Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0191(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0111/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0111/2019

Díospóireachtaí :

PV 28/03/2019 - 5
CRE 28/03/2019 - 5

Vótaí :

PV 28/03/2019 - 8.6
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0324

Téacsanna atá glactha
PDF 353kWORD 113k
Déardaoin, 28 Márta 2019 - Strasbourg
‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, oiliúint, an óige agus an spórt ***I
P8_TA(2019)0324A8-0111/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (COM(2018)0367 – C8-0233/2018 – 2018/0191(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0367),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 165(4) agus d’Airteagal 166(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic a Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0233/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A8-0111/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag formheas a ráitis atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 194.
(2) IO C 168, 16.5.2019, lch. 49.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 28 Márta 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) …/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ‘Erasmus' ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 [Leasú 1 This amendment applies throughout the text]
P8_TC1-COD(2018)0191

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 165(4) agus Airteagal 166(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  I gcomhthéacs athruithe meara agus móra arna spreagadh ag réabhlóid theicneolaíoch agus ag domhandú, Infheistiú i soghluaisteacht foghlama do chách, gan beann ar chúlra sóisialta nó cultúrtha agus beag beann ar acmhainn, agus freisin i gcomhar agus i bhforbairt ar bheartas nuálaíoch sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt chun sochaithe cuimsitheacha, daonlathacha, comhtháite agus athléimneacha a chothú agus iomaíochas an Aontais a bhuanú, agus rannchuidiú le neartú fhéiniúlacht, phrionsabail agus luachanna na hEorpa, agus le hAontas níos daonlathaí. [Leasú 2]

(2)  Chuir an Coimisiún a fhís i láthair ina Theachtaireacht maidir leis an bhFéiniúlacht Eorpach a Neartú trí Oideachas agus Cultúr an 14 Samhain 2017, obair chun Limistéar Oideachais Eorpach a bhunú faoi 2025, ina mbeadh foghlaim saor ó bhac teorainneacha; Mór-roinn ina mbeadh sé ina ghnáth‑nós seal a chaitheamh i mBallstát eile - chun críocha staidéir, foghlama agus oibre - agus anuas ar mháthair-theanga an duine, ba norm é dhá theanga eile a labhairt; Aontas ina bhfuil braistint láidir ag daoine ar a bhféiniúlacht féin mar Eorpaigh, ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus ar an éagsúlacht lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, chuir an Coimisiún béim ar an ngá clár Erasmus+, ar a bhfuil seantaithí, a neartú i ngach catagóir foghlaimeoirí atá cuimsithe leis cheana agus for-rochtain a dhéanamh ar fhoghlaimeoirí a bhfuil líon níos lú deiseanna acu.

(3)  Léirítear tábhacht an oideachais, na hoiliúna agus na hóige do thodhchaí an Aontais i dTeachtaireacht an Choimisiúin an 14 Feabhra 2018 dar teideal “Creat Airgeadais Ilbhliantúil nua-aimseartha nua lena mbaintear amach a thosaíochtaí don tréimhse iar-2020 go héifeachtúil”(4), agus lena leagtar béim ar an ngá na gealltanais a rinne na Ballstáit ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg a chur i gcrích, lena n‑áirítear trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme go hiomlán(5) i dteannta lena chéad phrionsabal maidir le hoideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil. Leagann an Teachtaireacht béim ar an ngá cur le soghluaisteacht agus le malairtí, lena n‑áirítear trí chlár cuimsitheach sínte atá neartaithe go mór, de réir mar a d’iarr an Chomhairle Eorpach ina chonclúidí an 14 Nollaig 2017.

(4)  Leagtar síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh go sollúnta agus a síníodh an 17 Samhain 2017 ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún, mar chéad phrionsabal de, go bhfuil an ceart ag cách ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach d’fhonn scileanna a chothabháil agus a fháil ionas gur féidir leo rannpháirtiú go hiomlán sa tsochaí agus aistrithe sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil. Tugtar soiléiriú freisin i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta ar thábhacht an oideachais luath-óige ar cháilíocht mhaith agus ar a thábhachtaí atá sé comhdheiseanna do chách a áirithiú.[Leasú 3]

(5)  An 16 Meán Fómhair 2016 sa Bhratasláiv, leag ceannairí seacht gcinn is fiche de na Ballstáit béim ar a dtiomantas deiseanna níos fearr a chur ar fáil don óige. I nDearbhú na Róimhe a síníodh an 25 Márta 2017, gheall ceannairí seacht gcinn is fiche de na Ballstáit agus ceannairí na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh go n-oibreoidís i dtreo Aontas ina gcuirfí scoth an oideachais agus na hoiliúna ar dhaoine óga agus ina bhféadfaidís staidéar a dhéanamh agus poist a aimsiú ó cheann ceann na mór-roinne; Aontas a chaomhnóidh ár n-oidhreacht chultúrtha agus a chuirfidh an éagsúlacht chultúrtha chun cinn; Aontas a throidfidh in aghaidh na dífhostaíochta, an idirdhealaithe, an eisiaimh shóisialta agus na bochtaineachta. [Leasú 4]

(6)  Dearbhaíodh i dtuarascáil meastóireachta meántéarma chlár Erasmus+ 2014-2020 go raibh simpliú, cuíchóiriú agus sineirgí nach beag maidir le bainistiú an Chláir mar thoradh ar chruthú cláir aonair maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt cé go bhfuil tuilleadh feabhsúchán riachtanach chun gnóthachain éifeachtúlachta Chlár 2014-2020 a chomhdhlúthú a thuilleadh. Sna comhairliúcháin don mheastóireacht meántéarma agus maidir le Clár na todhchaí, d’iarr na Ballstáit agus na geallsealbhóirí go mbeadh leanúnachas i raon feidhme, struchtúr agus sásraí seachadta an Chláir, agus d’iarr siad roinnt feabhsúchán a dhéanamh freisin, amhail an Clár a dhéanamh níos cuimsithí, níos simplí agus níos sobhainistithe do thairbhithe beaga agus do thionscadail bheaga. Léirigh siad freisin lán a dtacaíochta le haghaidh an Clár a choimeád comhtháite agus paraidím na foghlama ar feadh an tsaoil mar bhonn taca leis. Chuir Parlaimint na hEorpa fáilte, ina Rún an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chun feidhme Erasmus+, roimh struchtúr comhtháite an chláir agus d’iarr sí ar an gCoimisiún gné na foghlama ar feadh an tsaoil de chuid an chláir a shaothrú go hiomlán trí chomhar trasearnála a chothú agus a spreagadh i gclár na todhchaí. Rinne an Coimisiún, ina mheasúnú tionchair, na Ballstáit agus na páirtithe leasmhara aibhsiú ar an ngá gné idirnáisiúnta an Chláir a neartú a thuilleadh agus í a shíneadh chuig earnálacha eile an oideachais agus na hoiliúna, agus chuig an óige agus an spórt chomh maith. [Leasú 5]

(7)  Dearbhaíodh na príomhthorthaí sin de bhun an chomhairliúcháin phoiblí oscailte faoi mhaoiniú ón Aontas sna réimsí maidir le luachanna agus soghluaisteacht agus cuireadh béim ar an ngá clár na todhchaí a iompú ina chlár níos cuimsithí agus chun leanúint ar aghaidh ag díriú tosaíochtaí ar chórais oideachais agus oiliúna a nuachóiriú agus tosaíochtaí a neartú maidir le féiniúlacht Eorpach a chothú, saoránacht ghníomhach agus rannpháirteachas sa saol daonlathach.

(7a)  I dTuarascáil Speisialta Uimh. 22/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Iúil 2018 maidir le Erasmus+(6), cuireadh i bhfios go bhfuil breisluach Eorpach follasach ag gabháil leis an gClár, ach nach bhfuil aird leormhaith á tabhairt ar gach gné den bhreisluach sin, amhail braistint níos mó ar an bhféiniúlacht Eorpach nó ilteangachas feabhsaithe, ná nach bhfuil gach gné de á thomhas go leormhaith. Mheas an Chúirt gur cheart a áirithiú leis an gcéad Chlár eile gur fearr a bheidh táscairí ailínithe le cuspóirí an Chláir chun measúnú cuí ar fheidhmíocht a áirithiú. Tugadh ar aird freisin i dtuarascáil na Cúirte go bhfuil ualaí riaracháin ró-ard i gcónaí, in ainneoin na n-iarrachtaí maidir le simpliú i gClár 2014-2020, agus moladh, dá bhrí sin, go ndéanfadh an Coimisiún nósanna imeachta an Chláir a shimpliú a thuilleadh, go háirithe nósanna imeachta um chur i bhfeidhm agus ceanglais tuairiscithe, agus go bhfeabhsódh sé uirlisí TF. [Leasú 6]

(8)  D’iarr an Coimisiún go ndéanfaí infheistíocht níos mó i ndaoine agus go gcuirfí fócas níos láidre ar “an óige” sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile ina Theachtaireacht maidir le ‘Buiséad nua-aimseartha le haghaidh Aontas a chumhdaíonn, a chumhachtaíonn agus a chosnaíonn - an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027’(7)26 a glacadh an 2 Bealtaine 2018, agus d’aithin sé go bhfuil Clár Erasmus+ ar cheann de na scéalta ratha is sofheicthe de chuid an Aontais. In ainneoin an ratha fhoriomláin sin, fós níorbh fhéidir freastal a dhéanamh, faoi Chlár 2014-2020, ar an éileamh ard ar chistiú agus bhí an Clár thíos le rátaí ísle rathúlachta tionscadail. Chun na heasnaimh sin a leigheas, is gá an buiséad a mhéadú don Chlár a thiocfaidh i gcomharbacht ar Chlár 2014-2020. Thairis sin, is é is aidhm leis an gClár a thiocfaidh i gcomharbacht a bheith níos cuimsithí trí theagmháil a dhéanamh le níos mó daoine a bhfuil níos lú deiseanna acu, agus ionchorpraítear roinnt tionscnaimh nua uaillmhianacha ann. Dá bhrí sin, is gá, faoi mar a chuir Parlaimint na hEorpa i bhfáth sa rún uaithi an 14 Márta 2018 maidir leis an gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, an buiséad a mhéadú faoi thrí, i bpraghsanna seasta, don Chlár a thiocfaidh i gcomharbacht le hais an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020. [Leasú 7]

(9)  Sa chomhthéacs sin, tá sé riachtanach an clár maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt (an ‘Clár’) a bhunú a thiocfaidh i gcomharbacht ar chlár Erasmus + 2014-2020 a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8)27. Ba cheart cineál comhtháite chlár 2014-2020 lena gclúdaítear foghlaim i ngach comhthéacs - foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, agus ag gach céim den saol - a threisiú chun cur chuige i leith na foghlama ar feadh an tsaoil a áirithiú agus chun borradh a chur faoi rianta foghlama solúbtha, rud a ligfeadh do dhaoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí sin atá riachtanach chun forbairt mar dhaoine aonair, chun dul i ngleic le dúshláin an aonú haois is fiche agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as deiseanna an aonú haois is fiche a fháil. Le cur chuige den sórt sin, ba cheart aitheantas a thabhairt don luach atá ar ghníomhaíochtaí oideachais sheachfhoirmiúil agus gníomhaíochtaí oideachais neamhfhoirmiúil, agus do na naisc atá eatarthu. [Leasú 8]

(10)  Ba cheart go mbeadh an Clár feistithe ionas go mbeidh sé ina rannchuiditheoir níos tábhachtaí le cur chun feidhme chuspóirí agus thosaíochtaí beartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt. Tá cur chuige comhleanúnach foghlama ar feadh an tsaoil lárnach chun na haistrithe éagsúla a mbeidh ar dhaoine dul i ngleic leo i gcaitheamh a saolré a bhainistiú, go háirithe daoine scothaosta nach mór dóibh scileanna nua saoil nó scileanna le haghaidh éabhlóid sa mhargadh saothair a fhoghlaim. Ba cheart cur chuige den sórt sin a spreagadh trí chomhar éifeachtach trasearnála agus trí idirghníomhaíocht níos mó idir cineálacha éagsúla oideachais. Agus an cur chuige sin á fhorbairt, ba cheart don chéad Chlár eile dlúthchaidreamh a chothabháil leis an gcreat straitéiseach foriomlán le haghaidh comhar idir beartais an Aontais sa réimse maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige, lena n-áirítear na cláir oibre beartais maidir le scoileanna, ardoideachas, gairmoideachas agus gairmoiliúint agus foghlaim aosach, agus sineirgí nua a atreisiú agus a fhorbairt le cláir agus le réimsí beartais eile de chuid an Aontais atá gaolmhar. [Leasú 9]

(10a)  Maidir le heagraíochtaí a oibríonn i gcomhthéacs trasteorann, is tábhachtach an rannchuidiú a dhéanann siad le gné thrasnáisiúnta agus idirnáisiúnta an Chláir. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a sholáthar faoin gClár, i gcás inarb infheidhme, do líonraí ar leibhéal an Aontais agus d’eagraíochtaí Eorpacha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta a mbaineann a ngníomhaíochtaí le cuspóirí an Chláir agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí sin a bhaint amach. [Leasú 10]

(11)  Is príomh-chomhpháirt é an Clár chun Limistéar Oideachais Eorpach a thógáil agus chun na príomhinniúlachtaí a fhorbairt don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, faoi mar a leagtar amach i Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil(9), faoi 2025. Ba cheart go mbeadh sé feistithe chun rannchuidiú le comharba an chreata straitéisigh maidir le comhar in oideachas agus in oiliúint agus leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip28 (10)trí thiomantas comhroinnte maidir le tábhacht straitéiseach scileanna, inniúlachtaí agus eolais le haghaidh poist, fás, iomaíochas, inniúlacht agus comhtháthú sóisialta a chothabháil agus a chruthú. Ba cheart dó tacú leis na Ballstáit for-rochtain a fháil ar na spriocanna atá leagtha amach i nDearbhú Pháras maidir leis an tsaoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas(11). [Leasú 11]

(12)  Ba cheart go mbeidh an Clár comhleanúnach le straitéis nua óige an Aontais Eorpaigh(12), leis an gcreat um chomhar Eorpach i réimse na hóige don tréimhse 2019-2027, bunaithe ar Theachtaireacht an Choimisiúin an 22 Bealtaine 2018 maidir le “Dul i ngleic agus nascadh le daoine óga agus cumhacht a thabhairt dóibh: Straitéis Óige nua an Aontais Eorpaigh'(13), lena n-áirítear aidhm na Straitéise maidir le tacú le hobair ardcháilíochta don óige agus le foghlaim sheachfhoirmiúil. [Leasú 12]

(13)  Ba cheart go gcuirfeadh an Clár plean oibre an Aontais le haghaidh spóirt san áireamh, ar creat comhair é ar leibhéal an Aontais i réimse an spóirt do na blianta […](14)32. Ba cheart comhleanúnachas agus comhlántacht a áirithiú idir an plean oibre agus na bearta de chuid an Aontais faoin gClár i réimse an spóirt. Is gá díriú go háirithe ar spóirt an phobail, ag cur san áireamh an ról tábhachtach a bhíonn ag spóirt gníomhaíocht fhisiciúil agus stíl bheatha shláintiúil, caidreamh idirphearsanta, cuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn. Níor cheart go mbeadh an Clár ina thacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta ach i gcomhthéacs spórt an phobail, agus sin do dhaoine óga a imríonn spórt eagraithe ar bhonn rialta agus do bhaill foirne spóirt. Tá sé tábhachtach a aithint freisin gur féidir le baill foirne spóirt a bheith ina ngairmithe, sa mhéid go saothraíonn siad a mbeatha tríd an spórt agus, san am céanna, gur féidir leo a bheith rannpháirteach i spórt an phobail. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gníomhaíochtaí soghluaisteachta oscailte don ghrúpa sin freisin. Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú le luachanna comhchoiteanna Eorpacha a chur chun cinn tríd an spórt, trí dhea-rialachas agus ionracas sa spórt, tríd an inbhuanaitheacht agus trí dea-chleachtais chomhshaoil sa spórt, mar aon le hoideachas, oiliúint agus scileanna sa spórt agus trína bhíthin. Ba cheart go bhféadfadh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear institiúidí oideachais agus oiliúna, páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíochtaí, i gcomhar agus in idirphlé beartais i réimse an spóirt. [Leasú 13]

(14)  Ba cheart go rannchuideodh an Clár le neartú acmhainneacht nuálaíochta an Aontais go háirithe trí thacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair lena gcothaítear forbairt scileanna agus inniúlachtaí i réimsí staidéir nó i ndisciplíní réamhbhreathnaitheacha amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, na healaíona, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (STEAM), an t-athrú aeráide, cosaint an chomhshaoil, an fhorbairt inbhuanaithe, an fuinneamh glan, intleacht shaorga, róbataic, anailísiú sonraí, dearadh agus ailtireacht, agus litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin, chun cuidiú le daoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí atá ag teastáil don todhchaí a fhorbairt. [Leasú 14]

(14a)  Ag teacht leis an misean atá aige nuálaíocht a spreagadh san oideachas agus san oiliúint, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le forbairt straitéisí oideachasúla agus foghlama atá dírithe ar leanaí tréitheacha agus a bhfuil bua iontu, beag beann ar a náisiúntacht, a stádas socheacnamaíoch nó a n-inscne. [Leasú 15]

(14b)  Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú leis an obair leantach ar Bhliain Eorpach na hOidhreachta Cultúrtha, trí thacú le gníomhaíochtaí atá ceaptha forbairt a dhéanamh ar na scileanna is gá chun oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a chaomhnú, agus atá ceaptha na deiseanna oideachais arna dtabhairt ag earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta a shaothrú ina n-iomláineoffers. [Leasú 16]

(15)  Ba cheart go n-áiritheodh sineirgí le Fís Eorpach go n-úsáidfear na hacmhainní comhcheangailte ón gClár agus ó Chlár ‘Fís Eorpach’(15)33 chun tacú le gníomhaíochtaí atá tiomanta d’institiúidí ardoideachais Eorpacha a neartú agus a nuachóiriú. Go sonrach, comhlánóidh Fís Eorpach tacaíocht an Chláir do ghníomhaíochtaí agus tionscnaimh a léiríonn gné thaighde, amhail tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, mar chuid de straitéisí nua comhpháirteacha, comhtháite fadtéarma agus inbhuanaithe a fhorbairt maidir le hoideachas, taighde agus nuálaíocht. Cuideoidh sineirgí le Fís Eorpach comhtháthú oideachais agus taighde, go háirithe in institiúidí ardoideachais, a chothú. [Leasú 17]

(16)  Ba cheart go mbeadh an Clár níos cuimsithí trí fheabhas a chur ar a rátaí rannpháirtíochta i measc daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. Tá sé tábhachtach a aithint go bhféadfadh sé go bhfuil cúiseanna éagsúla le leibhéil ísle rannpháirtíochta i measc daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus go bhféadfadh sé go mbíonn na leibhéil sin ag brath ar chomhthéacsanna náisiúnta éagsúla. Dá bhrí sin, ba cheart do na gníomhaireachtaí náisiúnta, laistigh de chreat uile-Aontais, forbairt a dhéanamh ar straitéisí cuimsithe lena ngabhfadh bearta chun feabhas a chur ar fhor-rochtain, chun nósanna imeachta a shimpliú, chun oiliúint a thairiscint agus chun tacú le héifeachtúlacht agus faireachán a dhéanamh uirthi. Ba cheart úsáid a bhaint as sásraí eile chun feabhas a chur ar an gcuimsiú, lena n-áirítear trí fhormáidí soghluaisteachta foghlama níos solúbtha a sholáthar, ag teacht le riachtanais na ndaoine sin a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, agus trí rannpháirtíocht na n-eagraíochtaí beaga agus áitiúla a chothú, go háirithe nuatheachtaithe agus eagraíochtaí pobail a oibríonn go díreach le foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste ó gach aoisghrúpa. [Leasú 18]

(16a)  I gcás nach bhféadfaidh daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu páirt a ghlacadh sa Chlár, ar chúiseanna airgeadais, bíodh sin mar gheall ar an staid eacnamaíoch ina bhfuil siad nó mar gheall ar na costais níos airde a bhaineann lena rannpháirtíocht sa Chlár mar gheall ar a gcás sonrach, mar a tharlaíonn go minic i gcás daoine faoi mhíchumas, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear bearta leormhaithe tacaíochta airgeadais ar bun. Féadfar a áireamh ar na bearta sin ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, scéimeanna náisiúnta, nó coigeartuithe nó breisithe deontais tríd an gClár. Ba cheart critéir oibiachtúla a úsáid agus measúnú á dhéanamh ar cibé nach bhféadfaidh daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu páirt a ghlacadh sa Chlár, ar chúiseanna airgeadais, agus ar leibhéal na tacaíochta atá ag teastáil uathu. Níor cheart go mbeadh na costais bhreise ar bhearta chun cuimsiú a éascú a bheith ina bhforais riamh chun diúltú d’iarratas. [Leasú 19]

(16b)  Ba cheart an Clár a bheith dírithe i gcónaí ar thacú le soghluaisteacht fhisiciúil foghlama agus ba cheart go gcruthófaí níos mó deiseanna leis an gClár do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu chun tairbhiú de ghníomhaíochtaí maidir le soghluaisteacht fhisiciúil foghlama. Ba cheart a aithint, san am céanna, go bhféadfar soghluaisteacht fhisiciúil foghlama a chomhlánú go héifeachtach agus a héifeachtacht a uasmhéadú le formáidí fíorúla, amhail comhar fíorúil, foghlaim chumaisc agus foghlaim fhíorúil. I gcásanna eisceachtúla nach bhféadfaidh daoine páirt a ghlacadh i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta, féadfar a chur ar a gcumas, a bhuí le formáidí fíorúla, leas a bhaint as buntáistí an Chláir ar bhealach atá costéifeachtach agus nuálach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú freisin le formáidí agus uirlisí fíorúla den sórt sin. Maidir le formáidí agus uirlisí fíorúla den sórt sin, go háirithe iad siúd a úsáidtear le haghaidh foghlaim teangacha, ba cheart iad a chur ar fáil don phobal chomh forleathan agus is féidir. [Leasú 20]

(16c)  I gcomhréir le hoibleagáidí an Aontais agus na mBallstát faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe Airteagal 9 de maidir le hinrochtaineacht agus Airteagal 24 de maidir le hoideachas, ba cheart aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go mbeidh an rochtain chéanna saor ó bhacainní ar an gClár ag daoine faoi mhíchumas. Chun na críche sin, ba cheart tacaíocht bhreise, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, a sholáthar i gcás inar gá. [Leasú 21]

(16d)  Maidir le constaicí dlí agus riaracháin, amhail deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaí a fháil agus rochtain a fháil ar sheirbhísí tacaíochta, go háirithe seirbhísí sláinte, is féidir leo a bheith ina mbac ar rochtain ar an gClár. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit na bearta uile is gá a ghlacadh chun na constaicí sin a bhaint, agus dlí an Aontais á chomhlíonadh ina iomláine, agus chun malartuithe trasteorann a éascú, mar shampla tríd an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte a eisiúint. [Leasú 22]

(17)  Thug an Coimisiún chun suntais ina Theachtaireacht maidir leis an bhféiniúlacht Eorpach a neartú trí oideachas agus cultúr, ról lárnach an oideachais, an chultúir agus an spóirt maidir le saoránacht ghníomhach, luachanna comhchoiteanna braistint ar an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn i measc na nglún is óige. Tá sé ríthábhachtach do thodhchaí na hEorpa agus ár sochaithe daonlathacha an fhéiniúlacht Eorpach a neartú agus rannpháirteachas gníomhach daoine aonair agus na sochaí sibhialta i bpróisis dhaonlathacha a chothú. Rannchuidíonn dul thar lear chun staidéar, foghlaim, obair a dhéanamh nó chun oiliúint a fháil nó chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí óige agus spóirt le neartú na féiniúlachta Eorpaí seo i lán a héagsúlachta agus le neartú bhraistint an pháirteachais i bpobal cultúrtha agus chun saoránacht ghníomhach, comhtháthú sóisialta agus smaointeoireacht chriticiúil a chothú i measc daoine ó gach aoisghrúpa. Ba cheart dóibh siúd atá páirteach i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta rannpháirtíocht a ghlacadh ina bpobail áitiúla agus chun rannpháirtiú i bpobail áitiúla a dtíre óstaí chun a dtaithí a chomhroinnt. Ba cheart tacú le gníomhaíochtaí a bhaineann le hatreisiú ghnéithe uile na cruthaitheachta maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige agus feabhsú príomhinniúlachtaí aonair. [Leasú 23]

(17a)  Tá sé tábhachtach go dtabharfar breisluach Eorpach faoin gClár. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh gníomhartha agus gníomhaíochtaí incháilithe do chistiú faoin gClár mura rud é go bhféadfaidh siad breisluach Eorpach féideartha a léiriú. Ba cheart go bhféadfaí breisluach Eorpach a léiriú ar roinnt bealaí, trí chineál trasnáisiúnta na ngníomhaíochtaí, mar shampla, a gcomhlántacht agus sineirgí le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais, an méid a rannchuidíonn siad le húsáid éifeachtach uirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais, an méid a rannchuidíonn siad le forbairt chaighdeáin deimhnithe cáilíochta uile-Aontais, an méid a rannchuidíonn siad le forbairt chaighdeáin choiteanna uile-Aontais i gcláir oideachais agus oiliúna, an méid a dhéanann siad chun ilteangachas agus idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh a chur chun cinn, an méid a chothaíonn siad braistint Eorpach ar an rud is muintearas ann agus an méid a neartaíonn siad saoránacht na hEorpa. [Leasú 24]

(18)  Ba cheart borradh a chur faoi ghné idirnáisiúnta an Chláir a threisiú trí líon níos mó deiseanna a chur ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí maidir le soghluaisteacht, comhar agus idirphlé beartais le tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár, go háirithe tíortha i mbéal forbartha. Ba cheart go mbeadh an ghné idirnáisiúnta ina tacú le forbairt scileanna agus malartuithe idir daoine agus, i gcás náisiúnaigh tíortha i mbéal forbartha, ba cheart go mbeadh sí ina tacú le haistriú eolais ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh i ndeireadh a dtréimhsí staidéir. Ba cheart go dtreiseodh sí freisin le fothú acmhainneachta na gcóras oideachais i dtíortha i mbéal forbartha. Ag cur leis an rath ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí ardoideachais agus óige idirnáisiúnta sna cláir réamhtheachtacha sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint agus an óige, ba cheart na gníomhaíochtaí soghluaisteachta idirnáisiúnta a shíneadh le hearnálacha eile, amhail gairmoideachas agus gairmoiliúint agus spórt. [Leasú 25]

(18a)  Chun tionchar na ngníomhaíochtaí i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú, tá sé tábhachtach sineirgí a fheabhsú idir Erasmus+ agus ionstraimí le haghaidh ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, amhail an Ionstraim um an gComharsanacht, an Ionstraim um Fhorbairt, an Ionstraim um Chomhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais. [Leasú 26]

(19)  Bhí rath ar ailtireacht bhunúsach chlár 2014-2020 i dtrí chaibidil - oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt – agus í struchtúraithe timpeall ar thrí phríomhbheart agus dá réir sin ba cheart cloí léi. Ba cheart feabhsúcháin a thabhairt isteach chun na bearta arna dtacú faoin gClár a chuíchóiriú.

(20)  Ba cheart go n-atreiseodh an Clár na deiseanna soghluaisteachta foghlama atá ann cheana, go háirithe sna hearnálacha sin ina bhféadfadh na gnóthachain éifeachtúlachta is mó a bheith ag an gClár, chun a fhor-rochtain a leathnú agus chun freastal ar an ardéileamh nach ndearnadh freastal air go fóill. Ba cheart é sin a dhéanamh le bearta spriocdhírithe lena gcuirtear san áireamh riachtanais shonracha oideachais na dtairbhithe atá beartaithe, go háirithe trí ghníomhaíochtaí soghluaisteachta do mhic léinn agus baill foirne ardoideachais, do dhaltaí agus baill foirne scoile, lena n-áirítear múinteoirí réamhscoile agus baill foirne in oideachas agus cúram na luathóige agus foghlaimeoirí in oideachas na luathóige, agus baill foirne sa ghairmoideachas. Maidir le deiseanna soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí gairmoideachais agus gairmoiliúna i réigiúin teorann, ba cheart iad a chur chun cinn tuilleadh chun na foghlaimeoirí sin a ullmhú do chomhthéacs sonrach an mhargaidh saothair trasteorann. Ba cheart deiseanna a thabhairt faoin gClár freisin d’fhoghlaimeoirí agus baill foirne san oideachas aosach. Is iad is príomhchuspóirí leis an oideachas aosach aistriú eolais, inniúlachtaí agus scileanna agus cur chun cinn an chuimsithe shóisialta, na saoránachta gníomhaí, na forbartha pearsanta agus na folláine. Ba cheart deiseanna soghluaisteachta don óige a atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foghlama seachfhoirmiúla a fhairsingiú chun for-rochtain a fháil ar a thuilleadh daoine óga, go háirithe nuatheachtaithe, iad siúd a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus grúpaí sa daonra nach bhfuil inrochtana go héasca. Ba cheart soghluaisteacht foirne maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt a atreisiú, ag tabhairt a héifeacht ghiarála san áireamh, ag cur béim ar leith ar athoiliúint agus ar an uasoiliúint, agus ag cur forbairt scileanna le haghaidh an mhargaidh saothair chun cinn. I gcomhréir leis an bhfís d’fhíor-Limistéar Oideachais Eorpach, ba cheart go dtreiseodh an Clár soghluaisteacht agus malairtí agus go gcuirfeadh sé rannpháirteachas mac léinn chun cinn i ngníomhaíochtaí oideachasúla, cultúrtha agus spóirt trí phróisis a dhigitiú chun éascú a dhéanamh ar nósanna imeachta iarratais agus ar rannpháirteachas sa Chlár, trí chórais ar líne atá soláimhsithe a fhorbairt bunaithe ar dhea-chleachtas agus trí uirlisí nua, amhail an Cárta Mic Léinn Eorpach, a chruthú. D’fhéadfadh an tionscnamh seo a bheith ina chéim thábhachtach chun soghluaisteacht do chách a fhíorú, i dtosach trí institiúidí ardoideachais a chumasú tuilleadh mac léinn a sheoladh agus a fháil agus cáilíocht maidir le soghluaisteacht na mac léinn á feabhsú go fóill agus trí rochtain na mac léinn ar sheirbhísí éagsúla a éascú (an leabharlann, iompar, lóistín) sula sroichfidh siad an institiúid thar lear. [Leasú 27]

(20a)  Leis an gClár, ba cheart eispéiris soghluaisteachta ar ardcháilíocht a áirithiú bunaithe ar na prionsabail a leagtar síos i Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le soghluaisteacht thrasnáisiúnta laistigh den Chomhphobal chun críche oideachais agus oiliúna: an Chairt Eorpach Cháilíochta don tSoghluaisteacht(16), lena soiléirítear go bhfuil tionchar follasach ar bhuntáistí na soghluaisteachta ag cáilíocht na faisnéise, ullmhúchán, tacaíocht agus aithint taithí agus cáilíochtaí, agus freisin ag pleananna soiléire foghlama agus torthaí soiléirí foghlama arna dtarraingt suas roimh ré. Ba cheart gníomhaíochtaí soghluaisteachta a ullmhú i gceart roimh ré. Is minc is féidir an t-ullmhúchán sin a dhéanamh go héifeachtúil trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide. I gcás inar iomchuí, ba cheart go bhféadfaí tacaíocht a thabhairt faoin gClár freisin do chuairteanna ullmhúcháin le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta. [Leasú 28]

(20b)  Leis an gClár, ba cheart tacú le soghluaisteacht múinteoirí agus ball foirne oideachais ar an uile leibhéal agus an tsoghluaisteacht sin a spreagadh chun cleachtais oibre a fheabhsú agus chun rannchuidiú le forbairt ghairmiúil. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh a imríonn an t-oideachas réamhscoile agus oideachas na luathóige maidir le héagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha a chosc, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh múinteoirí agus baill foirne ar an leibhéal sin a bheith rannpháirteach sa tsoghluaisteacht foghlama faoin gClár. I dtaca le teagasc, ba cheart spreagadh a thabhairt faoin gClár le nuálaíochtaí beartais a thástáil ar bhonn píolótach chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin choiteanna atá roimh chórais oideachais san Aontas, amhail tallann nua a mhealladh isteach sa teagasc i gcás na leanaí is imeallaithe agus oiliúint a fhorbairt do mhúinteoirí chun cuidiú leo foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste a mhúineadh. Chun na buntáistí a ghabhann le rannpháirteachas sa Chlár do mhúinteoirí agus baill foirne oideachais a uasmhéadú, ba cheart gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear timpeallacht thacúil le haghaidh soghluaisteachta ar fáil dóibh, ar timpeallacht í ina mbeidh an tsoghluaisteacht ina cuid dá gclár oibre agus dá n-ualach oibre rialta, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar dheiseanna cuí oiliúna agus go bhfaighidh siad tacaíocht iomchuí airgeadais bunaithe ar an tír agus, i gcás inarb iomchuí, ar an réigiún ina mbeidh an tsoghluaisteacht foghlama le tarlú.. [Leasú 29]

(20c)  Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach a imríonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint maidir le deiseanna poist a fheabhsú agus le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, ba cheart cuidiú a thabhairt faoin gClár chun cuimsitheacht, cáilíocht agus ábharthacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a atreisiú i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 maidir le Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip: Ag obair le chéile chun an caipiteal daonna, an infhostaitheacht agus an t-iomaíochas a neartú(17). Ba cheart go ndéanfadh an Clár naisc níos láidre a chur chun cinn idir soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna agus fostóirí, idir phríobhaideach agus phoiblí. Ba cheart go mbeadh sé ina chuidiú freisin chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna earnáil-sonracha sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, chun comhpháirtíochtaí soghluaisteachta ar ardcháilíocht agus aithint agus deimhniú inniúlachta a chothú, agus chun soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna a spreagadh le cur isteach ar an gCairt um Shoghluaisteacht Gairmoideachais agus Gairmoiliúna mar chomhartha cáilíochta. [Leasú 30]

(21)  Ba cheart go spreagfadh an Clár rannpháirtiú na n-óg i saol daonlathach na hEorpa, lena n-áirítear trí thacú le tionscadail rannpháirtíochta do dhaoine óga chun dul i ngleic leis an tsochaí shibhialta agus rannpháirtiú inti, feasacht a mhúscailt faoi luachanna comhchoiteanna Eorpacha, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus stair, cultúr agus saoránacht na hEorpa, daoine óga a thabhairt le chéile mar aon le cinnteoirí ar an leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus rannchuidiú leis an bpróiseas lánpháirtíochta Eorpach. Ba cheart go ndéanfadh an Clár feasacht a mhúscailt faoi uirlisí ríomhdhaonlathais, lena n-áirítear an Tionscnamh ó na Saoránaigh. Ba cheart go ndéanfadh sé malartú idir glúine a chur chun cinn freisin i measc daoine óga agus daoine scothaosta. I bhfianaise an róil ríthábhachtaigh a imríonn eagraíochtaí don óige agus obair don óige chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le forbairt earnáil na hóige san Aontas. [Leasú 31]

(22)  Ba cheart go dtairgfí tuilleadh deiseanna do dhaoine óga tríd an gClár an Eoraip a fheiceáil faoin tionscnamh nua dar teideal DiscoverEU. Ba cheart go dtabharfaí an seans do dhaoine óga idir 18 mbliana d’aois agus 20 bliain d’aois, go háirithe dóibh siúd a bhfuil líon níos lú deiseanna acu, eispéireas aonair nó eispéireas gearrthéarma den chéad uair i ngrúpa a bheith acu ar a bheith ag taisteal ar fud na hEorpa mar chuid de ghníomhaíocht oideachasúil sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil arb é is aidhm léi an bhraistint atá acu go mbaineann siad leis an Aontas Eorpach a chothú agus an éagsúlacht chultúrtha agus teanga atá ann a fheiceáil. Ba cheart go mbeadh gné foghlama stóinseach infhíoraithe ag gabháil leis an tionscnamh agus ba cheart go n-áiritheofaí leis go scaipfear eispéiris go cuí agus go gcomhroinnfear ceachtanna chun an tionscnamh a mheasúnú agus a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Ba cheart go ndéanfadh an Clár comhlachtaí a shainaithint atá i gceannas ar fhor-rochtain agus ar roghnú na rannpháirtithe, agus aird chuí á tabhairt ar chothromaíocht gheografach, agus ba cheart go mbeadh sé ina thacú le gníomhaíochtaí chun gné foghlama an eispéiris a chothú. Ba cheart do na comhlachtaí sin a bheith rannpháirteach freisin, i gcás inarb iomchuí, maidir le hoiliúint agus tacaíocht réamh-shoghluaisteachta agus iar-shoghluaisteachta a sholáthar, lena n-áirítear i dtaca le scileanna teanga agus idirchultúrtha. Faoi thionscnamh DiscoverEU, ba cheart naisc a thógáil le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, Príomhchathracha Óige na hEorpa, Príomhchathracha Saorálaíochta na hEorpa agus Príomhchathracha Glasa na hEorpa. [Leasú 32]

(23)  Rannchuidítear le tuiscint fhrithpháirteach agus soghluaisteacht laistigh den Aontas agus lasmuigh de trí theangacha a fhoghlaim. San am céanna, is scileanna bunriachtanacha saoil agus poist iad inniúlachtaí teanga. Dá bhrí sin, ba cheart go bhfeabhsódh an Clár foghlaim teangacha freisin trí chúrsaí teanga ar an láthair agus trí úsáid fhorleathnaithe a bhaint as uirlisí inrochtana ar líne, ós rud é gur féidir le ríomhfhoghlaim buntáistí breise a chur ar fáil maidir le foghlaim teanga ó thaobh rochtana agus solúbthachta de. Ba cheart aird a thabhairt ar riachtanais na n-úsáideoirí sa tacaíocht foghlama teanga a thugtar tríd an gClár, agus béim á cur ar na teangacha a úsáidtear sa tír ghlactha agus, i réigiúin teorann, ar theangacha na dtíortha comharsanachta. Ba cheart tacaíocht foghlama teanga a chumhdach le teangacha comharthaíochta náisiúnta. Ba cheart an uirlis um Thacaíocht Teanga Ar Líne Erasmus a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na rannpháirtithe sa Chlár agus ba cheart go mbeadh sí oscailte do chách.. [Leasú 33]

(23a)  Agus é mar aidhm malartuithe a éascú idir na húdaráis agus feabhas a chur ar an idirphlé idirchultúrtha, ba cheart úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí teanga faoin gClár, amhail teicneolaíochtaí aistriúcháin uathoibríoch. [Leasú 34]

(24)  Ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le bearta a chuireann feabhas ar chomhar idir institiúidí agus eagraíochtaí atá gníomhach in oideachas, in oiliúint, leis an óige agus i spórt, ag aithint go bhfuil ról bunúsach ag na hinstitiúidí agus eagraíochtaí sin i bhfeistiú daoine aonair leis an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá i ndomhan athraitheach agus chun an fhéidearthacht le haghaidh nuálaíochta, cruthaitheachta agus fiontraíochta a chomhlíonadh go leormhaith, go háirithe laistigh den gheilleagar digiteach. Chuige sin, ba cheart comhar éifeachtach idir na geallsealbhóirí ábhartha go léir a áirithiú ar an uile leibhéal de chur chun feidhme an Chláir. [Leasú 35]

(25)  D’iarr an Chomhairle Eorpach ina conclúidí an 14 Nollaig 2017 ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún roinnt tionscnamh a chur ar aghaidh chun comhar Eorpach a chur ar leibhéal níos airde maidir le hoideachas agus oiliúint, lena n-áirítear trí theacht chun cinn na ‘nOllscoileanna Eorpacha’ faoi 2024 a spreagadh, lena gcuimsítear líonraí ollscoileanna ón mbun aníos ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú leis na hOllscoileanna Eorpacha sin, ar cheart dóibh a bheith tiomanta don bharr feabhais agus beartaithe institiúidí ardoideachais an Aontais a dhéanamh níos tarraingtí agus comhar a fheabhsú idir taighde, nuálaíocht agus oideachas. Tá an coincheap ‘barr feabhais’ le tuiscint sa chiall is forleithne, maidir leis an gcumas feabhas a chur ar chuimsiú freisin, mar shampla. Ba cheart é a bheith mar aidhm le tacaíocht faoin gClár cumhdach geografach na ‘nOllscoileanna Eorpacha’ a bheith forleathan. [Leasú 36]

(26)  Iarradh in Communiqué Bruges 2010 go dtabharfaí tacaíocht do bharr feabhais gairme ar mhaithe le fás cliste agus inbhuanaithe. Tugadh ar aird i dTeachtaireacht 2017 maidir leis An Nuálaíocht i Réigiúin na hEorpa a Neartú gur cuid de straitéisí speisialaithe cliste ar an leibhéal réigiúnach é go ndéanfar gairmoideachas agus gairmoiliúint a nascadh le córais nuálaíochta. Ba cheart go ndéanfadh an Clár na hacmhainní a chur ar fáil chun freagairt ar na hiarrataí sin agus tacú le forbairt ardán trasnáisiúnta d’ionaid barr feabhais gairme a bheadh comhtháite go dlúth le straitéisí áitiúla agus réigiúnacha le haghaidh fáis, nuálaíochta, iomaíochais, forbairt inbhuanaithe agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart go bhfeidhmeodh na hionaid barr feabhais sin mar spreagthóirí scileanna gairmiúla ardcháilíochta i gcomhthéacs dúshlán earnála, agus go mbeidís ina dtacú, san am céanna, le hathruithe struchtúracha ar an bhforiomlán agus le beartais shocheacnamaíocha san Aontas. [Leasú 37]

(27)  Chun úsáid gníomhaíochtaí um chomhar fíorúil a úsáid, ba cheart go mbeadh an Clár ina thacú le húsáid níos córasaí a bhaint as ardáin ar líne atá ann faoi láthair, amhail eTwinning, an Tairseach Oideachais Scoile, an Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip, Tairseach Eorpach na hÓige agus an t-ardán ar líne le haghaidh ardoideachais. I gcás inarb iomchuí, ba cheart spreagadh a thabhairt faoin gClár freisin chun ardáin nua ar líne a fhorbairt chun seachadadh beartais oideachais, oiliúna, spóirt agus óige a neartú agus a nuachóiriú ar an leibhéal Eorpach. Ba cheart na hardáin sin a dhéanamh soláimhsithe agus inrochtana de réir bhrí Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). [Leasú 38]

(28)  Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú le trédhearcacht agus aithint fhrithpháirteach uathoibríoch scileanna, inniúlachtaí, cáilíochtaí agus dioplómaí a éascú, anuas ar aistriú creidiúintí nó fianaise eile ar thorthaí foghlama, chun dearbhú cáilíochta a chothú agus chun tacú le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, le bainistiú scileanna agus le treoir. Maidir leis sin, ba cheart go ndéanfadh an Clár tacaíocht a chur ar fáil freisin do phointí teagmhála agus líonraí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, ar pointí teagmhala agus líonraí iad a sholáthraíonn faisnéis agus cúnamh do rannpháirtithe ionchasacha, agus a éascaíonn, ar an gcaoi sin, malairtí tras-Eorpacha mar aon le forbairt bealaí foghlama solúbtha idir réimsí éagsúla oideachais, oiliúna agus óige agus ar fud socruithe foirmiúla agus seachfhoirmiúla. [Leasú 39]

(29)  Ba cheart go gcuirfeadh an Clár acmhainneacht iar-rannpháirtithe Erasmus+ i gceann oibre agus go dtacódh sé go háirithe le gníomhaíochtaí de líonraí Alumni, d'ambasadóirí agus d’Eora-phiaraí, trí iad a spreagadh chun feidhmiú mar iolraitheoirí an Chláir.

(29a)  Ba cheart go ndéanfadh an Clár béim ar leith a chur ar bhailíochtú agus aithint treimhsí oideachais agus oiliúna thar lear, lena n-áirítear san oideachas meánscoile. Ina leith sin, ba cheart dámhachtain deontas a nascadh le nósanna imeachta um measúnú cáilíochta agus le tuairisc ar thorthaí na foghlama, agus le cur i bhfeidhm iomlán Mholadh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Ardcháilíochta agus Éifeachtúla(19), Mholadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir le Bailíochtú Foghlama Neamhfhoirmiúla agus Seachfhoirmiúla(20) agus uirlisí Eorpacha lena rannchuidítear le haitheantas a thabhairt d’fhoghlaim thar lear agus le foghlaim ar ardcháilíocht a áirithiú, amhail an Creat Eorpach um Cháilíochtaí (EQF), an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas (EQAR), an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint (ECVET) agus an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint (EQAVET). [Leasú 40]

(30)  Mar bhealach chun comhar a áirithiú le hionstraimí eile de chuid an Aontais agus chun tacú le beartais eile de chuid an Aontais, ba cheart deiseanna soghluaisteachta a thairiscint do dhaoine in earnálacha éagsúla gníomhaíochta, amhail an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, talmhaíocht agus fiontar, ionas go mbeadh oiliúint, intéirneacht nó eispéireas foghlama thar lear acu a ligfeadh dóibh, ag céim ar bith dá saol, fás agus forbairt a dhéanamh ar bhonn pearsanta, go háirithe trí fheasacht ar a bhféiniúlacht Eorpach a fhorbairt agus tuiscint a fháil ar éagsúlacht chultúrtha na hEorpa, agus ar bhonn gairmiúil, go háirithe trí scileanna atá ábhartha don mhargadh saothair a fháil. Ba cheart go ndéanfadh an Clár pointe iontrála a tháirgeadh maidir le scéimeanna soghluaisteachta trasnáisiúnta an Aontais lena mbaineann gné láidir foghlama, agus go ndéanfadh sé simpliú ar thairiscint scéimeanna den sórt sin le haghaidh tairbhithe agus dóibh siúd a ghlacann páirt sna gníomhaíochtaí sin. Ba cheart méadú ar thionscadail Erasmus a éascú; ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cuidiú le tionscnóirí thionscadail Erasmus iarratas a dhéanamh ar dheontais nó sineirgí a fhorbairt trí thacaíocht a thabhairt do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus do na cláir a bhaineann le himirce, slándáil, ceartas agus saoránacht, sláinte, na meáin agus cultúr, chomh maith leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. [Leasú 41]

(31)  Tá sé tábhachtach teagasc, foghlaim agus taighde a spreagadh maidir le cúrsaí um lánpháirtiú Eorpach agus leis na dúshláin agus deiseanna a bheidh ann don Aontas amach anseo, agus tá sé tábhachtach freisin díospóireacht a chur chun cinn i dtaobh na gcúrsaí sin trí thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Jean Monnet ar fud réimsí uile an oideachais agus na hoiliúna. Tá sé thar a bheith tábhachtach, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh na luachanna comhchoiteanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus atá ina gcuid d’fhéiniúlacht Eorpach comhchoiteann, agus i bhfianaise leibhéil ísle rannpháirtíochta na saoránach, go ndéanfaí braistint Eorpach ar na rudaí is muintearas agus tiomantas ann a chothú. Ba cheart go leanfaí ar aghaidh faoin gClár ag rannchuidiú le barr feabhais i léann an chomhtháthaithe Eorpaigh a fhorbairt agus, san am céanna, ag cur feabhas ar rannpháirtíocht an phobail foghlama trí chéile agus an phobail i gcoitinne i lánpháirtiú na hEorpa. [Leasú 42]

(32)  Ba cheart go mbeadh an Clár i gcomhréir leis an aidhm lárnach i gComhaontú Pháras go neartófar an fhreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide. I gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, beidh an Clár seo ina rannchuidiú le gníomhú ar son na haeráide agus forbairt inbhuanaithe a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus beidh sé ina rannchuidiú leis an sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas buiséadach an Aontais a bhaint amach maidir le tacú le cuspóirí aeráide thar an tréimhse a chumhdaítear le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, agus sprioc bhliantúil de 30 % a bheidh le tabhairt isteach a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2027. Sainaithneofar gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú ar na gníomhaíochtaí sin i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha an phróisis athbhreithnithe. [Leasú 43]

(32a)  I bhfianaise an róil atá ag an Aontas mar ghníomhaire domhanda agus i gcomhréir le Clár 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus i bhfianaise na ngealltanas a thug Ballstáit ag Comhdháil Rio+20, ba cheart go ndéanfadh an Clár oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá cuimsitheach, cothromasach agus ar ardcháilíocht a phríomhshruthú, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach a imríonn oideachas maidir leis an mbochtaineacht a chomhrac. Ba cheart go mbeadh an Clár ina rannchuidiú freisin leis an gclár oibre don fhorbairt inbhuanaithe trí thacú le hiarrachtaí forbairt a dhéanamh ar na scileanna is gá don fhorbairt inbhuanaithe agus oideachas a chur ar dhaoine maidir le hinbhuanaitheacht, cosaint an chomhshaoil agus an athrú aeráide trí oideachas foirmiúil, seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil. [Leasú 44]

(33)  Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais do ré iomlán an Chlár arb é a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí [tagairt le nuashonrú de réir mar is cuí Phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, maidir le comhoibriú in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais(21)], do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Ba cheart a áirithiú go dtiocfaidh méadú mór, ón mbliain 2021, ar bhuiséad bliantúil an Chláir, i gcomparáid le bliain deiridh chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020, agus go mbeidh fás líneach agus céimseach ar leithdháiltí bliantúla. Bheadh próifíl bhuiséadach den sórt sin ina chuidiú le rochtain níos forleithne a áirithiú ó thús thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus le méaduithe díréireacha a sheachaint sna blianta deiridh a d’fhéadfadh a bheith deacair a iompar. [Leasú 45]

(34)  Laistigh de bhunchlúdach le haghaidh bearta atá le bainistiú ag na gníomhaireachtaí náisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna, ba cheart miondealú ar an leithdháileadh íosta in aghaidh na hearnála (ardoideachas, oideachas scoile, gairmoideachas agus gairmoiliúint, agus oideachas aosach) a shainiú d’fhonn mais chriticiúil leithreasuithe a ráthú chun an t-aschur agus na torthaí atá beartaithe a bhaint amach i ngach ceann de na hearnálacha sin. Ba cheart an leithdháileadh buiséid beacht de réir gníomhaíochta agus tionscnaimh a leagan síos sa chlár oibre. [Leasú 46]

(35)  Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) Uimh. [leagan nua FR] (an “Rialachán Airgeadais”)(22) maidir leis an gClár seo. Leagtar síos leis rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n‑áirítear na rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, cur chun feidhme indíreach, cúnamh airgeadais, ionstraimí airgeadais agus ráthaíochtaí buiséadacha.

(36)  Maidir leis na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a roghnú ar bhonn a gcumais cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a chur ar fáil, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar na costais rialuithe, ar an ualach riaracháin agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart a áireamh sa mhéid sin breithniú ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonad, agus freisin as maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, mar a thagraítear dó in Airteagal [125(1)] den Rialachán Airgeadais. Ba cheart prionsabail na trédhearcachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe mar a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais a urramú agus an Clár á chur chun feidhme. [Leasú 47]

(37)  Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad de Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) a bheith rannpháirteach sa Chlár faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gcomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme chláir an Aontais le cinneadh faoin gcomhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí airgeadais eile. Leis an Rialachán seo, ba cheart na cearta agus an rochtain is gá a dheonú don oifigeach údarúcháin freagrach, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, chun go bhféadfaidh siad a gcuid inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú. Ba cheart go mbeadh rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha lena gcumhdaítear rannpháirtíocht na tríú tíre lena mbaineann sa Chlár. Thairis sin, tá i gceist le rannpháirtíocht iomlán an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a chur ar bun agus roinnt de ghníomhaíochtaí an Chláir a bhainistiú ar leibhéal díláraithe. Ba cheart go bhféadfadh daoine aonair agus eintitis ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach i gcuid de ngníomhaíochtaí an Chláir, mar a shainítear sa chlár oibre agus sna hiarrataí ar thograí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún. D’fhéadfaí socruithe sonracha maidir le daoine aonair agus eintitis ó mhicreastáit Eorpacha a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme. [Leasú 48]

(38)  I gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ‘Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas”(23), (an ‘teachtaireacht maidir le comhpháirtíocht straitéiseach’), ba cheart cás sonrach na réigiún sin a chur san áireamh sa Chlár. Déanfar bearta chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach gníomhaíocht. Ba cheart malairtí agus comhar soghluaisteachta idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus ó thríú tíortha, go háirithe a gcomharsana, a chothú. Déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhearta den sórt sin ar bhonn rialta.. [Leasú 49]

(38a)  Sa teachtaireacht maidir le comhpháirtíocht straitéiseach, d’aithin an Coimisiún go rachadh soghluaisteacht mhéadaithe foghlaimeoirí agus foirne in oideachas agus oiliúint, go háirithe faoi chlár Erasmus +, go mór chun tairbhe do na réigiúin is forimeallaí, agus gheall sé an tacaíocht airgeadais a thugtar do rannpháirtithe a thaistealaíonn ó na réigiúin is forimeallaí agus chucu a choigeartú tuilleadh trí na rialacha cistiúcháin sonracha do na réigiúin sin a choinneáil faoi Erasmus +, féachaint ar na féidearthachtaí i dtaobh comhar réigiúnach faoi Erasmus plus a leathnú amach chun soghluaisteacht idir na réigiúin is forimeallaí agus tríú tíortha comharsanacha a spreagadh tuilleadh, agus Ciste Sóisialta na hEorpa+ a úsáid mar chomhlánú ar Erasmus + . [Leasú 50]

(39)  De bhun [déanfar an tagairt a nuashonrú de réir mar is cuí i gcomhréir le Cinneadh nua maidir le tíortha agus críocha thar learAirteagal 94 de Chinneadh 2013/755/CE ón gComhairle(24)], tá daoine aonair agus eintitis atá lonnaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena mbaineann an tír nó an chríoch ábhartha thar lear. Ba cheart na srianta a bhíonn ann mar gheall ar iargúltacht na dtíortha nó na gcríoch sin a chur san áireamh agus an Clár á chur chun feidhme, agus déanfar faireachán agus meastóireacht ar bhonn rialta ar a rannpháirtíocht sa Chlár.

(40)  Ba cheart leanúnachas a choinneáil sa Chlár i dtéarmaí na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí atá leis. Mar sin féin, ós rud é go bhfuil sé le cur chun feidhme thar thréimhse 7 mbliana, is gá foráil a dhéanamh do mhéid áirithe solúbthachta chun a chumasú dó na hathruithe atá ag teacht ar chúrsaí agus tosaíochtaí polaitiúla i réimse an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt. Dá bhrí sin, ní shainítear go mionsonrach sa Rialachán seo an chaoi a bhfuil tionscnaimh shonracha le ceapadh ná ní thugtar réamhbhreith ann ar na tosaíochtaí polaitiúla go léir agus ar na tosaíochtaí polaitiúla lena mbaineann do na seacht mbliana atá le teacht. Os a choinne sin, ba cheart na roghanna agus tosaíochtaí tánaisteacha beartais, lena n-áirítear mionsonraí faoi thionscnaimh nua shonracha, a chinneadh trí bhíthin clár oibre i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais. Agus na tionscnaimh nua sin á gceapadh, ba cheart tarraingt ar na ceachtanna ó thionscnaimh phíolótacha a bhí ann roimhe seo agus atá ann faoi láthair sa réimse agus ba cheart aird chuí a thabhairt ar an mbreisluach Eorpach maidir le substaint agus struchtúr an tionscnaimh. Ba cheart na bearta is gá leis na tionscnaimh nua a chur chun feidhme a leagan amach freisin sa chlár oibre, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith le gach aon ghné eile is gá. Is trí bhíthin gníomh tarmligthe ba cheart cláir oibre agus aon leasuithe a dhéantar orthu a ghlacadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe agus i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí agus geallsealbhóirí náisiúnta, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.. [Leasú 51]

(40a)  Ba cheart don Choimisiún, in éineacht leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chláir le linn a shaolré agus i ndiaidh dó a bheith tugtha chun críche. Ba cheart an mheastóireacht deiridh ar an gClár a dhéanamh go tráthúil ionas go bhféadfar leas a bhaint aisti, de réir mar is iomchuí, san athbhreithniú meántéarma ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar an gClár, lena mbeidh togra reachtach ag gabháil, i gcás inar . [Leasú 52]

(41)  De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016(25), is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gClár seo ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró‑rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit tairbhithe go háirithe, á seachaint san am céanna. Ba cheart go mbeadh táscairí sonracha, intomhaiste agus réalaíocha ar féidir tomhas a dhéanamh orthu thar thréimhse ama mar bhunús le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair. [Leasú 53]

(42)  Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus torthaí na mbeart a dtacaíonn an Clár leo a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil. Ba cheart go mbraithfidh na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe ar chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir, lena n‑áirítear, nuair is ábhartha, i gcás inarb infheidhme tacaíocht a fháil ó phríomhpháirtithe leasmhara ábhartha eile. [Leasú 54]

(43)  Chun an chumarsáid leis an phobal i gcoitinne a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun sineirgí idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart do na hacmhainní a leithdháiltear ar ghníomhartha cumarsáide faoin Rialachán seo rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, ar an gcoinníoll go bhfuil siad sin bainteach le cuspóir ginearálta an Rialacháin seo. [Leasú 55]

(44)  Chun cur chun feidhme éifeachtúil agus éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart go ndéanfadh an Clár an úsáid is mó is féidir a bhaint as socruithe bainistíochta atá i bhfeidhm cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme an Chláir a chur de chúram ar an gCoimisiún agus ar na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar cheart dóibh cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus simplí rialacha an Chláir a áirithiú ar fud an Aontais le himeacht aimsire. Chuige sin agus chun a áirithiú go gcuirfear an Clár chun feidhme go héifeachtach, ba cheart don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta oibriú le chéile, agus i gcomhairle le geallsealbhóirí, chun nósanna imeachta comhsheasmhacha, simplí agus ardcháilíochta a fhorbairt agus chun éascú a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtas a fhéadfaidh feabhas a chur ar cháilíocht na dtionscadal faoin gClár. I gcás inarb indéanta, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, ba cheart gurbh ionann na gníomhaireachtaí náisiúta agus an ceann a ainmneofar chun bainistiú a dhéanamh ar an gclár réamhtheachtach. Ba cheart go mbeadh raon feidhme na meastóireachta ar chomhlíonadh ex-ante teoranta do na ceanglais atá nua agus sonrach don Chlár, mura rud é go dtugtar údar lena mhalairt, amhail i gcás easnaimh thromchúiseacha nó tearcfheidhmíochta ar thaobh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann.. [Leasú 56]

(44a)  Chun eagraithe tionscadal nach bhfuil taithí acu ar chláir cistiúcháin an Aontais a spreagadh le hiarratas a dhéanamh ar chistiú, ba cheart don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta comhairle agus tacaíocht a thabhairt agus ba cheart dóibh a áirithiú go mbeidh na nósanna imeachta iarratais chomh soiléir agus is féidir. Ba cheart treoir an Chláir a fheabhsú tuilleadh chun é a dhéanamh soláimhsithe agus soiléir agus ba cheart na foirmeacha iarratais a dhéanamh simplí agus iad a chur ar fáil go tráthúil. Chun an próiseas iarratais a nuachóiriú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, ba cheart uirlis chomhchoiteann, ilteangach is ionad ilfhreastail a fhorbairt do thairbhithe an Chláir agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le bainistiú an Chláir. [Leasú 57]

(44b)  Mar riail ghinearálta, ba cheart iarrataí ar dheontais agus iarratais tionscadail a chur faoi bhráid ghníomhaireacht náisiúnta na tíre ina bhfuil an t-iarratasóir bunaithe, agus ba cheart don ghníomhaireacht náisiúta sin bainistiú a dhéanamh orthu. Mar sin féin, ba cheart, de mhaolú ar an méid sin, iarrataí ar dheontais agus iarratais tionscadail i leith gníomhaíochtaí arna n-eagrú ag líonraí uile-Aontais agus ag eagraíochtaí Eorpacha agus idirinstitiúideacha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, agus ba cheart don Choimisiún iad a bhainistiú go díreach. [Leasú 58]

(45)  Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú i ngach tír rannpháirteach, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más gá, agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar éifeachtúlacht, féadfaidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta céanna arna ainmniú do na bearta dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a bheith i gceist anseo.

(46)  Ba cheart do na Ballstáit féachaint le gach beart iomchuí a ghlacadh chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin a d’fhéadfadh rochtain ar fheidhmiú ceart an Chláir a chosc nó a d’fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, i gcás inar féidir, agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tír, ar shaincheisteanna riaracháin a chruthaíonn deacrachtaí víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil. I gcomhréir le Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26), moltar do Bhallstáit nósanna imeachta meara um ligean isteach a bhunú. [Leasú 59]

(47)  Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus ar an leibhéal cuí gráinneachta. Ba cheart sonraí dá leithéid a chur in iúl don Choimisiún i slí a chomhlíonann na rialacha cosanta sonraí ábhartha.

(48)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27). [Leasú 60]

(49)  Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint, a mhéid is féidir, as deontais shimplithe i bhfoirm cnapshuimeanna, costais aonaid agus cistiú ar ráta comhréidh. I gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais agus chun riarachán an Chláir a shimpliú, ba cheart íocaíochtaí ar ráta comhréidh bunaithe ar an tionscadal ábhartha a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta ar fud na n-earnálacha go léir. Maidir leis na deontais shimplithe chun tacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta an Chláir, mar atá sainithe ag an gCoimisiún, ba cheart iad a athbhreithniú agus a choigeartú go tráthrialta i bhfianaise chostais mhaireachtála agus chothaithe na tíre óstaí agus an réigiúin óstaigh. Ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún agus gníomhaireachtaí náisiúnta na dtíortha seolta na deontais shimplithe sin a choigeartú ar bhonn critéir oibiachtúla, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta. Ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine chéanna maidir le heintitis phoiblí nó phríobháideacha a dhámhann tacaíocht airgeadais den sórt sin do na daoine aonair lena mbaineann. [Leasú 61]

(50)  I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle(29) agus Rialachán (AE) Uimh. 2017/1939 ón gComhairle(30), déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n‑áirítear trí neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a chur ina gceart agus a fhiosrú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhannaí riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 féadfaidh an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n‑áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a fháil amach cibé ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a fhiosrú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31). I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise, do Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(51)  Tá sé riachtanach comhlántacht na mbeart arna gcur i gcrích laistigh den Chlár le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na Ballstáit agus le gníomhaíochtaí eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí siúd maidir le hoideachas, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, tionscal agus fiontar, talmhaíocht agus forbairt tuaithe le béim ar fheirmeoirí óga, ar chomhtháiteacht, ar bheartas réigiúnach agus ar chomhar agus ar fhorbairt idirnáisiúnta.

(52)  Cé gur lig an creat rialála atá ann cheana do na Ballstáit agus do na réigiúin sineirgí a bhunú sa tréimhse cláraithe roimhe seo idir Erasmus+ agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, a thacaíonn freisin le forbairt cháilíochtúil na gcóras oideachais, oiliúna agus óige san Aontas, níor baineadh go leor tairbhe as an bhféidearthacht sin go dtí seo, a chuir teorainn le héifeachtaí córasacha tionscadal agus leis an tionchar ar bheartas. Ba cheart go dtarlódh cumarsáid agus comhar éifeachtach ar leibhéal náisiúnta idir na comhlachtaí náisiúnta atá i gceannas ar bhainistiú na n‑ionstraimí éagsúla chun a dtionchar faoi seach a uasmhéadú. Ba cheart go mbeadh foráil sa chlár le haghaidh comhar gníomhach leis na hionstraimí sin, go háirithe trína áirithiú, maidir le hiarratas ardcháilíochta nach bhféadfar a mhaoiniú faoin gClár, i ngeall ar chistí neamh-leormhaithe, go bhféadfar é a mheas le haghaidh cistiúcháin, trí nós imeachta simplithe, faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta le haghaidh gníomhaíochtaí den sórt sin, ba cheart go bhféadfaí ‘Séala Barr Feabhais’ a bhronnadh orthu mar aitheantas ar an ardcháilíocht atá iontu. Ba cheart go bhféadfaí rátaí rátha fhoriomláin na dtionscadal a mhéadú a bhuí leis an gcomhlántacht traschláir sin. [Leasú 62]

(52a)  Chun éifeachtacht thacaíocht chistiúcháin agus bheartais an Aontais a uasmhéadú, tá sé tábhachtach sineirgí agus comhlántacht a chothú ar bhealach comhleanúnach ar fud na gclár ábhartha ar fad. Níor cheart go mbeadh sé mar thoradh ar shineirgí agus comhlántacht den sórt sin go ndéanfaí na cistí a leithdháiltear ar Chlár Erasmus+ a bhainistiú lasmuigh de struchtúr an Chláir, ná níor cheart go mbeadh sé mar thoradh orthu go mbainfí leas as cistí chun cuspóirí seachas iad sin a leagtar amach sa Rialachán seo a shaothrú. Is iad nósanna imeachta iarratais simplithe ar leibhéal an chur chun feidhme ba cheart a bheith mar thoradh ar aon sineirgí agus ar aon chomhlántacht. [Leasú 63]

(53)  D’fhonn táscairí feidhmíochta an Chláir a athbhreithniú nó a chomhlánú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaobh na hIarscríbhinne. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(54)  Is iomchuí a áirithiú go gcuirfear deireadh ceart leis an gclár réamhtheachtaí, go háirithe maidir lena bheith ag leanúint de shocruithe ilbhliantúla maidir lena bhainistiú, amhail cúnamh teicniúil agus riaracháin a mhaoiniú. Ón 1 Eanáir 2021 amach, ba cheart, más gá, a áirithiú leis an gcúnamh teicniúil agus riaracháin go mbainisteofaí na bearta nach bhfuil tugtha chun críche faoin gclár réamhtheachtaí faoin 31 Nollaig 2020.

(55)  Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, is sprioc é de chuid an Rialacháin seo urraim iomlán a áirithiú do cheart an chomhionannais idir fhir agus mhná agus don cheart an neamh‑idirdhealaithe bunaithe ar inscne, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach, agus chun feidhmiú Airteagal 21 agus Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Dá bhrí sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt go gníomhach faoin gClár seo do thionscnaimh lena bhféachtar le feasacht a mhúscailt agus le dearcthaí dearfacha a chur chun cinn maidir le haon cheann de na grúpaí a d’fhéadfadh sé go ndéanfaí idirdhealú orthu, agus lena bhféachtar le comhionannas inscne a chothú. Ba cheart go mbeadh sé ina thacú freisin le hiarrachtaí aghaidh a thabhairt ar an mbearna oideachais agus na deacrachtaí sonracha atá os comhair na Romaigh trína rannpháirtíocht iomlán sa Chlár a éascú. Ba cheart urraim ar na cearta agus prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha a phríomhshruthú ar fud phróiseas pleanála, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta an Chláir. [Leasú 64]

(56)  Beidh feidhm ag rialacha cothrománacha airgeadais arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an Rialachán seo. Tá na rialacha sin leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, sholáthar, dhuaiseanna agus chur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo chun freagracht gníomhaithe airgeadais a sheiceáil. Na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, baineann siad freisin le cosaint bhuiséad an Aontais i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach urramú an smachta reachta i dtaca le bainistiú fónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais Eorpaigh.

(57)  Ós rud é nach féidir le Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go cuí ach gur féidir, mar gheall ar a charachtar trasnáisiúnta, méid mór agus forleathan raon feidhme geografach na ngníomhaíochtaí soghluaisteachta agus comhair arna maoiniú, a éifeachtaí maidir le rochtain ar shoghluaisteacht foghlama agus i gcoitinne ar lánpháirtiú an Aontais, agus mar gheall ar a ghné idirnáisiúnta atreisithe, é a bhaint amach ar dhóigh níos fearr ar leibhéal an Aontais, is féidir leis an Aontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán sin thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(58)  Ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a aisghairm ón 1 Eanáir 2021.

(59)  Chun leanúnachas a áirithiú maidir leis an tacaíocht cistithe arna soláthar faoin gClár, ba cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo clár maidir le beart an Aontais i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt ar a dtugtar "Erasmus +" (an "Clár").

Leagtar síos leis cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021-2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘foghlaim ar feadh an tsaoil’ foghlaim i ngach foirm (foghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil) a tharlaíonn ag gach céim den saol, lena n-áirítear oideachas agus cúram na luath-óige, oideachas ginearálta, gairmoideachas agus gairmoiliúint, ardoideachas, agus oideachas aosach, as a dtagann feabhas nó nuashonrú ar eolas, scileanna, inniúlachtaí agus dearcthaí nó rannpháirtíocht sa tsochaí ó thaobh pearsanta, sibhialta, cultúrtha nó sóisialta de agus/nó a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear seirbhísí comhairleoireachta agus treoraíochta a sholáthar; [Leasú 65]

(2)  ciallaíonn ‘soghluaisteacht foghlama’ bogadh go fisiceach go tír eile nach í an tír chónaithe í, chun staidéir, oiliúint, lena n-áirítear athoiliúint nó uasoiliúint, nó foghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil a ghabháil ar láimh; féadfaidh sí a bheith i bhfoirm tréimhsí oiliúna, printíseachtaí, malartuithe óige, teagasc nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht ghairmiúil forbraíochta; féadfaidh bearta amhail tacaíocht teanga, lena n-áirítear le haghaidh teangacha comharthaíochta náisiúnta, a bheith ag gabháil léi mar aon le hoiliúint agus/nó féadfar í a chomhlánú trí fhoghlaim inrochtana ar líne agus trí chomhar fíorúil; [Leasú 66]

(2a)  ciallaíonn ‘foghlaim fhíorúil’ sealbhú scileanna agus eolais trí úsáid a bhaint as uirlisí inrochtana faisnéise agus cumarsáide; [Leasú 67]

(2b)  ciallaíonn ‘foghlaim chumaisc’ sealbhú scileanna agus eolais trí mheascán d’uirlisí fíorúla oideachais agus oiliúna agus modhanna traidisiúnta oideachais agus oiliúna; [Leasú 68]

(3)  ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmeálta" foghlaim dheonach a tharlaíonn lasmuigh d'oideachas foirmeálta agus d'oiliúint fhoirmeálta trí ghníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl trí ghníomhaíochtaí cuspóiriúla (i dtéarmaí cuspóirí, modhanna agus ama) agus lena mbaineann cineál éigin tacaíocht foghlama;

(4)  ciallaíonn "foghlaim neamhfhoirmiúil" foghlaim mar thoradh ar ghníomhaíochtaí laethúla a bhaineann le hobair, le teaghlach nó le fóillíocht agus nach bhfuil eagraithe ná struchtúraithe i dtéarmaí cuspóirí, ama nó tacaíochta foghlama; D'fhéadfadh sé a bheith neamhbheartaithe ó dhearcadh an fhoghlaimeora;

(5)  ciallaíonn "daoine óga" daoine atá idir trí bliana déag d'aois agus tríocha bliain d'aois;

(6)  ciallaíonn ‘spórt an phobail’ spórt eagraithe a imríonn an lucht spóirt amaitéarach, idir óg agus aosta, go tráthrialta chun críocha sláinte, oideachais nó sóisialta; [Leasú 69]

(7)  ciallaíonn ‘mac léinn ardoideachais’ duine ar bith atá cláraithe ag institiúid ardoideachais, lena n-áirítear ar leibhéal gearr-thimthriallach, baitsiléara, máistreachta nó dochtúireachta nó a choibhéis, nó duine ar bith a bhfuil céim bainte amach aige nó aici ó institiúid den sórt sin le 24 mhí anuas; [Leasú 70]

(8)  ciallaíonn ‘ball foirne’ aon duine atá páirteach san oideachas ar an uile leibhéal, san oiliúint nó san fhoghlaim sheachfhoirmiúil, bíodh sé ar bhonn gairmiúil nó deonach, agus féadfaidh ollúna, múinteoirí, oiliúnóirí, taighdeoirí, ceannairí scoile, oibrithe don óige, baill foirne nach mbíonn ag plé go díreach leis an oideachas agus cleachtóirí eile atá rannpháirteach i gcur chun cinn na foghlama a bheith ar áireamh inti; [Leasú 71]

(8a)  ciallaíonn ‘baill foirne spóirt’ daoine atá bainteach le bainistiú, treorú nó oiliúint foirne spóirt nó mórán daoine aonair a imríonn spórt, ar bhonn íoctha nó ar bhonn deonach; [Leasú 72]

(9)  ciallaíonn ‘foghlaimeoir gairmoideachais agus gairmoiliúna’ aon duine atá cláraithe ar chlár gairmoideachais nó gairmoiliúna tosaigh nó leanúnach ar aon leibhéal ón dara leibhéal suas go dtí an leibhéal iar-mheánscoile nó aon duine a bhain céim amach ó chlár den sórt sin le 24 mhí anuas; [Leasú 73]

(10)  ciallaíonn ‘dalta scoile’ aon duine atá cláraithe i gcáil foghlama ag institiúid a sholáthraíonn oideachas ginearálta ag aon leibhéal ó chúram agus oideachas na luath-óige go dtí oideachas meánscoile uachtaraí, nó aon duine a fhaigheann a chuid scolaíochta nó a cuid scolaíochta lasmuigh de shuíomh institiúideach agus a mheasann na húdaráis inniúla a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, ina gcríoch faoi seach; [Leasú 74]

(11)  ciallaíonn “oideachas aosach” aon chineál oideachais nach gairmoideachas é d’aosaigh i ndiaidh an oideachais tosaigh, is cuma é a bheith de chineál foirmeálta, neamhfhoirmeálta nó neamhfhoirmiúil;

(12)  ciallaíonn “tríú tír nach bhfuil bainteach leis an gClár” tríú tír nach bhfuil go hiomlán rannpháirteach sa Chlár ach a d’fhéadfadh a heintitis dhlíthiúla tairbhe eisceachtúil a bhaint as an gClár i gcásanna cuí‑údaraithe atá chun leasa an Aontais; [Leasú 75]

(13)  ciallaíonn “tríú tír” tír nach Ballstát í;

(14)  ciallaíonn “comhpháirtíocht” comhaontú idir grúpa institiúidí nó eagraíochtaí chun comhghníomhaíochtaí agus comhthionscadail a chur i gcrích;

(15)  ciallaíonn ‘comhchéim mháistreachta nó dhochtúireachta’ clár comhtháite staidéir a chuireann dhá institiúid ardoideachais ar a laghad ar fáil agus a bhfuil teastas céime amháin mar thoradh air arna eisiúint agus arna shíniú ag gach ceann de na hinstitiúidí rannpháirteacha le chéile agus a aithnítear go hoifigiúil sna tíortha ina bhfuil na hinstitiúidí rannpháirteacha; [Leasú 76]

(16)  baineann “idirnáisiúnta” le haon bheart lena mbaineann aon tríú tíre ar a laghad nach bhfuil bainteach leis an gClár;

(17)  ciallaíonn “comhar fíorúil” aon chineál comhair lena n‑úsáidtear uirlisí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide;

(18)  ciallaíonn ‘institiúid ardoideachais’ aon eintiteas ina dtairgtear, i gcomhréir leis an dlí nó cleachtas náisiúnta, céimeanna aitheanta nó cáilíochtaí aitheanta eile tríú leibhéil, is cuma cén t-ainm atá ar an mbunaíocht sin mar aon le haon chineál eile eintitis inchomparáide a mheasann na húdaráis náisiúnta a bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Chlár, ina gcríocha faoi seach; [Leasú 77]

(19)  baineann “trasnáisiúnta” le haon bheart lena mbaineann dhá thír ar a laghad ar Ballstáit nó ar tríú tíortha iad atá bainteach leis an gClár;

(20)  ciallaíonn ‘gníomhaíocht um rannpháirtíocht óige’ gníomhaíocht lasmuigh den scoil a dhéanann grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga agus/nó eagraíochtaí don óige, agus a bhfuil cur chuige um fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil agus tacaíocht don inrochtaineacht agus don chuimsiú mar thréithe di; [Leasú 78]

(21)  ciallaíonn ‘oibrí don óige’ gairmí nó saorálaí atá páirteach san fhoghlaim sheachfhoirmiúil nó neamhfhoirmiúil agus a thacaíonn le daoine óga ina bhforbairt phearsanta, lena n-áirítear a bhforbairt shochoideachasúil agus ghairmiúil agus forbairt a gcuid inniúlachtaí; [Leasú 79]

(22)  ciallaíonn ‘idirphlé Óige an Aontais’ an t-idirphlé idir lucht ceaptha beartais, cinnteoirí, saineolaithe, taighdeoirí nó geallsealbhóirí ón tsochaí shibhialta, de réir mar is iomchuí, agus daoine óga agus eagraíochtaí don óige; fónann sé mar fhóram le haghaidh machnamh comhpháirteach leanúnach ar thosaíochtaí, cur chun feidhme agus obair leantach an chomhair Eorpaigh sna réimsí ar fad atá ábhartha do dhaoine óga; [Leasú 80]

(23)  ciallaíonn "tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár" tríú tír is páirtí i gcomhaontú leis an Aontas trínar féidir léi a bheith rannpháirteach sa Chlár agus a chomhlíonann na hoibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo maidir leis na Ballstáit. [Leasú 81]

(24)  ciallaíonn ‘eintiteas dlíthiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bunaíodh mar eintiteas dlíthiúil agus a aithnítear mar eintiteas dlíthiúil faoin dlí náisiúnta, faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí idirnáisiúnta, a bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige agus a fhéadfaidh, ag gníomhú dó ina ainm féin, cearta a fheidhmiú agus a bheith faoi réir oibleagáidí, nó eintiteas nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil aige i gcomhréir le hAirteagal 197(2)(c) den Rialachán Airgeadais;

(25)  ciallaíonn ‘daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu’ daoine atá faoi mhíbhuntáiste sa rochtain atá acu ar an gClár mar gheall ar bhacainní éagsúla a eascraíonn, mar shampla, as míchumas, fadhbanna sláinte, deacraíochtaí oideachasúla, a gcúlra imirce, difríochtaí cultúrtha, a staid eacnamaíoch, shóisialta agus gheografach, lena n-áirítear daoine ó phobail imeallaithe nó a bhfuil baol ann go ndéanfaí idirdhealú orthu bunaithe ar aon cheann de na forais a chumhdaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; [Leasú 82]

(26)  ciallaíonn “údarás náisiúnta” an t‑údarás atá i gceannas, ar leibhéal náisiúnta, ar fhaireachán agus ar mhaoirseacht ar bhainistiú an Chláir i mBallstát nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár;

(27)  ciallaíonn “gníomhaireacht náisiúnta” aon chomhlacht nó níos mó ná sin i mBallstát áirithe nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár atá i gceannas ar bhainistiú chur chun feidhme an Chláir ar leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh níos mó ná aon ghníomhaireacht náisiúnta a bheith ann i mBallstát áirithe nó i dtríú tír atá bainteach leis an gClár;

(27a)  ciallaíonn ‘Séala Barr Feabhais’ an lipéad ardcháilíochta a bhronntar ar thionscadail a chuirtear faoi bhráid an Chláir agus a mheastar go bhfuil cistiú tuillte acu ach nach bhfaigheann é mar gheall ar theorainneacha buiséid; aithníonn sé luach an togra agus tacaíonn sé leis an gcuardach le haghaidh cistiú malartach. [Leasú 83]

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.  Is é is aidhm ghinearálta leis an gClár tacú le forbairt oideachasúil, ghairmiúil agus phearsanta daoine san oideachas, oiliúint, gníomhaíochtaí don óige agus spórt, tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil, san Eoraip agus lastall di, agus rannchuidiú dá réir sin le fás inbhuanaithe, le poist ardcháilíochta, comhtháthú sóisialta agus cuimsiú sóisialta, le saoránacht ghníomhach a chur chun cinn agus leis an bhféiniúlacht Eorpach a neartú. Dá réir sin, beidh an Clár ina phríomhionstraim chun limistéar oideachais Eorpach a thógáil, chun nuálaíocht san oideachas agus san fhoghlaim a spreagadh, chun tacú le cur chun feidhme an chomhair straitéisigh Eorpaigh i réimse an oideachais agus na hoiliúna, lena ngabhann cláir oibre fholuiteacha earnála, chun comhar um beartas óige a thabhairt chun cinn faoi Straitéis Óige an Aontais 2019-2027 agus chun an ghné Eorpach a fhorbairt i spórt. [Leasú 84]

2.  Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gClár:

(a)  soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cothroime, barr feabhais, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna; [Leasú 85]

(b)  soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, foghlaim idirchultúrtha, smaointeoireacht chriticiúil agus rannpháirtíocht ghníomhach i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cáilíocht, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí agus na mbeartas i réimse na hóige; [Leasú 86]

(c)  soghluaisteacht foghlama ball foirne spóirt agus daoine óga a imríonn spórt go rialta i suíomh eagraithe a chur chun cinn, laistigh de spórt an phobail, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal na n-eagraíochtaí spóirt agus na mbeartas spóirt; [Leasú 87]

(ca)  foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn trí chur chuige trasearnála ar fud suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla agus trí thacú le conair foghlama solúbtha. [Leasú 88]

2a.  Áireofar sa Chlár gné idirnáisiúnta atreisithe arb é is aidhm léi tacú le cuspóirí an Aontais maidir le gníomhaíocht sheachtrach agus forbairt, trí chomhar idir an tAontas agus tríú tíortha. [Leasú 89]

3.  Saothrófar cuspóirí an Chláir trí na trí phríomhbheart a leanas:

(a)  soghluaisteacht foghlama (‘príomhbheart 1’);

(b)  comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí (‘príomhbheart 2’); agus

(c)  tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar ('príomhbheart 3');

Saothrófar na cuspóirí freisin trí bhearta Jean Monnet de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 7.

Beidh ag gabháil le gníomhaíochtaí uile an Chláir gné láidir foghlama lena rannchuideofar le cuspóirí an Chláir a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. Leagtar amach i gCaibidil II (oideachas agus oiliúint), i gCaibidil III (an óige) agus i gCaibidil IV (spórt) an cur síos ar na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi gach príomhghníomhaíocht. Déanfar na cuspóirí oibríochtúla agus na tosaíochtaí beartais comhfhreagracha le haghaidh gach gníomhaíochta a shonrú go mion sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 19. [Leasú 90]

Airteagal 3a

Breisluach Eorpach

1.  Ní thacóidh an Clár ach leis na gníomhartha agus leis na gníomhaíochtaí sin a chuireann breisluach Eorpach ar fáil agus a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.  Áiritheofar breisluach Eorpach ghníomhartha agus ghníomhaíochtaí an Chláir, mar shampla trí na nithe seo a leanas:

(a)  an ghné thrasnáisiúnta atá acu, go háirithe maidir le soghluaisteacht agus comhar atá dírithe ar thionchar sistéamach inbhuanaithe a bhaint amach;

(b)  comhlántacht agus sineirgí le cláir agus beartais eile ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)  an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach;

(d)  an méid a rannchuidíonn siad le caighdeáin dearbhaithe cáilíochta uile-Aontais, lena n-áirítear cairteacha, a fhorbairt;

(e)  an méid a rannchuidíonn siad le comhchaighdeáin uile-Aontais a fhorbairt i gcláir oideachais agus oiliúna;

(f)  idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh a chothú ar fud an Aontais;

(g)  ilteangachas a chothú ar fud an Aontais; nó

(h)  braistint Eorpach ar an rud is muintearas ann a chothú agus saoránacht Eorpach chomhchoiteann a neartú. [Leasú 91]

CAIBIDIL II

OIDEACHAS AGUS GAIRMOILIÚINT

Airteagal 4

Príomhbheart 1

Soghluaisteacht foghlama

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 1:

(a)  soghluaisteacht san ardoideachas idir mhic léinn agus bhaill foirne;

(b)  soghluaisteacht i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint idir fhoghlaimeoirí bhaill foirne;

(c)  soghluaisteacht ar scoil idir dhaltaí agus bhaill foirne, lena n-áirítear múinteoirí réamhscoile agus baill foirne in oideachas agus cúram na luath-óige; [Leasú 92]

(d)  soghluaisteacht na mball foirne agus na bhfoghlaimeoirí san oideachas aosach; [Leasú 93]

(e)  deiseanna foghlama teanga, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí soghluaisteachta tacaíochta.

Beidh an Clár ina thacú le bearta maidir le foghlaim fhíorúil agus le foghlaim chumaisc, a bheidh ag gabháil leis na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a leagtar amach i mír 1. Beidh sé ina thacú freisin le bearta den sórt sin do na daoine sin nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta den sórt sin.

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go ndéanfar uirlisí foghlama fíorúla agus uirlisí foghlama cumaisc faoin gClár a chur ar fáil don phobal i gcoitinne. [Leasú 94]

Féadfar tacaíocht a dhámhachtain freisin chun na gníomhaíochtaí soghluaisteachta a leagtar amach san Airteagal seo a ullmhú freisin, lena n-áirítear le haghaidh cuairteanna ullmhúcháin, de réir mar is gá. [Leasú 95]

Airteagal 5

Príomhbheart 2

Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

(a)  comhpháirtíochtaí straitéiseacha le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú; [Leasú 96]

(b)  comhpháirtíochtaí barr feabhais, go háirithe ollscoileanna Eorpacha, Ionaid um barr feabhais gairme agus comhchéimeanna máistreachta nó dochtúireachta Erasmus Mundus; Beidh baint ag eintiteas amháin ar a laghad atá bunaithe i mBallstát leis na hollscoileanna Eorpacha agus leis na hIonaid barr feabhais gairme; [Leasú 97]

(c)  comhpháirtíochtaí um nuálaíochta, amhail comhghuaillíochtaí don oideachas aosach, chun acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa a neartú; [Leasú 98]

(d)  ardáin agus uirlisí inrochtana agus soláimhsithe ar líne le haghaidh comhar fíorúil, lena n-áirítear na seirbhísí tacaíochta le haghaidh eTwinning agus don ardán leictreonach le haghaidh foghlaim aosach san Eoraip, uirlisí chun úsáid mhodhanna an Deartha Uilíoch don Fhoghlaim a chur chun cinn, agus uirlisí chun soghluaisteacht a éascú, amhail an Cárta Mic Léinn Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 25(7c); [Leasú 99]

(da)  fothú acmhainneachta spriocdhírithe i réimse an ardoideachais i dtríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár. [Leasú 100]

Airteagal 6

Príomhbheart 3

Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

(a)  ullmhú agus cur chun feidhme chláir oibre beartais earnála an Aontais maidir le hoideachas agus oiliúint, lena n‑áirítear tacaíocht ó líonra Eurydice nó ó ghníomhaíochtaí eagraíochtaí ábhartha eile;

(b)  an tacaíocht d’uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht, aithint agus nuashonrú inniúlachtaí, scileanna agus cáilíochtaí(32); [Leasú 101]

(c)  idirphlé beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha agus tacaíocht dóibh, lena n-áirítear líonraí uile-Aontais agus eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta i réimse an oideachais agus na hoiliúna; [Leasú 102]

(d)  bearta spriocdhírithe lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir; [Leasú 103]

(e)  comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile an Aontais;

(f)  gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus maidir leis an gClár.

Airteagal 7

Bearta Jean Monnet

Beidh an Clár ina thacú le teagasc, foghlaim, taighde agus díospóireachtaí maidir le cúrsaí a bhaineann le lánpháirtiú na hEorpa agus maidir leis na dúshláin agus na deiseanna a bheidh ann don Aontas amach anseo, trí na gníomhaíochtaí seo a leanas: [Leasú 104]

(a)  Beart Jean Monnet i réimse an ardoideachais; [Leasú 105]

(b)  Gníomhaíocht Jean Monnet i réimsí uile an oideachais agus na hoiliúna; [Leasú 106]

(c)  tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí seo a leanas a bhfuil aidhm leasa Eorpaigh á saothrú acu: an Institiúid Ollscoile Eorpach, Flórans, lena n‑áirítear Scoil an Rialachais Thrasnáisiúnaigh; Coláiste na hEorpa (campais Bhrugge agus Natolin); an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí, Maastricht; Acadamh an Dlí Eorpaigh, Trier; an Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta Oideachais agus um Oideachas Cuimsitheach, Odense agus an tIonad Idirnáisiúnta d'Oiliúint Eorpach, Nice.

CAIBIDIL III

An tAos Óg

Airteagal 8

Príomhbheart 1

Soghluaisteacht foghlama

I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 1:

(a)  soghluaisteacht daoine óga;

(b)  gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige;

(c)  gníomhaíochtaí DiscoverEU;

(d)  soghluaisteacht oibrithe óga.

Airteagal 9

Príomhbheart 2

Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

(a)  comhpháirtíochtaí straitéiseacha le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú; [Leasú 107]

(b)  comhpháirtíochtaí um nuáil chun cumas nuála na hEorpa a neartú;

(c)  ardáin agus uirlisí inrochtana agus soláimhsithe ar líne le haghaidh comhar fíorúil. [Leasú 108]

Airteagal 10

Príomhbheart 3

Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

I réimse na hóige, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

(a)  clár oibre beartais an Aontais maidir leis an óige a ullmhú agus a chur chun feidhme, de réir mar is ábhartha, le tacaíocht ó líonra Youth Wiki; [Leasú 109]

(b)  Uirlisí agus bearta an Aontais lena gcothaítear cáilíocht, trédhearcacht agus aitheantas ar inniúlachtaí agus ar scileanna, go háirithe trí Youthpass;

(c)  caidreamh beartais agus comhar le geallsealbhóirí ábhartha agus tacaíocht dóibh lena n-áirítear líonraí uile-Aontais, eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta i réimse na hóige, idirphlé Óige an Aontais agus tacaíocht d’Fhóram Eorpach na nÓg; [Leasú 110]

(d)  bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir; [Leasú 111]

(e)  comhar le hionstraimí eile an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile an Aontais;

(f)  gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí na mbeartas Eorpach agus maidir leis an gClár.

CAIBIDIL IV

An Spórt

Airteagal 11

Príomhbheart 1

Soghluaisteacht foghlama

I réimse an spóirt, beidh an Clár ina thacú, faoi phríomhghníomhaíocht 1, le soghluaisteacht daoine óga a imríonn spórt an phobail agus le soghluaisteacht ball foirne spóirt atá rannpháirteach i spórt an phobail. [Leasú 112]

Airteagal 12

Príomhbheart 2

Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 2:

(a)  comhpháirtíochtaí le haghaidh comhair agus malartuithe cleachtas, lena n‑áirítear comhpháirtíochtaí mionscála chun rochtain leathan agus níos cuimsithí ar an gClár a chothú;

(b)  imeachtaí neamhbhrabúis spórt an phobail, lena n-áirítear imeachtaí mionscála arb é is aidhm leo gné Eorpach an spóirt an fhorbairt tuilleadh. [Leasú 113]

Airteagal 13

Príomhbheart 3

Tacaíocht d'fhorbairt beartas agus do chomhar

I réimse an spóirt, tacóidh an Clár leis na bearta a leanas faoi phríomhbheart 3:

(a)  clár oibre beartas an Aontais maidir le spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(b)  idirphlé beartais agus comhar le príomhpháirtithe leasmhara, lena n‑áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse an spóirt; [Leasú 114]

(ba)  bearta lena rannchuidítear le cur chun feidhme ardcháilíochta agus cuimsitheach an Chláir; [Leasú 115]

(bb)  comhar le hionstraimí eile de chuid an Aontais mar aon le tacaíocht do bheartais eile de chuid an Aontais; [Leasú 116]

(c)  gníomhaíochtaí scaipthe agus múscailte feasachta maidir le torthaí agus tosaíochtaí an bheartais Eorpaigh agus maidir leis an gClár, lena n‑áirítear duaiseanna agus dámhachtainí spóirt.

Caibidil IVa

CUIMSIÚ [Leasú 117]

Airteagal 13a

Straitéis maidir le cuimsiú

1.  Faoin 31 Márta 2021, forbróidh an Coimisiún creat de bhearta cuimsithe, chomh maith le treoir maidir lena gcur chun feidhme. Bunaithe ar an gcreat sin, agus aird ar leith á tabhairt ar dhúshláin sonracha maidir le rochtain ar an gClár sa chomhthéacs náisiúnta, forbróidh na gníomhaireachtaí náisiúnta straitéis ilbhliantúil maidir le cuimsiú náisiúnta. Cuirfear an straitéis sin ar fáil go poiblí faoin 30 Meitheamh 2021 agus déanfar faireachán ar chur chun feidhme na straitéise ar bhonn tráthrialta.

2.  Tabharfar aird ar leith ar na gnéithe seo a leanas sa chreat agus sa straitéis dá dtagraítear i mír 1:

(a)  comhar le comhpháirtithe sóisialta, le húdaráis náisiúnta agus áitiúla agus leis an tsochaí shibhialta;

(b)  tacaíocht d’eagraíochtaí an phobail, atá bunaithe ar chomhphobail agus a oibríonn go díreach leis na spriocghrúpaí;

(c)  for-rochtain agus cumarsáid leis na spriocghrúpaí, lena n-áirítear trí fhaisnéis sholáimhsithe a scaipeadh;

(d)  nósanna imeachta iarratais a shimpliú;

(e)  seirbhísí speisialta comhairle, oiliúna agus tacaíochta a sholáthar do na spriocghrúpaí, roimh dóibh iarratas a dhéanamh agus chun iad a ullmhú dá rannpháirtíocht sa Chlár;

(f)  dea-chleachtais maidir le seirbhísí inrochtaineachta agus tacaíochta do dhaoine atá faoi mhíchumas;

(g)  sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla iomchuí a bhailiú chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na straitéise;

(h)  bearta tacaíochta airgeadais a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 13b. [Leasú 118]

Airteagal 13b

Bearta tacaíochta airgeadais um chuimsiú

1.  Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit i gcomhar le chéile chun a áirithiú go ndéanfar bearta leormhaithe tacaíochta airgeadais, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú i gcás inarb ábhartha, a chur ar bun chun tacú le daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a gcuirtear bac ar a rannpháirtíocht sa Chlár ar chúiseanna airgeadais, mar gheall go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó ós rud é gur bacainn mhór iad na costais bhreise a bhaineann le rannpháirtíocht sa Chlár mar gheall ar a gcás sonrach. Is bunaithe ar chritéir oibiachtúla a dhéanfar an measúnú ar na cúiseanna airgeadais agus ar leibhéal na tacaíochta.

2.  Féadfar na nithe seo a leanas a chur san áireamh sna bearta tacaíochta airgeadais dá dtagraítear i mír 1:

(a)  tacaíocht atá ar fáil ó ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa+;

(b)  tacaíocht atá ar fáil faoi scéimeanna náisiúnta;

(c)  coigeartú agus breisiú ar thacaíocht do ghníomhaíochtaí soghluaisteachta atá ar fáil faoin gClár.

3.  Chun pointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá coigeartú ar na deontais lena dtacaítear le gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár nó údaróidh sé do na gníomhaireachtaí náisiúnta iad a choigeartú. I gcomhréir leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 14, bunóidh an Coimisiún freisin buiséad tiomnaithe chun bearta breise tacaíochta airgeadais faoin gClár a mhaoiniú.

4.  Maidir le costais na mbeart chun cuimsiú a éascú nó chun tacú leis, ní bheidh siad, in imthosca ar bith, ina n-údar le diúltú d’iarratas faoin gClár. [Leasú 119]

CAIBIDIL V

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 14

Buiséad

1.  Is é EUR 30 000 000 000 41 097 000 000 i bpraghsanna seasta 2018 (EUR 46 758 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021–2027. [Leasú 120]

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na leithreasuithe bliantúla a údarú faoi theorainneacha an chreata airgeadais ilbhliantúil. [Leasú 121]

2.  Beidh an Clár oscailte do na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  EUR 24 940 000 000 83 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh beart i réimse an oideachais agus na hoiliúna, arna dháileadh mar seo a leanas: : [Leasú 122]

(1)  ba cheart EUR 8 640 000 000 déanfar 34.66 % ar a laghad a dháileadh do bhearta ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 123]

(2)  ba cheart EUR 5 230 000 000 déanfar 23 % ar a laghad a dháileadh leithdháileadh Sdo bhearta gairmoideachais agus gairmoiliúna dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 124]

(3)  déanfar 15.63 % ar a laghad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí scoile, lena n-áirítear oideachas réamhscoile agus oideachas na luathóige, dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 125]

(4)  déanfar 6 % ar a laghad a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí oideachais aosach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 4 agus i bpointe (a) d’Airteagal 5; [Leasú 126]

(5)  EUR 450 000 000 do bhearta leithdháilfear 1.8 % ar ghníomhaíochtaí Jean Monnet dá dtagraítear in Airteagal 7; [Leasú 127]

(5a)  déanfar 13.91 % den mhéid dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo a leithdháileadh ar ghníomhartha a bhainistítear go díreach den chuid is mó, lena n-áirítear iad sin a leagtar amach i bpointe (e) d’Airteagal 4, i bpointe (b) go pointe (d) d’Airteagal 5 agus i bpointe (a) go pointe (f) d’Airteagal 6; [Leasú 128]

(5b)  féadfar úsáid a bhaint as an 5 % eile chun aon ghníomhaíochtaí i gCaibidil II a mhaoiniú; [Leasú 129]

(b)  10.3 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse na hóige dá dtagraítear in Airteagal 8 go hAirteagal 10; [Leasú 130]

(c)  2 % den mhéid dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an spóirt dá dtagraítear in Airteagal 11 go hAirteagal 13; agus [Leasú 131]

(d)  3.2 % ar a laghad den mhéid dá dtagraítear i mír 1 mar ranníocaíocht le costais oibríochtúla na ngníomhaireachtaí náisiúnta. [Leasú 132]

Maidir leis an 1.5 % eile nach leithdháilfear faoin dáileadh táscach a leagtar amach sa chéad fhomhír, féadfar é a úsáid le haghaidh tacaíocht chláir. [Leasú 133]

3.  Anuas ar an gclúdach airgeadais a léirítear i mír 1, agus chun gné idirnáisiúnta an Chláir a chur chun cinn, soláthrófar ranníocaíochtaí airgeadais le Rialachán …/… [An Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta](33) agus Rialachán …/… [IPA III](34), chun tacú le gníomhartha a bhunaítear agus a chuirtear chun feidhme faoin Rialachán seo. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húsáid na gcistí sin, agus comhréireacht leis na Rialacháin lena rialaítear NDICI agus IPA III faoi seach á háirithiú. [Leasú 134]

4.  Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha agus comhairle inrochtaineachta agus oiliúna. [Leasú 135]

5.  Gan dochar don Rialachán Airgeadais, féadfaidh caiteachas ar bhearta a d’eascraigh as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2021.

6.  Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoin mbainistíocht chomhroinnte a aistriú chuig an gClár, má iarrann na Ballstáit sin. Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den Airteagal sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann a dhéanamh más féidir.

6a.  Is sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 19 a chinnfear na tosaíochtaí maidir le leithdháileadh an bhuiséid de réir gníomhaíochta dá bhforáiltear i mír 2. [Leasú 136]

Airteagal 15

Cineálacha cistiúcháin ón Aontas Eorpach agus modhanna cur chun feidhme

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais nó tríd an mbainistíocht indíreach le comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 61(1)(c) den Rialachán Airgeadais.

2.  Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

3.  Féadfaidh ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh an baol a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha síos in [Airteagal X de] Rialachán X [comharba an Rialacháin maidir leis an gCiste Ráthaíochta].

CAIBIDIL VI

RANNPHÁIRTÍOCHT SA CHLÁR

Airteagal 16

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.  Beidh an Clár oscailte do rannpháirtíocht ó na tríú tíortha seo a leanas:

(a)  Comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le LEE;

(b)  tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat‑chomhaontuithe faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)  tíortha a chuimsítear faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creat‑chomhaontuithe faoi seach agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais, nó i gcomhaontuithe comhchosúla, agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos sna comhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)  tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll

–  go n‑áirithíonn an comhaontú cothromaíocht i dtaca le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gclár an Aontais;

–  go leagtar síos coinníollacha do rannpháirtíocht sna cláir, lena n‑áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair agus a gcostais riaracháin. Ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [21(5)] den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí sin;

–  nach dtugtar leis an gcomhaontú cumhacht don tríú tír cinntí a dhéanamh maidir leis an gClár;

–  go ráthaítear cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

2.  Beidh na tíortha dá dtagraítear i mír 1 go hiomlán rannpháirteach sa Chlár chomh fada agus go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí go léir dá bhforchuirtear ar Bhallstáit leis an Rialachán seo.

Airteagal 17

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

Maidir leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 go hAirteagal 6 , pointe (a) agus (b) d’Airteagal 7, agus Airteagal 8 go hAirteagal 13, féadfaidh an Clár a bheith oscailte do rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach ó aon tríú tír i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ar mhaithe le leas an Aontais:

(a)  tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 16 nach gcomhlíonann an choinníoll atá leagtha amach i mír 2 den Airteagal sin;

(b)  aon tríú tír eile. [Leasú 137]

Airteagal 18

CAIBIDIL 2 Rialacha is infheidhme maidir le bainistiú díreach agus bainistiú indíreach

1.  Beidh an Clár oscailte d’eintitis dhlíthiúla phoiblí agus phríobháideacha atá gníomhach sna réimsí maidir le hoideachas, oiliúint, an óige agus sport.

2.  Tráth a bheidh an Clár á gcur i bhfeidhm, inter alia maidir le roghnú na rannpháirtithe agus dámhachtain na scoláireachtaí, ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, áiritheoidh siad go ndéanfar iarrachtaí ar leith chun cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht daoine a bhfuil riachtanais speisialta nó a bhfuil níos lú deiseanna acu a chur chun cinn. [Leasú 138]

3.  Le haghaidh roghnúchán faoi bhainistíocht dhíreach agus neamhdhíreach araon, d’fhéadfadh an coiste meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal [145(3), an tríú fleasc] den Rialachán Airgeadais a bheith comhdhéanta as saineolaithe seachtracha.

4.  Comhlachtaí poiblí, mar aon le scoileanna, le hinstitiúidí ardoideachais agus le heagraíochtaí i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na hóige agus an spóirt a bhfuil os cionn 50 % dá n‑ioncam bliantúil faighte acu ó fhoinsí poiblí le dhá bhliain anuas, measfar go bhfuil an cumas airgeadais, gairmiúil agus riaracháin riachtanach acu chun gníomhaíochtaí faoin gClár a chur i gcrích. Ní bheidh sé de cheangal orthu doiciméid eile a chur ar fáil chun an cumas sin a léiriú.

4a.  Déanfar na leibhéil de thacaíocht airgeadais, amhail deontais, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe agus costais aonaid, a athbhreithniú go tráthrialta agus a choigeartú do chostais mhaireachtála agus chothaithe na tíre óstaí nó an réigiúin óstaigh, bunaithe ar fhigiúirí Eurostat. Tabharfar aird chuí i gcoigeartú na gcostas maireachtála agus cothaithe ar na costais taistil chuig an tír óstach agus uaithi nó chuig an réigiún óstach agus uaidh. [Leasú 139]

5.  D’fhonn rochtain do dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu a fheabhsú agus cur chun feidhme réidh an Chláir a áirithiú, d’fhéadfadh an Coimisiún coigeartú a dhéanamh nó údarú a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23 coigeartú a dhéanamh, ar bhonn na gcritéar oibiachtúil, ar na deontais chun tacú le bearta soghluaisteachta an Chláir. [Leasú 140]

6.  Féadfaidh an Coimisiún iarraidh i gcomhar le tríú tíortha nach bhfuil bainteach leis an gClár nó lena gcuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí a sheoladh chun tionscadail a mhaoiniú ar bhonn cistí comhfhreagracha. Féadfar meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail agus iad a roghnú trí chomhnósanna imeachta meastóireachta agus roghnúcháin atá le comhaontú ag na gníomhaireachtaí cistiúcháin lena mbaineann, i gcomhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach i Rialachán XX/2012 [an Rialachán Airgeadais].

CAIBIDIL VII

CLÁRSCEIDEALÚ, FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ agus MEASTÓIREACHT

Airteagal 19

Clár oibre

Is trí bhíthin clár oibre amhail dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chinnfear na roghanna agus tosaíochtaí beartais tánaisteacha, lena n-áirítear mionsonraí na dtionscnamh sonrach a leagtar amach in Airteagal 4 go hAirteagal 13. Leagfar amach sa chlár oibre freisin an chaoi a gcuirfear an Clár chun feidhme. Ina theannta sin, tabharfar le fios sa chlár oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus maidir le dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí atá le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 30 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an gclár oibre a ghlacadh. [Leasú 141]

Airteagal 20

Faireachán agus tuairisciú

1.  Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 3.

2.  Chun a áirithiú go measfar go héifeachtach dul chun cinn an Chláir i dtreo bhaint amach a chuspóirí, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, chun an Iarscríbhinn a leasú chun na táscairí a athbhreithniú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gur gá, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.  Áiritheoidh an córas tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar na sonraí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar mheas an Chláir go héifeachtúil, go héifeachtach, go tráthúil agus ar leibhéal mionsonraí cuí ag tairbhí chistí an Aontais de réir bhrí Airteagal [2(5)] den Rialachán Airgeadais. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus (nuair is ábhartha) ar Bhallstáit.

Airteagal 21

Meastóireacht, athbhreithniú meántéarma agus athscrúdú [Leasú 142]

1.  Déanfar aon mheastóireachtaí go tráthúil sa dóigh go bhféadfar leas a bhaint astu sa phróiseas cinnteoireachta. [Leasú 143]

2.  Déanfar an t-athbhreithniú meántéarma ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach i gcás ar bith tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024. Beidh sé á thionlacain freisin ag meastóireacht deiridh ar an gclár réamhtheachtach, a úsáidfear san athbhreithniú meántéarma. Maidir leis an athbhreithniú meántéarma, sa bhreis ar an measúnú a dhéanfar ann ar éifeachtacht agus feidhmíocht fhoriomlán an Chláir, déanfar meastóireacht ann, go áirithe, ar sheachadadh na mbeart um chuimsiú a leagtar síos i gCaibidil IVa, ar na hiarrachtaí a dhéantar chun an Clár a shimpliú do na tairbhithe, agus ar chur chun feidhme na dtionscnamh nua dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 5 agus i bpointe (c) d’Airteagal 8. Ar an gcaoi sin, déanfar scrúdú ar mhiondealú na rannpháirtíochta sa Chlár, go háirithe i dtaca le daoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu. [Leasú 144]

3.  Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IX agus do dhualgais na ngníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán 2024 maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha faoi seach. Déanfaidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí tuarascáil chomhchosúil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir i dtíortha i mbéal forbartha rannpháirteacha. [Leasú 145]

3a.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá agus bunaithe ar an athbhreithniú meántéarma, tograí reachtacha iomchuí a chur ar aghaidh chun an Rialachán seo a leasú. Tiocfaidh an Coimisiún os comhair an choiste inniúil i bParlaimint na hEorpa agus os comhair an chomhlachta inniúil sa Chomhairle chun tuairisc a thabhairt ar an athbhreithniú meántéarma, lena n-áirítear i dtaca lena chinneadh an gá an Rialachán seo a leasú. [Leasú 146]

4.  I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre trí bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. [Leasú 147]

5.  Cuirfidh Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin in iúl do , a tharchur chuig Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún. [Leasú 148]

CAIBIDIL VIII

FAISNÉIS, CUMARSÁID AGUS SCAIPEADH

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh torthaí

1.  I gcomhar leis an gCoimisiún agus ar bhonn creat uile-Aontais, déanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 24 straitéis chomhsheasmhach a fhorbairt maidir le for-rochtain éifeachtach agus maidir le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi na gníomhartha ar a ndéanann siad bainistiú laistigh den Chlár, agus tabharfaidh siad cúnamh don Choimisiún sa tasc ginearálta maidir le faisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le gníomhartha agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus i dtaca le torthaí an Chláir. Cuirfidh na gníomhaireachtaí náisiúnta na spriocghrúpaí ábhartha ar an eolas faoi na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ina dtír d’fhonn comhar a fheabhsú idir geallsealbhóirí agus d’fhonn tacú le cur chuige trasearnála maidir le cur chun feidhme an Chláir. Le linn dóibh gníomhaíochtaí cumarsáide agus for-rochtana a dhéanamh agus le linn dóibh faisnéis a scaipeadh, tabharfaidh an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí náisiúnta aird ar leith, i gcomhréir le Caibidil IVa, ar dhaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu d’fhonn rannpháirtíocht na ndaoine sin sa Chlár a mhéadú. [Leasú 149]

1a.  Maidir le doiciméid riachtanacha go léir an Chláir do thairbhithe, lena n-áirítear foirmeacha iarratais, treoracha agus faisnéis riachtanach, cuirfear ar fáil iad i dteangacha oifigiúla go léir an Aontais ar a laghad. [Leasú 150]

2.  Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón Aontas aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe, go háirithe nuair a bhíonn na bearta agus a dtorthaí á bpoibliú, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n‑áirítear na meáin agus an pobal.

3.  Is é "Erasmus+" an t‑ainm branda a mbainfidh na comhlachtaí poiblí agus príobháideacha sna hearnálacha a chumhdaítear leis an gClár feidhm astu chun críche an fháisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a eisiúint.

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir, a chur chun feidhme ar bhealach inrochtana. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. [Leasú 151]

4a.  Déanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis faoin gClár a scaipeadh ar sheirbhísí gairmthreorach in institiúidí oideachais agus oiliúna agus ar sheirbhísí fostaíochta. [Leasú 152]

CAIBIDIL IX

CÓRAS BAINISTÍOCHTA AGUS INIÚCHÓIREACHTA

Airteagal 23

Údarás náisiúnta

1.  Laistigh de 22 Eanáir 2014, cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún trí fhógra fhoirmiúil arna sheachadadh ag a mBuanionadaíocht an duine (na daoine) atá údaraithe de réir an dlí chun gníomhú thar a gceann mar an údarás náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo. I gcás chur in ionad an údaráis náisiúnta le linn ré an Chláir, cuirfidh an Ballstát ábhartha an Coimisiún ar an eolas faoi láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta céanna.

2.  Déanfaidh na Ballstáit gach beart is gá agus is iomchuí chun aon bhacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú cuí an Chláir a bhaint, lena n-áirítear, i gcás inar féidir, bearta atá dírithe ar cháin ar dheontais a sheachaint, iniomparthacht na gceart idir córais shóisialta an Aontais a áirithiú agus réiteach a fháil ar shaincheisteanna as a n-eascraíonn deacrachtaí chun víosaí nó ceadanna cónaithe a fháil. [Leasú 153]

3.  Faoin ... , ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta gníomhaireacht náisiúnta nó gníomhaireachtaí náisiúnta. I gcásanna gurb ann do níos mó ná gníomhaireacht náisiúnta amháin, bunóidh na Ballstáit sásra cuí chun cur chun feidhme an Chláir ar an leibhéal náisiúnta a bhainistiú ar bhealach comhordaithe, go háirithe d'fhonn cur chun feidhme an Chláir a bheadh comhtháite agus éifeachtúil ó thaobh costas de a áirithiú agus teagmháil éifeachtach leis an gCoimisiún a áirithiú maidir leis sin, agus d'fhonn a éascú go bhféadfaí cistí a aistriú idir gníomhaireachtaí, agus ar an gcaoi sin foráil do sholúbthacht agus d'úsáid níos fearr a bhaint as na cistí a leithdháiltear ar na Ballstáit. Gan dochar d'Airteagal 29(3), cinnfidh gach Ballstát conas a eagróidh sé an caidreamh atá aige idir a údarás náisiúnta agus an ghníomhaireacht náisiúnta, lena n‑áirítear cúraimí amhail clár oibre bliantúil na gníomhaireachta náisiúnta a bhunú.

Cuirfidh an t‑údarás náisiúnta measúnú ex-ante comhlíonta oiriúnach ar fáil don Choimisiún lena gcuirfear in iúl go gcomhlíonann an t‑údarás náisiúnta pointí (c)(v) agus (vi) d'Airteagal 58(1) agus Airteagal 60(1), (2) agus (3) de Rialachán Uimh.966/2012 agus le hAirteagal 38 dá Rialachán Tarmligthe Uimh.1268/2012 ón gCoimisiún(20)chomh maith le ceanglais an Aontais i ndáil le caighdeáin rialála inmheánacha do ghníomhaireachtaí náisiúnta agus rialacha le haghaidh bhainistiú cistí an Chláir do thacaíocht deontais.

4.  Ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26.

5.  Bunóidh an t‑údarás náisiúnta a mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante ar a seiceálacha agus ar a iniúchtaí féin, agus/nó ar seiceálacha agus ar iniúchtaí arna ndéanamh ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 26. Sa chás sin is ionann an t‑údarás náisiúnta atá sannta don Chlár agus an t‑údarás náisiúnta atá sannta do na Cláir Foghlaim ar Feadh an tSaoil nó An tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bhí ann roimhe seo, d'fhéadfaí raon feidhme na seiceálacha agus na hiniúchtaí i ndáil leis an measúnú comhlíonta ex-ante a theorannú do cheanglais atá nua agus sonrach maidir leis an gClár.

6.  Sa chás go ndiúltaíonn an Coimisiún d’ainmniú na gníomhaireachta náisiúnta bunaithe ar a meastóireacht ar an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante, nó mura gcomhlíonann an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta atá socraithe ag an gCoimisiún, áiritheoidh an t‑údarás náisiúnta go nglacfar na céimeanna feabhais atá riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta na ceanglais íosta, nó ainmneoidh siad comhlacht eile mar ghníomhaireacht náisiúnta.

7.  Déanfaidh an t‑údarás náisiúnta faireachán agus maoirseacht ar bhainistíocht an Chláir ar an leibhéal náisiúnta. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas agus rachaidh sé i mbun comhairle leis in am trátha sula nglacfaidh sé aon chinneadh a bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar bhainistiú an Chláir, go háirithe maidir lena ghníomhaireacht náisiúnta.

8.  Soláthróidh an t‑údarás náisiúnta cómhaoiniú leormhaith i gcomhair oibríochtaí a ghníomhaireachta náisiúnta lena áirithiú go ndéanfar an Clár a bhainistiú i dtaca leis na rialacha Aontais is infheidhme.

9.  Bunaithe ar dhearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh agus ar anailís an Choimisiúin ar chomhlíonadh agus feidhmíocht an údaráis náisiúnta, déanfaidh an t-údarás náisiúnta faisnéis maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i ndáil leis na gClár a sholáthar don Choimisiún gach bliain. I gcás inarb iomchuí, cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal. [Leasú 154]

10.  Glacfaidh an t‑údarás náisiúnta freagracht as bainistíocht chuí chistí an Aontais a aistríonn an Coimisiún chuig an ngníomhaireacht náisiúnta trí bhíthin tacaíocht deontais a dhámhachtain faoin gClár.

11.  I gcás aon neamhrialtachta, faillí nó calaoise atá inchurtha i leith na gníomhaireachta náisiúnta d'aon easnamh tromchúiseach nó thearcfheidhmíocht ar pháirt na gníomhaireachta náisiúnta, agus sa chás ina ndéanann an Coimisiún éilimh i gcoinne na gníomhaireachta náisiúnta dá bharr sin, beidh an t‑údarás náisiúnta faoi dhliteanais na cistí nár gnóthaíodh a aisíoc leis an gCoimisiúin.

12.  Sna a thuairiscítear i mír 11, féadfaidh an t‑údarás náisiúnta, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ón gCoimisiún, an ghníomhaireachta náisiúnta a chúlghairm. I gcás inar mian leis an údarás náisiúnta an sainordú sin a chúlghairm ar aon chúis a bhfuil údar maith leo, cuirfidh sé an chúlghairm in iúl don Choimisiún sé mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé beartaithe sainordú na gníomhaireachta náisiúnta a fhoirceannadh. Sa chás sin, déanfaidh an t‑údarás náisiúnta agus an Coimisiún bearta sainiúla agus uainithe maidir le trasdul a chomhaontú go foirmiúil.

13.  I gcás cúlghairme, déanfaidh an t‑údarás náisiúnta na rialuithe riachtanacha maidir le cistí an Aontais a bhí curtha de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe agus áiritheoidh sé go n‑aistreofar gan bhacainn go dtí an ghníomhaireacht náisiúnta nua na cistí sin agus na doiciméid agus na huirlisí bainistíochta uile a theastaíonn chun an Clár a bhainistiú. Soláthróidh an t‑údarás náisiúnta an tacaíocht airgeadais riachtanach don ghníomhaireacht náisiúnta a bhfuil a sainordú chúlghairthe chun leanúint dá hoibleagáidí conartha vis‑à-vis tairbhithe an Chláir agus vis‑à-vis an Coimisiún a dhéanamh go dtí go n‑aistreofar na hoibleagáidí sin go dtí gníomhaireacht náisiúnta nua.

14.  Má iarrann an Coimisiún air amhlaidh, ainmneoidh an t‑údarás náisiúnta na hinstitiúidí nó na heagraíochtaí, nó cineálacha na n‑institiúidí nó na n‑eagraíochtaí sin, chun bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh i mbearta sonracha de chuid an Chláir ina gcríocha faoi seach.

Airteagal 24

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.  Maidir leis an ngníomhaireacht náisiúnta:

(a)  beidh pearsantacht dhlítheanach aici nó beidh sí mar chuid d'eintiteas ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach, agus rialófar í de réir dhlí an Bhallstáit lena mbaineann; ní fhéadfar aireacht a ainmniú mar ghníomhaireacht náisiúnta;

(b)  beidh cumas bainistíochta, foireann agus bonneagar leormhaith aici chun a cúraimí a chomhlíonadh go sásúil, lena n‑áiritheofar bainistíocht éifeachtúil agus éifeachtach ar an gClár agus bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

(ba)  beidh an saineolas is gá aici chun earnálacha go léir an Chláir a chumhdach; [Leasú 155]

(c)  beidh sé de chumas dlíthiúil agus oibríochtúil aici na rialacha riaracháin, conarthacha agus airgeadais atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais a chur chun feidhme;

(d)  cuirfidh sí ráthaíochtaí airgeadais leordhóthanacha ar fáil, arna n‑eisiúint más féidir ag údarás poiblí, a fhreagraíonn do leibhéal cistí an Aontais a n‑iarrfar uirthi a bhainistiú;

(e)  beidh sí ainmnithe d'fhad tréimhse an Chláir.

2.  Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as bainistiú ar gach céim de thimthriall tionscadail na mbeart a ndéanfar cur síos orthu sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal [19], i gcomhfhoirmeacht le [pointe (c)(v) agus (vi) d’Airteagal 58(1)] den Rialachán Airgeadais.

3.  Eiseoidh an ghníomhaireacht náisiúnta tacaíocht do thairbhithe laistigh de bhrí Airteagal [2(5)] den Rialachán Airgeadais trí chomhaontú deontais de réir mar atá sonraithe ag an gCoimisiún don bheart Cláir lena mbaineann.

4.  Tuairisceoidh an ghníomhaireacht náisiúnta gach bliain don Choimisiún agus don údarás náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 60(5) de Rialacháin (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar chur chun feidhme na mbarúlacha arna n‑eisiúint ag an gCoimisiún tar éis dó anailís a dhéanamh ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta, agus ar an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina thaobh.

5.  Ní fhéadfaidh an ghníomhaireacht náisiúnta aon chúram a bhaineann le cur chun feidhme an Chláir ná an bhuiséid a tugadh di a tharmligean do thríú páirtí gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón údarás náisiúnta agus ón gCoimisiún. Is í an ghníomhaireacht náisiúnta agus ise amháin a bheidh freagrach as na cúraimí arna dtarmligean chuig tríú páirtí.

6.  I gcás ina ndéantar sainordú gníomhaireachta náisiúnta a cúlghairm, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta sin fós freagrach ó thaobh an dlí de as a hoibleagáidí conartha a chomhlíonadh i leith tairbhithe an Chláir agus maidir leis an gCoimisiún go dtí go n‑aistreofar na hoibleagáidí sin chuig gníomhaireacht náisiúnta nua.

7.  Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta i gceannas ar bhainistiú agus ar fhoirceannadh na gcomhaontuithe airgeadais a bhaineann leis na cláir is réamhtheachtaí eadhon na cláir Foghlama ar Feadh an tSaoil agus an tAos Óg i mBun Gníomhaíochta a bheidh fós oscailte ag tús an Chláir.

7a.  Maidir le nósanna imeachta arna gcur ar bun chun an Rialachán a chur chun feidhme, áiritheoidh na gníomhaireachtaí náisiúnta, i gcomhar leis an gCoimisiún, go mbeidh siad comhsheasmhach agus simplí agus gur faisnéis ardcháilíochta a bheidh ann, lena n-áirítear trí chomhchaighdeáin le haghaidh iarratais ar thionscadail agus meastóireacht orthu a fhorbairt. Rachaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta i gcomhairle go tráthrialta le tairbhithe an Chláir chun a áirithiú go gcomhlíonfar an ceanglas sin. [Leasú 156]

Airteagal 25

an Coimisiún Eorpach

1.  Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 23(3), déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais bhainistíochta agus rialaithe, go háirithe bunaithe ar mheasúnú ar chomhlíonadh ex-ante an údaráis náisiúnta, ar dhearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis bhliantúil ón údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClár á cur i gcuntas go cuí.

2.  Laistigh de dhá mhí tar éis dó an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante dá dtagraítear in Airteagal 23(3) a fháil ón údarás náisiúnta, glacfaidh an Coimisiún le hainmniú na gníomhaireachta náisiúnta, glacfaidh sé leis ar bhonn coinníollach nó diúltóidh sé don ainmniú sin. Ní rachaidh an Coimisiún i ngaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta go dtí go nglacfar leis an measúnú ar chomhlíonadh ex-ante. I gcás ina nglactar leis go coinníollach, féadfaidh an Coimisiún bearta réamhchúraim comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir lena ghaol conarthach leis an ngníomhaireacht náisiúnta.

3.  Cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas de chuid an Chláir ar fáil gach bliain don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)  cistí maidir le tacaíocht deontais sa Bhallstát lena mbaineann do bhearta an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

(b)  socrófar ranníocaíocht airgeadais ag tacú le tascanna bainistíochta an Chláir de chuid na gníomhaireachta náisiúnta ar bhonn mhéid na gcistí den Aontas do thacaíocht deontais atá curtha faoi chúram na gníomhaireachta náisiúnta;

(c)  más ábhartha, cistí breise le haghaidh bearta faoi phointe (d) d’Airteagal 6, faoi phointe (d) d’Airteagal 10 agus faoi phointe (ba) d’Airteagal 13. [Leasú 157]

3a.  Beidh an Coimisiún freagrach as na gníomhaíochtaí a bhainistíonn sé go díreach a chur chun feidhme. Déanfaidh sé bainistíocht, dá bhrí sin, ar an uile chéim d’iarratais ar dheontais agus d’iarratais ar thionscadail i gcás ghníomhaíochtaí an Chláir arna liostú i gCaibidlí II, III agus IV nuair is líonraí uile-Aontais agus eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta a thíolacann iad. [Leasú 158]

4.  Socróidh an Coimisiún na ceanglais maidir le clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí an Chláir ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta go dtí go mbeidh an clár oibre ábhartha den ghníomhaireacht náisiúnta formheasta go foirmiúil ag an gCoimisiún.

5.  Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bhainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha ina leith in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

6.  I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 60(4) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012.

7.  Eagrófar cruinnithe ar bhonn rialta le líonra na ngníomhaireachtaí náisiúnta chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir a áirithiú ar fud na mBallstát go léir agus na dtríú tíortha go léir dá dtagraítear in Airteagal 17 agus chun malartú dea-chleachtas a áirithiú. Tabharfar cuireadh do shaineolaithe seachtracha, lena n-áirítear ionadaithe ar an tsochaí shibhialta, ar chomhpháirtithe sóisialta agus ar thríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin. Tabharfar cuireadh do Pharlaimint na hEorpa a bheith ina breathnadóir ag na cruinnithe sin. [Leasú 159]

7a.  Chun an próiseas iarratais a shimpliú agus a chomhchuibhiú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 30 Meitheamh 2024, uirlis chomhchoiteann, ilteangach is ionad ilfhreastail a sholáthar le haghaidh an Chláir. Cuirfear an uirlis sin ar fáil, ar líne agus ar ghléasanna móibíleacha, d’aon eintiteas a thairbhíonn den Chlár nó a bhfuil baint aige le bainistiú an Chláir. Déanfaidh an uirlis faisnéis faoi chomhpháirtithe féideartha a sholáthar freisin do thairbhithe ionchasacha. [Leasú 160]

7b.  Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh torthaí an tionscadail ar fáil don phobal agus go scaipfear go forleathan iad chun malartú dea-chleachtas a chur chun cinn i measc na ngníomhaireachtaí náisiúnta, geallsealbhóirí agus thairbhithe an Chláir. [Leasú 161]

7c.  Faoin 31 Nollaig 2021, forbróidh an Coimisiún Cárta Mic Léinn Eorpach do na mic léinn ar fad a ghlacann páirt sa Chlár. Faoin 31 Nollaig 2025, cuirfidh an Coimisiún an Cárta Mic Léinn Eorpach ar fáil do na mic léinn go léir san Aontas. [Leasú 162]

Airteagal 26

Comhlacht neamhspleách iniúchóireachta

1.  Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 60(5) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh.966/2012. Is é sin a bheidh mar bhunús an dearbhaithe ar an iomlán de bhun Airteagal [123] den Rialachán Airgeadais.

2.  Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)  beidh na hinniúlachtaí gairmiúla is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)  áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí;

(c)  ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de. Beidh sé, go háirithe, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ón eintiteas dlíthiúil a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina chuid de.

3.  Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil i dtaca leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bhainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL X

CÓRAS RIALAITHE

Airteagal 27

Prionsabail an chórais rialaithe

1.  Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirfear bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí rialuithe éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

2.  Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta maidir le gníomhartha agus gníomhaíochtaí an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta, agus aird á tabhairt ar na córais rialaithe inmheánaigh i gcás airgeadas poiblí náisiúnta. [Leasú 163]

3.  Beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach as rialuithe príomhúla na dtairbhithe deontais i gcomhair na mbeart de chuid an Chláir, dá dtagraítear in Airteagal 24(2). Tabharfaidh na rialuithe sin urrús réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna mbronnadh de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh rialacha an Aontais is infheidhme.

4.  Maidir le cistí an Chláir arna n‑aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú ceart ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta, ar bhonn an phrionsabail iniúchóireachta aonair agus tar éis anailís a dhéanamh bunaithe ar riosca. Ní bhaineann an fhoráil sin le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF).

Airteagal 28

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár le cinneadh faoi chomhaontú idirnáisiúnta nó de bhua aon ionstraim dhlíthiúil eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, don Oifig Eorpach Frith‑Chalaois agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a n‑inniúlachtaí ábhartha a chur i bhfeidhm go cuimsitheach. I gcás na hOifige Eorpaí Frith‑Chalaoise, áireofar leis na cearta sin an ceart iniúchtaí a dhéanamh, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair san áireamh, dá bhforáiltear i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL X

Comhlántacht

Airteagal 29

Comhsheasmhacht le beartais agus le cláir eile de chuid an Aontais

1.  Cuirfear an Clár chun feidhme d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán le beartais, cláir agus le cistí ábhartha eile an Aontais a áirithiú, go háirithe sna réimsí sin a bhaineann le hoideachas agus oiliúint, cultúr, na meáin, an óige agus dlúthpháirtíocht, fostaíocht agus cuimsiú sóisialta, taighde agus nuáil, tionscal agus fiontar, beartas digiteach, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, an comhshaol agus an aeráid, comhtháiteacht, beartas réigiúnach, imirce, slándáil agus comhar agus forbairt idirnáisiúnta.

2.  Féadfaidh gníomh a bhfuil ranníocaíocht faighte aige faoin gClár ranníocaíocht a fháil freisin ó aon chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. [Leasú 164]

3.  I gcás ina soláthrófar go comhpháirteach a bhuí leis an gClár agus le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa dá dtagraítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) XX [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] tacaíocht airgeadais do bheart aonair, cuirfear an beart sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n‑áirítear rialacha maidir le méideanna a íocadh go míchuí a ghnóthú.

4.  Gníomhaíochtaí atá incháilithe faoin gClár agus a chomhlíonann na coinníollacha carnacha, comparáideacha seo a leanas:

–  rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

–  comhlíonann siad íoscheanglais cháilíochta an ghlao sin ar thograí;

–  ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí i ngeall ar shrianta buiséadacha;

féadfar Séala Barr Feabhais a bhronnadh orthu mar aitheantas ar an gcáilíocht ard atá iontu, rud a éascódh a n-iarratas ar mhaoiniú ó fhoinsí eile nó a d’fhágfadh go bhféadfaí iad a roghnú le haghaidh maoiniú trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (SIE) gan phróiseas nua iarratais. Sa chás sin beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe agus ag na rialacha incháilitheachta bunaithe ar an Rialachán seo. Is é an t-údarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal [65] de Rialachán (AE)XX [RFC] a chuirfear na bearta sin chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán sin agus cisteofar rialacháin shonracha leo, lena n-áirítear rialacha maidir le ceartúcháin airgeadais. [Leasú 165]

CAIBIDIL XII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 24 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028. [Leasú 166]

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 13 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 167]

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú faoi dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh an coiste sin cúnamh don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  Féadfaidh an coiste teacht le chéile i bhfoirmíochtaí sonracha chun déileáil le saincheisteanna earnála. I gcás inarb iomchuí, agus i gcomhréir lena rialacha nós imeachta agus ar bhonn ad hoc, féadfar cuireadh a thabhairt do shaineolaithe seachtracha, lena n‑áirítear ionadaithe na gcomhpháirtithe sóisialta, chun a bheith rannpháirteach i gcruinnithe i gcáil breathnóirí.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. [Leasú 168]

Airteagal 32

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha

1.  Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúnachas ná do mhodhnú na mbeart lena mbaineann arna dtionscnamh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, a mbeidh feidhm aige maidir leis na bearta lena mbaineann go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.  Leis an imchlúdach airgeadais don Chlár féadfar na costais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta a glacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 a áirithiú.

3.  De mhaolú ar Airteagal [130(2)] den Rialachán Airgeadais, agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún a cheapadh gur costais atá incháilithe le haghaidh maoinithe iad na costais atá nasctha go díreach le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a thacaítear leo agus a thabhaítear le linn na chéad sé mhí de 2021 de réir mar atá incháilithe le haghaidh maoinithe ón 1 Eanáir 2012, fiú más rud é gur tabhaíodh ag an tairbhí iad sular tíolacadh an t‑iarratas ar dheontas.

4.  Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 14(5) a chumhdach, ionas go mbeifear in ann na bearta agus na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin [31 Nollaig 2027] a bhainistiú.

5.  Áiritheoidh na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta nach gcuirfear bac ar aistriú idir na bearta a rinneadh i gcomhthéacs chlár Erasmus+ (2014-2020) agus na cinn atá le cur chun feidhme faoin gClár seo.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm […] [an fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Táscairí

(1)  Soghluaisteacht foghlama ardcháilíochta do dhaoine ó chúlraí éagsúla

(2)  Eorpú agus idirnáisiúnú eagraíochtaí agus institiúidí

Cad atá le tomhas?

(3)  Líon na ndaoine a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár

(4)  Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gClár

(5)  Sciar na rannpháirithe a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht sna gníomhaíochtaí soghluaisteachta foghlama faoin gClár

(6)  Líon na n‑institiúidí agus na n‑eagraíochtaí arna dtacú ag an gClár faoi phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama) agus faoi phríomhbheart 2 (comhar)

(7)  Líon na n‑eagraíochtaí nuathagtha arna dtacú ag an gClár faoi phríomhbheart 1 (soghluaisteacht foghlama) agus faoi phríomhbheart 2 (comhar)

(8)  Sciar na n‑institiúidí agus na n‑eagraíochtaí arna dtacú ag an gClár a d'fhorbair cleachtais ardcháilíochta mar thoradh ar a rannpháirtíocht sa Chlár [Leasú 169]

Iarscríbhinn IA

Déanfar na táscairí cainníochtúla go léir a imdhealú de réir Ballstáit agus inscne ar a laghad.

Cuspóir atá le tomhas? Príomhghníomhaíocht 1 – Soghluaisteacht foghlama

Táscairí:

Líon na ndaoine a ghlacann páirt i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár;

Líon na ndaoine aonair a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama fíorúla nó cumaisc mar thacaíocht don tsoghluaisteacht faoin gClár;

Líon na ndaoine aonair a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama cumaisc nó fíorúla toisc nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a ghlacann páirt i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama fíorúla nó cumaisc mar thacaíocht don tsoghluaisteacht faoin gClár;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama cumaisc nó fíorúla toisc nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi Phríomhghníomhaíocht 1;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur mó an bhraistint Eorpach atá acu ar an rud is muintearas ann i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa Chlár;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann gur fearr an inniúlacht teanga iasachta atá acu i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa Chlár;

Cuspóir atá le tomhas? Príomhghníomhaíocht 2 – Comhar i measc eagraíochtaí agus institiúidí

Táscairí:

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a fhaigheann tacaíocht ón gClár faoi Phríomhghníomhaíocht 2;;

Sciar na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí faoi Phríomhghníomhaíocht 2;

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a bhaineann úsáid as uirlisí agus ardáin de chuid an Aontais le haghaidh comhar;

Cuspóir atá le tomhas? Príomhghníomhaíocht 3 – Tacaíocht d’fhorbairt beartas agus do chomhar

Táscairí:

Líon na n-eagraíochtaí/na n-institiúidí a thairbhíonn de ghníomhaíochtaí faoi Phríomhghníomhaíocht 3;

Cuspóir atá le tomhas? Cuimsiú

Táscairí:

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a ghlacann páirt i ngníomhartha agus gníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama fíorúla nó cumaisc mar thacaíocht don tsoghluaisteacht faoin gClár;

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a bhaineann úsáid as uirlisí foghlama cumaisc nó fíorúla toisc nach féidir leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí soghluaisteachta;

Líon na n-eagraíochtaí nuathagtha arna dtacú ag an gClár faoi Phríomhghníomhaíochtaí 1 agus 2;

Líon na ndaoine a bhfuil líon níos lú deiseanna acu agus a mheasann gur bhain siad tairbhe as a rannpháirtíocht sa Chlár;

Cuspóir atá le tomhas: Simpliú

Táscairí:

NLíon na gcomhpháirtíochtaí mionscála a fhaigheann tacaíocht faoi Phríomhghníomhaíocht 2;

Sciar na rannpháirtithe a mheasann go bhfuil na nósanna imeachta iarratais, rannpháirtíochta agus meastóireachta comhréireach agus simplí;

An t-am is gá ar an meán chun gach iarratas a thabhairt chun críche, de réir gnímh, le hais an chláir a bhí ann roimhe. [Leasú 170]

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

RÁITEAS Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

Tá an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa, a glacadh ar an gcéad léamh, le tuiscint mar phacáiste. I gcás ina mbeidh an t-imchlúdach airgeadais le haghaidh Chlár 2021-2027 níos ísle ná an méid a leagtar síos in Airteagal 14(1) de sheasamh na Parlaiminte, forchoimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart chun athscrúdú a dhéanamh ar an tacaíocht a thugann sí d’aon cheann de na gníomhartha sa Chlár chun a áirithiú go bhféadfar croíghníomhaíochtaí an Chláir agus an tacaíocht fheabhsaithe a thugtar do bhearta um chuimsiú faoin gClár a chur i gcrích go héifeachtach.

Thairis sin, tá sé á shoiléiriú ag Parlaimint na hEorpa go bhfuil an tacaíocht a thugann sí do na tionscnaimh nua ina seasamh – go háirithe na hOllscoileanna Eorpacha, na hIonaid barr feabhais gairme agus DiscoverEU – ag brath (a) ar an meastóireacht a dhéanfar ar na céimeanna píolótacha atá ar bun faoi láthair agus (b) ar an sainiú breise a dhéanfar ar gach tionscnamh. In éagmais an mhéid thuas, bainfidh Parlaimint na hEorpa úsáid as na sainchumais atá aici faoin nós imeachta buiséadach bliantúil chun cistí ábhartha a chur sa chúlchiste go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha sin.

(1)IO C , , lch. .
(2)IO C , , lch. .
(3) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019.
(4)COM(2018)0098.
(5)IO C 428, 13.12.2017, lch. 10.
(6) Tuarascáil Speisialta Uimh. 22/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Iúil 2018 dar teideal ‘Soghluaisteacht faoi Erasmus+: na Milliúin de Rannpháirtithe agus Breisluach Eorpach ilghnéitheach, ach mar sin féin caithfear tuilleadh feabhais a chur ar thomhas feidhmíochta’.
(7) COM(2018)0321
(8) Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).
(9) IO C 189, 4.6.2018, lch. 1.
(10) COM(2016)0381.
(11)[Tagairt].
(12)[Tagairt - atá le glacadh ag an gComhairle faoi dheireadh 2018].
(13)COM(2018)0269.
(14) [Tagairt].
(15) COM(2018) [ ].
(16) IO L 394, 30.12.2006, lch. 5.
(17) COM(2016)0381.
(18) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(19) IO C 153, 2.5.2018, lch. 1.
(20) IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.
(21)IO L […], […], lch. […].
(22)IO L […], […], p. […].
(23)COM(2017)0623.
(24)Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach ('Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear') (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).
(25)Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).
(26)Treoir (AE) 2016/801 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnaigh tríú tír chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí nó tionscadal oideachais agus obair au pair (IO L 132, 21.5.2016, lch. 21).
(27)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011. Lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55 28.2.2011 lch.13).
(28)Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF), IO L 248 (18.9.2013, lch. 1).
(29)Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ó chalaois agus ó mhírialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
(30)Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
(31)Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L198, 28.7.2017, lch. 29).
(32)Go háirithe Europass – creat aonair an Aontais maidir le trédhearcacht cáilíochtaí agus inniúlachtaí; an Creat Eorpach um Cháilíochtaí; an Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint; an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachais agus don Ghairmoiliúint; an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna; an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas; an Cumann Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta san Ardoideachas; Líonra Eorpach na Lárionad Faisnéise sa Réigiún Eorpach agus Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil san Aontas Eorpach; agus na líonraí Euroguidance.
(33)[Tagairt].
(34)[Tagairt].

An nuashonrú is déanaí: 20 Aibreán 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais