Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0109(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0389/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0389/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 04/04/2019 - 6.21

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0353

Téacsanna atá glactha
PDF 301kWORD 130k
Déardaoin, 4 Aibreán 2019 - Brussels Eagrán sealadach
Plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí ***I
P8_TA-PROV(2019)0353A8-0389/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 agus Rialachán (AE) 2017/2107 (COM(2018)0229 – C8-0162/2018 – 2018/0109(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0229),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0162/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(f) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0389/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige é a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 174.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 4 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
P8_TC1-COD(2018)0109

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)  Is é cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh (CBI), mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013(3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a áirithiú go ndéanfar acmhainní bitheolaíocha muirí a shaothrú ar bhealach lena gcruthófar dálaí inbhuanaithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta.

(2)  Is páirtí é an tAontas sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (“an Coinbhinsiún”).

(3)  Ag Cruinniú Bliantúil 2016 an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (‘ICCAT’) in Vilamoura na Portaingéile, d’aithin Páirtithe Conarthacha ICCAT agus Páirtithe, Eintitis nó Eintitis Iascaireachta Comhoibritheacha Neamhchonarthacha, (‘CPCanna’) gur ghá aghaidh a thabhairt ar staid scáfar an cholgán (Xiphias gladius) sa Mheánmhuir (‘colgán Meánmhuirí’), a bhfuil ró-iascaireacht á déanamh air le 30 bliain anuas. Chuige sin, lena n-áirítear chun cliseadh an stoic a sheachaint, agus tar éis dó anailís a dhéanamh ar chomhairle eolaíoch an Bhuanchoiste um Thaighde agus Staidreamh (SCRS), ghlac ICCAT Moladh 16-05 lena mbunaítear plean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán Meánmhuirí ('plean téarnaimh ICCAT'). I bhfianaise nach féidir na leibhéil bhithmhais lena bhféadfaí an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) a bhaint amach sa ghearrthéarma le bitheolaíocht, struchtúr agus dinimic reatha an stoic colgán Meánmhuirí, fiú dá nglacfaí bearta bainistíochta práinneacha as cuimse amhail dúnadh iomlán an iascaigh, tá sé beartaithe tréimhse 2017-2031 a chumhdach le plean téarnaimh ICCAT. Tháinig Moladh ICCAT 16-05 i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2017 agus tá sé ina cheangal ar an Aontas.

(4)  Chuir an tAontas in iúl do Rúnaíocht ICATT i litir i Nollaig 2016 go raibh bearta áirithe a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT le teacht i bhfeidhm san Aontas in Eanáir 2017, go háirithe bearta i dtaca leis an tréimhse choiscthe atá socraithe ó 1 Eanáir go 31 Márta, agus i dtaca le leithdháileadh na gcuótaí le haghaidh iascaigh an cholgáin Mheánmhuirí. Ba cheart gach beart eile a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT, mar aon le bearta eile atá curtha i bhfeidhm cheanna, a bheith san áireamh sa phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo.

(5)  I gcomhréir le hAirteagal 29(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá seasamh an Aontais in eagraíochtaí réigiúnacha bainistíochta iascaigh le bheith bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil chun a áirithiú go mbainisteofar acmhainní iascaigh i gcomhréir le cuspóirí CBI, go háirithe leis an gcuspóir maidir le stoic éisc a athbhunú nó a chothabháil os cionn leibhéil bhithmhaise atá in acmhainn an UTI a tháirgeadh, fiú más é 2031 an dáta faoinar gá an cuspóir sin a bhaint amach sa chás áirithe seo, agus leis an gcuspóir maidir le dálaí a chur ar fáil le haghaidh tionscal gabhála agus próiseála iascaireachta agus le haghaidh gníomhaíochtaí iascaireachta ar talamh atá inmharthana agus iomaíoch ó thaobh na heacnamaíochta de. Ag an am céanna, agus pointe (d) d’Airteagal 28 (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á chur san áireamh, lena ndéantar foráil cothrom iomaíochta d’oibreoirí an Aontais vis-à-vis oibreoirí eile ó thríú tíortha a chur chun cinn.

(6)  Cuirtear san áireamh i bplean téarnaimh ICCAT sainiúlachtaí na gcineálacha éagsúla trealaimh iascaireachta agus teicnící iascaireachta. Le linn dó plean téarnaimh ICCAT a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit féachaint leis an méid seo a leanas a chur chun cinn: gníomhaíochtaí iascaireachta cósta agus taighde ar threalamh agus teicnící iascaireachta atá roghnaitheach, sa chaoi go laghdaíonn siad foghabhálacha speiceas leochaileach, agus ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol, agus úsáid an trealaimh agus na dteicnící sin, lena n-áirítear trealaimh agus teicnící a úsáidtear in iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, rud a chuirfidh le caighdeán cóir maireachtála le haghaidh geilleagair áitiúla.

(7)  Le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, bunaítear coincheap na n-íosmhéideanna tagartha caomhnaithe. D’fhonn an chomhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart coincheap íosmhéideanna ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais mar íosmhéideanna tagartha caomhnaithe.

(8)  De bhun Moladh 16-05 ICCAT, ní mór na colgáin Mheánmhuirí a ghabhtar agus atá faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe a aischur. Baineann an méid sin le gabhálacha colgán Meánmhuirí atá níos mós ná na teorainneacha foghabhála arna leagan síos ag na Ballstáit ina bpleananna iascaireachta bliantúla. Chun go mbeidh a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta faoi ICCAT á gcomhlíonadh ag an Aontas, foráiltear le hAirteagal 5a de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98(4) do mhaoluithe ón oibleagáid gabhálacha colgán Meánmhuirí a thabhairt i dtír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98, déantar forálacha áirithe de Mholadh 16-05 ICCAT a chur chun feidhme agus leis an Moladh sin leagtar síos an oibleagáid colgáin Mheánmhuirí soithí a théann thar a gcuóta leithdháilte nó a n-uasmhéid foghabhálacha ceadaithe a aischur. Áirítear soithí a bhíonn i mbun iascaireacht áineasa i raon feidhme an Rialacháin Tarmligthe sin.

(9)  I bhfianaise go gcuirfear Moladh 16-05 ICCAT chun feidhme leis an bplean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart na forálacha Rialachán (AE) 2017/1207 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5) a bhaineann leis an gcolgán Meánmhuirí i a scriosadh.

(10)  Roimhe seo tháinig fás rábach ar ghníomhaíochtaí iascaireachta le sruthlíonta i dtaca le hiarracht iascaireachta agus le heaspa roghnaíochta leordhóthanaí. Ba bhaol tromchúiseach don spriocspeiceas é an fás neamhrialaithe a tháinig ar na gníomhaíochtaí sin agus, le Rialachán (CE) Uimh. 1239/98 ón gComhairle(6), cuireadh toirmeasc ar iad a úsáid chun éisc mhór-imirceacha, lena n-áirítear colgán, a ghabháil.

(11)  Chun comhlíonadh CBI a áirithiú, glacadh reachtaíocht de chuid an Aontais chun córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe a bhunú, ina n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN). Go háirithe, le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle(7), bunaítear córas rialaithe, cigireachta agus forfheidhmithe de chuid an Aontais ag a bhfuil cur chuige cuimsitheach agus comhtháite chun comhlíonadh rialacha uile CBI a áirithiú. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún(8), leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle(9), bunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht NNN a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú. Áirítear sna Rialacháin sin cheana féin forálacha lena gcumhdaítear roinnt beart a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT. Dá bhrí sin, ní gá na forálacha sin a áireamh sa Rialachán seo.

(12)  Sna socruithe maidir le cairtfhostú soithí iascaireachta, is minic a bhíonn an caidreamh idir an t-úinéir, an cairtfhostóir agus an Stát brataí doiléir. Déanann roinnt oibreoirí a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí NNN na rialuithe a sheachaint trí mhí-úsáid a bhaint as na socruithe sin. Cuirtear toirmeasc ar an gcairtfhostú le Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) maidir le hiascaigh tuinnín goirm. Mar bheart coisctheach chun stoc atá ag téarnamh a chosaint agus ar mhaithe le comhsheasmhacht le dlí an Aontais, is iomchuí toirmeasc comhchosúil a ghlacadh sa phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo.

(13)  Faoi reachtaíocht an Aontais, ba cheart moltaí ICCAT a chur chun feidhme d’fhonn iascairí an Aontais agus iascairí tríú tír a chur ar comhchéim agus chun a áirithiú gur féidir le gach duine glacadh leis na rialacha.

(14)  Chun moltaí ICCAT amach anseo lena leasófar nó lena bhforlíonfar plean téarnaimh ICCAT a chur chun feidhme go pras i ndlí an Aontais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, agus forálacha áirithe den Rialachán seo maidir le sprioc-amanna le haghaidh tuairisciú faisnéise, tréimhsí ama le haghaidh coiscthe, íosmhéid tagartha caomhnaithe, leibhéil lamháltais gabhálacha teagmhasacha uile agus foghabhálacha, saintréithe teicniúla trealaimh iascaireachta, céatadán ghlacadh an chuóta chun críche an Coimisiúin a chur ar an eolas, mar aon le faisnéis maidir le soithí iascaireachta a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(15)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i dtaca leis an tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo a chuir na Ballstáit isteach. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).

(16)  Ba cheart na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear sa Rialachán seo a bheith gan dochar do mholtaí ICCAT a chur chun feidhme i ndlí an Aontais amach anseo tríd an ngnáthnós imeachta reachtach.

(17)  Faoi Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle(13), is 3 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach do shoithí atá ag díriú ar cholgáin a chur nó a thógáil ar bord, agus faoi Mholadh 16-05 ICCAT is 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach. D’fhonn an moladh sin a chur chun feidhme go hiomchuí i ndlí an Aontais, is gá Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 a leasú dá réir.

(18)  Le Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2017/2107, leagtar síos bearta teicniúla agus rialaithe áirithe a mhéid a bhaineann leis an gcolgán Meánmhuirí. Tá na bearta a leagtar síos i Moladh 16-05 ICCAT, agus a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán seo, níos sriantaí agus níos beaichte ionas gur féidir leis na stoic téarnamh. Dá bhrí sin, ba cheart Roinn 2 de Chaibidil III de Rialachán (AE) 2017/2107 a scriosadh agus ba cheart na bearta ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo a chur ina háit,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

TEIDEAL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha ginearálta maidir leis an bplean téarnaimh ilbhliantúil don cholgán (Xiphias gladius) sa Mheánmhuir (‘colgán Meánmhuirí’) a bheith á chur chun feidhme ag an Aontas arna ghlacadh ag ICCAT, ag tosú ó 2017 agus ag leanúint ar aghaidh go dtí 2031.

Airteagal 2

Raon Feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)  Soithí iascaireachta de chuid an Aontais, agus soithí de chuid an Aontais a bhíonn i mbun iascaigh áineasa:

(i)  a ghabhann colgáin Mheánmhuirí; nó

(ii)  a dhéanann colgáin a thrasloingsiú nó a iompar ar bord, lena n-áirítear lasmuigh de limistéar Choinbhinsiún ICCAT;

(b)  soithí iascaireachta tríú tír agus soithí tríú tír a bhíonn i mbun iascaigh áineasa agus a oibríonn in uiscí an Aontais agus a ghabhann colgáin Mheánmhuirí;

(c)  soithí tríú tír a ndéantar cigireacht orthu i gcalafoirt na mBallstát agus a mbíonn ar bord acu colgáin Mheánmhuirí , nó táirgí iascaigh de thionscnamh colgán Meánmhuirí agus nár tugadh i dtír cheana nó nár trasloingsíodh i gcalafoirt cheana.

Airteagal 3

Cuspóir

De mhaolú ar Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, is é is cuspóir don Rialachán seo bithmhais colgán Meánmhuirí a bhaint amach a fhreagraíonn don UTI faoi 2031, agus dóchúlacht de 60 % ar a laghad ann go mbainfear an cuspóir sin amach.

Airteagal 4

Gaol le dlithe de chuid an Aontais

Tá feidhm ag Rialachán seo agus ag na Rialacháin seo a leanas, nó de mhaolú ar na Rialacháin sin, i gcás ina bhforáiltear amhlaidh:

(a)  Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009;

(b)  Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14);

(c)  Rialachán (AE) 2017/2107.

Airteagal 5

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)  ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta’ soitheach ar bith atá feistithe le haghaidh saothrú tráchtála a dhéanamh ar acmhainní bitheolaíocha muirí;

(2)  ciallaíonn ‘soitheach iascaireachta de chuid an Aontais’ soitheach iascaireachta a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain air agus atá cláraithe san Aontas;

(3)  ciallaíonn ‘limistéar Choinbhinsiún ICCAT’ uiscí uile an Aigéin Atlantaigh agus na farraigí máguaird;

(4)  ciallaíonn ‘an Mheánmhuir’ uiscí farraige na Meánmhara soir ó líne 5˚36' I;

(5)  ciallaíonn ‘CPCanna’ páirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún ICCAT agus Páirtithe, Eintitis nó Eintitis Iascaireachta Chomhoibritheacha Neamhchonarthacha;

(6)  ciallaíonn ‘údarú iascaireachta’ údarú arna eisiúint i leith soitheach iascaireachta de chuid an Aontais a thugann teidlíocht dó gníomhaíochtaí iascaireachta sonracha a dhéanamh le linn tréimhse shonraithe, i limistéar ar leith nó le haghaidh iascach ar leith ar choinníollacha sonracha;

(7)  ciallaíonn ‘deis iascaireachta’ teidlíocht dhlíthiúil chainníochtaithe iascaireachta, arna léiriú i dtéarmaí gabhálacha nó iarracht iascaireachta;

(8)  ciallaíonn ‘stoc’ acmhainn bhitheolaíoch farraige ar ann di i limistéar bainistíochta ar leith;

(9)  ciallaíonn ‘táirgí iascaigh’ orgánaigh uisceacha a eascraíonn as gníomhaíocht iascaireachta ar bith, nó as táirgí a fhaightear uathu sin;

(10)  ciallaíonn ‘ábhair mhuirí aischurtha’ gabhálacha a chuirtear ar ais san fharraige;

(11)  ciallaíonn ‘iascaigh áineasa’ gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála lena saothraítear acmhainní bitheolaíocha farraige chun críocha áineasa, turasóireachta nó spóirt;

(12)  ciallaíonn ‘sonraí an chórais um fhaireachán soithí’ sonraí maidir le céannacht soithigh iascaireachta, suíomh geografach, dáta, am, cúrsa agus luas a tharchuirtear, le gléasanna rianaithe satailíte suiteáilte ar bord soithí iascaireachta, chuig ionad faireacháin iascaigh sa Bhallstát brataí;

(13)  ciallaíonn ‘tabhairt i dtír’ aon chainníocht táirgí iascaigh atá ar bord soithigh iascaireachta a dhíluchtú ar tír den chéad uair;

(14)  ciallaíonn ‘trasloingsiú’ na táirgí iascaigh go léir nó aon chuid díobh atá ar bord soithigh a dhíluchtú chuig soitheach eile;

(15)  ciallaíonn ‘cairtfhostú’ socrú lena ndéanann oibreoir i mBallstát eile nó i dtríú tír conradh i leith soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit ar feadh tréimhse áirithe ama gan an bhratach a athrú;

(16)  ciallaíonn ‘spiléir’ trealamh iascaireachta atá déanta de phríomhdhorú ar a bhfuil cuid mhaith duán ar fhodhoruithe (snúdaí) a bhfuil a bhfad agus a spásáil ag brath ar an speiceas a bhfuiltear ag díriú air;

(17)  ciallaíonn ‘duán’ píosa de shreang cruach agus é lúbtha faobhraithe;

(18)  ciallaíonn ‘slat agus ruaim’ dorú ar shlat a n-úsáideann duánaithe í agus a chastar ar fhearas rothlaithe (roithleán) chun an ruaim a chasadh.

TEIDEAL II

BEARTA BAINISTÍOCHTA, BEARTA CAOMHNAITHE TEICNIÚLA AGUS BEARTA RIALAITHE

CAIBIDIL 1

Bearta bainistíochta

Airteagal 6

Iarracht Iascaireachta

1.  Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh iarrachtaí iascaireachta soithí iascaireachta a bhfuil a bhratach ar foluain acu i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh an cholgáin Mheánmhuirí atá ar fáil don Bhallstát sin.

2.  Beidh toirmeasc ar aon chuóta le haghaidh an cholgáin Mheánmhuirí nár baineadh feidhm as a thabhairt anonn.

Airteagal 7

Leithdháileadh deiseanna iascaireachta

1.  I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh na deiseanna iascaireachta a bheidh ar fáil dóibh á leithroinnt acu, úsáidfidh na Ballstáit critéir thrédhearcacha oibiachtúla, lena n-áirítear critéir de chineál comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha, agus féachfaidh siad le cuótaí náisiúnta a dháileadh go cothrom ar chodanna éagsúla na gcabhlach agus aird á tabhairt ar iascaigh thraidisiúnta agus mhionscála, agus le dreasachtaí a sholáthar do shoithí iascaireachta an Aontais a mbeidh trealamh roghnaitheach iascaireachta á úsáid acu nó a mbeidh teicnící iascaireachta á n-úsáid acu ar lú a dtionchar ar an gcomhshaol.

2.  Déanfaidh gach Ballstát foráil maidir le foghabháil colgán laistigh dá chuóta colgán Meánmhuirí agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin nuair a chuirfidh sé a phlean iascaireachta bliainiúil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9. Áiritheofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach colgán Meánmhuirí marbh a asbhaint ón gcuóta.

3.  Féachfaidh na Ballstáit le haon mhéadú ar dheiseanna iascaireachta a thiocfaidh as cur chun feidhme rathúil an Rialacháin seo a leithdháileadh ar shoithí iascaireachta nach raibh aon chuóta colgán Meánmhuirí leithdháilte orthu roimhe seo agus a chomhlíonann na critéir maidir le leithdháileadh deiseanna iascaireachta a leagtar amach in Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.

Airteagal 8

Teorainneacha toillte

1.  Beidh feidhm ag teorainn toillte de réir chineál trealaimh iascaireachta na soithí iascaireachta ar feadh thréimhse an phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo. Cuirfidh na Ballstáit teorainn de réir chineál trealaimh iascaireachta le líon na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil go meánlíon bliantúil na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a rinne colgáin Mheánmhuirí a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír le linn na tréimhse ó 2013 go 2016.

2.  D’ainneoin mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh úsáid a bhaint as líon na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a rinne colgáin Mheánmhuirí a iascach, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a iompar nó a thabhairt i dtír in 2016, chun an teorainn toillte a ríomh, más rud é go bhfuil an líon sin níos ísle ná meánlíon na soithí le linn thréimhse 2013-2016. Beidh feidhm ag an teorainn toillte sin maidir le soithí iascaireachta de réir an chineáil trealaimh.

3.  Féadfaidh na Ballstáit lamháltas de 5 % a chur i bhfeidhm ar an teorainn toillte dá dtagraítear i mír 1 ar feadh na mblianta 2018 agus 2019.

4.  Faoin 1 Márta gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na bearta a ghlacfar chun teorainn a chur le líon na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil. Beidh an fhaisnéis sin san áireamh i dtarchur na bpleananna iascaireachta bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 9.

Airteagal 9

Pleananna iascaireachta bliantúla

1.  Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna iascaireachta bliantúla faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Meitheamh gach bliain. Déanfar na pleananna iascaireachta bliantúla sin san fhormaid mar a leagtar amach sna Treoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach, agus áireofar sna pleananna sin faisnéis mhionsonraithe i dtaca leis an gcuóta le haghaidh colgán Meánmhuirí a leithdháileadh, de réir cineál trealaimh iascaireachta, an cuóta arna leithdháileadh ar iascaigh áineasa agus, i gcás inarb ábhartha, ar fhoghabhálacha san áireamh.

2.  Cuirfidh an Coimisiún na pleananna bliantúla iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean iascaireachta de chuid an Aontais. Tarchuirfidh an Coimisiún an plean iascaireachta sin de chuid an Aontais chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Márta gach bliain.

CAIBIDIL 2

Bearta caomhnaithe teicniúla

Roinn 1

Séasúir iascaireachta

Airteagal 10

Tréimhsí coiscthe

1.  Ní dhéanfar colgáin Mheánmhuirí a ghabháil (mar spriocspeiceas nó mar fhoghabháil), a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír le linn na tréimhse coiscthe. Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta gach bliain a bheidh an tréimhse choiscthe.

2.  D’fhonn colgáin Mheánmhuirí a chosaint, cuirfear tréimhse choiscthe i bhfeidhm ar shoithí spiléir a bheidh ag díriú ar an tuinnín colgach sa Mheánmhuir (Thunnus alalunga) ón 1 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain gach bliain.

3.  Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar éifeachtacht na dtréimhsí coiscthe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 agus, chun comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú agus cuirfidh siad an fhaisnéis ábhartha ar fad maidir leis na rialuithe agus cigireachtaí iomchuí a rinneadh sa bhliain roimhe faoi bhráid an Choimisiúin ar a laghad dhá mhí agus 15 lá roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT ar a laghad dhá mhí roimh chruinniú bliantúil ICCAT gach bliain.

Roinn 2

Íosmhéid tagartha caomhnaithe, gabháil de thaisme agus foghabháil

Airteagal 11

Íosmhéid tagartha caomhnaithe le haghaidh colgáin Mheánmhuirí

1.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar cholgán Meánmhuirí a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, lena n-áirítear i gcás iascaigh áineasa:

(a)  gabhálacha agus foghabhálacha níos lú ná 100 cm ar fad ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill (LJFL); nó

(b)  gabhálacha agus foghabhálacha níos lú ná 11.4 kg beomheáchain, nó níos lú ná 10.2 kg meáchain i ndiaidh na geolbhaigh a bhaint agus an t-iasc a ghlanadh.

2.  Ní féidir ach eiseamail iomlána colgán Meánmhuirí a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír nó a iompar tar éis teacht i dtír den chéad uair, is é sin le rá gan aon chuid sheachtrach de chorp an éisc a bheith bainte de nó gan aon eiseamal a bhfuil a gheolbhaithe bainte de agus atá glanta a bheith san áireamh.

Airteagal 12

Gabhálacha de thaisme colgán Meánmhuirí faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe

In ainneoin mhír Airteagal 11(1), féadfaidh soithí iascaireachta a bheidh ag déanamh iascaireacht ghníomhach colgán Meánmhuirí gabhálacha de thaisme colgán Meánmhuirí faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a aistriú, a thabhairt i dtír, a iompar, a stóráil, a dhíol nó a chur ar taispeántas nó a chur ar díol, ar choinníoll nach rachaidh na gabhálacha sin thar 5%, de réir meáchain nó líon na n-eiseamal, de ghabháil iomlán colgán Meánmhuirí na soithí iascaireachta lena mbaineann.

Airteagal 13

Foghabhálacha

1.  Ní rachaidh foghabhálacha colgán Meánmhuirí tráth ar bith tar éis oibríocht iascaireachta thar an teorainn foghabhála arna bunú ag na Ballstáit ina bpleananna iascaireachta bliantúla maidir leis an gabháil iomlán ar bord de réir mheáchain nó líon na n-eiseamal .

2.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní dhéanfaidh soithí iascaireachta nach bhfuil ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí aon cholgán a choinneáil ar bord a rachaidh thar an teorainn foghabhála sin.

3.  De mhaolú ar Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair a bheidh an cuóta do cholgáin Mheánmhuirí a leithdháiltear ar an mBallstát brataí ídithe, scaoilfear saor aon cholgán Meánmhuirí a gabhadh beo.

4.  I gcás ina mbeidh an cuóta cholgáin Mheánmhuirí a leithdháiltear ar an mBallstát brataí ídithe, beidh toirmeasc ar cholgáin Mheánmhuirí mharbha a phróiseáil agus a thráchtálú agus déanfar gach gabháil a thaifeadadh. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis maidir le cainníocht colgán Meánmhuirí marbh den sórt sin ar fáil ar bhonn bliantúil don Choimisiún a chuirfidh ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT í, i gcomhréir le hAirteagal 21.

Roinn 3

Saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta

Airteagal 14

Saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta

1.  Socrófar gur 2 500 duán an líon uasta duán is ceadmhach do shoithí iascaireachta atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí a chur nó a iompar ar bord.

2.  De mhaolú ar mhír 1, ceadófar foireann 2 500 duán rigeáilte ionaid ar bord soithí iascaireachta le haghaidh turas níos faide ná dhá lá ar choinníoll go ndéanfar í a fháisceadh agus a stuáil go hiomchuí ar dheiceanna íochtair ionas nach bhféadfar í a úsáid go héasca.

3.  Ní bheidh méid an duáin níos lú ná 7 cm ar airde.

4.  Ní rachaidh fad na spiléar peiligeach thar 30 muirmhíle (55.56 km).

CAIBIDIL 3

Bearta rialaithe

Roinn 1

Taifead ar shoithí

Airteagal 15

Údaruithe iascaireachta

1.  Eiseoidh na Ballstáit údaruithe iascaireachta chuig soithí iascaireachta atá ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí agus a bhfuil a mbratach ar foluain acu, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/2403, go háirithe in Airteagal 20 agus Airteagal 21 de.

2.  Ní cheadófar ach soithí de chuid an Aontais, a áirítear i dtaifead ICCAT ar shoithí i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 16 agus Airteagal 17, colgáin Mheánmhuirí a áireamh mar sprioc, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a thabhairt i dtír, a iompar nó a phróiseáil, gan dochar do na forálacha a leagtar síos maidir le foghabhálacha in Airteagal 13.

3.  Déanfar soithí iascaireachta mórscála atá údaraithe ag na Ballstáit a chlárú i dtaifead ICCAT ar shoithí atá 20 méadar nó níos mó ar fad san iomlán agus atá údaraithe chun oibriú i limistéar an Choinbhinsiúin ICCAT.

Airteagal 16

Faisnéis maidir le soithí atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí agus tuinníní colgacha Meánmhuirí a ghabháil sa bhliain reatha

1.  Gach bliain cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach agus san fhormáid a leagtar síos i dTreoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach:

(a)  faoin 1 Eanáir, an fhaisnéis maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil, mar aon le soithí atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil i gcomhthéacs iascaigh áineasa.

(b)  faoin 1 Márta, an fhaisnéis maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus atá údaraithe díriú ar thuinníní colgacha Mheánmhuir.

Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) faoin 15 Eanáir gach bliain chuig Rúnaíocht ICCAT agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) faoin 15 Márta gach bliain chuig Rúnaíocht ICCAT.

Áireofar san fhaisnéis maidir leis na soithí iascaireachta dá dtagraítear i bpointí  (a) agus (b) den chéad fhomhír den mhír seo ainm an tsoithigh agus a uimhir ar chlár chabhlach an Aontais mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218(15).

2.  Sa bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi aon mhodhnú a dhéanfar ar an bhfaisnéis maidir le soithí iascaireachta dá dtagraítear i mír 1 laistigh de 30 lá ón modhnú sin. Déanfaidh an Coimisiún , laistigh de 45 lá tar éis dháta an mhodhnaithe, an fhaisnéis sin a tharchuir chuig Rúnaíocht ICCAT.

3.  Sa bhreis ar aon fhaisnéis a tharchuirfear chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, de bhun Airteagal 7(6) de Rialachán (AE) 2017/2403, sonraí nuashonraithe na soithí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur gan mhoill chuig Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 17

Faisnéis maidir le soithí a údaraíodh díriú ar cholgáin Mheánmhuirí le harpúin nó spiléir pheiligeacha le linn na bliana roimhe

1.  Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach an fhaisnéis seo a leanas maidir le soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu a údaraíodh iascaireacht spiléir pheiligigh nó iascaireacht harpúin a dhéanamh ina ndíríodh ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin:

(a)  ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, an uimhir chláraithe gan inisealacha na tíre san áireamh);

(b)  Uimhir chlár cabhlaigh an Aontais (CFR) mar a shainítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218;

(c)  uimhir thaifid ICCAT.

2.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 isteach san fhormáid a leagtar síos i Threoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

Roinn 2

Faireachán agus Faireachas

Airteagal 18

Córas um Fhaireachán Soithí

1.  Chun críocha rialaithe, ní chuirfear isteach ar tharchur shonraí an Chórais um Fhaireachán Soithí (VMS) ó shoithí iascaireachta atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabhal fad agus atá na soithí sin i gcalafort.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh a n-ionaid faireacháin iascaigh na teachtaireachtaí ón gcóras um fhaireachán soithí a fuarthas ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig comhlacht a ainmneoidh sé i bhfíoram agus ag úsáid na formáide ‘fotha sonraí https’. Cuirfidh an Coimisiún na teachtaireachtaí sin ar aghaidh go leictreonach chuig Rúnaíocht ICCAT.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit:

(a)  go ndéanfar teachtaireachtaí VMS ó shoithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain orthu a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach dhá uair ar a laghad;

(b)  i gcás mífheidhm theicniúil ar an gcóras um fhaireachán soithí, go gcuirfear teachtaireachtaí malartacha, a fuarthas i gcomhréir le hAirteagal 25(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011, ó na soithí iascaireachta a bhfuil a mbratach ar foluain acu ar aghaidh chuig an gCoimisiún laistigh de 24 uair an chloig i ndiaidh dá n-ionaid faireacháin iascaigh iad a fháil;

(c)  go mbeidh uimhriú seicheamhach (le haitheantóir uathúil) ar gach teachtaireacht VMS a sheolfar ar aghaidh chuig an gCoimisiún chun dúbláil a sheachaint;

(d)  go gcomhlíonfaidh teachtaireachtaí VMS a chuirtear ar aghaidh chuig an gCoimisiún Airteagal 24(3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011.

4.  Déanfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéileálfar go rúnda leis na teachtaireachtaí VMS go léir a chuirfear ar fáil dá shoithí cigireachta agus go mbeidh siad teoranta d'oibríochtaí cigireachta ar muir.

Airteagal 19

Soithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú

Beidh toirmeasc ar shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a chairtfhostú le haghaidh díriú ar cholgáin Mheánmhuirí.

Airteagal 20

Cláir breathnóirí eolaíocha náisiúnta le haghaidh soithí spiléir pheiligigh

1.  Cuirfidh gach Ballstát ag a bhfuil cuóta do cholgáin Mheánmhuirí clár breathnóirí eolaíoch náisiúnta chun feidhme le haghaidh soithí spiléir pheiligigh a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí i gcomhréir leis an Airteagal seo. Leis an gclár breathnóirí náisiúnta comhlíonfar na híoschaighdeáin a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

2.  Áiritheoidh gach Ballstát lena mbaineann go n-imlonnófar breathnóirí eolaíocha náisiúnta ar 10 % ar a laghad de shoithí spiléir pheiligigh atá thar 15 mhéadar ar fad san iomlán agus a bheidh ag díriú ar cholgáin Mheánmhuirí. Déanfar an céatadán a thomhas de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur nó, líon na soithí nó líon na dturas.

3.  Déanfaidh gach Ballstát lena mbaineann cur chuige le haghaidh faireachán eolaíoch a dhearadh agus a chur chun feidhme chun an fhaisnéis a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí na soithí spiléir pheiligigh atá faoi bhun agus suas le 15 mhéadar ar fad san iomlán atá faoi bhratach an Bhallstáit sin. Déanfaidh gach Ballstát brataí mionsonraí maidir leis an gcur chuige sin le haghaidh faireachán eolaíoch a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina phlean bliantúil iascaireachta dá dtagraítear in Airteagal 9 faoi 2020.

4.  Cuirfidh an Coimisiún mionsonraí maidir leis an gcur chuige le haghaidh faireachán eolaíoch dá dtagraítear i mír 3 faoi bhráid Bhuanchoiste ICCAT um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS) láithreach le go ndéanfar meastóireacht orthu. Beidh aon chur chuige le haghaidh faireachán eolaíoch faoi réir fhormheas Choimisiún ICCAT ag cruinniú bliantúil ICCAT sula gcuirfear chun feidhme iad.

5.  Déanfaidh na Ballstáit doiciméad aitheantais oifigiúil a eisiúint dá mbreathnóirí eolaíocha náisiúnta.

6.  Chomh maith le cúraimí na mbreathnóirí eolaíocha a leagtar síos in Iarscríbhinn I, ceanglóidh na Ballstáit ar bhreathnóirí eolaíocha na sonraí seo a leanas maidir le colgáin Mheánmhuirí a mheasúnú agus a thuairisciú:

(a)  líon aischur na n-eiseamal a bhí faoi bhun an íosmhéid tagartha chaomhnaithe;

(b)  méid réigiún-sonrach agus aois aibíochta;

(c)  úsáid gnáthóige, chun comparáid a dhéanamh idir líon na gcolgán Meánmhuirí atá ar fáil do na hiascaigh éagsúla, lena n-áirítear comparáid idir spiléir thraidisiúnta agus iascaigh spiléir mhéisipheiligeacha;

(d)  tionchar na n-iascach spiléir mhéisipheiligigh ar chomhdhéanamh gabhála, sraith na gabhála in aghaidh an aonaid iarrachta agus méid-dáileadh na ngabhálacha; agus

(e)  meastachán míosúil ar chion na n-iasc sceitheach agus na n-iasc óg inghafa sna gabhálacha.

7.  Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a bailíodh faoina gcláir breathnóirí eolaíocha náisiúnta ón mbliain roimhe chuig an gCoimisiún. Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

Roinn 3

Gabhálacha A Rialú

Airteagal 21

Gabhálacha a thaifeadadh agus a thuairisciú

1.  Coinneoidh an máistir ar gach soitheach atá údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil logleabhar iascaireachta i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn II agus cuirfidh sé faisnéis an logleabhair faoi bhráid an Bhallstáit brataí.

2.  Gan dochar do na hoibleagáidí tuairiscithe ar na Ballstáit a bunaíodh i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh na Ballstáit tuarascálacha ráithiúla ar gach gabháil colgán Meánmhuirí a rinne soithí údaraithe a raibh a mbratach ar foluain acu chuig an gCoimisiún, mura rud é go gcuirfear an fhaisnéis sin go míosúil. Cuirfear na tuarascálacha ráithiúla sin, agus úsáid á baint as formáid na tuarascála maidir le sonraí comhiomlánaithe gabhála , agus 15 lá ar a dhéanaí tar éis dheireadh gach ráithe (eadhon faoin 15 Aibreán, faoin 15 Iúil agus faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 15 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin). Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 30 Aibreán, faoin 30 Iúil agus faoin 30 Deireadh Fómhair gach bliain agus faoin 30 Eanáir an bhliain ina dhiaidh sin.

3.  Chomh maith leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas faoi shoithí iascaireachta de chuid an Aontais a bhí údaraithe iascaireacht spiléir pheiligigh nó ‏iascaireacht harpúin a dhéanamh inar díríodh ar cholgáin Mheánmhuirí le linn na bliana roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh gach bliain:

(a)  faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta de réir spriocspeicis agus limistéir, bunaithe ar shampláil nó ar an gcabhlach ar fad, lena n-áirítear:

(i)  tréimhse nó tréimhsí iascaireachta agus líon iomlán bliantúil laethanta iascaireachta an tsoithigh;

(ii)  limistéir gheografacha, de réir dhronuilleoga staitistiúla ICCAT, do na gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanann an soitheach;

(iii)  cineál soithigh;

(iv)  líon na nduán a úsáideann an soitheach;

(v)  líon na n-aonad spiléir a úsáideann an soitheach;

(vi)  fad iomlán na n-aonad spiléir don soitheach;

(b)  sonraí faoi na gabhálacha, sa tréimhse ama-limistéar is lú is féidir, lena n-áirítear:

(i)  méid agus, más féidir, dáileadh aoise na ngabhálacha;

(ii)  gabhálacha agus comhdhéanamh gabhála in aghaidh an tsoithigh;

(iii)  iarracht iascaireachta (meánlíon laethanta iascaireachta in aghaidh an tsoithigh, meánlíon duán in aghaidh an tsoithigh, meánlíon aonad spiléir in aghaidh an tsoithigh, meánfhad iomlán spiléir in aghaidh an tsoithigh).

Seolfaidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 31 Iúil gach bliain.

4.  Cuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 isteach san fhormáid a leagtar síos i dTreoirlínte ICCAT maidir le sonraí agus faisnéis a chur isteach.

Airteagal 22

Sonraí maidir leis na cuótaí a baineadh amach

1.  Gan dochar d’Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas gan mhoill nuair a mheasfar gur baineadh amach 80 % den chuóta do cholgáin Mheánmhuirí a leithdháileadh ar chineál trealaimh iascaireachta.

2.  Nuair a bhainfidh gabhálacha carntha colgán Meánmhuirí 80 % den chuóta náisiúnta amach, cuirfidh na Ballstáit bhrataí sonraí maidir leis na gabhálacha ar aghaidh chuig an gCoimisiún ar bhonn seachtainiúil.

Roinn 4

Gabhálacha agus Trasloingsiú

Airteagal 23

Calafoirt ainmnithe

1.  Maidir le gabhálacha colgán Meánmhuirí, lena n-áirítear foghabhálacha agus colgáin Mheánmhuirí a ghabhtar i gcomhthéacs iascaigh áineasa gan aon chlib greamaithe ar gach eiseamal dá dtagraítear in Airteagal 30, ní thabharfar i dtír iad ach i gcalafoirt ainmnithe amháin.

2.  Ainmneoidh gach Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 43(5) de Rialachán (CE) 1224/2009, calafoirt ina dtabharfar na gabhálacha agus an trasloingsiú sin de cholgáin Mheánmhuirí dá dtagraítear i mír 1 i dtír.

3.  Faoin 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh na Ballstáit liosta calafort ainmnithe faoi bhráid an Choimisiúin. Faoin 1 Márta gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an liosta sin faoi bhráid Rúnaíocht ICCAT.

Airteagal 24

Réamhfhógra

1.  Beidh feidhm ag Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 maidir le máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais arb é 12 mhéadar nó níos mó fad na soithí sin san iomlán, a áirítear sa liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán seo. Cuirfear an réamhfhógra dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 chuig údarás inniúil an Bhallstáit nó CPC a bhfuil sé i gceist acu úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír, agus chuig an mBallstát brataí, murab ionann é agus Ballstát an chalafoirt.

2.  Cuirfidh máistrí soithí iascaireachta de chuid an Aontais, ar lú ná 12 mhéadar fad na soithí sin san iomlán agus a áirítear ar an liosta soithí dá dtagraítear in Airteagal 16, an fhaisnéis seo a leanas in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit, lena n-áirítear an Ballstát brataí, nó don CPC ar mian leo úsáid a bhaint as a chalafoirt nó as a shaoráidí maidir le tabhairt i dtír, agus chuig an mBallstát brataí murab ionann é agus Ballstát an chalafoirt, ar a laghad ceithre huaire an chloig roimh an am a mheastar a bhainfear an calafort amach:

(a)  an t-am a mheastar a bhainfear an calafort amach;

(b)  meastachán ar an gcainníocht colgán Meánmhuirí arna coinneáil ar bord; agus

(c)  faisnéis maidir leis an limistéar geografach inar tógadh an ghabháil.

3.  Más giorra ná turas ceithre huaire an chloig an turas idir na meánna agus an calafort, féadfar na meastúcháin ar na cainníochtaí de cholgán Meánmhuirí arna gcoinneáil ar bord a mhodhnú aon tráth roimh theacht chun calafoirt.

4.  Coinneoidh údaráis Bhallstáit an chalafoirt taifead ar gach réamhfhógra a thugtar sa bhliain reatha.

Airteagal 25

Trasloingsiú

1.  Déanfar toirmeasc a chur i ngach imthoisc ar thrasloingsiú ar muir ag soithí de chuid an Aontais a mbíonn colgáin Mheánmhuirí á n-iompar ar bord acu, nó ag soithí tríú tír in uiscí an Aontais, a dhéanamh i ngach cúinse.

2.  Gan dochar d’Airteagal 51, Airteagal 52 (2) agus (3) agus Airteagail 54 agus 57 de Rialachán (AE) 2017/2107, ní dhéanfaidh soithí colgáin Mheánmhuirí a thrasloingsiú ach i gcalafoirt ainmnithe amháin.

Roinn 5

Cigireachtaí

Airteagal 26

Pleananna cigireachta bliantúla

1.  Faoin 31 Eanáir gach bliain, cuirfidh na Ballstáit a bpleananna cigireachta bliantúla ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Leagfar na pleananna cigireachta sin amach i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

(a)  na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na nósanna imeachta chomh maith le tagarmharcanna le haghaidh gníomhaíochtaí cigireachta a leagadh amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986 ón gCoimisiún(16); agus

(b)  an clár gníomhaíochta náisiúnta um an gcolgán Meánmhuirí a rialú a bunaíodh faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009.

2.  Cuirfidh an Coimisiún na pleananna cigireachta náisiúnta le chéile agus déanfaidh sé iad a chomhtháthú i bplean cigireachta an Aontais. Déanfaidh an Coimisiún an plean sin a thraschur chuig Rúnaíocht ICCAT, lena fhormhuiniú ag ICCAT, maille leis na pleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9.

Airteagal 27

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

1.  Déanfar gníomhaíochtaí comhchigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir le Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta (“Scéim ICCAT”) a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

2.  Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta údaraithe colgáin Mheánmhuirí a ghabháil cigirí a shannadh agus cuirfear cigireachtaí ar muir ar bun faoi Scéim ICCAT. Féadfaidh an Coimisiún nó comhlacht a ainmneoidh sé cigirí de chuid an Aontais a shannadh do Scéim ICCAT.

3.  Más rud é, tráth ar bith, go bhfuil níos mó ná 50 soitheach iascaireachta atá faoi bhratach Ballstáit i mbun iascach colgán Meánmhuirí i limistéar an Choinbhinsiúin ICCAT, déanfaidh an Ballstát sin soitheach cigireachta a imscaradh chun críche cigireachta agus rialú ar muir sa Mheánmhuir ar feadh na tréimhse a bheidh na soithí sin ann. Measfar go mbeidh an oibleagáid sin comhlíonta freisin i gcás ina gcomhoibreoidh Ballstáit le chéile chun soitheach cigireachta a imscaradh nó i gcás ina ndéanfar soitheach cigireachta de chuid an Aontais a imscaradh sa Mheánmhuir.

4.  Comhordóidh an Coimisiún, nó comhlacht a ainmneoidh sé, na gníomhaíochtaí faireachais agus cigireachta don Aontas. Féadfaidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit lena mbaineann, cláir chomhchigireachta a tharraingt suas le cur ar chumas an Aontais a oibleagáid faoi scéim ICCAT a chomhlíonadh. Glacfaidh na Ballstáit a bhfuil a soithí iascaireachta i mbun iascaigh colgán Meánmhuirí na bearta is gá chun cur i bhfeidhm na gclár comhchigireachta sin a éascú, go háirithe maidir leis na hacmhainní daonna agus ábhair is gá agus maidir leis na tréimhsí a úsáidfear na hacmhainní sin agus na limistéir gheografacha ina bhfuil siad le himscaradh.

5.  Faoin 1 Nollaig gach bliain, cuirfidh na Ballstáit ainmneacha na gcigirí agus na soithí cigireachta a bhfuil sé beartaithe acu iad a shannadh do scéim ICCAT le linn na bliana ina dhiaidh sin in iúl don Choimisiún. I gcomhar leis na Ballstáit, bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis sin chun plean bliantúil maidir le rannpháirtíocht an Aontais i scéim ICCAT a tharraingt suas agus seolfaidh an Coimisiún an plean sin ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 1 Eanáir gach bliain.

Airteagal 28

Cigireachtaí i gcás sáruithe

Sa chás go sáróidh soitheach a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aige forálacha an Rialacháin seo.áiritheoidh an Ballstát sin go ndéanfar cigireacht fhisiciúil ar an soitheach sin faoina údarás ina chalafoirt nó, i gcás nach mbeidh an soitheach i gceann dá chalafoirt, go ndéanfaidh duine a bheidh ainmnithe ag an mBallstát sin é.

CAIBIDIL 4

Iascaigh áineasa

Airteagal 29

Bearta bainistíochta

1.  Déanfaidh gach Ballstát ina gceadaítear iascaigh áineasa le haghaidh colgáin Mheánmhuirí foráil maidir le cuóta le haghaidh iascaigh áineasa laistigh dá chuóta náisiúnta agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin nuair a chuirfidh sé a phlean iascaireachta bliantúil ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 9. Áiritheofar leis an bhforáil sin go ndéanfar gach colgán Meánmhuirí marbh a asbhaint ón gcuóta.

2.  Na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, i gcás na soithí a bhfuil a mbratach ar foluain acu agus a bhíonn i mbun iascaigh áineasa le haghaidh colgáin Mheánmhuirí, áiritheoidh siad go bhfuil na soithí sin san áireamh san fhaisnéis ar shoithí údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 30(2). Soithí nach bhfuil san áireamh san fhaisnéis sin, ní bheidh siad údaraithe colgáin Mheánmhuirí a iascach.

3.  Beidh toirmeasc ar cholgáin Mheánmhuirí a ghabhfar in iascaigh áineasa a dhíol nó a mhargú ar dhóigh ar bith.

4.   In ainneoin Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh toirmeasc ar níos mó ná aon cholgán amháin sa lá a ghabháil, a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír i gcás iascaigh áineasa. Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann na bearta is gá chun a áirithiú, a mhéid is féidir, agus a éascú go scaoilfear saor colgáin Mheánmhuirí a ghabhfar beo faoi chuimsiú iascaireachta áineasa, agus féadfaidh siad bearta níos sriantaí a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcosaint do cholgáin Mheánmhuirí.

Airteagal 30

Bearta rialaithe

1.  Ní údarófar ach soithí “slat agus ruaim” colgáin Mheánmhuirí a ghabháil in iascaigh áineasa.

2.  Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis ar shoithí áineasa údaraithe a chuirfear chuig Rúnaíocht ICCAT i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 16(1):

(a)  ainm an tsoithigh (i gcás nach bhfuil ainm air, an uimhir chláraithe gan códlitreacha na tíre san áireamh);

(b)  an t-ainm a bhí ar an soitheach, i gcás inarb ábhartha;

(c)  fad iomlán an tsoithigh;

(d)  ainm agus seoladh úinéir nó úinéirí an tsoithigh iascaireachta agus oibreoir nó oibreoirí an tsoithigh .

3.  Déanfar sonraí na gabhála, lena n-áirítear fad (ón ngiall íochtarach go gabhal an eireabaill) agus beomheáchan slánaithe gach colgáin Mheánmhuirí a ghabhfar, a choinneofar ar bord agus a thabharfar i dtír i gcomhthéacs iascaigh áineasa, a thaifeadadh agus a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 21.

4.  Aon cholgán Meánmhuirí a thugtar i dtír, beidh sé iomlán, nó beidh a gheolbhaigh bainte de, nó beidh sé glanta, agus sin i gcalafort ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 23, nó le clib greamaithe ar gach eiseamal. Beidh uimhir thírshonrach uathúil ar gach clib agus beidh na clibeanna crioscaíldíonach.

5.  Bunóidh na Ballstáit clár clibeála chun críocha an Rialacháin seo agus cuirfidh siad sonraíochtaí an chláir sin san áireamh sna pleananna iascaireachta bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 9.

6.  Ní údaróidh gach Ballstát na clibeanna sin a úsáid ach amháin chomh fada agus a bheidh líonta na ngabhálacha carntha laistigh den chuóta a leithdháileadh air.

7.  Gach bliain cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chur chun feidhme an chláir clibeála chuig an gCoimisiún, dhá mhí agus 15 lá ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis ó na Ballstáit le chéile agus cuirfidh sé chuig Rúnaíocht ICCAT í dhá mhí ar a laghad roimh chruinniú bliantúil ICCAT.

TEIDEAL III

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Tuarascáil bhliantúil

1.  Faoin 15 Meán Fómhair gach bliain, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, le haghaidh na bliana féilire roimhe sin, ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, mar aon le haon fhaisnéis bhreise, de réir mar is iomchuí, faoi bhráid an Choimisiúin.

2.  Áireofar sa tuarascáil bhliantúil faisnéis maidir leis na céimeanna a glacadh chun foghabhálacha a mhaolú agus colgáin Mheánmhuirí aischurtha atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe a laghdú, agus maidir le haon taighde ábhartha sa réimse sin.

3.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a gheofar de bhun mhír 1 agus mhír 2 le chéile agus cuirfidh sé ar aghaidh í chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Deireadh Fómhair gach bliain.

4.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i ndáil le ceanglais mhionsonraithe maidir le formáid na tuarascála bliantúla dá dtagraítear san Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 36(2).

Airteagal 32

Athbhreithniú

Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le feidhmiú an phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2025.

Airteagal 33

Maoiniú

Chun críocha Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17), measfar gur plean ilbhliantúil de réir bhrí Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a bheidh sa phlean téarnaimh a leagtar amach sa Rialachán seo.

Airteagal 34

An nós imeachta i gcomhair leasuithe

1.  I gcás inar gá d’fhonn moltaí ICCAT lena ndéanfaí plean téarnaimh ICCAT a leasú nó a fhorlíonadh agus a bheadh ceangailteach ar an Aontas, a chur chun feidhme i ndlí an Aontais, agus a mhéid nach rachadh leasuithe ar dhlí an Aontais thar mholtaí ICCAT, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35 chun an méid seo a leanas a leasú:

(a)  spriocdhátaí chun faisnéis a thuairisciú mar a leagtar síos in Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 10(3), Airteagal 16(1) agus (3), Airteagal 17(1) agus (3), Airteagal 21(2) agus (3), Airteagal 22(2), Airteagal 23(3), Airteagal 26(1), Airteagal 27(5) agus Airteagal 31(1) agus (3);

(b)  tréimhsí coiscthe le haghaidh tréimhsí coiscthe dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) agus (2);

(c)  an t-iosmhéid tagartha caomhnaithe a leagtar síos in Airteagal 11(1);

(d)  na leibhéil lamháltais dá dtagraítear in Airteagal 12 agus Airteagal 13;

(e)  saintréithe teicniúla an trealaimh iascaireachta in Airteagal 14(1) go (4);

(f)  céatadán ghlacadh an chuóta a leagtar síos in Airteagal 22(1) agus (2);

(g)  an fhaisnéis ar shoithí dá dtagraítear in Airteagal 16(1) agus (2), Airteagal 17(1), Airteagal 21(1), (2), (3) agus (4) agus Airteagal 30(2) ; agus

(h)  Iarscríbhinní I, II agus III.

2.  Aon leasú a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, beidh sé teoranta go docht do chur chun feidhme na leasuithe nó na bhforlíontaí ar mholtaí comhfhreagracha ICCAT i ndlí an Aontais.

Airteagal 35

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 34 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 34 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 34 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 36

Nós imeachta coiste

1.  Beidh an Coiste um Iascach agus Dobharshaothrú a bunaíodh le hAirteagal 47 de Rialachán (CE) Uimh. 1380/2013 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 37

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2107

I Rialachán (AE) 2017/2107, scriostar Airteagal 20 go hAirteagal 26.

Airteagal 38

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 6(2):"

“2. 2 500 duán le haghaidh soithí atá ag díriú ar cholgán (Xiphias gladius) nuair is ionann an speiceas seo agus ar a laghad 70 % de bheomheáchan na gabhála tar éis a shórtála;”.

"

Airteagal 39

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in/sa ...,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Íoschaighdeáin ICCAT maidir le cláir breathnóirí eolaíochta i dtaca le soithí iascaireachta

Forálacha ginearálta

1.  Is iad seo na híoschaighdeáin maidir le cláir breathnóirí eolaíochta i dtaca le soithí iascaireachta a leagtar síos i Moladh ICCAT 16-14.

Cáilíochtaí breathnóirí

2.  Gan dochar d’aon oiliúint ná cáilíochtaí teicniúla a mholann An Buanchoiste um Thaighde agus um Staidreamh (SCRS), áiritheoidh páirtithe comhoibritheacha neamhchonarthacha (CPCanna) go mbeidh na híoscháilíochtaí seo a leanas ag a mbreathnóirí chun a ndualgais a chur i gcrích:

(a)  eolas agus taithí leordhóthanach le bheith in ann speicis ICCAT agus cumraíochtaí éagsúla de threalamh iascaireachta a shainaithint;

(b)  a bheith in ann breathnú agus taifead cruinn a dhéanamh ar na bhfaisnéis atá le bailiú faoin gclár;

(c)  a bheith in ann na dualgais a leagtar amach i mír 7 thíos a chomhlíonadh;

(d)  a bheith in ann samplaí bitheolaíocha a bhailiú; agus

(e)  íosmhéid oiliúna agus oiliúint leordhóthanach a bheith déanta acu maidir le sábháilteacht agus teacht slán ar an bhfarraige.

3.  Lena chois sin, chun sláine a gcláir breathnóirí náisiúnta a áirithiú, áiritheoidh CPCanna an méid seo a leanas i dtaca leis na breathnóirí:

(a)  nach baill de chriú an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú iad;

(b)  nach fostaithe úinéir ná úinéir tairbhiúil an tsoithigh iascaireachta ar a mbeifear ag breathnú iad; agus

(c)  nach mbeidh aon leas airgeadais ná tairbhiúil reatha acu san iascach ar a mbeifear ag breathnú.

Clúdach an bhreathnóra

4.  Áiritheoidh gach CPC an méid seo a leanas i dtaca lena chláir breathnóirí intíre:

(a)  íoschlúdach breathnóra de 5% ar an iarracht iascaireachta a bheith i ngach ceann de na hiascaigh spiléir pheiligeacha agus mar a shainítear i ngluais ICCAT, sna hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite, le gaistí, le heangacha geolbhaigh agus le trálaeir. Measfar an céatadán den chlúdach mar seo a leanas:

(i)  i dtaca le hiascaigh spiléir pheiligeacha, de réir laethanta iascaireachta, líon na gcur, nó líon na dturas;

(ii)  i dtaca le hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le báid bhaoite agus le gaistí de réir laethanta iascaireachta;

(iii)  i dtaca le hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le heangacha geolbhaigh, de réir uaireanta iascaireachta nó laethanta iascaireachta; agus

(iv)  i dtaca le hiascaigh ina ndéantar iascaireacht le trálaeir, de réir gabhálacha iascaireachta nó laethanta iascaireachta;

(b)  d’ainneoin phointe (a), maidir le soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fhad ina n-iomláine, i gcás ina mbeidh imní úrghnách maidir le sábháilteacht ann a fhágann nach féidir breathnóir a imscaradh ar bord, féadfaidh CPC cur chuige malartach le haghaidh faireachán eolaíoch a úsáid lena mbaileofar sonraí atá coibhéiseach leis na sonraí sin a shonraítear i Moladh ICCAT 16-14 ar chaoi a áiritheoidh clúdach comparáideach. Sna cásanna sin, ní mór do CPC, ar mian leis úsáid a bhaint as cur chuige malartach, sonraí an chur chuige sin a thíolacadh chuig SCRS le go ndéanfar meastóireacht orthu. Comhairleoidh SCRS do ICCAT faoi chomh hoiriúnach agus a bheidh an cur chuige malartach chun na hoibleagáidí maidir le bailiú na sonraí a leagtar amach i Moladh ICCAT 16-14 a chomhlíonadh. Aon chuir chuige mhalartacha a chuirfear chun feidhme de bhun na forála seo, beidh siad faoi réir fhormheas ICCAT ag an gcruinniú bliantúil sula gcuirfear chun feidhme iad;

(c)  maidir le hoibriú an chabhlaigh, beidh clúdach ama agus spásúil ionadaíoch ann chun a áirithiú go ndéanfar sonraí leordhóthanacha iomchuí a bhailiú mar a cheanglaítear faoi Mholadh ICCAT 16-14 agus faoi aon cheanglas breise eile maidir le cláir breathnóirí CPC intíre, agus tréithe na gcabhlach agus na n-iascach á gcur san áireamh;

(d)  baileofar sonraí faoi ghnéithe ábhartha den oibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an ghabháil, de réir mar a shonraítear i mír 7.

5.  Féadfaidh CPCanna socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích ar dá réir a chuirfidh CPC amháin a bhreathnóirí ar shoithí atá faoi bhratach CPC eile fad agus a dhéanfar forálacha Mholadh ICCAT 16-14 a chomhlíonadh.

6.  Féachfaidh CPCanna lena áirithiú go gcaithfidh breathnóirí tréimhsí ar shoithí éagsúla le linn a sainchúraimí a chur i gcrích.

Dualgais an bhreathnóra

7.  Ceanglóidh CPCanna ar bhreathnóirí na nithe seo a leanas, inter alia, a dhéanamh:

(a)  faisnéis faoi ghníomhaíocht iascaireachta an tsoithigh ar a mbreathnófar a thaifeadadh agus a thuairisciú, lena n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad:

(i)  bailiú sonraí, lena n-áirítear spriocghabháil iomlán, ábhar aischurtha agus foghabháil (lena n-áirítear siorcanna, turtair mhara, mamaigh farraige agus éanlaith mhara) a chainníochtú, comhdhéanamh na méideanna a mheas agus a thomhas a oiread is indéanta, stádas diúscartha (i.e. iasc coinnithe ar bord, aischurtha agus iad marbh nó scaoilte saor ina mbeatha), agus samplaí bitheolaíocha le haghaidh staidéar saolréime (e.g. gónaid, otailití, dealga, lanna);

(ii)  na clibeanna go léir a gheofar a bhailiú agus a thuairisciú;

(iii)  faisnéis maidir le hoibríocht iascaireachta, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

–  suíomh na gabhála de réir domhanleithid agus domhanfhaid,

–  faisnéis maidir le hiarracht iascaireachta (e.g. líon na gcur, líon na nduán, etc.),

–  dáta gach oibríochta iascaireachta, lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, am tosaithe agus am stad na gníomhaíochta iascaireachta,

–  an úsáid a bhaintear as nithe um chomhbhailiú éisc, lena n-áirítear feistí um chomhbhailiú éisc (FADanna); agus

–  bail ghinearálta na n-ainmhithe a scaoiltear saor i gcoibhneas le rátaí marthanais na n-ainmhithe sin (i.e. marbh/ina mbeatha, gortaithe, etc.);

(b)  breathnú ar úsáid beart maolaithe foghabhálacha agus iad a thaifeadadh mar aon le faisnéis ábhartha eile;

(c)  breathnú ar dhálaí comhshaoil agus iad a thuairisciú, a mhéid is féidir (e.g. staid na farraige, aeráid agus paraiméadair hidreolaíocha, etc.);

(d)  breathnú ar FADanna agus iad a thuairisciú, i gcomhréir le clár breathnóirí ICCAT a glacadh faoin gclár ilbhliantúil um chaomhnú agus um bainistiú tuinníní trópaiceacha; agus

(e)  aon dualgais eolaíocha eile a chur i gcrích arna moladh ag SCRS agus arna gcomhaontú ag ICCAT.

Oibleagáidí an bhreathnóra

8.  Áiritheoidh CPCanna go ndéanfaidh an breathnóir an méid seo a leanas:

(a)  ní chuirfidh sé isteach ar threalamh leictreonach an tsoithigh;

(b)  beidh sé eolach ar nósanna imeachta práinne atá i bhfeidhm ar bord an tsoithigh, lena n-áirítear suíomh na raftaí tarrthála, na múchtóirí dóiteáin agus na bhfearas garchabhrach;

(c)  déanfaidh sé cumarsáid, de réir mar is gá, le máistir an tsoithigh faoi shaincheisteanna agus dualgais ábhartha an bhreathnóra;

(d)  ní chuirfidh sé bac ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó ar ghnáthoibríochtaí an tsoithigh ná ní chuirfidh sé isteach orthu sin;

(e)  glacfaidh sé páirt i seisiún nó i seisiúin faisnéisithe in éineacht leis na hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre atá freagrach as clár na mbreathnóirí a chur chun feidhme.

Oibleagáidí an mháistir

9.  Áiritheoidh CPCanna go ndéanfaidh máistir an tsoithigh ar a sannfar an breathnóir an méid seo a leanas:

(a)  ceadóidh sé rochtain iomchuí ar an soitheach agus ar oibríochtaí an tsoithigh;

(b)  ceadóidh sé don bhreathnóir a chuid freagrachtaí a nó a cuid freagrachtaí a chomhlíonadh ar shlí éifeachtach, lena n-áirítear tríd an an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i)  rochtain iomchuí a thabhairt ar threalamh an tsoithigh, ar na doiciméid (lena n-áirítear logleabhair leictreonacha agus pháipéir), agus ar an ngabháil;

(ii)  cumarsáid a dhéanamh aon tráth le hionadaithe iomchuí ón institiúid eolaíoch nó ón údarás intíre;

(iii)  a áirithiú go mbeidh rochtain ag an mbreathnóir ar threalamh leictreonaic agus ar threalamh eile a bhaineann leis an iascaireacht, lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:

–  trealamh loingseoireachta satailíte,

–  modhanna leictreonacha cumarsáide;

(iv)  a áirithiú nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar crioscaíl le trealamh nó doiciméid de chuid an bhreathnóra ná nach ndéanfaidh sé nó sí iad sin a scriosadh; nach gcuirfidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar bac ná treampán ar an mbreathnóir nó nach ngníomhóidh aon duine ar shlí eile a d’fhéadfadh srian nach bhfuil gá leis a chur ar an mbreathnóir a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh; nach ndéanfaidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar imeaglú ná ciapadh ná dochar don bhreathnóir ar aon slí; nó nach dtabharfaidh aon duine ar bord an tsoithigh ar a mbreathnófar breab don bhreathnóir ná nach ndéanfaidh sé nó sí aon iarracht é sin a dhéanamh;

(c)  cuirfear cóiríocht, lena n-áirítear lóistín, bia agus áiseanna sláintíochta leordhóthanacha, ar fáil do na breathnóirí, a bheidh ar chomhchaighdeán lena mbeidh ar fáil d’oifigigh;

(d)  cuirfear spás leordhóthanach ar an droichead nó sa teach píolóta ar fáil don bhreathnóir chun a dhualgais nó a dualgais a dhéanamh, chomh maith le spás ar an deic a bheidh leordhóthanach chun dualgais bhreathnóireachta a chomhlíonadh.

Dualgais CPCanna

10.  Déanfaidh gach CPC an méid seo a leanas:

(a)  ceanglóidh sé, i gcomhréir le forálacha Mholadh ICCAT 16-14, go mbeidh breathnóir eolaíochta ar bord a chuid soithí agus iad ag iascaireacht speiceas ICCAT;

(b)  déanfaidh sé maoirseacht ar shábháilteacht a chuid breathnóirí;

(c)  spreagfaidh sé a institiúid eolaíoch nó a údarás intíre, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí, le comhaontuithe a dhéanamh le hinstitiúidí eolaíocha agus le húdaráis intíre CPCanna eile chun tuarascálacha breathnóirí agus sonraí ó bhreathnóirí a mhalartú eatarthu;

(d)  déanfaidh sé faisnéis shonrach maidir le cur chun feidhme Mholadh ICCAT 16-14 a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil lena húsáid ag ICCAT agus ag an SCRS, lena n-áireofar:

(i)  na mionsonraí maidir le struchtúr agus dearadh a gclár breathnóirí eolaíochta, lena n-áirítear, inter alia:

–  an spriocleibhéal de chlúdach an bhreathnóra de réir chineál an iascaigh agus chineál an trealaimh agus, chomh maith leis sin, an chaoi a ndéantar iad a thomhas,

–  na sonraí is gá a bhailiú,

–  na prótacail atá curtha i bhfeidhm maidir le sonraí a bhailiú agus a láimhseáil,

–  faisnéis maidir leis an gcaoi a roghnófar soithí le haghaidh clúdaigh chun spriocleibhéal an CPC maidir le clúdach an bhreathnóra a bhaint amach,

–  ceanglais maidir le hoiliúint breathnóirí, agus

–  ceanglais maidir le cáilíochtaí breathnóirí;

(ii)  líon na soithí ar a ndéanfar faireachán, an leibhéal clúdaigh a dhéanfar de réir chineál an iascaigh agus de réir chineál an trealaimh; agus

(iii)  na mionsonraí maidir leis an gcaoi a ndearnadh na leibhéil chlúdaigh sin a ríomh;

(e)  tar éis chéadtíolacadh na faisnéise a cheanglaítear faoi mhír 10(d)(i), déanfaidh sé athruithe ar struchtúr nó ar dhearadh a chláir breathnóirí a thuairisciú ina thuarascálacha bliantúla sa chás amháin go dtarlóidh na hathruithe sin. Leanfaidh CPCanna de bheith ag tuairisciú na faisnéise is gá de bhun mhír 10(d)(ii) chuig ICCAT gach bliain;

(f)  gach bliain, agus úsáid á baint aige as na formáidí leictreonacha ainmnithe arna bhforbairt ag SCRS, cuirfidh sé faisnéis ar aghaidh chuig SCRS ar faisnéis í arna bailiú le cláir breathnóirí intíre lena húsáid ag ICCAT, go háirithe faisnéis le haghaidh measúnú a dhéanamh ar an stoc agus chun críocha eolaíocha eile, i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm maidir le ceanglais eile i leith tuairisciú sonraí agus atá comhsheasmhach le ceanglais rúndachta intíre;

(g)  áiritheoidh siad go mbainfidh a chuid breathnóirí úsáid as prótacail láidre maidir le bailiú sonraí, le linn dóibh a ndualgais dá dtagraítear i mír 7 a chur i gcrích, lena n-áirítear, de réir mar is gá agus is iomchuí, úsáid grianghrafadóireachta.

Dualgais an Rúnaí Feidhmiúcháin

11.  Déanann an Rúnaí Feidhmiúcháin rochtain éasca ag SCRS agus ag ICCAT a éascú ar na sonraí agus ar an bhfaisnéis ábhartha a chuirtear isteach de bhun Mholadh ICCAT 16-14.

Dualgais SCRS

12.  Is iad seo a leanas dualgais SCRS:

(a)  cuirfidh sé, de réir mar is gá agus is iomchuí, treoirleabhar oibre breathnóirí i dtoll a chéile le go bhféadfaidh CPCanna é a úsáid ar bhonn deonach ina gcláir breathnóirí intíre, ar treoirleabhar oibre é lena n-áireofar foirmeacha eiseamláireacha agus nósanna imeachta caighdeánaithe maidir le bailiú sonraí, agus treoirleabhair bhreathnóirí agus ábhair ghaolmhara a d’fhéadfaidh a bheith ann cheana i bhfoinsí eile á gcur san áireamh, lena n-áirítear CPCanna, comhlachtaí réigiúnacha agus foréigiúnacha, agus eagraíochtaí eile;

(b)  treoirlínte maidir le córais faireacháin leictreonacha a fhorbairt, ar treoirlínte iad a bhaineann le hiascaigh shonracha;

(c)  achoimre ar na sonraí eolaíocha agus ar an bhfaisnéis eolaíoch a bhaileofar agus a thuairisceofar de bhun Mholadh ICCAT 16-14 agus torthaí gaolmhara ábhartha a thabhairt do ICCAT;

(d)  moltaí a dhéanamh, de réir mar is gá agus is iomchuí, faoin dóigh a bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtacht na gclár breathnóirí eolaíochta chun riachtanais sonraí ICCAT a chomhlíonadh, lena n-áirítear athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Mholadh ICCAT 16-14 seo nó i leith chur chun feidhme na n-íoschaighdeán agus na bprótacal sin ag CPCanna.

Córais Faireacháin Leictreonacha

13.  I gcás ina measfaidh SCRS go mbeidh córais faireacháin leictreonacha éifeachtach in iascach ar leith, féadfar iad a shuiteáil ar bord soithí iascaireachta chun cuidiú leis an mbreathnóir daonna ar bord, nó ag feitheamh ar chomhairle ó SCRS agus ar chinneadh ó ICCAT, chun iad a chur in ionad an bhreathnóra ar bord.

14.  Ba cheart do CPCanna aon treoirlínte is infheidhme a bhreithniú, ar treoirlínte iad a d’fhormhuinigh SCRS maidir le córais faireacháin leictreonacha a úsáid.

15.  An taithí a gheobhaidh CPCanna maidir le córais faireacháin leictreonacha a úsáid chun cláir breathnóirí daonna a chomhlánú sna hiascaigh ICCAT atá acu, spreagtar iad chun an taithí sin a thuairisciú chuig an SCRS. Moltar do CPCanna nach bhfuil córais den sórt sin curtha chun feidhme acu go fóill úsáid na gcóras sin a fhiosrú agus na torthaí an fhiosraithe sin a thuairisciú chuig SCRS.

IARSCRÍBHINN II

Ceanglais maidir le logleabhair iascaireachta

Íos-sonraíochtaí maidir le logleabhair iascaireachta:

1.  Beidh an logleabhar uimhrithe de réir na bileoige.

2.  Déanfar an logleabhar a chomhlánú gach lá (meán oíche) nó sula mbainfear an calafort amach.

3.  Déanfar an logleabhar a chomhlánú i gcás cigireachtaí ar muir.

4.  Coinneofar cóip amháin den bhileog i gceangal leis an logleabhar.

5.  Coinneofar logleabhair ar bord ar feadh bliain amháin d'oibríochtaí.

An t-íosmhéid faisnéise caighdeánaí le bheith i logleabhair iascaireachta:

1.  Ainm agus seoladh an mháistir.

2.  Dátaí agus ainmneacha na gcalafort imeachta, dátaí agus ainmneacha na gcalafort is ceann scríbe.

3.  Ainm an tsoithigh, an chláruimhir, uimhir ICCAT, an glao-chomhartha raidió idirnáisiúnta agus uimhir IMO (an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) (má tá sí ar fáil).

4.  Trealamh iascaireachta:

(a)  cód EBT (Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe) le cur isteach;

(b)  toisí (e.g. fad, méid mogaill, líon duán).

5.  Oibríochtaí ar muir le haon líne amháin (ar a laghad) in aghaidh gach lá den turas, lena sonrófar:

(a)  an cineál gníomhaíochta (e.g. iascaireacht, gluaiseacht);

(b)  an suíomh: déanfar suíomhanna beachta a thaifeadadh gach lá (i gcéimeanna agus i nóiméid) in aghaidh gach oibríocht iascaireachta nó um meán lae i gcás nach ndearnadh aon iascaireacht an lá sin;

(c)  taifead ar ghabhálacha, lena n-áirítear:

(i)  cód EBT;

(ii)  beomheáchan i gcileagraim in aghaidh an lae;

(iii)  an líon eiseamal in aghaidh an lae.

6.  Síniú an mháistir.

7.  An modh chun meáchan a thomhas: meastachán, meá ar bord;

8.  Beomheáchan coibhéiseach na n-iasc a choinneofar sa logleabhar agus luafar ann na fachtóirí coinbhéartachta a úsáideadh sa mheastóireacht.

An t-íosmhéid faisnéise le bheith i logleabhair iascaireachta i gcás tabhairt i dtír nó trasloingsithe:

1.  Dátaí agus ainm an chalafoirt inar tugadh an ghabháil éisc i dtír nó inar trasloingsíodh í.

2.  Táirgí:

(a)  an speiceas agus cur i láthair de réir chód EBT;

(b)  líon na n-iasc nó na mboscaí agus an chainníocht i gcileagraim.

3.  Síniú an mháistir nó ghníomhaire an tsoithigh.

4.  I gcás trasloingsithe: ainm an tsoithigh glactha, a bhratach agus a uimhir ICCAT.

IARSCRÍBHINN III

Scéim ICCAT maidir le Comhchigireacht Idirnáisiúnta

De bhun mhír 3 d’Airteagal IX den Choinbhinsiún, molann ICCAT go ndéanfar na socruithe seo a leanas a bhunú maidir le rialú idirnáisiúnta lasmuigh de na huiscí atá faoi dhlínse náisiúnta chun críche chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin agus na mbeart atá i bhfeidhm faoin gCoinbhinsiún a áirithiú:

I.  Sáruithe tromchúiseacha

1.  Chun críocha na nósanna imeachta seo, ciallaíonn sárú tromchúiseach ceann de na sáruithe seo a leanas ar fhorálacha bhearta caomhnaithe agus bainistíochta ICCAT arna nglacadh ag ICCAT:

(a)  iascaireacht gan cheadúnas, cead nó údarú eisithe ag CPC brataí;

(b)  gan taifid leordhóthanacha a bheith coimeádta ar ghabháil agus sonraí a bhaineann le gabhálacha i gcomhréir le ceanglais tuairiscithe ICCAT nó míthuairisciú shuntasach ar ghabháil nó sonraí a bhaineann le gabhálacha den chineál sin;

(c)  iascaireacht i limistéar dúnta;

(d)  iascaireacht le linn séasúr dúnta;

(e)  tógáil nó coinneáil d’aon turas speiceas a sháraíonn aon bheart caomhnaithe agus bainistithe is infheidhme arna ghlacadh ag ICCAT;

(f)  sárú suntasach ar theorainneacha nó cuótaí gabhála atá i bhfeidhm de bhun rialacha ICCAT;

(g)  trealamh iascaireachta toirmiscthe a úsáid;

(h)  marcanna, aitheantas nó clárú aon soithigh iascaireachta a fhalsú nó a cheilt d’aon ghnó;

(i)  fianaise maidir le himscrúdú ar shárú a cheilt, an fhianaise sin a chur as a riocht nó a scriosadh;

(j)  an iliomad sáruithe, ar neamhaird thromchúiseach iad ar bhearta i bhfeidhm de bhun ICCAT nuair a chuirtear le chéile iad;

(k)  cur in aghaidh cigire údaraithe nó breathnóir nó cur isteach air nó é a ionsaí, a imeaglú, a ghnéaschiapadh, nó cosc nó moill mhíchuí a chur air;

(l)  córas faireacháin an tsoithigh (‘VMS’) a chur as a riocht nó é a dhíchumasú d’aon ghnó;

(m)  sáruithe eile de réir mar a fhéadfaidh ICCAT a chinneadh, tar éis iad a bheith curtha san áireamh agus i gcúrsaíocht ar leagan athbhreithnithe de na nósanna imeachta seo;

(n)  cur isteach ar an gcóras faireacháin satailíte nó soitheach a úsáid gan VMS;

(o)  trasloingsiú ar muir.

2.  I gcás ina rachfar ar bord agus ina ndéanfar cigireacht ar shoitheach iascaireachta agus má aimsíonn an cigire údaraithe gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, mar atá sainithe i bpointe 1, lena linn, tabharfaidh údaráis stát brataí na soithí cigireachta fógra láithreach do stát brataí an tsoithigh iascaireachta, go díreach agus trí Rúnaíocht ICCAT chomh maith. Sna cásanna sin, ba cheart don chigire aon soitheach chigireachta de chuid stát brataí an tsoithigh iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht a chur ar an eolas faoi sin.

3.  Cláróidh cigirí ICCAT na cigireachtaí a dhéanfar agus na sáruithe a thugtar faoi deara (más ann dóibh) i logleabhar an tsoithigh iascaireachta.

4.  Tar éis na cigireachta dá dtagraítear i bpointe 2, áiritheoidh CPC ar Stát brataí é go gcuirfidh an soitheach iascaireachta ábhartha stop le gach gníomhaíocht iascaireachta. Ceanglóidh CPC ar Stát brataí é go mbeidh ar an soitheach iascaireachta dul chuig calafort arna ainmniú aige laistigh de 72 uair, áit a gcuirfear tús le himscrúdú.

5.  I gcás ina mbraithfear, a bhuí le cigireacht, gníomhaíocht nó imthoisc a bheadh ina sárú tromchúiseach, ba cheart an soitheach a athbhreithniú faoi na nósanna imeachta a thuairiscítear i Moladh ICCAT 11-18 lena leasaítear tuilleadh Moladh 09-10 lena mbunaítear liosta soitheach a measadh a rinne gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i Limistéar Choinbhinsiún ICCAT, ag cur san áireamh aon ghníomhaíochtaí freagartha agus aon obair leantach eile.

II.  Cigireachtaí a dhéanamh

6.  Cigirí arna n-ainmniú ag na Rialtais Conarthacha a dhéanfaidh na cigireachtaí. Tabharfar ainmneacha na ngníomhaireachtaí rialtais údaraithe agus na gcigirí aonair arna ainmniú chun na críche sin ag a rialtas féin chuig Coimisiún ICCAT.

7.  Beidh bratach nó bratainn speisialta arna formheas ag Coimisiún ICCAT agus arna eisiúint ag Rúnaíocht ICCAT ar foluain ar shoithí atá i mbun dualgais dul ar bord agus cigireachta idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Iarscríbhinn seo. Cuirfear ainmneacha na soithí a úsáidtear chuige sin chuig Rúnaíocht ICCAT a luaithe is praiticiúil sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí cigireachta. Cuirfidh Rúnaíocht ICCAT faisnéis maidir le soithí cigireachta ainmnithe ar fáil do gach CPC, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis a chur suas ar a shuíomh gréasáin faoi chosaint pasfhocail.

8.  Beidh doiciméadacht aitheantais iomchuí arna heisiúint ag údaráis an Stáit brataí ina seilbh ag cigirí, agus beidh an doiciméadacht aitheantais sin san fhoirm a léirítear i mír 21.

9.  Faoi réir na socruithe a comhaontaíodh faoi mhír 16, stopfaidh soitheach iascaireachta atá faoi bhrat Pháirtí Conarthaigh agus atá ag iascach an tuinnín nó éisc atá cosúil leis an tuinnín i limistéar an Choinbhinsiúin ICCAT lasmuigh d’uiscí faoin dlínse náisiúnta má thugann soiteach cigirechta a bhfuil bratainn ICCAT dá ndéantar cur síos uirthi i mír 7 ar foluain aici agus ar a bhfuil cigire comhartha iomchuí sa Chód Idirnáisiúnta Comharthaí, ach amháin má tá an soitheach cigireachta i mbun oibríochtaí iascaireachta, agus sa chás sin stopfaidh sé a luaithe a bheidh na hoibríochtaí sin curtha i gcrích aige. Tabharfaidh máistir an tsoithigh cead don bhuíon chigireachta mar a shonraítear i mír 10 dul ar bord agus ní mór dó dréimire bordála a chur ar fáil. Cuirfidh an máistir ar chumas na buíne cigireachta scrúdú a dhéanamh ar threalamh, ar ghabháil nó ar aon doiciméid ábhartha a mheasann an cigire a bhfuil gá leo chun comhlíonadh mholtaí ICCAT atá i bhfeidhm a fhíorú maidir le Stát brataí an tsoithigh chigireachta atá faoi réir cigireachta. Fairis sin, féadfaidh cigirí aon mhíniú a mheasann siad a bhfuil gá leis a iarraidh.

10.  Déanfaidh oifigeach ceannais an tsoithigh cigireachta méid na buíne cigireachta a shocrú agus cúinsí ábhartha á gcur san áireamh aige. Ba cheart don bhuíon chigireachta a bheith chomh beag agus is féidir chun na dualgais a leagtar amach san Iarscríbhinn seo a dhéanamh go slán sábháilte.

11.  Ag dul ar bord an tsoithigh chigireachta dóibh, taispeánfaidh na cigirí an doiciméadacht aitheantais a thuairiscítear i mír 8. Urramóidh cigirí rialacháin, nósanna imeachta agus cleachtais idirnáisiúnta a nglactar leo go ginearálta agus a bhaineann le sábháilteacht an tsoithigh chigireachta agus a chriú a bhfuiltear ag déanamh cigireachta air, agus cuirfidh sé isteach a laghad is féidir ar ghníomhaíochtaí iascaireachta nó stuáil an táirge, agus a mhéid is féidir, seachnóidh sé aon ghníomhaíocht a mbeadh drochthionchar aici ar cháilíocht na gabhála ar bord. Ní dhéanfaidh cigirí níos mó ná a dhéanamh amach an bhfuil moltaí ICCAT atá i bhfeidhm maidir le Stát brataí an tsoithigh chigireachta lena mbaineann á gcomhlíonadh. Agus iad i mbun cigireachta, féadfaidh cigirí aon chúnamh a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu a iarraidh ar mháistir an tsoithigh iascaireachta. Déanfaidh cigirí tuarascáil a tharraingt suas ar an gcigireacht i bhfoirm arna formheas ag Coimisiún ICCAT. Síneoidh cigirí an tuarascáil i láthair mháistir an tsoithigh chigireachta agus beidh an máistir sin i dteideal aon bharúlacha a chur leis an tuarascáil nó a chinntiú go gcuirfear leis an tuarascáil iad, a mheasfaidh sé nó sí a bheith oiriúnach agus ní mór dó na barúlacha sin a shíniú.

12.  Tabharfar cóipeanna den tuarascáil do mháistir an tsoithigh chigireachta agus do rialtas na buíne cigireachta, agus seolfaidh siad cóipeanna chuig údaráis inniúla stát brataí an tsoithigh chigireachta ar a ndearnadh cigireacht agus chuig Coimisiún ICCAT. I gcás ina n-aimseofar aon sárú ar mholtaí ICCAT, cuirfidh an cigire aon long chigireachta de chuid Stát brataí an tsoithigh chigireachta iascaireachta arb eol í a bheith sa chomharsanacht ar an eolas faoi sin chomh maith, más féidir.

13.  Mura nglacfar le cigirí nó mura ndéanfar a dtreoracha a chomhlíonadh, déileálfaidh Stát brataí an tsoithigh chigireachta a ndearnadh cigireacht air leis sin ar an gcaoi chéanna a ndéileáiltear le hiompar mar sin maidir le cigire náisiúnta.

14.  Déanfaidh cigirí a ndualgais faoi réir na socruithe sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Rialachán seo, ach fanfaidh siad faoi rialú oibríochtúil a n-údarás náisiúnta agus freagróidh sé dóibh.

15.  Déanfaidh Rialtais Chonarthacha tuarascálacha cigireachta, bileoga faisnéis aimsithe de réir Mholadh ICCAT 94-09 agus ráitis a eascraíonn as cigireachtaí ar dhoiciméadacht arna ndéanamh ag cigirí eachtrannacha faoi na socruithe seo a mheas agus gníomhaíodh siad dá réir mar a ghníomhódh siad i gcás tuarascálacha a gcigirí náisiúnta i gcomhréir lena reachtaíocht náisiúnta. Ní fhorchuirfidh forálacha na míre seo aon oibleagáid ar Rialtas Conarthach luach fianaise níos airde a bhronnadh ar thuarascáil ó chigire eachtrannach ná mar a bheadh uirthi i dtír an chigire féin. Oibreoidh Rialtais Chonarthacha i gcomhar le chéile chun nósanna imeachta breithiúnacha nó nósanna imeachta de chineál eile a éascú, ar nósanna imeachta iad a eascraíonn as tuarascáil ó chigire faoi réir na socruithe seo.

16.  

(a)  Cuirfidh Rialtais Chonarthacha Coimisiún ICCAT ar an eolas faoin 1 Eanáir gach bliain maidir lena bpleananna sealadacha maidir le gníomhaíochtaí cigireachta a dhéanamh faoi réir Mholadh ICCAT 16-05 le linn na bliana féilire sin agus féadfaidh Coimisiún ICCAT moltaí a dhéanamh do Rialtais Chonarthacha maidir le hoibríochtaí náisiúnta a chomhordú sa réimse seo, lena n-áirítear líon na gcigirí agus na soithí chigireachta a mbeidh cigirí ar bord orthu;

(b)  Beidh feidhm ag na socruithe a leagtar amach i Moladh ICCAT 16-05 agus ag na pleananna maidir le rannpháirtíocht idir Rialtais Chonarthacha mura gcomhaontóidh siad a mhalairt, agus tabharfar fógra do Choimisiún ICCAT faoin gcomhaontú sin. Mar sin féin, áfach, cuirfear cur chun feidhme na scéime ar fionraí idir aon dá Pháirtí Chonarthacha má tá fógra tugtha ag ceachtar acu do Choimisiún ICCAT chuige sin, go dtí go dtabharfar an comhaontú sin i gcrích.

17.  

(a)  déanfar cigireacht ar an trealamh iascaireachta i gcomhréir leis na rialacháin i bhfeidhm san fholimistéar ina ndéanfar an cigireacht. Luafaidh cigirí an folimistéar ina ndearnadh an chigireacht, agus déanfar tuairisc ar aon sáruithe ar thángthas orthu sa tuarascáil chigireachta;

(b)  beidh an t-údarás ag cigirí cigireacht a dhéanamh ar an trealamh iascaireachta go léir atá in úsáid nó atá ar bord.

18.  Cuirfidh cigirí marc aitheantais arna fhormheas ag Coimisiún ICCAT ar aon trealamh iascaireachta a ndéanfar cigireacht air agus ar dealraitheach é a bheith ag sárú na moltaí de chuid ICCAT is infheidhme maidir le Stát brataí an tsoithigh lena mbaineann agus déanfar taifeadadh ar an bhfíric sin ina thuarascáil chigireachta nó ina tuarascáil chigireachta.

19.  Féadfaidh na cigirí grianghraif a thógáil de na fearais, den trealamh, den doiciméadacht agus d’aon ní eile a cheapann siad gur gá grianghraif a thógáil de ar chaoi a dtaispeánfaidh na gnéithe sin nach bhfuil i gcomhréir leis an rialachán atá i bhfeidhm, dar leo, agus sa chás sin déanfar na nithe ar tógadh grianghraf díobh a liostáil sa tuarascáil agus déanfar cóipeanna de na grianghraif a chur i gceangal leis an gcóip den tuarascáil a thabharfar chuig an Stát brataí.

20.  Déanfaidh cigirí cigireacht ar gach gabháil ar bord, de réir mar is gá, chun comhlíonadh mholtaí ICCAT a mheas.

21.  Seo a leanas léirshamhail den Chárta Aitheantais do chigirí:

toisí: leithead 10,4 cm, airde 7 cm.

20190404-P8_TA-PROV(2019)0353_GA-p0000002.png

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 174.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Aibreán 2019.
(3)Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/98 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2014 maidir le cur chun feidhme oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 15(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, faoin gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Chaomhnú Tuinníní Atlantacha agus faoin gCoinbhinsiún um Chomhar Iltaobhach sa Todhchaí in Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (IO L 16, 23.1.2015, lch. 23).
(5) Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistíochta, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle (IO L 315, 30.11.2017, lch. 1).
(6)Rialachán (CE) Uimh. 1239/98 ón gComhairle an 8 Meitheamh 1998 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 894/97 lena leagtar síos bearta teicniúla áirithe chun acmhainní iascaigh a chaomhnú (IO L 171, 17.6.1998, lch. 1).
(7)Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d’fhonn comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
(8)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2011 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú a chur chun feidhme (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1).
(9)Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(10)Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lch. 1).
(11)IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(12)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(13)Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistithe i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir, lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1626/94 (IO L 409, 30.12.2006, lch. 11).
(14)Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(15)Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/218 ón gCoimisiún an 6 Feabhra 2017 maidir le clár cabhlaigh iascaireachta an Aontais (IO L 34, 9.2.2017, lch. 9).
(16)Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1986 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2018 lena mbunaítear cláir shonracha maidir le rialuithe agus cigireachtaí d’iascaigh áirithe agus lena n-aisghairtear Cinntí Cur Chun Feidhme 2012/807/AE, 2013/328/AE, 2013/305/AE agus 2014/156/AE (IO L 317, 14.12.2018, lch. 29).
(17) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 8 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil