Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0189(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0036/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0036/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 16/04/2019 - 8.3

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0361

Téacsanna atá glactha
PDF 223kWORD 70k
Dé Máirt, 16 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ***I
P8_TA-PROV(2019)0361A8-0036/2019
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (COM(2018)0365 – C8-0383/2018 – 2018/0189(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0365),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0383/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 March 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0036/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire na trí ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith L d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh in éineacht leis an ngníomh reachtach críochnaitheach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 110, 22.3.2019,  lch.55.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha(1)
P8_TC1-COD(2018)0189

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Chun gur féidir leis an Aontas a inniúlacht eisiach a fheidhmiú go hiomlán i ndáil lena chomhbheartas tráchtála, agus i gcomhlíonadh iomlán a ghealltanas faoin gComhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála, déanfar páirtí conarthach de in Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ('Acht na Ginéive')(4) de bhun Chinneadh (AE) …/… ón gComhairle(5), ag údarú ag an am céanna do na Ballstáit é a dhaingniú nó aontú dó chun leas an Aontais. I dtaca leis na páirtithe conarthacha in Acht na Ginéive, is baill iad d'Aontas Speisialta a cuireadh ar bun le Comhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh a Chosaint agus a Chlárú go hIdirnáisiúnta(6) ('Aontas Speisialta'). I gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh (AE) …/…, tar éis don Aontas agus do na Ballstáit sin é a dhaingniú nó aontú dó, déanfaidh an Coimisiún ionadaíocht dóibh san Aontas Speisialta i ndáil le hAcht na Ginéive.

(2)  Is iomchuí rialacha a bhunú lena gceadaítear don Aontas ▌agus do na Ballstáit sin a dhaingníonn an tAcht nó a aontaíonn dóna cearta agus na hoibleagáidí faoi Acht na Ginéive a fheidhmiú .

(3)  Le hAcht na Ginéive, déantar sonrúcháin tionscnaimh a chosaint, lena n-áirítear "ainmniúcháin tionscnaimh", agus tásca geografacha, mar a shainmhínítear iad i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008(7), Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012(8), Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013(9) agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014(10) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ▌, dá dtagraítear anseo feasta mar 'thásca geografacha'.

(4)  Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive agus ar bhonn rialta ina dhiaidh, ba cheart don Choimisiún ▌iarratais a dhéanamh chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil ('an Biúró Idirnáisiúnta') maidir le clárú idirnáisiúnta ▌na dtásc geografach sin, ar de thionscnamh chríoch an Aontais iad agus atá faoi chosaint sa chríoch sin, ina chlár sin ('an Clár Idirnáisiúnta'). Ba cheart na hiarratais sin a bhunú ar fhógraí ó na Ballstáit ag gníomhú ar a dtionscnamh féin nó ar a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive. Agus na fógraí sin á mbunú, ba cheart do na Ballstáit an leas eacnamaíoch a ghabhann le cosaint idirnáisiúnta na dtásc geografach lena mbaineann a bhreithniú agus a chur san áireamh go háirithe an luach táirgeachta agus an luach onnmhairiúcháin, cosaint faoi chomhaontuithe eile, chomh maith le mí-úsáid reatha nó féideartha sna tríú tíortha lena mbaineann.

(5)  Trí thásca geografacha a chur leis an gClár Idirnáisiúnta, ba cheart go mbeifí in ann táirgí cáilíochta, iomaíocht chothrom agus cosaint tomhaltóirí a sholáthar. Cé go ngabhann luach cultúrtha agus eacnamaíoch suntasach leo, ba cheart áireamh na dtásc geografach a mheasúnú i ndáil leis an luach a chruthaítear do phobail áitiúla, le súil le tacaíocht a thabhairt don fhorbairt tuaithe agus deiseanna nua fostaíochta a chur chun cinn i dtáirgeadh, próiseáil agus i seirbhísí bainteacha eile.

(6)  Ba cheart don Choimisiún sásraí rialta atá ann cheana a úsáid chun dul i gcomhairle leis na Ballstáit, le comhlachais trádála agus le táirgeoirí an Aontais chun idirphlé leanúnach a bhunú leis na páirtithe leasmhara ábhartha.

(7)  Ba cheart nósanna imeachta iomchuí a bhunú ionas gur féidir leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thásca geografacha, ar de thionscnamh páirtithe conarthacha in Acht na Ginéive nach Ballstáit iad ('Tríú Páirtithe Conarthacha') agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, chun foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta chun cosaint san Aontas a chinneadh nó chun an chosaint sin a neamhbhailíochtú, nuair is ábhartha.

(8)  Déanfaidh an tAontas cosaint tásc geografach ar de thionscnamh tríú páirtithe conarthacha iad agus atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Caibidil III d'Acht na Ginéive, go háirithe i gcomhréir le hAirteagal 14 d'Acht na Ginéive lena gceanglaítear ar gach páirtí conarthach leigheasanna éifeachtacha dlí a chur ar fáil chun tásca geografacha atá cláraithe a chosaint, agus a fhoráil go bhféadfaidh údarás poiblí nó aon pháirtí leasmhar, cibé acu duine nádúrtha nó eintiteas dlíthiúil é agus cibé acu poiblí nó príobháideach é, ag brath ar a chóras dlí agus a chleachtas dlí féin, imeachtaí dlí a thionscnamh le cosaint na dtásc sin a áirithiú. D'fhonn cosaint trádmharcanna náisiúnta, trádmharcanna réigiúnacha agus trádmharcanna an Aontais agus cosaint tásc geografach a áirithiú in éineacht, ag féachaint don choimirce i ndáil le cearta réamh‑thrádmhairc mar a leagtar síos ina Airteagal 13(1) d'Acht na Ginéive, ba cheart a choimirciú go bhféadfadh réamh-thrádmharcanna agus tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta dá ndeonaítear cosaint nó a úsáidtear san Aontas a bheith bailí go comhuaineach.

(9)  I bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, níor cheart do Bhallstáit nach páirtithe conarthacha iad cheana féin i gComhaontú Liospóin 1958 arna athbhreithniú i Stócólm ar an 14 Iúil 1967 agus arna leasú ar an 28 Meán Fómhair 1979 ("Comhaontú Liospóin") an Comhaontú a dhaingniú ná aontú dó.

(10)  Féadfaidh Ballstáit ar páirtithe conarthacha iad cheana i gComhaontú Liospóin fanacht amhlaidh, go háirithe chun leanúnachas na gceart a dheonaítear agus comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin gComhaontú sin a áirithiú. Ba cheart dóibh áfach gníomhú ar son leas an Aontais amháin agus le lánurraim d'inniúlacht eisiach an Aontais. Ba cheart do na Ballstáit sin, mar sin, a gcearta agus a n-oibleagáidí a fheidhmiú faoi Chomhaontú Liospóin i lánchomhlíonadh an údaraithe arna dheonú ag an Aontas de bhun na rialacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo. D'fhonn urraim a thabhairt don chóras cosanta aonfhoirmí do thásca geografacha arna mbunú san Aontas maidir le táirgí talmhaíochta agus d'fhonn an comhchuibhiú laistigh den Mhargadh Aonair a fheabhsú, níor cheart dóibh aon sonrúcháin tionscnaimh nua a chlárú faoi Chomhaontú Liospóin le haghaidh táirgí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó Rialachán (AE) Uimh. 251/2014.

(11)  Tá sonrúcháin tionscnaimh cláraithe ag na Ballstáit sin faoi Chomhaontú Liospóin. Ba cheart socruithe idirthréimhseacha a chur ar fáil le haghaidh cosaint leanúnach faoi réir cheanglais an Chomhaontaithe sin, Acht na Ginéive agus acquis an Aontais.

(12)  Ghlac na Ballstáit sin cosaint shonrúcháin tionscnaimh na dtríú páirtithe conarthacha. Chun na hacmhainní a thabhairt dóibh le gur féidir leo a n-oibleagáidí idirnáisiúnta a ghlac siad orthu féin a chomhlíonadh sular aontaigh an tAontas Eorpach d'Acht na Ginéive, ba cheart socrú idirthréimhseach a dhéanamh a mbeadh éifeachtaí ar an leibhéal náisiúnta aige ach nach mbeadh aon éifeachtaí aige ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

(13)  Is den chothroime, is cosúil, gur ar an mBallstát, ar dá thionscnamh an tásc geografach, a thitfidh na táillí a bheidh le híoc faoi Acht na Ginéive agus na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus faoi Acht na Ginéive chun iarratas a dhéanamh chuig an mBiúró Idirnáisiúnta maidir le tásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta maille leis na táillí a bheidh le híoc i ndáil le hiontrálacha eile sa Chlár Idirnáisiúnta agus le soláthar sleachta, fianuithe agus faisnéise eile a bhaineann le hábhar an chlárúcháin idirnáisiúnta sin, ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive. Ba cheart rogha a bheith ag na Ballstáit a cheangal ar an duine nádúrtha sin, an t-eintiteas dlítheanach nó an tairbhí na táillí ar fad nó cuid díobh a íoc.

(14)  Chun íoc as aon ghannchion i ndáil le buiséad oibriúcháin an Aontais Speisialta, ba cheart go bhféadfadh an tAontas foráil a dhéanamh, ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais, do ranníocaíocht speisialta mar a chinnfidh Tionól an Aontais Speisialta í de bhun Airteagal 24(4) d'Acht na Ginéive, i bhfianaise luach eacnamaíoch agus cultúrtha chosaint na dtásc geografach.

(15)  D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le ballraíocht an Aontais san Aontas Speisialta a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i ndáil le liosta de thásca geografacha a bhunú chun na gcríoch seo a leanas: iarratas a dhéanamh na tásca sin a chlárú go hidirnáisiúnta ag an mBiúró Idirnáisiúnta ar aontú dó d'Acht na Ginéive, iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar thásc geografach a chlárú go hidirnáisiúnta leis an mBiúró Idirnáisiúnta, diúltú do chur i gcoinne, cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cosaint le deonú do thásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta, diúltú na n-éifeachtaí a ghabhann le clárú idirnáisiúnta a aistarraingt, a iarraidh go gcuirfí ar ceal clárúchán idirnáisiúnta, fógra a thabhairt maidir le neamhbhailíochtú ar chosaint táisc gheografaigh san Aontas atá cláraithe sa chlár Idirnáisiúnta, agus an Ballstát a údarú foráil a dhéanamh d'aon mhodhnuithe riachtanacha agus fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le sonrúchán tionscnaimh do tháirge atá cosanta faoi cheann de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).

(16)  Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún faireachán agus meastóireacht ar rannpháirtíocht an Aontais san Acht sin le himeacht ama. D'fhonn meastóireacht den saghas sin a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún, inter alia, an méid seo a leanas a chur san áireamh: líon na dtásc geografach atá cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais a bhfuil iarratais ar chlárú idirnáisiúnta curtha isteach ina leith, agus cásanna inar dhiúltaigh tríú páirtithe conarthacha cosaint, an forfhás ar líon na dtríú tíortha atá rannpháirteach in Acht na Ginéive, an ghníomhaíocht atá déanta ag an gCoimisiún chun an líon sin a mhéadú, chomh maith le tionchar staid reatha acquis an Aontais maidir le tásca geografacha ar tharraingteacht Acht na Ginéive do thríú tíortha, agus líon agus cineál na dtásc geografach ar de thionscnamh páirtithe conarthacha tríú tíortha iad agus ar dhiúltaigh an tAontas dóibh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir le gníomhaíochtaí an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ('Acht na Ginéive').

Chun críche an Rialacháin seo, tagraítear anseo feasta do shonrúcháin tionscnaimh, lena n-áirítear "ainmniúcháin tionscnaimh", agus "tásca geografacha", mar a shainmhínítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 251/2014, araon mar 'thásca geografacha'.

Airteagal 2

Clárú idirnáisiúnta tásc geografach ▌

1.  Tar éis aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive agus ina dhiaidh sin, ar bhonn rialta, déanfaidh an Coimisiún, mar Údarás Inniúil, iarratais chuig Biúró Idirnáisiúnta na hEagraíochta Domhanda um Maoin Intleachtúil ('an Biúró Idirnáisiúnta') maidir le tásca geografacha a chlárú go hidirnáisiúnta, ar tásca iad atá faoi chosaint ag dlí an Aontais agus cláraithe faoin dlí sin, agus a bhaineann le táirgí ar de thionscnamh an Aontais iad de bhun Airteagal 5(1) agus (2) d'Acht na Ginéive.

2.  Chuige sin, féadfaidh na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún tásca geografacha ar de thionscnamh a gcríche iad, cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais, a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta. Féadfaidh iarraidh den saghas sin a bheith bunaithe ar:

(a)  a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(b)  a dtionscnamh féin.

3.  Ar bhonn na n-iarrataí sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena liostófar na tásca ▌ geografacha dá dtagraítear i ▌ mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

Airteagal 3

Cealú táisc gheografaigh de thionscnamh Ballstáit den Aontas atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta

1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena n-iarrfar clárúchán táisc gheografaigh de thionscnamh Ballstáit den Aontas sa Chlár Idirnáisiúnta a chealú:

(a)  i gcás nach bhfuil an tásc geografach sin cosanta a thuilleadh san Aontas nó

(b)  ar a iarraidh sin ag Ballstát ar dá thionscnamh an tásc geografach, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe ar:

(i)  ar a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(ii)  ar a thionscnamh féin.

2.  déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

3.  Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró idirnáisiúnta maidir leis an iarraidh ar chealú.

Airteagal 4

Foilsiú tásc geografach tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.  Foilseoidh an Coimisiún aon chlárú idirnáisiúnta a mbeidh fógra tugtha ina leith ag an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(4) d'Acht na Ginéive maidir leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát ina leith sin é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear sin faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, ar choinníoll go mbaineann an foilsiú le táirge dá dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha.

2.  Déanfar an clárú idirnáisiúnta a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C, agus áireofar ann cineál an táirge agus a thír thionscnaimh.

Airteagal 5

Measúnú ar thásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Foilseoidh an Coimisiún aon chlárú idirnáisiúnta a mbeidh fógra ina leith tugtha ag an mBiúró Idirnáisiúnta de bhun Airteagal 6(4) d'Acht na Ginéive maidir leis na tásca geografacha atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta agus nach Ballstát, ina leith sin, an Páirtí Conarthach Tionscnaimh, mar a shainmhínítear sin faoi phointe (xv) d'Airteagal 1 ▌ d'Acht na Ginéive, chun a chinneadh an bhfuil na gnéithe éigeantacha ann a leagtar síos le Riail 5(2) de na Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive (na 'Comhrialacháin')(12), agus na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe mar a leagtar síos iad i Riail 5(3) de na Comhrialacháin sin, agus chun a mheas an mbaineann an foilsiú le táirge dá dtugtar ▌ cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha.

2.  Ní rachaidh an tréimhse chun measúnú den sórt sin a chur i gcrích thar cheithre mhí ó dháta cláraithe an táisc gheografaigh sa Chlár Idirnáisiúnta agus, mar chuid de sin, ní dhéanfar measúnú ar aon fhorálacha sonracha eile de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, caighdeáin mhargaíochta agus le lipéadú bia.

Airteagal 6

Nós imeachta cur i gcoinne le haghaidh tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta

1.   Laistigh de cheithre mhí ón dáta a bhfoilseofar ainm an táisc gheografaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4, féadfaidh údaráis Bhallstáit nó tríú tír nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, nó duine nádúrtha nó dlítheanach ag a bhfuil leas dlisteanach agus atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír nach é an Páirtí Conarthach Tionscnaimh é, féadfaidh siad ráiteas a thaisceadh chuig an gCoimisiún lena gcuirfear i gcoinne an iarratais, i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais.

2.   Ní ghlacfar leis an ráiteas sin, a bhaineann le tásc geografach arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4, ach amháin i gcás ina dtaiscfear é laistigh den teorainn ama a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus i gcás ina mbeidh ceann amháin nó níos mó de na forais seo a leanas á maíomh ann:

(a)  go bhfuil an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta ag teacht salach ar ainm cineáil planda nó ainm póir ainmhí agus ar dóigh don chlárú sin an tomhaltóir a chur amú maidir le tionscnamh ceart an táirge;

(b)  go bhfuil an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta comhainmneach go hiomlán nó i bpáirt le tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana agus nach bhfuil idirdhealú leordhóthanach i gcleachtas idir na coinníollacha úsáide áitiúla agus traidisiúnta agus cur i láthair an táisc gheografaigh a bhfuil sé molta é a chur faoi chosaint agus an tásc geografach atá faoi chosaint san Aontas cheana, á chur san áireamh gur gá a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na táirgeoirí lena mbaineann agus nach gcuirfear na tomhaltóirí amú;

(c)  go sárófaí ceart réamh-thrádmhairc ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais de thoradh ar an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a bheith faoi chosaint san Aontas;

(d)  go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh san Aontas na nithe seo a leanas i gcontúirt: úsáid ainm eile atá comhionann go hiomlán nó i bpáirt nó cineál eisiach trádmhairc ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó ar leibhéal an Aontais nó táirgí arb ann dóibh cheana agus a bhí á gcur ar an margadh go dlíthiúil ar feadh cúig bliana ar a laghad roimh dháta foilsithe ainm an táisc gheografaigh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 4;

(e)  go mbaineann an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta le táirge nach dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá thásca geografacha ▌ faoi láthair;

(f)  gur téarma cineálach i gcríoch an Aontais an t-ainm a bhfuil clárú iarrtha ina leith;

(g)  nach gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) d'Airteagal 2(1) d'Acht na Ginéive;

(h)  gur ainm comhainmneach é an tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta a chuirfeadh an tomhaltóir amú sa chaoi go gcreidfeadh sé gur tháinig na táirgí ó chríoch eile, fiú má tá an t-ainm cruinn a mhéid a bhaineann le críoch, le réigiún nó le háit tionscnaimh iarbhír na dtáirgí atá i gceist.

3.   Déanfaidh an Coimisiún na forais atá leis an gcur i gcoinne, mar a leagtar amach i mír 2, a mheas i ndáil le críoch an Aontais nó le cuid di.

Airteagal 7

Cinneadh maidir le tásca geografacha tríú tír arna gclárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint san Aontas

1.  I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5(1), go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin agus nach bhfaighfear aon chur i gcoinne nó nach bhfaighfear ach cuir i gcoinne atá neamh-inghlactha, diúltóidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, cuir i gcoinne neamh-inghlactha a gheofar agus déanfaidh sé cinneadh cosaint a dheonú don tásc geografach trí bhíthin gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.  I gcás, ar bhonn an mheasúnaithe arna dhéanamh de bhun Airteagal 5(1), nach gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin nó go bhfaighfear cur i gcoinne atá inghlactha mar a leagtar amach in Airteagal 6(2), déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a chur faoi chosaint, nó gan a dhéanamh, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2). I ndáil le tásca geografacha lena gcumhdaítear táirgí nach dtagann faoi inniúlacht na gCoistí dá bhforáiltear in Airteagal 15(1), déanfaidh an Coimisiún an cinneadh a ghlacadh ▌.

3.   Sa chinneadh maidir le tásc geografach a chur faoi chosaint i gcomhréir le mír 1 nó le mír 2 den Airteagal seo, leagfar amach raon feidhme na cosanta arna deonú agus féadfar a áireamh inti coinníollacha atá ag luí le hAcht na Ginéive agus go háirithe féadfar idirthréimhse shainithe a dheonú ina chomhair, mar a shonraítear sin in Airteagal 17 d'Acht na Ginéive agus i Riail 14 de na Comhrialacháin.

4.   I gcomhréir le hAirteagal 15(1) d'Acht na Ginéive, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi dhiúltú éifeachtaí an chlárúcháin idirnáisiúnta lena mbaineann i gcríoch an Aontais, laistigh de bhliain amháin ón dáta a bhfaighfear an fógra maidir le clárú idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 6(4) d'Acht na Ginéive, nó laistigh de dhá bhliain sna cásanna dá dtagraítear sa chéad mhír d'Airteagal 5 de Chinneadh ón gComhairle (AE) .…/…(13)(14).

5.  Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), lena dtarraingeofar siar, go hiomlán nó go páirteach, diúltú ar tugadh fógra ina leith cheana don Bhiúró Idirnáisiúnta. Tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta maidir le tarraingt siar den sórt sin.

Airteagal 8

Úsáid tásc geografach

1.   Beidh feidhm ag na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn Airteagal 7 gan dochar d'aon fhorálacha sonracha de chuid an Aontais a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh agus, go háirithe, le comheagrú na margaí talmhaíochta, le caighdeáin sláintíochta agus fíteashláintíochta, agus le lipéadú bia. ▌

2.   Faoi réir mhír 1 féadfaidh aon oibreoir a bhfuil margú á dhéanamh aige ar tháirge i gcomhréir leis an gclárú idirnáisiúnta leas a bhaint as na tásca geografacha atá faoi chosaint faoin Rialachán seo.

Airteagal 9

Na héifeachtaí atá ag tásc geografach tríú tír arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta a neamhbhailíochtú san Aontas

1.  Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe ó Bhallstát, ó thríú tír nó ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil leas dlisteanach aige, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena neamhbhailíoctófar, go hiomlán nó i bpáirt, éifeachtaí na cosanta san Aontas atá ag tásc geografach arna chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta i gceann amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a)  i gcás nach bhfuil an tásc geografach faoi chosaint a thuilleadh ag an bPáirtí Conarthach Tionscnaimh;

(b)  i gcás nach bhfuil an tásc geografach cláraithe a thuilleadh sa Chlár Idirnáisiúnta;

(c)  i gcás nach bhfuil comhlíonadh na ngnéithe éigeantacha a leagtar síos i Riail 5(2) de na Comhrialacháin nó na mionsonraí a bhaineann le cáilíocht, clú nó tréithe a leagtar síos i Riail 5(3) de na Comhrialacháin a áirithiú a thuilleadh.

2.  Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i ▌mír 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2), ach deis a bheith tugtha do dhaoine nádúrtha nó d'eintitis dhlítheanacha dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó do na tairbhithe, mar a shainmhínítear iad i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, a gcearta a chosaint.

3.  Ar choinníoll nach bhfuil an neamhbhailíochtú faoi réir achomhairc a thuilleadh, tabharfaidh an Coimisiún fógra gan mhoill don Bhiúró Idirnáisiúnta faoi neamhbhailíochtú éifeachtaí chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh i gcríoch an Aontais ▌ i gcomhréir le pointe (a) nó (c) de mhír 1.

Airteagal 10

Gaol le trádmharcanna

1.   Beidh cosaint táisc gheografaigh gan dochar do bhailíocht réamh-thrádmhairc ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, nó ar leibhéal an Aontais a ndéanfar iarratas ina leith nó a chlárófar de mheon macánta, nó a gheofar trína úsáid de mheon macánta i gcríoch Ballstáit, aontais réigiúnaigh de Bhallstáit nó i gcríoch an Aontais.

2.   Ní chuirfear tásc geografach atá cláraithe sa Chlár Idirnáisiúnta faoi chosaint i gcríoch an Aontais más rud é, i bhfianaise an chlú agus na cáile atá ar thrádmharc, agus an mhéid ama atá sé in úsáid, gur cosúil go gcuirfeadh cosaint an táisc gheografaigh réamhráite sin i gcríoch an Aontais an tomhaltóir amú maidir le fíorchéannacht an táirge.

3.   Gan dochar do mhír 2 i gcás ▌trádmharc a ndearnadh iarratas ina leith, nó a cláraíodh nó a bunaíodh trína úsáid de mheon macánta agus má dhéantar foráil don fhéidearthacht sin sa reachtaíocht lena mbaineann, de mheon macánta laistigh de chríoch Ballstáit, aontais réigiúnaigh de Bhallstáit nó de chríoch an Aontais, roimh an dáta ar thug an Biúró Idirnáisiúnta fógra don Choimisiún maidir le foilsiú chlárú idirnáisiúnta an táisc gheografaigh, agus a sháródh a úsáid sin cosaint an táisc gheografaigh, féadfar leanúint ar aghaidh á úsáid agus á athnuachan le haghaidh an táirge lena mbaineann d'ainneoin cosaint a bheith tugtha don tásc geografach, ar choinníoll nach bhfuil aon fhorais ann go mbeadh an trádmharc neamhbhailí nó go gcúlghairfí é faoi Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) nó faoi Rialachán (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16). I gcásanna den sórt sin, ceadófar úsáid an táisc gheografaigh chomh maith le húsáid an trádmhairc lena mbaineann.

Airteagal 11

Forálacha idirthréimhseacha do shonrúcháin tionscnaimh ar de thionscnamh Bhallstát AE iad atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin

1.  I ndáil le gach sonrúchán tionscnaimh le haghaidh táirge, atá cosanta faoi cheann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, roghnóidh an Ballstát:

(a)  clárú idirnáisiúnta an tsonrúcháin tionscnaimh sin faoi Acht na Ginéive a iarraidh, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát Acht na Ginéive nó gur aontaigh sé dó de bhun an údaraithe in Airteagal 3 de Chinneadh ón gComhairle (AE) .…/…. (17), nó

(b)  cealú chlárú an tsonrúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta a iarraidh.

Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann rogha ar bhonn:

(a)  a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(b)  a dtionscnamh féin.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, fíoróidh an Ballstát lena mbaineann, i gcomhordú leis an gCoimisiún, leis an mBiúró Idirnáisiúnta aon mhodhnuithe a bheidh le déanamh faoi Riail 7 (4) de na Comhrialacháin chun críche clárú faoi Acht na Ginéive.

Údaróidh an Coimisiún don Bhallstát foráil a dhéanamh do na modhnuithe riachtanacha agus fógra a thabhairt don Bhiúró Idirnáisiúnta trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).

2.  I ndáil le gach sonrúchán tionscnaimh le haghaidh táirge, a thagann faoi raon ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, ach nach bhfuil faoi chosaint faoi aon cheann de na Rialacháin sin, ar de thionscnamh Ballstáit é, ar páirtí conarthach é i gComhaontú Liospóin, déanfaidh an Ballstát an méid seo a leanas:

(a)  clárú faoin Rialachán lena mbaineann a iarraidh, nó

(b)  cealú chlárú an tsonrúcháin tionscnaimh sin sa Chlár Idirnáisiúnta a iarraidh.

Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann rogha ar bhonn:

(a)  a iarraidh sin ag duine nádúrtha nó ag eintiteas dlítheanach dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ag tairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive, nó

(b)  a dtionscnamh féin.

Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann fógra don Choimisiún maidir leis an rogha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, agus an iarraidh faoi seach a dhéanamh, laistigh de thrí bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

I gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann clárú idirnáisiúnta an tsonrúcháin tionscnaimh sin faoi Acht na Ginéive, i gcás gur dhaingnigh an Ballstát Acht na Ginéive nó gur aontaigh sé dó de bhun an údaraithe in Airteagal 3 de Chinneadh ón gComhairle (AE) .…/…. (18), laistigh de bhliain amháin ó dháta clárúcháin an táisc gheografaigh faoin Rialachán lena mbaineann. Beidh feidhm ag an gceathrú agus ag an gcúigiú fomhír de mhír 1.

I gcás go ndiúltófar don iarraidh ar chlárú faoin Rialachán lena mbaineann agus go mbeidh na leighis riaracháin agus bhreithiúnacha bainteacha ídithe, nó mura mbeidh an iarraidh ar chlárú faoi Acht na Ginéive déanta de bhun an cheathrú fomhír den mhír seo, iarrfaidh an Ballstát lena mbaineann, gan mhoill, cealú chlárú an táisc gheografaigh sin sa Chlár Idirnáisiúnta.

3.  I ndáil leis na sonrúcháin tionscnaimh do tháirgí nach dtagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, nach dtugtar cosaint ar leibhéal an Aontais dá dtásca geografacha, féadfaidh Ballstát, ar páirtí conarthach i gComhaontú Liospóin cheana é, aon chlárú dá bhfuil cheana aige sa Chlár Idirnáisiúnta a choinneáil.

Féadfaidh an Ballstát sin tuilleadh iarratas a chur isteach ar shonrúcháin tionscnaimh den sórt sin ar de thionscnamh a chríche iad a chlárú sa Chlár Idirnáisiúnta faoi Chomhaontú Liospóin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)  go dtabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra maidir leis an dréacht-iarratas ar shonrúcháin tionscnaimh den sórt sin don Choimisiún. Áireofar san fhógra sin fianaise go gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais chlárúcháin faoi chomhaontú Liospóin; agus

(b)  nach n-eiseoidh an Coimisiún tuairim dhiúltach laistigh de dhá mhí ón bhfógra sin. Ní féidir tuairim dhiúltach a eisiúint ach amháin tar éis comhairliúchán leis an mBallstát lena mbaineann, agus sna cásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe sin nach dtugtar bunús leordhóthanach san fhianaise a theastaíonn faoi phointe (a) go gcomhlíontar na ceanglais sonrúcháin faoi Chomhaontú Liospóin, nó go bhféadfadh an clárú drochthionchar a imirt ar bheartas trádála an Aontais.

I gcás ina n-iarrfar tuilleadh faisnéise ón gCoimisiún maidir leis an bhfógra a dhéantar faoi phointe (a), is é an spriocdháta a bheidh ag an gCoimisiún chun gníomhú ná mí tar éis dó an fhaisnéis a iarradh a fháil.

Cuirfidh an Coimisiún aon fhógra a thabharfar faoi phointe (a) in iúl do na Ballstáit láithreach.

Airteagal 12

Cosaint idirthréimhseach do shonrúcháin tionscnaimh de thionscnamh tríú tír atá cláraithe cheana faoi Chomhaontú Liospóin

1.   Féadfaidh na Ballstáit sin ar pháirtithe conarthacha iad i gComhaontú Liospóin roimh aontachas an Aontais le hAcht na Ginéive leanúint de chosaint a thabhairt do shonrúcháin tionscnaimh de thionscnamh tríú tír ar páirtí conarthach í an tríú tír i gComhaontú Liospóin ▌ trí bhíthin córas náisiúnta cosanta, le héifeacht ón dáta a ndéanfar páirtí conarthach den Aontas in Acht na Ginéive, i ndáil le sonrúcháin tionscnaimh arna gclárú amhail ar an dáta sin faoi Chomhaontú Liospóin.

2.  I gcás cosaint den sórt sin faoi chóras náisiúnta cosanta:

(a)  gabhfaidh an chosaint a thugtar faoi chóras cosanta an Aontais a hionad maidir le sonrúchán tionscnaimh i gcás ina dtabharfar cosaint de bhun Airteagal 7 den Rialachán seo i ndiaidh aontachas an tríú tír lena mbaineann le hAcht na Ginéive, ar choinníoll go gcaomhnóidh an chosaint a thugtar de bhun chinneadh faoi Airteagal 7 den Rialachán seo an chosaint leanúnach a thugtar don sonrúchán tionscnaimh faoi seach sa Bhallstát faoi seach;

(b)  scoirfidh sí i gcás sonrúchán tionscnaimh ar leith nuair a thiocfaidh deireadh le feidhm an chlárúcháin idirnáisiúnta.

3.   I gcás nach mbeidh an sonrúchán tionscnaimh de thionscnamh tríú tír ▌cláraithe faoin Rialachán seo, nó nach ngabhtar ionad na cosanta náisiúnta i gcomhréir le pointe (a) de mhír 2, is ar an mBallstát lena mbaineann amháin a bheidh an fhreagracht as iarmhairtí ▌cosanta náisiúnta ▌ den sórt sin.

4.   Is ar an leibhéal náisiúnta amháin a bheidh éifeachtaí ag na bearta arna ndéanamh ag na Ballstáit faoi mhír 1, agus ní bheidh aon éifeacht acu ar an trádáil laistigh den Aontas ná ar an trádáil idirnáisiúnta.

5.  Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 aon fhógra a dhéanfaidh an Biúró Idirnáisiúnta faoi Chonradh Liospóin a tharchur chuig an gCoimisiún, agus déanfaidh an Coimisiún an fógra a tharchur ansin chuig na Ballstáit eile go léir.

6.  Dearbhóidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo don Bhiúró Idirnáisiúnta nach féidir leo cosaint sonrúcháin tionscnaimh a áirithiú do tháirge, a thagann faoi raon feidhme ceann amháin de na Rialacháin dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, arna chlárú agus arna fhógairt faoi Chonradh Liospóin ón dáta ar a ndéanfar páirtí conarthach in Acht na Ginéive den Aontas.

Airteagal 13

Táillí

Is ar an mBallstát ar dá thionscnamh an tásc geografach a bheidh sé na táillí atá le híoc faoi Airteagal 7 d'Acht na Ginéive a íoc, mar a shonraítear sna Comhrialacháin, nó ar dhuine nádúrtha nó eintiteas dlítheanach amhail dá dtagraítear i bpointe (ii) d'Airteagal 5(2) d'Acht na Ginéive nó ar thairbhí mar a shainmhínítear é i bpointe (xvii) d'Airteagal 1 d'Acht na Ginéive. Féadfaidh Ballstáit a cheangal ar an duine nádúrtha sin, ar an eintiteas dlítheanach nó ar thairbhí na táillí ar fad nó cuid díobh a íoc.

Airteagal 14

Ranníocaíocht speisialta airgeadais

I gcás ina ndíorthófar an t-ioncam ón Aontas Speisialta i gcomhréir le pointe (v) d'Airteagal 24(2)(v) ▌ d'Acht na Ginéive, féadfaidh an tAontas ranníocaíocht speisialta airgeadais a dhéanamh ar feadh na n-acmhainní atá ar fáil chun na críche sin i mbuiséad bliantúil an Aontais.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.   Déanfaidh na coistí seo a leanas cúnamh a thabhairt don Choimisiún de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 i ndáil leis na táirgí seo a leanas:

(a)  i gcás táirgí ó earnáil an fhíona a thagann faoi raon feidhme Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, is é an Coiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 229 den Rialachán sin é;

(b)  i gcás táirgí fíona chumhraithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ▌is é an Coiste um Tháirgí Fíona Chumhraithe arna bhunú le hAirteagal 34 den Rialachán sin é;

(c)  i gcás deochanna biotáilleacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 110/2008 ▌ is é an Coiste um Dheochanna Biotáilleacha arna bhunú le hAirteagal 25 den Rialachán sin é;

(d)  i gcás táirgí talmhaíochta agus bia-earraí a thagann faoi raon feidhme na chéad fhomhíre d'Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 is é an Coiste um Beartas Cáilíochta Táirgí Talmhaíochta arna bhunú le hAirteagal 57 den Rialachán sin é;

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 16

Faireachán agus athbhreithniú

Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar rannpháirtíocht an Aontais in Acht na Ginéive agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh an measúnú sin bunaithe, inter alia, ar na gnéithe seo a leanas:

(a)  líon na dtásc geografach atá cosanta agus cláraithe faoi dhlí an Aontais a bhfuil iarratais ar chlárú idirnáisiúnta curtha isteach ina leith, agus cásanna inar dhiúltaigh tríú páirtithe conarthacha an chosaint;

(b)  an forfhás ar líon na dtríú tíortha atá rannpháirteach in Acht na Ginéive, an ghníomhaíocht atá déanta ag an gCoimisiún chun an líon sin a mhéadú, chomh maith le tionchar staid reatha acquis an Aontais maidir le tásca geografacha ar tharraingteacht Acht na Ginéive do thríú tíortha; agus

(c)  líon agus cineál na dtásc geografach ar de thionscnamh tríú tíortha iad agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna déanamh in/sa

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

______________

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais Eorpaigh a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta

Tugann an Coimisiún dá aire rún an 6 Deireadh Fómhair 2015 ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an bhféidearthacht atá ann cosaint thásca geografacha an Aontais a leathnú go gcumhdófar táirgí neamhthalmhaíochta.

Thionscain an Coimisiún staidéar i mí na Samhna 2018 chun tuilleadh fianaise eacnamaíoch agus fianaise dhlíthiúil a fháil maidir le tásca geografacha neamhthalmhaíochta laistigh den Mhargadh Aonair a chosaint, rud a bheadh ina chomhlánú ar staidéar a rinneadh in 2013, agus chun tuilleadh sonraí a fháil faoi shaincheisteanna amhail iomaíochas, iomaíocht neamhchothrom, góchumadh, dearcadh an tomhaltóra, costas/tairbhe chomh maith le sonraí faoi éifeachtúlacht na samhlacha um chosaint tásc Geografach neamhthalmhaíochta i bhfianaise phrionsabal na comhréireachta.

I gcomhréir le prionsabail na Rialála Níos Fearr agus leis na gealltanais a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, scrúdóidh an Coimisiún an staidéar chomh maith leis an tuarascáil ar rannpháirtíocht an Aontais in Acht na Ginéive dá dtagraítear san Airteagal maidir le faireachán agus athbhreithniú an Rialacháin i ndáil le gníomhaíocht an Aontais tar éis a aontachais le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha agus déanfaidh sé aon chéim eile is féidir a thabhairt a mheas.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9a(3) den Rialachán

Tugann an Coimisiún dá aire, cé gur riachtanas dlíthiúil é an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 9a(3) den Rialachán i bhfianaise inniúlacht eisiach an Aontais, gur féidir leis a lua i gcomhthéacs acquis an Aontais atá ann faoi láthair, mar sin féin, go mbeadh aon idirghabháil den sórt sin a dhéanfadh an Coimisiún eisceachtúil agus go mbeadh údar cuí léi. Le linn an chomhairliúcháin le Ballstát, déanfaidh an Coimisiún gach iarracht aon ábhar imní a réiteach in éineacht leis an mBallstát ionas nach n-eiseofar tuairim dhiúltach. Tugann an Coimisiún dá aire go gcuirfí aon tuairim dhiúltach in iúl i scríbhinn don Bhallstát lena mbaineann agus, de bhun Airteagal 296 CFAE, go sonrófaí inti na cúiseanna is bun léi. Thabharfadh an Coimisiún dá aire, ina theannta sin, nach gcuirfeadh tuairim dhiúltach bac ar iarratas eile a bhaineann leis an sonrúchán tionscnaimh céanna a chur isteach, dá mbeadh aghaidh tugtha go cuí ar na cúiseanna leis an tuairim dhiúltach dá éis sin nó mura mbaineann siad le hábhar a thuilleadh.

Dearbhú ón gCoimisiún maidir leis an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha Ráiteas ón gCoimisiún

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil inniúlacht eachtrach eisiach ag an Aontas maidir le tásca geografacha agus go bhfuil sé ag aontú d'Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin ina Pháirtí ann féin. Leanann sin ó rialú Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 25/10/2017 (cás C-389/15 – an Coimisiún vs. an Chomhairle). De bharr inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais, cuirtear cosc ar na Ballstáit a bheith ina bPáirtithe iontu féin d'Acht na Ginéive agus níor cheart dóibh feasta tásca geografacha atá nuachláraithe ag baill tríú tír de chóras Liospóin a chosaint iad féin. Bheadh an Coimisiún, agus aird aige ar a eisceachtúla atá na himthosca agus seacht mBallstát ina bPáirtithe de Chomhaontú Liospóin le fada anuas, agus go bhfuil mórchuid maoin intleachtúil cláraithe acu faoin gcomhaontú sin agus go bhfuil gá le haistriú mín réidh, bheadh an Coimisiún, ar bhonn eisceachtúil, réidh le teacht ar chomhaontú, sa chás áirithe seo, go bhféadfaí a thabhairt d'údarú do BG, CZ, SK, FR, HU, IT, PT aontú d'Acht na Ginéive ar mhaithe le leas an Aontais.

Is mór a chuireann an Coimisiún r i gcoinne an smaoinimh seo, smaoineamh a mbíonn béim ag an gComhairle air go fóill, gur féidir le gach Ballstát den Aontas ar mian leis é go n-údarófaí dó aontú d'Acht Ginéive nó é a dhaingniú i dteannta an Aontais, agus tabhairt chun rialtachta chearta vótála an Aontais i bhfianaise phointe (b)(ii) d'Airteagal 22(4) d'Acht na Ginéive a thabhairt mar chúis aige seachas na himthosca eisceachtúla thuasluaite.

Thairis sin, ba mhaith leis an gCoimisiún a thabhairt chun cuimhne, ós rud é gur fheidhmigh an tAontas a inniúlacht inmheánach maidir le tásca geografacha talmhaíochta, nach féidir le Ballstáit an Aontais a gcórais náisiúnta cosanta GI féin a bheith acu.

Dá bhrí sin, forchoimeádann an Coimisiún a chearta, lena n-áirítear an ceart chun leigheasanna dlí a úsáid i gcoinne an chinnidh ón gComhairle agus, in aon chás, measann sé nach bhféadfaidh an cás seo a bheith ina fhasach le haghaidh aon chomhaontú idirnáisiúnta/EDMI eile atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo, go hairithe ach ní hamháin i gcás ina ndearna an tAontas comhaontuithe idirnáisiúnta a dhaingniú é féin ar bhonn na hinniúlachta eisí atá aige.

(1)* NÍL BAILCHRÍOCH DHLÍTHEANGEOLAÍOCH DÉANTA AR AN TÉACS GO FÓILL.
(2)IO C 110, 22.3.2019,  lch. 55.
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(4)http://www.wipo.int/edocs/lexdocs/treaties/en/lisbon/trt_lisbon_009en.pdf.
(5)IO L […], […], lch. […].
(6)http://www.wipo.int/export/sites/www/lisbon/en/legal_texts/lisbon_agreement.pdf.
(7)Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).
(8)Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia‑earraí (IO L 343, 14.12.2012, lch. 1).
(9)Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 922/72 ón gComhairle, Rialachán (CEE) Uimh. 234/79 ón gComhairle, Rialachán Uimh. 1037/2001 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).
(10)Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lch. 14).
(11)Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(12)Comhrialacháin faoi Chomhaontú Liospóin agus Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin arna nglacadh ag Tionól Aontas Liospóin an 11 Deireadh Fómhair 2017, http://www.wipo.int/meetings/en/doc_details.jsp?doc_id=376416, Doic. ENMI A/57/11 an 11 Deireadh Fómhair 2017.
(13)Cinneadh ón gComhairle (AE) .…/….maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha (IO L …, …, lch. …).
(14)+IO: Cuir isteach, le do thoil, sa téacs uimhir an Chinnidh atá i ndoiciméad ST 6929/19 agus cuir isteach uimhir, dáta agus tagairt IO an Chinnidh sin san fhonóta.
(15)Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh (IO L 154, 16.07.2017, lch. 1).
(16)Treoir (AE) 2015/2436 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2015 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trádmharcanna (IO L 336, 23.12.2015, lch. 1).
(17)+IO: Cuir isteach le do thoil sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 6929/19.
(18)+IO: Cuir isteach le do thoil sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 6929/19.

An nuashonrú is déanaí: 17 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil