Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2017/0355(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0355/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0355/2018

Díospóireachtaí :

PV 16/04/2019 - 5
CRE 16/04/2019 - 5

Vótaí :

PV 15/11/2018 - 5.4
CRE 15/11/2018 - 5.4
PV 16/04/2019 - 8.21
CRE 16/04/2019 - 8.21
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2019)0379

Téacsanna atá glactha
PDF 376kWORD 86k
Dé Máirt, 16 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach ***I
P8_TA-PROV(2019)0379A8-0355/2018
Rún
 Téacs comhdhlúite

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (COM(2017)0797 – C8-0006/2018 – 2017/0355(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle COM(2017)0797,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 153(1)(b) agus (2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0006/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Bealtaine 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2018(2),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 18 Feabhra 2019 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ó Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0355/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 283, 10.8.2018, lch. 39.
(2) IO C 387, 25.10.2018, lch. 53.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 16 Aibreán 2019 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach
P8_TC1-COD(2017)0355

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointe (b) d’Airteagal 153(2), i gcomhar le pointe (b) d'Airteagal 153(1), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún(2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Foráiltear in Airteagal 31 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre lena n-urramaítear a shláinte nó a sláinte, a shábháilteacht nó a sábháilteacht agus a dhínit nó a dínit, chun go mbeidh teorainn leis an líon uasta uaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse shaoire le pá in aghaidh na bliana.

(2)  Foráiltear le Prionsabal Uimh. 5 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, a fógraíodh an 17 Samhain 2017 in Göteborg, gan beann ar an gcineál caidrimh fostaíochta atá ag oibrithe ná ar ré an chaidrimh sin, go bhfuil an ceart acu cóir chothrom agus chomhionann a fháil i dtaca le dálaí oibre, le rochtain ar chosaint shóisialta agus le hoiliúint, agus go gcothófar athrú de réir a chéile i dtreo cineálacha fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leo; go n-áiritheofar i gcomhréir leis an reachtaíocht agus le comhaontuithe cómhargála an tsolúbthacht is gá d’fhostóirí chun dul in oiriúint go tapa d’athruithe sa chomhthéacs eacnamaíoch; go gcothófar cineálacha nuálacha oibre lena n-áirithítear dálaí oibre ardcháilíochta, go spreagfar an fhiontraíocht agus an fhéinfhostaíocht, agus go n-éascófar an tsoghluaisteacht ghairme; agus go gcuirfear cosc ar chaidrimh fostaíochta as a dtagann dálaí oibre forbhásacha, lena n-áirítear trí chosc a chur ar mhí-úsáid conarthaí neamhthipiciúla, agus gur cheart fad réasúnach a bheith in aon tréimhse phromhaidh.

(3)  Foráiltear le Prionsabal Uimh. 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go bhfuil ag oibrithe an ceart chun faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta atá acu agus na hoibleagáidí atá orthu mar thoradh ar an gcaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear aon tréimhse phromhaidh; go bhfuil siad i dteideal, roimh aon dífhostú, faisnéis a fháil faoi na cúiseanna leis an dífhostú agus tréimhse réasúnach fógra a fháil, agus go bhfuil an ceart acu rochtain a fháil ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach agus neamhchlaonta agus, i gcás dífhostú gan údar maith, go bhfuil an ceart chun sásaimh acu, lena n-áirítear cúiteamh leormhaith.

(4)  Ón tráth a glacadh Treoir 91/533/CEE ón gComhairle(4), tháinig athruithe forleathana ar na margaí saothair mar gheall ar fhorbairtí déimeagrafacha agus ar an digitiú, as ar tháinig cineálacha fostaíochta nua, lenar feabhsaíodh le nuálaíocht, cruthú post agus fás sa mhargadh saothair. Is féidir le roinnt cineálacha nua fostaíochta a bheith an-éagsúil, ó thaobh a intuartha a bhíonn siad, le caidrimh fostaíochta traidisiúnta ▌, rud is cúis le héiginnteacht maidir leis na cearta is infheidhme agus le cosaint shóisialta do na hoibrithe lena mbaineann. De bhrí go bhfuil an saol oibre ag síorathrú, tá gá níos mó le hoibrithe a chur go hiomlán ar an eolas maidir lena ndálaí bunúsacha oibre, agus ba cheart é sin a dhéanamh go tráthúil agus i scríbhinn agus i bhfoirm is féidir le hoibrithe a rochtain go héasca. D’fhonn forbairt na gcineálacha fostaíochta nua a dhíriú go leormhaith, ba cheart roinnt ceart íosta nua a thabhairt d’oibrithe san Aontas arb é is aidhm do na cearta íosta sin a bhfuil sé mar aidhm acu seasmhacht agus intuarthacht i gcaidrimh fostaíochta a chur chun cinn agus, ag an am céanna, cóineasú aníos a bhaint amach ar fud na mBallstát agus an inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a chaomhnú.

(5)  De bhun Threoir 91/533/CEE, tá an ceart ag formhór na n-oibrithe san Aontas faisnéis a fháil i scríbhinn maidir lena ndálaí oibre. Ní bheidh feidhm ag na hoibrithe go léir san Aontas le Treoir 91/533/CEE áfach. Thairis sin, tá bearnaí sa chosaint i ndáil le cineálacha fostaíochta nua a tháinig as forbairtí sa mhargadh saothair ó bhí 1991 ann.

(6)  Ba cheart, dá bhrí sin, ceanglais íosta i ndáil le faisnéis maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta agus a bhaineann le dálaí oibre is infheidhme maidir le gach oibrí a bhunú ar leibhéal an Aontais chun leibhéal leormhaith trédhearcachta agus intuarthachta a ráthú do na hoibrithe go léir san Aontas i dtaca lena ndálaí oibre, agus solúbthacht réasúnach á coinneáil ag an am céanna maidir le fostaíocht neamhchaighdeánach agus, dá bhrí sin, na tairbhí d’oibrithe agus d’fhostóirí a ghabhann léi a chaomhnú.

(7)  Rinne an Coimisiún comhairliúchán dhá chéim leis na comhpháirtithe sóisialta, i gcomhréir le hAirteagal 154 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh , maidir le raon feidhme agus éifeachtacht Threoir 91/533/CEE a fheabhsú agus maidir lena cuspóirí a leathnú chun cearta nua d’oibrithe a bhunú ▌. Níor tháinig as seo comhaontú go rachadh na comhpháirtithe sóisialta i mbun caibidlíochta i dtaca leis na hábhair sin. I bhfianaise na dtorthaí a bhí ar na comhairliúcháin phoiblí oscailte a rinneadh chun tuairimí na saoránach agus na bpáirtithe leasmhara éagsúla a fháil, áfach, tá sé tábhachtach gníomhaíocht a dhéanamh ar ▌ leibhéal an Aontais sa réimse seo tríd an gcreat dlíthiúil atá ann cheana a nuachóiriú agus a oiriúnú d’fhorbairtí nua.

(8)  ▌Ina cásdlí, tá critéir bunaithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) chun stádas oibrí a chinneadh(5) ▌. Ba cheart léirmhíniú na Cúirte Breithiúnais ar na critéir sin a chur san áireamh i gcur chun feidhme na Treorach seo. Ar choinníoll go gcomhlíonann siad na critéir sin, d’fhéadfadh oibrithe tí, oibrithe ar éileamh, oibrithe eadrannacha, oibrithe dearbhánbhunaithe, oibrithe ardáin, oiliúnaithe agus printísigh teacht faoi raon feidhme na Treorach seo. Daoine ar fíor go bhfuil siad féinfhostaithe, níor cheart go dtiocfaidís faoi chuimisú raon feidhme na Treorach seo ós rud é nach gcomhlíonann siad na critéir sin. Is cineál oibre a dhearbhaítear go bréagach í drochúsáid stádas daoine féinfhostaithe, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta í, ar an leibhéal náisiúnta nó i gcásanna trasteorann, agus is minic a bhíonn baint ag obair neamhdhearbhaithe léi. Tarlaíonn féinfhostaíocht bhréagach nuair a dhearbhaítear go bhfuil duine féinfhostaithe, fad a chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha is saintréithe de chaidreamh fostaíochta, chun oibleagáidí dlíthiúla nó fioscacha áirithe a sheachaint. Ba cheart go dtiocfadh na daoine sin faoi chuimsiú raon feidhme na Treorach seo. Ba cheart gur leis na fíorais a bhaineann leis an obair iarbhír a dhéantar a threorófaí an cinneadh an ann do chaidreamh fostaíochta agus ní bunaithe ar an tuairisc a dheanann na páirtithe ar an gcaidreamh.

(9)  Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann foráil a dhéanamh, i gcás ina mbeadh údar leis ar fhorais oibiachtúla, nach mbeidh feidhm ag forálacha áirithe den Treoir seo maidir le catagóirí áirithe státseirbhíseach, seirbhísí éigeandála poiblí, fórsaí armtha, údaráis phóilíneachta, breithiúna, ionchúisitheoirí, imscrúdaitheoirí nó seirbhísí eile forfheidhmithe an dlí, i bhfianaise chineál sonrach na ndualgas atá le déanamh acu nó i bhfianaise chineál sonrach a ndálaí fostaíochta.

(10)  Maidir leis na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo maidir leis na nithe seo a leanas, níor cheart feidhm a bheith acu maidir le maraithe ná iascairí mara i bhfianaise sainiúlachta a ndálaí fostaíochta: fostaíocht chomhuaineach, i gcás nach bhfuil siad comhoiriúnach leis an obair a dhéantar ar bord long nó soithí iascaireachta, intuarthacht íosta oibre, oibrithe a sheoltar go Ballstát eile nó go tríú tír, aistriú go dtí cineál eile fostaíochta agus an ceanglas i ndáil le faisnéis a sholáthar faoi cad iad na hinstitiúidí slándála sóisialta a fhaigheann na ranníocaíochtaí sóisialta. Chun críocha na Treorach seo, ba cheart a mheas, maidir le maraithe agus iascairí mara mar a shainmhínítear iad, faoi seach, i dTreoracha 2009/13/CE(6) agus 2017/159/AE(7) ón gComhairle, go n-oibríonn siad san Aontas nuair a bhíonn siad ag obair ar bord long nó soithí iascaireachta, faoi seach, atá cláraithe i mBallstát nó a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain acu.

(11)  I bhfianaise líon méadaitheach na n-oibrithe a eisiatar ó raon feidhme Threoir 91/533/CEE ar bhonn eisiaimh arna ndéanamh ag na Ballstáit faoi Airteagal 1 den Treoir sin, is gá deis a thabhairt do na Ballstáit, in ionad na n-eisiamh sin, gan forálacha na Treorach seo a chur i bhfeidhm maidir le caidreamh fostaíochta ina bhfuil am oibre réamhshocraithe agus am iarbhír arna oibriú atá comhionann le trí uair an chloig ar an meán, nó níos lú, in aghaidh na seachtaine le linn tréimhse thagartha de cheithre seachtaine i ndiaidh a chéile. Ba cheart a áireamh i ríomh na n-uaireanta sin an t-am iarbhír ar fad a chaitear ag obair d’fhostóir, amhail ragobair nó obair sa bhreis ar an obair sin a ráthaítear nó a mbíonn súil léi i gconradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta. Ón nóiméad a thrasnaíonn oibrí an tairseach sin, beidh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir leis nó léi, as sin ar aghaidh, gan beann ar na huaireanta iarbhír a d'oibrigh an t-oibrí ina dhiaidh sin ná ar na huaireanta fostaíochta a shonraítear sa chonradh.

(12)   Is leochaileach go mór iad na hoibrithe nach bhfuil aon am oibre ráthaithe acu, lena n-áirítear iad sin atá ar chonarthaí uaireanta nialasacha agus roinnt conarthaí ar éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh feidhm ag forálacha na Treorach seo maidir leo, gan beann ar líon na n-uaireanta a oibríonn siad go hiarbhír.

(13)  Féadfaidh roinnt daoine nádúrtha nó dlítheanacha éagsúla nó eintitis eile feidhmeanna agus freagrachtaí an fhostóra a ghlacadh chucu féin i gcleachtas. Ba cheart go leanfadh na Ballstáit de bheith saor chun cinneadh níos beaichte a dhéanamh maidir leis na daoine a mheastar go bhfuil siad freagrach go hiomlán nó i bpáirt as forghníomhú na n-oibleagáidí a leagtar síos leis an Treoir seo maidir le fostóirí, fad a chomhlíontar na hoibleagáidí sin go léir. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a chinneadh freisin go bhfuil na hoibleagáidí sin go léir nó cuid díobh le sannadh do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí é sa chonradh fostaíochta nó sa chaidreamh fostaíochta. ▌

(14)  Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rialacha sonracha a bhunú chun daoine aonair atá ag gníomhú mar fhostóirí d’oibrithe tí sa teaghlach a eisiamh ó na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo, maidir leis na nithe seo a leanas: chun iarrataí ar chineálacha éagsúla fostaíochta a mheas agus freagra a thabhairt orthu, chun oiliúint éigeantach saor ó chostas a chur ar fáil, agus chun sásraí sásaimh a sholáthar atá bunaithe ar thoimhdí fabhracha i gcás ina bhfuil faisnéis ar iarraidh sa doiciméadacht atá le soláthar ag an oibrí faoin Treoir seo.

(15)  Le Treoir 91/533/CEE, tugadh isteach liosta ▌de ghnéithe bunúsacha den chonradh fostaíochta nó den chaidreamh fostaíochta nach mór oibrithe a chur ar an eolas i scríbhinn ina leith. Is gá an liosta sin, ar féidir leis na Ballstáit é a mhéadú, a oiriúnú chun forbairtí sa mhargadh saothair a chur san áireamh, go háirithe an borradh atá ag teacht faoi chineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta.

(16)  I gcás nach bhfuil aon ionad oibre seasta nó aon phríomhionad oibre ag oibrí, ba cheart go bhfaigheadh sé nó sí faisnéis faoi shocruithe, más ann dóibh, chun taisteal idir na hionaid oibre.

(17)  Ba cheart go bhféadfadh an fhaisnéis faoin teidlíocht oiliúna arna soláthar ag an bhfostóir a bheith i bhfoirm faisnéis ina n-áirítear an líon laethanta oiliúna, más ann dóibh, in aghaidh na bliana, a bhfuil an t-oibrí ina dteideal agus faisnéis faoi bheartas oiliúna ginearálta an fhostóra.

(18)  Maidir leis an bhfaisnéis faoin nós imeachta atá le leanúint ag an bhfostóir agus ag an oibrí más rud é go ndéantar a gcaidreamh fostaíochta a fhoirceannadh, ba cheart a bheith in ann a áireamh inti sprioc-am chun caingean a thionscnamh chun cur i gcoinne dífhostú.

(19)  Ba cheart faisnéis maidir le ham oibre a bheith comhsheasmhach le Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), agus ba cheart faisnéis maidir le sosanna, tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla agus an méid saoire le pá a bheith inti lena n-áirithítear, dá réir sin, go gcosnaítear sábháilteacht agus sláinte oibrithe.

(20)  Maidir leis an bhfaisnéis i dtaobh luach saothair atá le soláthar, ba cheart go n-áireofaí inti gach gné den luach saothair lena n-áirítear, más infheidhme, ranníocaíochtaí in airgead tirim nó mar íocaíocht chomhchineáil, íocaíochtaí ragoibre, bónais agus teidlíochtaí eile, a fhaigheann an t-oibrí go díreach nó go hindíreach i dtaca lena chuid nó lena cuid oibre. Ba cheart go mbeadh soláthar faisnéise den chineál sin gan dochar don tsaoirse atá ag fostóirí foráil a dhéanamh do ghnéithe luacha saothair breise amhail íocaíochtaí aon uaire. Fiú mura ndéantar na gnéithe den luach saothair atá dlite de réir an dlí nó comhaontú cómhargála a chur san fhaisnéis, níor cheart gur cúis é sin gan iad a sholáthar don oibrí.

(21)  Murar féidir sceideal oibre seasta a chur in iúl mar gheall ar chineál na fostaíochta, amhail i gcás conradh ar éileamh, ba cheart d’fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoin gcaoi a mbunaítear a gcuid ama oibre, lena n-áirítear na sliotáin ama ina bhféadfaidís glao chun oibre a fháil agus an tréimhse íosta réamhfhógra ba cheart dóibh a fhaightear roimh thús sannacháin oibre.

(22)  Ba cheart a bheith san fhaisnéis faoi chórais slándála sóisialta faisnéis faoi chéannacht na n-institiúidí slándála sóisialta a fhaigheann na ranníocaíochtaí slándála sóisialta agus faisnéis, i gcás inarb ábhartha, maidir le sochair bhreoiteachta, mháithreachais ▌, atharthachta agus thuismitheora, maidir le sochair maidir le tionóiscí ag an obair agus le galair cheirde, agus faisnéis maidir le sochair sheanaoise, easláine, mharthanóra, dhífhostaíochta, luathscoir agus linbh. Níor cheart a chur de cheangal ar fhostóirí an fhaisnéis sin a sholáthar i gcás inarb é an t-oibrí a roghnaíonn an institiúidí slándála sóisialta. Ba cheart go n-áireofaí san fhaisnéis faoin gcosaint slándála sóisialta a chuirfidh an fostóir ar fáil, i gcás inarb ábhartha, an fíoras go dtugtar cumhdach trí bhíthin scéimeanna pinsin fhorlíontaigh de réir bhrí Threoir 98/49/CE ón gComhairle(9) agus Threoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10).

(23)  Ba cheart an ceart a bheith ag oibrithe faisnéis a fháil i scríbhinn ag tús na fostaíochta faoi na cearta agus na hoibleagáidí a thagann as an gcaidreamh fostaíochta. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh an fhaisnéis bhunúsach acu a luaithe is féidir agus laistigh de sheachtain féilire óna gcéad lá oibre ar a dhéanaí. Ba cheart go mbeadh an chuid eile den fhaisnéis acu laistigh de mhí amháin ón gcéad lá oibre. Ba cheart an chéad lá oibre a thuiscint mar thús iarbhír na hoibre a dhéanann an t-oibrí sa chaidreamh fostaíochta. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit go soláthródh fostóirí an fhaisnéis ábhartha faoin gcaidreamh fostaíochta roimh dheireadh ré an chonartha a comhaontaíodh ar dtús.

(24)  I bhfianaise na húsáide mhéadaithigh a bhaintear as uirlisí cumarsáide digití, d’fhéadfaí an fhaisnéis atá le soláthar i scríbhinn faoin Treoir seo a thabhairt trí mhodhanna leictreonacha.

(25)  Chun cuidiú le fostóirí faisnéis a chur ar fáil go tráthúil, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann teimpléid a sholáthar ar an leibhéal náisiúnta lena n-áirítear faisnéis atá ábhartha agus cuimsitheach go leor maidir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme. D’fhéadfadh na húdaráis náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta na teimpléid sin a fhorbairt ar an leibhéal earnálach nó ar an leibhéal áitiúil. Tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun teimpléid agus samhlacha a fhorbairt agus a chur ar fáil go forleathan, de réir mar is iomchuí.

(26)  Ba cheart go bhfaigheadh oibrithe ▌a chuirtear thar lear faisnéis bhreise a bhaineann go sonrach lena gcás. I gcás sannacháin oibre arna sannadh i ndiaidh a chéile i roinnt Ballstát nó tríú tíortha, ba cheart go bhféadfaí an fhaisnéis le haghaidh roinnt sannachán a thiomsú roimh an gcéad imeacht agus í a leasú ina dhiaidh sin dá dtiocfadh athruithe uirthi. I gcás ina gcáileoidh oibrithe mar oibrithe ar postú faoi Threoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), ba cheart fógra a thabhairt dóibh freisin maidir leis an suíomh gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair arna fhorbairt ag an mBallstát óstach, áit a bhfaighidh siad an fhaisnéis ábhartha maidir leis na dálaí oibre a bhaineann lena gcás. Mura bhforálann na Ballstáit dá mhalairt, beidh feidhm ag na hoibleagáidí sin má bhíonn ré na tréimhse oibre thar lear níos faide ná ceithre seachtaine as a chéile.

(27)  A bhuí le tréimhsí promhaidh, is féidir leis na páirtithe sa chaidreamh fostaíochta a fhíorú an bhfuil na hoibrithe agus na poist dar ceapadh iad comhoiriúnach agus, san am céanna, an tacaíocht bhainteach a thabhairt do na hoibrithe. Níor cheart tréimhse fhada neamhdheimhneachta a bheith ag gabháil le haon iontráil ar an margadh saothair nó le haistriú go post nua. Ba cheart, mar a bhunaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur ré réasúnach a bheadh sna tréimhsí promhaidh.

(28)   Tá uasré tréimhse promhaidh ginearálta idir trí mhí agus sé mhí bunaithe ag líon mór Ballstát, ar cheart a mheas go bhfuil sé sin réasúnach. Ar bhonn eisceachtúil, ba cheart go bhféadfadh tréimhsí promhaidh a bheith níos faide ná sé mhí i gcás ina bhfuil údar leis sin de bharr chineál na fostaíochta, amhail i gcás poist bhainistíochta nó feidhmiúcháin nó poist sa tseirbhís phoiblí, i gcás ina dtéann an méid sin chun leasanna an oibrí, amhail i ▌gcomhthéacs bearta sonracha chun fostaíocht bhuan a chur chun cinn, go háirithe d’oibrithe óga. Ba cheart go bhféadfaí freisin síneadh a chur le tréimhsí promhaidh dá réir sin, i gcásanna ina raibh an t-oibrí as láthair ón obair le linn na tréimhse promhaidh, i ngeall ar bhreoiteacht nó saoire mar shampla, chun a chumasú don fhostóir oiriúnacht an fhostaí don chúram i dtrácht a mheasúnú. I gcás caidrimh fostaíochta ar théarma seasta is lú ná 12 mhí, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil fad na tréimhse promhaidh leormhaith agus go bhfuil sí comhréireach le ré mheasta an chonartha agus leis an gcineál oibre. I gcás ina bhforáiltear amhlaidh sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta, ba cheart d’oibrithe cearta fostaíochta a fhabhrú le linn an tréimhse phromhaidh.

(29)  Níor cheart d’fhostóirí toirmeasc a chur ar oibrí glacadh le post le fostóirí eile, lasmuigh den chlár oibre a chuirtear ar bun leis an bhfostóir, ná níor cheart dóibh caitheamh go díobhálach leis nó léi má dhéanann sé nó sí amhlaidh. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit coinníollacha a leagan síos maidir le húsáid srianta neamh-chomhoiriúnachta, atá le tuiscint mar shrianta ar oibriú d’fhostóirí eile ▌ar chúiseanna oibiachtúla, amhail sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint, lena n-áirítear teorainneacha le ham oibre, rúndacht gnó a chosaint, ionracas na seirbhíse poiblí, nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

(30)  Maidir le hoibrithe a bhfuil a bpatrún oibre neamh-intuartha ina iomláine nó den chuid is mó, ba cheart go mbainfidís tairbhe as leibhéal íosta intuarthachta ▌ i gcás inarb é an fostóir is mó a chinneann an sceideal oibre, bíodh sin go díreach, amhail trí shannacháin oibre a leithdháileadh mar shampla, nó go hindíreach, amhail trí cheangal a chur ar an oibrí iarrataí ó chliaint a fhreagairt mar shampla.

(31)  Ba cheart uaireanta agus laethanta tagartha, a thuigfear mar shliotáin ama inar féidir obair a dhéanamh arna iarraidh sin don fhostóir, a bhunú i scríbhinn ag tús an chaidrimh fostaíochta.

(32)  Tá tréimhse fógra íosta réasúnach, a thuigfear mar an tréimhse ama idir an tráth a chuirtear oibrí ar an eolas faoi shannachán nua oibre agus an tráth a thosaíonn an sannachán, ina ghné riachtanach eile d’intuarthacht oibre do chaidrimh fostaíochta a bhfuil patrúin oibre atá neamh-intuartha ina n-iomláine nó den chuid is mó ag baint leo. Féadfaidh fad na tréimhse réamhfhógra a athrú de réir riachtanais na hearnála lena mbaineann, agus cosaint leormhaith d’oibrithe á háirithiú ag an am céanna. Beidh feidhm ag an tréimhse fógra íosta gan dochar do Threoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).

(33)  Ba cheart go bhféadfadh oibrithe sannachán oibre a dhiúltú mura bhfuil sé faoi réir na n-uaireanta agus na laethanta tagartha nó murar tugadh fógra don oibrí maidir leis an sannachán oibre i gcomhréir leis an tréimhse fógra íosta gan iarmhairtí díobhálacha a fhulaingt mar gheall ar an diúltú sin. Ba cheart freisin an deis a bheith ag oibrithe glacadh leis an obair a shanntar más mian leo déanamh amhlaidh.

(34)  I gcás oibrí a bhfuil a phatrún oibre nó a patrún oibre neamh-intuartha ina iomláine nó den chuid is mó agus a bhfuil sé comhaontaithe aige nó aici lena fhostóir nó lena fostóir sannachán sonrach oibre a dhéanamh, ba cheart go bhféadfadh sé nó sí pleanáil dá réir. Ba cheart an t-oibrí a chosaint ar chaillteanais ioncaim mar gheall ar an sannachán oibre a bheith curtha ar ceal go déanach, trí bhíthin cúiteamh leormhaith.

(35)  Maidir le conarthaí ar éileamh nó le conarthaí comhchosúla, lena n-áirítear conarthaí uaireanta nialasacha faoina bhfuil an tsolúbthacht ag an bhfostóir a iarraidh ar an oibrí oibriú de réir mar is gá agus nuair is gá, tá neamh-intuarthacht ar leith ag baint leo don oibrí. Ba cheart do na Ballstáit a cheadaíonn na conarthaí sin a áirithiú gur ann do bhearta éifeachtacha ionas nach mbainfear drochúsáid astu. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith i bhfoirm teorannuithe ar úsáid agus ré na gconarthaí sin, i bhfoirm toimhde infhrisnéise gur ann do chonradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta lena ngabhann líon ráthaithe uaireanta íoctha bunaithe ar na huaireanta a oibríodh i dtréimhse thagartha roimhe sin, nó i bhfoirm bearta coibhéiseacha eile lena n-áirithítear go ndéantar cleachtais drochúsáide a chosc go héifeachtach.

(36)  I gcás ina bhfuil deis ag fostóirí conarthaí fostaíochta lánaimseartha nó conarthaí nach bhfuil dáta deiridh luaite leo a thairiscint d’oibrithe i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha, ba cheart aistriú chuig cineálacha fostaíochta atá níos seasmhaí a chur chun cinn i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Ba cheart d'oibrithe a bheith in ann cineál fostaíochta níos intuartha agus níos buaine a iarraidh, i gcás ina bhfuil fáil air sin, agus freagra réasúnaithe a fháil i scríbhinn ón bhfostóir a chuireann idir riachtanais an fhostóra agus riachtanais an oibrí san áireamh. Ba cheart go mbeadh an deis ag na Ballstáit minicíocht na n-iarrataí sin a theorannú. Níor cheart go ndéanfadh an Treoir seo cosc a chur ar na Ballstáit a shuí, i gcás poist sa tseirbhís phoiblí a fhaightear trí bhíthin scrúdú iomaíoch, nach measfar go bhfuil na poist sin ar fáil arna iarraidh sin go simplí ag an oibrí agus, dá bhrí sin, nach dtagann siad faoi raon feidhme an chirt chun cineál fostaíochta lena ngabhann dálaí oibre atá níos intuartha agus níos sláine a iarraidh.

(37)  I gcás ina gceanglaítear ar fhostóirí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontuithe cómhargála oiliúint a chur ar fáil dá n-oibrithe chun an obair dá bhfuil siad fostaithe a dhéanamh, tá sé tábhachtach an oiliúint sin a chur ar fáil ar bhonn cothrom do na hoibrithe go léir, lena n-áirítear dóibh siúd i gcineálacha fostaíochta neamhchaighdeánacha. Níor cheart na costais ar oiliúint den sórt sin a ghearradh ar an oibrí, níor cheart na costais a choinneáil siar ó luach saothair an oibrí nó iad a bhaint de. Ba cheart oiliúint den sórt sin a áireamh mar am oibre agus, i gcás inar féidir, ba cheart í a dhéanamh le linn uaireanta oibre. Ní chumhdaítear leis an oibleagáid sin gairmoiliúint ná oiliúint atá riachtanach d’oibrithe chun cáilíocht ghairmiúil a fháil, a choinneáil nó a athnuachan, chomh fada agus nach gceanglaítear ar an bhfostóir faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta nó faoi chomhaontú cómhargála oiliúint den sórt sin a sholáthar don oibrí. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh chun oibrithe a chosaint ar chleachtais drochúsáide maidir le hoiliúint.

(38)  Ba cheart neamhspleáchas na gcomhpháirtithe sóisialta agus a gcáil mar ionadaithe ar oibrithe agus ar fhostóirí a urramú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na comhpháirtithe sóisialta a mheas go mbeidh forálacha atá difriúil ó na caighdeáin íosta áirithe a leagtar amach sa ▌Treoir seo níos iomchuí in earnálacha nó i gcásanna sonracha, chun cuspóir na Treorach seo a shaothrú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a cheadú do na comhpháirtithe sóisialta comhaontuithe cómhargála atá éagsúil le forálacha áirithe sa Treoir seo a choinneáil, a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme, ar choinníoll nach ndéantar leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe a ísliú.

(39)  Léiríodh leis an gcomhairliúchán poiblí ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta gur gá forfheidhmiú an dlí saothair san Aontas a neartú chun a éifeachtacht a áirithiú. Leis an meastóireacht ar Threoir 91/533/CEE, arna déanamh faoi Chlár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála an Choimisiúin, deimhníodh go bhféadfaí éifeachtacht dhlí saothair an Aontais a fheabhsú le sásraí forfheidhmiúcháin neartaithe. Léiríodh sa chomhairliúchán nach bhfuil córais sásaimh atá bunaithe ar éilimh ar dhamáiste amháin chomh héifeachtach leis na córais lena bhforáiltear do phionóis chomh maith, amhail cnapshuimeanna nó cailleadh ceadanna, d’fhostóirí nach n-eisíonn dearbhuithe i scríbhinn. Léiríodh ann freisin gurb annamh a dhéanann oibrithe sásamh a lorg le linn an chaidrimh fostaíochta, rud a chuireann i mbaol an cuspóir maidir le ráiteas i scríbhinn a sholáthar, eadhon a áirithiú go gcuirtear oibrithe ar an eolas maidir le gnéithe bunúsacha an chaidrimh fostaíochta. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, forálacha maidir le forfheidhmiú a thabhairt isteach lena n-áirithítear go mbainfear úsáid as ▌ toimhdí fabhracha i gcás nach gcuirtear faisnéis ar fáil faoin gcaidreamh fostaíochta, nó go mbainfear úsáid as nós imeachta faoina bhféadtar ceangal a chur ar an bhfostóir an fhaisnéis atá ar iarraidh a chur ar fáil agus faoinar féidir leis a bheith faoi réir pionóis mura ndéanann an fostóir amhlaidh. I gcás ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha ar iarraidh, ba cheart gur féidir le toimhdí fabhracha den sórt sin an toimhde go bhfuil caidreamh fostaíochta nach bhfuil dáta deiridh luaite leis ag an oibrí, nach bhfuil aon tréimhse phromhaidh ann nó go bhfuil post lánaimseartha ag an oibrí a áireamh.D’fhéadfadh sásamh a bheith faoi réir nós imeachta lena ndéanann an t-oibrí nó tríú páirtí, amhail ionadaí oibrithe nó údarás nó comhlacht inniúil, a chur in iúl don fhostóir go bhfuil faisnéis ar iarraidh agus go bhfuil ▌faisnéis iomlán agus cheart le cur ar fáil ar bhealach tráthúil.

(40)  Tá lear mór forálacha forfheidhmiúcháin glactha don acquis sóisialta san Aontas ón uair a glacadh Treoir 91/533/CEE, go háirithe i réimse na córa comhionainne, ar cheart gnéithe de a chur i bhfeidhm maidir leis an Treoir seo chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag oibrithe ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach agus neamhchlaonta, amhail cúirt shibhialta nó cúirt saothair agus an ceart chun sásaimh acu, a bhféadfaí a áireamh ann cúiteamh leormhaith, de réir Phrionsabal Uimh. 7 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

(41)  Go sonrach, ag féachaint do chineál bunúsach an chirt cosaint dlí éifeachtach a fháil, ba cheart leanúint den chosaint sin a thabhairt d’oibrithe fiú agus deireadh tagtha leis an gcaidreamh fostaíochta as a dtagann sárú líomhnaithe ar chearta an oibrí faoin Treoir seo.

(42)  Ceanglaítear le cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo cosaint bhreithiúnach agus riaracháin leormhaith a chur ar fáil ar aon chóir dhíobhálach a dhéantar mar fhreagairt ar iarracht cearta a fheidhmiú dá bhforáiltear faoin Treoir seo, ar aon ghearán a dhéantar leis an bhfostóir nó ar aon imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin arb é is aidhm dóibh comhlíontacht leis an Treoir seo a fhorfheidhmiú.

(43)  Ba cheart cosaint a bheith ag oibrithe a fheidhmíonn a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo ar dhífhostú nó aimhleas coibhéiseach, amhail oibrí ar éileamh nach sanntar obair dó a thuilleadh, nó ar aon ullmhú maidir le dífhostú a d’fhéadfadh a bheith ann ar an bhforas go ndearna siad iarracht na cearta sin a fheidhmiú. Nuair a mheasann oibrithe gur dífhostaíodh iad nó gur fhulaing siad aimhleas coibhéiseach ar na forais sin, ba cheart go mbeadh oibrithe agus údaráis nó comhlachtaí inniúla in ann ceangal a chur ar an bhfostóir foras cuí-réasúnaithe don dífhostú nó don bheart coibhéiseach a sholáthar.

(44)  An dualgas dtaca le daingniú nár tharla dífhostú nó aimhleas coibhéiseach ar an bhforas gur fheidhmigh oibrithe a gcearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart gur ar an bhfostóir a thitfeadh sé má shuíonn oibrithe, os comhair cúirte nó údarás nó comhlacht inniúil eile, fíorais ónar féidir toimhde a dhéanamh go ndearnadh iad a dhífhostú nó go raibh siad faoi réir bearta a bhfuil éifeachtaí coibhéiseacha leo ar fhoras den sórt sin. Ba cheart go mbeadh sé indéanta ag na Ballstáit gan an riail sin a chur i bhfeidhm in imeachtaí ar faoi chúirt nó údarás nó comhlacht inniúil eile a bheadh sé na fíorais a imscrúdú, go háirithe i gcórais inar gá don údarás nó don chomhlacht sin dífhostú a fhormheas roimh ré.

(45)  Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí faoin Treoir seo. Is féidir a áireamh ar phionóis riaracháin agus airgeadais, amhail fíneálacha nó cúiteamh a íoc, mar aon le cineálacha eile pionóis.

(46)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht trédhearcacht agus intuartha a chur chun cinn agus inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú ag an am céanna, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr an ghá comhcheanglais íosta a bhunú, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(47)  Leis an Treoir seo, leagtar síos ceanglais íosta, sa chaoi nach ndéantar aon athrú ar shaincheart na mBallstát forálacha níos fabhraí a thabhairt isteach nó a choinneáil. Ba cheart go mbeadh feidhm fós ag cearta a fuarthas faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, mura rud é go dtugtar forálacha níos fabhraí isteach leis an Treoir seo. Ní féidir cur chun feidhme na Treorach seo a úsáid chun maolú ar na cearta atá ann cheana féin agus a leagtar amach i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta atá ann cheana sa réimse seo, ná ní fhéadfaidh sé a bheith mar fhoras bailí chun leibhéal ginearálta na cosanta a thugtar d’oibrithe sa réimse a chumhdaítear sa Treoir seo a laghdú. Go háirithe, níor cheart go mbeadh sé ina fhoras chun conarthaí uaireanta nialasacha nó cineálacha comhchosúla conarthaí fostaíochta a thabhairt isteach.

(48)  I gcur chun feidhme na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit staonadh ó shrianta riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar bhealach lena gcuirfí bac ar bhunú agus ar fhorbairt micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide. Dá bhrí sin, iarrtar ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag a ngníomh trasuite ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide chun a áirithiú nach ndéanfar difear díréireach dóibh, agus aird faoi leith a thabhairt ar mhicrifhiontair agus ar an ualach riaracháin, agus torthaí na measúnuithe sin a fhoilsiú.

(49)  Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta, i gcás ina n-iarrann na comhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach é sin a dhéanamh agus ar choinníoll go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú go bhféadfaidh siad na torthaí arna lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí. Ba cheart dóibh freisin, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta, bearta leormhaithe a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus chun an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn forálacha na Treorach seo a chur chun feidhme.

(50)  Ba cheart do na Ballstáit gach beart leormhaith a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí a thiocfaidh as an Treoir seo, mar shampla trí chigireachtaí a dhéanamh, de réir mar is iomchuí.

(51)  I bhfianaise na n-athruithe substaintiúla a thugtar isteach leis an Treoir seo maidir le cuspóir, raon feidhme agus ábhair Threoir 91/533/CEE, níl sé iomchuí Treoir 91/533/CEE a leasú. Ba cheart, dá bhrí sin, an Treoir sin a aisghairm.

(52)  I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin(13), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar leis na doiciméid sin a tharchur,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Cuspóir, ábhar agus raon feidhme

1.  Is é is cuspóir don Treoir seo dálaí oibre a fheabhsú trí fhostaíocht níos trédhearcaí agus níos intuartha a chur chun cinn agus, ag an am céanna, inoiriúnaitheacht sa mhargadh saothair a áirithiú.

2.  Leis an Treoir seo, leagtar síos na cearta íosta a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibrí san Aontas ag a bhfuil conradh fostaíochta nó caidreamh fostaíochta mar a shainmhínítear sa dlí, i gcomhaontuithe cómhargála nó sa chleachtas atá i bhfeidhm i ngach Ballstát, agus cásdlí Chúirt Bhreithiúnais á chur san áireamh.

3.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ag na hoibleagáidí sa Treoir seo maidir le hoibrithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu ina bhfuil am oibre réamhshocraithe agus am oibre iarbhír atá comhionann le, nó níos lú ná, trí uair an chloig ar an meán in aghaidh na seachtaine le linn tréimhse thagartha de cheithre seachtaine i ndiaidh a chéile. Agus an meán sin de thrí uair an chloig á ríomh, cuirfear san áireamh an t-am a chaitear ag obair le gach fostóir ar cuid den fhiontar, den ghrúpa nó den eintiteas céanna é nó a bhaineann leis an bhfiontar, leis an ngrúpa nó leis an eintiteas céanna.

4.  Ní bheidh mír 3 infheidhme maidir le caidreamh fostaíochta i gcás nach socraítear méid ráthaithe d’obair ar íocaíocht roimh ré sula gcuirfear tús leis an bhfostaíocht.

5.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cé hiad na daoine atá freagrach as na hoibleagáidí ar fhostóirí a leagtar síos leis an Treoir seo a fheidhmiú, ar choinníoll go gcomhlíonfar na hoibleagáidí sin ar fad. Féadfaidh siad a chinneadh freisin go sannfar na hoibleagáidí sin go léir, nó cuid díobh, do dhuine nádúrtha nó dlítheanach nach páirtí sa chaidreamh fostaíochta é.

Tá an mhír seo gan dochar do Threoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14).

6.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, ar fhorais oibiachtúla, nach mbeidh feidhm ag na forálacha a leagtar síos i gCaibidil III maidir le státseirbhísigh, seirbhísí éigeandála poiblí, na fórsaí armtha, údaráis phóilíneachta, breithiúna, ionchúisitheoirí, imscrúdaitheoirí nó seirbhísí eile forfheidhmithe an dlí.

7.  Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 12 agus 13 agus i bpointe (a) d’Airteagal 15(1) a chur i bhfeidhm maidir le daoine nádúrtha i dteaghlaigh atá ag gníomhú mar fhostóirí i gcás inar obair do na teaghlaigh sin a dhéantar.

8.  Beidh Caibidil II den Treoir seo infheidhme maidir le maraithe agus iascairí mara, gan dochar do Threoir 2009/13/CE ón gComhairle ná do Threoir (AE) 2017/159 ón gComhairle faoi seach. Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar amach i bpointí (m) agus (o) d’Airteagal 4(2) agus Airteagail 7, 9, 10 agus 12 infheidhme maidir le maraithe nó iascairí.

Airteagal 2

Sainmhínithe

▌ Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)  ciallaíonn ‘sceideal oibre’ an sceideal lena gcinntear na huaireanta agus na laethanta ar a gcuirfear tús agus deireadh le feidhmiú na hoibre;

(b)  ciallaíonn ‘uaireanta agus laethanta tagartha’ na sliotáin ama ar laethanta sonraithe ar féidir obair a dhéanamh lena linn má iarrann an fostóir amhlaidh;

(c)  ciallaíonn ‘patrún oibre’ an cineál eagair a bhíonn ar an am oibre agus dáileadh an ama sin de réir patrún áirithe a chinnfidh an fostóir.

Airteagal 3

Faisnéis a sholáthar

Déanfaidh an fostóir an fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt de bhun na Treorach seo a sholáthar i scríbhinn do gach oibrí. Déanfar an fhaisnéis a sholáthar agus a tharchur ar pháipéar nó, ar choinníoll go mbeidh an fhaisnéis inrochtana ag an oibrí, gur féidir ígcoinneoidh an fostóir cruthúnas ar tharchur nó ar ghlacadh, féadfar í a stóráil agus a phriontáil i bhfoirm leictreonach.

Caibidil II

Faisnéis faoin gcaidreamh fostaíochta

Airteagal 4

Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh sé de dhualgas ar fhostóirí oibrithe a chur ar an eolas faoi na gnéithe bunúsacha den chaidreamh fostaíochta.

2.  Áireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad:

(a)  céannachtaí na bpáirtithe sa chaidreamh fostaíochta;

(b)  an t-ionad oibre; i gcás nach bhfuil aon ionad seasta oibre nó príomhionad oibre ann, an prionsabal go bhfuil an t-oibrí fostaithe in ionaid éagsúla nó go bhfuil an tsaoirse ag an oibrí a ionad oibre féin nó a hionad oibre féin a chinneadh, mar aon le hoifig chláraithe nó, i gcás inarb iomchuí, áit chónaithe an fhostóra;

(c)  ceann amháin de na cinn seo a leanas:

(i)  teideal, grád, cineál nó catagóir na ▌hoibre ar lena haghaidh atá an t-oibrí fostaithe nó

(ii)  sonrúchán nó tuairisc ghairid ar an obair;

(d)  dáta tosaithe an chaidrimh fostaíochta;

(e)  i gcás caidreamh fostaíochta ar théarma seasta, dáta deiridh an chaidrimh fostaíochta sin nó an fad a mheastar a mhairfidh sé;

(f)  i gcás oibrithe sealadacha gníomhaireachta, céannacht na ngnóthas úsáideora, nuair is eol agus a luaithe is eol cé hiad.

(g)  fad agus coinníollacha na tréimhse promhaidh, más ann di;

(h)  an teidlíocht oiliúna a sholáthróidh an fostóir, más ann di;

(i)  an méid saoire íoctha a mbeidh an t-oibrí ina teideal nó, i gcás nach féidir é sin a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, na nósanna imeachta lena leithdháilfear agus lena gcinnfear an teidlíocht saoire sin;

(j)  an nós imeachta, lena n-áirítear na ceanglais fhoirmiúla agus fad na ▌dtréimhsí fógra atá le comhlíonadh ag an bhfostóir agus ag an oibrí dhéantar a gcaidreamh fostaíochta a fhoirceannadh nó, i gcás nach féidir fad na ▌dtréimhsí fógra a chur in iúl tráth a thugtar an fhaisnéis, an modh lena gcinnfear na tréimhsí fógra sin;

(k)  an luach saothair, lena n-áirítear an bunmhéid tosaigh, aon chomheilimintí eile, más infheidhme, arna sonrú ar leithligh, agus minicíocht agus modh íocaíochta an luacha saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal;

(l)  má tá an patrún oibre intuartha ina iomláine nó den chuid is mó, fad ghnáthlá oibre nó ghnáthsheachtain oibre an oibrí agus aon socruithe maidir le ragobair agus an luach saothair i leith na ragoibre sin agus, i gcás inarb infheidhme, aon socruithe maidir le hathruithe sceidil;

(m)  má tá an patrún oibre neamh-intuartha ina iomláine nó den chuid is mó, déanfaidh an fostóir an t-oibrí a chur ar an eolas maidir leis na nithe seo a leanas:

(i)  an prionsabal gur sceideal oibre athraitheach é, líon na n-uaireanta íoctha ráthaithe agus an luach saothair don obair a dhéantar sa bhreis ar na huaireanta ráthaithe sin;

(ii)  na huaireanta agus na laethanta tagartha ar lena linn a d’fhéadfaí a cheangal ar an oibrí obair a dhéanamh;

(iii)  an tréimhse fógra íosta a bhfuil an oibrí i dteideal ar roimh thús sannacháin oibre agus, i gcás inarb infheidhme, an spriocdháta maidir le cur ar ceal dá dtagraítear in Airteagal 10(3);

(n)  aon chomhaontuithe cómhargála lena rialófar dálaí oibre an oibrí , i gcás comhaontuithe cómhargála a thabharfaidh comhlachtaí nó institiúidí comhpháirteacha speisialta lasmuigh den ghnólacht i gcrích, ainm chomhlachtaí den sórt sin nó ainm institiúidí ar laistigh díobh a rinneadh na comhaontuithe;

(o)  i gcás inarb é freagracht an fhostóra é, céannacht na hinstitiúide slándála sóisialta nó na n-institiúidí slándála sóisialta dá dtugtar na ranníocaíochtaí sóisialta atá ag gabháil leis an gcaidreamh fostaíochta agus aon chosaint a bhaineann le slándáil shóisialta atá á cur ar fáil ag an bhfostóir.

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2(g) go (l) agus (o) a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe cómhargála lena rialaítear na pointí sin.

Airteagal 5

Uainiú agus modhanna faisnéise

1.  I gcás nár soláthraíodh í cheana féin, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a), (b), (c), (d), (e), (g), (k), (l) agus (m) d’Airteagal 4(2) a sholáthar don oibrí i bhfoirm doiciméad amháin nó níos mó agus ar bhonn aonair le linn na tréimhse a thosnaíonn ar an gcéad lá oibre agus a chríochnaíonn tráth nach déanaí ná an seachtú lá féilire, ar a dhéanaí. Déanfar an fhaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a sholáthar don oibrí ar bhonn aonair agus i bhfoirm doiciméid laistigh de mhí amháin ón gcéad lá oibre.

2.  Féadfaidh na Ballstáit teimpléid agus samhlacha a fhorbairt maidir leis na doiciméid dtagraítear i mír 1 agus iad a chur ar fáil don oibrí agus don fhostóir, lena n-áirítear trína gcur ar fáil ar shuíomh gréasáin náisiúnta oifigiúil aonair ar mhodhanna oiriúnacha eile.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla, nó na comhaontuithe cómhargála is infheidhme go huilíoch lena rialaítear an creat dlíthiúil is infheidhme atá le cur in iúl ag fostóirí, a chur ar fáil saor in aisce don phobal i gcoitinne ar mhodh atá soiléir, trédhearcach agus cuimsitheach agus go bhfuil rochtain éasca air, go cianda agus go leictreonach, lena n-áirítear trí thairseacha ar líne atá ann cheana ▌.

Airteagal 6

Modhnú ar an gcaidreamh fostaíochta

1.  I gcás aon athrú ar na gnéithe den chaidreamh fostaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus ar an bhfaisnéis bhreise dá dtagraítear in Airteagal 7 d’oibrithe ▌ a chuirfear chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an fostóir, a luaithe is féidir agus an lá a mbeidh éifeacht ag an gcaidreamh fostaíochta ar a dhéanaí, an fhaisnéis sin a thabhairt don oibrí i bhfoirm doiciméad páipéir.

2.  An doiciméad dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le hathruithe nach ndéanann ach athrú i bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla, nó le comhaontuithe cómhargála, atá luaite sna doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus, i gcás inarb ábhartha, in Airteagal 7.

Airteagal 7

Faisnéis bhreise d’oibrithe a sheoltar chuig Ballstát eile nó chuig tríú tír

1.  I gcás ina gceanglófar ar oibrí obair a dhéanamh i mBallstát nó i dtríú tír nach é an Ballstát é ina mbíonn sé nó sí ag obair de ghnáth, déanfaidh an fostóir na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(1) ▌a sholáthar roimh imeacht an oibrí agus áireofar sna doiciméid an fhaisnéis bhreise seo a leanas ar a laghad:

(a)  an tír nó na tíortha ina ndéanfar an obair thar lear agus an fad a mheastar a mhairfidh an obair sin;

(b)  an t-airgeadra a úsáidfear chun an luach saothair a íoc;

(c)  i gcás inarb infheidhme, na sochair in airgead nó na sochair chomhchineáil a bhaineann leis an sannachán oibre nó na sannacháin oibre ▌;

(d)  faisnéis faoi cibé a dhéantar foráil d’aisdúichiú nó nach ndéantar agus, má dhéantar, na coinníollacha faoina rialaítear aisdúichiú an oibrí.

2.  Lena chois sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar oibrí ar postú a chumhdaítear le Treoir 96/71/CE▌ a chur ar an eolas i leith na nithe seo a leanas:

(a)  an luach saothair a mbeidh an t-oibrí ina theideal i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Bhallstáit óstaigh;

(b)  i gcás inarb infheidhme, aon liúntais a bhaineann go sonrach le postú agus aon socruithe maidir le caiteachas ar thaisteal, cothú agus lóistín a aisíoc;

(c)  an nasc chuig an suíomh gréasáin náisiúnta oifigiúil arna fhorbairt nó arna bhforbairt ag an mBallstát óstach de bhun Airteagal 5(2) de Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15).

3.  Féadfar, i gcás inarb iomchuí, an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1 agus pointe (a) de mhír 2 a thabhairt mar thagairt d’fhorálacha sonracha reachtaíochta, rialúcháin, riaracháin nó reachtúla nó do chomhaontuithe cómhargála lena rialaítear an fhaisnéis sin.

4.  Mura ndéanann na Ballstáit foráil dá mhalairt, ní bheidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 i gcás inar ceithre seachtaine as a chéile, nó níos lú ná sin, ré gach tréimhse oibre lasmuigh den Bhallstát ina n-oibríonn an t-oibrí de ghnáth.

Caibidil III

Ceanglais íosta maidir le dálaí oibre

Airteagal 8

Fad uasta aon tréimhse phromhaidh

1.  I gcás ina mbeidh caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta nó sa chleachtas náisiúnta, áiritheoidh na Ballstáit nach rachaidh an tréimhse sin thar shé mhí ▌.

2.  I gcás caidrimh fostaíochta ar théarma seasta, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil fad na tréimhse promhaidh sin comhréireach le ré mheasta an chonartha agus leis an gcineál oibre. I gcás ina ndéanfar conradh le haghaidh na feidhme agus na gcúraimí céanna a athnuachan, ní bheidh an caidreamh fostaíochta faoi réir tréimhse phromhaidh nua.

3.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, ar bhonn eisceachtúil, do thréimhsí promhaidh níos faide i gcás ina mbeidh údar leis i ngeall ar an gcineál fostaíochta atá ann nó i gcás inar chun leas an oibrí é. I gcás ina raibh an t-oibrí as láthair ón obair le linn na tréimhse promhaidh, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go bhféadfar síneadh a chur leis an tréimhse phromhaidh comhfhreagrach, i gcoibhneas le fad na neamhláithreachta.

Airteagal 9

Fostaíocht chomhuaineach

1.  Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh fostóir cosc ar oibrí fostaíocht a ghlacadh le fostóirí eile, lasmuigh den sceideal oibre atá curtha ar bun ag an bhfostóir sin, ná nach gcaithfidh fostóir go díobhálach leis nó léi má dhéanann sé nó sí amhlaidh.

2.  Féadfaidh na Ballstáit ▌coinníollacha a leagan síos i dtaobh úsáid srianta ▌ neamh-chomhoiriúnachta ag fostóirí, ar fhorais oibiachtúla, amhail sláinte agus sábháilteacht, rúndacht gnó a chosaint, sláine na seirbhíse poiblí nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint.

Airteagal 10

Intuarthacht íosta oibre

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil patrún oibre oibrí neamh-intuartha ina iomláine nó den chuid is mó, nach gcuirfidh an fostóir ceangal ar an oibrí obair a dhéanamh mura gcomhlíonfar an dá cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)  déanfar an obair laistigh d’uaireanta agus laethanta tagartha réamhshocraithe, amhail dá dtagraítear i bpointe (m)(ii) d’Airteagal 4(2); agus

(b)  ▌cuirfidh an fostóir an t-oibrí ar an eolas faoina shannachán oibre nó faoina sannachán oibre laistigh de thréimhse fógra réasúnach, ar tréimhse í a bhunófar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, amhail dá dtagraítear i bpointe (m)(iii) d’Airteagal 4(2).

2.  I gcás nach ndéanfar ceann amháin nó an dá cheann de na ceanglais a leagtar síos i mír 1 a chomhlíonadh, beidh an ceart ag oibrí sannachán oibre a dhiúltú gan iarmhairtí díobhálacha a bheith ann.

3.  I gcás ina gceadóidh na Ballstáit d’fhostóir sannachán oibre a chur ar ceal gan chúiteamh, déanfaidh siad na bearta is gá, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, chun a áirithiú go mbeidh an t-oibrí i dteideal cúiteamh a fháil más rud go ndéanann an fostóir an sannachán oibre, a bhí comhaontaithe roimh ré le hoibrí, a chur ar ceal tar éis spriocdháta réasúnach sonrach.

4.  Féadfaidh na Ballstáit modúlachtaí a leagan síos le haghaidh chur i bhfeidhm an Airteagail seo, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le comhaontuithe cómhargála náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta.

Airteagal 11

Bearta comhlántacha maidir le conarthaí ar éileamh.

I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil maidir le conarthaí ar éileamh nó conarthaí fostaíochta comhchosúla a úsáid, déanfaidh siad ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas chun cleachtais drochúsáide a chosc:

(a)  teorannuithe le húsáid agus ré conarthaí fostaíochta ar éileamh agus conarthaí fostaíochta comhchosúla;

(b)  toimhde infhrisnéise gur ann do chonradh fostaíochta lena ngabhann íosmhéid uaireanta íoctha bunaithe ar na huaireanta a oibrítear ar an meán le linn tréimhse ar leith;

(c)  bearta coibhéiseacha eile lena n-áirithítear go ndéantar cleachtais drochúsáide a chosc go héifeachtach.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na bearta sin.

Airteagal 12

Aistriú chuig cineál eile fostaíochta

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh oibrí a bhfuil a thréimhse phromhaidh nó a tréimhse phromhaidh tugtha i gcrích aige nó aici, más ann do thréimhse phromhaidh, agus ag a bhfuil ar a laghad sé mhí de sheirbhís leis an bhfostóir céanna cineál fostaíochta a iarraidh a bhfuil dálaí oibre atá níos intuartha agus níos seasmhaí ag dul leis, i gcás inar ann dó, agus go bhféadfaidh sé nó sí freagra réasúnaithe i scríbhinn a fháil. Féadfaidh na Ballstáit teorainn a chur le minicíocht iarrataí lena dtionscnaítear an oibleagáid faoin Airteagal seo.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh an fostóir an freagra réasúnaithe i scríbhinn laistigh de mhí amháin tar éis dó an iarraidh a fháil. Maidir le daoine nádúrtha atá ag feidhmiú mar fhostóirí, agus mar mhicrifhiontair, mar fhiontair bheaga nó mar fhiontair mheánmhéide, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go gcuirfear síneadh nach mó ná trí mhí leis an spriocdháta sin agus go bhféadfar freagra ó bhéal a thabhairt ar iarraidh chosúil a fuarthas ón oibrí céanna ina dhiaidh sin i gcás nach bhfuil aon athrú ann ar an údar leis an bhfreagra sin maidir le cás an oibrí.

Airteagal 13

Oiliúint éigeantach

I gcás ina gceanglófar ar fhostóir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta nó ▌ le comhaontuithe cómhargála oiliúint a chur ar fáil d’oibrí le go bhféadfaidh sé nó sí an obair dár fostaíodh é nó í a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an oiliúint sin ar fáil don oibrí saor in aisce, go ndéanfar í a áireamh mar am oibre agus, i gcás inar féidir, go dtarlóidh sí le linn uaireanta oibre.

Airteagal 14

Comhaontuithe cómhargála

I gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta comhaontuithe cómhargála a choinneáil, a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme, lena ndéanfar, chomh maith le hurraim a thabhairt do chosaint fhoriomlán oibrithe, socruithe a bhunú maidir le dálaí oibre oibrithe atá éagsúil leis na dálaí sin dá dtagraítear in Airteagail 8 go 13.

Caibidil V

Forálacha cothrománacha

Airteagal 15

Toimhdí dhlíthiúla agus sásra luathréitigh

1.   Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach bhfuair oibrí gach doiciméad, nó cuid de na doiciméid, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) in Airteagal 6, in am trátha, go mbeidh feidhm ag ceann amháin nó ag an dá cheann seo a leanas:

(a)  rachaidh toimhdí fabhracha, arna sainiú ag an mBallstát, chun sochair don oibrí, inar ▌mbeidh an deis ag fostóirí na toimhdí a fhrisnéis;

(b)  beidh an deis ag an oibrí gearán a chur faoi bhráid údarás nó comhlacht inniúil agus sásamh leormhaith a fháil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach. ▌

2.  Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh go mbeidh cur i bhfeidhm na dtoimhdí agus an tsásra dá dtagraítear i mír 1 faoi réir fhógra an fhostóra agus mhainneachtain an fhostóra an fhaisnéis atá ar iarraidh a sholáthar ar bhealach tráthúil.

Airteagal 16

An ceart chun sásaimh

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag oibrithe, lena n-áirítear na hoibrithe sin a bhfuil deireadh tagtha lena gcaidreamh fostaíochta, ar phróiseas réitigh díospóidí éifeachtach neamhchlaonta agus ar cheart chun sásaimh ▌ i gcás sáruithe ar a gcearta de dhroim na Treorach seo.

Airteagal 17

Cosaint ar chóir dhíobhálach nó ar iarmhairtí díobhálacha

Tabharfaidh na Ballstáit na bearta is gá isteach chun oibrithe, lena n-áirítear iad arb ionadaithe iad ar son na n-oibrithe, a chosaint ar aon chóir dhíobhálach a dhéanann fostóir nó aon chóir dhíobhálach a thagann as iarmhairtí díobhálacha mar thoradh ar ghearán a cuireadh faoi bhráid an fhostóra nó mar thoradh ar aon imeachtaí ▌ ar cuireadh tús leo chun comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear sa Treoir seo a fhorfheidhmiú.

Airteagal 18

Cosaint ar dhífhostú agus dualgas cruthúnais

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun toirmeasc a chur ar dhífhostú oibrithe, nó a chomhionann, agus gach ullmhúchán chun oibrithe a dhífhostú, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú.

2.  Oibrithe a mheasann gur dífhostaíodh iad, nó go raibh siad faoi réir bearta a raibh an éifeacht chéanna leo, féadfaidh siad, ar an bhforas go ndearna siad na cearta dá bhforáiltear sa Treoir seo a fheidhmiú, a iarraidh ar an bhfostóir forais chuí-réasúnaithe leis an dífhostú, nó na bearta coibhéiseacha, a sholáthar. Déanfaidh an fostóir an foras sin a sholáthar i scríbhinn.

3.  Nuair a dhéanann na hoibrithe dá dtagraítear i mír 2 fíorais as ar féidir a thoimhdiú go raibh dífhostú den chineál sin, nó bearta coibhéiseacha, ann, a shuí os comhair cúirte nó údarás nó comhlacht inniúil eile, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú gur faoin bhfostóir a bheidh sé a chruthú go raibh an dífhostú bunaithe ar fhoras nach aon cheann díobh sin dá dtagraítear i mír 1 é.

4.  Ní chuirfidh mír 3 cosc ar na Ballstáit rialacha fianaise a thabhairt isteach atá níos fabhraí d’oibrithe.

5.  Ní bheidh sé de cheangal ar na Ballstáit mír 3 a chur i bhfeidhm maidir le himeachtaí ar faoin gcúirt nó faoin údarás comhlacht inniúil eile atá sé fíorais an cháis a imscrúdú.

6.  Ní bheidh feidhm ag mír 3 maidir le himeachtaí coiriúla, mura bhforáiltear dá mhalairt sa Bhallstát.

Airteagal 19

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i leith sáruithe ar ▌ fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo nó ar na forálacha ábhartha atá i bhfeidhm cheana maidir leis na cearta a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo. ▌Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. ▌

Caibidil VI

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 20

Forálacha neamh-chúlchéimnithe agus forálacha níos fabhraí

1.  Ní bheidh an Treoir seo ina foras bailí chun an leibhéal ginearálta cosanta a thugtar cheana féin d’oibrithe laistigh de na Ballstáit a laghdú.

2.  Ní dhéanfaidh an Treoir seo difear do shaincheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach, nó spreagadh nó cead a thabhairt comhaontuithe cómhargála atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm.

3.  Ní dochar an Treoir seo d’aon chearta eile a thugtar d’oibrithe trí ghníomhartha eile dlí an Aontais.

Airteagal 21

Trasuí agus cur chun feidhme

1.  Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin ... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ▌. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin láithreach.

2.  Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

3.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

4.   Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta agus lena gcleachtas náisiúnta, bearta leormhaithe chun a áirithiú go mbeidh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach go héifeachtach agus chun an t-idirphlé sóisialta a chur chun cinn agus a fheabhsú d’fhonn an Treoir seo a chur chun feidhme.

5.  Féadfaidh na Ballstáit cur chun feidhme na Treorach seo a chur ar iontaoibh na gcomhpháirtithe sóisialta go comhpháirteach, i gcásanna ina n-iarrann na comhpháirtithe sóisialta é sin a dhéanamh agus ar choinníoll go ndéanann na Ballstáit gach beart is gá chun a áirithiú gur féidir leo na torthaí atá á lorg faoin Treoir seo a ráthú i gcónaí.

Airteagal 22

Socruithe idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag na cearta agus ag na hoibleagáidí atá leagtha amach sa Treoir seo maidir le gach caidreamh fostaíochta faoin ... [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Mar sin féin, ní dhéanfaidh fostóir na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 5(1), Airteagal 6 agus Airteagal 7 a sholáthar ná a chomhlánú ach ar iarraidh a fháil ó oibrí a bheidh fostaithe cheana faoin dáta sin. I gcás nach ndéanfar iarraidh den sórt sin, ní fhágfaidh sin go ndéanfar oibrithe a eisiamh ó na cearta íosta a bhunaítear faoi Airteagail 8 go 13.

Airteagal 23

Athbhreithniú ag an gCoimisiún

Faoin … [ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], déanfaidh an Coimisiún, tar éisdul i gcomhairle leis na Ballstáit agus leis na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais agus an tionchar ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide á chur san áireamh aige, cur chun feidhme na Treorach seo a athbhreithniú agus, i gcás inarb iomchuí, leasuithe reachtacha a mholadh.

Airteagal 24

Aisghairm

Déanfar Treoir 91/533/AE a aisghairm le héifeacht ón [trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 25

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 26

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh in/sa ▌…,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

I gcomhréir le hAirteagal 23 den Treoir, athbhreithneoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na Treorach seo 8 mbliana tar éis a teacht i bhfeidhm, d’fhonn na leasuithe riachtanacha a mholadh, i gcás inarb iomchuí. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ina thuarascáil ar an dóigh a bhfuil Airteagal 1 agus Airteagal 14 curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit. Fíoróidh an Coimisiún comhlíonadh Airteagal 14 freisin agus measúnú á dhéanamh aige ar thrasuigh na Ballstáit an Treoir go hiomlán agus i gceart ina gcórais dlí náisiúnta.

(1)IO C 283, 10.8.2018, lch. 39.
(2)IO C 387, 25.10.2018, lch. 53.
(3)Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019.
(4)Treoir 91/533/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1991 maidir le hoibleagáid ar fhostóir a chuid fostaithe a chur ar an eolas faoi na coinníollacha is infheidhme maidir leis an gconradh nó leis an gcaidreamh fostaíochta (IO L 288, 18.10.1991, lch. 32).
(5)Breithiúnais na Cúirte Breithiúnais an 3 Iúil 1986, Deborah Lawrie-Blum v Land Baden-Württemberg, C-66/85, ECLI:EU:C:1986:284; 14 Deireadh Fómhair 2010, Union Syndicale Solidaires Isère v Premier ministre agus Eile, C-428/09, ECLI:EU:C:2010:612; 9 Iúil 2015, Ender Balkaya v Kiesel Abbruch- und Recycling Technik GmbH, C-229/14, ECLI:EU:C:2015:455; 4 Nollaig 2014, FNV Kunsten Informatie en Media v Staat der Nederlanden, C-413/13, ECLI:EU:C:2014:2411; agus 17 Samhain 2016, Betriebsrat der Ruhrlandklinik gGmbH v Ruhrlandklinik gGmbH, C-216/15, ECLI:EU:C:2016:883.
(6) Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Comhlachais Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) maidir le Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20.5.2009, lch. 30).
(7) Treoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche) (IO L 25, 31.1.2017, lch. 12).
(8)Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).
(9)Treoir 98/49/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1998 maidir le cearta pinsin fhorlíontaigh a chosaint do dhaoine fostaithe agus do dhaoine féinfhostaithe a bheidh ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (IO L 209, 25.7.1998, lch. 46).
(10)Treoir 2014/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le ceanglais íosta i leith soghluaisteacht oibrithe idir Ballstáit a fheabhsú trí fháil agus coimeád ceart pinsin fhorlíontaigh a fheabhsú (IO L 128, 30.4.2014, lch. 1).
(11)Treoir 96/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1996 maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 18, 21.1.1997, lch. 1).
(12)Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú ama oibre daoine i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair ar bhóithre (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).
(13)IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.
(14) Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).
(15) Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘Rialachán IMI’) (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).

An nuashonrú is déanaí: 8 Bealtaine 2019Fógra dlíthiúil