Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Téacsanna atá glactha
PDF 118kWORD 42k
Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2019 - Strasbourg Eagrán sealadach
Dearbhú polaitiúil le haghaidh grúpa polaitiúil a bhunú (léirmhíniú ar Riail 32(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc, de na Rialacha Nós Imeachta)
P8_TA-PROV(2019)0393

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Aibreán 2019 maidir le dearbhú polaitiúil le haghaidh grúpa polaitiúil a bhunú (léirmhíniú ar Riail  32(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc, de na Rialacha Nós Imeachta) (2019/2019(REG))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don litir dar dáta an 3 Aibreán 2019 ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

–  ag féachaint do Riail 226 dá Rialacha Nós Imeachta,

1.  ag cinneadh an léirmhíniú seo a leanas ar Riail 32(5), an chéad fhomhír, an dara fleasc, de na Rialacha Nós Imeachta a chur i gceangal:" “I ndearbhú polaitiúil ó ghrúpa, leagfar amach na luachanna ar a son a seasann an grúpa agus na príomhchuspóirí polaitiúla a bhfuil sé ar intinn ag a chomhaltaí a shaothrú le chéile faoi chreat a sainordú a fheidhmiú. Sa dearbhú, tabharfar tuairisc ar chlaonadh polaitiúil comhpháirteach an ghrúpa ar bhealach substaintiúil, sainiúil agus dílis.”"

2.  á threorú dá hUachtarán a cinneadh seo a chur ar aghaidh mar eolas chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

An nuashonrú is déanaí: 24 Aibreán 2019Fógra dlíthiúil