnú.

5.  Iniúchtaí ar oibríochtaí

Tá Roinn 5.1 go 5.10 thíos le cur in oiriúint do chláir Interreg d’fhonn cur síos a dhéanamh ar na céimeanna a tugadh chun an tuarascáil a ullmhú bunaithe ar na rialacha sonracha maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

5.1  Sainaithint na gcomhlachtaí (an t‑údarás iniúchóireachta san áireamh) a rinneadh na hiniúchtaí ar oibríochtaí (mar atá beartaithe in Airteagal 73).

5.2  Tuairisc ar an modheolaíocht samplála a cuireadh i bhfeidhm agus faisnéis maidir le cibé an bhfuil an modheolaíocht i gcomhréir leis an straitéis iniúchóireachta nó nach bhfuil.

5.3  Lua faoi na paraiméadair a úsáideadh don tsampláil agus míniú ar na bunríomhanna agus ar an mbreithiúnas gairmiúil a cuireadh i bhfeidhm. I measc na bparaiméadar samplála tá: tairseach na hábharthachta, an leibhéal muiníne, an t‑aonad samplála, an ráta earráidí ionchasach, eatramh na samplála, an diall caighdeánach, luach an daonra, méid an daonra, méid an tsampla, faisnéis faoi srathú. Na bunríomhanna do roghnú an tsampla, an ráta earráide iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha i Roinn 9.3 thíos, i bhformáid a fhágann gur féidir tuiscint a fháil ar na céimeanna bunúsacha a rinneadh, i gcomhréir leis an modh samplála sonrach a úsáideadh.

5.4  Réiteach idir na méideanna atá san áireamh sna cuntais, maille leis na méideanna arna ndearbhú sna hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha le linn na bliana cuntasaíochta agus an daonra ónar tarraingíodh an sampla randamach (colún ‘A’ den tábla i Roinn 9.2 thíos). Cuimsíonn míreanna arna réiteach aonaid samplála diúltacha i gcás ina ndearnadh ceartuithe airgeadais.

5.5  I gcás ina bhfuil míreanna diúltacha ann, deimhniú gur caitheadh leo mar dhaonra ar leithligh. Anailís ar na príomhthorthaí ar na hiniúchtaí ar na haonaid, eodhan díriú ar fhíorú cibé ar cláraíodh na cinntí chun na ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm (a rinneadh an Ballstát nó an Coimisiún) sna cuntais mar aistarraingtí nó nár cláraíodh.

5.6  I gcás ina mbaintear úsáid as modh samplála nach modh staidrimh é, sonraigh na cúiseanna gur úsáideadh an modh sin, an céatadán de na haonaid samplála atá cumhdaithe ag iniúchtaí, na céimeanna a tugadh chun randamacht an tsampla a áirithiú ag coinneáil i gcuimhne nach mór don sampla a bheith ionadaíoch.

Ina theannta sin, sainigh na céimeanna a tugadh chun méid leordhóthanach a áirithiú don sampla, a fhágfaidh go mbeidh an t‑údarás iniúchóireachta in ann tuairim iniúchóireachta bhailí a ullmhú. Ba cheart ráta earráidí (réamh-mheasta) iomlán a ríomh freisin i gcás gur úsáideadh modh samplála nach modh staidrimh é.

5.7  Anailís ar phríomhthorthaí na n‑iniúchtaí ar oibríochta, ina bhfuil cur síos ar na nithe seo a leanas:

(1)  líon na n‑aonad samplála a ndearnadh iniúchadh orthu, agus méid comhfhreagrach gach ceann acu;

(2)  an cineál earráide de réir aonad samplála(90),

(3)  cineál na n‑earráidí a fuarthas(91)

(4)  ráta earráidí na sraithe(92) agus easnaimh nó neamhrialtachtaí tromchúiseacha comhfhreagracha, uasteorainn an ráta earráide, na bunchúiseanna, na bearta ceartaitheacha arna moladh (lena n‑áirítear iad siúd atá beartaithe chun na chórais bhainistithe agus rialaithe a fheabhsú) agus an tionchar atá aige ar an tuairim iniúchóireachta.

Tabharfar mínithe breise ar na sonraí arna gcur i láthair i Roinn 9.2 agus Roinn 9.3 thíos, go háirithe a bhaineann leis an ráta earráidí iomlán.

5.8  Sonraí faoi aon cheartuithe airgeadais a bhaineann leis an mbliain airgeadais agus a cuireadh chun feidhme ag an údarás bainistíochta sula cuireadh na cuntais isteach chuig an gCoimisiún, agus mar thoradh ar na hiniúchtaí ar oibríochtaí, lena n‑áirítear ceartuithe ráta comhréidh nó eachtarshuite arb é laghdú go 2% de ráta earráidí iarmharacha an chaiteachais atá san áireamh sna cuntais an toradh atá orthu de bhun Airteagal 92.

5.9  Comparáid idir an ráta earráidí iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha (mar a thaispeántar i Roinn 9.2 thíos) leis an tairseach ábharthachta 2%, d’fhonn a fháil amach an bhfuil míráiteas ábhartha sa daonra agus cad é an tionchar atá aige ar an tuairim iniúchóireachta.

5.10  Sonraí maidir le cibé ar measadh aon neamhrialtachtaí a sainaithníodh a bheith de chineál sistéamach, agus na bearta a rinneadh, lena n‑áirítear cainníochtú ar an gcaiteachas neamhrialta agus ar aon cheartuithe airgeadais gaolmhara eile.

5.11  Faisnéis maidir le bearta leantacha ar iniúchtaí ar oibríochtaí a rinneadh i ndáil leis an sampla coiteann don na cláir Interreg bunaithe ar na rialacha sonra maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

5.12  Faisnéis maidir leis na bearta leantacha ar iniúchtaí ar oibríochta a rinneadh le haghaidh blianta cuntasaíochta roimhe seo, go háirithe maidir le heasnaimh thromchúiseach de chineál sistéamach.

5.13  Tábla le tíopeolaíocht na n‑earráidí a d’fhéadfadh a bheith comhaontaithe leis an gCoimisiún.

5.14  Conclúidí a baineadh as príomhthorthaí na n‑iniúchtaí ar oibríochtaí i ndáil le dea-fheidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe.

Tá Roinn 5.14 le cur in oiriúint do chláir Interreg d’fhonn cur síos a dhéanamh ar na céimeanna a tugadh chun teacht ar na conclúidí bunaithe ar na rialacha sonracha maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

6.  Iniúchtaí ar chuntais

6.1  Sainaithint na n‑údarás/na gcomhlachtaí a rinne iniúchtaí ar chuntais.

6.2  Tuairisc ar an gcur chuig iniúchóireachta a rinneadh le fíorú go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor. Beidh tagairt san áireamh ansin don obair iniúchóireachta a rinneadh i gcomhthéacs iniúchtaí ar an gcóras, iniúchtaí ar oibríochtaí atá ábhartha maidir don dearbhú faoi na cuntais agus fíoruithe breise atá le tabhairt ar aghaidh ó na dréacht-chuntais sula ndéanfar iad sin a sheoladh chuig an gCoimisiún.

6.3  Conclúidí a baineadh ó na hiniúchtaí i ndáil le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, lena n‑áirítear lua faoi na ceartuithe airgeadais comhfhreagracha atá le déanamh agus le léiriú sna cuntais mar bheart leantach ar chonclúidí den sórt sin.

6.4  Lua faoi cibé ar measadh aon neamhrialtachtaí arna sainaithint a bheith de chineál sistéamach, agus ar na bearta a rinneadh.

7.  Faisnéis eile

7.1  Measúnú an údaráis iniúchóireachta ar chásanna ina raibh amhras faoi chalaois a braitheadh i gcomhthéacs a iniúchtaí ( lena n‑áirítear cásanna arna dtuairisciú ag comhlachtaí náisiúnta nó comhlachtaí AE eile agus a bhaineann le hoibríochtaí arna n‑iniúchadh ag an údarás iniúchóireachta), maille leis na bearta a rinneadh. Faisnéis faoi líon na gcásanna, an tromchúis, agus na méideanna atá i gceist, más eol sin.

7.2  Iar-theagmhais a tharla tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta agus sula ndearnadh an tuarascáil bhliantúil ar rialú a tharchur chuig an gCoimisiún, agus a mheas an t‑údarás iniúchóireachta agus an leibhéal muiníne agus a thuairim á gcinneadh.

8.  An leibhéal cinnteachta foriomlán

8.1  Lua faoin leibhéal cinnteachta foriomlán maidir le dea-fheidhmiú an chórais bainistithe agus rialaithe, agus míniú ar an gcaoi ar thángthas ar an leibhéal trí na torthaí ó na hiniúchtaí ar an gcóras agus na hiniúchtaí ar oibríochtaí a chur le chéile. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an t‑údarás iniúchóireachta san áireamh freisin na torthaí ar obair iniúchóireachta náisiúnta nó de chuid an Aontais eile a rinneadh.

8.2  Measúnú ar aon ghníomhaíochtaí maolaithe nach bhfuil nasctha le ceartuithe airgeadais a cuireadh chun feidhme, ceartuithe airgeadais a cuireadh chun feidhme agus measúnú ar an ngá le haon bhearta ceartaitheacha breise, ó thaobh feabhsuithe ar na córais bhainistithe agus rialaithe agus ó thaobh an tionchar ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh araon.

9.  IARSCRÍBHINNÍ A GHABHANN LEIS AN TUARASCÁIL BHLIANTÚIL AR RIALÚ

9.1  Torthaí na n‑iniúchtaí ar an gcóras.

An t‑eintiteas a ndearnadh iniúchadh air

An Ciste (clár il-Chistí)

Teideal an iniúchta

Dáta na tuarascála iniúchóireachta deiridh

Clár: [CCI agus Ainm an Chláir]

Measúnú foriomlán [catagóir 1, 2, 3, 4]

[arna sainmhíniú i dTábla 2 – Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán]

Barúlacha

Na príomhcheanglais (de réir mar is infheidhme)

[arna sainmhíniú i dTábla 1 – Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán]

PC 1

PC 2

PC 3

PC 4

PC 5

PC 6

PC 7

PC 8

PC 9

PC 10

 

 

ÚB

 

CI(anna)

An fheidhm chuntasaíochta (más rud é nach ndearna ÚB é)

Nóta: Tagraíonn na codanna bána sa tábla thuas do príomhcheanglais nach bhfuil infheidhme maidir leis an eintiteas a ndearnadh iniúchadh air.

9.2  Torthaí na n‑iniúchtaí ar oibríochtaí

Ciste

Uimhir CCI an chláir

Teideal an chláir

A

B

C

D

E

F

G

H

An méid in euro a fhreagraíonn don daonra óna tarraingíodh an sampla (7)

Caiteachas i ndáil leis an bliain chuntasaíochta arna iniúchadh don sampla randamach

Méid an chaiteachais neamhrialta sa sampla randamach

An ráta earráidí iomlán

 (8)

Ceartúcháin arna gcur chun feidhme de thoradh an ráta earráidí iomlán

An ráta earráidí iomlán iarmharach

(F = (D * A) – E)

Caiteachas eile a ndearnadh iniúchadh air (9)

Méid an chaiteachais neamhrialta sa chaiteachas eile a ndearnadh iniúchadh air

Méid (10)

%

 (11)

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000007.png

(1)  Faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 2 (29) den Rialachán é

(2)   Randamach, córasach, aimhrialta.

(3)   Mar shampla: incháilitheacht, soláthar poiblí, Státchabhair

(4)   Tá an ráta earráidí sraithe le nochtadh ina cuireadh srathú i bhfeidhm, a chumhdaíonn fo-dhaonraí a bhfuil tréithe cosúla acu amhail oibríochtaí arb é atá iontu ranníocaíochtaí ó chlár le hionstraimí airgeadais, le míreanna ardluacha, le Cistí (i gcás cláir il-Chistí).

(5)   Iomlán na n‑earráidí lúide ceartuithe dá dtagraítear i bpointe 5.8 thuas, roinnte ar an daonra.

(6)   Beidh an leibhéal cinnteachta foriomlán ag freagairt do cheann amháin de na ceithre chatagóir a sainmhínítear i dTábla 2 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Rialachán

(7)   Tagraíonn Colún ‘A’ don daonra ónar tarraingíodh an sampla randamach, i.e. méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcóras cuntasaíochta an údaráis bainistíochta/na feidhme cuntasaíochta a cuireadh san áireamh in iarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin, lúide aonaid shamplála diúltacha más ann dóibh. I gcás inarb infheidhme, tabhair mínithe i roinn 5.4 thuas.

(8)   Déantar an ráta earráidí iomlán a ríomh sula gcuirtear aon cheartú airgeadais i bhfeidhm i ndáil leis an sampla a ndearnadh iniúchadh air nó an daonra óna tarraingíodh an sampla randamach. I gcás ina gcumhdaíonn an sampla randamach níos mó ná Ciste nó clár amháin, baineann an ráta earráidí iomlán (ríofa) a chuirtear i láthair i gcolún ‘D’ leis an daonra iomlán. I gás ina mbaintear úsáid as srathú, tabhair tuilleadh faisnéise de réir sraithe i roinn 5.7 thuas.

(9)   Tagraíonn colún‘G’ don chaiteachas arna iniúchadh i gcomhthéacs sampla comhlántach.

(10)   Méid an chaiteachais arna iniúchadh (i gcás ina gcuirtear fo-sampláil i bhfeidhm, ní chuirtear ach méid na míreanna caiteachais a ndearnadh iniúchadh orthu go héifeachta san áireamh sa cholún seo).

(11)   An céatadán den chaiteachas arna iniúchadh i gcoibhneas leis an daonra.

9.3  Na bunríomhanna do roghnú an tsampla randamaigh, don ráta earráidí agus don ráta earráidí iarmharacha iomlán

Iarscríbhinn XVIII

Teimpléad don straitéis iniúchóireachta – Airteagal 72

1.   RÉAMHRÁ

(a)  Sainaithint an chláir/na gclár (teideal/teidil agus uimhir/uimhreacha CCI(1)), na gCistí agus na tréimhse arna gcumhdach ag an straitéis iniúchóireachta.

(b)  Sainaithint an údaráis iniúchóireachta atá freagrach as an straitéis iniúchóireachta a ullmhú agus a nuashonrú agus faireachán a dhéanamh uirthi agus sainaithint aon chomhlachtaí eile a rannchuidigh leis an doiciméad sin.

(c)  Tagairt do stádas an údaráis iniúchóireachta (comhlacht náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil nó comhlacht príobháideach) agus an chomhlachta ar cuid de é.

(d)  Tagairt don ráiteas misin, cairt iniúchóireachta nó reachtaíocht náisiúnta (i gcás inarb infheidhme) ina leagtar amach feidhmeanna agus freagrachtaí an údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí eile a dhéanann iniúchtaí a bhfuil sé freagrach astu.

(e)  Dearbhú ón údarás iniúchóireachta go bhfuil an neamhspleáchas ó thaobh feidhmeanna agus an neamhspleáchas eagraíochtúil is gá ag na comhlachtaí a dhéanann iniúchtaí.

2.   MEASÚNÚ RIOSCA

 

(a)  measúnú ar an modh don mheasúnú riosca a leanadh; agus

(b)  nósanna imeachta inmheánacha chun an measúnú riosca a nuashonrú.

3.   MODHEOLAÍOCHT

3.1.   Forbhreathnú

(a)  Tagairt do na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta a chuirfidh an t‑údarás iniúchóireachta i bhfeidhm san obair iniúchóireachta a dhéanfaidh sé.

(b)  Faisnéis faoin gcaoi a gheobhaidh an t‑údarás iniúchóireacht a chinnteacht i ndáil léi sna cláir sa chóras bainistithe agus rialaithe caighdeánach agus le haghaidh cláir a bhfuil socruithe feabhsaithe comhréireacha acu (cur síos ar na príomh-chomhpháirteanna – cineálacha iniúchtaí agus a raon).

(c)  Tagairt do na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an tuairim iniúchóireachta, atá le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 71(3) den Rialachán, a ullmhú, leis na heisceachtaí is gá le haghaidh cláir Interreg bunaithe ar na rialacha sonracha maidir le hiniúchtaí ar oibríochtaí is infheidhme maidir le cláir Interreg a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

(d)  Tagairt do na lámhleabhair nó nósanna imeachta iniúchóireachta ina bhfuil an tuairisc ar na príomhchéimeanna den obair iniúchóireachta, lena n‑áirítear an t‑aicmiú ar na hearráidí arna mbrath le linn ullmhú na tuarascála bliantúla ar rialú ata le cur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 71(3) den Rialachán.

(e)  I gcás cláir Interreg, tagairt do na socruithe sonracha iniúchóireachta agus míniú faoin gcaoi a bhfuil sé i gceist ag an údarás iniúchóireachta comhar leis an gCoimisiún a áirithiú i ndáil leis na hiniúchtaí ar oibríochtaí faoin sampla coiteann Interreg atá le tarraingt ag an gCoimisiún atá leagtha amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE].

(f)  I gcás cláir Interreg, nuair a d’fhéadfadh gá a bheith le hobair iniúchóireachta bhreise mar a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE] (tagairt do na socruithe sonracha iniúch ina leith sin agus do na bearta leantacha ar an obair iniúchóireachta bhreise sin).

3.2.   Iniúchtaí ar dhea-fheidhmiú na gcóras bainistithe agus rialaithe (iniúchtaí ar an gcóras)

Sainaithint na gcomhlachtaí/struchtúr a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu, maille leis na príomhcheanglais ábhartha i gcomhthéacs iniúchtaí ar an gcóras. Ba cheart aon chomhlachtaí a ceapadh le dhá mhí dhéag anuas a bheith san áireamh ar an liosta.

I gcás inarb infheidhme, tagairt don chomhlacht iniúchóireachta a dtéann an t‑údarás iniúchóireachta ar a iontaoibh chun na hiniúchtaí sin a dhéanamh.

Lua faoi aon iniúchtaí ar an gcóras a bhí dírithe ar réimsí nó comhlachtaí téamacha sonracha, amhail:

(a)  cáilíocht agus cainníocht na bhfíoruithe bainistíochta riaracháin agus ar an láthair i ndáil le rialacha soláthair phoiblí, rialachas maidir leis an Státchabhair, ceanglais chomhshaoil agus dlíthe eile is infheidhme;

(b)  cáilíocht roghnú na dtionscadal agus na bhfíoruithe bainistíochta ar leibhéal an údaráis bainistíochta nó an chomhlachta idirmheánaigh;

(c)  cumraíocht agus cur chun feidhme ionstraimí airgeadais ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme

(d)  feidhmiú agus slándáil córas leictreonach, agus a n‑idir-inoibritheacht le córas malartaithe sonraí leictreonacha an Choimisiúin.

(e)  iontaofacht sonraí a bhaineann le spriocanna agus garspriocanna agus dul chun cinn an chláir maidir lena cuspóirí a bhaint amach arna soláthar ag an údarás bainistíochta.

(f)  ceartuithe airgeadais (asbhaintí ó na cuntais);

(g)  cur chun feidhme beart frith-chalaoise éifeachtacha comhréireacha a bhfuil measúnú riosca calaoise mar bhuntaca leo.

3.3.   Iniúchtaí ar oibríochtaí le haghaidh cláir nach cláir Interreg iad

(a)  Tuairisc ar (nó tagairt do dhoiciméad inmheánach ina sonraítear) an mhodheolaíocht samplála atá le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 73 den Rialachán (agus nósanna imeachta sonracha eile atá i bhfeidhm le haghaidh iniúchtaí ar oibríochtaí, go háirithe cinn a bhaineann le haicmiú agus láimhseáil na n‑earráidí a bhraitear, calaois amhrasta san áireamh).

(b)  Ba cheart tuairisc ar leithligh a mholadh le haghaidh bliana ina roghnaíonn an Ballstát an córas comhréireach feabhsaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh clár amháin nó níos mó mar a leagtar amach in Airteagal 77 den Rialachán.

3.4.  Iniúchtaí ar oibríochtaí le haghaidh cláir Interreg

(a)  Tuairisc ar (nó tagairt do dhoiciméad inmheánach ina sonraítear) an chaoi a láimhseáiltear torthaí agus earráidí atá le húsáid i gcomhréir le hAirteagal 48 de Rialachán AE Uimh. [Rialachán CCE] agus nósanna imeachta sonracha eile atá i bhfeidhm le haghaidh iniúchtaí ar oibríochtaí, go háirithe cinn a bhaineann le sampla coiteann Interreg atá le bunú ag an gCoimisiún gach bliain.

(b)  Ba cheart tuairisc ar leithligh a mholadh le haghaidh blianta nuair nach bhfuil oibríochtaí nó aonaid samplála ón gclár Interreg san áireamh sa sampla coiteann ar iniúchtaí ar oibríochtaí don chlár atá i gceist.

Sa chás sin, ba cheart tuairisc a bheith ann ar an modheolaíocht samplála atá le húsáid ag an údarás iniúchóireachta agus ar nósanna imeachta sonracha eile atá i bhfeidhm le haghaidh iniúchtaí ar oibríochtaí, go háirithe cinn a bhaineann le haicmiú agus láimhseáil na n‑earráidí a bhraitear, etc.

3.5.   Iniúchtaí ar na cuntais

Tuairisc ar an gcur chuige iniúchóireachta le haghaidh iniúchtaí ar chuntais.

3.6.   Fíorú ar an dearbhú bainistíochta

Tagairt do na nósanna imeachta inmheánacha ina leagtar amach an obair atá i gceist san fhíorú ar an dearbhú bainistíochta arna ullmhú ag an údarás bainistíochta, chun críocha na tuairime iniúchóireachta.

4.   OBAIR INIÚCHÓIREACHTA ATÁ BEARTAITHE

(a)

Tuairisc agus bonn cirt le haghaidh na tosaíochtaí agus cuspóirí iniúchóireachta i ndáil leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin, maille le míniú ar an nasc idir na torthaí ar an measúnú riosca agus an obair iniúchóireachta atá beartaithe.

(

(b) Sceideal táscach ar thascanna iniúchóireachta i ndáil leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh le haghaidh iniúchtaí ar an gcóras (lena n‑áirítear iniúchtaí atá dírithe ar réimsí téamacha sonracha), mar seo a leanas:

Údaráis/Comhlachtaí nó réimsí téamacha sonracha a bhfuil iniúchadh le déanamh orthu

CCI

Teideal an chláir

An comhlacht atá freagrach as an iniúchóireacht

Toradh an mheasúnaithe riosca

20xx

Cuspóir agus raon an iniúchta

20xx

Cuspóir agus raon an iniúchta

20xx

Cuspóir agus raon an iniúchta

5.   ACMHAINNÍ

(a)

Cairt eagrúcháin an údaráis iniúchóireachta.

(b)

Eolas táscach faoi na hacmhainní beartaithe a leithdháilfear i ndáil leis an mbliain chuntasaíochta reatha agus an dá bhliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin (faisnéis maidir le seachfhoinsiú ar bith atá beartaithe agus a raon feidhme san áireamh, i gcás inarb iomchuí).

20190327-P8_TA(2019)0310_GA-p0000008.png

(1)    Tabhair le fios na cláir atá cumhdaithe ag córas bainistithe agus rialaithe coiteann, sa chás go ndéantar straitéis iniúchóireachta amháin a ullmhú le haghaidh roinnt clár

IARSCRÍBHINN XIX

Teimpléad don iarratas ar íocaíocht – Airteagal 85(3)

Iarratais ar íocaíocht

AN COIMISIÚN EORPACH

___________________________________________________________________________________________________

An Ciste lena mbaineann(93):

<type="S" input="S" > (94)

Tagairt an Choimisiúin (CCI)

<type="S" input="S">

Ainm an chláir:

<type="S" input="G">

Cinneadh ón gCoimisiún:

<type="S" input="G">

Dáta an Chinnidh ón gCoimisiún:

<type="D" input="G">

Uimhir an iarratais ar íocaíocht:

<type="N" input="G">

An dáta a cuireadh an t‑iarratas ar íocaíocht isteach:

<type="D" input="G">

An tagairt náisiúnta (roghnach):

<type="S" maxlength="250" input="M">

___________________________________________________________________________________________________

I gcomhréir le hAirteagal 85 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/yyyy [RFC], tagraíonn an t‑iarratas ar íocaíocht seo don bhliain chuntasaíochta:

Bailí ó(95)

<type="D" input="G">

go dtí:

<type="D" input="G">

Caiteachas arna miondealú de réir tosaíochta agus catagóire réigiún mar a iontráladh é i gcuntais an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta

(Lena n‑áirítear íocaíochtaí cláir arna n‑íoc le hionstraimí airgeadais (Airteagal 86 den Rialachán)

Tosaíocht

An bonn don ríomh (poiblí nó iomlán)(96)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 85(3)(a) agus Airteagal 85(4)

Méid don chúnamh teicniúil de réir bhrí Airteagal 85(3)(b)

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a íocadh nó atá le híoc de réir bhrí Airteagal 85(3)(c)

(A)

(B)

(C)

(D)

Tosaíocht 1

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha

is teirce daonra

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha

is teirce daonra

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha

is teirce daonra

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

 

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Caiteachas arna miondealú de réir cuspóir sonrach mar a iontráladh é i gcuntais an údaráis bainistíochta

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

Cuspóir Sonrach

An bonn don ríomh (poiblí nó iomlán)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí arna thabhú in oibríochtaí cur chun feidhme

(A)

(B)

(C)

Cuspóir sonrach 1

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 2

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 3

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

 

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

_________________________________________________________________________________________________

______

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla.

Tosaíocht

An bonn don ríomh (poiblí

nó iomlán)

(A)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme de réir bhrí Airteagal 85(3)(a) agus Airteagal 85(4)

(B)

Méid don chúnamh teicniúil de réir bhrí Airteagal 85(3)(b)

(C)

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a íocadh nó atá le híoc de réir bhrí Airteagal 85(3)(c)

(D°(C)

Tosaíocht 1

<type='S' input='C'>

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

<type='S' input='C'>

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type='S' input='C'>

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

 

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

DEARBHÚ

Tríd an iarratas ar íocaíocht seo a bhailíochtú, iarrann an fheidhm chuntasaíochta/an t‑údarás bainistíochta go n‑íocfaí na méideanna atá luaite thíos.

Thar ceann an chomhlachta atá freagrach as an bhfeidhm chuntasaíochta:

Thar ceann an údaráis bainistíochta atá freagrach as an bhfeidhm chuntasaíochta:

<type="S" input="G">

Iarratais ar íocaíocht

CISTE

 

Réigiúin bheagfhorbartha

Réigiúin trasdula

Réigiúin níos forbartha

Na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

(A)

(B)

(C)

(D)

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

___________________________________________________________________________________________________

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla:

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

Ciste

 

Méideanna

<type="S" input="G">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

<type="Cu" input="G">

CISTE

MÉID

<type="S" input="G">

<type="Cu" input="G">

Déanfar an íocaíocht ar an gcuntas bainc seo a leanas:

An comhlacht ainmnithe

<type="S" maxlength="150" input="G">

An banc

<type="S" maxlength="150" input="G">

BIC

<type="S" maxlength="11" input="G">

IBAN don chuntas bainc

<type="S" maxlength="34" input="G">

Sealbhóir an chuntais (murab ionann é agus an comhlacht ainmnithe)

<type="S" maxlength="150" input="G">

Aguisín: Faisnéis faoi ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 86 den Rialachán agus a cuireadh san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht (carnach ó thús an chláir)

 

An méid a áirítear sa iarratas ar íocaíocht agus a íocadh leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 86 (uasmhéid [25 %] de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir atá geallta do[n] [na h]ionstraim[í] airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha)

An méid imréitithe comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 86(3)(97)

(A)

(B)

(C)

(D)

Tosaíocht

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh go héifeachtach, nó, i gcás ráthaíochtaí, a gealladh, mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí Airteagal 86

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Tosaíocht 1

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha

is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha

is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha

is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla:

 

An méid a áirítear sa iarratas ar íocaíocht agus a íocadh leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 86 (uasmhéid [25 %] de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir atá geallta do[n] [na h]ionstraim[í] airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha)

An méid imréitithe comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 86(3)(98)

(A)

(B)

(C)

(D)

Tosaíocht

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh go héifeachtach, nó, i gcás ráthaíochtaí, a gealladh, mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí Airteagal 86

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Tosaíocht 1

 

 

 

 

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

 

An méid a áirítear sa iarratas ar íocaíocht agus a íocadh leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 86 (uasmhéid [25 %] de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir atá geallta do[n] [na h]ionstraim[í] airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha)

An méid imréitithe comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 86(3)(99)

(A)

(B)

(C)

(D)

 

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh go héifeachtach, nó, i gcás ráthaíochtaí, a gealladh, mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí Airteagal 86

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Cuspóir sonrach 1

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 2

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 3

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

IARSCRÍBHINN XX

Teimpléad do na cuntais – Airteagal 92(1)(a)

CUNTAIS DON BHLIAIN CHUNTASAÍOCHTA

<type="D" – type="D" input="S">

AN COIMISIÚN EORPACH

___________________________________________________________________________________________________

An Ciste lena mbaineann(100):

<type="S" input="S" > (101)

Tagairt an Choimisiúin (CCI)

<type="S" input="S">

Ainm an chláir:

<type="S" input="G">

Cinneadh ón gCoimisiún:

<type="S" input="G">

Dáta an Chinnidh ón gCoimisiún:

<type="D" input="G">

An leagan de na cuntais

<type="S" input="G">

An dáta a cuireadh na cuntais isteach

<type="D" input="G">

An tagairt náisiúnta (roghnach):

<type="S" maxlength="250" input="M">

______________________________________________________________________________________________

DEARBHÚ

Dearbhaíonn an t‑údarás bainistíochta atá freagrach as an gclár leis seo:

1)  go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor agus go gcomhlíonann an caiteachas a iontráladh sna cuntais an dlí is infheidhme agus gur caiteachas dleathach agus rialta é;

2)  go ndéantar na forálacha sna Rialachán Ciste-shonracha, in Airteagal 63(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [an Rialachán Airgeadais] agus i bpointe (a) go pointe (e) d’Airteagal 68 den Rialachán a urramú;

3)  go ndéantar na forálacha in Airteagal 76 maidir le hinfhaighteacht doiciméad a urramú.

Thar ceann an údaráis bainistíochta:

<type="S" input="G">

Aguisín 1: Méideanna arna n‑iontráil i gcórais chuntasaíochta na feidhme cuntasaíochta/an údaráis bainistíochta

Tosaíocht

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a chuireann an fheidhm chuntasaíochta i gcrích a cuireadh san áireamh in iarratais ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta de réir bhrí Airteagal 92(3)(a)

(A)

An méid don chúnamh teicniúil de réir bhrí Airteagal 85(3)(b)

(B)

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí a íocadh nó atá le híoc de réir bhrí Airteagal 92(3)(a)

(C)

Tosaíocht 1

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 4

 

 

 

Iomláin

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

Cuspóir sonrach

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta an údaráis bainistíochta agus a cuireadh san áireamh sna hiarratais eatramhacha ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

(A)

Méid iomlán an chaiteachais phoiblí comhfhreagraigh arna thabhú in oibríochtaí cur chun feidhme

(B)

Cuspóir sonrach 1

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 2

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

___________________________________________________________________________________________________

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla:

Tosaíocht

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a chuireann an fheidhm chuntasaíochta i gcrích a cuireadh san áireamh in iarratais ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta de réir bhrí Airteagal 92(3)(a)

(A)

An méid don chúnamh teicniúil de réir bhrí Airteagal 85(3)(b)

(B)

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí a íocadh nó atá le híoc de réir bhrí Airteagal 92(3)(a)

(C)

Tosaíocht 1

<type="Cu" input="M">

 

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="M">

 

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type="Cu" input="M">

 

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

 

<type="Cu" input="G">

Aguisín 2: Na méideanna arna n‑aistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta

Tosaíocht

AISTARRAINGTÍ

 

An méid iomlán caiteachas incháilithe atá san áireamh sna hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha

Ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach

 

(A)

(B)

Tosaíocht 1

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

 

 

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 4

 

 

Iomláin

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

MÓRIOMLÁN

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

An scoilt de na méideanna arna n‑aistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta de réir na bliana cuntasaíochta a fógraíodh an caiteachas comhfhreagrach

I ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh XX … (iomlán)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Go háirithe, óna ceartaíodh méideanna mar thoradh ar iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

I ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh … (iomlán)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Go háirithe, óna ceartaíodh méideanna mar thoradh ar iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla:

Tosaíocht

AISTARRAINGTÍ

 

An méid iomlán caiteachas incháilithe atá san áireamh in iarratais ar íocaíocht

Ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach

 

(A)

(B)

Tosaíocht 1

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

MÓRIOMLÁN

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

An scoilt de na méideanna arna n‑aistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta de réir na bliana cuntasaíochta a fógraíodh an caiteachas comhfhreagrach

I ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh XX … (iomlán)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Go háirithe, óna ceartaíodh méideanna mar thoradh ar iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

I ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh … (iomlán)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Go háirithe, óna ceartaíodh méideanna mar thoradh ar iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

Cuspóir sonrach

AISTARRAINGTÍ

 

An méid iomlán caiteachas incháilithe atá san áireamh in iarratais ar íocaíocht

Caiteachas poiblí comhfhreagrach

 

(A)

(B)

Cuspóir sonrach 1

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 2

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 3

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Iomláin

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

MÓRIOMLÁN

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

An scoilt de na méideanna arna n‑aistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta de réir na bliana cuntasaíochta a fógraíodh an caiteachas comhfhreagrach

I ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh … (iomlán)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Go háirithe, óna ceartaíodh méideanna mar thoradh ar iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

I ndáil leis an mbliain chuntasaíochta dar críoch 30 Meitheamh … (iomlán)

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Go háirithe, óna ceartaíodh méideanna mar thoradh ar iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Aguisín 2: Méideanna na ranníocaíochtaí cláir arna n‑íoc le hionstraimí airgeadais (carnach ó thús an chláir) – Airteagal 86

 

An méid a áirítear sa iarratas ar íocaíocht agus a íocadh leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 86 (uasmhéid [25 %] de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir atá geallta do[n] [na h]ionstraim[í] airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha)

An méid imréitithe comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 86(3)(102)

(A)

(B)

(C)

(D)

Tosaíocht

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh go héifeachtach, nó, i gcás ráthaíochtaí, a gealladh, mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí Airteagal 86

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Tosaíocht 1

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 4

 

 

 

 

Iomláin

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla:

 

An méid a áirítear sa iarratas ar íocaíocht agus a íocadh leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 86 (uasmhéid [25 %] de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir atá geallta do[n] [na h]ionstraim[í] airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha)

An méid imréitithe comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 86(3)(103)

(A)

(B)

(C)

(D)

Tosaíocht

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh go héifeachtach, nó, i gcás ráthaíochtaí, a gealladh, mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí Airteagal 86

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Tosaíocht 1

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Tosaíocht 3

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

 

An méid a áirítear sa iarratas ar íocaíocht agus a íocadh leis an ionstraim airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 86 (uasmhéid [25 %] de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir atá geallta do[n] [na h]ionstraim[í] airgeadais faoin gcomhaontú cistiúcháin ábhartha)

An méid imréitithe comhfhreagrach dá dtagraítear in Airteagal 86(3)(104)

(A)

(B)

(C)

(D)

 

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh le hionstraimí airgeadais

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Méid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh go héifeachtach, nó, i gcás ráthaíochtaí, a gealladh, mar chaiteachas incháilithe de réir bhrí Airteagal 86

Méid na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí

Cuspóir sonrach 1

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 2

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Cuspóir sonrach 3

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

Aguisín 4: Réiteach an chaiteachais – Airteagal 92

Tosaíocht

Caiteachas iomlán incháilithe atá san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

Caiteachas arna fhógairt i gcomhréir le hAirteagal 92 den Rialachán

Difríocht

Barúlacha (éigeantach má tá difríocht ann)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a íocadh nó atá le híoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta na feidhme cuntasaíochta agus a cuireadh san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

Méid iomlán na ranníocaíochta comhfhreagraí a rinneadh nó atá le déanamh in oibríochtaí cur chun feidhme

(E=A-C)

(F=B-D)

 

(A)

(B)

(C)

(D)

(E)

(F)

(G)

Tosaíocht 1

 

 

 

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Tosaíocht 2

 

 

 

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Tosaíocht 3

 

 

 

 

 

 

 

Iomláin

 

 

 

 

 

 

 

Réigiúin bheagfhorbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Réigiúin trasdula

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Réigiúin níos forbartha

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Na réigiúin is forimeallaí

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Óna ceartaíodh méideanna sna cuntais reatha de thoradh iniúchtaí ar oibríochtaí dá réir

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Infheidhme i gcás Cistí CTIL/CSI agus IBTV amháin

Cuspóir Sonrach

Caiteachas iomlán incháilithe atá san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

Caiteachas arna fhógairt i gcomhréir le hAirteagal 92 den Rialachán

Difríocht

Barúlacha (éigeantach má tá difríocht ann)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a íocadh nó atá le híoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta na feidhme cuntasaíochta agus a cuireadh san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

Méid iomlán na ranníocaíochta comhfhreagraí a rinneadh nó atá le déanamh in oibríochtaí cur chun feidhme

(E=A-C)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a íocadh nó atá le híoc in oibríochtaí cur chun feidhme

(A)

(B)

(C)

(D)

(E)

(A)

(B)

Cuspóir sonrach 1

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 4 [Tagairt d’Airteagal 14 agus d’Airteagal 15 de Rialachán CTIL]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Cuspóir sonrach 2

 

 

 

 

 

 

 

Cineál gníomhaíochta Uimh. 1 [Tagairt d’Airteagal 8(1) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 2 [Tagairt d’Airteagal 8(2) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Cineál gníomhaíochta Uimh. 3 [Tagairt d’Airteagal 8(3) agus 8(4) de Rialachán CTIL/CSI/IBTV]

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

ect

 

 

 

 

 

 

 

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Óna ceartaíodh méideanna sna cuntais reatha de thoradh iniúchtaí ar oibríochtaí dá réir

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

Déantar an teimpléad a choigeartú go huathoibríoch ar bhonn na huimhreach CCI. Mar shampla, i gcás na gclár nach bhfuil catagóirí réigiún san áireamh iontu (an Ciste Comhtháthaithe, CCE, CEMI, más infheidhme) nó i gcás na gclár nach modhnaíonn rátaí cómhaoinithe laistigh de thosaíocht (cuspóir sonrach), beidh an leagan amach seo a leanas ar an tábla:

Tosaíocht

Caiteachas iomlán incháilithe atá san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

Caiteachas arna fhógairt i gcomhréir le hAirteagal XX den Rialachán

Difríocht

Barúlacha (éigeantach má tá difríocht ann)

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán na ranníocaíochta poiblí a íocadh nó atá le híoc in oibríochtaí cur chun feidhme

Méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta na feidhme cuntasaíochta agus a cuireadh san áireamh sna hiarratais ar íocaíochtaí eatramhacha a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin

Méid iomlán na ranníocaíochta comhfhreagraí a rinneadh nó atá le déanamh in oibríochtaí cur chun feidhme

(E=A-C)

(F=B-D)

 

(A)

(B)

(C)

(D)

(E)

(F)

(G)

Tosaíocht 1

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Tosaíocht 2

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="S" maxlength="500" input="M">

Móriomlán

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

<type="Cu" input="G">

 

Óna ceartaíodh méideanna sna cuntais reatha de thoradh iniúchtaí ar oibríochtaí

<type="Cu" input="M">

<type="Cu" input="M">

 

IARSCRÍBHINN XXI

Leibhéal na gceartuithe airgeadais a shocrú: ceartuithe airgeadais eachtarshuite agus ráta comhréidh – Airteagal 98(1)

Eilimintí chun ceartú eachtarshuite a chur i bhfeidhm

I gcás ina bhfuil ceartuithe eachtarshuite airgeadais le cur i bhfeidhm, tá na torthaí ar an scrúdú ar an sampla ionadaíoch le heachtarshuíomh go dtí an chuid eile daonra ónar tarraingíodh an sampla chun críocha ceartú airgeadais a shocrú.

Eilimintí le meas agus ceartú ar ráta comhréidh á chur i bhfeidhm

(a)

a thromchúisí atá an t‑easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha i gcomhthéacs i gcomhthéacs an chórais bainistithe agus rialaithe ina iomláine;

(b)

minicíocht agus méid an easnaimh thromchúisigh/na n‑easnamh tromchúiseach;

(c)

méid an dochair airgeadais do bhuiséad an Aontais.

Déantar leibhéal an cheartaithe airgeadais ar ráta comhréidh a shocrú mar seo a leanas:

(a)

i gcás ina bhfuil an t‑easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha chomh bunúsach, chomh minic nó chomh forleathan sin gurb ionann é agus teip iomlán ar an gcóras a chuireann dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais uile lena mbaineann i mbaol, cuirfear ráta comhréidh 100 % i bhfeidhm;

(b)

i gcás ina bhfuil an t‑easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha chomh minic agus chomh forleathan sin gurb ionann é agus teip thar a bheith tromchúiseach ar an gcóras a chuireann dlíthiúlacht agus rialtacht sciar an-ard den chaiteachas lena mbaineann i mbaol, cuirfear ráta comhréidh 25 % i bhfeidhm;

(c)

i gcás arb é is cúis leis an easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha nach bhfuil an córas ag feidhmiú go hiomlán nó go bhfuil sé ag feidhm chomh dona nó chomh hannamh go gcuireann sé dlíthiúlacht agus rialtacht sciar ard den chaiteachas lena mbaineann i mbaol, cuirfear ráta comhréidh 10 % i bhfeidhm;

(d)

i gcás arb é is cúis leis an easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha nach bhfuil an córas ag feidhmiú go leanúnach sa chaoi go gcuireann sé dlíthiúlacht agus rialtacht sciar suntasach den chaiteachas lena mbaineann i mbaol, cuirfear ráta comhréidh 5 % i bhfeidhm;

I gcás ina ndéanfar an t‑easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha c(h)éanna a shainaithint i mbliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin toisc nach ndearna na húdaráis fhreagracha bearta ceartaitheacha tar éis ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm i mbliain chuntasaíochta, féadfar ráta an cheartaithe a mhéadú go dtí leibhéal nach mó ná leibhéal an chéad chatagóir eile is airde toisc go bhfuil an t‑easnamh tromchúiseach/na heasnaimh thromchúiseacha fós ann.

IARSCRÍBHINN XXII

Modheolaíocht maidir le leithdháileadh acmhainní uilíocha de réir Ballstáit – Airteagal 103(2)

An modh leithdháilte do na réigiúin bheagfhorbartha atá incháilithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis – Airteagal 102(2)(a)

1.  Is é a bheidh i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do na réigiúin incháilithe aonair atá aige, arna ríomh i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

a)  an dearbhmhéid in aghaidh na bliana (in EUR) a chinneadh trí líon na ndaoine sa réigiún lena mbaineann a iolrú faoin difríocht atá ann idir OTI per capita an réigiúin sin, arna thomhas de réir CCC (caighdeán cumhachta ceannaigh), agus meán-OTI per capita (in CCC) AE-27;

b)  cuirfear céatadán i bhfeidhm ar an dearbhmhéid thuasluaite chun imchlúdach airgeadais an réigiúin sin a chinneadh; céimneofar an céatadán sin chun rathúnas coibhneasta an Bhallstáit ina bhfuil an réigiún incháilithe a léiriú, arna thomhas de réir CCC, i gcomparáid le meán AE-27, i.e.:

i.  i gcás na réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN (ollioncam náisiúnta) per capita faoi bhun 82 % de mheán AE-27: 2,8 %

ii.  i gcás na réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita idir 82 % agus 99 % de mheán AE-27: 1,3 %

iii.  i gcás na réigiún i mBallstáit a bhfuil a leibhéal OIN per capita os cionn 99 % de mheán AE-27: 0,9 %

c)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (b), cuirfear leis, más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 500 in aghaidh an duine atá dífhostaithe in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine atá dífhostaithe sa réigiún sin atá níos mó ná an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh meánráta dífhostaíochta na réigiún beagfhorbartha uile á chur i bhfeidhm.

d)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (c), cuirfear leis, más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 500 in aghaidh an duine óig atá dífhostaithe (aoisghrúpa 15-24) in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine óga atá dífhostaithe sa réigiún sin atá níos mó ná an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh meánráta dífhostaíochta óige na réigiún beagfhorbartha uile á chur i bhfeidhm.

e)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (d), cuirfear leis, más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 250 in aghaidh an duine (aoisghrúpa 25-64) in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine sa réigiún sin ba ghá a bhaint chun teacht ar mhéanráta na réigiún beagfhorbartha uile do na daoine a bhfuil leibhéal íseal oideachais orthu (leibhéal níos lú ná bunoideachas, bunoideachas agus iar-bhunoideachas sóisearach);

f)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (e), cuirfear leis, más infheidhme, méid EUR 1 in aghaidh an na coibhéise tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana á chur i bhfeidhm ar chion an réigiúin den líon coibhéise tona dé-ocsaíde carbóin lena sáraíonn an Ballstát sprioc na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa lasmuigh den scéim trádála astaíochtaí arna shocrú don bhliain 2030 mar a mhol an Coimisiún in 2016;

g)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (d), cuirfear leis méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 400 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar sciar daonra an réigiún den imirce ghlan ó lasmuigh den Aontas Eorpach chuig an mBallstát ón 1 Eanáir 2013.

An modh leithdháilte do na réigiúin trasdula atá incháilithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis – Airteagal 102(2)(b)

2.  Is é a bheidh i leithdháileadh gach Ballstáit suim na leithdháiltí do na réigiúin incháilithe aonair atá aige, arna ríomh i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

a)  déine uasta agus íosta don chúnamh teoiriciúil a chinneadh do gach réigiún trasdula incháilithe. Is é meándéine cabhrach tosaigh per capita gach réigiún níos forbartha, i.e. EUR 18 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana, a chinnfidh an leibhéal íosta tacaíochta. Tagairt do réigiún teoiriciúil ag a bhfuil OTI in aghaidh an duine de 75 % de mheán AE-27 atá i leibhéal uasta na tacaíochta agus ríomhtar é trí leas a bhaint as an modh arna sainiú i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1. Den mhéid a fhaightear tríd an modh seo, cuirtear 60 % san áireamh;

b)  ríomh na leithdháiltí réigiúnacha tosaigh, agus OTI réigiúnach per capita (in CCC) á chur san áireamh trí idirshuíomh líneach OTI par capita coibhneasta an réigiúin i gcomparáid le AE-27;

c)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (b), cuirfear leis, más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 500 in aghaidh an duine atá dífhostaithe in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine atá dífhostaithe sa réigiún sin atá níos mó ná an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh meánráta dífhostaíochta na réigiún beagfhorbartha uile á chur i bhfeidhm.

d)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (c), cuirfear leis, más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 500 in aghaidh an duine óig atá dífhostaithe (aoisghrúpa 15-24) in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine óga atá dífhostaithe sa réigiún sin atá níos mó ná an líon a bheadh dífhostaithe dá mbeadh meánráta dífhostaíochta óige na réigiún beagfhorbartha uile á chur i bhfeidhm.

e)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (d), cuirfear leis, más infheidhme, méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 250 in aghaidh an duine (aoisghrúpa 25-64) in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar an líon daoine sa réigiún sin ba ghá a bhaint chun teacht ar mhéanráta na réigiún beagfhorbartha uile do na daoine a bhfuil leibhéal íseal oideachais orthu (leibhéal níos lú ná bunoideachas, bunoideachas agus iar-bhunoideachas sóisearach);

f)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (e), cuirfear leis, más infheidhme, méid EUR 1 in aghaidh an na coibhéise tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana á chur i bhfeidhm ar chion an réigiúin den líon coibhéise tona dé-ocsaíde carbóin lena sáraíonn an Ballstát sprioc na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa lasmuigh den scéim trádála astaíochtaí arna shocrú don bhliain 2030 mar a mhol an Coimisiún in 2016;

g)  an méid a fhaightear i gcomhréir le pointe (d), cuirfear leis méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 400 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar sciar daonra an réigiún den imirce ghlan ó lasmuigh den Aontas Eorpach chuig an mBallstát ón 1 Eanáir 2013.

An modh leithdháilte do na réigiúin níos forbartha atá incháilithe faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis – Airteagal 102(2)(c)

3.  Ríomhtar an t‑imchlúdach airgeadais teoiriciúil tosaigh iomlán trí dhéine cúnaimh in aghaidh an duine agus in aghaidh na bliana de EUR 18 a iolrú faoin daonra incháilithe.

4.  Is éard atá i sciar gach Ballstáit lena mbaineann suim sciaranna a réigiún incháilithe, a chinntear ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar atá léirithe:

a)  daonra réigiúnach iomlán (ualú 20 %),

b)  líon na ndaoine atá dífhostaithe i réigiúin leibhéal NUTS 2 a bhfuil ráta dífhostaíochta iontu atá níos airde ná an meán do na réigiúin níos forbartha uile (ualú 15 %),

c)  an fhostaíocht is gá a shuimiú chun an meánráta fostaíochta (20 go 64 bliana d’aois) atá ag na réigiúin níos forbartha uile a bhaint amach (ualú 20 %);

d)  an líon daoine idir 30 agus 34 bliana d'aois a bhfuil oideachas treasach bainte amach acu is gá a shuimiú chun an meánráta don leibhéal oideachas treasach (30 go 34 bliana d’aois) atá ag na réigiúin níos forbartha uile a bhaint amach (ualú 20 %),

e)  an líon luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna (18 go 24 bliana d'aois) is gá a dhealú an meánráta do luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna (18 go 24 bliana d’aois) atá ag na réigiúin níos forbartha uile a bhaint amach a bhaint amach (ualú 15 %);

f)  an difríocht idir OTI breathnaithe an réigiúin (arna thomhas in CCC) agus OTI réigiúnach teoiriciúil an réigiúin dá mbeadh OTI céanna in aghaidh an duine ag an réigiún agus atá ag an réigiún leibhéal NUTS 2 is mó rathúnas (ualú 7,5 %),

g)  daonra réigiúin leibhéal NUTS 3 ag a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12,5 áititheoir/km2 (ualú 2,5 %);

5.  Na méideanna de réir réigiún leibhéal NUTS 2 a fhaightear i gcomhréir le pointe (4), cuirfear leo, más infheidhme, méid EUR 1 in aghaidh an na coibhéise tona dé-ocsaíde carbóin in aghaidh na bliana á chur i bhfeidhm ar chion an réigiúin den líon coibhéise tona dé-ocsaíde carbóin lena sáraíonn an Ballstát sprioc na n‑astaíochtaí gás ceaptha teasa lasmuigh den scéim trádála astaíochtaí arna shocrú don bhliain 2030 mar a mhol an Coimisiún in 2016;

6.  Na méideanna de réir réigiún leibhéal NUTS 2 a fhaightear i gcomhréir le pointe (5), cuirfear leo méid a eascraíonn as leithdháileadh préimhe de EUR 400 in aghaidh an duine in aghaidh na bliana, á chur i bhfeidhm ar sciar daonra an réigiún den imirce ghlan ó lasmuigh den Aontas Eorpach chuig an mBallstát ón 1 Eanáir 2013.

An modh leithdháilte do na Ballstáit atá incháilithe don Chiste Comhtháthaithe –Airteagal 102(3)

7.  Gheofar an t‑imchlúdach airgeadais teoiriciúil tosaigh iomlán tríd an meándéine cúnaimh in aghaidh an duine agus in aghaidh na bliana de EUR 62,9 a iolrú faoin daonra incháilithe. Freagraíonn leithdháileadh gach Ballstáit den imchlúdach airgeadais teoiriciúil sin do chéatadán atá bunaithe ar an daonra atá ann, ar an achar dromchla agus ar an rathúnas náisiúnta, agus a gheofar trí na céimeanna seo a leanas a chur i bhfeidhm:

a)  an meán uimhríochtúil de sciaranna daonra agus achar dromchla an Bhallstáit sin a ríomh i gcomparáid le daonra iomlán agus achar dromchla iomlán na mBallstát incháilithe. Más rud é, áfach, gur mó sciar daonra iomláin Ballstáit ná a sciar den achar dromchla iomlán faoi fhachtóir a cúig nó níos mó ná sin, lena léirítear dlús fíor-ard daonra, ní úsáidfear ach an sciar den daonra iomlán don chéim seo;

b)  coigeartú na bhfigiúirí céatadáin a fhaightear ar an tslí sin trí chomhéifeacht ina léirítear aon trian den chéatadán ar mó nó ar lú OIN per capita an Bhallstáit (arna thomhas i bpaireachtaí cumhachta ceannaigh) don tréimhse 2014-2016 ná an meán-OIN per capita atá ag gach Ballstát incháilithe (meán curtha in iúl mar 100 %).

I gcás gach Ballstáit incháilithe, ní bheidh sciar an Chiste Chomhtháthaithe níos airde ná aon trian den leithdháileadh iomlán lúide an leithdháileadh sprioc na forbartha críochaí Eorpaí tar éis mír 10 go mír 16 a chur i bhfeidhm. An coigeartú sin, méadóidh sé gach aistriú eile a eascraíonn as mír 1 go mír 6 go comhréireach.

An modh leithdháilte do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh – Airteagal 9

8.  An leithdháileadh acmhainní ag Ballstát, a chumhdaíonn comhar trasteorann, trasnáisiúnta agus na réigiún is forimeallaí, déanfar é a chinneadh mar shuim ualaithe de na sciaranna arna gcinneadh ar bhonn na gcritéar seo a leanas, agus iad ualaithe mar atá léirithe:

a)  daonra iomlán na réigiún teorann talún ar leibhéal NUTS 3 uile agus na réigiúin ar leibhéal NUTS 3 eile ina bhfuil ar a laghad leath den daonra réigiúnach ina gcónaí laistigh de 25 chiliméadar den teorainn talún (ualú 36 %);

b)  an daonra ina gcónaí laistigh de 25 chiliméadar de na teorainneacha talún (ualú 24 %);

c)  daonra iomlán na mBallstáit (ualú 20 %);

d)  daonra iomlán na réigiún uile feadh cóstaí teorainn ar leibhéal NUTS 3 agus na réigiúin eile ar leibhéal NUTS 3 ina bhfuil ar a laghad leath den daonra réigiúnach ina gcónaí laistigh de 25 chiliméadar de na teorainneacha cósta (ualú 9,8 %);

e)  an daonra sna limistéir teorann muirí atá ina gcónaí laistigh de 25 chiliméadar de na himeallbhoird chósta (ualú 6,5 %);

f)  daonra iomlán na réigiún is forimeallaí (ualú 3,7 %).

An sciar den ghné trasteorann a fhreagraíonn do shuim ualuithe chritéar (a) agus chritéar (b). An sciar den ghné trasnáisiúnta a fhreagraíonn do shuim ualuithe chritéar (c), chritéar (d) agus chritéar (e). An sciar de chomhar na réigiúin is forimeallaí a fhreagraíonn d’ualú chritéar (f).

An modh leithdháilte don chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994 – Airteagal 104(1)(e)

9.  Déanfar leithdháileadh speisialta breise a fhreagraíonn do dhéine cúnaimh de EUR 30 in aghaidh an áititheora in aghaidh na bliana a leithdháileadh ar réigiúin leibhéal NUTS 2 is forimeallaí agus ar réigiúin leibhéal NUTS 2 thuaisceartacha is teirce daonra. Déanfar an leithdháileadh sin a dháileadh in aghaidh an réigiúin agus an Bhallstáit ar bhealach bheidh comhréireach le daonra iomlán na réigiún sin.

Leibhéil íosta agus uasta na n‑aistrithe ó na cistí a thacaíonn le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

10.  Chun rannchuidiú le díriú leordhóthanach an chistithe chomhtháite ar na réigiúin agus ar na Ballstáit is lú forbairt agus le laghdú na n‑éagothromaíochtaí i meándéiní cabhrach per capita, cinnfear an leibhéal uasta aistrithe (uasteorannú) ó na Cistí chuig gach ceann aonair de na Ballstáit mar chéatadán de OTI an Bhallstáit agus is iad seo a leanas na céatadáin:

a)  i gcás na mBallstát a bhfuil a leibhéal OIN per capita (in CCC) acu atá níos lú ná 60 % den mheán AE-27: 2,3 % dá OTI

b)  i gcás na mBallstát a bhfuil a leibhéal OIN per capita (in CCC) acu atá cothrom le nó níos mó ná 60 % agus níos lú ná 65 % den mheán AE-27: 1,85 % dá OTI

c)  i gcás na mBallstát a bhfuil a leibhéal OIN per capita (in CCC) acu atá níos mó ná 65 % den mheán AE-27: 1,55 % dá OTI.

Cuirfear an t‑uasteorannú i bhfeidhm ar bhonn bliantúil, agus laghdófar leis go comhréireach, más infheidhme, gach aistriú (seachas do na réigiúin níos forbartha agus don sprioc ‘comhar críochach Eorpach’) don Bhallstát lena mbaineann d'fhonn leibhéal uasta an aistrithe a bhaint amach.

11.  Ní féidir go mbeidh mar thoradh ar na rialacha a dtugtar tuairisc orthu i mír 10 go mbeidh leithdháiltí in aghaidh an Bhallstáit níos airde ná 108 % dá leibhéal i dtéarmaí iarbhíre do chlárthréimhse 2014-2020. Cuirfear an coigeartú sin i bhfeidhm go comhréireach ar gach aistriú (seachas don sprioc ‘forbairt chríochach Eorpach’) chuig na Ballstáit lena mbaineann chun an leibhéal uasta aistrithe a fháil.

12.  Beidh an leithdháileadh iomlán íosta ó na Cistí do Bhallstát ag freagairt do 76 % dá leithdháileadh iomlán aonair do 2014-2020. Déanfar na coigeartuithe is gá chun an ceanglas seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm go comhréireach maidir le leithdháiltí ó na Cistí, agus gan na leithdháiltí faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh á gcur san áireamh.

13.  Beidh an leithdháileadh iomlán uasta ó na Cistí i gcás Ballstáit a bhfuil OIN per capita (in CCC) de 120 % ar a laghad den mheán AE-27 ag freagairt dá leithdháileadh iomlán 2014-2020 aonair. Déanfar na coigeartuithe is gá chun an ceanglas seo a chomhlíonadh a chur i bhfeidhm go comhréireach maidir le leithdháiltí ó na Cistí, agus gan an leithdháileadh faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh á gcur san áireamh.

Forálacha breise

14.  I gcás na réigiún uile a aicmíodh mar réigiúin bheagfhorbartha sa chlárthréimhse 2014-2020, ach a bhfuil OTI per capita atá níos mó ná 75 % den mheán AE-27, beidh an leibhéal íosta tacaíochta faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis ag freagairt gach bliain ag freagairt do 60 % den mheán-leithdháileadh bliantúil táscach a bhí acu roimhe sin faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh post agus fáis, arna ríomh ag an gCoimisiún de réir chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020.

15.  Ní bhfaighidh aon réigiún trasdula níos lú ná mar a bhfaigheadh sé dá mba réigiún níos forbartha é.

16.  Déanfar EUR 60 000 000 san iomlán a leithdháileadh don chlár PEACE PLUS agus é ag feidhmiú ar mhaithe le síocháin agus le hathmhuintearas. Ina theannta sin, déanfar EUR 60 000 000 ar a laghad a leithdháileadh don chlár PEACE PLUS ón leithdháileadh d’Éirinn faoin sprioc ‘Comhar Críochach Eorpach’ (INTERREG) chun leanúint den chomhar trasteorann Thuaidh-Theas.

Mar thoradh ar mhír 1 go mír 16 a chur i bhfeidhm, déanfar leithdháiltí do na Ballstáit mar seo a leanas:

Praghsanna 2018

Praghsanna reatha

BE

2 443 732 247

2 754 198 305

BG

8 929 511 492

10 081 635 710

CZ

17 848 116 938

20 115 646 252

DK

573 517 899

646 380 972

DE

15 688 212 843

17 681 335 291

EE

2 914 906 456

3 285 233 245

IE

1 087 980 532

1 226 203 951

EL

19 239 335 692

21 696 841 512

ES

34 004 950 482

38 325 138 562

FR

16 022 440 880

18 058 025 615

HR

8 767 737 011

9 888 093 817

IT

38 564 071 866

43 463 477 430

CY

877 368 784

988 834 854

LV

4 262 268 627

4 812 229 539

LT

5 642 442 504

6 359 291 448

LU

64 879 682

73 122 377

HU

17 933 628 471

20 247 570 927

MT

596 961 418

672 802 893

NL

1 441 843 260

1 625 023 473

AT

1 279 708 248

1 442 289 880

PL

64 396 905 118

72 724 130 923

PT

21 171 877 482

23 861 676 803

RO

27 203 590 880

30 765 592 532

SI

3 073 103 392

3 463 528 447

SK

11 779 580 537

13 304 565 383

FI

1 604 638 379

1 808 501 037

SE

2 141 077 508

2 413 092 535

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 83.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 41.
(3) IO C 17, 14.1.2019, lch. 1.
(4) Tá an seasamh seo i gcomhréir leis na leasuithe a glacadh ar 13 Feabhra 2019 (Téacsanna a glacadh, P8_TA(2019)0096).
(5)IO C 62, 15.2.2019, lch. 83.
(6)IO C 86, 7.3.2019, lch. 41.
(7)IO C 17, 14.1.2019, lch. 1.
(8) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019.
(9)Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lch. 1).
(10) Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh, lena leasaítear Treoir 94/22/CE, Treoir 98/70/CE, Treoir 2009/31/CE, Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, Treoir 2009/73/CE, Treoir 2009/119/CE ón gComhairle, Treoir 2010/31/AE, Treoir 2012/27/AE, Treoir 2013/30/AE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (COM/2016/0759 - 2016/0375 (COD).
(11)Rialachán (AE) [...] maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh (IO L […], […], lch. […]).
(12) IO L 123, 12.5.2016, lch. 13.
(13)Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, p. 1).
(14)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
(15)Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
(16)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(17)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(18)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
(19)Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú. (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
(20)Rialachán (AE) Uimh. 868/2014 Uimh. 2066/2016 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2014 21 Samhain 2016 lena leasaítear na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 241, 13.8.2014, lch. 1).
(21)Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] maidir le [SCE] (IO L […], […], lch. […])
(22) An 7ú tuarascáil ón gCoimisiún maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, dar teideal ‘Mo réigiún, M’Eoraip, Ár dtodhchaí: An 7ú tuarascáil maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach’ (COM(2017)0583, 9 Deireadh Fómhair 2017).
(23)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(24)Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320).
(25)IO L , , lch. .
(26)IO L , , lch. .
(27)IO L , , lch. .
(28)IO L , , lch. .
(29)IO L , , lch. .
(30)IO L , , lch. .
(31)IO L , , lch. .
(32) IO L 352, 24.12.2013, lch. 1
(33) IO L 352, 24.12.2013, lch. 9.
(34) IO L 190, 28.6.2014, lch. 45.
(35)Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(36)Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críochach (IO L 210, 31.7.2006, lch. 19).
(37)Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 maidir leis an gcód iompair Eorpach i ndáil le comhpháirtíocht faoi chuimsiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lch. 1).
(38)Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).
(39)Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25).
(40)Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh airgeadais meántéarmach i leith chomharduithe íocaíochtaí na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002).
(41)Rialachán (AE) Uimh 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
(42)Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).
(43)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).
(44)Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 345, 31.12.2003, lch. 90).
(45)Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).
(46)Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n‑aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).
(47)Treoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 26, 28.1.2012, lch. 1).
(48)Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol (IO L 124, 25.4.2014, lch. 1).
(49)Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid lena mbunaítear saoráid lena gcuirtear cúnamh airgeadais meántéarma ar fáil do chomhardú íocaíochta na mBallstát (IO L 53, 23.2.2002, lch. 1).
(50)Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lch. 1).
(51)Le haghaidh cuspóir beartais 5, is féidir gach cód diminsin faoi chuspóir beartais 1 go cuspóir beartais 4 a roghnú, anuas orthu siúd atá liostaithe faoi chuspóir beartais 5.
(52)Cineálacha eile cur chuige arna ndéanamh faoi chuspóirí beartais seachas cuspóir beartais 5 agus nach bhfuil i bhfoirm ICC ná forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
(53)Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).
(54)IO [níor glacadh é go fóill]
(55) IO [níor glacadh é go fóill]
(56)Arna measúnú sa mheasúnú ar chumais bainistithe riosca a cheanglaítear faoi Airteagal 6(c) de Chinneadh 1313/2013
(57)Mar a sainmhínítear iad sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach "Towards a European Gigabit Society [I dtreo sochaí ghigighiotáin Eorpach]" - COM(2016)0587: https://ec.europa.eu/digital-single-market/en/policies/improving-connectivity-and-access
(58) I gcomhréir le hAirteagal 22 den [Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód Eorpach don Chumarsáid Leictreonach].
(59) Treoir 2014/61/AE
(60) Tagraíonn na huimhreacha sna lúibíní cearnacha do líon na gcarachtar
(61) Ach amháin le haghaidh cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c)(vii) 4(1)(xi) den Rialachán CSE+.
(62) Roimh an athbhreithniú meántéarma in 2025 do CFRE, do CSE+ agus do CC, miondealú do na blianta 2021 go 2025 amháin.
(63) Roimh an athbhreithniú meántéarma in 2025 do CFRE, do CSE+ agus do CC, miondealú do na blianta 2021 go 2025 amháin.
(64) Le haghaidh cláir atá teoranta don chuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c)(vii) 4(1)(xi) den Rialachán CSE+, agus na cláir sin amháin [Am. 410]
(65) Níl seo infheidhme ach i leith leasuithe ar chláir i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 21, RFC.
(66) Roimh an athbhreithniú meántéarma in 2025 do CFRE, do CSE+ agus do CC, leithreasuithe airgeadais do na blianta 2021 go 2025 amháin.
(67) Is féidir roinnt táscairí comhlántacha (mar shampla, táscaire aschuir amháin agus táscaire toraidh amháin) a bheith ann le haghaidh aon chineál oibríochta amháin Sna cásanna sin, ba cheart réimse 1.3 go réimse 1.11 a líonadh isteach le haghaidh gach táscaire.
(68) Tagraíonn an uimhir sna lúibíní cearnacha do líon na gcarachtar
(69) Is féidir roinnt táscairí comhlántacha (mar shampla, táscaire aschuir amháin agus táscaire toraidh amháin) a bheith ann le haghaidh aon chineál oibríochta amháin Sna cásanna sin, ba cheart réimse 1.3 go réimse 1.11 a líonadh isteach le haghaidh gach táscaire.
(70)Eochair le haghaidh tréithe na réimsí:cineál: N=Uimhir, D=Dáta, S=Teaghrán, C=Ticbhosca, P=Céatadán, B=Boole, Cu=Airgeadraionchur: M=De láimh, S=Roghnú, G=Ginte ag an gcóras
(71) Ní bhaineann seo ach le táscairí áirithe. Féach na treoirlínte ón gCoimisiún chun na sonraí a fháil.
(72) Eochair le haghaidh tréithe na réimsí: cineál: N=Uimhir, S=Teaghrán, C=Ticbhosca ionchur: M=De láimh, S=Roghnú, G=Ginte ag an gcóras
(73) Ní bhaineann seo ach le táscairí áirithe. Féach na treoirlínte ón gCoimisiún chun na sonraí a fháil.
(74) Eochair le haghaidh tréithe na réimsí: cineál: N=Uimhir, S=Teaghrán, C=Ticbhosca ionchur: M=De láimh, S=Roghnú, G=Ginte ag an gcóras
(75)Níor cheart a thaispeáint anseo ach an leithdháileadh sonrach do na réigiúin is forimeallaí / na réigiúin thuaisceartacha is teirce daonra
(76)Níor cheart a thaispeáint anseo ach an leithdháileadh sonrach do na réigiúin is forimeallaí.
(77) IO 2012/C 271/04 an 8/9/2012
(78) Treoir 1999/93/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le creat Comhphobail le haghaidh sínithe leictreonacha (IO L 13, 19.1.2000, lch. 12).
(79) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(80) Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (IO L 337, 18.12.2009, lch. 11)
(81) `Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(82) Cinneadh C(2006) 3602 ón gCoimisiún an 16 Lúnasa 2006 a bhaineann le slándáil na gcóras faisnéise arna n‑úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.
(83) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(84) Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí i dtaca le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, Treoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (IO L 337, 18.12.2009, lch. 11).
(85) Treoir 1995/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (IO L 281, 23.11.1995, lch. 31).
(86) An fheidhm chuntasaíochta san áireamh i gcás na gcistí CTIL, CSI agus CBCT toisc gurb é an t‑údarás bainistíochta atá freagrach aisti i gcomhréir le hAirteagal 66(3)
(87) An fheidhm chuntasaíochta san áireamh i gcás na gcistí CTIL, CSI agus CBCT toisc gurb é an t‑údarás bainistíochta atá freagrach aisti i gcomhréir le hAirteagal 66(3)
(88) Lena n‑áirítear chun críocha na gclár Interreg nach dtagann faoin sampla bliantúil le haghaidh iniúchtaí ar oibríochtaí atá le tarraingt ag an gCoimisiún mar a leagtar amach in Airteagal 48 de Rialachán CCE.
(89) Seachas do na cláir Interreg nach dtagann faoin sampla bliantúil le haghaidh iniúchtaí oibríochta atá le tarraingt ag an gCoimisiún mar a fhoráiltear in Airteagal 48 de Rialachán CCE áit nárbh fhéadfaidh an caiteachas sna cuntais ar iarradh aisíocaíocht ina leith a sheiceáil sa bhliain chuntasaíochta atá i gceist.
(90) Randamach, córasach, aimhrialta
(91) Mar shampla: incháilitheacht, soláthar poiblí, Státchabhair
(92) Tá an ráta earráidí sraithe le nochtadh ina cuireadh srathú i bhfeidhm, a chumhdaíonn fo-dhaonraí a bhfuil tréithe cosúla acu amhail oibríochtaí arb é atá iontu ranníocaíochtaí ó chlár le hionstraimí airgeadais, le míreanna ardluacha, le Cistí (i gcás cláir il-Chistí).
(93) Má bhaineann an clár le níos mó ná ciste amháin, ba cheart iarratas ar íocaíocht a sheoladh ar leithligh le haghaidh gach ciste.
(94)Eochracha:cineál: N=Uimhir, D=Dáta, S=Teaghrán, C=Ticbhosca, P=Céatadán, B=Boole, Cu=Airgeadraionchur: M=De láimh, S=Roghnú, G=Ginte ag an gcóras
(95)An chéad lán den bhliain chuntasaíochta, arna iontráil go huathoibríoch ag an gcóras leictreonach.
(96)I gcás CEMI ní bhaineann an cómhaoiniú ach le “Caiteachas iomlán poiblí incháilithe”. Dá bhrí sin, i gcás CEMI, déanfar an bonn don ríomh sa teimpléad seo a athrú go “Poiblí” go huathoibríoch.
(97) Ní bheidh an méid sin san áireamh san iarratas ar íocaíocht.
(98) Ní bheidh an méid sin san áireamh san iarratas ar íocaíocht.
(99)Ní bheidh an méid sin san áireamh san iarratas ar íocaíocht.
(100) Má bhaineann an clár le níos mó ná ciste amháin, ba cheart cuntais t a sheoladh ar leithligh le haghaidh gach ciste.
(101)Eochracha:cineál: N=Uimhir, D=Dáta, S=Teaghrán, C=Ticbhosca, P=Céatadán, B=Boole, Cu=Airgeadraionchur: M=De láimh, S=Roghnú, G=Ginte ag an gcóras
(102)Ní bheidh an méid sin san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht
(103)Ní bheidh an méid sin san áireamh sna hiarratais ar íocaíocht
(104)Ní bheidh an méid sin san áireamh san iarratas ar íocaíocht.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais