Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0104(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0436/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0436/2018

Díospóireachtaí :

PV 03/04/2019 - 16
CRE 03/04/2019 - 16

Vótaí :

PV 04/04/2019 - 6.13
CRE 04/04/2019 - 6.13
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0345

Téacsanna atá glactha
PDF 228kWORD 78k
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels Eagrán sealadach
Slándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais a neartú ***I
P8_TA-PROV(2019)0345A8-0436/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (COM(2018)0212 – C8-0153/2018 – 2018/0104(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0212),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0153/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 27 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0436/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 367, 10.10.2018, lch. 78.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta
P8_TC1-COD(2018)0104

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 21(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Beartaíodh leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE)saorghluaiseacht daoine a éascú agus sábháilteacht agus slándáil phobal na hEorpa á n-áirithiú leo, trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur ar bun, i gcomhréir le forálacha CAE agus an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(2)  Le saoránacht an Aontais, tugtar an ceart chun saorghluaiseachta do shaoránaigh uile an Aontais faoi réir teorainneacha agus coinníollacha áirithe. Tugtar éifeacht don cheart sin le Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(3). In Airteagal 45 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), déantar foráil freisin maidir le saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaithe. Is é atá i gceist leis an tsaoirse gluaiseachta an ceart chun imeacht as Ballstáit agus dul isteach iontu le cárta aitheantais nó pas bailí.

(3)  De bhun Threoir 2004/38/CE, déanfaidh na Ballstáit cártaí aitheantais nó pasanna a eisiúint dá náisiúnaigh agus na cártaí aitheantais nó pasanna sin a athnuachan, i gcomhréir le dlíthe naisiúnta. Thairis sin, foráiltear sa Treoir sin go bhféadfaidh Ballstáit a chur de cheangal ar shaoránaigh an Aontais agus ar bhaill dá dteaghlaigh clárú leis na húdaráis ábhartha. Ceanglaítear ar na Ballstáit deimhnithe clárúcháin a eisiúint do shaoránaigh an Aontais faoi na coinníollacha a leagtar amach ann. De bhun na Treorach sin, ceanglaítear ar na Ballstáit freisin cártaí cónaithe a eisiúint do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus, de bhun Airteagal 20 de Threoir 2004/38/CE, ar iarratas, doiciméid ina ndeimhnítear buanchónaí agus ina ndéantar cártaí buanchónaithe a eisiúint.

(4)  Foráiltear le Treoir 2004/38/CE go bhféadfaidh na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh chun aon cheart a thugtar leis an Treoir sin a dhiúltú, a fhoirceannadh nó a tharraingt siar i gcás mí-úsáid ceart nó calaoise. Sainaithníodh mar ghnáthchásanna calaoise faoin Treoir sin brionnú doiciméid nó cur in iúl bréagach fíorais ábharaigh a bhaineann leis na coinníollacha atá leis an gceart cónaithe.

(5)  Tá difríochtaí suntasacha idir leibhéil slándála na gcártaí aitheantais náisiúnta arna n-eisiúint ag Ballstáit agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile agus do bhaill dá dteaghlaigh. Cuireann na difríochtaí sin leis an riosca falsú agus calaois doiciméad a bheith ann, agus i ngeall ar na deacrachtaí sin freisin bíonn deacrachtaí praiticiúla ag saoránaigh agus iad ag iarraidh a gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú. Léirítear i staitisticí ón Líonra an Aontais Eorpaigh le haghaidh Anailís Riosca maidir le Calaois Doiciméad go bhfuil méadú tagtha le himeacht ama ar theagmhais de chártaí aitheantais calaoiseacha.

(6)  Sa Teachtaireacht uaidh an 14 Meán Fómhair 2016 dar teideal “Enhancing security in a world of mobility: improved information exchange in the fight against terrorism and stronger external borders” [An tslándáil a fheabhsú i ré na soghluaisteachta: malartú faisnéise feabhsaithe chun sceimhlitheoireacht a chomhrac agus teorainneacha seachtracha a neartú], leag an Coimisiún béim ar a ríthábhachtaí atá doiciméid taistil agus aitheantais slána i gcás ina bhfuil gá le céannacht duine a shuí thar amhras, agus d’fhógair sé go mbeadh sé i gceist aige plean gníomhaíochta a chur i láthair chun dul i ngleic le calaois doiciméad taistil. De réir na Teachtaireachta sin, tá cur chuige feabhsaithe ag brath ar chórais dhochta chun cosc a chur le mí-úsáid agus le bagairtí ar shlándáil inmheánach a eascraíonn as mainneachtain i dtaca le slándáil doiciméad, go háirithe maidir le sceimhlitheoireacht agus coireacht trasteorann.

(7)  De réir Phlean Gníomhaíochta an Choimisiúin an 8 Nollaig 2016 chun an fhreagairt Eorpach ar chalaois doiciméad taistil a neartú (Plean Gníomhaíochta 2016),, maítear gurbh iad na Ballstáit agus tíortha comhlachaithe Schengen a d’eisigh ar a laghad trí cheathrú de na doiciméid chalaoiseacha a braitheadh ag na teorainneacha seachtracha, sa bhreis ar an limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha. Cártaí aitheantais náisiúnta nach bhfuil chomh slán sin arna n-eisiúint ag na Ballstáit, is iad sin na doiciméid bhréagacha is minice a bhraitear agus a úsáidtear le haghaidh taisteal laistigh de limistéar Schengen.

(8)  Chun calaois aitheantais a dhíspreagadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ngearrfar pionós leormhaith ar fhalsú agus ar ghóchumadh doiciméad aitheantais agus ar úsáid na ndoiciméad falsaithe nó góchumtha sin de réir a ndlí náisiúnta.

(9)  Le Plean Gníomhaíochta 2016, tugadh aghaidh ar an riosca a bhaineann le cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe atá calaoiseach. I bPlean Gníomhaíochta 2016 agus ina Thuarascáil AE ar Shaoránacht 2017, thug an Coimisiúngealltanas go ndéanfaí anailís ar roghanna beartais chun feabhas a chur ar shlándáil cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe.

(10)  De réir Phlean Gníomhaíochta 2016, chun cártaí aitheantais barántúla slána a eisiúint, is gá próiseas iontaofa a bheith ann le haghaidh céannacht a chlárú chomh maith le doiciméid fhoinseacha shlána chun tacú leis an bpróiseas iarratas. Ba cheart don Choimisiún, do na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais leanúint de bheith ag obair i gcomhar chun nach mbeadh doiciméid fhoinseacha i mbaol calaoise, i bhfianaise úsáid mhéadaithe doiciméad foinseach bréagach.

(11)  Ní chuirtear de cheangal ar na Ballstáit leis an Rialachán seo cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a thabhairt isteach i gcás nach ndéantar foráil dóibh faoin dlí náisiúnta, ná ní dhéanann sé dochar d’inniúlacht na mBallstát doiciméid chónaithe eile a eisiúint faoin dlí náisiúnta nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar shampla cártaí cónaithe a eisítear do na cónaitheoirí go léir atá ar an gcríoch, gan beann ar a náisiúntacht.

(12)  Ní chuirtear cosc ar na Ballstáit leis an Rialachán seo glacadh le doiciméid seachas doiciméid taistil chun críocha aitheantais, ar shlí neamh-idirdhealaitheach, chun críocha céannaithe, amhail ceadúnais tiomána.

(13)  Maidir le doiciméid aitheantais a eisítear do shaoránaigh a ndearnadh srian a chur lena gceart chun saorghluaiseachta i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus ina léirítear go sainráite nach féidir iad a úsáid mar dhoiciméid taistil, níor cheart iad a mheas mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)  Doiciméid taistil a chomhlíonann cuid 5 de Dhoiciméad 9303 ón Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le doiciméid taistil meaisín-inléite, (an seachtú heagrán, 2015) (“Doiciméad ICAO 9303”)g, ar doiciméid iad nach bhfónann críocha céannaithe sna Ballstáit eisiúna, amhail an paschárta arna eisiúint ag Éirinn, níor cheart iad a mheas mar dhoiciméid a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.

(15)  Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’úsáid cártaí aitheantais agus doiciméad cónaithe lena ngabhann feidhm eID ag na Ballstáit chun críocha eile ná ní dhéanann sé difear do na rialacha a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4), lena ndéantar foráil d’aitheantas frithpháirteach ar fud an Aontais do ríomh-shainaitheantais agus rochtain á tabhairt ar sheirbhísí poiblí, agus lena gcuidítear le saoránaigh atá ag bogadh go Ballstát eile trína cheangal go n-aithneofaí go frithpháirteach meáin ríomh-shainaitheantais sa Bhallstát eile sin faoi réir coinníollacha áirithe. Le cártaí aitheantais feabhsaithe, ba cheart go n-áiritheofaí céannú níos fusa agus go rannchuideofaí le rochtain níos fearr ar sheirbhísí.

(16)  Chun gur cuí an fíorú a dhéantar ar chártaí aitheantais agus ar dhoiciméid chónaithe, ceanglaítear ar na Ballstáit an teideal ceart a úsáid le haghaidh gach cineáil doiciméid a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun gur fusa a bheidh sé seiceáil a dhéanamh ar na doiciméid a chumhdaítear leis an Rialachán seo i mBallstáit eile, ba cheart teideal an doiciméid a bheith i dteanga oifigiúil amháin bhreise ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais. I gcás ina bhfuil ainmnithe seanbhunaithe seachas an teideal ‘cárta aitheantais’ in úsáid i mBallstáit cheana féin, ba cheart dóibh a bheith in ann leanúint de sin ina dteanga nó ina dteangacha oifigiúla féin. Níor cheart aon ainmniú nua a thabhairt isteach amach anseo, áfach.

(17)  Tá gá le gnéithe slándála chun a fhíorú an doiciméad barántúil atá ann agus chun céannacht duine a shuí. Maidir le híoschaighdeáin slándála a bhunú agus sonraí bithmhéadracha a chomhtháthú i gcártaí aitheantais agus i gcártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de chuid Ballstáit iad, is céimeanna tábhachtacha iad chun úsáid na gcártaí sin san Aontas a dhéanamh níos sláine. Ach na sainaitheantóirí bithmhéadracha sin a chur ar áireamh, ba cheart go bhféadfadh saoránaigh an Aontais lán-tairbhe a bhaint as a gcearta chun saorghluaiseachta.

(18)  I gcás ina ndéantar íomhá den aghaidh agus dhá mhéarlorg ( “sonraí bithmhéadracha”) a stóráil ar chártaí aitheantais agus cónaithe, mar a fhoráiltear dó cheana féin i ndáil le pasanna bithmhéadracha agus ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír, is ionann é sin agus meascán iomchuí de chéannú agus fíordheimhniú iontaofa a bhfuil riosca laghdaithe calaoise ag baint leis, ar mhaithe le slándáil na gcártaí aitheantais agus cónaithe a neartú.

(19)  Mar chleachtas ginearálta, ba cheart do na Ballstáit, chun barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a fhíorú, an íomhá den aghaidh a fhíorú go príomha agus, i gcás ina bhfuil gá ann barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit na méarloirg a fhíorú freisin.

(20)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, i gcásanna nach ndeimhnítear barántúlacht an doiciméid ná céannacht an tsealbhóra le fíorú sonraí bithmhéadracha, go ndéanfaidh foireann cháilithe seiceáil de láimh éigeantach.

(21)  Ní sholáthraítear leis an Rialachán seo bunús dlí chun bunachair sonraí a chur ar bun nó a chothabháil ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh stóráil sonraí bithmhéadracha sna Ballstáit, ar ábhar don dlí náisiúnta é nach mór dó dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh. Thairis sin, ní sholáthraítear bunús dlí leis an Rialachán chun bunachar sonraí láraithe a bhunú nó a chothabháil ar leibhéal an Aontais.

(22)  Ba cheart aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú agus a stóráil i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe chun barántúlacht an doiciméid agus céannacht an tsealbhóra a fhíorú. Níor cheart ach d’fhoireann chuí-údaraithe an fíorú sin a dhéanamh agus níor cheart é sin a dhéanamh ach amháin nuair a cheanglaítear le dlí an doiciméad a thabhairt ar aird. Sa bhreis air sin, maidir le sonraí bithmhéadracha a stóráiltear chun críocha cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ba cheart iad a choinneáil ar bhealach an-slán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na sonraí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach. Ba cheart go mbeadh sé sin gan dochar d’aon phróiseáil eile a dhéantar ar na sonraí sin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí.

(23)  Chun críche an Rialacháin seo, ba cheart aird a thabhairt ar shonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303 lena n-áirithítear idir-inoibritheacht dhomhanda, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le meaisín-inléiteacht agus leas a bhaint as amharc-chigireacht.

(24)  Ba cheart na Ballstáit a bheith in ann cinneadh a dhéanamh i dtaobh an áireofar inscne duine ar dhoiciméad a chumhdaítear leis an Rialachán seo. I gcás ina n-áireoidh Ballstát inscne duine ar doiciméad sin den sórt sin, ba cheart na sonraíochtaí ‘F’, ‘M’ nó ‘X’/‘<’ nó an túslitir aonair comhfhreagrach a úsáidtear i dteanga nó i dteangacha an Bhallstáit sin de chuid Dhoiciméad ICAO 9303 a úsáid, de réir mar is iomchuí.

(25)  Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a áirithiú go ndéanfar caighdeáin slándála agus sonraíochtaí teicniúla a bheidh ann amach anseo arna nglacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle(5) a chur san áireamh go cuí, i gcás inarb iomchuí, maidir le cártaí aitheantais, cártaí cónaithe agus cártaí buanchónaithe. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6). Chun na críche sin, beidh an Coiste arna bhunú le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle(7) de chúnamh ag an gCoimisiún. I gcás inar gá, ba cheart go bhféadfadh na gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar fanacht faoi rún chun baol góchumtha agus falsaithe a chosc.

(26)  Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ar nósanna imeachta iad a chomhlíonann na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt, i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbíonn sárleasanna an linbh ina bpríomhchomaoin i gcaitheamh an nós imeachta bailithe. Chun na críche sin, ba cheart oiliúint chuí ar chleachtais lena dtacaítear le leanaí a chur ar fáil d’fhoireann cháilithe d’fhonn aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú.

(27)  I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm chun dínit an duine lena mbaineann a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart breithnithe sonracha a bhaineann le hinscne, chomh maith le riachtanais shonracha leanaí agus daoine leochaileacha, a chur san áireamh.

(28)  Ach íoschaighdeáin slándála agus formáide a thabhairt isteach do chártaí aitheantais, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit dul in iontaoibh bharántúlacht na ndoiciméad sin nuair a fheidhmíonn saoránaigh an Aontais a gceart chun saorghluaiseachta. Le tabhairt isteach caighdeán treisithe slándála, ba cheart ráthaíochtaí leordhóthanacha a sholáthar d’údaráis phoiblí agus d’eintitis phríobháideacha chun go mbeidh siad in ann brath ar bharántúlacht cártaí aitheantais agus iad in úsáid ag saoránaigh an Aontais chun críocha céannaithe.

(29)  Le sainchomhartha i bhfoirm cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eisíonn an doiciméad, agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus dhá cheann déag de réaltaí buí i gciorcal timpeall air, éascaítear amharciniúchadh an doiciméid, go háirithe nuair a bhíonn an ceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú ag an sealbhóir.

(30)  Cé go gcoinnítear an rogha foráil a dhéanamh do ghnéithe náisiúnta breise, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú nach ndéanann na gnéithe sin laghdú ar éifeachtúlacht na ngnéithe coiteanna slándála ná nach ndéanann siad dochar do chomhoiriúnacht trasteorann na gcártaí aitheantais, amhail an fhéidearthacht na cártaí aitheantais a léamh le meaisíní arna n-úsáid ag Ballstáit seachas na Ballstáit a eisíonn na cártaí aitheantais.

(31)  Níor cheart go dtiocfadh méadú díréireach ar tháillí do shaoránaigh an Aontais nó do náisiúnaigh tríú tír mar thoradh ar chaighdeáin slándála a thabhairt isteach maidir le cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe ball teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad. Ba cheart do na Ballstáit an prionsabal sin a chur san áireamh agus glaonna ar thairiscintí á n-eisiúint acu.

(32)  Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh lena áirithiú go sainaithnítear i gceart, le sonraí bithmhéadracha, an duine ar eisíodh cárta aitheantais dóibh. Chuige sin, d’fhéadfadh na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, go háirithe an íomhá den aghaidh, trí bhíthin rollú beo ag na húdaráis náisiúnta a eisíonn cártaí aitheantais.

(33)  Ba cheart do na Ballstáit malartú a dhéanamh ar an bhfaisnéis sin is gá chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis atá ar an meán stórála slán, agus chun í a fhíordheimhniú agus a fhíorú. Ba cheart na formáidí a úsáidtear leis an meán stórála slán a bheith idir-inoibritheach, lena n-áirítear i dtaca le pointí trasnaithe teorann uathoibrithe.

(34)  Le Treoir 2004/38/CE, tugtar aghaidh ar an gcás sin inar cheart bhfuil gach deis réasúnach le tabhairt do shaoránaigh an Aontais nó do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, nach bhfuil na doiciméid taistil atá riachtanach acu, chun a chruthú ar mhodhanna eile go bhfuil siad cumhdaithe leis an gceart chun saorghluaiseachta. Féadfar a áireamh ar na modhanna sin doiciméid aitheantais a úsáidtear ar bhonn sealadach agus cártaí cónaithe arna n-eisiúint do na baill teaghlaigh sin.

(35)  Urramaítear leis an Rialachán seo na hoibleagáidí a leagtar amach sa Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas. Dá bhrí sin, spreagtar na Ballstáit chun oibriú leis an gCoimisiún chun go gcomhtháthófar gnéithe breise a dhéanann cártaí aitheantais níos inrochtana agus níos fusa lena n-úsáid ag daoine atá faoi mhí-chumas, amhail daoine lagamhairc. Fiosróidh na Ballstáit réitigh, amhail gléasanna clárúcháin soghluaiste, lena bhféadfar cártaí aitheantais a eisiúint do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas cuairt a thabhairt ar na húdaráis atá freagrach as cártaí aitheantais a eisiúint.

(36)  Ba cheart faisnéis shonrach a áireamh sna doiciméid chónaithe a eisítear do shaoránaigh an Aontais chun a áirithiú gurb amhlaidh a shainaithnítear iad. Leis sin, ba cheart gurbh fhusa a bheadh sé a aithint nuair a bhaineann saoránach soghluaiste de chuid an Aontais úsáid as an gceart chun saorghluaiseachta agus as na cearta a bhaineann go dlúth leis an úsáid sin, ach níor cheart go rachadh comhchuibhiú thar a bhfuil iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar laigí na ndoiciméad atá ann faoi láthair. Tá sé de shaoirse ag na Ballstáit an fhormáid ina n-eisítear na doiciméid sin a roghnú agus d’fhéadfaidís iad a eisiúint i bhformáid a chomhlíonann sonraíochtaí Dhoiciméad ICAO 9303.

(37)  Maidir le doiciméid chónaithe a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, is iomchuí leas a bhaint as an bhformáid chéanna agus na gnéithe slándála céanna dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). Sa bhreis ar chruthúnas a thabhairt ar an gceart cónaithe, déanann na doiciméid sin a sealbhóirí, a bhíonn faoi réir oibleagáid víosa i ngach cás eile, a dhíolmhú ón gceanglas víosa a fháil nuair a thionlacann siad an saoránach de chuid an Aontais nó nuair a thagann siad anall ina dhiaidh nó ina diaidh laistigh de chríoch an Aontais.

(38)  I dTreoir 2004/38/CE, foráiltear gur “Cárta cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais” atá le tabhairt ar na doiciméid a eisítear do bhaill teaghlaigh nach náisiúnaigh de Bhallstát iad. Chun céannú na ndaoine sin a éascú, ba cheart teideal agus cód caighdeánaithe a bheith ar chárta cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais.

(39)  Agus aird á tabhairt ar an riosca slándála do na Ballstáit agus ar na costais a thabhódh siad, ba cheart cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe baill teaghlaigh de shaoránach an Aontais nach bhfuil a gcaighdeáin slándála leordhóthanach a chéimniú amach. Go hiondúil, ba cheart gur leor tréimhse céimnithe amach deich mbliana i gcás cártaí aitheantais agus cúig bliana i gcás cártaí cónaithe chun cothromaíocht a bhaint amach idir a mhinice a dhéantar doiciméid a ionadú de ghnáth agus an gá leis an mbearna shlándála atá ann faoi láthair laistigh den Aontas a dhúnadh. Mar sin féin, tá gá, ar fhorais na slándála, le tréimhse céimnithe amach níos giorra ▌le haghaidh cártaí nach bhfuil gnéithe slándála tábhachtacha acu nó nach bhfuil meaisín-inléite.

(40)  Tá feidhm ag Rialachán (CE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) maidir leis na sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Is gá na coimircí is infheidhme maidir leis na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a shonrú tuilleadh agus go háirithe maidir le sonraí íogaire amhail aitheantóirí bithmhéadracha. Ba cheart na hábhair sonraí a chur ar an eolas gurb ann ina ndoiciméid don mheán stórála ina bhfuil a sonraí bithmhéadracha, lena n-áirítear inrochtaineacht éadadhaill air, agus faoi gach cás ina n-úsáidtear na sonraí atá ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe. Ar chaoi ar bith, ba cheart rochtain a bheith ag na hábhair sonraí ar shonraí pearsanta a phróiseáiltear ina gcártaí aitheantais agus ina ndoiciméid chónaithe, agus ba cheart go bhféadfaí na sonraí sin a cheartú trí dhoiciméad nua a eisiúint, i gcás ina bhfuil na sonraí sin earráideach nó neamhiomlán. Ba cheart an meán stórála a bheith an-slán agus ba cheart sonraí pearsanta atá stóráilte ann a bheith cosanta go héifeachtach ar rochtain neamhúdaraithe.

(41)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith freagrach as próiseáil cheart na sonraí bithmhéadracha, ó bhailiú go comhtháthú na sonraí ar an meán stórála atá an-slán, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(42)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith an-chúramach nuair a bhíonn siad ag comhoibriú le soláthraí seirbhíse seachtrach. Aon dliteanas Ballstát a thagann chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta i leith sáruithe oibleagáidí maidir le sonraí pearsanta, níor cheart é sin a eisiamh sa chomhoibriú sin.

(43)  Is gá sonrú a dhéanamh sa Rialachán seo ar an mbunús atá le sonraí a bhailiú agus a stóráil ar mheán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe. I gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta agus urraim á tabhairt do phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann sonraí eile a stóráil ▌ar mheán stórála le haghaidh ríomhsheirbhísí nó chun críocha eile a bhaineann leis an gcárta aitheantais nó leis an doiciméad cónaithe. Is le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta ba cheart údarú a dhéanamh ar phróiseáil na sonraí sin, lena n-áirítear bailiú na sonraí sin agus na críocha ar chucu is féidir iad a úsáid. Ba cheart na sonraí náisiúnta go léir a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear sa Rialachán seo agus ba cheart iad a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.

(44)  Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm 24 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta a theacht i bhfeidhm. Amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, níor cheart do na Ballstáit ach doiciméid lena n-urramaítear na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo amháin a eisiúint.

(45)  Ba cheart don Choimisiún tuairisciú a dhéanamh ar chur chun feidhme an Rialacháin seo dhá bhliain agus aon bhliain déag tar éis dháta a chur i bhfeidhm, faoi seach, lena n-áirítear ar a iomchuí atá an leibhéal slándála, agus a thionchar ar chearta bunúsacha agus prionsabail cosanta sonraí á thabhairt san áireamh. I gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016,(10) ba cheart don Choimisiún, sé bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo ar bhonn faisnéis a bhailítear trí chomhaontuithe sonracha faireacháin chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí iarbhír an Rialacháin agus ar an ngá atá le haon ghníomhaíocht eile. Chun críocha faireachán a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit staidreamh a bhailiú ar líon na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe a d’eisigh siad.

(46)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon slándáil a fheabhsú agus feidhmiú chearta na saorghluaiseachta ag saoránaigh an Aontais agus ag baill a dteaghlaigh a éascú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(47)  Urramaítear leis an Rialachán seo na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, lena n-áirítear dínit an duine, an ceart chun iomláine an duine, toirmeasc ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun comhionannais os comhair an dlí agus chun neamh-idirdhealú, cearta an linbh, cearta daoine scothaosta, meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart do na Ballstáit cloí leis an gCairt agus an Rialachán seo á chur chun feidhme acu.

(48)  Thug an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus sí tuairim uaithu an 10 Lunasa 2018(11) agus an 5 Meán Fómhair 2018(12) faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo neartaítear na caighdeáin slándála is infheidhme maidir le cártaí aitheantais a eisíonn na Ballstáit dá náisiúnaigh agus le doiciméid chónaithe a eisíonn na Ballstáit do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh agus a gceart chun saorghluaiseachta á fheidhmiú acu laistigh den Aontas.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  cártaí aitheantais arna n-eisiúint ag na mBallstáit dá náisiúnaigh féin, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(3) de Threoir 2004/38/CE;

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le doiciméid aitheantais arna n-eisiúint ar bhonn sealadach le tréimhse bhailíochta níos giorra ná sé mhí.

(b)  deimhnithe clárúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais a chónaíonn i mBallstát óstach ar feadh níos mó ná trí mhí agus doiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí a eisítear ar iarratas agus i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE do shaoránaigh an Aontais;

(c)  cártaí cónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 10 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad agus cártaí buanchónaithe a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 20 de Threoir 2004/38/CE do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad.

CAIBIDIL II

CÁRTAÍ AITHEANTAIS NÁISIÚNTA

Airteagal 3

Caighdeáin slándála/formáid/sonraíochtaí

1.   Déanfar na cártaí aitheantais arna n-eisiúint ag na Ballstáit a tháirgeadh i bhformáid ID-1 agus beidh limistéar meaisín-inléite (MRZ) orthu. Beidh na cártaí aitheantais sin bunaithe ar na sonraíochtaí agus na bunchaighdeáin slándála arna leagan amach i ndoiciméad ICAO 9303 agus déanfaidh siad na ceanglais a leagtar amach i bpointí (c), (d), (f) agus (g) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a chomhlíonadh.

2.  Comhlíonfaidh na gnéithe sonraí a bheidh san áireamh ar chártaí aitheantais na sonraíochtaí a leagtar amach i gcuid 5 de dhoiciméad ICAO 9303.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar uimhir an doiciméid a chur isteach i limistéar 1 agus beidh sainiú inscne an duine roghnach.

3.  Beidh an teideal (‘Cárta aitheantais’) ar an doiciméad nó ainmniú sean-bhunaithe náisiúnta eile i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit eisiúna, agus na focail ‘Cárta aitheantais’ i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais.

4.  Beidh ar an gcárta aitheantais, ar an taobh tosaigh, cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eiseoidh an cárta, agus é clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus dhá cheann déag de réaltaí buí i gciorcal timpeall air.

5.  Áireofar sna cártaí aitheantais meán stórála an-slán ina mbeidh sonraí bithmhéadracha lena n-áireofar íomhá d’aghaidh shealbhóir an chárta agus dhá mhéarlorg i bhformáidí idir-inoibritheacha digiteacha. Chun aitheantóirí bithmhéadracha a ghabháil, cuirfidh na Ballstáit na sonraíochtaí teicniúla arna mbunú le Cinneadh C(2018)7767 ón gCoimisiún i bhfeidhm(13).

6.  Beidh acmhainneacht agus cumas leordhóthanach sa mheán stórála chun sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a ráthú. Beidh rochtain éadadhaill ar na sonraí a stóráiltear agus déanfar iad a shlánú amhail dá bhforáiltear i gCinneadh C(2018)7767. Malartóidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá chun fíorú a dhéanamh ar an meán stórála agus chun na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 5 a rochtain agus a fhíorú.

7.  Féadfaidh leanaí faoi 12 bhliain d’aois a bheith díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

Beidh leanaí faoi 6 bhliain d’aois díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

▌Na daoine sin nach féidir méarloirg a fháil ina leith ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

8.  Más gá agus más comhréireach i leith na haidhme atá le baint amach, féadfaidh na Ballstáit mionsonraí agus barúlacha a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta de réir mar a cheanglaítear i bhfianaise a ndlí náisiúnta. Ní laghdófar éifeachtúlacht na n-íoschaighdeán slándála agus idir-inoibritheacht trasteorann na gcártaí aitheantais mar thoradh air sin.

9.  I gcás ina ndéanann na Ballstáit dé-chomhéadan nó meán stórála ar leith a ionchorprú sa chárta aitheantais, comhlíonfaidh an meán stórála breise na caighdeáin ábhartha de chuid ISO agus ní chuirfidh siad isteach ar an meán stórála dá dtagraítear i mír 5.

10.  I gcás ina ndéanann na Ballstáit sonraí le haghaidh ríomhsheirbhísí amhail ríomhrialtas agus ríomhghnó a stóráil sna cártaí aitheantais, déanfar na sonraí náisiúnta sin a scaradh go fisiciúil nó go loighciúil ó na sonraí bithmhéadracha dá dtagraítear i mír 5.

11.  I gcás ina gcuireann na Ballstáit gnéithe slándála breise leis na cártaí aitheantais, ní laghdófar comhoiriúnacht trasteorann na gcártaí aitheantais sin ná éifeachtúlacht na n-íoschaighdeán slándála mar thoradh air sin.

Airteagal 4

Tréimhse bhailíochta

1.  Beidh íostréimhse bhailíochta 5 bliana ag na cártaí aitheantais agus uastréimhse bhailíochta 10 mbliana.

2.  De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tréimhse bhailíochta a bheidh:

(a)  níos giorra ná cúig bliana, i gcomhair cártaí aitheantais arna n-eisiúint do mhionaoisigh;

(b)  i gcásanna eisceachtúla, níos lú ná cuig bliana, do chártaí aitheantais arna n-eisiúint do dhaoine in imthosca speisialta agus teoranta agus i gcás ina bhfuil a dtréimhse bhailíochta teoranta i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta;

(c)  níos faide ná 10 mbliana, i gcomhair cártaí aitheantais arna n-eisiúint do dhaoine in aois 70 agus níos sine.

3.  Eiseoidh na Ballstáit cárta aitheantais a bhfuil bailíocht 12 mhí nó níos lú aige i gcás ina bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil méarloirg a thógáil d'aon mhéar de chuid an iarratasóra.

Airteagal 5

Céimniú amach

1.   Scoirfidh cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 3 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi [deich mbliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce. ▌

2.   De mhaolú ar mhír 1:

(a)   maidir le cártaí aitheantais nach gcomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 nó nach bhfuil MRZ orthu, mar a shainítear i mír 3, scoirfidh a mbailíocht ar dhul in éag dóibh nó faoi [cúig bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce;

(b)  maidir le cártaí aitheantais de dhaoine atá in aois 70 agus níos sine ar [dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], a chomhlíonann na híoscheanglais a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 agus a bhfuil MRZ orthu, mar a shainítear i mír 3, scoirfidh a mbailíocht ar dhul in éag dóibh.

3.   Chun críche mhír 2, ciallóidh MRZ feidhmiúil:

(a)  limistéar meaisín-inléite a chomhlíonann cuid 3 de dhoiciméad 9303 ICAO; nó

(b)  aon limistéar meaisín-inléite eile dá dtugann an Ballstát eisiúna fógra maidir leis na rialacha chun an fhaisnéis atá ann a léamh agus a léiriú, mura dtugann Ballstát fógra don Choimisiún, faoin [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], maidir lena easpa acmhainneachta i dtaca leis an bhfaisnéis sin a léamh agus a léiriú.

Ar fhógra dá dtagraítear i bpointe (b) den chéad fhomhír a fháil, cuirfidh an Coimisiún an Ballstát lena mbaineann agus an Chomhairle ar an eolas dá réir sin.

Caibidil III

Doiciméid chónaithe do shaoránaigh an Aontais

Airteagal 6

An fhaisnéis íosta atá le sonrú

Sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna doiciméid chónaithe nuair a eisíonn na Ballstáit iad do shaoránaigh an Aontais:

(a)  teideal an doiciméid i dteanga oifigiúil nó teangacha oifigiúla an Bhallstáit lena mbaineann agus i dteanga oifigiúil amháin eile ar a laghad de chuid institiúidí an Aontais;

(b)  tagairt shoiléir go bhfuil an doiciméad á eisiúint do shaoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(c)  uimhir an doiciméid;

(d)  ainm (sloinne agus céadainm(neacha)) an tsealbhóra;

(e)  dáta breithe an tsealbhóra;

(f)   an fhaisnéis a bheidh le háireamh ar dheimhnithe clárúcháin agus ar dhoiciméid lena ndeimhnítear buanchónaí, arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 19 de Threoir 2004/38/CE faoi seach;

(g)  an t-údarás eisiúna;

(h)  ar an taobh tosaigh, cód tíre dhá litir an Bhallstáit a eisíonn an doiciméad, clóite droim ar ais i ndronuilleog ghorm agus dhá cheann déag de réaltaí buí i gciorcal timpeall air.

Má chinneann Ballstát méarloirg a ghabháil, beidh feidhm dá réir sin ag Airteagal 3(7).

Na daoine sin nach féidir méarloirg a fháil ina leith ar chúis fhisiciúil, beidh siad díolmhaithe ón gceanglas méarloirg a thabhairt.

Caibidil IV

Cártaí cónaithe do BHAILL teaghlaigh NACH NÁISIÚNAIGH DE BHALLSTÁT IAD

Airteagal 7

Formáid aonfhoirmeach

1 Agus cártaí cónaithe á n-eisiúint acu do bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, bainfidh na Ballstáit úsáid as an bhformáid chéanna a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954 agus arna cur chun feidhme le Cinneadh C(2018)7767.

2 De mhaolú ar mhír 1, beidh ▌an teideal ‘Cárta cónaithe ▌’ nó ‘Cárta buanchónaithe ▌’ ar chárta. Cuirfidh na Ballstáit in iúl go n-eisítear na doiciméid sin do bhall teaghlaigh shaoránach de chuid an Aontais i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE. Chun na críche sin, bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcód caighdeánaithe ‘Ball Teaghlaigh AE Art 10 DIR 2004/38/CE’ nó ‘Ball Teaghlaigh AE Art 20 DIR 2004/38/CE’, i réimse sonraí [10], amhail dá dtagraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

3 Féadfaidh na Ballstáit sonraí a iontráil le haghaidh úsáid náisiúnta i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Agus sonraí á n-iontráil agus á stóráil acu, urramóidh na Ballstáit na ceanglais a leagtar amach sa dara mhír d’Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 arna leasú le Rialachán (AE) 2017/1954.

Airteagal 8

Cártaí cónaithe atá ann cheana a chéimniú amach

1.  Scoirfidh cártaí cónaithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, agus nach gcomhlíonann ceanglais Airteagal 7 de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi [cúig bliana tar éis ▌dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

2.  De mhaolú ar mhír 1, scoirfidh cártaí cónaithe de bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais nach náisiúnaigh de Bhallstát iad, agus nach gcomhlíonann na híoscheanglais slándála a leagtar amach i gcuid 2 de dhoiciméad ICAO 9303 nó nach bhfuil MRZ orthu i gcomhréir le cuid 3 de dhoiciméad ICAO 9303, de bheith bailí ar dhul in éag dóibh nó faoi [dhá bhliain tar éis ... ▌dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], cibé acu is túisce.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 9

Pointe teagmhála ▌

1.  Ainmneoidh gach Ballstát údarás lárnach amháin ar a laghad ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás ina mbeidh níos mó ná údarás lárnach amháin ainmnithe ag Ballstát, ainmneoidh sé cé acu de na húdaráis sin a bheidh ina phointe teagmhála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Cuirfidh sé ainm an údaráis sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Má athraíonn Ballstát a údarás ainmnithe, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na pointí teagmhála ar an eolas faoi na seirbhísí ábhartha faisnéise agus cúnaimh ▌ar leibhéal an Aontais, atá san áireamh ar an Tairseach Aonair Dhigiteach a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14), agus go bhféadfaidh siad oibriú i gcomhar leis na seirbhísí sin.

Airteagal 10

Aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú

1.  Ní bhaileoidh ach foireann cháilithe agus chuí-údaraithe ag na húdaráis atá freagrach as cártaí aitheantais nó cártaí cónaithe a eisiúint na haitheantóirí bithmhéadracha, chun críche a bheith comhtháite sa mheán stórála an-slán dá bhforáiltear in Airteagal 3(5) i gcomhair cártaí aitheantais agus in Airteagal 7(1) i gcomhair cártaí cónaithe. De mhaolú ar an gcéad abairt, ní bhaileoidh ach foireann cháilithe agus chuí-údaraithe na n-údarás sin méarloirg ach amháin i gcás iarratais a thíolacfar chuig údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha an Bhallstáit.

D’fhonn comhsheasmhacht aitheantóirí bithmhéadracha le céannacht an iarratasóra a áirithiú, beidh an t-iarratasóir i láthair go pearsanta uair amháin ar a laghad le linn phróiseas na heisiúna i gcomhair gach iarratais.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta iomchuí agus éifeachtacha i bhfeidhm maidir le haitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, ar nósanna imeachta iad a chomhlíonann na cearta agus na prionsabail a leagtar amach sa Chairt, sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh.

I gcás ina mbíonn deacrachtaí ann aitheantóirí bithmhéadracha a bhailiú, áiritheoidh na Ballstáit gur ann do nósanna imeachta iomchuí chun dínit an duine lena mbaineann a urramú.

3.  Seachas i gcás ina bhfuil gá leo chun críche próiseála i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, coinneofar aitheantóirí bithmhéadracha a stóráiltear chun críche cártaí aitheantais nó doiciméid chónaithe a phearsanú, ar bhealach an-slán agus go dtí dáta bailithe an doiciméid, agus go dtí an dáta sin amháin, agus in aon chás i gcomhair tréimhse nach faide ná 90 lá ó dháta eisiúna an doiciméid sin. Tar éis na tréimhse sin, déanfar na haitheantóirí bithmhéadracha sin a scriosadh nó a dhíothú láithreach.

Airteagal 11

Sonraí pearsanta a chosaint agus dliteanas

(1)  Gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, áiritheoidh na Ballstáit slándáil, sláine, barántúlacht agus rúndacht na sonraí a bhaileofar agus a stórálfar chun críche an Rialacháin seo.

(2)  Chun críche an Rialacháin seo, measfar na húdaráis a bheidh freagrach as cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe a eisiúint mar an rialaitheoir dá dtagraítear in Airteagal 4(7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh freagracht orthu as próiseáil sonraí pearsanta.

(3)  Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le húdaráis mhaoirseachta a gcúraimí dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2016/679 a fheidhmiú ina n-iomláine, lena n-áirítear rochtain ar na sonraí pearsanta uile agus ar an bhfaisnéis go léir is gá, mar aon le rochtain ar aon áitreabh nó trealamh próiseáilte sonraí de chuid na n-údarás inniúil.

(4)  Le comhar le soláthraithe seirbhíse seachtracha, ní eiseofar aon dliteanas ar thaobh an Bhallstáit a d’fhéadfadh a theacht chun cinn faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar oibleagáidí i ndáil le sonraí pearsanta.

(5)  Ní áireofar faisnéis i bhfoirm meaisín-inléite i gcárta aitheantais nó i ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le dlí náisiúnta an Bhallstáit eisiúna.

(6)  Ní bhainfear leas as sonraí bithmhéadracha a stóráiltear i meán stórála na gcártaí aitheantais agus na ndoiciméad cónaithe ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, ag foireann chuí-údaraithe na n-údarás inniúil náisiúnta agus ghníomhaireachtaí an Aontais, chun fíorú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

(a)  barántúlacht an chárta aitheantais nó an doiciméid cónaithe;

(b)  céannacht an tsealbhóra trí bhíthin gnéithe inchomparáide atá ar fáil go díreach i gcás inar gá de réir an dlí an cárta aitheantais nó an doiciméad cónaithe a thaispeáint.

(7)  Coinneoidh na Ballstáit liosta na n-údarás inniúil a bhfuil rochtain acu ar na sonraí bithmhéadracha atá stóráilte ar an meán stórála dá dtagraítear in Airteagal 3(5) den Rialachán seo agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi ar bhonn bliantúil. Foilseoidh an Coimisiún cnuasach de na liostaí náisiúnta sin ar líne.

Airteagal 12

Faireachán

Faoi cheann 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, cuirfidh an Coimisiún clár mionsonraithe ar bun chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, torthaí agus tionchair an Rialacháin seo, lena n-áirítear a thionchar ar chearta bunúsacha.

Leagfar amach leis an gclár faireacháin na modhanna trína mbaileofar na sonraí agus an fhianaise eile is gá agus na tráthanna ag a mbaileofar iad. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú.

Soláthróidh na Ballstáit na sonraí agus fianaise eile don Choimisiún atá riachtanach chun an faireachán sin a dhéanamh.

Airteagal 13

Tuairisciú agus meastóireacht

1.  Dhá bhliain agus aon bhliain déag, faoi seach, tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar a chur chun a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, faoi bhráid na Comhairle agus faoi bhráid Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, go háirithe maidir le cosaint na gceart bunúsacha agus sonraí pearsanta.

2.  ▌Sé bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus tíolacfaidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa. Leagfar béim sa tuarascáil sin ar na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)  tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha;

(b)  soghluaisteacht shaoránaigh an Aontais;

(c)  éifeachtacht an fhíoraithe bhithmhéadraigh chun slándáil doiciméad taistil a fhíorú;

(d)  úsáid fhéideartha cártaí cónaithe mar dhoiciméid taistil;

(e)  comhchuibhiú féideartha breise ar chuma na gcártaí aitheantais;

(f)  an gá le gnéithe comhchoiteanna slándála a thabhairt isteach do dhoiciméid aitheantais a úsáidtear ar bhonn sealadach d’fhonn iad a aithint ar bhealach níos fearr.

3.  Soláthróidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais an fhaisnéis don Choimisiún atá riachtanach chun na tuarascálacha sin a ullmhú.

Airteagal 14

Sonraíocht theicniúil bhreise

1.  Chun a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, go gcomhlíonfaidh cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 2 na híoschaighdeáin slándála a bheidh ann amach anseo, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, sonraíochtaí teicniúla breise a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a)   gnéithe slándála breise agus ceanglais bhreise lena n-áirítear caighdeáin fheabhsaithe in aghaidh brionnú, góchumadh agus falsú;

(b)  sonraíochtaí teicniúla do mheán stórála na ngnéithe bithmhéadracha dá dtagraítear in Airteagal 3(5) agus dá slándáil, lena n-áirítear rochtain neamhúdaraithe a chosc agus fíorú a éascú;

(c)  ceanglais cháilíochta agus comhchaighdeáin theicniúla don íomhá den aghaidh agus do na méarloirg.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.  I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 15(2), féadfar a chinneadh go mbeidh an tsonraíocht dá dtagraítear san Airteagal seo rúnda agus nach bhfoilseofar í. I gcás mar sin, ní dhéanfar iad a chur ar fáil ach do na comhlachtaí sin a d’ainmnigh na Ballstáit ina gcomhlachtaí atá freagrach as iad a chur i gcló agus do dhaoine a bhfuil údarú cuí faighte acu ó Bhallstát nó ón gCoimisiún.

3.  Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht amháin a mbeidh an fhreagracht air as cártaí aitheantais a chló agus comhlacht amháin a mbeidh an fhreagracht air as cártaí cónaithe bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a chló agus cuirfidh sé ainmneacha na gcomhlachtaí sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. Beidh na Ballstáit i dteideal comhlachtaí ainmnithe den sórt sin a athrú agus cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas dá réir.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin comhlacht amháin a ainmniú a mbeidh freagracht uirthi chun cártaí aitheantais agus cártaí cónaithe bhaill teaghlaigh shaoránaigh an Aontais a chló agus cuirfidh siad ainm an chomhlachta sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.

Féadfaidh dhá Bhallstát nó níos mó a chinneadh freisin comhlacht amháin a ainmniú chun na críocha sin agus cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile dá réir.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 de chúnamh ag an gCoimisiún.

Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2.  I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón … [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

(1)IO C 367, 10.10.2018, lch. 78.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(3)Treoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus bhaill a dteaghlaigh chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (IO L 158, 30.4.2004, lch. 77).
(4)Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaobhais le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír (IO L 157, 15.6.2002, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (IO L 164, 14.7.1995, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha (IO L 286, 1.11.2017 , lch. 9).
(9)Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(10)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(11) IO L 338, 21.9.2018, lch. 22
(12) Nár foilsíodh go fóill.
(13) Cinneadh C(2018)7767 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2018, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tír.
(14) Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018), lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 8 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil